02023R2623 — GA — 01.01.2024 — 001.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/2623 ÓN gCOIMISIÚN an 22 Lúnasa 2023 (IO L 2623 22.11.2023, lch. 1) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1388 ÓN gCOIMISIÚN an 11 Márta 2024 |
L 1388 |
1 |
22.5.2024 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/2623 ÓN gCOIMISIÚN
an 22 Lúnasa 2023
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/472 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí mhionsonraí na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás iascaigh áirithe in Uiscí an Iarthair a shonrú le haghaidh na tréimhse 2024–2027
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Sainmhínithe
Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
Ciallaíonn ‘painéal Pléimeannach’ an chuid eangaí barrchaolaithe deiridh de thrál bíoma lena ngabhann na nithe seo a leanas:
Ciallaíonn ‘painéal Seltra’ gaireas roghnaíochta lena ngabhann na nithe seo a leanas:
Ciallaíonn ‘gaireas líonghreille roghnaíochta’ gaireas roghnaíochta ag a bhfuil roinn ceithre phainéal arna cur isteach i dtrál dhá phainéal ag a bhfuil leathán claonta de líontán mogaill muileatach ag a bhfuil mogallmhéid 200 mm ar a laghad, rud a fhágann go bhfuil poll éalaithe ar bharr an tráil;
Ciallaíonn ‘líonghreille CEFAS’ gaireas roghnaíochta Líonghreille arna fhorbairt ag an Lárionad Comhshaoil, Iascaigh agus Eolaíochta Dobharshaothraithe le haghaidh gabhálacha chloicheán Bhá Bhaile Átha Cliath i Muir Éireann;
Ciallaíonn ‘trál flapa’ trál atá feistithe le greille líontáin arna forbairt chun gabháil trosc, cadóg agus faoitíní in iascaigh ghliomach na hIorua a laghdú;
Ciallaíonn ‘téad frithchloch’ modhnú trealaimh ar thráil bhíoma ghrinnill chun cuidiú le cosc a chur ar chlocha agus bolláin dul isteach sa trál agus damáiste a dhéanamh do threalamh agus do ghabhálacha araon;
Ciallaíonn ‘painéal scaoilte beantóis’ painéal de mhogall mór nó painéal d’eangach mogaill chearnógaigh atá feistithe ar an bpainéal íochtair de thrál, trál bíoma de ghnáth, chun aon ábhar beantach agus smionagar ar ghrinneall na farraige a scaoileadh saor sula dtéann sé isteach sa soc-fhoirceann;
Ciallaíonn ‘Crios Cosanta na Mara Ceiltí’ na huiscí laistigh de ranna 7f, 7g ICES agus an chuid de 7j atá lastuaidh de dhomhanleithead 50°T agus lastoir de 11°I.
Ciallaíonn ‘Voracera’ líne duáin meicnithe a dheartar agus a dhéantar go háitiúil, a úsáideann an cabhlach ar mionscála a dhíríonn ar dheargáin i nDeisceart na Spáinne i roinn 9a ICES.
Airteagal 2
An oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme
In Uiscí an Iarthuaiscirt (folimistéir 5 ICES (seachas roinn 5a agus uiscí an Aontais amháin i roinn 5b), 6 agus 7) agus Uiscí an Iardheiscirt (folimistéir 8, 9 agus 10 ICES (na huiscí timpeall ar na hAsóir), agus criosanna 34.1.1, 34.1.2 agus 34.2.0 CECAF (uiscí timpeall ar Mhaidéara agus ar na hOileáin Chanáracha), beidh feidhm ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír dá bhforáiltear in Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 in iascaigh ghrinnill agus pheiligeacha i gcomhréir leis an Rialachán sin le haghaidh na tréimhse 2024–2027.
