02020R1998 — GA — 07.12.2022 — 006.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN (AE) 2020/1998 ÓN gCOMHAIRLE an 7 Nollaig 2020 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (IO L 410I 7.12.2020, lch. 1) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/371 ÓN gCOMHAIRLE an 2 Márta 2021 |
L 71I |
1 |
2.3.2021 |
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/478 ÓN gCOMHAIRLE an 22 Márta 2021 |
L 99I |
1 |
22.3.2021 |
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2151 ÓN gCOMHAIRLE an 6 Nollaig 2021 |
L 436 |
1 |
7.12.2021 |
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2195 ÓN gCOMHAIRLE an 13 Nollaig 2021 |
L 445I |
10 |
13.12.2021 |
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/595 ÓN gCOIMISIÚN an 11 Aibreán 2022 |
L 114 |
60 |
12.4.2022 |
|
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2374 ÓN gCOMHAIRLE an 5 Nollaig 2022 |
L 314 |
81 |
6.12.2022 |
Arna cheartú le:
RIALACHÁN (AE) 2020/1998 ÓN gCOMHAIRLE
an 7 Nollaig 2020
maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine
Airteagal 1
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “éileamh” aon éileamh, bíodh sé dearbhaithe le himeachtaí dlíthiúla nó ná bíodh, arna dhéanamh roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo nó dá éis, faoi chonradh nó idirbheart, nó i ndáil le conradh nó idirbheart, agus go háirithe:
éileamh ar chomhlíonadh aon oibleagáide a thiocfadh chun cinn faoi chonradh nó idirbheart nó i ndáil le conradh nó idirbheart;
éileamh ar shíneadh a chur le banna, le ráthaíocht airgeadais nó le slánaíocht, i cibé foirm, nó éileamh ar iad a íoc;
éileamh ar chúiteamh i leith conartha nó idirbhirt;
frithéileamh;
éileamh ar bhreithiúnas, dámhachtain eadrána nó cinneadh coibhéiseach, gan beann ar an áit ina ndéantar nó ina dtugtar iad, a aithint nó a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear trí bhíthin an nós imeachta exequatur;
ciallaíonn “conradh nó idirbheart” aon idirbheart gan beann ar an bhfoirm agus gan beann ar an dlí is infheidhme, bíodh sé comhdhéanta de chonradh amháin nó níos mó nó oibleagáidí comhchosúla a rinneadh idir na páirtithe céanna nó idir páirtithe éagsúla; chun na críche sin áirítear le “conradh” banna, ráthaíocht nó slánaíocht, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, agus creidmheas, bíodh sé neamhspleách go dlíthiúil nó ná bíodh, chomh maith le haon fhoráil ábhartha a eascraíonn as an idirbheart nó a mbeadh baint aici leis an idirbheart;
le “húdaráis inniúla” tagraítear d’údaráis inniúla na mBallstát faoi mar a shainaithnítear iad ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II;
ciallaíonn “acmhainní eacnamaíocha” sócmhainní de gach cineál, bídís inláimhsithe nó doláimhsithe, sochorraithe nó dochorraithe, arb acmhainní nach cistí iad, ach a fhéadfar a úsáid chun cistí, earraí nó seirbhísí a fháil;
ciallaíonn “reo acmhainní eacnamaíocha” cosc a chur le húsáid acmhainní eacnamaíocha chun cistí, earraí nó seirbhísí a fháil ar aon bhealach, lena n-áirítear iad a dhíol, a chur ar cíos nó a mhorgáistiú, ach gan bheith teoranta don mhéid sin;
ciallaíonn “reo cistí” cosc a chur le haon bhogadh, aistriú, athrú, úsáid, nó láimhseáil cistí nó le haon rochtain ar chistí ar aon bhealach a bheadh faoi deara aon athrú ar a dtoirt, a méid, a suíomh, a n-úinéireacht, a seilbh, a dtréith, a gceann scríbe, nó aon athrú eile a d’fhágfadh go bhféadfaí na cistí a úsáid, lena n-áirítear bainistiú punainne;
ciallaíonn “cistí” sócmhainní airgeadais agus leasanna de gach cineál, lena n-áirítear ach gan bheith teoranta don mhéid seo a leanas:
airgead tirim, seiceanna, éilimh ar airgead, dréachtaí, orduithe airgid agus ionstraimí íocaíochta eile;
taiscí le hinstitiúidí airgeadais nó le heintitis eile, iarmhéideanna ar chuntais, fiachais agus oibleagáidí fiachais;
urrúis agus ionstraimí fiachais a thrádáiltear go poiblí nó príobháideach, lena n-áirítear stoic agus scaireanna, deimhnithe in ionannas urrús, bannaí, nótaí, barántais, bintiúir agus conarthaí díorthach;
ús, díbhinní nó ioncam eile ar shócmhainní nó luach a fhabhraíonn uathu nó arna nginiúint astu;
creidmheas, ceart fritháirimh, ráthaíochtaí, bannaí feidhmíochta nó ceangaltais airgeadais eile;
litreacha creidmheasa, billí luchta, billí díola;
doiciméid atá ina bhfuil cruthúnas ar leas i gcistí nó in acmhainní airgeadais;
ciallaíonn “críoch an Aontais” críocha na mBallstát a bhfuil an Conradh ar an Aontas Eorpach (CAE) infheidhme maidir leo, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa CAE, lena n-áirítear a n-aerspás.
Airteagal 2
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le:
cinedhíothú;
coireanna in aghaidh an chine dhaonna;
Na sáruithe nó na mí-úsáidí tromchúiseacha seo a leanas:
céasadh agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach,
sclábhaíocht,
básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomair nó treallacha,
daoine a fhuadaítear,
gabháil agus coinneáil threallach,
sáruithe nó mí-úsáidí eile chearta an duine, lena n-áirítear iad seo a leanas ach gan a bheith teoranta dóibh, a mhéid a bhíonn na sáruithe nó na mí-úsáidí sin forleathan, córasach nó ina gcúis imní thromchúiseach ar bhealach eile maidir le cuspóirí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a leagtar amach in Airteagal 21 CAE:
gáinneáil ar dhaoine, chomh maith le sáruithe chearta an duine a dhéanann smuigléirí imirceach dá dtagraítear san Airteagal seo,
foréigean gnéis agus inscnebhunaithe,
sáruithe nó mí-úsáidí saoirse comhthionóil shíochánta agus comhlachais,
sáruithe nó mí-úsáidí saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh,
sáruithe nó mí-úsáidí saoirse reiligiúin nó creidimh.
Chun críocha mhír 1 a chur i bhfeidhm, ba cheart aird a thabhairt ar dhlí idirnáisiúnta an ghnáis agus ar ionstraimí dlí idirnáisiúnta a bhfuil glacadh leo go forleathan, amhail:
an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla;
an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha;
an Coinbhinsiún maidir le Coir an Chinedhíothaithe a Chosc agus a Phionósú,
an Coinbhinsiún in aghaidh Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionóis eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach;
an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú;
an Coinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh Ban a Dhíothú;
an Coinbhinsiún um Chearta an Linbh;
an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir leis an Uile Dhuine a Chosaint ón bhFuadach;
an Coinbhinsiún ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas;
Prótacal chun Gáinneáil ar Dhaoine, go háirithe ar Mhná agus ar Leanaí, a Chosc, a Chur faoi chois agus Pionós a ghearradh ina leith, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta;
Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta;
an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint.
