02019R1239 — GA — 15.08.2025 — 001.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
|
RIALACHÁN (AE) 2019/1239 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 20 Meitheamh 2019 (IO L 198 25.7.2019, lch. 64) |
Arna leasú le:
|
|
|
Iris Oifigiúil |
||
|
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
|
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/205 ÓN gCOIMISIÚN an 7 Samhain 2022 |
L 33 |
24 |
3.2.2023 |
|
RIALACHÁN (AE) 2019/1239 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Meitheamh 2019
lena mbunaítear timpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/65/AE
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Bunaítear leis an Rialachán seo creat do thimpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí (“EMSWe”) atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus idir-inoibrithe ag a bhfuil comhéadain chomhchuibhithe, d’fhonn tarchur leictreonach faisnéise a éascú i ndáil le hoibleagáidí tuairiscithe do longa ag teacht isteach agus ag fanacht i gcalafort de chuid an Aontais agus do longa ag imeacht uaidh.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “timpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí” (“EMSWe”) an creat dlíthiúil agus teicniúil do tharchur leictreonach faisnéise i ndáil leis na hoibleagáidí tuairiscithe do chuarda ar chalafort san Aontas, arb é atá ann líonra Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta ag a bhfuil comhéadain chomhchuibhithe maidir le tuairisciú agus lena n-áirítear an malartú sonraí trí SafeSeaNet agus córais ábhartha eile maille le seirbhísí comhchoiteanna do chlárlann úsáideoirí agus do bhainistíocht rochtana, seolachán, sainaitheantas long, cóid suímh agus faisnéis maidir le hearraí contúirteacha agus truaillithe agus maidir leis an tsláinte;
ciallaíonn “long” aon soitheach nó árthach farraige atá ag oibriú sa mhuirthimpeallacht atá faoi réir oibleagáid tuairiscithe faoi leith a liostaítear san Iarscríbhinn;
ciallaíonn “Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta” ardán teicniúil arna bhunú agus arna oibriú go náisiúnta d’fhonn faisnéis a fháil, a mhalartú agus a chur ar aghaidh go leictreonach chun oibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh agus lena n-áirítear bainistiú ar chearta rochtana a bhfuil sainmhíniú comhchoiteann leis, modúl comhéadain comhchuibhithe maidir le tuairisciú agus comhéadan grafach úsáideora chun cumarsáid a dhéanamh leis na dearbhóirí mar aon le naisc le córais agus bunachair sonraí na n-údarás ábhartha ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais trína gcumasaítear teachtaireachtaí nó dearbhuithe a chumhdaíonn an réimse is leithne cinntí arna nglacadh ag na húdaráis rannpháirteacha ábhartha uile a chur in iúl do na dearbhóirí. agus trína bhféadfaí, i gcás inarb infheidhme, nascadh le modhanna eile tuairiscithe;
ciallaíonn “modúl comhéadain comhchuibhithe maidir le tuairisciú” comhpháirt meánearraí san Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta trínar féidir faisnéis a mhalartú idir an córas faisnéise arna úsáid ag an dearbhóir agus an tIonad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta ábhartha;
ciallaíonn “oibleagáid tuairiscithe” an fhaisnéis a éilítear de réir na ngníomhartha dlí de chuid an Aontais agus na ngníomhartha dlí idirnáisiúnta a liostaítear san Iarscríbhinn, agus de réir na reachtaíochta agus na gceanglas náisiúnta dá dtagraítear san Iarscríbhinn, ar faisnéis í nach mór a sholáthar i ndáil le cuaird ar chalafort;
ciallaíonn “cuaird ar chalafort” teacht loinge chuig calafort muirí i mBallstát, fanacht loinge ann, agus imeacht loinge uaidh;
