26.10.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


PRÓTACAL (Uimh. 22)

MAIDIR LE SEASAMH NA DANMHAIRGE

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG MEABHRÚ DÓIBH an Chinnidh ó na Ceannairí Stáit nó Rialtais, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle Eorpaí i nDún Éideann ar an 12 Nollaig 1992, maidir le fadhbanna áirithe arna dtógáil ag an Danmhairg maidir leis an gConradh ar an Aontas Eorpach,

TAR ÉIS A THABHAIRT DÁ nAIRE seasamh na Danmhairge maidir le Saoránacht, le hAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, leis an mBeartas Cosanta agus le Ceartas agus Gnóthaí Baile mar atá sé leagtha síos i gCinneadh Dhún Éideann,

ÓS FEASACH DÓIBH go ndéanfaidh leanúint faoi na Conarthaí de na socruithe dlí a d'eascair ó Chinneadh Dhún Éideann rannpháirtíocht na Danmhairge i réimsí tábhachtacha den chomhar san Aontas a theorannú go suntasach agus gurb é lár leas an Aontais iomláine an acquis a áirithiú i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais,

ÓS MIAN LEO mar sin creat dlí a bhunú a thabharfaidh rogha don Danmhairg a bheith rannpháirteach i nglacadh na mbeart arna mbeartú ar bhonn Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ag fáiltiú dóibh roimh intinn na Danmhairge leas a bhaint as an rogha sin nuair is féidir i gcomhréir lena riachtanais bhunreachtúla,

AG TABHAIRT DÁ nAIRE nach gcoiscfidh an Danmhairg na Ballstáit eile ar a gcomhar a fhorbairt tuilleadh i ndáil le bearta nach bhfuil ina gceangal ar an Danmhairg,

AG COIMEÁD I gCUIMHNE DÓIBH Airteagal 3 den Phrótacal maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

CUID I

Airteagal 1

Ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach nuair a ghlacfaidh an Chomhairle bearta arna mbeartú de bhun Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Beidh gá le haontoilíocht chomhaltaí na Comhairle, seachas ionadaí rialtas na Danmhairge, i gcás chinntí na Comhairle nach foláir a ghlacadh d'aon toil.

Chun críocha an Airteagail seo, saineofar tromlach cáilithe i gcomhréir le hAirteagal 238(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 2

Ní bheidh aon fhoráil de Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, aon bheart arna ghlacadh de bhun an Teidil sin, aon fhoráil d'aon chomhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích ag an Aontas de bhun an Teidil sin, ná aon chinneadh ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ag léiriú aon fhoráil nó aon bheart den sórt sin nó aon bheart a leasaíodh nó atá inleasaithe de bhun an Teidil sin ina cheangal nó ina ceangal ar an Danmhairg ná infheidhme inti; agus ní dhéanfaidh aon fhoráil, aon bheart ná aon chinneadh den sórt sin difear ar dhóigh ar bith d'inniúlachtaí, do chearta ná d'oibleagáidí na Danmhairge; agus ní dhéanfaidh aon fhoráil, aon bheart ná aon chinneadh den sórt sin difear ar dhóigh ar bith don acquis Comhphobail ná Aontais ná ní bheidh siad ina gcuid de dhlí an Aontais mar a bheidh feidhm ag an acquis agus an dlí sin maidir leis an Danmhairg. Go háirithe, leanfaidh gníomhartha an Aontais i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla a glacadh sula dtiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm agus a ndearnadh leasú orthu de cheangal a bheith acu ar an Danmhairg agus de bheith infheidhme maidir léi, gan athrú.

Airteagal 2a

Beidh feidhm ag Airteagal 2 den Phrótacal seo freisin maidir leis na rialacha sin a leagtar síos ar bhonn Airteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bhaineann le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag na Ballstáit nuair atá gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a thig faoi raon feidhme Chaibidil 4 nó Chaibidil 5 de Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh sin.

Airteagal 3

Ní iompróidh an Danmhairg aon iarmhairtí airgeadais a ghabhann le bearta dá dtagraítear in Airteagal 1, seachas costais riarthacha a thabhóidh na hinstitiúidí.

Airteagal 4

1.   Cinnfidh an Danmhairg, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle beart a ghlacadh ar thogra nó tionscnamh chun cur le acquis Schengen atá folaithe leis an gCuid seo, an gcuirfidh sí an beart sin chun feidhme ina dlí náisiúnta. Má chinneann sí é sin a dhéanamh, cruthóidh an beart sin oibleagáid faoin dlí idirnáisiúnta idir an Danmhairg agus na Ballstáit eile a mbeidh an beart ina cheangal orthu.

2.   Má chinneann an Danmhairg gan beart ón gComhairle dá dtagraítear i mír 1 a chur chun feidhme, déanfaidh na Ballstáit a mbeidh an beart sin ina cheangal orthu agus an Danmhairg na bearta iomchuí a bheidh le glacadh a mheas.