CAIBIDIL II
DÍOLÚINTÍ INMHARTHANACHTA IN UISCÍ AN IARTHUAISCIRT
Airteagal 3
Díolúine inmharthanachta maidir le gliomach na hIorua
Beidh feidhm ag an díolúine inmharthanachta dá bhforáiltear in Airteagal 15(4), pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leo seo a leanas:
Gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) a ghabhtar i bpotaí, i ngaistí nó i gcléibh (cóid trealaimh ( 1 ): FPO, FIX agus FYK), i bhfolimistéir 6 agus 7 ICES;
Gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) a ghabhtar le tráil ghrinnill (OTT, OTB, TBS, TBN, TB, PTB, OT, PT, TX) ag a bhfuil mogallmhéid 100 mm nó níos mó i bhfolimistéar 7 ICES;
Gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) a ghabhtar i bhfolimistéar 7 ICES, le tráil ghrinnill (OTT, OTB, TBS, TBN, TB, PTB, OT, PT, TX) ag a bhfuil mogallmhéid idir 70 agus 99 mm i gcomhcheangal le roghanna trealaimh ardroghnaíoch, mar a leagtar amach i míreanna 2 agus 3;
Gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) a ghabhtar le tráil dobharchú (OTT, OTB, TBS, TBN, TB, PTB, OT, PT, TX) ag a bhfuil mogallmhéid idir 80 mm agus 110 mm i roinn 6a ICES laistigh de dhá mhuirmhíle dhéag ón gcósta.
Airteagal 4
Díolúine inmharthanachta maidir leis an sól coiteann
Beidh feidhm ag an díolúine inmharthanachta dá bhforáiltear in Airteagal 15(4)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir le gabhálacha sól coiteann (Solea solea) atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe laistigh de shé mhuirmhíle ón gcósta ach lasmuigh d’iasclanna a sainaithníodh:
i roinn 7d ICES, a ghabhtar le trealamh tráil dobharchú (OTT, OTB, TBS, TBN, TB, PTB, OT, PT, TX) ag a bhfuil mogallmhéid soc-fhoircinn 80 go 99 mm, agus
i roinn 7e ICES, a ghabhtar le trealamh tráil dobharchú (OTB) ag a bhfuil mogallmhéid soc-fhoircinn 80 go 99 mm, ag soithí faoi bhun 12 mhéadar.
Airteagal 5
Díolúine inmharthanachta maidir le sciataí agus roic
Airteagal 6
Díolúine inmharthanachta maidir leis an leathóg
Beidh feidhm ag an díolúine inmharthanachta dá bhforáiltear in Airteagal 15(4), pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir le leathóga (Pleuronectes platessa) a ghabhtar sna háiteanna seo a leanas:
Ranna 7d go 7g ICES le traimlí (GTR, GTN, GEN, GN);
Ranna 7d go 7g ICES le tráil dobharchú (OTT, OTB, TBS, TBN, TB, PTB, OT, PT, TX);
Ranna 7a go 7g ICES ag soithí ag a bhfuil inneall uasta níos mó ná 221 kW, agus a úsáideann tráil bhíoma (TBB) a bhfuil téad frithchloch nó painéal scaoilte beantóis feistithe orthu;
Ranna 7a go 7g ICES ag soithí a úsáideann tráil bhíoma (TBB), ag a bhfuil uaschumhacht innill 221 kW nó 24 mhéadar ar fad uasta, a thógtar chun iascaireacht a dhéanamh laistigh de 12 mhuirmhíle ón gcósta agus ar lú ná 90 nóiméad a meán-agaí tarraingthe;
Roinn 7d ICES le saighní Danmhargacha (cód trealaimh: SDN);
Ranna 7b go 7k ICES le saighní (SSC).
Airteagal 7
Díolúine inmharthanachta maidir le speicis a ghabhtar le potaí, gaistí agus cléibh
Airteagal 8
Díolúine inmharthanachta maidir le speicis pheiligeacha
An díolúine inmharthanachta dá bhforáiltear in Airteagal 15(4), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, beidh feidhm aici maidir le gabhálacha ronnach (Scomber scombrus) agus gabhálacha scadán (Clupea harengus) a ghabhtar sna hiascaigh peaslíonta saighne i bhfolimistéar 6 ICES, má chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
scaoilfear saor an ghabháil sula ndúntar an céatadán áirithe den pheaslíon saighne a leagtar amach i míreanna 2 agus 3 (pointe aisghabhála);
tá an trealamh peaslín saighne feistithe le baoithe infheicthe lena marcáltar go soiléir an teorainn atá leis an bpointe aisghabhála;
tá an soitheach agus an trealamh peaslín saighne feistithe le córas leictreonach lena ndéantar taifead agus doiciméadú maidir leis an uair a rinneadh an peaslíon saighne a tharraing le haghaidh na n-oibríochtaí iascaireachta uile, áit a ndearnadh é agus a mhéid a rinneadh é.
