12006M/TXT

Chonartha ar an Aontas Eorpach (leagan comhdhlúite) - Téacs an Chonartha

Official Journal C 321 E , 29/12/2006 P. 0005 - 0036
Official Journal C 325 , 24/12/2002 P. 0005 - Consolidated version
Official Journal C 340 , 10/11/1997 P. 0145 - Consolidated version


LEAGAN COMHDHLÚITE

AN CHONARTHA

AR AN AONTAS EORPACH

CLÁR

TÉACS AN CHONARTHA

Brollach …

TEIDEAL I — Forálacha coiteanna …

TEIDEAL II — Forálacha a leasaíonn an Conradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa d'fhonn an Comhphobal Eorpach a bhunú …

TEIDEAL III — Forálacha a leasaíonn an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach …

TEIDEAL IV — Forálacha a leasaíonn an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach …

TEIDEAL V — Forálacha maidir le comhbheartas eachtrach agus slándála …

TEIDEAL VI — Forálacha maidir le comhar póilíneachta agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla …

TEIDEAL VII — Forálacha maidir le comhar níos dlúithe …

TEIDEAL VIII — Forálacha críochnaitheacha …

PRÓTACAIL

CLÁR

A. Prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach

— Prótacal (Uimh. 1) maidir le hAirteagal 17 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (1997)

B. Prótacail atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomphobail Eorpaigh

— Prótacal (Uimh. 2) ag lánpháirtiú acquis Schengen i gcreat an Aontais Eorpaigh (1997)

— Prótacal (Uimh. 3) maidir le gnéithe áirithe d'Airteagal 14 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh a chur i bhfeidhm ar an Ríocht Aontaithe agus ar Éirinn (1997)

— Prótacal (Uimh. 4) maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann (1997)

— Prótacal (Uimh. 5) maidir le seasamh na Danmhairge (1997)

C. Prótacail atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach

— Prótacal (Uimh. 6) ar Reacht na Cúirte Breithiúnais (2001)

— Prótacal (Uimh. 7) atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach (1992)

— Prótacal (Uimh. 8) maidir le suímh institiúidí na gComhphobal Eorpach, suímh eagras agus ranna áirithe de chuid na gComhphobal Eorpach agus suíomh Europol a shocrú (1997)

— Prótacal (Uimh. 9) maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach (1997)

— Prótacal (Uimh. 10) maidir le méadú an Aontais Eorpaigh (2001)

D. Prótacail atá i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh

— Prótacal (Uimh. 11) ar Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (1957)

— Prótacal (Uimh. 12) ar an Iodáil (1957)

— Prótacal (Uimh. 13) ar earraí de thionscnamh tíortha áirithe a thig ó na tíortha sin agus a fhaigheann cóir speisialta arna n-allmhairiú isteach i gceann de na Ballstáit (1957)

— Prótacal (Uimh. 14) maidir le hallmhairiú isteach sa Chomhphobal Eorpach ar tháirgí peitriliam arna scagadh in Aintillí na hÍsiltíre (1962)

— Prótacal (Uimh. 15) ar shocruithe speisialta don Ghraonlainn (1985)

— Prótacal (Uimh. 16) maidir le maoin a fháil sa Danmhairg (1992)

— Prótacal (Uimh. 17) maidir le hAirteagal 141 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (1992)

— Prótacal (Uimh. 18) maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Bhainc Cheannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh (1992)

— Prótacal (Uimh. 19) maidir le Reacht na hInstitiúide Eorpaí Airgeadaíochta (1992)

— Prótacal (Uimh. 20) maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach (1992)

— Prótacal (Uimh. 21) maidir leis na critéir um chóineasú dá dtagraítear in Airteagal 121 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (1992)

— Prótacal (Uimh. 22) maidir leis an Danmhairg (1992)

— Prótacal (Uimh. 23) maidir leis an bPortaingéil (1992)

— Prótacal (Uimh. 24) maidir leis an trasdul chuig an tríú céim den Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (1992)

— Prótacal (Uimh. 25) maidir le forálacha áirithe a bhaineann le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (1992)

— Prótacal (Uimh. 26) maidir le forálacha áirithe a bhaineann leis an Danmhairg (1992)

— Prótacal (Uimh. 27) maidir leis an bhFrainc (1992)

— Prótacal (Uimh. 28) maidir le comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta (1992)

— Prótacal (Uimh. 29) maidir le tearmann do náisiúnaigh de chuid Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (1997)

— Prótacal (Uimh. 30) maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm (1997)

— Prótacal (Uimh. 31) maidir le caidreamh eachtrach na mBallstát i dtaca le teorainneacha seachtracha a thrasnú (1997)

— Prótacal (Uimh. 32) maidir leis an gcóras craolacháin phoiblí sna Ballstáit (1997)

— Prótacal (Uimh. 33) maidir le cosaint agus leas ainmhithe (1997)

— Prótacal (Uimh. 34) maidir leis na hiarmhairtí airgeadais toisc Conradh CEGC a dhul in éag agus leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach (2001)

— Prótacal (Uimh. 35) maidir le hAirteagal 67 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (2001)

E. Prótacal atá i gceangal leis na Conarthaí ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach

— Prótacal (Uimh. 36) ar phribhléidí agus díolúintí na gComhphobal Eorpach (1965)

TÁ A SHOILSE RÍ NA mBEILGEACH, A SOILSE BANRÍON NA DANMHAIRGE, UACHTARÁN PHOBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE, UACHTARÁN NA POBLACHTA HEILLÉANAÍ, A SHOILSE RÍ NA SPÁINNE, UACHTARÁN PHOBLACHT NA FRAINCE, UACHTARÁN NA hÉIREANN, UACHTARÁN PHOBLACHT NA hIODÁILE, A MHÓRGACHT RÍOGA ARD-DIÚC LUCSAMBURG, A SOILSE BANRÍON NA hÍSILTÍRE, UACHTARÁN PHOBLACHT NA PORTAINGÉILE, A SOILSE BANRÍON RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN [1],

AR A BHEITH BEARTAITHE ACU tús a chur le céim nua i bpróiseas na lánpháirtíochta Eorpaí a gabhadh ar láimh le bunú na gComhphobal Eorpach,

AG MEABHRÚ DÓIBH tábhacht stairiúil deireadh a bheith curtha le roinnt mhór-roinn na hEorpa agus an gá atá ann le boinn dhaingne a chruthú do thógáil Eoraip na todhchaí,

AG DAINGNIÚ a gcion le prionsabail na saoirse, an daonlathais agus urramú chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, agus smachta reachta,

AG DAINGNIÚ a gcion leis na cearta sóisialta bunúsacha mar atá siad sainithe i gCairt Shóisialta na hEorpa arna síniú in Torino ar an 18 Deireadh Fómhair 1961 agus i gCairt Chomhphobail 1989 um chearta sóisialta bunúsacha le haghaidh oibrithe,

ÓS MIAN LEO an dlúthpháirtíocht idir a bpobail a neartú agus a stair, a gcultúr agus a dtraidisiúin á n-urramú acu,

ÓS MIAN LEO oibriú daonlathach agus éifeachtach na n-institiúidí a fheabhsú tuilleadh chun a chumasú dóibh na cúraimí atá curtha orthu a chur i gcrích níos fearr laistigh de chreat institiúideach aonair,

AR A BHEITH BEARTAITHE ACU neartú agus cóineasú a ngeilleagar a ghnóthú agus aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a bhunú, lena n-áirítear, i gcomhréir le forálacha an Chonartha seo, airgeadra aonair cobhsaí,

AR A BHEITH DE RÚN DAINGEAN ACU dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta a chur ar aghaidh dá bpobail, ag tabhairt aird ar phrionsabal na forbartha inbhuanaithe agus faoi chuimsiú ghnóthú an mhargaidh inmheánaigh agus athneartú ar chomhtháthú agus ar chosaint an chomhshaoil, agus beartais a chur chun feidhme a áiritheoidh go mbeidh dul chun cinn comhthreomhar i réimsí eile ag gabháil le haon dul chun cinn sa lánpháirtíocht eacnamaíoch,

AR A BHEITH BEARTAITHE ACU saoránacht a bhunú is coiteann do náisiúnaigh a dtíortha,

AR A BHEITH BEARTAITHE ACU comhbheartas eachtrach agus slándála a chur chun feidhme, lena n-áirítear comhbheartas cosanta a chumadh go comhleanúnach, as a bhféadfadh comhchosaint teacht i gcomhréir le forálacha Airteagal 17, ag athneartú ar an dóigh sin na féiniúlachta Eorpaí agus a neamhspleáchais, d'fhonn an tsíocháin, an tslándáil agus an dul chun cinn san Eoraip agus ar domhan a chur ar aghaidh,

AR A BHEITH BEARTAITHE ACU saorghluaiseacht daoine a éascú, agus sábháilteacht agus slándáil a bpobal á n-áirithiú acu, trí limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chur ar bun, i gcomhréir le forálacha an Chonartha seo,

AR A BHEITH BEARTAITHE ACU leanúint den síorphróiseas ionsar aontas buandlúite a chur ar bun idir pobail na hEorpa ina nglactar cinntí ar leibhéal chomh gar do na saoránaigh agus is féidir, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta,

I bhFIANAISE na gcéimeanna eile is gá a ghlacadh chun an lánpháirtíocht Eorpach a chur ar aghaidh,

TAR ÉIS CINNEADH Aontas Eorpach a bhunú agus chun na críche sin tar éis na daoine seo a leanas a cheapadh mar lánchumhachtaigh:

(liosta na lánchumhachtach gan atáirgeadh)

NOCH A RINNE, tar éis dóibh a Lánchumhachtaí, agus iad i bhfoirm cheart chuí, a thabhairt ar aird a chéile, comhaontú mar a leanas:

TEIDEAL I

FORÁLACHA COITEANNA

Airteagal 1

Leis an gConradh seo, bunaíonn na hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA AONTAS EORPACH eatarthu féin, dá ngairtear "an tAontas" anseo feasta.

Céim nua sa síorphróiseas ionsar aontas buandlúite a chur ar bun idir pobail na hEorpa is ea an Conradh seo, ina nglactar cinntí ar dhóigh chomh hoscailte agus is féidir agus ar leibhéal chomh gar do na saoránaigh agus is féidir.

Fothófar an tAontas ar na Comhphobail Eorpacha arna bhforlíonadh ag na beartais agus na cineálacha comhair a bhunaítear sa Chonradh seo. Beidh de chúram air an caidreamh idir na Ballstáit agus idir a bpobail a eagrú ar dhóigh chomhchuí agus dhlúthpháirteach.

Airteagal 2

Is iad seo a leanas cuspóirí an Aontais:

- dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta agus ardleibhéal fostaíochta a chur ar aghaidh agus forbairt chothromúil inbhuanaithe a ghnóthú, go háirithe trí limistéar gan teorainneacha inmheánacha a chur ar bun, trí chomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a neartú agus trí aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a bhunú a chuimseoidh airgeadra aonair faoi dheoidh i gcomhréir le forálacha an Chonartha seo;

- a fhéiniúlacht a dhearbhú ar an ardán idirnáisiúnta, go háirithe trí chomhbheartas eachtrach agus slándála a chur chun feidhm, lena n-áirítear comhbheartas cosanta a chumadh go comhleanúnach, as a bhféadfadh comhchosaint teacht i gcomhréir le forálacha Airteagal 17;

- cosaint chearta agus leasanna náisiúnaigh a Bhallstát a neartú trí shaoránacht den Aontas a thionscnamh;

- an tAontas a choimeád ar bun agus a fhorbairt mar limistéar saoirse, slándála agus ceartais, ina n-áiritheofar saorghluaiseacht daoine i dteannta le bearta iomchuí maidir le rialuithe ar theorainneacha seachtracha, tearmann agus inimirce, maille leis an gcoirpeacht a chosc agus a chomhrac;

- an acquis communautaire a choimeád ar bun ina iomláine agus é a fhorbairt d'fhonn a mheas a mhéad is gá na beartais agus na cineálacha comhair a thionscnaítear sa Chonradh seo a athbhreithniú d'fhonn éifeachtúlacht shásraí agus institiúidí an Chomhphobail a áirithiú.

Déanfar cuspóirí an Aontais a ghnóthú mar a fhoráiltear sa Chonradh seo agus i gcomhréir leis na coinníollacha agus leis an tráthchlár atá leagtha amach ann agus prionsabal na coimhdeachta mar atá sé sainithe in Airteagal 5 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh á urramú.

Airteagal 3

Beidh ag an Aontas creat aonair institiúideach a áiritheoidh comhchuibheas agus leanúnachas na ngníomhaíochtaí a chuirfear i gcrích chun a chuspóirí a bhaint amach, agus an acquis communautaire á urramú agus á fhorbairt.

Déanfaidh an tAontas go háirithe comhchuibheas a ghníomhaíochtaí seachtracha i gcoitinne a áirithiú faoi chuimsiú a chuid beartas maidir le caidreamh eachtrach, slándáil, geilleagar agus forbairt. Beidh an Chomhairle agus an Coimisiún freagrach as an gcomhchuibheas sin a áirithiú agus comhoibreoidh siad le chéile chuige sin. I gcomhréir lena gcumhachtaí faoi seach, áiritheoidh siad cur chun feidhme na mbeartas sin.

Airteagal 4

Tabharfaidh an Chomhairle Eorpach don Aontas an spreagadh is gá dá fhorbairt agus saineoidh sí na treoirlínte polaitiúla ginearálta.

Is iad Ceannairí Stáit nó Rialtais na mBallstát mar aon le hUachtarán an Choimisiúin a thiocfaidh le chéile sa Chomhairle Eorpach. Beidh de chúnamh acu Airí Gnóthaí Eachtracha na mBallstát agus comhalta amháin den Choimisiún. Tiocfaidh an Chomhairle Eorpach le chéile ar a laghad dhá uair sa bhliain agus is é Ceannaire Stáit nó Rialtais an Bhallstáit a bheidh ag feidhmiú Uachtaránacht na Comhairle a bheidh sa chathaoir.

Tíolacfaidh an Chomhairle Eorpach, tar éis gach cruinniú dá cuid, tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa maille le tuarascáil bhliantúil i scríbhinn ar an dul chun cinn atá déanta ag an Aontas.

Airteagal 5

Feidhmeoidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún, an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Iniúchóirí a gcumhachtaí faoi na coinníollacha agus chun na gcríoch dá bhforáiltear, ar thaobh amháin, i bhforálacha na gConarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach agus na gConarthaí agus na nIonstraimí dá éis sin á modhnú agus á bhforlíonadh, agus, ar an taobh eile, i bhforálacha eile an Chonartha seo.

Airteagal 6

1. Tá an tAontas fothaithe ar phrionsabail na saoirse, an daonlathais, urramú chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, agus an smachta reachta, prionsabail ar comhphrionsabail iad ag na Ballstáit.

2. Urramóidh an tAontas, mar phrionsabail ghinearálta dhlí an Chomhphobail, na cearta bunúsacha mar atá siad áirithithe ag an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint arna shíniú sa Róimh ar an 4 Samhain 1950 agus mar a thig siad as na traidisiúin bhunreachtúla is coiteann do na Ballstáit.

3. Urramóidh an tAontas féiniúlachtaí náisiúnta a chuid Ballstát.

4. Beidh ag an Aontas na hacmhainní is gá chun a chuspóirí a bhaint amach agus a chuid beartas a chur i gcrích.

Airteagal 7

1. Ar thogra réasúnaithe ó aon trian de na Ballstáit, ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gCoimisiún, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí cheithre chúigiú dá comhaltaí tar éis aontú Pharlaimint na hEorpa a fháil, a shuíomh go bhfuil baol soiléir ann Ballstát do dhéanamh sárú tromchúiseach ar phrionsabail atá luaite in Airteagal 6(1) agus moltaí iomchuí a dhíriú chuig an mBallstát sin. Sula suífidh sí amhlaidh, éistfidh an Chomhairle an Ballstát i dtrácht agus féadfaidh sí, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta céanna, iarraidh ar dhaoine neamhspleácha tuarascáil a thíolacadh laistigh de thréimhse réasúnta maidir leis an staid sa Bhallstát i dtrácht.

Athbhreithneoidh an Chomhairle go tráthrialta an bhfuil feidhm i gcónaí ag na forais a bhí lena suíomh amhlaidh.

2. Féadfaidh an Chomhairle, ag teacht le chéile di i dtionól na gCeannairí Stáit nó Rialtais agus ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ó thrian de na Ballstáit nó ón gCoimisiún agus tar éis aontú Pharlaimint na hEorpa a fháil, a shuíomh go bhfuil sárú tromchúiseach leanúnach á dhéanamh ag Ballstát ar phrionsabail atá luaite in Airteagal 6(1), tar éis iarraidh ar rialtas an Bhallstáit i gceist a bharúlacha a thíolacadh.

3. Nuair a shuífear amhlaidh faoi mhír 2, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a chinneadh cearta áirithe a chineann ón gConradh seo a chur i bhfeidhm ar an mBallstát i gceist a fhionraí, lena n-áirítear cearta vótála ionadaí rialtas an Bhallstáit sin sa Chomhairle. Lena linn sin, tabharfaidh an Chomhairle aird ar na hiarmhairtí a fhéadfaidh teacht ón bhfionraíocht sin i dtaca le cearta agus oibleagáidí daoine nádúrtha agus dlítheanacha.

Leanfaidh oibleagáidí an Bhallstáit i gceist faoin gConradh seo de bheith ina gceangal ar an mBallstát sin ar aon chuma.

4. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a chinneadh dá éis sin na bearta arna nglacadh faoi mhír 3 a athrú nó a chúlghairm mar fhreagra ar athruithe sa staid ba bhun leis na bearta sin a fhorchur.

5. Chun críche an Airteagail seo, gníomhóidh an Chomhairle gan vóta ionadaí an Bhallstáit i gceist a chur san áireamh. Ní chuirfidh staonadh ó vótáil ag comhaltaí a bheidh i láthair go pearsanta nó a mbeidh ionadaithe ag feidhmiú thar a gceann cosc ar chinntí dá dtagraítear i mír 2 a ghlacadh. Saineofar tromlach cáilithe mar an chionmhaireacht chéanna de vótaí ualaithe na gcomhaltaí i dtrácht den Chomhairle atá leagtha síos in Airteagal 205(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an mír seo freisin i gcás cearta vótála a fhionraí de bhun mhír 2.

6. Chun críche mhíreanna 1 agus 2, gníomhóidh Parlaimint na hEorpa trí thromlach dhá thrian de na vótaí arna gcaitheamh is ionann agus tromlach dá comhaltaí.

TEIDEAL II

FORÁLACHA A LEASAÍONN AN CONRADH AG BUNÚ CHOMHPHOBAL EACNAMAÍOCHTA NA hEORPA D'FHONN AN COMHPHOBAL EORPACH A BHUNÚ

Airteagal 8

(téacs gan atáirgeadh)

TEIDEAL III

FORÁLACHA A LEASAÍONN AN CONRADH AG BUNÚ AN CHOMHPHOBAIL EORPAIGH DO GHUAL AGUS CRUACH

Airteagal 9

(téacs gan atáirgeadh)

TEIDEAL IV

FORÁLACHA A LEASAÍONN AN CONRADH AG BUNÚ AN CHOMHPHOBAIL EORPAIGH DO FHUINNEAMH ADAMHACH

Airteagal 10

(téacs gan atáirgeadh)

TEIDEAL V

FORÁLACHA MAIDIR LE COMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA

Airteagal 11

1. Saineoidh an tAontas agus cuirfidh sé chun feidhme comhbheartas eachtrach agus slándála a fholóidh gach réimse den bheartas eachtrach agus slándála agus arb iad a chuspóirí:

- comhluacha, bunleasanna, neamhspleáchas agus iomláine an Aontais a choimirciú i gcomhréir le prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe;

- slándáil an Aontais a neartú ar gach dóigh;

- síocháin a chaomhnú agus slándáil idirnáisiúnta a neartú, i gcomhréir le prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe, le prionsabail Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí agus le cuspóirí Chairt Pháras, lena n-áirítear iad sin a bhaineann le teorainneacha seachtracha;

- comhar idirnáisiúnta a chur ar aghaidh;

- daonlathas agus an smacht reachta, agus urraim do chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, a fhorbairt agus a chomhdhlúthú.

2. Tacóidh na Ballstáit go gníomhach agus gan chuntar le beartas eachtrach agus slándála an Aontais de mheon dílseachta agus dlúthpháirtíochta frithpháirtí.

Oibreoidh na Ballstáit le chéile chun a ndlúthpháirtíocht pholaitiúil fhrithpháirteach a fheabhsú agus a fhorbairt. Staonfaidh siad ó aon ghníomhaíocht a bheadh bunoscionn le leasanna an Aontais nó ar dóigh di a éifeachtúlacht mar fhórsa comhtháthaithe sa chaidreamh idirnáisiúnta a dhochrú.

Áiritheoidh an Chomhairle go gcomhlíonfar na prionsabail sin.

Airteagal 12

Déanfaidh an tAontas na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 11 a shaothrú:

- trí phrionsabail agus treoirlínte ginearálta an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a shainiú;

- trí chomhstraitéisí a chinneadh;

- trí ghníomhaíochtaí comhpháirteacha a ghlacadh;

- trí chomhsheasaimh a ghlacadh;

- trí neartú a dhéanamh ar chomhar córasach idir na Ballstáit agus a mbeartas á sheoladh acu.

Airteagal 13

1. Saineoidh an Chomhairle Eorpach prionsabail agus treoirlínte ginearálta an chomhbheartais eachtraigh agus slándála, lena n-áirítear ábhair a bhfuil impleachtaí cosanta acu.

2. Déanfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh maidir le comhstraitéisí a bheidh le cur chun feidhme ag an Aontas sna réimsí ina bhfuil comhleasanna tábhachtacha ag na Ballstáit.

