02021R0535 — GA — 11.04.2024 — 001.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/535 ÓN gCOIMISIÚN an 31 Márta 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta aonfhoirmeacha agus sonraíochtaí teicniúla maidir le cineálcheadú feithiclí, agus maidir le cineálcheadú na gcóras, na gcomhpháirteanna agus na n-aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena saintréithe ginearálta déanmhais agus lena sábháilteacht (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 117 6.4.2021, lch. 1) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/883 ÓN gCOIMISIÚN an 21 Márta 2024 |
L 883 |
1 |
22.3.2024 |
Arna cheartú le:
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/535 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Márta 2021
lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta aonfhoirmeacha agus sonraíochtaí teicniúla maidir le cineálcheadú feithiclí, agus maidir le cineálcheadú na gcóras, na gcomhpháirteanna agus na n-aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena saintréithe ginearálta déanmhais agus lena sábháilteacht
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
CAIBIDIL I
ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Ábhar
Foráiltear freisin leis an Rialachán seo do nósanna imeachta aonfhoirmeacha lena dtugtar údarú le haghaidh cineálcheadú i gcás amháin nó níos mó de na cásanna a leanas:
i leith córais feithicle i gcás ina gcuirtear comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh a bhfuil marc cineálcheadaithe an Aontais orthu i bhfeidhm seachas marc cineálcheadaithe de chuid NA i gcomhthéacs na gceanglas a leagtar amach sna rialacháin de chuid NA a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144 agus,
i gcás ina n-ainmnítear monaróir mar sheirbhís theicniúil i gcomhréir le hAirteagal 72(1) agus Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir leis na ceanglais a leagtar amach sna rialacháin de chuid NA a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144, agus
i gcás ina ndearnadh tástáil fhíorúil, i gcomhréir le hAirteagal 30(7) agus Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir leis na ceanglais a leagtar amach sna rialacháin de chuid NA a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144, a chur i bhfeidhm.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “cineál feithicle” sraith feithiclí mar a shainmhínítear i gCuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858;
ciallaíonn “cineál feithicle maidir le marcálacha reachtúla” feithiclí nach bhfuil éagsúil le chéile i leith gnéithe fíor-riachtanacha amhail iad seo a leanas:
comhdhéanamh na huimhreach aitheantais feithicle;
saintréithe agus suíomh na marcálacha reachtúla;
ciallaíonn “pláta reachtúil” pláta nó lipéad, arna ghreamú d’fheithicil ag an monaróir agus a sholáthraíonn na príomh-shaintréithe teicniúla is gá chun an fheithicil a shainaithint agus a sholáthraíonn an fhaisnéis ábhartha do na húdaráis inniúla maidir leis na huasmhaiseanna ualaithe incheadaithe;
ciallaíonn “uimhir aitheantais feithicle (VIN)” an cód alfa-uimhriúil a shanntar d'fheithicil ag an monaróir chun aitheantas ceart gach feithicle a áirithiú;
ciallaíonn “cineál feithicle maidir leis an spás chun plátaí clárúcháin a ghléasadh agus a shocrú” feithiclí nach bhfuil éagsúil le chéile i leith gnéithe fíor-riachtanacha amhail iad seo a leanas:
toisí an spáis chun plátaí clárúcháin tosaigh agus cúil a ghléasadh agus a shocrú;
suíomh an spáis chun plátaí clárúcháin tosaigh agus cúil a ghléasadh agus a shocrú;
cruth an dromchla chun plátaí clárúcháin tosaigh agus cúil a ghléasadh agus a shocrú;
ciallaíonn “cineál feithicle maidir le córas cuimilteoirí agus niteoirí gaothscátha” feithiclí nach bhfuil éagsúil le chéile i leith gnéithe fíor-riachtanacha amhail saintréithe an chórais cuimilteoirí agus niteoirí gaothscátha ná cruth, méid agus saintréithe an ghaothscátha agus a ghléasta;
ciallaíonn “cineál córais niteoirí gaothscátha” grúpa córas niteoirí gaothscátha nach bhfuil éagsúil le chéile i leith gnéithe fíor-riachtanacha amhail feidhmíocht an chaidéil, na hábhair a úsáidtear, an inniúlacht stórála, líon na mbuinní, méideanna, tiúis bhalla ná cruth an chórais niteoirí;
ciallaíonn “córas cuimilteoirí gaothscátha” an córas arb é atá ann gaireas chun aghaidh sheachtrach an ghaothscátha a chuimilt, mar aon leis na gabhálais agus na rialtáin is gá chun an gaireas a thosú agus a stopadh;
ciallaíonn “córas niteoirí gaothscátha” an córas arb é atá ann gairis chun sreabhán a stóráil agus a aistriú agus é a dhíriú i dtreo aghaidh sheachtrach an ghaothscátha, i dteannta na rialtán is gá chun an gaireas a thosú agus a stopadh;
ciallaíonn “cineál feithicle maidir le rothghardaí” feithiclí nach bhfuil éagsúil le chéile i leith gnéithe fíor-riachtanacha amhail saintréithe na rothghardaí nó méideanna uasta agus íosta boinn agus rotha a oireann don fheistiú, agus na himchlúdaigh boinn, na méideanna imill agus na seach-chuir rotha is infheidhme á gcur san áireamh;
ciallaíonn “cineál feithicle maidir le córais díreoite agus dínéalaithe gaothscátha” feithiclí nach bhfuil éagsúil le chéile i leith gnéithe fíor-riachtanacha amhail:
saintréithe na gcóras díreoite agus dínéalaithe;
na foirmeacha agus na socruithe seachtracha agus inmheánacha laistigh de limistéar réimse radhairc tosaigh 180° an tiománaí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don infheictheacht;
cruth, méid, tiús agus saintréithe an ghaothscátha agus a fheistiú;
an t-uaslíon ionad suí;
ciallaíonn “córas díreoite” an córas atá beartaithe chun sioc nó oighear a bhaint de dhromchla seachtrach an ghaothscátha;
ciallaíonn “córas dínéalaithe” an córas atá beartaithe chun ceochán a bhaint de dhromchla inmheánach an ghaothscátha;
ciallaíonn “cineál feithicle maidir le gairis tarraingthe” feithiclí nach bhfuil éagsúil le chéile i leith gnéithe fíor-riachtanacha amhail saintréithe na ngaireas tarraingthe;
ciallaíonn “gaireas tarraingthe” gaireas a bhfuil cruth crúca, súile nó foirm eile air, ar féidir páirt cheangail, amhail barra tarraingthe nó téad tarraingthe, a fheistiú air;
ciallaíonn “cineál feithicle maidir le sochtadh sprae” feithiclí iomlána, neamhiomlána nó lánchríochnaithe, nach bhfuil éagsúil le chéile maidir leis na gnéithe a leanas:
an cineál gairis sochta sprae atá suiteáilte ar an bhfeithicil;
tuairisc cineáil chóras sochta sprae an mhonaróra;
ciallaíonn “an cineál gairis sochta sprae” gairis nach bhfuil éagsúil le chéile maidir leis na príomh-shaintréithe a leanas:
an prionsabal fisiceach a ghlactar chun astaíochtaí a laghdú (ionsúchán uisce-fuinnimh, deighilteoir aeir/uisce);
ábhair;
cruth;
toisí, a mhéid a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar iompraíocht an ábhair;
ciallaíonn “córas sochta sprae” córas lena laghdaítear mionú an uisce a chaitheann boinn feithicle atá ag gluaiseacht suas agus atá comhdhéanta de phludgharda, flapaí báistí agus crochtáin atá feistithe le gaireas sochta sprae;
ciallaíonn “gaireas sochta sprae” cuid den chóras sochta sprae, a d’fhéadfadh a bheith comhdhéanta de dheighilteoir aeir/uisce agus ionsúire fuinnimh;
ciallaíonn “cineál feithicle maidir leis an ngiartháscaire (GSI)” feithiclí nach bhfuil éagsúil le chéile i leith gnéithe fíor-riachtanacha amhail na saintréithe feidhmiúla den ghiartháscaire agus an loighic arna húsáid ag an ngiartháscaire chun cinneadh a dhéanamh maidir le cathain pointe athraithe giair a léiriú, lena n-áirítear:
athruithe suas giair a léiriú ag luasanna sonracha innill;
athruithe suas giair a léiriú i gcás ina léirítear le léarscáileanna innill sonracha ídithe breosla go seachadfar feabhas sonraithe íosta san ídiú breosla ag an ngiar níos airde;
athruithe suas giair a léiriú i gcás ina bhféadtar éileamh toirc a shásamh leis an ngiar níos airde;
ciallaíonn “saintréithe feidhmiúla an ghiartháscaire” an tsraith paraiméadair ionchuir, amhail luas innill, éileamh cumhachta, torc agus a n-éagsúlacht ó thaobh ama, lena gcinntear an léiriú giartháscaire agus spleáchas feidhmiúil na léirithe giartháscaire ar na paraiméadair sin;
ciallaíonn “cineál feithicle maidir le rochtain feithicle” feithiclí nach bhfuil éagsúil le chéile i leith gnéithe fíor-riachtanacha amhail saintréithe na gcéimeanna iontrála dorais, na ngreamán láimhe agus na gclár coise;
ciallaíonn “cineál feithicle maidir le gluaisne chúlaitheach” feithiclí nach bhfuil éagsúil le chéile i leith gnéithe fíor-riachtanacha amhail saintréithe an ghairis chúlaithigh;
ciallaíonn “cineál feithicle maidir leis na maiseanna agus na toisí” feithiclí nach bhfuil éagsúil le chéile in aon cheann de na gnéithe a leanas:
trádainm nó marc a monaróra;
aicmiú;
príomhfheidhm;
ciallaíonn “gairis agus trealamh aeraidinimiciúil” gairis nó trealamh a dheartar chun cúltarraingt aeraidinimiciúil feithiclí bóthair a laghdú cé is moite de chábáin fadaithe;
ciallaíonn “cineál córais stórála hidrigine” cóimeáil de chomhpháirteanna nach bhfuil éagsúil le chéile i leith gnéithe fíor-riachtanacha amhail staid an bhreosla hidrigine stóráilte nó an gháis chomhbhrúite, an brú oibre ainmniúil, struchtúr, ábhair, inniúlacht agus toisí fisiceacha an choimeádáin chomh maith le struchtúr, ábhair agus saintréithe fíor-riachtanacha na bhfeistí faoisimh brú, na gcomhlaí coiscthe agus na gcomhlaí stoptha;
ciallaíonn “cineál feithicle maidir le sábháilteacht hidrigine” grúpa feithiclí nach bhfuil éagsúil le chéile i leith gnéithe fíor-riachtanacha amhail cumraíocht bhunúsach agus príomh-shaintréithe chóras breosla hidrigine na feithicle;
ciallaíonn “an cineál comhpháirte hidrigine” grúpa de chomhpháirteanna hidrigine nach bhfuil éagsúil le chéile i leith gnéithe fíor-riachtanacha amhail staid an bhreosla hidrigine stóráilte nó an gháis chomhbhrúite, feidhm na comhpháirte agus a struchtúr, ábhair agus toisí fisiceacha.
CAIBIDIL II
CINEÁLCHEADÚ I gCOMHRÉIR LE CEANGLAIS FHÍOR-RIACHTANACHA BUNAITHE AR RIALACHÁIN DE CHUID NA
Airteagal 3
Iarratas ar chineálcheadú
Airteagal 4
An cineálcheadú a dheonú
CAIBIDIL III
CINEÁLCHEADÚ FEITHICLE AN AONTAIS MAIDIR LE CEANGLAIS SHONRACHA DÉANMHAIS AGUS SÁBHÁILTEACHTA ÁIRITHE
Airteagal 5
Iarratas ar chineálcheadú AE maidir le cineál feithicle a mhéid a bhaineann le córais feithicle áirithe
Cuirfidh monaróirí nó a n-ionadaithe iarratas ar leithligh ar chineálcheadú AE maidir le cineál feithicle a mhéid a bhaineann leis na nithe a leanas isteach chuig an údarás cineálcheadaithe, agus an doiciméad faisnéise samhla á úsáid i gcomhréir le hAirteagal 24(1)(a) de Rialachán (AE) 2018/858:
leagan amach agus suíomh an phláta reachtúil agus comhdhéanamh agus suíomh na huimhreach aitheantais feithicle, agus an tsamhail ina bhfuil an fhaisnéis a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II á húsáid;
an spás chun plátaí clárúcháin tosaigh agus cúil a ghléasadh agus a shocrú, agus an tsamhail ina bhfuil an fhaisnéis a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn III á húsáid;
na córais cuimilteoirí agus niteoirí gaothscátha, agus an tsamhail ina bhfuil an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn IV, Cuid 1, Roinn A á húsáid;
na rothghardaí, agus an tsamhail ina bhfuil an fhaisnéis a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn V á húsáid;
na córais díreoite agus dínéalaithe gaothscátha, agus an tsamhail ina bhfuil an fhaisnéis a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn VI á húsáid;
na gairis tarraingthe, agus an tsamhail ina bhfuil an fhaisnéis a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn VII á húsáid;
an córas sochta sprae, agus an tsamhail ina bhfuil an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Roinn A á húsáid;
an giartháscaire, agus an tsamhail ina bhfuil an fhaisnéis a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn IX á húsáid;
rochtain ar an bhfeithicil, agus an tsamhail ina bhfuil an fhaisnéis a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn X á húsáid;
an ghluaisne chúlaitheach, agus an tsamhail ina bhfuil an fhaisnéis a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XI á húsáid;
maiseanna agus toisí na feithicle, agus an tsamhail ina bhfuil an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn XIII, Cuid 1, Roinn A á húsáid;
i gcás feithiclí faoi thiomáint hidrigine, córas breosla na feithicle ina n-ionchorpraítear córas stórála hidrigine leachtaithe (CSHL) nó córas stórála hidrigine comhbhrúite (CSHC), agus an tsamhail ina bhfuil an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn XIV, Cuid 1, Roinn A á húsáid.
Airteagal 6
Cineálcheadú AE a dheonú maidir le cineál feithicle a mhéid a bhaineann le córais feithicle áirithe
Déanfar an deimhniú ar chineálcheadú AE, dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (AE) 2018/858, a tharraingt suas i gcomhréir leis an méid a leanas:
Cuid 3 d’Iarscríbhinn II don ní dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 5(1);
Cuid 3 d’Iarscríbhinn III don ní dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 5(1);
Iarscríbhinn IV, Cuid 3, Roinn A don ní dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 5(1);
Cuid 3 d’Iarscríbhinn V don ní dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 5(1);
Cuid 3 d’Iarscríbhinn VI don ní dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 5(1);
Cuid 3 d’Iarscríbhinn VII don ní dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 5(1);
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Roinn A don ní dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 5(1);
Cuid 3 d’Iarscríbhinn IX don ní dá dtagraítear i bpointe (h) d’Airteagal 5(1);
Cuid 3 d’Iarscríbhinn X don ní dá dtagraítear i bpointe (i) d’Airteagal 5(1);
Cuid 3 d’Iarscríbhinn XI don ní dá dtagraítear i bpointe (j) d’Airteagal 5(1);
Iarscríbhinn XIII, Cuid 3, Roinn A don ní dá dtagraítear i bpointe (k) d’Airteagal 5(1); agus
Iarscríbhinn XIV, Cuid 3, Roinn A don ní dá dtagraítear i bpointe (l) d’Airteagal 5(1).
CAIBIDIL IV
CINEÁLCHEADUITHE AE MAIDIR LE hAONAD TEICNIÚIL AR LEITHLIGH AGUS COMHPHÁIRT I nDÁIL LE CÓRAIS AGUS COMPHÁIRTEANNA ÁIRITHE FEITHICLE
Airteagal 7
Iarratas ar chineálcheadú AE maidir le haonad teicniúil ar leithligh i dtaca le córais agus trealamh
Déanfar iarratais ar chineálcheadú AE maidir le haonad teicniúil ar leithligh i ndáil le gach ceann de na córais agus den trealamh a leanas a tharraingt suas i gcomhréir leis an doiciméad faisnéise samhla faoi seach dá dtagraítear in Airteagal 24(1)(a) de Rialachán (AE) 2018/858:
an córas niteoirí gaothscátha, agus an tsamhail ina bhfuil an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn IV, Cuid 1, Roinn B á húsáid;
an córas sochta sprae, agus an tsamhail ina bhfuil an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn VIII, Cuid 1, Roinn B á húsáid;
an córas cosanta tosaigh, agus an tsamhail ina bhfuil an fhaisnéis a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XII á húsáid;
an gaireas nó trealamh aeraidinimiciúil, agus an tsamhail ina bhfuil an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn XIII, Cuid 1, Roinn B á húsáid.
Airteagal 8
Cineálcheadú AE maidir le haonad teicniúil ar leithligh a dheonú
Déanfar na deimhnithe ar chineálcheadú AE, a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 28(1) de Rialachán (AE) 2018/858, i ndáil leis na córais agus an trealamh dá dtagraítear in Airteagal 5 a tharraingt suas i gcomhréir leis an méid a leanas:
Iarscríbhinn IV, Cuid 3, Roinn B i ndáil leis an gcóras dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 7;
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Roinn B i ndáil leis an gcóras dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 7;
Iarscríbhinn XII, Cuid 3, Roinn B i ndáil leis an gcóras dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 7;
Iarscríbhinn XIII, Cuid 3, Roinn B i ndáil leis an trealamh dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 7.
Airteagal 9
Iarratas ar chineálcheadú AE maidir le comhpháirteanna
Déanfar iarratais ar chineálcheadú AE maidir le comhpháirteanna i ndáil leis na comhpháirteanna hidrigine a leanas a tharraingt suas i gcomhréir leis an doiciméad faisnéise samhla faoi seach dá dtagraítear in Airteagal 24(1)(a) de Rialachán (AE) 2018/858 agus beidh an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn XIV, Cuid 1, Roinn B iontu:
na córais stórála hidrigine leachtaithe (CSHL), lena n-áirítear a gcoimeádáin, feistí faoisimh brú agus stoptha, maidir lena bhfeidhmíocht sábháilteachta agus a gcomhoiriúnacht ábhair;
na córais stórála hidrigine comhbhrúite (CSHC), lena n-áirítear a gcoimeádáin agus a bpríomhghairis dúnta, ina bhfuil feiste faoisimh brú agus teirmigh (TPRD), comhla choiscthe agus comhlaí stoptha uathoibríocha, maidir lena gcomhoiriúnacht ábhair.
Airteagal 10
Cineálcheadú AE maidir le comhpháirteanna a dheonú
Airteagal 11
Marc cineálcheadaithe
Déanfar an marc cineálcheadaithe maidir le haonad teicniúil ar leithligh i ndáil le cineál córais nó trealaimh, dá dtagraítear in Airteagal 38(2) de Rialachán (AE) 2018/858, a chomhdhéanamh agus a shocrú i gcomhréir leis an méid a leanas:
Iarscríbhinn IV, Cuid 3, Roinn C maidir leis an gcóras dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 7;
Iarscríbhinn VIII, Cuid 3, Roinn C maidir leis an gcóras dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 7;
Iarscríbhinn XII, Cuid 3, Roinn B maidir leis an gcóras dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 7;
Iarscríbhinn XIII, Cuid 3, Roinn C maidir leis na gairis agus an trealamh dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 7.
CAIBIDIL V
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 12
Foráil idirthréimhseach
Airteagal 13
Faisnéis a sholáthar
Chun críche an gá le haghaidh tuilleadh forbairtí a mheas, déanfaidh monaróirí agus údaráis chineálcheadaithe an fhaisnéis a leagtar amach i gCodanna 1, 2 agus 3 d’Iarscríbhinn IX a chur ar fáil don Choimisiún arna iarraidh sin. Déileálfaidh an Coimisiún agus a ionadaithe go rúnda leis an bhfaisnéis.
Airteagal 14
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 6 Iúil 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
CINEÁLCHEADÚ I LIMISTÉIR A CHUMHDAÍTEAR LE RIALACHÁIN DE CHUID NA
CUID 1
Doiciméad faisnéise
SAMHAIL
Doiciméad faisnéise Uimh. … a bhaineann le cineálcheadú AE d’fheithicil maidir le córas / comhpháirt / aonad teicniúil ar leithligh (1) maidir le Rialachán Uimh. … de chuid NA, arna leasú leis an … sraith leasuithe / arna leasú le Forlíonadh … ar an … sraith leasuithe (1), i dtaobh … bunaithe ar uimhriú earraí Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 (2) agus formáidithe i gcomhréir leis sin
Soláthrófar trí chóip den fhaisnéis a leanas, i gcás inarb infheidhme, agus áireofar liosta ábhair inti. Ní mór aon líníocht nó pictiúr a sholáthar ar scála iomchuí agus ar bhealach a bheidh mionsonraithe go leordhóthanach ar pháipéar ar mhéid A4 nó ar fhillteán i bhformáid A4. Ní mór mionsonraí leordhóthanacha a bheith le feiceáil i ngrianghraif, más ann dóibh.
0. GINEARÁLTA
0.1. Déantús (trádainm an mhonaróra):
0.2. Cineál:
0.2.1. Ainm(neacha) trádála (má tá siad ar fáil):
0.3. Modh aitheantais an chineáil, má tá sé marcáilte ar an bhfeithicil / gcomhpháirt / aonad teicniúil ar leithligh (1) (3):
0.3.1. Suíomh na marcála sin:
0.4. Catagóir feithicle (4):
0.5. Ainm na cuideachta agus seoladh an mhonaróra:
0.8. Ainm(neacha) agus seoladh/seoltaí na monarchan/monarchana cóimeála:
0.9. Ainm agus seoladh ionadaí an mhonaróra (más ann dó):
1. SAINTRÉITHE GINEARÁLTA DÉANMHAIS NA FEITHICLE
1.1. Grianghraif, pictiúir agus/nó líníochtaí feithicle / comhpháirte/ aonaid theicniúil ar leithligh ionadaíoch (1):
Déanfar gach earra agus faisnéis a bheidh ann ina dhiaidh sin atá ábhartha don fheithicil, don chomhpháirt nó don aonad teicniúil ar leithligh a sholáthar i gcomhaontú leis an tseirbhís theicniúil agus leis an údarás cineálcheadaithe atá freagrach as an gcineálcheadú AE ar cuireadh isteach an t-iarratas ina thaobh a dheonú. Féadtar go mbeidh sé bunaithe ar shamhail le haghaidh doiciméad faisnéise má fhoráiltear maidir leis le Rialachán Uimh. … de chuid NA, é sin nó beidh sé bunaithe a mhéid is indéanta ar an uimhriú earraí d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún (i.e. an liosta iomlán faisnéise chun críche chineálcheadú AE d’fheithiclí, do chomhpháirteanna agus d’aonaid theicniúla ar leithligh) agus cuirfear aon fhaisnéis nó sonraí breise a éilítear le haghaidh ceadú faoi Rialachán Uimh. … de chuid NA san áireamh.
Nótaí míniúcháin
Uimhriú doiciméid faisnéise i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858
Scrios murab infheidhme
Ní gá tuairisc a thabhairt ar pháirt (e.g. comhpháirt nó aonad teicniúil ar leithligh) atá cineálcheadaithe má thagraítear don chineálcheadú sin. Ar an gcuma chéanna, ní gá tuairisc a thabhairt ar pháirt má bhíonn tógáil na páirte le feiceáil go soiléir sna léaráidí agus sna líníochtaí atá i gceangal. Soláthair uimhreacha na ndoiciméad comhfhreagrach ceangailte maidir le gach earra dá bhfuil líníochtaí, pictiúir agus grianghraif i gceangal.
Má tá carachtair nach bhfuil ábhartha i leith tuairisc a thabhairt ar an gcineál feithicle, comhpháirte nó aonaid theicniúil ar leithligh arna gcumhdach ag an doiciméad faisnéise seo sa mhodh aitheantais cineáil, déanfar na carachtair sin a léiriú sa doiciméadacht leis an tsiombail “?” (e.g. ABC??123??).
Aicmithe de réir na sainmhínithe a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858.
CUID 2
SAMHAIL
Formáid: A4 (210 × 297 mm)
DEIMHNIÚ AR CHINEÁLCHEADÚ
Aitheantas an údaráis cineálcheadaithe
Teachtaireacht maidir le cineálcheadú a dheonú / a shíneadh / a dhiúltú / a tharraingt siar ( 1 ) i leith cineál feithicle maidir le córas / comhpháirte / aonad teicniúil ar leithligh (1) lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos i Rialachán Uimh. … de chuid NA arna leasú leis an … sraith leasuithe / arna leasú le Forlíonadh … ar an … sraith leasuithe (1) , maidir le Rialachán (AE) 2019/2144, arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) Uimh. …/…
Uimhir an deimhnithe ar chineálcheadú ón Aontas.
An chúis leis an síneadh / diúltú / tarraingt siar (1)
ROINN I
0. GINEARÁLTA
0.1. Déantús (trádainm an mhonaróra):
0.2. Cineál:
0.2.1. Ainm(neacha) trádála (má tá siad ar fáil):
0.3. Modh aitheantais an chineáil, má tá sé marcáilte ar an bhfeithicil / gcomhpháirt / aonad teicniúil ar leithligh (1) :
0.3.1. Suíomh na marcála sin:
0.4. Catagóir feithicle ( 2 ):
0.5. Ainm agus seoladh an mhonaróra:
0.8. Ainm(neacha) agus seoladh/seoltaí na monarchan/monarchana cóimeála:
0.9. Ainm agus seoladh ionadaí an mhonaróra (más ann dó):
1. SAINTRÉITHE GINEARÁLTA DÉANMHAIS NA FEITHICLE
1.1. Grianghraif agus/nó líníochtaí d’fheithicil ionadaíoch:
ROINN II
1. Faisnéis bhreise (i gcás inarb infheidhme): féach an tAguisín.
2. Seirbhís theicniúil atá freagrach as na tástálacha a dhéanamh:
3. Dáta na tuarascála tástála:
4. Uimhir na tuarascála tástála:
5. Nótaí (más ann dóibh): féach an tAguisín.
6. Áit:
7. Dáta:
8. Síniú:
Ceangaltáin:
Aguisín
a ghabhann le huimhir an deimhnithe ar chineálcheadú …
1. Bunaithe ar Rialachán NA agus comhpháirteanna nó aonaid theicniúla ar leithligh a fuair cineálcheadú AE á n-úsáid: tá / níl ( 3 )
2. An nós imeachta formheasa de réir Airteagal 30(7) de Rialachán AE 2018/858 (tástáil fhíorúil): tá / níl (3)
3. An nós imeachta formheasa de réir Airteagal 72(1) agus Iarscríbhinn VII de Rialachán AE 2018/858 (seirbhís theicniúil intí): tá / níl (3)
4. I gcás comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh, sampla den mharcáil chineálcheadúcháinar an gcomhpháirt nó ar an aonad teicniúil ar leithligh:
5. Nótaí:
IARSCRÍBHINN II
PLÁTA REACHTÚIL AGUS AN UIMHIR AITHEANTAIS FEITHICLE
CUID 1
Doiciméad faisnéise i ndáil le cineálcheadú AE do mhótarfheithiclí agus a leantóirí maidir leis an bpláta reachtúil agus an uimhir aitheantais feithicle (VIN)
SAMHAIL
Doiciméad faisnéise Uimh. … a bhaineann le cineálcheadú AE feithicle maidir le pláta reachtúil na feithicle agus an uimhir aitheantais feithicle.
Soláthrófar trí chóip den fhaisnéis a leanas, más infheidhme, agus áireofar liosta ábhar léi. Ní mór aon líníocht nó pictiúr a sholáthar ar scála iomchuí agus ar bhealach a bheidh mionsonraithe go leordhóthanach ar pháipéar de mhéid A4 nó ar fhillteán i bhformáid A4. Ní mór mionsonraí leordhóthanacha a bheith le feiceáil i ngrianghraif, más ann dóibh.
0.1.
0.2.
0.2.1.
0.3.
0.3.1.
0.4.
0.5.
0.6.
0.6.1.
0.6.2.
0.8.
0.9.
1.
1.1.
9.
9.17.
9.17.1.
9.17.2.
9.17.3.
9.17.4.
9.17.4.1.
9.17.4.2.
9.17.4.3.
Nótaí míniúcháin
Bunaítear an doiciméad faisnéise seo ar an teimpléad a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún agus líonfar isteach é leis an bhfaisnéis ábhartha faoi uimhreacha na bpointí a liostaítear thuas, mar a shainmhínítear sa teimpléad sin.
CUID 2
Roinn A
Sonraíochtaí teicniúla
1. Pláta reachtúil an mhonaróra
1.1. Forálacha ginearálta:
1.1.1. Feisteofar pláta reachtúil an mhonaróra a dtugtar tuairisc air sa roinn seo ar gach feithicil
1.1.2. Greamóidh an monaróir feithiclí nó ionadaí an mhonaróra feithiclí pláta reachtúil an mhonaróra.
1.1.3. Beidh pláta reachtúil an mhonaróra comhdhéanta de cheachtar acu seo a leanas:
leathán miotail dronuilleogach;
lipéad féinghreamaitheach dronuilleogach.
1.1.4. Daingneofar plátaí miotalacha le seamanna nó a gcoibhéis.
1.1.5. Léireoidh na lipéid má sháraítear iad, beidh siad calaoisdíonach agus féinscriosach i gcás ina ndéantar iarracht an lipéad a bhaint.
1.2. Faisnéis atá le lua ar phláta reachtúil an mhonaróra.
1.2.1. Déanfar an fhaisnéis a leanas a chló go doscriosta ar phláta reachtúil an mhonaróra san ord a liostaítear:
ainm cuideachta an mhonaróra;
uimhir cineálcheadaithe na feithicle;
an chéim críochnaithe, i gcás an dara céim agus na céimeanna ina dhiaidh sin d’fheithiclí ar tógadh go hilchéimneach iad dá dtagraítear i bpointe 4.2 d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858;
uimhir aitheantais na feithicle;
an uasmhais ualaithe atá incheadaithe go teicniúil;
uasmhais an chónaisc atá incheadaithe go teicniúil;
an uasmhais atá incheadaithe go teicniúil ar gach acastóir arna liostú in ord ón tosach go dtí an cúl.
1.2.2. Ní bheidh airde na gcarachtar dá dtagraítear i bpointe 1.2.1.(d) níos lú ná 4 mm.
1.2.3. Ní bheidh airde na gcarachtar san fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 1.2.1., seachas uimhir aitheantais na feithicle, níos lú ná 2 mm.
1.3. Forálacha sonracha
1.3.1. Leantóirí
1.3.1.1. I gcás leantóra, luafar an uasmhais statach cheartingearach atá incheadaithe go teicniúil ar an bpointe cúplála.
1.3.1.2. Measfar gur acastóir é an pointe cúplála. Uimhreofar an t-acastóir sin ‘0’.
1.3.1.3. Uimhreofar an chéad acastóir ‘1’, an dara hacastóir ‘2’ agus mar sin de, agus iad deighilte ó chéile le fleiscín.
1.3.1.4. Fágfar mais an chónaisc dá dtagraítear i bpointe 1.2.1.(f) ar lár.
1.3.2. Feithiclí tromshaothair
1.3.2.1. Maidir le feithiclí i gcatagóir N3, O3 nó O4, luafar an uasmhais atá incheadaithe go teicniúil ar shraith acastóirí. Sainaithneofar an iontráil a chomhfhreagraíonn do “Shraith acastóirí” leis an litir ‘T’, agus fleiscín ina dhiaidh.
1.3.2.2. Maidir le feithiclí i gcatagóir M3, N3, O3 nó O4, féadfaidh an monaróir an uasmhais ualaithe incheadaithe atá beartaithe tráth an chlárúcháin/i seirbhís a lua ar phláta reachtúil an mhonaróra.
1.3.2.2.1. Déanfar an chuid de phláta reachtúil an mhonaróra ar a luafar na maiseanna a fhoroinnt in dhá cholún: luafar na huasmhaiseanna incheadaithe atá beartaithe tráth an chlárúcháin/i seirbhís sa cholún ar chlé agus luafar na huasmhaiseanna ualaithe atá incheadaithe go teicniúil sa cholún ar dheis.
1.3.2.2.2. Léireofar cód dhá litreach na tíre ina bhfuil an fheithicil beartaithe le bheith cláraithe sa cheanntásc den cholún ar chlé. Beidh an cód i gcomhréir le Caighdeán ISO 3166-1:2006.
1.3.2.3. Ní bheidh feidhm ag ceanglais phointe 1.3.2.1. i gcás:
inarb ionann an uasmhais atá incheadaithe go teicniúil ar shraith acastóirí agus suim na huasmhaise atá incheadaithe go teicniúil ar na hacastóirí atá ina gcuid den tsraith acastóirí sin;
cuirtear an litir “T” mar iarmhír leis an uasmhais ar gach acastóir ar cuid é den tsraith acastóirí; agus
i gcás ina gcuirtear ceanglais phointe 1.3.2.2. i bhfeidhm, is ionann an uasmhais incheadaithe tráth an chlárúcháin/i seirbhís ar an tsraith acastóirí agus suim na huasmhaise incheadaithe tráth an chlárúcháin/i seirbhís ar na hacastóirí ar cuid den tsraith acastóirí iad.
1.4. Faisnéis bhreise
1.4.1. Féadfaidh an monaróir faisnéis bhreise a sholáthar faoi na hinscríbhinní forordaithe nó taobh leo, lasmuigh de dhronuilleog atá marcáilte go soiléir ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí 1.2. agus 1.3. amháin.
1.5. Samhlacha de phláta reachtúil an mhonaróra
1.5.1. Tugtar samplaí de na samhlacha éagsúla a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh pláta reachtúil an mhonaróra i Roinn B.
1.5.2. Is sonraí samhailteacha iad na sonraí a thugtar ar na samhlacha.
1.6. Ceanglais maidir le suíomh ar fheithicil
1.6.1. Beidh pláta reachtúil an mhonaróra ceangailte go docht i suíomh feiceálach a bheidh inrochtana go héasca.
1.6.2. Roghnófar an suíomh ionas nach mbeidh an chuid dá mbeidh sé greamaithe faoi réir athsholáthair agus é in úsáid.
2. Uimhir aitheantais feithicle (VIN)
2.0.1. Marcálfar VIN ar gach feithicil.
2.0.2. Beidh an VIN uathúil agus sannta go haonchiallach d’fheithicil ar leith.
2.0.3. Marcálfar an VIN ar an bhfonnadh nó ar an bhfeithicil nuair a fhágann an fheithicil an líne tháirgthe.
2.0.4 Áiritheoidh an monaróir inrianaitheacht na feithicle trí bhíthin an VIN thar thréimhse 30 bliain.
2.0.5 Ní fhéadfar a sheiceáil tráth an chineálcheadaithe an ann do bhearta arna ndéanamh ag an monaróir chun inrianaitheacht na feithicle dá dtagraítear i bpointe 2.0.4. a áirithiú.
2.1. Beidh na trí chuid agus an digit seiceála a leanas i gceist le VIN:
an t-aitheantóir monaróra domhanda (WMI);
cuid an tuairisceora feithicle (VDS);
cuid an táscaire feithicle (VIS).
2.2. Beidh cód i gceist leis an WMI a shanntar ar an monaróir feithiclí lenar féidir an monaróir sin a shainaithint.
2.2.1. Beidh trí charachtar alfa-uimhriúla sa chód, ceannlitreacha Rómhánacha nó uimhreacha Arabacha, a shannfaidh an t-údarás inniúil sa tír ina bhfuil príomháit ghnó an mhonaróra suite.
2.2.2. Gníomhóidh an t-údarás inniúil i gcomhréir leis an eagraíocht idirnáisiúnta dá dtagraítear i gCaighdeán ISO 3780:2009 maidir le “Feithiclí bóthair – Cód an aitheantóra monaróra domhanda (WMI)”.
2.2.3. I gcás ina mbíonn táirgeacht dhomhanda an mhonaróra níos lú ná 500 feithicil in aghaidh na bliana, beidh an tríú carachtar i gcónaí ‘9’. D’fhonn monaróirí den sórt sin a shainaithint, sannfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i bpointe 2.2. an tríú, an ceathrú agus an cúigiú carachtar den VIS.
2.3. Beidh cúig charachtar alfa-uimhriúla sa VDS, ceannlitreacha Rómhánacha nó uimhreacha Arabacha, a léireoidh saintréithe ginearálta na feithicle. I gcás nach n-úsáideann an monaróir ceann amháin nó níos mó de na cúig charachtar, líonfar na spásanna nach n-úsáidtear le carachtair alfa-uimhriúla de rogha an mhonaróra ionas go mbeidh cúig charachtar san iomlán ann.
2.4. Beidh digit seiceála ann le haghaidh an naoú suíomh den VIN atá ceart ó thaobh na matamaitice de i gcomhréir leis an bhfoirmle a shonraítear i Roinn C.
2.5. Beidh ocht gcarachtar alfa-uimhriúla sa VIS, ceannlitreacha Rómhánacha nó uimhreacha Arabacha, agus ní bheidh sna ceithre charachtar dheireanacha ach digití amháin.
Soláthrófar leis an VIS, i gcomhar leis an WMI agus an VDS, aitheantas soiléir ar fheithicil ar leith. Líonfar aon spás nach n-úsáidtear leis an digit ‘0’ ionas go mbeidh ocht gcarachtar ann san iomlán.
2.6. Ní bheidh airde na gcarachtar VIN atá marcáilte ar an bhfonnadh níos lú ná 7 mm.
2.7. Ní bheidh aon spás idir na carachtair.
2.8. Ní cheadófar na litreacha ‘I’, ‘O’ nó ‘Q’ a úsáid.
2.9. Beidh tús agus deireadh an VIN teoranta ag siombail amháin ar rogha an mhonaróra. Níor cheart go mbeadh an tsiombail sin ina ceannlitir Rómhánach ná uimhir Arabach.
2.9.1. Féadfar an ceanglas faoi phointe 2.9. a tharscaoileadh i gcás ina marcáiltear an VIN ar líne amháin.
2.9.2. I gcás ina marcáiltear an VIN ar dhá líne, beidh feidhm ag an gceanglas faoi phointe 2.9. maidir le gach líne.
2.10. Ceanglais maidir le suíomh an VIN ar fheithicil
2.10.1. Beidh an VIN marcáilte ar líne amháin.
2.10.1.1. I gcás nach féidir an VIN a mharcáil ar líne amháin, ar chúiseanna teicniúla amhail easpa spáis, féadann an t-údarás inniúil, arna iarraidh sin don mhonaróir, marcáil an VIN ar dhá líne a cheadú. I gcás den sórt sin, ní fhéadfaidh na codanna dá dtagraítear i bpointe 2.1. a bheith briste.
2.10.2. Marcálfar an VIN trí stampáil nó trí ghreadú meicniúil ar an bhfonnadh, ar an bhfráma nó ar struchtúr eile dá shamhail.
2.10.3. Féadfar teicnící eile ar cruthaíodh ina leith go bhfuil sé dodhéanta iad a athrú trí chrioscaíl nó trí bhrionnú ar an leibhéal céanna leis an ngreadú meicniúil a úsáid in ionad na teicníce sin.
2.10.4. Marcálfar an VIN i suíomh ina bhfuil sé le feiceáil go soiléir agus éasca rochtain a fháil air, ar bhealach nach bhféadfar é a scriosadh ná nach bhféadfadh meath teacht air.
2.10.5. Beidh an VIN suite ar thaobh na láimhe deise den fheithicil.
Roinn B
Samhail de phláta reachtúil
1. SAMHAIL A
le haghaidh feithiclí i gcatagóir M1 agus N1
JERMY CLARKFILS AUTOMOBILES S.A. e2*2018/858*11460 VRZUA5FX29J276031 1 850 kg 3 290 kg 1 – 1 100 kg 2 – 880 kg |
Sampla de phláta reachtúil monaróra le haghaidh feithicil i gcatagóir M1 cineálcheadaithe sa Fhrainc.
2. SAMHAIL B
le haghaidh feithiclí i gcatagóir M2, M3, N2 agus N3
DEMURO VEICOLI COMMERCIALI S.P.A. e3*2018/858*52288 ZCFC35A3405850414 |
|
(IT) 17 990 kg 40 000 kg 1 – 7 100 kg 2 – 11 500 kg T - kg |
17 990 kg 44 000 kg 1 – 7 100 kg 2 – 11 500 kg T - kg |
Sampla de phláta reachtúil monaróra le haghaidh feithicil i gcatagóir N3 cineálcheadaithe san Iodáil.
Tugtar an méid seo a leanas faoi deara: tá an colún ar an taobh clé roghnach
3. SAMHAIL C
le haghaidh feithiclí i gcatagóir O1 agus O2
KAPITÅN SLØW e5*2018/858*11460 YSXFB56VX71134031 1 500 kg 0 – 100 kg 1 – 1 100 kg 2 – 880 kg |
Sampla de phláta reachtúil monaróra le haghaidh feithicil i gcatagóir O2 cineálcheadaithe sa tSualainn.
4. SAMHAIL D
le haghaidh feithiclí i gcatagóir O3 agus O4
Jalo Pnik CO. TD e8*2018/858*10036 2T0YX646XX7472266 |
|
(CZ) 34 000 kg 0 – 8 000 kg 1 – 9 000 kg 2 – 9 000 kg 3 – 9 000 kg T - 27 000 kg |
37 000 kg 0 – 8 000 kg 1 – 10 000 kg 2 – 10 000 kg 3 – 10 000 kg T - 30 000 kg |
Sampla de phláta reachtúil monaróra le haghaidh feithicil i gcatagóir O4 cineálcheadaithe i bPoblacht na Seice.
Tugtar an méid seo a leanas faoi deara: tá an colún ar an taobh clé roghnach
5. SAMHAIL E
pláta breise le haghaidh feithiclí a tógadh go hilchéimneach (i gcomhréir le pointe 4.2. d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858)
HaMsTeR conversions LLP e49*2018/858*01912 Céim 3 VRZUA5FX29J276031 1 900 kg (kg) 1 – 1 200 kg 2 – kg |
Sampla de phláta reachtúil monaróra le haghaidh feithicil ilchéimneach i gcatagóir N1 cineálcheadaithe sa Chipir. Luaitear an mhais atá incheadaithe go teicniúil ar an bpláta seo, rud a chiallaíonn gur athraíodh é sa chéim reatha ceadaithe. Ní luaitear uasmhais an chónaisc atá incheadaithe go teicniúil ar an bpláta seo, rud a chiallaíonn nár athraíodh é sa chéim reatha ceadaithe. Ina theannta sin, ní luaitear an iontráil ‘0’, rud a chiallaíonn go bhfuil sé ceadaithe ag an bhfeithicil leantóir a tharraingt. Luaitear an uasmhais atá incheadaithe go teicniúil ar an gcéad acastóir ar an bpláta seo, rud a chiallaíonn gur athraíodh é sa chéim reatha ceadaithe. Ní luaitear an uasmhais atá incheadaithe go teicniúil ar an dara hacastóir ar an bpláta seo, rud a chiallaíonn nár athraíodh é sa chéim reatha ceadaithe.
Roinn C
Digit seiceála
1. Déanfar an digit seiceála a ríomh tríd an ríomh matamaiticiúil a shonraítear i bpointí 1.1. go 1.4. a dhéanamh.
1.1. Sann ar gach uimhir sa VIN a luach iarbhír matamaiticiúil agus sann ar gach litir an luach a shonraítear thíos:
A = 1 |
J = 1 |
S = 2 |
B = 2 |
K = 2 |
T = 3 |
C = 3 |
L = 3 |
U = 4 |
D = 4 |
M = 4 |
V = 5 |
E = 5 |
N = 5 |
W = 6 |
F = 6 |
P = 7 |
X = 7 |
G = 7 |
R = 9 |
Y = 8 |
H = 8 |
|
Z = 9 |
1.2. Iolraigh an luach atá sannta ar gach carachtar sa VIN faoin toisc ualúcháin suímh a shonraítear thíos:
1ú = 8 |
10ú = 9 |
2ú = 7 |
11ú = 8 |
3ú = 6 |
12ú = 7 |
4ú = 5 |
13ú = 6 |
5ú = 4 |
14ú = 5 |
6ú = 3 |
15ú = 4 |
7ú = 2 |
16ú = 3 |
8ú = 10 |
17ú = 2 |
9ú = digit seiceála |
|
1.3. Cuir na torthaí a leanann as sin le chéile agus roinn an t-iomlán ar 11.
1.4. Tá an digit seiceála (uimhir 0 go 9 nó litir X) bunaithe ar an bhfuílleach codánach nó ar an bhfuílleach coibhéise deachúla (arna shlánú go dtí an míliú is gaire) mar a liostaítear sa tábla thíos.
Digit seiceála |
Fuílleach codánach |
Fuílleach coibhéise deachúla |
0 |
0 |
0 |
1 |
1/11 |
0,091 |
2 |
2/11 |
0,182 |
3 |
3/11 |
0,273 |
4 |
4/11 |
0,364 |
5 |
5/11 |
0,455 |
6 |
6/11 |
0,545 |
7 |
7/11 |
0,636 |
8 |
8/11 |
0,727 |
9 |
9/11 |
0,818 |
X |
10/11 |
0,909 |
CUID 3
DEIMHNIÚ AR CHINEÁLCHEADÚ AE (CÓRAS FEITHICLE)
Teachtaireacht maidir le cineálcheadú a dheonú / a shíneadh / a dhiúltú / a tharraingt siar ( 4 ) i leith cineál feithicle maidir leis an bpláta reachtúil agus an uimhir aitheantais feithicle, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/535 [Cuir isteach tagairt don Rialachán seo], arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) Uimh. …/…
Uimhir an deimhnithe ar chineálcheadú ón Aontas.
An chúis leis an síneadh / diúltú / tarraingt siar (4) :
ROINN I
(Le líonadh isteach i gcomhréir le Roinn I den teimpléad de Shamhail B in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún)
ROINN II
(Le líonadh isteach i gcomhréir le Roinn II den teimpléad de Shamhail B in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún)
Aguisín
a ghabhann le deimhniú ar chineálcheadú AE uimhir …
1. Faisnéis bhreise:
1.1. Tuairisc ghearr ar chineál na feithicle a mhéid a bhaineann lena struchtúr, toisí agus ábhair na gcomhpháirteanna:
2. Suíomh na huimhreach aitheantais feithicle:
3. Suíomh an phláta reachtúil:
4. Pláta reachtúil le haghaidh feithicil a tógadh go hilchéimneach: tá / níl (1)
5. Nótaí:
IARSCRÍBHINN III
SPÁS CHUN PLÁTAÍ CLÁRÚCHÁIN TOSAIGH AGUS CÚIL A GHLÉASADH AGUS A SHOCRÚ
CUID 1
Doiciméad faisnéise i ndáil le cineálcheadú AE do mhótarfheithiclí agus a leantóirí maidir leis an spás chun plátaí tosaigh agus cúil a ghléasadh agus a shocrú
SAMHAIL
Doiciméad faisnéise Uimh. … a bhaineann le cineálcheadú AE do mhótarfheithicil nó do leantóir maidir leis an spás chun plátaí clárúcháin tosaigh agus cúil a ghléasadh agus a shocrú.
Soláthrófar trí chóip den fhaisnéis a leanas, más infheidhme, agus áireofar liosta ábhair léi. Ní mór aon líníocht nó pictiúr a sholáthar ar scála iomchuí agus ar bhealach a bheidh mionsonraithe go leordhóthanach ar pháipéar de mhéid A4 nó ar fhillteán i bhformáid A4. Ní mór mionsonraí leordhóthanacha a bheith le feiceáil i ngrianghraif, más ann dóibh.
0.
0.1.
0.2.
0.2.1.
0.3.
0.3.1.
0.4.
0.5.
0.8.
0.9.
1.
1.1.
2.
2.4.
2.4.2.
2.4.2.3.
2.6.
9.
9.14.
9.14.1.
9.14.2.
9.14.3.
9.14.4.
9.14.5.
9.14.5.1.
9.14.5.2.
9.14.5.3.
9.14.5.4.
9.14.6.
9.14.7.
Nótaí míniúcháin
Bunaítear an doiciméad faisnéise seo ar an teimpléad a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún agus líonfar isteach é leis an bhfaisnéis ábhartha faoi uimhreacha na bpointí a liostaítear thuas, mar a shainmhínítear sa teimpléad sin.
