12008E022

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A DÓ: NEAMH-IDIRDHEALÚ AGUS SAORÁNACHT AN AONTAIS - TEIDEAL II: FORÁLACHA A bhFUIL FEIDHM GHINEARÁLTA ACU - Airteagal 22 (sean-Airteagal 19 CCE)

Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0057 - 0057


Airteagal 22

(sean-Airteagal 19 CCE)

1. Beidh ag gach saoránach den Aontas a bhfuil cónaí air i mBallstát nach náisiúnach de é an ceart chun vótála agus chun bheith ina iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát ina bhfuil cónaí air, faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin. Feidhmeofar an ceart sin faoi réir rialacha mionsonraithe arna nglacadh ag an gComhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa; féadfaidh na rialacha mionsonraithe sin maoluithe a fhoráil nuair a dhlíonn fadhbanna is sonrach do Bhallstát é.

2. Gan dochar d'fhorálacha Airteagal 223(1) agus do na forálacha arna nglacadh lena chur chun feidhme, beidh ag gach saoránach den Aontas a bhfuil cónaí air i mBallstát nach náisiúnach de é an ceart chun vótála agus chun bheith ina iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa sa Bhallstát ina bhfuil cónaí air, faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin. Feidhmeofar an ceart sin faoi réir rialacha mionsonraithe arna nglacadh ag an gComhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa; féadfaidh na rialacha mionsonraithe sin maoluithe a fhoráil nuair a dhlíonn fadhbanna is sonrach do Bhallstát é.

--------------------------------------------------