02023R2675 — GA — 07.12.2023 — 000.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN (AE) 2023/2675 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 22 Samhain 2023 maidir leis an Aontas agus a Bhallstáit a chosaint ar chomhéigean eacnamaíoch de dhéanamh tríú tíortha ►C1 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) ◄ (IO L 2675 7.12.2023, lch. 1) |
Arna cheartú le:
RIALACHÁN (AE) 2023/2675 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Samhain 2023
maidir leis an Aontas agus a Bhallstáit a chosaint ar chomhéigean eacnamaíoch de dhéanamh tríú tíortha
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Bunaítear leis an Rialachán seo freisin creat don Aontas chun leigheas na díobhála don Aontas a lorg, i gcás inarb iomchuí.
Airteagal 2
Comhéigean eacnamaíoch
Agus cinneadh á dhéanamh an bhfuil na coinníollacha i mír 1 comhlíonta, cuirfidh an Coimisiún agus an Chomhairle an méid seo a leanas san áireamh:
tréine, déine, minicíocht, fad, leithead agus méid an bhirt tríú tír, lena n-áirítear a thionchar ar chaidreamh trádála nó infheistíochta leis an Aontas, agus an brú a chuireann sé ar an Aontas agus ar Bhallstát;
an bhfuil an tríú tír i mbun patrún cur isteach a fhéachann le gníomhartha ar leith ón Aontas, ó Bhallstát nó ó thríú tír eile a chosc nó a fháil;
a mhéid a dhéanann an beart tríú tír cúngú ar cheannasacht an Aontais nó ar cheannasacht Ballstáit nó ar réimse de cheannasacht an Aontais nó ar réimse de cheannasacht Ballstáit;
an bhfuil an tríú tír ag gníomhú ar bhonn ábhar imní dlisteanach a aithnítear go hidirnáisiúnta;
an ndearna an tríú tír iarrachtaí cearta, roimh fhorchur nó cur i bhfeidhm an bhirt tríú tír, de mheon macánta, réiteach a fháil ar an gcás trí chomhordú nó breithniú idirnáisiúnta, bíodh sin déthaobhach nó laistigh d’fhóram idirnáisiúnta, agus i gcás ina ndearnadh, ar cén bealach a ndearnadh iad.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn ‘beart tríú tír’ aon ghníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht is inchurtha i leith tríú tír faoin dlí idirnáisiúnta;
ciallaíonn ‘gníomh ar leith’ aon ghníomh dlíthiúil nó aon ghníomh eile, lena n-áirítear seasamh a léiriú, arna dhéanamh ag institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais, Ballstáit, nó tríú tír;
ciallaíonn ‘díobháil don Aontas’ tionchar diúltach, lena n-áirítear damáiste eacnamaíoch, ar an Aontas nó ar Bhallstát, lena n-áirítear ar oibreoirí eacnamaíocha an Aontais, arb é comhéigean eacnamaíoch is cúis leis;
ciallaíonn ‘tríú tír’ aon Stát, críoch chustaim ar leith nó aon chríoch eile faoi réir an dlí idirnáisiúnta, seachas an tAontas nó Ballstát;
Airteagal 4
Scrúdú a dhéanamh ar bhearta tríú tíortha
Déanfaidh an Coimisiún an scrúdú bunaithe ar fhaisnéis réasúnaithe arna bailiú ar a thionscnamh féin nó arna fáil ó aon fhoinse iontaofa, lena n-áirítear Ballstát, Parlaimint na hEorpa, oibreoirí eacnamaíocha nó ceardchumainn.
Áiritheoidh an Coimisiún go gcosnófar faisnéis rúnda i gcomhréir le hAirteagal 15, lena n-áirítear, i gcás inar gá, céannacht an duine a sholáthraíonn an fhaisnéis a chosaint.
Cuirfidh an Coimisiún uirlis shlán ar fáil don phobal d’fhonn éascú a dhéanamh ar fhaisnéis a chur faoi bhráid an Choimisiúin.
Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na Ballstáit an fhaisnéis sin a sholáthar agus gníomhóidh na Ballstáit i gcomhréir leis an iarraidh sin go dlúsúil.
Trí fhógra a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus, i gcás inarb iomchuí, trí mhodhanna oiriúnacha cumarsáide poiblí eile, féadfaidh an Coimisiún cuireadh a thabhairt do gheallsealbhóirí faisnéis a chur isteach. Sonróidh an Coimisiún dáta faoina mbeidh an fhaisnéis sin le cur isteach, agus an tréimhse a shonraítear sa chéad fomhír de mhír 2 á cur san áireamh.
Má fhoilsíonn an Coimisiún fógra den sórt sin, cuirfidh sé in iúl don tríú tír lena mbaineann go bhfuil tús curtha leis an scrúdú.
Airteagal 5
Cinneadh maidir leis an mbeart tríú tír
Sa togra sin, míneoidh an Coimisiún an chaoi a gcomhlíontar na coinníollacha sin.