Leagfar amach sna comhstraitéisí sin na cuspóirí atá leo, a ré agus na hacmhainní a chuirfidh an tAontas agus na Ballstáit ar fáil.

3. Glacfaidh an Chomhairle na cinntí is gá chun an comhbheartas eachtrach agus slándála a shainiú agus a chur chun feidhme ar bhonn na dtreoirlínte ginearálta arna sainiú ag an gComhairle Eorpach.

Molfaidh an Chomhairle comhstraitéisí don Chomhairle Eorpach agus cuirfidh sí chun feidhme iad, go háirithe trí ghníomhaíochtaí comhpháirteacha agus comhsheasaimh a ghlacadh.

Áiritheoidh an Chomhairle aontacht, comhchuibheas agus éifeachtúlacht ghníomhaíocht an Aontais.

Airteagal 14

1. Glacfaidh an Chomhairle gníomhaíochtaí comhpháirteacha. Tabharfar aghaidh sna gníomhaíochtaí comhpháirteacha ar staideanna sonracha ina meastar gur gá gníomhaíocht oibríochtúil ag an Aontas. Leagfar síos iontu na cuspóirí atá leo, a raon feidhme, na hacmhainní a chuirfear ar fáil don Aontas, a ré más gá, agus na coinníollacha maidir lena gcur chun feidhme.

2. Má tharlaíonn athrú sna himthosca a bhfuil éifeacht shuntasach aige ar cheist atá ina ábhar do ghníomhaíocht chomhpháirteach, déanfaidh an Chomhairle prionsabail agus cuspóirí na gníomhaíochta sin a athbhreithniú agus glacfaidh sí na cinntí is gá. Fad nach mbeidh cinneadh glactha ag an gComhairle, beidh feidhm fós ag an ngníomhaíocht chomhpháirteach.

3. Beidh na gníomhaíochtaí comhpháirteacha ina gceangal ar na Ballstáit sna seasaimh a ghlacfaidh siad agus i seoladh a ngníomhaíochta.

4. Féadfaidh an Chomhairle a iarraidh ar an gCoimisiún aon tograí iomchuí a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála a chur faoina bráid d'fhonn a áirithiú go gcuirfear gníomhaíocht chomhpháirteach chun feidhme.

5. Aon uair a bheartaítear seasamh náisiúnta a ghlacadh nó gníomhaíocht náisiúnta a dhéanamh de bhun gníomhaíochta comhpháirtí, cuirfear eolas ar fáil in am ionas gur féidir, más gá, comhairle a ghlacadh roimh ré i dtionól na Comhairle. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid eolas a chur ar fáil roimh ré maidir le bearta nach mbeidh iontu ach trasuí náisiúnta ar chinntí na Comhairle.

6. I gcás géar-riachtanais a bhaineann le hathruithe ar an staid agus mura mbeidh cinneadh déanta ag an gComhairle, féadfaidh na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh ar bhonn práinne, ag féachaint do chuspóirí ginearálta na gníomhaíochta comhpháirtí. Cuirfidh an Ballstát i dtrácht an Chomhairle ar an eolas láithreach faoi aon bheart den sórt sin.

7. I gcás mórdheacrachtaí maidir le gníomhaíocht chomhpháirteach a chur chun feidhme, cuirfidh Ballstát na deacrachtaí os comhair na Comhairle a dhéanfaidh iad a phlé agus réitigh iomchuí a lorg. Ní féidir leis na réitigh sin bheith bunoscionn le cuspóirí na gníomhaíochta comhpháirtí ná a héifeachtúlacht a dhochrú.

Airteagal 15

Glacfaidh an Chomhairle comhsheasaimh. Saineoidh na comhsheasaimh cur chuige an Aontais faoi ábhar áirithe de chineál geografach nó téamúil. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil a mbeartas náisiúnta i gcomhréir leis na comhsheasaimh.

Airteagal 16

Tabharfaidh na Ballstáit eolas dá chéile agus rachaidh siad i gcomhairle le chéile i dtionól na Comhairle faoi aon ábhar leasa ghinearálta a bhaineann le beartas eachtrach agus slándála chun a áirithiú go gcuirfear tionchar an Aontais i gcion ar an mbealach is éifeachtúla is féidir trí ghníomhaíocht chomhbheartaithe agus chóineasaithe.

Airteagal 17

1. Cuimseoidh an comhbheartas eachtrach agus slándála na ceisteanna uile a bhaineann le slándáil an Aontais, lena n-áirítear comhbheartas cosanta a chumadh go comhleanúnach, as a bhféadfadh comhchosaint teacht, dá gcinnfeadh an Chomhairle Eorpach amhlaidh. Sa chás sin, molfaidh sí do na Ballstáit cinneadh den sórt sin a ghlacadh i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

Ní dhéanfaidh beartas an Aontais i gcomhréir leis an Airteagal seo dochar do cháilíocht shonrach beartais slándála agus cosanta Ballstát áirithe agus urramóidh sé na hoibleagáidí a chineann ó Chonradh an Atlantaigh Thuaidh i gcás Ballstát áirithe a mheasann go bhfuil a gcomhchosaint bainte amach acu in Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT), agus beidh sé ag luí leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta arna bhunú sa chreat sin.

Agus comhbheartas cosanta á chumadh go comhleanúnach, beidh comhar idir Ballstáit i réimse na n-armálacha mar thaca aige, má mheasann na Ballstáit gur iomchuí é.

2. Cuimseoidh na ceisteanna dá dtagraítear san Airteagal seo cúraimí daonchairdis agus tarrthála, cúraimí síochánaíochta agus cúraimí fórsaí comhraic le linn bainistíochta géarchéime, lena n-áirítear síocháin a dhéanamh.

3. Déanfar cinntí a bhfuil impleachtaí cosanta acu agus a ndéileáiltear leo faoin Airteagal seo a ghlacadh gan dochar do na beartais agus na hoibleagáidí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1.

4. Ní choiscfidh forálacha an Airteagail seo comhar níos dlúithe idir dhá Bhallstát nó níos mó a fhorbairt ar bhonn déthaobhach, faoi chuimsiú Aontas Iarthar na hEorpa (AIE) agus ECAT, ar choinníoll nach mbeidh an comhar sin ina shárú ná ina bhac ar an gcomhar dá bhforáiltear sa Teideal seo.

5. D'fhonn cuspóirí an Airteagail seo a chur ar aghaidh, déanfar forálacha an Airteagail seo a athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 48.

Airteagal 18

1. In ábhair a thig faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála, is í an Uachtaránacht a fheidhmeoidh ar son an Aontais.

2. Beidh an Uachtaránacht freagrach as cinntí arna nglacadh faoin Teideal seo a chur chun feidhme; sa cháil sin, léireoidh sí i bprionsabal seasamh an Aontais in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag comhdhálacha idirnáisiúnta.

3. Cabhróidh Ardrúnaí na Comhairle leis an Uachtaránacht agus feidhmeoidh sé feidhm Ardionadaí don chomhbheartas eachtrach agus slándála.

4. Beidh baint iomlán ag an gCoimisiún leis na cúraimí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2. Más gá, cabhróidh an chéad Bhallstát eile ag a mbeidh an Uachtaránacht leis an Uachtaránacht sna cúraimí sin.

5. Féadfaidh an Chomhairle, aon uair a mheasann sí gur gá sin, ionadaí speisialta a cheapadh a mbeidh sainordú aige i ndáil le saincheisteanna beartais áirithe.

Airteagal 19

1. Comhordóidh na Ballstáit a ngníomhaíocht in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag comhdhálacha idirnáisiúnta. Déanfaidh siad na comhsheasaimh a chosaint sna fóraim sin.

In eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag comhdhálacha idirnáisiúnta nach bhfuil na Ballstáit go léir rannpháirteach iontu, déanfaidh na Ballstáit sin atá rannpháirteach iontu na comhsheasaimh a chosaint.

2. Gan dochar do mhír 1 agus d'Airteagal 14(3), cuirfidh na Ballstáit a bhfuil ionadaíocht acu in eagraíochtaí idirnáisiúnta nó ag comhdhálacha idirnáisiúnta nach bhfuil na Ballstáit go léir rannpháirteach iontu na Ballstáit eile sin ar an eolas faoi aon ábhar comhleasa.

Na Ballstáit atá freisin ina gcomhaltaí de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, déanfaidh siad comhbheartú agus cuirfidh siad na Ballstáit eile ar an eolas go hiomlán. Na Ballstáit atá ina mbuanchomhaltaí den Chomhairle Slándála, áiritheoidh siad, i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna, go ndéantar seasaimh agus leasanna an Aontais a chosaint, gan dochar dá bhfreagrachtaí de bhun fhorálacha Chairt na Náisiún Aontaithe.

Airteagal 20

Déanfaidh misin taidhleoireachta agus consalachta na mBallstát agus Toscaireachtaí an Choimisiúin i dtríú tíortha agus ag comhdhálacha idirnáisiúnta, agus a n-ionadaíochtaí chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta, comhoibriú chun a áirithiú go ndéantar na comhsheasaimh agus na gníomhaíochtaí comhpháirteacha arna nglacadh ag an gComhairle a chomhlíonadh agus a chur chun feidhme.

Cuirfidh siad dlús leis an gcomhar trí fhaisnéis a mhalartú, trí mheasúnachtaí comhpháirteacha a dhéanamh agus trí rannchuidiú leis na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 20 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh a chur chun feidhme.

Airteagal 21

Rachaidh an Uachtaránacht i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir le príomhghnéithe agus bunroghanna an chomhbheartais eachtraigh agus slándála agus áiritheoidh sí go dtabharfar aird chuí ar dhearcadh Pharlaimint na hEorpa. Cuirfidh an Uachtaránacht agus an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas go tráthrialta faoi fhorbairt bheartas eachtrach agus slándála an Aontais.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa ceisteanna a dhíriú chuig an gComhairle agus moltaí a thabhairt di. Cuirfidh sí díospóireacht ar siúl gach bliain ar an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála.

Airteagal 22

1. Féadfaidh aon Bhallstát nó an Coimisiún aon cheist a thig faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála a chur os comhair na Comhairle agus tograí a chur faoi bhráid na Comhairle.

2. I gcásanna ina mbeidh gá le cinneadh sciobtha, comórfaidh an Uachtaránacht uaithi féin, nó arna iarraidh sin don Choimisiún nó do Bhallstát, cruinniú urghnách den Chomhairle laistigh d'ocht n-uaire an chloig is daichead nó, má tá éigeandáil ann, laistigh de thréimhse níos giorra.

Airteagal 23 [2]

1. Glacfaidh an Chomhairle cinntí faoin Teideal seo ag gníomhú di d'aon toil. Ní chuirfidh staonadh ó vótáil ag comhaltaí a bheidh i láthair go pearsanta nó a mbeidh ionadaithe ag feidhmiú thar a gceann cosc ar chinntí den sórt sin a ghlacadh.

Agus é ag staonadh ó vótáil, féadfaidh comhalta den Chomhairle a staonadh ó vótáil a cháiliú trí dhearbhú foirmiúil a dhéanamh faoin bhfomhír seo. Sa chás sin, ní bheidh d'oibleagáid air an cinneadh a chur i bhfeidhm ach glacfaidh sé leis go bhfuil an cinneadh de cheangal ar an Aontas. Staonfaidh an Ballstát i dtrácht, de mheon dlúthpháirtíochta frithpháirtí, ó aon ghníomhaíocht ar dóigh di bheith ar neamhréir le gníomhaíocht an Aontais a bheidh bunaithe ar an gcinneadh sin nó gníomhaíocht sin an Aontais a bhac agus urramóidh na Ballstáit eile a sheasamh. Más mó ná trian de na vótaí arna n-ualú i gcomhréir le hAirteagal 205(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh líon chomhaltaí na Comhairle a dhéanann a staonadh ó vótáil a cháiliú amhlaidh, ní ghlacfar an cinneadh.

2. De mhaolú ar fhorálacha mhír 1, gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe:

- nuair a ghlacfaidh sí gníomhaíochtaí comhpháirteacha, comhsheasaimh nó aon chinneadh eile ar bhonn comhstraitéise;

- nuair a ghlacfaidh sí aon chinneadh ag cur gníomhaíochta comhpháirtí nó comhsheasaimh chun feidhme.

- nuair a ainmneoidh sí ionadaí speisialta i gcomhréir le hAirteagal 18(5).

Má dhearbhaíonn comhalta den Chomhairle go bhfuil sé ar intinn aige, ar chúiseanna tábhachtacha sonraithe beartais náisiúnta, cur i gcoinne cinneadh a ghlacadh atá le glacadh trí thromlach cáilithe, ní dhéanfar vótáil. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a iarraidh go ndéanfar an cheist a chur faoi bhráid na Comhairle Eorpaí chun go nglacfar cinneadh d'aon toil.

Déanfar vótaí chomhaltaí na Comhairle a ualú i gcomhréir le hAirteagal 205(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh. Chun go nglacfar cinntí, is gá 232 vóta ar a laghad ina bhfabhar arna gcaitheamh ag dhá thrian de na comhaltaí ar a laghad. Nuair atá cinneadh le glacadh ag an gComhairle trí thromlach cáilithe, féadfaidh comhalta den Chomhairle a iarraidh go bhfíoraítear go bhfuil na Ballstáit a chomhdhéanann an tromlach cáilithe in ionannas le 62 % ar a laghad de dhaonra iomlán an Aontais. Más léir nach bhfuil an coinníoll sin comhallta, ní ghlacfar an cinneadh i dtrácht.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le cinntí a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta acu.

3. I gcás ceisteanna nós imeachta, gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach a comhaltaí.

Airteagal 24

1. Nuair is gá comhaontú a thabhairt i gcrích le Stát amháin nó níos mó nó le heagraíocht idirnáisiúnta amháin nó níos mó d'fhonn an Teideal seo a chur chun feidhme, féadfaidh an Chomhairle a údarú don Uachtaránacht, a mbeidh cúnamh aici ón gCoimisiún mar is iomchuí, caibidlíocht a oscailt chuige sin. Tabharfaidh an Chomhairle comhaontuithe den sórt sin i gcrích ar mholadh ón Uachtaránacht.

2. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil nuair a bhaineann an comhaontú le ceist ar gá aontoilíocht a bheith léi chun cinntí inmheánacha a ghlacadh.

3. Nuair a bheartaítear an comhaontú chun gníomhaíocht chomhpháirteach nó comhsheasamh a chur chun feidhme, gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe i gcomhréir le hAirteagal 23(2).

4. Beidh feidhm ag forálacha an Airteagail seo freisin maidir le hábhair a thig faoi Theideal VI. Nuair a fholaíonn an comhaontú ceist ar gá tromlach cáilithe a bheith léi chun cinntí nó bearta inmheánacha a ghlacadh, gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe i gcomhréir le hAirteagal 34(3).

5. Ní bheidh aon chomhaontú ina cheangal ar Bhallstát a ndearbhaíonn a ionadaí sa Chomhairle nach foláir dó ceanglais a nós imeachta bhunreachtúil féin a chomhlíonadh; féadfaidh comhaltaí eile na Comhairle a chomhaontú go mbeidh feidhm dá ainneoin ag an gcomhaontú go sealadach.

6. Beidh comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích faoi na coinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo ina gceangal ar institiúidí an Aontais.

Airteagal 25

Gan dochar d'Airteagal 207 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, déanfaidh Coiste Polaitiúil agus Slándála faireachán ar an staid idirnáisiúnta sna réimsí a thig faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála, agus rannchuideoidh sé le beartais a shainiú trí thuairimí a thabhairt don Chomhairle arna iarraidh sin don Chomhairle nó ar a thionscnamh féin. Déanfaidh sé freisin faireachán ar chur chun feidhme beartas comhaontaithe, gan dochar do fhreagracht na hUachtaránachta agus an Choimisiúin.

Faoi chuimsiú an Teidil seo, feidhmeoidh an Coiste, faoi fhreagracht na Comhairle, rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach oibríochtaí bainistíochta géarchéime.

Féadfaidh an Chomhairle an Coiste a údarú, ar mhaithe le hoibríocht bainistíochta géarchéime agus ar feadh a ré faoi mar atá siad araon arna gcinneadh ag an gComhairle, na cinntí ábhartha maidir le rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach na hoibríochta, gan dochar d'Airteagal 47.

Airteagal 26

Cabhróidh Ardrúnaí na Comhairle, Ardionadaí don chomhbheartas eachtrach agus slándála, leis an gComhairle in ábhair a thig faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála, go háirithe trí rannchuidiú le cinntí um beartais a fhoirmiú, a ullmhú agus a chur chun feidhme, agus, nuair is iomchuí, ag gníomhú dó thar ceann na Comhairle arna iarraidh sin don Uachtaránacht, trí agallamh polaitiúil a sheoladh le tríú páirtithe.

Airteagal 27

Beidh baint iomlán ag an gCoimisiún leis an obair a dhéantar i réimse an chomhbheartais eachtraigh agus slándála.

Airteagal 27a

1. Is é is aidhm don chomhar feabhsaithe i gceann de na réimsí dá dtagraítear sa Teideal seo luachanna agus leasanna an Aontais ina iomláine a choimirciú agus fónamh dóibh trína fhéiniúlacht a dhearbhú mar fhórsa comhghreamaitheach ar an ardán idirnáisiúnta. Urramóidh sé:

- prionsabail, cuspóirí, treoirlínte ginearálta agus comhchuibheas an chomhbheartais eachtraigh agus slándála agus na cinntí arna nglacadh faoi chuimsiú an bheartais sin;

- cumhachtaí an Chomhphobail Eorpaigh, agus

- comhchuibheas idir beartais uile an Aontais agus a ghníomhaíochtaí eachtracha.

2. Beidh feidhm ag Airteagail 11 go 27 agus Airteagail 27b go 28 den Chonradh seo maidir leis an gcomhar feabhsaithe dá bhforáiltear san Airteagal seo, mura bhforáiltear a mhalairt in Airteagal 27c agus in Airteagail 43 go 45.

Airteagal 27b

Féadfaidh comhar feabhsaithe de bhun an Teidil seo baint a bheith aige le gníomhaíocht chomhpháirteach nó comhsheasamh a chur chun feidhme. Ní bhainfidh siad le ceisteanna a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta acu.

Airteagal 27c

Na Ballstáit a bhfuil sé ar intinn acu comhar feabhsaithe faoi Airteagal 27b a bhunú eatarthu féin, díreoidh siad iarraidh chuig an gComhairle.

Cuirfear an iarraidh ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig Parlaimint na hEorpa mar eolas. Tabharfaidh an Coimisiún a thuairim, go háirithe maidir le comhchuibheas an chomhair fheabhsaithe arna bheartú le beartais an Aontais. Deonóidh an Chomhairle an t-údarú, ag gníomhú di i gcomhréir leis an dara fomhír agus an tríú fomhír d'Airteagal 23(2) den Chonradh seo, agus Airteagail 43 go 45 á gcomhlíonadh.

Airteagal 27d

Gan dochar do chumhachtaí na hUachtaránachta nó an Choimisiúin, áiritheoidh Ardrúnaí na Comhairle, Ardionadaí don chomhbheartas eachtrach agus slándála, go háirithe go gcoimeádtar Parlaimint na hEorpa agus na comhaltaí go léir den Chomhairle ar an eolas go hiomlán faoi chomhar feabhsaithe a chur chun feidhme i réimse an chomhbheartais eachtraigh agus slándála.

Airteagal 27e

Aon Bhallstát ar mian leis bheith rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 27c, cuirfidh sé a intinn in iúl don Chomhairle agus cuirfidh sí an Coimisiún ar an eolas. Tabharfaidh an Coimisiún tuairim don Chomhairle laistigh de thrí mhí ó dháta an fhógra sin a fháil. Laistigh de cheithre mhí ó dháta an fhógra sin a fháil, glacfaidh an Chomhairle cinneadh maidir leis an iarraidh agus maidir le cibé socruithe sonracha a mheasfaidh sí a bheith riachtanach. Measfar an cinneadh a bheith glactha mura gcinnfidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe laistigh den tréimhse chéanna, é a choimeád ar stad; sa chás sin, tabharfaidh an Chomhairle na cúiseanna lena cinneadh agus socróidh sí spriocdháta chun é a athscrúdú.

Chun críche an Airteagail seo, gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe. Saineofar an tromlach cáilithe mar an chionmhaireacht chéanna de na vótaí ualaithe agus an chionmhaireacht chéanna de na comhaltaí i dtrácht den Chomhairle faoi mar atá siad leagtha síos sa tríú fomhír d'Airteagal 23(2).

Airteagal 28

1. Beidh feidhm ag Airteagail 189, 190, 196 go 199, 203, 204, 206 go 209, 213 go 219, 255 agus 290 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh maidir leis na forálacha a bhaineann leis na réimsí dá dtagraítear sa Teideal seo.

2. Déanfar an caiteachas riarthach a thabhóidh na hinstitiúidí trí na forálacha a bhaineann leis na réimsí dá dtagraítear sa Teideal seo a mhuirearú ar bhuiséad na gComhphobal Eorpach.

3. Aon chaiteachas oibríochtúil atá ann de bharr na forálacha sin a chur chun feidhme, muirearófar é ar bhuiséad na gComhphobal Eorpach freisin, seachas aon chaiteachas a thig ó oibríochtaí a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta acu agus cásanna ina gcinnfidh an Chomhairle a mhalairt ag gníomhú di d'aon toil.

Nuair nach muirearófar an caiteachas ar bhuiséad na gComhphobal Eorpach, muirearófar ar na Ballstáit é i gcomhréir le scála na holltáirgeachta náisiúnta mura gcinnfidh an Chomhairle a mhalairt ag gníomhú di d'aon toil. I dtaca le caiteachas a thig ó oibríochtaí a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta acu, ní bheidh d'iallach ar na Ballstáit a bhfuil dearbhú foirmiúil déanta ag a n-ionadaithe sa Chomhairle faoin dara fomhír d'Airteagal 23(1) ranníocaíochtaí a dhéanamh maidir lena maoiniú.

