17.12.2007 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C NaN/1 |
CONRADH LIOSPÓIN
AG LEASÚ AN CHONARTHA AR AN AONTAS EORPACH AGUS AN CHONARTHA AG BUNÚ AN CHOMHPHOBAIL EORPAIGH
BROLLACH
TÁ
A SHOILSE RÍ NA mBEILGEACH,
UACHTARÁN PHOBLACHT NA BULGÁIRE,
UACHTARÁN PHOBLACHT NA SEICE,
A SOILSE BANRÍON NA DANMHAIRGE,
UACHTARÁN PHOBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE,
UACHTARÁN PHOBLACHT NA hEASTÓINE,
UACHTARÁN NA hÉIREANN,
UACHTARÁN NA POBLACHTA HEILLÉANAÍ,
A SHOILSE RÍ NA SPÁINNE,
UACHTARÁN PHOBLACHT NA FRAINCE,
UACHTARÁN PHOBLACHT NA hIODÁILE,
UACHTARÁN PHOBLACHT NA CIPIRE,
UACHTARÁN PHOBLACHT NA LAITVIA,
UACHTARÁN PHOBLACHT NA LIOTUÁINE,
A MHÓRGACHT RÍOGA ARD DIÚC LUCSAMBURG,
UACHTARÁN PHOBLACHT NA hUNGÁIRE,
UACHTARÁN MHÁLTA,
A SOILSE BANRÍON NA hÍSILTÍRE,
UACHTARÁN CÓNAIDHME PHOBLACHT NA hOSTAIRE,
UACHTARÁN PHOBLACHT NA POLAINNE,
UACHTARÁN PHOBLACHT NA PORTAINGÉILE,
UACHTARÁN NA RÓMÁINE,
UACHTARÁN PHOBLACHT NA SLÓIVÉINE,
UACHTARÁN PHOBLACHT NA SLÓVAICE,
UACHTARÁN PHOBLACHT NA FIONLAINNE,
RIALTAS RÍOCHT NA SUALAINNE,
A SOILSE BANRÍON RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN,
ÓS MIAN LEO an próiseas a chríochnú ar cuireadh tús leis i gConradh Amstardam agus i gConradh Nice d'fhonn éifeachtúlacht agus dlisteanacht dhaonlathach an Aontais a neartú agus chun comhchuibheas a ghníomhaíochtaí a fheabhsú,
TAR ÉIS A BHEARTÚ an Conradh ar an Aontas Eorpach, an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach a leasú,
A SHOILSE RÍ NA mBEILGEACH,
Guy VERHOFSTADT
Príomh-Aire
Karel DE GUCHT
Aire Gnóthaí Eachtracha
UACHTARÁN PHOBLACHT NA BULGÁIRE,
Serguei STANISHEV
Príomh-Aire
Ivailo KALFIN
Leas-Phríomhaire agus Aire Gnóthaí Eachtracha
UACHTARÁN PHOBLACHT NA SEICE,
Mirek TOPOLÁNEK
Príomh-Aire
Karel SCHWARZENBERG
Aire Gnóthaí Eachtracha
A SOILSE BANRÍON NA DANMHAIRGE,
Anders Fogh RASMUSSEN
Príomh-Aire
Per Stig MØLLER
Aire Gnóthaí Eachtracha
UACHTARÁN PHOBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE,
An Dr. Angela MERKEL
Seansailéir Cónaidhme
An Dr. Frank-Walter STEINMEIER
Aire Cónaidhme Gnóthaí Eachtracha agus Leas-Seansailéir
UACHTARÁN PHOBLACHT NA hEASTÓINE,
Andrus ANSIP
Príomh-Aire
Urmas PAET
Aire Gnóthaí Eachtracha
UACHTARÁN NA hÉIREANN,
Bertie AHERN
Taoiseach
Dermot AHERN
Aire Gnóthaí Eachtracha
UACHTARÁN NA POBLACHTA HEILLÉANAÍ,
Konstantinos KARAMANLIS
Príomh-Aire
Dora BAKOYANNIS
Aire Gnóthaí Eachtracha
A SHOILSE RÍ NA SPÁINNE,
José Luis RODRÍGUEZ ZAPATERO
Uachtarán an Rialtais
Miguel Ángel MORATINOS CUYAUBÉ
Aire Gnóthaí Eachtracha agus Comhair
UACHTARÁN PHOBLACHT NA FRAINCE,
Nicolas SARKOZY
Uachtarán
François FILLON
Príomh-Aire
Bernard KOUCHNER
Aire Gnóthaí Eachtracha agus Eorpacha
UACHTARÁN PHOBLACHT NA hIODÁILE,
Romano PRODI
Príomh-Aire
Massimo D'ALEMA
Leas-Phríomhaire agus Aire Gnóthaí Eachtracha
UACHTARÁN PHOBLACHT NA CIPIRE,
Tassos PAPADOPOULOS
Uachtarán
Erato KOZAKOU-MARCOULLIS
Aire Gnóthaí Eachtracha
UACHTARÁN PHOBLACHT NA LAITVIA,
Valdis ZATLERS
Uachtarán
Aigars KALVĪTIS
Príomh-Aire
Māris RIEKSTIŅŠ
Aire Gnóthaí Eachtracha
UACHTARÁN PHOBLACHT NA LIOTUÁINE,
Valdas ADAMKUS
Uachtarán
Gediminas KIRKILAS
Príomh-Aire
Petras VAITIEKŪNAS
Aire Gnóthaí Eachtracha
A MHÓRGACHT RÍOGA ARD-DIÚC LUCSAMBURG,
Jean-Claude JUNCKER
Príomh-Aire, Aire Stáit
Jean ASSELBORN
Aire Gnóthaí Eachtracha agus Inimirce
UACHTARÁN PHOBLACHT NA hUNGÁIRE,
Ferenc GYURCSÁNY
Príomh-Aire
An Dr. Kinga GÖNCZ
Aire Gnóthaí Eachtracha
UACHTARÁN MHÁLTA,
An tOnórach Lawrence GONZI
Príomh-Aire
An tOnórach Michael FRENDO
Aire Gnóthaí Eachtracha
A SOILSE BANRÍON NA hÍSILTÍRE,
An Dr. J. P. BALKENENDE
Príomh-Aire
M. J. M. VERHAGEN
Aire Gnóthaí Eachtracha
UACHTARÁN CÓNAIDHME PHOBLACHT NA hOSTAIRE,
An Dr. Alfred GUSENBAUER
Seansailéir Cónaidhme
An Dr. Ursula PLASSNIK
Aire Cónaidhme Gnóthaí Eorpacha agus Idirnáisiúnta
UACHTARÁN PHOBLACHT NA POLAINNE,
Donald TUSK
Príomh-Aire
Radosław SIKORSKI
Aire Gnóthaí Eachtracha
UACHTARÁN PHOBLACHT NA PORTAINGÉILE,
José SÓCRATES CARVALHO PINTO DE SOUSA
Príomh-Aire
Luís Filipe MARQUES AMADO
Ministro de Estado, Aire Gnóthaí Eachtracha
UACHTARÁN NA RÓMÁINE,
Traian BÃSESCU
Uachtarán
Cãlin POPESCU – TÃRICEANU
Príomh-Aire
Adrian CIOROIANU
Aire Gnóthaí Eachtracha
UACHTARÁN PHOBLACHT NA SLÓIVÉINE,
Janez JANŠA
Uachtarán an Rialtais
An Dr. Dimitrij RUPEL
Aire Gnóthaí Eachtracha
UACHTARÁN PHOBLACHT NA SLÓVAICE,
Robert FICO
Príomh-Aire
Ján KUBIŠ
Aire Gnóthaí Eachtracha
UACHTARÁN PHOBLACHT NA FIONLAINNE,
Matti VANHANEN
Príomh-Aire
Ilkka KANERVA
Aire Gnóthaí Eachtracha
RIALTAS RÍOCHT NA SUALAINNE,
Fredrik REINFELDT
Príomh-Aire
Cecilia MALMSTRÖM
Aire Gnóthaí Eorpacha
A SOILSE BANRÍON RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN,
An Ró-Onórach Gordon BROWN
Príomh-Aire
An Ró-Onórach David MILIBAND
Rúnaí Stáit Gnóthaí Eachtracha agus Gnóthaí Comhaltais
TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:
LEASUITHE AR AN gCONRADH AR AN AONTAS EORPACH AGUS AR AN gCONRADH AG BUNÚ AN CHOMHPHOBAIL EORPAIGH
Airteagal 1
Leasaítear an Conradh ar an Aontas Eorpach i gcomhréir le forálacha an Airteagail seo.
BROLLACH
1) |
Leasaítear an brollach mar a leanas:
|
FORÁLACHA GINEARÁLTA
2) |
Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:
|
3) |
Cuirtear Airteagal 1a isteach: ‘Airteagal 1a Tá an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar urramú dhínit an duine, na saoirse, an daonlathais, an chomhionannais, an smachta reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Is comhluachanna ag Ballstáit na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an t-iolrachas, an neamhidirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir.’ |
4) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2: ‘Airteagal 2 1. Is é is aidhm don Aontas an tsíocháin, a chuid luachanna agus dea-bhail a chuid pobal a chur chun cinn. 2. Cuirfidh an tAontas ar fáil dá shaoránaigh limistéar saoirse, slándála agus ceartais, gan teorainneacha inmheánacha, ina n-áiritheofar saorghluaiseacht daoine i dteannta le bearta iomchuí maidir le rialuithe ar theorainneacha seachtracha, tearmann agus inimirce, maille leis an gcoirpeacht a chosc agus a chomhrac. 3. Bunóidh an tAontas margadh inmheánach. Oibreoidh an tAontas ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe na hEorpa arna fothú ar an bhfás eacnamaíoch cothromúil agus ar chobhsaíocht praghsanna, ar gheilleagar sóisialta margaidh ina bhfuil iomaíocht ghéar agus arb é is aidhm dó an lánfhostaíocht agus an dul chun cinn sóisialta, agus ar ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus ar ardleibhéal feabhsaithe ar a cháilíocht. Déanfaidh sé dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch a chur chun cinn. Déanfaidh sé an t-eisiamh sóisialta agus an t-idirdhealú a chomhrac agus an ceartas sóisialta agus an chosaint shóisialta, an comhionannas idir mná agus fir, an dlúthpháirtíocht idir na glúnta agus an chosaint ar chearta an linbh a chur chun cinn. Cuirfidh sé chun cinn an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, mar aon leis an dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit. Urramóidh sé saibhreas a éagsúlachta cultúrtha agus teanga, agus áiritheoidh sé go ndéanfar oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chaomhnú agus a fheabhsú. 4. Bunóidh an tAontas aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a bhfuil an euro mar airgeadra aige. 5. Ina chaidreamh leis an domhan mór, déanfaidh an tAontas a chuid luachanna agus leasanna a chumhdach agus a chur chun cinn agus rannchuideoidh sé le cosaint a shaoránach. Rannchuideoidh sé leis an tsíocháin, leis an tslándáil, le forbairt inbhuanaithe na Cruinne, leis an dlúthpháirtíocht agus leis an meas frithpháirteach idir na pobail, leis an tsaorthrádáil chóir, le deireadh a chur leis an mbochtaineacht, agus cearta an duine agus cearta an linbh go háirithe a chosaint, leis an dlí idirnáisiúnta a urramú go docht agus a fhorbairt, lena n-áirítear prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe a urramú. 6. Saothróidh an tAontas a chuspóirí trí mheáin iomchuí atá comhchuimseach leis na hinniúlachtaí atá tugtha dó sna Conarthaí.’ |
5) |
Aisghairtear Airteagal 3 agus cuirtear Airteagal 3a nua isteach: ‘Airteagal 3a 1. I gcomhréir le hAirteagal 3b, inniúlachtaí nach bhfuil tugtha don Aontas sna Conarthaí, fanann siad ag na Ballstáit. 2. Urramóidh an tAontas comhionannas na mBallstát i bhfianaise na gConarthaí, mar aon lena bhféiniúlacht náisiúnta atá ina cuid dhílis dá struchtúir bhunúsacha idir pholaitiúil agus bhunreachtúil, lena n-áirítear an fhéinriail áitiúil agus réigiúnach. Urramóidh sé a bhfeidhmeanna sár-riachtanacha Stáit, lena n-áirítear iomláine chríochach an Stáit a áirithiú, an smacht reachta a chaomhnú agus an tslándáil náisiúnta a choimirciú. Fanfaidh an tslándáil náisiúnta, go háirithe, ina freagracht ar gach Ballstát faoi leith agus air siúd amháin. 3. De bhua phrionsabal an chomhair dhílis, beidh an tAontas agus na Ballstáit de chúnamh ag a chéile, agus lánurraim fhrithpháirteach á tabhairt acu dá chéile, i dtaca le cúraimí a chineann ó na Conarthaí a chur i gcrích. Glacfaidh na Ballstáit gach beart ginearálta nó leithleach is iomchuí chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a thig ó na Conarthaí nó de dhroim gníomhartha de chuid institiúidí an Aontais. Éascóidh na Ballstáit gnóthú chúraimí an Aontais agus staonfaidh siad ó aon bheart a d'fhéadfadh gnóthú chuspóirí an Aontais a chur i gcontúirt.’ |
6) |
Cuirtear Airteagal 3b isteach a ghabhann ionad Airteagal 5 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh: ‘Airteagal 3b 1. Tá teorainneacha inniúlachtaí an Aontais faoi rialú ag prionsabal na tabhartha. Tá feidhmiú na n-inniúlachtaí faoi rialú ag prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. 2. Faoi phrionsabal na tabhartha, gníomhóidh an tAontas faoi theorainneacha na n-inniúlachtaí atá tugtha dó ag na Ballstáit sna Conarthaí d'fhonn na cuspóirí atá leagtha amach sna Conarthaí a bhaint amach. Inniúlachtaí nach bhfuil tugtha don Aontas sna Conarthaí, fanann siad ag na Ballstáit. 3. Faoi phrionsabal na coimhdeachta, ní ghníomhóidh an tAontas, sna réimsí nach dtig faoina inniúlacht eisiach, ach amháin mura féidir agus a mhéad nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na gníomhaíochta arna beartú a ghnóthú go leordhóthanach, bíodh sé ar leibhéal lárnach nó ar leibhéal réigiúnach agus áitiúil, ach gur féidir, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta arna beartú, na cuspóirí sin a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais. Cuirfidh institiúidí an Aontais prionsabal na coimhdeachta i bhfeidhm i gcomhréir leis an bPrótacal maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm. Áiritheoidh na Parlaimintí náisiúnta go ndéanfar an prionsabal sin a chomhlíonadh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach sa Phrótacal sin. 4. Faoi phrionsabal na comhréireachta, ní rachaidh inneachar agus foirm ghníomhaíocht an Aontais thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a bhaint amach. Cuirfidh institiúidí an Aontais prionsabal na comhréireachta i bhfeidhm i gcomhréir leis an bPrótacal maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm.’ |
7) |
Aisghairtear Airteagal 5. |
8) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6: ‘Airteagal 6 1. Aithníonn an tAontas na cearta, na saoirsí agus na prionsabail atá leagtha amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh an 7 Nollaig 2000, amhail mar a oiriúnaíodh í an 12 Nollaig 2007, in Strasbourg, a mbeidh an stádas dlí céanna leis na Conarthaí aici. Ní dhéanfaidh forálacha na Cairte inniúlachtaí an Aontais, mar atá siad sainithe sna Conarthaí, a leathnú in aon slí. Forléireofar na cearta, na saoirsí agus na prionsabail atá leagtha amach sa Chairt i gcomhréir le forálacha ginearálta Theideal VII den Chairt a bhfuil léiriú agus cur i bhfeidhm na Cairte faoina rialú agus aird chuí á tabhairt ar na míniúcháin dá dtagraítear sa Chairt agus lena sonraítear foinsí na bhforálacha sin. 2. Aontóidh an tAontas don Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint. Ní dhéanfaidh an t–aontachas sin difear d'inniúlachtaí an Aontais mar atá siad sainithe sna Conarthaí. 3. Is prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais a bheidh sna cearta bunúsacha mar atá siad ráthaithe leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus mar a thig siad as na traidisiúin bhunreachtúla is coiteann do na Ballstáit.’ |
9) |
Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:
|
10) |
Cuirtear an tAirteagal 7a nua seo a leanas isteach: ‘Airteagal 7a 1. Déanfaidh an tAontas gaolmhaireacht speisialta a fhorbairt le tíortha comharsanacha d'fhonn limistéar rathúnais agus dea–chomharsanúlachta a bhunú, arna fhothú ar luachanna an Aontais agus arb iad is sainairíonna ann dlúthchaidreamh síochánta atá bunaithe ar an gcomhar. 2. Chun críocha mhír 1, féadfaidh an tAontas comhaontuithe sonracha a thabhairt i gcrích leis na tíortha i dtrácht. Féadfaidh cearta agus oibleagáidí cómhalartacha a bheith ar áireamh sna comhaontuithe sin mar aon leis an gcaoi chun gníomhaíochtaí a ghabháil ar láimh go comhpháirteach. Beidh a gcur chun feidhme ina ábhar do chomhairliúchán tréimhsiúil.’ |
11) |
Ionchorpraítear forálacha Theideal II sa Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, arna leasú in ionaid eile, agus a ndéantar an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh de. |
PRIONSABAIL DHAONLATHACHA
12) |
Cuirtear an ceannteideal nua agus na hAirteagail nua 8 go 8c seo a leanas in ionad Theideal II agus Airteagal 8: ‘TEIDEAL II FORÁLACHA MAIDIR LEIS NA PRIONSABAIL DHAONLATHACHA Airteagal 8 Ina chuid gníomhaíochtaí uile, urramóidh an tAontas prionsabal chomhionannas a shaoránach agus gheobhaidh na saoránaigh cóir chomhionann óna chuid institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí. Is saoránach den Aontas é gach náisiúnach de Bhallstát. Beidh saoránacht an Aontais de bhreis ar an tsaoránacht náisiúnta agus ní ghabhfaidh sí a hionad. Airteagal 8a 1. Beidh oibriú an Aontais fothaithe ar an daonlathas ionadaíoch. 2. Ionadaítear do na saoránaigh go díreach ar leibhéal an Aontais i bParlaimint na hEorpa. Ionadaítear do na Ballstáit sa Chomhairle Eorpach ag a gCeannairí Stáit nó Rialtais agus sa Chomhairle ag a rialtais, atá freagrach iad féin go daonlathach, sin os comhair na bParlaimintí náisiúnta nó os comhair a gcuid saoránach. 3. Beidh an ceart ag gach saoránach a bheith rannpháirteach i saol daonlathach an Aontais. Glacfar cinntí chomh hoscailte agus is féidir agus ar leibhéal chomh gar agus is féidir don saoránach. 4. Rannchuidíonn páirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach le feasacht pholaitiúil Eorpach a fhoirmiú agus le toil shaoránaigh an Aontais a chur in iúl. Airteagal 8b 1. Tabharfaidh na hinstitiúidí do shaoránaigh agus do chomhlachais ionadaíocha, trí bhealaí iomchuí, an deis a gcuid tuairimí a chur in iúl agus iad a mhalartú go poiblí i ngach réimse de ghníomhaíocht an Aontais. 2. Coimeádfaidh na hinstitiúidí agallamh oscailte, trédhearcach, tráthrialta ar siúl le comhlachais ionadaíocha agus leis an tsochaí shibhialta. 3. D'fhonn comhchuibheas agus trédhearcacht ghníomhaíochtaí an Aontais a áirithiú, rachaidh an Coimisiún Eorpach i mbun comhairliúchán leathan le páirtithe lena mbaineann. 4. Féadfaidh saoránaigh den Aontas, ar náisiúnaigh iad de líon suntasach de Bhallstáit agus nach lú a líon ná aon mhilliún amháin ar a laghad, an tionscnamh a ghlacadh iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach, faoi chuimsiú a chumhachtaí, togra iomchuí a thíolacadh maidir le ceisteanna a bhfuil gá dar leis na saoránaigh le gníomh dlí de chuid an Aontais ina leith chun na Conarthaí a chur chun feidhme. Déanfar na nósanna imeachta agus na coinníollacha is gá do thionscnamh den sórt sin ó na saoránaigh a leagan síos i gcomhréir leis an gcéad mhír d'Airteagal 21 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Airteagal 8c Rannchuidíonn na Parlaimintí náisiúnta go gníomhach le dea-fheidhmiú an Aontais:
|
INSTITIÚIDÍ
13) |
Aisghairtear forálacha Theideal III. Cuirtear an ceannteideal seo a leanas in ionad Theideal III: |
14) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9: ‘Airteagal 9 1. Beidh creat institiúideach ag an Aontas arb é is aidhm dó a luachanna a chur chun cinn, a chuspóirí a shaothrú, fónamh dá leasanna, do leasanna a shaoránach agus do leasanna a Bhallstát, maraon le comhchuibheas, éifeachtúlacht agus leanúnachas a chuid beartas agus gníomhaíochtaí a áirithiú. Is iad institiúidí an Aontais:
2. Gníomhóidh gach institiúid acu faoi theorainneacha na gcumhachtaí atá tugtha di sna Conarthaí, i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus faoi na coinníollacha agus chun na gcríoch atá leagtha amach iontu. Cleachtfaidh na hinstitiúidí comhar dílis eatarthu féin. 3. Déantar na forálacha a bhaineann leis an mBanc Ceannais Eorpach agus leis an gCúirt Iniúchóirí, mar aon le forálacha mionsonraithe maidir leis na hinstitiúidí eile, a leagan amach sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. 4. Beidh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus Coiste na Réigiún a fheidhmeoidh feidhmeanna comhairliúcháin de chúnamh ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún.’ |
15) |
Cuirtear Airteagal 9a isteach: ‘Airteagal 9a 1. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, i gcomhpháirt leis an gComhairle, feidhmeanna reachtacha agus buiséadacha a fheidhmiú. Feidhmeoidh sí feidhmeanna um rialú polaitiúil agus feidhmeanna comhairliúcháin faoi mar atá leagtha síos sna Conarthaí. Toghfaidh sí Uachtarán an Choimisiúin. 2. Beidh Parlaimint na hEorpa comhdhéanta d'ionadaithe do shaoránaigh an Aontais. Ní rachaidh a líon thar seacht gcéad caoga, móide an tUachtarán. Beidh ionadaíocht na saoránach comhréireach go céimlaghdaitheach agus beidh íosmhéid seisear comhaltaí ann do gach Ballstát. Ní bheidh níos mó ná sé shuíochán is nócha ag aon Bhallstát. Glacfaidh an Chomhairle Eorpach d'aon toil, ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa agus lena toiliú, cinneadh lena socrófar comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail dá dtagraítear sa chéad fhomhír. 3. Toghfar comhaltaí Pharlaimint na hEorpa go ceann téarma oifige cúig bliana trí vótáil chomhchoiteann dhíreach i saorbhallóid rúnda. 4. Toghfaidh Parlaimint na hEorpa a hUachtarán agus a cuid oifigeach as líon a cuid comhaltaí.’ |
16) |
Cuirtear Airteagal 9b isteach: ‘Airteagal 9b 1. Tabharfaidh an Chomhairle Eorpach don Aontas an spreagadh is gá dá fhorbairt agus saineoidh sí na treoirlínte agus na tosaíochtaí polaitiúla ginearálta. Ní fheidhmeoidh sí feidhmeanna reachtacha. 2. Beidh an Chomhairle Eorpach comhdhéanta de Cheannairí Stáit nó Rialtais na mBallstát mar aon lena hUachtarán agus Uachtarán an Choimisiúin. Glacfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála páirt ina cuid oibre. 3. Tiocfaidh an Chomhairle Eorpach le chéile faoi dhó gach sé mhí arna comóradh ag a hUachtarán. Nuair a éileoidh an clár oibre é, féadfaidh comhaltaí na Comhairle Eorpaí a chinneadh go mbeidh aire de chúnamh ag gach duine acu, agus, i gcás Uachtarán an Choimisiúin, go mbeidh comhalta den Choimisiún de chúnamh aige. Nuair a éileoidh an staid amhlaidh, déanfaidh an tUachtarán cruinniú speisialta den Chomhairle Eorpach a chomóradh. 4. Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sna Conarthaí, glacfar cinntí na Comhairle Eorpaí trí chomhthoil. 5. Toghfaidh an Chomhairle Eorpach a hUachtarán, trí thromlach cáilithe, go ceann téarma dhá bhliain go leith, a bheidh inathnuaite uair amháin. Mura féidir dó feidhmiú nó i gcás mí-iompair thromchúisigh, féadfaidh an Chomhairle Eorpach téarma oifige an Uachtaráin a chríochnú i gcomhréir leis an nós imeachta céanna. 6. I dtaca le hUachtarán na Comhairle Eorpaí:
Áiritheoidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí ar a leibhéal féin agus sa cháil sin ionadaíocht sheachtrach an Aontais maidir le saincheisteanna a bhaineann lena chomhbheartas eachtrach agus slándála, ach sin gan dochar do chumhachtaí Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála. Ní fhéadfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí oifig náisiúnta a shealbhú.’ |
17) |
Cuirtear Airteagal 9c isteach: ‘Airteagal 9c 1. Feidhmeoidh an Chomhairle, i gcomhpháirt le Parlaimint na hEorpa, feidhmeanna reachtacha agus buiséadacha. Feidhmeoidh sí feidhmeanna sainithe beartas agus feidhmeanna comhordaitheacha faoi mar a leagtar síos sna Conarthaí. 2. Beidh an Chomhairle comhdhéanta d'ionadaí do gach Ballstát ar leibhéal aireachta a fhéadfaidh gealltanas a thabhairt thar ceann rialtas an Bhallstáit i dtrácht agus a vóta a chaitheamh. 3. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sna Conarthaí. 4. Amhail ón 1 Samhain 2014, saineofar tromlach cáilithe mar 55 % ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle, a chuimsíonn cúig chomhalta déag ar a laghad agus a ionadaíonn do Bhallstáit a chuimsíonn 65 % ar a laghad de dhaonra an Aontais. Ní mór a bheith ar áireamh i mionlach blocála ceithre chomhalta ar a laghad den Chomhairle; dá uireasa sin measfar an tromlach cáilithe a bheith ann. Déantar na socruithe eile a mbeidh vótáil trí thromlach cáilithe faoina rialú a leagan síos in Airteagal 205(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. 5. Déantar na forálacha idirthréimhseacha maidir le sainiú an tromlaigh cháilithe a mbeidh feidhm acu go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2014, sa Phrótacal maidir le forálacha idirthréimhseacha mar aon leis na forálacha a mbeidh feidhm acu ón 1 Samhain 2014 go dtí an 31 Márta 2017. 6. Tiocfaidh an Chomhairle le chéile i bhfoirmíochtaí éagsúla, a nglacfar an liosta dóibh i gcomhréir le hAirteagal 201b den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Áiritheoidh an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta comhchuibheas imeachtaí na bhfoirmíochtaí éagsúla den Chomhairle. Ullmhóidh sí cruinnithe na Comhairle Eorpaí agus áiritheoidh sí go gcuirtear na cinntí i gcrích i gcuibhreann le hUachtarán na Comhairle Eorpaí agus leis an gCoimisiún. Cumfaidh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha gníomhaíocht sheachtrach an Aontais de réir na dtreoirlínte straitéiseacha arna leagan síos ag an gComhairle Eorpach agus áiritheoidh sí comhchuibheas ghníomhaíocht an Aontais. 7. Beidh Coiste de Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát freagrach as imeachtaí na Comhairle a ullmhú. 8. Suífidh an Chomhairle i seisiún poiblí nuair a dhéanfaidh sí dréachtghníomh reachtach a phlé agus nuair a dhéanfaidh sí vótáil ina leith. Chuige sin, roinnfear gach cruinniú den Chomhairle ina dhá chuid, ceann a bhaineann le pléití maidir le gníomhartha reachtacha an Aontais agus ceann a bhaineann lena ghníomhartha neamhreachtacha. 9. Amach ó fhoirmíocht na Comhairle Gnóthaí Eachtracha, déanfaidh ionadaithe na mBallstát sa Chomhairle Uachtaránacht na bhfoirmíochtaí den Chomhairle a shealbhú ar bhonn uainíochta comhionainne, i gcomhréir leis na coinníollacha atá socraithe i gcomhréir le hAirteagal 201b den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.’ |
18) |
Cuirtear Airteagal 9d isteach: ‘Airteagal 9d 1. Déanfaidh an Coimisiún leas ginearálta an Aontais a chur chun cinn agus glacfaidh sé tionscnaimh iomchuí chuige sin. Áiritheoidh sé go gcuirfear i bhfeidhm na Conarthaí agus na bearta a ghlacfaidh na hinstitiúidí de bhun na gConarthaí. Maoirseoidh sé cur i bhfeidhm dhlí an Aontais faoi rialú Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Déanfaidh sé an buiséad a chur chun feidhme agus déanfaidh sé cláir a bhainistiú. Feidhmeoidh sé feidhmeanna comhordaitheacha, feidhmiúcháin agus bainistíochta mar atá leagtha síos sna Conarthaí. Amach ón gcomhbheartas eachtrach agus slándála agus amach ó chásanna eile dá bhforáiltear sna Conarthaí, áiritheoidh sé ionadaíocht sheachtrach an Aontais. Glacfaidh sé tionscnaimh a bhaineann le pleanáil bhliantúil agus ilbhliantúil an Aontais d'fhonn teacht ar chomhaontuithe idirinstitiúideacha. 2. Mura bhforáiltear a mhalairt sna Conarthaí, ní fhéadfar gníomhartha reachtacha Aontais a ghlacadh ach amháin ar bhonn togra ón gCoimisiún. Glacfar gníomhartha eile ar bhonn togra ón gCoimisiún nuair a fhoráiltear dó sin sna Conarthaí. 3. Beidh téarma oifige cúig bliana ag an gCoimisiún. Roghnófar comhaltaí an Choimisiúin mar gheall ar a n-inniúlacht i gcoitinne agus a dtiomantas Eorpach as measc daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras. I bhfeidhmiú a fhreagrachtaí, beidh an Coimisiún neamhspleách ar fad. Gan dochar d'Airteagal 9e(2), ní iarrfaidh comhaltaí an Choimisiúin teagaisc ar aon rialtas ná aon institiúid, aon chomhlacht, aon oifig nó aon ghníomhaireacht eile ná ní ghlacfaidh siad teagasc uathu. Staonfaidh siad ó aon ghníomh nach luíonn lena bhfeidhmeanna nó le comhlíonadh a gcúraimí. 4. Beidh an Coimisiún a ainmneofar idir dáta theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin agus an 31 Deireadh Fómhair 2014 comhdhéanta de náisiúnach amháin as gach Ballstát, lena n-áirítear an tUachtarán agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a bheidh ar dhuine dá Leas-Uachtaráin. 5. Amhail ón 1 Samhain 2014, beidh an Coimisiún comhdhéanta de líon comhaltaí, lena n-áirítear an tUachtarán agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, ar líon é a fhreagróidh do dhá thrian de líon na mBallstát, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di d'aon toil, an líon sin a athrú. Roghnófar comhaltaí an Choimisiúin as measc náisiúnaigh na mBallstát ar bhonn córais uainíochta fíor-chomhionainne idir na Ballstáit a léireoidh raon déimeagrafach agus geografach na mBallstát uile. Bunóidh an Chomhairle Eorpach an córas sin d'aon toil i gcomhréir le hAirteagal 211a den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. 6. Déanfaidh Uachtarán an Choimisiúin:
Éireoidh comhalta den Choimisiún as oifig arna iarraidh sin don Uachtarán. Éireoidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála as oifig, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 9e(1), arna iarraidh sin don Uachtarán. 7. Ag féachaint do na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus tar éis dul i mbun na gcomhairliúchán iomchuí, déanfaidh an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, an t-iarrthóir atá beartaithe aici d'Uachtaránacht an Choimisiúin a mholadh do Pharlaimint na hEorpa. Toghfaidh Parlaimint na hEorpa an t-iarrthóir sin trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í. Mura sroichfidh sé an tromlach is gá, molfaidh an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, iarrthóir nua do Pharlaimint na hEorpa faoi cheann míosa agus toghfaidh Parlaimint na hEorpa é de réir an nós imeachta chéanna. Glacfaidh an Chomhairle, de chomhthoil leis an Uachtarán toghaí, an liosta de na daoine eile a bheartóidh sí a cheapadh ina gcomhaltaí den Choimisiún. Déanfar an rogha sin ar bhonn moltaí arna ndéanamh ag na Ballstáit, i gcomhréir leis na critéir atá leagtha amach sa dara fomhír de mhír 3 agus sa dara fomhír de mhír 5. Déanfar an tUachtarán, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus comhaltaí eile an Choimisiúin a chur mar chomhlacht faoi réir vóta um thoiliú ag Parlaimint na hEorpa. Ceapfaidh an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, an Coimisiún ar bhonn an toilithe sin. 8. Beidh an Coimisiún mar chomhlacht freagrach do Pharlaimint na hEorpa. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa vótáil ar thairiscint cáinte i leith an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 201 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Má ritear tairiscint den sórt sin, caithfidh comhaltaí uile an Choimisiúin scor dá n-oifig d'aon bhuíon agus caithfidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála éirí as na feidhmeanna a fheidhmíonn sé sa Choimisiún.’ |
19) |
