02019R0943 — GA — 16.07.2024 — 002.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN (AE) 2019/943 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (athmhúnlú) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 158 14.6.2019, lch. 54) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
RIALACHÁN (AE) 2022/869 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 30 Bealtaine 2022 |
L 152 |
45 |
3.6.2022 |
|
RIALACHÁN (AE) 2024/1747 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 13 Meitheamh 2024 |
L 1747 |
1 |
26.6.2024 |
RIALACHÁN (AE) 2019/943 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 5 Meitheamh 2019
maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas
(athmhúnlú)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
CAIBIDIL I
ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Is é is aidhm don Rialachán seo:
bunús a leagan síos chun spriocanna an Aontais Fuinnimh agus an cuspóir go mbeadh aeráidneodracht ann faoi 2050 ar a dhéanaí a bhaint amach go héifeachtúil, go háirithe an creat aeráide agus fuinnimh do 2030, trína fhágáil gur féidir comharthaí margaidh a chur ar fáil chun go mbaintear amach éifeachtúlacht mhéadaithe, sciar níos airde d’fhuinneamh in-athnuaite, slándáil an tsoláthair, solúbthacht, comhtháthú an chórais tríd an iliomad iompróirí fuinnimh, an inbhuanaitheacht, an dícharbónú agus an nuálaíocht;
prionsabail bhunúsacha a leagan síos do mhargaí leictreachais comhtháite a fheidhmíonn go maith, lena ndéantar rochtain neamh-idirdhealaitheach ar an margadh a thabhairt do gach soláthraí acmhainní agus gach custaiméir leictreachais, forbairt margaí todhchaíochta leictreachais a chumasú chun ligean do sholáthróirí agus do thomhaltóirí iad féin a fhálú nó iad féin a chosaint ar an riosca go mbeadh luaineacht ann amach anseo i bpraghsanna leictreachais, tomhaltóirí a chumhachtú agus a chosaint, iomaíochas ar an margadh domhanda a áirithiú, slándáil an tsoláthair agus an tsolúbthacht a fheabhsú trí fhreagairt don éileamh, stóráil fuinnimh agus réitigh sholúbthachta neamhiontaise eile, éifeachtúlacht fuinnimh a áirithiú, comhbhailiú éilimh agus soláthair dháilte a éascú, agus comhtháthú margaidh agus earnála agus luach saothair margadhbhunaithe as leictreachas a ghintear ó fuinneamh in-athnuaite a chumasú;
rialacha córa a shocrú maidir le malartuithe trasteorann leictreachais, agus feabhas a chur, sa tslí sin, ar iomaíocht sa mhargadh inmheánach sa leictreachas, agus saintréithe áirithe na margaí náisiúnta agus réigiúnacha á gcur san áireamh, lena n-áirítear air sin bunú sásra cúitimh do shreafaí trasteorann leictreachais, socrú prionsabal comhchuibhithe maidir le muirir tarchurtha trasteorann agus maidir le leithdháileadh acmhainneachta atá ar fáil sna hidirnaisc idir córais tarchurtha náisiúnta;
teacht chun cinn margaidh mórdhíola sa leictreachas a éascú ar margadh é a bheidh trédhearcach agus a fheidhmeoidh go maith agus a rannchuideoidh le leibhéal ard slándála soláthair leictreachais agus foráiltear ann do shásraí chun na rialacha do mhalartuithe trasteorann sa leictreachas a chomhchuibhiú;
tacú le hinfheistíocht fadtéarmacha i nginiúint fuinnimh in-athnuaite, leis an tsolúbthacht agus le heangacha chun cur ar chumas tomhaltóirí a mbillí fuinnimh a dhéanamh níos inacmhainne agus níos neamhspleáiche ar luaineachtaí i bpraghsanna gearrthéarmacha ar an margadh leictreachais, go háirithe praghsanna breoslaí iontaise sa mheántéarma agus san fhadtéarma;
creat a leagan síos chun bearta a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna praghsanna leictreachais.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “idirnascaire” líne tarchurtha a thrasnaíonn nó a réisíonn teorainn idir Ballstáit agus a nascann córais náisiúnta tarchurtha na mBallstát.
ciallaíonn “údarás rialála” údarás rialála a ainmnítear ag gach Ballstát de bhun Airteagal 57(1) de Threoir (AE) 2019/944;
ciallaíonn “sreabh thrasteorann” sreabh fisiceach leictreachais ar líonra tarchurtha Ballstáit a eascraíonn as tionchar gníomhaíochtaí na dtáirgeoirí, na gcustaiméirí, nó araon, lasmuigh den Bhallstát sin ar a ghréasán tarchurtha;
ciallaíonn “plódú” staid a fhágann nach féidir freastal ar gach iarratas ó rannpháirtithe sa mhargadh chun trádáil a dhéanamh idir limistéir gréasáin toisc go n-imreodh siad tionchar suntasach ar na sreafaí fisiciúla ar eilimintí den ghréasán nach féidir leo freastal ar na sreabha sin;
ciallaíonn “idirnascaire nua” idirnascaire nár críochnaíodh faoin 4 Lúnasa 2003;
ciallaíonn “plódú struchtúrach” plódú sa chóras tarchurtha ar féidir é a shainiú go neamh-dhébhríoch, atá intuartha, a mbaineann cobhsaíocht gheografach leis le himeacht ama, agus a bhíonn ag atarlú go minic faoi ghnáthdhálaí na gcóras leictreachais cumhachta;
ciallaíonn “oibreoir margaidh” eintiteas a sholáthraíonn seirbhís faoina ndéantar na tairiscintí chun leictreachas a dhíol a mheaitseáil le tairiscintí chun leictreachas a cheannach;
ciallaíonn “oibreoir ainmnithe sa mhargadh leictreachais” (OAML) oibreoir margaidh arna ainmniú ag an údarás inniúil chun cúraimí a bhaineann le cúpláil amháin lá roimh ré nó cúpláil amháin ionlae a dhéanamh;
ciallaíonn “an luach atá ar chailliúint lóid” meastachán, in euro/MWh, ar an bpraghas uasta leictreachais a mbíonn custaiméirí sásta a íoc chun éaradh a sheachaint;
ciallaíonn “cothromú” gach gníomhaíocht agus próiseas, i ngach amlíne, faoina n-áirithíonn oibreoirí córais tarchurtha, ar bhealach leanúnach, go gcoinnítear minicíocht an chórais laistigh de raon cobhsaíochta réamhshainithe agus go gcomhlíontar le méid na gcúlchistí atá de dhíth i ndáil leis an gcáilíocht is gá;
ciallaíonn “fuinneamh don chothromú” fuinneamh a úsáideann na hoibreoirí córais tarchurtha chun cothromú a dhéanamh;
ciallaíonn “soláthraí seirbhísí cothromaithe” rannpháirtí sa mhargadh a sholáthraíonn fuinneamh don chothromú nó acmhainneacht don chothromú, nó an dá rud, le hoibreoirí córas tarchurtha;
ciallaíonn “acmhainneacht don chothromú” méid acmhainneachta ar chomhaontaigh an soláthraí seirbhísí a choinneáil ar bun agus ar chomhaontaigh an soláthraí seirbhísí cothromaithe tairiscintí do mhéid comhfhreagrach d'fhuinneamh don chothromú a sheoladh chuig an oibreoir córais tarchurtha feadh ré an chonartha;
ciallaíonn “páirtí atá freagrach as cothromú” rannpháirtí sa mhargadh nó an t-ionadaí atá roghnaithe aige atá freagrach as a míchothromaíochtaí i margadh an leictreachais;
ciallaíonn “tréimhse réiteach míchothromaíochtaí” an t-aonad ama lena ndéantar míchothromaíocht na bpáirtithe atá freagrach as cothromú a ríomh;
ciallaíonn “praghas na míchothromaíochta” an praghas, bíodh sé dearfach, nialasach nó diúltach, i ngach tréimhse réiteach míchothromaíochtaí atá ar mhíchothromaíocht i ngach treo;
ciallaíonn “limistéar phraghas na míchothromaíochta” an limistéar a ndéantar praghas míchothromaíochta a ríomh ina leith;
ciallaíonn “próiseas réamhcháiliúcháin” an próiseas chun fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh soláthraí acmhainneachta don chothromú leis na ceanglais arna leagan síos ag oibreoirí córais tarchurtha;
ciallaíonn “acmhainneacht chúltaca” méid na gcúltacaí coinneála minicíochta, cúltacaí athsholáthair minicíochta nó cúltacaí athchuir is gá a bheith ar fáil don oibreoir córais tarchurtha;
ciallaíonn “seoladh tosaíochta”, i dtaca leis an múnla féinseolta seoladh na ngléasraí cumhachta bunaithe ar chritéir atá éagsúil ó ord eacnamaíochta na dtairiscintí agus, i dtaca leis an múnla seolta lárnach, le seoladh na ngléasraí cumhachta bunaithe ar chritéir atá éagsúil ó ord eacnamaíochta agus ó shrianta gréasáin, a thugann tosaíocht do sheoladh teicneolaíochtaí giniúna ar leith;
ciallaíonn “réigiún um ríomh acmhainneachta” an réigiún geografach ina gcuirtear an ríomh don acmhainneacht chomhordaithe i bhfeidhm;
ciallaíonn “sásra acmhainneachta” beart chun a áirithiú go mbaintear amach an leibhéal riachtanach de leordhóthanacht acmhainní trí luach saothair a thabhairt d’acmhainní as iad a bheith ar fáil, cé is moite de bhearta a bhaineann le seirbhísí coimhdeacha nó le bainistiú ar phlódú;
ciallaíonn “comhghiniúint ardéifeachtach”comhghiniúint a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );
ciallaíonn “tionscadal taispeána” tionscadal a thaispeánann teicneolaíocht mar theicneolaíocht arb í an chéad cheann dá cineál í agus ar nuálaíocht shuntasach atá i gceist léi atá i bhfad chun cinn ar an teicneolaíocht úrscothach;
ciallaíonn “rannpháirtí sa mhargadh” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leictreachas á cheannach, á dhíol nó á ghiniúint aige, atá i mbun comhbhailiú nó ar oibreoir freagartha don éileamh nó seirbhísí stórála fuinnimh é, lena n-áirítear trí orduithe a chur chun trádáil a dhéanamh, i gceann amháin nó níos mó de na margaí leictreachais, lena n-áirítear i margaí fuinnimh don chothromú;
ciallaíonn “athsheoladh” beart, lena n-áirítear ciorrúchán, arna chur i ngníomh ag oibreoirí córais tarchurtha amháin nó níos mó, ná oibreoir córais dáiliúcháin amháin nó níos mó lena n-athraítear patrún na giniúna nó an lói, nó araon, d'fhonn athrú a dhéanamh ar shreafaí fisiciúla sa chóras leictreachais agus plódú fisiceach a fhuascailt nó slándáil an chórais a áirithiú ar bhealach eile;
ciallaíonn “fritrádáil” malartú traschreasach arna thionscnamh ag dhá oibreoir córais idir dhá chrios tairisceana chun plódú fisiciúil a fhuascailt;
ciallaíonn “saoráid giniúna cumhachta” saoráid a thiontaíonn go fuinneamh leictreach fuinneamh príomhúil agus arb é atá ann ceann amháin nó níos mó de mhodúil giniúna cumhachta agus iad nasctha le gréasán;
ciallaíonn “múnla seolta lárnach” múnla sceidealúcháin agus seolta, ina gcinneann oibreoir córais tarchurtha, laistigh den phróiseas comhtháite sceidealúcháin, na sceidil ghiniúna agus na sceidil tomhaltais mar aon le seoladh na saoráidí giniúna cumhachta agus na saoráidí éilimh, i dtaca le saoráidí inseolta;
ciallaíonn “múnla féinseolta” múnla sceidealúcháin agus seolta, ina gcinneann oibreoir córais tarchurtha, laistigh den phróiseas comhtháite sceidealúcháin, na sceidil ghiniúna agus na sceidil tomhaltais mar aon le seoladh na saoráidí giniúna cumhachta agus na saoráidí éilimh;
ciallaíonn “táirge caighdeánach don chothromú” táirge comhchuibhithe don chothromú arna shainiú ag gach oibreoirí córais tarchurtha chun seirbhísí don chothromú a mhalartú;
ciallaíonn “táirge sainiúil don chothromú” táirge comhchuibhithe nach ionann agus táirge comhchuibhithe caighdeánach éagsúil;
ciallaíonn “oibreoir tarmligthe” eintiteas dár tarmligeadh cúraimí nó oibleagáidí sonracha a cuireadh ar iontaoibh oibreoir córais tarchurtha nó oibreoir ainmnithe sa mhargadh leictreachais faoin Rialachán seo nó faoi aon ghníomhartha eile de chuid an Aontais ag an oibreoir córais tarchurtha nó ag oibreoir ainmnithe sa mhargadh leictreachais nó a sannadh ag Ballstát nó ag Údaráis Rialála;
ciallaíonn “custaiméir” custaiméir mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;
ciallaíonn “custaiméir deiridh” custaiméir deiridh mar a shainmhínítear i bpointe (3) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;
ciallaíonn “custaiméir mórdhíola” custaiméir mórdhíola mar a shainmhínítear i bpointe (2) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;
ciallaíonn “custaiméir teaghlaigh” custaiméir teaghlaigh mar a shainmhínítear i bpointe (4) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;
ciallaíonn “fiontar beag” fiontar beag mar a shainmhínítear i bpointe (7) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;
ciallaíonn “custaiméir gníomhach” custaiméir gníomhach mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;
ciallaíonn “margaí leictreachais”margaí leictreachais mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;
ciallaíonn “soláthair” soláthair mar a shainmhínítear i bpointe (12) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;
ciallaíonn “conradh soláthair leictreachais” conradh soláthair leictreachais mar a shainmhínítear i bpointe (13) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;
ciallaíonn “comhbhailiú” comhbhailiú mar a shainmhínítear i bpointe (18) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;
ciallaíonn “freagairt don éileamh” freagairt don éileamh mar a shainmhínítear i bpointe (20) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;
ciallaíonn “córas méadraithe chliste” córas méadraithe chliste mar a shainmhínítear i bpointe (23) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;
ciallaíonn “idir-inoibritheacht” idir-inoibritheacht mar a shainmhínítear i bpointe (24) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;
ciallaíonn “dáileachán” dáileachán mar a shainmhínítear i bpointe (28) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;
ciallaíonn “oibreoir córais dáileacháin” oibreoir córais dáileacháin mar a shainmhínítear i bpointe (29) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;
ciallaíonn “éifeachtúlacht fuinnimh” éifeachtúlacht fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe (30) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;
ciallaíonn “fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite” nó “fuinneamh in-athnuaite” fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite mar a shainmhínítear i bpointe (31) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;
ciallaíonn “giniúint dháilte” giniúint dháilte mar a shainmhínítear i bpointe (32) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;
ciallaíonn “tarchur” tarchur mar a shainmhínítear i bpointe (34) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;
ciallaíonn “oibreoir córais tarchurtha” oibreoir córais tarchurtha mar a shainmhínítear i bpointe (35) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;
ciallaíonn “úsáideoir córais” úsáideoir córais mar a shainmhínítear i bpointe (36) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;
ciallaíonn “giniúint” giniúint mar a shainmhínítear i bpointe (37) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;
ciallaíonn “táirgeoir” táirgeoir mar a shainmhínítear i bpointe (38) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;
ciallaíonn “córas idirnasctha” córas idirnasctha mar a shainmhínítear i bpointe (40) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;
ciallaíonn “córas beag scoite” córas beag scoite mar a shainmhínítear i bpointe (42) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;
ciallaíonn “córas beag nasctha” córas beag nasctha mar a shainmhínítear i bpointe (43) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;
ciallaíonn “seirbhís choimhdeach” seirbhís choimhdeach mar a shainmhínítear í i bpointe (48) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;
ciallaíonn “seirbhís choimhdeach neamh-mhinicíochta” seirbhís choimhdeacha neamh-mhinicíochta mar a shainmhínítear í i bpointe (49) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;
ciallaíonn “stóráil fuinnimh” stóráil fuinnimh mar a shainmhínítear í i bpointe (59) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;
ciallaíonn “lárionad comhordúcháin réigiúnach” lárionad comhordúcháin réigiúnach mar a shainmhínítear é in Airteagal 35 den Rialachán seo
ciallaíonn “margadh mórdhíola fuinnimh” margadh mórdhíola fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe (6) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 );
ciallaíonn “crios tairisceana” an limistéir geografach is mó inar féidir le rannpháirithe sa mhargadh fuinneamh a aistriú gan leithdháileadh acmhainneachta;
ciallaíonn “leithdháileadh acmhainneachta” sannadh acmhainneachta thraschreasach;
ciallaíonn “limistéir rialaithe” cuid chomhleanúnach den chóras idirnasctha arna oibriú ag oibreoir córais aonair, agus áireofar ualaí fisiceacha nasctha agus/nó aonaid ghiniúna, más ann dóibh;
ciallaíonn “glanacmhainn tarchurtha comhordaithe” modh chun acmhainneacht a ríomh atá bunaithe ar prionsabal aistriú fuinnimh idir criosanna tairisceana comharsana a mheasúnú agus a sainmhíniú ex ante;
ciallaíonn “eilimint chriticiúil líonra” eilimint chriticiúil i gcrios tairisceana ná idir criosanna tairisceana a gcuirtear san áireamh sa phróiseas ríofa acmhainneachtaí, lena teorannaítear méid na cumhachta a d'fhéadfaí aistriú;
ciallaíonn “acmhainneacht thraschreasach” cumas an chórais idirnasctha aistriú fuinnimh idir criosanna tairisceana a éascú;
ciallaíonn “aonad giniúna” gineadóir leictreachais aonair a bhaineann le haonadtáirgthe;
ciallaíonn “buaicuair” uair a mheastar gurb airde amuigh, ar bhonn réamhaisnéisí na n-oibreoirí córais tarchurtha agus, i gcás inarb infheidhme, OAMLanna, an t-olltomhaltas leictreachais nó an t-olltomhaltas leictreachais a ghintear ó fhoinsí eile seachas foinsí in-athnuaite nó an praghas mórdhíola leictreachais lá roimh ré, agus malartuithe traschreasacha á gcur san áireamh;
ciallaíonn “buaicscamhadh” cumas rannpháirtithe sa mhargadh an tomhaltas leictreachais ón eangach a laghdú ag buaicuaireanta arna iarraidh sin ag an oibreoir córais tarchurtha;
ciallaíonn “táirge buaicscafa” táirge margadhbhunaithe trínar féidir le rannpháirtithe sa mhargadh buaicscamhadh a sholáthar d’oibreoirí córais;
ciallaíonn “mol fíorúil réigiúnach” réigiún neamhfhisiciúil lena gcumhdaítear níos mó ná crios tairisceana amháin dá socraítear praghas tagartha ar bhonn modheolaíochta;
ciallaíonn “conradh difríochta dhá threo” conradh idir oibreoir saoráide giniúna cumhachta agus contrapháirtí, eintiteas poiblí de ghnáth, a sholáthraíonn cosaint íosta luacha saothair agus teorainn ar róluach saothair araon;
ciallaíonn “comhaontú ceannaigh cumhachta” nó “CCC” conradh faoina gcomhaontaíonn duine nádúrtha nó duine dlítheanach leictreachas a cheannach ó tháirgeoir leictreachais ar bhonn margaidh;
ciallaíonn “feiste tomhais thiomnaithe” feiste atá ceangailte le sócmhainn, nó atá leabaithe inti, lena soláthraítear freagairt don éileamh nó seirbhísí solúbthachta ar an margadh leictreachais d’oibreoirí córais;
ciallaíonn “solúbthacht” an cumas atá ag córas leictreachais oiriúnú d’inathraitheacht na bpatrún giniúna agus tomhaltais agus d’infhaighteacht na heangaí, thar chreataí ama margaidh ábhartha.
CAIBIDIL II
RIALACHA GINEARÁLTA DON MHARGADH LEICTREACHAIS
Airteagal 3
Prionsabail i ndáil le hoibriú mhargaí an leictreachais
Áiritheoidh Ballstáit, údaráis rialála, oibreoirí córas tarchurtha, oibreoirí córas dáileacháin, oibreoirí margaidh agus oibreoirí tarmligthe go ndéanfar margaí leictreachais a oibriú i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:
bunófar praghsanna ar bhonn éilimh agus soláthair;
le rialacha margaidh, spreagfar praghasmhúnlú saor agus seachnófar gníomhaíochtaí lena gcuirtear cosc ar phraghasmhúnlú ar bhonn éilimh agus soláthair;
le rialacha margaidh, éascófar forbairt giniúna níos solúbtha, giniúna ísealcharbóin, nó éilimh níos solúbtha;
cuirfear ar chumas custaiméirí tairbhe a bhaint as deiseanna margaidh agus as méadú san iomaíocht ar na margaí miondíola agus cumhachtófar iad le gníomhú mar rannpháirtithe sa mhargadh fuinnimh agus san aistriú fuinnimh;
cumasófar rannpháirtíocht custaiméirí deiridh agus gnólachtaí beaga sa mhargadh trí chomhbhailiú ar ghiniúint ó níos mó ná saoráid ghiniúna amháin nó ar lód ó níos mó ná saoráid éilimh amháin chun comhthairiscintí a sholáthar ar an margadh leictreachais agus a bheith ag feidhmiú go comhpháirteach sa chóras leictreachais, i gcomhréir le dlí iomaíochta and Aontais;
le rialacha margaidh, cumasófar dícharbónú an chórais leictreachais agus dá bhrí sin, dícharbónú an gheilleagair lena n-áirítear trí chomhtháthú ar leictreachas ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a chumasú agus trí dhreasachtaí a thabhairt don éifeachtúlacht fuinnimh;
le rialacha margaidh, soláthrófar dreasachtaí iomchuí don ghiniúint, go háirithe infheistíochtaí fadtéarmacha i gcóras leictreachais dícharbónaithe agus inbhuanaithe, do stóráil fuinnimh, d'éifeachtúlacht fuinnimh, don fhreagairt don éileamh chun freastal ar riachtanais an mhargaidh, agus chun iomaíocht chóir a éascú, agus slándáil an tsoláthair a áirithiú dá réir sin;
cuirfear deireadh de réir a chéile le bacainní roimh shreafaí leictreachais trasteorann idir criosanna tairisceana nó Ballstáit agus roimh idirbhearta trasteorann ar mhargaí an leictreachais agus ar mhargaí na seirbhísí gaolmhara;
déanfar foráil maidir le comhar réigiúnach sna rialacha margaidh nuair is éifeachtach sin;
tabharfar don ghiniúint, stóráil fuinnimh, agus freagairt don éileamh a bheidh slán agus inbhuanaithe rannpháirt chomhionann ar an margadh, de réir na gceanglas dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais;
beidh gach táirgeoir freagrach go díreach nó go hindíreach as an leictreachas a ghineann sé;
le rialacha margaidh, ceadófar forbairt tionscadal taispeána chun go mbeidh siad ina bhfoinsí, ina dteicneolaíochtaí nó ina gcórais fuinnimh a bheidh inbhuanaithe, slán agus ísealcharbóin, agus iad sin a fhíorú agus a úsáid chun leasa na sochaí;
cumasóidh rialacha margaidh seoladh éifeachtach ar acmhainní giniúna, stórála fuinnimh agus freagartha don éileamh;
fágfaidh rialacha margaidh gur féidir le gnóthais giniúna leictreachais, stórála fuinnimh agus soláthair leictreachais dul isteach sa mhargadh agus dul amach as bunaithe ar measúnú na ngnóthas sin a dhéanfaidh siad ar inmharthanacht eacnamaíoch agus airgeadais a gcuid oibríochtaí;
chun an deis a thabhairt do rannpháirtithe sa mhargadh cosaint a bheith acu ar luaineacht praghsanna ar bhonn margaidh, agus maolú a dhéanamh ar neamhchinnteacht i dtaca leis an bhfáltas ar infheistíocht amach anseo, beidh táirgí fadtéarmacha ar fhálú intrádáilte ar mhalartuithe ar mhodh trédhearcach agus beidh conarthaí fadtéarmacha leictreachais soláthair soshannta thar an gcuntar, faoi réir chomhlíonadh dhlí iomaíochta an Aontais
Le rialacha margaidh, éascófar trádáil earraí ar fud an Aontais, agus hathruithe rialála, cuirfear san áireamh éifeachtaí ar réamh-mhargaí agus ar mhargaí amach anseo go gearrthéarmach agus go fadtéarmach agus ar tháirgí;
beidh de cheart ag rannpháirtithe sa mhargadh rochtain a fháil ar na greasáin tarchurtha agus dáileacháin ar théarmaí oibiachtúla, trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha.
