02023R0888 — GA — 30.05.2023 — 001.002
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (AE) 2023/888 ÓN gCOMHAIRLE an 28 Aibreán 2023 (IO L 114 2.5.2023, lch. 1) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/1045 ÓN gCOMHAIRLE an 30 Bealtaine 2023 |
L 140I |
1 |
30.5.2023 |
|
Arna cheartú le:
RIALACHÁN (AE) 2023/888 ÓN gCOMHAIRLE
an 28 Aibreán 2023
a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú
Airteagal 1
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “éileamh” aon éileamh, bíodh sé dearbhaithe le himeachtaí dlí nó ná bíodh, arna dhéanamh roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo nó dá éis, faoi chonradh nó idirbheart, nó i ndáil le conradh nó idirbheart, agus go háirithe:
éileamh ar chomhlíonadh aon oibleagáide a thiocfadh chun cinn faoi chonradh nó idirbheart nó i ndáil le conradh nó idirbheart;
éileamh ar shíneadh a chur le banna, le ráthaíocht airgeadais nó le slánaíocht, i cibé foirm, nó éileamh ar iad a íoc;
éileamh ar chúiteamh i leith conartha nó idirbhirt;
frithéileamh;
éileamh ar bhreithiúnas, dámhachtain eadrána nó cinneadh coibhéiseach, gan beann ar an áit ina ndéantar nó ina dtugtar iad, a aithint nó a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear trí bhíthin an nós imeachta exequatur;
ciallaíonn “conradh nó idirbheart” aon idirbheart gan beann ar an bhfoirm agus gan beann ar an dlí is infheidhme, bíodh sé comhdhéanta de chonradh amháin nó níos mó nó oibleagáidí comhchosúla a rinneadh idir na páirtithe céanna nó idir páirtithe éagsúla; chun na críche sin áirítear le “conradh” banna, ráthaíocht nó slánaíocht, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, agus creidmheas, bíodh sé neamhspleách go dlíthiúil nó ná bíodh, chomh maith le haon fhoráil ábhartha a eascraíonn as an idirbheart nó a mbeadh baint aici leis an idirbheart;
ciallaíonn “údaráis inniúla” údaráis inniúla na mBallstát faoi mar a shainaithnítear iad ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II;
ciallaíonn “acmhainní eacnamaíocha” sócmhainní de gach cineál, bídís inláimhsithe nó doláimhsithe, sochorraithe nó dochorraithe, arb acmhainní nach cistí iad, ach a fhéadfar a úsáid chun cistí, earraí nó seirbhísí a fháil;
ciallaíonn “reo acmhainní eacnamaíocha” cosc a chur le húsáid acmhainní eacnamaíocha chun cistí, earraí nó seirbhísí a fháil ar aon bhealach, lena n-áirítear iad a dhíol, a chur ar cíos nó a mhorgáistiú, ach gan bheith teoranta don mhéid sin;
ciallaíonn “reo cistí” cosc a chur ar aon bhogadh, aistriú, athrú, úsáid, rochtain ar, nó láimhseáil cistí ar aon dóigh as a n-eascródh aon athrú ar a dtoirt, méid, suíomh, úinéireacht, seilbh, tréith, ceann scríbe, nó aon athrú eile a d’fhágfadh go bhféadfaí na cistí a úsáid, bainistíocht punainne san áireamh;
ciallaíonn “cistí” sócmhainní airgeadais agus leasanna de gach cineál, lena n-áirítear ach gan bheith teoranta don mhéid seo a leanas:
airgead tirim, seiceanna, éilimh ar airgead, dréachtaí, orduithe airgid agus ionstraimí íocaíochta eile;
taiscí le hinstitiúidí airgeadais nó le heintitis eile, iarmhéideanna ar chuntais, fiachais agus oibleagáidí fiachais;
urrúis agus ionstraimí fiachais a thrádáiltear go poiblí nó go príobháideach, lena n-áirítear stoic agus scaireanna, deimhnithe in ionannas urrús, bannaí, nótaí, barántais, bintiúir agus conarthaí díorthach;
ús, díbhinní nó ioncam eile ar shócmhainní nó luach a fhabhraíonn astu nó arna nginiúint astu;
creidmheas, ceart fritháirimh, ráthaíochtaí, bannaí feidhmíochta nó ceangaltais airgeadais eile;
litreacha creidmheasa, billí luchtaithe, billí díolacháin;
doiciméid ina bhfuil cruthúnas ar leas i gcistí nó in acmhainní airgeadais;
ciallaíonn “críoch an Aontais” críocha na mBallstát a bhfuil an Conradh infheidhme maidir leo, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Chonradh, lena n-áirítear a n-aerspás.