ciallaíonn “eilimint sonraí” an t-aonad faisnéise is lú a bhfuil sainiú uathúil agus tréithe teicniúla beachta aige amhail formáid, fad agus cló carachtair;
ciallaíonn “tacar sonraí EMSWe” an liosta iomlán d’eilimintí sonraí a eascraíonn as oibleagáidí tuairiscithe;
ciallaíonn “comhéadan grafach úsáideora” comhéadan gréasáin le haghaidh cur isteach gréasánbhunaithe sonraí chuig Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta, ar cur isteach dhá threo idir an t-úsáideoir agus an córas é, lenar féidir na dearbhóirí sonraí a iontráil de láimh, inter alia trí bhíthin scarbhileoga digiteacha comhchuibhithe agus feidhmeanna lena gcumasaítear eilimintí sonraí tuairiscithe a asbhaint ó na scarbhileoga sin, agus lena n-áirítear feidhmiúlachtaí comhchoiteanna agus gnéithe lena n-áirithítear sreabhadh nascleanúna comhchoiteann agus feidhmiúlacht uaslódála sonraí chomhchoiteanna do na dearbhóirí;
ciallaíonn “seirbhís chomhchoiteann seolacháin” seirbhís dheonach bhreise do dhearbhóirí chun naisc sonraí díreacha idirchórasacha a thionscnamh idir córas an dearbhóra agus an modúl comhéadain comhchuibhithe maidir le tuairisciú an Ionaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta faoi seach;
ciallaíonn “dearbhóir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá faoi réir na n-oibleagáidí tuairiscithe nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach cuí-údaraithe ag gníomhú dóibh thar ceann an duine sin laistigh de theorainneacha na hoibleagáide tuairiscithe ábhartha;
ciallaíonn “údaráis chustaim” na húdaráis a shainítear i bpointe 1 d’Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;
ciallaíonn “soláthraí seirbhíse sonraí” duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn seirbhísí faisnéise agus teicneolaíochta cumarsáide do dhearbhóir i ndáil leis na hoibleagáidí tuairiscithe;
ciallaíonn “tarchur leictreonach faisnéise” an próiseas chun faisnéis atá ionchódaithe go digiteach a tharchur, agus úsáid á baint as formáid struchtúrtha in-athbhreithnithe is féidir le ríomhairí a úsáid go díreach chun sonraí a stóráil agus a phróiseáil;
ciallaíonn “soláthraí seirbhísí calafoirt” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann ar fáil catagóir amháin nó níos mó de na seirbhísí calafoirt a liostaítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ).
CAIBIDIL II
TACAR SONRAÍ EMSWe
Airteagal 3
Bunú tacair sonraí EMSWe
Déanfar an chéad ghníomh tarmligthe den chineál sin a ghlacadh faoin 15 Lúnasa 2021.
Faoi mar a leagtar amach in Airteagal 4, féadfaidh Ballstát a iarraidh ar an gCoimisiún eilimintí sonraí a thabhairt isteach nó a leasú i dtacar sonraí EMSWe, i gcomhréir leis na hoibleagáidí tuairiscithe sa reachtaíocht agus sna ceanglais náisiúnta. Tráth a ndéanfaí a mheas cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil eilimintí sonraí le áireamh i dtacar sonraí EMSWe, cuirfidh an Coimisiún cúraimí sábháilteachta, chomh maith le prionsabail Choinbhinsiún FAL, san áireamh, is é sin nach gceanglaítear ach faisnéis bhunriachtanach amháin a thuairisciú agus líon na míreanna a theorannú don íosmhéid é.
Cinnfidh an Coimisiún, laistigh de 3 mhí tar éis na hiarrata, an ndéanfar na heilimintí sonraí a thabhairt isteach i dtacar sonraí EMSWe agus tabharfaidh sé údar cuí lena chinneadh.
Gníomh tarmligthe lena dtugtar isteach nó lena leasaítear eilimint sonraí i dtacar sonraí EMSWe, áireofar leis tagairt fhollasach don reachtaíocht agus do na ceanglais náisiúnta dá dtagraítear sa tríú fomhír.
I gcás ina gcinneann an Coimisiún gan an eilimint sonraí a iarradh a thabhairt isteach, tabharfaidh an Coimisiún cúiseanna cuí-réasúnaithe lena dhiúltú, agus tagairt iontu do shábháilteacht na loingseoireachta agus do phrionsabail Choinbhinsiún FAL.
