12003TN10/08/B



Official Journal L 236 , 23/09/2003 P. 0855 - 0855


B. CÁILÍOCHT AN UISCE

1. 31991 L 0271: Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (IO L 135, 30.5.1991, lch. 40), mar atá arna leasú le:

- 31998 L 0015: Treoir 98/15/CE ón gCoimisiún an 27.2.1998 (IO L 67, 7.3.1998, lch. 29).

(a) De mhaolú ar Airteagail 3, 4 agus 5(2) de Theoir 91/271/CEE, ní bheidh feidhm iomlán go dtí an 31 Nollaig 2015 san Ungáir ag na ceanglais do chórais bhailithe agus cóireáil fuíolluisce uirbigh i gcomhréir leis na spriocanna idirmheánacha seo a leanas:

- faoi cheann an 31 Nollaig 2008, beidh an Treoir comhlíonta i limistéir íogaire do cheirtleáin ar mó coibhéis a ndaonra ná 10000;

- faoi cheann an 31 Nollaig 2010, beidh an Treoir comhlíonta i ngnáthlimistéir do cheirtleáin ar mó coibhéis a ndaonra ná 15000.

(b) De mhaolú ar Airteagal 13 de Theoir 91/271/CEE, ní bheidh feidhm go dtí an 31 Nollaig 2008 san Ungáir ag na ceanglais do fhuíolluisce tionsclaíoch in-bhithdhíghrádaithe ó ghléasraí de chuid na n-earnálacha tionsclaíocha atá liostaithe in Iarscríbhinn III maidir leis na gléasraí seo a leanas san Ungáir:

- Pannontej Rt., Répcelak

- Bácsbokodi Tejüzem, Bácsbokod

- Papp Kereskedelmi Kft. Konzervgyár, Nyírtas

- Vépisz Szövetkezet, Konzervüzem, Csegöld

- Szatmári Konzervgyár Kft., Tyukod

- PETISFOOD Kft. Konzervüzem, Vasmegyer

- Atev Rt., Debrecen-Bánk

- Mirsa Rt., Albertirsa

- Makói Tejüzem, Makó

- Zalka Tej Rt., Nagybánhegyes.

2. 31998 L 0083: Treoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir le cáilíocht uisce atá ceaptha le hól ag daoine (IO L 330, 5.12.1998, lch. 32).

De mhaolú ar Airteagal 9(1) de Threoir 98/83/CE, féadfaidh an Ungáir foráil do mhaoluithe ar an luach paraiméadrach d'arsanaic go dtí an 25 Nollaig 2009 gan cinneadh den sórt sin a chur i bhfios don Choimisiún. Más mian leis an Ungáir maolú den sórt sin a fhadú tar éis an dáta sin, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 9(2). Níl feidhm ag an maolú seo maidir le huisce le hól atá ceaptha do phróiseáil bia.

Beidh feidhm freisin ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 9(2) más mian leis an Ungáir foráil tar éis an 25 Nollaig 2006 do na maoluithe faoi Airteagal 9(1) do bhórón, fluairíd agus nítrít.

--------------------------------------------------