Airteagal 2
Aireofar iad seo a leanas in Iarscríbhinn I:
daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais, nó a bhíonn ag tacú leo nó á gcur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn de cheannasacht agus de neamhspleáchas Phoblacht na Moldóive, agus den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht nó den tslándáil i bPoblacht na Moldóive, nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó na beartais sin ar an méid sin, trí aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas:
bac a chur ar an bpróiseas daonlathach polaitiúil nó an bonn a bhaint de, lena n-áirítear trí bhac a chur ar thoghcháin a reáchtáil nó tríd an mbonn a bhaint go mór de thoghcháin a reáchtáil nó iarrachtaí a dhéanamh an t-ord bunreachtúil a dhíchobhsú nó a threascairt;
agóidí foréigneacha nó gníomhaíocht eile foréigin a phleanáil, a stiúradh nó a bheith páirteach iontu, go díreach nó go hindíreach, tacú leo nó iad a éascú ar shlí eile; nó
mí-iompar tromchúiseach airgeadais a bhaineann le cistí poiblí agus onnmhairiú neamhúdaraithe caipitil;
daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, a bhaineann leis na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí arna n-ainmniú faoi phointe (a).
Airteagal 3
De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur fíor an méid seo a leanas maidir leis na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann:
go bhfuil gá leo chun freastal ar bhunriachtanais daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus baill teaghlaigh chleithiúnacha na ndaoine nádúrtha sin, lena n-áirítear íocaíochtaí as bia, cíos nó morgáiste, cógais agus cóir leighis, cánacha, préimheanna árachais, agus muirir fóntais phoiblí;
gur ceapadh iad chun táillí gairmiúla réasúnta a íoc nó costais arna dtabhú a aisíoc, ar costais iad a bhaineann le soláthar seirbhísí dlí, agus chuige sin amháin;
gur ceapadh iad chun táillí nó muirir sheirbhíse a íoc as cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite a choinneáil nó a chothabháil ar bhonn rialta, agus chuige sin amháin;
go bhfuil siad riachtanach i gcás costais urghnácha, ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha ag an údarás inniúil ábhartha d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún faoi na forais a mheasann sé ar ar cheart údarú sonrach a dheonú, 2 sheachtain ar a laghad roimh an údarú; nó
go bhfuil siad le híoc isteach i gcuntas misin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó eagraíochta idirnáisiúnta nó ón gcuntas sin a bhfuil díolúintí aige i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, a mhéid atá sé ceaptha na híocaíochtaí sin a úsáid chun críocha oifigiúla an mhisin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó na heagraíochta idirnáisiúnta.
Airteagal 4
Airteagal 5
De mhaolú ar Airteagal 2(1), féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
tá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha faoi réir cinneadh eadrána a tugadh roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 2 a liostú in Iarscríbhinn I, nó tá siad faoi réir cinneadh breithiúnach nó riaracháin a tugadh san Aontas, nó cinneadh breithiúnach atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann, roimh an dáta sin nó ina dhiaidh;
ní bhainfear leas as na cistí ná na hacmhainní eacnamaíocha ach amháin chun éilimh a ráthaítear le cinneadh den sórt sin a chomhlíonadh nó chun éilimh a aithnítear mar éilimh bhailí sa chinneadh sin a chomhlíonadh, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos le dlíthe agus rialacháin is infheidhme lena rialaítear cearta daoine a bhfuil na héilimh sin acu;
ní chun sochair duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta a liostaítear in Iarscríbhinn I é an cinneadh; agus
níl sé in aghaidh an bheartais phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann an cinneadh a aithint.
