12008E258

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A SÉ: FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS - TEIDEAL I: FORÁLACHA AG RIALÚ NA nINSTITIÚIDÍ - Caibidil 1: Na hInstitiúidí - Roinn 5: Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh - Airteagal 258 (sean-Airteagal 226 CCE)

Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0160 - 0160


Airteagal 258

(sean-Airteagal 226 CCE)

Má mheasann an Coimisiún gur mhainnigh Ballstát oibleagáid faoi na Conarthaí a chomhlíonadh, tabharfaidh sé tuairim réasúnaithe ina thaobh sin tar éis caoi a thabhairt don Stát áirithe ráiteas ina thaobh a chur isteach.

Mura ndéanfaidh an Stát a bheidh i gceist de réir na tuairime laistigh den tréimhse a bheidh leagtha síos ag an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún an t-ábhar a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

--------------------------------------------------