Cuirtear an tAirteagal 9e nua seo a leanas isteach: ‘Airteagal 9e 1. Déanfaidh an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, le comhaontú ó Uachtarán an Choimisiúin, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a cheapadh. Féadfaidh an Chomhairle Eorpach a théarma oifige a chríochnú de réir an nós imeachta chéanna. 2. Seolfaidh an tArdionadaí comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais. Rannchuideoidh sé trína thograí nó leis an mbeartas sin a fhorbairt agus feidhmeoidh sé é faoi mar a shaineoidh an Chomhairle. Gníomhóidh sé amhlaidh maidir leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta. 3. Beidh an tArdionadaí i gceannas ar an gComhairle Gnóthaí Eachtracha. 4. Beidh an tArdionadaí ar dhuine de Leas-Uachtaráin an Choimisiúin. Áiritheoidh sé comhchuibheas ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais. Beidh sé freagrach laistigh den Choimisiún as na freagrachtaí a thiteann ar an gCoimisiún sa chaidreamh seachtrach agus as gnéithe eile de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a chomhordú. Agus na freagrachtaí sin á bhfeidhmiú aige laistigh den Choimisiún, agus i dtaca leis na freagrachtaí sin amháin, beidh an tArdionadaí faoi réir nósanna imeachta an Choimisiúin, a mhéid a bheidh sé sin comhchuí le míreanna 2 agus 3.’ |
20) |
Cuirtear Airteagal 9f isteach: ‘Airteagal 9f 1. Cuimseoidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an Chúirt Bhreithiúnais, an Chúirt Ghinearálta agus cúirteanna speisialaithe. Áiritheoidh sí go gcomhlíonfar an dlí i léiriú na gConarthaí agus ina gcur i bhfeidhm. Cuirfidh na Ballstáit leighis ar fáil a bheidh leordhóthanach chun cosaint dlí éifeachtach a áirithiú sna réimsí atá folaithe le dlí an Aontais. 2. Beidh an Chúirt Bhreithiúnais comhdhéanta de bhreitheamh amháin as gach Ballstát. Beidh Abhcóidí Ginearálta de chúnamh aici. Beidh ar an gCúirt Ghinearálta breitheamh amháin ar a laghad as gach Ballstát. Roghnófar breithiúna agus Abhcóidí Ginearálta na Cúirte Breithiúnais agus breithiúna na Cúirte Ginearálta as measc daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a chomhallann na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagail 223 agus 224 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Ceapfaidh rialtais na mBallstát iad de thoil a chéile ar feadh téarma sé bliana. Féadfar breithiúna agus Abhcóidí Ginearálta atá ag éirí as oifig a athcheapadh. 3. Déanfaidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na Conarthaí:
|
21) |
Ionchorpraítear forálacha Theideal IV sa Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, arna leasú. |
COMHAR FEABHSAITHE
22) |
Cuirtear ceannteideal Theideal VII ar cheannteideal Theideal IV, ar a dtabharfar ‘FORÁLACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHAR FEABHSAITHE’, agus cuirtear an tAirteagal 10 seo a leanas in ionad Airteagail 27a go 27e, Airteagail 40 go 40b agus Airteagail 43 go 45; cuirtear freisin in ionad Airteagail 11 agus 11a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh é. Cuirtear Airteagail 280a go 280i den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh in ionad na nAirteagal céanna, mar a shonraítear thíos i bpointe 278 d'Airteagal 2 den Chonradh seo: ‘Airteagal 10 1. Na Ballstáit ar mian leo comhar feabhsaithe a bhunú eatarthu féin faoi chuimsiú inniúlachtaí neamheisiacha an Aontais, féadfaidh siad leas a bhaint as institiúidí an Aontais agus na hinniúlachtaí sin a fheidhmiú trí fhorálacha iomchuí na gConarthaí a chur i bhfeidhm, faoi réir na dteorainneacha agus i gcomhréir leis na socruithe mionsonraithe atá leagtha síos san Airteagal seo agus in Airteagail 280a go 280i den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Is é is aidhm don chomhar feabhsaithe dlús a chur le cuspóirí an Aontais, a leasanna a chosaint agus a phróiseas lánpháirtíochta a neartú. Beidh an comhar sin ar oscailt do gach Ballstát tráth ar bith, i gcomhréir le hAirteagal 280c den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. 2. Déanfaidh an Chomhairle an cinneadh lena n-údarófar an comhar feabhsaithe a ghlacadh mar rogha dheireanach nuair a bheidh sé suite aici nach bhféadfaidh an tAontas ina iomláine cuspóirí an chomhair sin a bhaint amach laistigh de thréimhse réasúnta, agus ar choinníoll go mbeidh naoi gcinn ar a laghad de na Ballstáit rannpháirteach ann. Gníomhóidh an Chomhairle i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 280d den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. 3. Féadfaidh gach comhalta den Chomhairle a bheith rannpháirteach ina pléití, ach ní ghlacfaidh páirt sa vótáil ach na comhaltaí sin amháin den Chomhairle a ionadaíonn do na Ballstáit atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe. Tá na rialacha vótála leagtha síos in Airteagal 280e den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. 4. Ní bheidh gníomhartha arna nglacadh faoi chuimsiú an chomhair fheabhsaithe ina gceangal ach ar na Ballstáit rannpháirteacha amháin. Ní mheasfar iad mar chuid den acquis a gcaithfidh Stáit is iarrthóirí ar aontachas leis an Aontas glacadh leis.’ |
23) |
Athainmnítear Teideal V mar a leanas: ‘CUR I bhFEIDHM FHORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS AGUS FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA’. |
FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LEIS AN nGNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH
24) |
Cuirtear isteach an Chaibidil 1 nua agus na hAirteagail 10a agus 10b nua seo a leanas: ‘CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS Airteagal 10a 1. Beidh gníomhaíocht an Aontais ar an ardán idirnáisiúnta bunaithe ar na prionsabail a spreag a chruthú, a fhorbairt agus an meádú a tháinig air, prionsabail a bhféachann sé lena gcur ar aghaidh sa domhan mór: an daonlathas, an smacht reachta, uilechoitinne agus dodhealaitheacht chearta an duine agus na mbunsaoirsí, an meas ar dhínit an duine, prionsabail an chomhionannais agus na dlúthpháirtíochta, agus an meas ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta. Féachfaidh an tAontas le caidrimh a fhorbairt agus comhpháirtíochtaí a thógáil le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, réigiúnacha nó domhanda a pháirtíonn na prionsabail chéanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Cuirfidh sé réitigh iltaobhacha ar fhadhbanna coiteanna chun cinn, go háirithe faoi chreat na Náisiún Aontaithe. 2. Déanfaidh an tAontas comhbheartais agus gníomhaíochtaí a shainiú agus a shaothrú agus cuirfidh sé roimhe an comhar a chothú go mór i réimsí uile an chaidrimh idirnáisiúnta, d'fhonn:
3. Urramóidh an tAontas na prionsabail atá leagtha amach i mír 1 agus mír 2 agus saothróidh sé na cuspóirí atá leagtha amach iontu, nuair a bheidh na réimsí éagsúla de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a thagann faoi réim an Teidil seo agus faoi réim Chuid a Cúig den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus gnéithe seachtracha a bheartas eile á bhforbairt agus á gcur chun feidhme. Áiritheoidh an tAontas comhchuibheas idir na réimsí éagsúla dá ghníomhaíocht sheachtrach agus idir na réimsí sin agus a chuid beartas eile. Áiritheoidh an Chomhairle agus an Coimisiún, le cúnamh ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, an comhchuibheas sin agus comhoibreoidh siad chuige sin. Airteagal 10b 1. Ar bhonn na bprionsabal agus na gcuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 10a, déanfaidh an Chomhairle Eorpach leasanna agus cuspóirí straitéiseacha an Aontais a shainaithint. Beidh cinntí ón gComhairle Eorpach maidir le leasanna agus cuspóirí straitéiseacha an Aontais bainteach leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála agus le réimsí eile de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais. Féadfaidh na cinntí sin a bheith bainteach le caidreamh an Aontais le tír shonrach nó réigiún sonrach nó féadfaidh cur chuige téamúil a bheith acu. Saineoidh siad a ré agus na hacmhainní a chuirfidh an tAontas agus na Ballstáit ar fáil. Gníomhóidh an Chomhairle Eorpach d'aon toil ar mholadh ón gComhairle arna glacadh ag an gComhairle de réir na socruithe arna leagan síos do gach réimse. Cuirfear cinntí ón gComhairle Eorpach chun feidhme de réir na nósanna imeachta dá bhforáiltear sna Conarthaí. 2. Féadfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, do réimse an chomhbheartais eachtraigh agus slándála, agus an Coimisiún, do réimsí eile den ghníomhaíocht sheachtrach, tograí comhpháirteacha a thíolacadh don Chomhairle.’ |
AN COMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA
25) |
Cuirfear na ceannteidil seo a leanas isteach: |
26) |
Cuirtear an tAirteagal 10c nua seo a leanas isteach: ‘Airteagal 10c Beidh gníomhaíocht an Aontais ar an ardán idirnáisiúnta, de bhun na Caibidle seo, bunaithe ar na prionsabail a leagtar síos i gCaibidil 1, saothróidh sí na cuspóirí a leagtar síos inti agus seolfar í i gcomhréir leis na forálacha ginearálta a leagtar síos inti.’ |
27) |
Leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:
|
28) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12: ‘Airteagal 12 Seolfaidh an tAontas an comhbheartas eachtrach agus slándála:
|
29) |
Leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:
|
30) |
Cuirtear an tAirteagal 13a nua seo a leanas isteach: ‘Airteagal 13a 1. Rannchuideoidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, a rachaidh i gceannas ar an gComhairle Gnóthaí Eachtracha, leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála a ullmhú trína thograí agus áiritheoidh sé cur chun feidhme na gcinntí arna nglacadh ag an gComhairle Eorpach agus ag an gComhairle. 2. Feidhmeoidh an tArdionadaí ar son an Aontais maidir leis na hábhair a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála. Seolfaidh sé agallamh polaitiúil le tríú páirtithe thar ceann an Aontais agus léireoidh sé seasamh an Aontais in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag comhdhálacha idirnáisiúnta. 3. Agus a shainordú á chomhall aige, beidh de chúnamh ag Ardionadaí an Aontais Seirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí. Oibreoidh an tseirbhís sin i gcomhar le seirbhísí taidhleoireachta na mBallstát agus comhdhéanfar í d'oifigigh ó na rannóga ábhartha d'Ardrúnaíocht na Comhairle agus den Choimisiún mar aon le foireann arna tabhairt ar iasacht ó sheirbhísí taidhleoireachta náisiúnta na mBallstát. Socrófar eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí le cinneadh ón gComhairle. Gníomhóidh an Chomhairle Eorpach d'aon toil, ar thogra ón Ardionadaí, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus tar éis toiliú a fháil ón gCoimisiún.’ |
31) |
Leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:
|
32) |
I dtús Airteagal 15, cuirtear ‘Glacfaidh an Chomhairle cinntí lena saineofar ...’ in ionad ‘Glacfaidh an Chomhairle comhsheasaimh. Saineoidh na comhsheasaimh ...’ agus ag deireadh an Airteagail cuirtear ‘... seasaimh an Aontais’ in ionad ‘... na comhsheasaimh’. |
33) |
Cuirtear isteach Airteagal 15a a bhfuil foclaíocht Airteagal 22 aige fairis na leasuithe seo a leanas:
|
34) |
Cuirtear Airteagal 115b isteach a bhfuil foclaíocht Airteagal 23 aige fairis na leasuithe seo a leanas:
|
35) |
Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:
|
36) |
Déantar Airteagal 28a de théacs Airteagal 17 fairis na leasuithe atá leagtha amach i bpointe 49 thíos. |
37) |
Leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:
|
38) |
Leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:
|
39) |
Leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:
|
40) |
Leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:
|
41) |
Déantar Airteagal 15a de théacs Airteagal 22; déantar é a leasú mar a luaitear anseo thuas ag pointe 33. |
42) |
Déantar Airteagal 15b de théacs Airteagal 23; déantar é a leasú mar a luaitear anseo thuas ag pointe 34. |
43) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24, ‘Airteagail 24 Féadfaidh an tAontas comhaontuithe a thabhairt i gcrích le Stát amháin nó níos mó nó le heagraíocht idirnáisiúnta amháin nó níos mó sna réimsí a thig faoin gCaibidil seo.’ |
44) |
Leasaítear Airteagal 25 mar a leanas:
|
45) |
Aisghairtear Airteagal 26 agus 27. Cuirtear isteach Airteagal 25a agus Airteagal 25b agus cuirtear Airteagal 25b in ionad Airteagal 47: ‘Airteagal 25a I gcomhréir le hAirteagal 16b den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus de mhaolú ar mhír 2 de, glacfaidh an Chomhairle cinneadh lena leagfar síos na rialacha a bhaineann le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag na Ballstáit nuair atá gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a thig faoi raon feidhme na Caibidle seo, agus na rialacha a bhaineann le saorghluaiseacht na sonraí sin. Beidh comhlíonadh na rialacha sin faoi rialú údarás neamhspleách. Airteagal 25b Ní dhéanfaidh cur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála difear do chur i bhfeidhm na nósanna imeachta agus do raon chumhachtaí na n-institiúidí dá bhforáiltear sna Conarthaí chun na hinniúlachtaí Aontais dá dtagraítear in Airteagail 2b go 2e den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a fheidhmiú. Mar an gcéanna, ní dhéanfaidh cur chun feidhme na mbeartas atá liostaithe sna hAirteagail sin difear do chur i bhfeidhm na nósanna imeachta agus do raon chumhachtaí na n-institiúidí a leagtar síos sna Conarthaí chun na hinniúlachtaí Aontais faoin gCaibidil seo a fheidhmiú.’ |
46) |
I gcomhréir le pointe 22 thuas, cuirtear Airteagal 10 isteach in ionad Airteagail 27a go 27e, maidir le comhar feabhsaithe. |
47) |
Leasaítear Airteagal 28 mar a leanas:
|
COMHBHEARTAS SLÁNDÁLA AGUS COSANTA
48) |
Cuirtear an roinn 2 nua seo a leanas isteach: |
49) |
Cuirtear isteach Airteagal 28a a ghabhann foclaíocht Airteagal 17, fairis na leasuithe seo a leanas:
|
50) |
Cuirtear na hAirteagail 28b go 28e nua seo a leanas isteach: ‘Airteagal 28b 1. Beidh san áireamh ar na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 28a(1), a bhféadfaidh an tAontas úsáid a bhaint as meáin shibhialta agus mhíleata lena linn, oibríochtaí comhpháirteacha dí-armála, cúraimí daonnúla agus tarrthála, cúraimí comhairle agus cúnaimh míleata, cúraimí a bhaineann le coinbhleachtaí a chosc agus cúraimí síochánaíochta, cúraimí fórsaí comhraic le linn bainistíochta géarchéime, lena n-áirítear an tsíocháin a dhéanamh agus an cobhsú iarchoinbhleachta. Féadfaidh na cúraimí sin uile rannchuidiú leis an gcomhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta, go fiú trí thacú le tríú tíortha chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac ar a gcríocha. 2. Glacfaidh an Chomhairle cinntí maidir leis na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 lena saineofar a gcuspóirí agus a raon feidhme agus na coinníollacha ginearálta lena gcur chun feidhme. Áiritheoidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, ag gníomhú dó faoi údarás na Comhairle agus i ndlúth-thadhall buan leis an gCoiste Polaitiúil agus Slándála, go ndéanfar comhordú ar ghnéithe sibhialta agus míleata na gcúraimí sin. Airteagal 28c 1. Faoi chuimsiú na gcinntí arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 28b, féadfaidh an Chomhairle cur chun feidhme cúraim a chur ar ghrúpa Ballstát a bheidh toilteanach agus a mbeidh an cumas is gá acu le haghaidh cúraim den sórt sin. Comhaontóidh na Ballstáit sin eatarthu féin, i gcomhlachas le hArdionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, maidir le bainistiú an chúraim. 2. Coinneoidh na Ballstáit a bheidh rannpháirteach sa chúram an Chomhairle ar an eolas go tráthrialta faoina dhul chun cinn, ar a dtionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Bhallstát eile. Cuirfidh na Ballstáit sin an Chomhairle ar an eolas láithreach más léir go leanfadh móriarmhairtí ón gcúram a chur i gcrích nó gur ghá leasú ar an gcuspóir, ar an raon feidhme agus ar na coinníollacha arna socrú don chúram sna cinntí dá dtagraítear i mír 1. Sna cásanna sin, glacfaidh an Chomhairle na cinntí is gá. Airteagal 28d 1. Is é an cúram a bheidh ar an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint, dá dtagraítear in Airteagal 28a(3), agus a bheidh faoi réir údarás na Comhairle:
2. Beidh an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint ar oscailt do gach Ballstát ar mian leis a bheith rannpháirteach inti. Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, cinneadh lena saineofar reacht, suíomh agus rialacha oibríochtúla na Gníomhaireachta. Ba chóir go dtabharfadh an cinneadh sin aird ar leibhéal na rannpháirtíochta iarbhír i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta. Cuirfear grúpaí sonracha ar bun laistigh den Ghníomhaireacht a thabharfaidh le chéile Ballstáit a bhfuil tionscadail chomhpháirteacha á gcur i gcrích acu. Cuirfidh an Ghníomhaireacht a cuid cúraimí i gcrích i gcuibhreann leis an gCoimisiún nuair is gá. Airteagal 28e 1. Na Ballstáit ar mian leo a bheith rannpháirteach sa bhuanchomhar struchtúrtha dá dtagraítear in Airteagal 28a(6), a chomhallfaidh na critéir agus a mbeidh na gealltanais déanta acu maidir le cumais mhíleata atá leagtha amach sa Phrótacal maidir leis an mbuanchomhar struchtúrtha, cuirfidh siad a n-intinn in iúl don Chomhairle agus d'Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála. 2. Laistigh de thrí mhí ón bhfógra dá dtagraítear i mír 1, glacfaidh an Chomhairle cinneadh lena mbunófar buanchomhar struchtúrtha agus lena gcinnfear liosta na mBallstát rannpháirteach. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe, tar éis dul i gcomhairle leis an Ardionadaí. 3. Aon Bhallstát ar mian leis, tráth níos déanaí, a bheith rannpháirteach sa bhuanchomhar struchtúrtha, cuirfidh sé a intinn in iúl don Chomhairle agus don Ardionadaí. Glacfaidh an Chomhairle cinneadh lena ndaingneofar rannpháirtíocht an Bhallstáit i dtrácht a chomhallann na critéir agus a dhéanann na ceangaltais dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 den Phrótacal maidir leis an mbuanchomhar struchtúrtha. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe, tar éis dul i gcomhairle leis an Ardionadaí. Ní ghlacfaidh páirt sa vótáil ach na comhaltaí den Chomhairle a ionadaíonn do na Ballstáit rannpháirteacha. Saineofar tromlach cáilithe i gcomhréir le hAirteagal 205(3)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. 4. Más rud é nach gcomhallann Ballstát rannpháirteach na critéir a thuilleadh nó nach féidir leis na ceangaltais dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 den Phrótacal maidir le buanchomhar struchtúrtha a ghabháil ar láimh a thuilleadh, féadfaidh an Chomhairle cinneadh a ghlacadh chun rannpháirtíocht an Bhallstáit sin a fhionraí. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe. Ní ghlacfaidh páirt sa vótáil ach na comhaltaí den Chomhairle a ionadaíonn do na Ballstáit rannpháirteacha, seachas an Ballstát i dtrácht. Saineofar tromlach cáilithe i gcomhréir le hAirteagal 205(3)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. 5. Más mian le Ballstát rannpháirteach tarraingt siar ón mbuanchomhar struchtúrtha, cuirfidh sé a intinn in iúl don Chomhairle a thabharfaidh dá haire go bhfuil deireadh le rannpháirtíocht an Bhallstáit i dtrácht. 6. Na cinntí agus na moltaí ón gComhairle arna nglacadh faoi chuimsiú an bhuanchomhair struchtúrtha, seachas na cinn dá bhforáiltear i míreanna 2 go 5, glacfar d'aon toil iad. Chun críocha na míre seo, is éard is aontoilíocht ann vótaí ionadaithe na mBallstát rannpháirteach amháin.’ |
51) |
Cuirtear forálacha Chaibidlí 1, 4 agus 5 de Theideal IV de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh in ionad Airteagail 29 go 39 de Theideal VI a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus le comhar póilíneachta . Mar a leagtar amach i bpointí 64, 67 agus 68 d'Airteagal 2 den Chonradh seo, cuirtear Airteagal 61 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh in ionad Airteagal 29, cuirtear Airteagal 69f agus Airteagal 69g den Chonradh sin in ionad Airteagal 30, cuirtear Airteagail 69a, 69b agus 69d den Chonradh sin in ionad Airteagal 31, cuirtear Airteagal 69h den Chonradh sin in ionad Airteagal 32, cuirtear Airteagal 61e den Chonradh sin in ionad Airteagal 33 agus cuirtear Airteagal 61d den Chonradh sin in ionad Airteagal 36. Scriostar ceannteideal an Teidil agus déantar uimhir an Teidil a bhaineann leis na forálacha críochnaitheacha dá uimhir. |
52) |
I gcomhréir le pointe 22 thuas, cuirtear Airteagal 10 in ionad Airteagail 40 go 40b de Theideal VI agus Airteagail 43 go 45 de Theideal VII a bhaineann le comhar feabhsaithe agus aisghairtear Teideal VII. |
53) |
Aisghairtear Airteagail 41 agus 42 de Chonradh AE. |
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
54) |
Athuimhrítear Teideal VIII maidir leis na forálacha críochnaitheacha mar Theideal VI; déantar an Teideal sin agus Airteagail 48, 49 agus 53 a leasú mar a shonraítear anseo thíos i bpointí 56, 57 agus 61 faoi seach. Cuirtear Airteagal 25b in ionad Airteagal 47, mar a shonraítear anseo thuas i bpointe 45 agus aisghairtear Airteagail 46 agus 50. |
55) |
Cuirtear an tAirteagal 46a nua seo a leanas isteach: ‘Airteagal 46a Beidh pearsantacht dhlítheanach ag an Aontas.’ |
56) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 48: ‘Airteagal 48 1. Féadfar na Conarthaí a leasú i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta um athbhreithniú. Féadfar freisin na Conarthaí a leasú i gcomhréir le nósanna imeachta um athbhreithniú simplithe. 2. Féadfaidh Rialtas aon Bhallstáit, Parlaimint na hEorpa nó an Coimisiún tograí a thíolacadh don Chomhairle chun na Conarthaí a leasú. Féadfaidh na tograí sin, i measc nithe eile, fónamh do mhéadú nó do laghdú na n-inniúlachtaí atá tugtha don Aontas leis na Conarthaí. Cuirfidh an Chomhairle na tograí sin chuig an gComhairle Eorpach agus cuirfear in iúl iad do na Parlaimintí náisiúnta. 3. Má dhéanann an Chomhairle Eorpach, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún, cinneadh a ghlacadh trí thromlach simplí i bhfabhar scrúdú a dhéanamh ar na leasuithe arna mbeartú, déanfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí Coinbhinsiún a chomóradh arb iad a bheidh air ionadaithe do na Parlaimintí náisiúnta, do Cheannairí Stáit nó Rialtais na mBallstát, do Pharlaimint na hEorpa agus don Choimisiún. Rachfar i gcomhairle freisin leis an mBanc Ceannais Eorpach i gcás athruithe institiúideacha sa réimse airgeadaíochta. Scrúdóidh an Coinbhinsiún na tograí do leasuithe agus glacfaidh sé de chomhthoil moladh chuig comhdháil d'ionadaithe rialtais na mBallstát dá bhforáiltear i mír 4. Féadfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh trí thromlach simplí, tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, gan Coinbhinsiún a chomóradh más rud é nach bhfuil bonn cirt leis de bharr raon na leasuithe arna mbeartú. Sa chás sin, saineoidh an Chomhairle Eorpach na téarmaí tagartha do chomhdháil d'ionadaithe rialtais na mBallstát. 4. Comórfaidh Uachtarán na Comhairle comhdháil d'ionadaithe rialtais na mBallstát chun na leasuithe a bheidh le déanamh ar na Conarthaí a chinneadh de thoil a chéile. Tiocfaidh na leasuithe i bhfeidhm tar éis a ndaingnithe ag na Ballstáit go léir i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach. 5. Más rud é, dhá bhliain tar éis conradh ag leasú na gConarthaí a shíniú, go mbeidh sé daingnithe ag ceithre chúigiú de na Ballstáit agus go mbeidh deacrachtaí ag Ballstát amháin nó níos mó dul ar aghaidh leis an daingniú, déanfar an cheist a tharchur chuig an gComhairle Eorpach. 6. Féadfaidh rialtas aon Bhallstáit, Parlaimint na hEorpa nó an Coimisiún tograí a chur faoi bhráid na Comhairle Eorpaí chun na forálacha i gCuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le beartais inmheánacha agus gníomhaíocht inmheánach an Aontais a athbhreithniú go hiomlán nó go páirteach. Féadfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh a ghlacadh lena leasófar na forálacha i gCuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go hiomlán nó go páirteach. Gníomhóidh an Chomhairle Eorpach d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún, agus leis an mBanc Ceannais Eorpach i gcás athruithe institiúideacha sa réimse airgeadaíochta. Ní thiocfaidh an cinneadh sin i bhfeidhm go dtí go mbeidh sé formheasta ag na Ballstáit, i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach. Ní fhéadfaidh an cinneadh dá dtagraítear sa dara fomhír na hinniúlachtaí atá tugtha don Aontas leis na Conarthaí a mhéadú. 7. Nuair a fhoráiltear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó i dTeideal V den Chonradh seo go ngníomhóidh an Chomhairle d'aon toil i réimse nó i gcás faoi leith, féadfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh a ghlacadh lena n-údarófar don Chomhairle gníomhú trí thromlach cáilithe sa réimse sin nó sa chás sin. Ní bheidh feidhm ag an bhfomhír seo maidir le cinntí a bhfuil impleachtaí míleata acu nó maidir le cinntí i réimse na cosanta. Nuair a fhoráiltear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go nglacfaidh an Chomhairle gníomhartha reachtacha i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, féadfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh a ghlacadh lena n-údarófar na gníomhartha sin a ghlacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach. Déanfar gach tionscnamh arna ghlacadh ag an gComhairle Eorpach ar bhonn na chéad fhomhíre nó an dara fomhír a chur in iúl do na Parlaimintí náisiúnta. Ar Pharlaimint náisiúnta a freasúra a chur in iúl laistigh de shé mhí ón bhfógra sin a thabhairt, ní ghlacfar an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír nó sa dara fomhír. Cheal freasúra, féadfaidh an Chomhairle Eorpach an cinneadh sin a ghlacadh. Chun na cinntí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír a ghlacadh, gníomhóidh an Chomhairle Eorpach d'aon toil tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa a ghníomhóidh trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í.’ |
57) |
In Airteagal 49, leasaítear an chéad mhír mar a leanas:
|
58) |
Cuirtear an tAirteagal 49a nua seo a leanas isteach: ‘Airteagal 49a 1. Féadfaidh aon Bhallstát a chinneadh, i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla féin, tarraingt siar ón Aontas. 2. Déanfaidh Ballstát a chinnfidh tarraingt siar fógra faoina intinn a chur chuig an gComhairle Eorpach. I bhfianaise na dtreoirlínte ón gComhairle Eorpach, rachaidh an tAontas i mbun caibidlíochta agus tabharfaidh sé comhaontú i gcrích leis an Stát sin, ina leagfar amach na socruithe dá tharraingt siar, ag féachaint don chreat dá ghaolmhaireacht sa todhchaí leis an Aontas. Déanfar an Comhaontú sin a chaibidil i gcomhréir le hAirteagal 188n(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, an comhaontú sin a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais. 3. Scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an mBallstát i dtrácht ó dháta an comhaontú um tharraingt siar a theacht i bhfeidhm nó, ina éagmais sin, dhá bhliain tar éis an fhógra dá dtagraítear i mír 2, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an mBallstát i dtrácht, an tréimhse sin a fhadú. 4. Chun críocha mhíreanna 2 agus 3, ní bheidh an comhalta den Comhairle Eorpach nó den Chomhairle a ionadaíonn don Bhallstát a bheidh ag tarraingt siar rannpháirteach i bpléití na Comhairle Eorpaí nó na Comhairle nó i gcinntí ón gComhairle Eorpach nó ón gComhairle a bhaineann leis an mBallstát sin. Saineofar tromlach cáilithe i gcomhréir le hAirteagal 205(3)(b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. 5. Má iarrann Stát a tharraing siar ón Aontas aontú athuair, beidh an iarraidh sin faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 49.’ |
59) |
Cuirtear Airteagal 49b isteach: ‘Airteagal 49b Is cuid dhílis de na Conarthaí na Prótacail agus na hIarscríbhinní atá i gceangal leo.’ |
60) |
Cuirtear Airteagal 49c isteach: ‘Airteagal 49c 1. Beidh feidhm ag an gConradh seo maidir le Ríocht na Beilge, le Poblacht na Bulgáire, le Poblacht na Seice, le Ríocht na Danmhairge, le Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, le Poblacht na hEastóine, le hÉirinn, leis an bPoblacht Heilléanach, le Ríocht na Spáinne, le Poblacht na Fraince, le Poblacht na hIodáile, le Poblacht na Cipire, le Poblacht na Laitvia, le Poblacht na Liotuáine, le hArd-Diúcacht Lucsamburg, le Poblacht na hUngáire, le Poblacht Mhálta, le Ríocht na hÍsiltíre, le Poblacht na hOstaire, le Poblacht na Polainne, le Poblacht na Portaingéile, leis an Rómáin, le Poblacht na Slóivéine, le Poblacht na Slóvaice, le Poblacht na Fionlainne, le Ríocht na Sualainne agus le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann. 2. Sonraítear raon feidhme críochach na gConarthaí in Airteagal 311a den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.’ |
61) |
Leasaítear Airteagal 53 mar a leanas:
|
Airteagal 2
Leasaítear an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh i gcomhréir le forálacha an Airteagail seo.
