Official Journal L 236 , 23/09/2003 P. 0821 - 0821
B. BAINISTÍOCHT DRAMHAÍOLA 31994 L 0062: Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le pacáistiú agus dramhaíl pacáistithe (IO L 365, 31.12.1994, lch. 10). De mhaolú ar Airteagal 6 (1) (a) agus (b) de Threoir 94/62/CE, bainfidh an Chipir amach na spriocanna athghabhála agus athchúrsála do na hábhair phacáistithe seo a leanas faoi cheann an 31 Nollaig 2005 i gcomhréir leis na spriocanna idirmheánacha seo a leanas: - plaistigh a athchúrsáil: 10% de réir meáchain faoi cheann dháta an aontachais agus 15% faoi cheann 2004; - páipéar/cairtchlár a athchúrsáil: 11% de réir meáchain faoi cheann dháta an aontachais agus 14% faoi cheann 2004; - ráta foriomlán athchúrsála: 12% de réir meáchain faoi cheann dháta an aontachais agus íosmhéid 15% faoi cheann 2004; - ráta foriomlán athghabhála: 35% de réir meáchain faoi cheann dháta an aontachais agus 41% faoi cheann 2004. --------------------------------------------------