4. Beidh feidhm ag an nós imeachta buiséadach atá leagtha síos sa Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh maidir leis an gcaiteachas a mhuirearófar ar bhuiséad na gComhphobal Eorpach.

TEIDEAL VI

FORÁLACHA MAIDIR LE COMHAR PÓILÍNEACHTA AGUS COMHAR BREITHIÚNACH IN ÁBHAIR CHOIRIÚLA

Airteagal 29

Gan dochar do chumhachtaí an Chomhphobail Eorpaigh, beidh de chuspóir ag an Aontas ardleibhéal sábháilteachta a chur ar fáil do na saoránaigh laistigh de limistéar saoirse, slándála agus ceartais trí chomhghníomhaíocht a fhorbairt idir na Ballstáit i réimsí an chomhair phóilíneachta agus bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla agus tríd an gciníochas agus an tseineafóibe a chosc agus a chomhrac.

Gnóthófar an cuspóir sin trí choirpeacht, bíodh nó ná bíodh sí eagraithe, a chosc agus a chomhrac, go háirithe sceimhlitheoireacht, gáinneáil daoine agus cionta i gcoinne leanaí, gáinneáil aindleathach drugaí agus gáinneáil aindleathach arm, éilliú agus calaois:

- trí chomhar níos dlúithe idir fórsaí póilíneachta, údaráis chustaim agus údaráis inniúla eile sna Ballstáit, go díreach agus tríd an Oifig Eorpach Póilíní (Europol), i gcomhréir le forálacha Airteagail 30 agus 32;

- trí chomhar níos dlúithe idir údaráis bhreithiúnacha agus údaráis inniúla eile de chuid na mBallstát, lena n-áirítear comhar tríd an Aonad Eorpach um Chomhar Breithiúnach ("Eurojust"), i gcomhréir le hAirteagail 31 agus 32;

- trí na rialacha maidir le hábhair choiriúla sna Ballstáit a chomhfhogasú, más gá, i gcomhréir le forálacha phointe (e) d'Airteagal 31.

Airteagal 30

1. Cuimseoidh comhghníomhaíocht i réimse an chomhair phóilíneachta:

(a) comhar oibríochtúil idir na húdaráis inniúla, lena n-áirítear seirbhísí póilíneachta, seirbhísí custaim agus sainseirbhísí eile um fhorghníomhú an dlí de chuid na mBallstát i ndáil le cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú;

(b) faisnéis ábhartha, lena n-áirítear faisnéis arna sealbhú ag seirbhísí um fhorghníomhú an dlí maidir le tuarascálacha ar idirbhearta airgeadais amhrasacha, a bhailiú, a stóráil, a phróiseáil, a anailísiú agus a mhalartú, go háirithe trí Europol, faoi réir forálacha iomchuí maidir le sonraí pearsanta a chosaint;

(c) comhar agus tionscnaimh chomhpháirteacha maidir le hoiliúint, malartú oifigeach liaison, foireann a thabhairt ar iasacht, úsáid trealaimh agus taighde fóiréinseach;

(d) cóimheastóireacht ar theicníochtaí imscrúdaithe áirithe i ndáil le saghsanna tromchúiseacha coirpeachta eagraithe a bhrath.

2. Cuirfidh an Chomhairle comhar ar aghaidh trí Europol agus déanfaidh sí ach go háirithe, laistigh de thréimhse cúig bliana ó dháta Chonradh Amstardam a theacht i bhfeidhm:

(a) Europol a chumasú chun ullmhú gníomhaíochtaí sonracha imscrúdaithe de chuid údaráis inniúla na mBallstát, lena n-áirítear gníomhaíochtaí oibríochtúla de chuid foirne comhpháirteacha, ar a mbeidh ionadaithe Europol i gcáil tacaíochta, a éascú agus tacú leis an ullmhú sin, agus comhordú agus cur i gcrích na ngníomhaíochtaí sin a chothú;

(b) bearta a ghlacadh a cheadóidh d'Europol a iarraidh ar údaráis inniúla na mBallstát a n-imscrúduithe a sheoladh agus a chomhordú i gcásanna sonracha agus oilteacht shonrach a fhorbairt a fhéadfar a chur ar fáil do Bhallstáit chun cabhrú leo cásanna coirpeachta eagraithe a imscrúdú;

(c) socruithe liaison a chur ar aghaidh idir oifigigh ionchúisimh/imscrúdaithe atá ag sainfheidhmiú sa chomhrac i gcoinne na coirpeachta eagraithe i ndlúthchomhar le hEuropol;

(d) líonra taighde, doiciméadaithe agus staidrimh maidir leis an gcoirpeacht trasteorann a bhunú.

Airteagal 31

1. Cuimseoidh comhghníomhaíocht maidir le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla:

(a) comhar idir aireachtaí inniúla agus údaráis bhreithiúnacha nó údaráis choibhéiseacha na mBallstát, lena n-áirítear, nuair is iomchuí, comhar trí Eurojust, a éascú agus a luathú i ndáil le himeachtaí agus forghníomhú breitheanna;

(b) eiseachadadh idir na Ballstáit a éascú;

(c) comhchuibheas a áirithiú idir na rialacha is infheidhme sna Ballstáit, a mhéad is gá chun an comhar sin a fheabhsú;

(d) easaontais dlínse idir na Ballstáit a chosc;

(e) bearta a ghlacadh go comhleanúnach a bhunóidh rialacha íosta i ndáil leis na heilimintí a chomhdhéanann gníomhartha coiriúla agus le pionóis i réimsí na coirpeachta eagraithe, na sceimhlitheoireachta agus gáinneála aindleathaí drugaí.

2. Cuirfidh an Chomhairle comhar trí Eurojust ar aghaidh:

(a) trí Eurojust a chumasú chun dea-chomhordú a éascú idir údaráis náisiúnta ionchúisimh na mBallstát;

(b) trí thacaíocht ó Eurojust a chur ar aghaidh sna himscrúduithe a bhaineann le cásanna de choirpeacht thromchúiseach trasteorann, ach go háirithe i gcás coirpeachta eagraithe, agus anailísí arna ndéanamh ag Europol á gcur san áireamh;

(c) trí dhlúthchomhar idir Eurojust agus an Gréasán Breithiúnach Eorpach a chur ar aghaidh d'fhonn go háirithe forghníomhú litreacha rogáide agus cur chun feidhme iarratas ar eiseachadadh a éascú.

Airteagal 32

Leagfaidh an Chomhairle síos na coinníollacha agus na teorainneacha faoina bhféadfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagail 30 agus 31 oibriú ar chríoch Bhallstáit eile i gcuibhreann agus i gcomhaontú le húdaráis an Bhallstáit sin.

Airteagal 33

Ní dhéanfaidh an Teideal seo difear d'fheidhmiú na bhfreagrachtaí atá ar na Ballstáit maidir leis an ord poiblí a chaomhnú agus slándáil inmheánach a choimirciú.

Airteagal 34 [3]

1. Sna réimsí dá dtagraítear sa Teideal seo, cuirfidh na Ballstáit a chéile ar an eolas agus rachaidh siad i gcomhairle le chéile i dtionól na Comhairle d'fhonn a ngníomhaíocht a chomhordú. Chuige sin, cuirfidh siad comhoibriú ar bun idir ranna ábhartha a gcuid riarachán.

2. Déanfaidh an Chomhairle bearta a ghlacadh agus comhar a chur ar aghaidh, san fhoirm iomchuí agus de réir na nósanna imeachta iomchuí mar atá siad leagtha amach sa Teideal seo, chun rannchuidiú le cuspóirí an Aontais a shaothrú. Chuige sin, ag gníomhú di d'aon toil ar thionscnamh aon Bhallstáit nó an Choimisiúin, féadfaidh an Chomhairle:

(a) comhsheasaimh a ghlacadh a shaineoidh cur chuige an Aontais Eorpaigh maidir le hábhar áirithe;

(b) cinntí réime a ghlacadh d'fhonn dlíthe agus rialacháin na mBallstát a chomhfhogasú. Beidh na cinntí réime ina gceangal ar na Ballstáit maidir leis an toradh atá le gnóthú ach fágfar faoi na húdaráis náisiúnta foirm agus modhanna a roghnú. Ní ghabhfaidh éifeacht dhíreach leo;

(c) cinntí a ghlacadh chun críche ar bith eile is comhchuí le cuspóirí an Teidil seo, gan aon chomhfhogasú ar dhlíthe agus rialacháin na mBallstát. Beidh na cinntí sin ceangailteach agus ní ghabhfaidh éifeacht dhíreach leo; déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, bearta a ghlacadh is gá chun na cinntí sin a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais;

(d) coinbhinsiúin a bhunú a mholfaidh sí do na Ballstáit lena nglacadh i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach. Tosóidh na Ballstáit ar na nósanna imeachta is infheidhme laistigh de theorainn ama a shocróidh an Chomhairle.

Mura bhforáiltear a mhalairt iontu, a luaithe a bheidh coinbhinsiúin glactha ag leath na mBallstát ar a laghad, tiocfaidh siad i bhfeidhm i leith na mBallstát sin. Glacfar bearta chun coinbhinsiúin a chur chun feidhme i dtionól na Comhairle trí thromlach dhá thrian de na Páirtithe Conarthacha.

3. Nuair a cheanglaítear ar an gComhairle gníomhú trí thromlach cáilithe, déanfar vótaí a comhaltaí a ualú i gcomhréir le hAirteagal 205(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus, chun go nglacfar gníomhartha na Comhairle, is gá 232 vóta ar a laghad ina bhfabhar arna gcaitheamh ag dhá thrian de na comhaltaí ar a laghad. Nuair atá cinneadh le glacadh ag an gComhairle trí thromlach cáilithe, féadfaidh comhalta den Chomhairle a iarraidh go bhfíoraítear go bhfuil na Ballstáit a chomhdhéanann an tromlach cáilithe in ionannas le 62 % ar a laghad de dhaonra iomlán an Aontais. Más léir nach bhfuil an coinníoll sin comhallta, ní ghlacfar an cinneadh i dtrácht

4. I gcás ceisteanna nós imeachta, gníomhóidh an Chomhairle trí thromlach a comhaltaí.

Airteagal 35

1. Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach, faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo, chun réamhrialuithe a thabhairt ar bhailíocht agus léiriú cinntí réime agus cinntí, ar léiriú coinbhinsiún arna mbunú faoin Teideal seo agus ar bhailíocht agus léiriú na mbeart á gcur chun feidhme.

2. Féadfaidh aon Bhallstát, trí dhearbhú a dhéanamh tráth sínithe Chonradh Amstardam nó aon tráth eile ina dhiaidh sin, glacadh le dlínse na Cúirte Breithiúnais chun réamhrialuithe a thabhairt mar atá sonraithe i mír 1.

3. Sonróidh Ballstát a dhéanann dearbhú de bhun mhír 2:

(a) go bhféadfaidh aon chúirt nó binse de chuid an Bhallstáit sin nach bhfuil aon leigheas breithiúnach ann faoin dlí náisiúnta in aghaidh a breitheanna nó a bhreitheanna a iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais réamhrialú a thabhairt ar cheist a thugtar ar aird i gcás atá ar feitheamh os comhair na cúirte nó an bhinse sin agus a bhaineann le bailíocht nó léiriú gníomh dá dtagraítear i mír 1 má mheasann an chúirt nó an binse sin gur gá breith maidir leis an gceist ionas go bhféadfaidh sí nó sé breithiúnas a thabhairt, nó

(b) go bhféadfaidh aon chúirt nó binse de chuid an Bhallstáit sin a iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais réamhrialú a thabhairt ar cheist a thugtar ar aird i gcás atá ar feitheamh os comhair na cúirte nó an bhinse sin agus a bhaineann le bailíocht nó léiriú gníomh dá dtagraítear i mír 1 má mheasann an chúirt nó an binse sin gur gá breith maidir leis an gceist ionas go bhféadfaidh sí nó sé breithiúnas a thabhairt.

4. Beidh aon Bhallstát, bíodh nó ná bíodh dearbhú de bhun mhír 2 déanta aige, i dteideal ráitis cháis nó barúlacha i scríbhinn a thíolacadh don Chúirt i gcásanna a thagann chun cinn faoi mhír 1.

5. Ní bheidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais chun léirmheas a dhéanamh ar bhailíocht nó comhréireacht oibríochtaí arna ndéanamh ag póilíní nó seirbhísí eile um fhorghníomhú an dlí de chuid Ballstáit nó ar fheidhmiú na bhfreagrachtaí atá ar Bhallstáit maidir leis an ord poiblí a chaomhnú agus slándáil inmheánach a choimirciú.

6. Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais chun léirmheas a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na gcinntí réime agus na gcinntí i gcaingne a thionscnóidh Ballstát nó an Coimisiún mar gheall ar easpa inniúlachta, ar shárú ceanglais fhíor-riachtanaigh nós imeachta, ar shárú an Chonartha seo nó aon riail dlí a bhaineann lena chur i bhfeidhm nó ar mhí-úsáid cumhachtaí. Déanfar na himeachtaí dá bhforáiltear sa mhír seo a thionscnamh laistigh de dhá mhí ón mbeart a fhoilsiú.

7. Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais chun rialú ar aon díospóid idir na Ballstáit maidir le léiriú nó cur i bhfeidhm gníomhartha arna nglacadh faoi Airteagal 34(2) nuair nach féidir an díospóid sin a réiteach sa Chomhairle laistigh de shé mhí óna cur faoi bhráid na Comhairle ag ceann dá comhaltaí. Beidh dlínse freisin ag an gCúirt chun rialú ar aon díospóid idir na Ballstáit agus an Coimisiún maidir le léiriú nó cur i bhfeidhm coinbhinsiún arna mbunú faoi phointe (d) d'Airteagal 34(2).

Airteagal 36

1. Cuirfear ar bun Coiste Comhordaithe ar a mbeidh ardfheidhmeannaigh. I dteannta lena ról comhordaithe, beidh sé de chúram ar an gCoiste:

- tuairimí a thabhairt le haghaidh na Comhairle, arna iarraidh sin don Chomhairle nó ar a thionscnamh féin;

- gan dochar d'Airteagal 207 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, rannchuidiú le hullmhú phléití na Comhairle sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 29.

2. Beidh baint iomlán ag an gCoimisiún leis an obair sna réimsí dá dtagraítear sa Teideal seo.

Airteagal 37

Déanfaidh na Ballstáit, in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag comhdhálacha idirnáisiúnta ina mbeidh siad rannpháirteach, na comhsheasaimh arna nglacadh faoi fhorálacha an Teidil seo a chosaint.

Beidh feidhm ag Airteagail 18 agus 19 mar is iomchuí maidir le hábhair a thig faoin Teideal seo.

Airteagal 38

Féadfaidh comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 24 ábhair a thig faoin Teideal seo a fholú.

Airteagal 39

1. Rachaidh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa sula nglacfaidh sí aon bheart dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) d'Airteagal 34(2). Tabharfaidh Parlaimint na hEorpa a tuairim laistigh de theorainn ama, nach lú ná trí mhí, a fhéadfaidh an Chomhairle a leagan síos. Mura dtabharfar tuairim laistigh den teorainn ama sin, féadfaidh an Chomhairle gníomhú.

2. Cuirfidh an Uachtaránacht agus an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas go tráthrialta faoi phléití sna réimsí a thig faoin Teideal seo.

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa ceisteanna a dhíriú chuig an gComhairle nó moltaí a dhéanamh lena haghaidh. Cuirfidh sí díospóireacht ar siúl gach bliain faoin dul chun cinn atá déanta sna réimsí dá dtagraítear sa Teideal seo.

Airteagal 40

1. Is é is aidhm don chomhar feabhsaithe i gceann de na réimsí dá dtagraítear sa Teideal seo a chumasú don Aontas forbairt níos gasta a dhéanamh chun bheith ina limistéar saoirse, slándála agus ceartais, agus cumhachtaí an Chomhphobail Eorpaigh, mar aon leis na cuspóirí atá leagtha síos sa Teideal seo, á n-urramú.

2. Beidh feidhm ag Airteagail 29 go 39 agus Airteagail 40a go 41 maidir leis an gcomhar feabhsaithe dá bhforáiltear san Airteagal seo, mura bhforáiltear a mhalairt in Airteagal 40a agus in Airteagail 43 go 45.

3. Beidh feidhm maidir leis an Airteagal seo agus le hAirteagail 40a agus 40b ag na forálacha sin den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh a bhaineann le cumhachtaí na Cúirte Breithiúnais agus le feidhmiú na gcumhachtaí sin.

Airteagal 40a

1. Féadfaidh Ballstáit a bhfuil sé ar intinn acu an comhar feabhsaithe dá dtagraítear in Airteagal 40 a bhunú eatarthu iarraidh a dhíriú chuig an gCoimisiún a fhéadfaidh togra chuige sin a thíolacadh don Chomhairle. Mura ndéanfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh, cuirfidh sé na Ballstáit i dtrácht ar an eolas faoi na cúiseanna nár thíolaic sé togra. Féadfaidh na Ballstáit sin tionscnamh a thíolacadh don Chomhairle chun an comhar feabhsaithe i gceist a údarú.

2. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún nó ar thionscnamh ó ocht mBallstát ar a laghad agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, an t-údarú dá dtagraítear i mír 1 a dheonú, agus Airteagail 43 go 45 á gcomhlíonadh. Déanfar vótaí chomhaltaí na Comhairle a ualú i gcomhréir le hAirteagal 205(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.

Féadfaidh comhalta den Chomhairle a iarraidh go ndéanfar an t-ábhar a chur faoi bhráid na Comhairle Eorpaí. Ar an ábhar sin a bheith ardaithe, féadfaidh an Chomhairle gníomhú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo.

Airteagal 40b

Aon Bhallstát ar mian leis bheith rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 40a, cuirfidh sé a intinn in iúl don Chomhairle agus don Choimisiún agus tabharfaidh an Coimisiún tuairim don Chomhairle laistigh de thrí mhí ó dháta an fhógra sin a fháil; féadfaidh moladh a bheith in éineacht leis an tuairim sin maidir le cibé socruithe sonracha a mheasfaidh sé a bheith riachtanach chun go dtiocfaidh an Ballstát sin chun bheith ina pháirtí sa chomhar sin. Laistigh de cheithre mhí ó dháta an fhógra sin a fháil, glacfaidh an Chomhairle cinneadh maidir leis an iarraidh agus maidir le cibé socruithe sonracha a mheasfaidh sí a bheith riachtanach. Measfar an cinneadh a bheith glactha mura gcinnfidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe laistigh den tréimhse chéanna, é a choimeád ar stad; sa chás sin, tabharfaidh an Chomhairle na cúiseanna lena cinneadh agus socróidh sí spriocdháta chun é a athscrúdú.

Chun críche an Airteagail seo, gníomhóidh an Chomhairle faoi na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 44(1).

Airteagal 41

1. Beidh feidhm ag Airteagail 189, 190, 195, 196 go 199, 203, 204, 205(3), 206 go 209, 213 go 219, 255 agus 290 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh maidir leis na forálacha a bhaineann leis na réimsí dá dtagraítear sa Teideal seo.

2. Déanfar an caiteachas riarthach a thabhóidh na hinstitiúidí trí na forálacha a bhaineann leis na réimsí dá dtagraítear sa Teideal seo a mhuirearú ar bhuiséad na gComhphobal Eorpach.

3. Aon chaiteachas oibríochtúil atá ann de bharr na forálacha sin a chur chun feidhme, muirearófar é ar bhuiséad na gComhphobal Eorpach freisin, ach amháin nuair a chinnfidh an Chomhairle a mhalairt ag gníomhú di d'aon toil. Nuair nach muirearófar an caiteachas ar bhuiséad na gComhphobal Eorpach, muirearófar é ar na Ballstáit i gcomhréir le scála na holltáirgeachta náisiúnta mura gcinnfidh an Chomhairle a mhalairt ag gníomhú di d'aon toil.

4. Beidh feidhm ag an nós imeachta buiséadach atá leagtha síos sa Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh maidir leis an gcaiteachas a mhuirearófar ar bhuiséad na gComhphobal Eorpach.

Airteagal 42

Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thionscnamh an Choimisiúin nó Ballstáit agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, a chinneadh go dtiocfaidh gníomhaíocht sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 29 faoi Theideal IV den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus lena linn sin na dálaí vótála ábhartha a bhaineann léi a chinneadh. Molfaidh sí an cinneadh sin do na Ballstáit lena ghlacadh i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

TEIDEAL VII

FORÁLACHA MAIDIR LE COMHAR NÍOS DLÚITHE

Airteagal 43

Na Ballstáit a bhfuil sé ar intinn acu comhar feabhsaithe a bhunú eatarthu féin, féadfaidh siad leas a bhaint as na hinstitiúidí, na nósanna imeachta agus na sásraí atá leagtha síos sa Chonradh seo agus sa Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh ar choinníoll:

(a) gurb é is aidhm don chomhar arna bheartú dlús a chur le cuspóirí an Aontais agus an Chomhphobail, a leasanna a chosaint agus fónamh dóibh agus próiseas a lánpháirtíochta a dhlúthú;

(b) go n-urramaíonn an comhar sin na Conarthaí sin agus creat institiúideach aonair an Aontais;

(c) go n-urramaíonn an comhar sin an "acquis communautaire" agus na bearta arna nglacadh faoi fhorálacha eile na gConarthaí sin;

(d) go bhfanann an comhar sin laistigh de theorainneacha chumhachtaí an Aontais agus an Chomhphobail agus nach mbaineann sé leis na réimsí a thig faoi inniúlacht eisiach an Chomhphobail;

(e) nach ndéanann an comhar sin dochar don mhargadh inmheánach mar atá sé sainithe in Airteagal 14(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh nó don chomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta atá bunaithe i gcomhréir le Teideal XVII den Chonradh sin;

(f) nach éard an comhar sin bacainn nó idirdhealú trádála idir na Ballstáit agus nach saobhann sé iomaíocht eatarthu;

(g) go mbaineann an comhar sin le hocht mBallstát ar a laghad;

(h) go n-urramaíonn an comhar sin inniúlachtaí, cearta agus oibleagáidí na mBallstát sin nach bhfuil rannpháirteach ann;

(i) nach ndéanann an comhar sin difear d'fhorálacha an Phrótacail ag lánpháirtiú acquis Schengen i gcreat an Aontais Eorpaigh;

(j) go bhfuil an comhar sin ar oscailt do na Ballstáit go léir, i gcomhréir le hAirteagal 43b.

