26.10.2012 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
AN CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (LEAGAN COMHDHLÚITE)
CUID A TRÍ
BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL VIII
BEARTAS EACNAMAÍOCH AGUS AIRGEADAÍOCHTA
CAIBIDIL 4
FORÁLACHA IS SONRACH DO BHALLSTÁIT A BHFUIL AN EURO MAR AIRGEADRA ACU
Airteagal 136
1. D'fhonn oibriú an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta mar is cuí a áirithiú, agus i gcomhréir le forálacha ábhartha na gConarthaí, déanfaidh an Chomhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta ábhartha as measc na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 121 agus 126 seachas an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 126(14), bearta a ghlacadh a bhaineann go sonrach leis na Ballstáit sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu d'fhonn:
(a) |
an comhordú ar a smacht buiséadach agus an mhaoirseacht air a neartú; |
(b) |
treoirlínte beartais eacnamaíoch a leagan amach dóibh, agus é á áirithiú go bhfuil siad ag luí leis na treoirlínte arna nglacadh don Aontas ina iomláine agus go bhfuil maoirseacht á déanamh orthu. |
2. Ní ghlacfaidh páirt sa vótáil maidir leis na bearta atá luaite i mír 1 ach na comhaltaí sin den Chomhairle a ionadaíonn do Bhallstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu.
Saineofar tromlach cáilithe chomhaltaí eile na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 238(3)(a).