Airteagal 4
Aistriú cóir
Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit a chuirfidh straitéis náisiúnta ar bun chun laghdú forásach a dhéanamh ar acmhainneacht shuiteáilte giniúna agus mianadóireachta don ghual agus do bhreoslaí iontaise soladacha eile trí na modhanna uile atá ar fáil chun “aistriú cóir” a chumasú i réigiúin a ndéanfar difear dóibh le hathrú struchtúrach. Cuideoidh an Coimisiún leis na Ballstáit chun dul i ngleic le tionchair shóisialta agus eacnamaíocha an aistrithe i dtreo fuinneamh glan.
Oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhpháirtíocht le geallshealbhóirí na réigiún ar mór a lorg guail agus carbóin, éascóidh sé rochtain ar chistí agus cláir atá ar fáil, tabharfaidh sé spreagadh i dtaca le dea-chleachtais a mhalartú, lena n-áirítear plé a dhéanamh maidir le treochláir thionsclaíocha agus riachtanais athoiliúna.
Airteagal 5
Freagracht as an gcothromú
Ní fhéadfaidh na Ballstáit maoluithe a sholáthar ar an bhfreagracht as cothromú ach sna cásanna seo a leanas:
tionscadail taispeána le haghaidh teicneolaíochtaí nuálacha, faoi réir a bhformheasta ag an údarás rialála, ar choinníoll go bhfuil na maoluithe teoranta don am agus don mhéid atá riachtanach chun cuspóirí na taispeána a bhaint amach;
saoráidí giniúna cumhachta a bhaineann úsáid as foinsí fuinnimh in-athnuaite a bhfuil acmhainneacht leictreachais suiteáilte is lú ná 400 kW acu;
suiteálacha a bhaineann tairbhe as tacaíocht arna formheas ag an gCoimisiún faoi rialacha an Aontais maidir le Státchabhair de bhun Airteagail 107, 108 agus 109 CFAE, agus a coimisiúnaíodh roimh an 4 Iúil 2019.
Féadfaidh na Ballstáit, gan dochar d'Airteagail 107 agus 108 CFAE, dreasachtaí a sholáthair do rannpháirtithe sa mhargadh a bhfuil díolúine iomlán nó i bpáirt acu ó fhreagracht as cothromú, chun glacadh le freagracht iomlán as cothromú.
Airteagal 6
An margadh don chothromú
Eagrófar margaí don chothromú, lena n-áirítear próisis réamhcháiliúcháin, ar bhealach a fhágfaidh:
go n-áiritheofar neamh-idirdhealú éifeachtach idir rannpháirtithe sa mhargadh, agus riachtanais éagsúla theicniúla an chórais leictreachais agus acmhainneachtaí éagsúla teicniúla foinsí giniúna, na stórála fuinnimh agus na freagartha don éileamh á gcur san áireamh;
go n-áiritheofar sainmhíniú ar sheirbhísí i modh atá trédhearcach agus neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de ar sheirbhísí agus ar sholáthar trédhearcach margadhbhunaithe na seirbhísí sin;
go n-áiritheofar rochtain neamh-idirdhealaitheach ar gach rannpháirtí sa mhargadh, bíodh sé ina rochtain aonair nó trí chomhbhailiú, lena n-áirítear leictreachas a ghintear ó fhoinsí in-athnuaite inathraitheacha fuinnimh, freagairt don éileamh agus stóráil fuinnimh;
go n-urramófar an gá le freastal ar sciartha méadaitheacha de ghiniúint athraitheach mar aon le freagairt mhéadaithe don éileamh agus teacht chun cinn teicneolaíochtaí nua.
Beidh rannpháirtithe sa mhargadh in ann tairiscintí a dhéanamh chomh gar don fhíor-am agus is féidir, agus ní bheidh amanna dúnta an gheata fuinnimh don chothromú ann roimh am dúnta an gheata traslimistéir ionlae.
Oibreoirí córais tarchurtha a chuireann múnla seolta lárnach i bhfeidhm, féadfaidh sé rialacha breise a bhunú i gcomhréir leis an treoirlíne maidir le cothromú leictreachais arna ghlacadh de bhun Airteagal 6(11) de Rialachán (CE) 714/2009.
Is bunaithe ar mhargadh príomhúil a bheidh soláthar na hacmhainneachta don chothromú mura rud é agus sa mhéid go bhfuil úsáid cineálacha eile soláthair mhargadhbhunaithe formheasta ag an údarás rialála ar na forais go bhfuil easpa iomaíochta ann sa mhargadh do sheirbhísí cothromúcháin. Déanfar maoluithe ó úsáid margaí príomhúla a athbhreithniú gach 3 bliana.
I gcás ina ndeonaítear maolú, beidh 40 % ar a laghad de na táirgí caighdeánacha don chothromú agus 30 % ar a laghad de na táirgí uile a úsáidtear le haghaidh na hacmhainneachta don chothromú, cuirfear conarthaí maidir leis na hacmhainneachta don chothromú i gcrích aon lá amháin roimh sholáthar na hacmhainneachta don chothromú agus ní níos faide ná aon lá amháin ar a mhéad a bheidh an tréimhse chonarthach. Déanfar conraitheoireacht na coda atá fágtha den acmhainneacht don chothromú ar feadh uastréimhse míosa sula soláthrófar an acmhainneacht don chothromú agus bainfidh uastréimhse míosa le tréimhse chonarthach na coda atá fágtha den acmhainneacht don chothromú.
Arna iarraidh sin don oibreoir córais tarchurtha, féadfaidh an t-údarás rialála a chinneadh tréimhse chonarthach na coda a bheidh fágtha den acmhainneacht don chothromú dá dtagraítear i mír 9 a shíneadh go huastréimhse 2 mhí déag ar choinníoll go mbeidh teorainn ama ag baint le cinneadh den chineál sin, agus gur mó an buntáiste a bhainfidh leis an gcostas a bheadh ar chustaiméirí deiridh a ísliú ná an drochthionchar a bheadh ar an margadh. Áireofar an méid seo a leanas san iarraidh:
an tréimhse sonrach ina mbeadh feidhm ag an díolúine a shainiú;
sainiú ar mhéid na hacmhainneachta don chothromú a mbeadh feidhm ag an díolúine maidir leis;
anailís ar thionchar díolúine den chineál sin ar rannpháirtíocht acmhainní cothromúcháin; agus
bonn cirt leis an díolúine lena léireofar go mbeadh costais níos ísle ann do thomhaltóirí mar thoradh ar dhíolúine den chineál sin.
Áireofar sna tograí le haghaidh maoluithe tuairisc ar bhearta a bhfuil sé beartaithe leo laghdú a dhéanamh ar úsáid táirgí sonracha faoi réir éifeachtúlacht eacnamaíoch, léiriú nach gcruthaíonn na táirgí sonracha neamhéifeachtúlachtaí suntsacha ná saobhadh suntasach sa mhargadh don chothromú laistigh den limistéar sceidealaithe nó lasmuigh de agus, i gcás inarb infheidhme, na rialacha agus an fhaisnéis maidir leis an bpróiseas chun na tairiscintí d'fhuinneamh don chothromú ó tháirgí sonracha a thiontú ina dtairiscintí d'fhuinneamh don chothromú ó tháirgí caighdeánacha don chothromú.
Airteagal 7
Margaí lá roimh ré agus ionlae
I dtaca le margaí lá roimh ré nó ionlae:
eagrófar iad ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh siad neamh-idirdhealaitheach;
uasmhéadóidh siad an cumas atá ag na rannpháirtithe uile sa mhargadh a míchothromaíochtaí a bhainistiú;
déanfaidh siad uasmhéadú ar na deiseanna atá ag na rannpháirtithe uile sa mhargadh a bheith rannpháirteach i dtrádáil thraschreasach agus inchreasach ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus chomh gar agus is féidir don fhíor-am thar gach crios tairisceana agus laistigh díobh;
eagrófar iad ar bhealach lena n-áirithítear comhroinnt leachtachta idir na OAMLanna go léir, an t-am ar fad, le haghaidh trádáil thraschreasach agus trádáil inchreasach araon. Maidir leis an margadh lá roimh ré, ó uair an chloig roimh am dúnta an gheata go dtí an pointe ama is déanaí ina gceadaítear trádáil lá roimh ré, cuirfidh OAMLanna gach ordú le haghaidh táirgí lá roimh ré agus táirgí a bhfuil na saintréithe céanna acu faoi bhráid na cúplála aonair lá roimh ré ar thaobh amháin agus ní eagróidh siad trádáil le táirgí lá roimh ré ná le táirgí a bhfuil na saintréithe céanna acu lasmuigh den chúpláil aonair lá roimh ré ar an taobh eile. Maidir leis an margadh ionlae, ó am oscailte gheata na cúplála aonair ionlae go dtí an pointe is déanaí nuair a cheadaítear trádáil ionlae i gcrios tairisceana ar leith, cuirfidh OAMLanna gach ordú le haghaidh táirgí ionlae agus táirgí a bhfuil na saintréithe céanna acu faoi bhráid na cúplála aonair ionlae ar thaobh amháin agus ní eagróidh siad trádáil le táirgí ionlae ná le táirgí a bhfuil na saintréithe céanna acu lasmuigh den chúpláil ionlae ar an taobh eile. Beidh feidhm ag na hoibleagáidí sin maidir le OAMLanna, maidir le gnóthais a fheidhmíonn rialú go díreach nó go hindíreach ar OAML agus maidir le gnóthais atá á rialú go díreach nó go hindíreach ag OAML;
soláthróidh siad praghsanna a bheidh ina léiriú ar bhunphrionsabail an mhargaidh, lena n-áirítear luach fíor-ama an fhuinnimh, agus ar féidir le rannpháirtithe sa mhargadh dul ar a n-iontaoibh agus táirgí fálaithe níos fadtéarmaí á gcomhaontú acu;
áiritheoidh siad slándáil oibríochtúil agus, ag an am céanna, fágfaidh siad gur féidir an úsáid is mó is féidir a bhaint as an acmhainneacht tarchurtha;
beidh siad trédhearcach agus, i gcás inarb infheidhme, soláthróidh siad faisnéis de réir an aonaid giniúna agus, ag an am céanna, cosnóidh siad rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus áiritheoidh siad go ndéanfar trádáil ar bhealach anaithnid;
ní dhéanfaidh siad aon idirdhealú idir trádálacha a dhéantar laistigh de chrios tairisceana agus thar chriosanna tairisceana; agus
eagrófar iad sa chaoi is go n-áiritheofar go mbeidh gach rannpháirtí sa mhargadh in ann rochtain a fháil ar an margadh ina aonar nó trí chomhbhailiú.
Airteagal 7a
Táirge buaicscafa
Leis an togra le haghaidh táirge buaicscafa dá dtagraítear i mír 2, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
maidir le toisiú an táirge buaicscafa:
beidh sé bunaithe ar anailís ar an ngá atá le seirbhís bhreise chun slándáil an tsoláthair a áirithiú gan cobhsaíocht eangaí a chur i mbaol, ar a thionchar ar an margadh agus ar na costais agus na tairbhí a bhfuiltear ag súil leo;
cuirfear san áireamh ann réamhaisnéis an éilimh, réamhaisnéis an leictreachais a ghintear ó fhuinneamh in-athnuaite, an réamhaisnéis ar fhoinsí solúbthachta eile sa chóras, amhail stóráil fuinnimh, agus tionchar praghais mórdhíola an tseolta arna sheachaint; agus
beidh sé teoranta chun a áirithiú nach mó na costais réamh-mheasta ná tairbhí an táirge buaicscafa a bhfuiltear ag súil leo;
beidh soláthar táirge buaicscafa bunaithe ar chritéir oibiachtúla, thrédhearcacha, mhargadhbhunaithe agus neamh-idirdhealaitheacha, beidh sé teoranta don fhreagairt don éileamh agus ní eisiafar leis go bhfaighidh sócmhainní rannpháirteacha rochtain ar mhargaí eile;
soláthrófar an táirge buaicscafa trí úsáid a bhaint as tairiscint iomaíoch, is féidir a bheith leanúnach, agus beidh an roghnú bunaithe ar an gcostas is ísle chun critéir theicniúla agus chomhshaoil réamhshainithe a chomhlíonadh, agus lamhálfar leis rannpháirtíocht éifeachtach tomhaltóirí, go díreach nó trí chomhbhailiú;
ní bheidh an méid íosta tairisceana níos airde ná 100 kW, lena n-áirítear trí chomhbhailiú;
ní dhéanfar conarthaí le haghaidh táirge buaicscafa a thabhairt i gcrích níos mó ná seachtain amháin sula ngníomhachtófar é;
le gníomhachtú an táirge buaicscafa, ní laghdófar an acmhainneacht thraschreasach;
déanfar an táirge buaicscafa a ghníomhachtú roimh chreat ama an mhargaidh lá roimh ré nó lena linn agus féadfar é a dhéanamh bunaithe ar bhonn praghas leictreachais réamhshainithe;
ní thabharfar le tuiscint le gníomhachtú an táirge buaicscafa go gcuirfear tús le giniúint atá bunaithe ar bhreosla iontaise atá suite taobh thiar den phointe méadraithe, chun méadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a sheachaint.
Airteagal 7b
Feiste tomhais thiomnaithe
Chun críocha an Airteagail seo, comhlíonfaidh úsáid sonraí ó fheistí tomhais thiomnaithe Airteagail 23 agus 24 de Threoir (AE) 2019/944 agus dlí ábhartha eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear an dlí maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ). I gcás ina n-úsáidfear na sonraí sin chun críoch taighde, déanfar faisnéis a chomhiomlánú agus a anaithnidiú.
Airteagal 8
Trádáil ar mhargaí lá roimh ré agus ionlae
Féadfaidh an t-údarás rialála lena mbaineann, arna iarraidh sin don oibreoir córais tarchurtha lena mbaineann, maolú ar an gceanglas a leagtar síos i mír 1 a dheonú go dtí an 1 Eanáir 2029. Cuirfidh an t-oibreoir córais tarchurtha an iarraidh faoi bhráid an údaráis rialála lena mbaineann. Áireofar an méid seo a leanas san iarraidh:
measúnú tionchair, agus aiseolas ó OAMLanna ábhartha agus ó rannpháirtithe sa mhargadh lena mbaineann á chur san áireamh, lena léirítear tionchar diúltach birt den sórt sin ar shlándáil an tsoláthair sa chóras náisiúnta leictreachais, ar an gcostéifeachtúlacht, lena n-áirítear i ndáil le hardáin chothromúcháin atá ann cheana i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2195, ar chomhtháthú an fhuinnimh in-athnuaite agus ar astaíochtaí gás ceaptha teasa; agus
plean gníomhaíochta a bhfuil sé d’aidhm aige am dúnta an gheata thraschreasaigh ionlae a ghiorrú go 30 nóiméad roimh an bhfíor-am faoin 1 Eanáir 2029.
Féadfaidh an t-údarás rialála, arna iarraidh sin don oibreoir córais tarchurtha lena mbaineann, maolú breise ar an gceanglas a leagtar síos i mír 1 a dheonú suas le 2 bhliain go leith ó dháta éaga na tréimhse dá dtagraítear i mír 1a. Cuirfidh an t-oibreoir córais tarchurtha lena mbaineann an iarraidh faoi bhráid an údaráis rialála lena mbaineann, faoi bhráid ENTSO don Leictreachas agus faoi bhráid ACER faoin 30 Meitheamh 2028. Áireofar an méid seo a leanas san iarraidh:
measúnú tionchair nua, ina gcuirtear san áireamh aiseolas ó rannpháirtithe sa mhargadh agus ó OAMLanna agus lena dtabharfar bonn cirt leis an ngá atá le maolú breise, bunaithe ar rioscaí maidir le slándáil soláthair an chórais fuinnimh náisiúnta, maidir leis an gcostéifeachtúlacht, maidir le comhtháthú an fhuinnimh in-athnuaite, agus maidir leis na hastaíochtaí gás ceaptha; agus
plean gníomhaíochta athbhreithnithe chun am dúnta an gheata thraschreasaigh ionlae a ghiorrú go 30 nóiméad roimh an bhfíor-am faoin dáta a n-iarrtar síneadh ama ina leith agus tráth nach déanaí ná an dáta tosaigh a iarradh don mhaolú.
Eiseoidh ACER tuairim maidir leis an tionchar trasteorann a bheidh ag maolú breise laistigh de 6 mhí ón iarraidh ar an maolú sin a fháil. Cuirfidh an t-údarás rialála lena mbaineann an tuairim sin san áireamh sula ndéanfaidh sé cinneadh maidir le hiarraidh ar mhaolú breise.
Ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh, ní bheidhan tréimhse shocraíochta éagothroime níos faide ná 30 nóiméad, i gcás ina mbeidh díolúine deonaithe ag na húdaráis rialála náisiúnta uile de limistéar sioncronach.
Airteagal 9
Margaí todhchaíochta
Faoin 17 Eanáir 2026, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, measúnú ar thionchar na mbeart a d’fhéadfaí a thabhairt isteach chun an cuspóir dá dtagraítear i mír 3 a bhaint amach. Cumhdófar sa mheasúnú tionchair sin, inter alia, an méid seo a leanas:
athruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an minicíocht leithdháileacháin le haghaidh cearta tarchurtha fadtéarmacha;
athruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar aibíochtaí na gceart tarchurtha fadtéarmach, go háirithe aibíochtaí lena gcuirtear síneadh 3 bliana ar a laghad;
athruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar chineál na gceart tarchurtha fadtéarmach;
bealaí chun an margadh tánaisteach a neartú; agus
tabhairt isteach féideartha mol fíorúil réigiúnach le haghaidh na margaí todhchaíochta.
Maidir le moil fhíorúla réigiúnacha do na margaí todhchaíochta, cumhdófar an méid seo a leanas sa mheasúnú tionchair a dhéanfar de bhun mhír 4:
raon feidhme geografach leormhaith na mol fíorúil réigiúnach, lena n-áirítear na criosanna tairisceana arb é a bheadh iontu na moil sin agus cásanna sonracha de chriosanna tairisceana ar le dhá mhol fhíorúla nó níos mó iad, agus é mar aidhm an comhghaol praghsanna a uasmhéadú idir na praghsanna tagartha agus praghsanna na gcriosanna tairisceana sin ar moil fhíorúla réigiúnacha iad;
leibhéal idirnascachta leictreachais na mBallstát, go háirithe leibhéal idirnascachta leictreachais na mBallstát sin nár bhain amach na spriocanna idirnaisc leictreachais do 2020 agus 2030 a leagtar síos in Airteagal 4, pointe (d)(1), de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 );
an mhodheolaíocht chun na praghsanna tagartha do na moil fhíorúla réigiúnacha do na margaí todhchaíochta a ríomh, agus é mar aidhm an comhghaol praghsanna a uasmhéadú idir an praghas tagartha agus praghsanna na gcriosanna tairisceana ar mol fíorúil réigiúnach iad;
an fhéidearthacht go ndéanfaí de chriosanna tairisceana cuid de níos mó ná mol fíorúil réigiúnach amháin;
na bealaí chun na deiseanna trádála a uasmhéadú le haghaidh táirgí fálaithe a thagraíonn do na moil fhíorúla réigiúnacha do na margaí todhchaíochta agus le haghaidh cearta tarchurtha fadtéarmacha ó chriosanna tairisceana go moil fhíorúla réigiúnacha;
na bealaí lena áirithiú go dtairgeann an t-ardán aonair um leithdháileadh dá dtagraítear i mír 2 leithdháileadh agus go n-éascaíonn sé trádáil ceart tarchurtha fadtéarmach;
impleachtaí na gcomhaontuithe idir-rialtasacha atá ann cheana agus na gceart faoi na comhaontuithe sin.
Airteagal 10
Teorainneacha teicniúla ar thairiscintí
Airteagal 11
Luach lóid chaillte
Airteagal 12
Giniúint agus freagairt don éileamh a sheoladh
Gan dochar d'Airteagail 107, 108 agus 109 CFAE, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh oibreoirí córais, agus suiteálacha giniúna leictreachais á seoladh acu, tosaíocht a thabhairt do shuiteálacha giniúna a úsáideann foinsí in-athnuaite fuinnimh a mhéid a cheadófar sin de réir oibriú slán an chórais leictreachais náisiúnta agus bunaithe ar chritéir thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha agus faoi réir na dteorainneacha seo a leanas:
saoráid giniúna cumhachta a bhaineann úsáid as foinsí fuinnimh in-athnuaite a bhfuil acmhainneacht leictreachais suiteáilte is lú ná 400 kW aici; nó
tionscadail taispeána le haghaidh teicneolaíochtaí nuálacha, ar choinníoll go bhfuil formheasta ag an údarás rialála a bheidh teoranta don am agus don mhéid a bheidh an maolú riachtanach chun cuspóirí na taispeána a bhaint amach.
Féadfaidh Ballstát a chinneadh gan seoladh tosaíochta a chur i bhfeidhm maidir le saoráidí breise giniúna cumhachta dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 a thosóidh ar bheith ag feidhmiú ar a laghad 6 mhí tar éis an chinnidh, nó tairseach acmhainneachta íosta a chur i bhfeidhm is ísle ná í sin a leagtar amach i bpointe (a) de mhír 2, ar choinníoll:
go bhfuil rochtain iomlán ag gach rannpháirtí sa mhargadh ar a margadh ionlae, a margadh mórdhíola agus a margadh don chothromú, atá ag feidhmiú go maith, i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo;
go bhfuil rialacha maidir le comhroinnt agus bainistiú ar phlódú trédhearcach do gach rannpháirtí sa mhargadh;
go bhfuil ranníocaíocht náisiúnta an Bhallstáit i leith sprioc cheangailteach fhoriomlán an Aontais maidir le sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite faoi Airteagal 3(2) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCómhairle ( 9 ) agus faoi phointe (a)(2) d'Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 ) comhionann ar a laghad le toradh comhfhreagrach na foirmle a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999 agus nach bhfuil sciar an Bhallstáit d'fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite níos ísle ná a phointí tagartha faoi phointe (a)(2) d'Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/1999; nó, mar mhalairt air sin, go bhfuil sciar an Bhallstáit d'fhuinneamh ó fhoinsí in olltomhaltas deiridh leictreachais cothrom le 50 % ar a laghad;
go bhfuil fógra faoin maolú atá beartaithe tugtha ag an mBallstát don Choimisiún ina leagtar amach go mionsonraithe an chaoi a gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach faoi phointí (a), (b) agus (c); agus
go bhfuil an maolú atá beartaithe, lena n-áirítear an réasúnú mionsonraithe, foilsithe ag an mBallstát, agus aird chuí tugtha aige, i gcás inar gá, ar chosaint faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de.