1) |
Cuirtear ‘An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh’ in ionad cheannteideal an Chonartha. |
A. LEASUITHE COTHROMÁNACHA
2) |
Sa Chonradh tríd síos:
|
3) |
Sna hAirteagail seo a leanas, cuirtear ‘ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta’ in ionad ‘ag gníomhú di d'aontoil ar thogra ón gCoimisiún’:
|
4) |
Sna hAirteagail seo a leanas, cuirtear ‘, ag gníomhú di trí thromlach simplí,’ isteach tar éis ‘an Chomhairle’:
|
5) |
Sna hAirteagail seo a leanas, cuirtear ‘toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa’ in ionad ‘dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa’:
|
6) |
Sna hAirteagail seo a leanas, cuirtear an leagan cuí gramadaí de na focail ‘institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht’ in ionad an leagain chomhfhreagraigh de na focail ‘an institiúid’ agus, más gá, oiriúnaítear gramadach na habairte dá réir:
|
7) |
Sna hAirteagail seo a leanas, cuirtear an leagan cuí gramadaí de na focail ‘Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh’ in ionad an leagain chomhfhreagraigh de na focail ‘an Chúirt Bhreithiúnais’:
Sna hAirteagail seo a leanas scriostar an focal ‘Bhreithiúnais’ nó ‘Breithiúnais’, de réir mar is iomchuí, i ndiaidh na leaganacha éagsúla den fhocal ‘Cúirt’:
|
8) |
Sna hAirteagail seo a leanas, cuirtear an tagairt seo a leanas d'Airteagal den Chonradh ar an Aontas Eorpach in ionad na tagartha d'Airteagal eile den Chonradh:
|
9) |
(ní bhaineann an méid seo leis an leagan Gaeilge). |
B. LEASUITHE SONRACHA
BROLLACH
10) |
Sa dara haithris, cuirtear ‘Stát’ in ionad ‘dtíortha’ agus san aithris deiridh den bhrollach, cuirtear ‘TAR ÉIS NA DAOINE SEO A LEANAS A CHEAPADH mar Lánchumhachtaigh:’ in ionad ‘TAR ÉIS CINNEADH ar CHOMHPHOBAL EORPACH a chur ar bun agus chun na críche sin tar éis na daoine seo a leanas a cheapadh mar Lánchumhachtaigh:’ |
FORÁLACHA COITEANNA
11) |
Aisghairtear Airteagail 1 agus 2. Cuirtear Airteagal 1a nua isteach: ‘Airteagal 1a 1. Eagraítear leis an gConradh seo feidhmiú an Aontais agus cinntear leis réimsí agus críochú a inniúlachtaí agus na socruithe chun iad a fheidhmiú. 2. Is iad an Conradh seo agus an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh na Conarthaí ar a bhfuil an tAontas fothaithe. Beidh an stádas dlí céanna ag an dá Chonradh seo, dá ngairtear “na Conarthaí”.’ |
CATAGÓIRÍ AGUS RÉIMSÍ FEIDHME INNIÚLACHTA
12) |
Cuirtear an ceannteideal nua agus na hAirteagail 2a go 2e nua seo a leanas isteach: ‘TEIDEAL 1 CATAGÓIRÍ AGUS RÉIMSÍ INNIÚLACHTA AN AONTAIS Airteagal 2a 1. Nuair a dhéanfar inniúlacht eisiach i réimse sonrach a thabhairt don Aontas leis na Conarthaí, is é an tAontas amháin a fhéadfaidh reachtú agus gníomhartha a ghlacadh a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí, gan na Ballstáit a bheith in ann gníomhú amhlaidh ach amháin má chumhachtaíonn an tAontas amhlaidh iad nó chun gníomhartha an Aontais a chur chun feidhme. 2. Nuair a dhéanfar inniúlacht arna roinnt leis na Ballstáit i réimse sonrach a thabhairt don Aontas leis na Conarthaí, féadfaidh an tAontas agus na Ballstáit reachtú agus gníomhartha a ghlacadh a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí sa réimse sin. Feidhmeoidh na Ballstáit a n-inniúlacht a mhéid nach bhfuil inniúlacht an Aontais feidhmithe aige. Feidhmeoidh na Ballstáit a n-inniúlacht athuair a mhéad gur chinn an tAontas scor dá feidhmiú. 3. Comhordóidh na Ballstáit a mbeartais eacnamaíocha agus fostaíochta laistigh de shocruithe dá bhforáiltear sa Chonradh seo agus a bhfuil inniúlacht ag an Aontas maidir lena sainiú. 4. Beidh inniúlacht ag an Aontas, i gcomhréir le forálacha an Chonartha ar an Aontas Eorpach, comhbheartas eachtrach agus slándála a shainiú agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear comhbheartas cosanta a chumadh go comhleanúnach. 5. I réimsí áirithe agus faoi na coinníollacha atá leagtha síos sna Conarthaí, beidh inniúlacht ag an Aontas gníomhaíochtaí a chur i gcrích chun tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát, iad a chomhordú nó a fhorlíonadh gan a inniúlacht féin a chur in ionad a n-inniúlachta siúd sna réimsí sin dá thoradh sin. Ní bheidh comhchuibhiú ar dhlíthe ná ar rialacháin na mBallstát mar thoradh ar ghníomhartha an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí arna nglacadh ar bhonn na bhforálacha sna Conarthaí a bhaineann leis na réimsí sin. 6. Cinnfear an raon feidhme agus na socruithe chun inniúlachtaí an Aontais a fheidhmiú leis na forálacha sna Conarthaí a bhaineann le gach réimse acu. Airteagal 2b 1. Beidh inniúlacht eisiach ag an Aontas sna réimsí seo a leanas:
2. Beidh inniúlacht eisiach freisin ag an Aontas comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích nuair a fhorálfar dá thabhairt i gcrích i ngníomh reachtach de chuid an Aontais, nó nuair atá sé riachtanach chun a chumasú don Aontas a inniúlacht inmheánach a fheidhmiú, nó a mhéid ar dóigh dá thabhairt i gcrích difear a dhéanamh do na comhrialacha nó a raon feidhme a athrú. Airteagal 2c 1. Déanfaidh an tAontas inniúlacht a roinnt leis na Ballstáit nuair a thugann na Conarthaí inniúlacht dó nach mbaineann leis na réimsí dá dtagraítear in Airteagail 2b agus 2e. 2. Cuirfear i bhfeidhm inniúlachtaí a bheidh á roinnt idir an tAontas agus na Ballstáit sna príomhréimsí seo a leanas:
3. I réimsí an taighde, na forbartha teicneolaíche agus an spáis, beidh inniúlacht ag an Aontas gníomhaíochtaí a chur i gcrích, go háirithe cláir a shainiú agus a chur chun feidhme; ar a shon sin, ní bheidh mar thoradh ar an inniúlacht sin a fheidhmiú na Ballstáit a chosc ar a n-inniúlacht siúd a fheidhmiú. 4. I réimsí an chomhair um fhorbairt agus na cabhrach daonnúla, beidh inniúlacht ag an Aontas gníomhaíochtaí a chur i gcrích agus comhbheartas a sheoladh; ar a shon sin, ní bheidh mar thoradh ar an inniúlacht sin a fheidhmiú na Ballstáit a chosc ar a n-inniúlacht siúd a fheidhmiú. Airteagal 2d 1. Comhordóidh na Ballstáit a mbeartais eacnamaíocha laistigh den Aontas. Chuige sin, glacfaidh an Chomhairle bearta, go háirithe na mórthreoirlínte do na beartais sin. Beidh feidhm ag forálacha sonracha maidir leis na Ballstáit sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu. 2. Glacfaidh an tAontas bearta chun comhordú bheartais fostaíochta na mBallstát a áirithiú, go háirithe trí threoirlínte do na beartais sin a shainiú. 3. Féadfaidh an tAontas tionscnaimh a ghlacadh chun comhordú bheartais shóisialta na mBallstát a áirithiú. Airteagal 2e Beidh inniúlacht ag an Aontas gníomhaíochtaí a chur i gcrích chun tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát agus chun iad a chomhordú nó a fhorlíonadh. Is iad réimsí na gníomhaíochta sin ar leibhéal Eorpach:
|
FORÁLACHA A bhFUIL FEIDHM GHINEARÁLTA ACU
13) |
Cuirtear isteach an teideal agus an tAirteagal 2f seo a leanas: ‘TEIDEAL II FORÁLACHA A bhFUIL FEIDHM GHINEARÁLTA ACU Airteagal 2f Déanfaidh an tAontas comhchuibheas idir a bheartais agus a ghníomhaíochtaí a áirithiú, ag cur a chuspóirí uile san áireamh agus i gcomhréir leis an bprionsabal tabhartha cumhachtaí.’ |
14) |
Aisghairtear Airteagal 3(1). Leasaítear mír 2 mar a leanas: cuirtear ‘Ina ghníomhaíochtaí uile,’ in ionad ‘Sna gníomhaíochtaí uile dá dtagraítear san Airteagal seo,’ agus fágtar gan uimhir í. |
15) |
Déantar Airteagal 97b d'Airteagal 4. Leasaítear é mar a leagtar amach i bpointe 85. |
16) |
Aisghairtear Airteagal 5; cuirtear Airteagal 3b den Chonradh ar an Aontas Eorpach ina ionad. |
17) |
Cuirtear Airteagal 5a isteach: ‘Airteagal 5a Agus a bheartais agus a ghníomhaíochtaí á sainiú agus á gcur chun feidhme aige, tabharfaidh an tAontas aird ar na ceanglais atá nasctha le hardleibhéal fostaíochta a chur chun cinn, le cosaint shóisialta leormhaith a ráthú, leis an eisiamh sóisialta a chomhrac agus le hardleibhéal oideachais, oiliúna agus cosanta do shláinte an duine.’ |
18) |
Cuirtear Airteagal 5b isteach: ‘Airteagal 5b Agus a bheartais agus a ghníomhaíochtaí á sainiú agus á gcur chun feidhme aige, is é is aidhm don Aontas gach idirdhealú a chomhrac atá bunaithe ar ghnéas, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar threoshuíomh gnéasach.’ |
19) |
In Airteagal 6 scriostar ‘dá dtagraítear in Airteagal 3’. |
20) |
Cuirtear Airteagal 6a isteach a bhfuil foclaíocht Airteagal 153(2) aige. |
21) |
Cuirtear Airteagal 6b isteach a bhfuil foclaíocht théarmaí achtaithe an Phrótacail maidir le cosaint agus leas ainmhithe aige; cuirtear ‘, leis an iascach,’ isteach tar éis ‘leis an talmhaíocht’, cuirtear ‘leis an taighde agus leis an bhforbairt theicneolaíoch agus leis an spás’ in ionad ‘leis an taighde,’ agus cuirtear isteach ‘, toisc gur neacha mothaitheacha na hainmhithe,’ i ndiaidh ‘... lánaird’. |
22) |
Aisghairtear Airteagail 7 go 10. Cuirtear Airteagal 10 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagail 280a go 280i den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh in ionad Airteagail 11 agus 11a, mar a shonraítear thuas i bpointe 22 d'Airteagal 1 den Chonradh seo agus thíos i bpointe 278. |
23) |
Déantar Airteagal 16d de théacs Airteagal 12. |
24) |
Déantar Airteagal 16e de théacs Airteagal 13. Déantar é a leasú mar a luaitear anseo thíos i bpointe 33. |
25) |
Déantar Airteagal 22a de théacs Airteagal 14. Déantar é a leasú mar a luaitear anseo thíos i bpointe 41. |
26) |
Déantar Airteagal 22b de théacs Airteagal 15. Déantar é a leasú mar a luaitear anseo thíos i bpointe 42. |
27) |
Leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:
|
28) |
Cuirtear isteach Airteagal 16a a bhfuil foclaíocht Airteagal 255 aige; leasaítear mar a leanas é:
|
29) |
Cuirtear Airteagal 16b isteach a ghabhann ionad Airteagal 286: ‘Airteagal 16b 1. Tá ag gach duine an ceart go ndéanfar na sonraí pearsanta a bhaineann leis a chosaint. 2. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na rialacha a leagan síos a bhaineann le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí, ag comhlachtaí, ag oifigí agus ag gníomhaireachtaí an Aontais, agus ag na Ballstáit nuair a bheidh gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a thig faoi raon feidhme dhlí an Aontais, agus na rialacha a bhaineann le saorghluaiseacht na sonraí sin. Beidh comhlíonadh na rialacha sin faoi rialú údarás neamhspleách. Beidh na rialacha a ghlacfar ar bhonn an Airteagail seo gan dochar do na rialacha sonracha dá dtagraítear in Airteagal 25a den Chonradh ar an Aontas Eorpach.’ |
30) |
Cuirtear an tAirteagal 16c nua seo a leanas isteach: ‘Airteagal 16c 1. Urramaíonn an tAontas an stádas faoin dlí náisiúnta atá ag eaglaisí agus ag comhlachais nó ag pobail reiligiúnacha sna Ballstáit agus ní dhéanann sé dochar don stádas sin. 2. Urramaíonn an tAontas mar an gcéanna an stádas faoin dlí náisiúnta atá ag eagraíochtaí fealsúnacha agus neamhfhaoistiniúla. 3. Agus aitheantas á thabhairt aige dá gcéannacht agus dá rannchuidiú sonrach, déanfaidh an tAontas agallamh oscailte, trédhearcach, tráthrialta a choimeád ar siúl leis na heaglaisí sin agus leis na heagraíochtaí sin.’ |
NEAMH-IDIRDHEALÚ AGUS SAORÁNACHT
31) |
Cuirtear an ceannteideal seo a leanas ‘NEAMH-IDIRDHEALÚ AGUS SAORÁNACHT AN AONTAIS’ in ionad cheannteideal Chuid a Dó. |
32) |
Cuirtear Airteagal 16d isteach a bhfuil foclaíocht Airteagal 12 aige. |
33) |
Cuirtear isteach Airteagal 16e a bhfuil foclaíocht Airteagal 13 aige; i mír 2, cuirtear ‘... féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na bunphrionsabail a ghlacadh’ in ionad ‘... nuair a ghlacfaidh an Chomhairle bearta dreasachta Comhphobail’ agus scriostar an méid seo a leanas ag an deireadh ‘..., gníomhóidh sí i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 251’. |
34) |
Leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:
|
35) |
Leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:
|
36) |
In Airteagal 20, cuirtear ‘Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá ...’ in ionad ‘Déanfaidh na Ballstáit eatarthu féin na rialacha is gá a bhunú agus ...’. Cuirtear an mhír nua seo i dtosach an Airteagail: ‘Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, treoracha a ghlacadh lena mbunófar bearta um chomhordú agus um chomhar chun an chosaint sin a éascú.’ |
37) |
Cuirtear an chéad mhír nua seo a leanas le hAirteagal 21: ‘Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na forálacha a ghlacadh do na nósanna imeachta agus do na coinníollacha is gá do thionscnamh ó na saoránaigh de réir bhrí Airteagal 8b den Chonradh ar an Aontas Eorpach, lena n-áirítear an t-íoslíon Ballstát as a gcaithfidh na saoránaigh sin teacht.’ |
38) |
Sa dara mír d'Airteagal 22 cuirtear ‘... chun na dlíthe a liostaítear in Airteagal 17(2), a chomhlánú. Ní thiocfaidh na forálacha sin i bhfeidhm go dtí go mbeidh siad formheasta ag na Ballstáit, i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.’ in ionad: ‘... chun na cearta dá bhforáiltear sa Chuid seo a chomhlánú, agus molfaidh sí na forálacha sin do na Ballstáit lena nglacadh i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.’ |
39) |
I gceannteideal Chuid 3, cuirtear isteach ‘AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA’ i ndiaidh ‘BEARTAIS’. |
MARGADH INMHEÁNACH
40) |
Cuirtear isteach ag tosach Chuid a Trí Teideal I dar ceannteideal ‘AN MARGADH INMHEÁNACH’. |
41) |
Cuirtear isteach Airteagal 22a a bhfuil foclaíocht Airteagal 14 aige. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Glacfaidh an tAontas na bearta is gá chun margadh inmheánach a bhunú nó chun oibriú an mhargaidh sin a áirithiú, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de na Conarthaí.’ |
42) |
Cuirtear isteach Airteagal 22b a bhfuil foclaíocht Airteagal 15 aige. Sa chéad mhír, cuirtear ‘...a mbeidh le déanamh ag geilleagair áirithe nach bhfuil ar aon chéim maidir lena bhforbairt chun an margadh inmheánach a thionscnamh ...’ in ionad ‘... a mbeidh le déanamh i rith tréimhse tionscnaimh an mhargaidh inmheánaigh ag geilleagair áirithe nach bhfuil ar aon chéim maidir lena bhforbairt ...’ |
43) |
Déantar Teideal Ia de Theideal I maidir le saorghluaiseacht earraí. |
44) |
In Airteagal 23(1), cuirtear ‘Cuimseoidh an Comhphobal ...’ in ionad ‘Beidh an Comhphobal bunaithe ar ...’ |
45) |
Cuirtear Caibidil 1a, dar teideal ‘COMHAR CUSTAIM’, isteach i ndiaidh Airteagal 27, cuirtear isteach Airteagal 27a a bhfuil foclaíocht Airteagal 135 aige agus scriostar an abairt deiridh den Airteagal 135 sin. |
TALMHAÍOCHT AGUS IASCACH
46) |
Cuirtear ‘AGUS AN tIASCACH’ le ceannteideal Theideal II. |
47) |
Leasaítear Airteagal 32 mar a leanas:
|
48) |
Leasaítear Airteagal 36 mar a leanas:
|
49) |
Leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:
|
SAORGHLUAISEACHT OIBRITHE
50) |
In Airteagal 39(3)d, scriostar ‘feidhmiúcháin’. |
51) |
Leasaítear Airteagal 42 mar a leanas:
|
SAOIRSE BUNAÍOCHTA
52) |
In Airteagal 44(2), cuirtear ‘Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún’ in ionad ‘Déanfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún’ ag tús na chéad mhíre. |
53) |
In Airteagal 45, sa dara mír, cuirtear ‘Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, ...’ in ionad ‘Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún ...’ |
54) |
Leasaítear Airteagal 47 mar a leanas:
|
55) |
Cuirtear isteach Airteagal 48a a bhfuil foclaíocht Airteagal 294 aige. |
SEIRBHÍSÍ
56) |
Leasaítear Airteagal 49 mar a leanas:
|
57) |
In Airteagal 50, an tríú mír, cuirtear ‘sa Bhallstát’ in ionad ‘sa Stát’. |
58) |
In Airteagal 52(1), cuirtear ‘... déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, treoracha a eisiúint.’ in ionad ‘... déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Parlaimint na hEorpa, treoracha a eisiúint, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe.’ |
59) |
In Airteagal 53, cuirtear ‘Féachfaidh na Ballstáit le seirbhísí a léirscaoileadh ...’ in ionad ‘Dearbhaíonn na Ballstáit a bhfonnmhaireacht chun seirbhísí a léirscaoileadh ...’. |
CAIPITEAL
60) |
In Airteagal 57(2), cuirtear ‘... déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta a ghlacadh’ in ionad ‘... féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, bearta a ghlacadh’ agus déantar mír 3 den abairt deiridh i mír 2 mar a leanas: ‘3. De mhaolú ar mhír 2, is í an Chomhairle, agus an Chomhairle amháin, ag gníomhú di i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, a fhéadfaidh bearta a ghlacadh atá in ionannas le céim siar i ndlí an Aontais i dtaca le léirscaoileadh gluaiseachta caipitil chuig tríú tíortha nó uathu.’ |
61) |
Cuirtear an mhír 4 nua seo le hAirteagal 58: ‘4. Nuair nach mbeidh bearta de bhun Airteagal 57(3) ann, féadfaidh an Coimisiún, nó, nuair nach mbeidh cinneadh ón gCoimisiún ann laistigh de thrí mhí ón mBallstát i dtrácht iarraidh a dhéanamh, féadfaidh an Chomhairle cinneadh a ghlacadh á rá go measfar go bhfuil na bearta cánachais sriantacha arna nglacadh ag Ballstát i leith tríú tír amháin nó níos mó ag luí leis na Conarthaí má tá bonn cirt leo ar mhaithe le ceann de chuspóirí an Aontais agus go bhfuil siad ag luí le dea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil ar iarratas ó Bhallstát.’ |
62) |
Déantar Airteagal 61h d'Airteagal 60. Déantar é a leasú mar a luaitear anseo thíos ag pointe 64. |
LIMISTÉAR SAOIRSE, SLÁNDÁLA AGUS CEARTAIS
63) |
Cuirtear teideal IV, dar ceannteideal ‘AN LIMISTÉAR SAOIRSE, SLÁNDÁLA AGUS CEARTAIS’ in ionad Theideal IV maidir le víosaí, le tearmann, le hinimirce agus le beartais eile a bhaineann le saorghluaiseacht daoine. Tá na Caibidlí seo a leanas i dTeideal IV:
|
FORÁLACHA GINEARÁLTA
64) |
Cuirtear an Chaibidil 1 agus na hAirteagail 61 go 61i seo a leanas in ionad Airteagal 61. Cuirtear Airteagal 61 in ionad Airteagal 29 den Chonradh ar an Aontas Eorpach mar atá, cuirtear Airteagal 61d in ionad Airteagal 36 den Chonradh sin, cuirtear Airteagal 61e in ionad Airteagal 64(1) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus Airteagal 33 den Chonradh ar an Aontas Eorpach mar atá, cuirtear Airteagal 61g in ionad Airteagal 66 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus déantar Airteagal 61h d'Airteagal 60 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, mar a shonraítear i bpointe 62 thuas: ‘CAIBIDIL 1 FORÁLACHA GINEARÁLTA Airteagal 61 1. Is éard a bheidh san Aontas limistéar saoirse, slándála agus ceartais ina n-urramófar cearta bunúsacha agus córais agus traidisiúin éagsúla dlí na mBallstát. 2. Áiritheoidh sé nach mbeidh rialuithe teorann inmheánaí ann do dhaoine agus cumfaidh sé comhbheartas maidir le tearmann, inimirce agus rialú ag teorainneacha seachtracha, arna bhunú ar an dlúthpháirtíocht idir Bhallstáit a thugann cothrom na féinne do náisiúnaigh tríú tíortha. Chun críche an Teidil seo, déileálfar le daoine gan stát mar náisiúnaigh tríú tír. 3. Déanfaidh an tAontas a dhícheall ardleibhéal slándála a áirithiú trí bhearta chun an choireacht, an ciníochas agus an tseineafóibe a chosc agus a chomhrac agus trí bhearta um chomhordú agus um chomhar idir na húdaráis phóilíneachta agus bhreithiúnacha agus údaráis inniúla eile, chomh maith le breithiúnais a aithint go frithpháirteach in ábhair choiriúla, agus, más gá, trí na dlíthe coiriúla a chomhfhogasú. 4. Éascóidh an tAontas an rochtain ar an gceartas, go háirithe trí phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do chinntí breithiúnacha agus seachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta. Airteagal 61a Saineoidh an Chomhairle Eorpach na treoirlínte straitéiseacha don phleanáil reachtach agus oibríochtúil laistigh de limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais. Airteagal 61b Áirithíonn na Parlaimintí náisiúnta go gcomhlíonfaidh na tograí agus na tionscnaimh reachtacha arna dtíolacadh faoi Chaibidlí 4 agus 5 prionsabal na coimhdeachta, i gcomhréir leis na socruithe arna leagan síos leis an bPrótacal maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm. Airteagal 61c Gan dochar d'Airteagail 226, 227 agus 228, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, bearta a ghlacadh lena mbunófar na socruithe ar dá réir a dhéanfaidh na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, meastóireacht oibiachtúil neamhchlaonta ar chur chun feidhme bheartais an Aontais dá dtagraítear sa Teideal seo ag údaráis inniúla na mBallstát, go háirithe chun lánchur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a éascú. Cuirfear Parlaimint na hEorpa agus na Parlaimintí náisiúnta ar an eolas faoina bhfuil sa mheastóireacht agus faoina torthaí. Airteagal 61d Cuirfear buanchoiste ar bun laistigh den Chomhairle chun a áirithiú go ndéanfar an comhar oibríochtúil maidir leis an tslándáil inmheánach a chur chun cinn agus a neartú san Aontas. Gan dochar d'Airteagal 207, éascóidh sé an comhordú ar ghníomhaíocht údaráis inniúla na mBallstát. Féadfaidh ionadaithe do na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí Aontais lena mbaineann a bheith rannpháirteach in imeachtaí an choiste sin. Coinneofar Parlaimint na hEorpa agus na Parlaimintí náisiúnta ar an eolas faoi na himeachtaí. Airteagal 61e Ní dhéanfaidh an Teideal seo difear d'fheidhmiú na bhfreagrachtaí atá ar na Ballstáit maidir leis an ord poiblí a chaomhnú agus an tslándáil inmheánach a choimirciú. Airteagal 61f Is faoi na Ballstáit a bheidh sé na cineálacha comhair agus comhoibrithe a eagrú eatarthu féin agus faoina bhfreagracht féin de réir mar a mheasfaidh siad is gá idir ranna inniúla a gcuid riarachán arb é an tslándáil náisiúnta a gcúram. Airteagal 61g Glacfaidh an Chomhairle bearta chun comhar riaracháin a áirithiú idir ranna inniúla na mBallstát sna réimsí a thig faoin dTeideal seo, agus idir na ranna sin agus an Coimisiún. Gníomhóidh sí ar thogra ón gCoimisiún, faoi réir Airteagal 61i, agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa. Airteagal 61h Nuair is gá sin chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 61 a ghnóthú, a mhéid a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht agus gníomhaíochtaí gaolmhara a chosc agus a chomhrac, saineoidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, creat do bhearta riaracháin maidir le gluaiseachtaí caipitil agus le híocaíochtaí amhail cistí, sócmhainní airgeadais nó gnóthachain eacnamaíocha a reo ar le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, le grúpaí nó le heintitis neamhstáit iad nó atá ina seilbh nó ar teachtadh acu. Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, bearta chun an creat dá dtagraítear sa chéad mhír a chur chun feidhme. Beidh sna gníomhartha dá dtagraítear san Airteagal seo na forálacha is gá maidir le coimircí dlíthiúla. Airteagal 61i Na gníomhartha dá dtagraítear i gCaibidlí 4 agus 5, mar aon leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 61g lena n-áiritheofar comhar riaracháin sna réimsí atá luaite sna Caibidlí sin, déanfar iad a ghlacadh:
|
SEICEÁLACHA AG TEORAINNEACHA, TEARMANN AGUS INIMIRCE
65) |
Cuirtear an Chaibidil 2 agus na hAirteagail 62 agus 63b seo a leanas in ionad Airteagail 62 go 64. Cuirtear Airteagal 62 in ionad Airteagal 62, cuirtear Airteagal 63(1) agus (2) in ionad Airteagal 63, pointí 1 agus 2, cuirtear Airteagal 63(3) in ionad Airteagal 64(2) agus cuirtear Airteagal 63a in ionad Airteagal 63, pointí 3 agus 4: ‘CAIBIDIL 2 BEARTAIS MAIDIR LE SEICEÁLACHA TEORANN, LE TEARMANN AGUS LE hINIMIRCE Airteagal 62 1. Déanfaidh an tAontas beartas a fhorbairt d'fhonn:
2. Chun críocha mhír 1, glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta a bhaineann leis na nithe seo a leanas:
3. Más cosúil gur gá gníomhaíocht ón Aontas chun feidhmiú an chirt, dá dtagraítear in Airteagal 17(2)(a), a éascú agus nach bhfuil na cumhachtaí is gá tugtha leis na Conarthaí, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, forálacha a ghlacadh a bhaineann le pasanna, le cártaí aitheantais, le ceadanna cónaithe nó le haon doiciméad dá samhail. Gníomhóidh an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa. 4. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear d'inniúlacht na mBallstát maidir le teorannú geografach a dteorainneacha, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta. Airteagal 63 1. Déanfaidh an tAontas comhbheartas a fhorbairt maidir le tearmann, cosaint choimhdeach agus cosaint shealadach d'fhonn stádas iomchuí a thairiscint do náisiúnach aon tríú tír a dteastaíonn cosaint idirnáisiúnta uaidh agus chun comhlíonadh phrionsabal an non-refoulement a áirithiú. Caithfidh an beartas sin a bheith i gcomhréir le Coinbhinsiún na Ginéive an 28 Iúil 1951 agus le Prótacal an 31 Eanáir 1967 maidir le stádas dídeanaithe agus i gcomhréir le conarthaí ábhartha eile. 2. Chun críocha mhír 1, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta a ghlacadh a bhaineann le córas Eorpach tearmainn a chuimseoidh na nithe seo a leanas:
3. I gcás Ballstát amháin nó níos mó a bheith i láthair staide éigeandála arb é a príomhthréith rabharta tobann de náisiúnaigh tríú tíortha as tír isteach, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, bearta sealadacha a ghlacadh ar mhaithe leis an mBallstát nó leis na Ballstáit lena mbaineann. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa. Airteagal 63a 1. Déanfaidh an tAontas comhbheartas inimirce a fhorbairt arb é is aidhm dó a áirithiú ag gach céim go ndéanfar bainistiú éifeachtach ar rabhartaí inimirce, go gcuirfear cóir chothrom ar náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cónaí dlíthiúil acu i mBallstáit, go ndéanfar an inimirce neamhdhlíthiúil agus an gháinneáil ar dhaoine a chosc agus bearta feabhsaithe a ghlacadh chun iad sin a chomhrac. 2. Chun críocha mhír 1, glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta sna réimsí seo a leanas:
3. Féadfaidh an tAontas comhaontuithe a thabhairt i gcrích le tríú tíortha maidir le náisiúnaigh tríú tíortha a ligean ar ais ina dtír bhunaidh nó thionscnaimh mura gcomhallfaidh siad nó mura gcomhallfaidh siad a thuilleadh na coinníollacha maidir le hiontráil ar chríoch ceann de na Ballstáit, maidir le bheith ar an gcríoch sin nó maidir le cónaí ann. 4. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta a bhunú chun dreasachtaí agus tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíocht Ballstát d'fhonn lánpháirtiú náisiúnach tríú tíortha a chónaíonn go dlíthiúil ar a gcríocha a chur chun cinn, gan aon chomhchuibhiú a dhéanamh ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát. 5. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear do cheart na mBallstát líon na náisiúnach tríú tíortha a shocrú a thig as tríú tíortha isteach ar a gcríocha ar thóir oibre, bíodh siad fostaithe nó féinfhostaithe. Airteagal 63b Beidh beartais an Aontais a leagtar amach sa Chaibidil seo, agus a gcur chun feidhme, faoi rialú ag prionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta, lena n-áirítear a impleachtaí airgeadais, idir na Ballstáit. Nuair is gá sin, beidh bearta iomchuí chun éifeacht a thabhairt don phrionsabal sin i ngníomhartha Aontais arna nglacadh de bhun na Caibidle seo.’ |
COMHAR BREITHIÚNACH IN ÁBHAIR SHIBHIALTA
66) |
Cuirtear an Chaibidil 3 agus an tAirteagal 65 seo a leanas isteach in ionad Airteagal 65: ‘CAIBIDIL 3 COMHAR BREITHIÚNACH IN ÁBHAIR SHIBHIALTA Airteagal 65 1. Déanfaidh an tAontas forbairt ar an gcomhar breithiúnach sna hábhair shibhialta a bhfuil impleachtaí trasteorann acu, arna bhunú ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do bhreithiúnais agus do chinntí i gcásanna seachbhreithiúnacha. Féadfar a áireamh sa chomhar sin bearta a ghlacadh chun dlíthe agus rialacháin na mBallstát a chomhfhogasú. 2. Chun críocha mhír 1, glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle bearta, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, go háirithe nuair is gá sin d'oibriú rianúil an mhargaidh inmheánaigh, arb é is aidhm dóibh na nithe seo a leanas a áirithiú:
3. D'ainneoin mhír 2, bunóidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, bearta maidir le dlí an teaghlaigh a mbeidh impleachtaí trasteorann acu. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa. Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh a ghlacadh lena gcinnfear na gnéithe sin de dhlí an teaghlaigh a mbeidh impleachtaí trasteorann acu a d'fhéadfadh a bheith ina n-ábhar do ghníomhartha arna nglacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach. Gníomhóidh an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa. Tabharfar fógra faoin togra dá dtagraítear sa dara fomhír do na Parlaimintí náisiúnta. Ar Pharlaimint náisiúnta a freasúra a chur in iúl laistigh de shé mhí ón bhfógra sin, ní ghlacfar an cinneadh. Cheal freasúra, féadfaidh an Chomhairle Eorpach an cinneadh sin a ghlacadh.’ |
COMHAR BREITHIÚNACH IN ÁBHAIR CHOIRIÚLA
67) |
Cuirtear Airteagal 61g in ionad Airteagal 66, mar a shonraítear thuas i bpointe 64 agus aisghairtear Airteagail 67 go 69. Cuirtear isteach an Chaibidil 4 agus na hAirteagail 69 go 69e seo a leanas. Cuirtear Airteagail 69a, 69b agus 69d in ionad Airteagal 31 den Chonradh ar an Aontas Eorpach mar atá, mar a shonraítear thuas i bpointe 51 d'Airteagal 1 den Chonradh seo. ‘CAIBIDIL 4 COMHAR BREITHIÚNACH IN ÁBHAIR CHOIRIÚLA Airteagal 69a 1. Déanfar an comhar breithiúnach in ábhair choiriúla san Aontas a bhunú ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do bhreithiúnais agus do chinntí agus cuimseoidh an comhar breithiúnach comhfhogasú dhlíthe agus rialacháin na mBallstát sna réimsí dá dtagraítear i mír 2 agus in Airteagal 69b. Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta d'fhonn:
2. A mhéid is gá chun aitheantas frithpháirteach do bhreithiúnais agus do chinntí breithiúnacha a éascú, chomh maith leis an gcomhar póilíneachta agus breithiúnach in ábhair choiriúla a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle rialacha íosta a bhunú trí bhíthin treoracha a ghlacfar i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach. Cuirfidh na rialacha íosta sin san áireamh na difríochtaí idir thraidisiúin dlí agus idir chórais dlí na mBallstát. Bainfidh siad leis na nithe seo a leanas:
Ní choiscfidh glacadh na rialacha íosta sin dá dtagraítear sa mhír seo ar na Ballstáit leibhéal níos airde cosanta do dhaoine aonair a choimeád ar bun ná a thabhairt isteach. 3. Má mheasann comhalta den Chomhairle go ndéanfadh dréacht-treoir dá dtagraítear i mír 2 difear do ghnéithe bunúsacha dá chóras dlí coiriúil, féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfar an dréacht-treoir a tharchur chuig an gComhairle Eorpach. Sa chás sin, déanfar an gnáthnós imeachta reachtach a fhionraí. Tar éis an cheist a phlé, agus i gcás comhthola, déanfaidh an Chomhairle Eorpach, laistigh de cheithre mhí ón bhfionraí sin, an dréacht a tharchur ar ais chuig an gComhairle, rud a chuirfidh deireadh le fionraí an ghnáthnós imeachta reachtaigh. Laistigh den tréimhse chéanna, i gcás easaontais, agus más mian le naoi mBallstát ar a laghad comhar feabhsaithe a bhunú ar bhonn na dréacht-treorach atá i dtrácht, cuirfidh siad an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas. Sa chás sin, measfar gur tugadh an t-údarú chun dul ar aghaidh leis an gcomhar feabhsaithe dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus in Airteagal 280d(1) den Chonradh seo agus beidh feidhm ag na forálacha maidir leis an gcomhar feabhsaithe. Airteagal 69b 1. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach trí bhíthin treoracha, rialacha íosta a bhunú maidir le cionta coiriúla agus pionóis a shainiú i réimsí na coireachta fíorthromchúisí a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo mar gheall ar nádúr na gcionta sin nó mar gheall ar an tionchar a bhíonn acu nó toisc go bhfuil gá faoi leith ann iad a chomhrac ar bhonn comhchoiteann. Is iad seo a leanas na réimsí coireachta: an sceimhlitheoireacht, an gháinneáil ar dhaoine agus an teacht i dtír gnéasach ar mhná agus ar leanaí, an gháinneáil neamhdhleathach ar dhrugaí, an gháinneáil aindleathach ar airm, sciúradh airgid, an éillitheacht, góchumadh modhanna íocaíochta, coireacht ríomhairí agus an choireacht eagraithe. De réir mar a tharlaíonn forbairtí sa choireacht, féadfaidh an Chomhairle cinneadh a ghlacadh lena sainaithneofar réimsí eile coireachta a chomhallann na critéir a shonraítear sa mhír seo. Gníomhóidh sí d'aon toil tar éis toiliú a fháil ó Parlaimint na hEorpa. 2. Más léir go bhfuil sé sár-riachtanach dlíthe coiriúla agus rialacháin choiriúla na mBallstát a chomhfhogasú chun beartas de chuid an Aontais a chur chun feidhme go héifeachtúil i réimse ina ndearnadh bearta um chomhchuibhiú, féadfar rialacha íosta a bhunú le treoracha maidir le cionta coiriúla agus pionóis a shainiú sa réimse lena mbaineann. Glacfar na treoracha sin i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach céanna nó leis an nós imeachta reachtach speisialta céanna a leanadh agus na bearta um comhchuibhiú i dtrácht á nglacadh, gan dochar d'Airteagal 61i. 3. Má mheasann comhalta den Chomhairle go ndéanfadh dréacht-treoir dá dtagraítear i mír 1 nó i mír 2 difear do ghnéithe bunúsacha dá chóras dlí coiriúil, féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfar an dréacht-treoir a tharchur chuig an gComhairle Eorpach. Sa chás sin, déanfar an gnáthnós imeachta reachtach a fhionraí. Tar éis an cheist a phlé, agus i gcás comhthola, déanfaidh an Chomhairle Eorpach, laistigh de cheithre mhí ón bhfionraí sin, an dréacht a tharchur ar ais chuig an gComhairle, rud a chuirfidh deireadh le fionraí an ghnáthnós imeachta reachtaigh. Laistigh den tréimhse chéanna, i gcás easaontais, agus más mian le naoi mBallstát ar a laghad comhar feabhsaithe a bhunú ar bhonn na dréacht-treorach atá i dtrácht, cuirfidh siad an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas. Sa chás sin, measfar gur tugadh an t-údarú chun dul ar aghaidh leis an gcomhar feabhsaithe dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus in Airteagal 280d(1) den Chonradh seo agus beidh feidhm ag na forálacha maidir leis an gcomhar feabhsaithe. Airteagal 69c Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta a bhunú chun dreasachtaí agus tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíocht na mBallstát maidir le cosc na coireachta a chur chun cinn agus tacú léi, gan aon chomhchuibhiú a dhéanamh ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát. Airteagal 69d 1. Beidh de chúram ar Eurojust tacú agus treisiú leis an gcomhordú agus leis an gcomhar idir na húdaráis náisiúnta imscrúdúcháin agus ionchúisimh i ndáil le coireacht thromchúiseach a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó nó a éilíonn ionchúiseamh ar bhoinn chomhchoiteanna, ar bhonn na n-oibríochtaí arna seoladh agus ar bhonn na faisnéise arna tabhairt ag údaráis na mBallstát agus ag Europol. Sa chomhthéacs sin, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, trí bhíthin rialachán arna nglacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, struchtúr, oibriú, réimse gníomhaíochta agus cúraimí Eurojust a chinneadh. Féadfaidh a bheith san áireamh ar na cúraimí sin:
Cinnfear leis na rialacháin sin freisin socruithe maidir le baint a bheith ag Parlaimint na hEorpa agus ag na Parlaimintí náisiúnta leis an meastóireacht ar ghníomhaíochtaí Eurojust. 2. Faoi chuimsiú na n-ionchúiseamh dá dtagraítear i mír 1, agus gan dochar d'Airteagal 69e, is iad na hoifigigh náisiúnta inniúla a dhéanfaidh gníomhartha foirmiúla nós imeachta bhreithiúnaigh a chur i gcrích. Airteagal 69e 1. D'fhonn coireanna a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí bhíthin rialachán arna nglacadh i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a chur ar bun ó Eurojust. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa. Cheal aontoilíochta, féadfaidh grúpa a bheidh comhdhéanta de naonúr Ballstát ar a laghad a iarraidh go ndéanfar an dréachtrialachán a tharchur chuig an gComhairle Eorpach. Sa chás sin, déanfar an nós imeachta sa Chomhairle a chur ar fionraí. Tar éis an cheist a phlé, agus i gcás comhthola, laistigh de cheithre mhí ón bhfionraí sin, déanfaidh an Chomhairle Eorpach an dréacht a tharchur ar ais chuig an gComhairle chun go nglacfaí é. Laistigh den tréimhse chéanna, i gcás easaontais, agus más mian le naoi mBallstát ar a laghad comhar feabhsaithe a bhunú ar bhonn na dréacht-treorach atá i dtrácht, cuirfidh siad an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas. Sa chás sin, measfar gur tugadh an t-údarú chun dul ar aghaidh leis an gcomhar feabhsaithe dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus in Airteagal 280d(1) den Chonradh seo agus beidh feidhm ag na forálacha maidir leis an gcomhar feabhsaithe. 2. Beidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh freagrach, i gcuibhreann le Europol nuair is iomchuí, as lucht déanta cionta a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, mar atá siad sainithe leis an rialachán dá bhforáiltear i mír 1, agus as a gcomhchoirithe sna coireanna sin, a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a thabhairt chun breithiúnais. Feidhmeoidh sí feidhmeanna ionchúisitheora i gcúirteanna inniúla na mBallstát i ndáil leis na cionta sin. 3. Cinnfear leis an rialachán dá dtagraítear i mír 1 na rialacha ginearálta a bheidh infheidhme maidir le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, na coinníollacha lena rialófar comhlíonadh a feidhmeanna, na rialacha nós imeachta a bheidh infheidhme maidir lena gníomhaíochtaí chomh maith leis na rialacha lena rialófar inghlacthacht fianaise agus na rialacha a bheidh infheidhme maidir le hathbhreithiú breithiúnach ar bhearta nós imeachta arna nglacadh aici i gcomhlíonadh a feidhmeanna. 4. Féadfaidh an Chomhairle Eorpach, san am céanna nó dá éis sin, cinneadh a ghlacadh lena leasófar mír 1 d'fhonn cumhachtaí Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a leathnú chun go n-áireofar orthu an choireacht thromchúiseach a bhfuil gné thrasteorann ag baint léi, agus lena leasófar dá réir sin mír 2 maidir le lucht déanta coireanna tromchúiseacha a dhéanann difear do Bhallstát amháin nó níos mó agus maidir lena gcomhchoirithe sna coireanna sin. Gníomhóidh an Chomhairle Eorpach d'aon toil tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.’ |
COMHAR PÓILÍNEACHTA
68) |
Cuirtear Caibidil 5 agus na hAirteagail 69f, 69g agus 69h seo a leanas isteach. Cuirtear Airteagail 69f agus 69g in ionad Airteagal 30 den Chonradh ar an Aontas Eorpach mar atá agus cuirtear Airteagal 69h in ionad Airteagal 32 den Chonradh sin, mar a shonraítear thuas i bpointe 51 d'Airteagal 1 den Chonradh seo: ‘CAIBIDIL 5 COMHAR PÓILÍNEACHTA Airteagal 69f 1. Bunóidh an tAontas comhar póilíneachta a mbeidh baint ag údaráis inniúla uile na mBallstát leis, lena n-áirítear seirbhísí póilíneachta, seirbhísí custaim agus sainseirbhísí eile forfheidhmithe dlí i ndáil le cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú. 2. Chun críocha mhír 1, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta a bhunú a bhaineann leis na nithe seo a leanas:
3. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta reachtach speisialta, bearta maidir le comhar oibríochtúil idir na húdaráis dá dtagraítear san Airteagal seo. Gníomhóidh an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa. Cheal aontoilíochta, féadfaidh grúpa a bheidh comhdhéanta de naonúr Ballstát ar a laghad a iarraidh go ndéanfar na dréachtbhearta a tharchur chuig an gComhairle Eorpach. Sa chás sin, déanfar an nós imeachta sa Chomhairle a chur ar fionraí. Tar éis an cheist a phlé, agus i gcás comhthola, laistigh de cheithre mhí ón bhfionraí sin, déanfaidh an Chomhairle Eorpach an dréacht a tharchur ar ais chuig an gComhairle chun go nglacfaí é. Laistigh den tréimhse chéanna, i gcás easaontais, agus más mian le naoi mBallstát ar a laghad comhar feabhsaithe a bhunú ar bhonn na ndréachtbheart lena mbaineann, cuirfidh siad an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas. Sa chás sin, measfar gur tugadh an t-údarú chun dul ar aghaidh leis an gcomhar feabhsaithe dá dtagraítear in Airteagal 10(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus in Airteagal 280d(1) den Chonradh seo agus beidh feidhm ag na forálacha maidir leis an gcomhar feabhsaithe. Ní bheidh feidhm ag an nós imeachta sonrach dá bhforáiltear sa dara fomhír agus sa tríú fomhír maidir le gníomhartha arb éard atá iontu forbairt ar acquis Schengen. Airteagal 69g 1. Beidh de chúram ag Europol tacú agus treisiú le gníomhaíocht údaráis phóilíneachta na mBallstát agus le seirbhísí eile forfheidhmithe dlí agus lena gcomhar frithpháirteach d'fhonn an choireacht thromchúiseach a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó, an sceimhlitheoireacht agus saghsanna eile coireachta a dhochraíonn leas coiteann atá ina ábhar do bheartas de chuid an Aontais a chosc agus a chomhrac. 2. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, trí bhíthin rialachán arna nglacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach struchtúr, oibriú, réimse gníomhaíochta agus cúraimí Europol a chinneadh. Féadfaidh a bheith san áireamh ar na cúraimí sin:
Leagfar síos freisin leis na rialacháin sin na nósanna imeachta um ghrinnscrúdú ar ghníomhaíochtaí Europol ag Parlaimint na hEorpa i dteannta leis na Parlaimintí náisiúnta. 3. Ní mór aon ghníomhaíocht oibríochtúil ag Europol a chur i gcrích i gcuibhreann le húdaráis an Bhallstáit nó na mBallstát arb é a chríoch nó a gcríoch atá i dtrácht agus le comhaontú na n-údarás sin. Is ar na húdaráis náisiúnta inniúla a bheidh an fhreagracht eisiach as bearta comhéigneacha a chur i bhfeidhm. Airteagal 69h Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, na coinníollacha agus na teorainneacha a leagan síos faoina bhféadfaidh údaráis inniúla na mBallstát dá dtagraítear in Airteagail 69a agus 69f oibriú ar chríoch Ballstáit eile i gcuibhreann le húdaráis an Stáit sin agus le comhaontú na n-údarás sin. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.’ |
IOMPAR
69) |
In Airteagal 70, cuirtear ‘Déanfar aidhmeanna na gConarthaí a shaothrú,’ in ionad ‘Déanfaidh na Ballstáit aidhmeanna an Chonartha seo a shaothrú,’. |
70) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 71(2): ‘2. Agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 á nglacadh, cuirfear san áireamh na cásanna sin ina bhféadfadh a gcur i bhfeidhm éifeacht thromchúiseach a bheith aige ar an gcaighdeán maireachtála agus ar leibhéal na fostaíochta i réigiúin áirithe, agus ar oibriú saoráidí iompair.’ |
71) |
Ag tús Airteagal 72, cuirtear ‘... agus mura mbeidh cinneadh lena ndeonófar maolú glactha d'aon toil ag an gComhairle, ní fhéadfaidh aon Bhallstát cuid ...’ in ionad ‘..., ní fhéadfaidh aon Bhallstát, gan formheas d'aon toil ón gComhairle, cuid ...’ |
72) |
Leasaítear Airteagal 75 mar a leanas:
|
73) |
Cuirtear an abairt nua seo a leanas le hAirteagal 78: ‘Cúig bliana tar éis do Chonradh Liospóin teacht i bhfeidhm, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh a ghlacadh lena n-aisghairfear an tAirteagal seo.’ |
74) |
In Airteagal 79, scriostar: ‘gan dochar do chumhachtaí an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta’. |
75) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 80(2): ‘2. Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na forálacha iomchuí don mhuiriompar agus don aeriompar a leagan síos. Gníomhóidh siad tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún .’ |
RIALACHA IOMAÍOCHTA
76) |
Cuirtear an mhír 3 nua seo a leanas le hAirteagal 85: ‘3. Féadfaidh an Coimisiún rialacháin a ghlacadh a bhainfidh leis na haicmí comhaontuithe a bhfuil an Chomhairle tar éis rialachán nó treoir a ghlacadh ina leith i gcomhréir le hAirteagal 83(2)(b).’ |
77) |
Leasaítear Airteagal 87 mar a leanas:
|
78) |
Cuirtear an mhír 4 nua seo a leanas le hAirteagal 88: ‘4. Féadfaidh an Coimisiún rialacháin a ghlacadh a bhainfidh leis na haicmí cabhrach Stáit a bhfuil cinneadh glactha ag an gComhairle ina leith, de bhun Airteagal 89, go bhfuil siad díolmhaithe ón nós imeachta dá bhforáiltear i mír 3 den Airteagal seo.’ |
FORÁLACHA CÁNACH
79) |
In Airteagal 93, cuirtear ‘... agus chun saobhadh ar an iomaíocht a sheachaint.’ in ionad ‘... laistigh den tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 14.’ |
DLÍTHE A CHOMHFHOGASÚ
80) |
Iompraítear ord Airteagail 94 agus 95 droim ar ais. Athuimhrítear Airteagal 94 mar Airteagal 95 agus athuimhrítear Airteagal 95 mar Airteagal 94. |
81) |
Leasaítear Airteagal 95, a athuimhrítear mar Airteagal 94, mar a leanas:
|
82) |
In Airteagal 94, a athuimhrítear mar 95, cuirtear ‘Gan dochar d'Airteagal 94, ...’ ag an tús. |
83) |
Sa chéad abairt den dara mír d'Airteagal 96, cuirtear ‘, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, ...’ a chur in ionad ‘, déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe...’ Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt: ‘Féadfar gach beart iomchuí eile dá bhforáiltear sna Conarthaí a ghlacadh.’ |
MAOIN INTLEACHTÚIL
84) |
Cuirtear an tAirteagal 97a nua seo a leanas isteach mar Airteagal deiridh de Theideal VI: ‘Airteagal 97a Faoi chuimsiú an margadh inmheánach a bhunú nó a oibriú, bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta maidir le cearta Eorpacha maoine intleachtúla a chruthú chun cosaint chomhionann ar chearta maoine intleachtúla a áirithiú ar fud an Aontais agus maidir le córais lárnaithe um údarú, um chomhordú agus um maoirsiú a chur ar bun ar leibhéal an Aontais. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, na socruithe teanga do na cearta Eorpacha maoine intleachtúla a ghlacadh trí bhíthin rialachán. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.’ |
BEARTAS EACNAMAÍOCH AGUS AIRGEADAÍOCHTA
85) |
Cuirtear isteach Airteagal 97b a bhfuil foclaíocht Airteagal 4 aige mar Airteagal tosaigh de Theideal VII; leasaítear é mar a leanas:
|
86) |
Leasaítear Airteagal 99 mar a leanas:
|
DEACRACHTAÍ SOLÁTHAIR TÁIRGÍ ÁIRITHE (FUINNEAMH)
87) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 100(1): ‘1. Gan dochar do na nósanna imeachta eile dá bhforáiltear sna Conarthaí, féadfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, de mheon dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit, na bearta is iomchuí don staid eacnamaíoch a chinneadh, go háirithe má tharlaíonn géardheacrachtaí maidir le soláthar táirgí áirithe, go háirithe i réimse an fhuinnimh.’ |
FORÁLACHA EILE – BEARTAS EACNAMAÍOCH AGUS AIRGEADAÍOCHTA
88) |
Scriostar Airteagal 102(2) agus fágtar mír 1 gan uimhir. |
89) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 103(2): ‘2. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, más gá, na sainmhínithe a shonrú maidir le cur i bhfeidhm na dtoirmeasc dá dtagraítear in Airteagail 101 agus 102 agus san Airteagal seo.’ |
NÓS IMEACHTA I gCÁS EASNAIMH IOMARCAIGH
90) |
Leasaítear Airteagal 104 mar a leanas:
|
BEARTAS AIRGEADAÍOCHTA
91) |
Leasaítear Airteagal 105 mar a leanas:
|
92) |
Leasaítear Airteagal 106 mar a leanas:
|
93) |
Leasaítear Airteagal 107 mar a leanas:
|
94) |
In Airteagal 109, scriostar ‘..., roimh dháta an CEBC a bhunú ar a dhéanaí, ...’ |
95) |
Scriostar na ceithre fhomhír thosaigh d'Airteagal 110(2). |
BEARTA A BHAINEANN LE hÚSÁID AN EURO
96) |
In Airteagal 111, déantar míreanna 1 go 4 d'Airteagal 188o de mhíreanna 1 go dtí 3 agus de mhír 5 faoi seach; leasaítear iad mar a leagtar amach anseo thíos i bpointe 174. Déantar mír 1 d'Airteagal 115c de mhír 4; déantar é a leasú mar a luaitear anseo thíos ag pointe 100. |
97) |
Cuirtear Airteagal 111a isteach: ‘Airteagal 111a Gan dochar d'inniúlachtaí an Bhainc Cheannais Eorpaigh, bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na bearta is gá chun an euro a úsáid mar airgeadra aonair. Glacfar na bearta sin tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach.’ |
FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA (AEA)
98) |
Déantar Airteagal 245b d'Airteagal 112 agus leasaítear é mar a leagtar amach anseo thíos i bpointe 228. Déantar Airteagal 245c d'Airteagal 113. |
99) |
Leasaítear Airteagal 114 mar a leanas:
|
FORÁLACHA IS SONRACH DO BHALLSTÁIT A bhFUIL AN EURO MAR AIRGEADRA ACU
100) |
Cuirtear an Chaibidil 3a nua agus na hAirteagail 115a, 115b agus 115c nua seo a leanas isteach: ‘CAIBIDIL 3a FORÁLACHA IS SONRACH DO BHALLSTÁIT A bhFUIL AN EURO MAR AIRGEADRA ACU Airteagal 115a 1. D'fhonn oibriú an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta mar is cuí a áirithiú, agus i gcomhréir le forálacha ábhartha na gConarthaí, déanfaidh an Chomhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta ábhartha as measc na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 99 agus 104 seachas an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 104(14), bearta a ghlacadh a bhaineann go sonrach leis na Ballstáit sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu d’fhonn:
2. Ní ghlacfaidh páirt sa vótáil maidir leis na bearta atá luaite i mír 1 ach na comhaltaí sin den Chomhairle a ionadaíonn do Bhallstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu. Saineofar tromlach cáilithe chomhaltaí eile na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 205(3)(a). Airteagal 115b Leagtar amach leis an bPrótacal maidir leis an nGrúpa Euro na socruithe do chruinnithe idir airí na mBallstát sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu. Airteagal 115c 1. D'fhonn ionad an euro sa chóras idirnáisiúnta airgeadaíochta a áirithiú, glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh lena mbunófar na comhsheasaimh ar ábhair ina bhfuil leas ar leith don aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta laistigh de na hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais inniúla agus de na comhdhálacha idirnáisiúnta airgeadais inniúla. Gníomhóidh an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach. 2. Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, bearta iomchuí a ghlacadh chun ionadaíocht aontaithe laistigh de na hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais inniúla agus de na comhdhálacha idirnáisiúnta airgeadais inniúla a áirithiú. Gníomhóidh an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach. 3. Ní ghlacfaidh páirt sa vótáil maidir leis na bearta atá luaite i míreanna 1 agus 2 ach comhaltaí sin na Comhairle a ionadaíonn do Bhallstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu. Saineofar tromlach cáilithe chomhaltaí eile na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 205(3)(a).’ |
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA A BHAINEANN LE BALLSTÁIT A bhFUIL MAOLÚ ACU
101) |
Aisghairtear Airteagal 116 agus cuirtear Airteagal 116a isteach: ‘Airteagal 116a 1. “Ballstáit a bhfuil maolú acu” a ghairfear anseo feasta de na Ballstáit nach bhfuil cinnte ag an gComhairle ina leith go gcomhallann siad na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh. 2. Ní bheidh na forálacha seo a leanas de na Conarthaí infheidhme maidir le Ballstáit a bhfuil maolú acu:
Dá bhrí sin, sna hAirteagail dá dtagraítear i bpointí (a) go (j), ciallaíonn “Ballstáit” na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu. 3. Faoi Chaibidil IX de Reacht an CEBC agus an BCE, tá Ballstáit a bhfuil maolú acu agus a mbainc cheannais náisiúnta eisiata ó na cearta agus ó na hoibleagáidí faoi chuimsiú an CEBC. 4. Déanfar cearta vótála chomhaltaí na Comhairle a ionadaíonn do Bhallstáit a bhfuil maolú acu a fhionraí nuair a bheidh na bearta dá dtagraítear sna hAirteagail a liostaítear i mír 2 á nglacadh ag an gComhairle, agus sna cásanna seo a leanas:
Saineofar tromlach cáilithe chomhaltaí eile na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 205(3)(a).’ |
102) |
Aisghairtear Airteagal 117, cé is moite de na cúig fhleasc tosaigh de mhír 2 de, a ndéantar díobh na cúig fhleasc tosaigh d'Airteagal 118a(2); leasaítear iad mar a atá leagtha amhch thíos i bpointe 103. Cuirtear isteach Airteagal 117a mar a leanas:
|
103) |
Aisghairtear Airteagal 118. Cuirtear isteach Airteagal 118a mar a leanas:
|
104) |
Cuirtear isteach Airteagal 118b a bhfuil foclaíocht Airteagal 124(1) aige; leasaítear é mar a leanas:
|
105) |
Leasaítear Airteagal 119 mar a leanas:
|
106) |
Leasaítear Airteagal 120 mar a leanas:
|
107) |
In Airteagal 121, déantar Airteagal 117a(1) de mhír 1; déantar í a leasú mar a luaitear anseo thuas ag pointe 102. Aisghairtear an chuid eile d'Airteagal 121. |
108) |
In Airteagal 122(2), déantar an chéad fhomhír d'Airteagal 117a(2) den dara habairt; déantar í a leasú mar a leagtar amach anseo thuas i bpointe 102. Aisghairtear an chuid eile d'Airteagal 122. |
109) |
Déantar Airteagal 118a(1) d'Airteagal 123(3) agus déantar Airteagal 117a(3) d'Airteagal 123(5); déantar í a leasú mar a leagtar amach anseo thuas i bpointe 103 agus i bpointe 102 faoi seach. Aisghairtear an chuid eile d'Airteagal 123. |
110) |
In Airteagal 124, déantar Airteagal 118b nua de mhír 1; déantar í a leasú mar a luaitear anseo thuas ag pointe 104. Aisghairtear an chuid eile d'Airteagal 124. |
FOSTAÍOCHT
111) |
In Airteagal 125, scriostar ‘agus in Airteagal 2 den Chonradh seo’. |
TEIDIL AR ATHRAÍODH A n-IONAD
112) |
Déantar Teideal II de Chuid a Cúig maidir le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais de Theideal IX dar ceannteideal ‘COMHBHEARTAS TRÁCHTÁLA’ agus déantar Airteagail 188b agus 188c d'Airteagail 131 agus 133 faoi seach. Déantar Airteagal 131 a leasú mar a leagtar amach anseo thíos i bpointe 157 agus cuirtear Airteagal 188c in ionad Airteagal 133. Aisghairtear Airteagail 132 agus 134. |
113) |
Déantar Caibidil 1a, i dTeideal Ia ‘Saorghluaiseacht earraí’ de Theideal X ‘COMHAR CUSTAIM’ agus déantar Airteagal 27a, mar a leagtar amach thuas i bpointe 45, d'Airteagal 135. |
BEARTAS SÓISIALTA
114) |
Cuirtear ‘BEARTAS SÓISIALTA’ in ionad cheannteideal Theideal XI ‘BEARTAS SÓISIALTA, OIDEACHAS, GAIRMOILIÚINT AGUS AN ÓIGE’ agus athuimhrítear mar Theideal IX é; scriostar an ceannteideal ‘Caibidil 1 – Forálacha Sóisialta’. |
115) |
Cuirtear an tAirteagal 136a nua seo a leanas isteach: ‘Airteagal 136a Déanann an tAontas ról na gcomhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais a aithint agus a chur chun cinn, agus éagsúlacht na gcóras náisiúnta á cur san áireamh aige. Éascóidh sé an t-agallamh idir na comhpháirtithe sóisialta, agus a neamhspleáchas á urramú aige. An Cruinniú Mullaigh Sóisialta Tríthaobhach ar mhaithe leis an bhFás agus leis an bhFostaíocht, rannchuideoidh sé leis an agallamh sóisialta.’ |
116) |
Leasaítear Airteagal 137 mar a leanas:
|
117) |
Sa chéad abairt d'Airteagal 138(4), cuirtear ‘Tráth na gcomhairliúchán dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, ...’ in ionad ‘Tráth comhairliúcháin den sórt sin, ...’ agus, sa dara habairt, cuirtear ‘ré an phróisis sin’ in ionad ‘ré an nós imeachta’. |
118) |
Leasaítear Airteagal 139(2) mar a leanas:
|
119) |
In Airteagal 140, cuirtear an méid seo a leanas le deireadh an dara mír: ‘..., go háirithe trí thionscnaimh arb é is aidhm dóibh treoirlínte agus táscairí a bhunú, malairtí dea-chleachtais a eagrú agus na heilimintí is gá a ullmhú don fhaireachán tréimhsiúil agus don mheastóireacht thréimhsiúil. Coinneofar Parlaimint na hEorpa go hiomlán ar an eolas.’ |
120) |
In Airteagal 143, scriostar an dara mír. |
CISTE SÓISIALTA NA hEORPA
121) |
Déantar athuimhriú ar Chaibidil 2 mar ‘TEIDEAL X’. |
122) |
In Airteagal 148, cuirtear ‘rialacháin chur chun feidhme’ in ionad ‘cinntí cur chun feidhme’. |
OIDEACHAS, GAIRMOILIÚINT, AN ÓIGE AGUS AN SPÓRT
123) |
Tugtar ‘TEIDEAL XI’ ar Chaibidil 3 agus cuirtear ‘, AN ÓIGE AGUS AN SPÓRT’ in ionad ‘AGUS AN ÓIGE’. |
124) |
Leasaítear Airteagal 149 mar a leanas:
|
125) |
I mír 4 d'Airteagal 150, cuirtear an fochlásal seo a leanas isteach ag an deireadh: ‘agus glacfaidh an Chomhairle moltaí ar thogra ón gCoimisiún’. |
CULTÚR
126) |
Leasaítear Airteagal 151(5) mar a leanas:
|
SLÁINTE PHOIBLÍ
127) |
Leasaítear Airteagal 152 mar a leanas:
|
COSAINT TOMHALTÓIRÍ
128) |
In Airteagal 153, déantar Airteagal 6a de mhír 2 agus déantar athuimhriú ar mhíreanna 3, 4 agus 5 mar mhíreanna 2, 3 agus 4 faoi seach. |
TIONSCAL
129) |
Leasaítear Airteagal 157 mar a leanas:
|
COMHTHÁTHÚ EACNAMAÍOCH, SÓISIALTA AGUS CRÍOCHACH
130) |
Cuirtear ‘COMHTHÁTHÚ EACNAMAÍOCH, SÓISIALTA AGUS CRÍOCHACH’ in ionad cheannteideal Theideal XVII. |
131) |
Leasaítear Airteagal 158 mar a leanas:
|
132) |
Sa dara mír d'Airteagal 159, cuirtear ‘leis an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach’ in ionad ‘leis an gcomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta’. |
133) |
Leasaítear Airteagal 161 mar a leanas:
|
134) |
Sa chéad mhír d'Airteagal 162, cuirtear ‘rialacháin chur chun feidhme’ in ionad ‘cinntí cur chun feidhme’. |
TAIGHDE AGUS FORBAIRT THEICNEOLAÍOCH
135) |
Cuirtear ‘AGUS AN SPÁS’ le ceannteideal Theideal XVIII. |
136) |
Leasaítear Airteagal 163 mar a leanas:
|
137) |
In Airteagal 165(2), cuirtear an méid seo a leanas isteach ag an deireadh: ‘..., go háirithe tionscnaimh arb é is aidhm dóibh treoirlínte agus táscairí a bhunú, malairtí dea-chleachtais a eagrú agus na heilimintí is gá a ullmhú don fhaireachán tréimhsiúil agus don mheastóireacht thréimhsiúil. Coinneofar Parlaimint na hEorpa go hiomlán ar an eolas.’ |
138) |
Leasaítear Airteagal 166 mar seo a leanas:
|
139) |
In Airteagal 167, sa dara mír cuirtear ‘an tAontas’ in ionad ‘an Chomhairle’. |
140) |
In Airteagal 168, sa dara mír, cuirtear ‘an tAontas’ in ionad ‘an Chomhairle’. |
141) |
Scriostar an fochlásal deiridh den dara mír d'Airteagal 170: ‘..., a dhéanfar a chaibidil agus a thabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 300’. |
AN SPÁS
142) |
Cuirtear an tAirteagal 172a nua seo a leanas isteach: ‘Airteagal 172a 1. Ullmhóidh an tAontas beartas spáis d'fhonn an forás eolaíoch agus teicniúil, an t-iomaíochas tionsclaíoch agus cur chun feidhme a chuid beartas a chur chun cinn. Chuige sin, féadfaidh sé tionscnaimh chomhpháirteacha a chur chun cinn, tacú leis an taighde agus leis an bhforbairt theicneolaíoch agus comhordú a dhéanamh ar na hiarrachtaí is gá a dhéanamh chun an spás a thaiscéaladh agus a shaothrú. 2. D'fhonn rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na bearta is gá a bhunú, a fhéadfaidh a bheith i bhfoirm cláir Eorpaigh spáis, gan aon chomhchuibhiú a dhéanamh ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát. 3. Bunóidh an tAontas gach caidreamh is iomchuí leis an nGníomhaireacht Eorpach Spáis. 4. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo dochar d'fhorálacha eile an Teidil seo.’ |
AN COMHSHAOL (ATHRÚ AERÁIDE)
143) |
Leasaítear Airteagal 174 mar a leanas:
|
144) |
Leasaítear Airteagal 175 mar a leanas:
|
TEIDIL AR ATHRAÍODH A n-IONAD
145) |
Déantar Caibidil 1 de Theideal III de Chuid a Cúig maidir le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais de Theideal XX ‘COMHAR UM FHORBAIRT’ agus déantar Airteagail 188d go 188g d'Airteagal 177 agus d'Airteagail 179, 180 agus 181. Déantar iad a leasú mar a leagtar amach anseo thíos i bpointí 161 go 164. Aisghairtear Airteagal 178. |
146) |
Déantar Caibidil 2 de Theideal III i gCuid a Cúig maidir le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais de Theideal XXI dar teideal ‘COMHAR EACNAMAÍOCH, AIRGEADAIS AGUS TEICNIÚIL LE TRÍÚ TÍORTHA’ agus déantar an tAirteagal 188h nua d'Airteagal 181a; déantar an tAirteagal seo a leasú mar a leagtar amach anseo thíos ag pointe 166. |
FUINNEAMH
147) |
Cuirtear an Teideal nua agus an tAirteagal 176a nua seo a leanas in ionad Theideal XX: ‘TEIDEAL XX FUINNEAMH Airteagal 176a 1. I gcomhthéacs bhunú agus oibriú an mhargaidh inmheánaigh agus ag féachaint don ghá atá ann an comhshaol a chaomhnú agus a fheabhsú, beidh sé d'aidhm ag beartas an Aontais maidir le fuinneamh, de mheon dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit:
2. Gan dochar do chur i bhfeidhm fhorálacha eile na gConarthaí, bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na bearta is gá chun na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1 a ghnóthú. Glacfar na bearta sin tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún. Ní dhéanfaidh na bearta sin difear don cheart atá ag Ballstát na coinníollacha a chinneadh maidir lena acmhainní fuinnimh a shaothrú, dá rogha idir fhoinsí éagsúla fuinnimh agus do struchtúr ginearálta a sholáthair fuinnimh, gan dochar d'Airteagal 175(2)(c). 3. De mhaolú ar mhír 2, bunóidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aontoil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, na bearta dá dtagraítear sa mhír sin nuair is bearta de chineál fioscach go príomha iad.’ |
TURASÓIREACHT
148) |
Cuirtear an Teideal nua agus Airteagal 176b nua seo a leanas in ionad Theideal XXI: ‘TEIDEAL XXI TURASÓIREACHT Airteagal 176b 1. Comhlánóidh an tAontas gníomhaíocht na mBallstát in earnáil na turasóireachta, go háirithe trí iomaíochas fhiontair an Aontais inti a chur chun cinn. Chuige sin, díreofar gníomhaíocht an Aontais ar na nithe seo a leanas:
2. Bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta sonracha arb é is aidhm dóibh gníomhaíochtaí laistigh de na Ballstáit a chomhlánú chun na cuspóirí dá dtagraítear san Airteagal seo a ghnóthú, gan aon chomhchuibhiú a dhéanamh ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát.’ |
COSAINT SHIBHIALTA
149) |
Cuirtear an Teideal XXII nua agus an tAirteagal 176c nua seo a leanas isteach: ‘TEIDEAL XXII COSAINT SHIBHIALTA Airteagal 176c 1. Cothóidh an tAontas comhar idir Bhallstáit d'fhonn cur le héifeachtúlacht na gcóras chun tubaistí nádúrtha nó tubaistí de dhéantús an duine a chosc agus cosaint ina gcoinne. Beidh sé d'aidhm ag gníomhaíocht an Aontais:
2. Bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na bearta is gá chun rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 1, gan aon chomhchuibhiú a dhéanamh ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát.’ |
COMHAR RIARACHÁIN
150) |
Cuirtear an Teideal XXIII nua agus an tAirteagal 176d nua seo a leanas isteach: ‘TEIDEAL XXIII COMHAR RIARACHÁIN Airteagal 176d 1. Measfar gur ábhar leasa choitinn atá sár-riachtanach do dhea-oibriú an Aontais é na Ballstáit dlí an Aontais a chur chun feidhme go héifeachtach. 2. Féadfaidh an tAontas tacú le hiarrachtaí na mBallstát a gcumas riaracháin a fheabhsú chun dlí an Aontais a chur chun feidhme. Féadfaidh a bheith san áireamh leis sin malartú faisnéise agus státseirbhíseach a éascú agus tacú le scéimeanna oiliúna. Ní bheidh oibleagáid ar Bhallstát ar bith tarraingt ar an tacaíocht sin. Bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na bearta is gá chun na críche sin, gan aon chomhchuibhiú a dhéanamh ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát. 3. Beidh an tAirteagal seo gan dochar d'oibleagáid na mBallstát dlí an Aontais a chur chun feidhme nó do shainchumais agus do dhualgais an Choimisiúin. Beidh an tAirteagal gan dochar freisin d'fhorálacha eile na gConarthaí lena bhforáiltear do chomhar riaracháin idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus an tAontas.’ |
TÍORTHA AGUS CRÍOCHA THAR LEAR A CHOMHLACHÚ
151) |
Ag deireadh na chéad mhíre d'Airteagal 182, scriostar ‘a ghabhann leis an gConradh seo’. |
152) |
In Airteagal 186, ag an deireadh, cuirtear ‘...a rialú le gníomhartha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 187’ in ionad ‘...a rialú le comhaontuithe a thabharfar i gcrích amach anseo le formheas d'aontoil ó na Ballstáit.’ . |
153) |
In Airteagal 187, cuirtear ‘ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún’ in ionad ‘ag gníomhú di d'aon toil’ agus cuirtear an abairt seo a leanas isteach ag deireadh an Airteagail: ‘Nuair a ghlacfaidh an Chomhairle na forálacha atá i gceist i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, gníomhóidh sí d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.’ |
GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS
154) |
Cuirtear Cuid a Cúig nua isteach. Tugtar an teideal ‘GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS’ uirthi agus beidh na teidil agus na caibidlí seo a leanas inti:
|
FORÁLACHA GINEARÁLTA
155) |
Cuirtear an Teideal I nua agus an tAirteagal 188a nua seo a leanas isteach: ‘TEIDEAL 1 FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS Airteagal 188a Beidh gníomhaíocht an Aontais ar an ardán idirnáisiúnta, de bhun na coda seo, á stiúradh ag na prionsabail, saothróidh sí na cuspóirí agus seolfar í i gcomhréir leis na forálacha ginearálta a leagtar síos i gCaibidil 1 de Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach.’ |
COMHBHEARTAS TRÁCHTÁLA
156) |
Cuirtear isteach Teideal II ‘COMHBHEARTAS TRÁCHTÁLA’ ina n-ionchorpraítear Teideal IX de Chuid a Trí. |
157) |
Cuirtear isteach Airteagal 188b a bhfuil foclaíocht Airteagal 131 aige; leasaítear é mar a leanas:
|
158) |