CAIBIDIL III
DÍOLÚINTÍ INMHARTHANACHTA IN UISCÍ AN IARDHEISCIRT
Airteagal 9
Díolúine inmharthanachta maidir le gliomach na hIorua
Airteagal 10
Díolúine inmharthanachta maidir le sciataí agus roic
Airteagal 11
Díolúine inmharthanachta maidir leis an deargán
Airteagal 12
Díolúine inmharthanachta maidir leis an ainseabhaí, leis an mbolmán agus leis an ronnach
Beidh feidhm ag an díolúine inmharthanachta dá bhforáiltear in Airteagal 15(4), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir le gabhálacha ainseabhaithe (Engraulis encrasicolus), bolmán (Trachurus spp) agus ronnach (Scomber scombrus) in iascaigh peaslín saighne (PS), ar choinníoll nach dtógtar an eangach ar bord go hiomlán.
CAIBIDIL IV
DÍOLÚINTÍ DE MINIMIS IN UISCÍ AN IARTHUAISCIRT
Airteagal 13
Díolúintí de minimisin Uiscí an Iarthuaiscirt
De mhaolú ar Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, féadfar na cainníochtaí seo a leanas a aischur in Uiscí an Iarthuaiscirt de bhun Airteagal 15(5), pointe (c) den Rialachán sin, faoi réir míreanna 2 go 7 den Rialachán sin:
maidir leis an bhfaoitín (Merlangius merlangus), suas le huasmhéid 3 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann tráil ghrinnill agus saighní a bhfuil mogallmhéid acu atá cothrom le nó níos mó ná 80 mm (OTB, OTT, OT, PTB, PT, SSC, SDN, SPR, SX, SV, TBN, TBS, TB, TX), tráil pheiligeacha (OTM, PTM) agus tráil bhíoma (BT2) a bhfuil mogallmhéid 80 go 119 mm acu i ranna 7d agus 7e ICES;
maidir leis an sól coiteann (Solea solea), suas le huasmhéid 3 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann traimil agus eangacha geolbhaigh (GN, GNS, GND, GNC, GTN, GTR, GEN, GNF) chun sól coiteann a ghabháil i ranna 7d go 7g ICES;
maidir leis an sól coiteann (Solea solea), suas le huasmhéid 3 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann tráil bhíoma (TBB) ag a bhfuil mogallmhéid 80 go 119 mm, atá feistithe le painéal Pléimeannach, chun sól coiteann a ghabháil i ranna 7d go 7h, 7j agus 7k ICES;
maidir le cadóg (Melanogrammus aeglefinus), suas le huasmhéid 5 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin a ghabhtar i ranna 7b, 7c agus 7e go 7k ICES:
ag soithí a úsáideann mogallmhéid 100 mm nó níos mó do gach trál grinnill, saighní (OTB, OTT, OT, PTB, PT, SSC, SDN SPR, SX, SV, TBN, TBS, TB, TX) nach mó ná 30 % dá ngabhálacha gliomach na hIorua agus gan tráil bhíoma a chur san áireamh,
ag soithí a úsáideann mogallmhéid 80 mm nó níos mó agus ar Gliomaigh na hIorua níos mó ná 30 % dá ngabhálacha,
ag soithí a úsáideann tráil bhíoma a úsáideann mogallmhéideanna 80 mm nó níos mó i gcomhar le húsáid painéil Phléimeannaigh;
Beidh feidhm ag an díolúine sin ar choinníoll go bhfuil feidhm ag na forálacha a leagtar síos i bpointe 1.3.2 de Chuid B d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241.