CUID 2
SONRAÍOCHTAÍ TEICNIÚLA
1. Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1.1. ciallaíonn “dromchla beagnach comhréidh” dromchla d’ábhar soladach, a d’fhéadfadh a bheith ina mhogall patrúnaithe nó gríl freisin, agus ga cuaire 3 000 mm ar a laghad aige;
1.2. ciallaíonn “dromchla mogaill phatrúnaithe” dromchla a bhfuil patrún cruthanna air amhail poill chruinne, ubhchruthacha, mhuileatacha, dhronuilleogacha nó chearnógacha atá scaipthe go cothrom ag eatraimh nach faide ná 15 mm;
1.3. ciallaíonn “dromchla gríle” dromchla a bhfuil barraí comhthreomhara air atá scaipthe go cothrom agus a bhfuil comhfhad nach faide ná 15 mm acu;
1.4. ciallaíonn “dromchla ainmniúil” dromchla atá foirfe go teoiriciúil ó thaobh na geoiméadrachta de gan neamhrialtachtaí dromchla amhail starrtha nó loig a chur san áireamh;
1.5. ciallaíonn “fadphlána meánach na feithicle” plána siméadrachta na feithicle nó, mura bhfuil an fheithicil siméadrach, an fadphlána ceartingearach a théann trí lár acastóirí na feithicle;
1.6. ciallaíonn “claonadh” céim an diallta uilligh i ndáil le plána ceartingearach.
2. Ceanglais theicniúla
2.1. Beidh feithiclí feistithe le spás chun plátaí clárúcháin cúil a ghléasadh agus a shocrú.
2.1.1. Beidh feithiclí i gcatagóirí M agus N feistithe freisin le spás chun plátaí clárúcháin tosaigh a ghléasadh agus a shocrú.
2.1.2. Beidh feithiclí de chatagóir O3 agus O4 feistithe le dhá spás ar leith chun plátaí clárúcháin cúil a ghléasadh agus a shocrú (i.e. chun gur féidir sainaithint roghnach feithicle tarraingthe a bheith ann i gcás ina n-éilíonn údarás náisiúnta é).
2.2. Cruth agus toisí an spáis chun pláta clárúcháin a ghléasadh
2.2.1. Beidh limistéar dronuilleogach i gceist leis an spás ainmnithe le haghaidh gléasta agus na híostoisí a leanas aige:
cibé acu (“pláta leathan”)
leithead: 520 mm
airde: 120 mm
nó (“pláta ard”)
leithead: 340 mm
airde: 240 mm.
2.3. Plátaí clárúcháin tosaigh agus cúil a ghléasadh agus a shocrú.
2.3.1. Beidh an spás chun pláta clárúcháin tosaigh nó cúil a ghléasadh comhdhéanta de dhromchla dronuilleogach comhréidh nó beagnach comhréidh.
2.3.1.1. Féadfaidh pláta nó brac cuibheora a bheith ina bhonn don spás chun pláta clárúcháin a ghléasadh i gcás ina soláthraítear mar threalamh caighdeánach é. Féadfar é a dhearadh ar bhealach a fhágfaidh nach mbeidh sé greamaithe den fheithicil ach amháin in éineacht le pláta clárúcháin.
2.3.1.2. Féadfaidh an monaróir feithiclí spásanna roghnacha nó malartacha a sholáthar le haghaidh plátaí clárúcháin ar an bhfeithicil ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais leo freisin.
2.3.2. D’fhéadfadh poill nó bearnaí a bheith sa dromchla a bheidh le cumhdach ag pláta clárúcháin tosaigh nó cúil; ní bheidh na poill nó bearnaí sin níos mó ná 75 mm ar airde, áfach, gan a leithead a chur san áireamh.
2.3.3. D’fhéadfadh starrtha a bheith sa dromchla a bheidh le cumhdach ag pláta clárúcháin tosaigh nó cúil, ar choinníoll nach ngobann na starrtha sin amach níos mó ná 5,0 mm ón dromchla ainmniúil. Ní dhéanfar paistí d’ábhair atá an-bhog, amhail cúr nó feilt chun an pláta clárúcháin a stopadh de bheith ag crith, a chur san áireamh.
2.3.4. Beidh an spás chun pláta clárúcháin tosaigh nó cúil a ghléasadh leagtha amach ar bhealach a fhágann, le pláta tástála, mar a shainmhínítear i bpointe 3.4., á shocrú i gcomhréir le treoracha an mhonaróra, go gcomhlíontar na ceanglais a leanas:
2.3.4.1. Suíomh an spáis chun pláta clárúcháin tosaigh nó cúil a ghléasadh:
2.3.4.1.1. Beidh an spás chun pláta clárúcháin a ghléasadh chun tosaigh ar an bhfeithicil ar bhealach a fhágann go bhféadtar an pláta a chur go hiomlán laistigh den dá fhadphlána cheartingearacha chomhthreomhara a théann trí fhoircinn sheachtracha na feithicle, gan aon ghaireas amhairc neamhdhírigh a chur san áireamh. Ní bheidh an spás ainmnithe féin ar an bpointe is leithne den fheithicil.
2.3.4.1.2. Beidh an spás chun pláta clárúcháin a ghléasadh ar chúl na feithicle ar bhealach a fhágann go bhféadtar an pláta a chur go hiomlán laistigh den dá fhadphlána cheartingearacha chomhthreomhara a théann trí fhoircinn sheachtracha na feithicle, gan aon ghaireas amhairc neamhdhírigh a chur san áireamh. Ní bheidh an spás ainmnithe féin ar an bpointe is leithne den fheithicil.
2.3.4.1.3. Beidh plátaí clárúcháin tosaigh agus cúil ingearach (± 5°) le fadphlána meánach na feithicle, arna thomhas i lár an phláta. ►M1 Féadfaidh an t-údarás cineálcheadaithe lamháltas suas le ± 15° a cheadú, áfach, arna iarraidh sin don mhonaróir chun an pláta clárúcháin tosaigh a shuí amach ón lárlíne ag tosach na feithicle ar chúiseanna teicniúla, aeraidinimiciúla nó ar chúiseanna eile. ◄
2.3.4.2. Suíomh an phláta tosaigh agus cúil i ndáil leis an trasphlána ingearach:
2.3.4.2.1. Féadfaidh an pláta a bheith claonta ar an ingear nach lú ná – 5° agus nach mó ná 30°, ar choinníoll nach mó ná 1 500 mm ó dhromchla na talún é airde chiumhais uachtarach an phláta.
2.3.4.2.2. Féadfaidh an pláta a bheith claonta ar an ingear nach lú ná – 15° agus nach mó ná 5°, ar choinníoll gur mó ná 1 500 mm ó dhromchla na talún é airde chiumhais uachtarach an phláta.
2.3.4.3. Airde an phláta tosaigh agus cúil ó dhromchla na talún:
2.3.4.3.1. Ní bheidh ciumhais íochtarach an phláta tosaigh níos lú ná 100 mm ó dhromchla na talún.
2.3.4.3.2. Ní bheidh ciumhais íochtarach an phláta cúil níos lú ná 200 mm ó dhromchla na talún.
2.3.4.3.3. Ní bheidh airde chiumhais uachtarach an phláta tosaigh agus cúil níos mó ná 1 500 mm ó dhromchla na talún.
2.3.4.3.3.1. Maidir le feithiclí sainchuspóireacha, i gcás nach bhfuil sé indéanta an fhoráil maidir le hairde a chomhlíonadh le haghaidh spás an phláta clárúcháin tosaigh nó cúil de bharr thógáil na feithicle, féadfaidh an uasairde, de mhaolú ar phointe 2.3.4.3.3., a bheith níos mó ná 1 500 mm ar choinníoll go bhfuil sé chomh gar don teorainn agus is féidir i bhfianaise shaintréithe tógála na feithicle.
2.3.4.4. Infheictheacht gheoiméadrach:
2.3.4.4.1. Beidh plátaí tosaigh agus cúil sofheicthe sa spás iomlán laistigh de na ceithre phlána a leanas:
an dá phlána cheartingearacha a theagmhaíonn le dhá chiumhais chliathánacha an phláta agus a chruthaíonn uillinn 30° arna tomhas amach ar chlé agus ar dheis an phláta chuig fadphlána meánach na feithicle;
an plána a theagmhaíonn le ciumhais uachtarach an phláta agus a chruthaíonn uillinn arna tomhas os cionn 15° chuig an gcothrománach;
an plána cothrománach trí chiumhais íochtarach an phláta, i gcás nach mó ná 1 500 mm airde chiumhais uachtarach an phláta ó dhromchla na talún;
an plána a theagmhaíonn le ciumhais íochtarach an phláta agus a chruthaíonn uillinn arna tomhas faoi bhun 15° leis an gcothrománach, i gcás gur mó ná 1 500 mm airde chiumhais uachtarach an phláta ó dhromchla na talún.
Beidh an pláta tosaigh infheicthe i dtreo aghaidh na feithicle agus beidh an pláta cúil infheicthe i dtreo chúl na feithicle.
2.3.4.4.2. Ní bheidh aon ghné struchtúrach, fiú i gcás ina mbíonn sé go hiomlán trédhearcach, suite laistigh den spás a dtugtar tuairisc air thuas.
2.3.4.5. Ní bheidh an bhearna idir ciumhaiseanna an phláta gléasta agus socraithe agus dromchla iarbhír spás an phláta níos mó ná 5,0 mm feadh imlíne iomlán an phláta.
2.3.4.5.1. Féadfar an bhearna sin a shárú má thomhaistear ag poll nó bearna sa mhogall patrúnaithe nó idir na barraí comhthreomhara i ndromchla gríle é.
2.3.5. Déanfar suíomh agus cruth iarbhír an phláta gléasta agus socraithe mar a chinntear thuas, go háirithe an ga cuaire atá aige dá bharr, a chur san áireamh chun críche ceanglais gairis soilsithe an phláta clárúcháin cúil.
2.4. Ceanglais eile
2.4.1. Ní bheidh an pláta clárúcháin ina bhonn ná ina chuid de bhonn chun aon pháirt, comhpháirt nó gaireas feithicle eile a cheangal de, a ghléasadh nó a fháscadh air (e.g. ní féidir tacaí gairis soilsithe a shocrú ar phláta clárúcháin).
2.4.2. Ní éireoidh aon pháirt, pláta cuibheora, comhpháirt ná gaireas scaoilte ná scortha de thoradh ar phláta clárúcháin a bhaint.
2.4.3. Agus pláta clárúcháin socraithe, ní laghdófar a infheictheacht faoi ghnáthdhálaí úsáide mar gheall, go háirithe, ar chreathanna ná fórsaí dinimiciúla amhail fórsaí gaoithe tiomána.
2.4.4. Ní cheadaítear suíomh gléasta le haghaidh pláta clárúcháin a sholáthar a d’fhéadfadh casadh suas agus/nó síos níos faide ná na huillinneacha a leagtar síos i bpointí 2.3.4.2.1. agus 2.3.4.2.2. i ndáil le struchtúr na feithicle i ngnáthdhálaí tiomána (i.e. agus na doirse nó painéil rochtana dúnta).
2.4.5. I gcás ina ndearbhaíonn an monaróir feithiclí go bhfuil mótarfheithicil oiriúnach le hualaí a tharraingt (pointe 2.11.5. den doiciméad faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 24(1) de Rialachán (AE) 2018/858) agus i gcás ina bhféadfaidh aon pháirt de ghaireas oiriúnach cúplála meicniúla, bíodh sé feistithe ar chineál na mótarfheithiclí nó ná bíodh, an spás le haghaidh gléasadh agus socrú an phláta clárúcháin cúil a cheilt (nó cuid de), beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
sonrófar go soiléir sna treoracha d'úsáideoir na mótarfheithicle (e.g. lámhleabhar úsáideora úinéir na feithicle) nach gceadaítear suiteáil gairis cúplála meicniúla nach furasta a bhaint nó a athshuíomh.
sonrófar freisin go soiléir sna treoracha, i gcás ina mbeidh gaireas cúplála meicniúla feistithe, nach mór é a bhaint nó a athshuíomh nuair nach mbíonn sé á úsáid; agus
i gcás cineálcheadú córais feithicle i gcomhréir le Rialachán Uimh. 55 ( 5 ) de chuid NA, áiritheofar i gcás forálacha maidir le baint, athshuíomh agus/nó suíomh eile go gcomhlíonfar go hiomlán iad freisin a mhéid a bhaineann le suiteáil soilsiúcháin agus spás chun an pláta clárúcháin cúil a ghléasadh agus a shocrú.
3. Nós imeachta tástála
3.1. Claonadh ingearach agus airde an phláta tástála clárúcháin ó dhromchla na talún a chinneadh.
3.1.1. Cuirfear an fheithicil ar dhromchla comhréidh cothrománach. Beidh na rothaí faoi stiúir dírithe sa suíomh díreach ar aghaidh agus beidh mais na feithicle coigeartaithe chuig an mais réidh le hoibriú, ach gan an tiománaí, sula ndéantar na tomhais.
3.1.2. I gcás ina mbíonn an fheithicil feistithe le crochadh hidrineomatach, hiodrálach nó neomatach nó le gaireas eile is féidir a choigeartú i ndáil leis an lód, tástálfar é leis an gcrochadh nó leis an ngaireas sa ghnáthdháil ord reatha, arna shonrú ag an monaróir.
3.1.3. I gcás ina mbíonn príomhthaobh infheicthe an phláta tástála clárúcháin dírithe síos, sloinnfear tomhas an chlaonta mar uillinn ísle.
3.2. Déanfar starrtha a thomhas go hingearach agus go díreach i dtreo an dromchla ainmniúil a bheidh le cumhdach ag an bpláta clárúcháin.
3.3. Déanfar an bhearna idir ciumhais an phláta tástála clárúcháin gléasta agus socraithe agus an dromchla a thomhas go hingearach agus go díreach i dtreo an dromchla iarbhír a bheidh le cumhdach ag an bpláta.
3.4. Beidh ceann amháin den dá mhéid a shonraítear i bpointe 2.2.1. agus tiús nach mó ná 4,0 mm ag an bpláta clárúcháin a úsáidtear chun comhréireacht a sheiceáil. Beidh ga 10 mm ag na coirnéil.
CUID 3
DEIMHNIÚ AR CHINEÁLCHEADÚ AE (CÓRAS FEITHICLE)
Teachtaireacht maidir le cineálcheadú a dheonú / a shíneadh / a dhiúltú / a tharraingt siar ( 6 ) i leith cineál feithicle maidir le spásanna na bplátaí clárúcháin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/535 [Cuir isteach tagairt don Rialachán seo], arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) Uimh. …/…
Uimhir an deimhnithe ar chineálcheadú ón Aontas.
An chúis leis an síneadh / diúltú / tarraingt siar (6) :
ROINN I
(Le líonadh isteach i gcomhréir le Roinn I den teimpléad de Shamhail B in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún)
ROINN II
(Le líonadh isteach i gcomhréir le Roinn II den teimpléad de Shamhail B in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún)
Aguisín
a ghabhann le deimhniú ar chineálcheadú AE uimhir …
1. Faisnéis bhreise:
1.1. Tuairisc ghearr ar chineál na feithicle a mhéid a bhaineann lena struchtúr, toisí agus ábhair na gcomhpháirteanna:
1.2. Tuairisc ar spásanna na bplátaí clárúcháin (tosaigh agus cúil):
2. Tá spás an phláta clárúcháin oiriúnach do mhéid pláta clárúcháin suas le (mm) a shocrú:
2.1. Tosach: 520 × 120 / 340 × 240 (2)
2.2. Cúl: 520 × 120 / 340 × 240 (2)
2.3. An dara pláta clárúcháin cúil i gcás feithiclí i gcatagóir O3 agus O4: 520 × 120/340 × 240 (2)
4. Spás le haghaidh pláta clárúcháin cúil faoi cheilt i gcás ina bhfeistítear aon ghaireas cúplála meicniúla: tá / níl (2)
5. Nótaí:
IARSCRÍBHINN IV
CÓRAIS CUIMILTEOIRÍ AGUS NITEOIRÍ GAOTHSCÁTHA
CUID 1
Roinn A
Doiciméad faisnéise i ndáil le cineálcheadú AE do mhótarfheithiclí maidir lena gcórais cuimilteoirí agus niteoirí gaothscátha
SAMHAIL
Doiciméad faisnéise Uimh. … a bhaineann le cineálcheadú AE do mhótarfheithicil maidir lena chórais cuimilteoirí agus niteoirí gaothscátha.
Soláthrófar trí chóip den fhaisnéis a leanas, más infheidhme, agus áireofar liosta ábhair léi. Ní mór aon líníocht nó pictiúr a sholáthar ar scála iomchuí agus ar bhealach a bheidh mionsonraithe go leordhóthanach ar pháipéar de mhéid A4 nó ar fhillteán i bhformáid A4. Ní mór mionsonraí leordhóthanacha a bheith le feiceáil i ngrianghraif, más ann dóibh.
0.
0.1.
0.2.
0.2.1.
0.3.
0.3.1.
0.4.
0.5.
0.8.
0.9.
1.
1.1.
3.
3.2.
3.2.1.8.
3.2.5.
3.2.5.1.
3.2.5.2.
3.2.5.2.1.
3.2.5.2.2.
3.3.
3.3.1.1.
3.3.1.2.
3.3.2.
3.3.2.3.
3.4.
3.4.1.
3.4.2.
3.4.4.
3.4.4.5.
3.4.4.6.
4.
4.7.
9.
9.2.
9.4.
9.4.1.
9.5.
9.5.1.
9.5.1.1.
9.5.1.2.
9.5.1.3.
9.5.1.4.
9.5.1.5.
9.6.
9.6.1.
9.7.
9.7.1.
9.8.
9.8.2.
9.10.
9.10.3.
9.10.3.5.
9.10.3.5.1.
9.10.3.6.
9.10.3.6.1.
Nótaí míniúcháin
Bunaítear an doiciméad faisnéise seo ar an teimpléad a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún agus líonfar isteach é leis an bhfaisnéis ábhartha faoi uimhreacha na bpointí a liostaítear thuas, mar a shainmhínítear sa teimpléad sin.
Roinn B
Doiciméad faisnéise i ndáil le cineálcheadú AE do chórais niteoirí gaothscátha mar aonaid theicniúla ar leithligh
SAMHAIL
Doiciméad faisnéise Uimh. … a bhaineann le cineálcheadú AE mar aonad teicniúil ar leithligh do chórais niteoirí gaothscátha.
Soláthrófar trí chóip den fhaisnéis a leanas, más infheidhme, agus áireofar liosta ábhair léi. Ní mór aon líníocht a sholáthar ar scála iomchuí agus ar bhealach a bheidh mionsonraithe go leordhóthanach ar pháipéar de mhéid A4 nó ar fhillteán i bhformáid A4. Ní mór mionsonraí leordhóthanacha a bheith le feiceáil i ngrianghraif, más ann dóibh.
I gcás ina mbíonn rialtáin leictreacha ag córais, ag comhpháirteanna nó ag aonaid theicniúla ar leithligh, dá dtagraítear sa doiciméad faisnéise seo, soláthrófar faisnéis a bhaineann lena bhfeidhmíocht.
0.
0.1.
0.2.
0.3.
0.3.1.
0.4.
0.5.
0.7.
0.8.
0.9.
9.7.
9.7.1.
Nótaí míniúcháin
Bunaítear an doiciméad faisnéise seo ar an teimpléad a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún agus líonfar isteach é leis an bhfaisnéis ábhartha faoi uimhreacha na bpointí a liostaítear thuas, mar a shainmhínítear sa teimpléad sin.
CUID 2
SONRAÍOCHTAÍ TEICNIÚLA
1. Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1.1. ciallaíonn “réimse cuimilteora” an limistéar/na limistéir ar an ngaothscáth a dhéantar a chuimilt ag lann(a) cuimilteora agus an córas cuimilteoirí ag oibriú faoi ghnáthdhálaí;
1.2. ciallaíonn “oibríocht uaineach an chórais cuimilteoirí” modh oibriúcháin uathoibríoch neamhleanúnach an chórais cuimilteoirí, i gcás ina mbíonn tréimhse nuair a bhíonn na cuimilteoirí ina stad i suíomh stad sonrach ainmnithe tar éis gach timthriall iomlán;
1.3. ciallaíonn “rialtán niteoirí” gaireas lena ndéantar an córas niteoirí a ghníomhachtú agus a dhíghníomhachtú de láimh;
1.4. ciallaíonn “caidéal niteoirí” gaireas chun sreabhán a aistriú ó thaiscumar stórála an chórais niteoirí go dtí aghaidh sheachtrach an ghaothscátha;
1.5. ciallaíonn “buinne” gaireas a dhíríonn sreabhán ar an ngaothscáth;
1.6. ciallaíonn “córas lánphrímeáilte” córas a gníomhachtaíodh ar an ngnáthbhealach ar feadh tréimhse ama agus inar aistríodh sreabhán tríd an gcaidéal, tríd an bhfeadánra agus amach as an mbuinne/na buinní;
1.7. ciallaíonn “limistéar glanta” an limistéar a bhí salach roimhe agus nach bhfuil aon rian de bhraonta agus salachar fágtha air tar éis dó a bheith go hiomlán triomaithe;
1.8. ciallaíonn “achar radhairc A” limistéar tástála A mar a shainmhínítear i mír 2.2 d’Iarscríbhinn 21 a ghabhann le Rialachán Uimh. 43 de chuid NA maidir le forálacha aonfhoirmeacha a bhaineann le hábhair gloinithe sábháilteachta agus a suiteáil ar fheithiclí a cheadú ( 7 );
1.9. ciallaíonn “achar radhairc B” limistéar tástála laghdaithe B mar a shainmhínítear i mír 2.4. d’Iarscríbhinn 21 a ghabhann le Rialachán Uimh. 43 de chuid NA, gan an limistéar a shainmhínítear i mír 2.4.1. a eisiamh. (i.e. cuirtear achar radhairc A san áireamh);
1.10. ciallaíonn “córas tagartha tríthoiseach” greille tagartha mar a dtugtar tuairisc air in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Réiteach Comhdhlúite maidir le Déanamh Feithiclí (R.E.3);
1.11. ciallaíonn “máistirlasc rialaithe na feithicle” an gaireas trínar féidir an córas leictreonaice atá ar bord na feithicle a athrú óna bheith múchta, mar a bheadh i gcás ina bhfuil an fheithicil páirceáilte gan an tiománaí istigh inti, chuig a gnáthmhodh oibríochta.
2. Ceanglais theicniúla
2.1. Córas cuimilteoirí gaothscátha.
2.1.1. Maidir le gach feithicil a bhfuil gaothscáth feistithe inti, beidh córas cuimilteoirí gaothscátha ina threalamh aici a bheidh in ann oibriú nuair a ghníomhachtaítear máistirlasc rialaithe na feithicle, gan aon ghníomhaíocht ón tiománaí seachas an rialú oibriúcháin, atá de dhíth chun an córas cuimilteoirí gaothscátha a thosú agus a stopadh, a lascadh ann.
2.1.1.1. Beidh géag cuimilteora amháin nó níos mó agus lann cuimilteora orthu atá éasca le hathsholáthar sa chóras cuimilteoirí gaothscátha.
2.1.2. Cumhdóidh réimse cuimilteora an ghaothscátha 98 % ar a laghad d’achar radhairc A.
2.1.3. Cumhdóidh réimse cuimilteora an ghaothscátha 80 % ar a laghad d’achar radhairc B.
2.1.4. Comhlíonfaidh réimse cuimilteora an ghaothscátha ceanglais phointe 2.1.2. agus 2.1.3. agus an córas ag oibriú ag minicíocht buille a chomhfhreagraíonn do phointe 2.1.5.1. agus tástálfar é faoi na coinníollacha mar a leagtar amach i bpointí 3.1.10. agus 3.1.10.3.
2.1.5. Beidh dhá shocrú minicíochta buille ar a laghad ag an gcóras cuimilteoirí gaothscátha:
2.1.5.1. Minicíocht amháin nach lú ná 10 agus nach mó ná 55 thimthriall sa nóiméad.
2.1.5.2. Minicíocht amháin nach lú ná 45 thimthriall foriomlán sa nóiméad.
2.1.5.3. Beidh an difríocht idir an socrú minicíochta buille is airde agus is ísle 15 thimthriall sa nóiméad ar a laghad.
2.1.5.4. Féadfar oibriú uaineach an chórais cuimilteoirí gaothscátha a úsáid chun ceanglais phointí 2.1.5.1. go 2.1.5.3. a chomhlíonadh.
2.1.6. Tástálfar na minicíochtaí dá dtagraítear i bpointí 2.1.5. go 2.1.5.3. faoi na coinníollacha a leagtar amach i bpointí 3.1.1. go 3.1.6. agus 3.1.8.
2.1.7. I gcás ina stoptar an córas cuimilteoirí gaothscátha de thoradh an rialú oibriúcháin a lascadh as, fillfidh an géag/na géaga cuimilteora agus an lann/na lanna ar an suíomh ina mbíonn siad nuair nach mbíonn siad ag obair.
2.1.8. Beidh an córas cuimilteoirí gaothscátha in ann loiceadh a sheasamh ar feadh 15 shoicind ar a laghad. Ceadaítear gairis cosanta ciorcaid uathoibríocha a úsáid, ar choinníoll nach n-éilítear aon ghníomhaíocht le haghaidh athshocrú a d’fhéadfadh a bheith ann seachas an rialú oibriúcháin cuimilteora gaothscátha a oibriú.
2.1.9. Tástálfar an cumas chun loiceadh an chórais cuimilteoirí gaothscátha a sheasamh dá dtagraítear i bpointe 2.1.8. faoi na coinníollacha mar a leagtar amach i bpointe 3.1.7.
2.1.10. I gcás nach mbíonn an suíomh ina mbíonn géag(a) nó lann(a) an chuimilteora gaothscátha lasmuigh d’achar radhairc B, beifear in ann lann(a) an chuimilteora a chur as a áit de láimh ar bhealach gur féidir lann(a) an chuimilteora a ardú óna suíomh ar an ngaothscáth ionas gur féidir an gaothscáth a ghlanadh de láimh.
2.1.11. Beidh an córas cuimilteoirí gaothscátha in ann oibriú ar feadh 120 soicind ar ghaothscáth tirim i dteocht chomhthimpeallach – 18 °C, gan díghrádú ar an bhfeidhmíocht.
2.1.12. Tástálfar feidhmíocht an chórais cuimilteoirí gaothscátha ag – 18 °C faoi na coinníollacha mar a leagtar amach i bpointe 3.1.11.
2.1.13. Leanfaidh an córas cuimilteoirí gaothscátha de cheanglais phointe 2.1.2. a chomhlíonadh gan aon díghrádú ar éifeachtúlacht, agus é ag oibriú ag an uasmhinicíocht agus nuair a bhíonn an fheithicil á cur faoi aerluas coibhneasta atá comhionann le 80 % d’uasluas deartha na feithicle nó 160 km/u, cibé acu is ísle. Ullmhófar achar radhairc A an ghaothscátha i gcomhréir le pointí 3.1.8. agus 3.1.9. Déanfar na héifeachtaí aeraidinimiciúla atá bainteach le méid agus cruth an ghaothscátha, géag(a) an chuimilteora agus lann(a) an chuimilteora a fhíorú faoi na coinníollacha sin, agus pointe 3.1.9.1 á chur san áireamh freisin. Le linn na tástála, fanfaidh lann an chuimilteora i dteagmháil leis an ngaothscáth agus ní cheadófar éirí iomlán. Fanfaidh lann(a) an chuimilteora i dteagmháil iomlán leis an ngaothscáth sa limistéar mar a bhunaítear i bpointe 2.1.2. ar feadh gach timthriall iomlán agus ní cheadófar aon éirí páirteach le linn an bhuille suas chomh maith leis an mbuille síos.
2.2. Córas niteoirí gaothscátha.
2.2.1. Maidir le gach feithicil a bhfuil gaothscáth feistithe inti, beidh córas niteoirí gaothscátha ina threalamh aici a bheidh in ann oibriú nuair a ghníomhachtaítear máistirlasc rialaithe na feithicle, agus atá in ann ualaí agus brúnna a leanann as buinní a phlugáil agus an córas a ghníomhrú a sheasamh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i bpointí 3.2.1.1. go 3.2.1.1.2.
2.2.2. Ní dhéanfar difear d’fheidhmíocht an chórais niteoirí gaothscátha trí nochtadh do na timthriallta teochta i gcomhréir le pointí 3.2.1. go 3.2.5.
2.2.3. Beidh an córas niteoirí gaothscátha in ann sreabhán a spraeáil ar sprioclimistéar an ghaothscátha, gan aon rian sceite, díchónascadh aon fheadánra agus mífheidhmiú aon bhuinne, ag gnáthdhálaí nuair a chuirtear faoi theochtaí comhthimpeallacha idir – 18 °C agus 80°C é. Ina theannta sin, nuair a bhíonn na buinní blocáilte, ní léireoidh an córas aon rian sceite agus díchónascadh aon fheadánra ach oiread.
2.2.3.1. I gcás ina bhfuil an córas niteoirí gaothscátha deartha chun feidhm a ionchorprú chun brúnna iomarcacha a mhaolú nuair a dhéantar na buinní a bhlocáil (e.g. comhla fuascailte), ceadófar feidhm den sórt sin, de mhaolú ar phointe 2.2.3, an dara habairt, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
ní théann aon sreabhán amach as an gcóras isteach in aon urrann feithicle lena n-áirítear an spás faoin mboinéad, mura dtreoraítear é go sonrach i dtreo dhromchla na talún, agus an fheithicil ina stad agus faoi ghnáthdhálaí tiomána;
tá an córas niteoirí gaothscátha in ann oibriú mar is gnách tar éis blocáil na mbuinní a bhaint go hiomlán;
áirithítear an gnáthoibriú gan aon idirghabháil bhreise úsáideora is gá chun aon chuid den chóras niteoirí gaothscátha, den chóras cuimilteoirí gaothscátha, den chóras leictreach nó d’aon chóras ábhartha eile a úsáid de láimh, a choigeartú, a athnascadh nó a athsholáthar.
2.2.4. Beidh an córas niteoirí gaothscátha in ann sreabhán leordhóthanach a sheachadadh chun 60 % ar a laghad d’achar radhairc A a ghlanadh, faoi na coinníollacha a leagtar amach i bpointí 3.2.6. go 3.2.6.4.
2.2.5. Beifear in ann an córas niteoirí gaothscátha a ghníomhachtú de láimh trí bhíthin an rialtáin niteoirí. Ina theannta sin, beifear in ann gníomhachtú agus díghníomhachtú an chórais a chomhordú agus a chomhcheangal freisin le haon chóras feithicle eile.
2.2.6. Beidh inniúlacht an taiscumair ina mbeidh an leacht ≥ 1.0 lítear.
3. Nós imeachta tástála
3.1. Coinníollacha tástála an chórais cuimilteoirí gaothscátha.
3.1.1. Déanfar na tástálacha a dtugtar tuairisc orthu thíos faoi na coinníollacha mar a luaitear i bpointí 3.1.2. go 3.1.5. mura sonrófar a mhalairt.
3.1.2. Beidh an teocht chomhthimpeallach idir 5°C agus 40°C.
3.1.3. Beidh an gaothscáth fliuch an t-am ar fad.
3.1.4. I gcás chóras leictreonach cuimilteoirí gaothscátha, comhlíonfar na coinníollacha breise a leanas.
3.1.4.1. Beidh gach cadhnra luchtaithe go hiomlán ag tús na tástála.
3.1.4.2. Rithfidh an t-inneall, má tá sé feistithe, ar luas nach mó ná 30 % den luas a chomhfhreagraíonn dá aschur cumhachta uasta. I gcás ina gcruthaítear nach féidir é sin a dhéanamh, áfach, mar gheall ar straitéisí sonracha rialaithe innill, mar shampla i gcás feithiclí hibrideacha leictreacha, cinnfear cás réalaíoch agus luasanna innill, easpa thréimhsiúil nó easpa iomlán d’inneall a bheith ar siúl á gcur san áireamh le linn gnáthdhálaí tiomána. I gcás inar féidir leis an gcóras cuimilteoirí gaothscátha na ceanglais a chomhlíonadh gan inneall a bheith ar siúl, ní gá don inneall a bheith ar siúl.
3.1.4.3. Lascfar na ceannlampaí léis mhaolaithe ann.
3.1.4.4. Beidh gach córas téimh, aerála, díreoite agus dínéalaithe atá feistithe (beag beann ar an suíomh san fheithicil) ag oibriú ar uasídiú leictreachais.
3.1.5. Beidh córais cuimilteoirí aeir chomhbhrúite nó folús-oibrithe in ann feidhmiú go leanúnach ag na minicíochtaí buille forordaithe cibé luas an innill agus ualach innill nó íosleibhéil nó uasleibhéil luchtaithe cadhnra arna sonrú ag an monaróir le haghaidh gnáthoibriúcháin.
3.1.6. Comhlíonfar ceanglais phointí 2.1.5. go 2.1.5.3. le minicíochtaí buille an chórais cuimilteoirí gaothscátha tar éis réamh-am oibriúcháin 20 nóiméad ar ghaothscáth fliuch.
3.1.7. Measfar go mbeidh ceanglais phointe 2.1.8. comhlíonta nuair a bheidh géaga an chuimilteora srianta i suíomh a chomhfhreagraíonn do leath timthrialla, ar feadh tréimhse 15 shoicind agus an rialtán cuimilteoirí gaothscátha socraithe ag an uasmhinicíocht buille.
3.1.8. Beidh aghaidh sheachtrach an ghaothscátha díbhealaithe go maith trí bhíthin biotáille mheitileach nó díbhealaitheoir coibhéiseach. Tar éis a thriomaithe, cuirfear tuaslagán amóinia nach lú ná 3 % agus nach mó ná 10 % air. Ligfear don dromchla triomú arís agus cuimleofar ansin é le héadach cadáis tirim.
3.1.9. Cuirfear bratú den mheascán tástála, i gcomhréir leis na sonraíochtaí mar a leagtar síos i bpointe 4., go haonfhoirmeach ar dhromchla seachtrach an ghaothscátha agus ligfear dó triomú.
3.1.9.1. I gcás inar ullmhaíodh aghaidh sheachtrach an ghaothscátha i gcomhréir le pointí 3.1.8. agus 3.1.9., féadfar an córas niteoirí gaothscátha a úsáid le linn na dtástálacha is infheidhme.
3.1.10. Cinnfear réimse cuimilteoirí an chórais cuimilteoirí gaothscátha, dá dtagraítear i bpointe 2.1.4., mar a leanas:
3.1.10.1. Déileálfar le haghaidh sheachtrach an ghaothscátha i gcomhréir le pointí 3.1.8. agus 3.1.9.
3.1.10.2. D’fhonn a fhíorú go gcomhlíontar ceanglais phointí 2.1.2. agus 2.1.3., gníomhachtófar an córas cuimilteoirí gaothscátha, agus pointe 3.1.9.1. á chur san áireamh, agus déanfar rian an réimse cuimilteora agus cuirfear i gcomparáid le rian achair radhairc A agus B é.
3.1.10.3. D’fhéadfadh an tseirbhís theicniúil nós imeachta tástála malartach a chomhaontú (e.g. tástáil fhíorúil) chun cheanglais phointí 2.1.2. agus 2.1.3. a fhíorú.
3.1.11. Comhlíonfar ceanglais phointe 2.1.11. ag teocht chomhthimpeallach – 18 ± 3°C ina mbeidh an fheithicil stóráilte ar feadh ceithre huaire an chloig ar a laghad. Ullmhófar an fheithicil chun oibriú faoi na coinníollacha a leagtar amach i bpointí 3.1.4. agus 3.1.5. Le linn na tástála, beidh an córas cuimilteoirí ag oibriú mar is gnáth, ach ag an uasmhinicíocht buille. Ní gá breathnú ar réimse an chuimilteora.
3.2. Coinníollacha tástála an chórais niteoirí gaothscátha.
3.2.1. Tástáil Uimh. 1 Líonfar an córas niteoirí gaothscátha le huisce, beidh sé lánphrímeáilte agus cuirfear i dteocht chomhthimpeallach 20 ± 2°C ar feadh ceithre huaire an chloig ar a laghad é. Cobhsófar an t-uisce ag an teocht sin.
3.2.1.1. Plugáilfear gach asraon buinne ag an suíomh ina dtéann an sreabhán amach na hasraonta sin, agus gníomhrófar an rialtán niteoirí gaothscátha sé huaire in aon nóiméad amháin, ar feadh 3 shoicind ar a laghad gach uair. Mar sin féin, i gcás nach bhfuil an phlugáil indéanta go teicniúil i gcás ina dtéann an sreabhán amach, is féidir í a dhéanamh taobh istigh den asraon/de na asraonta buinní.
3.2.1.1.1. I gcás ina gcumhachtaítear an córas niteoirí gaothscátha ag fuinneamh matánach an tiománaí, beidh an fórsa a chuirtear i bhfeidhm 11.0 go 13.5 daN i gcás caidéal lámhoibrithe. Beidh an fórsa a chuirtear i bhfeidhm 40.0 to 44.5 daN i gcás caidéal cosoibrithe.
3.2.1.1.2. I gcás caidéil leictreacha, ní bheidh an voltas tástála níos lú ná an voltas rátaithe agus níos mó ná an voltas tástála móide 2 Volta.
3.2.1.2. Beidh feidhmíocht an chórais niteoirí gaothscátha ag deireadh na tástála i gcomhréir le pointe 2.2.3.
3.2.2. Tástáil Uimh. 2 Líonfar an córas niteoirí gaothscátha le huisce, beidh sé lánphrímeáilte agus cuirfear i dteocht chomhthimpeallach – 18 ± 3°C ar feadh ceithre huaire an chloig ar a laghad é. Ní gá don uisce a bheidh cobhsaithe ag an teocht sin.
3.2.2.1. Gníomhrófar an rialtán niteoirí gaothscátha sé huaire in aon nóiméad amháin, gach uair ar feadh trí shoicind ar a laghad, i gcomhréir le pointí 3.2.1.1.1. agus 3.2.1.1.2. Cuirfear an córas i dteocht chomhthimpeallach 20 ± 2°C ansin go dtí go mbíonn an t-oighear go hiomlán díreoite. Ní gá don uisce a bheidh cobhsaithe ag an teocht sin. Fíorófar feidhmíocht an chórais niteoirí gaothscátha ansin tríd an gcóras a ghníomhrú i gcomhréir le pointí 3.2.1.1. agus 3.2.1.2.
3.2.3. Tástáil Uimh. 3 Tástáil nochta timthrialla teochta ísle
3.2.3.1. Líonfar an córas niteoirí gaothscátha le huisce, beidh sé lánphrímeáilte agus cuirfear i dteocht chomhthimpeallach – 18 ± 3°C ar feadh ceithre huaire an chloig ar a laghad é ionas go mbeidh mais iomlán an uisce sa chóras niteoirí reoite. Cuirfear an córas i dteocht chomhthimpeallach 20 ± 2°C ansin go dtí go mbíonn an t-oighear go hiomlán díreoite, ach in aon chás nach faide ná ceithre huaire an chloig. Athdhéanfar an timthriall reoite/díreoite sin sé huaire. Ar deireadh, nuair a chuirtear an córas niteoirí gaothscátha sa teocht chomhthimpeallach 20 ± 2°C agus nuair a bhíonn an t-oighear go hiomlán díreoite, cé nach gá an t-uisce a bheith cobhsaithe ag an teocht sin, fíorófar feidhmíocht an chórais niteoirí gaothscátha tríd an gcóras a ghníomhrú i gcomhréir le pointí 3.2.1.1. agus 3.2.1.2.
3.2.3.2. Líonfar an córas niteoirí gaothscátha agus beidh sé lánphrímeáilte le sreabhán niteoirí gaothscátha teochta ísle atá comhdhéanta de 50 % tuaslagán meatánól, nó de rogha air sin alcól iseapróipile, in uisce de chruas nach mó ná 205 mg/l (Ca). Cuirfear an córas i dteocht chomhthimpeallach – 18 ± 3°C ar feadh ceithre huaire an chloig ar a laghad. Ní gá don sreabhán a bheidh cobhsaithe ag an teocht sin. Fíorófar feidhmíocht an chórais niteoirí gaothscátha ansin tríd an gcóras a ghníomhrú i gcomhréir le pointí 3.2.1.1. agus 3.2.1.2.
3.2.4. Tástáil Uimh. 4 Tástáil nochta timthrialla teochta airde
3.2.4.1. Má bhíonn aon chuid den chóras niteoirí gaothscátha suite san urrann innill, líonfar an córas le huisce, beidh sé lánphrímeáilte agus cuirfear i dteocht chomhthimpeallach 80 ± 3°C ar feadh ocht n-uaire an chloig ar a laghad é. Ní gá don uisce a bheidh cobhsaithe ag an teocht sin. Fíorófar feidhmíocht an chórais niteoirí gaothscátha ansin tríd an gcóras a ghníomhrú i gcomhréir le pointí 3.2.1.1. agus 3.2.1.2.
3.2.4.2. Mura mbíonn aon chuid den chóras niteoirí gaothscátha suite san urrann innill, líonfar an córas le huisce, beidh sé lánphrímeáilte agus cuirfear i dteocht chomhthimpeallach 80 ± 3°C ar feadh ocht n-uaire an chloig ar a laghad é. Ní gá don uisce a bheidh cobhsaithe ag an teocht sin. Ina dhiaidh sin, cuirfear an córas i dteocht chomhthimpeallach 20 ± 2°C é. Nuair a bheidh teocht an uisce cobhsaithe, fíorófar feidhmíocht an chórais niteoirí gaothscátha tríd an gcóras a ghníomhrú i gcomhréir le pointí 3.2.1.1. agus 3.2.1.2. Tar éis é sin, líonfar an córas le huisce, beidh sé lánphrímeáilte agus cuirfear i dteocht chomhthimpeallach 60 ± 3°C ar feadh ocht n-uaire an chloig ar a laghad é. Ní gá don uisce a bheidh cobhsaithe ag an teocht sin. Fíorófar feidhmíocht an chórais niteoirí gaothscátha ansin tríd an gcóras a ghníomhrú i gcomhréir le pointí 3.2.1.1. agus 3.2.1.2. De rogha air sin, féadfaidh an monaróir a iarraidh go dtástálfar an córas niteoirí gaothscátha faoi na coinníollacha a leagtar amach i bpointe 3.2.4.1.
3.2.5. Déanfar na tástálacha niteoirí gaothscátha a leagtar amach i bpointí 3.2.1. go 3.2.4.2. de réir oird ar an gcóras niteoirí gaothscátha céanna. Féadfar an córas a thástáil mar atá sé suiteáilte ar an gcineál feithicle dá bhfuil cineálcheadú AE á lorg, nó ar leithligh. I gcás ina bhfuil cineálcheadú AE á lorg le haghaidh aonad teicniúil ar leithligh, déanfar an córas a thástáil ar leithligh.
3.2.6. Tástáil Uimh. 5 Tástáil cumais córais niteoirí gaothscátha
3.2.6.1. Líonfar an córas niteoirí gaothscátha le huisce agus beidh sé lánphrímeáilte. Agus an fheithicil ina stad agus gan aon éifeacht shuntasach gaoithe, féadfar an buinne/na buinní a choigeartú le bheith dírithe ar an sprioclimistéar ar aghaidh sheachtrach an ghaothscátha.
3.2.6.2. Déileálfar le haghaidh sheachtrach an ghaothscátha mar a leagtar amach i bpointí 3.1.8. agus 3.1.9.
3.2.6.3. Gníomhrófar an córas niteoirí gaothscátha i gcomhréir le treoracha an mhonaróra, agus pointí 3.2.1.1.1. agus 3.2.1.1.2. á gcur san áireamh. Ní rachaidh fad na tástála thar 10 dtimthriall iomlán oibríochta uathoibríche an chórais cuimilteoirí gaothscátha agus é ag oibriú ag an uasmhinicíocht buille.
3.2.6.4. D’fhonn a fhíorú go gcomhlíonfar ceanglais phointe 2.2.4., déanfar rian den limistéar ábhartha glanta agus cuirfear i gcomparáid le rian achar radhairc A é. Más léir don bhreathnóir go bhfuil na ceanglais comhlíonta, ní éilítear go n-ullmhófar na rianta.
3.2.7. Déanfar an tástáil mar a leagtar amach i bpointí 3.2.6. go 3.2.6.4. i gcónaí ar an gcineál feithicle dá bhfuil cineálcheadú AE á lorg, fiú i gcás ina bhfuil aonad teicniúil ar leithligh formheasta suiteáilte ar an bhfeithicil.
4. Sonraíochtaí an mheascáin tástála chun na córais cuimilteoirí agus niteoirí gaothscátha a thástáil.
4.1. Beidh an méid a leanas sa mheascán tástála dá dtagraítear i bpointe 3.1.9.:
4.1.1. Uisce, le cruas níos lú ná 205 mg/l (Ca): 92,5 % de réir toirte.
4.1.2. Salann sáithithe uiscí (clóiríd sóidiam), tuaslagán: 5,0 % de réir toirte.
4.1.3. Deannach, i gcomhréir le sonraíochtaí phointí 4.1.3.1. go 4.1.3.2.6. thíos: 2,5 % de réir toirte.
4.1.3.1. Sonraíochtaí na hanailíse deannaigh tástála
4.1.3.1.1. 68 ± 1 % SiO2 de réir maise
4.1.3.1.2. 4 ± 1 % Fe2O3 de réir maise
4.1.3.1.3. 16 ± 1 % Al2O3 de réir maise
4.1.3.1.4. 3 ± 1 % CaO de réir maise
4.1.3.1.5. 1,0 ± 0,5 % MgO de réir maise
4.1.3.1.6. 4 ± 1 % Alcailí de réir maise
4.1.3.1.7. 2,5 ± 0,5 % Caillteanas ar adhaint de réir maise
4.1.3.2. Sonraíochtaí mhéid-dáileachán na gcáithníní i ndeannach de ghrád-cúrsa
4.1.3.2.1. 12 ± 2 % de 0 go 5 μm méid cáithnín
4.1.3.2.2. 12 ± 3 % de 5 go 10 μm méid cáithnín
4.1.3.2.3. 14 ± 3 % de 10 go 20 μm méid cáithnín
4.1.3.2.4. 23 ± 3 % de 20 go 40 μm méid cáithnín
4.1.3.2.5. 30 ± 3 % de 40 go 80 μm méid cáithnín
4.1.3.2.6. 9 ± 3 % de 80 go 200 μm méid cáithnín
CUID 3
Roinn A
DEIMHNIÚ AR CHINEÁLCHEADÚ AE (CÓRAS FEITHICLE)
Teachtaireacht maidir le cineálcheadú a dheonú / a shíneadh / a dhiúltú / a tharraingt siar ( 8 ) i leith cineál feithicle maidir leis na córais cuimilteoirí agus niteoirí gaothscátha, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/535 [Cuir isteach tagairt don Rialachán seo], arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) Uimh. …/…
Uimhir an deimhnithe ar chineálcheadú ón Aontas.
An chúis leis an síneadh / diúltú / tarraingt siar (8) :
ROINN I
(Le líonadh isteach i gcomhréir le Roinn I den teimpléad de Shamhail B in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún)
ROINN II
(Le líonadh isteach i gcomhréir le Roinn II den teimpléad de Shamhail B in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún)
Aguisín
a ghabhann le huimhir an deimhnithe ar chineálcheadú AE…
1. Faisnéis bhreise:
1.1. Tuairisc ghearr ar chineál na feithicle a mhéid a bhaineann lena struchtúr, toisí agus ábhair na gcomhpháirteanna:
1.2. Tuairisc ar mhodh oibriúcháin na gcóras cuimilteoirí agus niteoirí:
1.3. Tuairisc mhionsonraithe ar an gcóras cuimilteoirí (i.e. líon na lann, faid na lann, toisí na géige cuimilteora, etc.):
1.4. Tuairisc mhionsonraithe ar an gcóras niteoirí (i.e. líon na mbuinní, líon na mbéalóg easraoin in aghaidh an bhuinne, coimeádán stórála sreabháin, osán líne niteora agus a ngléasadh ar chaidéil agus ar bhuinní, etc.)
1.5. Inniúlacht stórála sreabháin (lítear):
1.6. Uasluas deartha na feithicle (km/u):
2. Taobh an stiúrtha: ar chlé / ar dheis (2)
3. Córais stiúrtha ar dheis agus stiúrtha ar chlé malairte scáthánaí: tá / níl (2)
4. Bacóir aeraidinimiciúil feistithe ar an ngéag chuimilteora / ar an lann chuimilteora (2) ar thaobh an tiománaí / sa lár / ar thaobh an phaisinéara / … (2)
5. Nótaí:
Roinn B
DEIMHNIÚ AR CHINEÁLCHEADÚ AE (AONAD TEICNIÚIL AR LEITHLIGH)
Teachtaireacht maidir le cineálcheadú a dheonú / a shíneadh / a dhiúltú / a tharraingt siar ( 9 ) i leith aonad teicniúil ar leithligh maidir leis an gcineál córais niteoirí gaothscátha i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/535 [Cuir isteach tagairt don Rialachán seo], arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) Uimh. …/…
Uimhir an deimhnithe ar chineálcheadú AE.