Cuirtear Airteagal 188c isteach, a ghabhann ionad Airteagal 133: ‘Airteagal 188c 1. Fothófar an comhbheartas tráchtála ar phrionsabail chomhionanna, go háirithe maidir le hathruithe ar rátaí taraife, le comhaontuithe taraife agus trádála a bhaineann le trádáil in earraí agus i seirbhísí a thabhairt i gcrích, agus gnéithe tráchtála na maoine intleachtúla, le hinfheistíocht dhíreach choigríche, le comhionannas a ghnóthú i mbearta léirscaoilte, le beartas onnmhairiúcháin agus le bearta chun trádáil a chosaint amhail bearta a ghlacfar i gcás dumpála nó fóirdheontas. Seolfar an comhbheartas tráchtála faoi chuimsiú phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais. 2. Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta ina saineofar an creat chun an comhbheartas tráchtála a chur chun feidhme. 3. Nuair is gá comhaontuithe le tríú tír amháin nó níos mó nó le heagraíocht idirnáisiúnta amháin nó níos mó a chaibidil agus a thabhairt i gcrích, beidh feidhm ag Airteagal 188n, faoi réir fhorálacha speisialta an Airteagail seo. Cuirfidh an Coimisiún moltaí faoi bhráid na Comhairle agus údaróidh an Chomhairle dó tús a chur leis an gcaibidlíocht is gá. Beidh an Chomhairle agus an Coimisiún freagrach as a áirithiú go bhfuil na comhaontuithe arna gcaibidil ag luí le beartais agus le rialacha inmheánacha an Aontais. Is é an Coimisiún a sheolfaidh an chaibidlíocht sin, i gcomhairle le coiste speisialta arna cheapadh ag an gComhairle chun bheith de chúnamh ag an gCoimisiún sa chúram sin, agus faoi chuimsiú na dtreoracha a fhéadfaidh an Chomhairle a dhíriú chuige. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil go tráthrialta don choiste speisialta agus do Pharlaimint na hEorpa maidir le dul chun cinn na caibidlíochta. 4. D'fhonn na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 3 a chaibidil agus a thabhairt i gcrích, gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe. D'fhonn comhaontuithe a bhaineann le réimse na trádála i seirbhísí agus i réimse ghnéithe tráchtála na maoine intleachtúla, mar aon le hinfheistíocht dhíreach choigríche, a chaibidil agus a thabhairt i gcrích, gníomhóidh an Chomhairle d'aontoil nuair atá forálacha sna comhaontuithe sin ar gá aontoilíocht a bheith leo chun rialacha inmheánacha a ghlacadh. Gníomhóidh an Chomhairle d'aontoil freisin maidir le comhaontuithe a chaibidil agus a thabhairt i gcrích:
5. Beidh caibidlíocht agus tabhairt i gcrích comhaontuithe idirnáisiúnta i réimse an iompair faoi réir Theideal V de Chuid a Trí agus Airteagal 188n. 6. Ní dhéanfaidh feidhmiú na n-inniúlachtaí arna dtabhairt san Airteagal seo i réimse an chomhbheartais tráchtála difear do theorannú na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit ná ní bheidh comhchuibhiú ar fhorálacha reachtacha ná rialúcháin na mBallstát mar thoradh air a mhéid a eisiann na Conarthaí comhchuibhiú den sórt sin.’ |
COMHAR UM FHORBAIRT
159) |
Cuirtear isteach Teideal III ‘COMHAR LE TRÍÚ TÍORTHA AGUS CABHAIR DHAONNÚIL’ . |
160) |
Cuirtear isteach Caibidil 1 ‘COMHAR UM FHORBAIRT’ ina n-ionchorpraítear Teideal XX de Chuid a Trí. |
161) |
Cuirtear isteach Airteagal 188d a bhfuil foclaíocht Airteagal 177 aige; leasaítear é mar a leanas:
|
162) |
Cuirtear Airteagal 188e isteach a bhfuil foclaíocht Airteagal 179 aige; leasaítear é mar a leanas:
|
163) |
Cuirtear Airteagal 188f isteach, a bhfuil foclaíocht Airteagal 180 aige; leasaítear é mar a leanas: Cuirtear ‘D'fhonn comhlántacht agus éifeachtúlacht a ngníomhaíochta a chur chun cinn, déanfaidh...’ isteach in ionad ‘Déanfaidh’ ag tús mhír 1. |
164) |
Cuirtear isteach Airteagal 188g a bhfuil foclaíocht Airteagal 181 aige; scriostar an dara habairt den chéad mhír agus an dara mír. |
COMHAR EACNAMAÍOCH, AIRGEADAIS AGUS TEICNIÚIL LE TRÍÚ TÍORTHA
165) |
Cuirtear isteach Caibidil 2 ‘COMHAR EACNAMAÍOCH, AIRGEADAIS AGUS TEICNIÚIL LE TRÍÚ TÍORTHA’ ina n-ionchorpraítear Teideal XXI de Chuid 3. |
166) |
Cuirtear isteach Airteagal 188h a bhfuil foclaíocht Airteagal 181a aige; leasaítear é mar a leanas:
|
167) |
Cuirtear an tAirteagal 188i nua seo a leanas isteach: ‘Airteagal 188i Nuair a éilíonn an staid i dtríú tír cúnamh airgeadais práinneach ón Aontas, glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, na cinntí is gá.’ |
CABHAIR DHAONNÚIL
168) |
Cuirtear an Chaibidil 3 nua agus an tAirteagal 188j nua seo a leanas isteach: ‘CAIBIDIL 3 CABHAIR DHAONNÚIL Airteagal 188j 1. Seolfar oibríochtaí an Aontais i réimse na cabhrach daonnúla faoi chuimsiú phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais. Beidh na hoibríochtaí sin ceaptha chun cúnamh ad hoc, faoiseamh agus cosaint a sholáthar do dhaoine i dtríú tíortha is íospartaigh i dtubaistí nádúrtha nó i dtubaistí de dhéantús an duine d'fhonn freastal ar na riachtanais dhaonnúla a leanann ó na staideanna éagsúla sin. Déanfaidh oibríochtaí an Aontais agus oibríochtaí na mBallstát a chéile a chomhlánú agus a neartú. 2. Seolfar oibríochtaí cabhrach daonnúla i gcomhréir le prionsabail an dlí idirnáisiúnta agus le prionsabail na neamhchlaontachta, na neodrachta agus an neamh-idirdhealaithe. 3. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta a bhunú ina saineofar an creat ina ndéanfar oibríochtaí cabhrach daonnúla an Aontais a chur chun feidhme. 4. Féadfaidh an tAontas aon chomhaontú a chuideoidh le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 1 agus in Airteagal 10a den Chonradh ar an Aontas Eorpacha thabhairt i gcrích le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla. Beidh an chéad fhomhír gan dochar d'inniúlacht na mBallstát dul i mbun caibidlíochta i gcomhlachtaí idirnáisiúnta agus comhaontuithe a thabhairt i gcrích. 5. D'fhonn creat a bhunú chun go bhféadfaidh Eorpaigh óga rannchuidiú go comhpháirteach le hoibríochtaí cabhrach daonnúla an Aontais, cuirfear ar bun Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil. Cinnfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na rialacha agus na nósanna imeachta d'oibriú an Chóir. 6. Féadfaidh an Coimisiún gach tionscnamh is fóinteach a ghlacadh chun an comhordú idir gníomhaíochtaí an Aontais agus na mBallstát a chur chun cinn d'fhonn éifeachtúlacht agus comhlántacht bhearta cabhrach daonnúla an Aontais agus beart cabhrach daonnúla náisiúnta a fheabhsú. 7. Áiritheoidh an tAontas go mbeidh a oibríochtaí cabhrach daonnúla comhordaithe agus comhchuí le hoibríochtaí eagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhlachtaí idirnáisiúnta, go háirithe leo sin atá ina gcuid de chóras na Náisiún Aontaithe.’ |
BEARTA SRIANTACHA
169) |
Cuirtear isteach Teideal IV agus Airteagal 188k, a chuirtear in ionad Airteagal 301: ‘TEIDEAL IV BEARTA SRIANTACHA Airteagal 188k 1. Nuair a fhorálfar le cinneadh, arna ghlacadh i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach, go ndéanfar an caidreamh eacnamaíoch agus airgeadais le tríú tír amháin nó níos mó a bhriseadh nó a laghdú, go hiomlán nó go páirteach, glacfaidh an Chomhairle na bearta is gá, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún. Cuirfidh sí Parlaimint na hEorpa ar an eolas. 2. Nuair a fhorálfar amhlaidh le cinneadh arna ghlacadh i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach, féadfaidh an Chomhairle bearta sriantacha a ghlacadh faoin nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 in aghaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha, in aghaidh grúpaí nó in aghaidh eintiteas neamhstáit. 3. Beidh sna gníomhartha dá dtagraítear san Airteagal seo na forálacha is gá i dtaca le coimircí dlíthiúla.’ |
COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA
170) |
Cuirtear Teideal V ‘COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA’ isteach i ndiaidh Airteagal 188k. |
171) |
Cuirtear an tAirteagal 188l seo a leanas isteach: ‘Airteagal 188l 1. Féadfaidh an tAontas comhaontú a thabhairt i gcrích le tríú tír amháin nó níos mó nó le heagraíocht idirnáisiúnta amháin nó níos mó má fhoráiltear amhlaidh sna Conarthaí nó nuair is gá comhaontú a thabhairt i gcrích d'fhonn ceann de na cuspóirí dá dtagraítear sna Conarthaí a ghnóthú faoi chuimsiú bheartais an Aontais, nó má fhoráiltear do chomhaontú a thabhairt i gcrích i ngníomh Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí nó más dóigh do chomhaontú a thabhairt i gcrích difear a dhéanamh do chomhrialacha nó a raon feidhme a athrú. 2. Beidh na comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas ina gceangal ar institiúidí an Aontais agus ar a Bhallstáit.’ |
172) |
Cuirtear isteach Airteagal 188m a bhfuil foclaíocht Airteagal 310 aige. Cuirtear ‘tríú tír amháin nó níos mó’ in ionad ‘Stát amháin nó níos mó’. |
173) |
Cuirtear isteach Airteagal 188n a ghabhann ionad Airteagal 300: ‘Airteagal 188n 1. Gan dochar do na forálacha sonracha atá leagtha síos in Airteagal 188c, déanfar comhaontuithe idir an tAontas agus tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta a chaibidil agus a thabhairt i gcrích i gcomhréir leis an nós imeachta anseo thíos. 2. Údaróidh an Chomhairle an chaibidlíocht a thosú, glacfaidh sí na treoracha caibidlíochta, údaróidh sí síniú comhaontuithe agus tabharfaidh sí na comhaontuithe i gcrích. 3. Déanfaidh an Coimisiún, nó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála nuair a bhainfidh an comhaontú arna bheartú go heisiach nó go príomha leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, moltaí a thíolacadh don Chomhairle, agus glacfaidh an Chomhairle cinneadh lena n-údarófar an chaibidlíocht a thosú agus lena n-ainmneofar, i bhfianaise ábhar an chomhaontaithe arna bheartú, idirbheartaí an Aontais nó ceannaire fhoireann caibidlíochta an Aontais. 4. Féadfaidh an Chomhairle treoracha a dhíriú chuig an idirbheartaí agus coiste speisialta a ainmniú nach foláir an chaibidlíocht a sheoladh i gcomhairle leis. 5. Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón idirbheartaí, cinneadh lena n-údarófar an comhaontú a shíniú agus, más gá, é a chur i bhfeidhm go sealadach roimh a theacht i bhfeidhm. 6. Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón idirbheartaí, cinneadh lena dtabharfar an comhaontú i gcrích. Ach amháin nuair a bhainfidh an comhaontú go heisiach leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, glacfaidh an Chomhairle an cinneadh lena dtabharfar an comhaontú i gcrích:
7. Agus comhaontú á thabhairt i gcrích aici, féadfaidh an Chomhairle, de mhaolú ar mhíreanna 5, 6 agus 9, a údarú don idirbheartaí formheas a thabhairt thar ceann an Aontais ar leasuithe ar an gcomhaontú nuair a fhorálfar ann go nglacfar iad trí nós imeachta simplithe nó trí chomhlacht arna bhunú leis an gcomhaontú. Féadfaidh an Chomhairle coinníollacha sonracha a chur ag gabháil leis an údarú sin. 8. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe i gcaitheamh an nós imeachta. Gníomhóidh sí d'aon toil, áfach, nuair a bhainfidh an comhaontú le réimse inar gá aontoilíocht chun gníomh Aontais a ghlacadh, i gcás comhaontuithe comhlachais agus i gcás na gcomhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 188h leis na Stáit is iarrthóirí ar aontachas. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil chomh maith ar mhaithe leis an gcomhaontú a bhaineann le haontachas an Aontais leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint; ní thiocfaidh an cinneadh a bhaineann leis an gcomhaontú sin a chur i gcrích i bhfeidhm go dtí go mbeidh sé formheasta ag na Ballstáit, i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach. 9. Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún nó ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, cinneadh lena bhfionrófar cur i bhfeidhm comhaontaithe agus lena mbunófar na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe. 10. Cuirfear Parlaimint na hEorpa go hiomlán ar an eolas láithreach ag gach céim den nós imeachta. 11. Féadfaidh Ballstát, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún tuairim na Cúirte Breithiúnais a fháil i dtaobh cé acu an bhfuil nó nach bhfuil comhaontú atáthar ag brath a dhéanamh ag luí leis na Conarthaí. I gcás tuairime diúltaí ón gCúirt, ní fhéadfaidh an comhaontú atáthar ag brath a dhéanamh teacht i bhfeidhm gan leasú a dhéanamh ar an gcomhaontú nó gan athbhreithniú a dhéanamh ar na Conarthaí.’ |
174) |
Cuirtear isteach Airteagal 188o a bhfuil foclaíocht mhíreanna 1 go 3 agus 5 d'Airteagal 111 aige agus déantar an dara fomhír den mhír sin den dá abairt deiridh de mhír 1; leasaítear é mar a leanas:
|
CAIDRIMH AN AONTAIS LE hEAGRAÍOCHTAÍ IDIRNÁISIÚNTA AGUS LE TRÍÚ TÍORTHA AGUS TOSCAIREACHTAÍ AN AONTAIS
175) |
Cuirtear Teideal VI agus na hAirteagail 188p agus 188q seo a leanas isteach, agus Airteagal 188p ag gabháil ionad Airteagail 302 go 304: ‘TEIDEAL VI CAIDREAMH AN AONTAIS LE hEAGRAÍOCHTAÍ IDIRNÁISIÚNTA AGUS LE TRÍÚ TÍORTHA AGUS TOSCAIREACHTAÍ AN AONTAIS AIRTEAGAIL 188p 1. Bunóidh an tAontas gach comhar is iomchuí le comhlachtaí na Náisiún Aontaithe agus lena sainghníomhaireachtaí, le Comhairle na hEorpa, leis an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip agus leis an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta. Déanfaidh an tAontas freisin caidreamh mar is iomchuí a choimeád ar bun le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile. 2. Cuirfear de chúram ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an tAirteagal seo a chur chun feidhme. Airteagal 188q 1. Feidhmeoidh toscaireachtaí an Aontais ar son an Aontais i dtríú tíortha agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta. 2. Cuirtear toscaireachtaí an Aontais faoi údarás Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála. Gníomhóidh siad i ndlúthchomhar le misin taidhleoireachta agus chonsalacha na mBallstát.’ |
CLÁSAL DLÚTHPHÁIRTÍOCHTA
176) |
Cuirtear an Teideal VII nua agus an tAirteagal 188r nua seo a leanas isteach: ‘TEIDEAL VII CLÁSAL DLÚTHPHÁIRTÍOCHTA Airteagal 188r 1. Gníomhóidh an tAontas agus na Ballstáit i gcomhpháirt le chéile de mheon dlúthpháirtíochta má fhulaingíonn Ballstát ionsaí sceimhlitheoireachta nó tubaiste nádúrtha nó tubaiste de dhéantús an duine. Slógfaidh an tAontas na hionstraimí uile dá bhfuil ar láimh aige, lena n-áirítear na hacmhainní míleata arna gcur ar fáil ag na Ballstáit, chun:
2. Má fhulaingíonn Ballstát ionsaí sceimhlitheoireachta nó tubaiste nádúrtha nó tubaiste de dhéantús an duine, beidh na Ballstáit eile de chúnamh aige arna iarraidh sin dá údaráis pholaitiúla. Chuige sin, comhordóidh na Ballstáit le chéile i dtionól na Comhairle. 3. Saineofar na socruithe maidir leis an Aontas an clásal dlúthpháirtíochta seo a chur chun feidhme le cinneadh a ghlacfaidh an Chomhairle, ar chomhthogra ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála. Nuair a bheidh impleachtaí cosanta ag an gcinneadh sin, gníomhóidh an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 15b(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas. Chun críocha na míre seo agus gan dochar d'Airteagal 207, beidh de chúnamh ag an gComhairle an Coiste Polaitiúil agus Slándála, le tacaíocht ó na struchtúir arna bhforbairt faoi chuimsiú an chomhbheartais slándála agus cosanta, agus an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 61d, tabharfaidh an dá choiste tuairimí comhpháirteacha, más gá. 4. Déanfaidh an Chomhairle Eorpach measúnú go tráthrialta ar na bagairtí a bhfuil aghaidh le tabhairt orthu ag an Aontas chun a chumasú don Aontas agus do na Ballstáit gníomhú go héifeachtúil.’ |
FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS
177) |
Athuimhrítear Cuid a Cúig mar ‘CUID A SÉ’ agus cuirtear ‘FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS’ in ionad an cheannteidil. |
PARLAIMINT NA hEORPA
178) |
Aisghairtear Airteagal 189. |
179) |
Leasaítear Airteagal 190 mar a leanas:
|
180) |
In Airteagal 191, scriostar an chéad mhír; sa dara mír, cuirtear ‘Leagfaidh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa síos, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,...’ in ionad ‘Leagfaidh an Chomhairle síos ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251...’ agus cuirtear ‘dá dtagraítear in Airteagal 8a den Chonradh ar an Aontas Eorpach’ isteach i ndiaidh ‘ar leibhéal Eorpach’ agus cuirtear isteach ‘dá dtagraítear in Airteagal 8a(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach’. |
181) |
In Airteagal 192, scriostar an chéad mhír; sa dara mír, cuirtear ‘na gcomhaltaí a chomhdhéanann í’ in ionad ‘a comhaltaí’ agus cuirtear an abairt seo a leanas isteach ag deireadh na míre: ‘Mura gcuirfidh an Coimisiún aon togra faoina bráid, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi na cúiseanna.’ |
182) |
Leasaítear Airteagal 193 mar a leanas:
|
183) |
Leasaítear Airteagal 195 mar a leanas:
|
184) |
Sa dara mír d'Airteagal 196, cuirtear ‘i bpáirtseisiún de sheisiún urghnách’ in ionad ‘i seisiún urghnách’ agus cuirtear ‘na gcomhaltaí a chomhdhéanann í’ in ionad ‘a comhaltaí’. |
185) |
Leasaítear Airteagal 197 mar a leanas:
|
186) |
Sa chéad mhír d'Airteagal 198, scriostar ‘glan’. |
187) |
Sa dara mír d'Airteagal 199, cuirtear ‘... ar an modh a leagfar síos sna Conarthaí agus ina Rialacha Nós Imeachta.’ in ionad ‘... ar an modh a leagfar síos ina rialacha nós imeachta.’ |
188) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír d'Airteagal 201: ‘Má ritear an tairiscint cháinte trí thromlach dhá thrian de na vótaí arna gcaitheamh, agus gurb ionann sin agus tromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann Parlaimint na hEorpa, éireoidh comhaltaí an Choimisiúin as a n-oifig d'aon bhuíon agus éireoidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála as na dualgais a fheidhmíonn sé nó sí sa Choimisiún. Fanfaidh siad i mbun oifige agus leanfaidh siad orthu ag déileáil le gnó reatha go dtí go gceapfar daoine ina n-ionad i gcomhréir le hAirteagal 9d den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Sa chás sin, rachaidh téarma oifige chomhaltaí an Choimisiúin a cheapfar chun a n-ionad a ghabháil in éag ar an dáta a rachadh téarma oifige chomhaltaí an Choimisiúin ar tugadh orthu éirí as d'aon bhuíon in éag.’ |
AN CHOMHAIRLE EORPACH
189) |
Cuirtear an Roinn 1a nua agus na hAirteagail 201a agus 201b nua seo a leanas isteach: ‘ROINN 1a AN CHOMHAIRLE EORPACH Airteagal 201a 1. Nuair a dhéantar vótáil, féadfaidh comhalta ar bith den Chomhairle Eorpach gníomhú freisin thar ceann comhalta amháin eile ar a mhéid. Beidh feidhm ag Airteagal 9c(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus ag Airteagal 205(2) den Chonradh seo maidir leis an gComhairle Eorpach nuair a ghníomhóidh sí trí thromlach cáilithe. Nuair a ghlacfaidh an Chomhairle Eorpach cinntí trí vóta a chaitheamh, ní ghlacfaidh an tUachtarán ná Uachtarán an Choimisiúin páirt sa vótáil. Ní choiscfidh staonadh ó vótáil ag comhaltaí atá i láthair go pearsanta nó a n-ionadaítear dóibh an Chomhairle Eorpach ar chinntí ar gá aontoilíocht dóibh a ghlacadh. 2. Féadfaidh an Chomhairle Eorpach cuireadh chun éisteacht a thabhairt d'Uachtarán Pharlaimint na hEorpa. 3. Gníomhóidh an Chomhairle Eorpach trí thromlach simplí maidir le ceisteanna nós imeachta agus maidir le glacadh a Rialacha Nós Imeachta. 4. Beidh Ardrúnaíocht na Comhairle de chúnamh ag an gComhairle Eorpach. Airteagal 201b Glacfaidh an Chomhairle Eorpach trí thromlach cáilithe:
|
AN CHOMHAIRLE
190) |
Aisghairtear Airteagail 202 agus 203. |
191) |
Leasaítear Airteagal 205 mar a leanas:
|
192) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 207: ‘Airteagal 207 1. Beidh coiste arna chomhdhéanamh de Bhuanionadaithe na mBallstát freagrach as obair na Comhairle a ullmhú agus as na cúraimí a chuireann an Chomhairle air a chur i gcrích. Féadfaidh an Coiste cinntí maidir le nós imeachta a ghlacadh sna cásanna dá bhforáiltear i Rialacha Nós Imeachta na Comhairle. 2. Beidh Ardrúnaíocht de chúnamh ag an gComhairle, faoi fhreagracht Ardrúnaí arna cheapadh ag an gComhairle. Cinnfidh an Chomhairle trí thromlach simplí eagrúchán na hArdrúnaíochta. 3. Gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach simplí maidir le ceisteanna nós imeachta agus maidir le glacadh a Rialacha Nós Imeachta.’ |
193) |
Cuirtear an abairt seo a leanas le deireadh Airteagal 208: ‘Mura dtíolacfaidh an Coimisiún togra, cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas faoi na cúiseanna.’ |
194) |
In Airteagal 209, cuirtear ‘, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún,’ in ionad ‘, tar éis tuairim a fháil ón gCoimisiún,’. |
195) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 210: ‘Airteagal 210 Cinnfidh an Chomhairle tuarastail, slánaíochtaí agus pinsin Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Uachtarán an Choimisiúin, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chomhaltaí an Choimisiúin, Uachtarán, chomhaltaí agus Chláraitheoirí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus Ardrúnaí na Comhairle. Cinnfidh sí aon íocaíocht is intugtha in ionad luach saothair chomh maith.’ |
AN COIMISIÚN
196) |
Aisghairtear Airteagal 211. Cuirtear Airteagal 211a isteach: ‘Airteagal 211a I gcomhréir le hAirteagal 9d(5) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, roghnófar comhaltaí an Choimisiúin ar bhonn córais uainíochta arna bhunú d'aon toil ag an gComhairle Eorpach ar bhonn na bprionsabal a leanas:
|
197) |
Déantar mír 2 nua d'Airteagal 218 d'Airteagal 212. |
198) |
In Airteagal 213, scriostar mír 1 agus fágtar mír 2 gan uimhir; cuirtear an chéad dá fhomhír di le chéile mar a leanas: ‘Staonfaidh comhaltaí an Choimisiúin ó aon ghníomh nach luíonn le cineál a bhfeidhmeanna. Urramóidh na Ballstáit a neamhspleáchas agus ní fhéachfaidh siad le tionchar a oibriú orthu i gcomhlíonadh a gcúraimí dóibh.’ |
199) |
Aisghairtear Airteagal 214. |
200) |
Leasaítear Airteagal 215 mar a leanas:
|
201) |
In Airteagal 217, scriostar míreanna 1, 3 agus 4 agus fágtar mír 2 gan uimhir. Cuirtear an abairt seo a leanas in ionad na chéad abairte: ‘Gan dochar d'Airteagal 9e(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, déanfaidh an tUachtarán na freagrachtaí is dlite don Choimisiún a struchtúrú agus a dháileadh idir a chomhaltaí, i gcomhréir le hAirteagal 9d(6) den Chonradh sin.’ |
202) |
Scriostar Airteagal 218(1); déantar athuimhriú ar mhír 2 mar mhír 1 agus scriostar ‘de réir fhorálacha an Chonartha seo’. Cuirtear isteach mír 2 a bhfuil foclaíocht Airteagal 212 aici. |
203) |
Sa chéad mhír d'Airteagal 219, cuirtear ‘dá chomhaltaí’ in ionad ‘den líon comhaltaí dá bhforáiltear in Airteagal 213’ agus cuirtear ‘Socrófar an córam ina Rialacha Nós Imeachta.’ in ionad an dara mír. |
AN CHÚIRT BHREITHIÚNAIS
204) |
I gceannteideal Roinn 4, cuirtear ‘CÚIRT BHREITHIÚNAIS AN AONTAIS EORPAIGH’ in ionad ‘AN CHÚIRT BHREITHIÚNAIS’. |
205) |
Aisghairtear Airteagal 220. |
206) |
In Airteagal 221, scriostar an chéad mhír. |
207) |
In Airteagal 223, cuirtear ‘..., tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste dá bhforáiltear in Airteagal 224a’ isteach ag deireadh na chéad mhíre. |
208) |
Sa chéad mhír d'Airteagal 224, scriostar an chéad abairt agus cuirtear ‘líon Bhreithiúna na Cúirte’ isteach in ionad ‘líon na mBreithiúna’. Sa dara mír, cuirtear ‘..., tar éis dul i gcomhairle leis an bpainéal dá bhforáiltear in Airteagal 224a’ isteach ag deireadh an dara mír. |
209) |
Cuirtear an tAirteagal 224a nua seo a leanas isteach: ‘Airteagal 224a Cuirfear painéal ar bun chun tuairim a thabhairt ar oiriúnacht na n-iarrthóirí chun feidhmeanna Breithimh agus Abhcóide Ghinearálta den Chúirt Bhreithiúnais agus den Chúirt Ghinearálta a fheidhmiú sula ndéanfaidh rialtais na mBallstát na ceapacháin dá dtagraítear in Airteagail 223 agus 224. Beidh ar an bpainéal seachtar arna dtoghadh as measc iarchomhaltaí na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta, comhaltaí de chúirteanna uachtaracha náisiúnta agus dlíodóirí a n-aithnítear a n-inniúlacht, agus déanfaidh Parlaimint na hEorpa duine amháin acu a mholadh. Glacfaidh an Chomhairle cinneadh lena mbunófar rialacha oibriúcháin an phainéil agus cinneadh lena gceapfar a chomhaltaí. Gníomhóidh sí ar thionscnamh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais.’ |
210) |
Sa chéad abairt den chéad fhomhír de mhír 1 d'Airteagal 225 cuirtear ‘a shanntar do chúirt speisialaithe arna cur ar bun de bhun Airteagal 225a agus díobh siúd ...’ in ionad ‘... a shanntar do phainéal breithiúnach agus díobh siúd ...’ agus i mír 2, an chéad fhomhír, scriostar ‘arna gcur ar bun de bhun Airteagal 225a’. |
211) |
Leasaítear Airteagal 225a mar a leanas:
|
212) |
Leasaítear Airteagal 228 mar a leanas:
|
213) |
In Airteagal 229a, cuirtear ‘féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, ...’ in ionad ‘...féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, ...’ agus cuirtear ‘cearta Eorpacha maoine intleachtúla’ in ionad ‘cearta Comhphobail maoine tionsclaíche’. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deiridh: ‘Tiocfaidh an forálacha sin i bhfeidhm tar éis a bhformheasta ag na Ballstáit, i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.’ |
214) |
Leasaítear Airteagal 230 mar a leanas:
|
215) |
In Airteagal 231, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír: ‘Ar a shon sin, cuirfidh an Chúirt Bhreithiúnais in iúl, má mheasann sí gur gá é, cé acu d'éifeachtaí an ghnímh a dhearbhaigh sí a bheith ar neamhní is inmheasta a bheith cinntitheach.’ |
216) |
Leasaítear Airteagal 232 mar a leanas:
|
217) |
Sa chéad mhír d'Airteagal 233, scriostar ‘nó na hinstitiúidí’, ‘a ngníomh’ agus ‘nó orthu’; scriostar an tríú mír. |
218) |
I bpointe (b) den chéad mhír d'Airteagal 234, scriostar ‘agus de chuid an BCE’ agus scriostar pointe (c). Cuirtear an mhír seo a leanas le deireadh an Airteagail: ‘Má thugtar cás den sórt sin ar aird i gcás a bheidh ar feitheamh os comhair cúirte nó binse de chuid Ballstáit maidir le duine atá faoi choimeád, gníomhóidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a luaithe is féidir.’ |
219) |
In Airteagal 235, cuirtear tagairt don dara mír agus don tríú mír d'Airteagal 288 in ionad na tagartha don dara mír d'Airteagal 288. |
220) |
Cuirtear an tAirteagal 235a nua seo a leanas isteach: ‘Airteagal 235a Ní bheidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais breith a thabhairt maidir le dlíthiúlacht gnímh arna ghlacadh ag an gComhairle Eorpach nó ag an gComhairle de bhun Airteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach ach amháin arna iarraidh sin don Bhallstát atá ina ábhar do shuíomh ón gComhairle Eorpach nó ón gComhairle agus ach amháin i ndáil leis na réamhchoinníollacha nós imeachta san Airteagal sin. Ní mór an iarraidh sin a dhéanamh laistigh de mhí ón dáta ar suíodh amhlaidh. Rialóidh an Chúirt laistigh de mhí ó dháta na hiarrata.’ |
221) |
In Airteagal 236, cuirtear ‘... atá leagtha síos i Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais agus i gCoinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais’ in ionad ‘...atá leagtha síos sna Rialacháin Foirne nó sna Coinníollacha Fostaíochta’. |
222) |
I bpointe (d) d'Airteagal 237, ag tús an dara habairt, cuirtear ‘Rialaithe’ isteach i ndiaidh ‘Comhairle’. |
223) |
Cuirtear an dá Airteagal 240a agus 240b nua seo a leanas isteach: ‘Airteagal 240a Ní bheidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndáil leis an forálacha a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, ná maidir leis na gníomhartha a ghlacfar bunaithe ar na forálacha sin. Ar a shon sin, beidh dlínse ag an gCúirt chun faireachán a dhéanamh maidir le comhlíonadh Airteagal 25b den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus chun rialú a thabhairt ar imeachtaí, arna dtionscnamh i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sa cheathrú mír d'Airteagal 230 den Chonradh seo, a dhéanann athbhreithniú ar dhlíthiúlacht na gcinntí lena bhforáiltear do bhearta sriantacha in aghaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha, arna nglacadh ag an gComhairle ar bhonn Chaibidil 2 de Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Airteagal 240b Agus a cuid cumhachtaí maidir le forálacha Chaibidil 4 agus Chaibidil 5 de Chuid a Trí a bhaineann leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais á bhfeidhmiú aici, ní bheidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le bailíocht nó le comhréireacht oibríochtaí arna ndéanamh ag póilíní nó ag seirbhísí eile forfheidhmithe dlí de chuid Ballstáit nó le feidhmiú na bhfreagrachtaí atá ar na Ballstáit i dtaca leis an ord poiblí a chaomhnú agus slándáil inmheánach a choimirciú.’ |
224) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 241: ‘Airteagal 241 D'ainneoin an tréimhse atá leagtha síos sa chúigiú mír d'Airteagal 230 a bheith caite, féadfaidh aon pháirtí, i gcás imeachtaí ina mbeidh gníomh a bhfuil feidhm ghinearálta aige arna ghlacadh ag institiúid, ag comhlacht, ag oifig nó ag gníomhaireacht de chuid an Aontais faoi shaincheist, na forais a phléadáil dá bhforáiltear sa dara mír d'Airteagal 230 d'fhonn neamhfheidhmeacht an ghnímh sin a agairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.’ |
225) |
Sa dara habairt d'Airteagal 242, scriostar ‘Bhreithiúnais’ i ndiaidh ‘Cúirt’. |
226) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír d'Airteagal 245: ‘Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, forálacha an Reachta a leasú, cé is moite de Theideal I agus d'Airteagal 64 de. Gníomhóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle arna iarraidh sin don Chúirt Bhreithiúnais tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, nó ar thogra ón gCoimisiún tar éis dul i gcomhairle leis an gCúirt Bhreithiúnais.’ |
AN BANC CEANNAIS EORPACH
227) |
Cuirtear isteach Roinn 4a agus Airteagal 245a seo a leanas: ‘ROINN 4a AN BANC CEANNAIS EORPACH Airteagal 245a 1. Comhdhéanfar an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC) den Bhanc Ceannais Eorpach i dteannta leis na bainc cheannais náisiúnta. Déanfaidh an Banc Ceannais Eorpach i dteannta le bainc cheannais náisiúnta na mBallstát sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu, a chomhdhéanann an tEurochóras, beartas airgeadaíochta an Aontais a sheoladh. 2. Is iad comhlachtaí cinnteoireachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh a rialóidh an CEBC. Beidh de chuspóir príomhúil ag an CEBC cobhsaíocht praghsanna a choimeád ar bun. Gan dochar don chuspóir sin, tacóidh sé leis na beartais eacnamaíocha ghinearálta san Aontas d'fhonn rannchuidiú le gnóthú chuspóirí an Aontais. 3. Beidh pearsantacht dhlítheanach ag an mBanc Ceannais Eorpach. Eisean amháin a fhéadfaidh eisiúint an euro a údarú. Beidh sé neamhspleách i bhfeidhmiú a chumhachtaí agus i mbainistiú a chúrsaí airgeadais. Déanfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus rialtais na mBallstát an neamhspleáchas sin a urramú. 4. Glacfaidh an Banc Ceannais Eorpach pé bearta is gá chun a chúraimí a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagail 105 go 111a agus le hAirteagal 115c, agus leis na coinníollacha atá socraithe i Reacht an CEBC agus an BCE. I gcomhréir leis na hAirteagail chéanna sin, coinneoidh na Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, agus a gcuid Banc Ceannais, a gcumhachtaí in ábhair airgeadaíochta. 5. Rachfar i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach, sna réimsí a thig faoina fhreagrachtaí, maidir le gach gníomh Aontais arna bheartú, agus le gach togra rialacháin ar leibhéal náisiúnta, agus féadfaidh sé tuairimí a thabhairt.’ |
228) |
Cuirtear isteach Airteagal 245b a bhfuil foclaíocht Airteagal 112 aige; leasaítear é mar a leanas:
|
229) |
Cuirtear isteach Airteagal 245(c) a bhfuil foclaíocht Airteagal 113 aige. |
AN CHÚIRT INIÚCHÓIRÍ
230) |
In Airteagal 246, cuirtear ‘ar chuntais an Aontais’ isteach ag an deireadh in ionad ‘ar na cuntais’ agus cuirtear an mhír nua seo a leanas isteach mar dhara mír: ‘Beidh sí comhdhéanta de náisiúnach amháin as gach Ballstát. Beidh a comhaltaí, chun leas ginearálta an Aontais, neamhspleách ar fad i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna.’ |
231) |
Leasaítear Airteagal 247 mar a leanas:
|
232) |
In Airteagal 248, cuirtear ‘gach comhlachta, gach oifige nó gach gníomhaireachta’ in ionad ‘gach comhlachta’, seachas i gcás na bhfocal ‘comhlachtaí náisiúnta iniúchóireachta’ agus i gcás na habairte deiridh den chéad fhomhír de mhír 3. |
GNÍOMHARTHA DLÍ AN AONTAIS
233) |
Cuirtear an Ceannteideal seo a leanas in ionad Cheannteideal Chaibidil 2: ‘GNÍOMHARTHA DLÍ AN AONTAIS, NÓSANNA IMEACHTA GLACTHA AGUS FORÁLACHA EILE’. |
234) |
Cuirtear Roinn 1 isteach, roimh Airteagal 249: |
235) |
Leasaítear Airteagal 249 mar a leanas:
|
236) |