Seachnófar, le maolú ar bith, athruithe cúlghabhálacha i gcás suiteálacha giniúna a bhaineann tairbhe cheana féin as seoladh tosaíochta, d'ainneoin aon chonartha idir Ballstát agus suiteáil giniúna ar bhonn deonach.
Gan dochar d'Airteagail 107, 108 agus 109 CFAE, féadfaidh na Ballstáit dreasachtaí a thabhairt do shuiteálacha atá incháilithe do sheoladh tosaíochta an seoladh tosaíochta a thabhairt suas dá ndeoin féin.
Airteagal 13
Athsheoladh
Ní fhéadfar úsáid a bhaint as athsheoladh giniúna, stórála fuinnimh ná freagartha don éileamh nach bhfuil bunaithe ar an margadh ach sna cásanna seo a leanas:
i gcás nach bhfuil rogha mhalartach mhargadhbhunaithe ar fáil, nó
i gcás inar úsáideadh gach acmhainn mhargadhbhunaithe atá ar fáil; nó
i gcás ina bhfuil líon na saoráidí giniúna, stórála fuinnimh nó freagartha don éileamh atá ar fáil sa limistéar ina bhfuil saoráidí oiriúnacha giniúna, stórála fuinnimh nó freagartha don éileamh le haghaidh soláthar na seirbhíse lonnaithe, ró-íseal chun iomaíocht éifeachtach a áirithiú; nó
i gcás ina mbeadh plódú ar bhealach rialta agus intuartha ann de bharr staid reatha na n-eangach lena bhfágfaí de thoradh ar athsheoladh margadhbhunaithe go mbeadh tairiscintí rialta straitéiseacha ann lena méadófaí leibhéal an phlódaithe inmheánaigh agus ina mbeadh plean gníomhaíochta glactha ag an mBallstát lena mbaineann chun aghaidh a thabhairt ar an bplódú sin nó ina n-áiritheodh sé go mbeadh acmhainneacht íosta trádála traschreasach i gcomhréir le hAirteagal 16(8).
Ar a laghad uair amháin in aghaidh na bliana, cuirfidh na hoibreoirí córais agus na hoibreoirí córais dáilacháin tuarascáil faoi bhráid an údaráis rialála inniúla, maidir leis an méid seo a leanas:
an leibhéal forbartha agus éifeachtach sásraí athsheolta mhargadhbhunaithe i gcás saoráidí giniúna cumhachta, stórála fuinnimh agus freagartha don éileamh;
na cúiseanna, na toirteanna de réir MWh agus an cineál foinse giniúna atá faoi réir athsheolta;
na bearta a glacadh chun an gá le athsheoladh íslitheach suiteálacha giniúna a bhaineann úsáid as foinsí fuinnimh in-athnuaite nó as comhghiniúint ardéifeachtach amach anseo a laghdú, lena n-áirítear infheistíochtaí i ndigitiú bhonneagar na heangaí agus i seirbhísí lena méadaítear solúbthacht.
Seolfaidh an t-údarás rialála ábhartha tuarascáil don ACER agus foilseoidh sé maidir leis na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír maille le moltaí le haghaidh feabhais i gcás inar gá.
Faoi réir na gceanglas a bhaineann le cothabháil iontaofacht agus sábháilteacht na heangaí, bunaithe ar chritéir thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha arna bunú ag na húdaráis rialála, déanfaidh oibreoirí córais tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin an méid seo a leanas:
ráthú a dhéanamh ar chumas na ngréasán tarchurtha agus dáileacháin leictreachas arna tháirgeadh ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite nó ó ghiniúint ardéifeachtach a tharchur lena laghad athsheolta agus is féidir. Ní chuirfidh sé sin cosc ar an lucht pleanála gréasán athsheoladh teoranta a chur san áireamh i gcás inar féidir leis an oibreoir córais tarchurtha agus leis an oibreoir córais dáileacháin a thaispeáint, ar bhealach trédhearcach, go bhfuil éifeachtúlacht eacnamaíoch níos mó i gceist leis sin, nach dtéann sé thar 5 % den leictreachas arna ghiniúint go bliantúil i suiteálacha a bhaineann úsáid as foinsí fuinnimh in-athnuaite agus atá nasctha go díreach lena n-eangach faoi seach, mura ndéanfaidh Ballstát inar fiú níos mó ná 50 % dá olltomhaltas deiridh bliantúil leictreachais an leictreachas ó shaoráid giniúna cumhachta a bhaineann úsáid as foinsí fuinnimh in-athnuaite nó as comhghiniúint ardéifeachtach é a sholáthar ar shlí eile;
bearta oibríochtúla iomchuí a bhaineann leis an eangach agus a bhaineann leis an margadh a dhéanamh chun íoslaghdú a dhéanamh ar athsheoladh íslitheach ar leictreachas arna tháirgeadh ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite nó ó chomhghiniúint ardéifeachtach;
a áirithiú go mbeidh a ngréasáin sách solúbtha sa chaoi is go mbeidh siad in ann iad a bhainistiú.
I gcás ina mbainfear úsáid as athsheoladh íslitheach nach bhfuil bunaithe ar an margadh, beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas:
ní bheidh saoráidí giniúna cumhachta a bhaineann úsáid as foinsí fuinnimh in-athnuaite faoi réir athsheoladh íslitheach ach amháin mura bhfuil aon rogha mhalartach eile ann nó más rud é go mbeadh costais dhíréireacha shuntasacha nó rioscaí tromchúiseacha do shlándáil an ghréasáin ann mar thoradh ar réitigh eile;
ní bheidh leictreachas a ghintear i bpróiseas comhghiniúna ardéifeachtaí faoi réir athsheoladh íslitheach ach amháin, seachas athsheoladh íslitheach a dhéanamh ar shaoráidí giniúna cumhachta a bhaineann úsáid as foinsí fuinnimh in-athnuaite, mura bhfuil aon rogha mhalartach eile ann nó más rud é go mbeadh costais dhíréireacha nó rioscaí tromchúiseacha ann do shlándáil an ghréasáin mar thoradh ar réitigh eile;
ní bheidh leictreachas féinghinte ó shuiteálacha giniúna a bhaineann úsáid as foinsí fuinnimh in-athnuaite nó as comhghiniúint ardéifeachtach, nach gcuirtear isteach sa ghréasán tarchurtha ná dáileacháin faoi réir athsheoladh íslitheach ach amháin i gcás nach réiteodh aon réiteach eile saincheisteanna slándála gréasáin;
tabharfar bonn cirt cuí agus trédhearcach le hathsheoladh íslitheach faoi phointí (a), (b) agus (c). Cuirfear an bonn cirt san áireamh sa tuarascáil faoi mhír 3.
I gcás ina mbaintear úsáid as athsheoladh nach bhfuil margadhbhunaithe, beidh sé faoi réir ag cúiteamh airgeadais ag an oibreoir córais a iarrann an t-athsheoladh chuig oibreoir na saoráide athsheolta giniúna, stórála fuinnimh nó freagartha don éileamh seachas i gcás táirgeoirí a ghlacann le comhaontú do nasc nach ráthaítear seachadadh daingean fuinnimh leis. Beidh an cúiteamh airgeadais den chineál sin ar a laghad comhionann leis an gceann níos airde de na heilimintí seo a leanas nó le cumasc díobh dá mba rud é gur cúiteamh dochosanta íseal nó dochosanta ard a bheadh de thoradh ar cheann amháin de na heilimintí a chur i bhfeidhm:
an costas oibríochtúil breise arna chruthú ag an athsheoladh, amhail costais bhreise bhreosla i gcás athsheoladh ardaitheach, nó soláthar teasa cúltaca i gcás athsheoladh íslitheach ar shaoráidí giniúna cumhachta a bhaineann úsáid as chomhghiniúint ardéifeachtach;
an fáltas glan ón díolachán leictreachais ar an margadh lá roimh ré a bheadh ginte ag an tsaoráid ghiniúna cumhachta, stórála fuinnimh nó freagartha don éileamh gan an iarraidh ar athsheoladh. I gcás ina ndéantar tacaíocht airgeadais a thabhairt do shaoráidí giniúna cumhachta, stórála fuinnimh nó freagartha don éileamh bunaithe ar an méid leictreachais arna ghiniúint nó arna ídiú, measfar an tacaíocht airgeadais a bheadh ann gan iarraidh ar athsheoladh a bheith ina cuid den fháltas glan.
CAIBIDIL III
ROCHTAIN AR GHRÉASÁN AGUS BAINISTIÚ AR PHLÓDÚ
ROINN 1
Leithdháileadh acmhainneachta
Airteagal 14
Athbhreithnú ar an gcrios tairisceana
Airteagal 15
Pleananna gníomhaíochta
Is trí bhíthin conair líneach a ghnóthófar na méaduithe bliantúla sin. Is éard a bheidh i dtúsphointe na conaire sin an acmhainneacht a leithdháileadh ar an teorainn nó ar eilimintí criticiúla líonra sa bhliain roimh ghlacadh an phlean gníomhaíochta nó meánacmhainneacht na 3 bliana deiridh roimh ghlacadh an phlean gníomhaíochta, cibé acu is airde. Áiritheoidh na Ballstáit, le linn chur chun feidhme bpleananna gníomhaíochta, go mbeidh an acmhainneacht a chuirfear ar fáil don trádáil traschreasach atá le bheith i gcomhréir le hAirteagal 16(8), cothrom, ar a laghad, le luachanna na conaire línigh, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as gníomhaíochtaí feabhais sa réigiún ríofa acmhainneachta.
Cuirfidh na Ballstáit ábhartha an Coimisiún ar an eolas láithreach i gcás nach bhféadfaidh siad teacht ar chinneadh laistigh den tréimhse ama ata leagtha síos. Laistigh de 6 mhí tar éis dó fógra den sórt sin a fháil, déanfaidh an Coimisiún, mar rogha dheiridh, tar éis dó dul i gcomhairle le ACER agus leis na geallsealbhóirí ábhartha, cinneadh a ghlacadh maidir le cé cumraíocht na gcriosanna tairisceana a leasú nó a choinneáil sna Ballstáit sin agus idir na Ballstáit ábhartha.
Sula ndéanfaidh sé an tuarascáil a dhréachtú, déanfaidh gach oibreoir córais tarchurtha a rannchuidiú leis an tuarascáil, lena n-áirítear na sonraí ábhartha uile, a chur chuig a údarás rialála náisiúnta lena fhormheas. I gcás ina léirítear sa mheasúnú nár chomhlíon oibreoir córais tarchurtha an íosleibhéil acmhainneachta, beidh feidhm ag an bpróiseas cinnteoireachta i mír 5 den Airteagal seo.
Airteagal 16
Prionsabail ghinearálta maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus le bainistiú ar phlódú
Déanfaidh lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha ríomh ar acmhainneachtaí traschreasacha, agus teorainneacha ar shlándáil oibríochtúil á n-urramú acu, trí úsáid a bhaint as sonraí ó oibreoirí córais tarchurtha, lena n-áirítear sonraí ar infhaighteacht theicniúil gníomhaíochtaí ceartaitheacha, seachas lódsceitheadh. I gcás ina dtiocfaidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha ar an gconclúid nach leor iad na gníomhaíochtaí ceartaitheacha uile atá ar fáil sa réigiún ríofa acmhainneachta nó idir réigiúnacha ríofa acmhainneachta chun an chonair líneach da dtagraítear in Airteagal 15(2) nó na tairsí íosta acmhainneachta dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo a shroicheadh agus teorainneacha ar shlándáil oibríochtúil á n-urramú, ag an am céanna, féadfaidh siad, mar rogha dheiridh, gníomhaíochtaí comhordaithe a leagan amach lena laghdaítear na hacmhainneachtaí traschreasacha dá réir. Ní fhéadfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha claonadh ó ghníomhaíochtaí comhordaithe ach amháin i dtaca le ríomh comhordaithe ar acmhainneacht agus le hanailís chomhordaithe ar shlándáil i gcomhréir le hAirteagal 42(2).
Faoi 3 mhí tar éis theacht i ngníomh na lárionad chomhordúcháin réigiúnach de bhun Airteagal 35(2) den Rialachán seo agus gach 3 mhí ina dhiaidh sin, cuirfidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha faoi bhráid na n-údarás rialála ábhartha agus don ACER maidir le haon laghdú ar acmhainneacht nó mura gcloítear leis an ghníomhaíocht chomhorduithe de bhun na dara fomhíre seo agus déanfaidh siad measúnú ar na teagmhais agus moltaí, más gá, ar an gcaoi le claontaí den sórt sin a sheachaint sa todhchaí. Má thagann ACER ar an gconclúid nach ndearnadh na réamhriachtanais le haghaidh claonta de bhun na míre seo a chomhlíonadh nó gur de chineál struchtúrtha iad, cuirfidh ACER tuairim faoi bhráid na n-údarás rialála náisiúnta ábhartha agus faoi bhráid an Choimisiúin. Déanfaidh na húdaráis rialála inniúla gníomhaíocht iomchuí a thionscnamh in aghaidh oibreoirí córais tarchurtha nó lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha de bhun Airteagal 59 nó Airteagal 62 de Threoir (AE) 2019/944 mura gclíonn na hoibreoirí córais tarchurtha nó lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha leis na gníomhaíochtaí chomhorduithe faoin mír seo ganndearnadh na réamhriachtanais le haghaidh claonta de bhun na míre seo a chomhlíonadh.
Tabharfar aghaidh ar chlaontaí de chineál struchtúrtha sa phlean gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 14(7) nó i leagan nuashonraithe de phlean gníomhaíochta atá ann cheana.
Ní chuirfidh oibreoirí córais tarchurtha teorainn le toilleadh na hacmhainneachta idirnaisc a bheidh le cur ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh mar bheallach chun plódú a réiteach laistigh dá gcrios tairisceana féin nó mar mhodh chun sreafaí arna n-eascairt as idirbheart laistigh de chriosanna tairisceana a bhainistiú. Gan dochar do chur i bhfeidhm na maoluithe faoi mhíreanna 3 agus 10 den Airteagal seo agus do chur i bhfeidhm Airteagal 15(2), measfar an mhír seo a bheith comhlíonta ar choinníoll go sroichtear íosleibhéil seo a leanas na hacmhainneachta atá ar fáil le haghaidh trádáil traschreasach:
i gcás teorainneacha a úsáideann cur chuige glanacmhainneachta tarchurtha comhordaithe, is é 70 % den acmhainneacht tairseacha an t-íosleibhéal achmhainneachta a bheidh ann, agus teorainneacha slándála oibríochta á n-urramú agus teagmhais á gcur san áireamh, ag an am céanna, arna chinneadh i gcomhréir leis an treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus le bainistiú ar phlódú arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009;
i gcás teorainneacha a úsáideann cur chuige sreabhadhbhunaithe, is é an tairseach íosta a bheidh ann ná corrlach arna shocrú sa phróiseas ríofa acmhainneachta amhail mar atá ar fáil i gcás sreafaí de thoradh malartú traschreasach. Is é an corrlach a bheidh ann ná 70 % den acmhainneacht, agus teorainneacha slándála oibríochta eilimintí criticiúla líonra inmheánacha agus traslimistéir á n-urammú agus teagmhais á gcur san áireamh, ag an am céanna, arna chinneadh i gcomhréir leis na treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus le bainistiú ar phlódú a glacadh ar bhonn Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009;
Féadfar an méid iomlán de 30 % a úsáid i gcás na gcorrlach iontaofachta, na lúbshreabha agus na sreabha inmheánacha ar gach eilimint chriticiúil líonra.
Sula ndeonfaidh sé maolú, rachaidh an t-údarás rialála ábhartha i gcomhairle le húdaráis rialála na mBallstát eile ar cuid iad de réigiún ríofa acmhainneachta dá ndéantar difear. I gcás ina n-easaontóidh údarás rialála leis an maolú a mholtar, déanfaidh ACER cinneadh ar cheart dó an maolú a dheonú de bhun phointe (a) d'Airteagal 6(10) de Rialachán (AE) 2019/942. Foilseofar an bonn cirt agus na cúiseanna atá leis an maolú.
I gcás ina ndeonaítear maolú, forbróidh agus foilseoidh na hoibreoirí ábhartha córas tarchurtha modheolaíocht agus tionscadail lena dtabharfar réiteach fadtéarmach ar an bhfadhb a bhfuil sé mar aidhm ag an maolú aghaidh a thabhairt air. Rachaidh an maolú in éag an tráth a bhainfear an teorainn ama don mhaolú amach nó, nuair a chuirfear an réiteach i bhfeidhm, cibé acu sin is túisce.
Déanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha uile as réigiún ríofa acmhainneachta an leibhéal sin a ainilísiú agus shainiú go comhpháirteach i gcás gach teorann idir dhá chrios tairisceana aonair, agus beidh sé faoi réir na n-údárás rialála uile sa réigiún chun ríofa acmhainneachta a fhormheas ina dhiaidh sin.
Airteagal 17
Acmhainneacht thraschreasach a leithdháileadh thar chreataí ama
Saineoidh na hoibreoirí córais tarchurtha struchtúr iomchuí chun acmhainneacht thraschreasach a leithdháileadh ar fud na gcreataí ama, lena n-áirítear margaí lá roimh ré, ionlae agus cothromaithe. Beidh struchtúr um leithdháileadh den sórt sin faoi réir a athbhreithnithe ag na húdaráis rialála ábhartha. Agus a dtogra á tharraingt suas acu, cuirfidh oibreoirí córais tarchurtha na nithe seo a leanas san áireamh:
saintréithe na margaí;
coinníollacha oibríochtúla an chórais leictreachais, amhail na himpleachtaí a bheadh ag comhardú na sceideal atá dearbhaithe go daingean;
leibhéal comhchuibhithe na gcéatadán a thugtar do chreataí éagsúla agus na creataí ama a ghlacfar do na sásraí éagsúla atá i bhfeidhm maidir le leithdháileadh acmhainneachta traschreasaí cheana.
ROINN 2
Muirir ghréasáin agus ioncam ó phlódú
Airteagal 18
Muirir ar rochtain ar ghréasáin, úsáid gréasán agus treisiú
Gan dochar d'Airteagal 15(1) agus (6) de Threoir 2012/27/AE ná do na critéir in Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an Treoir sin, tacóidh an modheolaíocht a úsáidtear chun na muirir ghréasáin a chinneadh, ar bhealach neodrach, le héifeachtúlacht fhoriomlán na gcóras san fhadtéarma trí chomharthaí praghais do chustaiméirí agus do tháirgeoirí agus, go háirithe, cuirfear i bhfeidhm í ar bhealach nach ndéanfaidh idirdhealú idir táirgeadh atá nasctha ar leibhéal an dáileacháin agus táirgeadh atá nasctha ar leibhéal an tarchurtha. Ní dhéanfar idirdhealú leis na muirir ghréasáin, ar bhealach dearfach ná ar bhealach diúltach, i gcoinne stóráil fuinnimh nó i gcoinne an chomhbhailithe, agus ní chruthófar leo dídhreasuithe le haghaidh na féinghiniúna, an fhéintomhaltais nó le haghaidh rannpháirtíocht sa fhreagairt don éileamh. Gan dochar do mhír 3 den Airteagal seo, ní bheidh na muirir sin bainteach le hachar.
Déanfar an méid seo a leanas leis na modheolaíochtaí taraifí:
costais sheasta na n-oibreoirí córais tarchurtha agus na n-oibreoirí córais dáileacháin a léiriú agus caiteachas caipitil agus oibríochtúil araon a bhreithniú chun dreasachtaí iomchuí maidir le hoibreoirí córais tarchurtha agus le hoibreoirí córais dáileacháin a sholáthar sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma, lena n-áirítear infheistíocht oirchilleach chun éifeachtúlachtaí a mhéadú, lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh;
comhtháthú margaidh, comhtháthú fuinnimh in-athnuaite agus slándáil an tsoláthair a chothú;
tacú le húsáid seirbhísí solúbthachta agus úsáid nasc solúbtha a chumasú;
infheistíocht éifeachtúla agus tráthúla a chur chun cinn, lena n-áirítear réitigh chun an eangach atá ann cheana a bharrfheabhsú;
an stóráil fuinnimh, an fhreagairt don éileamh agus gníomhaíochtaí taighde gaolmhara a éascú;
rannchuidiú leis na cuspóirí a leagtar amach sna pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a bhaint amach, an tionchar ar an gcomhshaol a laghdú agus glacadh an phobail leo a chur chun cinn; agus
nuálaíocht a éascú ar mhaithe le tomhaltóirí i réimsí áirithe, amhail an digitiú, seirbhísí solúbthachta agus idirnascadh, go háirithe chun forbairt a dhéanamh ar an mbonneagar is gá chun an sprioc idirnasctha leictreachais íosta do 2030 a leagtar síos in Airteagal 4, pointe (d)(1), de Rialachán (AE) 2018/1999 a bhaint amach.
Nuair a bheidh na muirir ar rochtain ar ghréasán á socrú, cuirfear an méid seo a leanas san áireamh:
íocaíochtaí agus fáltais a eascraíonn as an sásra um chúiteamh idir oibreoirí córais tarchurtha;
íocaíochtaí iarbhír a rinneadh agus a fuarthas mar aon le híocaíochtaí lena bhfuiltear ag súil do thréimhsí ama sa todhchaí, agus a ndéantar meastachán orthu ar bhonn tréimhsí san am atá caite.
Faoin 5 Deireadh Fómhair 2019 chun an riosca a bhaineann le hilroinnt margaí a mhaolú, soláthróidh ACER tuarascáil dhea-chleachtais maidir le modheolaíochtaí taraifí tarchurtha agus dáileacháin agus, ag an am céanna, cuirfidh sí na sonraíochtaí náisiúnta san áireamh. Sa tuarascáil dea-chleachtais sin, tabharfar aghaidh ar na nithe seo a leanas ar a laghad:
an cóimheas idir na taraifí a chuirtear i bhfeidhm ar tháirgeoirí agus na taraifí a chuirtear i bhfeidhm ar chustaiméirí deiridh;
na costais a bheidh le haisghabháil trí bhíthin taraifí;
taraifí gréasáin arna n-idirdhealú ar bhonn ama;
comharthaí suímh;
an gaol idir na taraifí tarchurtha agus taraifí dáileacháin;
modhanna, atá le cinneadh tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, chun trédhearcacht a áirithiú maidir le struchtúr na dtaraifí agus iad a shocrú, lena n-áirítear infheistíocht oirchilleach, atá i gcomhréir le cuspóirí ábhartha fuinnimh an Aontais agus le cuspóirí ábhartha fuinnimh náisiúnta agus na dlúslimistéir arna mbunú i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 á gcur san áireamh;
grúpaí d'úsáideoirí gréasáin a bheidh faoi réir taraifí lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, saintréithe na ngrúpaí sin, cineálacha tomhaltais, agus aon díolúine ó tharaifí;
caillteanais in eangacha ardvoltais, meánvoltais agus ísealvoltais;
dreasachtaí le haghaidh infheistíocht éifeachtúla i ngréasáin, lena n-áirítear maidir le hacmhainní lena soláthraítear solúbthacht agus comhaontuithe nasctha sholúbtha.
Déanfaidh ACER a dea-chleachtas a thabhairt cothrom le dáta ar a laghad uair amháin gach 2 bhliain.