An chúis leis an síneadh / diúltú / tarraingt siar (9) :
ROINN I
(Le líonadh isteach i gcomhréir le Roinn I den teimpléad de Shamhail C in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún)
ROINN II
(Le líonadh isteach i gcomhréir le Roinn II den teimpléad de Shamhail C in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún)
Aguisín
a ghabhann le deimhniú ar chineálcheadú AE uimhir …
1. Faisnéis bhreise:
1.1. Tuairisc achomair ar chineál an aonaid theicniúil ar leithligh:
1.2. Tuairisc mhionsonraithe ar an gcóras niteoirí:
1.2.1. Líon na mbuinní:
1.2.2. Líon na mbéalóg easraoin in aghaidh an bhuinne:
1.2.3. Tuairisc ar osáin líne niteoirí agus a ngléasadh ar chaidéal agus ar bhuinní:
1.2.4. Tuairisc ar chaidéal an niteora:
1.2.5. Inniúlacht stórála sreabháin (lítear):
2. Oiriúnach do thaobh an stiúrtha: ar chlé / ar dheis (3)
3. Féadtar aon chuid den chóras a bheith suite san urrann innill: tá / níl (3)
4. Aonad teicniúil ar leithligh: uilíoch / sonrach don fheithicil (3)
5. Nótaí:
6. Liosta na gcineálacha feithicle a bhfuil aonad teicniúil ar leithligh formheasta dóibh (i gcás inarb infheidhme):
Roinn C
MARC CINEÁLCHEADAITHE AE MAIDIR LE HAONAD TEICNIÚIL AR LEITHLIGH
1. Beidh an méid a leanas i marc cineálcheadaithe AE maidir le haonaid theicniúla ar leithligh dá dtagraítear in Airteagal 38(2) de Rialachán (AE) 2018/858:
1.1. Dronuilleog timpeall ar an litir ‘e’ sa chás íochtair, agus uimhir shainiúil an Bhallstáit a bhronn an cineálcheadú AE don chomhpháirt nó don aonad teicniúil ar leithligh i gcomhréir leis an méid a leanas:
1 |
don Ghearmáin |
2 |
don Fhrainc |
3 |
don Iodáil |
4 |
don Ísiltír |
5 |
don tSualainn |
6 |
don Bheilg |
7 |
don Ungáir |
8 |
do Phoblacht na Seice |
9 |
don Spáinn |
|
|
13 |
do Lucsamburg |
12 |
don Ostair |
17 |
don Fhionlainn |
18 |
don Danmhairg |
19 |
don Rómáin |
20 |
don Pholainn |
21 |
don Phortaingéil |
23 |
don Ghréig |
24 |
d’Éirinn |
25 |
don Chróit |
26 |
don tSlóivéin |
27 |
don tSlóvaic |
29 |
don Eastóin |
32 |
don Laitvia |
34 |
don Bhulgáir |
36 |
don Liotuáin |
49 |
don Chipir |
50 |
do Mhálta |
1.2. I gcóngaracht na dronuilleoige, dhá dhigit a thugann le fios an tsraith leasuithe ina leagtar síos na ceanglais a chomhlíonann an t-aonad teicniúil ar leithligh seo, “00” faoi láthair, agus spás ina dhiaidh sin agus an uimhir cúig dhigit dá dtagraítear i bpointe 2.4. d’Iarscríbhinn IV de Rialachán (AE) 2018/858.
2. Beidh marc cineálcheadaithe AE maidir le haonaid theicniúla ar leithligh doscriosta agus inléite go soiléir.
3. Léirítear sampla de mharc cineálcheadaithe AE le haghaidh aonaid theicniúil ar leithligh i bhFíor 1.
Fíor 1
Sampla de mharc cineálcheadaithe AE le haghaidh aonaid theicniúil ar leithligh
Nóta míniúcháin
Eochair D’eisigh an Ísiltír cineálcheadú AE maidir le haonad teicniúil ar leithligh faoin uimhir 00406. Tugann an chéad dá dhigit “00” le fios gur formheasadh an t-aonad teicniúil ar leithligh i gcomhréir leis na Rialachán seo.
IARSCRÍBHINN V
ROTHGHARDAÍ
CUID 1
Doiciméad faisnéise i ndáil le cineálcheadú AE d’fheithiclí maidir le rothghardaí
SAMHAIL
Doiciméad faisnéise Uimh. … a bhaineann le cineálcheadú AE d’fheithicil maidir le rothghardaí.
Soláthrófar trí chóip den fhaisnéis a leanas, más infheidhme, agus áireofar liosta ábhair léi. Ní mór aon líníocht nó pictiúr a sholáthar ar scála iomchuí agus ar bhealach a bheidh mionsonraithe go leordhóthanach ar pháipéar de mhéid A4 nó ar fhillteán i bhformáid A4. Ní mór mionsonraí leordhóthanacha a bheith le feiceáil i ngrianghraif, más ann dóibh.
0.
0.1.
0.2.
0.2.1.
0.3.
0.3.1.
0.4.
0.5.
0.8.
0.9.
1.
1.1.
1.3.
1.3.2.
1.3.3.
2.
2.3.
2.3.1.
2.3.2.
2.3.3.
2.3.4.
2.4.
2.4.1.
2.4.1.2.
2.4.1.3.
2.4.2.
2.4.2.2.
2.4.2.3.
2.6.
6.
6.2.1.
6.6.
6.6.1.
6.6.1.1.
6.6.1.1.1.
6.6.1.1.2.
etc.
6.6.4.
9.
9.16.
9.16.1.
9.16.2.
Nótaí míniúcháin
Bunaítear an doiciméad faisnéise seo ar an teimpléad a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún agus líonfar isteach é leis an bhfaisnéis ábhartha faoi uimhreacha na bpointí a liostaítear thuas, mar a shainmhínítear sa teimpléad sin.
CUID 2
Sonraíochtaí teicniúla
1. Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1.1. ciallaíonn “imchlúdach boinn” uasleithead boinn agus trastomhas seachtrach boinn, lamháltais san áireamh, mar a cheadaítear agus a shonraítear de réir a cheadaithe comhpháirte;
1.2. ciallaíonn ‘gaireas greamaithe sneachta’ slabhra sneachta nó gaireas coibhéiseach eile a sholáthraíonn greamú sa sneachta, a fhéadtar a ghléasadh ar theaglaim bonn/rothaí na feithicle agus nach bonn sneachta, bonn geimhridh, bonn le haghaidh gach séasúr nó aon bhonn eile as féin é.
2. Ceanglais theicniúla
2.1. Forálacha ginearálta
2.1.1. Soláthrófar rothgharda le haghaidh gach roth don fheithicil.
2.1.2. D’fhéadfadh páirteanna den chabhail nó pludgharda faoi leith a bheith sa rothgharda agus dearfar é ar bhealach a thabharfaidh cosaint d’úsáideoirí bóthair, a mhéid is féidir, ar chlocha, pluda, oighear, sneachta, agus ar uisce a chaitheann an fheithicil in airde agus a laghdóidh na contúirtí a tharlaíonn de bharr teagmháil le rothaí rothlacha.
2.2. Ceanglais shonracha
2.2.1. Comhlíonfaidh na rothghardaí na ceanglais ó phointe 2.2.1.1. go 2.2.1.4. agus mais na feithicle coigeartaithe de réir mais dearbhaithe an mhonaróra réidh le hoibriú agus paisinéir amháin breise sa chéad sraith suí, más infheidhme, agus aon roth faoi stiúir sa suíomh díreach ar aghaidh.
2.2.1.1. Sa chuid a chruthaítear le plánaí gathacha ar uillinn 30° i dtreo an tosaigh agus 50° i dtreo an chúil de lár na rothaí (féach Fíor 1), beidh leithead iomlán (q) an rothgharda leordhóthanach chun leithead iomlán an bhoinn (b) a chumhdach ar a laghad agus imchlúdach an bhoinn chomh maith le foircinn na teaglaime/na dteaglaimí bonn/rothaí mar a shonraíonn an monaróir á gcur san áireamh. I gcás rothaí dúbailte, cuirfear na himchlúdaigh boinn agus leithead iomlán an dá bhonn (t) san áireamh.
2.2.1.1.1. Chun críocha na leithid dá dtagraítear i bpointe 2.2.1.1. a chinneadh, ní dhéanfar an lipéadú (marcáil) agus maisiúcháin, bandaí cosanta ná easnacha ar bhallaí boinn a chur san áireamh.
2.2.1.2. Ní fhoirceannfaidh cúl an rothgharda os cionn plána cothrománach 150 mm os cionn ais rothlaithe na rothaí, thairis sin:
2.2.1.2.1. I gcás rothaí aonair, luífidh trasnú ciumhais cúil an rothgharda leis an bplána cothrománach dá dtagraítear i bpointe 2.2.1.2 (féach Fíor 1, pointe A) amach ó fhadphlána meánach an bhoinn.
2.2.1.2.2. I gcás rothaí dúbailte, luífidh trasnú ciumhais cúil an rothgharda leis an bplána cothrománach dá dtagraítear i bpointe 2.2.1.2. (féach Fíor 1, pointe A) ag an roth seachtrach amach ó fhadphlána meánach an bhoinn is forimeallaí.
2.2.1.3. Fágfaidh comhrian agus suíomh gach rothgharda go mbíonn siad chomh gar agus is féidir do na boinn. Go háirithe laistigh den chuid a chruthaítear leis na plánaí gathacha dá dtagraítear i bpointe 2.2.1.1., comhlíonfar na ceanglais a leanas:
2.2.1.3.1. Beidh doimhneacht an chuais atá suite i bplána ceartingearach ais an bhoinn, arna tomhas ó chiumhaiseanna seachtracha agus inmheánacha an rothgharda ag an bhfadphlána ceartingearach a théann trí lár an bhoinn laistigh den rothgharda, 30 mm ar a laghad. Féadfar an doimhneacht sin (p) a laghdú go comhleanúnach go dtí nialas i dtreo na bplánaí gathacha a shonraítear i bpointe 2.2.1.1.
2.2.1.3.2. Ní rachaidh an fad (c) idir ciumhaiseanna íochtaracha an rothgharda agus an ais a théann trí lár rothlaithe na rothaí thar 2 × r, i gcás inarb ionann an ga (r) agus ga statach an bhoinn.
2.2.1.4. I gcás feithiclí a bhfuil airde crochta inchoigeartaithe acu, comhlíonfar na ceanglais i bpointí 2.2.1.3.1. agus 2.2.1.3.2. nuair atá an fheithicil sa ghnáthshuíomh in ord reatha mar atá sonraithe ag an monaróir feithiclí.
2.2.2. Féadtar roinnt comhpháirteanna a bheith sna rothghardaí, ar choinníoll nach bhfuil aon bhearna idir na páirteanna aonair nó laistigh díobh nuair a bhíonn siad cóimeáilte.
2.2.3. Beidh na rothghardaí ceangailte go docht. Ceadaítear dóibh, áfach, a bheith inbhainte mar aonad nó i bpáirteanna.
2.3. Gairis greamaithe sneachta a úsáid
2.3.1. I gcás feithiclí nach dtiomáintear léi ach dhá roth, deimhneoidh an monaróir go bhfuil an fheithicil deartha ar bhealach a fhágann gur féidir cineál amháin gaireas greamaithe sneachta ar a laghad a úsáid ar theaglaim amháin bonn agus rothaí ar a laghad atá formheasta le haghaidh acastóir tiomáinte na feithicle. Sonróidh an monaróir an gaireas greamaithe sneachta agus an teaglaim/na teaglaimí bonn/rothaí atá oiriúnach don chineál feithicle faoi ní 6.6.4. den doiciméad faisnéise.
2.3.2. I gcás feithiclí ina dtiomáintear gach roth, lena n-áirítear feithiclí inar féidir acastóirí tiomána a dhíghreamú de láimh nó go huathoibríoch, deimhneoidh an monaróir go bhfuil an fheithicil deartha ar bhealach gur féidir cineál amháin gaireas greamaithe sneachta ar a laghad a úsáid ar cheann amháin ar a laghad de na teaglaimí bonn agus rothaí atá formheasta le haghaidh acastóir tiomáinte, nach féidir a dhíghreamú, na feithicle. Sonróidh an monaróir an gaireas greamaithe sneachta agus an teaglaim/na teaglaimí bonn/rothaí atá oiriúnach don chineál feithicle faoi ní 6.6.4. den doiciméad faisnéise.
2.3.3. Áireoidh an monaróir feithiclí treoracha ábhartha maidir le húsáid cheart na ngaireas greamaithe sneachta i dtreoracha úsáideora na mótarfheithicle (e.g. lámhleabhar an úinéara, lámhleabhar na feithicle).
Fíor 1
Léaráid den rothgharda
Nóta míniúcháin
(1) Cinntear leithead an bhoinn (b) ag barr an bhoinn (leithead boinn idir na plánaí gathacha dá dtagraítear i bpointe 2.2.1.1.).
CUID 3
DEIMHNIÚ AR CHINEÁLCHEADÚ AE (CÓRAS FEITHICLE)
Teachtaireacht maidir le cineálcheadú a dheonú / a shíneadh / a dhiúltú / a tharraingt siar ( 10 ) i leith cineál feithicle maidir leis na rothghardaí i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/535 [Cuir isteach tagairt don Rialachán seo], arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) Uimh. …/…
Uimhir an deimhnithe ar chineálcheadú ón Aontas.
An chúis leis an síneadh / diúltú / tarraingt siar (10) :
ROINN I
(Le líonadh isteach i gcomhréir le Roinn I den teimpléad de Shamhail B in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún)
ROINN II
(Le líonadh isteach i gcomhréir le RoinnII den teimpléad de Shamhail B in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún)
Aguisín
a ghabhann le huimhir an deimhnithe ar chineálcheadú AE…
1. Faisnéis bhreise:
1.1. Tuairisc ghearr ar chineál na feithicle a mhéid a bhaineann lena struchtúr, toisí agus ábhair na gcomhpháirteanna:
1.2. Tuairisc ar na rothghardaí:
1.3. Teaglaim/teaglaimí bonn/rothaí (lena n-áirítear méid boinn, méid an imill agus seach-chur an rotha):
1.4. Tuairisc ar an gcineál gairis/gaireas greamaithe sneachta is féidir a úsáid:
1.5. Teaglaim/teaglaimí bonn/rothaí (lena n-áirítear méid boinn, méid an imill agus seach-chur an rotha) atá le húsáid leis an ngaireas/na gairis greamaithe sneachta:
2. Acastóir(í) a thiomáintear go buan: acastóir 1 / acastóir 2 / … (1)
3. Airde crochta inchoigeartaithe: tá / níl (1)
4. Rothghardaí inbhainte / neamh-inbhainte (1) mar aonad / i bpáirteanna (1)
5. Nótaí:
IARSCRÍBHINN VI
CÓRAIS DÍREOITE AGUS DÍNÉALAITHE GAOTHSCÁTHA
CUID 1
Doiciméad faisnéise i ndáil le cineálcheadú AE do mhótarfheithiclí maidir le córais díreoite agus dínéalaithe gaothscátha
SAMHAIL
Doiciméad faisnéise Uimh. … a bhaineann le cineálcheadú AE do mhótarfheithicil maidir le córais díreoite agus dínéalaithe gaothscátha.
Soláthrófar trí chóip den fhaisnéis a leanas, más infheidhme, agus áireofar liosta ábhair léi. Ní mór aon líníocht nó pictiúr a sholáthar ar scála iomchuí agus ar bhealach a bheidh mionsonraithe go leordhóthanach ar pháipéar de mhéid A4 nó ar fhillteán i bhformáid A4. Ní mór mionsonraí leordhóthanacha a bheith le feiceáil i ngrianghraif, más ann dóibh.
0.
0.1.
0.2.
0.2.1.
0.3.
0.3.1
0.4.
0.5.
0.8.
0.9.
1.
1.1.
1.6.
1.8.
3.
3.1.
3.1.1.
3.2.
3.2.1.
3.2.1.1.
3.2.1.2.
3.2.1.3.
3.2.1.6.
3.2.1.8.
3.2.2.
3.2.2.1.
3.2.5.
3.2.5.1.
3.2.5.2.
3.2.5.2.1.
3.2.5.2.2.
3.2.7.
3.2.7.1.
3.2.7.2.
3.2.7.2.1.
3.2.7.2.2.
3.2.7.2.3.
3.2.7.2.3.1.
3.2.7.2.3.2.
3.2.7.2.4.
3.2.7.2.5.
3.2.7.3.
3.2.7.3.1.
3.2.7.3.2.
3.2.7.3.2.1.
3.2.7.3.2.2.
3.3.
3.3.1.
3.3.1.1.1.
3.3.1.2.
3.3.2.
3.3.2.1.
3.3.2.2.
3.3.2.3.
3.3.2.4.
3.4.
3.4.1.
3.4.2.
3.4.3.
3.4.3.1.
3.4.3.1.1.
3.4.3.1.2.
3.4.3.1.3.
3.4.4.
3.4.4.1.
3.4.4.2.
3.4.4.3.
3.4.4.4.
3.4.4.5.
3.4.4.6.
3.6.
3.6.1.
3.6.1.1.
3.6.1.2.
3.6.1.2.1.
3.6.1.2.2.
3.6.2.
3.6.3.
9.
9.1.
9.2.
9.3.
9.3.1.
9.4.
9.4.1.
9.4.2.
9.5.
9.5.1.
9.5.1.1.
9.5.1.2.
9.5.1.3.
9.5.1.4.
9.5.1.5.
9.6.
9.6.1.
9.7.
9.7.1.
9.8.
9.8.1.
9.8.2.
9.10.
9.10.1.
9.10.1.1.
9.10.1.3.
9.10.3.
9.10.3.1.
9.10.3.1.1.
9.10.3.5.
9.10.3.5.1.
9.10.3.6.
9.10.3.6.1.
Nótaí míniúcháin
Bunaítear an doiciméad faisnéise seo ar an teimpléad a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún agus líonfar isteach é leis an bhfaisnéis ábhartha faoi uimhreacha na bpointí a liostaítear thuas, mar a shainmhínítear sa teimpléad sin.
CUID 2
Sonraíochtaí teicniúla
1. Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1.1. ciallaíonn “limistéar díreoite” limistéar an ghaothscátha a bhfuil dromchla tirim seachtrach nó dromchla seachtrach atá cumhdaithe le sioc fliuch leáite nó leáite go páirteach aige ar féidir é a bhaint le córas cuimilteoirí gaothscátha na feithicle;
1.2. ciallaíonn “ceochán” sceo comhdhlútháin ar aghaidh inmheánach dhromchla gloinithe an ghaothscátha;
1.3. ciallaíonn “limistéar dínéalaithe” limistéar an ghaothscátha a bhfuil dromchla tirim inmheánach aige, gan aon bhraon ná rian uisce, tar éis dó a bheith cumhdaithe ag ceochán roimhe sin;
1.4. ciallaíonn “achar radhairc A” limistéar tástála A mar a shainmhínítear i mír 2.2. d’Iarscríbhinn 21 a ghabhann le Rialachán 43 de chuid NA;
1.5. ciallaíonn “achar radhairc B” limistéar tástála laghdaithe B mar a shainmhínítear i mír 2.4. d’Iarscríbhinn 21 a ghabhann le Rialachán 43 de chuid NA, gan an t-achar a shainmhínítear i mír 2.4.1. a chur as an áireamh. (i.e. cuirtear achar radhairc A san áireamh);
1.6. ciallaíonn “máistirlasc rialaithe na feithicle” an gaireas trínar féidir an córas leictreonaice atá ar bord na feithicle a athrú óna bheith múchta, mar a bheadh i gcás ina bhfuil an fheithicil páirceáilte gan an tiománaí istigh inti, chuig a gnáthmhodh oibríochta;
2. Ceanglais theicniúla
2.1. Díreo gaothscátha
2.1.1. Beidh córas chun sioc agus oighear a bhaint ó dhromchla gloinithe seachtrach an ghaothscátha feistithe ar gach feithicil a bhfuil gaothscáth air. Beidh an córas díreoite gaothscátha éifeachtach go leor chun a áirithiú go mbeidh infheictheacht leordhóthanach tríd an ngaothscáth in aimsir fhuar.
2.1.2. Fíorófar éifeachtúlacht an chórais trí limistéar díreoite an ghaothscátha a chinneadh go tréimhsiúil tar éis a thosaithe, agus an fheithicil tar éis a bheith coimeádta i seomra fuar ar feadh méid áirithe ama.
2.1.3. Déanfar ceanglais phointí 2.1.1. agus 2.1.2. a sheiceáil tríd an modh a leagtar amach i bpointe 3.1. a úsáid.
2.1.4. Comhlíonfar na ceanglais a leanas:
2.1.4.1. Beidh achar radhairc A 80 % díreoite 20 nóiméad tar éis thús na tréimhse tástála;
2.1.4.2. Beidh limistéar díreoite an ghaothscátha ar thaobh an phaisinéara inchomparáide leis an limistéar dá dtagraítear i bpointe 2.1.4.1. le haghaidh taobh an tiománaí 25 nóiméad tar éis thús na tréimhse tástála;
2.1.4.3. Beidh achar radhairc B 95 % díreoite 40 nóiméad tar éis thús na tréimhse tástála.
2.2. Dínéalú gaothscátha
2.2.1. Beidh córas chun ceochán a bhaint ó dhromchla gloinithe inmheánach an ghaothscátha feistithe ar gach feithicil a bhfuil gaothscáth air.
2.2.2. Beidh an córas dínéalaithe gaothscátha éifeachtach go leor chun infheictheacht tríd an ngaothscáth a athbhunú i gcás ina bhfuil sé cumhdaithe le ceochán. Fíorófar a éifeachtúlacht i gcomhréir leis an nós imeachta a dtugtar tuairisc air i bpointe 3.2.
2.2.3. Comhlíonfar na ceanglais a leanas:
2.2.3.1. Beidh achar radhairc A 90 % dínéalaithe i gceann 10 nóiméad;
2.2.3.2. Beidh achar radhairc B 80 % dínéalaithe i gceann 10 nóiméad.
3. Nósanna imeachta tástála
3.1. Díreo gaothscátha
3.1.1. Déanfar an tástáil ag teocht – 8 ± 2 °C nó – 18 ± 3 °C, de rogha an mhonaróra.
3.1.1.1. Déanfar an tástáil i seomra fuar atá mór go leor chun an fheithicil fhoriomlán a chur isteach ann agus beidh sé feistithe chun ceann de na teochtaí a luaitear i bpointe 3.1.1. a choinneáil ar bun sa seomra le linn na tástála agus chun aer fuar a scaipeadh. Coinneofar an seomra fuar ag an teocht tástála sonraithe nó faoina bhun sin ar feadh tréimhse nach lú ná 24 uair an chloig roimh thús na tréimhse a mbeidh an fheithicil nochtaithe don fhuacht. ►M1 I gcás inar féidir a sheiceáil, áfach, an bhfuil teocht an chuasáin fhuar, arna tomhas ag suíomhanna ionadaíocha amhail an t-asraon aeir nó na ballaí, cobhsaithe ag an teocht tástála shonraithe, féadfar an tréimhse 24 uair an chloig a ghiorrú. ◄
3.1.2. Sula gcuirfear an fheithicil sa seomra tástála, déanfar dromchlaí inmheánacha agus seachtracha an ghaothscátha a dhíbhealú go hiomlán trí bhíthin biotáille mheitileach nó díbhealaitheoir coibhéiseach. Tar éis an triomaithe, cuirfear tuaslagán amóinia nach mó ná 2 % nó tuaslagán amóinia tráchtála air, ar tuaslagán é nach bhfuil aon chumhrán andúileach curtha leis. Ligfear do na dromchlaí triomú arís agus cuimleofar ansin é le héadach cadáis tirim.
3.1.3. Lascfar an fheithicil as agus coinneofar é ag an teocht tástála ar feadh tréimhse nach lú ná 10 n-uaire an chloig roimh thús na tástála.
3.1.3.1. I gcás inar féidir a sheiceáil an bhfuil fuarthán agus bealadh innill na feithicle cobhsaithe ag teocht na tástála, féadfar an tréimhse dá dtagraítear i bpointe 3.1.3. a ghiorrú.
3.1.4. Tar éis na tréimhse nochta a fhorordaítear i bpointe 3.1.3., cuirfear sraith réidh oighir 0.044 g/cm2 thar dhromchla seachtrach iomlán an ghaothscátha trí bhíthin spraeghunna uisce agus é ag oibriú ag brú oibriúcháin 3,5 ± 0.2 bar.
3.1.4.1. Déanfar an buinne spraeála, arna choigeartú go patrún fean iomlán agus uas-sreabhadh, a choinneáil go hingearach agus ar fhad idir 200 agus 250 mm ón dromchla gloinithe, agus díreofar é ionas go gcruthófar sraith réidh oighir ar fud an ghaothscátha ó thaobh amháin go dtí an taobh eile.
3.1.4.1.1. Féadfar spraeghunna a bhfuil buinne le trastomhas 1,7 mm agus ráta sreafa leachta 0.395 l/nóim. aige, agus atá in ann patrún fean le trastomhas 300 mm a chruthú ar dhromchla gloinithe ó fhad 200 mm ón dromchla sin, a úsáid chun ceanglais phointe 3.1.5. a chomhlíonadh. Ceadófar aon ghaireas eile lena bhféadfar na ceanglais a chomhlíonadh freisin.
3.1.5. Tar éis don oighear a bheith foirmithe ar an ngaothscáth, coinneofar an fheithicil sa seomra fuar ar feadh tréimhse bhreise nach lú ná 30 nóiméad agus nach mó ná 40 nóiméad.
3.1.6. Tar éis don tréimhse dá dtagraítear i bpointe 3.1.5. a bheith caite, rachaidh breathnóir amháin nó beirt bhreathnóirí isteach san fheithicil, agus ina dhiaidh sin féadfar máistirlasc oibriúcháin na feithicle a lascadh air agus aon inneall a thosú, trí mheán seachtrach éigin más gá. Tosóidh an tréimhse tástála a luaithe agus atá máistirlasc rialaithe na feithicle gníomhachtaithe.
3.1.6.1. Má tá inneall feistithe san fheithicil, féadfar luasanna an innill a choigeartú i gcomhréir le sonraíocht an mhonaróra a mholtar chun an t-inneall a théamh agus é ag tosú in aimsir fhuar, le linn na chéad cúig nóiméad den tréimhse tástála.
3.1.6.2. Le linn 35 nóiméad deireanach na tréimhse tástála (nó le linn thréimhse iomlán na tástála mura leantar an nós imeachta téimh cúig nóiméad) cuirfear an méid a leanas i bhfeidhm:
3.1.6.2.1. Rithfear an t-inneall, má tá sé feistithe, ar luas nach mó ná 50 % den luas a chomhfhreagraíonn dá aschur cumhachta uasta. Má chruthaítear nach féidir é sin a dhéanamh, áfach, mar gheall ar straitéisí sonracha rialaithe innill, mar shampla i gcás feithiclí hibrideacha leictreacha, cinnfear cás is measa atá réalaíoch. Cuirfear san áireamh leis an gcás luasanna innill, easpa thréimhsiúil nó easpa iomlán d’inneall a bheith ar siúl le linn gnáthdhálaí tiomána ag teocht chomhthimpeallach – 8°C nó – 18°C, cibé acu a roghnaigh an monaróir mar an teocht tástála ainmnithe. Más féidir leis an gcóras na ceanglais díreoite a chomhlíonadh gan inneall a bheith ar siúl, ní gá don inneall a bheith ar siúl ar chor ar bith.
3.1.6.3. Beidh gach cadhnra luchtaithe go hiomlán ag tús na tástála. Déanfar cadhnraí ardvoltais feithiclí a bhfuil gléasra cumhachta leictreach acu a luchtú > 60 %, áfach.
▼M1 —————
3.1.6.5. Déanfar an teocht sa seomra tástála a thomhas ar leibhéal an ghaothscátha, ag pointe nach ndéanann teas ón bhfeithicil atá faoi thástáil difear suntasach dó.
3.1.6.6. Beidh comhpháirt chothrománach luas an aeir atá ag fuarú an tseomra, arna tomhas díreach roimh an tástáil, i bplána meánach na feithicle ag pointe 300 mm ar aghaidh ó bhun an ghaothscátha agus ar leibhéal leathbhealach idir bun agus barr an ghaothscátha, beidh sí chomh íseal agus is féidir agus in aon chás níos ísle ná 8 km/u.
3.1.6.7. Má bhíonn siad feistithe, beidh boinéad an innill, gach doras, fuinneog agus gaothaire, seachas iontógálacha agus asraonta an chórais téimh agus aerála, dúnta; is féidir fuinneog amháin nó dhá fhuinneog a oscailt fad iomlán ceartingearach 25 mm má iarrann an monaróir feithiclí amhlaidh.
3.1.7.8. Socrófar rialuithe córais díreoite na feithicle mar a mholann an monaróir feithiclí le haghaidh na teochta tástála.
3.1.6.9. Féadtar na cuimilteoirí gaothscátha a úsáid le linn na tástála, ach déanfar é sin gan aon chúnamh de láimh seachas oibriú aon rialtáin laistigh den fheithicil.
3.1.7. Déanfaidh an breathnóir/na breathnóirí imlíne den limistéar díreoite ar dhromchla inmheánach an ghaothscátha, ag eatraimh cúig nóiméad ó thús na tréimhse tástála.
3.1.8. Agus an tástáil críochnaithe, déanfar patrún an limistéir díreoite a imlínítear ar aghaidh inmheánach an ghaothscátha mar a éilítear ag pointe 3.1.7. a nótáil agus a mharcáil chun achair radhairc gaothscátha A agus B a shainaithint.
3.2. Dínéalú gaothscátha
3.2.1. Sula gcuirfear an fheithicil sa seomra tástála, déanfar dromchlaí inmheánacha agus seachtracha an ghaothscátha a dhíbhealú go hiomlán trí bhíthin biotáille mheitileach nó díbhealaitheoir coibhéiseach. Tar éis an triomaithe, cuirfear tuaslagán amóinia nach mó ná 2 % nó tuaslagán amóinia tráchtála air, ar tuaslagán é nach bhfuil aon chumhrán andúileach curtha leis. Ligfear do na dromchlaí triomú arís agus cuimleofar ansin é le héadach cadáis tirim.
3.2.2. Déanfar an tástáil i seomra comhshaoil a bheidh mór go leor chun an fheithicil iomlán a chur isteach ann agus atá in ann teocht tástála – 3 ± 1°C a tháirgeadh agus a choinneáil ar bun le linn na tréimhse tástála.
3.2.2.1. Déanfar an teocht sa seomra tástála a thomhas ar leibhéal an ghaothscátha, ag pointe nach ndéanann teas ón bhfeithicil atá faoi thástáil difear suntasach dó.
3.2.2.2. Beidh comhpháirt chothrománach luas an aeir atá ag fuarú an tseomra, arna tomhas díreach roimh an tástáil, i bplána meánach na feithicle ag pointe 300 mm ar aghaidh ó bhun an ghaothscátha agus ar leibhéal leathbhealach idir bun agus barr an ghaothscátha, beidh sí chomh íseal agus is féidir agus in aon chás níos ísle ná 8 km/u.
3.2.2.3. Má bhíonn siad feistithe, beidh boinéad an innill, gach doras, fuinneog agus gaothaire, seachas iontógálacha agus asraonta an chórais téimh agus aerála, dúnta; is féidir fuinneog amháin nó dhá fhuinneog a oscailt ó thús na tástála dínéalaithe fad iomlán ceartingearach 25 mm má iarrann an monaróir feithiclí amhlaidh.
3.2.3. Táirgfear an ceochán trí bhíthin gineadóir gaile a dtugtar tuairisc air i bpointe 4. Beidh go leor uisce sa ghineadóir chun 70 ± 5 g/u gal a ghiniúint in aghaidh gach ionad suí a ainmníonn an monaróir, i dteocht chomhthimpeallach – 3°C.
3.2.4. Glanfar dromchla inmheánach an ghaothscátha mar a leagtar amach i bpointe 3.2.1. sula gcuirtear an fheithicil sa seomra comhshaoil. Déanfar an teocht chomhthimpeallach aeir a ísliú agus a chobhsú ag – 3 ± 1 °C ansin. Lascfar an fheithicil as agus coinneofar í ag an teocht tástála ar feadh tréimhse nach lú ná 10 n-uair an chloig roimh thús na tástála. I gcás inar féidir a sheiceáil, áfach, an bhfuil fuarthán agus bealadh innill na feithicle cobhsaithe ag teocht sonrach na tástála, féadfar an tréimhse 10 n-uair an chloig a ghiorrú.
3.2.5. Cuirfear an gineadóir gaile lena asraonta i bhfadphlána meánach na feithicle sa dara sraith de shuíocháin na feithicle. Cuirfear taobh thiar de na suíocháin tosaigh é de ghnáth. I gcás nach féidir é sin a dhéanamh mar gheall ar dhearadh na feithicle, cuirfear an gineadóir os comhair na dtacaí droma, sa suíomh áisiúil is gaire don suíomh thuasluaite.
3.2.6. Tar éis don ghineadóir a bheith ag oibriú ar feadh cúig nóiméad laistigh den fheithicil, rachaidh breathnóir amháin nó beirt bhreathnóirí isteach san fheithicil go tapa, agus aon doras rochtana á oscailt acu ar feadh fad nach mó ná 8 soicind, agus suífidh siad san ionad/sna hionaid suí tosaigh, agus laghdófar asraon an ghineadóra ansin faoi 70 ± 5 g/u do gach breathnóir.
3.2.7. Nóiméad amháin tar éis don bhreathnóir/do na breathnóirí dul isteach san fheithicil, féadfar máistirlasc oibriúcháin na feithicle a lascadh air agus aon inneall a thosú, trí mheán seachtrach éigin más gá. Tosóidh an tréimhse tástála a luaithe agus atá máistirlasc rialaithe na feithicle gníomhachtaithe.
3.2.7.1. I gcás ina bhfuil inneall feistithe san fheithicil, rithfear é ar luas nach mó ná 50 % den luas a chomhfhreagraíonn dá aschur cumhachta uasta. Má chruthaítear nach féidir é sin a dhéanamh, áfach, mar gheall ar straitéisí sonracha rialaithe innill, mar shampla i gcás feithiclí hibrideacha leictreacha, cinnfear cás is measa atá réalaíoch. Cuirfear san áireamh leis an gcás luasanna innill, easpa thréimhsiúil nó easpa iomlán d’inneall a bheith ar siúl le linn gnáthdhálaí tiomána ag teocht chomhthimpeallach – 1°C. Más féidir leis an gcóras na ceanglais dínéalaithe a chomhlíonadh gan inneall a bheith ar siúl, ní gá don inneall a bheith ar siúl ar chor ar bith.
3.2.7.2. Socrófar rialuithe córais dínéalaithe na feithicle mar a mholann an monaróir feithiclí le haghaidh na teochta tástála.
3.2.7.3. Beidh gach cadhnra luchtaithe go hiomlán ag tús na tástála. Déanfar cadhnraí ardvoltais feithiclí a bhfuil gléasra cumhachta leictreach acu a luchtú > 60%, áfach.
▼M1 —————
3.2.8. Ag deireadh na tástála, déanfar an patrún dínéalaithe a thaifeadadh, a nótáil agus a mharcáil chun achair radhairc gaothscátha A agus B a shainaithint.
4. Saintréithe an ghineadóra gaile.
4.1. Beidh na saintréithe ginearálta a leanas ag an ngineadóir gaile a úsáidtear sa tástáil seo:
4.1.1. Beidh inniúlacht 2.25 lítear ar a laghad ag an gcoimeádán uisce.
4.1.2. Ní rachaidh an caillteanas teasa ag an bhfiuchphointe thar 75 W i dteocht chomhthimpeallach – 3 ± 1°C.
4.1.3. Beidh inniúlacht 0.07 go 0.10 m3/nóim. ag brú statach 0.5 mbar ag an bhfean.
4.1.4. Beidh sé pholl asraoin gaile suite ar bharr an ghineadóra, timpeall an imill agus faid chothroma eatarthu (féach Fíor 1)
4.1.5. Déanfar an gineadóir a chalabrú ag – 3 ± 1°C chun léamh a thabhairt le haghaidh gach asraon 70 ± 5 g/u suas go huasmhéid n uaire an figiúr sin, nuair is ionann n agus an t-uasmhéid ionaid suí a ainmníonn an monaróir.
Fíor 1
Léaráid an ghineadóra gaile
4.2. Beidh na saintréithe toiseacha agus ábhair a leanas ag na páirteanna sonraithe:
4.2.1. Buinne
4.2.1.1. Toisí:
4.2.1.1.1. Fad 100 mm.
4.2.1.1.2. Trastomhas inmheánach 15 mm.
4.2.1.2. Ábhar:
4.2.1.2.1. Prás.
4.2.2. Cuasán easraithe
4.2.2.1. Toisí:
4.2.2.1.1. Trastomhas seachtrach píobáin 75 mm.
4.2.2.1.2. Tiús balla 0.38 mm.
4.2.2.1.3. Fad 115 mm.
4.2.2.1.4. Sé pholl a bhfuil spásanna cothroma eatarthu 6.3 mm ar trastomhas, 25 mm os cionn bhun an chuasáin easraithe.
4.2.2.2. Ábhar:
4.2.2.2.1. Prás.
CUID 3
DEIMHNIÚ AR CHINEÁLCHEADÚ AE (CÓRAS FEITHICLE)
Teachtaireacht maidir le cineálcheadú a dheonú / a shíneadh / a dhiúltú / a tharraingt siar ( 11 ) i leith cineál feithicle maidir leis an gcóras díreoite agus dínéalaithe gaothscátha i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/535[Cuir isteach tagairt don Rialachán seo], arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) Uimh. …/…
Uimhir an deimhnithe ar chineálcheadú ón Aontas.
An chúis leis an síneadh / diúltú / tarraingt siar (11) :
ROINN I
(Le líonadh isteach i gcomhréir le Roinn I den teimpléad de Shamhail B in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún)
ROINN II
(Le líonadh isteach i gcomhréir le Roinn II den teimpléad de Shamhail B in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún)
Aguisín
a ghabhann le huimhir deimhnithe chineálcheadú AE. …
1. Faisnéis bhreise:
1.1. Tuairisc ghearr ar chineál na feithicle a mhéid a bhaineann lena struchtúr, toisí agus ábhair na gcomhpháirteanna:
1.2. Tuairisc ar na córais díreoite agus dínéalaithe:
1.3. Tuairisc ar na socruithe nó feistis inmheánacha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do na tástálacha:
1.4. An t-uaslíon ionad suí:
1.5. Saintréithe an ghaothscátha:
tiús na gcomhpháirteanna (mm):
1.6. Voltas rátaithe na suiteála leictrí (V):
2. Taobh an stiúrtha: ar chlé / ar dheis (1)
3. Aonad cumhachta: adhaint dheimhneach / adhaint chomhbhrú / leictreach / hibrideach leictreach / (1)
4. Teocht tástála díreoite: – 8 o C / – 18 o C (1)
5. Nótaí:
IARSCRÍBHINN VII
GAIRIS TARRAINGTHE
CUID 1
Doiciméad faisnéise i ndáil le cineálcheadú AE do mhótarfheithiclí maidir le gairis tarraingthe
SAMHAIL
Doiciméad faisnéise Uimh. … a bhaineann le cineálcheadú AE d’fheithicil maidir le gairis tarraingthe.
Soláthrófar trí chóip den fhaisnéis a leanas, más infheidhme, agus áireofar liosta ábhair léi. Ní mór aon líníocht nó pictiúr a sholáthar ar scála iomchuí agus ar bhealach a bheidh mionsonraithe go leordhóthanach ar pháipéar de mhéid A4 nó ar fhillteán i bhformáid A4. Ní mór mionsonraí leordhóthanacha a bheith le feiceáil i ngrianghraif, más ann dóibh.
0.
0.1.
0.2.
0.2.1.
0.3.
0.3.1.
0.4.
0.5.
0.8.
0.9.
1.
1.1.
2.
2.8.
2.11.5.
12.
12.3.
12.3.1.
12.3.2.
12.3.3.
Nótaí míniúcháin
Bunaítear an doiciméad faisnéise seo ar an teimpléad a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún agus líonfar isteach é leis an bhfaisnéis ábhartha faoi uimhreacha na bpointí a liostaítear thuas, mar a shainmhínítear sa teimpléad sin.
CUID 2
Sonraíochtaí teicniúla
1. Ceanglais theicniúla
1.1. An t-íoslíon gaireas.
1.1.1. Beidh gaireas tarraingthe feistithe ar aghaidh gach mótarfheithicle.
1.1.2. Beidh feithiclí i gcatagóir M1, mar a shainmhínítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858, ach amháin na feithiclí sin nach bhfuil oiriúnach chun aon ualach a tharraingt, feisithe le gaireas tarraingthe ar chúl freisin.
1.1.3. Féadtar gaireas cúplála meicniúla a chur in ionad gaireas tarraingthe cúil, mar a leagtar amach i Rialachán Uimh. 55 de chuid NA, ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais i bpointe 1.2.1.
1.2. Ualach agus cobhsaíocht
1.2.1. Beidh gach gaireas tarraingthe a fheistítear ar an bhfeithicil in ann fórsa statach tarraingthe agus comhbhrúiteach a sheasamh atá comhionann leis an bhfórsa domhantarraingthe arna ghníomhú ar leath ar a laghad d’uasmhais ualaithe na feithicle atá incheadaithe go teicniúil.
1.3. Cumas tarraingthe
1.3.1. Chun gur féidir mótarfheithicil sháinnithe a bhaint den bhóthar, agus í ag rolladh ar a rothaí féin, beifear in ann an fheithicil a tharraingt nó í a chur i mód tarraingthe, agus eochair na feithicle i láthair agus gan úsáid a bhaint as uirlisí speisialta ná páirteanna a dhíchóimeáil, nach bhfuil deartha chun na críche sin, agus an nós imeachta atá sonraithe ag an monaróir i dtreoracha úsáideora na mótarfheithicle á leanúint. Féadfaidh an monaróir na coinníollacha tarraingthe sna treoracha úsáideora a shrianadh ó thaobh luais agus faid intarraingthe de d’fhonn damáiste do-aisiompaithe a sheachaint, ach ceadófar leis sin íosfhad tarraingthe 100 m i níos lú ná 10 nóiméad.
I gcás mótarfheithiclí de chatagóir M1 nó N1, a dtiomáintear a rothaí go díreach le mótair leictreacha, cuirfidh an monaróir treoracha ar fáil i lámhleabhar úsáideora na feithicle ionas go mbeidh seirbhísí cúnaimh cois bóthair in ann an fheithicil a bhaint le huirlisí speisialta mura féidir rothaí na feithicle a rothlú agus í á tarraingt.
Níl feidhm ag an gceanglas sin i gcás ina ndéantar damáiste don mhótarfheithicil a mhéid nach bhfuil sé indéanta go fisiciúil í a tharraingt ar a rothaí féin nó nach mbeadh sé sábháilte nó i gcás nach féidir máistirlasc rialaithe na feithicle a ghníomhachtú de dheasca fabht teicniúil.
2. Nós imeachta tástála
2.1. Cuirfear ualaí tástála tarraingthe agus comhbhrúiteacha araon i bhfeidhm ar gach gaireas tarraingthe ar leithligh atá feistithe ar an bhfeithicil.
2.2. Cuirfear na hualaí tástála i bhfeidhm i bhfadtreo cothrománach, i ndáil leis an bhfeithicil.
CUID 3
DEIMHNIÚ AR CHINEÁLCHEADÚ AE (CÓRAS FEITHICLE)
Teachtaireacht maidir le cineálcheadú a dheonú / a shíneadh / a dhiúltú / a tharraingt siar ( 12 ) i leith cineál feithicle maidir leis na gairis tarraingthe i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/535 [Cuir isteach tagairt don Rialachán seo], arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) Uimh. …/…
Uimhir an deimhnithe ar chineálcheadú ón Aontas.
An chúis leis an síneadh / diúltú / tarraingt siar (12) :
ROINN I
(Le líonadh isteach i gcomhréir le Roinn I den teimpléad de Shamhail B in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún)
ROINN II
(Le líonadh isteach i gcomhréir le RoinnII den teimpléad de Shamhail B in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún)
Aguisín
a ghabhann le huimhir an deimhnithe ar chineálcheadú AE…
1. Faisnéis bhreise:
1.1. Tuairisc ghearr ar chineál na feithicle a mhéid a bhaineann lena struchtúr, toisí agus ábhair na gcomhpháirteanna:
1.2. Líon iomlán agus suíomh an ghairis/na ngaireas tarraingthe:
1.3. Modh ceangail den fheithicil:
1.4. Uasmhais ualaithe na feithicle atá incheadaithe go teicniúil (kg):
2. Gaireas/gairis tarraingthe tosaigh: inbhainte / neamh-inbhainte (1) crúca / cró / eile (1)
3. Gaireas/gairis tarraingthe cúil: inbhainte / neamh- inbhainte (1) crúca / cró / eile / ceann ar bith (1)
4. Tá / níl (1) an fheithicil oiriúnach d’ualaí a tharraingt
5. Nótaí:
IARSCRÍBHINN VIII
CÓRAIS SOCHTA SPRAE
CUID 1
Roinn A
Doiciméad faisnéise i ndáil le cineálcheadú AE d’fheithiclí maidir le córais sochta sprae
SAMHAIL
Doiciméad faisnéise Uimh. … a bhaineann le cineálcheadú AE d’fheithicil maidir lena córais sochta sprae.
Soláthrófar trí chóip den fhaisnéis a leanas, más infheidhme, agus áireofar liosta ábhair léi. Ní mór aon líníocht nó pictiúr a sholáthar ar scála iomchuí agus ar bhealach a bheidh mionsonraithe go leordhóthanach ar pháipéar de mhéid A4 nó ar fhillteán i bhformáid A4. Ní mór mionsonraí leordhóthanacha a bheith le feiceáil i ngrianghraif, más ann dóibh.
0.
0.1
0.2.
0.2.1.
0.3.
0.3.1.
0.4.
0.5.
0.8.
0.9.
1.
1.1.
1.3.
1.3.1.
1.3.2.
2.
2.1.
2.6.
2.6.1.
2.8.
9.
9.20.
9.20.0.
9.20.1.
9.20.2.
9.20.3.
Nótaí míniúcháin
Bunaítear an doiciméad faisnéise seo ar an teimpléad a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún agus líonfar isteach é leis an bhfaisnéis ábhartha faoi uimhreacha na bpointí a liostaítear thuas, mar a shainmhínítear sa teimpléad sin.
Roinn B
Doiciméad faisnéise i ndáil le cineálcheadú AE do chineál aonad teicniúil ar leithligh maidir le córais sochta sprae
SAMHAIL
Doiciméad faisnéise Uimh. … a bhaineann le cineálcheadú AE d’aonad teicniúil ar leithligh i ndáil le córas sochta sprae.
Soláthrófar trí chóip den fhaisnéis a leanas, más infheidhme, agus áireofar liosta ábhair léi. Ní mór aon líníocht nó pictiúr a sholáthar ar scála iomchuí agus ar bhealach a bheidh mionsonraithe go leordhóthanach ar pháipéar de mhéid A4 nó ar fhillteán i bhformáid A4. Ní mór mionsonraí leordhóthanacha a bheith le feiceáil i ngrianghraif, más ann dóibh.
I gcás ina mbíonn rialtáin leictreacha ag córais, ag comhpháirteanna nó ag aonaid theicniúla ar leithligh, dá dtagraítear sa doiciméad faisnéise seo, soláthrófar faisnéis a bhaineann lena bhfeidhmíocht.
0.
0.1.
0.2.
0.5.
0.7.
0.8.
0.9.
1.
1.1.
1.2.
1.3.
Nótaí míniúcháin
Bunaítear an doiciméad faisnéise seo ar an teimpléad a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún agus líonfar isteach é leis an bhfaisnéis ábhartha faoi uimhreacha na bpointí a liostaítear thuas, mar a shainmhínítear sa teimpléad sin.