Airteagal 6
De mhaolú ar Airteagal 2(1), agus ar choinníoll gurb íocaíocht ag duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I í atá dlite faoi chonradh nó faoi chomhaontú a thug an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht lena mbaineann i gcrích nó arb oibleagáid í a tháinig chun cinn dóibh, roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht sin a áireamh in Iarscríbhinn I, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt, faoi na coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, ar choinníoll gur chinn an t-údarás inniúil mar a leanas:
go mbainfear leas as na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha le haghaidh íocaíocht ag duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I; agus
nach sárú ar Airteagal 2(2) í an íocaíocht.
Airteagal 7
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 2(2) maidir leis an méid seo a leanas a chur le cuntais reoite:
ús nó tuillimh eile ar na cuntais sin;
íocaíochtaí atá dlite faoi chonarthaí, comhaontuithe nó oibleagáidí a tugadh i gcrích nó a tháinig chun cinn roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 2 a áireamh in Iarscríbhinn I; nó
íocaíochtaí atá dlite faoi chinntí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána a tugadh sa Bhallstát nó atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann,
ar choinníoll go ndéantar aon ús den sórt sin, agus tuillimh agus íocaíochtaí eile a reo i gcomhréir le hAirteagal 2(1).
Airteagal 8
Gan dochar do na rialacha is infheidhme a bhaineann le tuairisciú, rúndacht agus sicréideacht ghairmiúil, déanfaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí an méid seo a leanas:
aon fhaisnéis lena n-éascófar comhlíonadh an Rialacháin seo, mar shampla faisnéis faoi chuntais agus faoi mhéideanna arna reo i gcomhréir le hAirteagal 2(1), a sholáthar d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil cónaí orthu nó ina bhfuil siad lonnaithe, agus déanfaidh siad aon fhaisnéis den sórt sin a tharchur, go díreach nó tríd an mBallstát, chuig an gCoimisiún; agus
rachaidh siad i gcomhar leis an údarás inniúil chun an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) a fhíorú.
Airteagal 9
Toirmeascfar páirt a ghlacadh, go feasach agus d’aon ghnó, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na bearta sin dá dtagraítear in Airteagal 2.
Airteagal 10
Airteagal 11
Ní shásófar aon éileamh i ndáil le haon chonradh ná idirbheart a ndearnadh dochar dá bhfeidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, leis na bearta a fhorchuirtear faoin Rialachán seo, lena n-áirítear éilimh ar shlánaíocht nó aon éileamh eile den sórt sin, mar shampla éileamh ar chúiteamh nó éileamh faoi réir ráthaíochta, go háirithe éileamh ar shíneadh a chur le banna, ráthaíocht nó slánaíocht nó iad a íoc, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, i cibé foirm, más rud é go ndéanfaidh ceann de na páirtithe seo a leanas an t-éileamh:
daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I;
aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú trí bhíthin nó thar ceann duine de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, nó ceann de na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a).
Airteagal 12
Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit a chéile ar an eolas faoi na bearta a dhéantar faoin Rialachán seo agus roinnfidh siad aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh i ndáil leis an Rialachán seo, go háirithe faisnéis faoin méid seo a leanas:
cistí arna reo faoi Airteagal 2 agus údaruithe arna ndeonú faoi Airteagail 3, 5 agus 6;
sárú agus fadhbanna forfheidhmiúcháin agus breithiúnais arna dtabhairt ag cúirteanna náisiúnta.