Leagfar amach sa togra tréimhse tháscach don Choimisiún chun a mheasúnú an bhfuil coinníollacha Airteagal 8(1) á gcomhlíonadh. Ní bheidh an tréimhse sin níos faide ná 6 mhí ach amháin má tá gá bailí le tréimhse níos faide i bhfianaise imthosca sonracha an cháis.
Beidh an measúnú i dtaobh an iomchuí a iarraidh ar an tríú tír an díobháil don Aontas a leigheas, bunaithe ar imthosca uile an cháis. Beidh an measúnú sin bunaithe go háirithe ar chineál agus ar mhéid an damáiste a rinneadh agus ar an oibleagáid ghinearálta faoin dlí idirnáisiúnta gnách leigheas iomlán a dhéanamh as an díobháil a rinneadh de bharr gníomh éagórach ar leibhéal idirnáisiúnta.
Féadfaidh an Chomhairle na tograí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a leasú, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe.
Gníomhóidh an Chomhairle laistigh de 8 seachtaine ón dáta a dhéanfaidh an Coimisiún na tograí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a thíolacadh.
De mhaolú ar an dara fomhír, féadfaidh an Chomhairle gníomhú tar éis na tréimhse 8 seachtaine sin ar choinníoll go gcuireann sí an Coimisiún ar an eolas faoin moill agus faoi na cúiseanna leis an moill sin.
Go hiondúil, ní mó an tréimhse iomlán chun go ngníomhóidh an Chomhairle ná 10 seachtaine ón tráth a dhéanfar na tograí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a thíolacadh.
I bhfeidhmiú a cumhachtaí cur chun feidhme, cuirfidh an Chomhairle Airteagal 2(1), lena leagtar amach na coinníollacha maidir le comhéigean eacnamaíoch a bheith ann, i bhfeidhm agus na critéir a leagtar amach i mír 2, an dara fomhír den Airteagal seo, agus míneoidh sí conas a chomhlíontar na coinníollacha sin agus conas a chuirtear na critéir sin i bhfeidhm.
Airteagal 6
Rannpháirtíocht leis an tríú tír
I gcás ina rachaidh an tríú tír i mbun comhairliúcháin leis an Aontas de mheon macánta, rachaidh an Coimisiún i mbun na gcomhairliúchán sin go dlúsúil.
Le linn na gcomhairliúchán sin, féadfaidh an Coimisiún breathnú ar roghanna éagsúla leis an tríú tír, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
caibidlíocht dhíreach;
an t-ábhar a chur faoi bhráid breithniú idirnáisiúnta;
idirghabháil, idir-réiteach nó dea-mhéin ag tríú páirtí chun cabhrú leis an Aontas agus leis an tríú tír ina n-iarrachtaí faoin Airteagal seo.
Airteagal 7
Comhar idirnáisiúnta
Rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán nó comhoibreoidh sé le haon tríú tír eile dá ndéanann an comhéigean eacnamaíoch céanna nó comhéigean eacnamaíoch comhchosúil difear, nó le haon tríú tír leasmhar eile, d’fhonn scor den chomhéigean eacnamaíoch a fháil, tar éis dul i gcomhairle leis an gComhairle, i gcás inarb infheidhme i gcomhréir leis na Conarthaí.
Féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith i gceist leis na comhairliúcháin agus leis an gcomhar sin, i gcás inarb iomchuí:
faisnéis agus taithí ábhartha a chomhroinnt chun freagairt chomhleanúnach ar chomhéigean eacnamaíoch den sórt sin a éascú;
comhordú i bhfóraim ábhartha idirnáisiúnta;
comhordú sa fhreagairt ar an gcomhéigean eacnamaíoch.
Iarrfaidh an Coimisiún ar na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, páirt a ghlacadh sna comhairliúcháin agus sa chomhar sin.
Ní chuirfidh na comhairliúcháin ná an comhar sin moill mhíchuí ar an nós imeachta faoin Rialachán seo.
Airteagal 8
Bearta freagartha de chuid an Aontais
Glacfaidh an Coimisiún bearta freagartha de chuid an Aontais trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas uile:
ní raibh mar thoradh ar ghníomhaíocht de bhun Airteagail 5 agus 6, laistigh de thréimhse réasúnta, gur scoireadh den chomhéigean eacnamaíoch agus, i gcás inar iarradh de bhun Airteagal 5(10), gur leigheasadh an díobháil don Aontas;
is gá bearta freagartha de chuid an Aontais a ghlacadh chun leasanna agus cearta an Aontais agus a Bhallstát a chosaint sa chás áirithe sin, i bhfianaise na roghanna atá ar fáil;
is chun leas an Aontais é bearta freagartha de chuid an Aontais a ghlacadh, de réir mar a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 9.
I gcás inar scoireadh den chomhéigean eacnamaíoch ach nach ndearna an tríú tír an díobháil don Aontas a leigheas ina hiomláine, in ainneoin gur iarradh uirthi é sin a dhéanamh, bunóidh an Coimisiún an measúnú maidir le cibé acu a chomhlíontar an coinníoll dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), den mhír seo, ar imthosca uile an cháis. Beidh an measúnú sin bunaithe, go háirithe, ar chineál agus ar mhéid na díobhála a rinneadh agus ar an oibleagáid ghinearálta faoin dlí idirnáisiúnta gnách leigheas iomlán a dhéanamh as an díobháil a rinneadh mar thoradh ar ghníomh éagórach ar bhonn idirnáisiúnta.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).
Sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, luafaidh an Coimisiún na cúiseanna a measann sé go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear sa mhír sin á gcomhlíonadh agus na cúiseanna a measann sé go bhfuil bearta freagartha de chuid an Aontais iomchuí i bhfianaise na gcritéar dá dtagraítear in Airteagal 11.
Glacfar bearta freagartha de chuid an Aontais mar a leanas:
bearta a chuirfear i bhfeidhm ar bhonn ginearálta; nó
bearta a bhfuil feidhm acu maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha áirithe atá i mbun gníomhaíochtaí, nó a d’fhéadfadh a bheith i mbun gníomhaíochtaí, a thagann faoi Airteagal 207 CFAE agus atá bainteach nó nasctha le rialtas an tríú tír.
Féadfar bearta freagartha de chuid an Aontais dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), a cheapadh sa chaoi go ndéanfaidh siad difear d’earnálacha, do réigiúin nó d’oibreoirí áirithe sa tríú tír i gcomhréir leis na rialacha tionscnaimh agus náisiúntachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II.
Socróidh an Coimisiún an dáta sin, agus imthosca an cháis á gcur san áireamh, chun go bhféadfar fógra a thabhairt don tríú tír de bhun mhír 7 agus chun go bhféadfaidh an tríú tír scor den chomhéigean eacnamaíoch agus, i gcás ina n-iarrfar é, an díobháil don Aontas a leigheas.
Ar ghlacadh an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh an Coimisiún fógra don tríú tír faoin méid sin agus:
iarrfaidh sé ar an tríú tír scor láithreach den chomhéigean eacnamaíoch agus, i gcás inarb iomchuí agus, i gcás ina n-iarrfar é, an díobháil don Aontas a leigheas;
tairgfidh sé réiteach a chaibidliú leis an tríú tír; agus
tabharfaidh sé fógra don tríú tír go mbeidh feidhm ag na bearta freagartha de chuid an Aontais, mura scoirfear den chomhéigean eacnamaíoch agus, i gcás inarb iomchuí agus i gcás ina n-iarrtar é, mura ndéanfaidh an tríú tír an díobháil don Aontas a leigheas.
I gcás ina mbeidh an fhaisnéis inchreidte sin ag an gCoimisiún, foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina gcuirfear in iúl go bhfuil an fhaisnéis sin aige agus go bhfuil dáta chur i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, arna gcur siar i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo.
Glacfar an gníomh cur chun feidhme aisghairme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).
Foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina gcuirfear in iúl dáta chur i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
Airteagal 9
Leas an Aontais a chinneadh
Leas an Aontais maidir le bearta freagartha de chuid an Aontais a ghlacadh, a chur ar fionraí, a leasú nó a fhoirceannadh, déanfar é a chinneadh bunaithe ar an bhfaisnéis uile atá ar fáil agus is é a bheidh sa chinneadh tuiscint ar na leasanna éagsúla atá i gceist, agus iad á nglacadh ina n-iomláine. Áirítear ar na leasanna sin go príomha caomhnú chumas an Aontais agus a Bhallstát roghanna ceannasacha dlisteanacha a dhéanamh agus iad saor ó chomhéigean eacnamaíoch, agus gach leas eile de chuid an Aontais nó na mBallstát a bhaineann go sonrach leis an gcás, leasanna oibreoirí eacnamaíocha an Aontais, lena n-áirítear tionscail réamhtheachtacha agus iartheachtacha, agus leasanna thomhaltóirí deiridh an Aontais a ndéanann an comhéigean eacnamaíoch nó bearta freagartha de chuid an Aontais difear dóibh nó a bhféadfadh an comhéigean eacnamaíoch nó bearta freagartha de chuid an Aontais difear a dhéanamh dóibh.
Airteagal 10
Coinníollacha chun bearta freagartha de chuid an Aontais a chur i bhfeidhm maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha áirithe
Chun críocha Airteagal 8(3), an chéad fhomhír, pointe (b), féadfar a mheas go bhfuil duine nádúrtha nó dlítheanach bainteach nó nasctha le rialtas an tríú tír sna cásanna seo a leanas:
tá níos mó ná 50 % den leas cothromais sa duine dlítheanach sin faoi úinéireacht an rialtais sin, feidhmíonn sé go díreach nó go hindíreach níos mó ná 50 % de na cearta vótála ann, nó tá sé de chumhacht aige tromlach a stiúrthóirí a cheapadh nó a ghníomhartha a stiúradh go dlíthiúil ar shlí eile;
tairbhíonn an duine sin de chearta nó de phribhléidí eisiacha nó speisialta arna ndeonú le dlí nó le gníomh ag rialtas an tríú tír lena mbaineann, i gcás ina n-oibríonn sé in earnáil ina dteorannaíonn an rialtas sin líon na soláthróirí nó na gceannaitheoirí do cheann amháin nó níos mó, nó ina gceadaíonn an rialtas sin dó, go díreach nó go hindíreach, cleachtais a fheidhmiú lena ndéantar an iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh; nó
gníomhaíonn an duine sin go a bheag nó a mhór thar ceann rialtas an tríú tír lena mbaineann, nó faoi threoir nó faoi thionscnamh rialtas an tríú tír lena mbaineann.
