02022D0134 — GA — 31.01.2022 — 000.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

▼C1

CINNEADH (AE) 2022/134 ÓN MBANC CEANNAIS EORPACH

an 19 Eanáir 2022

lena leagtar síos rialacha comhchoiteanna maidir le tarchur faisnéise maoirseachta ag an mBanc Ceannais Eorpach chuig údaráis agus chuig comhlachtaí chun na cúraimí arna dtabhairt dó le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle a chomhlíonadh (BCE/2022/2)

▼B

(IO L 020 31.1.2022, lch. 275)


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 199, 28.7.2022, lch.  31 ([2022/134])




▼B

▼C1

CINNEADH (AE) 2022/134 ÓN MBANC CEANNAIS EORPACH

an 19 Eanáir 2022

lena leagtar síos rialacha comhchoiteanna maidir le tarchur faisnéise maoirseachta ag an mBanc Ceannais Eorpach chuig údaráis agus chuig comhlachtaí chun na cúraimí arna dtabhairt dó le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle a chomhlíonadh (BCE/2022/2)

▼B



Airteagal 1

Ábhar

1.  
Leagtar síos leis an gCinneadh seo rialacha comhchoiteanna maidir le tarchur faisnéise maoirseachta atá ina sheilbh ag BCE chuig údaráis agus comhlachtaí a shainmhínítear in Airteagal 2(2).
2.  
Tá an Cinneadh seo gan dochar do rialacha maidir le tarchur faisnéise maoirseachta atá ina sheilbh ag BCE chuig údaráis agus comhlachtaí eile nó atá ina seilbh ag na húdaráis inniúla náisiúnta de réir bhrí Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “faisnéis mhaoirseachta” aon fhaisnéis rúnda atá ina sheilbh ag BCE, a ndéantar talamh slán de ina leith, le tarchur na faisnéise sin chuig údaráis agus comhlachtaí, go ndéantar measúnú, a bhaineann le cur i gcrích na gcúraimí a thugtar do BCE le Rialachán (AE) 1024/2013, ar oiriúnacht an tarchuir sin;

(2) 

ciallaíonn “údaráis agus comhlachtaí” údaráis agus comhlachtaí náisiúnta, Aontais agus idirnáisiúnta, cé is moite d’údaráis inniúla náisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, arna sainaithint san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(3) 

ciallaíonn “cinneadh cúraimí a shannadh” cinneadh lena sannann an Bord Feidhmiúcháin d’oifigeach imréitigh tarchuir cúram chur i bhfeidhm na rialacha a leagtar síos sa Chinneadh seo agus/nó, de réir mar is iomchuí, na rialacha sonracha a leagtar síos in ionstraimí is infheidhme maidir le catagóirí áirithe tarchuir faisnéise maoirseachta;

(4) 

ciallaíonn “imréiteach tarchuir” formheas a dhéanamh ar fhaisnéis mhaoirseachta a tharchur chuig údaráis agus comhlachtaí arna thabhairt ag oifigeach imréitigh tarchuir agus an Cinneadh seo á chur i bhfeidhm agus/nó, de réir mar is iomchuí, ionstraimí lena leagtar síos rialacha sonracha is infheidhme maidir le catagóirí áirithe tarchuir faisnéise maoirseachta, de bhun cinneadh cúraimí a leithdháileadh, á gcur i bhfeidhm.

Airteagal 3

Rialacha comhchoiteanna maidir le tarchur faisnéise maoirseachta

1.  

Tarchuirfidh BCE faisnéis mhaoirseachta chuig údaráis agus comhlachtaí, más rud é:

(a) 

go n-údaraítear, leis an dlí is infheidhme, faisnéis mhaoirseachta den sórt sin a tharchur chuig na húdaráis agus na comhlachtaí sin agus go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos don údarú sin;

(b) 

go bhfuil an fhaisnéis mhaoirseachta leormhaith, ábhartha agus nach bhfuil sí iomarcach ó thaobh raon feidhme de i ndáil le cúraimí na n-údarás nó na gcomhlachtaí ábhartha sin; agus

(c) 

nach bhfuil aon chúiseanna sáraitheacha ann go ndiúltófaí faisnéis mhaoirseachta den sórt sin a nochtadh i ndáil leis an ngá atá ann aon chur isteach ar fheidhmiú agus ar neamhspleáchas an tSásra Aonair Maoirseachta a sheachaint, go háirithe trí chur i gcrích a chúraimí a chur i mbaol.

2.  
Más dealraitheach go bhfuil cúiseanna sáraitheacha ann go ndiúltófaí faisnéis mhaoirseachta dá dtagraítear i mír (1)(c) a nochtadh, déanfaidh an Chomhairle Rialaithe cinneadh maidir le tarchur faisnéise maoirseachta, agus an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 26(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 á leanúint aici.
3.  
Tá na rialacha comhchoiteanna a leagtar síos i mír 1 gan dochar d’aon rialacha sonracha dá dtagraítear in Airteagal 4.

