02020R2092 — GA — 22.12.2020 — 000.003


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE, Euratom) 2020/2092 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Nollaig 2020

maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint

(IO L 433I 22.12.2020, lch. 1)


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 373, 21.10.2021, lch.  94 (2020/2092)

►C2

Ceartúchán, IO L , 5.12.2023, lch.  1 (Euratom) 2020/2092)




▼B

RIALACHÁN (AE, Euratom) 2020/2092 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Nollaig 2020

maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint



Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo na rialacha atá riachtanach chun buiséad an Aontais a chosaint i gcás sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta sna Ballstáit.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a) 

tagraíonn “an smacht reachta” do luach an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE. Áirítear leis prionsabail na dlíthiúlachta, lena dtugtar le tuiscint gurb ann do phróiseas reachtóireachta trédhearcach, cuntasach, daonlathach agus iolraíoch; prionsabal na deimhneachta dlíthiúla; prionsabal an toirmisc ar threallachas na gcumhachtaí feidhmiúcháin; cosaint éifeachtach bhreithiúnach, lena n-áirítear rochtain ar an gceartas, ag cúirteanna neamhspleácha neamhchlaonta, maidir le cearta bunúsacha freisin; prionsabal scaradh na gcumhachtaí; agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe agus an chomhionannais faoin dlí. Tuigfear an smacht reachta ag féachaint do luachanna agus prionsabail eile an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE.

(b) 

ciallaíonn “eintiteas rialtais” aon údarás poiblí ar aon leibhéal rialtais, lena n-áirítear údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, chomh maith le heagraíochtaí de chuid na mBallstát de réir bhrí phointe 42 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) (an “Rialachán Airgeadais”).

Airteagal 3

Sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta

Chun críocha an Rialacháin seo, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ina léirithe táscacha ar sháruithe ar phrionsabail an smacht reachta:

(a) 

neamhspleáchas na breithiúnachta a chur i mbaol;

(b) 

mainneachtain cinntí treallacha nó neamhdhleathacha ag údaráis phoiblí, lena n-áirítear cinntí údarás forfheidhmithe dlí, a chosc, a cheartú nó a smachtbhannú, acmhainní airgeadais agus daonna a choinneáil siar a dhéanann difear dá bhfeidhmiú cuí nó mainneachtain a áirithiú nach bhfuil coinbhleachtaí leasa ann;

(c) 

teorainn a chur le hinfhaighteacht agus éifeachtacht leigheasanna dlí, lena n-áirítear trí rialacha nós imeachta sriantacha, agus easpa cur chun feidhme breithiúnas, nó teorainn a chur le himscrúdú, ionchúiseamh nó smachtbhannú éifeachtach ar sháruithe ar an dlí.

Airteagal 4

Coinníollacha maidir le bearta a ghlacadh

1.  
Déanfar bearta iomchuí i gcás ina suitear i gcomhréir le hAirteagal 6 go ndéanann sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát difear – ar bhealach chomh díreach sin agus gur leor é le difear a dhéanamh, nó go bhfuil baol mór ann go ndéanfadh siad difear – do phrionsabail bhainistíochta fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais.
2.  

Chun críocha an Rialacháin seo, bainfidh sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta le ceann nó níos mó acu seo a leanas:

(a) 

feidhmiú cuí na n-údarás a chuireann buiséad an Aontais chun feidhme, lena n-áirítear iasachtaí agus ionstraimí eile arna ráthú ag buiséad an Aontais, go háirithe i gcomhthéacs an tsoláthair phoiblí nó nósanna imeachta deontais;

(b) 

feidhmiú cuí na n-údarás a dhéanann rialú airgeadais, faireachán agus iniúchtaí, agus feidhmiú cuí córas éifeachtach trédhearcach bainistithe airgeadais agus cuntasachta;