maidir le torciasc (Caproidae), suas le huasmhéid 0,5 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin maidir le gach trealamh sna limistéir sin, a ghabhann soithí a úsáideann tráil ghrinnill (OTT, OTB, TBS, TBN, TB, PTB) i ranna 7b, 7c agus 7f go 7k de ICES;
maidir le scoilteán (Lepidorhombus spp.) atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe, suas le huasmhéid 4 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann tráil bhíoma (TBB) ag a bhfuil mogallmhéid 80 go 119 mm (BT2) i bhfolimistéar 7 ICES; agus a úsáideann tráil ghrinnill (OTT, OTB, TBS, TBN, TB, PTB, OT, PT, TX) faoi na coinníollacha seo a leanas:
i ranna 7f, 7g, an chuid de roinn 7h lastuaidh de dhomhanleithead 49° 30′ Tuaisceart agus an chuid de roinn 7j lastuaidh de dhomhanleithead 49° 30′ Tuaisceart agus lastoir de dhomhanfhad 11° Iarthar de ICES, le haghaidh soithí TR2 ar faoitíní iad níos mó ná 55 % dá ngabhálacha nó ar láimhínigh, colmóirí nó scoilteáin le chéile iad níos mó ná 55 % dá ngabhálacha;
i bhfolimistéar 7 ICES, lasmuigh den limistéar thuasluaite, le haghaidh soithí TR2.
maidir leis an sól coiteann (Solea solea), suas le huasmhéid 3 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin a ghabhann soithí a úsáideann tráil bhíoma ag a bhfuil mogallmhéid 80 go 119 mm (BT2) le roghnaíocht mheádaithe (painéal Pléimeannach) i ranna 7a ICES;
maidir leis an airgintín mór (Argentina silus), suas le 0,6 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin ó gach trealamh sna limistéir sin, a ghabhann soithí a úsáideann tráil ghrinnill (OTT, OTB, TBS, TBN, TB, PTB, OT, PT, TX) ag a bhfuil mogallmhéid 100 mm nó níos mó (TR1) i roinn 5b ICES (uiscí an Aontais) agus i bhfolimistéar 6;
maidir leis an mbolmán (Trachurus spp.), suas le huasmhéid 3 % de na foghabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin, a ghabhtar in iascaigh mheasctha ghrinnill, ag soithí a úsáideann tráil ghrinnill, saighní agus tráil bhíoma (OTB, OTT, OT, PTB, PT, SSC, SDN, SPR, SX, SV, TBB, TBN, TBS, TB, TX) i bhfolimistéar 6 ICES agus ranna 7b go 7k;
maidir leis an ronnach (Scomber scombrus), suas le huasmhéid 3 % de na foghabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin, a ghabhtar in iascaigh mheasctha ghrinnill, ag soithí a úsáideann tráil ghrinnill, saighní agus tráil bhíoma (OTB, OTT, OT, PTB, PT, SSC, SDN, SPR, SX, SV, TBB, TBN, TBS, TB, TX) i bhfolimistéar 6 ICES agus ranna 7b go 7k;
maidir leis an bhfaoitín gorm (Micromesistius poutassou), suas le huasmhéid 5 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin san iascach ina bhfuil trálaer peiligeach tionsclaíoch a dhíríonn ar an speiceas sin i bhfolimistéir 6 agus 7 ICES agus i roinn 5b, agus an speiceas sin a phróiseáil ar bord chun bonn suiréime a dhéanamh;
maidir leis an ronnach (Scomber scombrus), leis an mbolmán (Trachurus spp.) agus leis an bhfaoitín (Merlangius merlangus), suas le husamhéid 1 % de na gabhálacha bliantúla iomlána san iascach peiligeach ina bhfuil trálaeir pheiligeacha suas le 25 mhéadar ar fad san iomlán, a úsáideann trál meánuisce (OTM agus PTM), agus a dhíríonn ar ronnach, bolmán agus scadán i roinn 7d ICES.