Airteagal 4

Ionstraimí lena leagtar síos rialacha sonracha

Tá an cinneadh seo gan dochar d’ionstraimí eile ina leagfar síos rialacha sonracha nó comhlántacha maidir le catagóirí áirithe tarchuir faisnéise maoirseachta chuig údaráis agus chuig comhlachtaí.

Airteagal 5

Imréiteach tarchuir

Beidh sé de fhreagracht ar oifigigh imréitigh tarchuir tarchur faisnéise maoirseachta ag BCE a fhormheas agus cuirfidh siad i bhfeidhm maidir leis sin na rialacha a leagtar síos sa Chinneadh seo agus/nó, de réir mar is iomchuí, aon rialacha sonracha a leagtar síos sna hionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 4, de bhun cinnidh cúraimí a leithdháileadh.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an cúigiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.




IARSCRÍBHINN



Údarás nó comhlacht faighteach

Tuairisc agus bunús dlí

An Coimisiún Eorpach

Airteagal 32 de SSMR (1)

An tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE), an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme, an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach

Airteagal 53(2) de CRD (2) i gcomhar le hAirteagal 35(1) de Rialachán ÚBE (3) nó le hAirteagal 80 de CRR (4), Airteagal 15 de Rialachán BERS (5)

Airteagal 9a de Rialachán ÚBE

Údaráis maoirseachta stuamachta náisiúnta san Aontas Eorpach agus sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) maidir le nósanna imeachta cáilitheacha sealbhaíochta agus ceadúnaithe nó nósanna imeachta eile dá dtagraítear sa reachtaíocht ábhartha

Airteagal 56 agus Airteagail 16(3), 24(2), 50(4) de CRDagus forálacha coibhéiseacha i ndlí an Aontais, go háirithe Airteagail 26 agus 60 i Sócmhainneacht II (6) agus Airteagail 11 agus 84 de MiFID (7)

Údaráis inniúla agus réitigh náisiúnta atá rannpháirteach i gcoláiste stuamachta faoi CRD, nó i socruithe faoi FICOD nó grúpaí bainistithe géarchéime

Cuimsítear sa chatagóir sin malartú faisnéise laistigh de choláistí stuamachta faoi CRD agus faoi FICOD agus grúpaí bainistithe géarchéime chomh maith le nuashonruithe bliantúla neamhroghnacha agus deireadh a chur le socruithe comhordúcháin agus comhair i scríbhinn, socruithe comhordúcháin faoi FICOD agus socruithe comhair le haghaidh grúpaí bainistithe géarchéime

Airteagal 116 de CRD maidir le socruithe comhordúcháin agus comhair i scríbhinn;

Airteagal 11 de FICOD (8) maidir le socruithe ilchuideachta airgeadais;

Airteagail 90, 97 agus 98 de TTRB (9) le haghaidh socruithe comhair a bhaineann le grúpaí bainistithe géarchéime;

Airteagail 88 agus 90 de TTRB le haghaidh socruithe i scríbhinn le haghaidh coláiste réitigh.

Na húdaráis ar cuid iad de choláiste an Chomhraic in aghaidh Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta (AML/CFT)

Airteagal 117(5) de CRD (le haghaidh údaráis mhaoirseachta AML/CFT agus aonaid um fhaisnéis airgeadais agus téarmaí rannpháirtíochta arna dtabhairt i gcrích don choláiste sonrach AML/CFT). Maidir le malartú faisnéise le húdaráis eile atá rannpháirteach sa choláiste, d’fhéadfadh bunús dlí eile a bheith ann (nóta: déantar coláistí AML/CFT a rialáil le treoirlínte comhpháirteacha maidir le comhar agus malartú faisnéise idir údaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais agus páirtithe eile chun críche Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10); níl na treoirlínte sin dírithe ar BCE).

Údaráis mhaoirseachta AML/CFT a shínigh an Comhaontú Iltaobhach maidir leis na módúlachtaí praiticiúla chun faisnéis a mhalartú de bhun Airteagal 57a(2) de Threoir (AE) 2015/849 (dá ngairtear ‘Comhaontú AML’ anseo feasta)

Airteagal 117(5) de CRD, Airteagal 3(4) agus (5) de Chomhaontú AML

Údaráis mhaoirseachta AML/CFT agus aonaid um fhaisnéis airgeadais na mBallstát

Airteagal 117(5) de Threoirlínte CRD agus ÚBE maidir le comhar agus malartú faisnéise idir maoirseoirí stuamachta, maoirseoirí AML/CFT agus aonaid um fhaisnéis airgeadais faoi Threoir 2013/36/AE (EBA/GL/2021/15) (11)

