Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A TRÍ: BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS - TEIDEAL XIII: CULTÚR - Airteagal 167 (sean-Airteagal 151 CCE)
Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0121 - 0122
Airteagal 167 (sean-Airteagal 151 CCE) 1. Rannchuideoidh an tAontas le borradh chultúir na mBallstát, ag urramú a n-éagsúlacht náisiúnta agus réigiúnach agus ag tabhairt na comhoidhreachta cultúrtha chun suntais dó. 2. Is é is aidhm do ghníomhaíocht an Aontais comhar idir Ballstáit a chothú agus, más gá, tacú lena ngníomhaíocht agus í a fhorlíonadh sna réimsí seo a leanas: - feabhsú ar eolas agus ar leathadh chultúr agus stair na bpobal Eorpach; - caomhnú agus coimirciú na hoidhreachta cultúrtha de thábhacht Eorpach; - comhaisig neamhthráchtála i réimse an chultúir; - cruthú ealaíonta agus liteartha, go fiú in earnáil an chlosamhairc. 3. Taobhóidh an tAontas agus na Ballstát leis an gcomhar le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta is inniúil i réimse an chultúir agus go háirithe le Comhairle na hEorpa. 4. Tabharfaidh an tAontas aird ar ghnéithe cultúrtha ina ghníomhaíocht faoi fhorálacha eile na gConarthaí, go háirithe d'fhonn éagsúlacht a chuid cultúr a urramú agus a chur ar aghaidh. 5. Chun rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear san Airteagal seo: - glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún, gníomhaíochtaí dreasachta, amach ó aon chomhchuibhiú ar dhlíthe agus rialúcháin na mBallstát; - glacfaidh an Chomhairle moltaí ar thogra ó gCoimisiún. --------------------------------------------------