CUID II

Airteagal 5

I dtaca le bearta arna nglacadh ag an gComhairle de bhun Airteagal 26(1), Airteagal 42 agus Airteagail 43 go 46 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ní bhíonn an Danmhairg rannpháirteach i ndréachtú agus cur chun feidhme cinntí agus gníomhaíochtaí de chuid an Aontais a bhfuil impleachtaí cosanta acu. Dá bhrí sin, ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na mbeart sin. Ní choiscfidh an Danmhairg na Ballstáit eile ar a gcomhar a fhorbairt tuilleadh sa réimse sin. Ní bheidh d'iallach ar an Danmhairg rannchuidiú le maoiniú an chaiteachais oibríochtúil a thig ó na bearta sin ná cumais mhíleata a chur ar fáil don Aontas.

Beidh gá le haontoilíocht chomhaltaí na Comhairle, seachas ionadaí rialtas na Danmhairge, do ghníomhartha na Comhairle nach foláir a ghlacadh d'aon toil.

Chun críocha an Airteagail seo, saineofar tromlach cáilithe i gcomhréir le hAirteagal 238(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

CUID III

Airteagal 6

Ní bheidh feidhm ag Airteagail 1, 2 agus 3 maidir le bearta ag cinneadh na dtríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosa a bheith ina seilbh acu nuair a bheidh teorainneacha seachtracha na mBallstát á dtrasnú acu, ná ar bhearta maidir le formáid chomhionann do víosaí.

CUID IV

Airteagal 7

Féadfaidh an Danmhairg tráth ar bith, i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla, a chur in iúl do na Ballstáit eile nach mian léi leas a bhaint a thuilleadh as an Prótacal seo nó cuid de. Sa chás sin, cuirfidh an Danmhairg i bhfeidhm go hiomlán na bearta ábhartha uile a bheidh i bhfeidhm ag an am sin arna nglacadh i gcreat an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 8

1.   Tráth ar bith agus gan dochar d'Airteagal 7, féadfaidh an Danmhairg, i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla, fógra a thabhairt do na Ballstáit eile gurb éard é Cuid I den Phrótacal seo, amhail ón gcéad lá den mhí i ndiaidh an fhógra, na forálacha san Iarscríbhinn. Sa chás sin, déanfar Airteagail 5 go 8 a athuimhriú dá réir.

2.   Sé mhí tar éis an dáta a ghabhfaidh éifeacht leis an bhfógra dá dtagraítear i mír 1, beidh acquis Schengen uile agus bearta arna nglacadh chun cur leis an acquis sin, a bhí ina gceangal ar an Danmhairg go dtí sin mar oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta, ina gceangal ar an Danmhairg mar chuid de dhlí an Aontais.


IARSCRÍBHINN

Airteagal 1

Faoi réir Airteagal 3, ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach nuair a ghlacfaidh an Chomhairle bearta arna mbeartú de bhun Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Beidh gá le haontoilíocht chomhaltaí na Comhairle, seachas ionadaí rialtas na Danmhairge, do chinntí na Comhairle nach foláir a ghlacadh d'aon toil.

Chun críocha an Airteagail seo, saineofar tromlach cáilithe i gcomhréir le hAirteagal 238(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 2

De bhua Airteagal 1 agus faoi réir Airteagail 3, 4 agus 8, ní bheidh aon fhoráil i dTeideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, aon bheart arna ghlacadh de bhun an Teidil sin, aon fhoráil d'aon chomhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích ag an Aontas de bhun an Teidil sin ná aon bhreith de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ag léiriú aon fhorála nó aon bhirt den sórt sin ina cheangal ar an Danmhairg ná infheidhme inti. Ní dhéanfaidh aon fhoráil, beart ná cinneadh den sórt sin difear ar dhóigh ar bith d'inniúlachtaí, cearta agus oibleagáidí na Danmhairge. Ní dhéanfaidh aon fhoráil, beart ná cinneadh den sórt sin difear ar dhóigh ar bith don acquis Comhphobail ná Aontais ná ní bheidh siad ina gcuid de dhlí an Aontais mar a bheidh feidhm ag an acquis agus an dlí sin maidir leis an Danmhairg.

Airteagal 3

1.   Féadfaidh an Danmhairg fógra a thabhairt i scríbhinn d'Uachtarán na Comhairle, laistigh de thrí mhí tar éis an dáta ar tíolacadh togra nó tionscnamh don Chomhairle de bhun Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, gur mian léi bheith rannpháirteach le linn aon bheart den sórt sin arna bheartú a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm, agus leis sin beidh an Danmhairg i dteideal bheith rannpháirteach amhlaidh.

2.   Mura féidir tar éis tréimhse réasúnta beart dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh le rannpháirtíocht na Danmhairge, féadfaidh an Chomhairle an beart sin dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 1 gan rannpháirtíocht na Danmhairge. Sa chás sin beidh feidhm ag Airteagal 2.

