26.10.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


PRÓTACAL (Uimh. 4)

MAIDIR LE REACHT AN CHÓRAIS EORPAIGH BANC CEANNAIS AGUS AN BHAINC CHEANNAIS EORPAIGH

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh dá bhforáiltear sa dara mír d'Airteagal 129 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chinneadh,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

CAIBIDIL I

AN CÓRAS EORPACH BANC CEANNAIS

Airteagal 1

An Córas Eorpach Banc Ceannais

I gcomhréir le hAirteagal 282(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, comhdhéanfar an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC) den Bhanc Ceannais Eorpach (BCE) i dteannta leis na bainc cheannais náisiúnta. Comhdhéanfar an tEurochóras den BCE agus de bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

Comhlíonfaidh an CEBC agus an BCE a gcúraimí agus cuirfidh siad i gcrích a ngníomhaíochtaí i gcomhréir le forálacha na gConarthaí agus an Reachta seo.

CAIBIDIL II

CUSPÓIRÍ AGUS CÚRAIMÍ CEBC

Airteagal 2

Cuspóirí

I gcomhréir le hAirteagal 127(1) agus le hAirteagal 282(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, beidh de chuspóir príomhúil ag CEBC cobhsaíocht phraghsanna a choimeád ar bun. Gan dochar do chuspóir na cobhsaíochta praghsanna, tacóidh sé leis na beartais ghinearálta eacnamaíocha san Aontas d'fhonn rannchuidiú le gnóthú chuspóirí an Aontais mar atá siad leagtha síos in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Gníomhóidh CEBC i gcomhréir le prionsabal geilleagar margaidh oscailte le saoriomaíocht ar mhaithe le cionroinnt éifeachtach acmhainní agus na prionsabail atá leagtha amach in Airteagal 119 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh á n-urramú aige.

Airteagal 3

Cúraimí

3.1.   I gcomhréir le hAirteagal 127(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, is iad na bunchúraimí a chuirfear i gcrích trí CEBC:

beartas airgeadaíochta an Aontais a shainiú agus a chur chun feidhme;

oibríochtaí um malairt eachtrach is comhchuí le forálacha Airteagal 219 den Chonradh sin a sheoladh;

cúlchistí oifigiúla eachtracha na mBallstát a shealbhú agus a bhainisteoireacht;

oibriú rianúil córais íocaíochta a chur ar aghaidh.

3.2.   I gcomhréir le hAirteagal 127(3) den Chonradh sin, beidh an tríú fleasc d'Airteagal 3.1 gan dochar do Rialtais Bhallstát iarmhéideanna oibre malairte eachtraí a shealbhú agus a bhainisteoireacht.

3.3.   I gcomhréir le hAirteagal 127(5) den Chonradh sin, rannchuideoidh CEBC le seoladh rianúil beartas arna saothrú ag na húdaráis inniúla a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus le cobhsaíocht an chórais airgeadais.

Airteagal 4

Feidhmeanna comhairleacha

I gcomhréir le hAirteagal 127(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

(a)

i dtaca leis an BCE:

rachfar i gcomhairle leis maidir le haon ghníomh Aontais arna bheartú laistigh dá réimsí inniúlachta;

faoi na teorainneacha agus na coinníollacha atá leagtha amach ag an gComhairle i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 41, rachaidh údaráis náisiúnta i gcomhairle le BCE maidir le haon dréachtfhoráil reachtaíochta laistigh dá réimsí inniúlachta;

(b)

féadfaidh sé tuairimí ar ábhair laistigh dá réimsí inniúlachta a chur faoi bhráid na n-institiúidí, na gcomhlachtaí, na n-oifigí nó na ngníomhaireachtaí Aontais nó na n-údarás náisiúnta.

Airteagal 5

Faisnéis staidrimh a bhailiú

5.1.   D'fhonn cúraimí CEBC a ghlacadh ar láimh, baileoidh BCE, le cúnamh ó na bainc cheannais náisiúnta, an fhaisnéis staidrimh is gá ó na húdaráis náisiúnta inniúla nó go díreach ó na gníomhairí eacnamaíocha. Chuige sin, comhoibreoidh sé le hinstitiúidí, le comhlachtaí, le hoifigí nó le gníomhaireachtaí Aontais, leis na húdaráis inniúla sna Ballstáit nó i dtríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

5.2.   Cuirfidh na bainc cheannais náisiúnta i gcrích, a mhéad is féidir, na cúraimí atá tuairiscithe in Airteagal 5.1.

5.3.   Rannchuideoidh BCE le comhchuibhiú, más gá, ar na rialacha agus ar na cleachtais a rialaíonn bailiú, tiomsú agus dáileadh staidrimh sna raonta faoina réimsí inniúlachta.

5.4.   Déanfaidh an Chomhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 41, na daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá faoi réir oibleagáidí maidir le tuairisciú, an córas rúndachta agus na forálacha iomchuí um fhorghníomhú a shainiú.

Airteagal 6

Comhar idirnáisiúnta

6.1.   I réimse an chomhair idirnáisiúnta maidir leis na cúraimí a chuirtear ar CEBC, cinnfidh BCE cad é mar a dhéanfar CEBC a ionadú.

6.2.   Féadfaidh BCE agus, faoi réir a cheadaithe, na bainc cheannais náisiúnta a bheith rannpháirteach in institiúidí idirnáisiúnta airgeadaíochta.

6.3.   Beidh forálacha Airteagail 6.1 agus 6.2 gan dochar d'fhorálacha Airteagal 138 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

CAIBIDIL III

EAGRÚCHÁN CEBC

Airteagal 7

Neamhspleáchas

I gcomhréir le hAirteagal 130 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí agus i gcomhlíonadh na gcúraimí agus na ndualgas a chuirtear orthu sna Conarthaí agus sa Reacht seo, ní fhéadfaidh BCE ná banc ceannais náisiúnta ná aon chomhalta dá gcomhlachtaí cinnteoireachta teagaisc a iarraidh ná a ghlacadh ó institiúidí, comhlachtaí, oifigí ná gníomhaireachtaí Aontais, ó aon Rialtas Ballstáit ná ó aon chomhlacht eile. Gabhfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais maille le Rialtais na mBallstát orthu féin an prionsabal sin a urramú agus gan a iarraidh tionchar a oibriú ar chomhaltaí chomhlachtaí cinnteoireachta BCE nó na mbanc ceannais náisiúnta i gcomhlíonadh a gcúraimí.

Airteagal 8

Prionsabal ginearálta

Is iad comhlachtaí cinnteoireachta BCE a rialóidh CEBC.

Airteagal 9

An Banc Ceannais Eorpach

9.1.   Beidh ag BCE, i gcomhréir le hAirteagal 282(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh pearsantacht dhlítheanach, agus beidh aige i ngach Ballstát an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil ag daoine dlítheanacha faoina dhlí; féadfaidh sé go háirithe maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus bheith ina pháirtí in imeachtaí dlí.

9.2.   Áiritheoidh BCE go ndéanfar na cúraimí atá curtha ar CEBC faoi Airteagal 127(2), (3) agus (5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme trína ghníomhaíochtaí féin de bhun an Reachta seo nó trí na bainc cheannais náisiúnta de bhun Airteagail 12.1 agus 14.

