02023D2133 — GA — 17.10.2023 — 000.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2133 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Deireadh Fómhair 2023

lena n-údaraítear táirgí ina bhfuil, arb é atá iontu, nó a tháirgtear as arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 × 1507 × MIR162 × NK603 × DAS-40278-9 agus naoi bhfo-chumasc, a chur ar an margadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C (2023)6739)

(Is iad na téacsanna Fraincise agus Ollainnise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(IO L 2133 17.10.2023, lch. 1)


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 90152, 7.3.2024, lch.  1 ((AE) 2023/21332023/2133)




▼B

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2133 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Deireadh Fómhair 2023

lena n-údaraítear táirgí ina bhfuil, arb é atá iontu, nó a tháirgtear as arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 × 1507 × MIR162 × NK603 × DAS-40278-9 agus naoi bhfo-chumasc, a chur ar an margadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C (2023)6739)

(Is iad na téacsanna Fraincise agus Ollainnise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



Airteagal 1

Orgánach géinmhodhnaithe agus aitheantóirí uathúla

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 65/2004, sanntar na haitheantóirí uathúla seo a leanas d’arbhar Indiach géinmhodhnaithe (Zea mays L.), mar atá sonraithe i bpointe (b) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo:

(a) 

an t-aitheantóir uathúil MON-89Ø34-3 × DAS-Ø15Ø7-1 × SYN-IR162-4 × MON-ØØ6Ø3-6 × DAS-4Ø278-9 le haghaidh arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 × 1507 × MIR162 × NK603 × DAS-40278-9;

(b) 

an t-aitheantóir uathúil MON-89Ø34-3 × DAS-Ø15Ø7-1 × SYN-IR162-4 × DAS-4Ø278-9 le haghaidh arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 × 1507 × MIR162 × DAS-40278-9;

(c) 

►C1  an t-aitheantóir uathúil MON-89Ø34-3 × DAS-Ø15Ø7-1 × SYN-IR162-4 × MON-ØØ6Ø3-6 le haghaidh arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 × 1507 × MIR162 × NK603; ◄

(d) 

an t-aitheantóir uathúil MON-89Ø34-3 × SYN-IR162-4 × MON-ØØ6Ø3-6 × DAS-4Ø278-9 le haghaidh arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 × MIR162 × NK603 × DAS-40278-9;

(e) 

an t-aitheantóir uathúil DAS-Ø15Ø7-1 × SYN-IR162-4 × MON-ØØ6Ø3-6 × DAS-4Ø278-9 le haghaidh arbhar Indiach géinmhodhnaithe 1507 × MIR162 × NK603 × DAS-40278-9;

(f) 

an t-aitheantóir uathúil MON-89Ø34-3 × DAS-Ø15Ø7-1 × SYN-IR162-4 le haghaidh arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 × 1507 × MIR162;

(g) 

an t-aitheantóir uathúil MON-89Ø34-3 × SYN-IR162-4 × DAS-4Ø278-9 le haghaidh arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON 89034 × MIR162 × DAS-40278-9;

(h) 

an t-aitheantóir uathúil DAS-Ø15Ø7-1 × SYN-IR162-4 × DAS-4Ø278-9 le haghaidh arbhar Indiach géinmhodhnaithe 1507 × MIR162 × DAS-40278-9;

(i) 

an t-aitheantóir uathúil SYN-IR162-4 × MON-ØØ6Ø3-6 × DAS-4Ø278-9 le haghaidh arbhar Indiach géinmhodhnaithe MIR162 × NK603 × DAS-40278-9;

(j) 

an t-aitheantóir uathúil SYN-IR162-4 × DAS-4Ø278-9 le haghaidh arbhar Indiach géinmhodhnaithe MIR162 × DAS-40278-9.

Airteagal 2

Údarú

Údaraítear na táirgí seo a leanas chun críocha Airteagal 4(2) agus Airteagal 16(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa Chinneadh seo:

(a) 

bia agus comhábhair bhia ina bhfuil, arb é atá iontu nó a tháirgtear as arbhar Indiach géinmhodhnaithe dá dtagraítear in Airteagal 1;

(b) 

beatha ina bhfuil, arb é atá inti nó a tháirgtear as arbhar Indiach géinmhodhnaithe dá dtagraítear in Airteagal 1;

(c) 

táirgí ina bhfuil nó arb é atá iontu arbhar Indiach géinmhodhnaithe dá dtagraítear in Airteagal 1 le haghaidh úsáidí seachas iad siúd dá bhforáiltear i bpointí (a) agus (b), cé is moite de shaothrú.