CUID 2
Sonraíochtaí teicniúla
1. Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1.1. ciallaíonn “pludgharda” comhpháirt dhocht nó leathdhocht atá beartaithe chun an t-uisce a chaitear in airde ag na boinn agus iad ar gluaiseacht a ghaistiú agus é a stiúradh i dtreo na talún agus a d’fhéadfadh a bheith go hiomlán nó go páirteach ina dhlúthchuid de chabhail na feithicle nó de chodanna eile den fheithicil amhail cuid íochtarach an ardáin ualaigh;
1.2. ciallaíonn “flapa báistí” comhpháirt sholúbtha a ghléastar go ceartingearach taobh thiar den roth, ar chuid íochtarach an fhonnaidh nó an dromchla lódála, nó ar an bpludgharda agus a laghdaíonn an riosca go bpiocfar suas rudaí beaga, go háirithe púróga, ón talamh ag na boinn agus go gcaitear in airde nó ar an taobh iad i dtreo úsáideoirí eile bóthair;
1.3. ciallaíonn “deighilteoir aeir/uisce” comhpháirt atá ina chuid den chrochtán agus/nó den fhlapa báistí trínar féidir le haer dul fad a laghdaítear astaíochtaí uisce mhionaithe;
1.4. ciallaíonn “ionsúire fuinnimh” comhpháirt atá ina chuid den phludgharda agus/nó den chrochtán agus/nó den fhlapa báistí a ionsúnn fuinneamh an sprae uisce, rud a laghdaíonn an sprae uisce mhionaithe dá bhrí sin;
1.5. ciallaíonn “crochtán seachtrach” comhpháirt atá suite laistigh de phlána ceartingearach atá comhthreomhar le fadphlána na feithicle agus a d’fhéadfadh a bheith ina chuid de phludgharda nó de chabhail na feithicle;
1.6. ciallaíonn “rothaí faoi stiúir” na rothaí a ghníomhraítear le córas stiúrtha na feithicle;
1.7. ciallaíonn “acastóir féinrianaithe” acastóir atá ar mhaighdeog timpeall ar lárphointe ar bhealach a fhágann gur féidir leis tuairisc a thabhairt ar stua cothrománach;
1.8. ciallaíonn “rothaí faoina stiúir féin” rothaí nach ngníomhraítear le gaireas stiúrtha na feithicle, a d’fhéadfadh sclóineadh trí uillinn nach mó ná 20 ° mar gheall ar an bhfrithchuimilt a chuireann an talamh orthu;
1.9. ciallaíonn “acastóir ardaithe” acastóir mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn XIII, Cuid 2, Roinn A, pointe 1.34.;
1.10. ciallaíonn “feithicil gan ualach” feithicil réidh le hoibriú mar a luaitear in Iarscríbhinn XIII, Cuid 2, Roinn A, pointe 1.3.;
1.11. ciallaíonn “trácht” an chuid den bhonn mar a shainmhínítear i mír 2.8. de Rialachán Uimh. 30 de chuid NA ( 13 ) nó Rialachán Uimh. 54 de chuid NA ( 14 ) de réir mar is iomchuí;
2. Gairis sochta sprae
2.1. Foráil ghinearálta
Tógfar gairis sochta sprae ar bhealach a fhágann go n-oibríonn siad i gceart nuair a bhaintear gnáthúsáid astu ar bhóithre fliucha. Thairis sin, ní bheidh aon fhabht sa struchtúr ná sa mhonaraíocht ionchorpraithe sna gairis sin a bheadh díobhálach dá bhfeidhmiú ná dá n-iompraíocht cheart.
2.2. Tástáil atá le déanamh
Ag brath ar a bprionsabal oibriúcháin fisiceach, beidh gairis sochta sprae faoi réir na dtástálacha ábhartha a dtugtar tuairisc orthu i bpointí 3.1. agus 3.2. agus seachadfaidh siad na torthaí a éilítear i bpointí 3.1.5. agus 3.2.5.
2.3. Cuirfear an méid a leanas isteach chuig an tseirbhís theicniúil a bheidh freagrach as na tástálacha cineálcheadaithe a dhéanamh:
Úsáidfear trí cinn de na samplaí le haghaidh tástálacha agus coinneofar an ceathrú sampla ag an tsaotharlann tástála le haghaidh aon fhíorú ina dhiaidh sin. Féadfar go n-éileofaí tuilleadh samplaí.
2.4. Marcálacha
Beidh marcáil shoiléir dhoscriosta ar gach sampla leis an trádainm nó trádmharc agus léiriú den chineál agus áireofar spás a bheidh mór go leor le haghaidh marc cineálcheadaithe AE maidir le comhpháirt.
2.5. Cuirfear siombail “A” le haghaidh gairis de chineál ionsúcháin fuinnimh nó siombail “S” le haghaidh gairis de chineál deighilteora aeir/uisce ar an marc cineálcheadaithe i gcomhréir le Roinn C i gCuid 3.
3. Nósanna imeachta tástála
Ag brath ar a bprionsabal oibriúcháin fisiceach, beidh gairis sochta sprae faoi réir na dtástálacha a dtugtar tuairisc orthu i bpointí 3.1. agus 3.2. agus seachadfaidh siad na torthaí a éilítear sna ranna sin (pointí 3.1.5. agus 3.2.5.).
3.1. Tástálacha ar ghairis sochta sprae den chineál ionsúire fuinnimh
3.1.1. Prionsabal
Is é aidhm na tástála seo cumas gairis a chainníochtú chun an t-uisce a dhírítear ina aghaidh ag sraith scairdeanna a choinneáil. Tá cóimeáil na tástála beartaithe chun na coinníollacha faoina mbeidh an gaireas ag feidhmiú nuair a bheidh sé feistithe ar fheithicil a athchruthú a mhéid a bhaineann le toirt agus luas an uisce a chaitear in airde ón talamh ag trácht an bhoinn.
3.1.2. Trealamh
Féach Fíor 8 san Aguisín le haghaidh tuairisc ar chóimeáil na tástála.
3.1.3. Coinníollacha tástála
3.1.3.1. Déanfar na tástálacha i seomra dúnta ina bhfuil comhshaol aeir shocair.
3.1.3.2. Beidh an teocht chomhthimpeallach agus teocht na dtriailphíosaí 21 (± 3) °C.
3.1.3.3. Úsáidfear uisce dí-ianaithe.
3.1.3.4. Ullmhófar na triailphíosaí le haghaidh gach tástáil tríd iad a fhliuchadh.
3.1.4. Nós Imeachta
3.1.4.1. Daingneofar sampla A 500 (+0/– 5) mm ar leithead 750 mm ar airde den trealamh atá le tástáil ar phláta ceartingearach an trealaimh tástála, á áirithiú go bhfuil an sampla laistigh de theorainneacha an bhailitheora, agus nach bhfuil aon bhac in ann an t-uisce a shraonadh, roimh a thionchar nó ina dhiaidh.
3.1.4.2. Socrófar an ráta sreafa uisce ag 0,675 (+/– 0,01) l/s agus díreoidh sé 90 l ar a laghad, 120 l ar a mhéad, ar an sampla ó fhad cothrománach 500 (+/– 2) mm (Fíor 8 san Aguisín).
3.1.4.3. Ligfear don uisce sileadh ón sampla isteach sa bhailitheoir. Déanfar an céatadán uisce a bhailítear i ndáil leis an méid uisce a spraeáiltear a ríomh.
3.1.4.4. Déanfar an tástáil cúig huaire ar an sampla i gcomhréir le pointí 3.1.4.2. agus 3.1.4.3. Déanfar meánchéatadán shraith na gcúig thástáil a ríomh.
3.1.5. Torthaí
3.1.5.1. Beidh an meánchéatadán a ríomhtar i bpointe 3.1.4.4. 70 % nó níos airde.
3.1.5.2. Laistigh de na cúig thástáil, i gcás ina mbeidh difríocht níos mó ná 5 % idir na céatadáin is airde agus is ísle den uisce a bhailítear agus an meánchéatadán, déanfar an tsraith de chúig thástáil arís.
Laistigh den dara sraith de chúig thástáil, i gcás ina mbíonn difríocht níos mó ná 5 % arís idir na céatadáin is airde agus is ísle den uisce a athshlánaítear agus an meánchéatadán agus mura gcomhlíontar ceanglais phointe 3.1.5.1. leis an luach níos ísle, déanfar cineálcheadú a dhiúltú.
3.1.5.3. Fíorófar an mbíonn tionchar ag suíomh ceartingearach an ghairis ar na torthaí a fhaightear. I gcás inarb amhlaidh, déanfar an nós imeachta a dtugtar tuairisc air i bpointí 3.1.4.1. agus 3.1.4.4. arís sna suíomhanna ina dtugtar an céatadán is airde agus is ísle d’uisce a bhailítear; beidh feidhm ag ceanglais phointe 3.1.5.2.
Tógfar meán na dtorthaí aonair ansin chun an meánchéatadán a fháil. Beidh an meánchéatadán sin 70 nó níos airde.
3.2. Tástáil ar ghairis sochta sprae den chineál deighilteora aeir/uisce
3.2.1. Prionsabal
Tá an tástáil seo beartaithe chun éifeachtacht ábhair scagaigh atá beartaithe chun an t-uisce a spraeáiltear air trí bhíthin leachtaitheoir brúchóirithe aeir/uisce a choinneáil.
Déanfaidh an trealamh a úsáidtear don tástáil na coinníollacha faoina gcuirfí an t-ábhar a ionsamhlú, maidir le toirt agus luas na spraeanna uisce a tháirgeann na boinn, dá mbeadh sé feistithe ar fheithicil.
3.2.2. Trealamh
Féach Fíor 9 san Aguisín le haghaidh tuairisc ar chóimeáil na tástála.
3.2.3. Coinníollacha tástála
3.2.3.1. Déanfar na tástálacha i seomra dúnta ina bhfuil comhshaol aeir shocair.
3.2.3.2. Beidh an teocht chomhthimpeallach agus teocht na dtriailphíosaí 21 (± 3) °C.
3.2.3.3. Úsáidfear uisce dí-ianaithe.
3.2.3.4. Ullmhófar na triailphíosaí le haghaidh gach tástáil tríd iad a fhliuchadh.
3.2.4. Nós Imeachta
3.2.4.1. Daingneofar sampla 305 × 100 mm go ceartingearach i gcóimeáil na tástála. Fíorófar nach bhfuil aon spás idir an sampla agus an pláta uachtarach cuartha agus go bhfuil an tráidire ina shuíomh i gceart. Líonfar umar an leachtaitheora le 1 ± 0,005 lítear uisce agus cuirfear é mar a dtugtar tuairisc air sa léaráid.
3.2.4.2. Rialálfar an leachtaitheoir mar a leanas:
brú (ag leachtaitheoir): 5 bar + 10% / - 0%
ráta sreafa: 1 lítear/nóiméad ± 5 soicind
mionú: ciorclach, 50 ± 5 mm ar trastomhas ag 200 ± 5 mm ón sampla, buinne 5 ± 0,1 mm ar trastomhas.
3.2.4.3. Mionófar an t-uisce go dtí nach bhfuil aon cheochán fágtha agus déanfar an t-am a thóg sé a nótáil. Ligfear don uisce sreabhadh amach ón sampla go dtí an tráidire ar feadh 60 soicind agus déanfar toirt an uisce a bhaileofar a thomhas. Déanfar an méid uisce a bheidh fágtha in umar an leachtaitheora a thomhas. Déanfar céatadán thoirt an uisce a bhaileofar i ndáil le toirt an uisce mionaithe a ríomh.
3.2.4.4. Déanfar an tástáil cúig huaire agus ríomhfar meánchéatadán den mhéid a bhaileofar. Fíorófar roimh gach tástáil go bhfuil an tráidire, umar an leachtaitheora agus an soitheach tomhais tirim.
3.2.5. Torthaí
3.2.5.1. Beidh an meánchéatadán a ríomhtar 85 % nó níos airde i gcomhréir le pointe 3.2.4.4.
3.2.5.2. Laistigh de na cúig thástáil, i gcás ina mbeidh difríocht níos mó ná 5 % idir na céatadáin is airde agus is ísle den uisce a bhailítear agus an meánchéatadán, déanfar an tsraith de chúig thástáil arís. Laistigh den dara sraith de chúig thástáil, i gcás ina mbíonn níos mó ná 5 % arís idir na céatadáin is airde agus is ísle den uisce a athshlánaítear agus an meánchéatadán agus i gcás nach gcomhlíontar ceanglais phointe 3.2.5.1. leis an luach níos ísle, déanfar cineálcheadú a dhiúltú.
3.2.5.3. I gcás ina mbíonn tionchar ag suíomh ceartingearach an ghairis ar na torthaí a fhaightear, déanfar an nós imeachta a dtugtar tuairisc air i bpointí 3.2.4.1. agus 3.2.4.4. arís sna suíomhanna ina dtugtar na céatadáin is airde agus is ísle d’uisce a bhailítear; beidh feidhm ag ceanglais phointe 3.2.5.2.
Beidh feidhm ag ceanglas phointe 3.2.5.1. chun torthaí gach tástáil a thabhairt.
4. Ceanglais cineálcheadaithe feithicle maidir lena gcórais sochta sprae
4.1. Déanfar feithiclí i gcatagóir N agus O, cé is moite d’fheithiclí easbhóthair mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858, a thógáil agus/nó a fheistiú le córais sochta sprae ar bhealach a fhágfaidh go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar síos san Iarscríbhinn seo. I gcás feithiclí fonnaidh/cábáin, is féidir nach mbeidh feidhm ag na ceanglais seo ach amháin i gcás na rothaí a chumhdaítear leis an gcábán.
Faoi rogha an mhonaróra, maidir le feithiclí i gcatagóir N1, N2 a bhfuil uasmhais ualaithe nach mó ná 7,5 tona acu, agus O1 agus O2, féadtar ceanglais Chuid 2 d’Iarscríbhinn V mar a leagtar amach le haghaidh catagóir feithicle M1 a chur i bhfeidhm in ionad na gceanglas san Iarscríbhinn seo. I gcás den sórt sin, áireofar na sonraí ar fad atá ábhartha do rothghardaí mar a leagtar síos i gCuid 1 d’Iarscríbhinn V sa doiciméad faisnéise.
4.2. Níl ceanglais na hIarscríbhinne seo a bhaineann le gairis sochta sprae, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(19), sainordaitheach le haghaidh feithiclí i gcatagóirí N, O1 agus O2 a bhfuil uasmhais ualaithe incheadaithe acu nach mó ná 7,5 tona, feithiclí fonnaidh/cábáin, feithiclí gan chabhail nó feithiclí nach luífeadh gairis sochta sprae a bheith orthu lena n-úsáid. I gcás ina mbeidh gairis den sórt sin feistithe ar na feithiclí sin, áfach, comhlíonfaidh siad na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo.
4.3. Cuirfear feithicil atá ionadaíoch ar an gcineál atá le formheas, agus í feistithe lena córas sochta sprae, chuig an tseirbhís theicniúil a bheidh ag déanamh na dtástálacha formheasa.
Ceanglais Ghinearálta
4.4. Acastóirí
4.4.1. Acastóirí ardaithe
I gcás ina mbeidh feithicil feistithe le hacastóir ardaithe amháin nó níos mó, cumhdóidh an córas sochta sprae na rothaí ar fad nuair a bheidh an t-acastóir íslithe agus na rothaí atá i dteagmháil leis an talamh nuair a bhíonn an t-acastóir ardaithe.
4.4.2. Acastóirí féinrianaithe
Chun críche an Rialacháin seo, meastar gur acastóir feistithe le rothaí faoi stiúir é acastóir féinrianaithe de chineál an “stiúrtha mhaighdeogaigh”, agus déileáiltear leis mar sin.
I gcás ina mbeidh feithicil feistithe le hacastóir féinrianaithe, comhlíonfaidh an córas sochta sprae na coinníollacha is infheidhme maidir le rothaí nach bhfuil faoi stiúir i gcás ina mbeidh siad gléasta ar an gcuid mhaighdeogach. I gcás nach mbeidh siad gléasta ar an gcuid sin comhlíonfaidh sé na coinníollacha is infheidhme maidir le rothaí faoi stiúir.
4.5 Suíomh an chrochtáin sheachtraigh
Maidir leis an bhfad “c” idir an fadphlána atá tadhlaíoch le balla an bhoinn sheachtraigh, scartha amach ó aon bholgadh boinn gar don talamh, agus ciumhais inmheánach an chrochtáin, ní bheidh sé níos mó ná 100 mm (Fíoracha 1a agus 1b san Aguisín).
4.6. Staid na feithicle
Agus comhlíontacht leis an Rialachán seo á fíorú, beidh an fheithicil gan ualach agus na rothaí i suíomh díreach ar aghaidh agus beidh na boinn teannta go dtí a ngnáthbhrú.
I gcás leathleantóirí, beidh na dromchlaí lódála cothrománach agus beidh na boinn teannta go dtí a ngnáthbhrú.
4.7. Córais sochta sprae
4.7.1. Comhlíonfaidh an córas sochta sprae na sonraíochtaí a leagtar amach i bpointe 4.8. nó i bpointe 4.10.
4.7.2. Déanfaidh an córas sochta sprae le haghaidh rothaí nach bhfuil faoi stiúir agus rothaí faoina stiúir féin atá cumhdaithe ag urlár na cabhlach, nó ag cuid íochtarach an ardáin lódála, na sonraíochtaí a leagtar amach i bpointe 4.8. nó i bpointe 4.10. nó na sonraíochtaí a leagtar amach i bpointe 4.9. a chomhlíonadh.
Ceanglais shonracha
4.8. Ceanglais maidir le córais sochta sprae ionsúcháin fuinnimh le haghaidh acastóirí atá feistithe le rothaí faoi stiúir nó faoina stiúir féin nó nach bhfuil faoi stiúir
4.8.1. Pludghardaí
4.8.1.1. Cumhdóidh na pludghardaí an crios díreach os cionn, os comhair agus ar chúl an bhoinn nó na mbonn sa bhealach a leanas:
i gcás acastóir amháin nó acastóirí iolracha, sínfidh an chiumhais tosaigh (C) chun tosaigh chun líne O-Z a shroicheadh nach bhfuil θ (theta) níos mó ná 45 ° os cionn an chothromáin.
Sínfidh an chiumhais is faide ar chúl (Fíor 2 san Aguisín) síos ar bhealach a fhágfaidh nach mbeidh sé níos mó ná 100 mm os cionn líne chothrománach a théann trí lár an rotha;
i gcás acastóirí iolracha, ní bhaineann an uillinn θ ach leis an acastóir is faide chun tosaigh agus ní bheidh feidhm ag an gceanglas a bhaineann le hairde na ciumhaise is faide ar chúl ach amháin leis an acastóir is faide ar chúl;
beidh leithead iomlán “q” (Fíor 1a san Aguisín) ag an bpludgharda leordhóthanach chun leithead bhonn “b” nó leithead iomlán an dá bhonn “t” i gcás rotha dúbailte a chumhdach ar a laghad, agus forimill aon aonad boinn/rotha a shonraíonn an monaróir á gcur san áireamh. Tomhaisfear toisí “b” agus “t” ag an airde moil, agus aon mharcáil, easna, banda cosanta, etc. ar bhallaí an bhoinn á eisiamh.
4.8.1.2. Feisteofar taobh tosaigh chuid cúil an phludgharda le gaireas laghdaithe sprae lena gcomhlíonfar na sonraíochtaí a leagtar amach i bpointe 3.1. Cumhdófar laistigh den phludgharda leis an ábhar sin suas go dtí airde a chinnfear ag líne dhíreach a théann ó lár an rotha agus a dhéanann uillinn 30° ar a laghad leis an gcothromán (Fíor 3 san Aguisín).
4.8.1.3. I gcás ina bhfuil na pludghardaí comhdhéanta de roinnt comhpháirteanna, nuair a fheistítear iad, ní bheidh aon oscailt iontu trínar féidir leis an sprae dul amach le linn don fheithicil a bheith ag gluaiseacht. Measfar go mbeidh an ceanglas comhlíonta i gcás (an fheithicil a bheith ualaithe nó gan a bheith ualaithe) go mbuaileann aon scaird ghathach amach ó lár an rotha ar fud leithead iomlán dhromchla reatha an bhoinn agus laistigh den réimse a chumhdaítear leis an bpludgharda in aghaidh coda den chóras sochta sprae i gcónaí.
4.8.2. Crochtáin Sheachtracha
4.8.2.1. I gcás acastóirí aonair, ní féidir le ciumhais íochtarach an chrochtáin sheachtraigh a bheith suite lasmuigh de na faid agus na gathanna a leanas, arna dtomhas ó lár an rotha, seachas ag na foircinn is ísle, a d’fhéadfadh a bheith cuar (Fíor 2 san Aguisín).
Aerchrochadh: |
|
(a) Acastóirí feistithe le rothaí faoi stiúir nó le rothaí faoina stiúir féin: Ón gciumhais tosaigh (i dtreo thosach na feithicle) (bior C) — Go dtí an chiumhais cúil (i dtreo chúl na feithicle) (bior A) |
Rv ≤ 1,5 R |
(b) Acastóirí feistithe le rothaí nach bhfuil faoi stiúir: — Ón gciumhais tosaigh (bior C) — Go dtí an chiumhais cúil (bior A) |
Rv ≤ 1,25 R |
Crochadh meicniúil |
|
(a) cás ginearálta } Rv ≤ 1,8 R |
|
(b) rothaí nach bhfuil faoi stiúir le haghaidh feithiclí a bhfuil uasmhais ualaithe atá incheadaithe go teicniúil níos mó ná 7.5 t }Rv ≤ 1,5 R acu |
i gcás gurb ionann R agus ga an bhoinn a fheistítear ar an bhfeithicil, agus gurb é Rv an fad, arna shloinneadh mar gha, a bhfuil ciumhais íochtarach an chrochtáin sheachtraigh suite ann.
4.8.2.2. I gcás acastóirí iolracha ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos i bpointe 4.8.2.1. idir na trasphlánaí ingearacha a théann trí lár an chéad acastóir agus an acastóra dheireanaigh ina bhféadfadh an crochtán seachtrach a bheith díreach chun leanúnachas an chórais sochta sprae a áirithiú. (Fíor 4 san Aguisín).
4.8.2.3. Maidir leis an bhfad idir na pointí is uachtaraí agus is íochtaraí den chóras sochta sprae (pludgharda agus crochtán seachtrach) arna thomhas in aon trasghearradh ingearach leis an bpludgharda (féach Fíoracha 1b agus 2 san Aguisín), sínfidh sé nach lú ná 45 mm ag gach pointe taobh thiar de líne ingearach a théann trí lár an rotha nó tríd an gcéad roth i gcás acastóirí iolracha. Féadfar an toise sin a laghdú de réir a chéile os comhair na líne ingearaí sin.
4.8.2.4. Ní cheadófar d’oscailtí a ligeann don sprae teacht amach le linn don fheithicil a bheith ag gluaiseacht sna crochtáin sheachtracha nó idir na crochtáin sheachtracha agus codanna eile na bpludghardaí.
4.8.2.5. Féadfar nach n-urramófar ceanglais phointí 4.8.2.3. agus 4.8.2.4. go háitiúil nuair a bheidh an crochtán comhdhéanta de ghnéithe éagsúla le gluaiseacht choibhneasta.
4.8.2.6. Maidir le tarracóirí le haghaidh leathleantóirí a bhfuil fonnadh íseal acu, eadhon na tarracóirí sin a bhfuil airde aghaidhe cúplála (a shainmhínítear i bpointe 6.20. de chaighdeán ISO 612:1978) arb ionann í agus 1 100 mm nó ar lú ná sin í, féadtar iad a dhearadh ar bhealach a fhágann go mbíonn siad díolmhaithe ó cheanglais phointí 4.8.1.1 (a), 4.8.1.3 agus 4.8.2.4. Maidir leis sin, ní chumhdófar an limistéar díreach os cionn bhoinn na n-acastóirí cúil, i gcás ina mbíonn na tarracóirí sin cúpláilte le leathleantóir, d’fhonn an córas sochta sprae a sheachaint ó bheith millte. Comhlíonfar ceanglais phointí 4.8.1.1.(a), 4.8.1.3. agus 4.8.2.4. le pludghardaí agus crochtáin na bhfeithiclí sin, áfach, i limistéir atá níos mó ná 60° ón líne ingearach a théann trí lár an rotha, os comhair na mbonn agus taobh thiar díobh.
Dá bhrí sin, dearfar na feithiclí dá dtagraítear sa chéad mhír ar bhealach a chomhlíonfaidh na ceanglais a leagtar amach sa chéad mhír sin nuair a oibrítear iad gan leathleantóir.
Chun gur féidir na ceanglais a leagtar amach sa chéad mhír a chomhlíonadh, d’fhéadfadh pludghardaí agus crochtáin a bheith ina bpáirt inbhainte.
4.8.3. Flapaí Báistí
4.8.3.1. Comhlíonfar an ceanglas le haghaidh “q” i bpointe 4.8.1.1.(c) le leithead an fhlapa, ach amháin maidir le haon chuid den fhlapa a chuimsítear laistigh de na pludghardaí. Sna cásanna sin, beidh an chuid sin den fhlapa cothrom ar a laghad ó thaobh leithid de le trácht an bhoinn.
Comhlíonfar an coinníoll a leagtar síos sa chéad mhír le leithead na coda de na flapaí báistí atá suite faoin bpludgharda agus lamháltas ± 10 mm ar gach taobh de.
4.8.3.2. Beidh treoshuíomh an fhlapa ingearach go bunúsach.
4.8.3.3. Ní bheidh uasairde na ciumhaise íochtaraí níos mó ná 200 mm (Fíor 3 san Aguisín).
Méadófar an fad sin go 300 mm le haghaidh an acastóra dheireanaigh i gcás nach mó fad gathach chiumhais íochtarach na gcrochtán seachtrach ná toisí gha na mbonn atá feistithe ar na rothaí ar an acastóir sin.
Féadtar uasairde chiumhais íochtarach an fhlapa báistí i ndáil leis an talamh a ardú go 300 mm i gcás ina measann an monaróir gur iomchuí go teicniúil é maidir leis na saintréithe crochta.
4.8.3.4. Ní bheidh an flapa báistí níos mó ná 300 mm ón gciumhais is faide ar chúl den bhonn, arna thomhas go cothrománach.
4.8.3.5. Maidir le hacastóirí iolracha i gcás inar lú ná 250 mm fad “d” idir na boinn ar acastóirí cóngaracha, ní fheisteofar ach an fhoireann cúil rothaí le flapaí báistí. Beidh flapa báistí taobh thiar de gach roth nuair a bhíonn fad “d” idir na boinn ar acastóirí cóngaracha 250 mm ar a laghad (Fíor 4 san Aguisín).
4.8.3.6. Ní shraonfar flapaí báistí níos mó ná 100 mm i dtreo an chúil faoi fhórsa 3 N in aghaidh an 100 mm de leithead flapa, arna chur i bhfeidhm ar phointe atá suite 50 mm os cionn chiumhais íochtarach na bhflapaí.
4.8.3.7. Feisteofar aghaidh tosaigh iomlán na coda den fhlapa báistí a bhfuil na híostoisí a éilítear aige le gaireas sochta sprae lena gcomhlíontar na sonraíochtaí a leagtar amach i bpointe 3.1.
4.8.3.8. Ní cheadófar oscailtí a ligeann don sprae teacht amach idir ciumhais cúil íochtarach an phludgharda agus na flapaí báistí.
4.8.3.9. I gcás ina gcomhlíontar na sonraíochtaí a bhaineann le flapaí báistí a leagtar amach i bpointe 4.8.3. leis an ngaireas sochta sprae, ní éileofar aon fhlapa báistí breise.
4.9. Ceanglais a bhaineann le córais sochta sprae a fheistítear le gairis sochta sprae ionsúcháin fuinnimh le haghaidh acastóirí áirithe atá feistithe le rothaí nach bhfuil faoi stiúir nó le rothaí faoina stiúir féin (féach pointe 5.2.)
4.9.1. Pludghardaí
4.9.1.1. Cumhdóidh pludghardaí an crios díreach os cionn an bhoinn nó na mbonn. Sínfidh a bhfoircinn tosaigh agus cúil go dtí an plána cothrománach atá tadhlaíoch le ciumhais uachtarach an bhoinn nó na mbonn ar a laghad (Fíor 5 san Aguisín). Féadtar an flapa báistí a chur in ionad an fhoircinn cúil, áfach, agus sa chás sin sínfidh an flapa báistí chuig cuid uachtarach an phludgharda (nó na comhpháirte coibhéisí).
4.9.1.2. Feisteofar cuid cúil inmheánach an phludgharda ar fad le gaireas sochta sprae lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i bpointe 3.1.
4.9.2. Crochtáin Sheachtracha
4.9.2.1. Maidir le hacastóirí aonair nó iolracha ina bhfuil an fad idir na boinn chóngaracha 250 mm ar a laghad, cumhdóidh an crochtán seachtrach an dromchla a shíneann ón gcuid íochtarach go dtí an chuid uachtarach den phludgharda suas go dtí líne dhíreach a dhéantar ag an tadhlaí do chiumhais uachtarach an bhoinn nó na mbonn agus a luíonn idir an plána ceartingearach a dhéantar ag an tadhlaí do thosach an bhoinn agus an pludgharda nó flapa báistí suite taobh thiar den roth nó de na rothaí (Fíor 5b san Aguisín).
Maidir le hacastóirí iolracha beidh an crochtán seachtrach suite in aice gach rotha.
4.9.2.2. Ní cheadófar oscailtí a ligeann don sprae teacht amach idir an crochtán seachtach agus an chuid inmheánach den phludgharda.
4.9.2.3. I gcás nach bhfuil flapaí báistí feistithe taobh thiar de gach roth (féach pointe 4.8.3.5.), beidh an crochtán seachtrach neamhbhriste idir ciumhais sheachtrach an fhlapa báistí go dtí an plána ceartingearach atá tadhlaíoch leis an bpointe is faide chun tosaigh den bhonn (Fíor 5a san Aguisín) den chéad acastóir.
4.9.2.4. Beidh dromchla inmheánach iomlán an chrochtáin sheachtraigh, a bheidh nach lú ná 100 mm ar airde, feistithe le gaireas sochta sprae ionsúcháin fuinnimh lena gcomhlíonfar na ceanglais faoi phointe 3.1.
4.9.3. Sínfidh na flapaí sin go dtí cuid íochtarach an phludgharda agus comhlíonfar leo pointí 4.8.3.1. go 4.8.3.9.
4.10 Ceanglais maidir le córais sochta sprae atá feistithe le gairis sochta sprae deighilteora aeir/uisce le haghaidh acastóirí le rothaí faoi stiúir agus rothaí nach bhfuil faoi stiúir
4.10.1. Pludghardaí
4.10.1.1. Comhlíonfar ceanglais phointe 4.8.1.1.(c) le pludghardaí.
4.10.1.2. Déanfaidh pludghardaí le haghaidh acastóirí aonair nó iolracha inar mó an fad idir na boinn ar acastóirí cóngaracha ná 300 mm, thairis sin, pointe 4.8.1.1.(a) a chomhlíonadh.
4.10.1.3. Maidir le hacastóirí iolracha nach mó ná 300 mm an fad idir na boinn ar acastóirí cóngaracha déanfaidh na pludghardaí, thairis sin, an tsamhail a léirítear i bhFíor 7 a chomhlíonadh.
4.10.2. Crochtáin Sheachtracha
4.10.2.1. Feisteofar ciumhais íochtarach na gcrochtán seachtrach le gairis sochta sprae deighilteora aeir/uisce lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach san Iarscríbhinn seo.
4.10.2.2. Maidir le hacastóirí aonair nó iolracha inar mó an fad idir na boinn ar acastóirí cóngaracha ná 300 mm, beidh na huastoisí agus gathanna a leanas ag ciumhais íochtarach an ghairis sochta sprae a fheistítear ar an gcrochtán seachtrach, arna thosú ó lár an rotha (Fíoracha 6 agus 7 san Aguisín):
(a) Acastóirí a fheistítear le rothaí faoi stiúir nó le rothaí faoina stiúir féin: ón gciumhais tosaigh (i dtreo thosach na feithicle) (bior C ag 30°) go dtí an chiumhais cúil (i dtreo chúl na feithicle) (bior A ag 100mm) |
Rv ≤ 1,05 R |
(b) Acastóirí a fheistítear le rothaí nach bhfuil faoi stiúir : ón gciumhais tosaigh (bior C ag 20°) go dtí an chiumhais cúil (bior A ag 100mm) |
Rv ≤ 1,00 R |
i gcás inarb amhlaidh
R |
= |
ga an bhoinn atá feistithe ar an bhfeithicil; |
Rv |
= |
an fad gathach ón gciumhais is íochtaraí den chrochtán seachtrach go dtí lár an rotha. |
4.10.2.3. Maidir le hacastóirí iolracha nach mó ná 300 mm an fad idir na boinn ar acastóirí cóngaracha, leanfaidh na crochtáin sheachtracha atá suite sna spásanna idir-acastóra an treo a shonraítear i bpointe 4.10.1.3., agus sínfidh siad síos ar bhealach a fhágann nach mó ná 100 mm a bheidh siad os cionn líne dhíreach chothrománach a théann trí láir na rothaí (Fíor 7 san Aguisín).
4.10.2.4. Sínfidh doimhneacht an chrochtáin sheachtraigh nach lú ná 45 mm, ag gach pointe taobh thiar de líne ingearach a théann trí lár an rotha. Féadfar an doimhneacht sin a laghdú de réir a chéile os comhair na líne ingearaí sin.
4.10.2.5. Ní cheadófar oscailtí a ligeann don sprae teacht amach sna crochtáin sheachtracha nó idir na crochtáin sheachtracha agus na pludghardaí.
4.10.3. Flapaí Báistí
4.10.3.1. Comhlíonfar ceachtar de na sraitheanna ceanglas a leanas le flapaí báistí:
pointe 4.8.3. (Fíor 3 san Aguisín);
pointí 4.8.3.1., 4.8.3.2., 4.8.3.5., 4.8.3.8. agus 4.10.3.2. (Fíor 6 san Aguisín).
4.10.3.2. Feisteofar trealamh sochta sprae lena gcomhlíontar na sonraíochtaí a leagtar amach i bpointe 4 den Aguisín ar na flapaí báistí dá dtagraítear i bpointe 4.10.3.1.(b), feadh na ciumhaise iomláine ar a laghad.
4.10.3.2.1. Beidh ciumhais íochtarach an ghairis sochta sprae nach mó ná 200 mm ón talamh. Féadtar uasairde chiumhais íochtarach an fhlapa báistí i ndáil leis an talamh a ardú go 300 mm i gcás ina measann an monaróir gur iomchuí go teicniúil é maidir leis na saintréithe crochta.
4.10.3.2.2. Beidh an gaireas sochta sprae 100 mm ar domhain ar a laghad.
4.10.3.2.3. Ar leith ón gcuid íochtarach, lena n-áirítear an gaireas sochta sprae, ní lúbfaidh an flapa báistí dá dtagraítear i bpointe 4.10.3.1.(b) níos mó ná 100 mm i dtreo an chúil faoi éifeacht fórsa 3 N in aghaidh an 100 mm leithead den fhlapa báistí arna thomhas ag trasnú an fhlapa báistí leis an ngaireas sochta sprae ina shuíomh oibrithe, á chur i bhfeidhm ag fad 50 mm os cionn chiumhais íochtarach an fhlapa báistí.
4.10.3.3. Ní bheidh an flapa báistí níos mó ná 200 mm ón gciumhais is faide ar chúl den bhonn, arna thomhas go cothrománach.
4.11. Maidir le hacastóirí iolracha, ní gá go gcumhdófaí leithead iomlán thrácht an bhoinn le gaireas sochta sprae acastóir amháin, nach é an t-acastóir is faide siar é, i gcás ina bhféadfaí, go háitiúil, trasnaíocht a bheith idir an córas sochta sprae agus struchtúr na n-acastóirí nó an chrochta nó an fhocharráiste.
Aguisín
Fíoracha
Fíor 1a
Leithead (q) pludgharda (a) agus suíomh crochtáin (j)
Tugtar an méid seo a leanas faoi deara: Tagraítear don phointe comhfhreagrach 4.8.1.1.(c) de Chuid 2 den Iarscríbhinn seo leis na fíoracha.
Fíor 1b
Sampla de thomhas an chrochtáin sheachtraigh
Fíor 2.
Toisí an phludgharda agus an chrochtáin sheachtraigh
Tugtar an méid seo a leanas faoi deara:
1. Baineann na fíoracha a luaitear le pointí 4.8.2., 4.8.2.3., 4.8.1.1. agus 4.8.1.1.(a) de Chuid 2 den Iarscríbhinn seo.
2. T: méid an phludgharda.
Fíor 3:
Suíomh an phludgharda agus an fhlapa báistí
Tugtar an méid seo a leanas faoi deara: Baineann na fíoracha a luaitear le pointí 4.8.1.2., 4.8.3. agus 4.8.3.3. de Chuid 2 den Iarscríbhinn seo
Fíor 4
Léaráid lena léirítear cóimeáil córais sochta sprae (pludgharda, flapa báistí, crochtán seachtrach) ina bhfuil gairis sochta sprae (ionsúirí fuinnimh) le haghaidh acastóirí iolracha
Fíor 5
Léaráid lena léirítear cóimeáil córais sochta sprae ina bhfuil gairis sochta sprae (ionsúirí fuinnimh) le haghaidh acastóirí a fheistítear le rothaí nach bhfuil faoi stiúir nó le rothaí faoina stiúir féin
(Pointí 4.7.2. agus 4.9. de Chuid 2 den Iarscríbhinn seo)
(a) Acastóirí iolracha i gcás inar lú ná 250 mm an fad idir na boinn
(b) Acastóirí aonair i gcás ina mbíonn an fad idir na boinn nach lú ná 250 mm
Fíor 6
Léaráid lena léirítear cóimeáil córais sochta sprae ina bhfuil gairis sochta sprae feistithe le deighilteoirí aeir/uisce le haghaidh acastóirí atá feistithe le rothaí faoi stiúir, rothaí faoina stiúir féin nó rothaí nach bhfuil faoi stiúir
Tugtar an méid seo a leanas faoi deara:
1. Baineann na fíoracha seo leis na pointí comhfhreagracha de Chuid 2 den Iarscríbhinn seo.
2. T: méid an phludgharda
Fíor 7
Léaráid lena léirítear cóimeáil córais sochta sprae ina bhfuil gairis sochta sprae (pludgharda, flapa báistí, crochtán seachtrach) le haghaidh acastóirí iolracha i gcás ina bhfuil an fad idir na boinn nach mó ná 300 mm
Tugtar an méid seo a leanas faoi deara:
1. Baineann na fíoracha seo leis na pointí comhfhreagracha de Chuid 2 den Iarscríbhinn seo.
2. T: méid an phludgharda
Fíor 8
Cóimeáil tástála le haghaidh gaireas sochta sprae ionsúcháin fuinnimh
(pointe 3.1.2. de Chuid 2 den Iarscríbhinn seo)
Tugtar an méid seo a leanas faoi deara:
A |
= |
soláthar uisce ó chaidéal |
B |
= |
sreabhadh i dtreo umar tiomsaitheora |
C |
= |
tiomsaitheoir le toise inmheánach 500 (+ 5/– 0) mm ar fhad agus 75 (+ 2/– 0) mm ar leithead |
D |
= |
píobán cruach dosmálta, trastomhas seachtrach 54 mm, tiús balla 1,2 (+/– 0,12) mm, gairbhe dromchla inmheánaigh agus sheachtraigh Ra idir 0.4 agus 0.8 μm |
E |
= |
12 pholl shorcóireacha druileáilte go gathach le ciumhaiseanna cearnógacha gan burra. Tá a dtrastomhas, arna thomhas taobh istigh agus lasmuigh den fheadán, 1.68 (+ 0.010/– 0) mm |
F |
= |
sampla 500 (+ 0/– 5) mm ar leithead le tástáil |
G |
= |
pláta ré docht |
Léirítear gach toise líneach i milliméadair.
Fíor 9
Cóimeáil tástála le haghaidh gaireas sochta sprae deighilteora aeir/uisce
(pointe 3.2.2. de Chuid 2 den Iarscríbhinn seo)
CUID 3
Roinn A
DEIMHNIÚ AR CHINEÁLCHEADÚ AE (CÓRAS FEITHICLE)
Teachtaireacht maidir le cineálcheadú a dheonú / a shíneadh / a dhiúltú / a tharraingt siar ( 15 ) i leith an chórais sochta sprae i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/535 [Cuir isteach tagairt don Rialachán seo], arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) Uimh. .../...
Uimhir an deimhnithe ar chineálcheadú ón Aontas.
An chúis leis an síneadh / diúltú / tarraingt siar (15) :
ROINN I
(Le líonadh isteach i gcomhréir le Roinn I den teimpléad de Shamhail B in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún)
ROINN II
(Le líonadh isteach i gcomhréir le Roinn II den teimpléad de Shamhail B in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún)
Aguisín
a ghabhann le deimhniú ar chineálcheadú AE uimhir …
1. Faisnéis bhreise
1.1. Saintréithe na ngaireas sochta sprae (cineál, tuairisc ghearr, trádmharc nó trádainm, uimhir/uimhreacha cineálcheadaithe comhpháirte:
5. Nótaí (más ann dóibh):
Roinn B
DEIMHNIÚ AR CHINEÁLCHEADÚ AE (AONAD TEICNIÚIL AR LEITHLIGH)
Teachtaireacht maidir le cineálcheadú a dheonú / a shíneadh / a dhiúltú / a tharraingt siar ( 16 ) i leith cineál aonaid theicniúil ar leithligh i ndáil leis na córais sochta sprae i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/535 [Cuir isteach tagairt don Rialachán seo], arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) Uimh. .../...
Uimhir an deimhnithe ar chineálcheadú ón Aontas.
An chúis leis an síneadh / diúltú / tarraingt siar (16) :
ROINN I
(Le líonadh isteach i gcomhréir le Roinn I den teimpléad de Shamhail C in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún)
ROINN II
(Le líonadh isteach i gcomhréir le Roinn II den teimpléad de Shamhail C in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún)
Aguisín
le deimhniú ar chineálcheadú AE uimhir ...
1. Faisnéis bhreise
1.1. Prionsabal oibriúcháin an ghairis: ionsúchán fuinnimh / aer / deighilteoir uisce (1):
1.2. Saintréithe gaireas sochta sprae (tuairisc ghearr, trádmharc nó trádainm, uimhir/uimhreacha:
5. Nótaí (más ann dóibh):
Roinn C
MARC CINEÁLCHEADAITHE AE MAIDIR LE HAONAID THEICNIÚLA AR LEITHLIGH A MHÉID A BHAINEANN LE CÓRAIS SOCHTA SPRAE
1. Beidh an méid a leanas i marc cineálcheadaithe AE maidir le haonaid theicniúla ar leithligh dá dtagraítear in Airteagal 38(2) de Rialachán (AE) 2018/858:
1.1. Dronuilleog timpeall ar an litir ‘e’ sa chás íochtair, agus uimhir shainiúil an Bhallstáit a bhronn an cineálcheadú AE don chomhpháirt nó don aonad teicniúil ar leithligh i gcomhréir leis an méid a leanas:
1 |
don Ghearmáin |
2 |
don Fhrainc |
3 |
don Iodáil |
4 |
don Ísiltír |
5 |
don tSualainn |
6 |
don Bheilg |
7 |
don Ungáir |
8 |
do Phoblacht na Seice |
9 |
don Spáinn |
|
|
12 |
don Ostair |
13 |
do Lucsamburg |
17 |
don Fhionlainn |
18 |
don Danmhairg |
19 |
don Rómáin |
20 |
don Pholainn |
21 |
don Phortaingéil |
23 |
don Ghréig |
24 |
d’Éirinn |
25 |
don Chróit |
26 |
don tSlóivéin |
27 |
don tSlóvaic |
29 |
don Eastóin |
32 |
don Laitvia |
34 |
don Bhulgáir |
36 |
don Liotuáin |
49 |
don Chipir |
50 |
do Mhálta |
1.2. I gcóngaracht na dronuilleoige, dhá dhigit a thugann le fios an tsraith leasuithe ina leagtar síos na ceanglais a chomhlíonann an t-aonad teicniúil ar leithligh seo, “00” faoi láthair, agus spás ina dhiaidh sin agus an uimhir cúig dhigit dá dtagraítear i bpointe 2.4. d’Iarscríbhinn IV de Rialachán (AE) 2018/858.
2. Déanfar marc cineálcheadaithe AE maidir le haonad teicniúil ar leithligh a ghreamú den ghaireas ar bhealach a fhágann go mbeidh sé doscriosta chomh maith le bheith inléite go soiléir agus go héasca fiú má tá an gaireas feistithe ar fheithicil.
3. Léirítear sampla de mharc cineálcheadaithe AE le haghaidh aonaid theicniúil ar leithligh i bhFíor 1.
Fíor 1
Sampla de mharc cineálcheadaithe AE le haghaidh aonaid theicniúil ar leithligh
Nóta míniúcháin
Eochair D’eisigh an Ísiltír cineálcheadú AE maidir le haonad teicniúil ar leithligh faoin uimhir 00406. Tugann an chéad dá dhigit “00” le fios gur formheasadh an t-aonad teicniúil ar leithligh i gcomhréir leis na Rialachán seo. Léirítear gur gaireas de chineál ionsúcháin fuinnimh é leis an tsiombail “A”.
IARSCRÍBHINN IX
GIARTHÁSCAIRÍ (GSI)
CUID 1
Doiciméad faisnéise maidir le cineálcheadú AE mótarfheithiclí i ndáil le giartháscairí
SAMHAIL
Doiciméad faisnéise Uimh. … a bhaineann le cineálcheadú AE feithicle i ndáil le giartháscairí.
Ní mór an fhaisnéis seo a leanas, más infheidhme, a sholáthar i dtriarach agus ní mór clár ábhar a bheith san áireamh ann. Ní mór aon líníocht nó aon phictiúr a sholáthar ar scála iomchuí agus ar bhealach a bheidh mionsonraithe go leordhóthanach ar pháipéar de mhéid A4 nó ar fhillteán i bhformáid A4. Ní mór mionsonraí leordhóthanacha a bheith le feiceáil in aon ghrianghraif, más ann dóibh.
Faisnéis a leagtar amach i bpointí 0, 3 agus 4 d’Aguisín 3 a ghabhann le hIarscríbhinn I de Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún ( 17 )
0.
0.1.
0.2.
0.2.1.
0.3.
0.3.1.
0.4.
0.5.
0.8.
0.9.
4.
4.11.
4.11.1.
4.11.2.
4.11.3.
4.11.4.
4.11.5.
4.11.6.
Nóta míniúcháin
Bunaítear an doiciméad faisnéise seo ar an teimpléad a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún agus líonfar isteach é leis an bhfaisnéis ábhartha faoi uimhreacha na bpointí a liostaítear thuas, mar a shainmhínítear sa teimpléad sin.
Aguisín
SAMHAIL
Deimhniú comhlíontachta ón monaróir maidir le riachtanais an ghiartháscaire |
(Monaróir): |
(Seoladh an mhonaróra): |
lena ndeimhnítear |
Go bhfuil na cineálacha feithiclí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Deimhniú seo i gcomhréir le forálacha […] le [an Rialachán seo] i ndáil le giartháscairí |
Arna dhéanamh i/sa […..Láthair] |
Ar an [......Dáta] |
[Síniú] [Post] |
Iarscríbhinní: — - Liosta de na cineálacha feithiclí lena mbaineann an Deimhniú seo |
CUID 2
Sonraíochtaí teicniúla
1. Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1.1. Ciallaíonn “giarbhosca láimhe” giarbhosca is féidir a oibriú i modh ina dtarlaíonn an t-athrú idir cuid de na giaranna nó iad ar fad mar iarmhairt láithreach ar ghníomhaíocht an tiománaí, beag beann ar a cur chun feidhme fisiceach; ní chumhdaítear leis sin córais nach ligeann don tiománaí ach straitéis athraithe giair a réamhroghnú, nó a chuireann teorainnleis an líon giaranna atá ar fáil le haghaidh tiomána agus ina dtionscnaítear na hathruithe giair féin go neamhspleách ar chinneadh an tiománaí de réir patrúin tiomána áirithe;
1.2. ciallaíonn “modh oibriúcháin na feithicle” staid na feithicle inar féidir athruithe a tharlú idir dhá ghiar tiomána ar a laghad;
1.3. ciallaíonn “modh láimhe” modh oibriúcháin na feithicle ina dtarlaíonn an t-athrú idir cuid de na giaranna nó iad ar fad mar iarmhairt láithreach ar ghníomhaíocht an tiománaí;
1.4. ciallaíonn “astaíochtaí sceithphíopa” astaíochtaí sceithphíopa mar a shainmhínítear in Airteagal 3, mír (6), de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
2. Forálacha ginearálta
2.1. Tá feidhm ag na ceanglais a leagtar amach sa Chuid seo maidir le mótarfheithiclí i gcatagóir M1, a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:
tá giarbhosca láimhe feistithe ar na feithiclí;
tá mais tagartha nach mó ná 2610 kg ag na feithiclí, nó síntear an cineálcheadú chuig na feithiclí i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007.
2.2. Ní bheidh feidhm ag na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 2.1. maidir le ‘feithiclí a ceapadh chun riachtanais shóisialta shonracha a shásamh’ mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (2)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007.
2.3. Agus iarratas á dhéanamh ar chineálcheadú AE d’fheithicil a bhfuil giartháscaire feistithe inti, déanfaidh an déantóir:
na pointí athraithe giair den ghiartháscaire a chinntear ar bhonn anailíseach a chur faoi bhráid an údaráis fhormheasa cineálcheadaithe, mar a ndéantar foráil dó sa mhír dheireanach de phointe 7.1; nó
an tseirbhís theicniúil a sholáthar a bheidh freagrach as na tástálacha cineálcheadaithe a dhéanamh maidir le feithicil ionadaíoch den chineál feithicle atá le formheas chun críocha na tástála a dtugtar tuairisc uirthi i bpointe 7.