9.3.   I gcomhréir le hAirteagal 129(1) den Chonradh sin, is iad an Chomhairle Rialaithe agus an Bord Feidhmiúcháin comhlachtaí cinnteoireachta BCE.

Airteagal 10

An Chomhairle Rialaithe

10.1.   I gcomhréir le hAirteagal 283(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, beidh ar an gComhairle Rialaithe comhaltaí an Bhord Feidhmiúcháin agus Gobharnóirí banc ceannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

10.2.   Beidh vóta amháin ag gach comhalta den Chomhairle Rialaithe. Amhail ón dáta ar mó líon chomhaltaí na Comhairle Rialaithe ná 21, beidh vóta amháin ag gach comhalta den Bhord Feidhmiúcháin agus is ag 15 de líon na ngobharnóirí a bheidh ceart vótála. Déanfar na cearta vótála sin a shannadh de réir na huainíochta seo a leanas:

amhail ón dáta ar mó líon na ngobharnóirí ná 15, go dtí go sroicheann sé 22, cionroinnfear na gobharnóirí ar dhá ghrúpa de réir an chéimnithe atá ag méid scair Bhallstát a mbainc ceannais náisiúnta san olltáirgeacht intíre chomhiomlán de réir margadhphraghsanna agus i lánchlár comhardaithe comhiomlán institiúidí airgeadais airgeadaíochta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu. Sannfar ualú 5/6 agus 1/6 faoi seach do na scaireanna san olltáirgeacht intíre chomhiomlán de réir margadhphraghsanna agus i lánchlár comhordaithe comhiomlán na n-institiúidí airgeadais airgeadaíochta. Beidh cúigear gobharnóir sa chéad ghrúpa agus beidh na gobharnóirí eile sa dara grúpa. Ní bheidh minicíocht chearta vótála na ngobharnóirí sa chéad ghrúpa níos ísle ná minicíocht chearta vótála na ngobharnóirí sa dara grúpa. Faoi réir na habairte sin roimhe seo, déanfar ceithre cheart vótála a shannadh don chéad ghrúpa agus aon cheart vótála déag a shannadh don dara grúpa;

amhail ón dáta a shroichfidh líon na ngobharnóirí 22, cionroinnfear na gobharnóirí ar thrí ghrúpa de réir an céimnithe atá bunaithe ar na critéir thuas. Beidh cúigear gobharnóir sa chéad ghrúpa agus sannfar ceithre cheart vótála dó. Beidh leath an líon iomlán gobharnóirí sa dara grúpa, agus aon chodán á chothromú suas go dtí an tslánuimhir is gaire, agus sannfar ocht gceart vótála don ghrúpa sin. Beidh na gobharnóirí eile sa tríú grúpa agus sannfar trí cheart vótála dó;

laistigh de gach grúpa, beidh a gcearta vótála ag na gobharnóirí go ceann tréimhsí comhionanna;

chun na scaireanna san olltáirgeacht intíre chomhiomlán de réir margadhphraghsanna a ríomh, beidh feidhm ag Airteagal 29.2. Déanfar lánchlár comhardaithe comhiomlán na n-institiúidí airgeadais airgeadaíochta a ríomh i gcomhréir leis an gcreat staidrimh a bhfuil feidhm aige san Aontas Eorpach tráth an ríomha;

aon uair a dhéantar an olltáirgeacht intíre chomhiomlán de réir margadhphraghsanna a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 29.3, nó aon uair a thagann méadú ar líon na ngobharnóirí, déanfar líon agus/nó comhdhéanamh na ngrúpaí a choigeartú i gcomhréir leis na prionsabail thuas;

déanfaidh an Chomhairle Rialaithe, ag gníomhú di trí thromlach dhá thrian dá comhaltaí uile, bíodh ceart vótála acu nó ná bíodh, gach beart a ghlacadh is gá chun na prionsabail thuas a chur chun feidhme agus féadfaidh sí a chinneadh tús an chórais uainíochta a chur ar athló go dtí an dáta ar mó líon na ngobharnóirí ná 18.

Ní mór an ceart vótála a fheidhmiú go pearsanta. De mhaolú ar an riail sin, féadfar a leagan síos sna Rialacha Nós Imeachta dá dtagraítear in Airteagal 12.3 go bhféadfaidh comhaltaí den Chomhairle Rialaithe vótáil trí bhíthin teileachomhdhála. Forálfar freisin sna rialacha sin go bhféadfaidh comhalta den Chomhairle Rialaithe nach féidir dó ar feadh tréimhse fada freastal ar chruinnithe na Comhairle Rialaithe malartach a cheapadh chun a ionad a ghabháil mar chomhalta den Chomhairle Rialaithe.

Tá forálacha na míreanna sin roimhe seo gan dochar do chearta vótála chomhaltaí uile na Comhairle Rialaithe, bíodh ceart vótála acu nó ná bíodh, Airteagail 10.3, 40.2 agus 40.3.

Mura bhforáiltear a mhalairt sa Reacht seo, gníomhóidh an Chomhairle Rialaithe trí thromlach simplí de na comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu. I gcás comhionannais vótaí, is ag an Uachtarán a bheidh an vóta réitigh.

Chun go bhféadfaidh an Chomhairle Rialaithe vótáil, ní mór córam dhá thrian de na comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu a bheith ann. Mura sroichfear an córam, féadfaidh an tUachtarán cruinniú urghnách a chomóradh ina bhféadfar cinntí a ghlacadh gan aird ar an gcóram.

10.3.   Chun go nglacfar cinntí de bhun Airteagail 28, 29, 30, 32 agus 33, déanfar na vótaí sa Chomhairle Rialaithe a ualú i gcomhréir le scaireanna na mbanc ceannais náisiúnta i gcaipiteal suibscríofa BCE. Is ionann agus nialas ualuithe vótaí chomhaltaí an Bhord Feidhmiúcháin. Déanfar cinneadh ar gá tromlach cáilithe chuige a ghlacadh má fhaigheann sé líon vótaí ina fhabhar is ionannas ar a laghad le dhá thrian de chaipiteal suibscríofa BCE agus is ionannas ar a laghad le leath na scairshealbhóirí. Mura féidir le Gobharnóir bheith i láthair, féadfaidh sé malartach a ainmniú chun a vóta ualaithe a chaitheamh.

10.4.   Beidh imeachtaí na gcruinnithe faoi rún. Féadfaidh an Chomhairle Rialaithe toradh a pléití a phoibliú.

10.5.   Tiocfaidh an Chomhairle Rialaithe le chéile ar a laghad deich n-uaire sa bhliain.

Airteagal 11

An Bord Feidhmiúcháin

11.1.   I gcomhréir leis an gcéad mhír d'Airteagal 283(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, beidh ar an mBord Feidhmiúcháin an tUachtarán, an Leasuachtarán agus ceithre chomhalta eile.

Comhlíonfaidh na comhaltaí a gcuid dualgas go lánaimseartha. Ní ghabhfaidh aon chomhalta le haon slí bheatha, sochrach ná neamhshochrach, mura ndeonóidh an Chomhairle Rialaithe díolúine go heisceachtúil dó.