Chun críocha an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm, féadfaidh na páirtithe seo a leanas a áireamh mar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí:
Gníomhaithe stáit;
gníomhaithe eile a bhfuil rialú nó údarás éifeachtach á fheidhmiú ar chríoch acu;
gníomhaithe neamhstáit eile faoi réir Airteagal 1(4) de Chinneadh (CFSP) 2020/1999.
Airteagal 3
Cuirfear an méid seo a leanas san áireamh in Iarscríbhinn I, faoi mar a shainaithníonn an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 3 de Chinneadh (CBES) 2020/1999:
daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, atá freagrach as gníomhartha a leagtar amach in Airteagal 2(1);
daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais, theicniúil, nó ábhartha nó a bhfuil baint acu ar bhealach eile leis na gníomhartha a dtugtar tuairisc a leagtar amach in Airteagal 2(1), lena n-áirítear trí na gníomhartha sin a phleanáil, a threorú, a ullmhú, a éascú, a spreagadh nó cúnamh a thabhairt ina leith;
daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí, a bhaineann leis na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a chumhdaítear le pointí (a) agus (b);
Airteagal 4
De mhaolú ar Airteagal 3, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil, faoi choinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh gur mar a leanas atá na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha lena mbaineann:
go bhfuil gá leo chun bunriachtanais daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a chomhlíonadh, agus baill teaghlaigh chleithiúnacha na ndaoine nádúrtha sin, lena n-áirítear íocaíochtaí as bia, cíos nó morgáiste, cógais agus cóir leighis, cánacha, préimheanna árachais, agus muirir fóntais phoiblí;
go bhfuil siad ceaptha chun táillí gairmiúla réasúnta a íoc nó costais arna dtabhú a aisíoc, ar costais iad a bhaineann le soláthar seirbhísí dlí, agus chuige sin amháin;
go bhfuil siad ceaptha chun táillí nó muirir sheirbhíse a íoc as cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite a choinneáil nó a chothabháil ar bhonn rialta, agus chuige sin amháin;
gur riachtanach iad i gcás costais urghnácha, ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha ag an údarás inniúil ábhartha d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún faoi na forais a mheasann sé ar ar cheart údarú sonrach a dheonú, dhá sheachtain ar a laghad roimh an údarú; nó
go bhfuil siad le híoc isteach i gcuntas misin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó eagraíochta idirnáisiúnta nó ón gcuntas sin a bhfuil díolúintí aige i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, a mhéid atá sé ceaptha na híocaíochtaí sin a úsáid chun críocha oifigiúla an mhisin taidhleoireachta nó chonsalaigh nó na heagraíochta idirnáisiúnta.
Airteagal 5
Airteagal 6
De mhaolú ar Airteagal 3(1), féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
go bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha faoi réir cinneadh eadrána a tugadh roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 3 a liostú in Iarscríbhinn I, nó go bhfuil sé faoi réir cinneadh dlí nó riaracháin a tugadh san Aontas, nó cinneadh breithiúnach atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann, roimh an dáta sin nó ina dhiaidh;
ní bhainfear leas as na cistí ná na hacmhainní eacnamaíocha ach amháin chun éilimh a ráthaítear le cinneadh den sórt sin a chomhlíonadh nó chun éilimh a aithnítear mar éilimh bhailí sa chinneadh sin a chomhlíonadh, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos le dlíthe agus rialacháin is infheidhme lena rialaítear cearta daoine a bhfuil na héilimh sin acu;
ní chun leas duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, eintitis nó comhlachta a liostaítear in Iarscríbhinn I é an cinneadh; agus
níl sé in aghaidh an bheartais phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann an cinneadh a aithint.
Airteagal 7
De mhaolú ar Airteagal 3(1), agus ar choinníoll gurb íocaíocht ag duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I í atá dlite faoi chonradh nó faoi chomhaontú a thug an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht lena mbaineann i gcrích nó arb oibleagáid í a tháinig chun cinn dóibh, roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht sin a áireamh in Iarscríbhinn I, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát údarú a thabhairt, faoi na coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, ar choinníoll gur chinn an t-údarás inniúil mar a leanas:
go mbainfear leas as na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha le haghaidh íocaíocht ag duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I; agus
nach sárú ar Airteagal 3(2) í an íocaíocht sin.
Airteagal 8
Ní bheidh Airteagal 3(2) infheidhme maidir le breiseanna mar a leanas a chuirtear le cuntais reoite:
ús nó tuillimh eile ar na cuntais sin;
íocaíochtaí atá dlite faoi chonarthaí, comhaontuithe nó oibleagáidí a tugadh i gcrích nó a tháinig chun cinn roimh an dáta a rinneadh an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 3 a áireamh in Iarscríbhinn I; nó
íocaíochtaí atá dlite faoi chinntí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána a tugadh sa Bhallstát nó atá in-fhorfheidhmithe sa Bhallstát lena mbaineann,
ar choinníoll gur faoi réir na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 3(1) fós atá aon ús den sórt sin, agus tuillimh agus íocaíochtaí eile.
Airteagal 9
Gan dochar do na rialacha infheidhme a bhaineann le tuairisciú, rúndacht agus sicréideacht ghairmiúil, déanfaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí an méid seo a leanas:
soláthróidh siad láithreach aon fhaisnéis a d’éascódh comhlíonadh an Rialacháin seo, amhail faisnéis faoi chuntais agus méideanna arna reo i gcomhréir le hAirteagal 3(1), d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil siad ina gcónaí nó lonnaithe, agus an fhaisnéis sin a tharchur, go díreach nó trí bhíthin an Bhallstáit, chuig an gCoimisiún; agus
rachaidh siad i gcomhar leis an údarás inniúil chun an faisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) a fhíorú.
Airteagal 10
Toirmeascfar páirt a ghlacadh, go feasach agus d’aon turas, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó éifeacht dóibh dul timpeall ar na bearta sin dá dtagraítear in Airteagal 3.
Airteagal 11
Airteagal 12
Ní shásófar aon éileamh i ndáil le haon chonradh ná idirbheart a ndearnadh dochar dá bhfeidhmiú, go díreach nó go hindíreach, go hiomlán nó go páirteach, leis na bearta a fhorchuirtear faoin Rialachán seo, lena n-áirítear éilimh ar shlánaíocht nó aon éileamh eile den sórt sin, amhail éileamh ar chúiteamh nó éileamh faoi réir ráthaíochta, go háirithe éileamh ar shíneadh a chur le banna nó ar ráthaíocht nó ar shlánaíocht nó iad a íoc, go háirithe ráthaíocht airgeadais nó slánaíocht airgeadais, i cibé foirm, más rud é go ndéanfaidh ceann de na páirtithe seo a leanas an t-éileamh:
daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I;
aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú trí bhíthin nó thar ceann duine de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, nó ceann amháin de na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a).
Airteagal 13
Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit a chéile ar an eolas faoi na bearta a dhéantar faoin Rialachán seo agus roinnfidh siad aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dóibh i ndáil leis an Rialachán seo, go háirithe faisnéis faoin méid seo a leanas:
cistí arna reo faoi Airteagal 3 agus údaruithe arna ndeonú faoi Airteagail 4, 5, 6 agus 7;
sárú agus fadhbanna forfheidhmiúcháin agus breithiúnais arna dtabhairt ag cúirteanna náisiúnta.
