12003TN13/07



Official Journal L 236 , 23/09/2003 P. 0910 - 0911


7. BEARTAS SÓISIALTA AGUS FOSTAÍOCHT

1. 31986 L 0188: Treoir 86/188/CEE ón gComhairle an 12 Bealtaine 1986 maidir le hoibrithe a chosaint ó phriacail a bhaineann le bheith faoi lé torainn ar an láthair oibre (IO L 137, 24.5.1986, lch. 28), mar atá arna leasú go deireanach le:

- 31998 L 0024: Treoir 98/24/CE ón gComhairle an 7.4.1998 (IO L 131, 5.5.1998, lch. 11).

Ní bheidh feidhm sa tSlóivéin ag Treoir 86/188/CEE go dtí an 31 Nollaig 2005.

Amhail ó dháta an aontachais agus go dtí deireadh na tréimhse thuasluaite, leanfaidh an tSlóivéin d'fhaisnéis arna tabhairt suas chun dáta go tráthrialta a sholáthar don Choimisiún maidir leis an amchlár agus na bearta arna nglacadh chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Treoir.

2. 31991 L 0322: Treoir 91/322/CEE ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 1991 maidir le luachanna teorantacha táscacha a bhunú trí chur chun feidhme Threoir 80/1107/CEE ón gComhairle maidir le hoibrithe a chosaint ó phriacail a bhaineann le bheith faoi lé oibreán ceimiceach, fisiceach agus bitheolaíoch ar an láthair oibre (IO L 177, 5.7.1991, lch. 22).

Ní bheidh feidhm sa tSlóivéin ag Treoir 91/322/CEE go dtí an 31 Nollaig 2005.

Amhail ó dháta an aontachais agus go dtí deireadh na tréimhse thuasluaite, leanfaidh an tSlóivéin d'fhaisnéis arna tabhairt suas chun dáta go tráthrialta a sholáthar don Choimisiún maidir leis an amchlár agus na bearta arna nglacadh chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Treoir.

3. 31998 L 0024: Treoir 98/24/CE ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ó phriacail a bhaineann le hoibreáin cheimiceacha ar an láthair oibre (ceathrú Treoir déag leithleach de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE (IO L 131, 5.5.1998, lch. 11).

Ní bheidh feidhm sa tSlóivéin ag Treoir 98/24/CE go dtí an 31 Nollaig 2005.

Amhail ó dháta an aontachais agus go dtí deireadh na tréimhse thuasluaite, leanfaidh an tSlóivéin d'fhaisnéis arna tabhairt suas chun dáta go tráthrialta a sholáthar don Choimisiún maidir leis an amchlár agus na bearta arna nglacadh chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Treoir.

4. 32000 L 0039: Treoir 2000/39/CE ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2000 ag bunú céad liosta de luachanna teorantacha táscacha a leanann ón taispeánadh gairme trí chur chun feidhme Threoir 98/24/CE ón gComhairle maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ó phriacail a bhaineann le hoibreáin cheimiceacha ar an láthair oibre (IO L 142, 16.6.2000, lch. 47).

Ní bheidh feidhm sa tSlóivéin ag Treoir 2000/39/CE go dtí an 31 Nollaig 2005.

Amhail ó dháta an aontachais agus go dtí deireadh na tréimhse thuasluaite, leanfaidh an tSlóivéin d'fhaisnéis arna tabhairt suas chun dáta go tráthrialta a sholáthar don Choimisiún maidir leis an amchlár agus na bearta arna nglacadh chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Treoir.

5. 32000 L 0054: Treoir 2000/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 maidir le hoibrithe a chosaint ó phriacail a bhaineann le bheith faoi lé oibreán bitheolaíoch ar an láthair oibre (seachtú Treoir leithleach de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (IO L 262, 5.5.1998, lch. 11).

Ní bheidh feidhm sa tSlóivéin ag Treoir 2000/54/CE go dtí an 31 Nollaig 2005.

Amhail ó dháta an aontachais agus go dtí deireadh na tréimhse thuasluaite, leanfaidh an tSlóivéin d'fhaisnéis arna tabhairt suas chun dáta go tráthrialta a sholáthar don Choimisiún maidir leis an amchlár agus na bearta arna nglacadh chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Treoir.

--------------------------------------------------