11.2.   I gcomhréir leis an dara mír d'Airteagal 283(2) den Chonradh sin, déanfaidh an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, ar mholadh ón gComhairle agus tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle Rialaithe, Uachtarán, Leasuachtarán agus comhaltaí eile an Bhord Feidhmiúcháin a cheapadh as measc daoine a bhfuil gradam agus taithí ghairmiúil aitheanta acu i réimsí airgeadaíochta nó baincéireachta.

Ocht mbliana a bheidh ina dtéarma oifige agus ní fhéadfar é a athnuachan.

Ní féidir a bheith ina gcomhaltaí den Bhord Feidhmiúcháin ach amháin náisiúnaigh de na Ballstáit.

11.3.   Leagfar síos téarmaí agus coinníollacha fostaíochta chomhaltaí an Bhord Feidhmiúcháin, go háirithe a dtuarastail, a bpinsin agus a sochair slándála sóisialta eile i gconarthaí le BCE agus socróidh an Chomhairle Rialaithe iad ar thogra ó choiste ar a mbeidh trí chomhalta arna gceapadh ag an gComhairle Rialaithe agus trí chomhalta arna gceapadh ag an gComhairle. Ní bheidh ceart vótála ag comhaltaí an Bhord Feidhmiúcháin ar ábhair dá dtagraítear sa mhír seo.

11.4.   Mura gcomhallfaidh comhalta den Bhord Feidhmiúcháin a thuilleadh na coinníollacha is gá chun a chuid dualgas a chomhlíonadh nó má bhí sé ciontach i mí-iompar tromchúiseach, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, ar iarratas ón gComhairle Rialaithe nó ón mBord Feidhmiúcháin, é a scor go héigeantach.

11.5.   Beidh ceart vótála ag gach comhalta den Bhord Feidhmiúcháin a bheidh i láthair go pearsanta agus chuige sin beidh vóta amháin aige. Mura bhforáiltear a mhalairt, gníomhóidh an Bord Feidhmiúcháin trí thromlach simplí de na vótaí arna gcaitheamh. I gcás comhionannas vótaí, is ag an Uachtarán a bheidh an vóta réitigh. Sonrófar na socruithe vótála sna rialacha nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 12.3.

11.6.   Beidh an Bord Feidhmiúcháin freagrach as gnó reatha BCE.

11.7.   Déanfar aon fholúntas a tharlóidh ar an mBord Feidhmiúcháin a líonadh trí chomhalta nua a cheapadh i gcomhréir le forálacha Airteagal 11.2.

Airteagal 12

Freagrachtaí na gcomhlachtaí cinnteoireachta

12.1.   Glacfaidh an Chomhairle Rialaithe na treoirlínte agus na cinntí is gá chun a áirithiú go gcomhlíontar na cúraimí a chuireann na Conarthaí agus an Reacht seo ar CEBC. Leagfaidh an Chomhairle Rialaithe síos beartas airgeadaíochta an Aontais lena n-áirítear, más iomchuí, cinntí maidir le cuspóirí meánreatha airgeadaíochta, eochair-rátaí úis agus soláthar cúlchistí in CEBC agus cinnfidh sí na treoirlínte is gá lena gcur chun feidhme.

Cuirfidh an Bord Feidhmiúcháin an beartas airgeadaíochta chun feidhme i gcomhréir leis na treoirlínte agus na cinntí arna nglacadh ag an gComhairle Rialaithe. Tabharfaidh sé lena linn sin na teagaisc riachtanacha do bhainc cheannais náisiúnta. Ina theannta sin, féadfar cumhachtaí áirithe a tharmligean chuige má chinneann an Chomhairle Rialaithe amhlaidh.

A mhéad a mheastar is féidir agus is iomchuí agus gan dochar d'fhorálacha an Airteagail seo, rachaidh BCE ar iontaoibh na mbanc ceannais náisiúnta chun oibríochtaí is cuid de chúraimí CEBC a chur i gcrích.

12.2.   Beidh an Bord Feidhmiúcháin freagrach as cruinnithe na Comhairle Rialaithe a ullmhú.

12.3.   Glacfaidh an Chomhairle Rialaithe rialacha nós imeachta a chinnfidh eagrúchán inmheánach BCE agus a chuid comhlachtaí cinnteoireachta.

12.4.   Is í an Chomhairle Rialaithe a fheidhmeoidh na feidhmeanna comhairleacha dá dtagraítear in Airteagal 4.

12.5.   Is í an Chomhairle Rialaithe a ghlacfaidh na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 6.

Airteagal 13

An tUachtarán

13.1.   Is é an tUachtarán nó, má bhíonn sé as láthair, an Leasuachtarán a bheidh i gceannas ar Chomhairle Rialaithe agus ar Bhord Feidhmiúcháin BCE.

13.2.   Gan dochar d'Airteagal 38, is é an tUachtarán nó a ainmnitheach a ionadóidh do BCE.

Airteagal 14

Bainc cheannais náisiúnta

14.1.   I gcomhréir le hAirteagal 131 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, áiritheoidh gach Ballstát go bhfuil a chuid reachtaíochta náisiúnta, lena n-áirítear Reachtanna a bhainc cheannais náisiúnta, ag luí leis na Conarthaí agus leis an Reacht seo.

14.2.   Leagfaidh Reachtanna na mbanc ceannais náisiúnta síos go háirithe nach lú ná cúig bliana téarma oifige Gobharnóir banc ceannais náisiúnta.

Ní fhéadfar a oifig a bhaint de Ghobharnóir ach amháin mura gcomhallann sé a thuilleadh na coinníollacha is gá chun a chuid dualgas a chomhlíonadh, nó má bhí sé ciontach i mí-iompar tromchúiseach. Féadfaidh an Gobharnóir i dtrácht nó an Chomhairle Rialaithe cinneadh chuige sin a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais, mar gheall ar shárú na gConarthaí nó aon riail dlí a bhaineann lena gcur chun feidhme. Déanfar imeachtaí den sórt sin a thionscnamh laistigh de dhá mhí ón uair a foilsíodh an cinneadh, nó a cuireadh in iúl don ghearánaí é nó, murar cuireadh, ón lá a fuair sé fios air, de réir mar a bheidh.

14.3.   Is cuid dhílis de CEBC na bainc cheannais náisiúnta agus gníomhóidh siad i gcomhréir le treoirlínte agus teagaisc BCE. Glacfaidh an Chomhairle Rialaithe na bearta is gá chun comhlíonadh threoirlínte agus theagaisc BCE a áirithiú agus éileoidh sí gach eolas riachtanach a thabhairt di.

14.4.   Féadfaidh bainc cheannais náisiúnta feidhmeanna seachas na feidhmeanna arna sonrú sa Reacht seo a chomhlíonadh mura gcinnfidh an Chomhairle Rialaithe, trí thromlach dhá thrian de na vótaí arna gcaitheamh, go gcuireann na feidhmeanna sin isteach ar chuspóirí agus cúraimí CEBC. Comhlíonfar feidhmeanna den sórt sin ar fhreagracht agus dliteanas bainc cheannais náisiúnta agus ní mheasfar gur cuid d'fheidhmeanna CEBC iad.

