02024D3238 — GA — 25.09.2025 — 004.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/3238 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Nollaig 2024

maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Bhulgáir agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3109

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 9305)

(Is é an téacs Bulgáirise amháin atá barántúil)

Téacs atá ábhartha maidir le LEE

(IO L 3238 23.12.2024, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

 M1

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/269 ÓN gCOIMISIÚN  an 4 Feabhra 2025

  L 269

1

7.2.2025

 M2

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/497 ÓN gCOIMISIÚN  an 11 Márta 2025

  L 497

1

14.3.2025

►M3

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/784 ÓN gCOIMISIÚN  an 14 Aibreán 2025

  L 784

1

16.4.2025

►M4

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1921 ÓN gCOIMISIÚN  an 19 Meán Fómhair 2025

  L 1921

1

25.9.2025




▼B

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/3238 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Nollaig 2024

maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Bhulgáir agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3109

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2024) 9305)

(Is é an téacs Bulgáirise amháin atá barántúil)

Téacs atá ábhartha maidir le LEE



Airteagal 1

Déanfaidh an Bhulgáir an méid seo a leanas a áirithiú:

(a) 

go mbunóidh údarás inniúil an Bhallstáit sin láithreach crios srianta, lena gcuimsítear criosanna cosanta agus faireachais mar aon le crios srianta breise, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus faoi na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal sin;

(b) 

go gcuimseofar leis na criosanna cosanta, na criosanna faireachais agus na criosanna srianta breise dá dtagraítear i bpointe (a) ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(c) 

maidir leis na bearta is gá a chur i bhfeidhm sna criosanna cosanta, sna criosanna faireachais agus sna chriosanna srianta breise, go gcuirfear i bhfeidhm iad ar a laghad go dtí na dátaí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Déanfaidh an Bhulgáir an méid seo a leanas a áirithiú:

(a) 

go mbeidh toirmeasc ar ghluaiseachtaí caorach agus gabhar ó na criosanna cosanta, na criosanna faireachais agus na criosanna srianta breise go ceann scríbe atá suite lasmuigh d’imlíne sheachtrach an chreasa shrianta bhreise mar a leagtar amach i bPointe B den Iarscríbhinn go dtí na dátaí a liostaítear san Iarscríbhinn;

(b) 

maidir le gluaiseachtaí caorach agus gabhar ó na codanna sin de chríoch na Bulgáire nach liostaítear san Iarscríbhinn, chuig ceann scríbe atá suite laistigh den chrios srianta, nach bhféadfar iad a cheadú ach amháin má údaraíonn an t-údarás inniúil iad agus má aistrítear na hainmhithe go díreach chuig seamlas lena marú láithreach;

(c) 

go gcomhlíonann na modhanna iompair agus gluaiseacht caorach agus gabhar dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 24 agus 28(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687;

▼M3

(d) 

go mbeidh toirmeasc ar ghluaiseachtaí ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair ó chríoch iomlán na Bulgáire chuig ceann scríbe atá suite i mBallstát eile go dtí an ►M4  31 Nollaig 2025 ◄ .

▼B

Airteagal 3

Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3109.

Airteagal 4

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an  ►M4  31 Eanáir 2026 ◄ .

Airteagal 5

Is chuig Poblacht na Bulgáire a dhírítear an Cinneadh seo.

▼M4




IARSCRÍBHINN

A.    Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar an ráig dheimhnithe



Aonad réigiúnach agus uimhir thagartha ADIS na ráige

Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, cuid den chrios srianta sa Bhulgáir dá dtagraítear in Airteagal 1

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí

Réigiún Pazardzhik

BG-PPR-2024-00001

Protection zone:

Those parts of Pazardzhik region, contained within a circle of a radius of 5 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 42.0156, Long. 23.9989 (2024/1)

22.11.2025

Surveillance zone:

Those parts of Pazardzhik region, contained within a circle of a radius of 20 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 42.0156, Long. 23.9989 (2024/1) excluding the areas contained in the protection zone

1.12.2025

Surveillance zone:

Those parts of Pazardzhik region, contained within a circle of a radius of 20 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 42.0156, Long. 23.9989 (2024/1)

23.11.2025 – 1.12.2025

B.    Criosanna srianta breise



Aonad réigiúnach

Limistéir a áirítear sa chrios srianta breise a bhunaítear sa Bhulgáir dá dtagraítear in Airteagal 1

An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí

Réigiún Pazardzhik

— Entire territory of Pazardzhik region

31.12.2025

Réigiún Blagoevgrad

— Municipalities Razlog, Satovcha, Garmen, Bansko, Belitsa, Yakoruda

31.12.2025

Réigiún Smolyan

— Dospat Municipality

31.12.2025

Réigiún Sóifia oblast

— Municipalities of Kostenets and Dolna Banya

31.12.2025