Airteagal 19
Ioncam ó phlódú
Tabharfar tosaíocht do na cuspóirí seo a leanas maidir le haon ioncam a eascróidh as leithdháileadh na hacmhainneachta traschreasaí:
infhaighteacht iarbhír na hacmhainneachta leithdháilte a ráthú lena n-áirítear cúiteamh daingne;
acmhainneachtaí traschreasacha a choinneáil ar bun nó a mhéadú trí úsáid idirnascairí atá ann cheana a optamú trí bhíthin gníomhaíochtaí ceartaitheacha comhordaithe, i gcás inarb infheidhme, nó trí chostais a chumhdach a eascraíonn as infheistíocht gréasáin atá ábhartha maidir le plódú idirnascairí a laghdú; nó
oibreoirí gléasraí giniúna leictreachais in-athnuaite amach ón gcósta i gcrios tairisceana amach ón gcósta atá nasctha go díreach le dhá chrios tairisceana nó níos mó a chúiteamh i gcás inar laghdaíodh an rochtain ar mhargaí idirnasctha ar bhealach ina bhfágtar nach mbeidh oibreoir gléasra giniúna leictreachais in-athnuaite amach ón gcósta in ann a chumas giniúna leictreachais a onnmhairiú chuig an margadh agus, i gcás inarb ábhartha, ina bhfágtar go mbeidh laghdú comhfhreagrach ar an bpraghas sa chrios tairisceana amach ón gcósta, i gcomparáid le cás nárbh ann do laghduithe acmhainneachta.
Beidh feidhm ag an gcúiteamh dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír i gcás, sna torthaí bailíochtaithe maidir le ríomh acmhainneachta, nach mbeidh curtha ar fáil ag oibreoir córais tarchurtha amháin nó níos mó an acmhainneacht a comhaontaíodh i gcomhaontuithe nasctha maidir leis an idirnascaire nó an acmhainneacht maidir leis na heilimintí criticiúla gréasáin de bhun na rialacha maidir le ríomh acmhainneachta a leagtar síos in Airteagal 16(8), nó nach mbeidh ceachtar acu sin curtha ar fáil aige nó acu. Beidh na hoibreoirí córais tarchurtha atá freagrach as rochtain ar mhargaí idirnasctha a laghdú freagrach as cúiteamh a thabhairt d’oibreoirí gléasraí giniúna leictreachais in-athnuaite amach ón gcósta. Ar bhonn bliantúil, ní rachaidh an cúiteamh sin thar an ioncam iomlán ó phlódú a ghintear ar idirnascairí idir na criosanna tairisceana lena mbaineann.
Féadfaidh ACER a iarraidh ar na hoibreoirí córais tarchurtha an mhodheolaíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír a athrú nó a nuashonrú. Déanfaidh ACER an mhodheolaíocht athruithe nó nuashonraithe a fhormheas tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis a thíolacadh.
Leagfar amach sa mhodheolaíocht na coinníollacha faoinar féidir na hioncaim a úsáid le haghaidh na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 2, na coinníollacha faoina bhféadfar na hioncaim a chur ar líne leithleach inmheánach cuntais lena úsáid chun na gcríoch sin amach anseo, agus an fad a fhéadfar na hioncaim a chur ar líne cuntais den sórt sin.
Déanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha an úsáid a bhainfidh siad as aon ioncam ó phlódú a leagan síos go soiléir roimh ré, agus tabharfaidh siad tuarascáil do na húdaráis rialála ar úsáid iarbhír an ioncaim sin. Faoin 1 Márta gach bliain, déanfaidh na húdaráis rialála ACER a chur ar an eolas agus tuarascáil a fhoilsiú ina leagfar amach:
méid an ioncaim a bailíodh don tréimhse 12 mhí dar críoch an 31 Nollaig den bhliain roimhe sin;
an bealach ar baineadh úsáid as an ioncam sin de bhun mhír 2, lena n-áirítear na tionscadail shonracha ar úsáideadh an t-ioncam ina leith, agus an méid a cuireadh ar líne ar leithligh sna cuntais;
an méid ar baineadh úsáid as agus taraifí gréasáin á ríomh; agus
le fíorú go comhlíonann an méid dá dtagraítear i bpointe (c) an Rialachán seo agus an mhodheolaíocht arna forbairt de bhun mhíreanna 3 agus 4.
I gcás ina n-úsáidtear roinnt den ioncam ón bplódú tráth a dhéantar taraifí gréasáin a ríomh, leagfar amach sa tuarascáil conas a chomhlíon oibreoirí córais tarchurtha na cuspóirí tosaíochta atá leagtha amach i mír 2 i gcás inarb infheidhme.
CAIBIDIL IIIa
DREASACHTAÍ INFHEISTÍOCHTA SONRACHA CHUN CUSPÓIRÍ DÍCHARBÓNÚCHÁIN AN AONTAIS A BHAINT AMACH
Airteagal 19a
Comhaontuithe ceannaigh cumhachta
Airteagal 19b
Teimpléid dheonacha le haghaidh CCCanna agus faireachán ar CCCanna
I gcás inarb é conclúid an mheasúnaithe gur gá na teimpléid dheonacha sin le haghaidh CCCanna a fhorbairt agus a eisiúint, déanfaidh ACER, in éineacht leis na OAMLanna, agus tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, na teimpléid sin a fhorbairt, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
is ar bhonn deonach a úsáidfear na teimpléid chonartha sin do na páirtithe conarthacha;
maidir leis na teimpléid chonartha, déanfar inter alia:
tréimhsí conartha éagsúla a thairiscint;
foirmlí praghais éagsúla a sholáthar;
próifíl ualaigh an cheannaitheora agus próifíl giniúna an ghineadóra a chur san áireamh.
Airteagal 19c
Bearta ar leibhéal an Aontais chun rannchuidiú le sciar breise an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a bhaint amach
Déanfaidh an Coimisiún measúnú an bhféadfaidh bearta ar leibhéal an Aontais rannchuidiú le hiarracht chomhchoiteann na mBallstát sciar breise 2,5 % an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a bhaint amach in olltomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais in 2030 de bhun Threoir (AE) 2018/2001, lena gcomhlánaítear bearta náisiúnta. Déanfaidh an Coimisiún anailís ar an bhféidearthacht sásra maoiniúcháin an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite arna bhunú de bhun Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2018/1999 a úsáid chun ceantanna fuinnimh in-athnuaite ar leibhéal an Aontais a eagrú i gcomhréir leis an gcreat rialála ábhartha.
Airteagal 19d
Scéimeanna tacaíochta dírí praghais i bhfoirm conarthaí difríochta dhá threo d’infheistíocht
Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le conarthaí faoi scéimeanna tacaíochta dírí praghais d’infheistíocht i nginiúint nua arna dtabhairt i gcrích an 17 Iúil 2027 nó ina dhiaidh sin, nó, i gcás tionscadail sócmhainní hibrideacha amach ón gcósta atá nasctha le dhá chrios tairisceana nó níos mó, an 17 Iúil 2029 nó ina dhiaidh sin.
Is ar bhonn deonach a ghlacfaidh rannpháirtithe margaidh páirt i scéimeanna tacaíochta dírí praghais i bhfoirm conarthaí difríochta dhá threo agus i scéimeanna coibhéiseacha ag a bhfuil na héifeachtaí céanna.
Maidir le gach scéim tacaíochta dírí praghais i bhfoirm conarthaí difríochta dhá threo agus scéimeanna coibhéiseacha ag a bhfuil na héifeachtaí céanna, beidh siad ceaptha chun an méid a leanas a dhéanamh:
dreasachtaí a chaomhnú don tsaoráid giniúna cumhachta oibriú agus páirt éifeachtúil a ghlacadh sna margaí leictreachais, go háirithe chun imthosca an mhargaidh a léiriú;
cosc a chur ar aon éifeacht saofa atá ag an scéim tacaíochta ar oibriú, seoladh agus cinntí cothabhála na saoráide giniúna cumhachta nó ar iompar tairisceana i seirbhísí coimhdeacha agus margaí cothromúcháin lá roimh ré agus ionlae;
a áirithiú go ndéanfar leibhéal na cosanta luacha saothair íosta agus an uasteorainn le róluach saothair a ailíniú le costas na hinfheistíochta nua agus le hioncam margaidh, chun a ráthú go mbeidh inmharthanacht fhadtéarmach eacnamaíoch ag an tsaoráid giniúna cumhachta gan róchúiteamh a thabhairt;
saobhadh míchuí ar an iomaíocht agus ar thrádáil sa mhargadh inmheánach a sheachaint, go háirithe trí mhéideanna luacha saothair a chinneadh trí phróiseas tairisceana iomaíoch atá oscailte soiléir trédhearcach neamh-idirdhealaitheach; i gcásanna nach féidir aon phróiseas tairisceana iomaíoch a dhéanamh, ceapfar conarthaí difríochta dhá threo nó scéimeanna coibhéiseacha ag a bhfuil na héifeachtaí céanna, agus na praghsanna ceangail is infheidhme, chun a áirithiú nach n-eascróidh saobhadh míchuí ar an iomaíocht agus ar thrádáil sa mhargadh inmheánach as ioncam a dháileadh ar ghnóthais;
saobhadh ar an iomaíocht agus ar thrádáil sa mhargadh inmheánach a sheachaint a eascraíonn as ioncam a dháileadh ar ghnóthais;
clásail phionóis a áireamh atá infheidhme i gcás luathfhoirceannadh aontaobhach míchuí an chonartha.
Beidh feidhm ag mír 1 maidir le hinfheistíocht i nginiúint leictreachais nua ó na foinsí seo a leanas:
fuinneamh gaoithe;
grianfhuinneamh;
fuinneamh geoiteirmeach;
hidreachumhacht gan taiscumar;
fuinneamh núicléach.
D’ainneoin na chéad fhomhíre, féadfar an t-ioncam, nó luach coibhéiseach airgeadais an ioncaim sin, a úsáid freisin chun costais na scéimeanna tacaíochta dírí praghais nó infheistíocht a mhaoiniú chun costais leictreachais do chustaiméirí deiridh a laghdú.
An t-ioncam a dháilfear ar chustaiméirí deiridh, ceapfar é chun dreasachtaí a choinneáil chun a dtomhaltas a laghdú nó chun é a aistriú go tréimhsí ina mbíonn praghsanna leictreachais íseal agus gan an bonn a bhaint den iomaíocht idir soláthróirí leictreachais.
Airteagal 19e
Measúnú ar riachtanais solúbthachta
An tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
beidh sí comhsheasmhach leis an measúnú Eorpach ar leordhóthanacht acmhainní agus leis na measúnuithe náisiúnta ar leordhóthanacht acmhainní a dhéantar de bhun Airteagail 23 agus 24;
beidh sí bunaithe ar na sonraí agus ar an anailís arna soláthar ag oibreoirí córais tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin gach Ballstáit de bhun mhír 3 agus úsáid á baint as an modheolaíocht choiteann de bhun mhír 4 agus, nuair atá údar cuí leis, sonraí agus anailís bhreise.
I gcás ina bhfuil oibreoir córais tarchurtha ainmnithe ag an mBallstát chun an tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh, déanfaidh an t-údarás rialála an tuarascáil a fhormheas nó a leasú.
Sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, déanfar an méid a leanas ar a laghad:
meastóireacht a dhéanamh ar na cineálacha éagsúla riachtanas solúbthachta, ar bhonn séasúrach, laethúil agus in aghaidh na huaire ar a laghad, chun leictreachas a ghintear ó fhoinsí in-athnuaite a chomhtháthú sa chóras leictreachais, inter alia, toimhdí éagsúla i ndáil le praghsanna an mhargaidh leictreachais, giniúint agus éileamh;
machnamh a dhéanamh ar acmhainneacht acmhainní solúbthachta neamhiontaise, amhail freagairt don éileamh agus stóráil fuinnimh, lena n-áirítear comhbhailiú agus idirnascadh, chun na riachtanais solúbthachta sin a chomhlíonadh, ar leibhéal an tarchurtha agus an dáileacháin araon;
meastóireacht a dhéanamh ar na bacainní ar sholúbthacht sa mhargadh agus bearta agus dreasachtaí maolúcháin ábhartha a mholadh, lena n-áirítear deireadh a chur le bacainní rialála agus feabhsuithe féideartha i ndáil le margaí agus seirbhísí nó táirgí oibríochta córais;
meastóireacht a dhéanamh ar a mhéid a rannchuidíonn digitiú na ngréasán tarchurtha agus dáileacháin leictreachais; agus
foinsí solúbthachta a mheastar a bheidh ar fáil i mBallstáit eile a chur san áireamh.
Déanfaidh ENTSO don Leictreachas agus eintiteas AE do OCDanna obair oibreoirí córais tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin a chomhordú a mhéid a bhaineann leis na sonraí agus na hanailísí atá le soláthar i gcomhréir le mír 3. Déanfaidh siad na nithe seo a leanas go háirithe:
cineál agus formáid na sonraí a shainiú a sholáthróidh oibreoirí córais tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin do na húdaráis rialála nó, d’údarás nó d’eintiteas eile arna ainmniú de bhun mhír 1;
modheolaíocht a fhorbairt chun go ndéanfaidh oibreoirí córais tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin anailís ar na riachtanais solúbthachta, agus an méid seo a leanas, ar a laghad, á chur san áireamh:
na foinsí solúbthachta go léir atá ar fáil ar bhealach costéifeachtach sna creataí ama éagsúla, lena n-áirítear i mBallstáit eile;
infheistíochtaí atá beartaithe in idirnascadh agus solúbthacht ar leibhéal an tarchurtha agus an dáileacháin; agus
an gá atá leis an gcóras leictreachais a dhícharbónú chun spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11), de Rialachán (AE) 2018/1999, agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050 a leagtar síos in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/1119 a bhaint amach, i gcomhréir le Comhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide ( 12 ).
Beidh treoirchritéir sa mhodheolaíocht dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír i dtaobh conas a dhéanfar measúnú ar chumas na bhfoinsí solúbthachta éagsúla na riachtanais solúbthachta a chumhdach.
Ar na saincheisteanna a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leo, déanfaidh ACER measúnú ar an méid seo a leanas:
conas an anailís ar riachtanais solúbthachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhtháthú ar bhealach níos fearr leis an modheolaíocht don mheasúnú Eorpach ar leordhóthanacht acmhainní i gcomhréir le hAirteagal 23 agus leis an modheolaíocht don phlean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais, lena n-áirithítear comhsheasmhacht eatarthu;
na riachtanais solúbthachta mheasta sa chóras leictreachais ar leibhéal an Aontais agus an acmhainneacht a mheastar a bheidh ar fáil go heacnamaíoch sa chéad 5 bliana go 10 mbliana eile agus na tuarascálacha náisiúnta á gcur san áireamh;
bearta breise a d’fhéadfaí a thabhairt isteach chun leas a bhaint as acmhainneacht solúbthachta sna margaí leictreachais agus in oibriú an chórais leictreachais.
Féadfar torthaí na hanailíse dá dtagraítear sa dara fomhír, pointe (a), a chur san áireamh in athbhreithnithe breise ar na modheolaíochtaí dá dtagraítear sa phointe sin i gcomhréir leis na gníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais.
Féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, ar a thionscnamh féin, ionchur a sholáthar do ACER maidir le conas is féidir a áirithiú go gcomhlíonfar spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais agus a chuspóir aeráidneodrachta do 2050.
Airteagal 19f
Cuspóir náisiúnta táscach maidir le solúbthacht neamhiontaise
Tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis thíolacadh na tuarascála de bhun Airteagal 19e(1) den Rialachán seo, saineoidh gach Ballstát, ar bhonn na tuarascála sin, cuspóir náisiúnta táscach maidir le solúbthacht neamhiontaise, lena n-áirítear an rannchuidiú sonrach faoi seach ón bhfreagairt don éileamh agus ón stóráil fuinnimh leis an gcuspóir sin. Féadfaidh na Ballstáit an cuspóir sin a bhaint amach trí acmhainneacht shainaitheanta na solúbthachta neamhiontaise a fhíorú, trí bhacainní margaidh sainaitheanta a bhaint nó trí na scéimeanna tacaíochta solúbthachta neamhiontaise dá dtagraítear in Airteagal 19g den Rialachán seo. Léireofar an cuspóir náisiúnta táscach sin, lena n-áirítear an rannchuidiú sonrach faoi seach ón bhfreagairt don éileamh agus ón stóráil fuinnimh leis an gcuspóir sin, chomh maith le bearta chun é a ghnóthú, i bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide na mBallstát a mhéid a bhaineann leis an ngné “An Margadh Inmheánach Fuinnimh” i gcomhréir le hAirteagail 3, 4 agus 7 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus ina dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán sin. Féadfaidh na Ballstáit cuspóirí náisiúnta táscacha sealadacha a shainiú go dtí go nglacfar an tuarascáil de bhun Airteagal 19e(1) den Rialachán seo.
Tar éis an mheasúnaithe arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2018/1999, tar éis dó an cuspóir náisiúnta táscach arna shainiú agus arna chur in iúl ag na Ballstáit i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo a fháil, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar na tuarascálacha náisiúnta.
Ar bhonn chonclúidí na tuarascála arna míniú a thuilleadh leis an gcéad fhaisnéis arna cur in iúl ag na Ballstáit, féadfaidh an Coimisiún straitéis de chuid an Aontais maidir le solúbthacht a tharraingt suas, ag díriú go háirithe ar an bhfreagairt don éileamh agus ar an stóráil fuinnimh, chun a n-imscaradh a éascú, ar straitéis í atá comhsheasmhach le spriocanna 2030 an Aontais don fhuinneamh agus don aeráid agus an cuspóir aeráidneodrachta do 2050. Féadfaidh togra reachtach a bheith ag gabháil le straitéis sin an Aontais maidir le solúbthacht, i gcás inarb iomchuí.
Airteagal 19g
Scéimeanna tacaíochta solúbthachta neamhiontaise
Airteagal 19h
Prionsabail dearaidh le haghaidh scéimeanna tacaíochta solúbthachta neamhiontaise
Maidir le scéimeanna tacaíochta solúbthachta neamhiontaise arna gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 19g(1):
ní rachaidh siad thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir náisiúnta táscach a bhaint amach, nó i gcás inarb ábhartha an cuspóir náisiúnta táscach sealadach, arna shainiú de bhun Airteagal 19f ar bhealach costéifeachtach;
beidh siad teoranta d’infheistíocht nua in acmhainní solúbthachta neamhiontaise amhail freagairt don éileamh agus stóráil fuinnimh;
féachfaidh siad le critéir suímh a chur san áireamh chun a áirithiú go ndéanfar infheistíochtaí in acmhainneacht nua i suíomhanna optamacha;
ní thabharfar le tuiscint leo go dtosófaí ar ghiniúint bunaithe ar bhreosla iontaise atá suite taobh thiar den phointe méadraithe;
roghnófar leo soláthraithe acmhainneachta trí phróiseas oscailte, trédhearcach, iomaíoch, deonach, neamh-idirdhealaitheach agus costéifeachtach;
coiscfear leo saobhadh míchuí ar fheidhmiú éifeachtúil margaí leictreachais, lena n-áirítear dreasachtaí oibríochta éifeachtúla agus comharthaí praghais éifeachtúla agus neamhchosaint ar éagsúlacht praghsanna agus ar riosca margaidh a chaomhnú;
soláthrófar leo dreasachtaí chun comhtháthú a dhéanamh sna margaí leictreachais ar bhealach margadhbhunaithe agus margadhfhreagrúil, agus saobhadh neamhriachtanach ar na margaí leictreachais á sheachaint an tráth céanna agus na costais a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le comhtháthú córais, plódú eangaí agus cobhsaíocht eangaí á gcur san áireamh chomh maith;
leagfar amach leo íosleibhéal rannpháirtíochta sna margaí leictreachais i dtéarmaí fuinnimh ghníomhachtaithe, lena gcuirtear san áireamh sainiúlachtaí teicniúla na sócmhainne lena soláthraítear an tsolúbthacht;
cuirfear i bhfeidhm leo pionóis iomchuí ar sholáthraithe acmhainneachta nach n-urramaíonn an t-íosleibhéal rannpháirtíochta sna margaí leictreachais dá dtagraítear i bpointe (h), nó nach leanann dreasachtaí oibríochta éifeachtúla agus comharthaí praghais éifeachtúla dá dtagraítear i bpointe (f);
cuirfear chun cinn leo oscailt acmhainní do rannpháirtíocht trasteorann, ar acmhainní iad atá in ann an fheidhmíocht theicniúil is gá a sholáthar, i gcás ina bhfuil an anailís costais agus tairbhe ina leith dearfach.
CAIBIDIL IV
LEORMHAITHEAS ACMHAINNÍ
Airteagal 20
Leormhaitheas acmhainní sa mhargadh inmheanach um leictreachas
Na Ballstáit ar ina leith a shainaithneofar ábhair imní ó thaobh leormhaitheas acmhainní de, déanfaidh siad a fhorbairt agus a fhoilsiú plean cur chun feidhme ina mbeidh amlíne chun bearta a ghlacadh chun deireadh a chur le haon saobhadh rialála nó clistí margaí a shainaithneofar mar chuid den phróiseas maidir le Státchabhair. Agus aghaidh á tabhairt acu ar ábhair imní ó thaobh leormhaitheas acmhainní de, cuirfidh na Ballstáit san áireamh go háirithe na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 3 agus déanfaidh siad breithniú ar gach ní de na nithe seo a leanas:
deireadh a chur le saobhadh rialála;
uasteorainneacha praghais a bhaint i gcomhréir le hAirteagal 10;
feidhm praghsála teirce a thabhairt isteach maidir leis an bhfuinneamh don chothromú amhail dá dtagraítear in Airteagal 44(3) de Rialacháin Uimh. 2017/2195;
idirnascadh agus acmhainneacht inmheánach eangaí a mhéadú d'fhonn ar a laghad a spriocanna maidir le hidirnascadh a bhaint amach amhail dá dtagraítear i bpointe (d)(1) d'Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/1999;
féinghiniúint, stóráil fuinnimh, bearta atá dírithe ar an éileamh agus éifeachtúlacht fuinnimh a chumasú trí bhearta a ghlacadh chun aon saobhadh rialála arna sainaithint a dhíothú;
soláthar cost-éifeachtach agus margadhbhunaithe seirbhísí cothromúcháin agus coimhdeacha a áirithiú;
praghsanna rialáilte a bhaint i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le hAirteagal 5 de Threoir (AE) 2019/944.
Airteagal 21
Prionsabail ghinearálta le haghaidh sásraí acmhainneachta
▼M2 —————
Airteagal 22
Prionsabail deartha le haghaidh sásraí acmhainneachta
Maidir le sásraí acmhainneachta:
▼M2 —————
ní chruthóidh siad saobhadh margaidh míchuí agus ní chuirfidh siad teorainn le trádáil thraschreasach;
ní rachaidh siad thar a bhfuil riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar imní ó thaobh leormaitheas de dá dtagraítear in Airteagal 20;
roghnóidh siad soláthraithe acmhainneachta trí phróiseas trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus iomaíoch;
soláthróidh siad dreasachtaí chun go mbeidh soláthraithe acmhainneachta ar fáil le linn brú réamh-mheasta ar chórais;
áireoidh siad go gcinnfear an luach saothair tríd an bpróiseas iomaíoch;
leagfaidh siad amach na coinníollacha teicniúla is gá le haghaidh rannpháirtíocht soláthraithe acmhainneachta roimh an bpróiseas roghnúcháin;
beidh siad oscailte do rannpháirtíocht na n-acmhainní uile atá in ann an fheidhmíocht theicniúil is gá a sholáthar, lena n-áirítear bainistíocht ó thaobh stórála agus éilimh de;
cuirfidh siad pionóis iomchuí i bhfeidhm maidir le soláthraithe acmhainneachta i gcás nach bhfuil siad ar fáil i gcás brú ar chórais.
