Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach - PRÓTACAIL - Prótacal (Uimh. 27) maidir leis an margadh inmheánach agus an iomaíocht
Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0309 - 0309
PRÓTACAL (Uimh. 27) MAIDIR LEIS AN MARGADH INMHEÁNACH AGUS AN IOMAÍOCHT TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA, AG CUR SAN ÁIREAMH go gcuimsíonn an margadh inmheánach mar a leagtar amach in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach é córas a áirithíonn nach ndéanfar an iomaíocht a shaobhadh, TAR ÉIS COMHAONTÚ chun na críche sin, go nglacfaidh an tAontas, más gá, bearta faoi chuimsiú fhorálacha na gConarthaí, lena n-áirítear Airteagal 352 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Cuirfear an Prótacal seo i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. --------------------------------------------------