12003TN11/04/A



Official Journal L 236 , 23/09/2003 P. 0862 - 0866


A. REACHTAÍOCHT TALMHAÍOCHTA

1. 31975 R 2759: Rialachán (CEE) Uimh. 2759/75 ón gComhairle an 29 Deireadh Fómhair 1975 maidir le comheagraíocht an mhargaidh i muiceoil (IO L 282, 1.11.1975, lch. 1), mar atá arna leasú go deireanach le:

- 32000 R 1365: Rialachán (CE) Uimh. 1365/2000 ón gComhairle an 19.6.2000 ( IO L 156, 29.6.2000, lch. 51);

31975 R 2771: Rialachán (CEE) Uimh. 2771/75 ón gComhairle an 29 Deireadh Fómhair 1975 maidir le comheagraíocht an mhargaidh in uibheacha (IO L 282, 1.11.1975, lch. 49), mar atá arna leasú go deireanach le:

- 32002 R 0493 Rialachán (CE) Uimh. 493/2002 ón gCoimisiún an 19.3.2002 (IO L 77, 20.3.2002, lch. 7);

31975 R 2777: Rialachán (CEE) Uimh. 2777/75 ón gComhairle an 29 Deireadh Fómhair 1975 maidir le comheagraíocht an mhargaidh i bhfeoil éanlaithe clóis (IO Uimh. L 282, 1.11.1975, lch. 77), mar atá arna leasú go deireanach le:

- 32002 R 0493 Rialachán (CE) Uimh. 493/2002 ón gCoimisiún an 19.3.2002 (IO L 77, 20.3.2002, lch. 7);

31992 R 1766: Rialachán (CEE) Uimh. 1766/92 ón gComhairle an 30 Meitheamh 1992 maidir le comheagraíocht an mhargaidh i ngránaigh (IO L 181, 1.7.1992, lch. 21), mar atá arna leasú go deireanach le:

- 32000 R 1666: Rialachán (CE) Uimh. 1666/2000 ón gComhairle an 17.7.2000 (IO L 193, 29.7.2000, lch. 51);

31995 R 3072: Rialachán (CE) Uimh. 3072/95 ón gComhairle an 22 Nollaig 1995 maidir le comheagraíocht an mhargaidh i rís (IO L 329, 30.12.1995, lch. 18), mar atá arna leasú go deireanach le:

- 32002 R 0411 Rialachán (CE) Uimh. 411/2002 ón gCoimisiún an 4.03.2002 (IO L 62, 5.3.2002, lch. 27);

31996 R 2200: Rialachán (CE) Uimh. 2200/96 ón gComhairle an 28 Deireadh Fómhair 1996 maidir le comheagraíocht na margaí i dtorthaí agus glasraí (IO L 297, 21.11.1996, lch. 1), mar atá arna leasú go deireanach le:

- 32002 R 1881: Rialachán (CE) Uimh. 1881/2002 ón gComhairle an 14.10.2002 (IO L 285, 23.10.2002 lch. 13);

31996 R 2201: Rialachán (CE) Uimh. 2201/96 ón gComhairle an 28 Deireadh Fómhair 1996 maidir le comheagraíocht na margaí i dtáirgí arna bpróiseáil ó thorthaí agus glasraí (IO L 297, 21.11.1996, lch. 29), mar atá arna leasú go deireanach le:

- 32002 R 0453: Rialachán (CE) Uimh. 453/2002 ón gCoimisiún an 13.3.2002 (IO L 72, 14.3.2002, lch. 9).

31999 R 1254: Rialachán (CE) Uimh. 1254/1999 ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le comheagraíocht an mhargaidh i mairteoil agus laofheoil (IO L 160, 26.6.1999, lch. 21), mar atá arna leasú go deireanach le:

- 32001 R 2345: Rialachán (CE) Uimh. 2345/2001 ón gCoimisiún an 28.12.2001 ( IO L 315, 31.12.2001, lch. 29).

31999 R 1255: Rialachán (CE) Uimh. 1255/1999 ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le comheagraíocht an mhargaidh i mbainne agus táirgí bainne (IO L 160, 26.6.1999, lch. 48), mar atá arna leasú go deireanach le:

- 32002 R 0509: Rialachán (CE) Uimh. 509/2002 ón gCoimisiún an 21.3.2002 (IO L 79, 22.3.2002, lch. 15);

31999 R 1493: Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le comheagraíocht an fhíonmhargaidh (IO L 179, 14.7.1999, lch. 1), mar atá arna leasú go deireanach le:

- 32001 R 2585: Rialachán (CE) Uimh. 2585/2001 ón gComhairle an 19.12.2001 (IO L 345, 29.12.2001, lch. 10).