Airteagal 15

Ceangaltais maidir le tuairisciú

15.1.   Tarraingeoidh BCE suas agus foilseoidh sé tuarascálacha ar ghníomhaíochtaí CEBC uair sa ráithe ar a laghad.

15.2.   Foilseofar ráiteas comhdhlúite airgeadais CEBC in aghaidh na seachtaine.

15.3.   I gcomhréir le hAirteagal 284(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, díreoidh BCE tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí CEBC agus ar bheartas airgeadaíochta na bliana roimhe sin agus na bliana reatha chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, agus chuig an gComhairle Eorpach freisin.

15.4.   Cuirfear na tuarascálacha agus na ráitis dá dtagraítear san Airteagal seo ar fáil saor in aisce do pháirtithe leasmhara.

Airteagal 16

Nótaí bainc

I gcomhréir le hAirteagal 128(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, beidh ag an gComhairle Rialaithe an ceart eisiach chun eisiúint nótaí bainc in euro laistigh den Aontas a údarú. Féadfaidh BCE agus na bainc cheannais náisiúnta nótaí bainc den sórt sin a eisiúint. Is ag na nótaí bainc arna n-eisiúint ag BCE agus ag na bainc cheannais náisiúnta, agus ag nótaí bainc den sórt sin amháin, a bheidh an stádas dlíthairisceana laistigh den Aontas.

Urramóidh BCE a mhéad is féidir cleachtais atá ann cheana maidir le heisiúint agus le dearadh nótaí bainc.

CAIBIDIL IV

FEIDHMEANNA AIRGEADAÍOCHTA AGUS OIBRÍOCHTAÍ CEBC

Airteagal 17

Cuntais le BCE agus leis na bainc cheannais náisiúnta

Chun a n-oibríochtaí a sheoladh, féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach agus na bainc cheannais náisiúnta cuntais a oscailt le haghaidh institiúidí creidmheasa, eagras poiblí agus rannpháirtithe eile sa mhargadh agus sócmhainní, lena n-áirítear urrúis i gcuntais reatha, a ghlacadh mar chomhthaobhacht.

Airteagal 18

Oibríochtaí margaidh oscailte agus creidmheasa

18.1.   Chun cuspóirí CEBC a ghnóthú agus a chúraimí a chur i gcrích, féadfaidh BCE agus na bainc cheannais náisiúnta:

oibriú ar na margaí airgeadais, trí cheannach nó díol thar barr amach (spotbheart agus réamhdhéileáil) nó trí chomhaontú athcheannaigh, trí éilimh agus ionstraimí indíolta a thabhairt agus a fháil ar iasacht, bídís in euro nó in airgeadraí eile, maille le miotail lómhara;

oibríochtaí creidmheasa a sheoladh le hinstitiúidí creidmheasa agus le rannpháirtithe eile sa mhargadh, agus na hiasachtaí á mbunú ar bhonn comhthaobhachta leordhóthanaí.

18.2.   Bunóidh BCE prionsabail ghinearálta maidir leis na hoibríochtaí margaidh oscailte agus creidmheasa a chuireann sé féin nó na bainc cheannais náisiúnta i gcrích; craolfaidh sé freisin na coinníollacha faoina mbeidh siad ullamh idirbhearta den sórt sin a dhéanamh.

Airteagal 19

Cúlchistí íosta

19.1.   Faoi réir Airteagal 2, féadfaidh BCE a cheangal ar institiúidí creidmheasa arna mbunú i mBallstáit cúlchistí íosta a shealbhú ar cuntais le BCE agus le bainc cheannais náisiúnta chun cuspóirí beartas airgeadaíochta a shaothrú. Féadfaidh an Chomhairle Rialaithe rialacháin a bhunú maidir le háireamh agus le cinneadh na gcúlchistí íosta is gá. Mura gcomhlíonfar na rialacháin sin, beidh BCE i dteideal ús pionósach a thobhach agus smachtbhannaí eile a ghlacadh a bhfuil éifeacht inchomórtais leo.

19.2.   D'fhonn an tAirteagal seo a chur chun feidhme, saineoidh an Chomhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 41, an bunús le haghaidh cúlchistí íosta agus na cóimheasa uasta is incheadaithe idir na cúlchistí sin agus an bunús atá leo, mar aon le smachtbhannaí iomchuí i gcás neamhchomhlíonadh.

Airteagal 20

Ionstraimí eile um rialú airgeadaíochta

Féadfaidh an Chomhairle Rialaithe a chinneadh, trí thromlach dhá thrian de na vótaí arna gcaitheamh, dul ar iontaoibh pé modhanna oibríochtúla eile um rialú airgeadaíochta is cuí léi, agus Airteagal 2 á urramú aici.

Déanfaidh an Chomhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 41, raon feidhme modhanna den sórt sin a shainiú má fhorchuireann siad oibleagáidí ar thríú páirtithe.

Airteagal 21

Oibríochtaí le heagrais phoiblí

21.1.   I gcomhréir le hAirteagal 123 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, toirmiscfear ar BCE agus ar bhainc cheannais náisiúnta rótharraingtí nó aon saoráid chreidmheasa de shaghas ar bith eile a thabhairt i bhfabhar institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí Aontais, Rialtais Láir, údarás réigiúnach nó áitiúil nó údarás poiblí eile, comhlachtaí eile arna rialú faoin dlí poiblí nó gnóthas poiblí sna Ballstáit, agus toirmiscfear freisin ar BCE nó ar bhainc cheannais náisiúnta ionstraimí fiachais a cheannach go díreach uathu.

21.2.   Féadfaidh BCE agus bainc cheannais náisiúnta gníomhú amhail gníomhairí cánachais thar ceann na n-eagras dá dtagraítear in Airteagal 21.1.

21.3.   Ní bheidh forálacha an Airteagail seo infheidhme ar institiúidí creidmheasa ar úinéireacht phoiblí ar a gcuirfidh bainc cheannais náisiúnta agus BCE, i gcomhthéacs soláthar cúlchistí ó bhainc cheannais, an chóir chéanna a chuirtear ar institiúidí creidmheasa príobháideacha.

Airteagal 22

Córais imréitigh agus íocaíochta

Féadfaidh BCE agus bainc cheannais náisiúnta saoráidí a chur ar fáil, agus féadfaidh BCE rialacháin a dhéanamh, d'fhonn córais éifeachtúla fhónta imréitigh agus íocaíochta a áirithiú laistigh den Aontas agus le tríú tíortha.

Airteagal 23

Oibríochtaí seachtracha

Féadfaidh BCE agus bainc cheannais náisiúnta:

caidreamh a bhunú le bainc cheannais agus le hinstitiúidí airgeadais i dtríú tíortha agus, más iomchuí, le heagraíochtaí idirnáisiúnta;

gach saghas sócmhainní airgid eachtraigh agus miotal lómhar a fháil agus a dhíol trí spotbheart agus réamhdhéileáil; cuimseoidh an abairt “sócmhainn airgid eachtraigh” urrúis agus gach sócmhainn eile in airgeadra aon tíre nó in aonaid chuntais, is cuma cén fhoirm ina sealbhaítear iad;

na sócmhainní dá dtagraítear san Airteagal seo a shealbhú agus a bhainisteoireacht;

gach saghas idirbheart baincéireachta a sheoladh i ndáil le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta lena n-áirítear oibríochtaí chun iasachtaí a fháil agus a thabhairt.