Cuirtear na hAirteagail 249a go 249d nua seo a leanas isteach: ‘Airteagal 249a 1. Is éard is gnáthnós imeachta reachtach ann go nglacfadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go comhpháirteach, ar thogra ón gCoimisiún, rialachán, treoir nó cinneadh. Sainítear an nós imeachta seo in Airteagal 251. 2. Sna cásanna sonracha dá bhforáiltear sna Conarthaí, is éard is nós imeachta reachtach speisialta ann go nglacfadh Parlaimint na hEorpa rialachán, treoir nó cinneadh, le rannpháirtíocht ón gComhairle, nó go nglacfadh an Chomhairle rialachán, treoir nó cinneadh, le rannpháirtíocht ó Pharlaimint na hEorpa. 3. Is éard is gníomhartha reachtacha ann na gníomhartha dlí a glacadh trí nós imeachta reachtach. 4. Sna cásanna sonracha dá dtagraítear sna Conarthaí, féadfar na gníomhartha reachtacha a ghlacadh ar thionscnamh ó ghrúpa Ballstát nó ó Pharlaimint na hEorpa, ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach nó arna iarraidh sin don Chúirt Bhreithiúnais nó don Bhanc Eorpach Infheistíochta. Airteagal 249b 1. Féadfar le gníomh reachtach cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo a fhorlíonann nó a leasaíonn gnéithe neamhriachtanacha áirithe den ghníomh reachtach sin a ghlacadh. Déanfar cuspóirí, inneachar, raon feidhme agus ré tharmligean na cumhachta a shainiú go sainráite sna gníomhartha reachtacha. Déanfar na heilimintí sár-riachtanacha d'aon réimse a fhorchoimeád don ghníomh reachtach agus ní bheidh na heilimintí sin dá réir sin ina n-ábhar do tharmligean cumhachta. 2. Leagfar síos go sainráite le gníomhartha reachtacha na coinníollacha a mbeidh an tarmligean faoina réir; féadfaidh na coinníollacha sin a bheith mar a leanas:
Chun críocha (a) agus (b), gníomhóidh Parlaimint na hEorpa trí thromlach na gcomhaltaí a chomhdhéanann í, agus gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe. 3. Déantar “arna tharmligean” nó “arna tarmligean” a chur isteach de réir mar is iomchuí i gceannteidil gníomhartha tarmligthe. Airteagal 249c 1. Glacfaidh na Ballstáit gach beart dlí náisiúnta is gá chun gníomhartha Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a chur chun feidhme. 2. Nuair is gá coinníollacha comhionanna chun gníomhartha Aontais a chur chun feidhme, tabharfaidh na gníomhartha sin cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún, nó, i gcásanna sonracha cuí-réasúnaithe agus sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 11 agus in Airteagal 13 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, don Chomhairle. 3. Chun críocha mhír 2, bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle roimh ré, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí chur chun feidhme an Choimisiúin. 4. Cuirtear “cur chun feidhme” isteach i gceannteidil na ngníomhartha cur chun feidhme. Airteagal 249d Glacfaidh an Chomhairle moltaí. Gníomhóidh sí ar thogra ón gCoimisiún sna cásanna uile ina bhforáiltear sna Conarthaí go nglacfaidh sí gníomhartha ar thogra ón gCoimisiún. Gníomhóidh sí d'aon toil sna réimsí sin inar gá aontoilíocht chun gníomh Aontais a ghlacadh. Déanfaidh an Coimisiún, agus an Banc Ceannais Eorpach sna cásanna sonracha dá bhforáiltear sna Conarthaí, moltaí a ghlacadh.’ |
NÓSANNA IMEACHTA CHUN GNÍOMHARTHA AGUS FORÁLACHA EILE A GHLACADH
237) |
Cuirtear Roinn 2 ‘NÓSANNA IMEACHTA CHUN GNÍOMHARTHA AGUS FORÁLACHA EILE A GHLACADH’ isteach roimh Airteagal 250. |
238) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 d'Airteagal 250(1): ‘1. Nuair a ghníomhóidh an Chomhairle, de bhun na gConarthaí, ar thogra ón gCoimisiún, ní fhéadfaidh an Chomhairle an togra sin a leasú ach amháin ag gníomhú d'aon toil di, seachas sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 251(10) agus (13), in Airteagail 268 agus 270a, in Airteagal 272 agus sa dara mír d'Airteagal 273.’ |
239) |
Leasaítear Airteagal 251 mar a leanas:
|
240) |
Aisghairtear Airteagal 252. Cuirtear isteach an tAirteagal 252a nua seo a leanas: ‘Airteagal 252b Rachaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún i gcomhairle le chéile agus déanfaidh siad socruithe de thoil a chéile don chomhar eatarthu. Chuige sin, féadfaidh siad, agus na conarthaí á gcomhlíonadh acu, comhaontuithe idirinstitiúideacha a thabhairt i gcrích a fhéadfaidh a bheith de chineál ceangailteach.’ |
241) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 253: ‘Airteagal 253 Nuair nach sonraítear leis an Conarthaí an saghas gnímh atá le glacadh, roghnóidh na hinstitiúidí é de réir an cháis, agus na nósanna imeachta is infheidhme agus prionsabal na comhréireachta á gcomhlíonadh. Sonrófar sna gníomhartha dlí na réasúin is bun leo agus tagróidh siad do na tograí, na tionscnaimh, na moltaí, na hiarrataí nó na tuairimí is gá de bhun na gConarthaí. Agus dréachtghníomhartha reachtacha á bplé acu, staonfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ó ghníomhartha a ghlacadh nach bhforáiltear dóibh sa nós imeachta reachtach is ábhartha sa réimse i dtrácht.’ |
242) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 254: ‘Airteagal 254 1. Is iad Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus Uachtarán na Comhairle a shíneoidh na gníomhartha reachtacha arna nglacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach. Síneoidh Uachtarán na hinstitiúide a ghlac iad na gníomhartha reachtacha a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta speisialta. Foilseofar na gníomhartha reachtacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tiocfaidh siad i bhfeidhm ar an dáta a socrófar iontu nó, mura socrófar an dáta, ar an bhfichiú lá tar éis a bhfoilsithe. 2. Síneoidh Uachtarán na hinstitiúide a ghlac iad na gníomhartha neamhreachtacha a glacadh i bhfoirm rialachán, treoracha agus cinntí, nuair nach sonrófar iontu cé chuige a bhfuil siad dírithe. Foilseofar na rialacháin agus na treoracha a bheidh dírithe chuig na Ballstáit ar fad, mar aon leis na cinntí, nuair nach sonrófar iontu cé chuige a bhfuil siad dírithe, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tiocfaidh siad i bhfeidhm ar an dáta a socrófar iontu nó, mura socrófar an dáta, ar an bhfichiú lá tar éis a bhfoilsithe. Cuirfear treoracha eile agus cinntí in iúl dóibh siúd chuig a ndíreofar iad agus gabhfaidh éifeacht leo ar iad a chur in iúl amhlaidh.’ |
243) |
Cuirtear an tAirteagal 254a nua seo a leanas isteach: ‘Airteagal 254a 1. Beidh de thacaíocht ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus a gcúraimí á gcomhall acu, riarachán Eorpach a bheidh oscailte, éifeachtach agus neamhspleách. 2. Agus na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha Fostaíochta arna nglacadh ar bhonn Airteagal 283 á gcomhlíonadh, socróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, forálacha chun na críche sin.’ |
244) |
Déantar Airteagal 16a d'Airteagal 255; déantar é a leasú mar a luaitear anseo thuas ag pointe 28. |
245) |
Sa chéad mhír d'Airteagal 256, cuirtear ‘Na gníomhartha ón gComhairle, ón gCoimisiún nó ón mBanc Ceannais Eorpach a fhorchuirfidh ...’ in ionad ‘Na cinntí ón gComhairle nó ón gCoimisiún a chuireann ...’. |
COMHLACHTAÍ COMHAIRLEACHA
246) |
Cuirtear isteach an Chaibidil 3 nua agus an tAirteagal 256a seo a leanas; déantar Roinn 1 agus Roinn 2 de Chaibidil 3 agus 4 faoi seach, agus déantar athuimhriú ar Chaibidil 5 mar Chaibidil 4: ‘CAIBIDIL 3 COMHLACHTAÍ COMHAIRLEACHA AN AONTAIS Airteagal 256a 1. Beidh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus Coiste na Réigiún a fheidhmeoidh feidhmeanna comhairliúcháin de chúnamh ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún. 2. Beidh an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta comhdhéanta d'ionadaithe d'eagraíochtaí fostóirí, fostaithe agus páirtithe eile atá ionadaíoch don tsochaí shibhialta, go háirithe i réimsí socheacnamaíocha, sibhialta, gairmiúla agus cultúrtha. 3. Beidh Coiste na Réigiún comhdhéanta d'ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa. 4. Ní bheidh comhaltaí an Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus Choiste na Réigiún faoi cheangal ag aon teagaisc shainordaitheacha. Beidh siad, chun leas ginearálta an Aontais, neamhspleách ar fad i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna. 5. Déanfaidh an Chomhairle na rialacha dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 a bhaineann le cineál chomhdhéanamh na gCoistí sin a athbhreithniú go tráthrialta chun forbairtí eacnamaíocha, sóisialta agus déimeagrafacha san Aontas a chur san áireamh. Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, cinntí chuige sin.’ |
AN COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA
247) |
Aisghairtear Airteagail 257 agus 261. |
248) |
In Airteagal 258, cuirtear an mhír seo a leanas in ionad an dara mír agus an tríú mír: ‘Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh lena gcinnfear comhdhéanamh an Choiste.’ |
249) |
Leasaítear Airteagal 259 mar a leanas:
|
250) |
Sa chéad mhír d'Airteagal 260, cuirtear ‘dhá bhliain go leith’ in ionad ‘dhá bhliain’ agus sa tríú mír, cuirtear ‘do Pharlaimint na hEorpa,’ isteach roimh ‘don Chomhairle’. |
251) |
Leasaítear Airteagal 262 mar a leanas:
|
COISTE NA RÉIGIÚN
252) |
Leasaítear Airteagal 263 mar a leanas:
|
253) |
Sa chéad mhír d'Airteagal 264, cuirtear ‘dhá bhliain go leith’ in ionad ‘dhá bhliain’ agus sa tríú mír, cuirtear ‘do Pharlaimint na hEorpa,’ isteach roimh ‘don Chomhairle’. |
254) |
Leasaítear Airteagal 265 mar a leanas:
|
AN BANC EORPACH INFHEISTÍOCHTA
255) |
Sa tríú mír d'Airteagal 266, cuirtear ‘ar thogra ón gCoimisiún’ in ionad ‘arna iarraidh sin don Choimisiún’, cuirtear ‘i gcomhréir leis an nós imeachta reachtach speisialta’ isteach i ndiaidh ‘d'aon toil’ agus scriostar ‘Airteagail 4, 11 agus 12 agus Airteagal 18(5)’. |
256) |
In Airteagal 267, pointe (b), cuirtear ‘nó ar oibriú’ in ionad ‘comhleanúnach’. |
FORÁLACHA AIRGEADAIS
257) |
Leasaítear Airteagal 268 mar a leanas:
|
ACMHAINNÍ DÍLSE AN AONTAIS
258) |
Cuirtear isteach Caibidil 1 ‘ACMHAINNÍ DÍLSE AN AONTAIS’ roimh Airteagal 269. |
259) |
Leasaítear Airteagal 269 mar a leanas:
|
260) |
Aisghairtear Airteagal 270. |
AN CREAT AIRGEADAIS ILBHLIANTÚIL
261) |
Cuirtear an Chaibidil 2 nua agus an tAirteagal 270a nua seo a leanas isteach: ‘CAIBIDIL 2 AN CREAT AIRGEADAIS ILBHLIANTÚIL Airteagal 270a 1. Áiritheoidh an creat airgeadais ilbhliantúil go dtiocfaidh forbairt ar chaiteachas an Aontais ar dhóigh ordúil agus laistigh de theorainneacha a acmhainní dílse. Bunófar é ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad. Comhlíonfaidh buiséad bliantúil an Aontais an creat airgeadais ilbhliantúil. 2. Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, rialachán lena mbunófar an creat airgeadais ilbhliantúil. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa arna thabhairt ag tromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í. Féadfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh a ghlacadh d'aon toil lena n-údarófar don Chomhairle gníomhú trí thromlach cáilithe nuair a bheidh an rialachán dá dtagraítear sa chéad mhír á ghlacadh. 3. Cinnfear leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil méideanna na n-uasteorainneacha bliantúla ar leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí de réir aicme caiteachais agus méideanna na huasteorann bliantúla ar leithreasaí íocaíochta. Freagróidh na haicmí caiteachais, ar teoranta a líon, do phríomhearnálacha gníomhaíochta an Aontais. Leagfar síos leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil aon fhorálacha eile is gá chun go n-oibreoidh an nós imeachta buiséadach bliantúil go réidh. 4. Mura mbeidh an rialachán ón gComhairle lena gcinnfear creat nua airgeadais glactha roimh dheireadh an chreata airgeadais roimhe sin, fadófar na huasteorainneacha agus na forálacha eile a fhreagraíonn do bhliain dheireanach an chreata sin go dtí go nglacfar an gníomh sin. 5. I gcaitheamh an nós imeachta as a dtiocfaidh glacadh an chreata airgeadais ilbhliantúil, glacfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún gach beart is gá chun an glacadh sin a éascú.’ |
BUISÉAD BLIANTÚIL AN AONTAIS
262) |
Cuirtear isteach Caibidil 3 ‘BUISÉAD BLIANTÚIL AN AONTAIS’ i ndiaidh Airteagal 270a. |
263) |
Cuirtear isteach Airteagal 270b a bhfuil foclaíocht mhír 1 d'Airteagal 272 aige. |
264) |
Déantar Airteagal 273a nua d'Airteagal 271; déantar é a leasú mar a leagtar amach thíos i bpointe 267. |
265) |
In Airteagal 272, déantar Airteagal 270b de mhír 1 agus cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 go 10 d'Airteagal 272: ‘Airteagal 272 Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir le nós imeachta speisialta, buiséad bliantúil an Aontais a bhunú i gcomhréir leis na forálacha seo a leanas:
|
266) |
Leasaítear Airteagal 273 mar a leanas:
|
267) |
Cuirtear isteach Airteagal 273a a bhfuil foclaíocht Airteagal 271 aige; leasaítear é mar a leanas:
|
AN BUISÉAD A CHUR CHUN FEIDHME AGUS A URSCAOILEADH
268) |
Cuirtear Caibidil 4 ‘AN BUISÉAD A CHUR CHUN FEIDHME AGUS A URSCAOILEADH’ isteach roimh Airteagal 274, a leasaítear mar a leanas:
|
269) |
In Airteagal 275, déantar an tagairt don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa a chur droim ar ais. Cuirtear an dara mír nua seo a leanas isteach: ‘Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil meastóireachta ar riocht airgeadais an Aontais do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle arna bunú ar na torthaí atá gnóthaithe go háirithe i ndáil leis na sonraí arna dtabhairt ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle de bhun Airteagal 276.’ |
270) |
In Airteagal 276(1), cuirtear ‘scrúdú ar na cuntais, ar an ráiteas airgeadais agus ar an tuarascáil mheastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 275’ in ionad ‘scrúdú ar na cuntais agus ar an ráiteas airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 275,’. |
FORÁLACHA COITIANTA AIRGEADAIS
271) |
Cuirtear Caibidil 5 ‘FORÁLACHA COITIANTA’ isteach roimh Airteagal 277. |
272) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 277: ‘Airteagal 277 Tarraingeofar suas an creat airgeadais ilbhliantúil agus an buiséad bliantúil in euro.’ |
273) |
Leasaítear Airteagal 279 mar a leanas:
|
274) |
Cuirtear na hAirteagail 279a agus 279b nua seo a leanas isteach: ‘Airteagal 279a Áiritheoidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún go gcuirfear na meáin airgeadais ar fáil chun go bhféadfaidh an tAontas a chuid oibleagáidí dlíthiúla a chomhall i leith tríú páirtithe. Airteagal 279b Ar thionscnamh ón gCoimisiún, comórfar cruinnithe tráthrialta idir Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Uachtarán na Comhairle agus Uachtarán an Choimisiúin faoi na nósanna imeachta buiséadacha dá dtagraítear sa Chaibidil seo. Glacfaidh na hUachtaráin gach beart is gá chun comhairliúchán a chur chun cinn agus seasaimh na n-institiúidí a bhfuil siad i gceannas orthu a thabhairt chun réitigh chun cur chun feidhme an Teidil seo a éascú.’ |
AN COMHRAC IN AGHAIDH NA CALAOISE
275) |
Cuirtear Caibidil 6 ‘AN COMHRAC IN AGHAIDH NA CALAOISE’ isteach roimh Airteagal 280. |
276) |
Leasaítear Airteagal 280 mar a leanas:
|
COMHAR FEABHSAITHE
277) |
Cuirtear Teideal III ‘COMHAR FEABHSAITHE’ isteach i ndiaidh Airteagal 280. |
278) |
Cuirtear na hAirteagail 280a go 280i nua seo a leanas isteach; i dteannta Airteagal 10 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, gabhann siad ionad Airteagail 27a go 27e, Airteagail 40 go 40b agus Airteagail 43 go 45 den Chonradh ar an Aontas Eorpach mar atá agus Airteagal 11 agus Airteagal 11a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh: ‘Airteagal 280a Comhlíonfaidh aon chomhar feabhsaithe Conarthaí an Aontais agus dlí an Aontais. Ní fhéadfaidh an comhar sin dochar a dhéanamh don mhargadh inmheánach ná don chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach. Ní bheidh sé ina bhacainn ar an trádáil ná ní dhéanfaidh sé idirdhealú sa trádáil idir Bhallstáit agus ní shaobhfaidh sé an iomaíocht eatarthu. Airteagal 280b Comhlíonfaidh aon chomhar feabhsaithe inniúlachtaí, cearta agus oibleagáidí na mBallstát sin nach mbeidh rannpháirteach ann. Ní chuirfidh na Ballstáit sin bac ar a chur chun feidhme ag na Ballstáit rannpháirteacha. Airteagal 280c 1. Nuair a bheidh an comhar feabhsaithe á chur ar bun, beidh sé ar oscailt do na Ballstáit uile, faoi réir aon choinníollacha rannpháirtíochta arna leagan síos leis an gcinneadh um údarú a chomhlíonadh. Beidh sé ar oscailt dóibh, tráth ar bith eile freisin, faoi réir chomhlíonadh na ngníomhartha arna nglacadh cheana faoina chuimsiú sin, de bhreis ar na coinníollacha sin. Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit a bheidh rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe go ndéanfaidh siad rannpháirtíocht a oiread Ballstát agus is féidir a chur chun cinn. 2. Déanfaidh an Coimisiún agus, nuair is iomchuí, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a choinneáil ar an eolas go tráthrialta faoi fhorbairtí sa chomhar feabhsaithe. Airteagal 280d 1. Ballstáit ar mian leo comhar feabhsaithe a bhunú eatarthu i gceann de na réimsí atá folaithe sna Conarthaí, seachas réimsí ina bhfuil inniúlacht eisiach agus an comhbheartas eachtrach agus slándála, díreoidh siad chuig an gCoimisiún iarraidh a shonróidh raon feidhme agus cuspóirí an chomhair fheabhsaithe arna bheartú. Féadfaidh an Coimisiún togra chuige sin a thíolacadh don Chomhairle. Mura ndéanfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh, cuirfidh sé na Ballstáit i dtrácht ar an eolas faoi na cúiseanna nár thíolaic sé togra. Déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, an t-údarú chun dul ar aghaidh leis an gcomhar feabhsaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dheonú. 2. Díreofar chuig an gComhairle an iarraidh ó na Ballstáit ar mian leo comhar feabhsaithe faoi chuimsiú an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a bhunú eatarthu. Déanfar an iarraidh a chur ar aghaidh chuig Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus do Bheartas Slándála, a thabharfaidh tuairim an bhfuil an comhar feabhsaithe arna bheartú comhchuí le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais, agus chuig an gCoimisiún, a thabharfaidh a thuairim go háirithe an bhfuil an comhar feabhsaithe arna bheartú comhchuí le beartais eile an Aontais. Cuirfear ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa í freisin mar eolas. Is le cinneadh ón gComhairle, ag gníomhú di d’aon toil, a dheonófar an t-údarú chun dul ar aghaidh leis an gcomhar feabhsaithe. Airteagal 280e Féadfaidh gach comhalta den Chomhairle a bheith rannpháirteach ina pléití, ach ní ghlacfaidh páirt sa vótáil ach na comhaltaí sin amháin den Chomhairle a ionadaíonn do na Ballstáit atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe. Is éard is aontoilíocht ann vótaí ionadaithe na mBallstát rannpháirteach amháin. Saineofar an tromlach cáilithe i gcomhréir le hAirteagal 205(3). Airteagal 280f 1. Aon Bhallstát ar mian leis bheith rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe a bheidh ar siúl i gceann de na réimsí dá dtagraítear in Airteagal 280d(1), cuirfidh sé a intinn in iúl don Chomhairle agus don Choimisiún. Laistigh de cheithre mhí ó dháta an fhógra a fháil, daingneoidh an Coimisiún rannpháirtíocht an Bhallstáit i dtrácht. Suífidh sé más gá go bhfuil na coinníollacha rannpháirtíochta comhallta agus glacfaidh sé aon bhearta idirthréimhseacha is gá maidir le cur i bhfeidhm na ngníomhartha arna nglacadh cheana faoi chuimsiú an chomhair fheabhsaithe. Ar a shon sin, má mheasann an Coimisiún nach bhfuil na coinníollacha rannpháirtíochta comhallta, sonróidh sé na socruithe atá le glacadh chun na coinníollacha sin a chomhall agus socróidh sé teorainn ama chun an iarraidh ar rannpháirtíocht a athscrúdú. Ar an teorainn ama sin a bheith caite, athscrúdóidh sé an iarraidh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach sa dara fomhír. Má mheasann an Coimisiún nach bhfuil na coinníollacha rannpháirtíochta comhalta fós, féadfaidh an Ballstát i dtrácht an cheist a tharchur chuig an gComhairle a ghlacfaidh cinneadh ar an iarraidh. Gníomhóidh an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 280e. Féadfaidh sí freisin, ar thogra ón gCoimisiún, na bearta idirthréimhseacha dá dtagraítear sa dara fomhír a ghlacadh. 2. Gach Ballstát ar mian leis bheith rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe a bheidh ar siúl faoi chuimsiú an chomhbheartais eachtraigh agus slándála, cuirfidh sé a intinn in iúl don Chomhairle, d'Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus don Choimisiún. Daingneoidh an Chomhairle rannpháirtíocht an Bhallstáit i gceist, tar éis dul i gcomhairle le hArdionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus tar éis a shuíomh, más gá, go bhfuil na coinníollacha rannpháirtíochta comhalta. Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, aon bhearta idirthréimhseacha is gá a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm na ngníomhartha atá glactha cheana faoi chuimsiú an chomhair fheabhsaithe. Má mheasann an Chomhairle, áfach, nach bhfuil na coinníollacha rannpháirtíochta comhalta, sonróidh sí na socruithe a bheidh le glacadh chun na coinníollacha sin a chomhall agus socróidh sí teorainn ama chun an iarraidh ar rannpháirtíocht a athscrúdú. Chun críocha na míre seo, gníomhóidh an Chomhairle d’aon toil agus i gcomhréir le hAirteagal 280e. Airteagal 280g Is iad na Ballstáit rannpháirteacha a iompróidh an caiteachas a thig ón gcomhar feabhsaithe a chur chun feidhme, seachas costais riaracháin a thabhóidh na hinstitiúidí, mura gcinnfidh comhaltaí uile na Comhairle a mhalairt, ag gníomhú dóibh d'aon toil, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa. Airteagal 280h 1. Nuair a leagfar síos le foráil de na Conarthaí a fhéadfar a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs an chomhair fheabhsaithe go ngníomhóidh an Chomhairle d'aon toil, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir leis na socruithe atá leagtha síos in Airteagal 280e, cinneadh a ghlacadh lena leagfar síos mar choinníoll go ngníomhóidh sí trí thromlach cáilithe. 2. Nuair a leagtar síos le foráil de na Conarthaí a fhéadfar a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs an chomhair fheabhsaithe go nglacfaidh an Chomhairle gníomhartha faoi nós imeachta reachtach speisialta, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir leis na socruithe atá leagtha síos in Airteagal 280e, cinneadh a ghlacadh lena leagfar síos go ngníomhóidh sí faoin ngnáthnós imeachta reachtach. Gníomhóidh an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa. 3. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 maidir leis na cinntí a mbeidh impleachtaí míleata nó cosanta acu. Airteagal 280i Áiritheoidh an Chomhairle agus an Coimisiún comhchuibheas na ngníomhaíochtaí arna ngabháil ar láimh i gcomhthéacs an chomhair fheabhsaithe agus comhchuibheas na ngníomhaíochtaí sin le beartais an Aontais, agus comhoibreoidh siad le chéile siad chuige sin.’ |
FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
279) |
Déantar athuimhriú ar Chuid a Sé mar ‘CUID A SEACHT’. |
280) |
Aisghairtear Airteagail 281, 293, 305 agus 314. Cuirtear Airteagal 16b in ionad Airteagal 286. |
281) |
In Airteagal 282, cuirtear an abairt seo a leanas isteach ag an deireadh: ‘Ar a shon sin, feidhmeoidh gach ceann de na hinstitiúidí, de bhua a neamhspleáchais riaracháin, in ábhair a bhaineann lena hoibriú faoi seach.’ |
282) |
Ag tús Airteagal 283, cuirtear ‘Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle ...’ in ionad ‘Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle ...’ agus ag an deireadh cuirtear ‘Sheirbhísigh eile an Aontais’ in ionad ‘Sheirbhísigh eile na gComhphobal sin’. |
283) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mhír d'Airteagal 288: ‘D'ainneoin an dara mír, déanfaidh an Banc Ceannais Eorpach, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú a mbeidh sé féin ina chúis leis nó a mbeidh a sheirbhísigh ina gcúis leis i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna.’ |
284) |
In Airteagal 290, cuirtear ‘... trí bhíthin rialachán’ i ndiaidh ‘gníomhú’. |
285) |
In Airteagal 291, scriostar ‘, leis an Institiúid Eorpach Airgeadaíochta’. |
286) |
Déantar Airteagal 48a d'Airteagal 294. |
287) |
Leasaítear Airteagal 299 mar a leanas:
|
288) |
Cuirtear Airteagail 188n agus 188k in ionad Airteagail 300 agus 301 faoi seach agus cuirtear Airteagal 188p in ionad Airteagail 302 go 304. |
289) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 308: ‘Airteagal 308 1. Más cosúil gur gá gníomhaíocht ag an Aontas, faoi chuimsiú na mbeartas atá sainithe sna Conarthaí, chun ceann de na cuspóirí dá dtagraítear sna Conarthaí a bhaint amach agus nach dtugtar sna Conarthaí na cumhachtaí is gá, déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, na forálacha iomchuí a ghlacadh. Má ghlacann an Chomhairle na forálacha atá i gceist i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, gníomhóidh sí freisin ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa. 2. Faoi chuimsiú an nós imeachta chun faireachán a dhéanamh ar phrionsabal na coimhdeachta dá dtagraítear in Airteagal 3b(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, tarraingeoidh an Coimisiún aird na bParlaimintí náisiúnta ar na tograí arna mbunú ar an Airteagal seo. 3. Ní bheidh mar thoradh ar bhearta arna mbunú ar an Airteagal seo comhchuibhiú ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát sna cásanna ina n-eisiatar comhchuibhiú den sórt sin leis na Conarthaí. 4. Ní fhéadfar an tAirteagal seo a úsáid mar bhunús chun cuspóir a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála a bhaint amach agus urramóidh gach gníomh a ghlacfar i gcomhréir leis an Airteagal seo na teorainneacha a leagtar amach sa dara mír d'Airteagal 25a den Chonradh ar an Aontas Eorpach.’ |
290) |
Cuirtear an tAirteagal 308a nua seo a leanas isteach: ‘Airteagal 308a Ní bheidh feidhm ag Airteagal 48(7) den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir leis na hAirteagail seo a leanas:
|
291) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 309: ‘Airteagal 309 Chun críocha Airteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach a bhaineann le cearta áirithe a leanann ó bhallraíocht san Aontas a fhionraí, ní ghlacfaidh an comhalta den Chomhairle Eorpach nó den Chomhairle a ionadaíonn don Bhallstát i dtrácht páirt sa vótáil agus ní chuirfear an Ballstát i dtrácht san áireamh nuair a bheidh trian nó ceithre chúigiú de na Ballstáit dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal sin á ríomh. Ní choiscfidh staonadh ó vótáil ag comhaltaí atá i láthair go pearsanta nó a n-ionadaítear dóibh ar na cinntí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal thuasluaite a ghlacadh. D'fhonn na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 7(3) agus (4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach a ghlacadh, saineofar tromlach cáilithe i gcomhréir le hAirteagal 205(3)(b) den Chonradh seo. Nuair a dhéanfaidh an Chomhairle, tar éis cinneadh a ghlacadh cearta vótála a fhionraí i gcomhréir le hAirteagal 7(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, gníomhú trí thromlach cáilithe ar bhonn ceann d'fhorálacha na gConarthaí, saineofar an tromlach cáilithe sin i gcomhréir le hAirteagal 205(3)(b) den Chonradh seo nó, nuair a ghníomhóidh an Chomhairle ar thogra ón gCoimisiún nó ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, i gcomhréir le hAirteagal 205(3)(a). Chun críocha Airteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, gníomhóidh Parlaimint na hEorpa trí thromlach dhá thrian de na vótaí arna gcaitheamh, a bheidh in ionannas le tromlach na gcomhaltaí a chomhdhéanann í.’ |
292) |
Déantar Airteagal 188m d'Airteagal 310. |
293) |
Aisghairtear Airteagal 311. Cuirtear Airteagal 311a isteach a bhfuil foclaíocht na chéad fhomhíre de mhír 2 agus mhíreanna 3 go 6 d'Airteagal 299 aige; leasaítear é mar a leanas:
|
294) |
Scriostar an ceannteideal ‘FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA’ roimh Airteagal 313. |
295) |
Cuirtear Airteagal 313a isteach: ‘Airteagal 313a Beidh feidhm ag forálacha Airteagal 53 den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir leis an gConradh seo.’ |
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 3
Tugtar an Conradh seo i gcrích go ceann tréimhse gan teorainn.
Airteagal 4
1. Tá na leasuithe ar na Prótacail atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus/nó leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach i bPrótacal Uimh. 1 atá i gceangal leis an gConradh seo.
2. Tá na leasuithe ar an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh d'Fhuinneamh Adamhach i bPrótacal Uimh. 2 atá i gceangal leis an gConradh seo.
Airteagal 5
1. Déantar Airteagail, Ranna, Caibidlí, Teidil agus Codanna den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, mar a leasaítear iad sa Chonradh seo, a athuimhriú i gcomhréir leis na táblaí comhghaoil atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gConradh seo agus atá ina cuid dhílis de.
2. Déantar na crostagairtí d'Airteagail, do Ranna, do Chaibidlí, do Theidil agus do Chodanna sa Chonradh ar an Aontas Eorpach agus sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus eatarthusan chomh maith, a oiriúnú i gcomhréir le mír 1 agus déantar na tagairtí do mhíreanna nó d'fhomhíreanna de na hAirteagail sin mar a athuimhrítear iad nó mar a chuirtear ord nua orthu le forálacha áirithe den Chonradh seo a oiriúnú i gcomhréir leis na forálacha sin.
Déantar na tagairtí d'Airteagail, do Ranna, do Chaibidlí, do Theidil agus do Chodanna sa Chonradh ar an Aontas Eorpach agus sa Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh sna Conarthaí eile agus sna gníomhartha eile dlí phríomha lena mbunaítear an tAontas a oiriúnú i gcomhréir le mír 1. Déantar na tagairtí d'aithrisí sa Chonradh ar an Aontas Eorpach nó do mhíreanna nó d'fhomhíreanna de na hAirteagail sa Chonradh ar an Aontas Eorpach nó sa Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh mar a athuimhrítear iad nó mar a chuirtear ord nua orthu leis an gConradh seo a oiriúnú i gcomhréir leis an gConradh seo.
Baineann na hoiriúnuithe sin freisin, más iomchuí, le cásanna ina n-aisghairtear an fhoráil i dtrácht.
3. Tuigfear leis na tagairtí d'aithrisí, d'Airteagail, do Ranna, do Chaibidlí, do Theidil agus do Chodanna den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh mar a leasaítear leis an gConradh seo iad agus atá in ionstraimí eile nó i ngníomhartha eile gur tagairtí iad d'aithrisí, d'Airteagail, do Ranna, do Chaibidlí, do Theidil, agus do Chodanna na gConarthaí thuasluaite arna n-athuimhriú i gcomhréir le mír 1 agus gur tagairtí iad do na míreanna nó do na fomhíreanna de na hAirteagail thuasluaite, arna n-athuimhriú nó arna gcur in ord nua i gcomhréir le forálacha áirithe den Chonradh seo, faoi seach.
Airteagal 6
1. Déanfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha daingniú ar an gConradh seo i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin le Rialtas Phoblacht na hIodáile.
2. Tiocfaidh an Conradh seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2009, ar an gcoinníoll go mbeidh gach ionstraim dhaingniúcháin taiscthe, nó, ina éagmais sin, ar an gcéad lá den mhí i ndiaidh thaisceadh na hionstraime daingniúcháin ag an Stát sínitheach is déanaí a dhéanfaidh an taisceadh sin.
Airteagal 7
Rinneadh an Conradh seo, dá ngairtear Conradh Liospóin, a tharraingt suas i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris agus comhúdarás ag na téacsanna i ngach ceann de na teangacha sin; taiscfear é i gcartlann Rialtas Phoblacht na hIodáile agus cuirfidh an Rialtas sin cóip dheimhnithe chuig Rialtas gach ceann eile de na Stáit shínitheacha.
DÁ FHIANÚ SIN chuir na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe a lámh leis an gConradh seo.
Съставено в Лисабон на тринадесети декември две хиляди и седма година.
Hecho en Lisboa, el trece de diciembre de dos mil siete.
V Lisabonu dne třináctého prosince dva tisíce sedm.
Udfærdiget i Lissabon den trettende december to tusind og syv.
Geschehen zu Lissabon am dreizehnten Dezember zweitausendsieben.
Kahe tuhande seitsmenda aasta detsembrikuu kolmeteistkümnendal päeval Lissabonis.
Έγινε στη Λισσαβώνα, στις δέκα τρεις Δεκεμβρίου δύο χιλιάδες επτά.
Done at Lisbon on the thirteenth day of December in the year two thousand and seven.
Fait à Lisbonne, le treize décembre deux mille sept.
Arna dhéanamh i Liospóin, an tríú lá déag de Nollaig sa bhliain dhá mhíle a seacht.
Fatto a Lisbona, addì tredici dicembre duemilasette.
Lisabonā, divtūkstoš septītā gada trīspadsmitajā decembrī.
Priimta Lisabonoje du tūkstančiai septintųjų metų gruodžio tryliktą dieną.
Kelt Lisszabonban, a kétezer-hetedik év december tizenharmadik napján.
Magħmul f'Lisbona, fit-tlettax-il jum ta' Diċembru tas-sena elfejn u sebgħa.