I gcás ina bhfuil cúis ag an gCoimisiún lena chreidiúint go gcomhlíonann duine nádúrtha nó dlítheanach na critéir a leagtar amach in Airteagal 8(3), an chéad fhomhír, pointe (b), agus go bhfuil sé ag smaoineamh ar bhearta freagartha de chuid an Aontais a ghlacadh maidir leis an duine sin, cuirfidh sé an duine sin ar an eolas faoin méid seo a leanas:
na cúiseanna a gcreideann an Coimisiún go gcomhlíonann an duine sin na critéir sin;
na bearta freagartha de chuid an Aontais a bhfuil an Coimisiún ag smaoineamh ar iad a ghlacadh maidir leis an duine sin;
an fhéidearthacht don duine sin barúlacha a chur isteach, laistigh de thréimhse ama réasúnta, maidir le cibé acu a chomhlíonann an duine sin na critéir sin.
San fhógra sin, tabharfaidh an Coimisiún deis do pháirtithe leasmhara eile barúlacha a chur isteach.
Airteagal 11
Critéir chun bearta freagartha de chuid an Aontais a roghnú agus a cheapadh
Déanfaidh an Coimisiún bearta freagartha iomchuí an Aontais a roghnú agus a cheapadh ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear an fhaisnéis arna bailiú de bhun Airteagal 13, agus an cinneadh arna dhéanamh de bhun Airteagal 5, na critéir a leagtar amach in Airteagal 2(2), leas an Aontais a chinneadh de bhun Airteagal 9, agus aon ghníomhaíocht ábhartha de bhun chomhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais á gcur san áireamh chomh maith leis na critéir seo a leanas:
éifeachtacht na mbeart freagartha de chuid an Aontais chun scor den chomhéigean eacnamaíoch a spreagadh agus, i gcás ina n-iarrtar é, an díobháil a rinne sé don Aontas a leigheas;
tionchar diúltach orthu seo a leanas a sheachaint nó a íoslaghdú:
gníomhaithe an Aontais a ndéanann bearta freagartha de chuid an Aontais difear dóibh, i bhfianaise, inter alia, infhaighteacht roghanna malartacha do na gníomhaithe sin a ndéantar difear dóibh, amhail foinsí malartacha soláthair le haghaidh earraí nó seirbhísí;
an timpeallacht infheistíochta san Aontas nó i mBallstát, lena n-áirítear an tionchar ar fhostaíocht agus ar bheartas forbartha réigiúnaí;
tionchar diúltach ar chur chun cinn an fháis eacnamaíoch agus na fostaíochta a sheachaint nó a íoslaghdú trí chearta maoine intleachtúla a chosaint mar bhealach chun nuálaíocht agus geilleagar eolasbhunaithe a chur chun cinn san Aontas nó i mBallstát;
an acmhainneacht faoiseamh a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha an Aontais a ndearna an comhéigean eacnamaíoch difear dóibh;
éifeachtaí diúltacha na mbeart freagartha de chuid an Aontais ar bheartais nó ar chuspóirí an Aontais a sheachaint nó a íoslaghdú;
ualach díréireach riaracháin agus costais dhíréireacha a sheachaint agus na bearta freagartha de chuid an Aontais á gcur chun feidhme;
gurb ann d’aon bheart freagartha agus cineál aon bhirt freagartha arna achtú ag tríú tíortha a ndéanann an comhéigean eacnamaíoch céanna nó comhéigean eacnamaíoch comhchosúil difear dóibh, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, aon chomhordú de bhun Airteagal 7;
aon chritéir iomchuí eile arna mbunú leis an dlí idirnáisiúnta.
Agus bearta freagartha de chuid an Aontais á roghnú aige, tabharfaidh an Coimisiún tús áite do na bearta lena n-áirithítear ar an mbealach is éifeachtaí comhlíonadh na gcritéar a leagtar amach sa chéad fhomhír, pointí (a) agus (b).
Gan dochar do mhír 2, nuair a bheidh beart freagartha iomchuí á roghnú agus á cheapadh a dhéanfaidh difear do nós imeachta trína ndeonaíonn údarás poiblí san Aontas údaruithe, clárúcháin, ceadúnais nó cearta eile do dhuine nádúrtha nó dlítheanach chun críocha a ghníomhaíochtaí nó a gníomhaíochtaí tráchtála, breithneoidh an Coimisiún bearta freagartha de chuid an Aontais san ord ordlathach seo a leanas:
bearta a dhéanann difear do nósanna imeachta arna dtionscnamh tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(1);
i gcás nach bhfuil bearta dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo ar fáil, bearta a dhéanann difear do nósanna imeachta nach bhfuil curtha i gcrích go fóill ar theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(1).