(c) 

feidhmiú cuí seirbhísí imscrúdaithe agus ionchúisimh phoiblí i ndáil le calaois, lena n-áirítear calaois chánach, éilliú nó sáruithe eile ar dhlí an Aontais a bhaineann le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais nó le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, a imscrúdú agus a ionchúiseamh;

(d) 

athbhreithniú breithiúnach éifeachtach ag cúirteanna neamhspleácha ar ghníomhaíochtaí nó neamhghníomhartha na n-údarás dá dtagraítear i bpointe (a), (b) agus i bpointe (c);

(e) 

cosc ar chalaois, lena n-áirítear calaois chánach, éilliú nó sáruithe eile ar dhlí an Aontais a bhaineann le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais nó le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint a chosc agus a smachtbhannú, agus forchur pionós éifeachtach athchomhairleach ar fhaighteoirí ag cúirteanna náisiúnta nó ag údaráis riaracháin;

(f) 

gnóthú cistí a íocadh go mícheart;

(g) 

an comhar éifeachtach tráthúil le OLAF agus, faoi réir rannpháirtíocht an Bhallstáit lena mbaineann, le OIPE sna himscrúduithe nó ionchúisimh a dhéanann siad de bhun na ngníomartha ábhartha de chuid an Aontais, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis;

(h) 

staideanna nó iompar eile ag údaráis is ábhartha do bhainistíocht fhónta airgeadais ar bhuiséad an Aontais, nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais.

Airteagal 5

Bearta chun buiséad an Aontais a chosaint

1.  

Ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 4 den Rialachán seo, agus de réir, féadfar ceann amháin nó níos mó de na bearta iomchuí seo a leanas a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 6 den Rialachán seo:

(a) 

i gcás ina gcuireann an Coimisiún buiséad an Aontais chun feidhme faoin mbainistíocht dhíreach nó indíreach de bhun phointe (a) agus phointe (c) d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais, agus i gcás inarb eintiteas rialtais an faighteoir:

(i) 

íocaíochtaí nó cur chun feidhme an ghealltanais dhlíthiúil a chur ar fionraí nó an gealltanas dlíthiúil a fhoirceannadh de bhun Airteagal 131(3) den Rialachán Airgeadais;

(ii) 

toirmeasc ar ghealltanais dhlíthiúla nua a dhéanamh;

(iii) 

eisíocaíochtaí tráthchodanna, nó aisíoc luath iasachtaí a ráthaítear le buiséad an Aontais a chur ar fionraí ina n-iomláine nó i bpáirt;

(iv) 

an buntáiste eacnamaíoch faoi ionstraim arna ráthú le buiséad an Aontais a chur ar fionraí nó a laghdú;

(v) 

toirmeasc ar chomhaontuithe nua a dhéanamh maidir le hiasachtaí nó ionstraimí eile a ráthaítear le buiséad an Aontais;

(b) 

i gcás ina gcuireann an Coimisiún buiséad an Aontais chun feidhme faoin mbainistíocht roinnte leis na Ballstáit de bhun phointe (b) d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais:

(i) 

formheas ceann amháin nó níos mó de na cláir a chur ar fionraí nó leasú a dheanamh ar an bhfionraí sin;

(ii) 

gealltanais a chur ar fionraí;

(iii) 

gealltanais a laghdú, lena n-áirítear trí cheartuithe airgeadais nó aistrithe chuig cláir chaiteachais eile;

(iv) 

réamh-mhaoiniú a laghdú;

(v) 

sprioc-amanna íocaíochtaí a bhriseadh;

(vi) 

íocaíochtaí a chur ar fionraí.