CAIBIDIL V
DÍOLÚINTÍ DE MINIMIS IN UISCÍ AN IARDHEISCIRT
Airteagal 14
Díolúintí de minimis in Uiscí an Iardheiscirt
De mhaolú ar Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, féadfar na cainníochtaí seo a leanas a aischur in Uiscí an Iardheiscirt de bhun Airteagal 15(5), pointe (c) den Rialachán sin:
maidir leis an gcolmóir (Merluccius merluccius), suas le huasmhéid 5 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin ag soithí a úsáideann tráil agus saighní (OTM, PTM, OTT, OTB, PTB, OT, PT, TBN, TBS, TX, SSC, SPR, TB, SDN, SX, SV) i bhfolimistéir 8 agus 9 ICES;
maidir leis an sól coiteann (Solea solea), suas le huasmhéid 5 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin ag soithí a úsáideann tráil pheiligeacha, tráil bhíoma agus tráil ghrinnill (OTM, PTM, OTB, OTT, PTB, TBN, TBS, TBB, OT, PT, TX) i ranna 8a agus 8b ICES;
maidir leis an sól coiteann (Solea solea), suas le huasmhéid 3 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin ag soithí a úsáideann traimlí agus eangacha geolbhaigh (GNS, GN, GND, GNC, GTN, GTR, GEN) i ranna 8a agus 8b ICES;
maidir le halfainsíní (Beryx spp.), suas le huasmhéid 5 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin ag soithí a úsáideann duáin agus doruithe (LHP, LHM, LLS, LLD) i bhfolimistéar 10 ICES;
maidir leis an mbolmán (Trachurus spp.), suas le huasmhéid 5 % de na gabhálacha bliantúla iomlána de ghabhálacha bolmán ag soithí a úsáideann tráil bhíoma, tráil ghrinnill agus saighní (OTB, OTT, PTB, TBN, TBS, TBB, OT, PT, TX, SSC, SPR, SDN, SX, SV) i bhfolimistéir 8 agus 9 ICES;
maidir leis an mbolmán (Trachurus spp.), suas le huasmhéid 3 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin ag soithí a úsáideann eangacha geolbhaigh (GNS, GND, GNC, GTR, GTN) i bhfolimistéir 8, 9 agus 10 ICES agus limistéir 34.1.1, 34.1.2 agus 34.2.0 CECAF;
maidir leis an ronnach (Scomber scombrus), suas le huasmhéid 5 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin ag soithí a úsáideann tráil bhíoma, tráil ghrinnill agus saighní (OTB, OTT, PTB, TBN, TBS, TBB, OT, PT, TX, SSC, SPR, SDN, SX, SV) i bhfolimistéir 8 agus 9 ICES;
maidir leis an ronnach (Scomber scombrus), suas le huasmhéid 3 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin ag soithí a úsáideann eangacha geolbhaigh (GNS, GND, GNC, GTR, GTN) i bhfolimistéir 8 agus 9 ICES agus limistéir 34.1.1, 34.1.2 agus 34.2.0 CECAF;
maidir leis an scoilteán (Lepidorhombus spp.), suas le huasmhéid 5 % de na gabhálacha bliantúla iomlána de scoilteáin ag soithí a úsáideann tráil bhíoma, tráil ghrinnill agus saighní (OTB, OTT, PTB, TBN, TBS, TBB, OT, PT, TX, SSC, SPR, SDN, SX, SV) i bhfolimistéir 8 agus 9 ICES;
maidir leis an scoilteán (Lepidorhombus spp.), suas le huasmhéid 4 % de na gabhálacha bliantúla iomlána de na speicis sin ag soithí a úsáideann eangacha geolbhaigh (GNS, GND, GNC, GTR, GTN) i bhfolimistéir 8 agus 9 ICES;
maidir leis an láimhíneach (Lophiidae), suas le huasmhéid 5 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin ag soithí a úsáideann tráil bhíoma, tráil ghrinnill agus saighní (OTB, OTT, PTB, TBN, TBS, TBB, OT, PT, TX, SSC, SPR, SDN, SX, SV) i bhfolimistéir 8 agus 9 ICES;
maidir leis an láimhíneach (Lophiidae), suas le huasmhéid 4 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin ag soithí a úsáideann eangacha geolbhaigh (GNS, GND, GNC, GTR, GTN) i bhfolimistéir 8 agus 9 ICES;