Comhlíonfaidh an dearadh le haghaidh cúltacaí straitéiseacha na ceanglais seo a leanas:
Nuair is mar chúltaca straitéiseach a dheartar sásra acmhainneachta, ní athsheolfar acmhainní sa chúltaca straitéiseach ach amháin i gcás gur dóigh go n-ídeoidh na hoibreoirí córas tarchurtha a n-acmhainní cothromúcháin chun cothromaíocht a bhunú idir an t-éileamh agus an soláthar;
Le linn tréimhsí socraíochta éagothroime inar seoladh acmhainní sa chúltaca straitéiseach, réiteofar míchothromaíochtaí sa mhargadh ar a laghad ag an luach atá ar chailliúint lóid nó ag luach atá níos airde ná an teorainn praghais theicniúil ionlae dá dtagraítear in Airteagal 10(1), cibé acu is airde;
Maidir le haschur an chúltaca straitéisigh tar éis dó a bheith seolta, déanfar é a shannadh chun páirtithe freagracha a chothromú tríd an sásra socraíochta éagothroime;
Ní íocfar na hacmhainní atá rannpháirteach sa chúltaca straitéiseach trí mhargaí mórdhíola leictreachais ná trí mhargaí cothromúcháin;
Déanfar na hacmhainní sa chúltaca straitéiseach a choinneáil lasmuigh den mhargadh ar feadh thréimhse an chonartha ar a laghad.
Ní dochar an ceanglas dá dtagraítear i bpointe (a) den chead fhomhír seo d'acmhainní a chur chun gnímh roimh an seoladh féin, d'fhonn na sriantaí rampála agus na ceanglais oibríochtúla a chomhlíonadh. Ní dhéanfar aschur an chúltaca straitéisigh le linn an ghníomhachtaithe a shannadh do ghrúpaí comhardaithe trí mhargaí mórdhíola agus ní athrófar a míchothromaíochtaí leis.
Sa bhreis ar na ceanglais a leagtar síos i mír 1, beidh na nithe seo a leanas i gceist le sásraí acmhainneachta seachas cúltacaí straitéiseacha:
bunófar iad chun a áirithiú go gclaonfaidh an praghas a íocfar as infhaighteacht i dtreo an nialais i gcás ina meastar go mbeidh leibhéal na hacmhainneachta a sholáthrófar leormaithe chun an leibhéal acmhainneachta a éilítear a chomhlíonadh;
tabharfar luach saothair do na hacmhainní rannpháirteacha as a n-infhaighteacht amháin agus áiritheofar nach ndéanfaidh an luach saothair difear do chinntí an tsoláthraí acmhainneachta cibé acu an nginfidh siad nó nach nginfidh siad;
áiritheofar go mbeidh oibleagáidí acmhainneachta inaistrithe idir soláthraithe acmhainneachta incháilithe.
Comhlíonfaidh sásraí acmhainneachta na ceanglais seo a leanas maidir le teorainneacha astaíochtaí CO2:
faoin 4 Iúil 2019 ar a dhéanaí, ní bhfaighidh acmhainneacht ghiniúna, a thosaigh táirgeadh tráchtála ar an dáta sin nó ina dhiadh, a astaíonn níos mó ná 550 gCO2 de thionscnamh breosla iontaise in aghaidh an kWh leictreachais, íocaíochtaí nó gealltanais i leith íocaíochtaí amach anseo faoi shásra acmhainneachta amhail ó dháta an teacht i bhfeidhm ar a dhéanaí;
faoin 1 Iúil 2025, ní bhfaighidh acmhainneacht ghiniúna, a thosaigh táirgeadh tráchtála ar an dáta sin nó ina dhiadh, a astaíonn níos mó Acmhainneacht ghiniúna a astaíonn níos mó ná 550 gr CO2 de thionscnamh breosla iontaise in aghaidh an kWh leictreachais agus níos mó ná 350 kg CO2 de thionscnamh breosla iontaise ar an meán in aghaidh na bliana do gach kWe suiteáilte a thosaigh táirgeadh tráchtála, ní bhfaighidh an acmhainneacht ghiniúna sin íocaíochtaí nó gealltanais i leith íocaíochtaí amach anseo faoi shásra acmhainneachta amhail roimh 4 Iúil 2019;
Déanfar an teorainn astaíochta 550 g CO2 de thionscnamh breosla iontaise in aghaidh an kWh leictreachais agus an teorainn 350 kg CO2 de thionscnamh breosla iontaise ar an meán in aghaidh na bliana do gach kW dadtagraitear i bpointi (a) agus (b) den chead fhomhír suiteáilte a ríomh bunaithe ar éifeachtúlacht dhearadh an aonaid giniúna, is é sin an ghlanéifeachtúlacht ar acmhainneacht ainmniúil faoi na caighdeáin ábhartha dá bhforáiltear ag Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán.
Faoin 5 Eanáir 2020, foilseoidh ACER tuairim lena soláthrófar treoraíocht theicniúil maidir le ríomh na luachanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
Airteagal 23
An measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní
Déanfaidh ENTSO don Leictreachas an measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní ar bhonn bhliaintúil. Soláthróidh tairgeoirí agus rannpháirtithe eile sa mhargadh sonraí d'oibreoirí córas tarchurtha maidir le húsáid ionchasach na n-acmhainní giniúna, agus aird á tabhairt ar infhaighteacht acmhainní príomha agus cásanna iomchuí den éileamh agus soláthar réamh-mheasta.
Beidh an measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní bunaithe ar mhodheolaíocht thrédhearcach lena n-áiritheofar go mbeidh na nithe seo a leanas i gceist leis an measúnú sin:
go ndéanfar é ar gach leibhéal creasa tairisceana a chumhdaíonn ar a laghad gach Ballstát;
go mbeidh sé bunaithe ar chásanna tagartha lárnacha den éileamh agus soláthar réamh-mheasta lena n-áirítear measúnú eacnamaíoch ar an dóchúlacht ar shócmhainní giniúna a dhíchoimisiúnú, a chur i leataobh, a thógáil as an nua agus bearta chun spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh agus idirnascadh leictreachais a bhaint amach agus íogaireacht oiriúnach a bhaint amach maidir le himeachtaí foircneacha aimsire, coinníollacha hidreolaíocha, praghsanna mórdhíola agus forbairt ar phraghsanna carbóin;
go mbeidh ann cásanna ar leithligh ina léirítear dóchúlacht éagsúil na n-ábhar imní maidir le leormhaitheas giniúna ar ina leith a ceapadh cineálacha éagsúla sásraí acmhainneachta chun aghaidh a thabhairt orthu;
go gcuirfear san áireamh go hiomchuí rannchuidiú na n-acmhainní uile, lena n-áirítear deiseanna atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, stóráil fuinnimh, comhtháthú earnálach, freagairt don éileamh, agus allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin agus an méid a rannchuidíonn siad le hoibriú solúbtha an chórais;
go ndéanfar réamh-mheas ar an tionchar is dócha a bheidh ag na bearta dá dtagraítear in Airteagal 20(3);
go gcuirfear san áireamh athróga gan na sásraí acmhainneachta atá ann faoi láthair nó atá pleanáilte agus, i gcás inarb infheidhme, le hathróga acmhainneachta den sórt sin;
go mbeidh sé bunaithe ar shamhail mhargaidh ina n-úsáidtear an cur chuige bunaithe ar shreafaí, i gcás inarb infheidhme;
go gcuirfear ríomhanna dóchúlaíocha i bhfeidhm leis;
go gcuirfear uirlis mhúnlaithe aonair i bhfeidhm;
go n-áireofar na táscairí seo a leanas ar a laghad dá dtagraítear in Airteagal 25:
go sainaithneofar ábhair imní a d'fhéadfadh a bheith ann ó thaobh leormhaitheas acmhainní de, go háirithe an srianadh gréasáin nó srianadh acmhainní, nó srianadh ar an dá rud, atá i gceist.
go dtabharfar aird ar fhíorfhorbairt líonra;
go n-áiritheofar go gcuirfear san áireamh mar is cuí saintréithe náisiúnta na giniúna, solúbthacht éilimh agus stóráil fuinnimh, infhaighteacht acmhainní príomha agus leibhéal an idirnasctha.
Faoin 5 Eanáir 2020, cuirfidh ENTSO don Leictreachas dréacht-mhodheolaíocht faoi bhráid ACER chun ríomh a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:
an luach ar chailliúint lóid;
an “costas ar iontráil nua” don ghiniúint, nó don fhreagairt don éileamh; agus
an caighdeán don iontaofacht dá dtagraítear in Airteagal 25.
Beidh an mhodheolaíocht bunaithe ar chritéir atá trédhearcach, oibiachtúil agus infhíoraithe.
Airteagal 24
Measúnuithe náisiúnta leormhaitheasa acmhainní
Beidh na cásanna lárnacha tagartha dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 23(5) sna measúnuithe náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní.
Ina theannta sin, féadfar, le measúnuithe náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní, íogaireachtaí breise a sholáthar, sa bhreis ar na cinn dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 23(5). Agus íogaireachtaí breise á gcur i bhfeidhm, féadfar, le measúnuithe breise ar leormhaitheas acmhainní, na nithe seo a leanas a dhéanamh:
toimhdí a dhéanamh ina gcuirtear san áireamh saintréithe an éilimh agus an tsoláthair leictreachais náisiúnta;
úsáid a bhaint as uirlisí agus as sonraí comhsheasmhacha is déanaí atá comhlantacha leis na cinn a d'úsáid ENTSO don Leictreachas sa mheasúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní.
Thairis sin, agus measúnú á dhéanamh ar rannchuidiú soláthraithe acmhainneachta bunaithe i mBallstat eile maidir le slándáil soláthair na gcriosanna tairisceana a chumhdaítear leo, úsáidfidh measúnuithe náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní an mhodheolaíocht dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 26(11).
Laistigh de 2 mhí ón dáta a fhaightear an tuarascáil, cuirfidh ACER tuairim ar fáil i dtaobh an bhfuil údar leis na difríochtaí idir an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní agus an measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní Eorpach.
An comhlacht a freagrach as an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní, tabharfaidh sé aird chuí ar an tuairim ó ACER, agus i gcás inar gá, leasóidh sé a mheasúnú deiridh. I gcás ina gcinnfidh sé gan lánaird chuí a thabhairt ar an tuairim ó ACER, an comhlacht a freagrach as an measúnú náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní, foilseoidh sé tuarascáil ina mbeidh réasúnaithe mionsonraithe.
Airteagal 25
Caighdeán don iontaofacht
Airteagal 26
Rannpháirtíocht trasteorann i sásraí acmhainneachta
Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeidh an acmhainneacht eachtrach lonnaithe i mBallstát ina bhfuil nasc díreach gréasáin leis an mBallstát a chuireann an sásra i bhfeidhm.
I gcás ina nglacfaidh soláthraithe acmhainneachta páirt i níos mó ná sásra amháin don tréimhse seachadta chéanna, glacfaidh siad páirt suas go dtí an infhaighteacht ionchasach réamh-mheasta idirnasctha agus gur dócha go dtarlóidh brú sna córais ag an am céanna idir an córas ina gcuirtear an sásra i bhfeidhm agus an córas ina bhfuil an acmhainneacht eachtrach lonnaithe i gcomhréir leis na modheolaíochta dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 11.
I gcás ina mbeidh soláthraithe acmhainneachta rannpháirteach i níos mó ná sásra acmhainneachta amháin don tréimhse seachadta chéanna, ceanglófar orthu iliomad íocaíochtaí neamh-infhaighteachta a dhéanamh nuair nach bhfuil siad in ann iliomad gealltanas a chomhlíonadh.
Socróidh oibreoirí córais tarchurtha gach bliain an acmhainneacht uasta iontrála a bheidh ar fáil le haghaidh rannpháirtíocht na hacmhainneachta eachtraí bunaithe ar mholadh ón lárionad comhordúcháin réigiúnach ar bhonn bliantúil.
Déanfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha ina bhfuil an acmhainneacht eachtrach lonnaithe an méid seo a leanas:
suífidh sé cibé acu an bhfuil soláthraithe acmhainneachta ar suim leo é in ann an fheidhmíocht theicniúil a sholáthar mar a cheanglaítear faoin sásra acmhainneachta a bhfuil sé beartaithe ag an soláthraí acmhainne bheith rannpháirteach ann nó nach bhfuil agus cláróidh sé an soláthraí acmhainneachta mar sholáthraí acmhainneachta i gclár arna bhunú don chuspóir sin;
déanfaidh sé seiceálacha ar infhaighteacht;
tabharfaidh sé fógra don oibreoir córais tarchurtha sa Bhallstát ina gcuirfear an sásra acmhainneachta i bhfeidhm faoin bhfaisnéis a fhaightear faoi phointí (a) agus (b) den fhomhír seo agus faoin dara fomhír.
Tabharfaidh an soláthraí acmhainne ábhartha fógra don oibreoir córais tarchurtha faoina rannpháirtíocht i sásra acmhainneachta eachtrach gan mhoill;
Faoin 5 Iúil 2020 cuirfidh ENTSO don Leictreachas na nithe seo a leanas faoi bhráid ACER:
modheolaíocht chun an acmhainneacht iontrála uasta don rannpháirtíocht trasteorann a ríomh dá dtagraítear i mír 6;
modheolaíocht chun an t-ioncam a chomhroinnt dá dtagraítear i mír 9;
comhrialacha chun na seiceálacha ar infhaighteacht a dhéanamh dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 10;
comhrialacha chun an uair a mbeidh íocaíocht neamh-infhaighteachta dlite a chinneadh;
téarmaí d'fheidhmiú an chláir dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 10;
comhrialacha maidir le hacmhainneacht atá incháilithe chun a bheidh rannpháirteach sa sásra achmainneachta a shainaithint, dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 10.
Beidh an togra faoi réir comhairliúchán agus an formheas roimh ré ag ACER i gcomhréir le hAirteagal 27.
Airteagal 27
An nós imeachta um formheas
CAIBIDIL V
OIBRIÚ CÓRAS TARCHURTHA
Airteagal 28
Gréasán Eorpach na n-oibreoirí córas tarchurtha don leictreachas
Airteagal 29
ENTSO don Leictreachas
Airteagal 30
Cúraimí ENTSO don Leictreachas
I dtaca le ENTSO don Leictreachas, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
na cóid ghréasáin a fhorbairt sna réimsí a leagtar amach in Airteagal 59(1) agus (2) d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 28 a bhaint amach;
plean forbartha gréasáin neamhcheangailteach Aontais 10 mbliana, (plean forbartha gréasáin Aontais), a ghlacadh agus a fhoilsiú gach 2 bhliain;
tograí maidir leis an measúnú Eorpach ar leormhaitheas acmhainní de bhun Airteagal 23 agus tograí maidir le sonraíochtaí teicniúla le haghaidh rannpháirtíocht trasteorann i sásra acmhainneachta de bhun Airteagal 26(11) a ullmhú agus a ghlacadh;
moltaí maidir le comhordú an chomhair theicniúil idir oibreoirí córas tarchurtha san Aontas agus oibreoirí córas tarchurtha i dtríú tíortha a ghlacadh;
creat a ghlacadh le haghaidh an chomhair agus an chomhardaithe idir na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha;
togra a ghlacadh lena sainítear an réigiún oibríochta córas i gcomhréir le hAirteagal 36;
comhoibriú le hoibreoirí córas dáileacháin agus le heintiteas AE do OCDanna;
digitiú na ngréasán tarchuir a chur chun cinn, lena n-áirítear eangacha cliste, fáil sonraí fíor-ama éifeachtúil agus córais méadrúcháin chliste a imlonnú;
uirlisí coiteanna a ghlacadh d'oibriú an ghréasáin, lena áirithiú go ndéanfar comhordú ar oibriú an ghréasáin i ngnáthdhálaí agus i ndálaí éigeandála, lena n-áirítear scála coiteann chun teagmhas a aicmiú, maille le pleananna taighde lena n-áirítear na pleananna sin a chur chun feidhme de bhíthin clár éifeachtúil taighde. Déanfaidh na huirlisí seo a shonrú, inter alia:
an fhaisnéis, lena n-áirítear faisnéis iomchuí an chéad lae eile, ionlae agus fíorama, a bheadh úsáideach chun comhordú oibríochtúil a fheabhsú, chomh maith leis an minicíocht bharrmhaith le haghaidh an fhaisnéis sin a bhailiú agus a roinnt;
clár oibre teicneolaíochta le haghaidh faisnéis a mhalartú i bhfíoram agus i gcás inarb iomchuí, na hardáin teicneolaíochta le haghaidh an fhaisnéis eile dá dtagraítear i bpointe (i) a bhailiú, a phróiseáil agus a tharchur, agus chomh maith leis sin le haghaidh chur chun feidhme na nósanna imeachta atá in ann comhordú oibríochtúil idir na hoibreoirí córas tarchurtha a mhéadú d'fhonn go dtiocfaidh an comhordú sin i réim ar fud an Aontais;
an tslí a gcuireann oibreoirí córas tarchurtha an fhaisnéis oibríochtúil ar fáil d'oibreoirí eile córas tarchurtha nó d'aon eintiteas a bheidh sainordaithe go cuí chun tacú leo comhordú oibríochtúil a bhaint amach, agus do ACER; agus
go n-ainmneoidh na hoibreoirí córas tarchurtha pointe teagmhála a bheidh freagrach as fiosruithe a fhreagairt ó oibreoirí eile córas tarchurtha nó ó aon eintiteas eile a bheidh sainordaithe go cuí amhail dá dtagraítear i bpointe (iii), nó ó ACER lena mbaineann an fhaisnéis sin.
clár oibre bliantúil a ghlacadh;
rannchuidiú le ceanglais idir-inoibritheachta agus nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha a bhunú chun rochtain a fháil ar shonraí faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 24 de Threoir (AE) 2019/944;
tuarascáil bhliantúil a ghlacadh;
measúnaithe leormhaitheasa séasúracha a dhéanamh agus a ghlacadh de bhun Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2019/941;
cibearshlándáil agus cosaint sonraí a chur chun cinn i gcomhar le húdaráis ábhartha agus le heintitis rialáilte;
forbairt na freagartha don éileamh a chur san áireamh agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige.
Airteagal 31
Comhairliúcháin
Airteagal 32
An faireachán a dhéanfaidh ACER
Déanfaidh ACER faireachán ar an mbealach a ndéanann ENTSO don Leictreachas na cóid ghréasáin arna bhforbairt faoi Airteagal 59 a chur chun feidhme. I gcás ina mainneoidh ENTSO don Leictreachas na cóid ghréasáin sin a chur chun feidhme, iarrfaidh ACER ar ENTSO don Leictreachas míniú cuí-réasúnaithe a thabhairt faoin gcúis ar mhainnigh sí déanamh amhlaidh. Cuirfidh ACER an míniú sin in iúl don Choimisiún agus tabharfaidh sí a tuairim ina leith.
Déanfaidh ACER faireachán agus anailís ar chur chun feidhme na gcód gréasáin agus na dtreoirlínte arna nglacadh ag an gCoimisiún de réir mar a leagtar síos in Airteagal 58(1), agus ar a n-éifeacht ar chomhchuibhiú na rialacha is infheidhme, arb é is aidhm dóibh comhtháthú an mhargaidh a éascú, agus ar neamh-idirdhealú, ar iomaíocht éifeachtach agus ar fheidhmiú éifeachtúil an mhargaidh, agus tíolacfaidh sí tuarascáil don Choimisiún.
Laistigh de thréimhse 2 mhí ón lá a bhfaighfear é, tabharfaidh ACER tuairim chuí-réasúnaithe, chomh maith le moltaí, do ENTSO don Leictreachas agus don Choimisiún, i gcás ina measfaidh sé nach rannchuideoidh an dréachtchlár oibre bliantúil nó an dréachtphlean forbartha gréasáin Aontais le neamh-idirdhealú, le hiomaíocht éifeachtach nó le feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh nó le leibhéal leordhóthanach idirnaisc trasteorann a bheidh oscailte do rochtain ag tríú páirtithe.
Airteagal 33
Costais
Seasfaidh na hoibreoirí córas tarchurtha na costais a bhaineann le gníomhaíochtaí ENTSO don Leictreachas dá dtagraítear in Airteagail 28 go 32 agus 58 go 61 den Rialachán seo, agus in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 14 ) agus cuirfear na costais sin san áireamh le linn na taraifí a bheith á ríomh. Ní fhormheasfaidh na húdaráis rialála na costais sin ach amháin má bhíonn siad réasúnta agus iomchuí.
Airteagal 34
Comhar réigiúnach idir na hoibreoirí córas tarchurtha
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 63, lena bhforlíontar an Rialachán seo, a bhaineann leis an limistéar geografach a bhunaíonn gach struchtúr comhair réigiúnaigh. Chuige sin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na húdaráis rialála, le ACER agus le ENTSO don Leictreachas.
Ní dochar d'Airteagal 36 na gníomhartha tairmligthe dá dtagraítear sa mhír seo.
Airteagal 35
Bunú agus misean na lárionad comhordúcháin réigiúnach
Déanfaidh údaráis rialála an réigiúin oibríochta córais athbhreithniú ar an togra agus déanfaidh siad é a fhormheas.
Beidh na gnéithe seo a leanas, ar a laghad, sa togra:
an Ballstát ina mbeidh suíomh ionchasach na lárionad comhordúcháin réigiúnach agus oibreoirí córais dáiliúcháin rannpháirteacha;
na socruithe eagraíochtúla, airgeadais agus oibríochtúla atá riachtanach chun oibriú éifeachtúil, slán agus iontaofa an chórais tarchurtha idirnasctha a áirithiú;
plean cur chun feidhme maidir le teacht i ngníomh na lárionad comhordúcháin réigiúnach;
reachtanna agus rialacha nós imeachta na lárionad comhordúcháin réigiúnach;
tuairisc ar phróisis chomhoibríocha i gcomhréir le hAirteagal 38;
tuairisc ar na socruithe a bhaineann le dliteanas na lárionad comhordúcháin réigiúnach i gcomhréir le hAirteagal 47;
i gcás ina ndéantar dhá lárionad comhordúcháin réigiúnach a a choinneáil ar bhonn uainíochta, i gcomhréir le hAirteagal 36(2), tuairisc ar na socruithe maidir le freagrachtaí do na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha sin agus nósanna imeachta soiléire a sholáthar i ndáil le forghníomhú a gcúraimí.