Airteagal 4
Tacar sonraí EMSWe a leasú
Tráth nach déanaí ná mí amháin roimh dheireadh na tréimhse deiridh 3 mhí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh an Ballstát a iarraidh ar an gCoimisiún go ndéanfaí cuid de thacar sonraí EMSWe de na heilimintí sonraí breise, i gcomhréir le hAirteagal 3(3). Féadfaidh an Ballstát leanúint de na heilimintí sonraí breise a iarraidh ar dhearbhóirí go dtí go ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh, agus i gcás ina ndéantar cinneadh deimhneach, go dtí go mbeidh tacar sonraí EMSWe leasaithe curtha chun feidhme.
CAIBIDIL III
SOLÁTHAR FAISNÉISE
Airteagal 5
Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta
Is iad na Ballstáit a bheidh freagrach as oibriú a nIonad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta.
Féadfaidh na Ballstáit ionad ilfhreastail mhuirí a bhunú ar bhonn comhpháirteach le Ballstát amháin eile nó níos mó. Ainmneoidh na Ballstáit sin an t-ionad ilfhreastail mhuirí sin mar Ionad Ilfhreastail Náisiúnta acu agus leanfaidh siad de bheith freagrach as a oibriú i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Is iad na Ballstáit a áiritheoidh:
comhoiriúnacht an Ionaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta leis an modúl comhéadain comhchuibhithe maidir le tuairisciú agus go gcomhlíonfaidh a gcomhéadan grafach úsáideora a Ionaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta na feidhmiúlachtaí comhchoiteanna i gcomhréir le hAirteagal 6(2);
comhtháthú tráthúil na gcomhéadan comhchuibhithe maidir le tuairisciú i gcomhréir leis na dátaí cur chun feidhme a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 6 agus aon nuashonruithe ina dhiaidh sin i gcomhréir leis na dátaí a comhaontaíodh sa Phlean Cur Chun Feidhme Ilbhliantúil (MIP);
ceangal le córais ábhartha na n-údarás inniúil, chun aistriú sonraí a chumasú atá le tuairisciú do na húdaráis sin, tríd an Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta, agus chuig na córais sin, i gcomhréir le gníomhartha dlí an Aontais agus leis an reachtaíocht náisiúnta agus na ceanglais náisiúnta, agus i gcomhréir le sonraíochtaí teicniúla na gcóras sin;
go soláthrófar deasc chabhrach le linn na 12 mhí ón 15 Lúnasa 2025, agus suíomh gréasáin tacaíochta ar líne dá nIonad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta ar a mbeidh treoracha soiléire i dteanga(cha) oifigiúil (oifigiúla) an Bhallstáit sin agus, i gcás inarb iomchuí, i dteanga a úsáidtear go hidirnáisiúnta;
soláthar oiliúna a bheidh leormhaith agus a mbeidh gá léi le haghaidh na mball foirne uile a bheidh rannpháirteach go díreach in oibriú an Ionaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta.
Déanfar an chéad ghníomh cur chun feidhme den chineál sin a ghlacadh faoin 15 Lúnasa 2021.
Airteagal 6
Comhéadain Chomhchuibhithe maidir le Tuairisciú
Déanfar an chéad ghníomh cur chun feidhme den chineál sin a ghlacadh faoin 15 Lúnasa 2021.
Déanfar an chéad ghníomh cur chun feidhme den chineál sin a ghlacadh faoin 15 Lúnasa 2021.
Airteagal 7
Modhanna eile tuairiscithe
Airteagal 8
Prionsabal na haonuaire
Airteagal 9
Freagracht as an bhfaisnéis arna cur in iúl
Is é an dearbhóir a bheidh freagrach as eilimintí sonraí a chur isteach, i gcomhréir leis na ceanglais dhlíthiúla agus theicniúla is infheidhme. Is é an dearbhóir a bheidh freagrach i gcónaí as na sonraí, agus as nuashonrú aon fhaisnéise ar tháinig athrú uirthi tar éis di a bheith curtha isteach chuig an Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta.
Airteagal 10
Cosaint sonraí agus rúndacht
Airteagal 11
Forálacha breise custaim
Déanfar an chéad ghníomh cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh faoin 15 Lúnasa 2021.