32001 R 1260: Rialachán (CE) Uimh. 1260/2001 ón gComhairle an 19 Meitheamh 2001 maidir le comheagraíocht na margaí in earnáil an tsiúcra (IO L 178, 30.6.2001, lch. 1), mar atá arna leasú go deireanach le:

- 32002 R 0680: Rialachán (CE) Uimh. 680/2002 ón gCoimisiún an 19.4.2002 (IO L 104, 20.4.2002, lch. 26).

Clár Speisialta um Beartas Margaidh do Thalmhaíocht Mhálta (CSBMMT)

(a) Státchabhair speisialta shealadach chun tacú le táirgeoirí talmhaíochta

De mhaolú ar Airteagal 21 de Rialachán (CEE) Uimh. 2759/75, Airteagal 19 de Rialachán (CEE) Uimh. 2771/75, Airteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 2777/75, Airteagal 43 de Rialachán (CEE) Uimh. 2200/96, Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh.2201/96, Airteagal 38(1) de Rialachán (CE) Uimh 1255/1999 agus Airteagal 71 de Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999, féadfaidh Málta státchabhair speisialta shealadach a dheonú do tháirgeoirí trátaí lena bpróiseáil, torthaí agus glasraí úra, fíona, muiceola, bainne, éanlaithe clóis agus uibheacha. Oiriúnófar an chabhair sin i ngach earnáil i dtrácht agus aird á tabhairt ar an gcabhair atá ann faoi na rialacha láithreacha den chomhbheartas talmhaíochta.

Féadfar cabhair den sórt sin a dheonú le linn tréimhse seacht mbliana ó dháta an aontachais i gcás táirgí ainmhíocha agus 11 bliain ó dháta an aontachais i gcás barr, i gcomhréir leis an sceideal céimlaghdaitheach seo a leanas:

- i gcás táirgí ainmhíocha: 100 % don chéad bhliain, 95 % don dara bliain, 90 % don 3ú bliain, 72 % don 4ú bliain, 54 % don 5ú bliain, 36 % don 6ú bliain agus 18 % don 7ú bliain;

- fi gcás barr: 100 % don chéad bhliain - dara bliain, 95 % don 3ú — 4ú bliain, 90 % don 5ú — 6ú bliain, 75 % don 7ú bliain, 60 % don 8ú bliain, 45 % don 9ú bliain, 30 % don 10ú bliain agus 15 % don 11ú bliain.

Beidh cabhair den sórt sin teoranta go dtí na méideanna seo a leanas i ngach earnáil:

Clár le haghaidh barr

(EUR milliúin) |

Bliain | Trátaí lena bpróiseáil lena n-áirítear cabhair bhreise | Earnaíl an fhíona lena n-áirítear cabhair bhreise | Earnái na dtorthaí úra | Earnái na nglasraí úra | Iomlán le haghaidh barr |

2004 | 1,37 | 2,76 | 2,43 | 0,96 | 7,52 |

2005 | 1,48 | 2,62 | 2,43 | 0,96 | 7,49 |

2006 | 2,68 | 1,23 | 2,31 | 0,91 | 7,13 |

2007 | 2,68 | 1,10 | 2,31 | 0,91 | 7,00 |

2008 | 2,63 | 1,04 | 2,18 | 0,86 | 6,71 |

2009 | 2,63 | 0,94 | 2,18 | 0,86 | 6,61 |

2010 | 2,15 | 0,83 | 1,82 | 0,72 | 5,52 |

2011 | 1,46 | 0,83 | 1,46 | 0,57 | 4,32 |

2012 | 0,85 | 0,76 | 1,10 | 0,43 | 3,14 |

2013 | 0,42 | 0,51 | 0,73 | 0,29 | 1,95 |

2014 | 0,18 | 0,36 | 0,37 | 0,15 | 1,06 |

Iomlán | 18,53 | 12,98 | 19,32 | 7,62 | 58,45 |

Clár le haghaidh táirgí ainmhíocha

(EUR milliúin) |

Bliain | (CSBMMT) clár le haghaidh earnáil na déiríochta, lena n-áirítear cabhair don athstruchtúrú | Earnaíl na muiceola lena n-áirítear cabhair don athstruchtúrú | Earnaíl na n-uibheacha lena n-áirítear cabhair don athstruchtúrú | Earnaíl na feola éanlaithe clóis lena n-áirítear cabhair don athstruchtúrú | Iomlán le haghaidh táirgí ainmhíocha lena n-áirítear cabhair don athstruchtúrú |