3. Measúnú a dhéanamh ar ghiarbhosca láimhe
Measfar gur ghiarbhosca a oibrítear de láimh é giarbhosca ar bith a bhfuil modh láimhe amháin ar a laghad aige, agus nuair a bhíonn sé sa mhodh sin, nach ndéantar athrú idir giaranna go huathoibríoch, ach amháin i gcás ina dtarlaíonn na hathruithe sin faoi choinníollacha foircneacha chun an gléasra cumhachta a chosaint, tráth ard-imrothluithe innill, nó chun loiceadh innill a sheachaint, agus i gcás nach dtarlaíonn na hathruithe sin chun oibriú na feithicle a bharrfheabhsú.
4. Saintréith chuma an ghiartháscaire
4.1. Soláthrófar an t-athrú giair molta trí bhíthin tásc físe soiléir, mar shampla tásc soiléir chun athrú suas nó suas/síos nó siombail a shainaithníonn an giar ar cheart don tiománaí athrú chuige. Féadfar an tásc físe a chomhlánú le tásca eile, lena n-áirítear cinn fuaime, ar choinníoll nach gcuireann na tásca sin isteach ar shábháilteacht.
4.2. Ní chuirfidh an giartháscaire isteach ar shainaithint aon nodchomhartha, rialaitheoir ná táscaire atá sainordaithe nó a thacaíonn le hoibriú sábháilte na feithicle, ná ní cheilfidh an tsainaithint sin. D’ainneoin pointe 4.3, déanfar an comhartha a dhearadh ionas nach dtarraingeoidh sé aird an tiománaí agus ionas nach gcuirfidh sé isteach ar oibriú ceart agus sábháilte na feithicle.
4.3. Lonnófar an giartháscaire i gcomhréir le mír 5.1.2. de Rialachán na Náisiún Aontaithe Uimh. 121 ( 18 ). Déanfar an giartháscaire a dhearadh ar bhealach nach féidir é a mheascadh le haon nodchomhartha, rialaitheoir na táscaire ar bith eile atá feistithe san fheithicil.
4.4. Féadtar gaireas taispeána faisnéise a úsáid chun léirithe giartháscaire a thaispeáint, ar choinníoll go bhfuil siad sách difriúil ó léirithe eile go bhféadfaidh an tiománaí iad a fheiceáil go soiléir agus iad a shainaithint.
4.5. Féadtar an léiriú giartháscaire a shárú go huathoibríoch go sealadach nó féadtar é a dhíghníomhachtú in imthosca eisceachtúla. Is imthosca eisceachtúla den sórt sin iad imthosca a d’fhéadfadh oibriú sábháilte nó sláine na feithicle a chur i mbaol, lena n-áirítear tarraingt nó córais rialaithe cobhsaíochta a ghníomhachtú, taispeántais shealadacha ó chórais cúnta tiomána nó imeachtaí a bhaineann le mífheidhmiú na feithicle. Déanfaidh an giartháscaire, laistigh de 10 soicind nó, i gcás ina dtugtar údar leis ar chúiseanna sonracha teicniúla nó iompraíochta, laistigh de níos mó ná 10 soicind, filleadh ar ghnáthmhodh oibríochta nuair a scortar den staid eisceachtúil.
5. Ceanglais fheidhmiúla don ghiartháscaire (infheidhme maidir le gach modh láimhe)
5.1. Molfaidh an giartháscaire go n-athrófar giar nuair a mheastar go bhfuil an t-ídiú breosla a dhéanfaí sa ghiar molta níos ísle ná an ceann atá in úsáid, agus na ceanglais a leagtar síos i bpointí 5.2 agus 5.3 á gcur san áireamh.
5.2. Déanfar an giartháscaire a dhearadh chun an stíl tiomána is fearr ó thaobh éifeachtúlacht breosla de a mholadh, faoi dhálaí tiomána atá intuartha go réasúnach. An príomhchuspóir a bheidh ag an ngiartháscaire ná ídiú breosla na feithicle a íoslaghdú le linn don tiománaí déanamh de réir a léirithe. Ní thiocfaidh méadú díréireach ar astaíochtaí sceithphíopa rialáilte i ndáil leis an staid tosaigh, áfach, agus léiriú an ghiartháscaire á leanúint. Ina theannta sin, ach an straitéis giartháscaire a leanúint, éascófar feidhmiú tráthúil na ngaireas rialaithe truaillithe, amhail catalaígh, i ndiaidh fuarthosaithe, agus íoslaghdófar an t-aga téimh. Chun na críche sin, déanfaidh monaróirí feithiclí doiciméadacht theicniúil a sholáthar don údarás cineálcheadaithe, ina dtabharfar tuairisc ar thionchar na straitéise giartháscaire ar astaíochtaí sceithphíopa rialáilte na feithicle, ar a laghad faoi luas seasmhach na feithicle, agus ina dtabharfar tuairisc ar ghiorrú an téimh iar-chóireála nuair a dhéantar fuarthosú.
5.3. Ní chuirfear isteach ar oibriú sábháilte na feithicle trí bhíthin léiriú an ghiartháscaire a leanúint, e.g. cuirfear cosc ar loiceadh an innill, ar choscánú neamhleor innill nó ar thorc neamhleor innill i gcás ina n-éilítear ardchumhacht.
6. Faisnéis atá le soláthar
6.1. Soláthróidh an monaróir an fhaisnéis don údarás cineálcheadaithe sna dá chuid seo a leanas:
an ‘pacáiste doiciméadachta foirmiúla’ is féidir a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara ach é a iarraidh;
an ‘pacáiste doiciméadachta leathnaithe’ a choinneofar go hiomlán faoi rún.
6.1.1. Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa phacáiste doiciméadachta foirmiúla:
tuairisc ar an tsraith iomlán cumaí atá ag na giartháscairí atá feistithe ar an bhfeithicil mar chuid de chineál na feithicle maidir le giartháscaire, agus fianaise ar a gcomhlíontacht le ceanglais phointe 5;
fianaise i bhfoirm sonraí nó meastóireachtaí innealtóireachta (mar shampla sonraí samhaltaithe, astaíochtaí nó léarscáileanna den ídiú breosla, tástálacha astaíochtaí), a thaispeánann go leordhóthanach go bhfuil an giartháscaire éifeachtach ó thaobh moltaí athraithe tráthúla agus bríocha a thabhairt don tiománaí chun ceanglais phointe 5 a chomhlíonadh.
míniú ar chuspóir, úsáid agus feidhmeanna an ghiartháscaire sa ‘chuid giartháscaire’ den lámhleabhar úsáideora a ghabhann leis an bhfeithicil.
6.1.2. Beidh straitéis dearaidh an ghiartháscaire, go háirithe a shaintréithe feidhmiúla, sa phacáiste doiciméadachta leathnaithe.
6.1.3. D’ainneoin foráil Airteagal 13 den Rialachán seo, coinneofar an pacáiste doiciméadachta leathnaithe go hiomlán faoi rún idir an t-údarás cineálcheadaithe agus an monaróir. Féadfaidh an t-údarás cineálcheadaithe é a choinneáil, nó, faoi dhiscréid an údaráis chineálcheadaithe, féadfaidh an monaróir é a choinneáil. I gcás ina gcoinníonn an monaróir an pacáiste doiciméadachta leathnaithe, déanfaidh an t-údarás cineálcheadaithe an pacáiste sin a shainaithint agus a dhátú, ar é a athbhreithniú agus a fhormheas. Cuirfear ar fáil é lena iniúchadh ag an údarás formheasa an tráth a fhormheastar é nó ag tráth ar bith le linn bhailíocht an fhormheasa.
7. Déanfar tionchar na bpointí athraithe giair arna moladh ag an ngiartháscaire ar bharainneacht breosla a chinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i bpointí 7.1. go 7.5.
7.1. Luasanna feithicle ag a molann an giartháscaire athrú suas giaranna a chinneadh.
Déanfar an tástáil chun luasanna feithicle ag a molann an giartháscaire athrú suas giaranna ar dhinimiméadar fonnaidh ar fheithicil téite i gcomhréir leis an bpróifíl luais a dtugtar tuairisc uirthi i bpointe 8. Leanfar comhairle an ghiartháscaire maidir le hathrú suas giaranna agus déanfar luasanna na feithicle ag a molann an giartháscaire giar a athrú a thaifeadadh. Déanfar an tástáil trí huaire.
Ciallóidh Vn GSI an meánluas ag a molann an giartháscaire athrú suas ó ghiar n (n = 1, 2, …, #g) go dtí giar n+1, arna chinneadh ó na trí thástáil, i gcás ina gciallóidh #g líon giaranna tiomána na feithicle. Chun na críche sin, ní thabharfar san áireamh ach treoracha athraithe giartháscaire sa tréimhse sula sroichtear an t-uasluas agus déanfar neamhaird ar aon treoir giartháscaire le linn an luasmhoillithe.
Chun críocha na ríomhanna seo a leanas, socrófar V0 GSI ag 0 km/u agus socrófar V#g GSI ag 140 km/u nó as uasluas na feithicle, cibé acu is ísle. I gcás nach bhféadfaidh an fheithicil 140 km/u a bhaint amach, tiomáinfear an fheithicil ag an uasluas go dtí rachaidh sí ar ais sa phróifíl luais i bhFíor I.1 arís.
De rogha air sin, féadfaidh an monaróir na luasanna athraithe giartháscaire molta a chinneadh go hanailíseach, bunaithe ar an algartam giartháscaire atá sa phacáiste doiciméadachta leathnaithe a chuirtear ar fáil i gcomhréir le pointe 6.1.
7.2. Pointí caighdeánacha athraithe giair.
Ciallóidh Vn std an luas ag a nglactar leis go n-athróidh gnáth-thiománaí ó ghiar n go dtí giar n+1 gan mholadh ón ngiartháscaire. Bunaithe ar na pointí athraithe giair arna gcinneadh sa tástáil astaíochtaí cineál a haon ( 19 ), sainmhíneofar na luasanna caighdeánacha athraithe giair seo a leanas:
V0 std = 0 km/u;
V1 std = 15 km/u;
V2 std = 35 km/u;
V3 std = 50 km/u;
V4 std = 70 km/u;
V5 std = 90 km/u;
V6 std = 110 km/u;
V7 std = 130 km/u;
V8 std = V#g GSI;
Ciallóidh Vn min an íosluas feithicle ag a bhféadtar an fheithicil a thiomáint i ngiar n gan an t-inneall a loiceadh agus ciallóidh Vn max an t-uasluas ag a bhféadtar an fheithicil a thiomáint i ngiar n gan damáiste a dhéanamh don inneall.
I gcás go mbeidh Vn std a fhaightear ón liosta sin níos lú ná Vn+1 min, socrófar Vn std ag Vn+1 min. I gcás go mbeidh Vn std a fhaightear ón liosta sin níos mó ná Vn max, socrófar Vn std ag Vn max (n = 1, 2,…, #g-1).
I gcás go mbeidh V#g std arna chinneadh ag an nós imeachta sin níos lú ná V#g GSI, socrófar V#g std ag V#g GSI.
7.3. Cuair luais an ídithe breosla.
Déanfaidh an monaróir spleáchas feidhmiúil ídiú breosla na feithicle ag luas seasmhach na feithicle le linn don tiománaí a bheith ag tiomáint i ngiar n a sholáthar don údarás cineálcheadaithe, de réir na rialacha seo a leanas.
Ciallóidh FCn i an t-ídiú breosla i dtéarmaí kg/uair (cileagraim san uair) i gcás ina dtiomáintear an fheithicil ag luas seasmhach vi = i * 5 km/uair – 2.5 km/uair (i gcás inar slánuimhir dheimhneach í i) i ngiar n. Déanfaidh an monaróir na sonraí sin a sholáthar maidir le gach giar n (n = 1, 2, …, #g) agus vn min ≤ vi ≤ vn max. Déanfar na luachanna ídithe breosla sin a chinneadh faoi choinníollacha comhthimpeallachta a chomhfhreagraíonn do chás tiomána réadúil a fhéadfaidh an monaróir a shainmhíniú, le tástáil fhisiceach nó le samhail ríofa arna comhaontú idir an t-údarás cineálcheadaithe agus an monaróir.
7.4. Dáileadh luais feithicle.
Bainfear úsáid as an dáileadh seo a leanas don dóchúlacht Pi go dtiomáintear an fheithicil faoi luas v, i gcás inarb ionann vi – 2,5 km/u < v ≤ vi + 2,5 km/h (i = 1, …, 28):
i |
Pi |
1 |
4,610535879 |
2 |
5,083909299 |
3 |
4,86818148 |
4 |
5,128313511 |
5 |
5,233189418 |
6 |
5,548597362 |
7 |
5,768706442 |
8 |
5,881761847 |
9 |
6,105763476 |
10 |
6,098904359 |
11 |
5,533164348 |
12 |
4,761325003 |
13 |
4,077325232 |
14 |
3,533825909 |
15 |
2,968643201 |
16 |
2,61326375 |
17 |
2,275220718 |
18 |
2,014651418 |
19 |
1,873070659 |
20 |
1,838715054 |
21 |
1,982122053 |
22 |
2,124757402 |
23 |
2,226658166 |
24 |
2,137249569 |
25 |
1,76902642 |
26 |
1,665033625 |
27 |
1,671035353 |
28 |
0,607049046 |
I gcás ina gcomhfhreagraíonn uasluas na feithicle do chéim i agus i < 28, cuirfear luachanna Pi+1 go P28 le Pi.
7.5. Ídiú breosla na samhla a chinneadh
Ciallóidh FCGSI ídiú breosla na feithicle le linn don tiománaí déanamh de réir an ghiartháscaire:
FCGSI i = FCn i, i gcás inarb amhlaidh Vn-1 GSI ≤ vi < Vn GSI (le haghaidh n = 1, …, #g) agus inarb amhlaidh FCGSI i = 0 más vi ≥ V#g GSI
Ciallóidh FCstd ídiú breosla na feithicle agus na pointí caighdeánacha athraithe giair in úsáid:
FCstd i = FCn i, i gcás inarb amhlaidh Vn-1 std ≤ vi < Vn std (le haghaidh n = 1, …, #g) agus inarb amhlaidh FCstd i = 0 más vi ≥ V#g GSI
Déantar an tsábháil choibhneasta maidir le hídiú breosla trí bhíthin cloí le comhairle giartháscaire na samhla a ríomh mar:
FCrel. Sábháil = (1 – FCGSI / FCstd) * 100 %
7.6. Taifid sonraí
Déanfar an fhaisnéis seo a leanas a thaifeadadh:
luachanna Vn GSI mar a chinntear de bhun phointe 7.1.
luachanna FCni chuar luais an ídithe breosla mar a gcuirtear in iúl iad ag an monaróir de bhun phointe 7.3.
luachanna FCGSI, FCstd agus FCrel. Sábháil de réir mar a ríomhtar de bhun phointe 7.5.
8. Tuairisc ar phróifíl luais na feithicle dá dtagraítear i bpointe 7.1.
Líon |
Oibriú |
Luasghéarú |
Luas |
Am carntha |
oibriú |
|
(m/s2) |
(km/u) |
(s) |
1 |
Réchasadh |
0 |
0 |
20 |
2 |
Luasghéarú |
1,1 |
0 - 31.68 |
28 |
3 |
0,7 |
31.68 – 49.32 |
35 |
|
4 |
0,64 |
49.32 – 79.27 |
48 |
|
5 |
0,49 |
79.27 – 109.26 |
65 |
|
6 |
0,3 |
109.26 – 128.70 |
83 |
|
7 |
0,19 |
128.70 – 140.33 |
100 |
|
8 |
Staid chobhsaí |
0 |
140,33 |
105 |
9 |
Luasmhoilliú |
– 0,69 |
140.33 – 80.71 |
129 |
10 |
– 1,04 |
80.71 – 50.76 |
137 |
|
11 |
– 1,39 |
50.76 – 0 |
147 |
|
12 |
Réchasadh |
0 |
0 |
150 |
Leagtar amach na lamháltais maidir le himeacht ón bpróifíl luais seo i bpointe 6.1.3.4. d’Iarscríbhinn 4a a ghabhann le Rialachán Uimh. 83 de chuid NA ( 20 ).
Fíor I.1
Léiriú grafach ar an bpróifíl luais dá dtagraítear i bpointe 7.1.; líne neamhbhriste: próifíl luais; línte briste: lamháltais maidir le himeacht ón bpróifíl luais seo.
Tugtar tuairisc soicind i ndiaidh soicind ar an bpróifíl luais sa tábla seo a leanas. I gcás nach bhféadfaidh an fheithicil 140 km/u a bhaint amach, tiomáinfear an fheithicil ag an uasluas go dtí rachaidh sí ar ais sa phróifíl luais thuas arís.
Am (amanna) Luas (km/u) |
Am (amanna) Luas (km/u) |
0 |
0,00 |
1 |
0,00 |
2 |
0,00 |
3 |
0,00 |
4 |
0,00 |
5 |
0,00 |
6 |
0,00 |
7 |
0,00 |
8 |
0,00 |
9 |
0,00 |
10 |
0,00 |
11 |
0,00 |
12 |
0,00 |
13 |
0,00 |
14 |
0,00 |
15 |
0,00 |
16 |
0,00 |
17 |
0,00 |
18 |
0,00 |
19 |
0,00 |
20 |
0,00 |
21 |
3,96 |
22 |
7,92 |
23 |
11,88 |
24 |
15,84 |
25 |
19,80 |
26 |
23,76 |
27 |
27,72 |
28 |
31,68 |
29 |
34,20 |
30 |
36,72 |
31 |
39,24 |
32 |
41,76 |
33 |
44,28 |
34 |
46,80 |
35 |
49,32 |
36 |
51,62 |
37 |
53,93 |
38 |
56,23 |
39 |
58,54 |
40 |
60,84 |
41 |
63,14 |
42 |
65,45 |
43 |
67,75 |
44 |
70,06 |
45 |
72,36 |
46 |
74,66 |
47 |
76,97 |
48 |
79,27 |
49 |
81,04 |
50 |
82,80 |
51 |
84,56 |
52 |
86,33 |
53 |
88,09 |
54 |
89,86 |
55 |
91,62 |
56 |
93,38 |
57 |
95,15 |
58 |
96,91 |
59 |
98,68 |
60 |
100,44 |
61 |
102,20 |
62 |
103,97 |
63 |
105,73 |
64 |
107,50 |
65 |
109,26 |
66 |
110,34 |
67 |
111,42 |
68 |
112,50 |
69 |
113,58 |
70 |
114,66 |
71 |
115,74 |
72 |
116,82 |
73 |
117,90 |
74 |
118,98 |
75 |
120,06 |
76 |
121,14 |
77 |
122,22 |
78 |
123,30 |
79 |
124,38 |
80 |
125,46 |
81 |
126,54 |
82 |
127,62 |
83 |
128,70 |
84 |
129,38 |
85 |
130,07 |
86 |
130,75 |
87 |
131,44 |
88 |
132,12 |
89 |
132,80 |
90 |
133,49 |
91 |
134,17 |
92 |
134,86 |
93 |
135,54 |
94 |
136,22 |
95 |
136,91 |
96 |
137,59 |
97 |
138,28 |
98 |
138,96 |
99 |
139,64 |
100 |
140,33 |
101 |
140,33 |
102 |
140,33 |
103 |
140,33 |
104 |
140,33 |
105 |
140,33 |
106 |
137,84 |
107 |
135,36 |
108 |
132,88 |
109 |
130,39 |
110 |
127,91 |
111 |
125,42 |
112 |
122,94 |
113 |
120,46 |
114 |
117,97 |
115 |
115,49 |
116 |
113,00 |
117 |
110,52 |
118 |
108,04 |
119 |
105,55 |
120 |
103,07 |
121 |
100,58 |
122 |
98,10 |
123 |
95,62 |
124 |
93,13 |
125 |
90,65 |
126 |
88,16 |
127 |
85,68 |
128 |
83,20 |
129 |
80,71 |
130 |
76,97 |
131 |
73,22 |
132 |
69,48 |
133 |
65,74 |
134 |
61,99 |
135 |
58,25 |
136 |
54,50 |
137 |
50,76 |
138 |
45,76 |
139 |
40,75 |
140 |
35,75 |
141 |
30,74 |
142 |
25,74 |
143 |
20,74 |
144 |
15,73 |
145 |
10,73 |
146 |
5,72 |
147 |
0,72 |
148 |
0,00 |
149 |
0,00 |
150 |
0,00 |
CUID 3
DEIMHNIÚ AR CHINEÁLCHEADÚ AE (CÓRAS FEITHICLE)
Teachtaireacht maidir le cineálcheadú a dheonú / a shíneadh / a dhiúltú / a tharraingt siar ( 21 ) i leith cineál feithicle maidir leis an ngiartháscaire i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/535 [Cuir isteach tagairt don Rialachán seo], arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) Uimh. …/…
Uimhir an deimhnithe ar chineálcheadú ón Aontas.
An chúis leis an síneadh / diúltú / tarraingt siar (21) :
ROINN I
(Le líonadh isteach i gcomhréir le Roinn I den teimpléad de Shamhail B in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún)
ROINN II
(Le líonadh isteach i gcomhréir le Roinn II den teimpléad de Shamhail B in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún)
Aguisín
a ghabhann le deimhniú ar chineálcheadú AE uimhir …
1. Faisnéis bhreise
1.1. Tuairisc ghearr ar chineál na feithicle a mhéid a bhaineann lena struchtúr, toisí agus ábhair na gcomhpháirteanna:
2. Tá giarbhosca traidisiúnta láimhe feistithe ar an bhfeithicil: tá / níl (4)
3. Tá giarbhosca traidisiúnta róbataithe a bhfuil modh láimhe aige feistithe ar an bhfeithicil: tá / níl (4)
4. Tá giarbhosca uathoibríoch a bhfuil modh láimhe aige feistithe ar an bhfeithicil: tá / níl (4)
5. Nótaí (más ann dóibh):
IARSCRÍBHINN X
ROCHTAIN AR FHEITHICLÍ
CUID 1
Doiciméad faisnéise maidir le cineálcheadú AE ar mhótarfheithiclí i ndáil le rochtain ar fheithiclí
SAMHAIL
Doiciméad faisnéise Uimh. ... a bhaineann le cineálcheadú AE ar fheithicil i ndáil le rochtain ar fheithiclí.
Soláthrófar trí chóip den fhaisnéis a leanas, más infheidhme, agus áireofar liosta ábhair léi. Ní mór aon líníocht nó pictiúr a sholáthar ar scála iomchuí agus ar bhealach a bheidh mionsonraithe go leordhóthanach ar pháipéar de mhéid A4 nó ar fhillteán i bhformáid A4. Ní mór mionsonraí leordhóthanacha a bheith le feiceáil i ngrianghraif, más ann dóibh.
0.
0.1.
0.2.
0.2.1.
0.3.
0.3.1.
0.4.
0.5.
0.8.
0.9.
1.
1.1.
2.
2.6.
9.
9.3.
9.3.1.
9.3.4.
Nóta míniúcháin
Bunaítear an doiciméad faisnéise seo ar an teimpléad a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún agus líonfar isteach é leis an bhfaisnéis ábhartha faoi uimhreacha na bpointí a liostaítear thuas, mar a shainmhínítear sa teimpléad sin.
CUID 2
Sonraíochtaí teicniúla
1. Chun críocha na hIarscríbhinne seo, tá feidhm ag an sainmhíniú seo a leanas:
1.1. Ciallaíonn ‘tairseach feithicle’ an pointe is ísle d’oscailt an dorais nó de struchtúr eile, cibé acu is airde, nach mór do dhuine dul os a chionn i dtéarmaí airde, chun dul isteach san urrann phaisinéirí.
2. Foráil ghinearálta
2.1. Tabharfaidh saintréithe dearaidh an chineáil feithicle deis do dhuine dul isteach san urrann phaisinéirí agus imeacht amach aisti ar bhealach iomlán sábháilte agus tógfar bealaí isteach chuig an urrann phaisinéirí ar bhealach lena bhféadfar iad a úsáid go héasca agus gan aon chontúirt.
3. Cláir choise agus céimeanna rochtana
3.1. Ní mheasfar gur choschláir ná céimeanna rochtana iad an mol, na fonsaí ná codanna eile den roth chun críche an Rialacháin seo, ach amháin i gcás ina gcuirfidh cúiseanna a bhaineann ledéantús nó le húsáid bac ar choschláir nó céimeanna rochtana a fheistiú ar an bhfeithicil.
3.2. Cinnfear airde na tairsí feithicle go díreach ó dhromchla na talún nó ón bplána cothrománach a théann trí lár, i ndáil leis an bhfad-treo, na céime díreach thíos faoi.
4. Ceanglais maidir le rochtain ar dhoirse na hurrainne paisinéirí agus bealach amach astu maidir le feithiclí i gcatagóir N2 ar mó ná 7.5 tona a n-uasmhais agus i gcatagóir N3
4.1. Céimeanna rochtana chuig an urrann phaisinéirí (Fíor 1).
4.1.1. Ní bheidh an t-achar (A) ó dhromchla na talún go dtí dromchla uachtair na céime is ísle, arna thomhas agus an fheithicil réidh le hoibriú ar dhromchla cothrománach agus réidh, níos mó ná 600 mm.
4.1.1.1. Maidir le feithiclí easbhóthair, áfach, féadtar an t-achar (A) a mhéadú go 700 mm.
4.1.2. Ní bheidh an t-achar (B) idir dromchlaí uachtair na gcéimeanna níos mó ná 400 mm. Ní bheidh éagsúlacht níos mó ná 50 mm idir dhá chéim as a chéile. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas a bhaineann leis an achar ceartingearach, áfach, maidir leis an achar idir an chéim uachtair agus tairseach feithicle na hurrainne paisinéirí.
4.1.2.1. Maidir le feithiclí easbhóthair, féadtar méadú chomh fada le 100 mm a chur le héagsúlacht cheadaithe an achair cheartingearaigh mar a léirítear i bpointe 4.1.2.
4.1.3. Ina theannta sin, comhlíonfar na sonraíochtaí geoiméadracha íosta seo a leanas:
doimhneacht chéime (D): 80 mm;
scóip chéime (E) (doimhneacht chéime san áireamh): 150 mm;
leithead céime (F): 300 mm;
leithead na céime is ísle (G): 200 mm;
airde céime (S): 120 mm;
seach-chur trasnach idir céimeanna (H): 0 mm;
fad-fhorluí (J) idir dhá chéim i ndiaidh a chéile sa réim chéanna, nó idir an chéim uachtair agus airde an bhealaigh isteach urlár na hurrainne: 200 mm.
4.1.3.1. Maidir le feithiclí easbhóthair, féadtar an luach (F) a leagtar amach i bpointe 4.1.3.(c) a laghdú go 200 mm.
4.1.4. Maidir le feithiclí easbhóthair, féadtar an chéim is ísle a dhearadh mar runga i gcás inar ghá sin ar chúiseanna a bhaineann le déantús nó le húsáid. I gcás den sin, beidh doimhneacht an runga (R) ar a laghad 20 mm.
4.1.4.1. Ní cheadófar rungaí a bhfuil trasghearradh cruinn acu.
4.1.5. Beidh sé éasca do dhuine suíomh na céime uachtair a aithint agus é ag teacht anuas ón urrann phaisinéirí.
4.1.6. Déanfar gach céim rochtana a thógáil ar bhealach a chuirfidh cosc ar riosca sciorrtha. Ina theannta sin, beidh rith chun srutha leordhóthanach nó dromchla draenála ag céimeanna nach bhfuil cosanta ón aimsir agus ó shalachar le linn tiomána.
4.2. Rochtain ar ghreamáin chuig an urrann phaisinéirí (mar a thaispeántar i bhFíor 1).
4.2.1. Déanfar lámhráille (lámhráillí), greamán (greamáin) nó gaireas (gairis) oiriúnach coinneála coibhéiseach eile a sholáthar chun rochtain ar an urrann phaisinéirí a thabhairt.
4.2.1.1. Déanfar gach lámhráille, greamán nó gaireas coinneála coibhéiseach a shuíomh ar bhealach inar féidir greim a bhreith orthu go héasca agus nach gcuirfidh siad isteach ar rochtain ar an urrann phaisinéirí.
4.2.1.2. Ceadófar neamhleanúnachas uasta 100 mm i limistéir greamáin na lámhráillí, na ngreamán nó na ngaireas coinneála coibhéiseach.
4.2.1.3. Maidir le rochtain níos mó ná dhá chéim ar urrann phaisinéirí, déanfar na lámhráillí, na greamáin nó na gairis choinneála choibhéiseacha a shuíomh ar bhealach ina bhféadfaidh duine é féin a choimeád ag an am céanna le dhá lámh agus cos amháin nó le dhá chos agus lámh amháin.
4.2.1.4. Ach amháin i gcás staighre, déanfar dearadh agus suíomh na lámhráillí, na ngreamán agus na ngaireas coinneála coibhéiseach ar bhealach lena spreagfar na hoibritheoirí teacht anuas agus a n-aghaidh ar an urrann phaisinéirí.
4.2.1.5. Féadfar a mheas gur greamán é an roth stiúrtha.
4.2.2. Ní bheidh airde (N) an imill íochtair ar lámhráille, greamán nó gaireas coinneála coibhéiseach amháin ar a laghad, arna tomhas ó dhromchla na talún agus an fheithicil réidh le hoibriú, níos airde ná 1 850 mm.
4.2.2.1. Maidir le feithiclí easbhóthair, féadtar an airde (N) dá dtagraítear i bpointe 4.2.2. a ardú go 1 950 mm.
4.2.2.2. I gcás ina bhfuil airde tairsí feithicle na hurrainne paisinéirí arna tomhas ó dhromchla na talún níos mó ná ‘N’, glacfar leis gur ‘N’ an airde sin.
4.2.2.3. Ina theannta sin, beidh íosfhad (P) imeall uachtair na lámhráillí nó na ngreamán nó na ngaireas coinneála coibhéiseach ó airde tairsí feithicle na hurrainne paisinéirí:
i gcás lámhráillí, greamán nó gaireas coinneála coibhéiseach (U): 650 mm
i gcás lámhráillí, greamán nó gaireas coinneála coibhéiseach (V): 550 mm
4.2.3. Comhlíonfar na sonraíochtaí geoiméadracha seo a leanas:
toise fosúcháin (K): 16 mm ar a laghad agus 38 mm ar a mhéid;
fad (M): 150 mm ar a laghad;
glanspás chuig comhpháirteanna na feithicle (L): 40 mm ar a laghad agus an doras oscailte.
Fíor 1
Céimeanna rochtana agus lámhráillí chuig an urrann phaisinéirí
5. Ceanglais maidir le rochtain ar dhoirse na hurrainne paisinéirí agus bealach amach astu i bhfeithiclí i gcatagóirí seachas N2 ag a bhfuil uasmhais is mó ná 7.5 tona acu nó atá i gcatagóir N3
5.1. Cláir choise agus céimeanna rochtana
5.1.1. Beidh coschlár nó céim rochtana amháin nó níos mó lena bhfuil airde tairsí feithicle na hurrainne paisinéirí níos airde ná 600 mm os cionn na talún, arna thomhas agus an fheithicil réidh le hoibriú ar dhromchla cothrománach agus réidh, ag feithiclí i gcatagóirí M1 agus N1 chomh maith le N2, nach mó ná 7.5 tona a n-uasmhais.
5.1.1.1. Maidir le feithiclí easbhóthair, féadtar airde na hurrainne paisinéirí arna sonrú i bpointe 5.1.1. a mhéadú go dtí 700 mm.
5.1.1.2. Déanfar gach coschlár agus céim rochtana a thógáil ar bhealach a chuirfidh cosc ar riosca sciorrtha. Ina theannta sin, beidh rith chun srutha leordhóthanach nó dromchla draenála ag coschláir agus ag céimeanna nach bhfuil cosanta ón aimsir agus ó shalachar le linn tiomána.
CUID 3
DEIMHNIÚ AR CHINEÁLCHEADÚ AE (CÓRAS FEITHICLE)
Teachtaireachtmaidir le cineálcheadú a dheonú / a shíneadh / a dhiúltú / a tharraingt siar ( 22 ) maidir le cineál feithicle i ndáil le rochtain ar an bhfeithicil i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/535 [Cuir isteach tagairt don Rialachán seo], arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) Uimh. …/…
Uimhir an deimhnithe ar chineálcheadú ón Aontas.
An chúis leis an síneadh / diúltú / tarraingt siar (22) :
ROINN I
(Le líonadh isteach i gcomhréir le Roinn I den teimpléad de Shamhail B in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún)
ROINN II
(Le líonadh isteach i gcomhréir le Roinn II den teimpléad de Shamhail B in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún)
Aguisín
a ghabhann le deimhniú chineálcheadaithe AE uimhir…
1. Faisnéis bhreise:
1.1. Tuairisc ghearr ar an gcineál feithicle a mhéid a bhaineann le struchtúr, toisí, línte agus comhábhair
1.2. Maidir leis an gcineál feithicle i gcatagóir M1 / N1 / N2 nach mó ná 7.5 tona a huasmhais (1), tá / níl (1) coschláir ná céimeanna rochtana feistithe uirthi.
1.3. Feithicil easbhóthair is ea / ní hea (1)
5. Nótaí:
IARSCRÍBHINN XI
GLUAISEACHT CHÚLAITHE
CUID 1
Doiciméad faisnéise maidir le cineálcheadú AE ar mhótarfheithiclí i ndáil le gluaiseacht chúlaithe
SAMHAIL
Doiciméad faisnéise Uimh … maidir le cineálcheadú AE ar fheithicil i ndáil le gluaiseacht chúlaithe.
Soláthrófar trí chóip den fhaisnéis a leanas, más infheidhme, agus áireofar liosta ábhair léi. Ní mór aon líníocht nó pictiúr a sholáthar ar scála iomchuí agus ar bhealach a bheidh mionsonraithe go leordhóthanach ar pháipéar de mhéid A4 nó ar fhillteán i bhformáid A4. Ní mór mionsonraí leordhóthanacha a bheith le feiceáil i ngrianghraif, más ann dóibh.
0.
0.1.
0.2.
0.2.1.
0.3.
0.3.1.
0.5.
0.8.
0.9.
1.
1.1.
4.
4.6.
Nóta míniúcháin
Bunaítear an doiciméad faisnéise seo ar an teimpléad a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún agus líonfar isteach é leis an bhfaisnéis ábhartha faoi uimhreacha na bpointí a liostaítear thuas, mar a shainmhínítear sa teimpléad sin.
CUID 2
Sonraíochtaí teicniúla
1. Forálacha ginearálta
1.1. Déanfar gach feithicil a fheistiú le gaireas cúlaithe a fhéadfar a oibriú go héasca ó shuíomh an tiománaí.
1.2. Ceadaítear moill ghearr idir an móimint a roghnaítear an modh cúlaithe agus an t-am a chuirtear i bhfeidhm é.
CUID 3
DEIMHNIÚ AR CHINEÁLCHEADÚ AE (CÓRAS FEITHICLE)
Teachtaireacht maidir le cineálcheadúa dheonú / a shíneadh / a dhiúltú / a tharraingt siar ( 23 ) maidir le cineál feithicle i ndáil le modh cúlaithe i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/535, arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) Uimh. …/…
Uimhir an deimhnithe ar chineálcheadú ón Aontas.
An chúis leis an síneadh / diúltú / tarraingt siar (23) :
ROINN I
(Le líonadh isteach i gcomhréir le Roinn I den teimpléad de Shamhail B in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún)
ROINN II
(Le líonadh isteach i gcomhréir le Roinn II den teimpléad de Shamhail B in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún)
Aguisín
a ghabhann le deimhniú ar chineálcheadú AE uimhir…
1. Faisnéis bhreise:
1.1. Tuairisc ghearr ar an gcineál feithicle a mhéid a bhaineann le struchtúr, toisí, línte agus comhábhair
1.2. Gaireas cúlaithe giarbhosca / modh eile (1)
1.3. Tuairisc ghearr ar an ngaireas cúlaithe, i gcás nach feidhm den ghiarbhosca é sin.
5. Nótaí:
IARSCRÍBHINN XII
CÓRAIS COSANTA TOSAIGH LE HAGHAIDH FEITHICLÍ M1 AGUS N1
CUID 1
Doiciméad faisnéise maidir le cineálcheadú AE d’aonad teicniúil ar leithligh maidir le córais cosanta tosaigh
SAMHAIL
Doiciméad faisnéise Uimh … a bhaineann le cineálcheadú AE d’aonad teicniúil ar leithligh maidir le córais cosanta tosaigh.
Soláthrófar trí chóip den fhaisnéis a leanas, más infheidhme, agus áireofar liosta ábhair léi. Ní mór aon líníocht nó pictiúr a sholáthar ar scála iomchuí agus ar bhealach a bheidh mionsonraithe go leordhóthanach ar pháipéar de mhéid A4 nó ar fhillteán i bhformáid A4. Ní mór mionsonraí leordhóthanacha a bheith le feiceáil i ngrianghraif, más ann dóibh.
0.
0.1.
0.2.
0.2.1.
0.5.
0.7.
0.8.
0.9.
1.
1.1.
1.2.
1.3.
1.4.
Nóta míniúcháin
Bunaítear an doiciméad faisnéise seo ar an teimpléad a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún agus líonfar isteach é leis an bhfaisnéis ábhartha faoi uimhreacha na bpointí a liostaítear thuas, mar a shainmhínítear sa teimpléad sin.
CUID 2
Roinn A
Forálacha ginearálta agus ceanglais ghinearálta
1. Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1.1. ciallaíonn ‘coirnéal an chórais cosanta tosaigh’ pointe teagmhála an chórais cosanta tosaigh le plána ceartingearach, a dhéanann uillinn 60° le fadphlána ceartingearach na feithicle agus atá tadhlaíoch le dromchla seachtrach an chórais cosanta tosaigh (féach Fíor 1);
Fíor 1
Coirnéal an Chórais Cosanta Tosaigh a Chinneadh
1.2. ciallaíonn ‘toisí fíor-riachtanacha na céime tosaigh seachtraí’ pointí soladacha i spás ar an bhfráma tástála, a léiríonn gach pointe den chineál feithicle atá i gceist ar dhócha go mbeadh tionchar ag an gcóras cosanta tosaigh ar an bhfeithicil le linn tástála;
1.3. ciallaíonn ‘airde íochtair an chórais cosanta tosaigh’, ag aon suíomh trasnach, an fad ceartingearach idir an talamh agus líne thagartha íochtair an chórais cosanta tosaigh, agus an fheithicil suite ina gnáthriocht tiomána;
1.4. ciallaíonn ‘líne thagartha íochtair an chórais cosanta tosaigh’ líne a shainaithníonn an teorainn íochtair chuig pointí suntasacha teagmhála coisithe leis an gcóras cosanta tosaigh. Is éard atá sa líne, lorg geoiméadrach na bpointí teagmhála is íochtaraí idir corr dhíreach 700 mm ar fhad agus an córas cosanta tosaigh, i gcás ina dtrasnaíonn an chorr dhíreach tosach na feithicle, agus í á coinneáil comhthreomhar le fadphlána ceartingearach na feithicle agus claonta chun tosaigh 25°, fad a fhanann sí i dteagmháil leis an talamh agus le dromchla an chórais cosanta tosaigh (féach Fíor 2);
Fíor 2.
Líne Thagartha Íochtair an Chórais Cosanta Tosaigh a Chinneadh
1.5. ciallaíonn ‘trian den chóras cosanta tosaigh’ an lorg geoiméadrach idir gach coirnéal den chóras cosanta tosaigh, arna thomhas le miosúr solúbtha agus comhrian cothrománach seachtrach an chórais cosanta tosaigh á leanúint, roinnte ina dtrí chuid chothroma;
1.6. ciallaíonn ‘airde uachtair an chórais cosanta tosaigh’, ag aon suíomh trasnach, an fad ceartingearach idir an talamh agus líne thagartha uachtair an chórais cosanta tosaigh, agus an fheithicil suite ina gnáthriocht tiomána;
1.7. ciallaíonn ‘líne thagartha uachtair an chórais cosanta tosaigh’ líne a shainaithníonn an teorainn uachtair chuig pointí suntasacha teagmhála coisithe leis an gcóras cosanta tosaigh. Is éard atá sa líne, lorg geoiméadrach na bpointí teagmhála is uachtaraí idir corr dhíreach 700 mm ar fhad agus an córas cosanta tosaigh, i gcás ina dtrasnaíonn an chorr dhíreach tosach na feithicle, agus í á coinneáil comhthreomhar le fadphlána ceartingearach na feithicle agus claonta chun tosaigh 20°, fad a fhanann sí i dteagmháil leis an talamh agus le dromchla an chórais cosanta tosaigh (féach Fíor 3);
I gcás inar gá, gearrfar an chorr dhíreach chun aon teagmháil leis na struchtúir os cionn an chórais cosanta tosaigh a sheachaint;
Fíor 3:
Líne Thagartha Uachtair an Chórais Cosanta Tosaigh a Chinneadh
1.8. ciallaíonn ‘achar timfhillteach’ an lorg geoiméadrach a thuairiscítear ar an dromchla uachtair tosaigh nó ar an gcóras cosanta tosaigh ag taobh amháin de mhiosúr solúbtha, nuair a choimeádtar é i bhfadphlána ceartingearach na feithicle agus nuair a thrasnaítear é thar an dromchla uachtair tosaigh nó thar an gcóras cosanta tosaigh. Coinnítear an téip teann le linn na hoibríochta agus taobh amháin de i dteagmháil le leibhéal tagartha na talún, faoi bhun éadan tosaigh an tuairteora nó an chórais cosanta tosaigh go ceartingearach agus coinnítear an taobh eile i dteagmháil leis an dromchla uachtair tosaigh nó leis an gcóras cosanta tosaigh (féach Fíor 4, mar shampla). Suitear an fheithicil sa ghnáthriocht tiomána.
Fíor 4
Achar timfhillteach an chórais cosanta tosaigh
2. Forálacha ginearálta:
2.1. Cuirfidh an monaróir sampla amháin den chineál córais cosanta tosaigh atá le ceadú isteach chuig an tseirbhís theicniúil a bheidh freagrach as na tástálacha cineálcheadaithe a dhéanamh. I gcás ina measann an tseirbhís theicniúil sin gur ghá, féadfaidh sí tuilleadh samplaí a iarraidh. Beidh marcáil shoiléir dhoscriosta ar an sampla le trádainm nó trádmharc an iarratasóra agus léiriú den chineál. Déanfaidh an monaróir foráil maidir le taispeáint éigeantach mharc cineálcheadaithe AE ina dhiaidh sin.
2.2. I gcás inar dearadh an córas cosanta tosaigh atá le tástáil le húsáid i níos mó ná cineál feithicle amháin sa chatagóir M1 nó N1, déanfar an córas sin a chineálcheadú ar leithligh maidir le gach cineál feithicle a bhfuil sé ceaptha a úsáid inti.
Beidh sé de rogha ag an tseirbhís theicniúil, áfach, tástálacha breise a tharscaoileadh i gcás ina meastar go bhfuil cineálacha na bhfeithiclí nó cineálacha na gcóras cosanta tosaigh beartaithe comhchosúil go leordhóthanach.
2.3. Is féidir an tástáil a dhéanamh agus an córas cosanta tosaigh gléasta ar fheithicil den chineál dá bhfuil sé beartaithe nó ar fhráma tástála atá ionann agus toisí fíor-riachtanacha chéim thosaigh sheachtrach an chineál feithicle dá bhfuil siad ceaptha. I gcás ina dteagmhaíonn an córas cosanta tosaigh leis an bhfráma le linn na tástála, déanfar an tástáil an athuair agus an córas cosanta tosaigh gléasta ar an gcineál feithicil dá bhfuil sé beartaithe. I gcás tástála a dhéantar agus an córas cosanta tosaigh gléasta ar fheithicil, beidh feidhm ag coinníollacha Roinn C ina leith.
2.4. Maidir le haon mhodhnú ar na cineálacha feithiclí a liostaítear san Aguisín le deimhniú ar chineálcheadú AE maidir leis an gcóras cosanta tosaigh, atá chun tosaigh ar a A-philéir nó ar an gcóras cosanta tosaigh féin, a bhfuil tionchar aige ar an struchtúr, ar na príomh-thoisí, ar ábhair dhromchlaí seachtracha na feithicle nó an chórais cosanta tosaigh, ar na modhanna daingnithe nó ar shocrú na gcomhpháirteanna seachtracha nó inmheánacha, agus a d’fhéadfadh tionchar nach beag a imirt ar thorthaí na dtástálacha, measfar gur leasú é de bhun Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2018/858 agus dá bharr sin, éileofar cineálcheadú nua ón Aontas maidir leis an gcóras cosanta tosaigh.
2.5. I gcás ina gcomhlíontar na ceanglais ábhartha a leagtar amach i gCuid 2 d’Iarscríbhinn XII a ghabhann leis an Rialachán sin, beidh feidhm ag an méid seo a leanas chun críocha Roinn 3 den uimhir chineálcheadaithe agus go háirithe maidir leis na litreacha a úsáidfear:
3. Ceanglais shonracha
3.1. Beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas go cothrom maidir le córais cosanta tosaigh a fheistítear ar fheithiclí nua i gcatagóir M1 nó N1 agus le córais cosanta tosaigh atá le soláthar mar aonaid theicniúla ar leithligh lena bhfeistiú ar fheithiclí sonracha i gcatagóir M1 nó N1.
3.1.1. Déanfar comhpháirteanna an chórais cosanta tosaigh a dhearadh ionas go mbeidh ga cuair ≥ 5,0 mm ag gach dromchla docht ar féidir le sféar 100 mm teagmháil a dhéanamh leo.
3.1.2. Ní sháróidh mais iomlán an chórais cosanta tosaigh, lena n-áirítear na bracanna agus na fosúcháin go léir, 1.2 % de mhais iomlán na feithicle dá bhfuil deartha, faoi réir uasmheáchan 18 kg.
3.1.3. Ní bheidh airde an chórais cosanta tosaigh, agus é feistithe ar fheithicil, níos mó ná 50 mm os cionn airde líne thagartha imeall an bhoinéid, mar a shainmhínítear i gcomhréir le Rialachán Uimh. 127 de chuid NA.
3.1.4. Ní mhéadóidh an córas cosanta tosaigh leithead na feithicle a bhfuil sé feistithe uirthi. I gcás ina bhfuil leithead foriomlán an chórais cosanta tosaigh níos mó ná 75 % de leithead na feithicle, casfar pointí deiridh an chórais cosanta tosaigh isteach i dtreo an dromchla sheachtraigh chun an riosca salaithe a íoslaghdú. Measfar go mbeidh an ceanglas sin comhlíonta sa chás go mbeidh an córas cosanta tosaigh cuasaithe nó comhtháite laistigh den chabhalra nó go mbeidh pointe deiridh an chórais cosanta tosaigh casta ionas nach féidir le sféar 100 mm teagmháil a dhéanamh leis, agus nach mó ná 20 mm an bhearna idir pointe deiridh an chórais cosanta tosaigh agus an cabhalra timpeall air.
3.1.5. Faoi réir ag pointe 3.1.4., ní bheidh an bhearna idir comhpháirteanna an chórais cosanta tosaigh agus an dromchla sheachtraigh faoina bhun níos mó ná 80 mm. Déanfar neamhaird ar neamhleanúnachas i gcomhrian ginearálta na cabhlach faoina bhun (amhail oscailtí i ngreillí, gairis aer-iontógála, etc.).
3.1.6. Ag aon suíomh cliathánach trasna na feithicle, chun buntáistí thuairteoir na feithicle a choimeád, ní bheidh an fad idir an pointe is faide chun tosaigh den tuairteoir agus an pointe is faide chun tosaigh den chóras cosanta tosaigh níos mó ná 50 mm.
3.1.7. Ní chuirfidh an córas cosanta tosaigh laghdú nach beag ar éifeachtacht an tuairteora. Measfar go mbeidh an ceanglas sin comhlíonta sa chás nach mbeidh níos mó ná dhá chomhpháirt cheartingearacha ann agus nach mbeidh aon chomhpháirt cheartingearach den chóras cosanta tosaigh ag forluí ar an tuairteoir.
3.1.8. Ní bheidh an córas cosanta tosaigh claonta chun tosaigh ón ingearach. Ní shíneoidh codanna uachtair an chórais cosanta tosaigh suas nó siar (i dtreo an ghaothscátha) níos mó ná 50 mm ó líne thagartha imeall bhoinéad na feithicle agus an córas cosanta tosaigh bainte.
3.1.9. Ní chuirfear isteach ar chomhlíonadh cheanglais chineálcheadaithe na feithicle trí bhíthin córas cosanta tosaigh a shuiteáil.
3.1.10. Féadfaidh an t-údarás cineálcheadaithe a mheas go mbeidh ceanglais aon cheann de na tástálacha a leagtar síos san Iarscríbhinn seo comhlíonta trí bhíthin aon tástáil choibhéiseach a dhéanfaí i gcomhréir le Rialachán Uimh. 127 de chuid NA (e.g. sa chás go ndéantar tástáil mar chuid de chineál feithicle nuair is féidir í a fheistiú ar bhonn roghnach le córas cosanta tosaigh, féach pointe 1. agus pointe 3.1 de Roinn C).