Airteagal 43a

Ní fhéadfar dul i mbun an chomhair fheabhsaithe ach amháin mar rogha dheireanach má tá sé suite laistigh den Chomhairle nach bhféadfar na cuspóirí a bhaineann leis a bhaint amach laistigh de thréimhse réasúnta trí fhorálacha ábhartha na gConarthaí a chur i bhfeidhm.

Airteagal 43b

Nuair a bheidh an comhar feabhsaithe á chur ar bun, beidh sé ar oscailt do na Ballstáit uile. Beidh sé ar oscailt dóibh freisin tráth ar bith i gcomhréir le hAirteagail 27e agus 40b den Chonradh seo agus le hAirteagal 11 den Chonradh ag bunú an Chomhphobal Eorpaigh, ar choinníoll go gcomhlíonann siad an bunchinneadh agus na cinntí arna nglacadh sa chreat sin. Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe go gcothaítear a oiread Ballstát agus is féidir bheith rannpháirteach.

Airteagal 44

1. D'fhonn na gníomhartha agus na cinntí a ghlacadh is gá chun an comhar dá dtagraítear in Airteagal 43 a chur chun feidhme, beidh feidhm ag forálacha institiúideacha ábhartha an Chonartha seo agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh. Ar a shon sin, cé go bhféadfaidh comhaltaí uile na Comhairle páirt a ghlacadh sna pléití, is iad ionadaithe na mBallstát amháin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe a ghlacfaidh páirt i nglacadh na gcinntí. Saineofar tromlach cáilithe mar an chionmhaireacht chéanna de vótaí ualaithe na gcomhaltaí i dtrácht den Chomhairle atá leagtha síos in Airteagal 205(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus sa dara fomhír agus sa tríú fomhír d'Airteagal 23(2) den Chonradh seo a mhéad a bhaineann le comhar feabhsaithe arna bhunú ar bhonn Airteagal 27c. Is éard is aontoilíocht ann vótaí na gcomhaltaí i dtrácht den Chomhairle agus iad sin amháin.

Ní cuid de acquis an Aontais gníomhartha agus cinntí den sórt sin.

2. Cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm, a mhéad a bhaineann leo, na gníomhartha agus na cinntí arna nglacadh chun an comhar feabhsaithe ina bhfuil siad rannpháirteach a chur chun feidhme. Ní bheidh gníomhartha agus cinntí den sórt sin ina gceangal ach ar na Ballstáit is páirtithe i gcomhar den sórt sin agus, mar is iomchuí, ní bheidh siad infheidhme go díreach ach amháin sna Stáit sin. Na Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe sin, ní chuirfidh siad bac ar a chur chun feidhme ag na Ballstáit rannpháirteacha.

Airteagal 44a

Is iad na Ballstáit rannpháirteacha a iompróidh an caiteachas a thig ón gcomhar feabhsaithe a chur chun feidhme, seachas costais riarthacha a thabhóidh na hinstitiúidí, mura gcinnfidh comhaltaí uile na Comhairle a mhalairt, ag gníomhú dóibh d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Airteagal 45

Áiritheoidh an Chomhairle agus an Coimisiún comhchuibheas na ngníomhaíochtaí arna nglacadh ar láimh ar bhonn an Teidil seo agus comhchuibheas na ngníomhaíochtaí sin le beartais an Aontais agus an Chomhphobail agus comhoibreoidh siad le chéile chuige sin.

TEIDEAL VIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 46

Forálacha an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach a bhaineann le cumhachtaí Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach agus le feidhmiú na gcumhachtaí sin, ní bheidh feidhm acu ach maidir leis na forálacha seo a leanas den Chonradh seo:

(a) forálacha a leasaíonn an Conradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa d'fhonn an Comhphobal Eorpach a bhunú, an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach agus an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach;

(b) forálacha Theideal VI, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 35;

(c) forálacha Theideal VII, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagail 11 agus 11a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus in Airteagal 40 den Chonradh seo;

(d) Airteagal 6(2) maidir le gníomhaíocht na n-institiúidí, a mhéad atá dlínse ag an gCúirt faoi na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach agus faoin gConradh seo;

(e) na réamhchoinníollacha nach mbaineann ach le nós imeachta in Airteagal 7, agus an Chúirt ag gníomhú, arna iarraidh sin don Bhallstát i dtrácht, laistigh de mhí amhail ó dháta na Comhairle an staid do shuíomh mar a fhoráiltear san Airteagal sin;

(f) Airteagail 46 go 53.

Airteagal 47

Faoi réir forálacha a leasaíonn an Conradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa d'fhonn an Comhphobal Eorpach a bhunú, an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach agus an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach agus na bhforálacha críochnaitheacha seo, ní dhéanfaidh aon fhoráil sa Chonradh seo difear do na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach ná do na Conarthaí nó Ionstraimí iardain á leasú nó á bhforlíonadh.

Airteagal 48

Féadfaidh Rialtas aon Bhallstáit nó an Coimisiún tograí a chur faoi bhráid na Comhairle chun na Conarthaí ar a bhfuil an tAontas fothaithe a athbhreithniú.

Má dhéanann an Chomhairle, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, agus, nuair is iomchuí, leis an gCoimisiún, tuairim a thabhairt i bhfabhar comhdháil d'ionadaithe do Rialtais na mBallstát a ghairm, comórfaidh Uachtarán na Comhairle an chomhdháil chun na leasuithe a bheidh le déanamh ar na Conarthaí sin a chinneadh de thoil a chéile. Rachfar i gcomhairle freisin leis an mBanc Ceannais Eorpach i gcás leasuithe institiúideacha sa réimse airgeadaíochta.

Tiocfaidh na leasuithe i bhfeidhm tar éis a ndaingnithe ag na Ballstáit go léir i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

Airteagal 49

Féadfaidh aon Stát Eorpach a urramaíonn na prionsabail atá leagtha amach in Airteagal 6(1) iarratas a dhéanamh chun bheith ina chomhalta den Aontas. Díreoidh sé a iarratas chun na Comhairle a ghníomhóidh d'aon toil tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus tar éis do Pharlaimint na hEorpa aontú trí thromlach glan de na comhaltaí a chomhdhéanann í.

Na coinníollacha ar a ligfear Stát isteach agus na hoiriúnuithe is gá dá chionn sin ar na Conarthaí ar a bhfuil an tAontas fothaithe, beidh siad ina n-ábhar do chomhaontú idir na Ballstáit agus an Stát iarrthach. Cuirfear an comhaontú sin faoi bhráid na Stát Conarthach uile lena dhaingniú i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

Airteagal 50

1. Aisghairtear leis seo Airteagail 2 go 7 agus 10 go 19 den Chonradh ag bunú Comhairle Aonair agus Coimisiún Aonair de na Comhphobail Eorpacha, arna shíniú sa Bhruiséil ar an 8 Aibreán 1965.

2. Aisghairtear leis seo Airteagal 2, Airteagal 3(2) agus Teideal III den Ionstraim Eorpach Aonair arna shíniú i Lucsamburg ar an 17 Feabhra 1986 agus sa Háig ar an 28 Feabhra 1986.

Airteagal 51

Tá an Conradh seo tugtha i gcrích go ceann tréimhse gan teorainn.

Airteagal 52

1. Déanfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha daingniú ar an gConradh seo i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin le Rialtas Phoblacht na hIodáile.

2. Tiocfaidh an Conradh seo i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 1993 ar an gcoinníoll go mbeidh gach ionstraim daingniúcháin taiscthe, nó, ina éagmais sin, ar an gcéad lá den mhí i ndiaidh thaisceadh na hionstraime daingniúcháin ag an gceann is déanaí de Stáit a shínithe a dhéanfaidh an taisceadh sin.

Airteagal 53 [4]

Tarraingíodh an Conradh seo suas i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhéarla, sa Danmhairgis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, san Ollainnis, sa Phortaingéilis agus sa Spáinnis, agus comhúdarás ag na téacsanna i ngach ceann de na teangacha sin; taiscfear é i gcartlann Rialtas Phoblacht na hIodáile agus cuirfidh an Rialtas sin cóip dheimhnithe chuig Rialtas gach ceann eile de na Stáit shínitheacha.

De bhun Chonradh Aontachais 1994, is téacsanna údarásacha iad freisin na leaganacha den Chonradh seo san Fhionlainnis agus sa tSualainnis. De bhun Chonradh Aontachais 2003, is téacsanna údarásacha iad freisin na leaganacha den Chonradh seo san Eastóinis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, sa Pholainnis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis agus san Ungáiris.

DÁ FHIANÚ SIN, chuir na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe a lámh leis an gConradh seo.

Arna dhéanamh i Maastricht, an seachtú lá d'Fheabhra, míle naoi gcéad nócha a dó.

(liosta na sínitheoirí gan atáirgeadh)

[1] Tá Poblacht na Seice, Poblacht na hEastóine, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Poblacht na hUngáire, Poblacht Mhálta, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice, Poblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne tar éis teacht chun bheith ina mBallstáit den Aontas Eorpach ó shin.

[2] Airteagal arna leasú le hIonstraim Aontachais 2003. Féach an tAguisín ag deireadh an leabhair.

[3] Airteagal arna leasú le hIonstraim Aontachais 2003. Féach an tAguisín ag deireadh an leabhair.

[4] Féach an tAguisín ag deireadh an leabhair.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh. 1)

maidir le hAirteagal 17 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (1997)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG COIMEÁD I gCUIMHNE DÓIBH an gá chun forálacha an dara fomhír d'Airteagal 17(1) agus Airteagal 17(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach a chur chun feidhme go hiomlán,

AG COIMEÁD I gCUIMHNE DÓIBH nach ndéanfaidh beartas an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 17 dochar do cháilíocht shonrach beartais slándála agus cosanta Ballstát áirithe, agus go n-urramóidh sé na hoibleagáidí a chineann ó Chonradh an Atlantaigh Thuaidh i gcás Ballstát áirithe a mheasann go bhfuil a gcomhchosaint bainte amach acu in ECAT, agus go mbeidh sé ag luí leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta arna bhunú sa chreat sin,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar an bhforáil seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach:

Tarraingeoidh an tAontas Eorpach suas, i dteannta le hAontas Iarthar na hEorpa, socruithe maidir le comhar feabhsaithe eatarthu, laistigh de bhliain ó Chonradh Amstardam a theacht i bhfeidhm.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh. 2)

ag lánpháirtiú acquis Schengen i gcreat an Aontais Eorpaigh (1997)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH gurb é is aidhm do na Comhaontuithe maidir le seiceálacha ag na comhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a shínigh roinnt Ballstát den Aontas Eorpach in Schengen ar an 14 Meitheamh 1985 agus an 19 Meitheamh 1990, maille leis na comhaontuithe a bhaineann leo agus na rialacha arna nglacadh ar bhonn na gcomhaontuithe sin, an lánpháirtíocht Eorpach a fheabhsú agus, go háirithe, a chur ar chumas an Aontais Eorpaigh forbairt níos gasta a dhéanamh chun bheith ina limistéar saoirse, slándála agus ceartais,

ÓS MIAN LEO na comhaontuithe agus na rialacha thuasluaite a ionchorprú i gcreat an Aontais Eorpaigh,

AG DAINGNIÚ DÓIBH nach mbeidh forálacha acquis Schengen infheidhme ach amháin má tá, agus a mhéad atá, siad ag luí le dlí an Aontais Eorpaigh agus an Chomhphobail,

AG TABHAIRT AIRD ar sheasamh speisialta na Danmhairge,

AG CUR SAN ÁIREAMH nach bhfuil Éire agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann ina bpáirtithe sna comhaontuithe thuasluaite agus nach bhfuil siad sínithe acu agus, ar a shon sin, gur cóir a fhoráil go bhféadfaidh na Ballstáit sin glacadh le forálacha uile na gcomhaontuithe sin nó le roinnt díobh,

Á AITHINT DÓIBH gur gá mar sin leas a bhaint as forálacha an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh maidir le comhar níos dlúithe idir roinnt Ballstát agus nach cóir leas a bhaint as na forálacha sin ach mar rogha dheireanach,

AG CUR SAN ÁIREAMH a riachtanaí atá sé caidreamh speisialta a choimeád ar bun le Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua, ar Stáit iad sin araon atá tar éis a n-intinn a dhaingniú bheith faoi cheangal ag na forálacha atá luaite anseo thuas, ar bhonn an Chomhaontaithe arna shíniú i Lucsamburg ar an 19 Nollaig 1996,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh:

Airteagal 1

Údaraítear do Ríocht na Beilge, do Ríocht na Danmhairge, do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, don Phoblacht Heilléanach, do Ríocht na Spáinne, do Phoblacht na Fraince, do Phoblacht na hIodáile, d'Ard- Diúcacht Lucsamburg, do Ríocht na hÍsiltíre, do Phoblacht na hOstaire, do Phoblacht na Portaingéile, do Phoblacht na Fionlainne agus do Ríocht na Sualainne, sínitheoirí chomhaontuithe Schengen, comhar níos dlúithe a bhunú eatarthu féin laistigh de raon feidhme na gcomhaontuithe sin agus na bhforálacha a bhaineann leo, mar atá siad liostaithe san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal seo, dá ngairtear "acquis Schengen" anseo feasta. Seolfar an comhar sin laistigh de chreat institiúideach dlíthiúil an Aontais Eorpaigh agus forálacha ábhartha an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh á n-urramú.

Airteagal 2

1. Amhail ó dháta Chonradh Amstardam a theacht i bhfeidhm, beidh feidhm láithreach ag acquis Schengen, lena n-áirítear cinntí an Choiste Feidhmiúcháin arna bhunú ag comhaontuithe Schengen a bheidh glactha roimh an dáta sin, maidir leis na trí Bhallstát déag dá dtagraítear in Airteagal 1, gan dochar d'fhorálacha mhír 2 den Airteagal seo. Amhail ón dáta céanna sin, gabhfaidh an Chomhairle ionad an Choiste Feidhmiúcháin sin.

Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di le haontoilíocht na gcomhaltaí sin dá cuid dá dtagraítear in Airteagal 1, aon bheart a ghlacadh is gá chun an mhír seo a chur chun feidhme. Cinnfidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil, i gcomhréir le forálacha ábhartha na gConarthaí, cad é an bunús dlí a bheidh le gach ceann de na forálacha nó na cinntí arb éard iad acquis Schengen.

I dtaca le forálacha agus cinntí den sórt sin agus i gcomhréir leis an gcinneadh sin, feidhmeoidh Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach na cumhachtaí a thugtar di sna forálacha ábhartha is infheidhme de na Conarthaí. Ar aon chuma, ní bheidh aon dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais i leith beart nó cinntí maidir leis an ord poiblí a chaomhnú agus slándáil inmheánach a choimirciú.

Fad nach mbeidh na bearta dá dtagraítear thuas glactha agus gan dochar d'Airteagal 5(2), measfar gur gníomhartha iad arna mbunú ar Theideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach na forálacha nó na cinntí arb éard iad acquis Schengen.

2. Beidh feidhm ag forálacha mhír 1 maidir leis na Ballstáit a bhfuil na Prótacail aontachais le comhaontuithe Schengen sínithe acu amhail ó na dátaí a chinnfidh an Chomhairle, ag gníomhú di le haontoilíocht na gcomhaltaí sin dá cuid atá luaite in Airteagal 1, mura mbeidh na coinníollacha d'aontachas aon cheann de na Stáit sin le acquis Schengen comhlíonta roimh dháta Chonradh Amstardam a theacht i bhfeidhm.

Airteagal 3

Tar éis an chinnidh dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 2(1), coimeádfaidh an Danmhairg ar bun na cearta céanna agus na hoibleagáidí céanna i ndáil le sínitheoirí eile chomhaontuithe Schengen a bhí ann roimh an gcinneadh sin maidir leis na codanna sin d'acquis Schengen a gcinntear bunús dlí a bheith acu i dTeideal IV den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.

I ndáil leis na codanna sin d'acquis Schengen a gcinntear bunús dlí a bheith acu i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach, beidh na cearta céanna agus na hoibleagáidí céanna i gcónaí ag an Danmhairg is a bheidh ag sínitheoirí eile chomhaontuithe Schengen.

Airteagal 4

Féadfaidh Éire agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann nach bhfuil faoi cheangal ag acquis Schengen a iarraidh, tráth ar bith, bheith rannpháirteach i bhforálacha uile an acquis sin nó i roinnt díobh.

Cinnfidh an Chomhairle ar an iarraidh le haontoilíocht na gcomhaltaí sin dá cuid dá dtagraítear in Airteagal 1 agus ionadaí rialtas an Stáit i dtrácht.

Airteagal 5

1. Beidh tograí agus tionscnaimh chun acquis Schengen a fhorbairt faoi réir fhorálacha ábhartha na gConarthaí.

Sa chomhthéacs sin, mura mbeidh fógra i scríbhinn tugtha ag Éirinn nó ag an Ríocht Aontaithe nó acu araon laistigh de thréimhse réasúnta gur mian leo bheith rannpháirteach, measfar an t-údarú dá dtagraítear in Airteagal 11 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh nó Airteagal 40 den Chonradh ar an Aontas Eorpach a bheith deonaithe do na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 1 agus d'Éirinn nó don Ríocht Aontaithe nuair is mian le ceachtar díobh bheith rannpháirteach sna réimsí comhair i gceist.

2. Beidh feidhm ag forálacha ábhartha na gConarthaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 fiú mura mbeidh na bearta dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 2(1) glactha ag an gComhairle.

Airteagal 6

Beidh Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua bainteach le acquis Schengen a chur chun feidhme agus a fhorbairt tuilleadh ar bhonn an Chomhaontaithe arna shíniú i Lucsamburg ar an 19 Nollaig 1996. Comhaontófar ar nósanna imeachta iomchuí chuige sin i gComhaontú a dhéanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di le haontoilíocht na gcomhaltaí sin dá cuid atá luaite in Airteagal 1, a thabhairt i gcrích leis na Stáit sin. Cuimseoidh Comhaontú den sórt sin forálacha maidir le rannchuidiú na hÍoslainne agus na hIorua le haon iarmhairtí airgeadais a thig ón bPrótacal seo a chur chun feidhme.

Tabharfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil, Comhaontú ar leith i gcrích leis an Íoslainn agus an Iorua ar mhaithe le cearta agus oibleagáidí a bhunú idir Éire agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann de pháirt amháin, agus an Íoslainn agus an Iorua de pháirt eile, i réimsí de acquis Schengen a bhfuil feidhm acu maidir leis na Stáit sin.

Airteagal 7

Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, na socruithe mionsonraithe a ghlacadh chun Rúnaíocht Schengen a lánpháirtiú in Ardrúnaíocht na Comhairle.

Airteagal 8

Chun críche na caibidlíochta chun Ballstáit nua a ligean isteach san Aontas Eorpach, measfar gur acquis nach foláir do gach Stát is iarrthóir glacadh leis ina iomláine acquis Schengen agus bearta eile arna nglacadh ag na hinstitiúidí laistigh dá raon feidhme.

--------------------------------------------------

IARSCRÍBHINN

ACQUIS SCHENGEN

1. An Comhaontú arna shíniú in Schengen ar an 14 Meitheamh 1985 idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile.

2. An Coinbhinsiún arna shíniú in Schengen ar an 19 Meitheamh 1990 idir Ríocht na Beilge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na Fraince, Ard-Diúcacht Lucsamburg agus Ríocht na hÍsiltíre chun an Comhaontú maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile arna shíniú in Schengen ar an 14 Meitheamh 1985 a chur i bhfeidhm, maille leis an Ionstraim Chríochnaitheach agus na dearbhuithe comhpháirteacha a bhaineann leis.

3. Na Prótacail agus Comhaontuithe Aontachais a ghabhann le Comhaontú 1985 agus Coinbhinsiún Cur chun Feidhme 1990 leis an Iodáil (arna síniú i bPáras ar an 27 Samhain 1990), leis an Spáinn agus leis an bPortaingéil (arna síniú in Bonn ar an 25 Meitheamh 1991), leis an nGréig (arna síniú i Maidrid ar an 6 Samhain 1992), leis an Ostair (arna síniú sa Bhruiséil ar an 28 Aibreán 1995) agus leis an Danmhairg, leis an bhFionlainn agus leis an tSualainn (arna síniú i Lucsamburg ar an 19 Nollaig 1996), maille leis na hIonstraimí Críochnaitheacha agus na dearbhuithe a bhaineann leo.