2004 | 2,50 | 5,40 | 2,30 | 1,80 | 12,0 |

2005 | 2,45 | 5,17 | 2,18 | 1,70 | 11,5 |

2006 | 2,40 | 4,94 | 2,03 | 1,63 | 11,0 |

2007 | 1,97 | 4,15 | 1,70 | 1,38 | 9,20 |

2008 | 1,63 | 3,28 | 1,34 | 1,15 | 7,40 |

2009 | 1,28 | 2,46 | 0,99 | 0,87 | 5,60 |

2010 | 0,94 | 1,65 | 0,59 | 0,62 | 3,80 |

Iomlán | 13,17 | 27,05 | 11,13 | 9,15 | 60,5 |

Do gach earnáil, ní fhéadfar státchabhair a chionroinnt ach amháin laistigh de na huasteorainneacha caínníochtúla seo a leanas:

Barra (cainníochtaí bliantúla):

Trátaí lena bpróiseáil : 27000 tona

Torthaí úra : 19400 tona

Glasraí úra : 38200 tona

Fíon : 1000 ha

Táirgí ainmhíocha (cainníochtaí bliantúla):

Déiríocht : 45000 tona

Muiceoil : 125200 ceann

Éanlaith chlóis : 7000 tona

Uibheacha : 5000 tona

(b) Státchabhair speisialta shealadach chun tacú le próiseálaithe agus miondíoltóirí aitheanta de tháirgí talmhaíochta arna n-allmhairiú

De mhaolú ar Airteagal 21 de Rialachán (CEE) Uimh. 2759/75, Airteagal 19 de Rialachán (CEE) Uimh. 1766/92, Airteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 3072/95, Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 2201/96, Airteagal 40 de Rialachán (CE) Uimh. 1254/1999, Airteagal 38(1) de Rialachán (CE) Uimh 1255/1999 agus Airteagal 45 de Rialachán (CE) Uimh. 1260/1999, féadfaidh Málta státchabhair speisialta shealadach a dheonú mar thacaíocht do cheannach táirgí talmhaíochta arna n-allmhairiú ó thríú tíortha a thairbhigh d'aisíocaíochtaí ommhairíocha roimh an aontachas nó a allmhairíodh ó thríú tíortha gan dleachtanna ar chuntar go soláthraíonn Málta sásra chun a ráthú go gcuirtear an tacaíocht ar aghaidh do thomhaltóirí iarbhír. Déanfar an chabhair a ríomh ar bhonn an difreálaigh phraghsanna idir praghsanna AE (lena n-áirítear iompar) agus praghsanna an mhargaidh dhomhanda, agus ní rachaidh siad thar an difreálach sin, agus tabharfaidh siad aird ar leibhéal na n-aisíocaíochtaí ommhairíochta.

Déanfar státchabhair den sórt sin a chur i bhfeidhm go céimlaghdaitheach thar thréimhse uasta seacht mbliana ó dháta an aontachais: an chéad bhliain 100 %, dara bliain 95 %, 3ú bliain 90 %, 4ú -7ú bliain laghdú 18 % in aghaidh na bliana.

Beidh cabhair den sórt sin teoranta go dtí na méideanna seo a leanas i ngach earnáil.

Beart soláthair

EUR milliún |

Táirgí | 2004 | 2005 | 2006 | 2007 | 2008 | 2009 | 2010 | Iomlán |

Gránaigh | 3,0 | 2,9 | 2,7 | 2,2 | 1,6 | 1,1 | 0,5 | 14,0 |

Siúcra | 11,0 | 10,5 | 9,9 | 7,9 | 5,9 | 4,0 | 2,0 | 51,2 |

Táirgí feola | 0,8 | 0,8 | 0,8 | 0,6 | 0,5 | 0,3 | 0,2 | 3,9 |

Táirgí déiríochta | 1,0 | 1,0 | 0,9 | 0,7 | 0,5 | 0,4 | 0,2 | 4,7 |

Táirgí trátaí leathphróiseáilte | 0,8 | 0,8 | 0,7 | 0,6 | 0,4 | 0,3 | 0,1 | 3,7 |

Iomlán | 77,4 |

Do gach earnáil, ní fhéadfar státchabhair a chionroinnt ach amháin laistigh de na huasteorainneacha caínníochtúla seo a leanas:

Táirge | Cainníocht (tonaí in aghaidh na bliana) |

Siúcra

Siúcra | 35000 |

Gránaigh

Gnáthchruithneacht agus síolta meislin | 52000 |

Eorna, amach ó shíolta eorna | 61000 |

Arbhar Indiach, amach ó shíolta | 62000 |

Rís | 3000 |

Brach de ghránaigh eile amach ó phlúr cruithneachta | 2500 |

Coirce agus min de chruithneacht chrua | 3500 |

Táirgí déiríochta

Uachtar bainne i bhfoirm phúdair nó i bhfoirm sholadach eile, cion salle < 1,5 % | 521 |

Paicéad idirmheánach d'im nádúrtha cion salle ≤ 85 % | 250 |

Paicéad idirmheánach d'im eile cion salle ≤ 85 % | 250 |

Cáis Cheddar | 1200 |

Cáis Edam | 1000 |

Cáis phróiseáilte eile (Kefalo-tyri, etc.) | 1500 |

Táirgí feola

Ceathrúna deiridh de bhó-ainmhithe lena gcnámh arna reo | 4200 |

Ceathrúna eile de bhó-ainmhithe gan chnámha arna reo | 2000 |

Táirgí ullmhaithe eile de mhuiceoil chlóis | 500 |

Mairteoil leasaithe i gcoimeádáin aer-obacha | 1200 |

Táirgí Eile

Trátaí ullmhaithe cion ábhair thirim >30 % i bpaicéid >3 kg | 5500 |

Trátaí leasaithe iomlána nó i bpíosaí i gcoimeádáin >3 kg | 3000 |

(c) I dtaca le gach ceann de na táirgí talmhaíochta arna bhfolú ag CSBMMT, beidh feidhm i Málta ag an gclásal cosanta eacnamaíoch ginearálta atá leagtha amach in Airteagal 37 den Ionstraim seo suas go cúig bliana tar éis dháta an aontachais.

(d) Tíolacfaidh Málta don Choimisiún tuarascálacha bliantúla maidir leis na bearta státchabhrach a chur chun feidhme ina sonraítear foirm na cabhrach agus na méideanna.

2. 31992 R 3950: Rialachán (CEE) Uimh. 3950/92 ón gComhairle an 28 Nollaig 1992 ag bunú tobhach breise in earnáil an bhainne agus na dtáirgí bainne (IO L 405, 31.12.1992, lch. 1), mar atá arna leasú go deireanach le:

- 32002 R 0582: Rialachán (CE) Uimh. 582/2002 ón gCoimisiún an 4.4.2002 ( IO L 89, 5.4.2002, lch. 7),

De mhaolú ar Airteagal 11 de Rialachán (CEE) Uimh. 3950/92, cinnfear i gcás Mhálta tar éis tréimhse cúig bliana ó dháta an aontachais an cion ionadaíoch saille maidir le bainne arna sheachadadh.

Go dtí go gcinnfear an cion ionadaíoch saille, ní bheidh infheidhme i Málta an chomparáid den chion saille chun críoch an tobhach breise a ríomh mar atá leagtha síos in Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1392/2001 ag leagan síos rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CEE) Uimh. 3950/92 [4] a chur i bhfeidhm.

3. 31996 R 2201: Rialachán (CE) Uimh. 2201/96 ón gComhairle an 28 Deireadh Fómhair 1996 maidir le comheagraíocht na margaí i dtáirgí arna bpróiseáil ó thorthaí agus glasraí (IO L 297, 21.11.1996, lch. 29), mar atá arna leasú go deireanach le:

- 32002 R 0453: Rialachán (CE) Uimh. 453/2002 ón gCoimisiún an 13.3.2002 (IO L 72, 14.3.2002, lch. 9).

De mhaolú ar Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2201/96, i gcaitheamh na mblianta margaíochta 2004/2005 go 2008/2009, beidh conarthaí idir próiseálaithe agus táirgeoirí leithleacha cáilithe don scéim dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán sin. As an gcainníocht iomlán trátaí arna gconrú ag aon phróiseálaí, beidh an cion de na cainníochtaí arna conrú idir próiseálaithe agus táirgeoirí leithleacha in ionannas le huasmhéid 75 % sa bhliain mhargaíochta 2004/2005, 65 % sa bhliain mhargaíochta 2005/2006, 55 % sa bhliain mhargaíochta 2006/2007, 40 % sa bhliain mhargaíochta 2007/2008 agus 25 % sa bhliain mhargaíochta 2008/2009. Measfar gur "táirgeoirí leithleacha" iad na comharchumainn agus aon eagraíochtaí táirgeoirí Máltacha atá ann nach bhfuil aitheanta mar eagraíochtaí táirgeoirí faoi reachtaíocht Chomhphobail.