Roinn B
Sonraíochtaí tástála feithiclí
1. Feithicil iomlán
1.1. Maidir le tástáil ar fheithiclí iomlána, comhlíonfaidh na feithiclí na coinníollacha a leagtar síos i bpointí 1.1.1., 1.1.2. agus 1.1.3.
1.1.1. Beidh an fheithicil ina gnáthriocht tiomána agus beidh sí gléasta go daingean ar thacaí ardaithe nó ina seasamh ar dhromchla cothrom, agus an coscán láimhe teannta.
1.1.2. Déanfar na gairis go léir atá deartha chun úsáideoirí soghonta bóthair a chosaint a ghníomhachtú i gceart roimh an tástáil iomchuí agus/nó beidh siad i ngníomh lena linn. Is é an t-iarratasóir a bheidh freagrach as ceadú lena thaispeáint go ngníomhóidh na gairis mar a bheartaítear i gcás imbhuailte le coisí.
1.1.3. Maidir le haon chomhpháirt feithicle a bhféadfadh athrú teacht ar a cruth nó ar a suíomh, ach amháin gairis ghníomhacha chun coisithe a chosaint, agus a bhfuil níos mó ná cruth nó suíomh seasta amháin acu, éileoidh siad go gcomhlíonfaidh an fheithicil na comhpháirteanna i ngach cruth nó suíomh seasta.
2. Fochóras feithiclí
2.1. I gcás nach gcuirtear ach fochóras de chuid na feithicle ar fáil lena tástáil, comhlíonfaidh sé na coinníollacha a mionsonraítear i bpointí 2.1.1., 2.1.2., 2.1.3. agus 2.1.4.
2.1.1. Déanfar na codanna go léir de struchtúr na feithicle, an boinéad agus na comhpháirteanna faoin mboinéad, nó taobh thiar den ghaothscáth, a bhféadfadh tionchar a bheith orthu ag imbhualadh tosaigh le húsáideoir soghonta bóthair a chur san áireamh sa tástáil chun feidhmíocht agus idirghníomhaíochtaí na gcomhpháirteanna feithicle rannpháirteacha go léir a léiriú.
2.1.2. Déanfar fochóras na feithicle a ghléasadh go daingean agus an fheithicil ina gnáthriocht tiomána.
2.1.3. Déanfar na gairis go léir atá deartha chun úsáideoirí soghonta bóthair a chosaint a ghníomhachtú i gceart roimh an tástáil iomchuí agus/nó beidh siad i ngníomh lena linn. Is é an t-iarratasóir a bheidh freagrach as ceadú lena thaispeáint go ngníomhóidh na gairis mar a bheartaítear i gcás imbhuailte le coisí.
2.1.4. Maidir le haon chomhpháirt feithicle a bhféadfadh athrú teacht ar a cruth nó ar a suíomh, ach amháin gairis ghníomhacha chun coisithe a chosaint, agus a bhfuil níos mó ná cruth nó suíomh seasta amháin acu, éileoidh siad go gcomhlíonfaidh an fheithicil na comhpháirteanna i ngach cruth nó suíomh seasta.
Roinn C
Sonraíochtaí tástála na gcóras cosanta tosaigh
1. Córas Cosanta Tosaigh mar threalamh bunaidh feistithe ar fheithicil.
1.1. Comhlíonfaidh an córas cosanta tosaigh a bheidh gléasta ar an bhfeithicil na coinníollacha a leagtar síos i bpointí 3. go 3.1.10. de Roinn A.
1.2. Beidh an fheithicil ina gnáthriocht tiomána agus beidh sí gléasta go daingean ar thacaí ardaithe nó ina seasamh ar dhromchla cothrom, agus an coscán láimhe teannta. Beidh an córas cosanta tosaigh atá le tástáil feistithe ar an bhfeithicil. Leanfar na treoracha feistithe ó mhonaróir an chórais cosanta tosaigh agus áireofar orthu sin toirc theanntachta le haghaidh na bhfosúchán go léir.
1.3. Déanfar na gairis go léir atá deartha chun coisithe agus úsáideoirí soghonta bóthair a chosaint a ghníomhachtú i gceart roimh an tástáil iomchuí agus/nó beidh siad i ngníomh lena linn. Taispeánfaidh an t-iarratasóir go bhfeidhmeoidh na gairis mar atá siad ceaptha feidhmiú sa chás go mbuailfeadh an fheithicil coisí nó úsáideoir soghonta bóthair eile.
1.4. Maidir le haon chomhpháirt feithicle a bhféadfadh athrú teacht ar a cruth nó ar a suíomh, amhail ceannlampaí ‘aníos’, ach amháin gairis chun coisithe a chosaint, déanfar iad a shocrú sa chruth nó sa suíomh is iomchuí le haghaidh na dtástálacha seo, dar leis na seirbhísí teicniúla.
2. Córas Cosanta Tosaigh mar aonad teicniúil ar leithligh.
2.1. Sa chás nach gcuirfear ach córas cosanta tosaigh ar fáil le haghaidh tástálacha, beidh sé indéanta na coinníollacha a leagtar síos i bpointí 3. go 3.1.10. de Roinn A a chomhlíonadh agus é feistithe ar an gcineál feithicle lena mbaineann an cineálcheadú don aonad teicniúil sonrach ar leithligh.
2.2. Is féidir an tástáil a dhéanamh agus an córas cosanta tosaigh gléasta ar fheithicil den chineál dá bhfuil sé beartaithe nó ar fhráma tástála atá ionann agus toisí fíor-riachtanacha chéim thosaigh sheachtrach an chineál feithicle dá bhfuil siad ceaptha. I gcás ina dteagmhaíonn an córas cosanta tosaigh leis an bhfráma le linn na tástála, déanfar an tástáil an athuair agus an córas cosanta tosaigh gléasta ar an gcineál feithicil dá bhfuil sé beartaithe. I gcás tástála a dhéantar agus an córas cosanta tosaigh feistithe ar fheithicil, beidh feidhm ag coinníollacha phointe 1 ina leith.
3. Faisnéis le cur ar fáil.
3.1. Maidir le gach córas cosanta tosaigh, cibé acu is chuid de chineálcheadú feithicle é i ndáil le córas cosanta tosaigh a fheistiú uirthi go roghnach, nó go bhfuil sé le cineálcheadú mar aonad teicniúil ar leithligh, beidh faisnéis ag gabháil leis maidir leis an bhfeithicil nó na feithiclí ar ceadaíodh é a fheistiú orthu.
3.2. Beidh treoracha mionsonraithe suiteála ag gabháil le gach córas cosanta tosaigh a bheidh cineálcheadaithe mar aonad teicniúil ar leithligh ina dtabharfar faisnéis leordhóthanach d’aon duine inniúil chun é a shuiteáil i gceart ar an bhfeithicil. Is i dteanga nó i dteangacha an Bhallstáit ina mbeidh an córas cosanta tosaigh le díol a bheidh na treoracha.
Roinn D
Cruth na coise íochtair do thástáil chórais cosanta tosaigh
1. Ceanglais shonracha
1.1. Déanfar na tástálacha go léir ar luas imbhuailte 40 km/u.
1.2. Maidir le córas cosanta tosaigh atá ceadaithe lena fheistiú ar fheithiclí a chomhlíonann ceanglais Roinn 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 78/2009 nó pointe 3.1. d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/102/CE, ní mó ná 40 mm a bheidh i luach absalóideach uasfhadú dinimiciúil an bhallnaisc mheánaigh chomhthaobhaigh ag an nglúin, agus ní mó ná 13 mm a bheidh in uasfhadú dinimiciúil an bhallnaisc chroisigh thosaigh agus an bhallnaisc chroisigh chúil. Ní mó ná 380 Nm a bheidh i luach absalóideach na móimintí lúbthachta dinimiciúla ag an tibia.
1.3. Maidir le córas cosanta tosaigh atá ceadaithe lena fheistiú ar fheithiclí a chomhlíonann ceanglais Roinn 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 78/2009, pointe 3.2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/102/CE, nó Rialachán Uimh. 127 de chuid NA, ní mó ná 22 mm a bheidh i luach absalóideach uasfhadú dinimiciúil an bhallnaisc mheánaigh chomhthaobhaigh ag an nglúin, agus ní mó ná 13 mm a bheidh in uasfhadú dinimiciúil an bhallnaisc chroisigh thosaigh agus an bhallnaisc chroisigh chúil. Ní mó ná 340 Nm a bheidh i luach absalóideach na móimintí lúbthachta dinimiciúla ag an tibia.
1.4. Maidir le córas cosanta tosaigh atá ceadaithe lena fheistiú ar fheithiclí nach gcomhlíonann Rialachán (CE) Uimh. 78/2009, ná Treoir 2003/102/CE ná Rialachán Uimh. 127 de chuid NA, féadtar na ceanglais tástála seo a leanas a chur in ionad na gceanglas tástála a leagtar amach i bpointí 1.2. agus 1.3.:
2. Ginearálta
2.1. Beidh imbhuailteoir crutha coise íochtair do na tástálacha ar an gcóras cosanta tosaigh i ‘saoreitilt’ ag móimint an imbhuailte, i gcomhréir le forálacha mhír 1.8. d’Iarscríbhinn 5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 127 de chuid NA. Scaoilfear an t-imbhuailteoir chuig saoreitilt ag a leithéid d’fhad is nach mbeidh tionchar ar thorthaí na tástála ag aon teagmháil idir an t-imbhuailteoir agus an córas tiomána le linn athphreabadh an imbhuailteora.
2.2. I ngach cás, féadtar an t-imbhuailteoir a thiomáint le gunna aeir, sprionga nó hiodrálach, nó ar mhodhanna eile ar féidir a thaispeáint go mbíonn an toradh céanna leo. Deimhneofar an t-imbhuailteoir crutha coise íochtair de bhun mhír 1. d’Iarscríbhinn 6 a ghabhann le Rialachán Uimh. 127 de chuid NA.
3. Sonraíocht na tástála
3.1. Déanfar ar a laghad trí thástáil maidir le cruth na coise íochtair go córas cosanta tosaigh ar phointí tástála idir línte tagartha uachtair agus íochtair an chórais cosanta tosaigh. Is ag na suíomhanna a mheasann an tseirbhís theicniúil is mó seans a mbeadh siad ina gcúis díobhála a bheidh na pointí tástála. Déanfar tástálacha ar chineálacha éagsúla struchtúr sa chás go mbeidh éagsúlacht eatarthu sa limistéar a bhfuil measúnú le déanamh air. Déanfar na pointí arna dtástáil ag an tseirbhís theicniúil a thaifeadadh sa tuarascáil tástála.
3.2. Maidir le feithiclí ar lú ná 425 mm airde líne thagartha íochtair an chórais cosanta tosaigh, cuirfear ceanglais na Roinne seo i bhfeidhm.
4. Maidir le feithiclí a bhfuil airde líne thagartha íochtair an chórais cosanta tosaigh cothrom le, nó níos mó ná 425 mm agus níos lú ná 500 mm, féadfaidh an monaróir roghnú na tástálacha a leagtar amach sa Roinn seo nó na tástálacha a leagtar amach i Roinn E a chur i bhfeidhm.
4.1. Comhlíonfaidh staid na feithicle nó an fhochórais na forálacha i Roinn C. Is 20° ± 4° C a bheidh i dteocht chobhsaithe an ghairis tástála agus na feithicle nó an aonaid theicniúil ar leithligh.
4.2. Tugtar tuairisc ar imbhuailteoir crutha coise íochtair in Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Rialachán Uimh. 127 de chuid NA.
4.3. Déanfar an t-imbhuailteoir tástála a stóráil agus a láimhseáil i gcomhréir le míreanna 1.2. agus 1.3. d’Iarscríbhinn 5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 127 de chuid NA roimh an tástáil.
4.4. Déanfar na tástálacha i gcomhréir le míreanna 1.6. go 1.14. d'Iarscríbhinn 5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 127 de chuid NA.
4.5 le linn na teagmhála idir an t-imbhuailteoir agus an córas cosanta tosaigh, ní dhéanfaidh an t-imbhuailteoir teagmháil leis an talamh nó le ní ar bith nach cuid den chóras cosanta tosaigh nó den fheithicil é.
Cuid E
Tástáil maidir le cruth na coise uachtair go dtí an córas cosanta tosaigh
1. Ceanglais shonracha
1.1. Déanfar na tástálacha go léir ar luas imbhuailte 40 km/u.
1.2. Ní mó ná 7.5 kN a bheidh i suim láithreach na bhfórsaí imbhuailte i ndáil le ham agus ní mó ná 510 Nm a bheidh sa mhóimint lúbthachta ar an imbhuailteoir tástála.
1.3. Maidir le córas cosanta tosaigh atá ceadaithe lena fheistiú ar fheithiclí nach gcomhlíonann Rialachán (CE) Uimh. 78/2009, ná Treoir 2003/102/CE ná Rialachán Uimh. 127 de chuid NA, féadtar na ceanglais tástála seo a leanas a chur in ionad na gceanglas tástála a leagtar amach i bpointe 1.2.:
2. Ginearálta
2.1. Déanfar an t-imbhuailteoir crutha coise uachtair le haghaidh tástálacha ar an gcóras cosanta tosaigh a ghléasadh ar an gcóras tiomána le siúnta a chuireann teorainn ar an torc, le cosc a chur ar ualaí móra asláir damáiste a dhéanamh don chóras treoraíochta. Déanfar an córas treoraíochta a fheistiú le treoracha ar bheagán frithchuimilte, a bheidh neamhíogair do lódáil as-aise, nach ligeann don imbhuailteoir ach gluaiseacht i dtreo sonraithe an imbhuailte, agus é i dteagmháil leis an gcóras cosanta tosaigh. Cuirfidh na treoracha cosc ar ghluaiseacht i dtreonna eile, lena n-áirítear rothlú timpeall aon ais eile.
2.2. Féadtar an t-imbhuailteoir crutha coise uachtair a thiomáint le gunna aeir, sprionga nó hiodrálach, nó ar mhodhanna eile ar féidir a thaispeáint go mbíonn an toradh céanna leo. Deimhneofar an t-imbhuailteoir crutha coise uachtair de bhun mhír 2. d’Iarscríbhinn 6 a ghabhann le Rialachán Uimh. 127 de chuid NA.
3. Sonraíocht na tástála
3.1. Déanfar ar a laghad trí thástáil maidir le cruth na coise uachtair go córas cosanta tosaigh ar phointí tástála idir Línte Tagartha Uachtair agus Íochtair an Chórais Cosanta Tosaigh. Is ag na suíomhanna a mheasann an tseirbhís theicniúil is mó seans a mbeadh siad ina gcúis díobhála a bheidh na pointí tástála. Déanfar tástálacha ar chineálacha éagsúla struchtúr sa chás go mbeidh éagsúlacht eatarthu sa limistéar a bhfuil measúnú le déanamh air. Déanfar na pointí arna dtástáil ag an tseirbhís theicniúil a thaifeadadh sa tuarascáil tástála.
3.2. Maidir le feithiclí a bhfuil airde líne thagartha íochtair an chórais cosanta tosaigh cothrom le nó níos mó ná 500 mm, cuirfear ceanglais na Roinne seo i bhfeidhm.
4. Maidir le feithiclí a bhfuil airde líne thagartha íochtair an chórais cosanta tosaigh cothrom le, nó níos mó ná 425 mm agus níos lú ná 500 mm, féadfaidh an monaróir roghnú an tástáil seo nó an tástáil a leagtar amach i Roinn D a chur i bhfeidhm.
4.1. Comhlíonfaidh staid na feithicle nó an fhochórais na forálacha i Roinn C. Is 20° ± 4° C a bheidh i dteocht chobhsaithe an ghairis tástála agus na feithicle nó an aonaid theicniúil ar leithligh.
4.2. Tugtar tuairisc ar imbhuailteoir crutha coise uachtair in Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Rialachán Uimh. 127 de chuid NA.
4.3. Déanfar an t-imbhuailteoir tástála a stóráil agus a láimhseáil i gcomhréir le míreanna 2.2. agus 2.3. d’Iarscríbhinn 5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 127 de chuid NA.
4.5 Déanfar na tástálacha i gcomhréir le míreanna 2.6. agus 2.7. d'Iarscríbhinn 5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 127 de chuid NA.
Roinn F
Tástáil maidir le cruth cloiginn Linbh/Aosaigh Bhig ar an gcóras cosanta tosaigh
1. Ceanglais shonracha
1.1. Déanfar na tástálacha go léir ar luas imbhuailte 35 km/u agus imbhuailteoir tástála crutha cloiginn maidir le leanbh/aosach beag 3.5 kg á úsáid. Ní mó ná 1 000 a bheidh sa Chritéar Feidhmíochta Cloiginn arna ríomh ó startha ama an mhéadair luasghéaraithe i ngach cás.
2. Ginearálta
2.1. Beidh imbhuailteoir crutha cloiginn maidir le leanbh/aosach beag do na tástálacha córais cosanta tosaigh i ‘saoreitilt’ ag móimint an imbhuailte. Scaoilfear an t-imbhuailteoir chuig saoreitilt ag a leithéid d’fhad ón gcóras cosanta tosaigh agus nach mbeidh tionchar ag aon teagmháil idir an t-imbhuailteoir agus an córas tiomána le linn athphreabadh an imbhuailteora ar thorthaí na tástála.
2.2. I ngach cás, féadtar an t-imbhuailteoir a thiomáint le gunna aeir, sprionga nó hiodrálach, nó ar mhodhanna eile ar féidir a thaispeáint go mbíonn an toradh céanna leo. Deimhneofar an t-imbhuailteoir crutha cloiginn de bhun mhír 3. d’Iarscríbhinn 6 a ghabhann le Rialachán Uimh. 127 de chuid NA.
3. Sonraíocht na tástála
3.1. Déanfar ar a laghad trí thástáil ar imbhualadh crutha cloiginn ag na suíomhanna a measann an tseirbhís theicniúil gur mó seans go mbeidís ina gcúis díobhála. Déanfar tástálacha ar chineálacha éagsúla struchtúir i gchás ina mbeidh éagsúlacht eatarthu sa limistéar a bhfuil measúnú le déanamh air. Déanfar na pointí arna dtástáil ag an tseirbhís theicniúil a thaifeadadh sa tuarascáil tástála.
3.2. Roghnófar pointí tástála don imbhuailteoir crutha cloiginn linbh/aosaigh bhig ar chodanna den chóras cosanta tosaigh inar mó ná 900 mm achar timfhillteach an chórais cosanta tosaigh agus an fheithicil ina gnáthriocht tiomána nó agus an córas cosanta tosaigh gléasta ar fhráma tástála a léiríonn an fheithicil a bhfuil sé le feistiú uirthi amhail agus go mbeadh sí ina gnáthriocht tiomána.
4. Nós imeachta tástála
4.1. Comhlíonfaidh staid na feithicle nó an fhochórais na forálacha i bpointe 1 de Roinn C. Is 20° ± 4°C a bheidh i dteocht chobhsaithe an ghairis tástála agus na feithicle nó an aonaid theicniúil ar leithligh.
4.2. Tugtar tuairisc ar imbhuailteoir crutha cloiginn linbh/aosaigh bhig in Iarscríbhinn 4 a ghabhann le Rialachán Uimh. 127 de chuid NA.
4.3. Déanfar an t-imbhuailteoir a ghléasadh agus a thiomáint mar a shonraítear i bpointí 2.1. agus 2.2.
4.4. Déanfar na tástálacha i gcomhréir le míreanna 3. go 3.3.1. agus 4.4. to 4.7. d'Iarscríbhinn 5 a ghabhann le Rialachán Uimh. 127 de chuid NA.
CUID 3
Roinn A
DEIMHNIÚ AR CHINEÁLCHEADÚ AE (AONAD TEICNIÚIL AR LEITHLIGH)
Teachtaireacht maidir le cineálcheadú a dheonú / a shíneadh / a dhiúltú / a tharraingt siar ( 25 ) i leith cineál aonaid theicniúil ar leithligh i ndáil le córais cosanta tosaigh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn XII a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/535, arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) Uimh. …/…
Uimhir an deimhnithe ar chineálcheadú ón Aontas.
An chúis leis an síneadh / diúltú / tarraingt siar (25) :
ROINN I
(Le líonadh isteach i gcomhréir le Roinn I den teimpléad de Shamhail C in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún)
ROINN II
(Le líonadh isteach i gcomhréir le Roinn II den teimpléad de Shamhail C in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún)
Aguisín
a ghabhann le deimhniú ar chineálcheadú AE uimhir …
1. Faisnéis bhreise:
1.1. Modh cur i gceangal:
1.2. Treoracha maidir le cóimeáil agus gléasadh:
2. Liosta feithiclí a bhféadtar an córas cosanta tosaigh a fheistiú orthu, aon treoir úsáide agus na coinníollacha is gá le haghaidh feistiú:
[…]
5. Nótaí
[…]
6. Torthaí tástála de réir cheanglais Chuid 2 d’Iarscríbhinn XII a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/535.
Tástáil |
Luach taifeadta |
Pas/Teip |
||
Cruth na coise íochtair ar an gcóras cosanta tosaigh — trí shuíomh tástála (sa chás go ndéantar iad) |
Uillinn lúbthachta |
… |
céimeanna |
|
Easáitiú fiartha |
… |
mm |
|
|
Luasghéarú ag tibia |
… |
g |
|
|
Cruth na coise uachtair ar an gcóras cosanta tosaigh — trí shuíomh tástála (sa chás go ndéantar iad) |
Suim na bhfórsaí imbhuailte |
… |
kN |
|
Móimint lúbthachta |
… |
Nm |
|
|
Cruth cloiginn linbh/aosaigh bhig (3.5 kg) ar an gcóras cosanta tosaigh |
luachanna an Chritéir Feidhmíochta Cloiginn (trí luach ar a laghad) |
|
|
|
Roinn B
Marc cineálcheadaithe AE maidir le haonad teicniúil ar leithligh
1. Beidh an méid a leanas i marc cineálcheadaithe AE maidir le haonaid theicniúla ar leithligh dá dtagraítear in Airteagal 38(2) de Rialachán (AE) 2018/858:
1.1. Dronuilleog timpeall ar an litir ‘e’ sa chás íochtair, agus uimhir shainiúil an Bhallstáit a bhronn cineálcheadú don chomhpháirt nó don aonad teicniúil ar leithligh:
1 |
don Ghearmáin |
2 |
don Fhrainc |
3 |
don Iodáil |
4 |
don Ísiltír |
5 |
don tSualainn |
6 |
don Bheilg |
7 |
don Ungáir |
8 |
do Phoblacht na Seice |
9 |
don Spáinn |
|
|
13 |
do Lucsamburg |
17 |
don Fhionlainn |
18 |
don Danmhairg |
19 |
don Rómáin |
20 |
don Pholainn |
21 |
don Phortaingéil |
23 |
don Ghréig |
24 |
d’Éirinn |
25 |
don Chróit |
26 |
don tSlóivéin |
27 |
don tSlóvaic |
29 |
don Eastóin |
32 |
don Laitvia |
12 |
don Ostair |
34 |
don Bhulgáir |
36 |
don Liotuáin |
49 |
don Chipir |
50 |
do Mhálta |
1.2. I gcóngar na dronuilleoige, dhá dhigit a thugann le fios an tsraith leasuithe ina leagtar síos na ceanglais a chomhlíonann an t-aonad teicniúil ar leithligh seo, '00' faoi láthair, agus spás ina dhiaidh sin agus an uimhir cúig dhigit dá dtagraítear i bpointe 2.4. d’Iarscríbhinn IV de Rialachán (AE) 2018/858.
2. Beidh an marc cineálcheadaithe maidir le haonaid theicniúla ar leithligh doscriosta agus inléite go soiléir.
3. Léirítear sampla de mharc cineálcheadaithe AE le haghaidh aonaid theicniúil ar leithligh i bhFíor 1.
Fíor 1
Sampla de mharc cineálcheadaithe AE le haghaidh aonaid theicniúil ar leithligh
Nóta míniúcháin
Eochair D'eisigh an Bhulgáir cineálcheadú AE maidir le haonad teicniúil ar leithligh faoin uimhir 00646. Tugann an chéad dá dhigit '03' le fios gur formheasadh an t-aonad teicniúil ar leithligh i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ciallaíonn an litir ‘X’ go bhfuil an córas cosanta tosaigh ceaptha a bheith feistithe ar fheithiclí i gcatagóir M1 nó N1, nach gcomhlíonann Rialachán (CE) Uimh. 78/2009, Treoir 2003/102/EC nó Rialachán Uimh. 127 de chuid NA, agus ar na feithiclí sin amháin.
IARSCRÍBHINN XIII
MAISEANNA AGUS TOISÍ
CUID 1
Roinn A
Doiciméad faisnéise i ndáil le cineálcheadú AE do mhótarfheithiclí agus a leantóirí maidir lena mais agus a dtoisí
SAMHAIL
Doiciméad faisnéise Uimh. ... a bhaineann le cineálcheadú AE do mhótarfheithicil nó do leantóir maidir lena mais agus a dtoisí.
Soláthrófar trí chóip den fhaisnéis a leanas, más infheidhme, agus áireofar liosta ábhair léi. Ní mór aon líníocht ná pictiúr a sholáthar ar scála iomchuí agus ar bhealach a bheidh mionsonraithe go leordhóthanach ar pháipéar ar mhéid A4 nó ar fhillteán i bhformáid A4. Ní mór mionsonraí leordhóthanacha a bheith le feiceáil i ngrianghraif, más ann dóibh.
0.
0.1.
0.2.
0.2.1.
0.4.
0.5.
0.8.
0.9.
1.
1.1.
1.2.
1.3.
1.3.1.
1.3.2.
1.3.3.
1.4.
1.7.
1.9.
1.10.
2.
2.1.
2.1.1.
2.1.2.
2.1.2.1.
2.1.2.2.
2.2.
2.2.1.
2.2.1.1.
2.2.1.2.
2.2.1.3.
2.2.2.
2.2.2.1.
2.3.
2.3.1.
2.3.2.
2.4.
2.4.1.
2.4.1.1.
2.4.1.1.1.
2.4.1.1.2.
2.4.1.1.3.
2.4.1.2.
2.4.1.2.1.
2.4.1.2.2.
2.4.1.3.
2.4.1.4.
2.4.1.4.1.
2.4.1.5.
2.4.1.5.1.
2.4.1.5.2.
2.4.1.6.
2.4.1.6.1.
2.4.1.6.2.
2.4.1.6.3.
2.4.1.8.
2.4.2.
2.4.2.1.
2.4.2.1.1.
2.4.2.1.3.
2.4.2.2.
2.4.2.2.1.
2.4.2.3.
2.4.2.4.
2.4.2.4.1.
2.4.2.5.
2.4.2.5.1.
2.4.2.5.2.
2.4.2.6.
2.4.2.6.1.
2.4.2.6.2.
2.4.2.6.3.
2.4.2.8.
2.4.3.
2.4.3.1.
2.4.3.2.
2.4.3.3.
2.5.
2.6.
2.6.1.
2.6.2.
2.6.4.
2.8.
2.8.1.
2.9.
2.10.
2.11.
2.11.1.
2.11.2.
2.11.3.
2.11.3.1.
2.11.4.
2.11.4.2.
2.11.5.
2.11.6.
2.12.
2.12.1.
2.12.2.
2.12.3.
2.16.
2.16.1.
2.16.2.
2.16.3.
2.16.4.
2.16.5.
3.
3.1.
3.2.
3.2.1.8.
3.3.
3.3.1.1.
3.4.
3.4.1.
3.4.5.4.
3.9.
4.
4.1.
5.
5.1.
5.2.
5.3.
5.4.
5.5
6.
6.1.
6.2.
6.2.3.
6.2.3.1.
6.2.3.2.
6.2.4.
6.2.4.1.
6.2.4.2.
6.3.
9.
9.1.
9.10.3.
9.10.3.1.
9.10.3.1.1.
9.10.3.5.
9.10.3.5.1.
9.10.3.5.2.
9.25.
9.25.1.
9.26.
9.26.1.
9.26.2.
9.26.3.
9.27.3.1.
9.27.3.2.
9.27.3.3.
11.
11.1.
11.2.
13.
13.1.
13.2.
13.2.1.
13.2.2.
13.2.3.
13.2.4.
13.3.
13.3.1.
13.3.2.
13.3.3.
13.4.
13.4.1.
13.4.2.
13.4.3.
13.4.4.
13.7.
13.12.
Nóta míniúcháin
Bunaítear an doiciméad faisnéise seo ar an teimpléad a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún agus líonfar isteach é leis an bhfaisnéis ábhartha faoi uimhreacha na bpointí a liostaítear thuas, mar a shainmhínítear sa teimpléad sin.
Roinn B
Doiciméad faisnéise maidir le cineálcheadú AE do ghaireas aeraidinimiciúil nó do threalamh mar aonad teicniúil ar leithligh
SAMHAIL
Doiciméad faisnéise Uimh. … maidir le cineálcheadú AE do ghaireas aeraidinimiciúil nó do threalamh mar aonad teicniúil ar leithligh.
Soláthrófar trí chóip den fhaisnéis a leanas, más infheidhme, agus áireofar liosta ábhar léi. Ní mór aon líníocht a sholáthar ar scála iomchuí agus ar bhealach a bheidh mionsonraithe go leordhóthanach ar pháipéar de mhéid A4 nó ar fhillteán i bhformáid A4. Ní mór mionsonraí leordhóthanacha a bheith le feiceáil i ngrianghraif, más ann dóibh.
0.
0.1.
0.2.
0.3.
0.3.1.
0.5.
0.7.
0.8.
0.9.
9.26.
9.26.1
9.26.2.
9.26.3.
9.26.3.1.
9.26.3.2.
9.26.3.3.
9.27.
9.27.1.
9.27.2.
9.27.3.
9.27.3.1.
9.27.3.2.
9.27.3.3.
Nóta míniúcháin
Bunaítear an doiciméad faisnéise seo ar an teimpléad a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 ón gCoimisiún agus líonfar isteach é leis an bhfaisnéis ábhartha faoi uimhreacha na bpointí a liostaítear thuas, mar a shainmhínítear sa teimpléad sin.
CUID 2
SONRAÍOCHTAÍ TEICNIÚLA
Roinn A
Sainmhínithe agus forálacha ginearálta
1. Chun críocha na hIarscríbhinne seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “trealamh caighdeánach” cumraíocht bhunúsach feithicle atá feistithe leis na gnéithe go léir a éilítear faoi na gníomhartha rialála dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858, lena n-áirítear na gnéithe go léir a fheistítear agus nach dteastaíonn aon sonraíocht bhreise maidir le cumraíocht ná leibhéal trealaimh ina leith;
ciallaíonn “trealamh roghnach” na gnéithe go léir nach bhfuil san áireamh sa trealamh caighdeánach a fheistítear ar fheithicil faoi fhreagracht an mhonaróra a fhéadfaidh an custaiméir a ordú;
ciallaíonn “mais agus an fheithicil réidh le hoibriú”:
i gcás mótarfheithicle:
mais na feithicle, agus a humar breosla nó a humair bhreosla líonta ag ar a laghad 90 % dá toilleadh, lena n-áirítear mais an tiománaí, an bhreosla agus na leachtanna, agus í feistithe leis an trealamh caighdeánach i gcomhréir le sonraíochtaí an mhonaróra agus, nuair atá siad feistithe, mais an chabhalra, an chábáin, an chúpláin agus an rotha/na rothaí breise, chomh maith leis na huirlisí.
i gcás leantóra:
mais na feithicle, lena n-áirítear an breosla agus na leachtanna, agus í feistithe leis an trealamh caighdeánach i gcomhréir le sonraíochtaí an mhonaróra agus, nuair atá siad feistithe, mais an chabhalra, an chúpláin, an rotha/na rothaí breise, agus na huirlisí;
ciallaíonn “mais an trealaimh roghnaigh” uasmhais na dteaglamaí trealaimh roghnaigh is féidir a fheistiú ar an bhfeithicil chomh maith leis an trealamh caighdeánach, i gcomhréir le sonraíochtaí an mhonaróra;
ciallaíonn “mais iarbhír na feithicle” an mhais agus an fheithicil réidh le hoibriú móide mais an trealaimh roghnaigh atá feistithe ar fheithicil faoi leith;
ciallaíonn “uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil (M)” an uasmhais arna leithdháileadh ar fheithicil ar bhonn a gnéithe déantúis agus a feidhmíochtaí dearaidh; áirítear leis an uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil de chuid leantóra nó leathleantóra, an mhais statach arna haistriú chuig an bhfeithicil tarraingthe agus í ceangailte;
ciallaíonn “uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil don chónasc (MC)” an uasmhais arna leithdháileadh ar chónasc mótarfheithicle agus leantóir amháin nó níos mó ar bhonn a gnéithe déantúis agus a feidhmíochtaí dearaidh, nó an uasmhais arna leithdháileadh ar chónasc aonad tarracóra agus leathleantóra;
ciallaíonn “uasmhais intarraingthe is incheadaithe go teicniúil (TM)” uasmhais leantóir amháin nó níos mó a bhféadfadh feithicil tarraingthe é a tharraingt, a fhreagraíonn don ualach iomlán a thras-seolann rothaí acastóra nó grúpa acastóirí chun na talún nuair atá siad ceangailte den fheithicil tarraingthe;
ciallaíonn “acastóir” gnáth-ais rothlaithe dhá roth nó níos mó, bíodh siad cumhacht-thiomáinte nó ag saor-rothlú, agus bíodh siad gcuid amháin nó níos mó atá suite sa phlána céanna, ingearach le fadlíne láir na feithicle;
ciallaíonn “grúpa acastóirí' líon acastóirí a bhfuil spásáil acastóra acu atá teoranta do cheann de na rothfhaid dá dtagraítear mar achar ”d' in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 96/53/CE agus a idirghníomhaíonn lena chéile de bharr dhearadh sonrach an chrochta;
ciallaíonn “acastóir aonair” acastóir nach féidir a mheas mar chuid de ghrúpa acastóirí;
ciallaíonn “uasmhais is incheadaithe go teicniúil ar an acastóir (m)” an mhais a fhreagraíonn don ualach ceartingearach statach uasta a thras-seolann rothaí an acastóra chun na talún , ar bhonn ghnéithe déantúis an acastóra agus na feithicle agus a bhfeidhmíochtaí dearaidh;
ciallaíonn “uasmhais is incheadaithe go teicniúil ar ghrúpa acastóirí (μ)” an mhais a fhreagraíonn don ualach ceartingearach statach uasta incheadaithe a thras-seolann rothaí an ghrúpa acastóirí chun na talún, ar bhonn ghnéithe déantúis an ghrúpa acastóirí agus na feithicle agus a bhfeidhmíochtaí dearaidh;
ciallaíonn “cúpláil” gaireas meicniúil lena n-áirítear nithe comhpháirte mar a shainmhínítear i míreanna 2.1. go 2.6. de Rialachán Uimh. 55 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) ( 26 ) agus gaireas gearr-chúplála mar a shainmhínítear i mír 2.1.1. de Rialachán Uimh. 102 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) ( 27 );
ciallaíonn “pointe cúplála” lár comhghreamúcháin an chúpláin atá feistithe ar fheithicil a tharraingítear laistigh den chúplán atá feistithe ar fheithicil tharraingthe;
ciallaíonn “mais an chúpláin” mais an chúpláin féin agus gach páirt is gá chun an cúplán a chur i gceangal leis an bhfeithicil;
ciallaíonn “uasmhais is incheadaithe go teicniúil ag an bpointe cúplála” :
i gcás feithicil tarraingthe, an mhais a fhreagraíonn don ualach ceartingearach statach uasta incheadaithe ar phointe cúplála (luach “S” nó “U”) de chuid feithicle tarraingthe, ar bhonn ghnéithe déantúis an chúpláin agus na feithicle tarraingthe;
i gcás leathleantóra, leantóir acastóra láir, nó leantóir barra tarraingthe docht, an mhais a fhreagraíonn don ualach ceartingearach statach uasta incheadaithe (luach “S” nó “U”) atá le tras-seoladh ag an leantóir chun na feithicle tarraingthe ag an bpointe cúplála, ar bhonn ghnéithe déantúis an chúpláin agus an leantóra;
ciallaíonn “mais na bpaisinéirí” mais arna rátáil de réir chatagóir na feithicle arna iolrú faoin líon ionad suí lena n-áirítear, más ann dóibh, ionaid suí don chriú agus líon na ndaoine ina seasamh, gan an tiománaí a áireamh;
ciallaíonn “mais an tiománaí” mais arna rátáil ag 75 kg suite ag pointe tagartha suí an tiománaí;
ciallaíonn “pá-mhais” an difríocht idir an uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil agus an mhais agus an fheithicil réidh le hoibriú arna méadú ag mais na bpaisinéirí agus mais an trealaimh roghnaigh;
ciallaíonn “fad” an toise arna shainmhíniú i bpointí 6.1.1., 6.1.2. agus 6.1.3. de Chaighdeán ISO 612:1978; tá feidhm ag an sainmhíniú sin freisin maidir le feithiclí altacha comhdhéanta de dhá chuid nó níos mó;
ciallaíonn “leithead” an toise arna shainmhíniú i bpointe 6.2. de Chaighdeán ISO 612:1978;
ciallaíonn “airde” an toise arna shainmhíniú i bpointe 6.3. de Chaighdeán ISO 612:1978;
ciallaíonn “rothfhad” an méid seo a leanas:
maidir le mótarfheithiclí agus leantóirí barra tarraingthe, an fad cothrománach idir lár an chéad acastóra agus an acastóra deiridh;
maidir le leantóirí acastóra láir, leathleantóirí agus leantóirí barra tarraingthe, an fad idir acastóir ceartingearach an chúpláin agus lár an acastóra deiridh;
ciallaíonn “spásáil acastóirí” an fad idir dhá acastóir i ndiaidh a chéile; maidir le leantóirí acastóra láir, leathleantóirí agus leantóirí barra tarraingthe docht, is í an chéad spásáil acastóírí an fad cothrománach idir acastóir ceartingearach na chéad chúplála agus lár an chéad acastóra;
ciallaíonn “rian” an fad dá dtagraítear i bpointe 6.5. de Chaighdeán ISO 612:1978;
ciallaíonn “rith an chúigiú roth” an fad dá dtagraítear i bpointe 6.19.2. de Chaighdeán ISO 612:1978, agus an nóta dá dtagraítear i bpointe 6.19. den chaighdeán céanna á chur san áireamh;
ciallaíonn “ga feistithe tosaigh an leathleantóra” an fad cothrománach ó acastóir an phionna cinn aise go haon pointe ag tosach an leathleantóra;
ciallaíonn “starradh tosaigh” an fad cothrománach idir an plána ceartingearach a théann tríd an gcéad acastóir, nó trí acastóir an phionna cinn aise i gcás leathleantóra, agus an pointe is faide chun tosaigh ar an bhfeithicil;
ciallaíonn “starradh cúil” an fad cothrománach idir an plána ceartingearach a théann tríd an acastóir cúil deiridh agus an pointe is faide ar chúl den fheithicil; i gcás ina bhfuil cúplán feistithe ar an bhfeithicil nach féidir a bhaint di, is é an pointe is faide ar chúl den fheithicil an pointe cúplála;
ciallaíonn “fad na láithreach lódála” an fad ón bpointe inmheánach is faide chun tosaigh go dtí an pointe inmheánach is faide ar chúl den áit lasta, arna thomhas go cothrománach i bhfadphlána na feithicle;
ciallaíonn “cúl-luascadh” an fad idir an pointe tosaigh agus an pointe foircneach iarbhír a shroichtear ag cúl feithicle agus í á hionramháil sna dálaí arna sonrú i Roinn C, pointe 8, nó i Roinn D, pointe 7;
ciallaíonn “gaireas ardaithe acastóra” sásra arna fheistiú ar fheithicil chun an t-acastóir a ardú den talamh go hiomlán agus é a ísliú chuig an talamh;
ciallaíonn “acastóir ardaithe” acastóir is féidir a ardú óna ghnáthshuíomh agus é a ath-ísliú le gaireas ardaithe acastóra;
ciallaíonn “acastóir inluchtaithe” acastóir ar féidir an t-ualach air a athrú gan an t-acastóir a ardú le gaireas ardaithe acastóra;
ciallaíonn “aerchrochadh” córas crochta arb é an sprionga aeir is cúis le ar a laghad 75 % den éifeacht sprionga;
ciallaíonn “aicme bus nó cóiste” sraith feithiclí mar a shainmhínítear i míreanna 2.1.1. agus 2.1.2. de Rialachán Uimh. 107 – forálacha aonfhoirmeacha a bhaineann le feithiclí i gcatagóir M2 nó M3 i ndáil lena ndéantús ginearálta ( 28 );
ciallaíonn “feithicil altach” feithicil i gcatagóir M2 nó M3 mar a shainmhínítear i mír 2.1.3. de Rialachán Uimh. 107 de chuid NA;
ciallaíonn “ualach doroinnte” ualach nach féidir, chun críocha iompar de bhóthar, é a roinnt ina dhá ualach nó níos mó gan costas míchuí nó riosca damáiste agus, mar gheall ar a mhais nó a thoise, nach féidir a iompar i bhfeithicil a gcomhlíonann a maiseanna agus a toisí an uasmhais agus leis na toisí uasta údaraithe atá i bhfeidhm i mBallstát.
2. Forálacha ginearálta
2.1. An monaróir a chinnfidh na maiseanna seo a leanas maidir le gach leagan laistigh de chineál feithicle, gan beann ar staid chríochnaithe na feithicle:
an uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil;
uasmhais ualaithe an chónaisc is incheadaithe go teicniúil;
an uasmhais intarraingthe is incheadaithe go teicniúil;
an uasmhais is incheadaithe go teicniúil ar na hacastóirí nó an uasmhais is incheadaithe go teicniúil ar ghrúpa acastóirí;
na huasmhaiseanna is incheadaithe go teicniúil ag an bpointe nó ag na pointí cúplála, agus gnéithe teicniúla na gcúplán atá feisithe nó is féidir a fheistiú ar an bhfeithicil á gcur san áireamh.
2.1.1. Agus na maiseanna dá dtagraítear i bpointe 2.1 á gcinneadh, cuirfidh an monaróir dea-chleachtais na hinnealtóireachta agus an t-eolas teicniúil is fearr atá ar fáil i bhfeidhm chun riosca an chliste mheicniúil a íoslaghdú, go háirithe iad sin a tharlódh de bharr strustuirse ábhar, agus chun damáiste don bhonneagar bóthair a sheachaint.
2.1.2. Agus na maiseanna dá dtagraítear i bpointe 2.1 á gcinneadh, cuirfidh an monaróir an t-uasluas de réir dhéantús na feithicle i bhfeidhm.
I gcás ina mbeidh teorantóir luais feistithe ar an bhfeithicil ag an monaróir, is é an t-uasluas de réir déantúis a bheidh san fhíor-luasa cheadóidh an teorantóir luais.
2.1.3. Agus na maiseanna dá dtagraítear i bpointe 2.1 á gcinneadh, ní chuirfidh an monaróir srianta ar úsáid na feithicle ach amháin na srianta sin a bhaineann le hinniúlachtaí na mbonn ar féidir iad a choigeartú chuig an uasluas de réir déantúis, mar a cheadaítear faoi Rialachán Uimh. 54 de chuid NA.
2.1.4. Maidir le feithiclí neamhiomlána, lena n-áirítear feithiclí fonnaidh agus cábáin, a n-éilítear staid chríochnaithe bhreise ina leith, cuirfidh an monaróir an fhaisnéis ábhartha go léir ar aghaidh chuig monaróirí na chéad chéime eile le go leanfar de cheanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh.
Chun críocha na chéad míre, sonróidh an monaróir suíomh mheáchanlár na maise a fhreagraíonn do shuim an ualaigh.
2.1.5. Déanfar feithiclí neamhiomlána i gcatagóir M2, M3, N2 agus N3 nach bhfuil cabhalra feistithe orthu a dhearadh le go mbeidh monaróirí na gcéimeanna ina dhiaidh sin in ann ceanglais phointí 7 agus 8 i Roinn C agus pointí 6 agus 7 i Roinn D a chomhlíonadh.
3. Chun críocha ríomhanna dáilte maise, soláthróidh an monaróir an fhaisnéis is gá chun na maiseanna seo a leanas a shainaithint don údarás cineálcheadaithe, maidir le gach cónasc teicniúil laistigh den chineál feithicle, arna chinneadh ag sraith luachanna na bpointí ábhartha sa doiciméad faisnéise i gcomhréir le Roinn A de Chuid 1:
an uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil;
an uasmhais is incheadaithe go teicniúil ar na hacastóirí nó ar ghrúpa acastóirí;
an uasmhais intarraingthe is incheadaithe go teicniúil;
an uasmhais is incheadaithe go teicniúil ag an bpointe cúplála nó ag na pointí cúplála;
uasmhais ualaithe an chónaisc is incheadaithe go teicniúil.
Soláthrófar an fhaisnéis i bhformáid tábla, nó in aon fhormáid iomchuí eile arna comhaontú ag an údarás formheasa.
3.1. I gcás ina ndéanann an trealamh roghnach difear nach beag do mhaiseanna agus do thoisí na feithicle, soláthróidh an monaróir láthair, mais agus staid gheoiméadrach an mheáchanláir, maidir le hacastóirí an trealaimh roghnaigh is féidir a fheistiú ar an bhfeithicil, don tseirbhís theicniúil.
I gcás ina bhfuil an trealamh roghnach comhdhéanta de líon páirteanna i spásanna éagsúla san fheithicil, áfach, féadfaidh an monaróir dáileadh mhais an trealaimh roghnaigh ar na hacastóirí amháin a sholáthar don tseirbhís theicniúil.
3.2. Maidir le grúpaí acastóirí, léireoidh an monaróir an dáileadh ualaigh i measc acastóirí na maise iomláine arna cur i bhfeidhm ar an ngrúpa acastóirí. I gcás inar gá, cuirfidh an monaróir na foirmlí dáilte in iúl nó cuirfidh na graif dáilte ábhartha ar fáil.
3.3. Cuirfidh an monaróir feithicil atá ionadaíoch don chineál atá le ceadú ar fáil chun críocha tástála, ar iarratas ón údarás cineálcheadaithe nó ón tseirbhís theicniúil.
3.4. Féadfaidh an monaróir feithiclí iarratas a chur isteach chuig an údarás cineálcheadaithe maidir le comhionannas crochta agus aer-chrochta a aithint.
3.4.1. Aithneoidh an t-údarás cineálcheadaithe comhionannas crochta agus aer-chrochta i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i Roinn L.
3.4.2. I gcás ina n-aithníonn seirbhís theicniúil comhionannas crochta agus aer-chrochta, eiseoidh sí tuarascáil tástála, a chuirfear ag gabháil leis an deimhniú ar chineálcheadú AE, chomh maith le tuairisc theicniúil ar an gcrochadh.
4. Forálacha speisialta a mhéid a bhaineann leis na huasmhaiseanna cláraithe/i seirbhís incheadaithe
4.1. Chun críocha cláraithe agus cur i seirbhís feithiclí chineálcheadaithe faoin Rialachán seo, féadfaidh údaráis náisiúnta a chinneadh, maidir le gach malartach agus leagan laistigh den chineál feithicle, na maiseanna seo a leanas go léir a cheadaítear le haghaidh trácht náisiúnta nó idirnáisiúnta faoi Threoir 96/53/CE:
an uasmhais ualaithe cláraithe/i seirbhís incheadaithe;
an uasmhais ualaithe cláraithe/i seirbhís incheadaithe ar an acastóir/ar na hacastóirí;
an uasmhais ualaithe cláraithe/i seirbhís incheadaithe ar an ngrúpa acastóirí;
an uasmhais intarraingthe cláraithe/i seirbhís incheadaithe;
uasmhais ualaithe cláraithe/i seirbhís incheadaithe an chónaisc.
4.2. Cuirfidh údaráis náisiúnta nós imeachta ar bun chun na huasmhaiseanna cláraithe/i seirbhís incheadaithe dá dtagraítear i bpointe 4.1. a chinneadh. Ainmneoidh siad an t-údarás inniúil a chuirfear ar iontaoibh na maiseanna sin a chinneadh, agus sonróidh siad an fhaisnéis nach mór a sholáthar don údarás inniúil sin.
4.3. Ní bheidh na huasmhaiseanna cláraithe/i seirbhís incheadaithe arna gcinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i bpointe 4.1. níos mó ná na huasmhaiseanna dá dtagraítear i bpointe 2.1.
4.4. Rachadh an t-údarás inniúil i gcomhairle leis an monaróir a mhéid a bhaineann le dáileadh maise ar na hacastóirí nó ar ghrúpa acastóirí chun feidhmiú ceart chórais na feithicle a chinntiú, go háirithe an córas coscánaithe agus an córas stiúrtha.