Airteagal 3

Lipéadú

1.  
Chun críocha na gceanglas lipéadaithe a leagtar síos in Airteagal 13(1) agus Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 agus in Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003, is é ‘arbhar Indiach’ a bheidh mar ‘ainm an orgánaigh’.
2.  
Beidh na focail ‘níltear le saothrú’ ar an lipéad agus sna doiciméid a ghabhann leis na táirgí ina bhfuil nó atá comhdhéanta d’arbhar Indiach géinmhodhnaithe dá dtagraítear in Airteagal 1, cé is moite de tháirgí dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2.

Airteagal 4

An modh braite

Beidh feidhm ag na modhanna a leagtar amach i bpointe (d) den Iarscríbhinn maidir le hArbhar Indiach géinmhodhnaithe dá dtagraítear in Airteagal 1 a bhrath.

Airteagal 5

Plean faireacháin le haghaidh éifeachtaí comhshaoil

1.  
Áiritheoidh sealbhóir an údaraithe go ndéanfar an plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaol, mar a leagtar amach i bpointe (h) den Iarscríbhinn, a chur ar bun agus a chur chun feidhme.
2.  
Cuirfidh sealbhóir an údaraithe tuarascálacha bliantúla faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa phlean faireacháin agus maidir le torthaí na ngníomhaíochtaí sin i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar amach i gCinneadh 2009/770/CE.

Airteagal 6

Clár Comhphobail

An fhaisnéis a leagtar amach san Iarscríbhinn, cuirfear isteach í sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe, dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

Airteagal 7

Sealbhóir an údaraithe

Is é Corteva Agriscience LLC, arna ionadú san Aontas ag Corteva Agriscience Belgium BV, a bheidh ina shealbhóir údaraithe.

Airteagal 8

Bailíocht

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ar feadh tréimhse 10 mbliana ón dáta a thabharfar fógra ina leith.

Airteagal 9

Seolaí

Dírítear an Cinneadh seo chuig Corteva Agriscience LLC, 9330 Zionsville Road Indianapolis, Indiana 46268-1054, Stáit Aontaithe Mheiriceá, arna ionadú san Aontas ag Corteva Agriscience Belgium BV, Rue Montoyer 25, 1000 An Bhruiséil, an Bheilg.




IARSCRÍBHINN

(a)    Iarratasóir agus sealbhóir an údaraithe:



Ainm:

Corteva Agriscience LLC

Seoladh:

9330 Zionsville Road Indianapolis, Indiana 46268-1054, Stáit Aontaithe Mheiriceá;

arna ionadú san Aontas ag: Corteva Agriscience Belgium BV, Rue Montoyer 25, 1000 An Bhruiséil, An Bheilg.

(b)    Ainmniú agus sonrú na dtáirgí:

(1) 

bia agus comhábhair bhia ina bhfuil, arb é atá iontu nó a tháirgtear as arbhar Indiach géinmhodhnaithe dá dtagraítear i bpointe (e);

(2) 

beatha ina bhfuil, arb é atá inti nó a tháirgtear as arbhar Indiach géinmhodhnaithe dá dtagraítear i bpointe (e);

(3) 

táirgí ina bhfuil nó arb é atá iontu arbhar Indiach géinmhodhnaithe dá dtagraítear i bpointe (e); le haghaidh úsáidí seachas na húsáidí dá bhforáiltear i bpointí (1) agus (2), cé is moite de shaothrú.

An t-arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON-89Ø34-3, léiríonn sé na géinte cry1A.105 agus cry2Ab2, lena dtugtar cosaint in aghaidh lotnaidí léipidipteireacha áirithe.

An t-arbhar Indiach géinmhodhnaithe DAS-Ø15Ø7-1, léiríonn sé na géinte cry1F, lena dtugtar cosaint in aghaidh lotnaidí léipidipteireacha áirithe agus an ghéin pat, lena dtugtar frithsheasmhacht i gcoinne luibhicídí bunaithe ar amóiniam glúfosanáite.

An t-arbhar Indiach géinmhodhnaithe SYN-IR162-4, léiríonn sé an ghéin vip3Aa20, lena dtugtar frithsheasmhacht in aghaidh lotnaidí léipidipteireacha áirithe. Ina theannta sin, an ghéin pmi, códú do phróitéin PMI, baineadh úsáid aisti mar mharcóir roghnaithe sa phróiseas modhnú géiniteach.

An t-arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON-ØØ6Ø3-6 léiríonn sé an ghéin cp4 epsps agus na géinte cp4 epsps l214p, lena dtugtar frithsheasmhacht in aghaidh luibhicídí atá bunaithe ar an ngliofosáit.