Airteagal 36
Scóip gheografach na lárionad comhordúcháin réigiúnach
Airteagal 37
Cúraimí na lárionad comhordúcháin réigiúnach
Déanfaidh gach lárionad comhordúcháin réigiúnach ar a laghad na cúraimí uile a leanas a bhfuil ábharthacht réigiúnach ag gabháil leo laistigh den réigiún oibríochta córas ar fad ina bhfuil sé bunaithe, rud a leagtar amach go mionsonraithe in Iarscríbhinn I:
agus ríomh na hacmhainneachta comhordaithe á dhéanamh aige i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a forbraíodh de bhun na treoirlíne maidir le leithdháileadh todhchaíochta acmhainneachta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2016/1719, na treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus bainistiú ar phlódú agus na treoirlíne a bunaíodh le Rialachán (AE) 2015/1222 agus na treoirlíne maidir le cothromú leictreachais a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/2195;
agus anailís slándála chomhordaithe á dhéanamh aige i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a forbraíodh de bhun na treoirlíne oibríochta córas a glacadh ar bhonn Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009;
agus samhlacha coiteanna eangaí á chruthú aige i gcomhréir leis na modheolaíochtaí agus na nósanna imeachta a forbraíodh de bhun na treoirlíne oibríochta córas a glacadh ar bhonn Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009;
agus é ag tacú leis an measúnú comhsheasmhachta ar phleananna cosanta agus ar phleananna don athbhunú atá ag oibreoirí córas tarchurtha i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa chód Gréasáin maidir le héigeandálaí agus athbhunú a glacadh ar bhonn Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009;
agus réamhaisnéisí leormhaitheasa córas seachtaine roimh ré go lá roimh ré ar bhonn réigiúnach á dhéanamh aige agus é ag ullmhú le haghaidh gníomhaíochtaí laghdaithe riosca i gcomhréir leis an modheolaíochta a leagtar amach in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2019/941 agus leis na nósanna imeachta a leagtar amach sa treoirlíne oibríochta córas a glacadh de bhun Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh 174/2009;
agus comhordú réigiúnach ar phleanáil ar éaradhá dhéanamh aige i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach sa treoirlíne oibríochta córas a glacadh de bhun Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh 714/2009;
agus oiliúint agus deimhniú foirne atá ag obair do na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha á chur ar siúl aige;
agus é ag tacú le comhordú agus optamú d'athbhunú réigiúnach de réir mar a iarrann oibreoirí córas tarchurtha;
anailís agus tuairisciú iaroibrithe agus iarshuaite;
socrú méide réigiúnaigh a dhéanamh ar acmhainneacht chúltaca;
agus soláthar réigiúnach na hacmhainneachta don chothromú á éascú aige;
agus é ag tacú le hoibreoirí córas tarchurtha, arna iarraidh sin dóibh, agus optamú á dhéanamh ar chúitimh idir oibreoirí córas tarchurtha;
agus é ag déanamh cúraimí a bhaineann le cásanna réigiúnacha géarchéime leictreachais a shainaithint i gcás ina ndéantar, agus a mhéid a dhéantar, iad a tharmligean chuig na Lárionaid Comhordúcháin Réigiúnacha de bhun Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2019/941;
cúraimí a bhaineann leis na tuartha séasúracha leormhaitheasa má dhéantar iad agus a mhéid a dhéantar iad a tharmligean chuig na Lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha de bhun Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2019/941;
luach na hacmhainneachta iontrála uasta a ríomh a bheidh ar fáil le haghaidh rannpháirtíocht acmhainneachta eachtraí i sásraí acmhainneachta chun críocha moladh a eisiúint de bhun Airteagal 26(7).
agus cúraimí a bhaineann le hoibreoirí tacaíochta córas tarchurtha a dheanamh chun riachtanais le haghaidh acmhainneacht tarchurtha nua a shainaithint, acmhainneacht tarchurtha atá ann cheana a uasghrádú, nó a gcuid roghanna malartacha, a chur faoi bhráid na ngrúpaí réigiúnacha arna mbunú de bhun Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 agus atá san áireamh sa phlean 10 mbliana maidir le forbairt gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 51 de Threoir (AE) 2019/944.
Leagtar amach go mionsonraithe in Iarscríbhinn I na cúraimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
Airteagal 38
An comhar laistigh de na lárionaid oibríochtúla réigiúnacha agus idir na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha
Déanfar an comhordú ó lá go chéile laistigh de na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha agus eatarthu a bhainistiú trí phróisis chomhoibríocha i measc oibreoirí córas tarchurtha an réigiúin, lena n-áirítear socruithe maidir le comhordú idir na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha i gcás inarb ábhartha. Beidh an próiseas comhoibríoch bunaithe ar na nithe seo a leanas:
socruithe oibre chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe oibríochta agus pleanála atá ábhartha do na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 37;
nós imeachta chun anailís a chomhroinnt agus comhairle a thógáil ó mholtaí na lárionad comhordúcháin réigiúnach leis na hoibreoirí córas tarchurtha sa réigiún oibríochta córas agus le geallsealbhóirí ábhartha, agus le lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha eile, ar bhealach éifeachtúil agus cuimsitheach, agus na dualgais agus cúraimí oibríochta á bhfeidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 40;
nós imeachta maidir le gníomhaíochtaí comhordaithe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 42.
Airteagal 39
Socruithe oibre
Airteagal 40
An nós imeachta comhairliúcháin
Airteagal 41
Trédhearcacht
Airteagal 42
Glacadh cinntí agus athbhreithniú ar ghníomhaíochtaí comhordaithe agus ar mholtaí
I gcás ina gcinnfidh oibreoir córais tarchurtha gan gníomhaíocht chomhordaithe a chur chun feidhme ar na cúiseanna a leagtar amach sa mhír seo, tabharfaidh sé tuairisc thrédhearcach ar na cúiseanna mionsonraithe don lárionad comhordúcháin réigiúnach agus d'oibreoirí córas tarchurtha an réigiúin oibríochta córas gan moill mhíchuí. Sna cásanna sin, déanfaidh an lárionad comhordúcháin réigiúnach measúnú ar thionchar an chinnidh sin ar na hoibreoirí córas tarchurtha eile an réigiúin oibríochta córas agus féadfaidh siad sraith éagsúil gníomhaíochtaí comhordaithe a mholadh faoi réir an nós imeachta a leagtar amach i mír 1.
I gcás ina gcinnfidh oibreoir córais tarchurtha imeacht ó mholadh dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh sé bonn cirt faoi bhráid na lárionad comhordúcháin réigiúnach agus faoi bhráid oibreoirí córas tarchurtha eile an réigiúin oibríochta córas, gan aon mhoill mhíchuí.
Airteagal 43
Bord bainistíochta na lárionad comhordúcháin réigiúnach
Beidh freagracht ar an mbord bainistíochta as na nithe seo a leanas:
reachtanna agus rialacha nós imeachta na lárionad comhordúcháin réigiúnach a dhréachtú agus a fhormhuiniú;
an struchtúr eagrúcháin a chinneadh agus a chur chun feidhme;
an buiséad bliantúil a ullmhú agus a fhormhuiniú;
nósanna imeachta na bpróiseas comhoibríoch a fhorbairt agus a fhormhuiniú i gcomhréir le hAirteagal 38.
Airteagal 44
An struchtúr eagrúcháin
Sonrófar sa struchtúr eagrúcháin sin:
cumachtaí, cúraimí agus freagrachtaí an phearsanra;
an gaol agus na línte tuairiscithe idir codanna agus nósanna imeachta éagsúla na heagraíochta.
Airteagal 45
Trealamh agus foireann
Tabharfar do gach lárionad comhordúcháin réigiúnach na hacmhainní daonna, teicniúla, fisiciúla agus airgeadais ar fad a bheidh riachtanach chun a gcuid oibleagáidí faoin Rialachán seo agus a gcuid cúraimí a chur i gcrích go neamhspleách agus go neamhchlaonta.
Airteagal 46
Faireachán agus tuairisciú
Bunóidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha nós imeachta chun faireachán leanúnach a dhéanamh ar na nithe seo a leanas, ar a laghad:
a bhfeidhmíocht oibríochtúil féin;
na gníomhaíochtaí comhordaithe agus na moltaí comhordaithe a eisíodh, a mhéid a rinne na hoibreoirí córas tarchurtha na gníomhaíochtaí comhordaithe agus na moltaí comhordaithe a chur chun feidhme agus an toradh a bhí air;
éifeachtacht agus éifeachtúlacht gach ceann de na cúraimí a bhfuil siad freagrach astu agus i gcás inarb infheidhme, uainíocht na gcúraimí.
Airteagal 47
Dliteanas
Sa togra maidir le bunú na lárionad comhordúcháin réigiúnach i gcomhréir le hAirteagal 32, áireofar oibreoirí córas tarchurtha sa réigiún oibríochta córas na céimeanna is gá a thógáil chun dliteanas a bhaineann le feidhmiú cúraimí na lárionad comhordúcháin réigiúnach a chumhdach. Sa mhodh a úsáidfear leis an gcumhdach sin a sholáthar, cuirfear san áireamh stádas dlíthiúil na lárionad comhordúcháin réigiúnach mar aon le leibhéal an árachais tráchtála atá ar fáil.
Airteagal 48
Plean forbartha gréasáin deich mbliana
Beidh na nithe seo a leanas i gceist leis an bplean forbartha gréasáin uile-Aontais, go háirithe:
cuirfidh sé le pleananna infheistíochta náisiúnta, agus aird á tabhairt ar phleananna infheistíochta réigiúnacha amhail dá dtagraítear in Airteagal 34(1) den Rialachán seo agus, más iomchuí, ar ghnéithe Aontais de phleanáil gréasáin mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 347/2013; déanfar anailís costais agus tairbhe air de réir na modheolaíochta bunaithe mar a leagtar amach in Airteagal 11 den Rialachán sin;
i réimse na n-idirnasc trasteorann, cuirfidh sé le riachtanais réasúnacha úsáideoirí na gcóras éagsúil agus déanfaidh sé gealltanais fhadtéarmacha ó infheisteoirí dá dtagraítear in Airteagal 44 agus Airteagal 51 de Threoir (AE) 2019/944; agus
sainaithneoidh sé bearnaí san infheistíocht, go háirithe maidir le hacmhainneachtaí trasteorann.
I dtaca le pointe (c) den chéad fhomhír, féadfar athbhreithniú a dhéanamh ar bhacainní ar mhéadú acmhainneachta trasteorann an líonra a eascraíonn as nósanna imeachta nó cleachtais formheasta éagsúla a chur i gceangal leis an bplean forbartha gréasáin uile-Aontais.
Airteagal 49
Sásra um chúiteamh idir oibreoirí córas tarchurtha
Déanfar an chéad tréimhse a ndéanfar íocaíochtaí cúitimh ina leith a chinneadh sna treoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 61.
Airteagal 50
Faisnéis a chur ar fáil
Déanfaidh oibreoirí córais tarchurtha faisnéis shoiléir a sholáthar ar bhealach trédhearcach d’úsáideoirí an chórais faoi stádas a n-iarrataí ar nasc agus faoin gcaoi a ndéileáiltear leo, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, faisnéis a bhaineann le comhaontuithe nasctha sholúbtha. Soláthróidh siad an fhaisnéis sin laistigh de 3 mhí ó thíolacadh na hiarrata. I gcás nach ndéantar an nasc arna iarraidh a dheonú nó a dhiúltú go buan, déanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha an fhaisnéis sin a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta agus gach mí ar a laghad.
Airteagal 51
Deimhniúchán oibreoirí córas tarchurtha
Nuair atá an tuairim dá dtagraítear sa chéad fhomhír á hullmhú aige, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar ACER a tuairim a thabhairt ar chinneadh an údaráis rialála náisiúnta. I gcás den sórt sin, déanfar an tréimhse dhá mhí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fhadú 2 mhí eile.
In éagmais tuairime ón gCoimisiún laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, measfar nach bhfuil aon agóid ag an gCoimisiún i gcoinne chinneadh an údaráis rialála.
CAIBIDIL VI
OIBRIÚ CÓRAS DÁILEACHÁIN
Airteagal 52
An t-eintiteas Eorpach d'oibreoirí córas dáileacháin
Féadfaidh na baill chláraithe páirt dhíreach a ghlacadh in eintiteas AE do OCDanna nó féadfaidh comhlachas náisiúnta, arna ainmniú ag an mBallstát nó ag comhlachas ar leibhéal an Aontais, ionadaíocht a dhéanamh orthu.
Airteagal 53
Eintiteas AE do OCDanna a bhunú
Leis na dréacht-rialacha nós imeachta um eintiteas AE do OCDanna, áiritheofar ionadaíocht chothrom de oibreoirí córais dáileacháin a bheidh rannpháirteach.
Airteagal 54
Na príomhrialacha agus na nósanna imeachta maidir le heintiteas AE do OCDanna
Leis na reachtanna maidir le heintiteas AE do OCDanna a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 53, déanfar na prionsabail seo a leanas a choimirciú:
tá rannpháirtíocht in oibreacha de chuid eintiteas AE do OCDanna teoranta do chomhaltaí cláraithe agus deis tairmligin laistigh den chomhaltas a bheith ann;
is é an tionól ginearálta a ghlacann na cinntí straitéiseacha maidir le gníomhaíochtaí eintiteas AE do OCDanna mar aon leis na treoirlínte beartais don bhord stiúrthóirí;
déantar na cinntí ón tionól ginearálta a ghlacadh i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:
ina mbíonn ag gach comhalta líon vótaí atá i gcomhréir le líon na gcustaiméirí faoi seach;
i gcás ina sroichtear 65 % de na vótaí a shanntar do chomhaltaí an Tionóil Ghinearálta; agus
i gcás ina dtacaíonn 55 % de chomhaltaí an Tionóil Ghinearálta ar a laghad leis an toradh deiridh;
déantar na cinntí ón tionól ginearálta a dhiulitú i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:
ina mbíonn ag gach comhalta líon vótaí atá i gcomhréir le líon na gcustaiméirí faoi seach; agus
i gcás ina sroichtear 35 % de na vótaí a shanntar do chomhaltaí an Tionóil Ghinearálta;
i gcás ina ndiúltaítear 25 % de chomhaltaí an cinneadh;
is é an tionól ginearálta a thoghann an bord stiúrthóirí le haghaidh shainordú 4 bliana ar a mhéad;
is é an bord stiúrthóirí a ainmníonn an tUachtarán agus an triúr Leas-Uachtarán as measc a chomhaltaí an bhoird;
is faoi stiúir an bhoird stiúrthóirí atá comhar idir oibreoirí córais tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin de bhun Airteagail 56 agus 57;
déanfar cinntí ón mbord stiúrthóirí a ghlacadh le tromlach glan;
bunaithe ar thogra ón mbord stiúrthóirí, ceapann an tionól ginearálta an tArd-rúnaí as measc a chomhaltaí le haghaidh shainordú 4 bliana, ar féidir é a athnuachan aon uair amháin;
bunaithe ar thogra ón mbord stiúrthóirí, ceapann an Tionól Ginearálta grúpaí saineolaithe agus nach bhfuil níos mó ná 30 comhalta i ngach grúpa, agus deis ann go dtiocfadh 1/3 ó lasmuigh de chomhaltas agus OCDanna AE; ina theannta sin, bunófar grúpa saineolaithe “tír”amháin ar a mbeidh díreach ionadaí oibreoirí córais dáileacháin amháin as gach Ballstát.
Leis na nósanna imeachta a ghlacfaidh eintiteas AE do OCDanna, déanfar a choimirciú go gcaithfear go cothrom agus go comhréireach lena chomhaltaí agus léireofar struchtúr éagsúil geografach agus eacnamaíoch a chomhaltais. Leis na nósanna imeachta, forálfar don mhéid seo a leanas go háirithe:
tá an bord stiúrthóirí comhdhéanta d'Uachtarán an bhoird agus 27 n-ionadaí thar ceann comhaltaí, ar fíor an méid seo a leanas ina leith:
tá naoi acu ina n-ionadaithe comhaltaí ag a bhfuil níos mó ná 1 mhilliún úsáideoir eangaí;
tá naoi acu ina n-ionadaithe comhaltaí ag a bhfuil níos mó ná 100 000 úsáideoir eangaí agus níos lú ná 1 mhilliún úsáideoir eangaí; agus
tá naoi ina n-ionadaithe comhaltaí ag a bhfuil níos lú ná 100 000 úsáideoir eangaí;
féadfaidh ionadaithe ó chomhlachais OCDanna, ar comhlachais iad arb ann dóibh cheana, páirt a ghlacadh mar bhreathnóirí i gcruinnithe an bhoird stiúrthóirí;
ní fhéadfaidh níos mó ná 3 ionadaí comhaltaí atá bunaithe sa Bhallstát céanna nó sa ghrúpa tionsclaíoch céanna a bheith ar an mbord stiúrthóirí;
ní mór gach Leas-Uachtarán ar an mBord a ainmniú as measc ionadaithe na gcomhaltaí as gach catagóir a thuairiscítear i bpointe (a) thuas;
ionadaithe na gcomhaltaí atá bunaithe i mBallstát amháin nó sa ghrúpa tionsclaíoch céanna, ní fhéadfaidh siad a bheith mar thromlach de chuid rannpháirtithe an Ghrúpa Saineolaithe;
bunóidh an bord stiúrthóirí grúpa Comhairleora Straitéisigh a chuireann a thuairim in iúl don bhord stiúrthóirí agus do na Grúpaí Saineolaithe agus ar a bhfuil ionadaithe ó chomhlachais Eorpacha OCD agus ionadaithe ó na Ballstáit sin nach bhfuil ionadaíocht acu ar an mbord stiúrthóirí.
Airteagal 55
Cúraimí eintiteas AE do OCDanna
Is iad seo a leanas na cúraimí a leagfar ar eintiteas AE do OCDanna:
oibriú agus pleanáil na ngréasán dáileacháin a chur chun cinn i gcomhordú le hoibriú agus pleanáil na ngréasán tarchurtha;
comhtháthú na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite, na giniúna dáilte agus na n-acmhainní eile atá neadaithe sa ghréasán a éascú, amhail stóráil fuinnimh;
éascú a dhéanamh ar rannpháirtíocht i solúbthacht agus i bhfreagairt an éilimh agus ar rochtain úsáideoirí na n-eangach dáileacháin ar na margaí;
rannchuidiú le digitiú na gcóras dáileacháin lena n-áirítear eangacha cliste agus córais méadrúcháin chliste a chur chun feidhme;
tacú le bainistiú sonraí, cibearshlándáil agus cosaint sonraí a fhorbairt i gcomhar leis na húdaráis ábhartha agus le heintitis rialáilte;
páirt a ghlacadh i bhforbairt na gcód gréasáin arb ábhartha iad d'oibriú agus do phleanáil na n-eangach dáileacháin agus oibriú comhordaithe na ngréasán tarchurtha agus dáileacháin de bhun Airteagal 59.
Ina theannta sin,
déanfaidh eintiteas AE do OCDanna comhar le ENTSO don Leictreachas maidir le faireachán ar chur chun feidhme na gcód gréasáin agus na dtreoirlínte, arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, agus arb ábhartha iad d'oibriú agus do phleanáil na n-eangach dáileacháin agus d'oibriú comhordaithe na ngréasán tarchurtha agus dáileacháin;
déanfaidh eintiteas AE do OCDanna comhar le ENTSO don Leictreachas, agus glacfaidh sé dea-chleachtais maidir le hoibriú agus pleanáil chomhordaithe na gcóras tarchurtha agus dáileacháin lena n-áirítear saincheisteanna amhail malartú sonraí idir na hoibreoirí, agus comhordú na n-acmhainní fuinnimh dáilte;
déanfaidh sé obair maidir le dea-chleachtais a shainaithint sna réimsí sin a luaitear i mír 1 agus maidir le feabhsúcháin éifeachtúla fuinnimh a thabhairt isteach sa ghréasán dáileacháin;
déanfaidh sé clár oibre bliantúil agus tuarascáil bhliantúil a ghlacadh;
feidhmeoidh sé i gcomhréir le dlí na hiomaíochta agus áiritheoidh sé neodracht.
Airteagal 56
Comhairliúcháin laistigh de nós imeachta forbartha na gcód gréasáin
Airteagal 57
An comhar idir na hoibreoirí córas dáileacháin agus na hoibreoirí córas tarchurtha
CAIBIDIL VII
CÓID GHRÉASÁIN AGUS TREOIRLÍNTE
Airteagal 58
Cóid ghréasáin agus treoirlínte a ghlacadh
Beidh an méid seo a leanas fíor faoi na cóid ghréasáin agus na treoirlínte:
áiritheofar iontu an leibhéal íosta comhchuibhithe is gá chun aidhm an Rialacháin seo a bhaint amach;
cuirfear sonraíochtaí réigiúnacha san áireamh, i gcás inarb iomchuí;
ní rachfar thar a bhfuil riachtanach chun críocha phointe (a); agus
beidh siad gan dochar do cheart na mBallstát cóid ghréasáin náisiúnta a bhunú nach ndéanann difear don trádáil thraschreasach.
Airteagal 59
Cóid ghréasáin a bhunú
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le forálacha an Rialacháin seo a chur chun feidhme trí chóid ghréasáin a bhunú sna réimsí seo a leanas:
rialacha maidir le slándáil agus iontaofacht an ghréasáin, lena n-áirítear rialacha i dtaca le hacmhainneacht chúltaca tarchurtha theicniúil do shlándáil oibríochtúil an ghréasáin chomh maith le rialacha idir-inoibritheachta lena gcuirtear chun feidhme Airteagail 34 go 47 agus Airteagal 57 den Rialachán seo agus Airteagal 40 de Threoir (AE) 2019/944, lena n-áirítear staideanna córais, gníomhaíochtaí ceartaitheacha agus teorainneacha slándála oibríochtúla, rialú voltais agus bainistiú cumhachta freasaithí, bainistiú srutha ghearrchiorcaid, bainistiú ar shreafaí cumhachta, anailís teagmhais agus láimhseáil teagmhais, trealamh cosanta agus scéimeanna cosanta, malartú sonraí, comhlíonadh, oiliúint, pleanáil oibríochtúil agus anailís slándála, comhordú réigiúnach slándála oibríochtúla, comhordú ar éaradh, pleananna infhaighteachta na sócmhainní ábhartha, anailís ar leormhaitheas, seirbhísí coimhdeacha, sceidealú, agus timpeallachtaí sonraí a bhaineann le pleanáil oibríochtúil;
rialacha maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus maidir le bainistiú ar phlódú de bhun Airteagail 7 go 10, 13 go 17, 19 agus 35 go 37 den Rialachán seo agus Airteagal 6 de Threoir (AE) 2019/944, lena n-áirítear rialacha maidir le modheolaíochtaí agus próisis maidir le ríomh acmhainneachta lá roimh ré, acmhainneachta ionlae agus todhchaíochta acmhainneachta, samhlacha eangaí, cumraíocht na gcriosanna tairisceana, athsheoladh agus fritrádáil, algartaim trádála, cúpláil aonair lá roimh ré agus ionlae, roghanna rialachais éagsúla, daingne acmhainneachta traschreasaí leithdháilte, dáileadh ioncam ó phlódú, sonraí agus gnéithe sonracha na n-uirlisí dá dtagraítear in Airteagal 9(3) den Rialachán seo faoi threoir na n-eilimintí a shonraítear i míreanna (4) agus (5) de, leithdháileadh agus éascú trádála ceart tarchurtha fadtéarmach airgeadais arna dhéanamh ag an ardán aonair um leithdháileadh, chomh maith le minicíocht, aibíocht agus cineál sonrach na gceart tarchurtha fadtéarmach sin, fálú riosca tarchurtha traschreasach, nósanna imeachta ainmniúcháin, agus leithdháileadh acmhainneachta agus athghabháil na gcostas atá ar acmhainneacht a leithdháileadh agus ar an bplódú a bhainistiú, agus modheolaíocht chun oibreoirí gléasraí leictreachais in-athnuaite amach ón gcósta a chúiteamh as laghduithe acmhainneachta;
rialacha trádála a bhaineann le soláthar teicniúil agus oibríochtúil seirbhísí rochtana ar an ngréasán agus le comhardú an chórais lena gcuirtear chun feidhme Airteagail 5, 6 agus 17, lena n-áirítear rialacha i ndáil le feidhmeanna agus freagrachtaí, na hardáin chun fuinneamh don chothromú a mhalartú, amanna dúnta an gheata, ceanglais maidir le táirgí caighdeánacha agus sonracha, soláthar na seirbhísí don chothromú, acmhainneacht thraschreasach a leithdháileadh do mhalartú na seirbhísí don chothromú nó do chomhroinnt na gcúltacaí, fuinneamh don chothromú a shocrú, malartuithe fuinnimh idir na hoibreoirí córais a shocrú, réiteach míchothromaíochtaí agus acmhainneacht don chothromú a shocrú, rialú lódmhinícíochta, na paraiméadair lena sainítear cáilíocht na minicíochta agus spriocpharaiméadair cháilíocht na minicíochta, cúltacaí coinneála minicíochta, cúltacaí athsholáthair minicíochta, cúltacaí athchuir, malartú agus comhroinnt na gcúltacaí, próisis gníomhachtaithe trasteorann na gcúltacaí, próisis rialaithe ama agus trédhearcacht na faisnéise;
rialacha maidir le foráil neamh-idirdhealaitheach thrédhearcach a dhéanamh do sheirbhísí coimhdeacha neamh-mhinicíochta, lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 36, Airteagal 40 agus Airteagal 54 de Threoir (AE) 2019/944, lena n-áirítear rialú voltais foistine, táimhe, instealladh srutha frithghníomhacha tapa, táimhe do chobhsaíocht na n-eangaí, srutha gearrchiorcaid, acmhainneacht athshlánaithe i ndiaidh múchta agus acmhainneacht oibríochta aonraithe;
rialacha lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 57 den Rialachán seo agus Airteagail 17, 31, 32, 36, 40 agus 54 de Threoir (AE) 2019/944 i ndáil le freagairt don éileamh, lena n-áirítear rialacha maidir le comhbhailiú, stóráil fuinnimh, agus ciorrú éilimh.