Airteagal 14
Airteagal 15
Airteagal 16
Airteagal 17
Déanfaidh an Chomhairle, an Coimisiún agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”), sonraí pearsanta a phróiseáil chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a thabhairt i gcrích. Airítear ar na cúraimí sin:
maidir leis an gComhairle, leasuithe ar Iarscríbhinn I a ullmhú agus a dhéanamh;
maidir leis an Ardionadaí, leasuithe ar Iarscríbhinn I a ullmhú;
maidir leis an gCoimisiún:
inneachar Iarscríbhinn I a chur leis an liosta comhdhlúite leictreonach de dhaoine, grúpaí agus eintitis atá faoi réir smachtbhannaí airgeadais an Aontais agus a chur leis an léarscáil smachtbhannaí idirghníomhach, iad ar fáil go poiblí;
próiseáil faisnéise faoi thionchar na mbearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo amhail fiúntas na gcistí reoite agus próiseáil faisnéise faoi údaruithe arna ndeonú ag na húdaráis inniúla.
Airteagal 18
Airteagal 19
Beidh feidhm ag an Rialachán seo:
laistigh de chríoch an Aontais, lena n-áirítear a aerspás;
ar bord aon aerárthaigh nó soithigh faoi dhlínse Bhallstáit;
maidir le haon duine nádúrtha, laistigh de chríoch an Aontais nó lasmuigh di, ar náisiúnach Ballstáit é;
maidir le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht, laistigh de chríoch an Aontais nó lasmuigh di, atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit;
maidir le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht i leith aon ghnó a dhéantar go hiomlán nó go páirteach laistigh den Aontas.
Airteagal 20
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
Liosta de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis agus na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3
Daoine nádúrtha
|
►M2 Ainmneacha (Traslitriú isteach in aibítir na Laidine) ◄ |
►M2 Ainmneacha (litriú Rúisise) ◄ |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna lena liostú |
Dáta an liostaithe |
1. |
Alexander (Alexandr) Petrovich KALASHNIKOV |
Aлександр Петрович КАЛАШНИКОВ (Litriú Rúisise) |
Post/Poist: Iar-stiúrthóir ar Russian Federal Penitentiary Service (FSIN) Dáta breithe: 27.1.1964 Áit bhreithe: Tatarsk, Novosibirsk Region/Oblast, Russian SFSR (Cónaidhm na Rúise anois) |
Bhí Alexander Petrovich Kalashnikov ina stiúrthóir ar Russian Federal Penitentiary Service (FSIN) ón 8 Deireadh Fómhair 2019 go dtí an 25 Samhain 2021. Sa cháil sin, rinne sé formhaoirseacht ar ghníomhaíochtaí uile FSIN. Ina cháil mar stiúrthóir ar FSIN, bhí sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha agus coinneálacha treallacha. |
2.3.2021 |
|
|
|
Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
I gcás Alexei Navalny, agus an Navalny ag teacht chuige féin sa Ghearmáin (Meán Fómhair 2020-Eanáir 2021) tar éis gur nimhíodh é le néar-oibreán tocsaineach de ghrúpa Novichok, d'éiligh FSIN, an 28 Nollaig 2020, go gcuirfeadh sé é féin i láthair oifigeach promhaidh láithreach nó go mbeadh pianbhreith príosúnachta os a chomhair amach mar gheall ar phianbhreith ar fionraí mar gheall ar chiontú i gcalaois a shárú. In 2018, bhí an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine tar éis a chinneadh go raibh an ciontú sin treallach agus éagórach. An 17 Eanáir 2021, agus iad ag gníomhú ar ordú Alexander Kalashnikov, chuir oifigigh de chuid FSIN Alexei Navalny faoi choinneáil ar theacht isteach in aerfort Mhoscó dó. |
|
|
|
|
|
Tá gabháil Alexei Navalny bunaithe ar chinneadh ó chúirt chathair Khimki, ar cinneadh é a eisíodh ar a uain ar iarraidh ó FSIN. Déanach i mí na Nollag 2020, bhí FSIN tar éis a iarraidh cheana féin go gcuirfeadh cúirt téarma príosúnachta in ionad phianbhreith ar fionraí Alexei Navalny. An 17 Feabhra 2021, d'ordaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine do Rialtas na Rúise Alexei Navalny a scaoileadh saor. |
|
2. |
Alexander (Alexandr) Ivanovich BASTRYKIN |
Алексaндр Ивaнович БАСТРЫКИН |
Post (Poist): Cathaoirleach ar Investigative Committee of the Russian Federation Dáta breithe: 27.8.1953 Áit bhreithe: Pskov, Russian SFSR (dá ngairtear Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Tá Alexander Ivanovich Bastrykin ina chathaoirleach ar the Investigative Committee of the Russian Federation (an 'Coiste') ó mhí Eanáir 2011 i leith (agus bhí sé ina chathaoirleach gníomhach ó mhí Dheireadh Fómhair 2010 go mí na Nollag 2010). Sa cháil sin, déanann sé formhaoirseacht ar ghníomhaíochtaí uile an Choiste. Go hoifigiúil, is é Uachtarán na Rúise a dhéanann cathaoirleacht ar an gCoiste. Ina cháil mar chathaoirleach an Choiste, tá Alexander Bastrykin freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha agus coinneálacha treallacha. Tá Alexander Bastrykin freagrach as feachtais diansmachta fhorleathana chórasacha an Choiste in aghaidh fhreasúra na Rúise, feachtais atá dírithe ar chomhaltaí an fhreasúra agus a dhéanann imscrúdú ina leith. An 29 Nollaig 2020, sheol an Coiste imscrúdú maidir le ceannaire an fhreasúra Alexei Navalny, agus cúisíodh é i gcalaois forleathan. D'fhoilsigh Alexei Navalny agus daoine eile ailt maidir le húinéireacht Alexander Bastrykin ar ghnólacht réadmhaoine Seiceach LAW Bohemia sna blianta 2000. |
2 Márta 2021 |
3. |
Igor Viktorovich KRASNOV |
Игорь Викторович КРАСНОВ |
Post (Poist): Príomh-Ionchúisitheoir Russian Federation (Cónaidhm na Rúise) Dáta breithe: 24.12.1975 Áit bhreithe: Arkhangelsk, Russian SFSR (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is é Igor Viktorovich Krasnov ina Phríomh-Ionchúisitheoir Chónaidhm na Rúise ón 22 Eanáir 2020 leith agus is é iar Leas-Chathaoirleach the Investigative Committee of the Russian Federation. Ina cháil mar an Príomh-Ionchúisitheoir, déanann sé formhaoirseacht ar Oifigí an Ionchúisitheora i gCónaidhm na Rúise, ar Oifigí an Ionchúisitheora Speisialta agus ar Oifig an Ionchúisitheora Mhíleata. Ina cháil mar an Príomh-Ionchúisitheoir, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear coinneál acha treallacha agóideoirí, agus as cos ar bolg forleathan córasach na saoirse comhthionóil síochánta agus comhlachais, agus na saoirse tuairimíochta agus chun tuairimí a nochtadh. Roimh na hagóidí an 23 Eanáir 2021, thug Oifig an Phríomh-Ionchúisitheora rabhadh go leagfaí freagracht ar na rannpháirtithe. Ina theannta