12008E277

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A SÉ: FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS - TEIDEAL I: FORÁLACHA AG RIALÚ NA nINSTITIÚIDÍ - Caibidil 1: Na hInstitiúidí - Roinn 5: Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh - Airteagal 277 (sean-Airteagal 241 CCE)

Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0166 - 0166


Airteagal 277

(sean-Airteagal 241 CCE)

D'ainneoin an tréimhse atá leagtha síos sa séú mír d'Airteagal 263 a bheith caite, féadfaidh aon pháirtí, i gcás imeachtaí ina mbeidh gníomh a bhfuil feidhm ghinearálta aige arna ghlacadh ag institiúid, ag comhlacht, ag oifig nó ag gníomhaireacht de chuid an Aontais faoi shaincheist, na forais a phléadáil dá bhforáiltear sa dara mír d'Airteagal 263 d'fhonn neamhfheidhmeacht an ghnímh sin a agairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

--------------------------------------------------