26.10.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


AN CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (LEAGAN COMHDHLÚITE)

CUID A hAON

PRIONSABAIL

TEIDEAL II

FORÁLACHA A bhFUIL FEIDHM GHINEARÁLTA ACU

Airteagal 15

(sean-Airteagal 255 CCE)

1.   D'fhonn an dea-rialachas a chur chun cinn agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a áirithiú, seolfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a gcuid oibre ar dhóigh chomh hoscailte agus is féidir.

2.   Suífidh Parlaimint na hEorpa i seisiún poiblí, agus suífidh an Chomhairle i seisiún poiblí nuair a dhéanfaidh sí dréachtghníomh reachtach a phlé agus nuair a dhéanfaidh sí vótáil ina leith.

3.   Beidh ag gach saoránach den Aontas agus ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe reachtach aige i mBallstát ceart rochtana ar dhoiciméid de chuid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, is cuma cén meán ina bhfuil siad, faoi réir na bprionsabal agus na gcoinníollacha a shaineofar i gcomhréir leis an mír seo.

Cinnfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, trí bhíthin rialachán, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na prionsabail ghinearálta agus na teorainneacha ar fhorais leasa phríobháidigh nó phoiblí a rialóidh an ceart rochtana sin ar dhoiciméid.

Déanfaidh gach institiúid, comhlacht, oifig agus gníomhaireacht trédhearcacht a chuid oibre nó a cuid oibre a áirithiú agus forálacha sonracha maidir le rochtain ar a dhoiciméid nó ar a doiciméid a ullmhú ina Rialacha Nós Imeachta féin i gcomhréir leis na rialacháin dá dtagraítear sa dara fomhír.

Ní bheidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Banc Ceannais Eorpach ná an Banc Eorpach Infheistíochta faoi réir fhorálacha an Airteagail seo ach amháin nuair a bheidh a bhfeidhmeanna riaracháin á bhfeidhmiú acu.

Áiritheoidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go ndéanfar doiciméid a bhaineann leis na nósanna imeachta reachtacha a fhoilsiú faoi na coinníollacha arna leagan síos leis na rialacháin dá dtagraítear sa dara fomhír.