4. Na cinntí agus na dearbhuithe arna nglacadh ag an gCoiste Feidhmiúcháin arna bhunú ag Coinbhinsiún Cur chun Feidhme 1990, maille le gníomhartha arna nglacadh chun an Coinbhinsiún sin a chur chun feidhme ag na horgáin ar thug an Coiste Feidhmiúcháin cumhachtaí cinnteoireachta dóibh.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh. 3)

maidir le gnéithe áirithe d'Airteagal 14 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh a chur i feidhm ar an Ríocht Aontaithe agus ar Éirinn (1997)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO ceisteanna áirithe a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe agus le hÉirinn a shocrú,

AG FÉACHAINT do na socruithe speisialta taistil atá ann le blianta fada idir an Ríocht Aontaithe agus Éire,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus leis an gConradh ar an Aontas Eorpach:

Airteagal 1

D'ainneoin Airteagal 14 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, aon fhorála eile den Chonradh sin nó den Chonradh ar an Aontas Eorpach, aon bhirt arna ghlacadh faoi na Conarthaí sin, nó aon chomhaontaithe idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích ag an gComhphobal nó ag an gComhphobal agus a Bhallstáit le tríú Stát amháin nó níos mó, beidh an Ríocht Aontaithe i dteideal cibé rialuithe a mheasfaidh sí is gá a fheidhmiú ag a teorainneacha le Ballstáit eile ar dhaoine ag lorg iontráil sa Ríocht Aontaithe:

(a) d'fhonn a fhíorú an bhfuil an ceart chun iontráil sa Ríocht Aontaithe ag saoránaigh Stát is Páirtithe Conarthacha sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, ag a gcleithiúnaithe atá ag feidhmiú ceart arna dtabhairt le dlí an Chomhphobail agus ag saoránaigh Stát eile ar tugadh cearta den sórt sin dóibh le comhaontú atá ina cheangal ar an Ríocht Aontaithe; agus

(b) d'fhonn a chinneadh an dtabharfar nó nach dtabharfar cead do dhaoine eile iontráil sa Ríocht Aontaithe.

Ní dhéanfaidh aon ní in Airteagal 14 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh ná in aon fhoráil eile den Chonradh sin ná den Chonradh ar an Aontas Eorpach ná in aon bheart arna ghlacadh fúthu dochar do cheart na Ríochta Aontaithe aon rialuithe den sórt sin a ghlacadh nó a fheidhmiú. Cuimseoidh tagairtí don Ríocht Aontaithe san Airteagal seo críocha a bhfuil an Ríocht Aontaithe freagrach as a gcaidreamh seachtrach.

Airteagal 2

Féadfaidh an Ríocht Aontaithe agus Éire leanúint de shocruithe a dhéanamh eatarthu féin maidir le gluaiseacht daoine idir a gcríocha ("an Comhlimistéar Taistil"), agus cearta na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad mhír d'Airteagal 1 den Phrótacal seo á n-urramú go hiomlán acu. Dá réir sin, fad a choimeádfaidh siad socruithe den sórt sin ar bun, beidh feidhm ag forálacha Airteagal 1 den Phrótacal seo maidir le hÉirinn faoi na téarmaí céanna agus na coinníollacha céanna atá ann i gcás na Ríochta Aontaithe. Ní dhéanfaidh aon ní in Airteagal 14 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh ná in aon fhoráil eile den Chonradh sin ná den Chonradh ar an Aontas Eorpach ná in aon bheart eile arna ghlacadh fúthu difear d'aon socruithe den sórt sin.

Airteagal 3

Beidh na Ballstáit eile i dteideal rialuithe den sórt sin a fheidhmiú ag a dteorainneacha nó ag aon phointe iontrála ar a gcríocha ar dhaoine ag lorg iontráil ar a gcríocha ón Ríocht Aontaithe nó ó aon chríocha a bhfuil sí freagrach as a gcaidreamh seachtrach chun na gcríoch céanna atá luaite in Airteagal 1 den Phrótacal seo, nó ó Éirinn fad a bheidh feidhm ag forálacha Airteagal 1 den Phrótacal seo maidir le hÉirinn.

Ní dhéanfaidh aon ní in Airteagal 14 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh ná in aon fhoráil eile den Chonradh sin ná den Chonradh ar an Aontas Eorpach ná in aon bheart arna ghlacadh fúthu dochar do cheart na mBallstát eile rialuithe den sórt sin a ghlacadh nó a fheidhmiú.

--------------------------------------------------

Prótacal 5 (Uimh. 4)

maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO ceisteanna áirithe a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe agus le hÉirinn a shocrú,

AG FÉACHAINT don Phrótacal maidir le gnéithe áirithe d'Airteagal 14 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh a chur i bhfeidhm ar an Ríocht Aontaithe agus ar Éirinn,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus leis an gConradh ar an Aontas Eorpach:

Airteagal 1

Faoi réir Airteagal 3, ní bheidh an Ríocht Aontaithe agus Éire rannpháirteach nuair a ghlacfaidh an Chomhairle bearta arna mbeartú de bhun Theideal IV den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh. De mhaolú ar Airteagal 205(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, saineofar tromlach cáilithe mar an chionmhaireacht chéanna de vótaí ualaithe na gcomhaltaí i dtrácht den Chomhairle atá leagtha síos in Airteagal 205(2) a dúradh. Beidh gá le haontoilíocht chomhaltaí na Comhairle, seachas ionadaithe rialtais na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann, i gcás chinntí na Comhairle nach foláir a ghlacadh d'aon toil.

Airteagal 2

De dhroim Airteagal 1 agus faoi réir Airteagail 3, 4 agus 6, ní bheidh aon fhoráil de Theideal IIIa den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, aon bheart arna ghlacadh de bhun an Teidil sin, aon fhoráil d'aon chomhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích ag an gComhphobal de bhun an Teidil sin ná aon bhreith de chuid na Cúirte Breithiúnais ag léiriú aon fhorála nó birt den sórt sin ina cheangal ar an Ríocht Aontaithe ná ar Éirinn ná infheidhme iontu; agus ní dhéanfaidh aon fhoráil, beart ná cinneadh den sórt sin difear ar dhóigh ar bith d'inniúlachtaí, cearta agus oibleagáidí na Stát sin; agus ní dhéanfaidh aon fhoráil, beart ná cinneadh den sórt sin difear ar dhóigh ar bith don acquis communautaire ná ní bheidh siad ina gcuid de dhlí an Chomhphobail mar a bheidh feidhm ag an acquis agus an dlí sin maidir leis an Ríocht Aontaithe nó le hÉirinn.

Airteagal 3

1. Féadfaidh an Ríocht Aontaithe nó Éire fógra a thabhairt i scríbhinn d'Uachtarán na Comhairle, laistigh de thrí mhí tar éis do thogra nó tionscnamh a bheith tíolactha don Chomhairle de bhun Theideal IV den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, gur mian léi bheith rannpháirteach le linn aon bheart beartaithe den sórt sin a ghlacadh agus a chur chun feidhme, agus leis sin, beidh an Stát sin i dteideal bheith rannpháirteach amhlaidh. De mhaolú ar Airteagal 205(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, déanfar tromlach cáilithe a shainiú mar an chionmhaireacht chéanna de vótaí ualaithe na gcomhaltaí i dtrácht den Chomhairle atá leagtha síos in Airteagal 205(2) a dúradh.

Beidh gá le haontoilíocht chomhaltaí na Comhairle, seachas comhalta nach mbeidh fógra den sórt sin tugtha aige, i gcás chinntí na Comhairle nach foláir a ghlacadh d'aon toil. Beidh beart arna ghlacadh faoin mír seo ina cheangal ar na Ballstáit uile a bheidh rannpháirteach ina ghlacadh.

2. Murar féidir tar éis tréimhse réasúnta beart dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh le rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe nó na hÉireann, féadfaidh an Chomhairle beart den sórt sin a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 1 gan rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe nó na hÉireann. Sa chás sin, beidh feidhm ag Airteagal 2.

Airteagal 4

Féadfaidh an Ríocht Aontaithe nó Éire, tráth ar bith tar éis don Chomhairle beart a ghlacadh de bhun Theideal IV den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, fógra faoina hintinn a thabhairt don Chomhairle agus don Choimisiún gur mian léi glacadh leis an mbeart sin. Sa chás sin, beidh feidhm mutatis mutandis ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 11(3) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.

Airteagal 5

Ní iompróidh Ballstát nach bhfuil faoi cheangal ag beart arna ghlacadh de bhun Theideal IV den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh aon iarmhairtí airgeadais a ghabhann leis an mbeart sin seachas costais riarthacha a thabhóidh na hinstitiúidí.

Airteagal 6

Más rud é, i gcásanna dá dtagraítear sa Phrótacal seo, go mbeidh beart arna ghlacadh ag an gComhairle de bhun Theideal IV den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh ina cheangal ar an Ríocht Aontaithe nó ar Éirinn, beidh feidhm ag forálacha ábhartha an Chonartha sin, lena n-áirítear Airteagal 68, maidir leis an Stát sin i ndáil leis an mbeart sin.

Airteagal 7

Beidh Airteagail 3 agus 4 gan dochar don Phrótacal ag lánpháirtiú acquis Schengen i gcreat an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 8

Féadfaidh Éire fógra a thabhairt i scríbhinn d'Uachtarán na Comhairle nach mian léi bheith faoi réir théarmaí an Phrótacail seo a thuilleadh. Sa chás sin, beidh feidhm ag gnáthfhorálacha an Chonartha maidir le hÉirinn.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh. 5)

maidir le seasamh na Danmhairge (1997)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG MEABHRÚ DÓIBH an Chinnidh ó na Ceannairí Stáit nó Rialtais, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle Eorpaí i nDún Éideann ar an 12 Nollaig 1992, maidir le fadhbanna áirithe arna dtógáil ag an Danmhairg maidir leis an gConradh ar an Aontas Eorpach,

TAR ÉIS A THABHAIRT DÁ nAIRE seasamh na Danmhairge maidir le Saoránacht, le hAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, leis an mBeartas Cosanta agus le Ceartas agus Gnóthaí Baile mar atá sé leagtha síos i gCinneadh Dhún Éideann,

AG COIMEÁD I gCUIMHNE DÓIBH Airteagal 3 den Phrótacal ag lánpháirtiú acquis Schengen i gcreat an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus leis an gConradh ar an Aontas Eorpach:

CUID I

Airteagal 1

Ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach nuair a ghlacfaidh an Chomhairle bearta arna mbeartú de bhun Theideal IV den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh. De mhaolú ar Airteagal 205(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, déanfar tromlach cáilithe a shainiú mar an chionmhaireacht chéanna de vótaí ualaithe na gcomhaltaí i dtrácht den Chomhairle atá leagtha síos in Airteagal 205(2) a dúradh. Beidh gá le haontoilíocht chomhaltaí na Comhairle, seachas ionadaí rialtas na Danmhairge, i gcás chinntí na Comhairle nach foláir a ghlacadh d'aon toil.

Airteagal 2

Ní bheidh aon fhoráil de Theideal IV den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, aon bheart arna ghlacadh de bhun an Teidil sin, aon fhoráil d'aon chomhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích ag an gComhphobal de bhun an Teidil sin ná aon bhreith de chuid na Cúirte Breithiúnais ag léiriú aon fhorála nó birt den sórt sin ina cheangal ar an Danmhairg ná infheidhme inti; agus ní dhéanfaidh aon fhoráil, beart ná cinneadh den sórt sin difear ar dhóigh ar bith d'inniúlachtaí, cearta agus oibleagáidí na Danmhairge; agus ní dhéanfaidh aon fhoráil, beart ná cinneadh den sórt sin difear ar dhóigh ar bith don acquis communautaire ná ní bheidh siad ina gcuid de dhlí an Chomhphobail mar a bheidh feidhm ag an acquis agus an dlí sin maidir leis an Danmhairg.

Airteagal 3

Ní iompróidh an Danmhairg aon iarmhairtí airgeadais a ghabhann le bearta dá dtagraítear in Airteagal 1, seachas costais riarthacha a thabhóidh na hinstitiúidí.

Airteagal 4

Ní bheidh feidhm ag Airteagail 1, 2 agus 3 maidir le bearta ag cinneadh na dtríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosa a bheith ina seilbh acu nuair a bheidh teorainneacha seachtracha na mBallstát á dtrasnú acu, ná ar bhearta maidir le formáid chomhionann do víosaí.

Airteagal 5

1. Cinnfidh an Danmhairg, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a ghlacadh ar thogra nó tionscnamh chun cur le acquis Schengen faoi fhorálacha Theideal IV den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, an gcuirfidh sí an cinneadh sin chun feidhme ina dlí náisiúnta. Má chinneann sí é sin a dhéanamh, cruthóidh an cinneadh sin oibleagáid faoin dlí idirnáisiúnta idir an Danmhairg agus na Ballstáit eile dá dtagraítear in Airteagal 1 den Phrótacal ag lánpháirtiú acquis Schengen i gcreat an Aontais Eorpaigh agus idir í agus Éire nó an Ríocht Aontaithe má bhíonn na Ballstáit sin rannpháirteach sna réimsí comhair i gceist.

2. Má chinneann an Danmhairg gan cinneadh ón gComhairle dá dtagraítear i mír 1 a chur chun feidhme, déanfaidh na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 1 den Phrótacal ag lánpháirtiú acquis Schengen i gcreat an Aontais Eorpaigh na bearta iomchuí a bheidh le glacadh a mheas.

CUID II

Airteagal 6

I dtaca le bearta arna nglacadh ag an gComhairle i réimse Airteagail 13(1) agus 17 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ní bhíonn an Danmhairg rannpháirteach i ndréachtú agus cur chun feidhme cinntí agus gníomhaíochtaí de chuid an Aontais a bhfuil impleachtaí cosanta acu, ach ní choiscfidh sí forbairt ar chomhar níos dlúithe idir Ballstáit sa réimse sin. Dá bhrí sin, ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na mbeart sin. Ní bheidh d'iallach ar an Danmhairg rannchuidiú le maoiniú an chaiteachais oibríochtúil a thig ó na bearta sin.

CUID III

Airteagal 7

Féadfaidh an Danmhairg tráth ar bith, i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla, a chur in iúl do na Ballstáit eile nach mian léi leas a bhaint a thuilleadh as an Prótacal seo nó cuid de. Sa chás sin, cuirfidh an Danmhairg i bhfeidhm go hiomlán na bearta ábhartha uile a bheidh i bhfeidhm ag an am sin arna nglacadh i gcreat an Aontais Eorpaigh.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh. 6)

ar Reacht na Cúirte Breithiúnais (2001)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO Reacht na Cúirte Breithiúnais dá bhforáiltear in Airteagal 245 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus in Airteagal 160 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach a leagan síos,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:

Airteagal 1

Comhdhéanfar Cúirt Bhreithiúnais agus feidhmeoidh sí de réir fhorálacha an Chonartha ar an Aontas Eorpach (Conradh AE), an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (Conradh CE), an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Conradh CEFA) agus an Reachta seo.

TEIDEAL I

BREITHIÚNA AGUS ABHCÓIDÍ GINEARÁLTA

Airteagal 2

Sula rachaidh sé i mbun a dhualgas glacfaidh gach Breitheamh mionn, i gcúirt oscailte, go gcomhlíonfaidh sé a dhualgais go neamhchlaon coinsiasach agus go gcoimeádfadh sé plé na Cúirte faoi rún.

Airteagal 3

Beidh na breithiúna díolmhaithe ó imeachtaí dlíthiúla. Tar éis dóibh scor dá n-oifig, leanfaidh siad de dhíolúine a bheith acu i leith gníomhartha a rinne siad ina gcáil oifigiúil, lena n-áirítear a bhfocail labhartha nó scríofa.

Féadfaidh an Chúirt, ina suí di mar chúirt iomlán, an díolúine a tharscaoileadh.

I gcás inar tarscaoileadh díolúine agus ina dtionscnófar imeachtaí coiriúla i gcoinne Breithimh, ní intriailte é, in aon cheann de na Ballstáit, ach amháin ag an gCúirt atá inniúil ar bhreithiúnas a thabhairt ar na breithiúna is airde dlínse náisiúnta.

Beidh Airteagail 12 go 15 agus Airteagal 18 den Phrótacal ar phribhléidí agus díolúintí na gComhphobal Eorpach infheidhme ar Bhreithiúna, Abhcóidí Ginearálta, Cláraitheoir agus Rapóirtéirí Cúnta na Cúirte, gan dochar do na forálacha a bhaineann le Breithiúna a bheith díolmhaithe ó imeachtaí dlíthiúla agus atá leagtha amach sna míreanna sin roimhe seo.

Airteagal 4

Ní fhéadfaidh na Breithiúna oifig pholaitíochta ná riaracháin a shealbhú.

Ní fhéadfaidh siad bheith ag gabháil d'aon slí bheatha, sochrach ná neamhshochrach, mura dtabharfaidh an Chomhairle díolúine d'eisceacht.

Nuair a rachaidh siad i mbun a ndualgas, tabharfaidh siad gealltanas sollúnta go n-urramóidh siad, le linn a dtéarma oifige agus ina dhiaidh sin, na hoibleagáidí a bheidh orthu de bharr na hoifige sin, go háirithe an dualgas chun bheith ionraic discréideach maidir le ceapacháin nó sochair áirithe a ghlacadh tar éis dóibh scor dá n-oifig.

Déanfar aon amhras ina thaobh sin a shocrú le breith ón gCúirt.

Airteagal 5

Amach ó ghnáthathrú ar Bhreithiúna, nó i gcás breitheamh d'fháil bháis, críochnóidh dualgais Bhreithimh ar é d'éirí as oifig.

Nuair a éireoidh Breitheamh as oifig, díreofar a litir ag éirí as oifig chuig Uachtarán na Cúirte lena tarchur chuig Uachtarán na Comhairle. Ar an bhfógra sin a thabhairt beidh folúntas ar an mBinse.

Ach amháin i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 6, fanfaidh Breitheamh i seilbh a oifige go dtí go rachaidh a chomharba i mbun a dhualgas.

Airteagal 6

Ní fhéadfar a oifig ná a cheart chun pinsin nó sochar eile ina ionad sin a bhaint de Bhreitheamh, ach amháin más rud é, i dtuairim d'aon toil Bhreithiúna agus Abhcóidí Ginearálta na Cúirte, nach bhfuil coinníollacha riachtanacha a oifige á gcomhlíonadh nó na hoibleagáidí a ghabhann léi á bhfreastal aige a thuilleadh. Ní ghlacfaidh an Breitheamh a bheidh i gceist páirt in aon phlé den sórt sin.

Cuirfidh Cláraitheoir na Cúirte breith na Cúirte in iúl d'Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus d'Uachtarán an Choimisiúin agus tabharfaidh sé fógra faoi d'Uachtarán na Comhairle.

I gcás breithe ag baint a oifige de Bhreitheamh, beidh folúntas ar an mBinse nuair a thabharfar an fógra sin is déanaí atá luaite.

Airteagal 7

Breitheamh a ghabhfaidh ionad comhalta den Chúirt nach bhfuil a théarma oifige caite, ceapfar é go ceann a bhfuil fágtha de théarma a réamhtheachtaí.

Airteagal 8

Bainfidh forálacha Airteagail 2 go 7 leis na hAbhcóidí Ginearálta.

TEIDEAL II

EAGRAÍOCHT

Airteagal 9 [1]

Nuair a athrófar cuid de na Breithiúna i gceann gach trí bliana, athrófar trí dhuine dhéag agus dháréag díobh gach re seach.

Nuair a athrófar cuid de na hAbhcóidí Ginearálta i gceann gach trí bliana, athrófar ceathrar Abhcóidí Ginearálta ar gach ócáid.

Airteagal 10

Glacfaidh an Cláraitheoir mionn os comhair na Cúirte go gcomhlíonfaidh sé a dhualgais go neamhchlaon coinsiasach agus go gcoimeádfaidh sé plé na Cúirte faoi rún.

Airteagal 11

Déanfaidh an Chúirt socrú chun duine a dhul in ionad an Chláraitheora ar ócáidí nach féidir dó freastal ar an gCúirt.

Airteagal 12

Beidh oifigigh agus seirbhísigh eile ag gabháil leis an gCúirt ionas go bhféadfaidh sí feidhmiú. Beidh siad freagrach don Chláraitheoir faoi údarás an Uachtaráin.

Airteagal 13

Ar thogra ón gCúirt, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil, socrú a dhéanamh chun Rapóirtéirí Cúnta a cheapadh agus na rialacha a leagan síos a rialóidh a seirbhís. Féadfar a cheangal ar Rapóirtéirí Cúnta, faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta, páirt a ghlacadh i réamhfhiosrúcháin i gcásanna atá ar feitheamh os comhair na Cúirte agus comhoibriú leis an mBreitheamh a ghníomhaíonn mar Rapóirtéir.

Roghnófar na Rapóirtéirí Cúnta as measc daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a bhfuil na cáilíochtaí dlí acu is gá; is í an Chomhairle a cheapfaidh iad. Glacfaidh siad mionn os comhair na Cúirte go gcomhlíonfaidh siad a ndualgais go neamhchlaon coinsiasach agus go gcoimeádfaidh siad plé na Cúirte faoi rún.

Airteagal 14

Beidh de cheangal ar na Breithiúna, ar na hAbhcóidí Ginearálta agus ar an gCláraitheoir cónaí san áit a bhfuil suíomh na Cúirte.

Airteagal 15

Leanfaidh an Chúirt go buan ar seisiún. Cinnfidh an Chúirt, ag féachaint go cuí do riachtanais a gnó, tréimhsí na saoire breithiúnta.

Airteagal 16

Cuirfidh an Chúirt eagar dlísheomraí de thriúr agus de chúigear Breithiúna uirthi féin. Toghfaidh na Breithiúna Uachtaráin na ndlísheomraí as a líon féin. Toghfar Uachtaráin na ndlísheomraí a bhfuil cúigear Breithiúna iontu go ceann téarma trí bliana. Féadfar iad a atoghadh uair amháin.

Trí Bhreitheamh déag a bheidh ar an Mór-Dhlísheomra. Uachtarán na Cúirte a bheidh ina uachtarán air. Is cuid den Mhór-Dhlísheomra freisin Uachtaráin na ndlísheomraí a bhfuil cúigear Breithiúna iontu agus Breithiúna eile arna gceapadh i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sna rialacha nós imeachta.