I gcás nach bhfuil aon cheann de na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír indéanta, féadfaidh an Coimisiún, in imthosca eisceachtúla, bearta freagartha eile a bhreithniú, i gcás inar léiríodh, i bhfianaise na faisnéise agus na dtuairimí a bailíodh de bhun Airteagal 13, go n-áiritheofaí éifeachtacht leis na bearta eile sin, gan difear díréireach a dhéanamh do na tionscail réamhtheachtacha, do na tionscail iartheachtacha ná do na tomhaltóirí deiridh, laistigh den Aontas, ná gan ualach díréireach a fhorchur ar phróiseas riaracháin na rialachán náisiúnta ábhartha.
Agus beart freagartha de chuid an Aontais dá dtagraítear sa chéad fhomhír á roghnú agus á cheapadh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh leibhéal an chomhchuibhithe agus tabharfaidh sé tús áite do bhearta a dhéanann difear do nósanna imeachta a chuirtear i bhfeidhm ar bhonn uile-Aontais nó i réimse ina bhfuil dlí fairsing an Aontais ann.
Ní chuirfidh bearta freagartha de chuid an Aontais dá dtagraítear sa chéad fhomhír isteach ar chinntí riaracháin údaráis an Aontais agus údaráis na mBallstát atá bunaithe ar mheastóireacht ar fhianaise eolaíoch.
Féadfaidh an Coimisiún bearta freagartha den sórt sin de chuid an Aontais a ghlacadh i gcás ina mbeadh sé neamhleordhóthanach gan iad a chur i bhfeidhm maidir le seirbhísí den sórt sin arna soláthar nó le hinfheistíochtaí díreacha arna ndéanamh chun cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go héifeachtach, go háirithe i gcás ina bhféadfadh an tríú tír nó an duine lena mbaineann éifeacht bearta freagartha de chuid an Aontais a sheachaint nó teacht timpeall orthu.
Agus measúnú á dhéanamh aige ar cibé acu ba cheart bearta freagartha den sórt sin de chuid an Aontais a ghlacadh, breithneoidh an Coimisiún, inter alia, na critéir seo a leanas, i dteannta na gcritéar sin a leagtar amach i míreanna 1 agus 2:
patrúin na trádála i seirbhísí agus san infheistíocht san earnáil a bhfuiltear ag díriú uirthi leis na bearta freagartha de chuid an Aontais a shamhlaítear agus an riosca go seachnóidh an tríú tír nó an duine lena mbaineann aon bhearta freagartha de chuid an Aontais nach bhfuil feidhm acu maidir le seirbhísí arna soláthar, nó infheistíochtaí díreacha a rinneadh, laistigh den Aontas nó go ndéanfadh an tríú tír nó an duine lena mbaineann iarracht teacht timpeall orthu;
an rannchuidiú éifeachtach a d’fhéadfadh a bheith ag bearta freagartha de chuid an Aontais dá dtagraítear sa chéad fhomhír chun scor den chomhéigean eacnamaíoch a bhaint amach agus chun an díobháil don Aontas a leigheas;
gurb ann do bhearta malartacha a d’fhéadfadh an scor den chomhéigean eacnamaíoch agus an leigheas na díobhála don Aontas a fháil, ar bearta iad atá ar fáil go réasúnta agus nach bhfuil chomh sriantach céanna le trádáil seirbhísí nó le hinfheistíocht laistigh den Aontas.
Tabharfar údar cuí le glacadh beart freagartha de chuid an Aontais den sórt sin sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(1) i bhfianaise na gcritéar a leagtar amach sa mhír seo.
Airteagal 12
Bearta freagartha de chuid an Aontais a leasú, a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh
I gcás ina bhfuil comhaontú tugtha i gcrích ag an tríú tír agus an tAontas nó an Ballstát lena mbaineann, lena n-áirítear ar bhonn tairisceana ón tríú tír sin, chun an t-ábhar a chur faoi bhráid breithniú ceangailteach idirnáisiúnta tríú páirtí agus go gcuireann an tríú tír sin a comhéigean eacnamaíoch ar fionraí, cuirfidh an Coimisiún cur i bhfeidhm na mbeart freagartha de chuid an Aontais ar fionraí ar feadh fhad na n-imeachtaí breithniúcháin.
I gcás ina n-éilíonn cinneadh breithniúcháin nó réiteach leis an tríú tír go gcuirfidh an tríú tír chun feidhme iad, cuirfidh an Coimisiún cur i bhfeidhm na mbeart freagartha de chuid an Aontais ar fionraí ar choinníoll go bhfuil an tríú tír ag gabháil do chur chun feidhme an chinnidh breithniúcháin nó an réitigh sin.
Déanfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm beart freagartha de chuid an Aontais a chur ar fionraí nó a atosú i gcás inar gá i bhfianaise leas an Aontais arna chinneadh de bhun Airteagal 9, nó i gcás inar gá, chun rannpháirtíocht leanúnach a éascú de bhun Airteagal 6(3) tar éis bearta freagartha de chuid an Aontais a ghlacadh,
Is trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a dhéanfaidh an Coimisiún beart freagartha de chuid an Aontais a chur i bhfeidhm an athuair nó a chur ar fionraí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).