CAIBIDIL IV
SEIRBHÍSÍ COMCHOITEANNA
Airteagal 12
Clárlann úsáideoirí agus córas bainistíochta rochtana EMSWe
Déanfar an chéad ghníomh cur chun feidhme den chineál sin a ghlacadh faoin 15 Lúnasa 2021.
Airteagal 13
Seirbhís chomhchoiteann seolacháin
Airteagal 14
Bunachar Sonraí Long EMSWe
Déanfar an chéad ghníomh cur chun feidhme den chineál sin a ghlacadh faoin 15 Lúnasa 2021.
Airteagal 15
Bunachar Sonraí Comhchoiteann Suíomhanna
Déanfar an chéad ghníomh cur chun feidhme den chineál sin a ghlacadh faoin 15 Lúnasa 2021.
Airteagal 16
Bunachar Sonraí Comhchoiteann um Ábhair Ghuaiseacha
Déanfar an chéad ghníomh cur chun feidhme den chineál sin a ghlacadh faoin 15 Lúnasa 2021.
Airteagal 17
Bunachar Sonraí Comhchoiteann maidir le Sláintíocht Long
Beidh rochtain ag údaráis inniúla sláinte na mBallstát ar an mbunachar sonraí chun sonraí a fháil agus a mhalartú.
CAIBIDIL V
COMHORDÚ GNÍOMHAÍOCHTA EMSWe
Airteagal 18
Comhordaitheoirí náisiúnta
Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil náisiúnta ag a mbeidh sainordú soiléir dlíthiúil chun feidhmiú mar chomhordaitheoir náisiúnta do EMSWe. Déanfaidh an comhordaitheoir náisiúnta an méid seo a leanas:
feidhmeoidh sé mar phointe teagmhála náisiúnta d’úsáideoirí agus don Choimisiún i leith gach ábhar a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo;
comhordóidh sé na húdaráis inniúla náisiúnta agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm acu laistigh de Bhallstát ar leith, agus comhordóidh sé an comhar eatarthu;
comhordóidh sé na gníomhaíochtaí a bhfuil mar sprioc acu leithdháileadh na faisnéise agus an nasc le córais ábhartha na n-údarás inniúil dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 5(3) a áirithiú.
Airteagal 19
Plean Cur Chun Feidhme Ilbhliantúil
Chun cur chun feidhme tráthúil an Rialacháin seo a éascú, agus sásraí rialaithe cáilíochta agus nósanna imeachta a chur ar fáil d’imlonnú, cothabháil agus nuashonrú an mhodúil comhéadain chomhchuibhithe agus ghnéithe comhchuibhithe gaolmhara EMSWe, glacfaidh an Coimisiún, tar éis comhairliúchán iomchuí le saineolaithe na mBallstát, Plean Cur chun Feidhme Ilbhliantúil, déanfaidh sé é a leasú ar bhonn bliantúil agus soláthrófar ann:
plean d’fhorbairt agus nuashonrú na gcomhéadan comhchuibhithe maidir le tuairisciú agus ghnéithe comhchuibhithe gaolmhara EMSWe dá bhforáiltear, thar na 18 mí ina dhiaidh sin;
plean d’fhorbairt na seirbhíse comhchoitinne seolacháin faoin 15 Lúnasa 2024;
dátaí táscacha le haghaidh comhairliúchán le páirtithe leasmhara ábhartha;
spriocdhátaí táscacha do na Ballstáit maidir le comhtháthú na gcomhéadan comhchuibhithe maidir le tuairisciú ina dhiaidh sin leis na hIonaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta;
spriocdhátaí táscacha maidir le forbairt seirbhíse comhchoitinne seolacháin ag an gCoimisiún i ndiaidh chur chun feidhme an mhodúil comhéadain chomhchuibhithe maidir le tuairisciú;
tréimhsí tástála do na Ballstáit agus do na dearbhóirí chun a nasc le leagan nua ar bith de na comhéadain chomhchuibhithe maidir le tuairisciú a thástáil;
tréimsí tástála le haghaidh na seirbhíse comhchoitinne seolacháin;
céimniú amach táscach na spriocdhátaí do na leaganacha níos sine de na comhéadain chomhchuibhithe maidir le tuairisciú do na Ballstáit agus do na dearbhóirí.