Airteagal 13
Airteagal 14
Airteagal 15
Airteagal 16
Déanfaidh an Chomhairle, an Coimisiún agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) sonraí pearsanta a phróiseáil chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a thabhairt i gcrích. Airítear ar na cúraimí sin:
a mhéid a bhaineann leis an gComhairle, leasuithe ar Iarscríbhinn I a ullmhú agus a dhéanamh;
a mhéid a bhaineann leis an Ardionadaí, leasuithe ar Iarscríbhinn I a ullmhú;
maidir leis an gCoimisiún:
inneachar Iarscríbhinn I a chur leis an liosta comhdhlúite leictreonach de dhaoine, grúpaí agus eintitis atá faoi réir smachtbhannaí airgeadais an Aontais agus a chur leis an léarscáil smachtbhannaí idirghníomhach, iad ar fáil go poiblí;
próiseáil faisnéise faoi thionchar na mbeart dá bhforáiltear sa Rialachán seo mar shampla fiúntas na gcistí reoite agus próiseáil faisnéise faoi údaruithe arna ndeonú ag na húdaráis inniúla.
Airteagal 17
Airteagal 18
Ní dhéanfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis a sholáthraítear dó nó a fhaigheann sé i gcomhréir leis an Rialachán seo a úsáid ach chun na gcríoch dár soláthraíodh nó dá bhfuarthas íagus chuige sin amháin.
Airteagal 19
Beidh feidhm ag an Rialachán seo:
laistigh de chríoch an Aontais, lena n-áirítear laistigh dá aerspás;
ar bord aon aerárthach nó soitheach faoi dhlínse Bhallstáit;
maidir le haon duine nádúrtha laistigh nó lasmuigh de chríoch an Aontais ar náisiúnach Ballstáit é;
maidir le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht, laistigh de chríoch an Aontais nó lasmuigh di, atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit;
maidir le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht i leith aon ghnó a dhéantar go hiomlán nó go páirteach laistigh den Aontas.
Airteagal 20
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
LIOSTA NA NDAOINE NÁDÚRTHA AGUS DLÍTHEANACHA, NA N-EINTITEAS AGUS NA GCOMHLACHTAÍ DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2
A. Daoine nádúrtha
|
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Ráiteas ar chúiseanna |
Dáta an liostaithe |
|
1. |
Ilan Mironovich SHOR ar a dtugtar freisin Ilan Mironovici ȘOR |
Feidhm: fear gnó, uachtarán an pháirtí pholaitiúil “SHOR” (“ȘOR”) Dáta breithe: 6.3.1987 Áit bhreithe: Tel Aviv, Iosrael Inscne: fireann Náisiúntacht: Moldóvach, Iosraelach Uimh. Pas: 0971007884125 (Poblacht na Moldóive) |
Is polaiteoir é Ilan Shor (ceannaire an Pháirtí Pholaitiúil ȘOR) agus fear gnó ó Phoblacht na Moldóive a bhfuil baint aige le maoiniú neamhdhleathach páirtithe polaitiúla i bPoblacht na Moldóive, agus le gríosú chun foréigin i gcoinne an fhreasúra pholaitiúil. Tá baint ag an bPáirtí ȘOR, a bhfuil Ilan Shor i gceannas air, le daoine a íoc agus a oiliúint chun mí-ord agus corraíl a spreagadh le linn na n-agóidí i bPoblacht na Moldóive. Faoi chinneadh dar dáta an 13 Aibreán 2023, ghearr Cúirt Achomhairc Chisinau pianbhreith phríosúnachta 15 bliana ar Ilan Shor as a bheith ciontach i gcalaois agus i sciúradh airgid sa chás “Calaois Bhainc”, agus rinneadh sócmhainní dá chuid, ar luach EUR 254 mhilliún iad, a choigistiú. Rinneadh cistí ón gcalaois bhaincéireachta mhórscála