Déanfaidh an Coimisiún bearta freagartha de chuid an Aontais a fhoirceannadh in aon cheann de na himthosca seo a leanas:
scoireadh den chomhéigean eacnamaíoch agus, i gcás ina bhfuil cinneadh déanta ag an gComhairle leigheas na díobhála don Aontas a iarraidh de bhun Airteagal 5(10), rinneadh an díobháil don Aontas a leigheas;
scoireadh den chomhéigean eacnamaíoch, ach níl an díobháil don Aontas leigheasta ag an tríú tír d’ainneoin gur chinn an Chomhairle leigheas na díobhála don Aontas a iarraidh de bhun Airteagal 5(10), ach amháin más gá na bearta freagartha de chuid an Aontais a choinneáil ar bun chun cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú, agus imthosca uile an cháis á gcur san áireamh;
thángthas ar réiteach arna chomhaontú ar bhonn frithpháirteach;
ceanglaítear le cinneadh ceangailteach arna ghlacadh mar chuid de bhreithniú idirnáisiúnta tríú páirtí inar cumhdaíodh ábhar an chomhéigin eacnamaíoch gur gá an beart freagartha de chuid an Aontais a fhoirceannadh; nó
is iomchuí an beart freagartha de chuid an Aontais a fhoirceannadh i bhfianaise leas an Aontais arna chinneadh de bhun Airteagal 9.
Déanfaidh an Coimisiún an beart freagartha de chuid an Aontais a fhoirceannadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 18(3) agus leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu ar feadh tréimhse nach faide ná 2 mhí.
Airteagal 13
Bailiú faisnéise a bhaineann le bearta freagartha de chuid an Aontais
Luafar san fhógra an dáta faoina mbeidh an fhaisnéis agus na tuairimí curtha isteach.
Féadfaidh an Coimisiún tús a chur le bailiú na faisnéise agus na dtuairimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír tráth ar bith is iomchuí leis.
Gan moill mhíchuí a chur ar ghlacadh bhearta freagartha de chuid an Aontais, sainaithneoidh an Coimisiún roghanna féideartha do bhearta freagartha de chuid an Aontais a d’fhéadfadh a bheith ann agus, lorgóidh sé faisnéis agus tuairimí maidir leis an méid seo a leanas go háirithe:
tionchar na mbeart sin ar ghníomhaithe tríú tír agus ar a n-iomaitheoirí, a gcomhpháirtithe gnó nó a gcliaint laistigh san Aontas, agus ar úsáideoirí, tomhaltóirí deiridh nó fostaithe laistigh den Aontas;
idirghníomhú na mbeart sin le reachtaíocht ábhartha na mBallstát;
an t-ualach riaracháin a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar na bearta sin;
Nuair a bheidh dréachtghníomh cur chun feidhme á chur faoi bhráid an Choiste ag an gCoimisiún i gcomhthéacs an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2), soláthróidh sé anailís ar na bearta atá beartaithe agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu.
Áireofar san anailís sin measúnú críochnúil ar an tionchar ar thionscail réamhtheachtacha agus iartheachtacha agus ar thomhaltóirí deiridh laistigh den Aontas agus, más ábhartha, cuirfear in iúl aon tionchar díréireach a d’fhéadfadh a bheith ann.
Airteagal 14
Pointí teagmhála aonair
Airteagal 15
Rúndacht
Cuirfear leas dlisteanach na bpáirtithe lena mbaineann, is é sin nach nochtfaí aon fhaisnéis rúnda, san áireamh agus nochtadh faisnéise ginearálta den sórt sin á dhéanamh.
Airteagal 16
Rialacha tionscnaimh agus náisiúntachta
Airteagal 17
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 18
An nós imeachta coiste
I gcás nach dtugann an Coiste aon tuairim, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 19
Tuairisciú agus athbhreithniú
I bhfianaise na faisnéise a fuarthas, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle a iarraidh, i gcás inarb iomchuí, ar an gCoimisiún tuairimí a mhalartú.
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a tuairimí a chur in iúl trí aon mhodh iomchuí.
Sa tuarascáil mheastóireachta, déanfar scrúdú ar éifeachtacht agus oibriú na mbeart freagartha de chuid an Aontais, agus, i gcás inarb iomchuí, tiocfar ar chonclúidí chun críocha beart freagartha de chuid an Aontais amach anseo agus maidir leis an athbhreithniú ar an Rialachán seo de bhun mhír 3.
