26.10.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


AN CONRADH AR AN AONTAS EORPACH (LEAGAN COMHDHLÚITE)

TEIDEAL I

FORÁLACHA COITEANNA

Airteagal 7

(sean-Airteagal 7 CAE)

1.   Ar thogra réasúnaithe ó aon trian de na Ballstáit, ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gCoimisiún Eorpach, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí cheithre chúigiú dá comhaltaí tar éis toiliú Pharlaimint na hEorpa a fháil, a shuíomh go bhfuil baol soiléir ann Ballstát do dhéanamh sárú tromchúiseach ar na luachanna dá dtagraítear in Airteagal 2. Sula suífidh sí amhlaidh, éistfidh an Chomhairle an Ballstát i dtrácht agus féadfaidh sí, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta céanna, moltaí a dhíriú chuig an mBallstát sin.

Athbhreithneoidh an Chomhairle go tráthrialta an bhfuil feidhm i gcónaí ag na forais a bhí lena suíomh amhlaidh.

2.   Féadfaidh an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ó thrian de na Ballstáit nó ón gCoimisiún Eorpach agus tar éis toiliú Pharlaimint na hEorpa a fháil, a shuíomh go bhfuil sárú tromchúiseach leanúnach á dhéanamh ag Ballstát ar na luachanna dá dtagraítear ag Airteagal 2, tar éis iarraidh ar an mBallstát i gceist a bharúlacha a thíolacadh.

3.   Nuair a shuífear amhlaidh faoi mhír 2, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a chinneadh cearta áirithe a chineann ó na Conarthaí a chur i bhfeidhm ar an mBallstát i gceist a fhionraí, lena n-áirítear cearta vótála ionadaí rialtas an Bhallstáit sin sa Chomhairle. Lena linn sin, tabharfaidh an Chomhairle aird ar na hiarmhairtí a fhéadfaidh teacht ón bhfionraíocht sin i dtaca le cearta agus oibleagáidí daoine nádúrtha agus dlítheanacha.

Leanfaidh oibleagáidí an Bhallstáit i gceist faoi na Conarthaí de bheith ina gceangal ar an mBallstát sin ar aon chuma.

4.   Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a chinneadh dá éis sin na bearta arna nglacadh faoi mhír 3 a athrú nó a chúlghairm mar fhreagra ar athruithe sa staid ba bhun leis na bearta sin a fhorchur.

5.   Déantar na socruithe vótála a bhfuil feidhm acu maidir le Parlaimint na hEorpa, leis an gComhairle Eorpach agus leis an gComhairle, chun críocha an Airteagail seo, a leagan síos in Airteagal 354 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.