sin agus naisc chuig olagarcaí éillitheacha agus eintitis atá bunaithe i Moscó a úsáid agus tá siad fós á n-úsáid, de réir údaráis Phoblacht na Moldóive, chun corraíl pholaitiúil a chruthú go saorga sa tír. Áirítear ar a chuid gníomhaíochtaí atá dírithe ar dhaonlathas Phoblacht na Moldóive a threascairt cistiú neamhdhleathach a chur ar fáil chun tacú le gníomhaíocht pholaitiúil atá ar son na Creimile i bPoblacht na Moldóive. Sampla d’úsáid na gcistí sin is ea agóidí agus slógaí foréigneacha a eagrú, go príomha sa phríomhchathair Chisinau, agus cabhair á fáil ó agóideoirí a bhíonn á n-íoc ag an Páirtí ȘOR, le linn 2022 agus 2023. Trí léirsithe foréigneacha a stiúradh agus a phleanáil agus trína mhí-iompar tromchúiseach airgeadais maidir le cistí poiblí agus onnmhairiú neamhúdaraithe caipitil, tá Ilan Shor freagrach as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn de cheannasacht agus de neamhspleáchas Phoblacht na Moldóive agus atá ina mbagairt ar an daonlathas, ar an smacht reachta, ar an gcobhsaíocht agus ar an tslándáil i bPoblacht na Moldóive. |
30.5.2023 |
|
2. |
Gheorghe Petru CAVCALIUC |
Feidhm: polaiteoir, uachtarán an pháirtí pholaitiúil “An Eoraip a Thógáil sa Bhaile” iar-Leas-Cheann ar Chigireacht Ghinearálta na bPóilíní Dáta breithe: 25.10.1982 Áit bhreithe: sráidbhaile Micăuți, contae Strășeni, Poblacht na Moldóive Inscne: fireann Náisiúntacht: Moldóvach Uimhir aitheantais 2000033042660 (Poblacht na Moldóive) |
Is é Gheorghe Petru Cavcaliuc an t-iar-Leas-Cheann ar Chigireacht Ghinearálta na bPóilíní de Phoblacht na Moldóive. Is eol gur eagraigh sé agóidí foréigneacha mhí Dheireadh Fómhair 2022 agus gur ghlac sé páirt iontu, in éineacht le Ilan Shor. D’úsáid sé a naisc laistigh de Chigireacht Ghinearálta na bPóilíní chun iar-phóilíní a earcú agus grúpa paraimíleata a chruthú chun na léirsitheoirí foréigneacha a “chosaint” i gcoinne Rialtas Phoblacht na Moldóive. Sa chomhthéacs seo, bhunaigh sé “scáthrialtas” mar a thugtar air agus é d’aidhm aige áit rialtas Phoblacht na Moldóive, a toghadh go daonlathach, a ghlacadh. Trí léirsithe foréigneacha a stiúradh agus a phleanáil, tá Gheorghe Cavcaliuc freagrach as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn de cheannasacht agus de neamhspleáchas Phoblacht na Moldóive, agus den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht agus den tslándáil i bPoblacht na Moldóive, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. |
30.5.2023 |
|
3. |
Marina TAUBER |
Feidhm: Comhalta de Pharlaimint Phoblacht na Moldóive (ó mhí an Mhárta 2019) Dáta breithe: 1.5.1986 Áit bhreithe: Áit bhreithe: Poblacht na Moldóive Inscne: baineann Náisiúntacht: Moldóvach |
Is leas-cheannaire Pháirtí ȘOR agus Comhalta de Pharlaimint Phoblacht na Moldóive í Marina Tauber. Cúisíodh í sa chás “Calaois Bhainc” agus tá sí faoi réir imscrúdaithe in dhá chás coiriúla i bPoblacht na Moldóive a bhaineann le maoiniú neamhdhleathach ó ghrúpa coiriúil eagraithe agus le falsú na tuarascála ar bhainistíocht airgeadais an Pháirtí ȘOR. An 20 Nollaig 2022, rinne ionchúisitheoirí roinnt cuardach éagsúil i ndáil leis an gcás faoi mhaoiniú neamhdhleathach a