sin, d'éiligh Oifig an Phríomh-Ionchúisitheora go gcuirfeadh Federal Service for Supervision in the Sphere of Communications, Information Technology and Mass Communications (Roskomnadzor) srian ar rochtain ar shuíomhanna gréasáin an fhreasúra agus ar chuntais ar líonraí sóisialta a raibh faisnéis maidir le cruinnithe beartaithe lucht tacaíochta Alexei Navalny orthu. An 29 Eanáir 2021, d'éiligh Oifig an Phríomh-Ionchúisitheora an athuair go gcuirfeadh Roskomnadzor srian ar rochtain ar shuíomhanna gréasáin agus cuntais líonraí sóisialta an fhreasúra, roimh agóidí ar son Navalny an 30 agus an 31 Eanáir 2021 an uair seo. Seoladh rabhaidh chuig comhlachtaí idirlín (Facebook, TikTok, Twitter, Google, Mail.ru Group). Ina theannta sin, d'fhógair Oifig an Phríomh-Ionchúisitheora go ndéanfaí iad siúd a ghlacfadh páirt sna hagóidí a ionchúiseamh. Thacaigh Oifig an Ionchúisitheora Ghinearálta le hiarraidh FSIN chun pianbhreith fionraithe Alexei Navalny i gcás calaoise líomhnaithe a choigeartú ina pianbreith príosúnachta. In ainneoin an fhíric go raibh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine tar éis a chinneadh in 2018 go raibh sé treallach agus éagórach gur ciontaíodh é sa chás sin, Gabhadh Alexei Navalny ar theacht chuig aerfort Moscó dó an 17 Eanáir 2021. |
2 Márta 2021 |
4. |
Viktor Vasilievich (Vasilyevich) ZOLOTOV |
Виктор Васильевич ЗОЛОТОВ |
Post/Poist: Stiúrthóir ar Federal Service of National Guard Troops of the Russian Federation (Rosgvardia) Dáta breithe: 27.1.1954 Áit bhreithe: Sasovo, Russian SFSR (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Tá Viktor Vasilievich Zolotov ina Stiúrthóir ar Federal Service of National Guard Troops of the Russian Federation (Rosgvardia) ón 5 Aibreán 2016 i leith agus, dá bhrí sin, ina Ardcheannasaí ar National Guard Troops of the Russian Federation, agus ina Cheannasaí ar OMON, aonad soghluaiste sainchuspóireach arna chomhtháthú in Rosgvardia. Sa cháil seo, déanann sé formhaoirseacht ar ghníomhaíochtaí uile thrúpaí Rosgvardia agus OMON. Ina cháil mar stiúrthóir Rosgvardia, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha agus coinneálacha treallacha, agus sáruithe forleathana córasacha ar shaoirse comhthionóil shíochánta agus comhlachais, go háirithe trí chur faoi chois foréigneach agóidí agus léirsithe. |
2.3.2021 |
|
|
|
|
Fostaíodh Rosgvardia chun deireadh a chur leis na léirsithe ar son Navalny a reáchtáladh an 23 Eanáir agus an 21 Aibreán 2021, agus tuairiscíodh gur úsáid roinnt mhaith oifigigh de chuid OMON agus an Gharda Náisiúnta brúidiúlacht agus foréigean in aghaidh na n-agóideoirí. D’ionsaigh na fórsaí slándála na scórtha iriseoirí, lena n-áirítear comhfhreagraí Meduza, Kristina Safronova, ar bhuail oifigeach OMON í agus iriseoir ó Novaya Gazeta, Yelizaveta Kirpanova, a bhí ag cur fola i ndiaidh buille a fháil sa cheann le smachtín. Le linn na léirsithe an 23 Eanáir 2021, chuir na fórsaí slándála níos mó ná 300 mionaoiseach faoi choinneáil go treallach. |
|
5. |
ZHU Hailun |
朱海仑 (Litriú Síneach) |
Post/Poist: Comhalta den 13th National People’s Congress of the People’s Republic of China (ina suí ó 2018 go 2023) agus ionadaíocht á déanamh aige ar Xinjiang Uyghur Autonomous Region (XUAR); Ball den National People’s Congress Supervisory and Judicial Affairs Committee (ón 19 Márta 2018 i leith) |
IarRúnaí ar Political and Legal Affairs Committee of the Xinjiang Uyghur Autonomous Region (XUAR) agus iarLeas-Rúnaí an Party Committee of the XUAR (2016 go 2019). IarLeas-Cheann ar Standing Committee of the13th People’s Congress of the XUAR, comhlacht reachtach réigiúnach (2019 go dtí an 5 Feabhra 2021, ach gníomhach i gcónaí go dtí Márta 2021, ar a laghad). Comhalta den 13th National People’s Congress of the People’s Republic of China (ar seisiún ó 2018 go 2023) agus ionadaíocht á déanamh aige ar XUAR. Comhalta den National People’s Congress Supervisory and Judicial Affairs Committee ón 19 Márta 2018 i leith. |
22.3.2021 |
|
|
|
Dáta breithe: Eanáir 1958 Áit bhreithe: Lianshui, Jiangsu (China) Náisiúntacht: Síneach Inscne: fireann |
Ina cháil mar Rúnaí ar Political and Legal Affairs Committee of the XUAR (2016 go 2019), is é Zhu Hailun a bhí freagrach as an tslándáil inmheánach agus forfheidhmiú an dlí in XUAR. Mar sin, bhí príomhról polaitiúil aige agus maoirseacht ar chlár faireachais, coinneála agus síolteagaisc ar mórscála, agus cur chun feidhme an chláir sin, faoina chúram aige ina ndéantar spriocdhíriú ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile. Tá trácht déanta ar Zhu Hailun mar “ailtire” an chláir sin. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa tSín, go háirithe coinneálacha treallacha ar mórscála a rinneadh ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile. Mar Leas-Cheann an Standing Committee of the 13th People’s Congress of the XUAR (2019 go dtí an 5 Feabhra 2021), lean Zhu Hailun de thionchar cinntitheach a imirt in XUAR mar a bhfuil an clár faireachais, coinneála agus síolteagaisc ar mórscála ina ndéantar spriocdhíriú ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile ag dul ar aghaidh. |
|
6. |
WANG Junzheng |
王君正 (Litriú Sínise) |
Post/Poist: Rúnaí Páirtí Chinese Communist Party (CCP) i Réigiún Féinrialaitheach na Tibéide (TAR); iar-Rúnaí Páirtí an Xinjiang Production and Construction Corps (XPCC) agus Leas-Rúnaí an Party Committee Réigiún Féinrialaitheach Xinjiang Uyghur na Síne; Coimeasár polaitiúil XPCC agus POF an China Xinjian Group Dáta breithe: Bealtaine 1963 Áit bhreithe: Linyi, Shandong (an tSín) Náisiúntacht: Síneach Inscne: fireann |
Rúnaí Páirtí Chinese Communist Party (CCP) i Réigiún Féinrialaitheach na Tibéide (TAR). Iar-Rúnaí Páirtí ar Xinjiang Production and Construction Corps (XPCC) agus Leas-Rúnaí Party Committee Réigiún Féinrialaitheach Xinjiang Uyghur (XUAR) na Síne ó mhí Aibreáin 2020 go mí Dheireadh Fómhair 2021, agus coimeasár polaitiúil XPCC ó mhí na Bealtaine 2020 go mí Dheireadh Fómhair 2021. Iar-Rúnaí ar Political and Legal Affairs Committee XUAR ó Feabhra 2019 go dtí Meán Fómhair 2020. Bhí poist shinsireacha eile ag Wang Junzheng in XPCC. |
22.3.2021 |
|
|
|
|
