26.10.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


AN CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (LEAGAN COMHDHLÚITE)

CUID A hAON

PRIONSABAIL

TEIDEAL I

CATAGÓIRÍ AGUS RÉIMSÍ INNIÚLACHTA AN AONTAIS

Airteagal 4

1.   Déanfaidh an tAontas inniúlacht a roinnt leis na Ballstáit nuair a thugann na Conarthaí inniúlacht dó nach mbaineann leis na réimsí dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 6.

2.   Cuirfear i bhfeidhm inniúlachtaí a bheidh á roinnt idir an tAontas agus na Ballstáit sna príomhréimsí seo a leanas:

(a)

margadh inmheánach;

(b)

beartas sóisialta, i dtaca leis na gnéithe atá sainithe sa Chonradh seo;

(c)

comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach;

(d)

talmhaíocht agus iascach, amach ó acmhainní bitheolaíocha na mara a chaomhnú;

(e)

comhshaol;

(f)

cosaint tomhaltóirí;

(g)

iompar;

(h)

gréasáin thras-Eorpacha;

(i)

fuinneamh;

(j)

limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais;

(k)

gnáthchúraimí slándála i gcúrsaí sláinte poiblí, i dtaca leis na gnéithe atá sainithe sa Chonradh seo.

3.   I réimsí an taighde, na forbartha teicneolaíche agus an spáis, beidh inniúlacht ag an Aontas gníomhaíochtaí a chur i gcrích, go háirithe cláir a shainiú agus a chur chun feidhme; ar a shon sin, ní bheidh mar thoradh ar an inniúlacht sin a fheidhmiú na Ballstáit a chosc ar a n-inniúlacht siúd a fheidhmiú.

4.   I réimsí an chomhair um fhorbairt agus na cabhrach daonnúla, beidh inniúlacht ag an Aontas gníomhaíochtaí a chur i gcrích agus comhbheartas a sheoladh; ar a shon sin, ní bheidh mar thoradh ar an inniúlacht sin a fheidhmiú na Ballstáit a chosc ar a n-inniúlacht siúd a fheidhmiú.