Airteagal 20
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
Bearta freagartha de chuid an Aontais de bhun Airteagal 8
1. Dleachtanna custaim nua nó méadaithe a fhorchur, lena n-áirítear athbhunú dleachtanna custaim ar leibhéal na náisiún barrfhabhair nó dleachtanna custaim a fhorchur thar leibhéal na náisiún barrfhabhair, nó aon mhuirear breise ar allmhairiú nó ar onnmhairiú earraí a thabhairt isteach, arb é a d’fhéadfadh a bheith ann, de réir mar is gá, neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí idirnáisiúnta is infheidhme maidir le haon lamháltais taraife;
2. Srianta a thabhairt isteach nó a mhéadú ar allmhairiú nó onnmhairiú earraí, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, earraí a chuirtear faoi réir rialú onnmhairí, bíodh na srianta sin curtha i bhfeidhm le cuóta, le ceadúnais allmhairiúcháin nó onnmhairiúcháin nó le haon bhearta eile, nó ar srianta ar íocaíocht as earraí a thabhairt isteach nó a mhéadú, arb é a d’fhéadfadh a bheith ann, de réir mar is iomchuí, neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí idirnáisiúnta is infheidhme;
3. Srianta a thabhairt isteach ar thrádáil in earraí, srianta arna gcur i bhfeidhm trí bhearta a mbeadh feidhm acu maidir le hearraí faoi bhealach nó bearta inmheánacha a mbeadh feidhm acu maidir le hearraí, arb é a d’fhéadfadh a bheith ann, de réir mar is iomchuí, neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí idirnáisiúnta is infheidhme.
4. Na bearta seo a leanas, arb é a d’fhéadfadh a bheith iontu, de réir mar is gá, neamhchomhlíonadh oibleagáidí idirnáisiúnta is infheidhme a fhionraí, oibleagáidí a bhaineann leis an gceart bheith rannpháirteach i nósanna imeachta soláthair i réimse an tsoláthair phoiblí:
earraí, seirbhísí nó soláthraithe earraí nó seirbhísí an tríú tír lena mbaineann a eisiamh ó sholáthar poiblí nó tairiscintí ar mó a luach iomlán ná 50 % d’earraí nó de sheirbhísí de thionscnamh an tríú tír lena mbaineann a eisiamh ó sholáthar poiblí, mura bhfuil gá le céatadán níos ísle i bhfianaise imthosca eisceachtúla an cháis, agus ar choinníoll nach gcumhdaítear an céatadán atá fágtha d’earraí nó de sheirbhísí le gealltanais an Aontais faoin Chomhaontú maidir le Soláthar Rialtais a tugadh i gcrích laistigh den Eagraíocht Domhanda Trádála nó faoi chomhaontú eile maidir le soláthar poiblí arna thabhairt i gcrích idir an tAontas tríú tír seachas an tríú tír lena mbaineann; nó
coigeartú scóir ( 1 ) a fhorchur ar thairiscintí earraí nó seirbhísí an tríú tír lena mbaineann nó ar thairiscintí de sholáthróirí earraí nó seirbhísí ón tríú tír lena mbaineann.
5. Bearta a dhéanann difear do thrádáil in seirbhísí a fhorchur, arb é a d’fhéadfadh a bheith ann, de réir mar is iomchuí, neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí idirnáisiúnta is infheidhme a fhionraí i ndáil le trádáil i seirbhísí.
6. Bearta a dhéanann difear don rochtain ag infheistíocht dhíreach choigríche ar an Aontas a fhorchur, arb é a d’fhéadfadh a bheith ann, de réir mar is gá, neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí idirnáisiúnta is infheidhme;
7. Srianta a fhorchur ar chosaint ceart maoine intleachtúla nó ar shaothrú tráchtála na gceart maoine intleachtúla sin, i ndáil le sealbhóirí cirt ar náisiúnaigh iad den tríú tír lena mbaineann, arb é a d’fhéadfadh a bheith ann, de réir mar is gá, neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí idirnáisiúnta is infheidhme i ndáil le gnéithe de chearta maoine intleachtúla a bhaineann le trádáil.
8. Srianta a fhorchur ar bhaincéireacht, ar árachas, ar rochtain ar mhargaí caipitil an Aontais agus ar ghníomhaíochtaí eile seirbhíse airgeadais, arb é a d’fhéadfadh a bheith ann, de réir mar is gá, neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí idirnáisiúnta is infheidhme i ndáil le seirbhísí airgeadais.
9. Srianta a thabhairt isteach nó a mhéadú maidir leis an bhféidearthacht earraí a thagann faoi ghníomhartha dlí an Aontais maidir le ceimiceáin a chur ar mhargadh an Aontais, arb é a d’fhéadfadh a bheith ann, de réir mar is gá, neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí idirnáisiúnta is infheidhme;
10. Srianta a thabhairt isteach nó a mhéadú maidir leis an bhféidearthacht earraí a thagann faoi ghníomhartha dlí an Aontais maidir le sláintíocht agus fíteashláintíocht a chur ar mhargadh an Aontais, arb é a d’fhéadfadh a bheith ann, de réir mar is gá, neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí idirnáisúnta is infheidhme.
IARSCRÍBHINN II
Rialacha Tionscnaimh agus Náisiúntachta
1. Déanfar tionscnamh earra a chinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ).
2. Cinnfear tionscnamh seirbhíse, lena n-áirítear seirbhís a sholáthraítear i réimse an tsoláthair phoiblí, ar bhonn náisiúntacht an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a bhfuil an tseirbhís á soláthar aige.