Gedaan te Lissabon, de dertiende december tweeduizend zeven.
Sporządzono w Lizbonie dnia trzynastego grudnia roku dwa tysiące siódmego.
Feito em Lisboa, em treze de Dezembro de dois mil e sete.
Întocmit la Lisabona la treisprezece decembrie două mii șapte.
V Lisabone dňa trinásteho decembra dvetisícsedem.
V Lizboni, dne trinajstega decembra leta dva tisoč sedem.
Tehty Lissabonissa kolmantenatoista päivänä joulukuuta vuonna kaksituhattaseitsemän.
Som skedde i Lissabon den trettonde december tjugohundrasju.
Voor Zijne Majesteit de Koning der Belgen
Pour Sa Majesté le Roi des Belges
Für Seine Majestät den König der Belgier
„Deze handtekening verbindt eveneens de Vlaamse Gemeenschap, de Franse Gemeenschap, de Duitstalige Gemeenschap, het Vlaamse Gewest, het Waalse Gewest en het Brussels Hoofdstedelijk Gewest.”
«Cette signature engage également la Communauté française, la Communauté flamande, la Communauté germanophone, la Région wallonne, la Région flamande et la Région de Bruxelles-Capitale.»
„Diese Unterschrift bindet zugleich die Deutschsprachige Gemeinschaft, die Flämische Gemeinschaft, die Französische Gemeinschaft, die Wallonische Region, die Flämische Region und die Region Brüssel-Hauptstadt.“
За Правителството на Република България
Za prezidenta České republiky
For Hendes Majestæt Danmarks Dronning
Für den Präsidenten der Bundesrepublik Deutschland
Eesti Vabariigi Presidendi nimel
Thar ceann Uachtarán na hÉireann
For the President of Ireland
Για τον Πρόεδρο της Ελληνικής Δημοκρατίας
Por Su Majestad el Rey de España
Pour le Président de la République française
Per il Presidente della Repubblica italiana
Για τον Πρόεδρο της Κυπριακής Δημοκρατίας
Latvijas Republikas Valsts prezidenta vārdā
Lietuvos Respublikos Prezidento vardu
Pour Son Altesse Royale le Grand-Duc de Luxembourg
A Magyar Köztársaság Elnöke részéről
Għall-President ta' Malta
Voor Hare Majesteit de Koningin der Nederlanden
Für den Bundespräsidenten der Republik Österreich
Za Prezydenta Rzeczypospolitej Polskiej
Pelo Presidente da República Portuguesa
Pentru Președintele României
Za predsednika Republike Slovenije
Za prezidenta Slovenskej republiky
Suomen Tasavallan Presidentin puolesta
För Republiken Finlands President
För Konungariket Sveriges regering
For Her Majesty the Queen of the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland
PRÓTACAIL
PRÓTACAIL A CHUIRFEAR I gCEANGAL LEIS AN gCONRADH AR AN AONTAS EORPACH, LEIS AN gCONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH AGUS, DE RÉIR MAR IS IOMCHUÍ, LEIS AN gCONRADH AG BUNÚ AN CHOMHPHOBAIL EORPAIGH DO FHUINNEAMH ADAMHACH
PRÓTACAL
MAIDIR LE RÓL NA bPARLAIMINTÍ NÁISIÚNTA SAN AONTAS EORPACH
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,
AG MEABHRÚ DÓIBH gur ceist a bhaineann le heagrúchán agus le cleachtas bunreachtúil gach Ballstáit é an dóigh a ndéanann na Parlaimintí náisiúnta grinnscrúdú ar a rialtas féin i ndáil le gníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh,
ÓS MIAN LEO níos mó rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh a chothú sna Parlaimintí náisiúnta agus feabhas a chur ar a n-ábaltacht a ndearcadh a nochtadh ar dhréachtghníomhartha reachtacha an Aontais Eorpaigh agus ar ábhair eile a bhfuil suim ar leith acu iontu,
TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:
TEIDEAL I
FAISNÉIS LE hAGHAIDH NA bPARLAIMINTÍ NÁISIÚNTA
Airteagal 1
Cuirfidh an Coimisiún gach doiciméad comhairliúcháin dá chuid (páipéir ghlasa, páipéir bhána agus cumarsáidí) chuig na Parlaimintí náisiúnta go díreach ar iad a fhoilsiú. Cuirfidh an Coimisiún an clár reachtach bliantúil mar aon le gach ionstraim eile a bhaineann le pleanáil reachtach nó beartas chuig na Parlaimintí náisiúnta freisin san am céanna a gcuirfear chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle iad.
Airteagal 2
Dréachtghníomhartha reachtacha a chuirfear chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, cuirfear chuig na Parlaimintí náisiúnta iad.
Chun críocha an Phrótacail seo, ciallaíonn ‘dréachtghníomhartha reachtacha’ tograí ón gCoimisiún, tionscnaimh ó ghrúpa Ballstát, tionscnaimh ó Pharlaimint na hEorpa, iarrataí ón gCúirt Bhreithiúnais, moltaí ón mBanc Ceannais Eorpach agus iarrataí ón mBanc Eorpach Infheistíochta d'fhonn gníomh reachtach a ghlacadh.
Dréachtghníomhartha reachtacha a eascróidh ón gCoimisiún, cuirfidh an Coimisiún go díreach chuig na Parlaimintí náisiúnta iad san am céanna a gcuirfear chuig Parlaimint na hEorpa nó chuig an gComhairle iad.
Dréachtghníomhartha reachtacha a eascróidh ó Pharlaimint na hEorpa, cuirfidh Parlaimint na hEorpa go díreach chuig na Parlaimintí náisiúnta iad.
Dréachtghníomhartha reachtacha a eascróidh ó ghrúpa Ballstát, ón gCúirt Bhreithiúnais, ón mBanc Ceannais Eorpach nó ón mBanc Eorpach Infheistíochta, cuirfidh an Chomhairle chuig na Parlaimintí náisiúnta iad.
Airteagal 3
Féadfaidh na Parlaimintí náisiúnta tuairim réasúnaithe a chur chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, chuig Uachtarán na Comhairle agus chuig Uachtarán an Choimisiúin á rá an gcomhlíonann dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta, de réir an nós imeachta a leagtar síos sa Phrótacal maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm.
Más ó ghrúpa Ballstát a eascraíonn an dréachtghníomh reachtach, cuirfidh Uachtarán na Comhairle an tuairim nó na tuairimí réasúnaithe chuig rialtais na mBallstát sin.
Más ón gCúirt Bhreithiúnais, ón mBanc Ceannais Eorpach nó ón mBanc Eorpach Infheistíochta a eascraíonn an dréachtghníomh reachtach, cuirfidh Uachtarán na Comhairle an tuairim nó na tuairimí réasúnaithe chuig an institiúid nó chuig an gcomhlacht i dtrácht.
Airteagal 4
Rachaidh tréimhse ocht seachtaine in éag idir an dáta a gcuirfear dréachtghníomh reachtach ar fáil do na Parlaimintí náisiúnta i dteangacha oifigiúla an Aontais agus an dáta a gcuirfear ar chlár oibre sealadach na Comhairle é lena ghlacadh nó le seasamh a ghlacadh faoi chuimsiú nós imeachta reachtaigh. Féadfaidh eisceachtaí i gcásanna práinne a bheith ann a sonrófar na cúiseanna atá leo i ngníomh nó i seasamh na Comhairle. Ach amháin i gcásanna práinneacha a bhfuil cúiseanna cuí tugtha ina leith, ní fhéadfar teacht ar aon chomhaontú ar dhréachtghníomh reachtach le linn na n-ocht seachtaine sin. Ach amháin i gcásanna práinneacha a bhfuil cúiseanna cuí tugtha ina leith, rachaidh tréimhse deich lá in éag idir dréachtghníomh reachtach a chur ar chlár oibre sealadach na Comhairle agus seasamh a ghlacadh.
Airteagal 5
Na cláir oibre do chruinnithe na Comhairle mar aon le torthaí na gcruinnithe sin, lena n-áirítear miontuairiscí na gcruinnithe ina mbíonn dréachtghníomhartha reachtacha á bplé ag an gComhairle, cuirfear go díreach chuig na Parlaimintí náisiúnta san am céanna a gcuirfear chuig rialtais na mBallstát iad.
Airteagal 6
Nuair a bheidh sé ar intinn ag an gComhairle Eorpach leas a bhaint as an gcéad fhomhír nó as an dara fomhír d'Airteagal 48(7) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, cuirfear na Parlaimintí náisiúnta ar an eolas faoin tionscnamh ón gComhairle Eorpach sé mhí ar a laghad sula nglacfar aon chinneadh.
Airteagal 7
Cuirfidh an Chúirt Iniúchóirí a tuarascáil bhliantúil chuig na Parlaimintí náisiúnta mar eolas san am céanna a gcuirfear chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle í.
Airteagal 8
Nuair nach seomra amháin atá sa chóras parlaiminteach náisiúnta, beidh feidhm ag Airteagail 1 go 7 maidir le seomraí a chomhdhéanta.
TEIDEAL II
COMHAR IDIRPHARLAIMINTEACH
Airteagal 9
Cinnfidh Parlaimint na hEorpa agus na Parlaimintí náisiúnta i gcomhar le chéile conas an comhar idirpharlaiminteach a eagrú agus a chur chun cinn go héifeachtúil tráthrialta san Aontas.
Airteagal 10
Féadfaidh Comhdháil de na Coistí Parlaiminteacha um Ghnóthaí an Aontais aon rannchuidiú a mheasann sí is iomchuí a chur i láthair Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin. Ina theannta sin, cuirfidh an Chomhdháil sin chun cinn malartú faisnéise agus dea-chleachtais idir na Parlaimintí náisiúnta agus Parlaimint na hEorpa, go fiú idir a gcoistí speisialta. Féadfaidh sí comhdhálacha idirpharlaiminteacha a eagrú freisin ar théamaí sonracha, go háirithe chun ábhair a phlé a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, lena n-áirítear an comhbheartas slándála agus cosanta. Ní bheidh rannchuidithe ón gComhdháil ina gceangal ar na Parlaimintí náisiúnta ná ní dhéanfaidh siad réamhbhreith ar a seasaimh.
PRÓTACAL
MAIDIR LE PRIONSABAIL NA COIMHDEACHTA AGUS NA COMHRÉIREACHTA A CHUR I bhFEIDHM
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,
ÓS MIAN LEO a áirithiú go nglacfar cinntí ar leibhéal chomh gar agus is féidir do shaoránaigh an Aontais,
AR A BHEITH BEARTAITHE ACU na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, mar atá siad leagtha síos in Airteagal 3b den Chonradh ar an Aontas Eorpach, a bhunú, agus córas a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bprionsabal sin,
TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:
Airteagal 1
Féachfaidh gach institiúid chuige go ndéanfar prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, mar atá siad leagtha síos in Airteagal 3b den Chonradh ar an Aontas Eorpach, a urramú i gcónaí.
Airteagal 2
Sula ndéanfaidh sé gníomh reachtach a mholadh, glacfaidh an Coimisiún comhairle go forleathan. Cuirfidh na comhairliúcháin sin san áireamh, más iomchuí, éirim réigiúnach agus áitiúil na gníomhaíochta arna beartú. Má tá práinn eisceachtúil ann, ní ghlacfaidh an Coimisiún comhairle amhlaidh. Tabharfaidh sé cúiseanna leis an gcinneadh sin ina thogra.
Airteagal 3
Chun críocha an Phrótacail seo, ciallaíonn ‘dréachtghníomhartha reachtacha’ tograí ón gCoimisiún, tionscnaimh ó ghrúpa Ballstát, tionscnaimh ó Pharlaimint na hEorpa, iarrataí ón gCúirt Bhreithiúnais, moltaí ón mBanc Ceannais Eorpach agus iarrataí ón mBanc Eorpach Infheistíochta d'fhonn gníomh reachtach a ghlacadh.
Airteagal 4
Cuirfidh an Coimisiún a dhréachtghníomhartha reachtacha agus a dhréachtaí leasaithe chuig na Parlaimintí náisiúnta san am céanna a gcuirfear chuig reachtóir an Aontais iad.
Cuirfidh Parlaimint na hEorpa a dréachtghníomhartha reachtacha agus a dréachtaí leasaithe chuig na Parlaimintí náisiúnta.
Cuirfidh an Chomhairle chuig na Parlaimintí náisiúnta na dréachtghníomhartha reachtacha a eascraíonn ó ghrúpa Ballstát, ón gCúirt Bhreithiúnais, ón mBanc Ceannais Eorpach nó ón mBanc Eorpach Infheistíochta, mar aon leis na dréachtaí leasaithe.
Ar iad a ghlacadh, cuirfidh Parlaimint na hEorpa a rúin reachtacha chuig na Parlaimintí náisiúnta agus cuirfidh an Chomhairle a cuid seasamh chucu.
Airteagal 5
Déanfar na dréachtghníomhartha reachtacha a fhírinniú i ndáil le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. Is cóir ráiteas mionsonraithe a bheith i ngach dréachtghníomh reachtach ionas gur féidir a mheas an ndéantar prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chomhlíonadh. Is cóir a bheith sa ráiteas sin freisin measúnú áirithe ar iarmhairt airgeadais an togra agus, más treoir atá ann, measúnú ar a himpleachtaí maidir leis na rialacha atá le cur chun feidhme ag na Ballstáit, lena n-áirítear, más gá, an reachtaíocht réigiúnach. Tabharfar táscairí cáilíochtúla, agus, nuair is féidir, táscairí cainníochtúla mar bhunús leis na cúiseanna ar dá mbun a chonclúidítear gur fearr is féidir cuspóir de chuid an Aontais a ghnóthú ar leibhéal an Aontais. Déanfar aird a thabhairt leis na dréachtghníomhartha reachtacha ar an ngá atá ann aon ualach, bíodh sé ina ualach airgeadais nó ina ualach riarthach, a bheidh ar an Aontas, ar rialtais náisiúnta, ar údaráis réigiúnacha nó áitiúla, ar oibreoirí eacnamaíocha agus ar shaoránaigh, a íosmhéadú agus é a bheith comhchuimseach leis an gcuspóir a bheidh le gnóthú.
Airteagal 6
Féadfaidh aon Pharlaimint náisiúnta nó aon seomra de chuid Parlaiminte náisiúnta, laistigh d'ocht seachtaine ón dáta a gcuirfear dréachtghníomh reachtach i dteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh chuig an bParlaimint nó chuig an seomra sin, tuairim réasúnaithe a chur chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Uachtarán na Comhairle agus Uachtarán an Choimisiúin á rá cad chuige a measann sé nó sí nach gcomhlíonann an dréacht i gceist prionsabal na coimhdeachta. Is faoi gach Parlaimint náisiúnta nó faoi gach seomra de chuid Parlaiminte náisiúnta dul i gcomhairle, nuair is iomchuí, le Parlaimintí réigiúnacha a bhfuil cumhachtaí reachtacha acu.
Más ó ghrúpa Ballstát a eascraíonn an dréachtghníomh reachtach, cuirfidh Uachtarán na Comhairle an tuairim chuig rialtais na mBallstát sin.
Más ón gCúirt Bhreithiúnais, ón mBanc Ceannais Eorpach nó ón mBanc Eorpach Infheistíochta a eascraíonn an dréachtghníomh reachtach, cuirfidh Uachtarán na Comhairle an tuairim chuig an institiúid nó chuig an gcomhlacht i dtrácht.
Airteagal 7
1. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, agus más iomchuí, an grúpa Ballstát, an Chúirt Bhreithiúnais, an Banc Ceannais Eorpach nó an Banc Eorpach Infheistíochta, más uathu a eascraíonn an dréachtghníomh reachtach, na tuairimí réasúnaithe ó na Parlaimintí náisiúnta nó ó sheomra de Pharlaimint náisiúnta a chur san áireamh.
Beidh dhá vóta ag gach Parlaimint náisiúnta, arna gcionroinnt ar bhonn an chórais pharlaimintigh náisiúnta. Má tá córas parlaiminteach ann ina bhfuil dhá sheomra, beidh vóta amháin ag gach ceann den dá sheomra.
2. Nuair a bhíonn tuairimí réasúnaithe á rá nach gcomhlíonann dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta in ionannas le trian ar a laghad de na vótaí uile arna gcionroinnt ar na Parlaimintí náisiúnta i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1, ní mór an dréacht a athbhreithniú. Beidh an tairseach sin in ionannas leis an gceathrú cuid más dréachtghníomh reachtach é arna thíolacadh ar bhonn Airteagal 61i den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais.
Ar athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh, féadfaidh an Coimisiún nó, más iomchuí, an grúpa Ballstát, Parlaimint na hEorpa, an Chúirt Bhreithiúnais, an Banc Ceannais Eorpach nó an Banc Eorpach Infheistíochta, más uathu a eascraíonn an dréachtghníomh reachtach, a chinneadh an dréacht a choimeád ar bun, a leasú nó a tharraingt siar. Ní mór cúiseanna a thabhairt don chinneadh sin.
3. Ina theannta sin, faoi chuimsiú an ghnáthnós imeachta reachtaigh, nuair a bhíonn tuairimí réasúnaithe á rá nach gcomhlíonann togra do ghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta in ionannas le tromlach simplí na vótaí uile arna gcionroinnt ar na Parlaimintí náisiúnta i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1, ní mór an togra a athbhreithniú. Ar athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh an togra a choimeád ar bun, a leasú nó a tharraingt siar.
Má roghnaíonn an Coimisiún an togra a choimeád ar bun, beidh air a fhírinniú i dtuairim réasúnaithe cad chuige a measann sé go gcomhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta. Ní foláir an tuairim réasúnaithe sin maille leis na tuairimí réasúnaithe ó na Parlaimintí náisiúnta a chur faoi bhráid reachtóir an Aontais chun go dtabharfar aird orthu faoi chuimsiú an nós imeachta:
(a) |
sula gcríochnófar an chéad léamh, féachfaidh an reachtóir (Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle) an gcomhlíonann an togra reachtach prionsabal na coimhdeachta, agus na cúiseanna a agraíonn agus a pháirtíonn tromlach na bParlaimintí náisiúnta agus an tuairim réasúnaithe ón gCoimisiún á gcur san áireamh aige; |
(b) |
más rud é gurb é tuairim an reachtóra, trí thromlach 55 % de chomhaltaí na Comhairle nó trí thromlach na vótaí arna gcaitheamh i bParlaimint na hEorpa, nach gcomhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta, ní leanfar leis an togra reachtach a phlé. |
Airteagal 8
Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcaingne mar gheall ar ghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta a shárú, arna dtionscnamh ag Ballstáit i gcomhréir leis na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 230 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó arna gcur in iúl acu i gcomhréir lena ndlíchóras thar ceann a bParlaiminte náisiúnta nó thar ceann seomra den Pharlaimint sin.
I gcomhréir leis na rialacha dá bhforáiltear san Airteagal sin, féadfaidh Coiste na Réigiún caingne den sórt sin a thionscnamh freisin in aghaidh na ngníomhartha reachtacha sin dá bhforáiltear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nach mór dul i gcomhairle leis chun iad a ghlacadh.
Airteagal 9
Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil gach bliain don Chomhairle Eorpach, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do na Parlaimintí náisiúnta maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 3b den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Cuirfear an tuarascáil bhliantúil sin freisin chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún.
PRÓTACAL
MAIDIR LEIS AN nGRÚPA EURO
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,
ÓS MIAN LEO dálaí a chur chun cinn d'fhás eacnamaíoch níos láidre san Aontas Eorpach agus, chuige sin, comhordú níos buandlúithe na mbeartas eacnamaíoch sa limistéar euro a fhorbairt,
ÓS FEASACH DÓIBH an gá atá ann forálacha speisialta a leagan síos d'agallamh feabhsaithe idir na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu, go dtí go dtiocfaidh an euro chun bheith ina airgeadra do Bhallstáit uile an Aontais,
TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:
Airteagal 1
Tiocfaidh Airí na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu le chéile go neamhfhoirmiúil. Beidh na cruinnithe sin ann, nuair is gá, chun ceisteanna a phlé a bhaineann leis na freagrachtaí sonracha atá á roinnt acu maidir leis an airgeadra aonair. Glacfaidh an Coimisiún páirt sna cruinnithe sin. Tabharfar cuireadh don Bhanc Ceannais Eorpach páirt a ghlacadh sna cruinnithe sin a ullmhóidh ionadaithe Airí sin na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu atá freagrach as cúrsaí airgeadais agus ionadaí an Choimisiúin.
Airteagal 2
Toghfaidh Airí na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu uachtarán go ceann dhá bhliain go leith, trí thromlach na mBallstát sin.
PRÓTACAL
MAIDIR LEIS AN mBUANCHOMHAR STRUCHTÚRTHA ARNA BHUNÚ LE hAIRTEAGAL 28a DEN CHONRADH AR AN AONTAS EORPACH
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,
AG FÉACHAINT d'Airteagal 28a(6) agus d'Airteagal 28e den Chonradh ar an Aontas Eorpach,
AG MEABHRÚ DÓIBH go bhfuil comhbheartas eachtrach agus slándála á sheoladh ag an Aontas atá fothaithe ar chóineasú méadaitheach ar ghníomhaíocht na mBallstát a ghnóthú;
AG MEABHRÚ DÓIBH gur cuid dhílis den chomhbheartas eachtrach agus slándála an comhbheartas slándála agus cosanta; go gcuireann sé cumas oibríochtúil ar fáil don Aontas trí tharraingt ar shócmhainní sibhialta agus míleata; go bhféadfaidh an tAontas na sócmhainní sin a úsáid i mbun na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 28b den Chonradh ar an Aontas Eorpach lasmuigh den Aontas maidir leis an tsíochánaíocht, maidir le coinbhleachtaí a chosc agus maidir leis an tslándáil idirnáisiúnta a neartú i gcomhréir le prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe; go gcuirfear na cúraimí sin i gcrích agus leas á bhaint as cumais arna gcur ar fáil ag na Ballstáit, i gcomhréir le prionsabal na foinse aonair fórsaí;
AG MEABHRÚ DÓIBH nach ndéanann comhbheartas slándála agus cosanta an Aontais dochar do cháilíocht shonrach bheartais slándála agus cosanta Ballstát áirithe;
AG MEABHRÚ DÓIBH go n-urramaíonn comhbheartas slándála agus cosanta an Aontais na hoibleagáidí a chineann ó Chonradh an Atlantaigh Thuaidh i gcás na mBallstát sin a mheasann go bhfuil a gcomhchosaint bainte amach acu in Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh a leanann de bheith mar bhunsraith do chomhchosaint a cuid comhaltaí, agus go bhfuil sé ag luí leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta arna bhunú sa chreat sin;
AR A BHEITH DEARFA go rannchuideoidh ról níos teanntásaí ag an Aontas i gcúrsaí slándála agus cosanta le beogacht Comhghuaillíochta Atlantaí athnuaite, i gcomhréir leis na socraíochtaí dá ngairtear ‘Beirlín Plus’;
AR A BHEITH DE RÚN DAINGEAN ACU a áirithiú go mbeidh ar chumas an Aontais a chuid freagrachtaí sa chomhphobal idirnáisiúnta a ghabháil ar láimh;
Á AITHINT DÓIBH go bhféadfaidh Eagraíocht na Náisiún Aontaithe cúnamh a iarraidh ar an Aontas chun misin arna nglacadh ar láimh faoi Chaibidil VI agus faoi Chaibidil VII de Chairt na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme go práinneach;
Á AITHINT DÓIBH go mbeidh ar na Ballstáit iarrachtaí a dhéanamh i réimse na gcumas de bharr neartú ar an mbeartas slándála agus cosanta;
ÓS FEASACH DÓIBH go mbeidh tréaniarracht ó na Ballstáit i dtrácht ag gabháil le tosú ar chéim nua i bhforbairt bheartais Eorpaigh slándála agus cosanta;
AG MEABHRÚ DÓIBH a thábhachtaí atá sé go mbeadh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála gafa go hiomlán leis na himeachtaí a bhaineann le buanchomhar struchtúrtha,
TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:
Airteagal 1
Beidh an buanchomhar struchtúrtha dá dtagraítear in Airteagal 28a(6) den Chonradh ar an Aontas Eorpach ar oscailt do gach Ballstát a ghabhfaidh ar láimh, ó dháta Chonradh Liospóin a theacht i bhfeidhm:
(a) |
iarrachtaí níos tréine a dhéanamh chun a chumais cosanta a fhorbairt trína rannpháirtíochtaí náisiúnta a fhorbairt agus trí bheith rannpháirteach, nuair is iomchuí, i bhfórsaí ilnáisiúnta, sna príomhchláir Eorpacha trealaimh agus i ngníomhaíocht na Gníomhaireachta a bhaineann le cumais chosanta a fhorbairt, le taighde, le soláthar agus le harmálacha (Gníomhaireacht Eorpach um Chosaint), agus |
(b) |
an cumas a bheith aige faoi 2010 ar a dhéanaí, bíodh sé ar leibhéal náisiúnta nó mar chomhbhall de ghrúpaí ilnáisiúnta d'fhórsaí, spriocaonaid chomhraic a chur ar fáil do na misin a phleanálfar, a bheidh struchtúrtha ar leibhéal na hoirbheartaíochta mar chathghrúpa, a mbeidh eilimintí tacaíochta acu lena n-áirítear iompar agus lóistíocht, a bheidh in ann na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 28b den Chonradh ar an Aontas Eorpach a chur i gcrích laistigh de thréimhse 5 go 30 lá, go háirithe chun freagairt d'iarrataí ó Eagraíocht na Náisiún Aontaithe, agus a fhéadfar a choimeád ar bun ar feadh tréimhse tosaigh 30 lá agus leanúint leo ar feadh 120 lá ar a laghad. |
Airteagal 2
D'fhonn na cuspóirí atá leagtha síos in Airteagal 1 a bhaint amach, gabhfaidh na Ballstáit atá rannpháirteach sa bhuanchomhar struchtúrtha ar láimh:
(a) |
comhoibriú, amhail ó Chonradh Liospóin a theacht i bhfeidhm, d'fhonn cuspóirí formheasta a bhaint amach maidir le leibhéal an chaiteachais infheistíochta ar threalamh cosanta, agus na cuspóirí sin a athbhreithniú go tráthrialta i bhfianaise thimpeallacht na slándála agus fhreagrachtaí idirnáisiúnta an Aontais; |
(b) |
a ngairis cosanta a chur in oiriúint dá chéile oiread agus is féidir, go háirithe trí bhíthin sainaithint a riachtanas míleata a chomhchuibhiú, a meáin agus a gcumais cosanta a chomhthiomsú, agus, nuair is iomchuí, speisialtóireacht a dhéanamh orthu, agus taobhú leis an gcomhar i réimsí na hoiliúna agus na lóistíochta; |
(c) |
bearta táigiúla a ghlacadh chun infhaighteacht, idir-inoibritheacht, solúbthacht agus in-imscarthacht a gcuid fórsaí a fheabhsú, go háirithe trí chomhchuspóirí a shainaithint maidir le fórsaí a sholáthar, lena bhféadfaí athbhreithniú ar a nósanna imeachta náisiúnta cinnteoireachta a áireamh; |
(d) |
comhoibriú chun a áirithiú go nglacfaidh siad na bearta is gá, lena n-áirítear trí chur chuige ilnáisiúnta agus gan dochar do na gealltanais ina leith sin laistigh d'Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh, chun na heasnaimh arna suíomh faoi chuimsiú an ‘tSásra Forbartha Cumais’ a shlánú; |
(e) |
páirt a ghlacadh, nuair is iomchuí, i bhforbairt mórchlár comhpháirteach trealaimh nó mórchlár Eorpach trealaimh faoi chuimsiú na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint. |
Airteagal 3
Rannchuideoidh an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint le measúnú tráthrialta ar rannpháirtíochtaí na mBallstát rannpháirteach i dtaca le cumais, go háirithe na rannpháirtíochtaí arna ndéanamh i gcomhréir leis na critéir a bhunófar inter alia ar bhonn Airteagal 2, agus déanfaidh sí tuarascáil air ar a laghad uair sa bhliain. Féadfar an measúnú sin a úsáid mar bhonn do mholtaí agus do chinntí ón gComhairle arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 28e den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
PRÓTACAL
A BHAINEANN LE hAIRTEAGAL 6(2) DEN CHONRADH AR AN AONTAS EORPACH MAIDIR LEIS AN AONTAS A AONTÚ DON CHOINBHINSIÚN EORPACH CHUN CEARTA AN DUINE AGUS SAOIRSÍ BUNÚSACHA A CHOSAINT
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA
TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:
Airteagal 1
Forálfar sa chomhaontú a bhaineann leis an Aontas aontú don Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (dá ngairtear ‘an Coinbhinsiún Eorpach’ anseo feasta) dá bhforáiltear in Airteagal 6(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, go ndéanfar sainairíonna an Aontais agus dhlí an Aontais a chaomhnú, go háirithe maidir leis:
(a) |
na socruithe speisialta le haghaidh rannpháirtíocht ionchasach an Aontais i gcomhlachtaí rialaithe an Choinbhinsiúin Eorpaigh; |
(b) |
na sásraí is gá chun a áirithiú go ndéanfar imeachtaí arna dtabhairt ag Stáit nach Ballstáit iad agus iarratais leithleacha a dhíriú i gceart chuig na Ballstáit agus/nó an Aontas, de réir mar is iomchuí. |
Airteagal 2
Áiritheoidh an comhaontú dá dtagraítear in Airteagal 1 nach ndéanfaidh aontachas an Aontais difear d'inniúlachtaí an Aontais ná do chumhachtaí a chuid institiúidí. Áiritheoidh sé nach ndéanfaidh aon ní ann difear do staid na mBallstát i ndáil leis an gCoinbhinsiún Eorpach, go háirithe i ndáil leis na Prótacail atá i gceangal leis, le bearta arna nglacadh ag na Ballstáit de mhaolú ar an gCoinbhinsiún Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 15 de agus le forchoimeádais arna ndéanamh ag na Ballstáit maidir leis an gCoinbhinsiún Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 57 de.
Airteagal 3
Ní dhéanfaidh aon ní sa chomhaontú dá dtagraítear in Airteagal 1 difear d'Airteagal 292 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
PRÓTACAL
MAIDIR LEIS AN MARGADH INMHEÁNACH AGUS AN IOMAÍOCHT
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,
AG CUR SAN ÁIREAMH go gcuimsíonn an margadh inmheánach mar a leagtar amach in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach é córas a áirithíonn nach ndéanfar an iomaíocht a shaobhadh,
TAR ÉIS COMHAONTÚ chun na críche sin, go nglacfaidh an tAontas, más gá, bearta faoi chuimsiú fhorálacha na gConarthaí, lena n-áirítear Airteagal 308 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Cuirfear an Prótacal seo i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
PRÓTACAL
MAIDIR LE CAIRT UM CHEARTA BUNÚSACHA AN AONTAIS EORPAIGH A CHUR I bhFEIDHM MAIDIR LEIS AN bPOLAINN AGUS LEIS AN RÍOCHT AONTAITHE
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,
DE BHRÍ go n-aithníonn an tAontas, le hAirteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, na cearta, na saoirsí agus na prionsabail a leagtar amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;
DE BHRÍ go gcaithfear an Chairt a chur i bhfeidhm i gcomhréir dhlúth le forálacha Airteagal 6 dá dtagraítear thuas agus le Teideal VII den Chairt féin;
DE BHRÍ go bhforáiltear le hAirteagal 6 dá dtagraítear thuas nach mór do chúirteanna na Polainne agus na Ríochta Aontaithe an Chairt a chur i bhfeidhm agus a léiriú i gcomhréir dhlúth leis na míniúcháin dá dtagraítear san Airteagal sin;
DE BHRÍ go bhfuil idir chearta agus phrionsabail sa Chairt;
DE BHRÍ go bhfuil forálacha sa Chairt ar forálacha sibhialta agus forálacha polaitiúla iad, agus forálacha ar forálacha eacnamaíocha agus forálacha sóisialta iad;
DE BHRÍ go n-athdhaingnítear leis an gCairt na cearta, na saoirsí agus na prionsabail a aithnítear san Aontas agus go dtugann sí chun léargais iad, ach mar sin féin nach gcruthaíonn sí cearta nua ná prionsabail nua;
AG MEABHRÚ DÓIBH na hoibleagáidí a chuirtear ar an bPolainn agus ar an Ríocht Aontaithe de bhun an Chonartha ar an Aontas Eorpach, de bhun an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus de bhun dhlí an Aontais i gcoitinne;
AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH gur mian leis an bPolainn agus leis an Ríocht Aontaithe soiléiriú a dhéanamh ar ghnéithe áirithe de chur i bhfeidhm na Cairte;
ÓS MIAN LEO dá bhrí sin soiléiriú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Cairte i ndáil le dlíthe agus i ndáil le gníomhaíocht riaracháin na Polainne agus na Ríochta Aontaithe agus ar a hinbhreithnitheacht sa Pholainn agus sa Ríocht Aontaithe;
AG ATHDHAINGNIÚ DÓIBH, maidir leis na tagairtí atá sa Phrótacal seo do chur chun feidhme forálacha áirithe den Chairt, nach dochar ar bith iad do chur chun feidhme forálacha eile den Chairt;
AG ATHDHAINGNIÚ DÓIBH nach dochar an Prótacal seo do chur i bhfeidhm na Cairte maidir leis na Ballstáit eile;
AG ATHDHAINGNIÚ DÓIBH nach dochar an Prótacal seo do na hoibleagáidí eile atá ar an bPolainn agus ar an Ríocht Aontaithe de bhun an Chonartha ar an Aontas Eorpach, de bhun an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus de bhun dhlí an Aontais i gcoitinne,
TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:
Airteagal 1
1. Ní chuireann an Chairt seo le cumas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ná le cumas aon chúirte nó aon bhinse de chuid na Polainne nó na Ríochta Aontaithe a shuíomh nach bhfuil dlíthe, rialacháin nó forálacha, cleachtais nó gníomhaíocht riaracháin na Polainne nó na Ríochta Aontaithe ar comhréir leis na cearta, leis na saoirsí agus leis na prionsabail bhunúsacha sin a athdhaingníonn sí.
2. Go háirithe, agus chun amhras a sheachaint, ní chruthaíonn aon ní i dTeideal IV den Chairt aon chearta inbhreithnithe a bheidh infheidhme maidir leis an bPolainn nó an Ríocht Aontaithe, ach amháin a mhéid a fhoráiltear do na cearta sin i ndlí náisiúnta na Polainne nó na Ríochta Aontaithe.
Airteagal 2
I gcás ina dtagróidh foráil den Chairt do dhlíthe náisiúnta agus do chleachtais náisiúnta, ní bheidh feidhm aici maidir leis an bPolainn ná leis an Ríocht Aontaithe ach a mhéid a aithnítear i ndlí nó i gcleachtais na Polainne nó na Ríochta Aontaithe na cearta agus na prionsabail atá inti.