Is eagraíocht eacnamaíoch pharamíleateach faoi úinéireacht an stáit in XUAR é XPCC, a bhfuil an t-údarás riaracháin á fheidhmiú aige agus na gníomhaíochtaí eacnamaíocha á rialú aige in Xinjiang. Ina cháil mar Rúnaí Páirtí agus coimeasár polaitiúil ar XPCC, bhí páirt ag Wang Junzheng sna beartais go léir a chuir XPCC chun feidhme a mhaoirsiú. Sa phost sin, bhí sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa tSín, go háirithe coinneáil threallach ar mórscála agus táiríde ar Uigiúraigh agus ar dhaoine de chuid mionlach eitneach Moslamach eile, chomh maith le sáruithe córasacha ar a saoirse reiligiúin nó creidimh, mar chuid, inter alia, den chur chun feidhme a rinne an XPCC ar chlár mórscála faireachais, coinneála agus síolteagaisc a bhí spriocdhírithe ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile. |
|
|
|
|
|
Bhí sé freagrach freisin as an úsáid chórasach a bhaineann XPCC as Uigiúraigh agus daoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile mar lucht saothair éignithe, go háirithe i ngoirt chadáis. Ina cháil mar Leas-Rúnaí ar Party Committee XUAR ó 2020 i leith, bhí páirt ag Wang Junzheng i maoirsiú na mbeartas slándála atá á gcur chun feidhme in Xinjiang, lena n-áirítear an clár réamhluaite lena spriocdhírítear ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile. Ina cháil mar Rúnaí ar Political and Legal Affairs Committee of the XUAR ó Feabhra 2019 go dtí Meán Fómhair 2020, bhí Wang Junzheng freagrach as an tslándáil inmheánach a choimeád agus forfheidhmiú an dlí in XUAR. Mar sin, bhí príomhphost polaitiúil aige i gceannas ar mhaoirsiú agus ar chur chun feidhme an chláir réamhluaite. |
|
7. |
WANG Mingshan |
王明山 (Litriú Síneach) |
Post/Poist: Comhalta de Standing Committee of the Party Committee of the Xinjiang Uyghur Autonomous Region (XUAR) agus Rúnaí ar Political and Legal Affairs Committee of the XUAR Dáta breithe: Eanáir 1964 Áit bhreithe: Wuwei, Gansu (China) Náisiúntacht: Síneach Inscne: fireann |
Comhalta de Standing Committee of the Party Committee of the Xinjiang Uyghur Autonomous Region (XUAR) agus Rúnaí ar Political and Legal Affairs Committee of the XUAR ó Mheán Fómhair 2020. Iar-Stiúrthóir agus Leas-Rúnaí an Pháirtí ar Xinjiang Public Security Bureau (XPSB) idir 2017 agus Eanáir 2021. |
22.3.2021 |
|
|
|
|
Ina cháil mar Rúnaí ar Political and Legal Affairs Committee of the XUAR ó Mheán Fómhair 2020, is é Wang Mingshan atá freagrach as an slándáil inmheánach agus forfheidhmiú an dlí a chothabháil in XUAR. Mar sin, tá príomhról polaitiúil aige agus maoirseacht ar chlár faireachais, coinneála agus síolteagaisc ar an mórscála faoina chúram aige ina ndéantar spriocdhíriú ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile. |
|
|
|
|
|
Ina cháil mar Iar-Stiúrthóir agus Leas-Rúnaí an Pháirtí ar XPSB (2017 go Eanáir 2021), bhí príomhról aige i bhfearas slándála Xinjiang agus bhí sé freagrach go díreach as an gclár thuasluaite a chur chun feidhme. Go háirithe, rinne XPSB Integrated Joint Operations Platform (IJOP) [Ardán d’oibríochtaí comhpháirteacha comhtháite] a imscaradh, clár mórshonraí a úsáidtear chun na milliúin Uigiúrach a lorg agus aird a tharraingt orthu siúd a mheastar “baol bagartha” a bheith ag baint leo lena gcur go campa coinneála. Mar gheall ar an bpost atá aige faoi láthair agus na feidhmeanna a bhí aige roimhe sin, tá Wang Mingshan freagrach as mí-úsáidí tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa tSín, go háirithe coinneáil threallach ar mhórscála agus íde tháireach ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile, chomh maith le sáruithe córasacha ar a saoirse reiligiúin nó creidimh. |
|
8. |
CHEN Mingguo |
陈明国 (Litriú Síneach) |
Post/Poist: Stiúrthóir ar Xinjiang Public Security Bureau (XPSB) agus Leaschathaoirleach ar Xinjiang Uygur Autonomous Region (XUAR) People’s Government Dáta breithe: Deireadh Fómhair 1966 Áit bhreithe: Yilong, Sichuan (China) Náisiúntacht: Síneach Inscne: fireann |
Stiúrthóir ar Xinjiang Public Security Bureau (XPSB) ó mhí Eanáir 2021 agus Leaschathaoirleach ar Xinjiang Uygur Autonomous Region (XUAR) People’s Government. |
22.3.2021 |
|
|
|
|
Ina cháil mar Stiúrthóir ar XPSB, tá príomhról ag Chen Mingguo i bhfearas slándála Xinjiang agus baint dhíreach aige le cur chun feidhme cláir faireachais, coinneála agus síolteagaisc ar an mórscála ina ndéantar spriocdhíriú ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile. Go háirithe, rinne XPSB Integrated Joint Operations Platform (IJOP) [Ardán d’oibríochtaí comhpháirteacha comhtháite]a imscaradh, clár mórshonraí a úsáidtear chun na milliúin Uigiúrach a lorg agus aird a tharraingt orthu siúd a mheastar “baol bagartha” a bheith ag baint leo lena gcur go campa coinneála. Dá bhrí sin, tá Chen Mingguo freagrach as mí-úsáidí tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa tSín, go háirithe coinneáil threallach agus íde tháireach ar Uigiúraigh agus ar dhaoine ó mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha eile, chomh maith le sáruithe córasacha ar a saoirse reiligiúin nó creidimh. |
|
9. |
JONG Kyong-thaek (ar a dtugtar freisin CHO’NG Kyo’ng-t’aek) |
정경택 (Litriú Cóiréise) |
Post/Poist: Stiúrthóir ar an General Political Department of the Korean’s People’s Army; Aire Slándála Stáit an Democratic People’s Republic of Korea (DPRK) Dáta breithe: idir 1.1.1961 agus 31.12. 1963 Náisiúntacht: Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPRK) Inscne: fireann |
Stiúrthóir ar an General Political Department of the Korean’s People’s Army. Is é a bhí ina Aire Slándála Stáit Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPRK) ó 2017 go dtí 2022. Tá Aireacht Slándála Stáit DPRK ar cheann de na hinstitiúidí ceannródaíocha a bhfuil de chúram orthu beartais slándála choisctheacha DPRK a chur chun feidhme, lena ndírítear ar easaontas polaitiúil, teacht isteach faisnéise “treascraí” ó thar lear agus aon iompar eile a mheastar a bheith ina bhagairt thromchúiseach ar an gcóras polaitiúil agus ar a cheannaireacht a shainaithint agus a chur faoi chois. |
22.3.2021 |
|
|
|
|
Ina cháil mar iar-Cheann ar an Aireacht Slándála Stáit, tá Jong Kyong-thaek freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, go háirithe céasadh agus íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomair nó treallacha, fuadach, agus gabháil agus coinneáil threallach, mar aon le saothar éignithe forleathan agus foréigean gnéasach i gcoinne na mban. |