An t-arbhar Indiach géinmhodhnaithe DAS-4Ø278-9, léiríonn sé an ghéin aad-1, lena dtugtar frithsheasmhacht i gcoinne aigéad 2,4-déchlóraifeanocsaicéiteach (2,4-D) agus luibhicídí airiolocsaifeanocsaprópianáite (AOPP).

(c)    Lipéadú:

(1) Chun críocha na gceanglas lipéadaithe a leagtar síos in Airteagal 13(1) agus in Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, is é ‘arbhar Indiach’ a bheidh mar ‘ainm an orgánaigh’;

(2) Beidh na focail ‘níltear le saothrú’ ar lipéad na dtáirgí agus i ndoiciméid a ghabhann leis na táirgí sin ina bhfuil nó arb é atá iontu an t-arbhar Indiach géinmhodhnaithe dá dtagraítear i bpointe (e), cé is moite de na táirgí dá dtagraítear i bpointe (b)(1).

(d)    Modh braite:

(1) Is éard sna modhanna teagmhas-shonracha cainníochtúla braite PCR na modhanna arna mbailíochtú ina n-aonar le haghaidh theagmhais arbhar Indiach géinmhodhnaithe MON-ØØ6Ø3-6 agus DAS-4Ø278-9 agus atá fíoraithe a thuilleadh ar arbhar Indiach MON-89Ø34-3 × DAS-Ø15Ø7-1 × SYN-IR162-4 × MON-ØØ6Ø3-6 × DAS-4Ø278-9.

(2) Arna bhailíochtú ag Saotharlann Tagartha an Aontais arna bunú faoi Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, arna fhoilsiú ag http://gmo-crl.jrc.ec.europa.eu/StatusOfDossiers.aspx

(3) Ábhar Tagartha: Tá AOCS 0906 (do MON-89Ø34-3) inrochtana tríd an American Oil Chemists Society ag https://www.aocs.org/crm#maize; ERM®-BF418 (do DAS-Ø15Ø7-1), ERM®-BF446 (do SYN-IR162-4), ERM®-BF415 (do MON-ØØ6Ø3-6) agus ERM®-BF433 (do DAS-4Ø278-9) ar fáil tríd an Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) de chuid an Choimisiúin Eorpaigh ag https://crm.jrc.ec.europa.eu/.

(e)    Aitheantóir uathúil:

▼C1

MON-89Ø34-3 × DAS-Ø15Ø7-1 × SYN-IR162-4 × MON-ØØ6Ø3-6 × DAS-4Ø278-9;
MON-89Ø34-3 × DAS-Ø15Ø7-1 × SYN-IR162-4 × DAS-4Ø278-9;
MON-89Ø34-3 × DAS-Ø15Ø7-1 × SYN-IR162-4 × MON-ØØ6Ø3-6;
MON-89Ø34-3 × SYN-IR162-4 × MON-ØØ6Ø3-6 × DAS-4Ø278-9;
DAS-Ø15Ø7-1 × SYN-IR162-4 × MON-ØØ6Ø3-6 × DAS-4Ø278-9;
MON-89Ø34-3 × DAS-Ø15Ø7-1 × SYN-IR162-4;
MON-89Ø34-3 × SYN-IR162-4 × DAS-4Ø278-9;
DAS-Ø15Ø7-1 × SYN-IR162-4 × DAS-4Ø278-9;
SYN-IR162-4 × MON-ØØ6Ø3-6 × DAS-4Ø278-9;
SYN-IR162-4 × DAS-4Ø278-9.

▼B

(f)    Faisnéis a cheanglaítear faoi Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht:

[Teach Imréitigh na Bithshábháilteachta, Uimhir aitheantais an chomhaid: arna fhoilsiú i gclár an Chomhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe nuair a fhógraítear é].

(g)    Coinníollacha nó srianta maidir leis na táirgí a chur ar an margadh, a úsáid nó a láimhseáil:

Ní gá.

(h)    Plean faireacháin maidir le héifeachtaí ar an gcomhshaol:

Plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2001/18/CE.

[Nasc: plean a foilsíodh sa chlár Comhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe]

(i)    Ceanglais faireacháin iarmhargaidh maidir le húsáid an bhia lena chaitheamh ag an duine:

Ní gá.

Nóta:  d’fhéadfadh sé gur ghá na naisc chuig na doiciméid ábhartha a athrú thar thréimhse ama. Cuirfear na modhnuithe sin ar fáil don phobal trí chlár an Chomhphobail de bhia géinmhodhnaithe agus de bheatha ghéinmhodhnaithe a thabhairt cothrom le dáta.