Measfar gurb é a bheidh i náisiúntacht soláthraí seirbhíse:
i gcás duine nádúrtha, an tír ar náisiúnach di an duine nó an tír a bhfuil ceart buanchónaithe ag an duine inti;
i gcás duine dhlítheanaigh aon cheann díobh seo a leanas:
má sholáthraítear an tseirbhís ar bhealach seachas trí láithreacht tráchtála laistigh den Aontas, an tír ina bhfuil an duine dlítheanach bunaithe nó ina bhfuil sé curtha ar bun ar shlí eile faoi dhlíthe na tíre sin agus a bhfuil sé ag gabháil d'oibríochtaí substainteacha gnó ar a críoch;
má sholáthraítear an tseirbhís trí láithreacht tráchtála laistigh den Aontas,
má tá an duine dlítheanach ag gabháil d’oibríochtaí substainteacha gnó i gcríoch an Bhallstáit ina bhfuil an duine dlítheanach bunaithe sa dóigh is go bhfuil baint dhíreach agus éifeachtach aige le geilleagar an Bhallstáit sin, an Ballstát ina bhfuil sé bunaithe nó, má tá feidhm ag bearta freagartha de chuid an Aontais maidir leis an duine sin, náisiúntacht nó áit bhuanchónaithe an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh nó na ndaoine ar leo an duine dlítheanach nó a rialaíonn an duine dlítheanach san Aontas;
mura bhfuil an duine dlítheanach a sholáthraíonn an tseirbhís ag gabháil d’oibríochtaí substainteacha gnó sa dóigh is go bhfuil baint dhíreach agus éifeachtach aige le geilleagar an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe, measfar gur tionscnamh na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil an duine dlítheanach faoina n-úinéireacht nó faoina rialú tionscnamh an duine dhlítheanaigh sin..
Measfar go bhfuil an duine dlítheanach ‘faoi úinéireacht’ daoine de chuid tíre áirithe má tá níos mó ná 50 % dá leas cothromais faoi úinéireacht thairbhiúil daoine den tír sin agus measfar go bhfuil sé ‘faoi rialú‘ ag daoine de chuid tíre áirithe, má tá sé de chumhacht ag na daoine sin tromlach de na stiúrthóirí a ainmniú nó a ghníomhaíochtaí a stiúradh go dlíthiúil ar bhealach eile.
3. Is é a bheidh i náisiúntacht infheistíochta:
má tá an infheistíocht ag gabháil d’oibríochtaí substainteacha gnó i gcríoch an Bhallstáit ina bhfuil an infheistíocht bunaithe sa dóigh is go bhfuil baint dhíreach agus éifeachtach aici le geilleagar an Bhallstáit sin, náisiúntacht an Bhallstáit ina bhfuil sí nó, má tá feidhm ag bearta freagartha de chuid an Aontais maidir leis an duine nádúrtha nó dhlítheanach ar leo an infheistíocht sin san Aontais nó a rialaíonn an infheistíocht sin san Aontas, náisiúntacht nó áit bhuanchónaithe an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh sin;
mura bhfuil an infheistíocht ag gabháil d’oibríochtaí substainteacha gnó sa dóigh is go bhfuil baint dhíreach agus éifeachtach aici le geilleagar an Bhallstáit ina bhfuil sí bunaithe, náisiúntacht an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh ar leis nó léi an infheistíocht nó a rialaíonn an infheistíocht sin.
Measfar go bhfuil an infheistíocht ‘faoi úinéireacht’ daoine de chuid tíre áirithe má tá níos mó ná 50 % dá leas cothromais faoi úinéireacht thairbhiúil daoine den tír sin agus measfar go bhfuil sí ‘faoi rialú’ ag daoine de chuid tíre áirithe, má tá sé de chumhacht ag na daoine sin tromlach de na stiúrthóirí a ainmniú nó a gníomhaíochtaí a stiúradh go dlíthiúil ar bhealach eile;
4. Maidir le gnéithe de chearta maoine intleachtúla a bhaineann le trádáil, tuigfear an téarma ‘náisiúnaigh’ sa chiall chéanna agus a úsáidtear é i mír 3 d’Airteagal 1 de Chomhaontú EDT maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (TRIPS) agus leasuithe a dhéanfar air amach anseo.
Rinneadh dhá ráiteas maidir leis an Rialachán seo agus is féidir teacht orthu in IO C, C/2023/1340, 7.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1340/oj agus ag an nasc seo a leanas IO C, C/2023/1341, 7.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1341/oj.
( 1 ) Ciallaíonn ‘coigeartú scóir’ oibleagáid a chur ar údaráis chonarthacha nó ar eintitis chonarthacha atá i mbun nósanna imeachta soláthair phoiblí laghdú réasúnta a dhéanamh, faoi réir eisceachtaí áirithe, ar scór tairisceana de thoradh a meastóireachta, ar bhonn na gcritéar dámhachtana conartha a shainítear sna doiciméid ábhartha soláthair phoiblí, de réir céatadán áirithe. I gcásanna inarb é an praghas nó an costas an t-aon chritéar dámhachtana conartha, ciallaíonn an coigeartú scóir an méadú coibhneasta, chun críche meastóireacht a dhéanamh ar thairiscintí, le céatadán áirithe den phraghas atá á thairiscint ag tairgeoir;
( 2 ) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).