|
10. |
RI Yong Gil (ar a dtugtar freisin RI Yong Gi, RI Yo’ng-kil, YI Yo’ng-kil) |
리영길 (Litriú Cóiréise) |
Post/Poist: Aire Cosanta Náisiúnta an Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPRK) Grád: Leas-Mharascal Dáta breithe: 1955 Náisiúntacht: Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPRK) Inscne: fireann |
Is é Ri Yong Gil Aire Cosanta Náisiúnta Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPRK). Ba é an tAire Slándála Sóisialta é ó Eanáir 2021 go dtí Meitheamh nó Iúil 2021. Ba é Ceannasaí ar Fhoireann Ghinearálta an Korean People’s Army (KPA) é idir 2018 agus Eanáir 2021. Tugadh ardú céime dó go Leas-Mharascal KPA an 14 Aibreán 2022. Ina cháil mar Aire Cosanta Náisiúnta, tá Ri Yong Gil freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear na sáruithe sin a rinne comhaltaí den Military Security Command agus d’aonaid eile de KPA. |
22.3.2021 |
|
|
|
|
Is iad Aireacht Slándála Stáit DPRK (ar a dtugtaí Aireacht Slándála na nDaoine nó Aireacht Slándála Poiblí tráth) agus an Military Security Command na príomhinstitiúidí a bhfuil de chúram orthu beartais slándála choisctheacha DPRK a chur chun feidhme, lena n áirítear ceastóireacht agus pionós a chur ar dhaoine a bhí ag teitheadh “go neamhdhleathach” ó DPRK. Tá an Aireacht Slándála Sóisialta i bhfeighil na gcampaí príosúin agus na n-ionad coinneála oibre trína Biúró Príosúin, mar a mbíonn príosúnaigh agus cimí faoi réir ocras d’aon ghnó agus íde mhídhaonna eile. |
|
|
|
|
|
Ina cháil mar iarCheann ar an Aireacht Slándála Sóisialta, tá Ri Yong Gil freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine in DPRK, go háirithe céasadh agus íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomair nó treallacha, fuadach, agus gabháil agus coinneáil threallach, mar aon le saothar éignithe forleathan agus foréigean gnéasach i gcoinne na mban. Ina cháil mar iarCheannaire ar Fhoireann Ghinearálta KPA, tá Ri Yong Gil freagrach chomh maith as sáruithe tromchúiseacha forleathana ar chearta an duine arna ndéanamh ag KPA. |
|
▼M3 ————— |
|||||
12. |
Abderrahim AL-KANI (ar a dtugtar freisin Abdul-Rahim AL-KANI, Abd-al-Rahim AL-KANI, Abdel Rahim KHALIFA Abdel Rahim AL-SHAQAQI) |
عبد الرحيم الكاني(Litriú Araibise) |
Post/Poist: comhalta den Kaniyat Militia Dáta breithe: 7.9.1997. Náisiúntacht: Libiach Uimhir an phas: PH3854LY Uimhir aitheantais: 119970331820 Inscne: fireann |
Tá Abderrahim Al-Kani ina chomhalta lárnach den Kaniyat Militia agus is deartháir le Ceann an Kaniyat Militia, Mohammed Khalifa Al-Khani é (a d’éag i mí Iúil 2021). Bhí smacht ag an Kaniyat Militia ar bhaile Tarhuna sa Libia idir 2015 agus Meitheamh 2020. Tá Abderrahim Al-Kani i gceannas ar an tslándáil inmheánach thar ceann an Kaniyat Militia. Sa cháil sin, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa Libia, go háirithe daoine a mharú go seachbhreithiúnach agus a fhuadach le forneart idir 2015 agus Meitheamh 2020 in Tarhuna. |
22.3.2021 |
|
|
|
|
Theith Abderrahim Al-Kani agus an Kaniyat Militia ó Tarhuna go luath i mí an Mheithimh 2020 chuig oirthear na Libia. Ina dhiaidh sin, aimsíodh roinnt olluaigheanna in Tarhuna agus meastar gurb é an Kaniyat Militia is cúis leo. |
|
13. |
Aiub Vakhaevich KATAEV (ar a dtugtar freisin: Ayubkhan Vakhaevich KATAEV) |
Аюб Вахаевич КАТАЕВ (ar a dtugtar freisin: Аюбхан Вахаевич КАТАЕВ) (litriú Rúisise) |
Post/Poist: IarCheann an Department of Ministry of Internal Affairs de chuid Chónaidhm na Rúise i gcathair Argun sa Chechen Republic Dáta breithe: 1.12.1980 nó 1.12. 1984 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Ceann an Department of Ministry of Internal Affairs de chuid Chónaidhm na Rúise i gcathair Argun i bPoblacht na Seisnia go dtí 2018. Ina cháil mar Cheann an Department of Ministry of Internal Affairs de chuid Chónaidhm na Rúise in Argun, rinne Aiub Kataev maoirseacht ar ghníomhaíochtaí a dhéanann gníomhaireachtaí áitiúla um shlándáil an stáit agus gníomhaireachtaí áitiúla póilíneachta. Ina cháil sin, rinne sé féin maoirseacht ar an ngéarleanúint fhorleathan chórasach sa tSeisnia a thosaigh in 2017. Dírítear an chos ar bolg ar dhaoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha (LGBTI), ar dhaoine a mheastar gur de ghrúpaí LGBTI iad, agus ar dhaoine eile a bhfuil amhras ina dtaobh go gcuireann siad i gcoinne Cheann Phoblacht na Seisnia. Tá Aiub Kataev agus fórsaí a bhí faoina cheannas tráth freagrach as sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa Rúis, go háirithe céasadh agus íde eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach chomh maith leis an ngabháil agus an choinneáil threallach agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha nó treallacha. Dar le go leor finnéithe, ghlac Aiub Kataev féin, páirt i gcéasadh coinnéalaithe agus rinne sé maoirseacht ar an gcéasadh sin. |
22.3.2021 |
14. |
Abuzaid (Abuzayed) Dzhandarovich VISMURADOV |
Абузайд Джандарович ВИСМУРАДОВ (litriú Rúisise) |
Post/Poist: IarCheannasaí ar fhoireann “Terek” de chuid an Special Rapid-Response Unit (SOBR), Leas-Phríomh-Aire an Chechen Republic, garda cosanta neamhoifigiúil Cheann an Chechen Republic, Ramzan Kadyrov Dáta breithe: 24.12.1975 |
IarCheannasaí ar Fhoireann “Terek” de chuid an Special Rapid-Response Unit (SOBR). Leas-Phríomh-Aire Phoblacht na Seisnia ón 23 Márta 2020. Garda cosanta neamhoifigiúil Cheann Phoblacht na Seisnia, Ramzan Kadyrov. Ba é Abuzaid Vismuradov ceannasaí fhoireann “Terek” de chuid an SOBR ó Mhárta 2012 go dtí Márta 2020. Ina cháil sin, rinne sé féin maoirseacht ar an ngéarleanúint fhorleathan chórasach sa tSeisnia a thosaigh in 2017. Dírítear an chos ar bolg ar dhaoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha (LGBTI), ar dhaoine a mheastar gur de ghrúpaí LGBTI iad agus ar dhaoine eile a bhfuil amhras ina dtaobh go gcuireann siad i gcoinne Ceann Phoblacht na Seisnia Ramzan Kadyrov. |
22.3.2021 |
|
|
|