CAIBIDIL VI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 20
Costais
Is é buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a chumhdóidh na costais na nithe seo a leanas:
forbairt agus cothabháil na n-uirlisí TFC ag an gCoimisiún agus EMSA a thacaíonn le cur chun feidhme an Rialacháin seo ar leibhéal an Aontais;
cur chun cinn EMSWe ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear i measc páirtithe leasmhara ábhartha, agus ar leibhéal na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha.
Airteagal 21
Comhar le córais nó seirbhísí eile maidir le héascú na trádála agus an iompair
I gcás inar cruthaíodh córais nó seirbhísí maidir le héascú na trádála agus an iompair le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, is é an Coimisiún a chomhordóidh na gníomhaíochtaí a bhaineann leis na córais nó na seirbhísí sin d’fhonn sineirgí a ghnóthú agus chun dúbláil a sheachaint.
Airteagal 22
Athbhreithniú agus tuairisciú
Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar chur i bhfeidhm EMSWe, agus tuairisceoidh siad a gcuid torthaí don Choimisiún. Áireofar na táscairí seo a leanas sa tuairisc:
úsáid an mhodúil comhéadain chomhchuibhithe maidir le tuairisciú;
úsáid an chomhéadain ghrafaigh úsáideora;
úsáid modhanna tuairiscithe eile dá dtagraítear in Airteagal 7.
Cuirfidh na Ballstáit an tuarascáil sin faoi bhráid an Choimisiúin ar bhonn bliantúil, bunaithe ar theimpléad atá le soláthar ag an gCoimisiún.
Faoin 15 Lúnasa 2027, athbhreithneoidh an Coimisiún cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil mheasúnaithe faoi fheidhmiú EMSWe ar bhonn na sonraí agus na staitisticí a bailíodh. Áireofar sa tuarascáil mheasúnaithe sin, de réir mar is gá, meastóireacht ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, óna bhféadfadh athruithe teacht ar an modúl comhéadain comhchuibhithe maidir le tuairisciú nó a d’fhágfadh go gcuirfí modúl eile ina ionad.
Airteagal 23
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 24
Nós imeachta coiste
Airteagal 25
Treoir 2010/65/CE a aisghairm
Aisghairtear Treoir 2010/65/AE ón 15 Lúnasa 2025.
Déanfar tagairtí do Threoir 2010/65/AE a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.
Airteagal 26
Teacht i bhfeidhm
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN
OIBLEAGÁIDÍ TUAIRISCITHE
A. Oibleagáidí tuairiscithe a eascraíonn as gníomhartha dlí de chuid an Aontais
Áirítear leis an gcatagóir oibleagáidí tuairiscithe seo an fhaisnéis is gá a sholáthar i gcomhréir leis na forálacha seo a leanas:
A1 - Fógra a thabhairt do longa ag teacht isteach agus ag imeacht ó chalafoirt na mBallstát
Airteagal 4(1) de Threoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear córas faireacháin agus faisnéise um thrácht soithí de chuid an Chomhphobail (IO L 208, 5.8.2002, lch. 10).
A2 - Seiceálacha teorann ar dhaoine
Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).
A3 - Fógra a thabhairt faoi earraí contúirteacha nó truaillithe arna n-iompar ar bord
Airteagal 13 de Threoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear córas faireacháin agus faisnéise um thrácht soithí de chuid an Chomhphobail (IO L 208, 5.8.2002, lch. 10).
A4.1 - Réamhfhógra a thabhairt maidir le dramhaíl
Airteagal 6(1) de Threoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le saoráidí glactha calafoirt don seachadadh dramhaíola ó longa, lena leasaítear Treoir 2010/65/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/59/CE (IO L 151, 7.6.2019, lch. 116).
A4.2 - Admháil seachadta dramhaíola
Airteagal 7(3) de Threoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le saoráidí glactha calafoirt don seachadadh dramhaíola ó longa, lena leasaítear Treoir 2010/65/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/59/CE (IO L 151, 7.6.2019, lch. 116).