4.5 Agus na huasmhaiseanna cláraithe/i seirbhís incheadaithe á gcinneadh, cinnteoidh údaráis náisiúnta go leanfar de cheanglais na ngníomhartha rialála a liostaítear i gCuid I agus i gCuid II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858.
4.6 I gcás ina gcinneann údaráis náisiúnta nach gcomhlíontar a thuilleadh na ceanglais i gceann amháin de na gníomhartha rialála a liostaítear i Ranna I agus II d’Iarscríbhinn II le Rialachán (AE) 2018/858, cé is moite den Rialachán seo, éileoidh siad go ndéanfar tástálacha úra agus go mbronnfaidh an t-údarás cineálcheadaithe a bhronn an cineálcheadú tosaigh faoin ngníomh rialála ata i gceist cineálcheadú nua nó síneadh de réir mar a bheidh.
Roinn B
Feithiclí i gcatagóir M1 agus N1
1. Uastoisí údaraithe
1.1. Ní sháróidh na toisí na luachanna seo a leanas:
1.1.1. Fad: 12.00 m.
1.1.2. Leithead:
M1: 2.55 m;
N1: 2.55 m;
N1: 2.60 m le haghaidh feithiclí le cabhalra le ballaí inslithe le tiús 45 mm ar a laghad, le cabhalra cód 04 nó 05, dá dtagraítear in Aguisín 2 a ghabhann le hIarscríbhinn I le Rialachán (AE) 2018/858;
1.1.3. Airde: 4.00 m.
1.2. Chun críocha fad, leithead agus airde a thomhas, beidh an fheithicil ar a mais réidh le hoibriú, curtha ar dhromchla cothrománach agus réidh leis na boinn teannta ag an mbrú arna mholadh ag an monaróir.
1.3. Ní thabharfar san áireamh na gairis agus an trealamh dá dtagraítear i Roinn F chun fad, leithead agus airde a chinneadh.
2. Dáileadh maise
2.1. Ní bheidh suim na huasmhaise ualaithe is incheadaithe go teicniúil ar na hacastóirí níos lú ná uasmhais ualaithe na feithicle is incheadaithe go teicniúil.
2.2. Ní bheidh uasmhais ualaithe na feithicle is incheadaithe go teicniúil níos lú ná mais na feithicle réidh le hoibriú móide mais na bpaisinéirí móide mais an trealaimh roghnaigh móide mais na cúplála mura bhfuil sin san áireamh sa mhais réidh le hoibriú.
2.3. I gcás ina bhfuil an fheithicil ualaithe chuig an uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil, ní sháróidh an mhais ar gach acastóir an uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil ar an acastóir sin.
2.4. I gcás ina bhfuil an fheithicil ualaithe chuig an uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil, ní bheidh an mhais ar an acastóir tosaigh riamh níos lú ná 30 % le haghaidh feithiclí M1, ná níos lú ná 20 % den uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil le haghaidh feithiclí N1.
2.5. I gcás ina bhfuil an fheithicil ualaithe chuig an uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil móide an uasmhais ag pointe cúplála is incheadaithe go teicniúil, ní bheidh an mhais ar an acastóir tosaigh riamh níos lú ná 20 % den uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil le haghaidh na feithicle.
2.6. I gcás ina bhfuil suíocháin inbhainte san fheithicil, beidh an nós imeachta deimhnithe teoranta don riocht leis an uasmhéid suíochán.
2.7. Chun críocha na ceanglais a leagtar síos i bpointí 2.2., 2.3. agus 2.4. a dheimhniú:
Coigeartófar na suíocháin mar a leagtar síos i bpointe 2.7.1.;
Dáilfear maiseanna na bpaisinéirí, an pá-mhais agus mais an trealaimh roghnaigh mar a leagtar síos i bpointí 2.7.2. go 2.7.4.2.3.
2.7.1. Coigeartú suíochán
2.7.1.1. Bogfar na suíocháin, i gcás go bhfuil siad inchoigeartaithe, chuig a suíomh is faide ar chúl.
2.7.1.2. I gcás go bhfuil féidearthachtaí eile ann chun an suíochán a choigeartú (ingearach, ag uillinn, cúl an tsuíocháin, etc.) beidh na suíomhanna coigeartaithe mar a shonraíonn monaróir na feithicle.
2.7.1.3. I gcás suíocháin chrochta, cuirfear glas ar an suíochán sa suíomh a shonraíonn an monaróir.
2.7.2. Dáileadh mhais na bpaisinéirí
2.7.2.1. Is ionann an mhais a bheidh i gceist do gach paisinéir agus 75 kg.
2.7.2.2. Suífear an mhais do gach paisinéir ag an bpointe tagartha suite (i.e. “R phointe” an tsuíocháin).
2.7.2.3. I gcás feithicil shainchuspóireach, beidh feidhm le ceanglas phointe 2.7.2.2 mutatis mutandis (mar shampla, mais duine gortaithe ina luí ar shínteán i gcás otharchairr).
2.7.3. Dáileadh mhais an trealaimh roghnaigh
2.7.3.1. Dáilfear mais an trealaimh roghnaigh i gcomhréir le sonraíochtaí an mhonaróra.
2.7.4. Dáileadh na pá-mhaise
2.7.4.1. Feithiclí M1
2.7.4.1.1. A mhéid a bhaineann le feithiclí M1 , dáilfear an pá-mhais i gcomhréir le sonraíochtaí an mhonaróra i gcomhaontú leis an tseirbhís theicniúil.
2.7.4.1.2. A mhéid a bhaineann le mótarcharbháin, comhlíonfaidh an pá-mhais íosta an ceanglas seo a leanas:
PM in kg ≥ 10 (n + L)
I gcás
gurb ionann “ n ” agus an t-uaslíon paisinéirí móide an tiománaí agus
gurb ionann “ L ” agus fad foriomlán na feithicle i méadair
2.7.4.2. Feithiclí N1
2.7.4.2.1. A mhéid a bhaineann le feithiclí le cabhalra, dáilfear an pá-mhais go haonfhoirmeach ar an leaba lastais;
2.7.4.2.2. A mhéid a bhaineann le feithiclí gan chabhalra (e.g. cábán fonnaidh), luafaidh an monaróir suíomhanna incheadaithe diana mheáchanlár na pá-mhaise faoi mhais an trealaimh atá i gceist chun earraí a láimhseáil (e.g. cabhalra, umar, etc.) (mar shampla: ó 0.50 m go 1.30 m os comhair an chéad acastóir cúil);
2.7.4.2.3. A mhéid a bhaineann le feithiclí a bhfuil sé i gceist iad a fheistiú le cúplán an chúigiú roth, luafaidh an monaróir íosmhéid agus uasmhéid rith an chúigiú roth.
2.8. Ceanglais bhreise i gcás gur féidir leis an bhfeithicil leantóir a tharraingt
2.8.1. Beidh feidhm ag na ceanglais dá dtagraítear i bpointí 2.2., 2.3. agus 2.4., ag tabhairt mais an chúpláin agus an uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil ag an bpointe cúplála.
2.8.2. Gan dochar do na ceanglais i bpointe 2.4., is féidir an uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil ar an acastóir/na hacastóirí cúil a shárú nach mó ná 15 %.
2.8.2.1. I gcás ina sáraítear an uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil ar an acastóir/na hacastóirí cúil le nach mó ná 15 %, beidh feidhm ag ceanglais mhír 5.2.4.1. de Rialachán Uimh. 142 de chuid NA ( 29 ).
2.8.2.2. Sna Ballstáit ina gceadaíonn an reachtaíocht um thrácht ar bhóithre, d’fhéadfadh an monaróir a thabhairt le fios i ndoiciméad tacaíochta iomchuí, amhail lámhleabhar an úinéara nó an leabhar cothabhála gur féidir uasmhais ualaithe feithicle is incheadaithe go teicniúil a shárú nach mó ná 10 % nó 100 kg, cibé acu luach is ísle.
Ní bheidh feidhm ag an lamháltas seo ach amháin nuair atá leantóir á tharraingt sna coinníollacha a shonraítear i bpointe 2.8.2.1. ar choinníoll go sriantar an luas oibríochta chuig 100 km/u nó níos ísle.
3. Mais intarraingthe agus mais ag an bpointe cúplála
3.1. A mhéid a bhaineann leis an uasmhais intarraingthe incheadaithe go teicniúil, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:
3.1.1. Leantóir ina bhfuil córas príomhchoscánaithe
3.1.1.1. Beidh uasmhais intarraingthe na feithicle incheadaithe go teicniúil ionann leis an gceann is ísle de na luachanna seo a leanas:
an uasmhais intarraingthe incheadaithe go teicniúil bunaithe ar ghnéithe déantúis na feithicle agus ar láidreacht na cúplála;
uasmhais ualaithe na feithicle tarraingthe is incheadaithe go teicniúil;
1.5 uair uasmhais ualaithe na feithicle tarraingthe is incheadaithe go teicniúil i gcás feithicil easbhóthair mar a shainmhínítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858.
3.1.1.2. Ní sháróidh an uasmhais intarraingthe incheadaithe go teicniúil 3 500 kg i gcás ar bith áfach.
3.1.2. Leantóir gan córas príomhchoscánaithe
3.1.2.1. Beidh an mhais intarraingthe incheadaithe ionann leis an gceann is ísle de na luachanna seo a leanas:
an uasmhais intarraingthe incheadaithe go teicniúil bunaithe ar ghnéithe déantúis na feithicle agus ar láidreacht na cúplála;
leath den mhais réidh le hoibriú na feithicle intarraingthe.
3.1.2.2. Ní sháróidh an uasmhais intarraingthe incheadaithe go teicniúil 750 kg i gcás ar bith.
3.2. Ní bheidh an uasmhais incheadaithe go teicniúil ag an bpointe cúplála níos lú ná 4 % den uasmhais intarraingthe incheadaithe agus ní bheidh sí níos lú ná 25 kg
3.3. Sonróidh an monaróir i lámhleabhar an úinéara an uasmhais is incheadaithe go teicniúil ag an bpointe cúplála, pointí gléasta na cúplála ar an bhfeithicil tarraingthe agus an t-uas-starradh feithicle cúil is incheadaithe don phointe cúplála.
3.4. Ní bheidh an uasmhais intarraingthe is incheadaithe go teicniúil sainmhínithe trí thagairt a dhéanamh don líon paisinéirí.
4. Mais an chónaisc
Ní sháróidh an uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil suim na huasmhaise ualaithe is incheadaithe go teicniúil móide an uasmhais intarraingthe is incheadaithe go teicniúil.
5. Cumas dúisithe ar fhána
5.1. Beidh an fheithicil tarraingthe in ann an cónasc feithicle a thosú cúig huaire ar ghrádán in aghaidh fána 12 % ar a laghad laistigh de cúig nóiméad.
5.2. D’fhonn an tástáil a dtugtar tuairisc uirthi i bpointe 5.1 a dhéanamh, beidh an fheithicil tarraingthe agus an leantóir ualaithe d’fhonn a bheith cothrom le huasmhais ualaithe incheadaithe go teicniúil an chónaisc.
Roinn C
Feithiclí i gcatagóir M2 agus M3
1. Uastoisí údaraithe
1.1. Ní sháróidh na toisí na luachanna seo a leanas:
Fad
Feithicil le dhá acastóir agus páirt amháin: 13.50 m
Feithicil le trí acastóir nó níos mó agus páirt amháin: 15.00 m
Feithicil altach: 18.75 m
Leithead: 2.55 m;
Airde: 4.00 m
1.2. Chun críocha fad, leithead agus airde a thomhas, beidh an fheithicil ar a mais réidh le hoibriú, curtha ar dhromchla cothrománach agus réidh leis na boinn teannta ag an mbrú arna mholadh ag an monaróir.
1.3. Ní thabharfar san áireamh na gairis agus an trealamh dá dtagraítear i Roinn F chun fad, leithead agus airde a chinneadh.
1.3.1. Ceanglais bhreise le haghaidh gairis aeraidinimiciúla dá dtagraítear i Roinn F.
1.3.1.1. Ní mhéadóidh gairis agus trealamh aeraidinimiciúil nach mó ná 500 mm ar fhad sa suíomh in-úsáide an spás lastais inúsáidte foriomlán. Tógfar iad ar bhealach a fhágann gur féidir iad a ghlasáil sna suíomhanna ardaithe nó fillte agus sna suíomhanna in-úsáide. Tógfar gairis agus trealamh den sórt sin thairis sin ionas go mbeidh siad in-aistarraingthe nó infhillte nuair atá an fheithicil ina seasamh ar bhealach nach sáraíonn uasleithead údaraithe na feithicle dá dtagraítear i bpointe 1.1.2. níos mó ná 25 mm ar gach taobh den fheithicil agus nach sáraítear uasfhad údaraithe na feithicle dá dtagraítear i bpointe 1.1.1. níos mó ná 200 mm mar a cheadaítear ach ó airde os cionn na talún 1 050 mm ar a laghad ionas nach gcuireann siad bac ar chumas na feithicle a úsáid i gcomhair iompair idirmhódúil. Ina theannta sin, comhlíonfar na ceanglais a leagtar amach i bpointí 1.3.1.1.1. agus 1.3.1.1.3.
1.3.1.1.1. Cineálcheadófar na gairis agus an trealamh aeraidinimiciúil i gcomhréir leis an Rialachán seo.
1.3.1.1.2. Beidh an t-oibreoir in ann suíomh na ngaireas agus an trealaimh aeraidinimiciúil a athrú, agus é a aistarraingt nó a fhilleadh, trí fhórsa láimhe nach mó ná 40 daN. Anuas air sin, is féidir é seo a dhéanamh go huathoibríoch freisin.
1.3.1.1.3. Ní éilítear go mbeadh gairis agus trealamh aeraidinimiciúil in-aistarraingthe nó infhillte má chomhlíontar na huascheanglais toise ina n-iomláine faoi na coinníollacha ar fad.
1.3.1.2. Ní mhéadóidh gairis agus trealamh aeraidinimiciúil níos mó ná 500 mm ar fhad sa suíomh in-úsáide an spás lastais inúsáidte foriomlán. Tógfar iad ar bhealach a fhágann gur féidir iad a ghlasáil sna suíomhanna ardaithe nó fillte araon agus sna suíomhanna in-úsáide. Tógfar gairis agus trealamh den sórt sin thairis sin ionas go mbeidh siad in-aistarraingthe nó infhillte nuair atá an fheithicil ina seasamh ar bhealach nach sáraíonn uasleithead údaraithe na feithicle dá dtagraítear i bpointe 1.1.2. níos mó ná 25 mm ar gach taobh den fheithicil agus nach sáraítear uasfhad údaraithe na feithicle dá dtagraítear i bpointe 1.1.1. níos mó ná 200 mm mar a cheadaítear ach ó airde os cionn na talún 1 050 mm ar a laghad ionas nach gcuireann siad bac ar chumas na feithicle a úsáid i gcomhair iompair idirmhódúil. Ina theannta sin, comhlíonfar na ceanglais a leagtar amach i bpointí 1.3.1.2.1. go 1.3.1.2.4.
1.3.1.2.1. Cineálcheadófar na gairis agus an trealamh aeraidinimiciúil i gcomhréir leis an Rialachán seo.
1.3.1.2.2. Beidh an t-oibreoir in ann suíomh na ngaireas agus an trealaimh aeraidinimiciúil a athrú, agus é a aistarraingt nó a fhilleadh, trí fhórsa láimhe nach mó ná 40 daN. Anuas air sin, is féidir é seo a dhéanamh go huathoibríoch freisin.
1.3.1.2.3. Seasfaidh gach príomhghné cheartingearach nó teaglaim gnéithe agus an phríomhghné chothrománach nó teaglaim gnéithe lena bhfoirmítear na gairis agus an trealamh aeraidinimiciúil, nuair a shuiteáiltear ar an bhfeithicil iad agus sa suíomh in-úsáid, fórsaí tarraingthe agus brú ceartingearach agus cothrománach, arna gcur i bhfeidhm go seicheamhach i dtreo suas, síos, clé agus deas, de 200 daN ± 10 % arna chur i bhfeidhm go statach le lár geoiméadrach an dromchla réamh-mheasta ingearaigh ábhartha, ag uasbhrú 2,0 MPa. D’fhéadfadh gairis agus trealamh aeraidinimiciúil dífhoirmiú, ach ní sceithfidh an córas le haghaidh coigeartaithe agus glasála de thoradh na bhfórsaí a chuirtear i bhfeidhm. Beidh an dífhoirmiú teoranta lena áirithiú nach sáraítear uasleithead údaraithe na feithicle faoi níos mó ná 25 mm ar gach taobh den fheithicil, le linn na tástála agus ina dhiaidh sin.
1.3.1.2.4. Seasfaidh gach príomhghné cheartingearach nó teaglaim gnéithe agus an phríomhghné chothrománach nó teaglaim gnéithe lena bhfoirmítear na gairis agus an trealamh aeraidinimiciúil freisin, nuair a bhíonn sé sa suíomh aistarraingthe nó fillte, fórsa tarraingthe arna gcur i bhfeidhm san fhadtreo ar chúl, de 200 daN ± 10 % arna chur i bhfeidhm go statach le lár geoiméadrach an dromchla réamh-mheasta ingearaigh ábhartha, ag uasbhrú 2,0 MPa. D’fhéadfadh gairis agus trealamh aeraidinimiciúil dífhoirmiú, ach ní sceithfidh an córas le haghaidh coigeartaithe agus glasála de thoradh na bhfórsaí a chuirtear i bhfeidhm. Beidh an dífhoirmiú teoranta lena áirithiú nach sáraítear uasleithead údaraithe na feithicle faoi níos mó na 25 mm ar gach taobh den fheithicil agus nach sáraítear uasfhad údaraithe na feithicle faoi níos mó ná 200 mm.
1.3.1.3. Deimhneofar le seirbhís theicniúil é, chun sástacht an údaráis chineálcheadaithe nach ndéanann na gairis agus an trealamh aeraidinimiciúil ina suíomhanna in-úsáide agus aistarraingthe nó fillte, dochar suntasach do fhuarú agus aerú an ghléasra cumhachta, an chórais sceite agus an chábáin do phaisinéirí. Comhlíonfar go hiomlán na ceanglais eile ar fad is infheidhme le córais feithicle nuair a chuirtear na gairis agus trealamh aeraidinimiciúil ina suíomhanna in-úsáide agus aistarraingthe nó fillte.
De mhaolú maidir leis na ceanglais is infheidhme a bhaineann le fobharra cosanta ar cúl, féadfar na faid chothrománacha idir cúl an ghairis fobharra cosanta ar cúl agus an chuid is faide ar chúl den fheithicil mar atá feistithe le gairis agus trealamh aeraidinimiciúil a thomhas gan na gairis agus an trealamh aeraidinimiciúil a thabhairt san áireamh ar choinníoll go sáraíonn siad 200 mm ar fhad, go bhfuil siad i riocht in-úsáide agus go bhfuil codanna bunúsacha na ngnéithe curtha ar airde ≤ 2,0 m os cionn na talún arna dtomhas i riocht neamhualaithe agus go bhfuil siad déanta as ábhar ag a bhfuil cruas < 60 Shore (A). Ní thabharfar san áireamh easnacha cúnga, feadán agus sreang mhiotail ag foirmiú creata nó substráit le tacú le codanna bunúsacha na ngnéithe agus an cruas á chinneadh. D’fhonn riosca gortuithe agus treá feithiclí eile a dhíbhe i gcás imbhuailte áfach, ní threorófar aon deirí easnacha, feadáin agus sreang mhiotail den chineál sin ar chúl, agus na gairis nó an trealamh aeraidinimiciúil sna suíomhanna aistarraingthe nó fillte agus in-úsáide.
Mar mhalairt ar an maolú dá dtagraítear sa mhír roimhe seo, féadfar na faid chothrománacha idir cúl an ghairis fobharra cosanta ar cúl agus an chuid is faide ar chúl den fheithicil mar atá feistithe le gairis agus trealamh aeraidinimiciúil a thomhas gan na gairis agus an trealamh aeraidinimiciúil a thabhairt san áireamh ar choinníoll go sáraíonn siad 200 mm ar fhad, go bhfuil siad i riocht in-úsáide agus go gcomhlíonann na gairis nó an trealamh sin na forálacha tástála a leagtar amach i Roinn I.
Tomhaisfear, áfach, na faid chothrománacha idir cúl an ghairis fobharra cosanta ar cúl agus an chuid is faide ar chúl den fheithicil leis na gairis agus an trealamh aeraidinimiciúil sa suíomh aistarraingthe nó fillte nó go gcuirtear san áireamh an fad teilgin mar thoradh i gcomhréir le pointe 1.6.1. de Roinn I, má sháraíonn an fad seo fad an tsuímh aistarraingthe nó fillte.
2. Dáileadh maise le haghaidh feithiclí a bhfuil cabhalra orthu
2.1 Nós imeachta ríofa
Nodaireachtaí:
“M” |
|
an uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil; |
“TM” |
|
an uasmhais intarraingthe is incheadaithe go teicniúil; |
“MC” |
|
uasmhais ualaithe an chónaisc is incheadaithe go teicniúil; |
“mi” |
|
uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil ar an acastóir aonair ainmnithe “i”, i gcás ina n-athraíonn “i” ó 1 go dtí líon iomlán acastóirí na feithicle; |
“mc” |
|
uasmhais is incheadaithe go teicniúil ag an bpointe cúplála; |
“μj” |
|
an uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil ar an ngrúpa acastóirí ainmnithe “j”, i gcás ina n-athraíonn j ó 1 go dtí líon iomlán na ngrúpaí acastóirí. |
2.1.1. Déanfar ríomhanna oiriúnacha d’fhonn a chinntiú go gcomhlíontar na ceanglais seo a leanas i gcomhair gach cumraíocht theicniúil laistigh den chineál.
2.1.2. I gcás feithiclí atá feistithe le hacastóirí inluchtaithe, déanfar na ríomhanna seo a leanas le crochadh na n-acastóirí ualaithe sa ghnáthchumraíocht oibriúcháin.
2.1.3. I gcás mótarfheithiclí a bhreoslaítear go malartach nó mótarfheithiclí saor ó astaíochtaí:
2.1.3.1. Sainmhíneofar an meáchan breise a éilítear don teicneolaíocht bhreosla malartach nó saor ó astaíochtaí i gcomhréir le pointí 2.3 agus 2.4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 96/53/CE ar bhonn na doiciméadachta a sholáthraíonn an monaróir. Deimhneoidh an tSeirbhís Theicniúil cruinneas na faisnéise dearbhaithe, chun sástacht an Údaráis Chineálcheadaithe.
2.1.3.2. Tabharfaidh an monaróir an tsiombail bhreise seo a leanas le fios chomh maith le luach an mheáchain bhreise faoi bhun na n-inscríbhinní sainordaitheacha ar phláta reachtúil an mhonaróra nó lena dtaobh, taobh amuigh de dhronuilleog atá marcáilte go soiléir ina mbeidh an fhaisnéis shainordaitheach amháin.
“96/53/CE AIRTEAGAL 10B COMHLÍONTACH – XXXX kg”
Ní bheidh airde charachtair agus luach luaite na siombailí níos lú ná 4 mm.
Ina theannta sin, go dtí go dtabharfar isteach iontráil thiomanta ar an Deimhniú Comhréireachta, luafar luach an mheáchain bhreise faoi “barúlacha” sa Deimhniú Comhréireachta ionas go gceadófar an fhaisnéis seo a chuimsiú i bpáipéir chláraithe ar bord na feithicle.
2.2. Ceanglais Ghinearálta
2.2.1. Ní bheidh suim na huasmhaise ualaithe is incheadaithe go teicniúil ar na hacastóirí aonair móide suim na huasmhaise ualaithe is incheadaithe go teicniúil ar na grúpaí acastóirí níos lú ná uasmhais ualaithe na feithicle is incheadaithe go teicniúil.
2.2.2. Ní sháróidh mais na feithicle réidh le hoibriú, móide mais an trealaimh roghnaigh, mais na bpaisinéirí, maiseanna “WP” agus “B” dá dtagraítear i bpointe 2.2.3, móide mais na cúplála mura bhfuil sin san áireamh sa mhais réidh le hoibriú, móide an uasmhais is incheadaithe go teicniúil ag an bpointe cúplála an uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil.
2.2.3. Dáileadh ualaigh
2.2.3.1. Nodaireachtaí
“P” |
|
an líon ionad suí, gan an tiománaí agus comhalta(í) an chriú san áireamh; |
“Q” |
|
mais phaisinéara amháin in kg; |
“Qc” |
|
mais chomhalta criú amháin in kg; |
“S1” |
|
achar in m2 le haghaidh paisinéirí ina seasamh; |
“SP” |
|
an líon paisinéirí ina seasamh a luaigh an monaróir; |
“Ssp” |
|
spás rátáilte do phaisinéir amháin ina sheasamh i m2; |
“WP” |
|
an líon spásanna do chathaoir rothaí méadaithe faoi 250 kg ag léiriú mais chathaoir rothaí agus úsáideora; |
“V” |
|
toirt iomlán na n-urrann bagáiste i m3 lena n-áirítear urranna bagáiste, racaí agus bosca scíonna; |
“B” |
|
luann an monaróir uasmhais incheadaithe an bhagáiste in kg, lena n-áirítear an uasmhais incheadaithe (B’) is féidir a iompar sa bhosca scíonna más ann dó. |
2.2.3.2. Suífear mais Q agus Qc na bpaisinéirí suite ag na pointí tagartha suite (i.e. “R phointe” an tsuíocháin).
2.2.3.3. Dáilfear an mhais a chomhfhreagraíonn don líon SP paisinéirí atá ina seasamh de mhais Q go haonfhoirmeach thar an dromchla atá ar fáil don phaisinéir seasaimh S1.
2.2.3.4. I gcás inarb iomchuí, dáilfear an mhais WP go haonfhoirmeach thar gach spás do chathaoir rothaí.
2.2.3.5. Dáilfear mais cothrom le B (kg) go haonfhoirmeach sna hurranna bagáiste.
2.2.3.6. Dáilfear mais cothrom le B’ (kg) i lár domhantarraingt an bhosca scíonna.
2.2.3.7. Suífear an uasmhais is incheadaithe go teicniúil ag an bpointe cúplála ag pointe cúplála an starrtha cúil a luann monaróir na feithicle.
2.2.3.8. Luachanna Q agus luachanna Ssp
Aicme feithicle |
Q (kg) |
Ssp (m2) |
Aicme I agus A |
68 |
0.125 m2 |
Aicme II |
71 |
0.15 m2 |
Aicme III agus B |
71 |
Neamhbhainteach |
2.3. Glactar gurb ionann mais gach comhalta den chriú agus 75 kg.
2.3.1. Ní sháróidh an líon paisinéirí seasaimh luach s1/Ssp, i gcás inarb ionann Ssp agus an spás rátáilte a chuirtear ar fáil do phaisinéir seasaimh amháin mar a shonraítear sa tábla i bpointe 2.2.3.8.
2.3.1.1. Ní bheidh luach uasmhais incheadaithe an bhagáiste níos lú ná:
B = 100 × V
2.3.2. Ríomhanna
2.3.2.1. Deimhneofar ceanglais phointe 2.2.2. i ngach cumraíocht socraithe inmheánaigh.
2.3.2.2. Sna coinníollacha a shonraítear i bpointe 2.2.3. ní sháróidh an mhais ar gach acastóir aonair agus ar gach grúpa acastóirí an uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil ar an acastóir nó an grúpa acastóirí sin.
2.3.2.3. I gcás feithicle atá feistithe le hacmhainneacht suíochán inathraitheach, le hachar ar fáil do phaisinéirí seasaimh (S1) agus feistithe chun cathaoireacha rothaí a iompar, deimhneofar comhlíontacht le ceanglais phointí 2.2.2. agus 2.2.4.2. le haghaidh gach ceann de na coinníollacha seo a leanas de réir mar is infheidhme:
le gach suíochán féideartha áitithe agus ina dhiaidh sin an t-achar atá fágtha do phaisinéirí seasaimh (suas leis an teorainn acmhainneachta seasaimh a dhearbhaíonn an monaróir, má shroichtear í) agus, má bhíonn spás fágtha, aon spás cathaoir rothaí áitithe;
le gach limistéar seasaimh féideartha áitithe (suas leis an teorainn acmhainneachta seasaimh a dhearbhaíonn an monaróir) agus ina dhiaidh sin na suíocháin fágtha atá ar fáil do phaisinéirí suite agus, má bhíonn spás fágtha, aon spás cathaoir rothaí áitithe;
le gach spás cathaoir rothaí féideartha áitithe agus ina dhiaidh sin an t-achar atá fágtha do phaisinéirí seasaimh (suas leis an teorainn acmhainneachta seasaimh a luann an monaróir, má shroichtear í) agus ansin na suíocháin fágtha atá ar fáil le húsáid áitithe.
2.3.3. I gcás ina bhfuil an fheithicil mar a shonraítear i bpointe 2.2.2. ní bheidh an mhais a chomhfhreagraíonn leis an ualach ar an acastóir/na hacastóirí tosaigh faoi stiúir riamh níos lú ná 20 % den uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil “M”.
2.3.3.1. I gcás feithicil altach le ceithre acastóir ar a laghad d’aicme I a bhfuil dhá acastóir faoi stiúir aige, ní bheidh an mhais a chomhfhreagraíonn leis an ualach ar an acastóir/na hacastóirí tosaigh faoi stiúir riamh níos lú ná 15 % den uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil “M”.
2.3.4. I gcás ina bhfuil feithicil le cineálcheadú chuig níos mó ná aicme amháin, cuirfear ceanglais Roinn 2 i bhfeidhm maidir le gach aicme.
3. Toilleadh tarraingthe
3.1. Ní sháróidh an uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil suim na huasmhaise ualaithe is incheadaithe go teicniúil móide an uasmhais intarraingthe is incheadaithe go teicniúil.
MC ≤ M + TM
3.2. Ní sháróidh an uasmhais intarraingthe is incheadaithe go teicniúil 3 500 kg.
4. Uasmhais is incheadaithe go teicniúil ag an bpointe cúplála
4.1. Beidh an uasmhais is incheadaithe go teicniúil ag an bpointe cúplála cothrom le 4 % ar a laghad dá uasmhais intarraingthe is incheadaithe go teicniúil, nó 25 kg, cibé acu is mó.
4.2. Sonróidh an monaróir i lámhleabhar an úinéara na coinníollacha maidir leis an gcúpláil a cheangal leis an mótarfheithicil.
4.2.1. I gcás inarb iomchuí, áireofar leis na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe 4.2. uasmhais is incheadaithe go teicniúil ag pointe cúplála na feithicle tarraingthe, uasmhais is incheadaithe go teicniúil an ghairis cúplála, pointí gléasta na cúplála agus an t-uas-starradh feithicle cúil is incheadaithe don chúpláil.
5. Cumas dúisithe ar fhána
5.1. Beidh feithiclí a dearadh chun leantóir a tharraingt in ann tosú cúig huaire laistigh de cúig nóiméad ag grádán in aghaidh fána 12 % ar a laghad.
5.2. Chun an tástáil a dtugtar tuairisc uirthi i bpointe 5.1 a fheidhmiú, beidh an fheithicil tarraingthe agus an leantóir ualaithe d’fhonn a bheith cothrom le huasmhais ualaithe incheadaithe go teicniúil an chónaisc.
6. Cumhacht innill
6.1 Soláthróidh an t-inneall aschur cumhachta 5 kW in aghaidh an tona ar a laghad d’uasmhais ualaithe an chónaisc is incheadaithe go teicniúil nó d’uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil na feithicle aonair i gcás nach bhfuil an fheithicil deartha chun leantóir a tharraingt.
Ní bheidh feidhm ag na ceanglais sa phointe seo maidir le modh tiomána leictreach amháin mótarfheithiclí hibrideacha.
6.2. Tomhaisfear cumhacht an innill i gcomhréir le Rialachán Uimh. 85 de chuid NA ( 30 ).
7. So-ionramháilteacht
7.1. Beidh an fheithicil in ann ionramháil ar an dá thaobh de chonair 360° mar a léirítear i bhfíor 1 i Roinn H gan aon cheann de phointí is forimeallaí na feithicle taobh amuigh de chiorcal amuigh nó ag brú isteach taobh istigh den chiorcal istigh de réir mar a bheidh.
7.1.1. Déanfar an tástáil leis an bhfeithicil i gcoinníollacha neamhualaithe (i.e. ag a mais réidh le hoibriú) agus lódáilte chuig a uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil. Má bhíonn na gairis nó an trealamh aeraidinimiciúil ar an bhfeithicil dá dtagraítear i bpointí 1.3.1.1. agus 1.3.1.2., úsáidfear na gairis agus an trealamh sa suíomh in-úsáide.
7.1.2. Chun críocha phointe 7.1, ní thabharfar san áireamh na páirteanna a cheadaítear dóibh gobadh amach níos faide ná leithead na feithicle dá dtagraítear i Roinn F.
7.2. Le haghaidh feithiclí le hacastóir inluchtaithe, beidh feidhm ag ceanglas phointe 7.1 freisin i gcás ina bhfuil an t-acastóir/na hacastóirí inluchtaithe i seirbhís.
7.3. Fíorófar ceanglais phointe 7.1. mar a leanas:
7.3.1. Ionramhálfaidh an fheithicil taobh istigh d’achar ciorclach arna shainiú ag dhá chiorcal chomhlárnacha, a mbeidh ga 12,50 m ag an gciorcal amuigh agus ga 5.30 m ag an gciorcal istigh.
7.3.2 Treorófar pointe tosaigh is forimeallaí na mótarfheithicle feadh chomhrian an chiorcail amuigh (féach fíor 1 i Roinn H).
7.4 Le comhaontú na Seirbhíse Teicniúla agus an Údaráis Chineálcheadaithe, d’fhéadfaí na ceanglais so-ionramháilteachta a chruthú le hionsamhlúchán ar ríomhaire i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858. I gcás amhrais, féadfaidh an tSeirbhís Theicniúil nó an tÚdarás Cineálcheadaithe a éileamh go ndéanfar tástáil fhisiceach ar scála iomlán.
8. Cúl-luascadh
8.1. Feithicil le páirt amháin
8.1.1. Déanfar tástáil ar an bhfeithicil i gcomhréir leis an modh tástála tiomáin isteach ar a dtugtar tuairisc i bpointe 8.1.2. Má bhíonn na gairis nó an trealamh aeraidinimiciúil ar an bhfeithicil dá dtagraítear i bpointí 1.3.1.1. agus 1.3.1.2., úsáidfear na gairis agus an trealamh sa suíomh in-úsáide.
8.1.2. Modh tástála tiomáin isteach
Beidh an fheithicil seasta, bunófar plána ceartingearach tadhlaíoch le taobh na feithicle agus ag féachaint amach ón gciorcal trí líne a mharcáil ar an talamh.
Bogfar an fheithicil ó chur chuige líne dírí isteach san achar ciorclach ar a dtugtar tuairisc i bhFíor 1 lena rotha tosaigh casta amhail go leanann pointe tosaigh is forimeallaí comhrian an chiorcail amuigh (féach Fíor 2a de Roinn H).
8.1.3. Beidh an fheithicil socraithe lena mais réidh le hoibriú.
8.1.4. Ní sháróidh an cúl-luascadh uasta 0.60 m.
8.2. Feithiclí le dhá pháirt nó níos mó
8.2.1. Beidh feidhm ag ceanglais phointe 8.1 mutatis mutandis maidir le feithiclí le dhá pháirt nó níos mó.
I gcás den sórt sin, beidh an dá pháirt dhochta nó níos mó ailínithe leis an bplána mar a léirítear i bhfíor 2b de Roinn H.
8.3. Le comhaontú na Seirbhíse Teicniúla agus an Údaráis Chineálcheadaithe, d’fhéadfaí na ceanglais chúl-luascadh uasta a chruthú le hionsamhlúchán ar ríomhaire i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858. I gcás amhrais, féadfaidh an tSeirbhís Theicniúil nó an tÚdarás Cineálcheadaithe a éileamh go ndéanfar tástáil fhisiceach ar scála iomlán.
Roinn D
Feithiclí i gcatagóir N2 agus N3
1. Uastoisí údaraithe
1.1. Ní sháróidh na toisí na luachanna seo a leanas:
Fad: 12.00 m.
Leithead:
2.55 m le haghaidh feithicil ar bith;
2.60 m le haghaidh feithiclí le cabhalra le ballaí inslithe le tiús 45 mm ar a laghad, le cabhalra cód 04 nó 05, dá dtagraítear in Aguisín 2 de Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858.
Airde: 4.00 m
1.2. Chun críocha fad, leithead agus airde a thomhas, beidh an fheithicil ar a mais réidh le hoibriú, curtha ar dhromchla cothrománach agus réidh leis na boinn teannta ag an mbrú arna mholadh ag an monaróir.
1.3. Ní thabharfar san áireamh na gairis agus an trealamh dá dtagraítear i Roinn F chun fad, leithead agus airde a chinneadh.
1.3.1. Ceanglais bhreise le haghaidh gairis aeraidinimiciúla dá dtagraítear i Roinn F
1.3.1.1. Ní mhéadóidh gairis agus trealamh aeraidinimiciúil nach mó ná 500 mm ar fhad sa suíomh in-úsáide fad inúsáidte na láithreach lódála. Tógfar iad ar bhealach a fhágann gur féidir iad a ghlasáil sna suíomhanna ardaithe nó fillte araon agus sna suíomhanna in-úsáide. Tógfar gairis agus trealamh den sórt sin thairis sin ionas go mbeidh siad in-aistarraingthe nó infhillte nuair atá an fheithicil ina seasamh ar bhealach nach sáraítear uasleithead údaraithe na feithicle níos mó ná 25 mm ar gach taobh den fheithicil agus nach sáraítear uasfhad údaraithe na feithicle níos mó ná 200 mm mar a cheadaítear ach ó airde os cionn na talún 1 050 mm ar a laghad ionas nach gcuireann siad bac ar chumas na feithicle a úsáid i gcomhair iompair idirmhódúil. Ina theannta sin, comhlíonfar na ceanglais a leagtar amach i bpointí 1.3.1.1.1. agus 1.3.1.1.3.
1.3.1.1.1. Cineálcheadófar na gairis agus an trealamh i gcomhréir leis an Rialachán seo.
1.3.1.1.2. Beidh an t-oibreoir in ann suíomh na ngaireas agus an trealaimh aeraidinimiciúil a athrú, agus é a aistarraingt nó a fhilleadh, trí fhórsa láimhe nach mó ná 40 daN. Anuas air sin, is féidir é seo a dhéanamh go huathoibríoch freisin.
1.3.1.1.3. Ní éilítear go mbeadh gairis agus trealamh in-aistarraingthe nó infhillte má chomhlíontar na huascheanglais toise ina n-iomláine faoi na coinníollacha ar fad.
1.3.1.2. Ní mhéadóidh gairis agus trealamh aeraidinimiciúil níos mó ná 500 mm ar fhad sa suíomh in-úsáide fad inúsáidte na láithreach lódála. Tógfar iad ar bhealach a fhágann gur féidir iad a ghlasáil sna suíomhanna ardaithe nó fillte araon agus sna suíomhanna in-úsáide. Tógfar gairis agus trealamh den sórt sin thairis sin ionas go mbeidh siad in-aistarraingthe nó infhillte nuair atá an fheithicil ina seasamh ar bhealach nach sáraítear uasleithead údaraithe na feithicle níos mó ná 25 mm ar gach taobh den fheithicil agus nach sáraítear uasfhad údaraithe na feithicle níos mó ná 200 mm mar a cheadaítear ach ó airde os cionn na talún 1 050 mm ar a laghad ionas nach gcuireann siad bac ar chumas na feithicle a úsáid i gcomhair iompair idirmhódúil. Ina theannta sin, comhlíonfar na ceanglais a leagtar amach i bpointí 1.3.1.2.1. go 1.3.1.2.4. thíos.
1.3.1.2.1. Cineálcheadófar na gairis agus an trealamh i gcomhréir leis an Rialachán seo.
1.3.1.2.2. Beidh an t-oibreoir in ann suíomh na ngaireas agus an trealaimh aeraidinimiciúil a athrú, agus é a aistarraingt nó a fhilleadh, trí fhórsa láimhe nach mó ná 40 daN. Anuas air sin, is féidir é seo a dhéanamh go huathoibríoch freisin.
1.3.1.2.3. Seasfaidh gach príomhghné cheartingearach nó teaglaim gnéithe agus an phríomhghné chothrománach nó teaglaim gnéithe lena bhfoirmítear na gairis agus an trealamh, nuair a shuiteáiltear ar an bhfeithicil iad agus sa suíomh in-úsáide, fórsaí tarraingthe agus brú ceartingearach agus cothrománach, arna gcur i bhfeidhm go seicheamhach i dtreo suas, síos, clé agus deas, de 200 daN ± 10 % arna chur i bhfeidhm go statach le lár geoiméadrach an dromchla réamh-mheasta ingearaigh ábhartha, ag uasbhrú 2.0 MPa. D’fhéadfadh gairis agus trealamh dífhoirmiú, ach ní sceithfidh an córas le haghaidh coigeartaithe agus glasála de thoradh na bhfórsaí a chuirtear i bhfeidhm. Beidh an dífhoirmiú teoranta lena áirithiú nach sáraítear uasleithead údaraithe na feithicle faoi níos mó ná 25 mm ar gach taobh den fheithicil, le linn na tástála agus ina dhiaidh sin.
1.3.1.2.4. Seasfaidh gach príomhghné cheartingearach nó teaglaim gnéithe agus an phríomhghné chothrománach nó teaglaim gnéithe lena bhfoirmítear na gairis agus an trealamh freisin, nuair a bhíonn sé sa suíomh aistarraingthe nó fillte, fórsa tarraingthe arna chur i bhfeidhm san fhadtreo ar chúl, de 200 daN ± 10 % arna chur i bhfeidhm go statach le lár geoiméadrach an dromchla réamh-mheasta ingearaigh ábhartha, ag uasbhrú 2.0 MPa. D’fhéadfadh gairis agus trealamh dífhoirmiú, ach ní sceithfidh an córas le haghaidh coigeartaithe agus glasála de thoradh na bhfórsaí a chuirtear i bhfeidhm. Beidh an dífhoirmiú teoranta lena áirithiú nach sáraítear uasleithead údaraithe na feithicle faoi níos mó na 25 mm ar gach taobh den fheithicil agus nach sáraítear uasfhad údaraithe na feithicle faoi níos mó ná 200 mm.
1.3.1.3. Tógfar gairis agus trealamh aeraidinimiciúil cábán, sa suíomh aistarraingthe nó fillte agus in-úsáide, i gcás inarb infheidhme, ar bhealach nach sáraítear uasleithead údaraithe na feithicle níos mó ná 25 mm ar gach taobh den fheithicil agus nach gcuireann siad bac ar chumas na feithicle a úsáid i gcomhair iompair idirmhódúil. Ina theannta sin, comhlíonfar na ceanglais a leagtar amach i bpointí 1.3.1.3.1. go 1.3.1.3.4. thíos.
1.3.1.3.1. Cineálcheadófar na gairis agus an trealamh aeraidinimiciúil le haghaidh cábán i gcomhréir leis an Rialachán seo.
1.3.1.3.2. Nuair a shuiteáiltear gairis agus trealamh aeraidinimiciúil ar fheithicil agus sna suíomhanna aistarraingthe nó fillte agus in-úsáide, i gcás inarb infheidhme, ní bheidh aon pháirt de na gairis agus an trealamh aeraidinimiciúil os cionn imeall íochtarach an ghaothscátha, ach amháin mura bhfuil sé infheicthe ag an tiománaí mar gheall ar an bpainéal ionstraimí nó feistí inmheánacha caighdeánacha eile.
1.3.1.3.3. Clúdófar na gairis agus an trealamh aeraidinimiciúil le hábhar ionsúite fuinnimh. De rogha air sin, beidh na gairis agus an trealamh comhdhéanta d’ábhar a bhfuil cruas < 60 Shore (A) aige i gcomhréir le pointe 1.3.1.4.
1.3.1.3.4. Ní bheidh na gairis agus an trealamh aeraidinimiciúil déanta as ábhar atá tugtha do bhriseadh ina phíosaí géara nó ina n-imill spiacánacha.
1.3.1.4. Deimhneofar le seirbhís theicniúil é, chun sástacht an údaráis chineálcheadaithe nach ndéanann na gairis agus an trealamh aeraidinimiciúil dá dtagraítear i bpointí 1.3.1.1., 1.3.1.2. agus 1.3.1.3. ina suíomhanna in-úsáide agus aistarraingthe nó fillte, dochar do réimse radhairc an tiománaí agus feidhmeanna níocháin agus glanta an ghaothscátha, agus ní dhéanann siad dochar suntasach do fhuarú agus aerú an ghléasra cumhachta, an chórais sceite, an chórais coscánaithe, an chábáin taistealaithe agus an limistéir lódála. Comhlíonfar go hiomlán na ceanglais eile ar fad is infheidhme maidir le córais feithicle nuair a chuirtear na gairis agus an trealamh ina suíomhanna in-úsáide agus aistarraingthe nó fillte.
De mhaolú maidir leis na ceanglais is infheidhme a bhaineann le fobharra cosanta chun tosaigh, féadfar na faid chothrománacha idir an pháirt is faide chun tosaigh den fheithicil mar a feistíodh le gairis agus trealamh aeraidinimiciúil agus a gaireas fobharra cosanta chun tosaigh chomh maith le cúl an ghairis fobharra cosanta ar chúl agus an chuid is faide ar chúl den fheithicil mar atá feistithe le gairis agus trealamh aeraidinimiciúil a thomhas gan na gairis agus an trealamh a thabhairt san áireamh ar choinníoll go sáraíonn siad 200 mm ar fhad ag an gcúl, go bhfuil siad i riocht in-úsáide agus go bhfuil codanna bunúsacha na ngnéithe curtha ar airde ≤ 2.0 m os cionn na talún chun tosaigh agus ar chúl arna dtomhas i riocht neamhualaithe agus go bhfuil siad déanta as ábhar ag a bhfuil cruas < 60 Shore (A). Ní thabharfar san áireamh easnacha cúnga, feadán agus sreang mhiotail ag foirmiú creata nó substráit le tacú le codanna bunúsacha na ngnéithe agus an cruas á chinneadh. Ach, d’fhonn riosca gortuithe agus treá feithiclí eile a dhíbhe i gcás imbhuailte, ní threorófar aon deirí easnacha, feadáin agus sreang mhiotail den chineál sin chun tosaigh ag an tosach agus ar chúl ag cúl na feithicle, agus na gairis nó an trealamh aeraidinimiciúil sna suíomhanna aistarraingthe nó fillte agus in-úsáide.
Mar mhalairt ar an maolú a mhéid a bhaineann le gaireas an fhobharra cosanta ar cúl dá dtagraítear sa mhír roimhe seo, féadfar na faid chothrománacha idir cúl an ghairis fobharra cosanta ar cúl agus an chuid is faide ar chúl den fheithicil mar atá feistithe le gairis agus trealamh aeraidinimiciúil a thomhas gan na gairis agus an trealamh aeraidinimiciúil a thabhairt san áireamh ar choinníoll go sáraíonn siad 200 mm ar fhad, go bhfuil siad i riocht in-úsáide agus go gcomhlíonann na gairis nó an trealamh sin na forálacha tástála a leagtar amach i Roinn I.
Tomhaisfear, áfach, na faid chothrománacha idir cúl an ghairis fobharra cosanta ar cúl agus an chuid is faide ar chúl den fheithicil leis na gairis agus an trealamh aeraidinimiciúil sa suíomh aistarraingthe nó fillte nó go gcuirtear san áireamh an fad teilgin mar thoradh i gcomhréir le pointe 1.6.1. de Roinn I, má sháraíonn an fad seo fad an tsuímh aistarraingthe nó fillte.
1.4. Cábáin fhadaithe
1.4.1. I gcás ina gcomhlíonann éadan tosaigh shuíomh cábáin na mótarfheithicle, lena n-áirítear gach teilgean inmheánach mar shampla, den fhonnadh, tuairteoir, rothghardaí agus rothaí, go hiomlán paraiméadair an imchlúdaigh thríthoisigh mar a leagtar amach i Roinn J agus nach bhfuil fad na láithreach lódála níos mó ná 10,5 m, d’fhéadfadh an fheithicil an t-uasfhad údaraithe a leagtar amach i bpointe 1.1.1. a shárú.
1.4.2. Sa chás dá dtagraítear i bpointe 1.4.1., tabharfaidh an monaróir an tsiombail bhreise seo a leanas le fios faoi bhun na n-inscríbhinní sainordaitheacha ar phláta reachtúil an mhonaróra nó taobh leis, taobh amuigh de dhronuilleog atá marcáilte go soiléir ina mbeidh an fhaisnéis shainordaitheach amháin.