Airteagal 24

Oibríochtaí eile

I dteannta le hoibríochtaí a eascraíonn óna gcúraimí, féadfaidh BCE agus bainc cheannais náisiúnta oibríochtaí a dhéanamh ar mhaithe lena gcríocha riarthacha nó ar mhaithe lena bhfoireann.

CAIBIDIL V

MAOIRSEACHT STUAMACHTA

Airteagal 25

Maoirseacht stuamachta

25.1.   Féadfaidh BCE comhairle a thabhairt don Chomhairle, don Choimisiún agus d'údaráis inniúla na mBallstát agus féadfaidh siad dul i gcomhairle leis maidir le raon feidhme agus le cur chun feidhme reachtaíocht Aontais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus le cobhsaíocht an chórais airgeadais.

25.2.   I gcomhréir le haon rialachán ón gComhairle faoi Airteagal 127(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, féadfaidh BCE cúraimí sonracha a chomhlíonadh i leith beartas a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais eile seachas gnóthais árachais.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA AIRGEADAIS CEBC

Airteagal 26

Cuntais airgeadais

26.1.   Tosóidh bliain airgeadais BCE agus bainc cheannais náisiúnta ar an gcéad lá d'Eanáir agus críochnóidh sí ar an lá deiridh de Nollaig.

26.2.   Tarraingeoidh an Bord Feidhmiúcháin suas cuntais bhliantúla BCE i gcomhréir leis na prionsabail arna mbunú ag an gComhairle Rialaithe. Formheasfaidh an Chomhairle Rialaithe na cuntais agus foilseofar dá éis sin iad.

26.3.   Ar mhaithe le cuspóirí anailíseacha agus oibríochtúla, tarraingeoidh an Bord Feidhmiúcháin suas clár comhardaithe comhdhlúite CEBC a chuimseoidh sócmhainní agus dliteanais sin na mbanc ceannais náisiúnta a thig faoi CEBC.

26.4.   Chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme, glacfaidh an Chomhairle Rialaithe na rialacha is gá chun cuntasaíocht agus tuairisciú oibríochtaí a bheidh gafa ar láimh ag na bainc cheannais náisiúnta a chaighdeánú.

Airteagal 27

Iniúchóireacht

27.1.   Déanfaidh iniúchóirí seachtracha neamhspleácha arna moladh ag an gComhairle Rialaithe agus arna gceadú ag an gComhairle cuntais BCE agus cuntais bhainc cheannais náisiúnta a iniúchadh. Beidh lánchumhacht ag na hiniúchóirí leabhair agus cuntais uile an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus bainc cheannais náisiúnta a scrúdú agus gach eolas a fháil maidir lena n-idirbhearta.

27.2.   Ní bheidh forálacha Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh infheidhme ach amháin ar scrúdú maidir le héifeachtúlacht oibríochtúil bhainistíocht BCE.

Airteagal 28

Caipiteal BCE

28.1.   Beidh ag BCE caipiteal EURO 5 000 milliún. Féadfar an caipiteal a mhéadú pé méid a chinnfidh an Chomhairle Rialaithe ag gníomhú di tríd an tromlach cáilithe dá bhforáiltear in Airteagal 10.3, faoi na teorainneacha agus na coinníollacha arna socrú ag an gComhairle faoin nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 41.

28.2.   Is iad na bainc cheannais náisiúnta amháin a shuibscríobhfaidh agus a shealbhóidh caipiteal BCE. Déanfar an caipiteal a shuibscríobh de réir an scála arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 29.

28.3.   Cinnfidh an Chomhairle Rialaithe, ag gníomhú di tríd an tromlach cáilithe dá bhforáiltear in Airteagal 10.3, méid an chaipitil is iníoctha agus an fhoirm ina n-íocfar é.

28.4.   Faoi réir Airteagal 28.5, ní fhéadfar scaireanna na mbanc ceannais náisiúnta i gcaipiteal suibscríofa BCE a aistriú, a chur i ngeall ná a astú.

28.5.   Má choigeartaítear an scála dá dtagraítear in Airteagal 29, aistreoidh na bainc cheannais náisiúnta eatarthu féin scaireanna caipitil a mhéad is gá d'fhonn a áirithiú go bhfuil dáileadh na scaireanna caipitil sin i gcomhréir leis an scála coigeartaithe. Cinnfidh an Chomhairle Rialaithe téarmaí agus coinníollacha na n-aistrithe sin.

Airteagal 29

An scála le haghaidh shuibscríobh an chaipitil

29.1.   Déanfar an scála le haghaidh shuibscríobh chaipiteal BCE a socraíodh den chéad uair i 1998 nuair a bunaíodh CEBC a chinneadh trína shannadh do gach banc ceannais náisiúnta ualú sa scála is ionann agus suim:

50 % de scair a Bhallstáit faoi seach i ndaonra an Aontais sa bhliain leathdhéanach roimh CEBC a bhunú;

50 % de scair a Bhallstáit faoi seach in olltáirgeacht intíre an Aontais de réir margadhphraghsanna mar a bheidh sí arna taifeadadh sna cúig bliana deiridh roimh an mbliain leathdhéanach roimh CEBC a bhunú.

Cothromófar na céatadáin suas nó síos don iolraí is gaire de 0.0001 pointe céatadáin.

29.2.   Déanfaidh an Coimisiún na sonraí staidrimh is gá do chur chun feidhme an Airteagail seo a chur ar fáil i gcomhréir leis na rialacha arna nglacadh ag an gComhairle faoin nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 41.

29.3.   Déanfar na hualuithe arna sannadh do na bainc cheannais náisiúnta a choigeartú gach cúig bliana tar éis CEBC a bhunú de réir analaí leis na forálacha atá leagtha síos in Airteagal 29.1. Beidh an scála coigeartaithe infheidhme ón gcéad lá den bhliain ina dhiaidh sin.

29.4.   Glacfaidh an Chomhairle Rialaithe gach beart eile is gá chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme.

Airteagal 30

Cúlsócmhainní eachtracha a aistriú chuig BCE

30.1.   Gan dochar d'fhorálacha Airteagal 28, cuirfidh na bainc cheannais náisiúnta ar fáil do BCE cúlsócmhainní eachtracha seachas airgeadraí Ballstát, euroanna, riochtaí chúlchistí an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) nó cearta speisialta tarraingthe (CST), go feadh suim is ionann agus EURO 50 000 milliún. Cinnfidh an Chomhairle Rialaithe ar an gcionúireacht a bheidh le glaoch ag BCE ar mbunú dó ar chur chun feidhme an Reachta seo agus na suimeanna a ghlaofar níos déanaí. Beidh láncheart ag BCE na cúlchistí eachtracha a aistreofar chuige a shealbhú agus a bhainisteoireacht, agus iad a úsáid chun na gcríoch atá leagtha amach sa Reacht seo.

30.2.   Socrófar ranníocaíochtaí gach banc ceannais náisiúnta i gcomhréir lena scair i gcaipiteal suibscríofa BCE.

30.3.   Cuirfidh BCE chun sochair gach banc ceannais náisiúnta éileamh is ionann agus a ranníocaíocht. Cinnfidh an Chomhairle Rialaithe ainmníocht éileamh den sórt sin agus an íocaíocht ina leith.