Suífidh an Chúirt mar Mhór-Dhlísheomra arna iarraidh sin do Bhallstát nó d'institiúid de chuid na gComhphobal is páirtí sna himeachtaí.

Suífidh an Chúirt mar chúirt iomlán nuair a thugtar cásanna os a comhair de bhun Airteagal 195(2), Airteagal 213(2), Airteagal 216 nó Airteagal 247(7) de Chonradh CE nó Airteagal 107d(2), Airteagal 126(2), Airteagal 129 nó Airteagal 160b(7) de Chonradh CEFA.

Fairis sin, nuair a mheasann sí go bhfuil mórthábhacht ag roinnt le cás os a comhair, féadfaidh an Chúirt a chinneadh, tar éis an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, an cás a tharchur chuig an gcúirt iomlán.

Airteagal 17

Ní bheidh breitheanna na Cúirte bailí ach amháin nuair is uimhir chorr dá comhaltaí a bheidh ina suí le linn an phlé.

Ní bheidh breitheanna na ndlísheomraí a bhfuil triúr nó cúigear Breithiúna iontu bailí ach amháin má ghlacann triúr Breithiúna iad.

Ní bheidh breitheanna an Mhór-Dhlísheomra bailí ach amháin má tá naonúr Breithiúna ina suí.

Ní bheidh breitheanna na Cúirte iomláine bailí ach amháin má tá cúig Bhreitheamh déag ina suí.

Mura féidir do dhuine de na Breithiúna as dlísheomra bheith i láthair, féadfar glaoch ar Bhreitheamh dlísheomra eile chun suí i gcomhréir le coinníollacha arna leagan síos sna rialacha nós imeachta.

Airteagal 18

Ní fhéadfaidh aon Bhreitheamh ná Abhcóide Ginearálta páirt a ghlacadh i dtriail aon cháis inar ghlac sé páirt roimhe sin mar ghníomhaire nó comhairleoir nó inar ghníomhaigh sé thar ceann duine de na páirtithe, nó inar glaodh air breith a thabhairt mar chomhalta de chúirt nó de bhinse, de choimisiún fiosrúcháin nó in aon cháil eile.

Má mheasann aon Bhreitheamh nó Abhcóide Ginearálta nach ceart dó, ar chúis speisialta éigin, páirt a ghlacadh sa bhreithiúnacht nó sa scrúdú ar aon chás áirithe, cuirfidh sé é sin in iúl don Uachtarán. Má mheasann an tUachtarán, ar chúis speisialta éigin, nach ceart go suífeadh Breitheamh nó Abhcóide Ginearálta áirithe, nó go ndéanfadh sé aighneachtaí i gcás áirithe, cuirfidh sé sin in iúl dó.

Socrófar le breith ón gCúirt aon deacracht a éireoidh maidir leis an Airteagal seo a chur chun feidhme.

Ní fhéadfaidh páirtí athrú ar chomhdhéanamh na Cúirte ná dlísheomra dá cuid a iarraidh mar gheall ar náisiúntacht Bhreithimh nó toisc Breitheamh de náisiúntacht an pháirtí sin a bheith as láthair ón gCúirt nó ón dlísheomra.

TEIDEAL III

NÓS IMEACHTA

Airteagal 19

Beidh gníomhaire a cheapfar do gach cás ag Ballstáit agus institiúidí na gComhphobal chun feidhmiú ar a son os comhair na Cúirte; féadfaidh an gníomhaire comhairleoir nó dlíodóir a bheith aige de chúnamh dó.

Beidh na Stáit, amach ó na Ballstáit, is páirtithe sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus Údarás Faireacháin CSTE dá dtagraítear sa Chomhaontú sin ionadaithe ar an gcuma chéanna.

Caithfidh páirtithe eile dlíodóir a bheith acu chun feidhmiú ar a son.

Dlíodóir atá údaraithe chun cleachtadh os comhair cúirte de chuid Ballstáit nó de chuid Stáit eile is páirtí sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, eisean amháin a fhéadfaidh ionadú do pháirtí nó bheith de chúnamh aige os comhair na Cúirte.

Beidh ag na gníomhairí, na comhairleoirí agus na dlíodóirí sin nuair a láithreoidh siad os comhair na Cúirte, na cearta agus na díolúintí is gá lena ndualgais a fheidhmiú go neamhspleách, faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta.

Maidir leis na comhairleoirí agus na dlíodóirí a láithreoidh os a comhair, beidh ag an gCúirt na cumhachtaí a thugtar de ghnáth do chúirteanna dlí, faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta.

Múinteoirí ollscoile is náisiúnaigh de Bhallstát a dtugann a dhlí ceart éisteachta dóibh, beidh acu os comhair na Cúirte na cearta céanna a thugtar leis an Airteagal seo do dhlíodóirí.

Airteagal 20

Roinnfear an nós imeachta os comhair na Cúirte ina dhá chuid: i scríbhinn agus ó bhéal.

Is éard é an nós imeachta i scríbhinn, iarratais, ráitis cháis, cosaintí agus tuairimí, agus freagraí, más ann, mar aon leis na páipéir agus na doiciméid uile i dtaca leo, nó cóipeanna deimhnithe díobh, a chur chuig na páirtithe agus chuig institiúidí de chuid na gComhphobal a bhfuil a gcinntí faoi dhíospóid.

Cuirfidh an Cláraitheoir na nithe sin chucu san ord agus laistigh den am a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta.

Is éard é an nós imeachta ó bhéal, an tuarascáil a léamh a thíolaic Breitheamh ag gníomhú dó mar Rapóirtéir, an Chúirt d'éisteacht gníomhairí, comhairleoirí agus dlíodóirí, agus aighneachtaí ón Abhcóide Ginearálta agus, ina theannta sin, má bhíonn ann, finnéithe agus saineolaithe a éisteacht.

Má mheasann sí nach n-ardaíonn an cás aon phonc nua dlí, féadfaidh an Chúirt a chinneadh, tar éis an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, go dtabharfar breith ar an gcás gan aighneacht ón Abhcóide Ginearálta.

Airteagal 21

Tabharfar cás os comhair na Cúirte trí iarratas i scríbhinn arna dhíriú chuig an gCláraitheoir. Beidh san iarratas ainm agus buanseoladh an iarratasóra agus tuairisc an tsínitheora, ainm an pháirtí nó ainmneacha na bpáirtithe ar ina choinne nó ina gcoinne a dhéantar an t-iarratas, ábhar na díospóide, an saghas ordaithe atá á lorg agus ráiteas gearr ar na pléadálacha dlí ar a bhfuil an t-iarratas bunaithe.

Beidh ag gabháil leis an iarratas, nuair is cuí sin, an beart a bhfuil a neamhniú á iarraidh nó, sna himthosca dá dtagraítear in Airteagal 232 de Chonradh CE agus in Airteagal 148 de Chonradh CEFA fianaise dhoiciméid ar an dáta a iarradh ar institiúid gníomhú, de réir na nAirteagal sin. Mura gcuirfear na doiciméid isteach i dteannta an iarratais, iarrfaidh an Cláraitheoir ar an bpáirtí lena mbaineann iad a thabhairt ar aird laistigh de thréimhse réasúnta, ach, más mar sin a bheidh, ní thitfidh cearta an pháirtí ar lár bíodh is nach dtabharfar na doiciméid sin ar aird go dtí tar éis an tráth chun imeachtaí a bhunú.

Airteagal 22

Sna cásanna atá faoi rialú ag Airteagal 18 de Chonradh CEFA, is trí achomharc arna dhíriú chun an Chláraitheora a thabharfar an t-ábhar os comhair na Cúirte. Beidh san achomharc ainm agus buanseoladh an achomharcóra agus tuairisc an tsínitheora, tagairt don chinneadh ar ina aghaidh a rinneadh an t-achomharc, ainmneacha na bhfreagróirí, ábhar na díospóide, na haighneachtaí a rinneadh agus ráiteas gearr ar na príomhfhorais ar a bhfuiltear ag seasamh.

Beidh ag gabháil leis an achomharc cóip dheimhnithe den chinneadh ón gCoiste Eadrána atá á dhíospóid.

Má dhiúltaíonn an Chúirt don achomharc, tiocfaidh cinneadh an Choiste Eadrána chun bheith ina chinneadh críochnaitheach.

Má neamhníonn an Chúirt cinneadh an Choiste Eadrána, féadfar an t-ábhar a tharraingt anuas athuair, más iomchuí, ar thionscnamh ceann de na páirtithe sa chás, os comhair an Choiste Eadrána. Déanfaidh an Coiste sin de réir aon chinntí ón gCúirt maidir le poncanna dlí.

Airteagal 23

Sna cásanna atá faoi rialú ag Airteagal 35(1) de Chonradh AE, Airteagal 234 de Chonradh CE agus Airteagal 150 de Chonradh CEFA, nuair a chinnfidh cúirt nó binse de chuid Ballstáit ar a himeachtaí a fhionraí agus cás a tharchur chuig an gCúirt, cuirfidh an chúirt nó an binse sin an cinneadh sin in iúl don Chúirt. Ansin cuirfidh Cláraitheoir na Cúirte an cinneadh in iúl do na páirtithe, do na Ballstáit agus don Choimisiún, agus freisin don Chomhairle nó don Bhanc Ceannais Eorpach, má thionscain ceachtar acu an gníomh a bhfuil a bhailíocht nó a léiriú faoi dhíospóid, agus do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle más gníomh a ghlac an dá institiúid sin go comhpháirteach a bhfuil a bhailíocht nó a léiriú faoi dhíospóid.

Laistigh de dhá mhí ó cuireadh sin in iúl amhlaidh, beidh na páirtithe, na Ballstáit, an Coimisiún agus, más iomchuí, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Banc Ceannais Eorpach, i dteideal ráitis cháis nó barúlacha i scríbhinn a chur faoi bhráid na Cúirte.

Sna cásanna atá faoi rialú ag Airteagal 234 de Chonradh CE, ina theannta sin, cuirfidh Cláraitheoir na Cúirte an cinneadh ón gcúirt nó ón mbinse náisiúnta in iúl do na Stáit, amach ó na Ballstáit, is páirtithe sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus d'Údarás Faireacháin CSTE dá dtagraítear sa Chomhaontú a dúradh agus féadfaidh siad, laistigh de dhá mhí ó cuireadh sin in iúl agus nuair atá ceann de réimsí chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe i gceist, ráitis cháis nó barúlacha i scríbhinn a chur faoi bhráid na Cúirte.

Nuair atá sé leagtha síos i gcomhaontú a bhaineann le réimse sonrach, arna thabhairt i gcrích ag an gComhairle le tríú Stát amháin nó níos mó, go bhfuil na Stáit sin i dteideal sonruithe cáis nó barúlacha i scríbhinn a thíolacadh sa chás nuair a chuireann cúirt nó binse de chuid Ballstáit ceist chun réamhrialú a thagann faoi raon feidhme an chomhaontaithe faoi bhráid na Cúirte, cuirtear an bhreith ón gcúirt nó binse náisiúnta a fholaíonn an cheist sin in iúl freisin do na tríú Stáit i dtrácht agus féadfaidh siad, laistigh de dhá mhí ón bhfógra sin a fháil, sonruithe cáis nó barúlacha i scríbhinn a thaisceadh os comhair na Cúirte.

Airteagal 24

Féadfaidh an Chúirt a cheangal ar na páirtithe na doiciméid go léir a thabhairt ar aird, agus an fhaisnéis go léir a sholáthar, a mheasfaidh an Chúirt is inmhianaithe. Déanfar nóta foirmiúil d'aon diúltú.

Féadfaidh an Chúirt a cheangal, freisin, ar na Ballstáit agus ar na hinstitiúidí nach páirtithe iad sa chás gach faisnéis a thabhairt a mheasfaidh an Chúirt is gá le haghaidh na n-imeachtaí.

Airteagal 25

Féadfaidh an Chúirt tráth ar bith dul ar iontaoibh duine, comhlachta, údaráis, coiste nó eagraíochta eile ar bith is rogha léi chun tuairim shaineolach a thabhairt.

Airteagal 26

Féadfar finnéithe a éisteacht faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta.

Airteagal 27

Maidir le finnéithe mainneachtana beidh ag an gCúirt na cumhachtaí is gnách a thabhairt do chúirteanna agus do bhinsí agus féadfaidh sí pionóis airgid a ghearradh faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta.

Airteagal 28

Féadfar finnéithe agus saineolaithe a éisteacht faoi mhionn arna ghlacadh san fhoirm a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta nó ar an modh atá leagtha síos i ndlí thír an fhinné nó an tsaineolaí.

Airteagal 29

Féadfaidh an Chúirt a ordú go n-éistfear finné nó saineolaí ag údarás breithiúnach a áite buanchónaithe.

Cuirfear an t-ordú lena fheidhmiú go dtí an t-údarás breithiúnach inniúil faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta. Cuirfear ar ais chun na Cúirte faoi na coinníollacha céanna na doiciméid a tarraingíodh suas i gcomhlíonadh na litreacha rogáide.

Íocfaidh an Chúirt na caiteachais, gan dochar don cheart chun iad a mhuirearú, nuair is cuí sin, ar na páirtithe.

Airteagal 30

Déileálfaidh Ballstát le haon sárú mionna ag finné nó saineolaí ionann is dá mba os comhair ceann dá chúirteanna a bhfuil dlínse aici in imeachtaí sibhialta a rinneadh an cion. Ar thionscnamh na Cúirte, déanfaidh an Ballstát an ciontóir a ionchúiseamh os comhair a chúirte inniúla.

Airteagal 31

Is i gcúirt oscailte a éistfear cásanna mura ndéanfaidh an Chúirt, uaithi féin nó ar iarratas ó na páirtithe, a mhalairt a chinneadh ar chúiseanna troma.

Airteagal 32

Le linn na héisteachta féadfaidh an Chúirt na saineolaithe, na finnéithe agus na páirtithe féin a cheistiú. Ní fhéadfaidh siad siúd, áfach, an Chúirt a aitheasc ach amháin trína n-ionadaithe.

Airteagal 33

Scríobhfar miontuairiscí ar gach éisteacht agus síneoidh an tUachtarán agus an Cláraitheoir iad.

Airteagal 34

Socróidh an tUachtarán liosta na gcásanna.

Airteagal 35

Beidh plé na Cúirte ina rún agus fanfaidh sé amhlaidh.

Airteagal 36

Luafaidh na breithiúnais na réasúin ar a bhfuil siad bunaithe. Beidh iontu ainmneacha na mBreithiúna a ghlac páirt sa phlé.

Airteagal 37

Síneoidh an tUachtarán agus an Cláraitheoir na breithiúnais. Léifear amach iad i gcúirt oscailte.

Airteagal 38

Breithneoidh an Chúirt na costais.

Airteagal 39

Féadfaidh Uachtarán na Cúirte, i modh nós imeachta achomair ar féidir, a mhéad is gá sin, difear a bheith idir é agus cuid de na rialacha atá sa Reacht seo agus a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta, breithniú a dhéanamh ar iarratais chun forghníomhú a fhionraí, mar a fhoráiltear in Airteagal 242 de Chonradh CE agus Airteagal 157 de Chonradh CEFA, nó bearta eatramhacha a ordú de bhun Airteagal 243 de Chonradh CE nó Airteagal 158 de Chonradh CEFA nó forfheidhmiú a fhionraí de réir an ceathrú mír d'Airteagal 256 de Chonradh CE nó an tríú mír d’Airteagal 164 de Chonradh CEFA.

Mura féidir don Uachtarán bheith i láthair, gabhfaidh Breitheamh eile a ionad faoi choinníollacha a bheidh leagtha síos sna rialacha nós imeachta.

Rialú sealadach a bheidh i rialú an Uachtaráin nó an Bhreithimh a ghabhfaidh a ionad agus ní bheidh dochar ansin ar dhóigh ar bith do bhreith na Cúirte ar shubstaint an cháis.

Airteagal 40

Féadfaidh Ballstáit agus institiúidí na gComhphobal idiragairt i gcásanna os comhair na Cúirte.

Beidh an ceart céanna ar fáil d'aon duine eile a shuífidh leas i dtoradh aon cháis a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, ach amháin i gcásanna idir Ballstáit, idir institiúidí de chuid na gComhphobal, nó idir Ballstáit agus institiúidí de chuid na gComhphobal.

Gan dochar don dara mír, féadfaidh na Stáit, amach ó na Ballstáit, is páirtithe sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus Údarás Faireacháin CSTE dá dtagraítear sa Chomhaontú a dúradh idiragairt i gcásanna os comhair na Cúirte nuair atá ceann de réimsí chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin i gceist.

Beidh iarratas ar idiragairt teoranta do thacaíocht a thabhairt don saghas ordaithe atá á lorg ag ceann de na páirtithe.

Airteagal 41

Má mhainníonn páirtí na cosanta, arna thoghairm go cuí, aighneachtaí scríofa cosanta a chomhdú, tabharfar breithiúnas mainneachtana i gcoinne an pháirtí sin. Féadfar agóid i gcoinne an bhreithiúnais sin a thaisceadh laistigh de mhí tar éis é a fhógairt. Ní chuirfidh an agóid bac ar fhorghníomhú an bhreithiúnais mhainneachtana, mura gcinnfidh an Chúirt a mhalairt.

Airteagal 42

Féadfaidh na Ballstáit, institiúidí na gComhphobal agus aon duine eile, nádúrtha nó dlítheanach, i gcásanna agus faoi choinníollacha a bheidh le cinneadh leis na rialacha nós imeachta, imeachtaí tríú páirtí a thionscnamh chun breithiúnas a chomhrac a tugadh gan éisteacht a thabhairt dóibh, má théann an breithiúnas chun dochair dá gcearta.

Airteagal 43

Má bhíonn amhras ann faoi bhrí nó réim bhreithiúnais, forléireoidh an Chúirt é ar iarratas ó aon pháirtí nó ó aon institiúid de chuid na gComhphobal a shuífidh a leas ann.

Airteagal 44

Ní fhéadfar athbhreithniú breithiúnais a iarraidh ar an gCúirt ach amháin má aimsítear fíoras is de chineál cinntitheach agus nárbh eol, nuair a tugadh an breithiúnas, don Chúirt ná don pháirtí a bhfuil an t-athbhreithniú á éileamh aige.

Tosófar an t-athbhreithniú le breithiúnas ón gCúirt á thaifeadadh go sainráiteach fíoras nua a bheith ann, á aithint gur fíoras é de chineál a leathann an cás ar oscailt chun a athbhreithnithe agus á dhearbhú go bhfuil an t-iarratas inghlactha ar an bhforas sin.

Ní bheidh aon iarratas ar athbhreithniú indéanta tar éis deich mbliana a bheith caite ó dháta an bhreithiúnais.

Airteagal 45

Cinnfear leis na rialacha nós imeachta tréimhsí breise a bhunófar ar an bhfad ó láthair.

Ní dochar é do cheart ar bith tréimhse ama a bheith imithe in éag má chruthaíonn an páirtí lena mbaineann gur tharla imthosca nárbh fhéidir a thuar nó go raibh force majeure ann.

Airteagal 46

Beidh imeachtaí i gcoinne na gComhphobal in ábhair a éireoidh as dliteanais neamhchonarthacha faoi urchosc tar éis thréimhse cúig bliana ó tharla an teagmhas as ar éirigh siad. Brisfear an tréimhse teorann má thionscnaítear imeachtaí os comhair na Cúirte nó má dhéanann an páirtí éagóirithe iarratas roimhe sin chun na hinstitiúide iomchuí de chuid na gComhphobal. Sa chás deireanach sin, caithfear na himeachtaí a thionscnamh laistigh den tréimhse dhá mhí dá bhforáiltear in Airteagal 230 de Chonradh CE agus Airteagal 146 de Chonradh CEFA; beidh feidhm ag forálacha an dara mír d'Airteagal 232 de Chonradh CE agus an dara mír d'Airteagal 148 de Chonradh CEFA faoi seach nuair is cuí sin.

TEIDEAL IV

CÚIRT CHÉADCHÉIME NA gCOMHPHOBAL EORPACH

Airteagal 47

Beidh Airteagail 2 go 8, Airteagail 14 agus 15, an chéad mhír, an dara mír, an ceathrú mír agus an cúigiú mír d'Airteagal 17 agus Airteagal 18 infheidhme ar an gCúirt Chéadchéime agus ar a comhaltaí. Is os comhair na Cúirte Breithiúnais a ghlacfar an mionn dá dtagraítear in Airteagal 2 agus is í an Chúirt Bhreithiúnais a ghlacfaidh na breitheanna dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 6 tar éis di an Chúirt Chéadchéime a éisteacht.

Beidh feidhm mutatatis mutandis ag an gceathrú mír d'Airteagal 3 agus ag Airteagail 10, 11 agus 14 maidir le Cláraitheoir na Cúirte Céadchéime.

Airteagal 48 [2]

Cúig Bhreitheamh is fiche a bheidh ar an gCúirt Chéadchéime.

Airteagal 49

Féadfar a iarraidh ar chomhaltaí na Cúirte Céadchéime cúram an Abhcóide Ghinearálta a fheidhmiú.

Beidh de dhualgas ar an Abhcóide Ginearálta, ag gníomhú dó le neamhchlaontacht agus neamhspleáchas iomlán, aighneachtaí réasúnaithe a dhéanamh i gcúirt oscailte ar chásanna a tugadh os comhair na Cúirte Céadchéime, chun cuidiú leis an gCúirt Chéadchéime i gcomhlíonadh a cúraim.

Leagfar síos i rialacha nós imeachta na Cúirte Céadchéime na critéir chun cásanna den sórt sin a roghnú mar aon leis na nósanna imeachta chun na hAbhcóidí Ginearálta a ainmniú.