maidir leis an bhfaoitín (Merlangius merlangus), suas le huasmhéid 4 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin ag soithí a úsáideann eangacha geolbhaigh (GNS, GND, GNC, GTR, GTN) i bhfolimistéar 8 ICES;
maidir leis an ainseabhaí (Engraulis encrasicolus), suas le huasmhéid 5 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin ag soithí a úsáideann tráil bhíoma, tráil ghrinnill agus saighní (OTT, OTB, PTB, OT, PT, TBN, TBS, TX, SSC, SPR, TB, TBB, SDN, SX, SV) i bhfolimistéir 8 agus 9 ICES;
maidir leis an deargán (Pagellus bogaraveo), suas le huasmhéid 5 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin ag soithí a úsáideann tráil bhíoma, tráil ghrinnill agus saighní (OTT, OTB, PTB, OT, PT, TBN, TBS, TX, SSC, SPR, TB, TBB, SDN, SX, SV) i gcuid Mhurascaill Cádiz d’fholimistéar 9a ICES;
maidir leis an sól (Solea spp.), suas le huasmhéid 1 % de na gabhálacha bliantúla iomlána de na speicis sin ag soithí a úsáideann tráil bhíoma, tráil ghrinnill agus saighní (OTT, OTB, PTB, OT, PT, TBN, TBS, TX, SSC, SPR, TB, TBB, SDN, SX, SV) i gcuid Mhurascaill Cádiz d’fholimistéar 9a ICES.
maidir leis an bhfaoitín gorm (Micromesistius poutassou), suas le huasmhéid 5 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin san iascach ina bhfuil trálaer peiligeach tionsclaíoch a dhíríonn ar fhaoitíní gorma i bhfolimistéar 8 ICES agus a úsáideann tráil mheánuisce (OTM) agus tráil láruisce dhá bhád (PTM) agus a phróiseálann an speiceas sin ar bord chun bonn suiréime a dhéanamh;
maidir leis an ainseabhaí (Engraulis encrasicolus), leis an ronnach (Scomber scombrus) agus leis an mbolmán (Trachurus spp.) suas le huasmhéid 4 % de na gabhálacha bliantúla iomlána de na speicis sin san iascach ina bhfuil trálaer peiligeach a dhíríonn ar na speicis sin i bhfolimistéar 8 ICES agus a úsáideann tráil pheiligeacha;
maidir leis an mbolmán (Trachurus spp.) agus leis an ronnach (Scomber scombrus), suas le huasmhéid 4 % de na gabhálacha bliantúla iomlána agus maidir leis an ainseabhaí (Engraulis encrasicolus) suas le huasmhéid 1 % de na gabhálacha bliantúla iomlána den speiceas sin a úsáideann peaslíonta saighne (PS) i bhfolimistéir 8, 9 agus 10 ICES agus ranna 34.1.1, 34.1.2 agus 34.2.0 CECAF.
CAIBIDIL VI
GABHÁLACHA A DHOICIMÉADÚ
Airteagal 15
Gabhálacha le haghaidh cabhlach peiligeach a dhoiciméadú
Déanfar cainníochtaí éisc a scaoileadh faoin díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 8 agus torthaí na samplála a cheanglaítear faoi Airteagal 8(5) a thuairisciú sa logleabhar dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle ( 2 ).
CAIBIDIL VII
FORÁLACHA DEIRIDH
Airteagal 16
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2027.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
( 1 ) Is iad na cóid trealaimh a úsáidtear sa Rialachán seo na cóid trealaimh sin in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 an 4 Aibreán 2011 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú (IO L 112, 30.4.2011, lch. 1). I gcás na soithí ar lú a bhfad iomlán ná 10 méadar, is iad na cóid trealaimh a úsáidtear sa tábla seo na cóid sin ó aicmiú trealaimh Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe.
( 2 ) Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006. (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006, IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.