PRÓTACAL
MAIDIR LE hINNIÚLACHTAÍ ROINNTE A FHEIDHMIÚ
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,
TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:
Airteagal aonair
Maidir le hAirteagal 2a(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bhaineann le hinniúlachtaí roinnte, i gcás ina nglacfaidh an tAontas beart i réimse áirithe, ní chumhdóidh raon feidhme fheidhmiú na hinniúlachta sin ach na gnéithe a rialaítear leis an ngníomh sin de chuid an Aontais atá i gceist agus ní chumhdóidh sé dá bhrí sin an réimse go léir.
PRÓTACAL
MAIDIR LE SEIRBHÍSÍ LEASA GHINEARÁLTA
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,
ÓS MIAN LEO béim a leagan ar thábhacht seirbhísí leasa ghinearálta,
TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha léirithe seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:
Airteagal 1
Cuimsíonn comhluachanna an Aontais maidir le seirbhísí leasa eacnamaíoch ghinearálta, de réir bhrí Airteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, an méid seo a leanas go háirithe:
— |
an ról riachtanach agus an rogha leathan atá ag na húdaráis náisiúnta, ag na húdaráis réigiúnacha agus ag na húdaráis áitiúla maidir le seirbhísí leasa eacnamaíoch ghinearálta a sholáthar, a chur á n-úsáid agus a eagrú ar bhealach a fhreagraíonn a oiread agus is féidir do riachtanais na n-úsáideoirí; |
— |
éagsúlacht na seirbhísí leasa eacnamaíoch ghinearálta agus na difríochtaí a d'fhéadfadh a bheith ann idir riachtanais na n-úsáideoirí agus idir a roghanna de bharr staideanna geografacha, staideanna sóisialta nó staideanna cultúrtha éagsúla; |
— |
leibhéal ard cáilíochta, sábháilteachta agus incheannaitheachta, an chóir chomhionann agus rochtain do chách agus cearta úsáideoirí a chur chun cinn. |
Airteagal 2
Ní dhéanfaidh forálacha na gConarthaí difear ar dhóigh ar bith d'inniúlacht na mBallstát maidir le seirbhísí leasa ghinearálta nach den gheilleagar iad a sholáthar, a chur á n-úsáid agus a eagrú.
PRÓTACAL
A BHAINEANN LEIS AN gCINNEADH ÓN gCOMHAIRLE MAIDIR LE CUR CHUN FEIDHME AIRTEAGAL 9c(4) DEN CHONRADH AR AN AONTAS EORPACH AGUS AIRTEAGAL 205(2) DEN CHONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH IDIR AN 1 SAMHAIN 2014 AGUS AN 31 MÁRTA 2017, DE PHÁIRT AMHÁIN, AGUS ÓN 1 AIBREÁN 2017 AR AGHAIDH, DEN PHÁIRT EILE
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,
AG CUR SAN ÁIREAMH a thábhachtaí agus a bhunúsaí atá sé, nuair a fhormheasfar Conradh Liospóin, go dtiocfar ar chomhaontú ar an gCinneadh ón gComhairle maidir le cur chun feidhme Airteagal 9c(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagal 205(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh idir an 1 Samhain 2014 agus an 31 Márta 2017, de pháirt amháin, agus ón 1 Aibreán 2017 ar aghaidh, den pháirt eile (dá ngairtear ‘an Cinneadh’ anseo feasta),
TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:
Airteagal aonair
Sula bpléifidh an Chomhairle aon dréacht a mbeadh sé d'aidhm aige an Cinneadh nó ceann dá fhorálacha a leasú nó a aisghairm, nó a raon feidhme nó a bhrí a mhodhnú go hindíreach trí ghníomh dlíthiúil eile de chuid an Aontais a mhodhnú, déanfaidh an Chomhairle Eorpach an dréacht sin a phlé roimh ré, ag gníomhú di trí chomhthoil i gcomhréir le hAirteagal 9b(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
PRÓTACAL
MAIDIR LE FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,
DE BHRÍ, d'fhonn an trasdul a eagrú ó fhorálacha institiúideacha na gConarthaí a bhí infheidhme roimh theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin go dtí na forálacha sa Chonradh sin, gur gá forálacha idirthréimhseacha a leagan síos,
TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:
Airteagal 1
Sa Phrótacal seo, ciallóidh ‘na Conarthaí’ an Conradh ar an Aontas Eorpach, an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.
TEIDEAL I
FORÁLACHA A BHAINEANN LE PARLAIMINT NA hEORPA
Airteagal 2
I gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 9a(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, glacfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh lena socrófar comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa, in am trátha roimh thoghcháin Pharlaimint na hEorpa i 2009.
Go dtí deireadh an téarma pharlaimintigh 2004-2009, leanfaidh comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa agus líon na n-ionadaithe arna dtoghadh do Pharlaimint na hEorpa amhail an dáta ar tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm.
TEIDEAL II
FORÁLACHA A BHAINEANN LEIS AN TROMLACH CÁILITHE
Airteagal 3
1. I gcomhréir le hAirteagal 9c(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, gabhfaidh éifeacht le forálacha na míre seo agus le forálacha Airteagal 205(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, maidir leis an tromlach cáilithe sa Chomhairle Eorpach agus sa Chomhairle a shainiú, an 1 Samhain 2014.
2. Idir an 1 Samhain 2014 agus an 31 Márta 2017, nuair a bheidh gníomh le glacadh trí thromlach cáilithe, féadfaidh comhalta den Chomhairle a iarraidh go nglacfar é tríd an tromlach cáilithe mar atá sé sainithe i mír 3. Sa chás sin, beidh feidhm ag míreanna 3 agus 4.
3. Go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2014, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas, gan dochar don dara fomhír d'Airteagal 201a(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:
Le haghaidh gníomhartha na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle nach foláir tromlach cáilithe dóibh, déanfar vótaí na gcomhaltaí a ualú mar a leanas:
An Bheilg |
12 |
An Bhulgáir |
10 |
Poblacht na Seice |
12 |
An Danmhairg |
7 |
An Ghearmáin |
29 |
An Eastóin |
4 |
Éire |
7 |
An Ghréig |
12 |
An Spáinn |
27 |
An Fhrainc |
29 |
An Iodáil |
29 |
An Chipir |
4 |
An Laitvia |
4 |
An Liotuáin |
7 |
Lucsamburg |
4 |
An Ungáir |
12 |
Málta |
3 |
An Ísiltír |
13 |
An Ostair |
10 |
An Pholainn |
27 |
An Phortaingéil |
12 |
An Rómáin |
14 |
An tSlóivéin |
4 |
An tSlóvaic |
7 |
An Fhionlainn |
7 |
An tSualainn |
10 |
An Ríocht Aontaithe |
29 |
Glacfar gníomhartha má bhíonn 255 vóta ar a laghad i bhfabhar atá in ionannas le tromlach na gcomhaltaí nuair is gá faoi na Conarthaí iad a ghlacadh ar thogra ón gCoimisiún. I gcásanna eile glacfar cinntí má tá 255 vóta i bhfabhar atá in ionannas le dhá thrian ar a laghad de na comhaltaí.
Féadfaidh comhalta den Chomhairle Eorpach nó comhalta den Chomhairle a iarraidh, nuair a ghlacfaidh an Chomhairle Eorpach nó an Chomhairle gníomh trí thromlach cáilithe, go ndéanfar a fhíorú go bhfuil na Ballstáit a chomhdhéanann an tromlach cáilithe in ionannas le 62 % ar a laghad de dhaonra iomlán an Aontais. Más amhlaidh nach mar sin atá, ní ghlacfar an gníomh.
4. Go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2014, más rud é, de bhun na gConarthaí, nach nglacfaidh comhaltaí uile na Comhairle páirt sa vótáil, is é sin sna cásanna ina dtagraítear don tromlach cáilithe mar atá sé sainithe in Airteagal 205(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, saineofar an tromlach cáilithe mar an chionmhaireacht chéanna de na vótaí ualaithe agus an chionmhaireacht chéanna de chomhaltaí na Comhairle agus, más iomchuí, an céatadán céanna de dhaonra na mBallstát i dtrácht, agus atá leagtha síos i mír 3 den Airteagal seo.
TEIDEAL III
FORÁLACHA MAIDIR LE FOIRMÍOCHTAÍ NA COMHAIRLE
Airteagal 4
Go dtí go dtiocfaidh an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 9c(6) den Chonradh ar an Aontas Eorpach i bhfeidhm, féadfaidh an Chomhairle teacht le chéile sna foirmíochtaí arna leagan síos sa dara fomhír agus sa tríú fomhír den mhír sin agus sna foirmíochtaí eile atá ar an liosta arna bhunú le cinneadh ón gComhairle Gnóthaí Ginearálta, ag gníomhú di trí thromlach simplí.
TEIDEAL IV
FORÁLACHA A BHAINEANN LEIS AN gCOIMISIÚN, LENA nÁIRÍTEAR ARDIONADAÍ AN AONTAIS DO GHNÓTHAÍ EACHTRACHA AGUS DON BHEARTAS SLÁNDÁLA
Airteagal 5
Na comhaltaí den Choimisiún a bheidh i seilbh oifige ar an dáta a dtiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm, fanfaidh siad i seilbh oifige go dtí deireadh a dtéarma oifige. Ar a shon sin, an lá a gceapfar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, tiocfaidh deireadh le téarma oifige an chomhalta a bhfuil an náisiúntacht chéanna aige leis an Ardionadaí.
TEIDEAL V
FORÁLACHA A BHAINEANN LE hARDRÚNAÍ NA COMHAIRLE, ARDIONADAÍ DON CHOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA, AGUS LE LEAS-ARDRÚNAÍ NA COMHAIRLE
Airteagal 6
Tiocfaidh deireadh le téarma oifige Ardrúnaí na Comhairle, Ardionadaí don Chomhbheartas eachtrach agus slándála, agus le téarma oifige Leas-Ardrúnaí na Comhairle ar an dáta a dtiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm. Ceapfaidh an Chomhairle Ardrúnaí i gcomhréir le hAirteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
TEIDEAL VI
FORÁLACHA A BHAINEANN LE COMHLACHTAÍ COMHAIRLEACHA
Airteagal 7
Go dtí go dtiocfaidh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 258 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm, is mar seo a leanas a chionroinnfear comhaltaí an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta:
An Bheilg |
12 |
An Bhulgáir |
12 |
Poblacht na Seice |
12 |
An Danmhairg |
9 |
An Ghearmáin |
24 |
An Eastóin |
7 |
Éire |
9 |
An Ghréig |
12 |
An Spáinn |
21 |
An Fhrainc |
24 |
An Iodáil |
24 |
An Chipir |
6 |
An Laitvia |
7 |
An Liotuáin |
9 |
Lucsamburg |
6 |
An Ungáir |
12 |
Málta |
5 |
An Ísiltír |
12 |
An Ostair |
12 |
An Pholainn |
21 |
An Phortaingéil |
12 |
An Rómáin |
15 |
An tSlóivéin |
7 |
An tSlóvaic |
9 |
An Fhionlainn |
9 |
An tSualainn |
12 |
An Ríocht Aontaithe |
24 |
Airteagal 8
Go dtí go dtiocfaidh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 263 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm, is mar seo a leanas a chionroinnfear comhaltaí Choiste na Réigiún:
An Bheilg |
12 |
An Bhulgáir |
12 |
Poblacht na Seice |
12 |
An Danmhairg |
9 |
An Ghearmáin |
24 |
An Eastóin |
7 |
Éire |
9 |
An Ghréig |
12 |
An Spáinn |
21 |
An Fhrainc |
24 |
An Iodáil |
24 |
An Chipir |
6 |
An Laitvia |
7 |
An Liotuáin |
9 |
Lucsamburg |
6 |
An Ungáir |
12 |
Málta |
5 |
An Ísiltír |
12 |
An Ostair |
12 |
An Pholainn |
21 |
An Phortaingéil |
12 |
An Rómáin |
15 |
An tSlóivéin |
7 |
An tSlóvaic |
9 |
An Fhionlainn |
9 |
An tSualainn |
12 |
An Ríocht Aontaithe |
24 |
TEIDEAL VII
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA MAIDIR LEIS NA GNÍOMHARTHA ARNA nGLACADH AR BHONN THEIDIL V AGUS VI DEN CHONRADH AR AN AONTAS EORPACH ROIMH CHONRADH LIOSPÓIN A THEACHT I bhFEIDHM
Airteagal 9
Gníomhartha institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais arna nglacadh ar bhonn an Chonartha ar an Aontas Eorpach sula dtiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm, déanfar a n-éifeachtaí dlíthiúla a chaomhnú go dtí go ndéanfar iad a aisghairm, a neamhniú nó a leasú de bhun na gConarthaí. Is mar an gcéanna a bheidh maidir le comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích idir Bhallstáit ar bhonn an Chonartha ar an Aontas Eorpach.
Airteagal 10
1. Mar bheart idirthréimhseach, agus maidir le gníomhartha an Aontais i dtaca le comhar póilíneachta agus le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta arna nglacadh sula dtiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm, is iad seo a leanas na cumhachtaí a bheidh ag na hinstitiúidí ar an dáta a dtiocfaidh an Conradh sin i bhfeidhm: ní bheidh cumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 226 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh infheidhme agus fanfaidh cumhachtaí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh faoi Theideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach, sa leagan a bheidh i bhfeidhm sula dtiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm, mar atá siad, lena n-áirítear i gcásanna inar glacadh iad faoi Airteagal 35(2) den Chonradh sin ar an Aontas Eorpach.
2. Béarfaidh an leasú ar ghníomh dá dtagraítear i mír 1 infheidhmeacht chumhachtaí na n-institiúidí dá dtagraítear sa mhír sin mar a leagtar amach sna Conarthaí iad i dtaca leis an ngníomh leasaithe maidir leis na Ballstáit sin a mbeidh feidhm ag an ngníomh leasaithe maidir leo.
3. Scoirfidh an beart idirthréimhseach dá dtagraítear i mír 1 d'éifeacht a bheith aige, ar scor ar bith, cúig bliana tar éis an dáta a dtiocfaidh Conradh Liospóin i bhfeidhm.
4. Sé mhí, ar a dhéanaí, roimh dhul in éag na hidirthréimhse dá dtagraítear i mír 3, féadfaidh an Ríocht Aontaithe fógra a thabhairt don Chomhairle nach nglacann sí, i ndáil leis na gníomhartha dá dtagraítear i mír 1, le cumhachtaí na n-institiúidí dá dtagraítear i mír 1 mar a leagtar amach sna Conarthaí iad. Má bhíonn an fógra sin tugtha ag an Ríocht Aontaithe, scoirfidh na gníomhartha ar fad dá dtagraítear i mír 1 d'fheidhm a bheith acu maidir léi ón dáta a rachaidh an idirthréimhse dá dtagraítear i mír 3 in éag. Ní bheidh feidhm ag an bhfomhír seo maidir leis na gníomhartha leasaithe atá infheidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe mar a luaitear i mír 2.
Cinnfidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, na socruithe iarmhartacha agus na socruithe idirthréimhseacha is gá. Ní bheidh an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an chinnidh seo. Saineofar tromlach cáilithe den Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 205(3)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh a ghlacadh freisin lena gcinnfear go n-iompróidh an Ríocht Aontaithe na hiarmhairtí díreacha airgeadais, más ann dóibh, a thabhófar le riachtanas agus ar dhóigh dhosheachanta de bharr gur scoir sí de bheith rannpháirteach sna gníomhartha sin.
5. Féadfaidh an Ríocht Aontaithe, tráth ar bith ina dhiaidh sin, fógra a thabhairt don Chomhairle á rá gur mian léi bheith rannpháirteach i ngníomhartha nach bhfuil infheidhme a thuilleadh maidir léi de bhun na chéad fhomhíre de mhír 4. Sa chás sin, beidh feidhm ag forálacha ábhartha an Phrótacail maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh nó ag forálacha ábhartha an Phrótacail maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, de réir mar a bheidh. Is iad na cumhachtaí a leagfar amach sna Conarthaí cumhachtaí na n-institiúidí i leith na ngníomhartha sin. Agus iad ag gníomhú faoi na Prótacail ábhartha, féachfaidh institiúidí an Aontais agus an Ríocht Aontaithe lena oiread rannpháirtíochta agus is féidir ón Ríocht Aontaithe in acquis an Aontais a athbhunú i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais gan éifeacht thromchúiseach a bheith aige sin ar inoibritheacht phraiticiúil na gcodanna éagsúla de, ag urramú a gcomhchuibhis dóibh.
PRÓTACAIL A CHUIRFEAR I gCEANGAL LE CONRADH LIOSPÓIN
PRÓTACAL Uimh. 1
AG LEASÚ NA bPRÓTACAL ATÁ I gCEANGAL LEIS AN gCONRADH AR AN AONTAS EORPACH, LEIS AN gCONRADH AG BUNÚ AN CHOMHPHOBAIL EORPAIGH AGUS/NÓ LEIS AN gCONRADH AG BUNÚ AN CHOMHPHOBAIL EORPAIGH DO FHUINNEAMH ADAMHACH
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,
ÓS MIAN LEO na Prótacail atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus/nó leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach a chur in oiriúint do na rialacha nua a leagtar síos le Conradh Liospóin,
TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal le Conradh Liospóin:
Airteagal 1
1) Leasaítear i gcomhréir le forálacha an Airteagail seo na Prótacail atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus/nó leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach agus a bheidh i bhfeidhm ar an dáta a dtiocfaidh an Conradh seo i bhfeidhm.
2) Beidh feidhm ag na leasuithe cothrománacha a leagtar síos i bpointe 2 d'Airteagal 2 de Chonradh Liospóin, cé is moite de phointí (d), (e) agus (j) de, maidir leis na Prótacail dá dtagraítear san Airteagal seo.
3) Sna Prótacail dá dtagraítear i bpointe 1 den Airteagal seo:
(a) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na míre deiridh de na brollaigh: ‘TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh’. Ní bheidh feidhm ag an bhfomhír seo i gcás an Phrótacail maidir le comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta ná i gcás an Phrótacail maidir leis an gcóras craolacháin phoiblí sna Ballstáit. Déanfar an Prótacal ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Prótacal maidir le suímh institiúidí an Aontais Eorpaigh agus suímh comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí agus ranna áirithe de chuid an Aontais Eorpaigh a shocrú, an Prótacal maidir le hAirteagal 40.3.3 de Bhunreacht na hÉireann agus an Prótacal ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh a chur i gceangal freisin leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach; |
(b) |
cuirtear ‘Aontais’ in ionad an fhocail ‘Comhphobail’ agus déantar aon oiriúnuithe gramadaí is gá air. |
4) Sna Prótacail seo a leanas, cuirtear an leagan cuí gramadaí de na focail ‘na Conarthaí’ agus ‘na Conarthaí seo’ in ionad an leagain chomhfhreagraigh de na focail ‘an Conradh’ agus ‘an Conradh seo’ agus cuirtear tagairt do na Conarthaí in ionad na dtagairtí don Chonradh ar an Aontas Eorpach agus/nó don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh:
(a) |
sa Phrótacal ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh:
|
(b) |
sa Phrótacal maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Bhainc Cheannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh;
|
(c) |
sa Phrótacal maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach:
|
(d) |
sa Phrótacal maidir le forálacha áirithe a bhaineann leis an Danmhairg:
|
(e) |
sa Phrótacal ag lánpháirtiú acquis Schengen i gcreat an Aontais Eorpaigh:
|
(f) |
sa Phrótacal maidir le tearmann do náisiúnaigh de chuid Bhallstáit an Aontais Eorpaigh:
|
(g) |
sa Phrótacal maidir le maoin a fháil sa Danmhairg:
|
(h) |
sa Phrótacal maidir leis an gcóras craolacháin phoiblí sna Ballstáit:
|
(i) |
sa Phrótacal maidir leis na hiarmhairtí airgeadais toisc Conradh CEGC a dhul in éag agus leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach:
|
5) Sna Prótacail agus sna hIarscríbhinní seo a leanas, cuirtear tagairt don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh in ionad na bhfocal ‘den Chonradh’ agus ‘den Chonradh seo’:
(a) |
sa Phrótacal maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Bhainc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh:
|
(b) |
sa Phrótacal maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach:
|
(c) |
sa Phrótacal maidir leis na critéir um chóineasú dá dtagraítear in Airteagal 121 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh:
|
(d) |
sa Phrótacal maidir le forálacha áirithe a bhaineann le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann:
|
(e) |
sa Phrótacal maidir le comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta:
|
(f) |
in Iarscríbhinní I agus II:
|
6) Sna Prótacail seo a leanas, cuirtear ‘den Chonradh sin’ in ionad ‘den Chonradh seo’:
(a) |
sa Phrótacal maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Bhainc Cheannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh:
|
(b) |
sa Phrótacal maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach:
|
(c) |
sa Phrótacal maidir leis na critéir um chóineasú dá dtagraítear in Airteagal 121 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh:
|
(d) |
sa Phrótacal maidir le forálacha áirithe a bhaineann le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann:
|
7) Sna Prótacail seo a leanas, cuirtear ‘ag gníomhú di trí thromlach simplí,’ isteach i ndiaidh ‘an Chomhairle’:
(a) |
sa Phrótacal ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh:
|
(b) |
sa Phrótacal ar phribhléidí agus díolúintí na gComhphobal Eorpach:
|
8) Sna Prótacail seo a leanas, cuirtear ‘Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh’ in ionad ‘na Cúirte Breithiúnais’ agus in ionad ‘na Cúirte’, cuirtear ‘Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh’ in ionad ‘Cúirt Bhreithiúnais’ agus in ionad ‘Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach’, cuirtear ‘do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh’ in ionad ‘don Chúirt Bhreithiúnais’ agus cuirtear ‘ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh’ in ionad ‘ag an gCúirt Bhreithiúnais’:
(a) |
sa Phrótacal ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh:
|
(b) |
sa Phrótacal maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh:
|
(c) |
sa Phrótacal maidir le suímh institiúidí na gComhphobal Eorpach agus suímh eagras agus ranna áirithe de chuid na gComhphobal Eorpach agus suíomh Europol a shocrú:
|
(d) |
sa Phrótacal ar phribhléidí agus díolúintí na gComhphobal Eorpach:
|
(e) |
sa Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann:
|
(f) |
sa Phrótacal maidir le tearmann do náisiúnaigh de chuid Bhallstáit an Aontais Eorpaigh:
|
9) Aisghairtear na Prótacail seo a leanas:
(a) |
Prótacal ar an Iodáil (1957); |
(b) |
Prótacal ar earraí de thionscnamh tíortha áirithe a thig ó na tíortha sin agus a fhaigheann cóir speisialta arna n-allmhairiú isteach i gceann de na Ballstáit (1957); |
(c) |
Prótacal maidir le Reacht na hInstitiúide Eorpaí Airgeadaíochta (1992); |
(d) |
Prótacal maidir leis an trasdul chuig an tríú céim den Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (1992); |
(e) |
Prótacal maidir leis an bPortaingéil (1992); |
(f) |
Prótacal maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, a gcuirtear Prótacal nua a bhfuil an teideal céanna air ina ionad (1997); |
(g) |
Prótacal maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, a gcuirtear Prótacal nua a bhfuil an teideal céanna air ina ionad (1997); |
(h) |
Prótacal maidir le cosaint agus leas ainmhithe, a ndéantar téacs Airteagal 6b den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh de (1997); |
(i) |
Prótacal maidir le méadú an Aontais Eorpaigh (2001); |
(j) |
Prótacal maidir le hAirteagal 67 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (2001). |
10) Leasaítear mar a leanas an Prótacal ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh:
(a) |
sa chéad aithris den bhrollach, cuirtear tagairt don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh in ionad na tagartha don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh. Sa chuid eile den Phrótacal cuirtear ‘den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh’ in ionad ‘de Chonradh CE’; sa Phrótacal tríd síos, scriostar na tagairtí do na hAirteagail de Chonradh CEFA a aisghairtear le Prótacal Uimh. 2 atá i gceangal leis an gConradh seo agus déantar aon oiriúnuithe gramadaí is gá ar an abairt; |
(b) |
sna hAirteagail seo a leanas, cuirtear an leagan cuí gramadaí de na focail ‘Cúirt Bhreithiúnais’ in ionad an leagain chomhfhreagraigh den fhocal ‘Cúirt’:
|
(c) |
in Airteagal 2, cuirtear ‘os comhair na Cúirte Breithiúnais, ina suí di i gcúirt oscailte’ in ionad ‘, i gcúirt oscailte’; |
(d) |
sa dara mír d'Airteagal 3 agus sa cheathrú mír d'Airteagal 4, cuirtear isteach an abairt seo a leanas: ‘Má bhaineann an bhreith le comhalta den Chúirt Ghinearálta nó le comhalta de chúirt speisialaithe, tabharfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith tar éis dul i gcomhairle leis an gcúirt lena mbaineann.’; |
(e) |
sa chéad mhír d'Airteagal 6, cuirtear isteach an abairt seo a leanas: ‘Más comhalta den Chúirt Ghinearálta nó de chúirt speisialaithe an duine lena mbaineann, tabharfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith tar éis dul i gcomhairle leis an gcúirt lena mbaineann.’; |
(f) |
i gceannteideal Theideal II cuirtear ‘Eagrú na Cúirte Breithiúnais’ in ionad ‘Eagraíocht’; |
(g) |
sa chéad abairt den chéad mhír d'Airteagal 13, cuirtear ‘Ar iarraidh ón gCúirt, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, foráil a dhéanamh’ in ionad ‘Ar thogra ón gCúirt, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil, socrú a dhéanamh’; |
(h) |
i gceannteideal Theideal III cuirtear isteach ‘os comhair na Cúirte Breithiúnais’; |
(i) |
leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:
|
(j) |
sa dara mír d'Airteagal 24, cuirtear isteach ‘ar na comhlachtaí, ar na hoifigí agus ar na gníomhaireachtaí’ i ndiaidh ‘hinstitiúidí’; |
(k) |
in Airteagal 40, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír: ‘Beidh an ceart céanna ar fáil do chomhlachtaí, d'oifigí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais agus d'aon duine eile ar féidir leis leas a shuíomh i dtoradh cáis a cuireadh faoi bhráid na Cúirte. Ní fhéadfaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha idiragairt i gcásanna idir Bhallstáit, idir institiúidí de chuid an Aontais nó idir Ballstáit agus institiúidí de chuid an Aontais.’; |
(l) |
in Airteagal 42, cuirtear isteach ‘comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí’ i ndiaidh ‘institiúidí’; |
(m) |
in Airteagal 46 cuirtear isteach an mhír nua seo a leanas: ‘Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le himeachtaí i gcoinne an Bhainc Cheannais Eorpaigh a bhaineann le dliteanas neamhchonarthach.’; |
(n) |
cuirtear ‘AN CHÚIRT GHINEARÁLTA’ mar cheannteideal nua ar Theideal IV; |
(o) |
in Airteagal 47, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre: ‘Beidh feidhm ag an gcéad mhír d'Airteagal 9, ag Airteagal 14 agus ag Airteagal 15, ag an gcéad mhír, ag an dara mír, ag an gceathrú mír agus ag an gcúigiú mír d'Airteagal 17 agus ag Airteagal 18 maidir leis an gCúirt Ghinearálta agus maidir lena comhaltaí.’; |
(p) |
sa tríú fleasc de phointe (a) den chéad mhír d'Airteagal 51, cuirtear tagairt d'Airteagal 249c(2) in ionad na tagartha don tríú fleasc d'Airteagal 202 agus i bpointe (b), cuirtear tagairt d'Airteagal 280f(1) in ionad na tagartha d'Airteagal 11a. Sa dara mír, scriostar ‘nó an Banc Ceannais Eorpach’; |
(q) |
leasaítear Airteagal 64 mar a leanas:
|
(r) |
sa dara habairt d'Airteagal 3(1) d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an bPrótacal, cuirtear ‘Bhinse na Seirbhíse Sibhialta’ in ionad ‘an bhinse’; i mír 2 agus i mír 3, scriostar ‘trí thromlach cáilithe’; |
(s) |
(ní bhaineann an méid seo leis an leagan Gaeilge). |
11) Leasaítear mar a leanas an Prótacal maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Bhainc Cheannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh:
(a) |
sa chéad aithris den bhrollach, cuirtear tagairt don dara mír d'Airteagal 107(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh in ionad na tagartha d'Airteagal 8 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh; |
(b) |
cuirtear an ceannteideal seo a leanas in ionad an cheannteidil ar Chaibidil 1: ‘AN CÓRAS EORPACH BANC CEANNAIS’; |
(c) |
roinntear Airteagal 1.1 ag an leathstad ina dhá fhomhír nach mbeidh uimhreacha orthu. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre: ‘I gcomhréir le hAirteagal 245a(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, comhdhéanfar an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC) den Bhanc Ceannais Eorpach (BCE) i dteannta leis na bainc cheannais náisiúnta. Comhdhéanfar an tEurochóras den BCE agus de bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu.’; ag tús an dara fomhír, cuirtear ‘Comhlíonfaidh an CEBC agus an BCE a gcúraimí’ in ionad ‘comhlíonfaidh siad a bhfeidhmeanna’; |
(d) |
scriostar Airteagal 1.2; |
(e) |
in Airteagal 2, cuirtear ‘I gcomhréir le hAirteagal 105(1) agus le hAirteagal 245a(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh’ in ionad ‘I gcomhréir le hAirteagal 105(1) den Chonradh seo’. Ag deireadh an dara habairt, cuirtear ‘ar an Aontas Eorpach’ i ndiaidh ‘den Chonradh’ agus scriostar ‘seo’. Ag deireadh an tríú habairt, cuirtear ‘ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh’ i ndiaidh ‘den Chonradh’ agus scriostar ‘seo’; |
(f) |
sa dara fleasc d'Airteagal 3.1, cuirtear ‘Airteagal 188o den Chonradh sin’ in ionad ‘Airteagal 111 den Chonradh seo’; |
g) |
in Airteagal 4(b), scriostar ‘iomchuí’; |
(h) |
in Airteagal 9.1, cuirtear ‘i gcomhréir le hAirteagal 245a(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh’ in ionad ‘i gcomhréir le hAirteagal 107(2) den Chonradh seo’; |
(i) |
leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:
|
(j) |
sa chéad fhomhír d'Airteagal 11.2, cuirtear ‘déanfaidh an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe,’ in ionad ‘déanfaidh Rialtais na mBallstát de thoil a chéile ar leibhéal na gCeannairí Stáit nó Rialtais,’; |
(k) |
ag deireadh Airteagal 14.1, scriostar ‘..., roimh dháta CEBC a bhunú ar a dhéanaí, ...’; |
(l) |
sa chéad abairt d'Airteagal 16, cuirtear ‘in euro’ isteach i ndiaidh ‘na nótaí bainc’; |
(m) |
sa chéad fhleasc d'Airteagal 18.1, cuirtear ‘bídís in euro nó in airgeadraí eile’ in ionad ‘bídís in airgeadraí Comhphobail nó neamhchomhphobail,’; |
(n) |
in Airteagal 25.2, cuirtear ‘le haon rialachán ón gComhairle’ in ionad ‘le haon chinneadh ón gComhairle’; |
(o) |
ag tús Airteagal 28.1, scriostar ‘Ar theacht chun bheith oibríochtúil arna bhunú do BCE,’; |
(p) |
in Airteagal 29.1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad abairt thosaigh na chéad fhomhíre: ‘Déanfar an scála le haghaidh shuibscríobh chaipiteal an Bhainc Cheannais Eorpaigh a socraíodh den chéad uair i 1998 nuair a bunaíodh an Córas Eorpach Banc Ceannais a chinneadh trína shannadh do gach banc ceannais náisiúnta ualú sa scála is ionann agus suim:’; cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: ‘Cothromófar na céatadáin suas nó síos don iolraí is gaire de 0,0001 pointe céatadáin.’; |
(q) |
in Airteagal 32.2, scriostar ‘Faoi réir Airteagal 32.3,’ agus in Airteagal 32.3, cuirtear ‘, tar éis an euro a thabhairt isteach,’ in ionad ‘, tar éis thús an tríú céim,’; |
(r) |
scriostar na ceithre fhomhír thosaigh d'Airteagal 34.2; |
(s) |
sa chéad abairt d'Airteagal 35.6, cuirtear ‘faoi na Conarthaí agus’ isteach roimh ‘... faoin Reacht seo’; |
(t) |
aisghairtear Airteagal 37 agus athuimhrítear dá réir na hAirteagail a thagann ina dhiaidh; |
(u) |
leasaítear Airteagal 41, a athuimhrítear mar Airteagal 40, mar a leanas:
|
(v) |
in Airteagal 42, a athuimhrítear mar Airteagal 41, scriostar ‘, láithreach bonn tar éis cinneadh a ghlacadh ar dháta thús an tríú céim,’ agus scriostar ‘ag gníomhú di trí thromlach cáilithe’; |
(w) |
in Airteagail 43.1, 43.2 et 43.3, a athuimhrítear mar Airteagail 42.1, 42.2 et 42.3, cuirtear tagairt d'Airteagal 116a in ionad na tagartha d'Airteagal 122; in Airteagal 43.3, a athuimhrítear mar Airteagal 42.3, scriostar an tagairt d'Airteagail 34.2 agus 50 agus in Airteagal 43.4, a athuimhrítear mar 42.4, cuirtear tagairt d'Airteagal 10.2 in ionad na tagartha d'Airteagal 10.1; |
(x) |
sa chéad mhír d'Airteagal 44, a athuimhrítear mar Airteagal 43, cuirtear ‘na cúraimí sin de IEA dá dtagraítear in Airteagal 118a(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh’ in ionad ‘na cúraimí sin de IEA’ agus cuirtear ‘tar éis an euro a thabhairt isteach’ in ionad ‘sa tríú céim’; sa dara mír, cuirtear tagairt d'Airteagal 117a in ionad na tagartha d'Airteagal 122; |
(y) |
in Airteagal 47.3, a athuimhrítear mar Airteagal 46.3, cuirtear ‘... in aghaidh an euro...’ in ionad ‘... in aghaidh airgeadraí, nó airgeadra aonair, na mBallstát gan mhaolú, ...’; |
(z) |
aisghairtear Airteagal 50 agus Airteagal 51 agus athuimhrítear dá réir na hAirteagail a thagann ina ndiaidh; |
(aa) |
in Airteagal 52, a athuimhrítear mar Airteagal 49, cuirtear isteach ‘i gcomhréir le hAirteagal 116(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh’ i ndiaidh ‘Tar éis na rátaí malairte a shocrú go neamh-inchúlghairthe, ...’; |
(ab) |
(ní bhaineann an méid seo leis an leagan Gaeilge). |
12) Leasaítear mar a leanas an Prótacal ar Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta:
(a) |
sa Phrótacal tríd síos, cuirtear tagairt d'Airteagal ‘den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh’ in ionad aon tagartha d'Ai |