2.  
Mura bhforáiltear dá mhalairt sa chinneadh lena nglactar na bearta, ní dhéanfaidh forchur beart iomchuí difear d’oibleagáidí na n-eintiteas rialtais dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 ná d’oibleagáidí Ballstát dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 an clár nó an ciste dá ndéanann an beart difear a chur chun feidhme, agus go háirithe a n-oibleagáidí i leith na bhfaighteoirí nó na dtairbhithe deiridh, lena n-áirítear an oibleagáid atá orthu íocaíochtaí a dhéanamh faoin Rialachán seo agus faoi na rialacha earnáilsonracha nó airgeadais is infheidhme. Agus cistí de chuid an Aontais faoi bhainistíocht roinnte á gcur chun feidhme acu, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann bearta arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo tuarascáil a chur chuig an gCoimisiún ar a mhéid a chomhlíonann siad na hoibleagáidí sin gach trí mhí ó ghlacadh na mbeart sin.

Fíoróidh an Coimisiún ar comhlíonadh an dlí is infheidhme agus, i gcás inar gá, déanfaidh sé na bearta iomchuí uile chun buiséad an Aontais a chosaint, i gcomhréir le rialacha earnáilsonracha agus airgeadais.

3.  
Beidh na bearta a dhéanfar comhréireach. Cinnfear iad i bhfianaise thionchair iarbhír nó fhéideartha na sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta ar bhainistiú fónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó ar leasanna airgeadais an Aontais. Tabharfar aird chuí ar chineál, fad, tromchúis agus raon feidhme na sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta. Díreofar na bearta, a mhéid is féidir, ar na gníomhaíochtaí de chuid an Aontais a ndearna na sáruithe difear dóibh.
4.  
Déanfaidh an Coimisiún faisnéis agus treoir a chur ar fáil chun leas faighteoirí nó tairbhithe deiridh maidir leis na hoibleagáidí atá ar na Ballstáit dá dtagraítear i mír 2 trí shuíomh gréasáin nó tairseach idirlín. Cuirfidh an Coimisiún uirlisí leormhaithe ar fáil freisin, ar an suíomh gréasáin nó an tairseach idirlín céanna, d’fhaighteoirí agus tairbhithe deiridh chun an Coimisiún a chur ar an eolas maidir le haon sárú ar na hoibleagáidí sin a dhéanfaidh difear do na faighteoirí nó tairbhithe deiridh sin, dar leo. Cuirfear an mhír seo i bhfeidhm ar bhealach lena n-áirithítear cosaint na ndaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i dTreoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ). Ag gabhail leis an bhfaisnéis a sholáthróidh na faighteoirí nó tairbhithe deiridh i gcomhréir leis an mír seo beidh cruthúnas go ndearna an faighteoir nó tairbhí deiridh lena mbaineann gearán foirmiúil a thaisceadh le húdarás ábhartha an Bhallstáit lena mbaineann.

▼C1

5.  
Ar bhonn na faisnéise a chuirfidh na faighteoirí nó tairbhithe deiridh ar fáil i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún a dhícheall chun a áirithiú go ndéanfar aon mhéid atá dlite ag eintitis rialtais nó ag Ballstáit, faoi mar a thagraítear dó i mír 2 den Airteagal seo a íoc go héifeachtach le faighteoirí nó tairbhithe deiridh, go háirithe i gcomhréir le hAirteagal 69, pointe (b), le hAirteagal 74(1) agus le hAirteagal 104 de Rialachán (AE) 2021/1060.