30.4.   Féadfaidh BCE cúlsócmhainní eachtracha breise a ghlaoch thar an teorainn atá socraithe in Airteagal 30.1, i gcomhréir le hAirteagal 30.2, faoi na teorainneacha agus na coinníollacha arna socrú ag an gComhairle i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 41.

30.5.   Féadfaidh BCE suímh chúlchistí CAI agus CST a shealbhú agus a bhainisteoireacht agus socrú a dhéanamh le sócmhainní den sórt sin a chomhthiomsú.

30.6.   Glacfaidh an Chomhairle Rialaithe gach beart eile is gá chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme.

Airteagal 31

Cúlsócmhainní eachtracha arna sealbhú ag bainc cheannais náisiúnta

31.1.   Ceadófar do na bainc cheannais náisiúnta idirbhearta a chur i gcrích ar mhaithe lena n-oibleagáidí i leith eagraíochtaí idirnáisiúnta a chomhall i gcomhréir le hAirteagal 23.

31.2.   Gach oibríocht eile maidir leis na cúlsócmhainní eachtracha a bheidh fós sna bainc cheannais náisiúnta tar éis na n-aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 30, agus idirbhearta Ballstát lena sócmhainní eachtracha de chuid iarmhéideanna oibre malairte eachtraí, beidh siad, os cionn teorann a bhunófar faoi chuimsiú Airteagal 31.3, faoi réir cheadú BCE d'fhonn a áirithiú go mbeidh siad comhchuí le beartais ráta malairte agus airgeadaíochta an Aontais.

31.3.   Leagfaidh an Chomhairle Rialaithe síos treoirlínte chun oibríochtaí den sórt sin a éascú.

Airteagal 32

Cionroinnt ioncam airgeadaíochta bainc cheannais náisiúnta

32.1.   Déanfar an t-ioncam a fhaibhreoidh do na bainc cheannais náisiúnta i gcomhlíonadh fheidhm bheartas airgeadaíochta CEBC (dá ngairtear “ioncam airgeadaíochta” anseo feasta) a chionroinnt ag deireadh gach bliain airgeadais i gcomhréir le forálacha an Airteagail seo.

32.2.   Is ionann méid ioncam airgeadaíochta gach banc ceannais náisiúnta agus an t-ioncam bliantúil a dhíorthóidh ó na sócmhainní arna sealbhú in aghaidh nótaí bainc i gcúrsaíocht agus dliteanais taisce i leith institiúidí creidmheasa. Cuirfidh bainc cheannais náisiúnta na sócmhainní sin in áirithe i gcomhréir le treoirlínte a ghlacfaidh an Chomhairle Rialaithe.

32.3.   Más dóigh leis an gComhairle Rialaithe,, tar éis an euro a thabhairt isteach, nach féidir Airteagal 32.2 a chur chun feidhme toisc struchtúir chlár comhardaithe na mbanc ceannais náisiúnta, féadfaidh an Chomhairle Rialaithe, a chinneadh go ndéanfar, de mhaolú ar Airteagal 32.2, an t-ioncam airgeadaíochta a áireamh de réir modha mhalartaigh go ceann tréimhse nach mó ná cúig bliana.

32.4.   Laghdófar méid ioncam airgeadaíochta gach banc ceannais náisiúnta méid is ionann agus pé ús a bheidh íoctha ag an mbanc ceannais sin ar a chuid dliteanas taisce d'institiúidí creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 19.

Féadfaidh an Chomhairle Rialaithe a chinneadh go slánófar bainc cheannais náisiúnta in aghaidh costas a bheidh tabhaithe acu i ndáil le heisiúint nótaí bainc nó, in imthosca eisceachtúla, ar chaillteanais shonracha a eascraíonn ó oibríochtaí beartais airgeadaíochta a bheidh gafa ar láimh thar ceann CEBC. Beidh an slánú i bhfoirm a mheasfar is iomchuí de réir na Comhairle Rialaithe; féadfar na méideanna sin a fhritháireamh in aghaidh ioncam airgeadaíochta na mbanc ceannais náisiúnta.

32.5.   Cionroinnfear suim ioncam airgeadaíochta na mbanc ceannais náisiúnta ar na bainc cheannais náisiúnta i gcoibhneas lena scaireanna íoctha i gcaipiteal BCE, faoi réir aon chinneadh arna ghlacadh ag an gComhairle Rialaithe de bhun Airteagal 33.2.

32.6.   Cuirfidh BCE i gcrích imréiteach agus socrú na n-iarmhéideanna a thig as cionroinnt an ioncaim airgeadaíochta i gcomhréir leis na treoirlínte arna nglacadh ag an gComhairle Rialaithe.

32.7.   Glacfaidh an Chomhairle Rialaithe gach beart eile is gá chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme.

Airteagal 33

Brabúis ghlana agus caillteanais ghlana BCE a chionroinnt

33.1.   Aistreofar brabús glan BCE san ord seo a leanas:

(a)

déanfar méid a chinnfidh an Chomhairle Rialaithe nach bhféadfaidh bheith níos mó ná 20 % den bhrabús glan a aistriú chuig an gcúlchiste ginearálta faoi réir teorann is ionann agus 100 % den chaipiteal;

(b)

déanfar fuíoll an bhrabúis ghlain a dháileadh ar scairshealbhóirí BCE i gcoibhneas lena scaireanna íoctha.

33.2.   I gcás BCE caillteanas a thabhú, féadfar an gannchion a fhritháireamh in aghaidh chúlchiste ginearálta BCE agus, más gá, tar éis cinneadh ón gComhairle Rialaithe, in aghaidh ioncam airgeadaíochta na bliana airgeadais ábhartha i gcoibhneas leis na méideanna arna gcionroinnt ar na bainc cheannais náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 32.5 agus gona bhfeadh.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 34

Gníomhartha dlí

34.1.   I gcomhréir le hAirteagal 132 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, déanfaidh BCE:

rialacháin a dhéanamh a mhéad is gá chun na cúraimí atá sainithe sa chéad fhleasc d'Airteagal 3.1, in Airteagail 19.1, 22 nó 25.2 a chur chun feidhme agus i gcásanna a leagfar síos i ngníomhartha na Comhairle dá dtagraítear in Airteagal 41;

cinntí a ghlacadh is gá chun na cúraimí a chuirtear de chúram ar CEBC faoi na Conarthaí agus faoin Reacht seo a chomhlíonadh;

moltaí agus tuairimí a thabhairt.

34.2.   Féadfaidh BCE a chinneadh a chinntí, a mholtaí agus a thuairimí a fhoilsiú.

34.3.   Faoi na teorainneacha agus faoi na coinníollacha arna nglacadh ag an gComhairle faoin nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 41, beidh BCE i dteideal fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh ar ghnóthais mura gcomhlíonfar na hoibleagáidí faoina rialacháin agus faoina chinntí.