Áit bhreithe: Akhmat-Yurt/Khosi-Yurt, Checheno-Ingush Autonomous Soviet Socialist Republic (ASSR) mar a thugtaí air, Chechen Republic mar a thugtar anois uirthi (Cónaidhm na Rúise) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Tá Abuzaid Vismuradov agus an t-aonad “Terek” a bhí faoina cheannas roimhe seo freagrach as sárú tromchúiseach a dhéanamh ar chearta an duine sa Rúis, go háirithe céasadh agus íde eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach chomh maith leis an ngabháil agus an choinneáil threallach agus maruithe agus básuithe seachbhreithiúnacha agus treallacha. Dar le go leor finnéithe, ghlac Abuzaid Vismuradov féin, páirt i gcéasadh coinnéalaithe agus rinne sé maoirseacht ar an gcéasadh sin. Is dlúthchomhlach le Ramzan Kadyrov, Ceann Phoblacht na Seisnia, é, atá i mbun feachtas cos ar bolg i gcoinne a fhreasúra pholaitiúil le roinnt mhaith blianta. |
|
15 |
Gabriel Moses LOKUJO |
- |
Post/Poist: Maorghinearál sa South Sudan People’s Defense Forces (SSPDF) Náisiúntacht: ón tSúdáin Theas Inscne: fireann |
Maorghinearálsa South Sudan People’s Defense Forces (SSPDF). Tá Gabriel Moses Lokujo freagrach as sárú tromchúiseach a dhéanamh ar chearta an duine sa tSúdáin Theas, go háirithe básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha. I mí na Bealtaine 2020, fuadaíodh agus básaíodh triúr oifigeach den Sudan People's Liberation Army in Opposition (SPLA-IO) ar ordú ó Mhaorghinearál Lokujo. |
22.3.2021 |
|
|
|
|
I mí Mheán Fómhair 2020, thug Maorghinearál Lokujo cúl leis an SPLA-IO agus chuaigh leis an SSPDF agus tá sé freagrach as na caismirtí a tharla ina dhiaidh sin sa Moroto Training Center agus an ceantar máguaird i ndeisceart Central Equatoria. De thoradh air sin, tuairiscíodh roinnt básanna agus gortuithe ar an dá thaobh i ráithe dheiridh 2020, agus rinneadh sibhialtaigh a easáitiú freisin, go háirithe i gceantar Kajo-Keji den Central Equatoria State. D'fhan fórsaí Mhaorghinearál Lokujo sa cheantar, mar ar tuairiscíodh roinnt caismirtí eile agus mar ar leanann sábháilteacht agus slándáil na gcomhphobal sibhialtach de bheith i mbaol. |
|
16. |
Dimitriy (Dimitry, Dmitri, Dmitry) Valerievich UTKIN |
Дмитрий Валерьевич Уткин (Litriú Rúisise) |
Post/Poist: Bunaitheoir agus ceannasaí an Wagner Group Grád: Leifteanantchoirnéal (cúltaca) Ar a dtugtar freisin: Vagner, Wagner, The Nineth Sonraí aitheantais an Wagner Group: M-0209 Dáta breithe: 1.6.1970 nó 11.6.1970 Áit bhreithe: Asbest, Sverdlovsk Oblast, Russian SFSR (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Seoladh: Pskov, Russian Federation Inscne: fireann |
Is é Dimitriy Utkin, iaroifigeach faisnéise míleata Rúiseach (GRU), bunaitheoir Ghrúpa Wagner agus tá sé freagrach as oibríochtaí a chomhordú agus a phleanáil chun amhais de Ghrúpa Wagner a imscaradh i dtíortha éagsúla. Agus ról ceannaireachta aige laistigh de Ghrúpa Wagner, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a rinne an grúpa, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha. Áirítear leis seo an céasadh chun báis a rinne ceathrar comhalta de Ghrúpa Wagner ar thréigtheoir Siriach i mí an Mheithimh 2017 maidir le bás tréigtheoir Siriach i ngobharnóireacht Homs na Siria. De réir iarchomhalta de Ghrúpa Wagner, d’ordaigh Dimitriy Utkin féin céasadh chun báis an tréigtheora chomh maith le scannánú ar an ngníomh. |
13.12.2021 |
17. |
Stanislav Evgenievitch DYCHKO |
Станислав Евгеньевич Дычко (Litriú Rúisise) |
Post/Poist: Amhas Ghrúpa Wagner Dáta breithe: 1990 Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is amhas de Ghrúpa Wagner é Stanislav Dychko, iarfhostaí de phóilíní Stavropol. In éineacht le triúr amhas eile de Ghrúpa Wagner, ghlac sé páirt i gcéasadh chun báis tréigtheora Shiriaigh i mí an Mheithimh 2017 i ngobharnóireacht Homs na Siria. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine sa tSiria. |
13.12.2021 |
18. |
Valery (Valeriy) Nikolaevich ZAKHAROV |
Валерий Николаевич Захаров (Litriú Rúisise) |
Post/Poist: Comhairleoir slándála d’Uachtarán Phoblacht na hAfraice Láir (PAL) Uimhir aitheantais Ghrúpa Wagner: M-5658 Dáta breithe: 12.1.1970 Áit bhreithe: Leningrad, Russian SFSR (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is é Valery Zakharov, iarchomhalta de shlándáil stáit na Rúise (FSB), comhairleoir slándála Uachtarán Phoblacht na hAfraice Láir (PAL). Is duine ríthábhachtach é i struchtúr ceannais Ghrúpa Wagner agus coinníonn sé dlúthnaisc ar bun le húdaráis na Rúise. Mar gheall ar an tionchar atá aige ar PAL agus ar a ról ceannasach i nGrúpa Wagner, tá sé freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine arna ndéanamh ag Grúpa Wagner in PAL, lena n-áirítear básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha. Áirítear leis seo dúnmharú triúr iriseoirí Rúiseacha in 2018, a raibh a slándáil faoi fhreagracht Valery Zakharov. |
13.12.2021 |
Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí
|
Ainm (Traslitriú isteach i script na Laidine) |
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Cúiseanna lena liostiú |
Dáta an liostaithe |
1. |
Xinjiang Production and Construction Corps Public Security Bureau |
新疆生产建设兵团公安局 (Litriú Síneach) |
Seoladh: 106 Guangming Road, Urumqi, Xinjiang Uyghur Autonomous Region (XUAR), an tSín Teileafón: +86 991 598 8114 |
Tá an Xinjiang Production and Construction Corps (XPCC) Public Security Bureau i gceannas ar bheartais uile XPCC i ndáil le gnóthaí slándála a chur chun feidhme, lena n-áirítear bainistiú ionad coinneála. Is eagraíocht eacnamaíoch pharamíleateach faoi úinéireacht an stáit in Xinjiang Uyghur Autonomous Region na Síne é XPCC, a bhfuil an t-údarás riaracháin á fheidhmiú aige agus na gníomhaíochtaí eacnamaíocha á rialú aige in Xinjiang. |
22.3.2021 |
|
|
|
|
Mar an eagraíocht atá i gceannas beartais slándála laistigh de XPCC, tá an XPCC Public Security Bureau freagrach as sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa tSín, go háirithe coinneáil threallach ar mórscála agus táiríde ar Uigiúraigh agus ar dhaoine de chuid mionlach eitneach Moslamach eile, chomh maith le sáruithe córasacha ar a saoirse reiligiúin nó creidimh, mar chuid, inter alia, den chur chun feidhme a rinne an XPCC ar chlár mórscála faireachais, coinneála agus síolteagaisc a bhí dírithe ar mhionlaigh eitneacha Mhoslamacha. Mar chuid den chlár sin, úsáideann XPCC Uigiúraigh agus daoine eile ar de chuid mionlach eitneach Moslamach iad mar lucht saothair éignithe, go háirithe i ngoirt chadáis. Mar an eagraíocht atá i gceannas ar bheartais slándála laistigh de XPCC, tá an XPCC Public Security Bureau freagrach as úsáid chórasach a bhaint as saothar éignithe. |
