02023R1172 — GA — 07.08.2025 — 001.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1172 ÓN gCOIMISIÚN an 15 Meitheamh 2023 maidir le húdarú ullmhóide sóidiam lasalaicid A (Avatec 150 G) mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú, maidir le húdarú ullmhóide sóidiam lasalaicid A (Avatec 150 G) a dhiúltú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní a a thógtar le bheith ina mbéaróga, maidir le hullmhóid sóidiam lasalaicid A (Avatec 15 % cc) a tharraingt siar ón margadh mar bhreiseán beathaithe le hagahidh sicíní lena ramhrú agus sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1455/2004 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/932 (sealbhóir an údaraithe: ►M1 Phibro Animal Health SA ◄ ) (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) (IO L 155 16.6.2023, lch. 22) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1419 ÓN gCOIMISIÚN an 17 Iúil 2025 |
L 1419 |
1 |
18.7.2025 |
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1172 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Meitheamh 2023
maidir le húdarú ullmhóide sóidiam lasalaicid A (Avatec 150 G) mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú, maidir le húdarú ullmhóide sóidiam lasalaicid A (Avatec 150 G) a dhiúltú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní a a thógtar le bheith ina mbéaróga, maidir le hullmhóid sóidiam lasalaicid A (Avatec 15 % cc) a tharraingt siar ón margadh mar bhreiseán beathaithe le hagahidh sicíní lena ramhrú agus sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1455/2004 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/932 (sealbhóir an údaraithe: ►M1 Phibro Animal Health SA ◄ )
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
Airteagal 1
Údarú
An ullmhóidh a shonraítear san Iarscríbhinn, ullmhóid a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘coicideastait agus histeamonastait’, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Údarú a dhiúltú
Diúltaítear don ullmhóid sóidiam lasalaicid A (Avatec 150 G) mar bhreiseán i gcothú ainmhithe a bhaineann leis an gcatagóir ‘coicideastait agus histeamonastait’ lena n-úsáid le haghaidh sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga.
Airteagal 3
Tarraingt siar ón margadh
Déanfar an breiseán beathaithe sóidiam lasalocid A (Avatec 15 % cc) a tharraingt siar ón margadh.
Airteagal 4
Aisghairmeacha
Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1455/2004 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/932.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse. |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
Uasteorainneacha na n-iarmhar (MRLanna) sna hábhair bia de bhunadh ainmhíoch |
|
mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||
|
Catagóir: coicideastait agus histeamonastait |
||||||||||
|
51763 |
►M1 Phibro Animal Health SA ◄ |
Sóidiam lasalaicid A 15 g/100 g (Avatec 150 G) |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid de na substaintí seo a leanas: Sóidiam lasalaicid A: 15 g/100 g Ligneasulfónáit chailciam: 4 g/100 g Ocsaíd fheireach: 0,1 g/100 g Déhiodráit shulfáit chailciam: quantum satis Tréithriú na substainte gníomhaí Sóidiam lasalaicid A: — C34H54O8Na — Uimhir CAS: 25999-20-6 — sóidiam 6-3R, 4S,5S,7R)-7-[2S,3S,5S)-5-eitil-5-[(2R,5R,6S)-5-eitil-5-hiodrocsa-6-mitilteitrihidrea-2H-pioran-2-yl]-teitrihidrea-3-mitil-2-fúráil]-4-hiodrocsa-3,5-démheitil-6-ocsóinil]-2,3-créasóid — arna dtáirgeadh ag Streptomyces lasaliensis subsp. lasaliensis (ATCC 31180) Eisíontais ghaolmhara: sóidiam lasalocid B-E: ≤ 10 % Modh anailíse (1) Maidir le sóidiam lasalocid A sa bhreiseán beathaithe agus sna réamh- mheascáin a chinneadh: Crómatagrafaíocht Leachta Ardfheidhmíochta le brath fluaraiseachta (RP-HPLC-FL) – Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún. Maidir le sóidiam lasalocid A i mbeatha cumaisc a chinneadh: — Crómatagrafaíocht Leachta Ardfheidhmíochta le brath fluaraiseachta (RP-HPLC-FL) – Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún nó — Crómatagrafaíocht Leachta Ardfheidhmíochta mar aon le mais-speictriméadracht sraithe (LC-MS/MS) – EN 17299 |
Sicíní lena ramhrú |
- |
90 |
90 |
1. Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus an réamh-mheascáin, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa a shonrú. 2. Toirmeasc ar úsáid ar feadh 3 lá ar a laghad roimh an marú. 3. Sonraigh sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin, an réamh-mheascáin agus na beatha cumaisc: ‘Contúirteach d’eachainmhithe’ ‘Tá ionafór sa bheatha ainmhithe seo: d’fhéadfadh úsáid chomhuaineach le substaintí íocshláinte áirithe, lena n-áirítear tiamúilin, a bheith fritásctha. 4. Déanfaidh sealbhóir an údaraithe clár faireacháin iarmhargaidh ar fhrithsheasmhacht Eimeria spp. a phleanáil agus a fhorghníomhú, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 429/2008 ón gCoimisiún. 5. Déanfar an breiseán a ionchorprú i mbeatha cumaisc i bhfoirm réamh-mheascáin. 6. Ní dhéanfar sóidiam a mheascadh le coicideastait eile. |
6 Iúil 2033 |
Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 |
|
(1)
Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en |
||||||||||