26.10.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


AN CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (LEAGAN COMHDHLÚITE)

CUID A TRÍ

BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS

TEIDEAL V

AN LIMISTÉAR SAOIRSE, SLÁNDÁLA AGUS CEARTAIS

CAIBIDIL 3

COMHAR BREITHIÚNACH IN ÁBHAIR SHIBHIALTA

Airteagal 81

(sean-Airteagal 65 CCE)

1.   Déanfaidh an tAontas forbairt ar an gcomhar breithiúnach sna hábhair shibhialta a bhfuil impleachtaí trasteorann acu, arna bhunú ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do bhreithiúnais agus do chinntí i gcásanna seachbhreithiúnacha. Féadfar a áireamh sa chomhar sin bearta a ghlacadh chun dlíthe agus rialacháin na mBallstát a chomhfhogasú.

2.   Chun críocha mhír 1, glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle bearta, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, go háirithe nuair is gá sin d'oibriú rianúil an mhargaidh inmheánaigh, arb é is aidhm dóibh na nithe seo a leanas a áirithiú:

(a)

breithiúnais agus cinntí i gcásanna seachbhreithiúnacha a aithint go frithpháirteach agus a fhorfheidhmiú idir Bhallstáit;

(b)

doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil trasna teorainneacha;

(c)

comhchuibheas na rialacha is infheidhme sna Ballstáit maidir le heasaontas dlíthe agus dlínse;

(d)

comhar le linn fianaise a ghlacadh;

(e)

rochtain éifeachtach ar an gceartas;

(f)

constaicí ar dhea-oibriú imeachtaí sibhialta a dhíchur, más gá, trí chomhchuibheas na rialacha maidir leis an nós imeachta sibhialta is infheidhme sna Ballstáit a chur chun cinn;

(g)

malairt modhanna a fhorbairt chun díospóidí a shocrú;

(h)

tacú le hoiliúint na breithiúnachta agus na foirne breithiúnaí.

3.   D'ainneoin mhír 2, bunóidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, bearta maidir le dlí an teaghlaigh a mbeidh impleachtaí trasteorann acu. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh a ghlacadh lena gcinnfear na gnéithe sin de dhlí an teaghlaigh a mbeidh impleachtaí trasteorann acu a d'fhéadfadh a bheith ina n-ábhar do ghníomhartha arna nglacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Tabharfar fógra faoin togra dá dtagraítear sa dara fomhír do na Parlaimintí náisiúnta. Ar Pharlaimint náisiúnta a freasúra a chur in iúl laistigh de shé mhí ón bhfógra sin, ní ghlacfar an cinneadh. Cheal freasúra, féadfaidh an Chomhairle Eorpach an cinneadh sin a ghlacadh.