Ní fhéadfaidh comhalta ar iarradh air cúram an Abhcóide Ghinearálta a fheidhmiú i gcás páirt a ghlacadh i mbreithiúnas an cháis sin.

Airteagal 50

Suífidh an Chúirt Chéadchéime i ndlísheomraí de thriúr nó cúigear Breithiúna. Toghfaidh na Breithiúna Uachtaráin na ndlísheomraí as a líon féin. Toghfar Uachtaráin na ndlísheomraí a bhfuil cúigear Breithiúna iontu go ceann téarma trí bliana. Féadfar iad a atoghadh uair amháin.

Beidh comhdhéanamh na ndlísheomraí agus sannadh na gcásanna dóibh faoi rialú ag na rialacha nós imeachta. I gcásanna áirithe atá sainithe sna rialacha nós imeachta, féadfaidh an Chúirt Chéadchéime suí mar chúirt iomlán nó féadfar í a chomhdhéanamh de Bhreitheamh aonair.

Féadfar a fhoráil sna rialacha nós imeachta go bhféadfaidh an Chúirt Chéadchéime suí mar Mhór-Dhlísheomra sna cásanna agus faoi na coinníollacha atá sonraithe iontu.

Airteagal 51

De mhaolú ar an riail atá leagtha síos in Airteagal 225(1) de Chonradh CE agus in Airteagal 140a(1) de Chonradh CEFA, forchoimeádtar dlínse chuig an gCúirt Bhreithiúnais sna caingne dá dtagraítear in Airteagail 230 agus 232 de Chonradh CE agus in Airteagail 146 agus 148 de Chonradh CEFA nuair a thionscnaíonn Ballstát iad:

(a) i gcoinne gnímh nó neamhghnímh de chuid Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, nó de chuid an dá institiúid sin ag gníomhú dóibh go comhpháirteach, seachas

- cinntí arna ndéanamh ag an gComhairle faoin tríú fomhír d'Airteagal 88(2) de Chonradh CE;

- gníomhartha de chuid na Comhairle arna nglacadh de bhun rialacháin ón gComhairle a bhaineann le bearta chun trádáil a chosaint de réir bhrí Airteagal 133 de Chonradh CE;

- gníomhartha de chuid na Comhairle lena gcuireann sí cumhachtaí feidhmithe chun feidhme i gcomhréir leis an tríú fleasc d'Airteagal 202 de Chonradh CE;

(b) i gcoinne gnímh nó neamhghnímh de chuid an Choimisiúin faoi Airteagal 11a de Chonradh CE.

Forchoimeádtar dlínse freisin chuig an gCúirt Bhreithiúnais sna caingne dá dtagraítear sna hAirteagail chéanna nuair a thionscnaíonn institiúid de chuid na gComhphobal nó an Banc Ceannais Eorpach iad i gcoinne gnímh nó neamhghnímh de chuid Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, nó de chuid an dá institiúid sin ag gníomhú dóibh go comhpháirteach, nó de chuid an Choimisiúin, nó nuair a thionscnaíonn institiúid de chuid na gComhphobal iad i gcoinne gnímh nó neamhghnímh de chuid an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

Airteagal 52

Leagfaidh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais agus Uachtarán na Cúirte Céadchéime síos de thoil a chéile na coinníollacha faoina ndéanfaidh oifigigh agus seirbhísigh eile atá ag gabháil leis an gCúirt Bhreithiúnais a seirbhísí a sholáthar don Chúirt Chéadchéime ionas go bhféadfaidh sí feidhmiú. Beidh oifigigh áirithe nó seirbhísigh áirithe eile freagrach do Chláraitheoir na Cúirte Céadchéime faoi údarás Uachtarán na Cúirte Céadchéime.

Airteagal 53

Beidh an nós imeachta os comhair na Cúirte Céadchéime faoi rialú ag Teideal III.

Aon fhorálacha níos mionchruinne is gá de bhreis, déanfar iad a leagan síos ina rialacha nós imeachta. Féadfar maolú sna rialacha nós imeachta ar an gceathrú mír d'Airteagal 40 agus ar Airteagal 41 d'fhonn tréithe sonracha na dlíthíochta i réimse na maoine intleachtúla a chur san áireamh.

De mhaolú ar an gceathrú mír d'Airteagal 20, féadfaidh an tAbhcóide Ginearálta a chuid aighneachtaí réasúnaithe a dhéanamh i scríbhinn.

Airteagal 54

Má dhéantar iarratas nó doiciméad eile nós imeachta a seoladh chuig an gCúirt Chéadchéime a thaisceadh de dhearmad le Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais, déanfaidh an Cláraitheoir sin é a sheoladh láithreach chuig Cláraitheoir na Cúirte Céadchéime; mar an gcéanna, má dhéantar iarratas nó doiciméad eile nós imeachta a seoladh chuig an gCúirt Bhreithiúnais a thaisceadh de dhearmad le Cláraitheoir na Cúirte Céadchéime, déanfaidh an Chláraitheoir sin é a sheoladh láithreach chuig Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais.

Má chinneann an Chúirt Chéadchéime nach bhfuil dlínse aici caingean a éisteacht agus a chinneadh a bhfuil dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais ina leith, déanfaidh sí an chaingean sin a tharchur chun na Cúirte Breithiúnais; mar an gcéanna, má chinneann an Chúirt Bhreithiúnais go mbaineann caingean le dlínse na Cúirte Céadchéime, déanfaidh sí an chaingean sin a tharchur chun na Cúirte Céadchéime, agus ní fhéadfaidh sise ansin dlínse a dhiúltú.

Má thugtar cásanna os comhair na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Céadchéime araon ina bhfuil an faoiseamh céanna á éileamh, ina dtógtar an tsaincheist chéanna léirithe nó ina gcaitear amhras ar bharántúlacht an ghnímh chéanna, féadfaidh an Chúirt Chéadchéime, tar éis di na páirtithe a éisteacht, bac a chur ar na himeachtaí os a comhair go dtí go mbeidh breithiúnas tugtha ag an gCúirt Bhreithiúnais nó, i gcás caingne arna dtionscnamh de bhun Airteagal 230 de Chonradh CE nó Airteagal 146 de Chonradh CEFA, féadfaidh sí dlínse a dhiúltú chomh maith chun go bhféadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith a thabhairt ar na caingne sin. Sna himthosca céanna, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a chinneadh freisin bac a chur ar na himeachtaí a tugadh os a comhair; má dhéanann sí amhlaidh, leanfar de na himeachtaí a tugadh os comhair na Cúirte Céadchéime

Má dhéanann Ballstát agus institiúid de chuid na gComhphobal an gníomh céanna a chonspóid, diúltóidh an Chúirt Chéadchéime dlínse chun go bhféadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith a thabhairt ar na hiarratais sin.

Airteagal 55

Déanfaidh Cláraitheoir na Cúirte Céadchéime breitheanna críochnaitheacha na Cúirte Céadchéime, breitheanna nach réitíonn na saincheisteanna substaintiúla ach go páirteach, nó a réitíonn saincheist nós imeachta maidir le heaspa dlínse nó le do-ghlacthacht, a chur in iúl do gach páirtí lena mbaineann agus freisin do na Ballstáit uile agus d'institiúidí na gComhphobal fiú mura bhfuil idiragairt déanta acu sa chás os comhair na Cúirte Céadchéime.

Airteagal 56

Laistigh de dhá mhí tar éis an bhreith a bhfuil achomharc á dhéanamh ina coinne a bheith curtha in iúl, féadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Breithiúnais i gcoinne bhreitheanna críochnaitheacha na Cúirte Céadchéime agus i gcoinne bhreitheanna na Cúirte sin nach réitíonn na saincheisteanna substaintiúla ach go páirteach nó a réitíonn saincheist nós imeachta maidir le heaspa dlínse nó le do-ghlacthacht.

Féadfaidh aon pháirtí ar theip ar a chuid aighneachtaí go hiomlán nó go páirteach a leithéid sin d'achomharc a dhéanamh. Ní fhéadfaidh, áfach, idiragraithe nach Ballstáit nó institiúidí de chuid na gComhphobal iad achomharc den chineál sin a dhéanamh ach amháin má bhaineann breith na Cúirte Céadchéime go díreach leo.

Cé is moite de chásanna a bhaineann le díospóidí idir na Comhphobail agus a gcuid seirbhíseach, féadfaidh Ballstáit agus institiúidí de chuid na gComhphobal nach ndearna idiragairt sna himeachtaí os comhair na Cúirte Céadchéime achomharc a dhéanamh chomh maith. Cuirfear an chóir chéanna ar na Ballstáit agus na hinstitiúidí sin a chuirtear ar Bhallstáit nó institiúidí a rinne idiragairt ag an gcéad chéim.

Airteagal 57

Aon duine a ndéanfaidh an Chúirt Chéadchéime a iarratas idiragartha a dhíbhe, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Breithiúnais laistigh de dhá sheachtain tar éis an bhreith ag díbhe an iarratais a bheith curtha in iúl.

Féadfaidh páirtithe sna himeachtaí achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Breithiúnais i gcoinne aon bhreithe de chuid na Cúirte Céadchéime a rinneadh de bhun Airteagal 242 nó Airteagal 243 nó an ceathrú mír d'Airteagal 256 de Chonradh CE nó de bhun Airteagal 157 nó Airteagal 158 nó an tríú mír d'Airteagal 164 de Chonradh CEFA laistigh de dhá mhí tar éis a curtha in iúl.

Éistfear na hachomhairc dá dtagraítear sa chéad dá mhír den Airteagal seo, agus déanfar breith orthu, de réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 39.

Airteagal 58

Ní fhéadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Breithiúnais ach ar phoncanna dlí amháin. Is é a bheidh de bhonn aige easpa dlínse na Cúirte Céadchéime, sárú nós imeachta os a comhair a théann chun dochair do leas an achomharcóra nó sárú ar reachtaíocht an Chomhphobail ag an gCúirt Chéadchéime.

Ní fhéadfar achomharc a dhéanamh nach mbaineann ach amháin le méid na gcostas nó leis an bpáirtí ar ordaíodh dó iad a íoc.

Airteagal 59

Má dhéantar achomharc i gcoinne breithe de chuid na Cúirte Céadchéime, beidh cuid den nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais i scríbhinn agus cuid de ó bhéal. Faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sna rialacha nós imeachta, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, tar éis di an tAbhcóide Ginearálta agus na páirtithe a éisteacht, an nós imeachta ó bhéal a fhágáil ar lár.

Airteagal 60

Gan dochar d'Airteagail 242 agus 243 de Chonradh CE nó d'Airteagail 157 agus 158 de Chonradh CEFA, ní bheidh éifeacht fionraíochta ag achomharc.

De mhaolú ar Airteagal 244 de Chonradh CE agus d'Airteagal 159 de Chonradh CEFA, ní ghlacfaidh breitheanna na Cúirte Céadchéime á dhearbhú rialachán a bheith ar neamhní éifeacht ach amháin ón dáta a mbeidh an tréimhse dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 56 den Reacht seo dulta in éag, nó má rinneadh achomharc laistigh den tréimhse sin, ón dáta a díbheadh an t-achomharc, gan dochar, ar a shon sin, do cheart an pháirtí chun a iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais, de bhun Airteagail 242 agus 243 de Chonradh CE nó d'Airteagail 157 agus 158 de Chonradh CEFA, éifeachtaí an rialacháin neamhnithe a fhionraí nó aon bhearta idirlinne eile a ordú.

Airteagal 61

Má tá bunús leis an achomharc, neamhneoidh an Chúirt Bhreithiúnais breith na Cúirte Céadchéime. Féadfaidh sí féin breithiúnas críochnaitheach a thabhairt san ábhar má cheadaíonn staid na n-imeachtaí a leithéid, nó an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Chéadchéime le haghaidh breithiúnais.

Má tharchuirtear cás ar ais go dtí an Chúirt Chéadchéime, beidh breith na Cúirte Breithiúnais maidir le poncanna dlí ina ceangal ar an gCúirt sin.

Má tá bunús le hachomharc a dhéanann Ballstát nó institiúid de chuid na gComhphobal nach ndearna idiragairt sna himeachtaí os comhair na Cúirte Céadchéime, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, más dóigh léi gur gá sin, a rá cad iad na héifeachtaí de bhreith neamhnithe na Cúirte Céadchéime a mheasfar a bheith críochnaitheach i leith na bpáirtithe sa dlíthíocht.

Airteagal 62

Sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 225(2) agus (3) de Chonradh CE agus in Airteagal 140a(2) agus (3) de Chonradh CEFA, nuair a mheasann an Chéad Abhcóide Ginearálta go bhfuil baol tromchúiseach ann go ndéanfaí difear d’aontacht agus do chomhchuibheas dhlí an Chomhphobail, féadfaidh sé togra a dhéanamh go ndéanfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith na Cúirte Céadchéime a athbhreithniú.

Ní foláir an togra a dhéanamh laistigh de mhí ón tráth a thugann an Chúirt Chéadchéime an bhreith. Laistigh de mhí tar éis di an togra ón gCéad Abhcóide Ginearálta a fháil, cinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais an cóir nó nach cóir an bhreith a athbhreithniú.

Airteagal 62a

Tabharfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith ar na ceisteanna atá faoi réir athbhreithniú trí bhíthin nós imeachta práinne ar bhonn an chomhaid arna sheoladh chuici ag an gCúirt Chéadchéime.

Beidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht seo agus, sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 225(2) de Chonradh CE agus in Airteagal 140a(2) de Chonradh CEFA, na páirtithe sna himeachtaí atá os comhair na Cúirte Céadchéime, i dteideal ráitis nó barúlacha i scríbhinn a bhaineann leis na ceisteanna atá faoi réir athbhreithniú a thaisceadh leis an gCúirt Bhreithiúnais laistigh den tréimhse arna forordú chun na críche sin.

Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais nós imeachta ó bhéal a oscailt sula dtabharfaidh sí breith.

Airteagal 62b

Sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 225(2) de Chonradh CE agus in Airteagal 140a(2) de Chonradh CEFA, gan dochar d'Airteagal 242 ná d'Airteagal 243 de Chonradh CE, ní bheidh éifeacht fionraíochta ag tograí ar athbhreithniú ná ag cinntí an nós imeachta um athbhreithniú a oscailt. Má chinneann an Chúirt Bhreithiúnais go ndéanann breith na Cúirte Céadchéime difear d’aontacht nó do chomhchuibheas dhlí an Chomhphobail, tarchuirfidh sí an cás ar ais go dtí an Chúirt Chéadchéime a bheidh faoi cheangal ag breith na Cúirte Breithiúnais maidir le poncanna dlí; féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a rá cé acu de na héifeachtaí atá ag breith na Cúirte Céadchéime a mheasfar a bheith críochnaitheach i leith na bpáirtithe sa chúis dlí. Más amhlaidh, áfach, ag féachaint do thoradh an athbhreithnithe, go n eascraíonn toradh na n imeachtaí ó na cinntí fíorais ar orthu a bunaíodh breith na Cúirte Céadchéime, tabharfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breithiúnas críochnaitheach.

Sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 225(3) de Chonradh CE agus in Airteagal 140a(3) de Chonradh CEFA, cheal tograí ar athbhreithiniú nó cinntí an nós imeachta um athbhreithniú a oscailt, is ar dhul in éag don tréimhse a shonraítear chuige sin sa dara mír d'Airteagal 62 a bheidh éifeacht ag an bhfreagra nó ag na freagraí a thug an Chúirt Bhreithiúnais ar na ceisteanna a cuireadh faoina bráid. I gcás go n-osclaítear nós imeachta um athbhreithniú, beidh éifeacht ag an bhfreagra nó ag na freagraí atá faoi réir athbhreithniú i ndiaidh an nós imeachta sin, mura gcinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais a mhalairt. Má chineann an Chúirt Breithiúnais go ndéanann breith na Cúirte Breithiúnais difear d’aontacht nó do chomhchuibheas dhlí an Chomhphobail, cuirfear an freagra a thug an Chúirt Bhreithiúnais ar na ceisteanna atá faoi réir athbhreithniú in ionad an fhreagra a thug an Chúirt Chéadchéime

TEIDEAL IVa

PAINÉIL BHREITHIÚNACHA

Airteagal 62c

Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Reacht seo na forálacha a bhaineann le dlínse, comhdhéanamh, eagrú agus nós imeachta na bpainéal breithiúnach arna mbunú faoi Airteagal 225a de Chonradh CE agus faoi Airteagal 140b de Chonradh CEFA.

TEIDEAL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 63

Beidh i rialacha nós imeachta na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Céadchéime aon fhorálacha eile is gá chun an Reacht seo a chur chun feidhme agus, más gá, chun é a fhorlíonadh.

Airteagal 64

Go dtí go nglactar sa Reacht seo na socruithe teanga is infheidhme sa Chúirt Bhreithiúnais agus sa Chúirt Chéadchéime, leanfaidh na forálacha i rialacha nós imeachta na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Céadchéime a rialaíonn socruithe teanga d'fheidhm a bheith acu. Ní fhéadfar na forálacha sin a leasú nó a aisghairm ach amháin i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos chun an Reacht seo a leasú.

[1] Airteagal arna leasú le hIonstraim Aontachais 2003. Féach an tAguisín ag deireadh an leabhair.

[2] Airteagal arna leasú le hIonstraim Aontachais 2003. Féach an tAguisín ag deireadh an leabhair.

--------------------------------------------------

IARSCRÍBHINN I

AN BINSE UM SHEIRBHÍS SHIBHIALTA AN AONTAIS EORPAIGH

Airteagal 1

Déanfaidh an Binse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear "Binse na Seirbhíse Sibhialta" anseo feasta) dlínse a fheidhmiú ag an gcéad chéim i ndíospóidí idir na Comhphobail agus a gcuid seirbhíseach dá dtagraítear in Airteagal 236 de Chonradh CE agus in Airteagal 152 de Chonradh CEFA, lena n-áirítear díospóidí idir gach comhlacht agus a chuid seirbhíseach agus gach gníomhaireacht agus a cuid seirbhíseach a bhfuil dlínse tugtha ina leith don Chúirt Bhreithiúnais.

Airteagal 2

Seachtar breithiúna a bheidh ar Bhinse na Seirbhíse Sibhialta. Má iarrann an Chúirt Bhreithiúnais é, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thromlach cáilithe, líon na mbreithiúna a mhéadú.

Ceapfar na breithiúna ar feadh tréimhse sé bliana. Féadfar breithiúna a bheidh ag scor a athcheapadh.

Déanfar aon fholúntas a líonadh trí bhreitheamh nua a cheapadh ar feadh tréimhse sé bliana.

Airteagal 3

1. Ceapfaidh an Chomhairle na breithiúna, ag gníomhú di i gcomhréir leis an gceathrú mír d'Airteagal 225a de Chonradh CE agus leis an gceathrú mír d'Airteagal 140b de Chonradh CEFA tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste dá bhforáiltear san Airteagal seo. Agus breithiúna á gceapadh aici, féachfaidh an Chomhairle leis an gcothromaíocht a chinntiú i gcomhdhéanamh an bhinse ar bhonn geografach a bheidh chomh fairsing agus is féidir ó thaobh náisiúnaigh na mBallstát agus ó thaobh na gcóras náisiúnta dlí arna n-ionadú.

2. Féadfaidh duine ar bith ar saoránach de chuid an Aontais é agus a chomhallfaidh na coinníollacha atá leagtha síos sa cheathrú mír d'Airteagal 225a de Chonradh CE agus sa cheathrú mír d'Airteagal 140b de Chonradh CEFA iarratas a chur isteach. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar mholadh ón gCúirt, na coinníollacha agus na socruithe a chinneadh maidir le hiarratais a chur isteach agus iarratais a mheas.

3. Cuirfear coiste ar bun ar a mbeidh seachtar arna dtoghadh as measc iarchomhaltaí den Chúirt Bhreithiúnais agus den Chúirt Chéadchéime agus as measc dlíodóirí a bhfuil cumas aitheanta iontu. Cinnfidh an Chomhairle comhaltaí agus rialacha oibriúcháin an choiste, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar mholadh ó Uachtarán na Cúirte Breithiúnais.

4. Tabharfaidh an Coiste tuairim ar oiriúnacht na n-iarrthóirí chun feidhmeanna breithimh a fheidhmiú ag Binse na Seirbhíse Sibhialta sula ndéanfar cinneadh maidir le ceapacháin. Déanfaidh an Coiste liosta de na hiarrthóirí sin is oiriúnaí taithí ardleibhéil a chur i gceangal lena Thuairim. Beidh ainmneacha a dhá oiread iarrthóirí ar an liosta sin agus a bheidh de bhreithiúna le ceapadh ag an gComhairle.

Airteagal 4

1. Toghfaidh na breithiúna Uachtarán Bhinse na Seirbhíse Sibhialta as a líon féin ar feadh téarma trí bliana. Féadfar é a atoghadh.

2. Suífidh Binse na Seirbhíse Sibhialta i ndlísheomraí de thriúr breithiúna. I gcásanna áirithe a shainítear ina rialacha nós imeachta, féadfaidh sé suí i seisiún iomlánach, i ndlísheomra de chúigear breithiúna nó de bhreitheamh aonair.

3. Beidh Uachtarán Bhinse na Seirbhíse Sibhialta ina uachtarán ar an seisiún iomlánach agus ar an dlísheomra de chúigear breithiúna. Ainmneofar Uachtaráin na ndlísheomraí de thriúr breithiúna de réir mar a fhoráiltear i mír 1. Má dhéantar Uachtarán Bhinse na Seirbhíse Sibhialta a shannadh chuig dlísheomra de thriúr breithiúna, is é a bheidh ina uachtarán ar an dlísheomra sin.

4. Beidh dlínse agus córam an tseisiúin iomlánaigh maille le comhdhéanamh na ndlísheomraí agus sannadh na gcásanna dóibh faoi rialú ag na rialacha nós imeachta.

