02023R1618 — GA — 19.09.2024 — 001.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1618 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Lúnasa 2023

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cairbíde tungstain, cairbíde tungstain comhleáite agus cairbíde tungstain atá measctha le púdar miotalach ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 199 9.8.2023, lch. 48)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/2461 ÓN gCOIMISIÚN  an 17 Meán Fómhair 2024

  L 2461

1

18.9.2024




▼B

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1618 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Lúnasa 2023

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cairbíde tungstain, cairbíde tungstain comhleáite agus cairbíde tungstain atá measctha le púdar miotalach ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle



Airteagal 1

▼M1

1.  
Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cairbíde tungstain, cairbíde tungstain comhleáite agus cairbíde tungstain atá measctha go simplí le púdar miotalach, atá faoi láthair faoi chóid AC 2849 90 30 agus ex 3824 30 00 (cód TARIC 3824 30 00 10 ) agus de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.

▼B

2.  
33% a bheidh sa dleacht frithdhumpála chinntitheach is infheidhme maidir leis an nglanphraghas, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar an táirge a shonraítear i mír 1.
3.  
Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

▼M1

4.  

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an struchtúir TARIC le haghaidh cairbídí tungstain neamhcheirtleánaithe atá measctha le chéile nó le táthuithe miotalacha:



 

- -  Cairbídí tungstain

3824300010

- - -  Cáithníní neamhrialta ar beag an tsreafacht atá iontu, atá measctha go simplí le púdar miotalach

3824300020

- - -  “Púdar réidh le brú”, ar cáithníní iad atá sféarúil nó gráinneach atá múnlaithe, aonchineálach agus saor ag sreabhadh, atá measctha go simplí le púdar miotalach agus/nó le cairbídí eile, agus le ceanglóir eile

3824300030

- - -  Eile, ar cáithníní iad atá sféarúil nó gráinneach atá múnlaithe, aonchineálach agus saor ag sreabhadh, atá measctha go simplí le púdar miotalach agus/nó le cairbídí eile

3824300040

- - -  Eile, measctha go simplí le púdar miotalach amháin agus/nó le cairbídí eile

3824300090

- -  Eile

5.  
Cairbídí tungstain neamhcheirtleánaithe atá measctha le chéile nó le táthuithe miotalacha, cairbídí a aicmítear faoi 3824 30 00 10 , 3824 30 00 20 agus 3824 30 00 30 faoi láthair, is féidir a sreafacht nó a n-easpa sreafachta a thomhas agus a bhunú trí úsáid a bhaint as tonnadóir calabraithe e.g. méadar sreafa HALL de réir chaighdeán ISO 4490.

▼B

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.