26.10.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


AN CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (LEAGAN COMHDHLÚITE)

CUID A hAON

PRIONSABAIL

TEIDEAL I

CATAGÓIRÍ AGUS RÉIMSÍ INNIÚLACHTA AN AONTAIS

Airteagal 3

1.   Beidh inniúlacht eisiach ag an Aontas sna réimsí seo a leanas:

(a)

aontas custaim;

(b)

na rialacha iomaíochta is gá a bhunú d'oibriú an mhargaidh inmheánaigh;

(c)

beartas airgeadaíochta do na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu;

(d)

acmhainní bitheolaíocha na mara a chaomhnú faoin gcomhbheartas iascaigh;

(e)

comhbheartas tráchtála.

2.   Beidh inniúlacht eisiach freisin ag an Aontas comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích nuair a fhorálfar dá thabhairt i gcrích i ngníomh reachtach de chuid an Aontais, nó nuair atá sé riachtanach chun a chumasú don Aontas a inniúlacht inmheánach a fheidhmiú, nó a mhéid ar dóigh dá thabhairt i gcrích difear a dhéanamh do na comhrialacha nó a raon feidhme a athrú.