Airteagal 5

Beidh feidhm ag Airteagail 2 go 6, ag Airteagail 14 agus 15, ag an gcéad mhír, ag an dara mír agus ag an gcúigiú mír d'Airteagal 17, agus ag Airteagal 18 de Reacht na Cúirte Breithiúnais maidir le Binse na Seirbhíse Sibhialta agus maidir lena chomhaltaí.

Glacfar os comhair na Cúirte Breithiúnais an mionn dá dtagraítear in Airteagal 2 den Reacht agus glacfaidh an Chúirt Bhreithiúnais na cinntí dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 6 de, tar éis dul i gcomhairle le Binse na Seirbhíse Sibhialta.

Airteagal 6

1. Beidh tacaíocht ag Binse na Seirbhíse Sibhialta ó ranna riaracháin na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Céadchéime. Déanfaidh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais nó, i ngach cás is iomchuí, Uachtarán na Cúirte Céadchéime, a leagan síos de chomhthoil le hUachtarán Bhinse na Seirbhíse Sibhialta na coinníollacha faoina ndéanfaidh oifigigh agus seirbhísigh eile atá ag gabháil leis an gCúirt Bhreithiúnais nó leis an gCúirt Chéadchéime a seirbhísí a sholáthar do Bhinse na Seirbhíse Sibhialta ionas go bhféadfaidh sé feidhmiú. Beidh oifigigh áirithe nó seirbhísigh áirithe eile freagrach do Chláraitheoir Bhinse na Seirbhíse Sibhialta faoi údarás Uachtarán an Bhinse sin.

2. Ceapfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta a Chláraitheoir agus leagfaidh sé síos na rialacha a bhainfidh lena sheirbhís. Beidh feidhm ag an gceathrú mír d'Airteagal 3 agus ag Airteagail 10, 11 agus 14 de Reacht na Cúirte Breithiúnais maidir le Cláraitheoir an Bhinse.

Airteagal 7

1. Beidh an nós imeachta os comhair Bhinse na Seirbhíse Sibhialta faoi rialú ag Teideal III de Reacht na Cúirte Breithiúnais, cé is moite d'Airteagail 22 agus 23. Leagfar síos sna rialacha nós imeachta aon fhorálacha níos mionchruinne is gá de bhreis.

2. Beidh feidhm ag na forálacha i dtaobh shocruithe teanga na Cúirte Céadchéime maidir le Binse na Seirbhíse Sibhialta.

3. Is éard a bheidh sa chéim scríofa den nós imeachta an t-iarratas agus an ráiteas cosanta a chur i láthair, mura gcinnfidh Binse na Seirbhíse Sibhialta gur gá an dara malartú pléadálacha i scríbhinn. I gcás ina mbíonn an dara malartú den sórt sin ann, féadfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta, le comhaontú ó na páirtithe, a chinneadh go ngabhfaidh sé i gcionn na breithe d'uireasa aon imeachtaí ó bhéal.

4. Ag gach céim den nós imeachta, lena n-áirítear tráth taiscthe an iarratais, féadfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta scrúdú a dhéanamh ar na bealaí a d'fhéadfadh a bheith ann chun teacht ar réiteach cairdiúil ar dhíospóidí agus féadfaidh sé iarracht a dhéanamh socrú den sórt sin a éascú.

5. Déanfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta rialú maidir le costais cáis. Faoi réir fhorálacha sonracha na rialacha nós imeachta, ordófar don pháirtí caillteach na costais a íoc má chinneann an chúirt amhlaidh.

Airteagal 8

1. Má dhéantar iarratas nó doiciméad eile nós imeachta a díríodh chuig Binse na Seirbhíse Sibhialta a thaisceadh de dhearmad le Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais nó na Cúirte Céadchéime, déanfaidh an Cláraitheoir sin é a sheoladh láithreach chuig Cláraitheoir Bhinse na Seirbhíse Sibhialta. Mar an gcéanna, má dhéantar iarratas nó doiciméad eile nós imeachta a díríodh chuig an gCúirt Bhreithiúnais nó chuig an gCúirt Chéadchéime a thaisceadh de dhearmad le Cláraitheoir Bhinse na Seirbhíse Sibhialta, déanfaidh an Cláraitheoir sin é a sheoladh láithreach chuig Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais nó na Cúirte Céadchéime.

2. Má chinneann Binse na Seirbhíse Sibhialta nach bhfuil dlínse aige caingean a éisteacht agus a chinneadh a bhfuil dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais nó ag an gCúirt Chéadchéime ina leith, déanfaidh sé an chaingean sin a tharchur chun na Cúirte Breithiúnais nó chun na Cúirte Céadchéime. Mar an gcéanna, má chinneann an Chúirt Bhreithiúnais nó an Chúirt Chéadchéime go mbaineann caingean le dlínse Bhinse na Seirbhíse Sibhialta, déanfaidh an Chúirt a bhfuil an chaingean os a comhair í a tharchur chun Binse na Seirbhíse Sibhialta, agus ní fhéadfaidh an Binse sin dlínse a dhiúltú.

3. Má thugtar cásanna os comhair Bhinse na Seirbhíse Sibhialta agus na Cúirte Céadchéime araon ina dtógtar an tsaincheist chéanna léirithe nó ina gcaitear amhras ar bharántúlacht an ghnímh chéanna, féadfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta, tar éis di na páirtithe a éisteacht, bac a chur ar na himeachtaí go dtí go mbeidh breithiúnas tugtha ag an gCúirt Chéadchéime.

Má thugtar cásanna os comhair Bhinse na Seirbhíse Sibhialta agus na Cúirte Céadchéime araon ina bhfuil an faoiseamh céanna á éileamh, féadfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta dlínse a dhiúltú chun go bhféadfaidh an Chúirt Chéadchéime gníomhú i leith na gcásanna sin.

Airteagal 9

Laistigh de dhá mhí tar éis an bhreith a bhfuil achomharc á dhéanamh ina coinne a bheith curtha in iúl, féadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Céadchéime i gcoinne bhreitheanna críochnaitheacha Bhinse na Seirbhíse Sibhialta agus i gcoinne bhreitheanna an Bhinse sin nach réitíonn na saincheisteanna substaintiúla ach go páirteach nó a réitíonn saincheist nós imeachta maidir le heaspa dlínse nó le doghlacthacht.

Féadfaidh aon pháirtí ar theip ar a chuid aighneachtaí, go hiomlán nó go páirteach, a leithéid sin d'achomharc a dhéanamh. Ní fhéadfaidh idiragraithe nach Ballstáit ná institiúidí de chuid na gComhphobal iad achomharc den chineál sin a dhéanamh, áfach, ach amháin má bhaineann breith Bhinse na Seirbhíse Sibhialta go díreach leo.

Airteagal 10

1. Aon duine a ndéanfaidh Binse na Seirbhíse Sibhialta a iarratas idiragartha a dhíbhe, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Céadchéime laistigh de choicís tar éis an bhreith ag díbhe an iarratais a bheith curtha in iúl.

2. Féadfaidh páirtithe sna himeachtaí achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Céadchéime i gcoinne aon bhreithe de chuid Bhinse na Seirbhíse Sibhialta a rinneadh de bhun Airteagal 242 nó Airteagal 243 nó an ceathrú mír d'Airteagal 256 de Chonradh CE nó de bhun Airteagal 157 nó Airteagal 158 nó an tríú mír d'Airteagal 164 de Chonradh CEFA laistigh de dhá mhí tar éis a curtha in iúl.

3. Féadfaidh Uachtarán na Cúirte Céadchéime, i modh nós imeachta achomair ar féidir, a mhéad is gá sin, difear a bheith idir é agus cuid de na rialacha atá san Iarscríbhinn seo agus a bheidh leagtha síos i rialacha nós imeachta na Cúirte Céadchéime, breithniú a dhéanamh ar achomhairc arna dtabhairt i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 11

1. Ní fhéadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Céadchéime ach ar phoncanna dlí amháin. Is é a bheidh de bhonn aige easpa dlínse Bhinse na Seirbhíse Sibhialta, sárú nós imeachta os a chomhair a dhéanann dochar do leas an achomharcóra nó sárú ar reachtaíocht an Chomhphobail ag an mBinse.

2. Ní fhéadfar achomharc a dhéanamh nach mbaineann ach le méid na gcostas nó leis an bpáirtí ar ordaíodh dó iad a íoc.

Airteagal 12

1. Gan dochar d'Airteagal 242 ná d'Airteagal 243 de Chonradh CE ná d'Airteagal 157 ná d'Airteagal 158 de Chonradh CEFA, ní bheidh éifeacht fionraíochta ag achomharc.

2. Má dhéantar achomharc i gcoinne breithe de chuid Bhinse na Seirbhíse Sibhialta, beidh cuid den nós imeachta os comhair na Cúirte Céadchéime i scríbhinn agus cuid de ó bhéal. Faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sna rialacha nós imeachta, féadfaidh an Chúirt Chéadchéime, tar éis di na páirtithe a éisteacht, an nós imeachta ó bhéal a fhágáil ar lár.

Airteagal 13

1. Má bhíonn bunús leis an achomharc, neamhneoidh an Chúirt Chéadchéime breith Bhinse na Seirbhíse Sibhialta agus déanfaidh sí féin breithiúnas a thabhairt san ábhar. Déanfaidh sí an cás a tharchur ar ais chuig Binse na Seirbhíse Sibhialta le haghaidh breithiúnais nuair nach gceadaíonn staid na n-imeachtaí breith ón gCúirt.

2. Má tharchuirtear cás ar ais go dtí Binse na Seirbhíse Sibhialta, beidh breith na Cúirte Céadchéime maidir le poncanna dlí ina ceangal ar an gCúirt sin.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh. 7)

i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach (1992)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar an bhforáil seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach:

Ní dhéanfaidh aon ní sa Chonradh ar an Aontas Eorpach, sna Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach ná sna Conarthaí agus sna hIonstraimí ag leasú nó ag forlíonadh na gConarthaí sin aon difear d'Airteagal 40.3.3. de Bhunreacht na hÉireann do chur chun feidhme in Éirinn.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh.8)

maidir le suímh institiúidí na gComhphobal Eorpach, suímh eagras agus ranna áirithe de chuid na gComhphobal Eorpach agus suíomh Europol a shocrú (1997)

TÁ IONADAITHE RIALTAIS NA MBALLSTÁT,

AG FÉACHAINT d'Airteagal 289 den Chonradh ag bunú an Chomhphobal Eorpaigh, d'Airteagal 77 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach agus d'Airteagal 189 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

AG FÉACHAINT don Chonradh ar an Aontas Eorpach,

AG MEABHRÚ DÓIBH AGUS AG DEIMHNIÚ Chinneadh an 8 Aibreán 1965 agus gan dochar do na cinntí maidir le suíomh institiúidí, comhlachtaí agus ranna a bheidh ann amach anseo,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach:

Airteagal Aonair

(a) Beidh suíomh Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg agus is ansin a thionólfar 12 tréimhse de sheisiúin iomlánacha mhíosúla, lena n-áirítear an seisiún buiséadach. Is sa Bhruiséil a thionólfar na tréimhsí de sheisiúin iomlánacha breise. Tiocfaidh Coistí Pharlaimint na hEorpa le chéile sa Bhruiséil. Fanfaidh Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa agus a cuid ranna i Lucsamburg.

(b) Beidh suíomh na Comhairle sa Bhruiséil. Tionólfar cruinnithe na Comhairle i Lucsamburg i rith Aibreáin, Meithimh agus Deireadh Fómhair.

(c) Beidh suíomh an Choimisiúin sa Bhruiséil. Beidh na ranna atá liostaithe in Airteagail 7, 8 agus 9 de Chinneadh an 8 Aibreán 1965 lonnaithe i Lucsamburg.

(d) Beidh suíomh na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Céadchéime i Lucsamburg.

(e) Beidh suíomh na Cúirte Iniúchóirí i Lucsamburg.

(f) Beidh suíomh an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta sa Bhruiséil.

(g) Beidh suíomh Choiste na Réigiún sa Bhruiséil.

(h) Beidh suíomh an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta i Lucsamburg.

(i) Beidh suíomh na hInstitiúide Eorpaí Airgeadaíochta agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh in Frankfurt.

(j) Beidh suíomh na hOifige Eorpaí Póilíní (Europol) sa Háig.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh.9)

maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach (1997)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG MEABHRÚ DÓIBH go mbaineann an scrúdú a dhéanann na parlaimintí náisiúnta éagsúla ar a rialtas féin i ndáil le gníomhaíochtaí an Aontais le heagrúchán agus cleachtas bunreachtúil leithleach gach Ballstáit,

ÓS MIAN LEO, áfach, níos mó rannpháirteachais i ngníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh a chothú sna parlaimintí náisiúnta agus feabhas a chur ar a n-ábaltacht a ndearcadh a nochtadh ar ábhair a bhfuil suim ar leith acu iontu,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach:

I. Faisnéis le haghaidh pharlaimintí náisiúnta na mBallstát

1. Díreofar go pras gach doiciméad comhairliúcháin de chuid an Choimisiúin (páipéir ghlasa, páipéir bhána agus cumarsáidí) chuig parlaimintí náisiúnta na mBallstát.

2. Déanfar tograí ón gCoimisiún maidir le reachtaíocht, mar atá siad sainithe ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 207(3) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, a chur ar fáil in am trátha chun gur féidir le rialtas gach Ballstáit a áirithiú go bhfaigheann a pharlaimint náisiúnta iad mar is iomchuí.

3. Rachaidh tréimhse sé sheachtain in éag idir an dáta a chuirfidh an Coimisiún togra reachtach nó togra maidir le beart atá le glacadh faoi Theideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach ar fáil i ngach teanga do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus an dáta a chuirfear ar chlár oibre na Comhairle é le cinneadh a fháil ina leith maidir le gníomh a ghlacadh nó comhsheasamh a ghlacadh de bhun Airteagal 251 nó 252 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, faoi réir eisceachtaí ar fhorais phráinne, a sonrófar na cúiseanna atá leo sa ghníomh nó sa chomhsheasamh.

II. An Chomhdháil de na Coistí um Ghnóthaí Eorpacha

4. Féadfaidh an Chomhdháil de na Coistí um Ghnóthaí Eorpacha, dá ngairtear COSAC anseo feasta, arna bunú i bPáras ar an 16 agus an 17 Samhain 1989, aon rannchuidiú a mheasann sí is iomchuí a dhéanamh le haghaidh institiúidí an Aontais Eorpaigh, go háirithe ar bhonn dréacht-téacsanna dlí a chinnfidh ionadaithe rialtais na mBallstát de chomhthoil a dhíriú chuici ag féachaint don ábhar.

5. Féadfaidh COSAC aon togra nó tionscnamh reachtach a scrúdú i ndáil le limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bhunú a bhféadfadh tionchar díreach a bheith aige ar chearta agus ar shaoirsí daoine aonair. Cuirfear Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon rannchuidiú arna dhéanamh ag COSAC faoin bpointe seo.

6. Féadfaidh COSAC aon rannchuidiú a mheasann sé is iomchuí maidir le gníomhaíochtaí reachtacha an Aontais, go háirithe maidir le prionsabal na coimhdeachta a chur chun feidhme, le limistéar saoirse, slándála agus ceartais agus le ceisteanna a bhaineann le cearta bunúsacha, a dhíriú chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

7. Aon rannchuidiú a dhéanfaidh COSAC, ní bheidh sé ina cheangal ar aon slí ar pharlaimintí náisiúnta ná ní dhéanfaidh sé réamhbhreith ar a seasamh.

--------------------------------------------------

Prótacal (Uimh. 10)

maidir le méadú an Aontais Eorpaigh (2001)

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach:

Airteagal 1

Aisghairm an Phrótacail maidir leis na hinstitiúidí

Aisghairtear leis seo an Prótacal maidir leis na hinstitiúidí agus ionchas ann do mhéadú an Aontais Eorpaigh atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach.

Airteagal 2

Forálacha a bhaineann le Parlaimint na hEorpa

1. Ar an 1 Eanáir 2004 agus le héifeacht ó thús théarma 2004-2009, cuirfear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d'Airteagal 190(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus d'Airteagal 108(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:

"Is mar a leanas a bheidh líon na n-ionadaithe a thoghfar i ngach Ballstát:

An Bheilg | 22 |

An Danmhairg | 13 |

An Ghearmáin | 99 |

An Ghréig | 22 |

An Spáinn | 50 |

An Fhrainc | 72 |

Éire | 12 |

An Iodáil | 72 |

Lucsamburg | 6 |

An Ísiltír | 25 |

An Ostair | 17 |

An Phortaingéil | 22 |

An Fhionlainn | 13 |

An tSualainn | 18 |

An Ríocht Aontaithe | 72" |

2. Faoi réir mhír 3, is ionann líon iomlán na n-ionadaithe i bParlaimint na hEorpa do théarma 2004-2009 agus líon na n-ionadaithe atá sonraithe in Airteagal 190(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus in Airteagal 108(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh móide líon na n-ionadaithe do na Ballstáit nua a thig ó na conarthaí aontachais arna síniú faoi cheann an 1 Eanáir 2004 ar a dhéanaí.

3. Más lú líon iomlán na gcomhaltaí dá dtagraítear i mír 2 ná 732, cuirfear ceartúchán pro rata i bhfeidhm ar líon na n-ionadaithe atá le toghadh i ngach Ballstát ionas go bhfuil an líon iomlán chomh gar agus is féidir le 732, gan a theacht ón gceartúchán sin gur mó líon na n-ionadaithe atá le toghadh i ngach Ballstát ná an líon dá bhforáiltear in Airteagal 190(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus in Airteagal 108(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach do théarma 1999-2004.

Glacfaidh an Chomhairle cinneadh chuige sin.

4. De mhaolú ar an dara mír d'Airteagal 189 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus ar an dara mír d'Airteagal 107 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, má thagann conarthaí aontachais i bhfeidhm tar éis an cinneadh ón gComhairle dá bhforáiltear sa dara fomhír de mhír 3 den Airteagal seo a bheith glactha, féadfaidh líon chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa dul thar 732 go sealadach ar feadh tréimhse feidhme an chinnidh sin. Cuirfear an ceartúchán céanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 3 den Airteagal seo i bhfeidhm maidir le líon na n-ionadaithe atá le toghadh sna Ballstáit i dtrácht.

Airteagal 3

Forálacha maidir le vótaí a ualú sa Chomhairle

1 [1]. (Aisghairthe)

2. Tráth gach aontachais, déanfar an tairseach dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 205(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus sa dara fomhír d'Airteagal 118 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach a ríomh ionas nach mó an tairseach le haghaidh tromlaigh cháilithe arna shonrú i vótaí ná an tairseach a thig ón tábla sa Dearbhú maidir leis an Aontas Eorpach a mhéadú atá curtha isteach in Ionstraim Chríochnaitheach na Comhdhála a ghlac Conradh Nice.

Airteagal 4

Forálacha a bhaineann leis an gCoimisiún

1 [2]. Ar an 1 Samhain 2004 agus le héifeacht ó dhul i mbun a dhualgas don chéad Choimisiún tar éis an dáta sin, cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 213(1) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus Airteagal 126(1) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:

"1. Roghnófar comhaltaí an Choimisiúin de bharr a n-inniúlachta i gcoitinne agus ní bheidh a neamhspleáchas inchurtha in amhras.

Ní mór náisiúnach amháin as gach Ballstát a bheith ar an gCoimisiún.

Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil, líon chomhaltaí an Choimisiúin a athrú."

2. Nuair a bheidh 27 Ballstát ag an Aontas, cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 213(1) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus Airteagal 126(1) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach:

"1. Roghnófar comhaltaí an Choimisiúin de bharr a n-inniúlachta i gcoitinne agus ní bheidh a neamhspleáchas inchurtha in amhras.

Is lú líon chomhaltaí an Choimisiúin ná líon na mBallstát. Roghnófar comhaltaí an Choimisiúin de réir uainíochta ar bhonn phrionsabal an chomhionannais agus glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil, na socruithe chun an uainíocht sin a chur chun feidhme.

Socróidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil, líon chomhaltaí an Choimisiúin."

Beidh feidhm ag an leasú seo amhail ón dáta a rachaidh an chéad Choimisiún tar éis dháta aontachais an tseachtú Ballstát is fiche i mbun a dhualgas.

3. Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil tar éis conradh aontachais an tseachtú Ballstát is fiche den Aontas a shíniú:

- líon chomhaltaí an Choimisiúin;

- na socruithe chun an uainíocht ar bhonn phrionsabal an chomhionannais a chur chun feidhme ina gcuimsítear na critéir agus na rialacha go léir is gá chun comhdhéanamh na gcoláistí leanúnacha a shocrú go huathoibríoch, ar bhonn na bprionsabal seo a leanas:

(a) cuirfear an chóir chomhionann cheannann chéanna ar na Ballstáit i dtaca leis an ord san am agus an ré ina mbeidh a náisiúnaigh mar chomhaltaí den Choimisiún a chinneadh; dá bhrí sin, ní fhéadfaidh an difríocht idir líon iomlán na dtéarmaí oifige arna sealbhú ag náisiúnaigh aon dá Bhallstát ar leith bheith níos mó ná téarma amháin;

(b) faoi réir fomhír (a), beidh gach coláiste leanúnach comhdhéanta ar dhóigh a léireoidh go sásúil raon déimeagrafach agus geografach Bhallstáit uile an Aontais.

4. Beidh ag aon Stát a aontaíonn don Aontas an ceart, tráth a aontachais, duine dá náisiúnaigh a bheith mar chomhalta den Choimisiúin go dtí go mbeidh feidhm ag mír 2.

[1] Mír arna haisghairm le hIonstraim Aontachais 2003.

[2] Mír arna leasú le hIonstraim Aontachais 2003.

--------------------------------------------------