Údaráis náisiúnta mhargaidh san Aontas agus in LEE

Airteagal 56 de CRD

Maoirseoirí náisiúnta árachais san Aontas agus in LEE

Airteagal 56 de CRD

Scéimeanna ráthaithe taiscí, scéimeanna cosanta conarthacha nó institiúideacha, údaráis iomaíochta

Airteagal 56 de CRD, nó an dlí náisiúnta lena gceanglaítear tuairim a fháil ón maoirseoir stuamachta

Údaráis náisiúnta réitigh san Aontas agus in LEE

Airteagal 56 de CRD

Maoirseoirí náisiúnta macrastuamachta le haghaidh cúraimí lasmuigh de raon feidhme Airteagal 5 de SSMR

Airteagal 56 de CRD

Iniúchóirí reachtúla institiúidí suntasacha

Airteagal 56(f) de CRD

Treoirlínte ÚBE maidir le cumarsáid idir údaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus an t-iniúchóir reachtúil nó na hiniúchóirí reachtúla agus an gnólacht iniúchóireachta nó na gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann an iniúchóireacht reachtúil ar institiúidí creidmheasa (EBA/GL/2016/05) (12)

Údaráis náisiúnta atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar mhargaí airgeadais má ainmnítear iad faoi Airteagal 24(1) i dtaca le hAirteagal 24(4)(h) de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) (forfheidhmitheoirí cuntasaíochta)

Airteagal 56 de CRD

Údaráis náisiúnta atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar dhaoine a bhfuil sé de chúram orthu iniúchtaí reachtúla a dhéanamh ar chuntais institiúidí, gnóthas árachais agus institiúidí airgeadais (forfheidhmitheoirí iniúchta)

Airteagal 57 de CRD

Údaráis náisiúnta atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na comhlachtaí a bhfuil baint acu le leachtú agus féimheacht institiúidí agus le nósanna imeachta comhchosúla eile

Airteagal 57 de CRD

Údaráis náisiúnta atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar scéimeanna cosanta conarthacha nó institiúideacha dá dtagraítear in Airteagal 113(7) de CRR

Airteagal 57 de CRD

Údaráis nó comhlachtaí náisiúnta atá freagrach de réir dlí as sáruithe ar dhlí na gcuideachtaí a bhrath agus a imscrúdú

Airteagal 57 de CRD

Údaráis náisiúnta atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chórais íocaíochta

Airteagal 58 de CRD

Comhlachtaí idirnáisiúnta (an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, an Banc Domhanda, an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta, an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais)

Airteagal 58a de CRD, cé is moite de chomhroinnt sonraí (e.g. modúil na gCaighdeán Teicniúil Cur Chun Feidhme) le haghaidh tástálacha struis

Údaráis maoirseachta stuamachta i dtríú tíortha

Airteagal 55 de CRD

Malartú faisnéise i gcomhréir le socruithe (meabhráin tuisceana (MoUnna), socruithe comhordúcháin agus comhair i scríbhinn (WCCAnna), comhaontuithe comhair trasteorann institiúidsonracha (CoAganna) arna bhforbairt ag grúpaí bainistithe géarchéime (CMGanna), socruithe réitigh i scríbhinn (WAnna) etc.) nó comhaontuithe ad hoc

Údaráis náisiúnta mhargaidh, árachais nó údaráis chomhchosúla i dtríú tíortha

Airteagal 55 de CR Dagus socruithe is infheidhme (MoUnna, WCCAnna, CoAganna, WAnna etc.) nó comhaontuithe ad hoc

Údaráis mhaoirseachta AML/CFT agus aonaid um fhaisnéis airgeadais i dtríú tíortha

Airteagal 55 de CRD agus, i gcás inarb ábhartha, meabhráin tuisceana nó socruithe eile comhair

Údaráis réitigh i dtríú tíortha

Airteagal 55 de CRD, Airteagail 97 agus 98 de TTRB, maidir leis na socruithe is infheidhme

(1)   

Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sainiúla don Bhanc Ceannais Eorpach i dtaca le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).

(2)   

Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338) i gcomhar le rialacháin cur chun feidhme AE.

(3)   

Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(4)   

Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, p. 1).

(5)   

Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (IO L 331, 15.12.2010, p. 1).

(6)   

Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).

(7)   

Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(8)   

Treoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le maoirseacht fhorlíontach ar institiúidí creidmheasa, ar ghnóthais árachais agus ar ghnólachtaí infheistíochta in ilchuideachta airgeadais agus lena leasaítear Treoracha 73/239/CEE, 79/267/CEE, 92/49/CEE, 92/96/CEE, 93/6/CEE agus 93/22/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 98/78/CE agus 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 35, 11.2.2003, lch. 1).

(9)   

Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

(10)   

Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoiniú sceimhlitheoirí agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(11)   

Le fáil ar shuíomh gréasáin ÚBE ag www.eba.europa.eu.

(12)   

Le fáil ar shuíomh gréasáin ÚBE.

(13)   

Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38).