4. 31997 R 2597: Rialachán (CE) Uimh. 2597/97 ón gComhairle 18 Nollaig 1997 ag leagan síos rialacha breise maidir le comheagraíocht an mhargaidh i mbainne agus táirgí bainne lena n-ól ( IO L 351, 23.12.1997, lch. 13), mar atá arna leasú go deireanach le:

- 31999 R 1602: Rialachán (CE) Uimh. 1602/1999 ón gComhairle an 19.7.1999 (IO L 189, 22.7.1999, lch. 43).

De mhaolú ar Airteagal 3(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 2597/97, ní bheidh feidhm ar feadh tréimhse cúig bliana ó dháta an aontachais ag na ceanglais a bhaineann le cion saille bainne maidir le bainne le hól arna tháirgeadh i Málta. Ní fhéadfar bainne le hól nach gcomhlíonann na ceanglais a bhaineann le cion saille a mhargú ach amháin i Málta nó féadfar é a onnmhairiú go tríú tír.

5. 31999 R 1254: Rialachán (CE) Uimh. 1254/1999 ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le comheagraíocht an mhargaidh i mairteoil agus laofheoil (IO L 160, 26.6.1999, lch. 21), mar atá arna leasú go deireanach le:

- 32001 R 2345: Rialachán (CE) Uimh. 2345/2001 ón gCoimisiún an 30.11.2001 (IO L 315, 1.12.2001, lch. 29).

De mhaolú ar Airteagal 12(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 1254/1999, déanfar cur i bhfeidhm an dlúis stocála a chéimniú isteach de réir a chéile ar bhonn líneach i Málta ó 4,5 c in aghaidh an heicteáir don chéad bhliain tar éis an aontachais go 1,8 c in aghaidh an heicteáir cúig bliana tar éis an aontachais. Le linn na tréimhse sin, ní dhéanfar ba déiríochta is gá chun an chainníocht iomlán tagartha arna chionroinnt don táirgeoir a tháirgeadh a chur san áireamh chun an dlús stocála ar an ngabháltas a ríomh.

Soláthróidh Málta tuarascáil don Choimisiún faoi cheann an 31 Nollaig 2007 ar chur chun feidhme an bhirt seo.

6. 31999 R 1493: Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le comheagraíocht an fhíonmhargaidh ( IO L 179, 14.7.1999, lch. 1), mar atá arna leasú go deireanach le:

- 32001 R 2585: Rialachán (CE) Uimh. 2585/2001 ón gComhairle an 19.12.2001 (IO L 345, 29.12.2001, lch. 10).

De mhaolú ar Iarscríbhinn V, pointe C.3, de Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999, go dtí an 31 Nollaig 2008 féadfaidh Málta an neart íosta nádúrtha alcóil d'fhíon arna tháirgeadh ó chineálacha dúchasacha fíniúna Ġellewża agus Ghirgentina a choimeád ar bun ag 8 % de réir toirte le méadú incheadaithe sa neart nádúrtha alcóil (saibhriú) nach dtéann thar 3 % de réir toirte..

I rith na tréimhse sin, áiritheoidh Málta oiriúnú éifeachtach i dteicnící fíonsaothraithe chun táirgeadh caor finiúna ardchaighdeáin de chineál dúchasach le haghaidh fíona a chumasú faoi cheann an 31 Nollaig 2008.

7. 32001 R 1260: Rialachán (CE) Uimh. 1260/2001 ón gComhairle an 19 Meitheamh 2001 maidir le comheagraíocht na margaí in earnáil an tsiúcra (IO L 178, 30.6.2001, lch. 1), mar atá arna leasú go deireanach le:

- 32002 R 0680: Rialachán (CE) Uimh. 680/2002 ón gCoimisiún an 19.4.2002 (IO L 104, 20.4.2002, lch. 22).

De mhaolú ar Airteagal 45 de Rialachán (CE) Uimh. 1260/2001 agus ar na hAirteagail chomhfhreagracha de na Rialacháin eile maidir le comheagraíocht na margaí talmhaíochta, féadfaidh Málta státchabhair a dheonú d'iompar fartha de tháirgí talmhaíochta ó Gozo ar feadh tréimhse cúig bliana ó dháta an aontachais ar bhonn líneach céimlaghdaitheach (laghdú 20 % in aghaidh na bliana).

Tíolacfaidh Málta don Choimisiún tuarascáil bhliantúil maidir leis na bearta státchabhrach a chur chun feidhme ina sonraítear foirm na cabhrach agus na méideanna.

[4] IO L 187, 10.7.2001, lch. 19.

--------------------------------------------------