Airteagal 4

Féadfaidh an Danmhairg, tráth ar bith tar éis an dáta ar glacadh beart de bhun Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, fógra faoina hintinn a thabhairt don Chomhairle agus don Choimisiún gur mian léi glacadh leis an mbeart sin. Sa chás sin, beidh feidhm mutatis mutandis ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 331(1) den Chonradh sin.

Airteagal 5

1.   Beidh feidhm ag forálacha an Phrótacail seo maidir leis an Danmhairg chomh maith maidir le bearta a mholfar nó a ghlacfar de bhun Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh lena leasaítear beart atá ann cheana atá ina cheangal uirthi.

2.   Ach i gcásanna ina gcinnfidh an Chomhairle, áfach, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, nach bhféadfaí, gan rannpháirtíocht na Danmhairge sa leagan leasaithe de bheart atá ann, an beart sin a chur i bhfeidhm i leith Ballstát eile nó i leith an Aontais, féadfaidh sí a áiteamh uirthi fógra a thabhairt faoi Airteagal 3 nó 4. Chun críocha Airteagal 3 tosóidh tréimhse bhreise dhá mhí ón dáta a suífidh an Chomhairle amhlaidh.

Má tharlaíonn, nuair a rachaidh an tréimhse dhá mhí sin ó shuíomh na Comhairle in éag, nach mbeidh fógra tugtha ag an Danmhairg faoi Airteagal 3 nó faoi Airteagal 4, ní bheidh an beart atá ann ina cheangal uirthi ná ní bheidh sé infheidhme maidir léi a thuilleadh, mura mbeidh fógra tugtha aici faoi Airteagal 4 sula dtiocfaidh an beart leasaitheach i bhfeidhm. Gabhfaidh éifeacht leis seo ón dáta a dtiocfaidh an beart leasaitheach i bhfeidhm nó ón dáta a rachaidh an tréimhse dhá mhí in éag, cibé acu is déanaí.

Chun críche na míre seo, gníomhóidh an Chomhairle, tar éis plé iomlán ar an ábhar, trí thromlach cáilithe dá comhaltaí a ionadaíonn do na Ballstáit a bheidh rannpháirteach nó a bhí rannpháirteach i nglacadh an bhirt leasaithigh. Saineofar tromlach cáilithe den Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 238(3)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

3.   Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, a chinneadh go n-iompróidh an Danmhairg na hiarmhairtí díreacha airgeadais, más ann dóibh, a thabhófar de thoradh a rannpháirtíocht sa bheart atá ann a scor.

4.   Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo dochar d'Airteagal 4.

Airteagal 6

1.   Tíolacfar fógra de bhun Airteagal 4 tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an dáta ar glacadh beart go cinntitheach má tá an beart sin ag cur le acquis Schengen.

Mura dtíolacfaidh an Danmhairg fógra i gcomhréir le hAirteagal 3 nó Airteagal 4 maidir le beart chun cur le acquis Schengen, déanfaidh na Ballstáit a mbeidh an beart sin ina cheangal orthu agus an Danmhairg na bearta iomchuí a bheidh le glacadh a mheas.

2.   Fógra de bhun Airteagal 3 i ndáil le beart chun chur le acquis Schengen, measfar go neamh-inchúlghairthe gur fógra é de bhun Airteagal 3 i ndáil le haon togra nó tionscnamh eile arb é is aidhm dó cur leis an mbeart sin a mhéid atá an togra nó an tionscnamh sin ag cur le acquis Schengen.

Airteagal 7

Na rialacha a leagtar síos ar bhonn Airteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus a bhaineann le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag na Ballstáit agus gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a thig faoi raon feidhme Chaibidil 4 nó Chaibidil 5 de Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh sin, ní bheidh siad ina gceangal ar an Danmhairg nuair nach mbeidh na rialacha ina gceangal uirthi lena rialaítear cineálacha an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla nó cineálacha an chomhair phóilíneachta a cheanglaíonn na forálacha a leagtar síos ar bhonn Airteagal 16 a chomhlíonadh.

Airteagal 8

Más rud é, i gcásanna dá dtagraítear sa Chuid seo, go mbeidh beart arna ghlacadh ag an gComhairle de bhun Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ina cheangal ar an Danmhairg, beidh feidhm ag na forálacha ábhartha de na Conarthaí maidir leis an Danmhairg i ndáil leis an mbeart sin.

Airteagal 9

Nuair nach mbeidh an Danmhairg faoi cheangal ag beart arna ghlacadh de bhun Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní iompróidh sí aon iarmhairtí airgeadais a ghabhfaidh leis an mbeart sin seachas costais riaracháin a thabhóidh na hinstitiúidí, ach amháin má chinneann an Chomhairle a mhalairt, ag gníomhú di d'aon toil a chomhaltaí uile tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.