bheith á dhéanamh ar pháirtí Ilan Shor. D’aithin údaráis Phoblacht na Moldóive ansin airgead a bhí le húsáid, dar leis na hionchúisitheoirí, chun agóidí frithrialtais a eagrú agus chun luach saothair a thabhairt do na rannpháirtithe sna léirsithe sin. In 2023, gabhadh seilbh ar sceana, ar shubstaintí inadhainte agus ar mhiodóga tar éis agóidí a d’eagraigh Gluaiseacht an Phobail, a bhfuil an Páirtí ȘOR ina chuid de. Cláraíodh foréigean agus coimhlintí idir na póilíní agus léirsitheoirí, inar coinníodh 54 duine, lena n-áirítear mionaoisigh. De réir Chigireacht Ghinearálta Phóilíní Phoblacht na Moldóive, bhí Marina Tauber i measc phríomheagraithe agóidí Pháirtí ȘOR agus Ghluaiseacht an Phobail. De réir Oifig Ionchúisitheora Phoblacht na Moldóive in aghaidh Éilliú, d’úsáid sí ionstraimí cumarsáide speisialta chun treoracha díreacha a thabhairt d’uachtaráin agus do leas-uachtaráin oifigí críochacha Pháirtí ȘOR sa tír maidir le conas daoine a thabhairt chuig na léirsithe, iompar a eagrú agus conas an t-airgead a fháil chun luach saothair a íoc leis na daoine. Trí léirsithe foréigneacha a stiúradh agus a phleanáil agus trína mí-iompar tromchúiseach airgeadais a bhaineann le cistí poiblí agus trí onnmhairiú neamhúdaraithe caipitil, tá Marina Tauber freagrach as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn de cheannasacht agus de neamhspleáchas Phoblacht na Moldóive, agus den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht agus den tslándáil i bPoblacht na Moldóive, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. |
30.5.2023 |
|
4. |
Igor Yuryevich CHAIKA dá ngairtear freisin Igor Yuryevich CHAYKA (Игорь Юрьевич ЧАЙКА) |
Feidhm: fear gnó Rúiseach Dáta breithe: 13.12.1988 Áit bhreithe: Irkutsk nó Moscó, iar-USSR (Cónaidhm na Rúise anois) Inscne: fireann Náisiúntacht: Rúiseach |
Is fear gnó Rúiseach é Igor Chaika atá freagrach as airgead a chasadh chun tacú le tionscadail Sheirbhís Slándála Chónaidhme na Rúise (FSB) atá dírithe ar Phoblacht na Moldóive a dhíchobhsú. D’imir sé an ról “sparán” na Rúise, agus airgead á chur aige le sócmhainní FSB i bPoblacht na Moldóive chun an tír a thabhairt faoi smacht na Creimile. Trína mhí-iompar tromchúiseach airgeadais a bhaineann le cistí poiblí, tá Igor Chaika freagrach as tacú le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn de cheannasacht agus de neamhspleáchas Phoblacht na Moldóive, agus den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht agus den tslándáil i bPoblacht na Moldóive, agus ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. |
30.5.2023 |
|
5. |
Vladimir Gheorghe PLAHOTNIUC dá ngairtear freisin Vladimir ULINICI dá ngairtear freisin Vladimir PLAKHOTNYUK dá ngairtear freisin Vladislav Vladimir NOVAK (Владимир (Влад) Георгиевич ПЛАХОТНЮК) |
►C1
|