Déanfar na treoirlínte sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 67(2).
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe lena bhforlíontar an Rialachán seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 68 maidir le cóid ghréasáin a bhunú sna réimsí seo a leanas:
rialacha maidir le nascadh leis an ngréasán lena n-áirítear rialacha maidir le nascadh saoráidí éilimh atá tarchur-nasctha, saoráidí dáileacháin agus córais dáileacháin atá tarchur-nasctha, nascadh aonad éilimh a mbaintear úsáid astu chun freagairt don éileamh a sholáthar, ceanglais chun gineadóirí a nascadh leis an eangach agus le húsáideoirí córais eile, ceanglais maidir le sruth díreach ardvoltais a nascadh leis an eangach, ceanglais maidir le modúil páirce cumhachta arna gceangal le sruth díreach agus cianstáisiúin tiontaire srutha dhírigh ardvoltais, agus nósanna imeachta oibríochtúla um fhógra a thabhairt maidir le nascadh leis an eangach;
malartú sonraí, rialacha maidir le socrú agus trédhearcacht lena n-áirítear go háirithe rialacha maidir le hacmhainneachtaí aistrithe le haghaidh tréimhsí ama ábhartha, meastacháin agus luachanna iarbhír maidir le leithdháileadh agus úsáid na n-acmhainneachtaí aistrithe, réamhaisnéis agus éileamh iarbhír maidir le saoráidí agus comhbhailiú de lena n-áirítear gan fáil a bheith ar shaoráidí, réamhaisnéis agus giniúint iarbhír na n-aonad giniúna agus comhbhailiú de lena n-áirítear gan fáil a bheith ar aonaid, infhaighteacht agus úsáid na ngréasán, bearta um bainistiú ar phlódú agus sonraí margaidh a chothromú. Ba cheart bealaí ina bhfoilsítear an fhaisnéis, tráthúlacht an fhoilsithe, na heintitis atá freagrach as láimhseáil na faisnéise a bheith san áireamh sna rialacha;
rialacha maidir le rochtain ag tríú páirtithe;
nósanna imeachta oibríochtúla éigeandála agus athbhunaithe i gcás éigeandála lena n-áirítear na pleananna cosanta córais, na pleananna don athbhunú, idirghníomhaíochtaí an mhargaidh, malartú faisnéise agus cumarsáid agus uirlisí agus saoráidí;
rialacha earnáil-sonracha maidir le gnéithe cibearshlándála na sreafaí leictreachais trasteorann, lena n-áirítear rialacha maidir le híoscheanglais choiteanna, pleanáil, faireachán, tuairisciú agus bainistiú géarchéime.
I gcás ina mbíonn baint dhíreach ag ábhar an chóid gréasáin le hoibriú an chórais dáileacháin agus nach mbíonn príomh-bhaint aige leis an gcóras tarchurtha, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an eintiteas AE do OCDanna, i gcomhar le ENTSO don Leictreachas, coiste dréachtaithe a thionól agus togra maidir le cód gréasáin a chur faoi bhráid ACER.
Airteagal 60
Leasuithe ar chóid ghréasáin
Airteagal 61
Treoirlínte
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 68 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí threoirlínte a bhaineann leis an sásra um chúiteamh idir oibreoirí córas tarchurtha. Leis na treoirlínte sin. sonrófar, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagail 18 agus 49:
mionsonraí an nós imeachta lena gcinntear cé acu d'oibreoirí na gcóras tarchurtha atá faoi dhliteanas cúiteamh a íoc as sreabha trasteorann, lena n-áirítear an deighilt idir oibreoirí na gcóras náisiúnta tarchurtha ina dtionscnaíonn sreabha trasteorann agus oibreoirí na gcóras náisiúnta tarchurtha ina gcríochnaíonn na sreabha sin, i gcomhréir le hAirteagal 49(2);
mionsonraí an nós imeachta íocaíochta a bheidh le leanúint, lena n-áirítear an chéad tréimhse a n-íocfar cúiteamh ina leith a chinneadh, i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 49(3);
mionsonraí na modheolaíochtaí lena gcinnfear na sreabha trasteorann a óstáiltear agus a n-íocfar cúiteamh ina leith faoi Airteagal 49, ó thaobh chainníocht agus chineál na sreabh, agus lena gcinnfear ainmniú méideanna na sreabh sin mar shreabha a thionscnaíonn nó a chríochnaíonn i gcórais tarchurtha Ballstát aonair, i gcomhréir le hAirteagal 49(5);
mionsonraí na modheolaíochta lena gcinnfear na costais agus na sochair a thabhaítear mar thoradh ar shreabha trasteorann a óstáil, i gcomhréir le hAirteagal 49(6);
mionsonraí na cóireála ar shreabha leictreachais a thionscnaíonn nó a chríochnaíonn i dtíortha lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus é sin i gcomhthéacs an tsásra um chúiteamh idir oibreoirí córas tarchurtha; agus
socruithe maidir le rannpháirtíocht na gcóras náisiúnta atá idirnasctha trí línte srutha dhírigh, i gcomhréir le hAirteagal 49.
I gcás inarb iomchuí, is féidir an méid seo a leanas freisin a shonrú sna treoirlínte lena soláthraítear an leibhéal íosta comhchuibhithe is gá chun aidhm an Rialacháin seo a ghnóthú. Féadfaidh na treoirlínte sin:
mionsonraí i dtaca leis na rialacha maidir le trádáil leictreachais lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 6 de Threoir (AE) 2019/944 agus Airteagal 5 go hAirteagal 10, Airteagal 13 go hAirteagal 17, Airteagal 35, Airteagal 36 agus Airteagal 37 den Rialachán seo;
mionsonraí i dtaca leis na rialacha maidir le dreasacht infheistíochta d'acmhainn idirnascairí, lena n-áirítear comharthaí suímh lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 19.
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 67(2).
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 67(2).
Airteagal 62
Ceart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le bearta níos mionsonraithe
Beidh an Rialachán seo gan dochar do chearta na mBallstát bearta a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach ar bearta iad ina bhfuil forálacha níos mionsonraithe ná na forálacha a leagtar amach sa Rialachán seo, sna treoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 61 nó sna cóid ghréasáin dá dtagraítear in Airteagal 59, ar choinníoll go bhfuil na bearta sin comhoiriúnach le dlí an Aontais.
CAIBIDIL VIII
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 63
Idirnascairí nua
Féadfar idirnascairí nua srutha dhírigh a dhíolmhú go ceann tréimhse teoranta, arna iarraidh sin, ó fhorálacha Airteagal 19(2) agus (3) den Rialachán seo agus ó Airteagail 6 agus 43, Airteagal 59(7) agus Airteagal 60(1) de Threoir (AE) 2019/944 ar an gcoinníoll go comhlaíontar na coinníollacha seo a leanas:
ní mór go bhfeabhsaíonn an infheistíocht an iomaíocht i soláthar an leictreachais;
tá an leibhéal riosca a bhaineann leis an infheistíocht de chineál a fhágann nach ndéanfar an infheistíocht mura dtugtar díolúine;
ní mór an t-idirnascaire a bheith faoi úinéireacht duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh nach ionann, ó thaobh a fhoirm dlí de ar a laghad, agus na hoibreoirí córais ar ina gcórais a thógfar an t-idirnascaire sin;
gearrfar muirir ar úsáideoirí an idirnascaire sin;
ón tráth a tharla oscailt pháirteach an mhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 19 de Threoir 96/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 16 ), ní dhearnadh aon chuid de chostais chaipitiúla ná de chostais oibriúcháin an idirnascaire a ghnóthú ó aon chuid de na muirir a gearradh as úsáid na gcóras tarchurtha nó dáileacháin a nasctar le chéile leis an idirnascaire; agus
ní chun aimhleas na hiomaíochta ná chun aimhleas fheidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh don leictreachas atá an díolúine, ná chun aimhleas fheidhmiú éifeachtúil an chórais atá á rialáil agus a bhfuil an t-idirnascaire nasctha leis.
Laistigh de 2 mhí tar éis an t-údarás deireanach de na húdaráis rialála lena mbaineann an iarraidh ar dhíolúine a fháil, féadfaidh ACER tuairim a chur faoi bhráid na n-údaráis rialála sin. Féadfaidh na húdaráis rialála a gcinneadh a bhunú ar an tuairim sin.
Agus cinneadh á dhéanamh i dtaobh díolúine a dheonú, breithneofar, ar bhonn cás ar chás, an gá atá le coinníollacha a fhorchur maidir le ré na díolúine agus maidir le rochtain neamh-idirdhealaitheach ar an idirnascaire. Agus cinneadh á dhéanamh i dtaobh na gcoinníollacha sin, cuirfear san áireamh, go háirithe, an acmhainneacht bhreise a bheidh le forbairt nó an modhnú a bheidh le déanamh ar an acmhainneacht atá ann cheana, creat ama an tionscadail agus na himthosca náisiúnta.
Sula ndeonóidh siad díolúine, déanfaidh údaráis rialála na mBallstát lena mbaineann cinneadh faoi na rialacha agus faoi na sásraí a bheidh ann chun an acmhainneacht a bhainistiú agus a leithdháileadh. Áireofar leis na rialacha um bainistiú ar phlódú sin go mbeidh oibleagáid ann maidir le haon acmhainneacht neamhúsáidte a thairiscint ar an margadh agus go mbeidh úsáideoirí i dteideal a n-acmhainneachtaí conarthacha a thrádáil ar an margadh tánaisteach. Agus measúnú á dhéanamh ar na critéir dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (f) de mhír 1, cuirfear san áireamh torthaí an nós imeachta um leithdháileadh acmhainneachta.
I gcás ina dtagann na húdaráis rialála go léir lena mbaineann ar chomhaontú, laistigh de 6 mhí tar éis an iarraidh a fháil, faoin gcinneadh i dtaobh na díolúine, cuirfidh siad an cinneadh sin in iúl do ACER.
Maidir leis an gcinneadh i dtaobh na díolúine, lena n-áirítear aon choinníollacha dá dtagraítear sa triú fomhír den mhír seo, beidh sé cuí-réasúnaithe agus foilseofar é.
Glacfaidh ACER an cinneadh dá dtagraítear i mír 4:
i gcás nach mbeidh na húdaráis rialála go léir lena mbaineann in ann teacht ar chomhaontú laistigh de 6 mhí ón dáta ar iarradh an díolúine os comhair an údaráis dheireanaigh de na húdaráis rialála sin; nó
arna iarraidh sin go comhpháirteach ó na húdaráis rialála lena mbaineann.
Sula ndéanfaidh ACER cinneadh den sórt sin, rachaidh sí i gcomhairle leis na húdaráis rialála lena mbaineann agus leis na hiarratasóirí.
Déanfaidh na húdaráis rialála cóip de gach iarraidh ar dhíolúine a tharchur gan mhoill mar eolas chuig ACER agus chuig an gCoimisiún ar an iarraidh sin a fháil dóibh. Déanfaidh na húdaráis rialála lena mbaineann, nó ACER (na comhlachtaí a thugann fógra), fógra faoin gcinneadh a thabhairt don Choimisiún gan mhoill, mar aon leis an bhfaisnéis ábhartha uile a bhaineann leis an gcinneadh. Féadfar an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin i bhfoirm chomhiomlán, ionas go bhféadfaidh an Coimisiún teacht ar chinneadh a mbeidh bonn maith faoi. Beidh an méid seo a leanas, go háirithe, san fhaisnéis sin:
na cúiseanna mionsonraithe ar ar a mbonn a deonaíodh nó a diúltaíodh an díolúine, lena n-áirítear an fhaisnéis airgeadais lena gcosnaítear an gá atá leis an díolúine;
an anailís a rinneadh ar an éifeacht a bheidh ar an iomaíocht agus ar fheidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh don leictreachas, mar thoradh ar dheonú na díolúine;
na cúiseanna atá leis an tréimhse ama agus an sciar d'acmhainneacht iomlán an idirnascaire i dtrácht agus a bhfuil an díolúine á deonú ina leith; agus
toradh an chomhairliúcháin a rinneadh leis na húdaráis rialála lena mbaineann.
Más rud é nach soláthrófar an fhaisnéis a iarradh laistigh den tréimhse a leagtar síos san iarraidh, measfar go bhfuil an fógra tarraingthe siar mura rud é, roimh dheireadh na tréimshe sin, go bhfadaítear an tréimhse le toiliú an Choimisiúin agus na gcomhlachtaí a thugann fógra araon nó go gcuireann na comhlachtaí a thugann fógra in iúl don Choimisiún, i ráiteas cuí-réasúnaithe, go measann siad go bhfuil an fógra iomlán.
Na comhlachtaí a thugann fógra, comhlíonfaidh siad cinneadh ón gCoimisiúin chun an cinneadh i dtaobh díolúine a leasú nó a tharraingt siar laistigh de mhí amháin agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.
Caomhnóidh an Coimisiún rúndacht aon fhaisnéise tráchtála íogaire.
Rachaidh formheas an Choimisiúin maidir le cinneadh i dtaobh díolúine in éag 2 bhliain tar éis an dáta ar glacadh é, i gcás nach mbeidh an obair thógála ar an idirnascaire tosaithe faoin dáta sin agus 5 bliana tar éis an dáta ar glacadh é mura mbeidh an t_idirnascaire ag feidhmiú faoin dáta sin, mura rud é go gcinneann an Coimisiún, ar bhonn iarraidh chuí-réasúnaithe de chuid na gcomhlachtaí a thugann fógra, gurb ann d'aon mhoill mar gheall ar chonstaicí nach raibh aon neart ag an duine ar deonaíodh an díolúine dó orthu.
Féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin air nó ar a thionscnamh féin, na himeachtaí a bhaineann leis hiarraidh ar dhíolúine a atosú:
i gcás, agus aird chuí á tabhairt ar ionchais dhlisteanacha na bpáirtithe agus ar an gcothroime eacnamaíoch a baineadh amach sa chéad chinneadh díolúine, inar tharla athrú ábharach do cheann ar bith de na fíricí ar a bunaíodh an cinneadh;
i gcás ina ngníomhaíonn na gnóthais lena mbaineann ar bhealach atá contrártha dá gcuid gealltanas; nó
i gcás ina raibh an cinneadh bunaithe ar fhaisnéis a chuir na páirtithe ar fáil a bhí neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.
Airteagal 64
Maoluithe
Féadfaidh na Ballstáit cur isteach ar mhaoluithe ó na forálacha ábhartha d'Airteagail 3 agus 6, Airteagal 7(1), Airteagal 8(1) agus (4), Airteagail 9, 10 agus 11, Airteagail 14 go 17, Airteagail 19 go 27, Airteagail 35 go 47 agus Airteagal 51, ar choinníoll go gcomhlíontar na nithe seo a leanas:
féadfaidh an Ballstát a léiriú go bhfuil fadhbanna substaintiúla ann i dtaobh oibriú a gcóras beag scoite agus a gcóras beag nasctha;
i gcás na réigiún is forimeallaí de réir bhrí Airteagal 349 CFAE, nach féidir a idirnascadh leis an margadh fuinnimh an Aontais Eorpach ar chúiseanna follasacha fisiciúla.
Sa chás dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, beidh teorainn ama leis an maolú sin agus beidh sé faoi réir coinníollacha arb aidhm dóibh iomaíochas agus comhtháthú leis an margadh inmheánach sa leictreachas a mhéadú;
Sa chás dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, ní bheidh teorainn ama leis an maolú.
Beidh maolú faoi réir na gcoinníollacha arb aidhm dóibh a áirithiú nach gcuirfidh an maolú isteach ar an aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite, solúbthacht mhéadaithe, stóráil, leictrea-shoghluaisteacht agus freagairt don éileamh.
Ina chinneadh lena ndeonaítear maolú, leagfaidh an Coimisiún amach it ar an eolas faoi na hiarratais sin sula ndéanfaidh sé cinneadh, agus rúndacht a urramú á chur san áireamh.
Ina chinneadh maidir le maolú á dheonú, léireoidh an Coimisiún a mhéid a chaithfidh na maoluithe cur i bhfeidhm na gcód gréasáin agus na dtreoirlínte a chur san áireamh.
Mura bhfuil córas tarchurtha na Cipire nasctha le córais tarchurtha Ballstát eile trí bhíthin idirnaisc faoin 1 Eanáir 2026, déanfaidh an Chipir a riachtanaí atá maolú ó na forálacha sin a mheas agus féadfaidh sí iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun síneadh a chur leis an maolú. Déanfaidh an Coimisiún measúnú cé acu an bhfuil baol ann go mbeidh cur chun feidhme na bhforálacha faoi seach ina gcúis le fadhbanna substaintiúla i dtaobh oibriú an chórais leictreachais sa Chipir nó an mbeidh tairbhí le baint as a gcur chun feidhme sa Chipir i dtaca le feidhmiú an mhargaidh. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, déanfaidh an Coimisiún cinneadh réasúnaithe a eisiúint maidir le síneadh iomlán nó páirteach a chur leis an maolú. Foilseofar an cinneadh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.
Féadfaidh údaráis rialála na hEastóine, na Laitvia agus na Liotuáine cead a thabhairt dá n-oibreoirí córais tarchurtha acmhainneacht thraschreasach a leithdháileadh ar phróiseas margadhbhunaithe mar a leagtar amach in Airteagal 41 de Rialachán (AE) 2017/2195, gan toirteanna a theorannú, go dtí 6 mhí tar éis an lae a rinneadh an próiseas leithdháileacháin comhoptamaithe a chur chun feidhme agus oibríochtúil go hiomlán de bhun Airteagal 38(3) den Rialachán sin.
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar thionchar na hiarrata dá dtagraítear i mír 2b i dtéarmaí astaíochtaí gás ceaptha teasa. Féadfaidh an Coimisiún an maolú a dheonú tar éis measúnú a dhéanamh ar an tuarascáil dá dtagraítear i mír 2d, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
go bhfuil próiseas tairisceana iomaíoch curtha i gcrích ag an mBallstát an 4 Iúil 2019, nó ina dhiaidh sin, de bhun Airteagal 22 agus le haghaidh tréimhse seachadta tar éis an 1 Iúil 2025, arb é is aidhm dó rannpháirtíocht soláthraithe acmhainneachta a chomhlíonann na ceanglais in Airteagal 22(4) a uasmhéadú;
nach leor méid na hacmhainneachta a thairgtear sa phróiseas tairisceana iomaíoch dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar imní maidir le leordhóthanacht mar a sainaithníodh de bhun Airteagal 20(1) don tréimhse seachadta a chumhdaítear leis an bpróiseas tairisceana sin;
go bhfuil an acmhainneacht ghiniúna a astaíonn níos mó ná 550 g CO2 de thionscnamh breosla iontaise in aghaidh an kWh leictreachais geallta nó go bhfaigheann sí íocaíochtaí nó gealltanais i leith íocaíochtaí amach anseo ar feadh tréimhse nach faide ná aon bhliain amháin, agus ar feadh tréimhse seachadta nach faide ná fad an mhaolaithe, agus go soláthraítear í trí phróiseas breise soláthair a chomhlíonann na ceanglais uile d’Airteagal 22 cé is moite díobh siúd a leagtar amach i mír 4, pointe (b), den Airteagal sin agus don mhéid acmhainneachta is gá chun réiteach a fháil ar an ábhar imní maidir le leordhóthanacht dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo, agus don mhéid sin amháin.
Féadfar an maolú de bhun na míre seo a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2028, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach inti ar feadh thréimhse iomlán an mhaolaithe.
Beidh tuarascáil ón mBallstát ag gabháil leis an iarraidh ar mhaolú dá dtagraítear i mír 2b, ar tuarascáil í ina mbeidh an méid seo a leanas:
measúnú ar thionchar an mhaolaithe i dtéarmaí astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus ar an aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite, ar an tsolúbthacht mhéadaithe, ar an stóráil fuinnimh, ar an leictrea-shoghluaisteacht agus ar an bhfreagairt don éileamh;
plean ina bhfuil garspriocanna chun aistriú ó rannpháirtíocht na hacmhainneachta giniúna dá dtagraítear i mír 2b i sásraí acmhainneachta faoi dháta éaga an mhaolaithe, lena n-áirítear plean chun an acmhainneacht athsholáthair is gá a sholáthar i gcomhréir leis an gconair náisiúnta tháscach le haghaidh sciar foriomlán an fhuinnimh in-athnuaite agus measúnú ar na bacainní infheistíochta is cúis le heaspa tairiscintí leordhóthanacha sa nós imeachta tairisceana iomaíoch dá dtagraítear i mír 2c, pointe (a).
Airteagal 65
Faisnéis a sholáthar agus rúndacht
Socróidh an Coimisiún teorainn ama réasúnach chun faisnéis a sholáthar, agus castacht na faisnéise is gá agus an phráinn a ghabhann leis an bhfaisnéis sin á gcur san áireamh.
Agus iarraidh ar fhaisnéis á seoladh aige chuig gnóthas, seolfaidh an Coimisiún cóip den iarraidh, an tráth céanna, chuig údarás rialála an Bhallstáit a bhfuil ceannoifig an ghnóthais suite ina chríoch.
Déanfaidh an Coimisiún, an tráth céanna, cóip dá chinneadh a sheoladh chuig údaráis rialála an Bhallstáit a bhfuil cónaí ar an duine ina chríoch nó a bhfuil ceannoifig an ghnóthais suite ina chríoch.
Ní nochtfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis ar faisnéis í de chineál a chumhdaítear faoi oibleagáid na rúndachta gairmiúla a gheofar de bhun an Rialacháin seo.
Airteagal 66
Pionóis
Airteagal 67
Nós imeachta coiste
Airteagal 68
An tarmligean a fheidhmiú
Airteagal 69
Athbhreithnithe agus tuarascálacha ón gCoimisiún
Cuirfidh an Coimisiún, ar an dáta céanna, tuarascáil mhionsonraithe maidir lena mheasúnú faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
Faoin 31 Nollaig 2026, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, tograí reachtacha a thíolacadh ar bhonn a mheasúnaithe.
