02022D0151 — GA — 11.12.2023 — 002.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
CINNEADH (CBES) 2022/151 ÓN gCOMHAIRLE an 3 Feabhra 2022 (IO L 025 4.2.2022, lch. 11) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
L 319 |
83 |
13.12.2022 |
||
L |
1 |
12.12.2023 |
CINNEADH (CBES) 2022/151 ÓN gCOMHAIRLE
an 3 Feabhra 2022
maidir le gníomhaíocht de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú le haslonnú daoine fíorleochaileacha áirithe ón Afganastáin
Airteagal 1
Cuspóirí agus raon feidhme
Tacóidh an tAontas leis an aslonnú ón Afganastáin, idir an 1 Meitheamh 2021 agus an ►M2 31 Nollaig 2023 ◄ , i gcás:
iar-bhaill fhoireann Ionadaí Speisialta an Aontaigh Eorpaigh san Afganastáin (ISAE);
iar-bhaill fhoireann EUPOL Afganastáin;
na daoine fíorleochaileacha eile seo a leanas:
céilí cleithiúnacha, leanaí, tuismitheoirí agus deirfiúracha neamhphósta na ndaoine a liostaítear i bpointe (a), pointe (b) nó pointe (c).
Airteagal 2
Socruithe airgeadais
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus ré
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Beidh feidhm aige ón 1 Meitheamh 2021.