Airteagal 35

Léirmheas breithiúnach agus ábhair ghaolmhara

35.1.   Féadfar gníomhartha nó neamhghníomhartha BCE a athbhreithniú agus a léiriú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh sna cásanna agus faoi na coinníollacha atá leagtha síos sna Conarthaí. Féadfaidh BCE imeachtaí a thionscnamh sna cásanna agus faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

35.2.   Is iad na cúirteanna náisiúnta inniúla a chinnfidh díospóidí idir BCE, ar thaobh amháin, agus a chreidiúnaithe, a fhiachóirí nó aon duine eile, ar an taobh eile, ach amháin nuair atá dlínse tugtha do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

35.3.   Beidh BCE faoi réir an chórais dliteanais dá bhforáiltear in Airteagal 340 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Beidh na bainc cheannais náisiúnta faoi dhliteanas de réir a ndlíthe náisiúnta faoi seach.

35.4.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána atá in aon chonradh arna rialú ag an dlí poiblí nó ag an dlí príobháideach a thugann BCE i gcrích nó a thugtar i gcrích thar a cheann.

35.5.   Is í an Chomhairle Rialaithe a ghlacfaidh cinneadh ó BCE maidir le caingean a thionscnamh os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

35.6.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndíospóidí a bhaineann le banc ceannais náisiúnta a chuid oibleagáidí a chomhall faoi na Conarthaí agus faoin Reacht seo. Má mheasann BCE go bhfuil mainnithe ag banc ceannais náisiúnta oibleagáid a chomhall faoi na Conarthaí agus faoin Reacht seo, tabharfaidh sé tuairim réasúnaithe ar an ábhar tar éis deis a thabhairt don bhanc ceannais náisiúnta i dtrácht a chuid barúlacha a thíolacadh. Mura ngéillfidh an banc ceannais náisiúnta don tuairim laistigh den tréimhse atá leagtha síos ag BCE, féadfaidh BCE an t-ábhar a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 36

Foireann

36.1.   Leagfaidh an Chomhairle Rialaithe síos, ar thogra ón mBord Feidhmiúcháin, coinníollacha fostaíochta fhoireann BCE.

36.2.   Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in aon díospóid idir BCE agus a sheirbhísigh faoi na teorainneacha agus na coinníollacha atá leagtha síos sna coinníollacha fostaíochta.

Airteagal 37 (sean-Airteagal 38)

Rúndacht ghairmiúil

37.1.   Beidh de cheangal ar chomhaltaí chomhlachtaí rialaithe BCE agus ar fhoireann BCE agus na mbanc ceannais náisiúnta, fiú tar éis deireadh a theacht lena ndualgais, gan aon fhaisnéis a nochtadh is de shaghas atá faoi chumhdach oibleagáid na rúndachta gairmiúla.

37.2.   Beidh daoine a mbeidh teacht acu ar shonraí atá faoi chumhdach reachtaíocht Aontais a fhorchuireann oibleagáid rúndachta faoi réir reachtaíocht den sórt sin.

Airteagal 38 (sean-Airteagal 39)

Sínitheoirí

Cuirfear BCE faoi dhliteanas dlíthiúil i leith tríú páirtithe ag an Uachtarán nó ag dhá chomhalta den Bhord Feidhmiúcháin nó ag síniú dhá chomhalta d'fhoireann BCE arna n-údarú go cuí ag an Uachtarán chun síniú thar ceann BCE.

Airteagal 39 (sean-Airteagal 40)

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh ag BCE ar chríocha na mBallstát na pribhléidí agus na díolúintí is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Phrótacal ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh.

CAIBIDIL VIII

LEASÚ AN REACHTA AGUS REACHTAÍOCHT FHORLÍONTACH

Airteagal 40 (sean-Airteagal 41)

Nós imeachta leasaithe simplithe

40.1.   I gcomhréir le hAirteagal 129(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, ar mholadh ó BCE agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún nó ag gníomhú dóibh ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le BCE, Airteagail 5.1, 5.2, 5.3, 17, 18, 19.1, 22, 23, 24, 26, 32.2, 32.3, 32.4, 32.6, 33.1(a) agus 36 den Reacht seo a leasú.

40.2.   Féadfar Airteagal 10.2 a leasú le cinneadh ón gComhairle Eorpach ag gníomhú di d'aon toil ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún, nó ar mholadh ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an mBanc Ceannais Eorpach. Ní thiocfaidh na leasuithe sin i bhfeidhm go dtí go mbeidh siad formheasta ag na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

40.3.   Is gá cinneadh d'aon toil ón gComhairle Rialaithe chun BCE a dhéanamh moladh faoin Airteagal seo.

Airteagal 41 (sean-Airteagal 42)

Reachtaíocht fhorlíontach

I gcomhréir le hAirteagal 129(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Chomhairle ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an mBanc Ceannais Eorpach nó ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún, na forálacha dá dtagraítear in Airteagail 4, 5.4, 19.2, 20, 28.1, 29.2, 30.4 agus 34.3 den Reacht seo a ghlacadh.

CAIBIDIL IX

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS EILE DO CEBC

Airteagal 42 (sean-Airteagal 43)

Forálacha ginearálta

42.1.   Béarfaidh maolú dá dtagraítear in Airteagal 139 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nach dtabharfaidh na hAirteagail seo a leanas den Reacht seo aon chearta don Bhallstát i dtrácht ná nach bhforchuirfidh siad aon oibleagáidí air: 3, 6, 9.2, 12.1, 14.3, 16, 18, 19, 20, 22, 23, 26.2, 27, 30, 31, 32, 33, 34 agus 49.

42.2.   Coinneoidh bainc cheannais Bhallstát a bhfuil maolú mar atá sonraithe in Airteagal 139 den Chonradh sin acu a gcuid cumhachtaí i réimse an bheartais airgeadaíochta de réir an dlí náisiúnta.

42.3.   I gcomhréir le hAirteagal 139 den Chonradh sin, tuigfear gur Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu “Ballstáit” sna hAirteagail seo a leanas den Reacht seo: 3, 11.2 agus 19.

42.4.   Tuigfear gur bainc cheannais na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu “bainc cheannais náisiúnta” sna hAirteagail seo a leanas den Reacht seo: 9.2, 10.2, 10.3, 12.1, 16, 17, 18, 22, 23, 27, 30, 31, 32, 33.2 agus 49.

42.5.   Tuigfear gur bainc cheannais na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu “scairshealbhóirí” in Airteagail 10.3 agus 33.1.

42.6.   Tuigfear gur caipiteal BCE arna shuibscríobh ag bainc cheannais na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu “caipiteal suibscríofa an Bhainc Cheannais Eorpaigh” in Airteagail 10.3 agus 30.2.

Airteagal 43 (sean-Airteagal 44)

Cúraimí idirthréimhseacha BCE

Gabhfaidh BCE chuige na cúraimí sin de IEA dá dtagraítear in Airteagal 141(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nach foláir, de bhun maoluithe Ballstáit amháin nó níos mó, a chomhlíonadh fós tar éis an euro a thabhairt isteach.

Tabharfaidh an BCE comhairle in ullmhúcháin aisghairm na maoluithe atá sonraithe in Airteagal 140 den Chonradh sin.

Airteagal 44 (sean-Airteagal 45)

Comhairle Ghinearálta BCE

44.1.   Gan dochar d'Airteagal 129(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tionscnófar an Chomhairle Ghinearálta mar thríú comhlacht cinnteoireachta BCE.