A5 - Faisnéis slándála loinge réamhtheachta
Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le slándáil long agus saoráidí calafoirt a fheabhsú (IO L 129, 29.4.2004, lch. 6).
Is í an fhoirm a leagtar amach san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo a úsáidfear chun na heilimintí sonraí a bhfuil gá leo a shainaithint faoi Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 725/2004.
A6.1 - Líon na ndaoine ag taisteal ar bord long d’iompar paisinéirí
Airteagal 4(2) de Threoir 98/41/CE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1998 maidir le clárú daoine ag taisteal ar bord long d’iompar paisinéirí a oibríonn isteach nó amach as calafoirt de chuid Bhallstáit an Chomhphobail (IO L 188, 2.7.1998, lch. 35).
A6.2 Faisnéis maidir le daoine ag taisteal ar bord long d’iompar paisinéirí
Airteagal 5(2) de Threoir 98/41/CE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1998 maidir le clárú daoine ag taisteal ar bord long d’iompar paisinéirí a oibríonn isteach nó amach as calafoirt de chuid Bhallstáit an Chomhphobail (IO L 188, 2.7.1998, lch. 35).
A7 - Foirmiúlachtaí custaim
A7.1 - Fógra a thabhairt faoi theacht (Airteagal 133 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1);
A7.2 - Earraí a thíolacadh do lucht custaim (Airteagal 139 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013);
A7.3 - Dearbhú le haghaidh stóráil shealadach earraí (Airteagal 145 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013);
A7.4 - Stádas custaim earraí (Airteagail 153 go 155 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;
A7.5 - Doiciméid leictreonacha iompair a mbaintear leas astu d’idirthuras (Airteagal 233(4), pointe (e) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013);
A7.6 - Fógra a thabhairt faoi imeacht (Airteagal 267 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013);
A7.7 - Dearbhú imeachta achomair (Airteagail 271 agus 272 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013);
A7.8 - Fógra a thabhairt maidir le hath-onnmhairiú (Airteagail 274 agus 275 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013).
A8 - Luchtú agus díluchtú sábháilte bulc-iompróirí
Airteagal 7(1), pointe (b) de Threoir 2001/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Nollaig 2001 lena mbunaítear na ceanglais agus na nósanna imeachta comhchuibhithe maidir le luchtú agus díluchtú sábháilte bulc-iompróirí (IO L 13, 16.1.2002, lch. 9).
A9 - Fógra a thabhairt maidir le teacht isteach longa atá incháilithe do chigireacht fhairsingithe
Airteagal 9(1) de Threoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú Stát calafoirt (IO L 131, 28.5.2009, lch. 57).
A10 - Staitisticí iompair mhuirí
Airteagal 3 de Threoir 2009/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le tuairisceáin staidrimh i ndáil le hiompar earraí agus paisinéirí de mhuir (IO L 141, 6.6.2009, lch. 29).
B. Doiciméid agus oibleagáidí tuairiscithe FAL a eascraíonn as ionstraimí dlí idirnáisiúnta
Áirítear leis an gcatagóir oibleagáidí tuairiscithe seo an fhaisnéis is gá a sholáthar i gcomhréir le Coinbhinsiún FAL agus le hionstraimí dlí idirnáisiúnta ábhartha eile.
FAL 1: Dearbhú Ginearálta
FAL 2: Dearbhú Lasta
FAL 3: Dearbhú Stóras Loinge
FAL 4: Dearbhú maidir le Maoin an Chriú
FAL 5: Liosta Criú
FAL 6: Liosta Paisinéirí
FAL 7: Earraí Contúirteacha
Dearbhú Sláinte Muirí
C. Oibleagáidí tuairiscithe a eascraíonn as ceanglais agus reachtaíocht náisiúnta
( 1 ) Rialachán (AE) 2017/352 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Feabhra 2017 lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort (IO L 57, 3.3.2017, lch. 1).
( 2 ) “Cód na Náisiún Aontaithe um Shuíomhanna Trádála agus Iompair”.