“96/53/CE AIRTEAGAL 9A COMHLÍONTACH”
Ní bheidh airde charachtair na siombaile níos lú ná 4 mm. Cuirfear an téacs i “96/53/CE AIRTEAGAL 9A COMHLÍONTACH” leis freisin leis na “barúlacha” sa Deimhniú Comhréireachta ionas go gceadófar an fhaisnéis seo a chuimsiú i bpáipéir chláraithe ar bord na feithicle.
2. Dáileadh maise le haghaidh feithiclí a bhfuil cabhalra orthu
2.1. Nós imeachta ríofa
Nodaireachtaí:
“M” |
|
an uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil; |
“TM” |
|
an uasmhais intarraingthe is incheadaithe go teicniúil; |
“MC” |
|
uasmhais ualaithe an chónaisc is incheadaithe go teicniúil; |
“mi” |
|
an uasmhais is incheadaithe go teicniúil ar an acastóir aonair ainmnithe “i”, i gcás go n-athraíonn i ó 1 go dtí líon iomlán acastóirí na feithicle; |
“mc” |
|
uasmhais is incheadaithe go teicniúil ag an bpointe cúplála; |
“μj” |
|
an uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil ar an ngrúpa acastóirí ainmnithe “j”, i gcás ina n-athraíonn j ó 1 go dtí líon iomlán na ngrúpaí acastóirí. |
2.1.1. Déanfar ríomhanna oiriúnacha d’fhonn a chinntiú go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i bpointí 2.2. agus 2.3. i gcomhair gach cumraíocht theicniúil laistigh den chineál.
2.1.2. I gcás feithiclí atá feistithe le hacastóirí inluchtaithe, déanfar na ríomhanna a éilítear faoi phointí 2.2. agus 2.3. le crochadh na n-acastóirí inluchtaithe sa ghnáthchumraíocht oibriúcháin.
2.1.3. I gcás feithiclí atá feistithe le hacastóirí ardaithe, déanfar na ríomhanna a éilítear faoi phointí 2.2. agus 2.3. leis na hacastóirí íslithe.
2.1.4. I gcás mótarfheithiclí a bhreoslaítear go malartach nó mótarfheithiclí saor ó astaíochtaí:
2.1.4.1. Sainmhíneofar an meáchan breise a éilítear don teicneolaíocht bhreosla malartach nó saor ó astaíochtaí i gcomhréir le pointe 2.3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 96/53/CE ar bhonn na doiciméadachta a sholáthraíonn an monaróir. Deimhneoidh an tSeirbhís Theicniúil cruinneas na faisnéise dearbhaithe, chun sástacht an Údaráis Chineálcheadaithe.
2.1.4.2. Tabharfaidh an monaróir an tsiombail bhreise seo a leanas le fios chomh maith le luach an mheáchain bhreise faoi bhun na n-inscríbhinní sainordaitheacha ar phláta reachtúil an mhonaróra nó lena dtaobh, taobh amuigh de dhronuilleog atá marcáilte go soiléir ina mbeidh an fhaisnéis shainordaitheach amháin.
“96/53/CE AIRTEAGAL 10B COMHLÍONTACH – XXXX kg”
Ní bheidh airde charachtair agus luach luaite na siombailí níos lú ná 4 mm.
Ina theannta sin, go dtí go dtabharfar isteach iontráil thiomanta ar an Deimhniú Comhréireachta, luafar luach an mheáchain bhreise faoi “barúlacha” sa Deimhniú Comhréireachta ionas go gceadófar an fhaisnéis seo a chuimsiú i bpáipéir chláraithe ar bord na feithicle.
2.2. Ceanglais Ghinearálta
2.2.1. Ní bheidh suim na huasmhaise ualaithe is incheadaithe go teicniúil ar na hacastóirí aonair móide suim na huasmhaise ualaithe is incheadaithe go teicniúil ar na grúpaí acastóirí níos lú ná uasmhais ualaithe na feithicle is incheadaithe go teicniúil.
2.2.2. I gcomhair gach grúpa acastóirí ainmnithe “j”, ní bheidh suim na huasmhaise is incheadaithe go teicniúil ar a acastóirí níos lú ná uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil ar an ngrúpa acastóirí.
Ina theannta sin, ní bheidh aon cheann de na maiseanna mi níos lú ná an pháirt μj a bhaineann le hacastóir “i” mar a chinntear leis an dáileadh maise don ghrúpa acastóirí sin.
2.3. Ceanglais shonracha
2.3.1. Ní sháróidh mais na feithicle réidh le hoibriú, móide mais an trealaimh roghnaigh móide mais na bpaisinéirí, móide mais na cúplála mura bhfuil sin san áireamh sa mhais réidh le hoibriú móide an uasmhais is incheadaithe go teicniúil ag an bpointe cúplála uasmhais ualaithe na feithicle is incheadaithe go teicniúil.
2.3.2. I gcás ina bhfuil an fheithicil ualaithe chuig an uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil, ní sháróidh an mhais a dháiltear ar acastóir “i” an mhais mi ar an acastóir sin, agus ní sháróidh an mhais ar ghrúpa acastóirí “j” an mhais μj.
2.3.3. Comhlíonfar ceanglais phointe 2.3.2. sna cumraíochtaí ualaigh a leanas:
2.3.3.1. Dáileadh aonfhoirmeach na pá-mhaise:
Beidh an fheithicil ag a mais réidh le hoibriú móide mais an trealaimh roghnaigh móide mais na bpaisinéirí suite ag na pointí tagartha suite, móide mais na cúplála (mura bhfuil sin san áireamh sa mhais réidh le hoibriú), móide uasmhais incheadaithe an phointe cúplála, móide an pá-mhais á dáileadh go haonfhoirmeach ar an limistéar lastais.
2.3.3.2. Dáileadh neamh-aonfhoirmeach pá-mhaise:
Beidh an fheithicil ag a mais réidh le hoibriú móide mais an trealaimh roghnaigh móide mais na bpaisinéirí suite ag na pointí tagartha suite, móide mais na cúplála (mura bhfuil sin san áireamh sa mhais réidh le hoibriú), móide uasmhais incheadaithe an phointe cúplála, móide an pá-mhais suite i gcomhréir le sonraíochtaí an mhonaróra.
Chun na críocha sin luafaidh an monaróir suíomhanna diana incheadaithe féideartha mheáchanlár na pá-mhaise agus/nó an chabhalra agus/nó an trealaimh nó na bhfeisteas inmheánach (mar shampla: ó 0.50 m go 1.30 m os comhair an chéad acastóir cúil).
2.3.3.3. Teaglaim de dháileadh aonfhoirmeach agus neamh-aonfhoirmeach:
Comhlíonfar ceanglais phointí 2.3.3.1. agus 2.3.3.2. go comhuaineach.
Mar shampla, trucail dumpála (ualach dáilte) feistithe le craein bhreise (ualach logánaithe).
2.3.3.4. Mais arna aistriú ag cúplán an chúigiú rotha (aonad tarracóra le haghaidh leathleantóra):
Beidh an fheithicil ag a mais réidh le hoibriú móide mais an trealaimh roghnaigh móide mais na bpaisinéirí suite ag na pointí tagartha suite, móide mais na cúplála mura bhfuil sin san áireamh sa mhais réidh le hoibriú, móide uasmhais incheadaithe phointe cúplála an chúigiú rotha suite i gcomhréir le sonraíochtaí an mhonaróra (íosrith agus uasrith an chúigiú rotha).
2.3.3.5. Comhlíonfar ceanglais phointí 2.3.3.1. i gcónaí i gcás ina mbeidh limistéar lastais réidh feistithe ar an bhfeithicil.
2.3.4. I gcás ina bhfuil an fheithicil ualaithe chuig a huasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil móide mais na cúplála mura bhfuil sin san áireamh sa mhais réidh le hoibriú, móide an uasmhais is incheadaithe go teicniúil ag an bpointe cúplála ar bhealach go sroichtear an uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil ar an ngrúpa acastóirí cúil (μ) nó an uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil ar an acastóir cúil (m), ní bheidh an mhais ar an acastóir/na hacastóirí tosaigh faoi stiúir níos lú ná 20 % den uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil le haghaidh na feithicle.
2.3.5. A mhéid a bhaineann le sainchuspóirí feithiclí i gcatagóir N2 agus N3, seiceálfaidh an tseirbhís theicniúil comhlíontacht le ceanglais Roinn 2 i gcomhaontú leis an monaróir, ag tabhairt dearadh sonrach na feithicle san áireamh (mar shampla, craein shoghluaiste).
3. Toilleadh tarraingthe
3.1. Ní sháróidh an uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil suim na huasmhaise ualaithe is incheadaithe go teicniúil móide an uasmhais intarraingthe is incheadaithe go teicniúil.
4. Cumas dúisithe ar fhána agus inghrádánú
4.1. Beidh feithiclí a dearadh chun leantóir a tharraingt agus ualaithe chuig uasmhais ualaithe an chónaisc is incheadaithe go teicniúil in ann tosú cúig huaire laistigh de cúig nóiméad ag grádán in aghaidh fána 12 % ar a laghad.
4.2. Maidir le hinghrádánú, déanfar tástáil ar fheithiclí easbhóthair in aghaidh na gceanglas teicniúil i Roinn K.
4.2.1. Beidh feidhm freisin le ceanglais Roinn 5 d’Aguisín 1 a ghabhann le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2018/858.
5. Cumhacht innill
5.1. Soláthróidh feithiclí aschur cumhachta innill 5 kW in aghaidh an tona ar a laghad d’uasmhais ualaithe an chónaisc is incheadaithe go teicniúil.
5.1.1. I gcás tarracóir bóthair, nó aonad tarracóra le haghaidh leathleantóra a bhfuil sé i gceist go n-iompróidh sé ualaí doroinnte, beidh cumhacht an innill ionann le 2 kW in aghaidh an tona ar a laghad d’uasmhais ualaithe an chónaisc is incheadaithe go teicniúil.
5.1.2. Ní bheidh feidhm ag na ceanglais i bpointí 5.1. agus 5.1.1. seo maidir le modh tiomána leictreach amháin mótarfheithiclí leictreacha hibrideacha.
5.2. Tomhaisfear cumhacht an innill i gcomhréir le Rialachán Uimh. 85 de chuid UNECE.
6. So-ionramháilteacht
6.1. Beidh an fheithicil in ann ionramháil ar an dá thaobh de chonair 360 ° mar a léirítear i bhFíor 1 i Roinn H gan aon cheann de phointí is forimeallaí na feithicle taobh amuigh ag gobadh amach thar chiorcal amuigh nó ag brú isteach taobh istigh den chiorcal istigh de réir mar a bheidh.
6.1.1. Déanfar an tástáil leis an bhfeithicil i gcoinníollacha neamhualaithe (i.e. ag a mais réidh le hoibriú) agus lódáilte chuig a uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil. Má bhíonn na gairis nó an trealamh aeraidinimiciúil ar an bhfeithicil dá dtagraítear i bpointí 1.3.1.1., 1.3.1.2. agus 1.3.1.3., úsáidfear na gairis agus an trealamh sa suíomh in-úsáide nó sa suíomh seasta in-úsáide i gcás inarb infheidhme do ghairis agus trealamh a chumhdaítear i bpointe 1.3.1.3.
6.1.2. Chun críocha phointe 6.1, ní thabharfar san áireamh na páirteanna a cheadaítear dóibh gobadh amach níos faide ná an fheithicil dá dtagraítear i Roinn F.
6.2. Le haghaidh feithiclí le gairis ardaithe acastóra, beidh feidhm ag ceanglas phointe 6.1 freisin maidir le hacastóirí) ardaithe sa suíomh ardaithe agus i gcás ina bhfuil an t-acastóir/na hacastóirí inluchtaithe i seirbhís.
6.3. Fíorófar ceanglais phointe 6.1. mar a leanas:
6.3.1. Ionramhálfaidh an fheithicil taobh istigh d’achar arna shainmhíniú ag dhá chiorcal chomhlárnacha, ag s mbeidh ga 12.50 m ag an gciorcal amuigh agus ga 5.30 m ag an gciorcal istigh.
6.3.2. Treorófar pointe tosaigh is forimeallaí na mótarfheithicle feadh chomhrian an chiorcail amuigh (féach Fíor 1 de Roinn H).
6.4. Le comhaontú na Seirbhíse Teicniúla agus an Údaráis Chineálcheadaithe, d’fhéadfaí na ceanglais so-ionramháilteachta a chruthú le hionsamhlúchán ar ríomhaire i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858. I gcás amhrais, féadfaidh an tSeirbhís Theicniúil nó an tÚdarás Cineálcheadaithe a éileamh go ndéanfar tástáil fhisiceach ar scála iomlán.
7. Cúl-luascadh uasta
7.1. Déanfar tástáil ar an bhfeithicil i gcomhréir leis an modh tástála foistine ar a dtugtar tuairisc i bpointe 7.1.1. Má bhíonn na gairis nó an trealamh aeraidinimiciúil ar an bhfeithicil dá dtagraítear i bpointí 1.3.1.1., 1.3.1.2. agus 1.3.1.3., úsáidfear na gairis agus an trealamh sa suíomh in-úsáide.
7.1.1. Modh tástála foistine
7.1.1.1. Beidh an fheithicil seasta agus beidh a rothaí stiúrtha tosaigh treoraithe amhail is dá mbogfadh an fheithicil, go ndéanfadh a phointe is forimeallaí cur síos ar chiorcal le ga 12.50 m.
Bunófar plána ceartingearach tadhlaíoch le taobh na feithicle agus ag féachaint amach ón gciorcal trí líne a mharcáil ar an talamh.
Bogfaidh an fheithicil ar aghaidh amhail is go leanann pointe tosaigh is forimeallaí comhrian an chiorcail amuigh ga 12.50 m.
7.2. Ní sháróidh an cúl-luascadh uasta: (féach Fíor 3 de Roinn I)
0.80 m;
1.00 m i gcás ina bhfuil an fheithicil feistithe le gaireas ardaithe acastóra agus go bhfuil an t-acastóir glanta den talamh;
1.00 m i gcás inar acastóir faoi stiúir é an t-acastóir cúil.
7.3. Le comhaontú na Seirbhíse Teicniúla agus an Údaráis Chineálcheadaithe, d’fhéadfaí na ceanglais chúl-luascadh uasta a chruthú le hionsamhlúchán ar ríomhaire i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858. I gcás amhrais, féadfaidh an tSeirbhís Theicniúil nó an tÚdarás Cineálcheadaithe a éileamh go ndéanfar tástáil fhisiceach ar scála iomlán.
Cuid E
Feithiclí i gcatagóir O
1. Uastoisí údaraithe
1.1. Ní sháróidh na toisí na luachanna seo a leanas:
Fad
Leantóir: 12.00 m barra tarraingthe san áireamh;
Leathleantóir 12.00 m móide an starradh tosaigh.
Leithead
2.55 m le haghaidh feithicil ar bith;
2.60 m le haghaidh feithiclí le cabhalra le ballaí inslithe le tiús 45 mm ar a laghad, le cabhalra cód 04 nó 05 d’Aguisín 2 a ghabhann le hIarscríbhinn I le Rialachán (AE) 2018/858.
Airde: 4.00 m.
Ga feistithe tosaigh an leathleantóra: 2.04 m.
1.2. Chun críocha fad, leithead agus airde a thomhas, beidh an fheithicil ar a mais réidh le hoibriú, curtha ar dhromchla cothrománach agus réidh leis na boinn teannta ag an mbrú arna mholadh ag an monaróir.
1.3. Déanfar fad, airde agus ga feistithe tosaigh a thomhas i gcás ina bhfuil an dromchla ualaithe nó an dromchla tagartha dá dtagraítear i bpointe 1.2.1. sa dara fomhír d’Iarscríbhinn 7 a ghabhann le Rialachán Uimh. 55 de chuid NA cothrománach.
Beidh barraí tarraingthe inchoigeartaithe cothrománach agus ailínithe le lárlíne na feithicle. Socrófar iad ina suíomh cothrománach is fadaithe.
1.4. Ní thabharfar san áireamh na gairis agus an trealamh dá dtagraítear i Roinn F chun fad, leithead agus airde a chinneadh.
1.4.1. Ceanglais bhreise le haghaidh gairis aeraidinimiciúla dá dtagraítear i Roinn F
1.4.1.1. Ní mhéadóidh gairis agus trealamh aeraidinimiciúil nach mó ná 500 mm ar fhad sa suíomh in-úsáide fad inúsáidte na láithreach lódála. Tógfar iad ar bhealach a fhágann gur féidir iad a ghlasáil sna suíomhanna ardaithe nó fillte araon agus sna suíomhanna in-úsáide. Tógfar gairis agus trealamh den sórt sin thairis sin ionas go mbeidh siad in-aistarraingthe nó infhillte nuair atá an fheithicil ina seasamh ar bhealach nach sáraítear uasleithead údaraithe na feithicle níos mó ná 25 mm ar gach taobh den fheithicil agus nach sáraítear uasfhad údaraithe na feithicle níos mó ná 200 mm mar a cheadaítear ach ó airde os cionn na talún 1 050 mm ar a laghad ionas nach gcuireann siad bac ar chumas na feithicle a úsáid i gcomhair iompair idirmhódúil. Ina theannta sin, comhlíonfar na ceanglais a leagtar amach i bpointí 1.4.1.1.1. go 1.4.1.1.3.
1.4.1.1.1. Cineálcheadófar na gairis agus an trealamh i gcomhréir leis an Rialachán seo.
1.4.1.1.2. Beidh an t-oibreoir in ann suíomh na ngaireas agus an trealaimh aeraidinimiciúil a athrú, agus é a aistarraingt nó a fhilleadh, trí fhórsa láimhe nach mó ná 40 daN. Anuas air sin, is féidir é seo a dhéanamh go huathoibríoch freisin.
1.4.1.1.3. Ní éilítear go mbeadh gairis agus trealamh in-aistarraingthe nó infhillte má chomhlíontar na huascheanglais toise ina n-iomláine faoi na coinníollacha ar fad.
1.4.1.2. Ní mhéadóidh gairis agus trealamh aeraidinimiciúil níos mó ná 500 mm ar fhad sa suíomh in-úsáide fad inúsáidte na láithreach lódála. Tógfar iad ar bhealach a fhágann gur féidir iad a ghlasáil sna suíomhanna ardaithe nó fillte araon agus sna suíomhanna in-úsáide. Tógfar gairis agus trealamh den sórt sin thairis sin ionas go mbeidh siad in-aistarraingthe nó infhillte nuair atá an fheithicil ina seasamh ar bhealach nach sáraítear uasleithead údaraithe na feithicle níos mó ná 25 mm ar gach taobh den fheithicil agus nach sáraítear uasfhad údaraithe na feithicle níos mó ná 200 mm mar a cheadaítear ach ó airde os cionn na talún 1 050 mm ar a laghad ionas nach gcuireann siad bac ar chumas na feithicle a úsáid i gcomhair iompair idirmhódúil. Ina theannta sin, comhlíonfar na ceanglais a leagtar amach i bpointí 1.4.1.2.1. go 1.4.1.2.4.
1.4.1.2.1. Cineálcheadófar na gairis agus an trealamh i gcomhréir leis an Rialachán seo.
1.4.1.2.2. Beidh an t-oibreoir in ann suíomh na ngaireas agus an trealaimh aeraidinimiciúil a athrú, agus é a aistarraingt nó a fhilleadh, trí fhórsa láimhe nach mó ná 40 daN. Anuas air sin, is féidir é seo a dhéanamh go huathoibríoch freisin.
1.4.1.2.3. Seasfaidh gach príomhghné cheartingearach nó teaglaim gnéithe agus an phríomhghné chothrománach nó teaglaim gnéithe lena bhfoirmítear na gairis agus an trealamh, nuair a shuiteáiltear ar an bhfeithicil iad agus sa suíomh in-úsáide, fórsaí tarraingthe agus brú ceartingearach agus cothrománach, arna gcur i bhfeidhm go seicheamhach i dtreo suas, síos, clé agus deas, de 200 daN ± 10 % arna chur i bhfeidhm go statach le lár geoiméadrach an dromchla réamh-mheasta ingearaigh ábhartha, ag uasbhrú 2.0 MPa. D’fhéadfadh gairis agus trealamh dífhoirmiú, ach ní sceithfidh an córas le haghaidh coigeartaithe agus glasála de thoradh na bhfórsaí a chuirtear i bhfeidhm. Beidh an dífhoirmiú teoranta lena áirithiú nach sáraítear uasleithead údaraithe na feithicle faoi níos mó ná 25 mm ar gach taobh den fheithicil, le linn na tástála agus ina dhiaidh sin.
1.4.1.2.4. Seasfaidh gach príomhghné cheartingearach nó teaglaim gnéithe agus an phríomhghné chothrománach nó teaglaim gnéithe lena bhfoirmítear na gairis agus an trealamh freisin, nuair a bhíonn sé sa suíomh aistarraingthe nó fillte, fórsa tarraingthe arna chur i bhfeidhm san fhadtreo ar chúl, de 200 daN ± 10 % arna chur i bhfeidhm go statach le lár geoiméadrach an dromchla réamh-mheasta ingearaigh ábhartha, ag uasbhrú 2.0 MPa. D’fhéadfadh gairis agus trealamh dífhoirmiú, ach ní sceithfidh an córas le haghaidh coigeartaithe agus glasála de thoradh na bhfórsaí a chuirtear i bhfeidhm. Beidh an dífhoirmiú teoranta lena áirithiú nach sáraítear uasleithead údaraithe na feithicle faoi níos mó na 25 mm ar gach taobh den fheithicil agus nach sáraítear uasfhad údaraithe na feithicle faoi níos mó ná 200 mm.
1.4.1.3. Deimhneofar le seirbhís theicniúil é, chun sástacht an údaráis chineálcheadaithe nach mblocálann na gairis agus an trealamh aeraidinimiciúil ina suíomhanna in-úsáide agus aistarraingthe nó fillte, aerú an limistéir lódála go hiomlán. Comhlíonfar go hiomlán na ceanglais eile ar fad is infheidhme maidir le córais feithicle nuair a chuirtear na gairis agus an trealamh ina suíomhanna in-úsáide agus aistarraingthe nó fillte.
De mhaolú maidir leis na ceanglais is infheidhme a bhaineann le fobharra cosanta ar cúl, féadfar na faid chothrománacha idir cúl an ghairis fobharra cosanta ar cúl agus an chuid is faide ar chúl den fheithicil mar atá feistithe le gairis agus trealamh aeraidinimiciúil a thomhas gan na gairis agus an trealamh a thabhairt san áireamh ar choinníoll go sáraíonn siad 200 mm ar fhad, go bhfuil siad i riocht in-úsáide agus go bhfuil codanna bunúsacha na ngnéithe curtha ar airde ≤ 2,0 m os cionn na talún arna dtomhas i riocht neamhualaithe agus go bhfuil siad déanta as ábhar ag a bhfuil cruas < 60 Shore (A). Ní thabharfar san áireamh easnacha cúnga, feadán agus sreang mhiotail ag foirmiú creata nó substráit le tacú le codanna bunúsacha na ngnéithe agus an cruas á chinneadh. D’fhonn riosca gortuithe agus treá feithiclí eile a dhíbhe i gcás imbhuailte áfach, ní threorófar aon deirí easnacha, feadáin agus sreang mhiotail den chineál sin ar chúl ag cúl na feithicle, agus na gairis nó an trealamh aeraidinimiciúil sna suíomhanna aistarraingthe nó fillte agus in-úsáide.
Mar mhalairt ar an maolú dá dtagraítear sa mhír roimhe seo, féadfar na faid chothrománacha idir cúl an ghairis fobharra cosanta ar cúl agus an chuid is faide ar chúl den fheithicil mar atá feistithe le gairis agus trealamh aeraidinimiciúil a thomhas gan na gairis agus an trealamh aeraidinimiciúil a thabhairt san áireamh ar choinníoll go sáraíonn siad 200 mm ar fhad, go bhfuil siad i riocht in-úsáide agus go gcomhlíonann na gairis nó an trealamh sin na forálacha tástála a leagtar amach i Roinn I.
Tomhaisfear, áfach, na faid chothrománacha idir cúl an ghairis fobharra cosanta ar cúl agus an chuid is faide ar chúl den fheithicil leis na gairis agus an trealamh aeraidinimiciúil sa suíomh aistarraingthe nó fillte nó go gcuirtear san áireamh an fad teilgin mar thoradh i gcomhréir le pointe 1.6.1. de Roinn I, má sháraíonn an fad seo fad an tsuímh aistarraingthe nó fillte.
2. Dáileadh maise le haghaidh feithiclí a bhfuil cabhalra orthu
2.1. Nós imeachta ríofa
Nodaireachtaí:
“M” |
|
an uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil; |
“m0” |
|
uasmhais is incheadaithe go teicniúil ag an bpointe cúplála tosaigh; |
“mi” |
|
an uasmhais is incheadaithe go teicniúil ar an acastóir ainmnithe “i”, i gcás ina n-athraíonn i ó 1 go dtí líon iomlán acastóirí na feithicle; |
“mc” |
|
uasmhais is incheadaithe go teicniúil ag an bpointe cúplála cúil; |
“μj” |
|
an uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil ar an ngrúpa acastóirí ainmnithe “j”, i gcás ina n-athraíonn j ó 1 go dtí líon iomlán na ngrúpaí acastóirí. |
2.1.1. Déanfar ríomhanna oiriúnacha d’fhonn a chinntiú go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i bpointí 2.2. agus 2.3. i gcomhair gach cumraíocht theicniúil laistigh den chineál.
2.1.2. I gcás feithiclí atá feistithe le hacastóirí inluchtaithe, déanfar na ríomhanna a éilítear faoi phointí 2.2. agus 2.3. le crochadh na n-acastóirí inluchtaithe sa ghnáthchumraíocht oibriúcháin.
2.1.3. I gcás feithiclí atá feistithe le hacastóirí ardaithe, déanfar na ríomhanna a éilítear faoi phointí 2.2. agus 2.3. leis na hacastóirí íslithe.
2.2. Ceanglais Ghinearálta
2.2.1. Ní bheidh suim na huasmhaise is incheadaithe go teicniúil ag an gcúpláil tosaigh móide an uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil ar na hacastóirí aonair agus/nó ar an ngrúpa/ar na grúpaí acastóirí móide suim an uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil ag an bpointe cúplála cúil níos lú ná uasmhais ualaithe na feithicle is incheadaithe go teicniúil.
M ≤ Σ [m0 + mi + mc] nó M ≤ Σ [m0 + μj + mc].
2.2.2. I gcomhair gach grúpa acastóirí ainmnithe “j”, ní bheidh suim na maiseanna mi ar a acastóirí níos lú ná an mhais μj.
Ina theannta sin, ní bheidh aon cheann de na maiseanna mi níos lú ná an pháirt μj a bhaineann le hacastóir “i” mar a chinntear leis an dáileadh maise don ghrúpa acastóirí sin.
2.3. Ceanglais shonracha
2.3.1. Ní sháróidh mais na feithicle réidh le hoibriú, móide mais an trealaimh roghnaigh móide an uasmhais is incheadaithe go teicniúil ag an bpointe cúplála/ag na pointí cúplála uasmhais ualaithe na feithicle is incheadaithe go teicniúil.
2.3.2. I gcás ina bhfuil an fheithicil ualaithe chuig an uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil, ní sháróidh an mhais a dháiltear ar acastóir aonair “i” an mhais mi ar an acastóir sin, ná an mhais μj ar an ngrúpa acastóirí, ná an uasmhais incheadaithe go teicniúil ag an bpointe cúplála m0.
2.3.3. Comhlíonfar ceanglais phointe 2.3.2. sna cumraíochtaí ualaigh a leanas:
2.3.3.1. Dáileadh aonfhoirmeach na pá-mhaise
Beidh an fheithicil ag a mais réidh le hoibriú móide mais an trealaimh roghnaigh móide an pá-mhais á dáileadh go haonfhoirmeach ar an limistéar lastais;
2.3.3.2. Dáileadh neamh-aonfhoirmeach na pá-mhaise
Beidh an fheithicil ag a mais réidh le hoibriú móide mais an trealaimh roghnaigh móide an pá-mhais suite i gcomhréir le sonraíochtaí an mhonaróra.
Chun na críocha sin luafaidh an monaróir suíomhanna diana incheadaithe féideartha mheáchanlár na pá-mhaise agus/nó an chabhalra agus/nó an trealaimh nó na bhfeisteas inmheánach (mar shampla: ó 0.50 m go 1.30 m os comhair an chéad acastóir cúil);
2.3.3.3. Teaglaim de dháileadh aonfhoirmeach agus neamh-aonfhoirmeach:
2.3.3.4. Comhlíonfar ceanglais phointí 2.3.3.1. agus 2.3.3.2. go comhuaineach.
2.3.4. Ceanglais shonracha do mhótarcharbháin
2.3.4.1. Comhlíonfaidh an pá-mhais íosta an ceanglas seo a leanas:
PM in kg ≥ 10 (n+L)
I gcás
“n” |
|
an t-uaslíon beart agus |
“L” |
|
fad foriomlán fhad an chabhail mar a shainmhínítear i bpointe 6.1.2. de Chaighdeán ISO 7237:1981. |
3. Ceanglais so-ionramháilteachta
3.1. Dearfar leantóirí agus leathleantóirí ionas go mbeidh an cónasc, nuair atá sé cúpláilte le feithicil tarraingthe, in ann ionramháil ar an dá thaobh de chonair 360 ° comhdhéanta de dhá chiorcal chomhlárnacha, le ga 12.50 m ag an gciorcal amuigh agus ga 5.30 m ag an gciorcal istigh gan aon cheann de phointí is forimeallaí na feithicle tarraingthe taobh amuigh den chiorcal amuigh nó d’aon cheann de phointí is forimeallaí an leantóra nó an leathleantóra ag brú isteach taobh istigh den chiorcal istigh. Má bhíonn na gairis nó an trealamh aeraidinimiciúil ar an leantóir nó leathleantóir dá dtagraítear i bpointí 1.4.1.1. nó 1.4.1.2., úsáidfear na gairis agus an trealamh sa suíomh in-úsáide agus úsáidte.
3.2. Measfar go gcomhlíonann leathleantóir nach bhfuil gairis nó trealamh aeraidinimiciúil dá dtagraítear i bpointí 1.4.1.1. nó 1.4.1.2. air an ceanglas a leagtar amach i bpointe 3.1 má chomhlíonann a rothfhad tagartha “RFT” an ceanglas seo a leanas:
i gcás inarb amhlaidh:
“RFT” |
|
an fad idir an ais phionna cinn aise agus lárlíne na n-acastóirí nach bhfuil faoi stiúir. |
“L” |
|
leithead an leathleantóra. |
I gcás ina bhfuil gaireas ardaithe ag ceann amháin nó níos mó de na hacastóirí nach bhfuil faoi stiúir, tabharfar an rothfhad tagartha leis an acastóir íslithe nó an t-acastóir ardaithe – cibé acu is faide – san áireamh.
Roinn F
Liosta gaireas agus trealaimh nach gá a thabhairt san áireamh chun na toisí is forimeallaí a chinneadh
1. Faoi réir na srianta breise a sholáthraítear sna táblaí a leanas, ní gá na gairis agus an trealamh a liostaítear i dTáblaí I, II agus III a thabhairt san áireamh chun na toisí is forimeallaí a chinneadh agus a ríomh i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais a leanas:
i gcás ina bhfuil gairis feistithe chun tosaigh, cé is moite de ghairis agus trealamh aeraidinimiciúil agus trealamh cábán, ní sháróidh gobadh amach iomlán na ngaireas sin 250 mm;
ní sháróidh gobadh iomlán na ngaireas agus an trealaimh curtha le fad na feithicle, cé is moite de ghairis agus trealamh aeraidinimiciúil 750 mm;
ní sháróidh gobadh iomlán na ngaireas agus an trealaimh curtha le leithead na feithicle 100 mm.
2. Ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtha amach i bpointí (a), (b) agus (c) de phointe 1 maidir le gairis amhairc neamhdhírigh.
Tábla I
Fad na feithicle
Ní |
Catagóirí feithiclí |
||||||||||
|
M1 |
M2 |
M3 |
N1 |
N2 |
N3 |
O1 |
O2 |
O3 |
O4 |
|
1. |
Sainmhínítear gairis amhairc neamhdhírigh i bpointe 2.1 de Rialachán Uimh. 46 (1) |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
2. |
Gairis chuimilteoirí agus niteoirí |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
|
|
|
|
3. |
Scáthláin ghréine sheachtracha |
— |
— |
— |
— |
x |
x |
— |
— |
— |
— |
4. |
Córas cosanta tosaigh cineálcheadaithe i gcomhréir leis an Rialachán seo |
x |
|
|
x |
|
|
|
|
|
|
5. |
Céimeanna rochtana agus greamanna láimhe |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
6. |
Cúpláin mheicniúla |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
— |
— |
— |
— |
7. |
Cúpláil bhreise ar chúl an leantóra (nuair atá sé inbhainte) |
— |
— |
— |
— |
— |
— |
x |
x |
x |
x |
8. |
Iompróir rothair (nuair atá sé inbhainte nó in-aistarraingthe) |
x |
|
|
x |
— |
— |
— |
— |
— |
— |
9. |
Ardáin ardaithe, rampaí rochtana nó trealamh den sórt céanna (i gcás ina bhfuil siad i suíomh neamhúsáidte agus nach ngobann siad amach níos mó ná 300 mm) ar choinníoll nach méadaítear acmhainn lódála na feithicle. |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
10. |
Áiseanna breathnaithe agus braite lena n-áirítear radair |
— |
x |
x |
— |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
11. |
Maoláin athléimneacha agus trealamh den sórt céanna |
— |
— |
— |
— |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
12. |
Gairis shéalaithe saincheaptha agus a gcosaintí |
— |
— |
— |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
13. |
Gairis chun an tarpól a shlánú agus a gcosaint |
— |
— |
— |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
14. |
Stopanna faid do chabhlacha soghluaiste |
— |
— |
— |
— |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
15. |
Búmanna tralaí feithiclí a ghluaiseann ar leictreachas |
— |
— |
x |
— |
— |
— |
— |
— |
— |
— |
16. |
Plátaí marcála tosaigh nó cúil |
— |
x |
x |
— |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
17. |
Lampaí roghnacha mar a shainmhínítear i Roinn 2 de Rialachán Uimh. 48 de chuid NA (2). |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
18. |
Gairis agus trealamh aeraidinimiciúil |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
19. |
Aeróga arna n-úsáid i gcomhair Cumarsáid feithicil le feithicil nó feithicil le bonneagar |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
(1)
Rialachán Uimh. 46 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) – Forálacha aonfhoirmeacha a bhaineann le ceadú gaireas amhairc neamhdhírigh agus mótarfheithiclí maidir le suiteáil na ngaireas sin (IO L 237. 8.8.2014, lch. 24).
(2)
Rialachán Uimh. 48 ó Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UN/ECE) – Forálacha aonfhoirmeacha a bhaineann le ceadú feithiclí maidir le suiteáil gaireas soilsiúcháin agus solaschomharthaíochta [2016/1723] (IO L 14, 16.1.2019, lch. 42). |
Tábla II
Leithead na feithicle
Ní |
Catagóirí feithiclí |
||||||||||
|
M1 |
M2 |
M3 |
N1 |
N2 |
N3 |
O1 |
O2 |
O3 |
O4 |
|
1. |
Sainmhínítear gairis amhairc neamhdhírigh i mír 2.1 de Rialachán Uimh. 46 de chuid NA |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
2. |
Páirt shraonta de bhallaí na mbonn ag an bpointe teagmhála le dromchla an bhóthair |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
3. |
Gairis nodchomhartha maidir le teipeadh boinn |
— |
— |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
4. |
Táscairí um brú boinn |
— |
— |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
5. |
Taobhlampaí |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
6. |
Trealamh soilsithe |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
6.1. Lampaí cúil imlíne |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
|
6.2. Ais-fhrithchaiteoirí cliathánacha |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
|
6.3. Lampaí treotháscaire |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
|
6.4. Lampaí cúil |
— |
— |
— |
— |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
|
6.5 Córais soilsithe don doras seirbhíse |
— |
x |
x |
— |
— |
— |
— |
— |
— |
— |
7. |
Rampaí rochtana, ardáin ardaithe agus trealamh den sórt céanna (nuair nach bhfuil siad in úsáid agus ar choinníoll nach sáraíonn siad 10 mm ó thaobh na feithicle agus go bhfuil coirnéil na rampaí ag féachaint chun tosaigh nó ar chúl cruinn chuig ga nach lú ná 5 mm; ní mór go mbeadh na himill cruinn chuig ga nach lú ná 2.5 mm). |
— |
x |
x |
— |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
8. |
Gairis threoracha chliathánacha in-aistarraingthe a bhfuil sé i gceist iad a úsáid ar chóras bus treoraithe, mura mbíonn siad aistarraingthe. |
— |
— |
x |
— |
— |
— |
— |
— |
— |
— |
9. |
Céimeanna in-aistarraingthe nuair atá siad in úsáid agus nuair atá an fheithicil ina seasamh; |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
10. |
Áiseanna breathnaithe agus braite lena n-áirítear radair |
— |
x |
x |
|
x |
x |
x |
x |
x |
x |
11. |
Gairis agus trealamh aeraidinimiciúil Ní sháróidh leithead na feithicle, lena n-áirítear leithead an chabhail chóirithe le ballaí inslithe, 2 600 mm, lena n-áirítear gobadh amach tomhaiste, leis na gairis agus an trealamh seasta sna suíomhanna aistarraingthe nó fillte agus in-úsáide araon. |
— |
x |
x |
— |
x |
x |
— |
— |
x |
x |
12 |
Gairis shéalaithe saincheaptha agus a gcosaint |
— |
— |
— |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
13. |
Gairis chun an tarpól a shlánú agus a gcosaint nach bhfuil ag gobadh amach níos mó ná 20 mm i gcás nach bhfuil siad níos mó ná 2.0 m ó leibhéal na talún agus níos mó ná 50 mm i gcás ina bhfuil siad níos mó ná 2.0 m ó leibhéal na talún. Beidh na himill cruinn chuig ga nach lú ná 2.5 mm. |
— |
— |
— |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
14. |
Páirteanna solúbtha atá ag gobadh amach de chóras sochta sprae dá dtagraítear sa Rialachán seo. |
— |
— |
— |
— |
x |
x |
— |
— |
x |
x |
15 |
Rothgharda solúbtha nach gcumhdaítear faoi iontráil 14. |
— |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
16. |
Slabhraí sneachta |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
17. |
Ráillí sábháilteachta ar iompróirí feithicle. Le haghaidh feithiclí amháin a dearadh agus a tógadh chun dhá fheithicil eile ar a laghad a iompar agus lena bhfuil na ráillí sábháilteachta níos mó ná 2.0 m ach nach mó ná 3.70 m ón talamh agus nach ngobann siad amach níos mó ná 50 mm ó thaobh is forimeallaí na feithicle. Ní sháróidh leithead na feithicle 2 650 mm. |
— |
— |
— |
— |
x |
x |
— |
— |
x |
x |
18. |
Aeróga arna n-úsáid i gcomhair Cumarsáid feithicil le feithicil nó feithicil le bonneagar |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
19. |
Píobáin sholúbtha de chórais faireacháin brú boinn ar choinníoll nach ngobann siad amach níos mó na 70 mm ar gach taobh ó leithead is forimeallaí na feithicle |
|
|
|
|
|
x |
|
|
x |
x |
Tábla III
Airde na feithicle
|
M1 |
M2 |
M3 |
N1 |
N2 |
N3 |
O1 |
O2 |
O3 |
O4 |
|
1. |
Aeróga arna n-úsáid i gcomhair cumarsáid raidió, treoshuímh, feithicil le feithicil nó feithicil le bonneagar |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
x |
2. |
Pantagraif nó búmanna tralaí ina suíomh ardaithe |
— |
— |
x |
— |
— |
x |
— |
— |
— |
— |
Roinn G
Diallais incheadaithe le haghaidh cineálcheadaithe agus comhréireacht táirgeachta
1. Toisí
1.1. Déanfar fad, leithead agus airde foriomlán a thomhas i gcomhréir le pointe 1.2. de Ranna B go E.
1.2. Faoin gcoinníoll nach sáraítear na teorainneacha a shonraítear i bpointe 1.1. de Ranna B go E, ní fhéadfaidh difear nach mó ná 3 % a bheith idir na toisí iarbhír agus iad sin a luann an monaróir.
2. Mais réidh le hoibriú agus mais iarbhír na feithicle
2.1. Seiceálfar an mhais réidh le hoibriú ón mais iarbhír ach an fheithicil a mheá agus mais an trealaimh roghnaigh feistithe a dhealú. Chun na críocha sin comhlíonfaidh an uirlis mheáite ceanglais Threoir 2014/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 31 ).
2.2. D’fhéadfadh an mhais réidh le hoibriú a chinntear i gcomhréir le ceanglais phointe 2.1. diall ón luach ainmniúil a luaitear i bpointe 2.6.(b) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/683 nó in iontráil ábhartha an deimhnithe comhréireachta nach mó ná:
3 % a mhéid a bhaineann leis na diallais íosta agus uasta incheadaithe (= an diallas diúltach agus dearfach timpeall ar an luach dearbhaithe) a mhéid a bhaineann le feithiclí M, N agus O cé is moite d’fheithiclí sainchuspóireacha;
5 % a mhéid a bhaineann leis na diallais íosta agus uasta incheadaithe (= an diallas diúltach agus dearfach timpeall ar an luach dearbhaithe) a mhéid a bhaineann le feithiclí sainchuspóireacha;
5 % a mhéid a bhaineann leis na diallais íosta agus uasta incheadaithe (= an diallas diúltach agus dearfach timpeall ar an luach dearbhaithe) chun críocha mhíreanna (3) agus (4) d’Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2018/858.
3. Beidh feidhm ag na diallais incheadaithe dá dtagraítear sa Roinn seo chun críocha mhíreanna (3) agus (4) d’Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2018/858.
Roinn H
Fíoracha maidir le ceanglais so-ionramháilteachta
Fíor 1
Ciorcal so-ionramháilteachta r= 5.3 m R = 12.5 m
Fíor 2
Modh tiomáin isteach le haghaidh feithiclí i gcatagóir M2 agus M3
Fíor 2a: cúl-luascadh (feithiclí neamhaltacha) R= 12.5 m r = 5.3 m Uuasta ≤ 60 cm |
Fíor 2b: cúl-luascadh (feithiclí altacha) R= 12.5 m r = 5.3 m Uuasta ≤ 60 cm |
Fíor 3
modh foistine le haghaidh feithiclí i gcatagóir N2 agus N3
Roinn I
Tástáil tuairte do ghairis agus trealamh aeraidinimiciúil
1. Coinníollacha tástála do ghairis agus trealamh aeraidinimiciúil
1.1. Arna iarraidh sin ag an monaróir, déanfar an tástáil ar cheann díobh seo a leanas:
ar fheithicil den chineál dá bhfuil na gairis agus an trealamh aeraidinimiciúil ceaptha;
ar chuid de chabhail an chineál feithicle dá bhfuil na gairis agus an trealamh aeraidinimiciúil ceaptha; beidh an chuid ionadaíoch de chineál na feithicle/na bhfeithiclí i gceist;
ar bhalla docht.
1.2. I gcás ina ndéantar an tástáil dá dtagraítear i bpointí 1.1.2. agus 1.1.3., beidh na páirteanna a úsáidfear chun na gairis agus an trealamh aeraidinimiciúil a cheangal le páirt de chabhail na feithicle nó le balla docht comhionann leo siúd a úsáidtear chun na gairis agus an trealamh aeraidinimiciúil a dhaingniú nuair atá sé suiteáilte ar an bhfeithicil. Beidh treoracha suiteála agus oibríochta ag gabháil le gach gaireas ina dtabharfar faisnéis leordhóthanach d’aon duine inniúil chun é a shuiteáil i gceart.
1.3. Arna iarraidh sin ag an monaróir, d’fhéadfaí an nós imeachta tástála ar a dtugtar tuairisc i bpointe 1.5. a dhéanamh le hionsamhlúchán ar ríomhaire i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858.
Ní dhéanfar an tsamhail mhatamaiticiúil a bhailíochtú ach má tá sí inchomparáide leis na dálaí tástála fisiciúla. Chun na críche sin, déanfar tástáil fhisiceach chun críocha na torthaí a fuarthas nuair a bhí an tsamhail mhatamaiticiúil á húsáid a chur i gcomparáid leis na torthaí ar thástáil fhisiceach. Cruthófar inchomparáideacht na dtorthaí tástála. Dréachtóidh an monaróir tuarascáil bailíochtaithe.
Beidh bailíochtú nua ag teastáil i gcomhréir leis an mír roimhe seo le haghaidh aon athrú ar an tsamhail mhatamaiticiúil nó ar na bogearraí ar dóchúil go bhfágfadh sé go mbeadh an tuarascáil bailíochtaithe neamhbhailí.
1.4. Coinníollacha chun tástálacha nó ionsamhlúcháin a dhéanamh.
1.4.1. Beidh an fheithicil ina seasamh ar dhromchla cothrom, docht agus réidh.
1.4.2. Beidh aon rothaí tosaigh iompaithe díreach chun tosaigh.
1.4.3. Beidh na boinn teannta chuig an mbrú a mholann monaróir na feithicle.
1.4.4. Beidh an fheithicil gan ualach.
1.4.5. D’fhéadfaí an fheithicil, más gá chun an fórsa tástála a éilítear i bpointe 1.5.1.2. a bhaint amach, a shrianadh trí mhodh ar bith. Sonróidh monaróir na feithicle an modh seo.
1.4.6. Déanfar tástáil ar fheithiclí atá feistithe le crochadh hidrineomatach, hiodrálach nó neomatach nó le gaireas le haghaidh leibhéalú uathoibríoch de réir lóid leis an gcrochadh nó leis an ngaireas sa ghnáthdháil réidh le hoibriú, mar a shonraíonn an monaróir.
1.5. Nós imeachta tástála
1.5.1. Déanfar na tástálacha chun measúnú a dhéanamh ar na gairis agus an trealamh aeraidinimiciúil a thairgeann leibhéal sonraithe de dhífhoirmiú fórsaí arna gcur i bhfeidhm go comhthreomhar le fad-ais na feithicle dá dtagraítear i bpointe 1.6.1. De rogha air sin, d’fhéadfadh go mbeadh an gaireas fillte nó aistarraingthe faoi thionchar an fhórsa. Fíorófar comhlíonadh an cheanglais dá dtagraítear i bpointe 1.6.2. trí bhíthin mandrailí tástála oiriúnacha chun críche na tástála tuairte. Beidh an gaireas a úsáidtear chun an fórsa tástála a dháileadh thar an dromchla réidh luaite nasctha leis an ngníomhróir fórsa trí alt sclóine. I gcásanna neamh-chomhoiriúnachtaí geoiméadracha, féadfar cuibheoir a úsáid in ionad gaireas le dromchla réidh.
1.5.1.1. Cuirfear fórsa i bhfeidhm comhthreomhar le fad-ais na feithicle trí dhromchla nó cuibheoir nach mó ná 250 mm ar airde agus 200 mm ar leithead le ga cuair 5 ± 1 mm ag na himill ingearacha. Ní bheidh an dromchla daingnithe go docht leis na gairis agus an trealamh aeraidinimiciúil agus beidh sé altach i ngach treo. I gcás ina ndéantar tástáil ar fheithicil dá dtagraítear i bpointe 1.1.1., sonróidh an monaróir airde imeall íochtair an dromchla nó an chuibheora i limistéar idir imeall íochtair na ngaireas agus an trealaimh aeraidinimiciúil agus pointe imeall uachtair an dromchla nó an chuibheora atá nach mó ná 2.0 m os cionn na talún i riocht suite ar fheithicil (féach fíor 1). Tá an pointe seo le sonrú ar fheithicil ualaithe leis an uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil.
I gcás ina ndéantar tástáil ar pháirt de chabhail an chineál feithicle dá dtagraítear i bpointe 1.1.2. nó ar bhalla docht dá dtagraítear i bpointe 1.1.3., sonróidh an monaróir airde lár an dromchla nó an chuibheora i limistéar idir imeall íochtair na ngaireas agus an trealaimh aeraidinimiciúil agus an pointe a léiríonn airde nach mó ná 2.0 m os cionn na talún i riocht suite ar fheithicil ualaithe leis an uasmhais ualaithe is incheadaithe go teicniúil (féach fíor 2).
Sonróidh an monaróir suíomh beacht lár an dromchla nó an chuibheora i limistéar chur i bhfeidhm na bhfórsaí. I gcás ina bhfuil céimeanna éagsúla righnis ag gairis agus trealamh aeraidinimiciúil i limistéar chur i bhfeidhm na bhfórsaí (e.g. mar gheall ar atreisithe, ábhair nó tiúis éagsúla, etc.), suífear láthair lár an dromchla nó an chuibheora sa limistéar leis an bhfriotaíocht is airde in aghaidh fórsaí seachtracha i bhfadtreo na feithicle.
Fíor 1
Airde an phointe tástála
Fíor 2.
Sampla de shocrú tástála