Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A hAON: PRIONSABAIL - TEIDEAL I: CATAGÓIRÍ AGUS RÉIMSÍ INNIÚLACHTA AN AONTAIS - Airteagal 5
Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0052 - 0052
Airteagal 5 1. Comhordóidh na Ballstáit a mbeartais eacnamaíocha laistigh den Aontas. Chuige sin, glacfaidh an Chomhairle bearta, go háirithe na mórthreoirlínte do na beartais sin. Beidh feidhm ag forálacha sonracha maidir leis na Ballstáit sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu. 2. Glacfaidh an tAontas bearta chun comhordú bheartais fostaíochta na mBallstát a áirithiú, go háirithe trí threoirlínte do na beartais sin a shainiú. 3. Féadfaidh an tAontas tionscnaimh a ghlacadh chun comhordú bheartais shóisialta na mBallstát a áirithiú. --------------------------------------------------