▼B

Airteagal 6

An nós imeachta

1.  
I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go bhfuil forais réasúnacha aige lena mheas gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4 agus mura mbreithneoidh sé go gceadófaí leis na nósanna imeachta eile a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais buiséad an Aontais a chosaint ar bhealach níos éifeachtaí, seolfaidh sé fógra i scríbhinn chuig an mBallstát lena mbaineann, ina leagfar amach na heilimintí fíorasacha agus na forais shonracha ar ar bhunaigh sé a thorthaí. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas gan mhoill faoi aon fhógra den sórt sin agus faoina bhfuil ann.
2.  
I bhfianaise na faisnéise a gheofar de bhun mhír 1, féadfaidh Parlaimint na hEorpa cuireadh a thabhairt don Choimisiún chuig dialóg struchtúrtha maidir lena thorthaí.
3.  
Agus measúnú á dhéanamh aige cibé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4, déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis ábhartha atá ar fáil ó na foinsí a chur san áireamh, lena n-áirítear cinntí, conclúidí agus moltaí ó institiúidí an Aontais agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha eile agus ó institiúidí aitheanta eile.
4.  
Féadfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis bhreise a iarraidh atá de dhíth air chun an measúnú dá dtagraítear i mír 3 a dhéanamh, sara ndéanfaidh sé an fógra i scríbhinn a sheoladh de bhun mhír 1 agus dá éis.
5.  
Soláthróidh an Ballstát lena mbaineann an fhaisnéis atá de dhíth agus féadfaidh sé barúlacha a thabhairt maidir leis na torthaí a leagtar amach san fhógra dá dtagraítear i mír 1 laistigh de theorainn ama a bheidh le sonrú ag an gCoimisiún, teorainn arb í a bheidh inti mí amháin ar a laghad agus nach faide í ná 3 mhí ón dáta a dtabharfar fógra faoi na torthaí. Sna barúlacha a thabharfaidh sé uaidh, féadfaidh an Ballstát a mholadh go nglacfaí bearta feabhais chun aghaidh a thabhairt ar na torthaí a leagtar amach san fhógra ón gCoimisiún.
6.  
Agus cinneadh á dhéanamh aige cibé acu a thíolacfaidh nó nach dtíolacfaidh sé togra le haghaidh cinneadh cur chun feidhme maidir leis na bearta iomchuí, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an fhaisnéis a gheobhaidh sé agus aon bharúlacha a dhéanfaidh an Ballstát lena mbaineann, chomh maith le leordhóthanacht aon bheart feabhais a mholtar. Déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú laistigh de theorainn ama tháscach aon mhí amháin ón tráth a bhfaighfear aon fhaisnéis nó a bharúlacha ón mBallstát lena mbaineann, nó, nuair nach bhfaightear aon fhaisnéis nó aon bharúlacha, ón tráth a rachaidh an teorainn ama arna socrú i gcomhréir le mír 5 in éag, agus in aon chás laistigh de theorainn réasúnach ama.
7.  
I gcás ina mbeartóidh an Coimisiún togra a dhéanamh de bhun mhír 9, sara ndéanfaidh sé amhlaidh, tabharfaidh sé deis don Bhallstát a bharúlacha a thíolacadh, go háirithe ar chomhréireacht na mbeart atá á mbeartú, laistigh de mhí amháin.
8.  
Agus measúnú á dhéanamh aige ar chomhréireacht na mbeart a bheidh le forchur, tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar an bhfaisnéis agus an treoir dá dtagraítear i mír 3.
9.  
I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil na coinníollacha atá in Airteagal 4 á gcomhlíonadh agus nach dtabharfaidh na bearta feabhais atá molta ag an mBallstát faoi mhír 5, más ann dóibh, aghaidh go leordhóthanach ar na torthaí atá san fhógra ón gCoimisiún, cuirfidh sé togra le haghaidh cinneadh cur chun feidhme maidir leis na bearta iomchuí faoi bhráid na Comhairle laistigh de mhí amháin tar éis barúlacha an Bhallstáit a fháil nó, i gcás nach gcuirtear aon bharúlacha in iúl, gan aon mhoill mhíchuí, i gcás nach bhfaighfear aon bharúlacha, agus in aon chás laistigh de mhí amháin ón teorainn ama arna leagan síos i mír 7. Leagfar amach sa togra na forais shonracha agus an fhianaise shonrach ar ar bhunaigh an Coimisiún a thorthaí.
10.  
Glacfaidh an Chomhairle an cinneadh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 9 den Airteagal seo laistigh de mhí amháin tar éis di an togra ón gCoimisiún a fháil. I gcás ina n-eascróidh imthosca eisceachtúla, féadfar síneadh nach mó ná dhá mhí a chur leis an tréimhse faoi nach mór an cinneadh cur chun feidhme sin a ghlacadh. D’fhonn cinneadh tráthúil a áirithiú, bainfidh an Coimisiún úsáid as na cearta atá aige faoi Airteagal 237 CFAE, i gcás ina measfaidh sé gurb iomchuí sin.
11.  
Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, togra an Choimisiún a leasú agus an téacs leasaithe a ghlacadh tri bhithín chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle.