44.2.   Beidh ar an gComhairle Ghinearálta Uachtarán agus Leasuachtarán BCE agus Gobharnóirí na mbanc ceannais náisiúnta. Féadfaidh comhaltaí eile an Bhoird Feidhmiúcháin bheith rannpháirteach i gcruinnithe na Comhairle Ginearálta, ach ní bheidh ceart vótála acu.

44.3.   Tá freagrachtaí na Comhairle Ginearálta ina n-iomláine liostaithe in Airteagal 46.

Airteagal 45 (sean-Airteagal 46)

Rialacha nós imeachta na Comhairle Ginearálta

45.1.   An tUachtarán nó, mura féidir dó bheith i láthair, an Leasuachtarán a bheidh i gceannas ar Chomhairle Ghinearálta BCE.

45.2.   Féadfaidh Uachtarán na Comhairle agus comhalta de chuid an Choimisiúin a bheith rannpháirteach i gcruinnithe na Comhairle Ginearálta, ach ní bheidh ceart vótála acu.

45.3.   Ullmhóidh an tUachtarán cruinnithe na Comhairle Ginearálta.

45.4.   De mhaolú ar Airteagal 12.3, glacfaidh an Chomhairle Ghinearálta a rialacha nós imeachta.

45.5.   Soláthróidh BCE rúnaíocht na Comhairle Ginearálta.

Airteagal 46 (sean-Airteagal 47)

Freagrachtaí na Comhairle Ginearálta

46.1.   Déanfaidh an Chomhairle Ghinearálta:

na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 43 a chomhlíonadh;

rannchuidiú leis na feidhmeanna comhairleacha dá dtagraítear in Airteagal 4 agus 25.1.

46.2.   Rannchuideoidh an Chomhairle Ghinearálta le:

bailiú na faisnéise staidrimh dá dtagraítear in Airteagal 5;

gníomhaíochtaí BCE maidir le tuairisciú dá dtagraítear in Airteagal 15;

bunú na rialacha is gá chun Airteagal 26 a chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 26.4;

glacadh gach beart eile is gá chun Airteagal 29 a chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 29.4;

leagan síos choinníollacha fostaíochta fhoireann BCE dá dtagraítear in Airteagal 36.

46.3.   Rannchuideoidh an Chomhairle Ghinearálta leis na hullmhúcháin is gá chun rátaí malairte airgeadraí na mBallstát a bhfuil maolú acu a shocrú go neamh-inchúlghairthe in aghaidh an euro, dá dtagraítear in Airteagal 140(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

46.4.   Cuirfidh Uachtarán BCE an Chomhairle Ghinearálta ar an eolas faoi chinntí na Comhairle Rialaithe.

Airteagal 47 (sean-Airteagal 48)

Forálacha idirthréimhseacha maidir le caipiteal BCE

I gcomhréir le hAirteagal 29.1, sannfar ualú sa scála le haghaidh shuibscríobh chaipiteal BCE do gach banc ceannais náisiúnta. De mhaolú ar Airteagal 28.3, ní íocfaidh bainc cheannais Bhallstát a bhfuil maolú acu a gcaipiteal suibscríofa mura gcinneann an Chomhairle Ghinearálta, a ionadaíonn do dhá thrian ar a laghad de chaipiteal suibscríofa BCE agus leath na scairshealbhóirí ar a laghad, go gcaithfear céatadán íosta a íoc mar ranníocaíocht le haghaidh chostais oibríochtúla BCE.

Airteagal 48 (sean-Airteagal 49)

Íocaíocht iarchurtha chaipiteal, chúlchistí agus sholáthairtí BCE

48.1.   Déanfaidh an banc ceannais Ballstáit a bhfuil a mhaolú aisghairthe a scair shuibscríofa de chaipiteal BCE a íoc go feadh an méid a bheidh íoctha ag bainc cheannais eile na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu, agus aistreoidh sé chuig BCE sócmhainní cúlchistí eachtracha i gcomhréir le hAirteagal 30.1. Cinnfear an tsuim atá le haistriú tríd an euro-luach ag rátaí reatha malairte shócmhainní na gcúlchistí eachtracha a aistríodh cheana chuig BCE i gcomhréir le hAirteagal 30.1 a iolrú ar an gcóimheas idir líon na scaireanna arna suibscríobh ag an mbanc ceannais náisiúnta i dtrácht agus líon na scaireanna atá íoctha cheana ag na bainc cheannais náisiúnta eile.

48.2.   I dteannta na híocaíochta a bheidh le déanamh i gcomhréir le 48.1, rannchuideoidh an banc ceannais i dtrácht le cúlchistí BCE, leis na soláthairtí sin is comhionann le cúlchistí, agus leis an méid a bheidh fós le leithghabháil leis na cúlchistí agus na soláthairtí i gcomhréir leis an gcomhardú sa chuntas brábúis agus caillteanais amhail ar an 31 Nollaig den bhliain roimh an maolú a aisghairm. Cinnfear an tsuim atá le rannchuidiú trí mhéid na gcúlchistí, mar atá sé sainithe thuas agus mar atá sé luaite i gclár comhardaithe formheasta BCE, a iolrú leis an gcóimheas idir líon na scaireanna arna suibscríobh ag an mbanc ceannais i dtrácht agus líon na scaireanna atá íoctha cheana ag na bainc cheannais eile.

48.3.   Tráth tír amháin nó níos mó a theacht chun bheith ina mBallstáit agus a mbainc cheannais náisiúnta faoi seach a theacht chun bheith ina gcuid de CEBC, méadófar go huathoibríoch caipiteal suibscríofa BCE agus an teorainn ar mhéid na sócmhainní cúlchistí eachtracha is féidir a aistriú chuig BCE. Cinnfear an méadú trí na méideanna faoi seach atá ann an tráth sin a iolrú ar an gcóimheas, laistigh den scála caipitil arna fhairsingiú, idir ualú na mbanc ceannais náisiúnta i dtrácht atá ag teacht isteach agus ualú na mbanc ceannais náisiúnta is comhaltaí de CEBC cheana. Déanfar ualú gach banc ceannais náisiúnta sa scála caipitil a ríomh de réir analaí le hAirteagal 29.1 agus i gcomhlíonadh Airteagal 29.2. Beidh na tréimhsí tagartha a úsáidfear do na sonraí staidrimh comhionann leis na tréimhsí tagartha arna gcur i bhfeidhm don choigeartú cúigbhliantúil is déanaí ar na hualuithe faoi Airteagal 29.3.

Airteagal 49 (sean-Airteagal 52)

Malartú nótaí bainc in airgeadraí na mBallstát

Tar éis na rátaí malairte a shocrú go neamh-inchúlghairthe, i gcomhréir le hAirteagal 140(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, glacfaidh an Chomhairle Rialaithe na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh na bainc cheannais náisiúnta nótaí bainc arna n-ainmniú in airgeadraí le rátaí malairte atá socraithe go neamh-inchúlghairthe a mhalartú ar a luachanna pair faoi seach.

Airteagal 50 (sean-Airteagal 53)

Infheidhmeacht na bhforálacha idirthréimhseacha

Má tá agus fad atá Ballstáit a bhfuil maolú acu ann, beidh Airteagail 42 go 47 go huile infheidhme.