Tá Vladimir Plahotniuc faoi réir go leor imeachtaí coiriúla i bPoblacht na Moldóive a bhaineann le coireanna i ndáil le chistí Stáit Phoblacht na Moldóive a chúigleáil agus na cistí sin a aistriú go neamhdhleathach lasmuigh de Phoblacht na Moldóive. Cúisíodh é i bPoblacht na Moldóive sa chás “Calaois Bhainc”, cás a bhfuil a éifeachtaí eacnamaíocha fós ag cur isteach ar an tír. Tá sé á imscrúdú freisin as iar-uachtarán Phoblacht na Moldóive a bhreabadh le mála airgid mar mhalairt ar fhabhair pholaitiúla. Trína mhí-iompar tromchúiseach airgeadais a bhaineann le cistí poiblí agus onnmhairiú neamhúdaraithe caipitil, tá Vladimir Plahotniuc freagrach as gníomhaíochtaí agus as beartais a chur chun feidhme a bhaineann an bonn den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht nó den tslándáil i bPoblacht na Moldóive, agus atá ina mbagairt ar an méid sin, tríd an mbonn a bhaint den phróiseas polaitiúil daonlathach i bPoblacht na Moldóive agus as mí-iompar tromchúiseach airgeadais a bhaineann le cistí poiblí. |
30.5.2023 |
IARSCRÍBHINN II
Suíomhanna gréasáin le haghaidh faisnéis maidir leis na húdaráis inniúla agus an seoladh chun fógraí a thabhairt don Choimisiún
AN BHEILG
https://diplomatie.belgium.be/en/policy/policy_areas/peace_and_security/sanctions
AN BHULGÁIR
https://www.mfa.bg/en/EU-sanctions
AN tSEICIA
www.financnianalytickyurad.cz/mezinarodni-sankce.html
AN DANMHAIRG
http://um.dk/da/Udenrigspolitik/folkeretten/sanktioner/
AN GHEARMÁIN
https://www.bmwi.de/Redaktion/DE/Artikel/Aussenwirtschaft/embargos-aussenwirtschaftsrecht.html
AN EASTÓIN
https://vm.ee/sanktsioonid-ekspordi-ja-relvastuskontroll/rahvusvahelised-sanktsioonid
ÉIRE
https://www.dfa.ie/our-role-policies/ireland-in-the-eu/eu-restrictive-measures/
AN GHRÉIG
http://www.mfa.gr/en/foreign-policy/global-issues/international-sanctions.html
AN SPÁINN
https://www.exteriores.gob.es/es/PoliticaExterior/Paginas/SancionesInternacionales.aspx
AN FHRAINC
http://www.diplomatie.gouv.fr/fr/autorites-sanctions/
AN CHRÓIT
https://mvep.gov.hr/vanjska-politika/medjunarodne-mjere-ogranicavanja/22955
AN IODÁIL
https://www.esteri.it/it/politica-estera-e-cooperazione-allo-sviluppo/politica_europea/misure_deroghe/
AN CHIPIR
https://mfa.gov.cy/themes/
AN LAITVIA
http://www.mfa.gov.lv/en/security/4539
AN LIOTUÁIN
http://www.urm.lt/sanctions
LUCSAMBURG
https://maee.gouvernement.lu/fr/directions-du-ministere/affaires-europeennes/organisations-economiques-int/mesures-restrictives.html
AN UNGÁIR
https://kormany.hu/kulgazdasagi-es-kulugyminiszterium/ensz-eu-szankcios-tajekoztato
MÁLTA
https://foreignandeu.gov.mt/en/Government/SMB/Pages/SMB-Home.aspx
AN ÍSILTÍR
https://www.rijksoverheid.nl/onderwerpen/internationale-sancties
AN OSTAIR
https://www.bmeia.gv.at/themen/aussenpolitik/europa/eu-sanktionen-nationale-behoerden/
AN PHOLAINN
https://www.gov.pl/web/dyplomacja/sankcje-miedzynarodowe
https://www.gov.pl/web/diplomacy/international-sanctions
AN PHORTAINGÉIL
https://portaldiplomatico.mne.gov.pt/politica-externa/medidas-restritivas
AN RÓMÁIN
http://www.mae.ro/node/1548
AN tSLÓIVÉIN
http://www.mzz.gov.si/si/omejevalni_ukrepi
AN tSLÓVAIC
https://www.mzv.sk/europske_zalezitosti/europske_politiky-sankcie_eu
AN FHIONLAINN
https://um.fi/pakotteet
AN tSUALAINN
https://www.regeringen.se/sanktioner
Seoladh chun fógraí a chur chuig an gCoimisiún Eorpach:
An Coimisiún Eorpach
An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil (AS FISMA)
Rue Joseph II 54
B-1049 An Bhruiséil, An Bheilg
Ríomhphost: relex-sanctions@ec.europa.eu