Airteagal 7

Bearta a bhaint

1.  
Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann, tráth ar bith, bearta nua feabhais a ghlacadh agus fógra i scríbhinn a chur faoi bhráid an Choimisiúin ina gcuimseofar fianaise lena thaispeáint nach bhfuil na coinníollacha atá in Airteagal 4 á gcomhlíonadh níos mó.
2.  
Arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, nó ar a thionscnamh féin agus ar a dhéanaí bliain amháin tar éis don Chomhairle bearta a ghlacadh, déanfaidh an Coimisiún athmheasúnú ar an staid sa Bhallstát lena mbaineann agus aird aige ar an bhfianaise a thíolaic an Ballstát lena mbaineann agus, ina theannta sin, ar leordhóthanacht aon bheart nua feabhais arna nglacadh ag an mBallstát lena mbaineann.

I gcás ina measfaidh an Coimisiún nach bhfuil na coinníollacha atá in Airteagal 4 á gcomhlíonadh a thuilleadh, cuirfidh sé togra maidir le cinneadh cur chun feidhme lena ndéantar na bearta a glacadh a bhaint faoi bhráid na Comhairle.

I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil an staid ba shiocair le glacadh na mbeart leigheasta i bpáirt, cuirfidh sé faoi bhráid na Comhairle togra maidir le cinneadh cur chun feidhme lena ndéantar na bearta a glacadh a oiriúnú.

I gcás ina measfaidh an Coimisiún nár leigheasadh an staid ba shiocair le glacadh na mbeart, cuirfidh sé faoi bhráid an Bhallstáit lena mbaineann cinneadh réasúnaithe agus cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas ina leith.

Nuair a thíolacfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra i scríbhinn de bhun mhír 1, tíolacfaidh an Coimisiún a thogra nó glacfaidh sé a chinneadh laistigh de mhí amháin ón tráth a bhfaighidh sé an fógra sin. Féadfar síneadh a chur leis an tréimhse sin in imthosca lena bhfuil údar cuí, agus sa chás sin cuirfidh an Coimisiún na cúiseanna atá leis an síneadh in iúl don Bhallstát lena mbaineann gan mhoill.

Beidh feidhm de réir analaí ag an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 3, 4, 5, 6, 9, 10 agus 11 d’Airteagal 6, de réir mar is iomchuí.

▼C2

3.  
I gcás ina mbainfear bearta a bhaineann le formheas ceann amháin nó níos mó de na cláir dá dtagraítear i bpointe (i) d’Airteagal 5(1)(b) a chur ar fionraí nó le leasuithe ar an bhfionraí sin nó a bhaineann le fionraí gealltanas dá dtagraítear i bpointe (ii) d’Airteagal 5(1)(b), iontrálfar méideanna a fhreagraíonn do na gealltanais a cuireadh ar fionraí i mbuiséad an Aontais faoi réir Airteagal 6 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle ( 3 ). Ní fhéadfar gealltanais bhliain n a cuireadh ar fionraí a iontráil sa bhuiséad tar éis bhliain n+2.

▼B

Airteagal 8

Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas láithreach faoi aon bhearta arna moladh, arna nglacadh, nó arna mbaint de bhun Airteagal 5, 6, agus 7.

Airteagal 9

Tuairisciú

Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 12 Eanáir 2024 maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go háirithe ar éifeachtúlacht na mbeart arna nglacadh.

Airteagal 10

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.



( 1 ) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

( 2 ) Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).

( 3 ) Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (féach leathanach 11 den Iris Oifigiúil).