Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A TRÍ: BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS - TEIDEAL VII: COMHRIALACHA MAIDIR LE hIOMAÍOCHT, LE CÁNACHAS AGUS LE COMHFHOGASÚ REACHTAÍOCHTA - Caibidil 1: Rialacha iomaíochta - Roinn 1: Rialacha a bhaineann le gnóthais - Airteagal 102 (sean-Airteagal 82 CCE)
Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0089 - 0089
Airteagal 102 (sean-Airteagal 82 CCE) Déanfar aon mhí-úsáid ag gnóthas nó gnóthais ag a bhfuil ceannasacht sa mhargadh inmheánach nó i gcuid mhór de a thoirmeasc mar ní nach luíonn leis an margadh inmheánach sa mhéid gurbh fhéidir éifeacht a bheith aici ar thrádáil idir Ballstáit. D'fhéadfadh sé go háirithe gurb é a bheadh sa mhí-úsáid sin: (a) praghsanna míchóra ceannaithe nó díolta nó coinníollacha míchóra eile trádála a fhorchur, go díreach nó go hindíreach; (b) an táirgeadh, na margaí nó an fhorbairt theicniúil a theorannú chun dochair do thomhaltóirí; (c) coinníollacha neamhionanna a chur chun feidhme ar idirbhearta comhionanna le páirtithe eile trádála sa dóigh go gcuirtear faoi mhíbhuntáiste san iomaíocht iad; (d) chun go dtabharfar conarthaí i gcrích, é a chur de choinníoll go nglacfaidh na páirtithe eile le hoibleagáidí forlíontacha nach bhfuil baint ar bith acu, óna nádúr ná ó ghnás na tráchtála, le hábhar na gconarthaí sin. --------------------------------------------------