|
2. |
Central Public Prosecutor’s Office (dá ngairtear Office of the Prosecutor of the Democratic People’s Republic of Korea (DPRK) freisin) |
조선민주주의인민공화국 중앙검찰소(Litriú Cóiréach) |
|
Is institiúid í an Central Public Prosecutor’s Office a dhéanann maoirseacht ar na himeachtaí coiriúla uile sa Democratic People’s Republic of Korea (DPRK), lena n-áirítear imscrúdú, ceistiú, coinneáil réamhthrialach agus trialacha. |
22.3.2021 |
|
|
|
|
Úsáidtear an Central Public Prosecutor’s Office chun daoine a ionchúiseamh agus a phionósú as mí-iompar polaitiúil i dtrialacha atá go héagórach ón mbonn aníos. Tá freagracht institiúideach uirthias sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine i ngnáthphríosúin agus i ngnáthionaid choinneála cheistiúcháin freisin ós rud é nach ndéanann sé cearta na gcimí réamhthrialacha nó na bpríosúnach ciontaithe a fhorfheidhmiú. I ndlúthchomhar leis na hAireachtaí Slándála Stáit agus Slándála Sóisialta, tá freagracht uirthi as sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine, agus is í a thugann dlisteanacht dóibh, ar sáruithe iad a dhéanann fearas slándála DPRK, go háirithe céasadh agus íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha, fuadach, agus gabháil agus coinneáil threallach. |
|
3. |
Kaniyat Militia (ar a dtugtaí 7th Brigade, Tarhuna 7th Brigade, Tarhuna Brigade tráth) (ar a dtugtar freisin 9th Brigade, Al-Kani Militia, Al-Kaniyat, Kani Brigade, Kaniat, Kaniyat, Kanyat) |
مليشيا كانيات(Litriú Araibise) |
|
Is mílíste arna armáil ag an Libia í an Kaniyat Militia a raibh smacht aige ar bhaile Tarhuna sa Libia idir 2015 agus Meitheamh 2020. Tar éis don mhílíste sin teitheadh chuig Oirthear Libia ó mhí an Mheithimh 2020, aimsíodh olluaigheanna in Tarhuna, arb é an Kaniyat Militia ba chúis leo, ceaptar. Tá an Kaniyat Militia freagrach as sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine, go háirithe maruithe seachbhreithiúnacha agus fuadach. |
22.3.2021. |
4. |
National Security Office (dá ngairtear National Security Agency freisin) of the Government of Eritrea |
- |
Faoi cheannas Maorghinearál Abraha Kassa |
Tá National Security Office (dá ngairtear National Security Agency freisin) of the Government of Eritrea faoi cheannas Maorghinearál Abraha Kassa agus faoi mhaoirseacht Oifig an Uachtaráin. Tá an National Security Office eagraithe ina sé cinn d'oifigí, agus gach ceann díobh siúd roinnte ina trí roinn a bhfuil freagracht orthu faoi seach as faisnéis, gabhálacha agus ceistiúchán. Tá an National Security Office freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Eiritré, go háirithe gabhálacha treallacha, maruithe seachbhreithiúnacha, fuadach agus céasadh arna dhéanamh ag a cuid gníomhaithe. |
22.3.2021. |
5. |
Wagner Group (ar a dtugtar freisin Vagner Group, PMC Wagner, Liga, League) |
Группа Вагнера (Litriú Rúisise) |
|
Is eintiteas neamhchorpraithe míleata príobháideach atá bunaithe sa Rúis é Grúpa Wagner, a bunaíodh in 2014 mar eagraíocht a tháinig i gcomharbacht ar Chór Slavach. Tá sé faoi stiúir Dimitriy Utkin agus maoinithe ag Yevgeny Prigozhin. Trí eintitis áitiúla a bhunú, agus le tacaíocht ó rialtais áitiúla, maoiníonn agus déanann Grúpa Wagner a chuid oibríochtaí. Tá Grúpa Wagner freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Úcráin, sa tSiria, sa Libia, i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL), sa tSúdáin, i Mailí agus i Mósaimbíc, lena n-áirítear céasadh agus básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomaire nó treallacha. |
13.12.2021 |
IARSCRÍBHINN II
Suíomhanna gréasáin le haghaidh faisnéis maidir leis na húdaráis inniúla agus an seoladh chun fógraí a chur chuig an gCoimisiún
AN BHEILG
https://diplomatie.belgium.be/en/policy/policy_areas/peace_and_security/sanctions
AN BHULGÁIR
https://www.mfa.bg/en/EU-sanctions
AN tSEICIA
www.financnianalytickyurad.cz/mezinarodni-sankce.html
AN DANMHAIRG
http://um.dk/da/Udenrigspolitik/folkeretten/sanktioner/
AN GHEARMÁIN
https://www.bmwi.de/Redaktion/DE/Artikel/Aussenwirtschaft/embargos-aussenwirtschaftsrecht.html
AN EASTÓIN
https://vm.ee/et/rahvusvahelised-sanktsioonid
ÉIRE
https://www.dfa.ie/our-role-policies/ireland-in-the-eu/eu-restrictive-measures/
AN GHRÉIG
http://www.mfa.gr/en/foreign-policy/global-issues/international-sanctions.html
AN SPÁINN
https://www.exteriores.gob.es/es/PoliticaExterior/Paginas/SancionesInternacionales.aspx
AN FHRAINC
http://www.diplomatie.gouv.fr/fr/autorites-sanctions/
AN CHRÓIT
https://mvep.gov.hr/vanjska-politika/medjunarodne-mjere-ogranicavanja/22955
AN IODÁIL
https://www.esteri.it/it/politica-estera-e-cooperazione-allo-sviluppo/politica_europea/misure_deroghe/
AN CHIPIR
https://mfa.gov.cy/themes/
AN LAITVIA
http://www.mfa.gov.lv/en/security/4539
AN LIOTUÁIN
http://www.urm.lt/sanctions
LUCSAMBURG
https://maee.gouvernement.lu/fr/directions-du-ministere/affaires-europeennes/organisations-economiques-int/mesures-restrictives.html
AN UNGÁIR
https://kormany.hu/kulgazdasagi-es-kulugyminiszterium/ensz-eu-szankcios-tajekoztato
MÁLTA
https://foreignandeu.gov.mt/en/Government/SMB/Pages/SMB-Home.aspx
AN ÍSILTÍR
https://www.rijksoverheid.nl/onderwerpen/internationale-sancties
AN OSTAIR
https://www.bmeia.gv.at/themen/aussenpolitik/europa/eu-sanktionen-nationale-behoerden/
AN PHOLAINN
https://www.gov.pl/web/dyplomacja/sankcje-miedzynarodowe
https://www.gov.pl/web/diplomacy/international-sanctions
AN PHORTAINGÉIL
https://www.portaldiplomatico.mne.gov.pt/politica-externa/medidas-restritivas
AN RÓMÁIN
http://www.mae.ro/node/1548
AN tSLÓIVÉIN
http://www.mzz.gov.si/si/omejevalni_ukrepi
AN tSLÓVAIC
https://www.mzv.sk/europske_zalezitosti/europske_politiky-sankcie_eu
AN FHIONLAINN
https://um.fi/pakotteet
AN tSUALAINN
https://www.regeringen.se/sanktioner
Seoladh chun fógraí a chur chuig an gCoimisiún Eorpach:
An Coimisiún Eorpach
An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil (AS FISMA)
Rue de Spa/Spastraat 2
1049 Bruxelles/Brussel, BELGIQUE/BELGIË
R-phost: relex-sanctions@ec.europa.eu