Déanfar measúnú sa tuarascáil ón gCoimisiún, inter alia, ar an méid seo a leanas:
éifeachtacht struchtúr agus fheidhmiú reatha na margaí leictreachais gearrthéarmacha, lena n-áirítear i gcásanna géarchéime nó éigeandála, agus, ar bhonn níos ginearálta, na neamhéifeachtúlachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis an margadh inmheánach leictreachais agus na roghanna éagsúla maidir le leigheasanna agus uirlisí féideartha a thabhairt isteach a bheadh le cur i bhfeidhm i gcásanna géarchéime nó éigeandála i bhfianaise na taithí ar an leibhéal idirnáisiúnta agus i bhfianaise éabhlóid agus forbairtí nua sa mhargadh inmheánach leictreachais;
oiriúnacht chreat dlíthiúil agus chreat maoiniúcháin reatha an Aontais maidir le heangacha dáileacháin chun cuspóirí an Aontais maidir leis an margadh fuinnimh in-athnuaite agus inmheánach a bhaint amach.
i gcomhréir le hAirteagal 19a, an fhéidearthacht ardán margaidh amháin nó roinnt ardán margaidh a bhunú san Aontas le haghaidh CCCanna agus inmharthanacht aon ardáin den chineál sin, ar ardán é a d’úsáidfí ar bhonn deonach, lena n-áirítear idirghníomhú na n-ardán féideartha sin le hardáin eile sa mhargadh leictreachais atá ann cheana féin agus comhthiomsú an éilimh ar CCCanna trí chomhbhailiú.
Faoin 17 Aibreán 2025, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit, tíolacfaidh an Coimisiún tograí d’fhonn simpliú a dhéanamh ar an bpróiseas chun sásraí acmhainneachta a mheasúnú de réir mar is iomchuí.
Airteagal 69a
Idirghníomhaíocht le gníomhartha dlí airgeadais an Aontais
Ní dochar an Rialachán seo do chur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012 agus (AE) Uimh. 600/2014 agus Threoir 2014/65/AE a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí rannpháirtithe sa mhargadh nó oibreoirí margaidh a bhaineann le hionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (15), de Threoir 2014/65/AE.
Airteagal 70
Aisghairm
Déanfar Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 a aisghairm. Maidir le tagairtí a dhéantar don Rialachán aisghairthe, forléireofar iad mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn III.
Airteagal 71
Teacht i bhfeidhm
D'aineoinn an chéad fhomhír, beidh feidhm ag Airteagail 14, 15, 22(4), 23(3) agus (6), 35, 36 agus 62 le héifeacht ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Chun críche Airteagal 14(7) agus Airteagal 15(2) a chur chun feidhme, beidh feidhm ag Airteagal 16 le héifeacht ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
CÚRAIMÍ NA LÁRIONAD COMHORDÚCHÁIN RÉIGIÚNACH
1. Ríomh comhordaithe acmhainneachta
1.1 Déanfaidh lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha an ríomh comhordaithe ar acmhainneachtaí traschreasacha.
1.2. Déanfar ríomh acmhainneachta comhordaithe do gach tráthchlár leithdháileacháin.
1.3 Déanfar ríomh acmhainneachta comhordaithe ar bhonn na modheolaíochtaí a forbraíodh de bhun na treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus bainistiú ar phlódú arna glacadh ar bhonn Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009.
1.4 Déanfar an ríomh comhordaithe ar acmhainneacht bunaithe ar shamhail choiteann eangaí i gcomhréir le pointe 3
1.5 Leis an ríomh comhordaithe ar acmhainneacht, áiritheofar bainistiú éifeachtach ar phlódú i gcomhréir le prionsabail an bhainistithe ar phlódú a sainítear sa Rialachán seo.
2. Anailís chomhardaithe slándála
2.1. Déanfaidh lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha anailís chomhordaithe slándála a mbeidh sé mar aidhm léi oibriú slán córais a áirithiú.
2.2 Déanfar anailís chomhordaithe slándála le haghaidh gach tráthchlár pleanála oibríochtúla, idir creataí ama aon bhliain chun tosaigh agus creataí ama ionlae, trí úsáid a bhaint as samhlacha coiteanna eangaí.
2.3 Déanfar anailís chomhordaithe slándála de bhun na modheolaíochtaí a forbraíodh de bhun na treoirlíne oibríochta córas a glacadh ar bhonn Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009.
2.4 Roinnfidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha torthaí na hanailíse comhordaithe slándála le hoibreoirí córas tarchurtha sa réigiún oibríochta córas ar a laghad.
2.5 Nuair a aimseoidh lárionaid chomhordúcháin réigiúnach srianadh féideartha de bharr na hanailíse comhordaithe slándála, ceapfaidh sé bearta ceartaitheacha chun an éifeachtacht agus an éifeachtúlacht eacnamaíoch a bharrfheabhsú.
3. Samhlacha coiteanna córais a chruthú
3.1 Déanfaidh Lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha próisis éifeachtúla a chur ar bun d'fhonn samhlacha coiteanna eangaí a chruthú le haghaidh gach tráthchlár pleanála oibríochtúla, idir creataí ama aon bhliain chun tosaigh agus creataí ama ionlae.
3.2 Ceapfaidh oibreoirí córas tarchurtha ionad comhordúcháin réigiúnach amháin a thógfaidh an tsamhail choiteann eangaí uile-Aontais.
3.3 Samhlacha coiteanna eangaí, déanfar iad i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a forbraíodh de bhun na treoirlíne oibríochta córas agus na treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus bainistiú ar phlódú arna glacadh ar bhonn Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009.
3.4 Áireofar le samhlacha coiteanna eangaí sonraí ábhartha le haghaidh pleanáil oibríochtúil éifeachtúil agus ríomh acmhainneachta i ngach creat ama pleanála oibríochtúla idir creataí ama aon bhliain chun tosaigh agus creataí ama ionlae.
3.5 Cuirfear na samhlacha coiteanna eangaí ar fáil do gach lárionad comhordúcháin réigiúnach, do gach oibreoir córais tarchurtha, agus do ENTSO don Leictreachas agus, arna iarraidh sin, do ACER.
4. Tacú le pleananna cosanta agus athbhunaithe na n-oibreoirí córas tarchurtha maidir le measúnú comhsheasmhachta.
4.1 Tabharfaidh lárionaid chomhordúcháín réigiúnacha tacaíocht d'oibreoirí córas tarchurtha sa réigiún oibríochta córas le measúnú comhsheasmhachta a dhéanamh ar phleananna cosanta agus athbhunaithe na n-oibreoirí córas tarchurtha, de bhun na nósanna imeachta atá leagtha amach sa chód gréasáin maidir le héigeandálaí leictreachais agus athbhunú a glacadh ar bhonn Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009.
4.2. Comhaontóidh na hoibreoirí córas tarchurtha uile ar thairseach, a measfar ina leith, dá rachfaí os a cionn, go mbeadh gníomhartha oibreora nó oibreoirí córas tarchurtha, agus iad i staid éigeandála, i staid lándorchaithe nó i staid athbhunaithe ina thionchar suntasach d'oibreoirí córas tarchurtha eile atá idirnasctha go sioncrónach nó go neamh-shioncrónach.
4.3 Agus tacaíocht á tabhairt aige do na hoibreoirí córas tarchurtha, déanfaidh an lárionad comhordúcháin réigiúnach an méid seo a leanas:
neamh-chomhoiriúnacht a d'fhéadfadh a bheith ann a aithint;
gníomhartha maolaitheacha a mholadh.
4.4 Déanfaidh oibreoirí córas tarchurtha measúnú ar na gníomhaíochtaí maolaitheacha atá beartaithe agus cuirfidh siad san áireamh iad.
5. Tacú le comhordú agus le barrfheabhsú an athbhunaithe réigiúnaigh
5.1 Tacóidh gach ionad comhúcháin réigiúnach ábhartha leis na hoibreoirí córas tarchurtha a cheaptar mar cheannairí minicíochta agus mar cheannairí athshioncrónaithe de bhun cód gréasáin maidir le héigeandálaí agus athbhunú a glacadh ar bhonn Airteagal 6(11) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtach athbhunú na gcóras. Sainmhíneoidh oibreoirí córas tarchurtha sa réigiún oibríochta córas an ról a bheidh ag an lárionad comhordúcháin réigiúnach maidir le tacaíocht a thabhairt do chomhordú agus do bharrfheabhsú an athbhunaithe réigiúnaigh.
5.2. Féadfaidh oibreoirí córas tarchurtha cúnamh a iarraidh ar na Lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha má tá an córas atá acu i staid lándorchaithe nó athbhunaithe.
5.3. Feisteofar na hionaid chomhordúcháin réigiúnacha leis na córais rialaithe maoirseachta agus fála sonraí gar don fhíor-am sin leis an inbhreathnaitheach a shainítear leis an tairseach a chur i bhfeidhm a shainítear dá dtagraítear i bpointe 4.2.
6. Anailís agus tuairisciú iar-oibrithe agus iar-shuaite;
6.1 Déanfaidh lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha imscrúdú agus ullmhóidh siad tuarascáil ar aon teagmhas a sháróidh an tairseach arna sainiú dá dtagraítear i bpointe 4.2. Arna iarraidh sin dóibh, féadfaidh údaráis rialála sa réigiún oibríochta córas agus ACER a bheith rannpháirteach san imscrúdú. Beidh moltaí sa tuarascáil lena ndíreofar ar theagmhais chosúla a sheachaint sa todhchaí.
6.2 Foilseoidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha an tuarascáil. Féadfaidh ACER moltaí a eisiúint lena ndíreofar ar theagmhais chosúla a sheachaint sa todhchaí.
7. Socrú méide réigiúnach a dhéanamh ar an acmhainneacht chúltaca
7.1. Ríomhfaidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha na ceanglais don acmhainneacht chúltaca don réigiún oibríochta córas. Agus na ceanglais don acmhainneacht chúltaca á gcinneadh:
saothrófar an cuspóir ginearálta de shlándáil oibríochtúil a choinneáil ar bun ar an modh is costéifeachtaí agus is féidir;
déanfar é sna creataí ama lá roimh ré nó ionlae, nó an dá rud;
ríomhfar méid foriomlán na hacmhainneachta cúltaca a cheanglófar don réigiún oibríochta córas;
cinnfear na ceanglais íosta don acmhainneacht chúltaca do gach cineál acmhainneachta cúltaca;
cuirfear san áireamh ionaduithe a d'fhéadfaí a dhéanamh idir cineálacha éagsúla acmhainneachta cúltaca agus é mar aidhm leis sin costas an tsoláthair a íoslaghdú.
leagfar amach na ceanglais riachtanacha do dháileadh geografach na hacmhainneachta cúltaca a cheanglófar, más ann dóibh.
8. Éascú sholáthar réigiúnach na hacmhainneachta don chothromú
8.1 Tacóidh lárionaid chomhoibriúcháin réigiúnacha le hoibreoirí córas tarchurtha sa réigiún oibríochta córas cinneadh a dhéanamh faoi mhéid na hacmhainneachta don chothromú is gá a sholáthar. Maidir leis an gcinneadh faoi mhéid na hacmhainneachta don chothromú:
déanfar é sna creataí ama lá roimh ré nó ionlae, nó an dá rud;
cuirfear san áireamh ionaduithe a d'fhéadfaí a dhéanamh idir cineálacha éagsúla acmhainneachta cúltaca agus é mar aidhm leis sin costas an tsoláthair a íoslaghdú;
cuirfear san áireamh ann an toilleadh den acmhainnacht éigeantach chúltaca a bhfuiltear ag súil lena cur ar fáil le tairiscintí d'fhuinneamh don chothromú, nach bhfuil curtha isteach bunaithe ar chonradh le haghaidh acmhainneacht don chothromú.
8.2. Tacóidh lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha le hoibreoirí córas tarchurtha an réigiúin oibríochta córas an méid acmhainneachta don chothromú arna chinneadh i gcomhréir le pointe 8.1 a sholáthar. Agus acmhainneacht don chothromú á soláthair:
déanfar é sna creataí ama lá roimh ré nó ionlae, nó an dá rud;
cuirfear san áireamh ionaduithe a d'fhéadfaí a dhéanamh idir cineálacha éagsúla acmhainneachta cúltaca agus é mar aidhm leis sin costas an tsoláthair a íoslaghdú.
9. Measúnuithe leormhaitheasa ar na córais réigiúnacha seachtain roimh ré go lá roimh ré ar a laghad agus gníomhaíochtaí laghdaithe riosca a ullmhú
9.1 Déanfaidh lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha measúnuithe ar leormhaitheas réigiúnach seachtain roimh ré go lá roimh ré ar a laghad i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Rialachán 2017/1485 ón gCoimisiún lena mbunaítear treoirlíne maidir le hoibríocht córais leictreachais agus ar bhonn na modheolaíochta a forbraíodh de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2019/941.
9.2 Bunóidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha na measúnuithe leormhaitheasa réigiúnacha gearrthéarmacha ar an bhfaisnéis arna soláthar ag oibreoirí córas tarchurtha an réigiúin oibríochta córais agus é mar aidhm leo staideanna a bhrath ina bhfuiltear ag súil le heaspa leormhaitheasa in aon cheann de na limistéir rialaithe nó ar an leibhéal réigiúnach. Cuirfidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha malartuithe traschreasacha a d'fhéadfadh a bheidh ann agus teorainneacha ar shlándáil oibríochtúil san áireamh i ngach creat ama pleanála oibríochtúil ábhartha.
9.3 Agus measúnú leormhaitheasa ar chóras réigiúnach á dhéanamh, déanfaidh gach Lárionad Comhordúcháin Réigiúnach comhordú le lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha eile chun:
fíorú a dhéanamh ar na toimhdí agus réamhaisnéisí bunúsacha;
cásanna a bhrath ina bhféadfadh easpa leormhaitheasa a bheith ann ar bhonn trasréigiúnach.
9.4 Seachadfaidh gach lárionad comhordúcháin réigiúnach torthaí na measúnuithe leormhaitheasa ar ghiniúint réigiúnach, maille leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe aige chun na rioscaí a laghdú maidir le heaspa leormhaitheasa d'oibreoirí córas tarchurtha sa réigiún oibríochta córas agus do lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha eile.
10. Comhordú pleanála ar éaradh réigiúnach
10.1 Déanfaidh gach lárionad comhordúcháin Réigiúnach comhordú ar éaradh réigiúnach i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach sa treoirlíne oibríochta córas a glacadh ar bhonn Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 chun faireachán a dhéanamh ar stádas infhaighteachta na sócmhainní ábhartha agus déanfaidh siad comhordú ar a bpleananna infhaighteachta chun slándáil oibríochta an chórais tarchurtha a áirithiú, agus acmhainneacht na n-idirnascairí agus na gcóras tarchurtha a bhfuil tionchar acu ar shreabha traschreasacha a uasmhéadú.
10.2 Coinneoidh gach lárionad comhordúcháin réigiúnach aon liosta amháin d'eilimintí na heangaí, modúil giniúna cumhachta agus saoráid éilimh ábhartha an réigiúin oibríochta córas agus cuirfidh sé ar fáil é sa timpeallacht atá ag ENTSO don Leictreachas do na sonraí a bhaineann le pleanáil oibríochtúil.
10.3 Déanfaidh gach lárionad comhordúcháin réigiúnach na gníomhaíochtaí seo a leanas a bhaineann le comhordú ar éaradh sa réigiún oibríochta córais:
comhoiriúnacht na pleanála don éaradh a mheas lena mbainfear úsáid as pleananna infhaighteachta bliain roimh ré na n-oibreoirí córas tarchurtha uile;
liosta a sholáthar d'oibreoirí córas tarchurtha sa réigiún oibríochta córas de na neamh-chomhoiriúnachtaí pleanála a braitheadh agus de na réitigh atá beartaithe aige chun na neamh-chomhoiriúnachtaí a réiteach.
11. Sásraí um chúiteamh idir oibreoirí córas tarchurtha a optamú
11.1 Féadfaidh na hoibreoirí córas tarchurtha sa réigiún oibríochta córas cinneadh comhpháirteach a dhéanamh tacaíocht a fháil ón lárionad comhordúcháin réigiúnach maidir le sreabha airgeadais a riar a bhaineann le socruithe idir oibreoirí córas idir-tarchurtha lena mbaineann níos mó ná dhá oibreoir córas tarchurtha, amhail costais don athsheoladh, ioncam ó phlódú, diallais neamhbheartaithe nó costais chúltaca soláthair.
12. Oiliúint agus deimhniúchán foirne atá ag obair do lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha
12.1 Déanfaidh lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha cláir oiliúna agus deimhniúcháin a ullmhú agus a chur i gcrích lena ndíreofar ar oibríocht córais réigiúnaigh don fhoireann a oibríonn do na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha.
12.2 Cumhdófar sna cláir oiliúna gach gné ábhartha d'oibríocht an chórais, ina ndéanann an lárionad comhordúcháin réigiúnach cúraimí lena n-áirítear cásanna géarchéime réigiúnacha.
13 Cásanna géarchéime leictreachaisréigiúnacha a shainaithint
13.1 Má dhéanann ENTSO don Leictreachas an fheidhm seo a tharmligean, aithneoidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha cásanna géarchéime i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2019/941.
Déanfar na cásanna géarchéime leictreachais réigúnacha a shainaithint i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/941.
13.2 Tacóidh lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha leis na húdaráis inniúla i ngach réigiún oibríochta córas arna iarraidh sin dóibh maidir leis an ionsamhlú débhliantúil géarchéime a ullmhú agus a chur i gcrích i gcomhréir le h Airteagal 12(3) de Rialachán (AE) 2019/941.
14. Riachtanais le haghaidh acmhainneacht tarchurtha nua a shainaithint, acmhainneacht tarchurtha atá ann cheana, nó a gcuid roghanna malartacha, a uasghrádú.
14.1. Tacóidh lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha le hoibreoirí tacaíochta córas tarchurtha chun riachtanais le haghaidh acmhainneacht tarchurtha nua a shainaithint, acmhainneacht tarchurtha atá ann cheana, nó a gcuid roghanna malartacha, a uasghrádú, agus iad sin le cur faoi bhráid na ngrúpaí réigiúnacha arna mbunú de bhun Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 agus atá san áireamh sa phlean 10 mbliana maidir le forbairt gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 51 de Threoir (AE) 2019/944.
15. Ríomh na hacmhainneachta iontrála uasta a bheidh ar fáil le haghaidh rannpháirtíocht acmhainneachta eachtraí i sásraí acmhainneachta.
15.1 Tacóidh lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha le hoibreoir córais tarchurtha an acmhainneacht uasta iontrála atá ar fáil do rannpháirtíocht na hacmhainneachta eachtraí i sásraí acmhainneachta a ríomh, ag cur san áireamh infhaighteacht an idirnaisc a bhfuiltear ag súil leis agus an dóchúlacht go mbeidh strus córais i gcomhthráth idir an córas ina gcuirtear an sásra i bhfeidhm agus an córas ina bhfuil an acmhainneacht eachtrach lonnaithe.
15.2 Déanfar an ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 26(11).
15.3 Soláthróidh lárionaid comhordúcháin réigiúnacha ríomh le haghaidh gach teorann ar an gcrios tairisceana a chumhdaítear leis an réigiún oibríochta córas.
16. Ionchais shéasúracha a ullmhú
16.1 Má dhéanann ENTSO don Leictreachas an fheidhm seo a tharmligean de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/941, is iad na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha a dhéanfaidh na hionchais leormhaitheasa shéasúracha.
16.2 Is ar bhonn na modheolaíochta a forbraíodh de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2019/941 a dhéanfar na hionchais shéasúracha a ullmhú.
IARSCRÍBHINN II
AN RIALACHÁN AISGHAIRTHE AGUS LIOSTA DE NA LEASUITHE COMHLEANÚNACHA A RINNEADH AIR
Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpaigh fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (IO L 115, 25.4.2013, lch. 39). |
Pointe (a) d'Airteagal 8(3) Point (a) d'Airteagal8(10) Airteagal 11 Airteagal 18(4a) Airteagal 23(3) |
Rialachán (AE) Uimh. 543/2013 ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2013 maidir le sonraí a thíolacadh agus a fhoilsiú i dtaca leis na margaí leictreachais agus lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 163, 15.6.2013, lch. 1). |
Pointí 5.5 go 5.9 d'Iarscríbhinn I |
IARSCRÍBHINN III
TÁBLA COMHGHAOIL
Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 |
An Rialachán seo |
— |
Airteagal 1 (a) |
— |
Airteagal 1 (b) |
Airteagal 1 (a) |
Airteagal 1(c) |
Airteagal 1 (b) |
Airteagal 1 (d) |
Airteagal 2 (1) |
Airteagal 2 (1) |
Airteagal 2 (2) (a) |
Airteagal 2 (2) |
Airteagal 2 (2) (b) |
Airteagal 2 (3) |
Airteagal 2 (2) (c) |
Airteagal 2 (4) |
Airteagal 2 (2) (d) |
— |
Airteagal 2 (2) (e) |
— |
Airteagal 2 (2) (f) |
— |
Airteagal 2 (2) (g) |
Airteagal 2 (5) |
— |
Airteagal 2 (6) go (71) |
— |
Airteagal 3 |
— |
Airteagal 4 |
— |
Airteagal 5 |
— |
Airteagal 6 |
— |
Airteagal 7 |
— |
Airteagal 8 |
— |
Airteagal 9 |
— |
Airteagal 10 |
— |
Airteagal 11 |
— |
Airteagal 12 |
— |
Airteagal 13 |
— |
Airteagal 14 |
— |
Airteagal 15 |
Airteagal 16 (1) go (3) |
Airteagal 16(1) go (4) |
— |
Airteagal 16(5) go (8) |
Airteagal 16(4) go (5) |
Airteagal 16(9) go (11) |
— |
Airteagal 16(12) agus (13) |
— |
Airteagal 17 |
Airteagal 14(1) |
Airteagal 18(1) |
— |
Airteagal 18(2) |
Airteagal 14(2) go (5) |
Airteagal 18(3) go (6) |
— |
Airteagal 18(7) go (11) |
— |
Airteagal 19(1) |
Airteagal 16(6) |
Airteagal 19(2) agus (3) |
— |
Airteagal 19(4) agus (5) |
— |
Airteagal 20 |
— |
Airteagal 21 |
— |
Airteagal 22 |
Airteagal 8(4) |
Airteagal 23 (1) |
— |
Airteagal 23(2) go (7) |
— |
Airteagal 25 |
— |
Airteagal 26 |
— |
Airteagal 27 |
Airteagal 4 |
Airteagal 28(1) |
— |
Airteagal 28(2) |
Airteagal 5 |
Airteagal 29(1) go (4) |
— |
Airteagal 29(5) |
Airteagal 8 (2) (an chéad abairt) |
Airteagal 30(1) (a) |
Airteagal 8 (3) (b) |
Airteagal 30(1) (b) |
— |
Airteagal 30(1) (c) |
Airteagal 8 (3) (c) |
Airteagal 30 (1) (d) |
— |
Airteagal 30(1) (e) agus (f) |
|
Airteagal 30(1) (g) agus (h) |
Airteagal 8 (3) (a) |
Airteagal 30 (1) (i) |
Airteagal 8 (3) (d) |
Airteagal 30 (1) (j) |
|
Airteagal 30 (1) (k) |
Airteagal 8 (3) (e) |
Airteagal 30 (1) (l) |
|
Airteagal 30 (1)(m) go (o) |
— |
Airteagal 30(2) agus (3) |
Airteagal 8(5) |
Airteagal 30(4) |
Airteagal 8(9) |
Airteagal 30(5) |
Airteagal 10 |
Airteagal 31 |
Airteagal 9 |
Airteagal 32 |
Airteagal 11 |
Airteagal 33 |
Airteagal 12 |
Airteagal 34 |
— |
Airteagal 35 |
— |
Airteagal 36 |
— |
Airteagal 37 |
— |
Airteagal 38 |
— |
Airteagal 39 |
— |
Airteagal 40 |
|
Airteagal 41 |
— |
Airteagal 42 |
— |
Airteagal 43 |
— |
Airteagal 44 |
— |
Airteagal 45 |
— |
Airteagal 46 |
— |
Airteagal 47 |
Airteagal 8(10) |
Airteagal 48 |
Airteagal 13 |
Airteagal 49 |
Airteagal 2(2) (an fhomhír dheireanach) |
Airteagal 49 (7) |
Airteagal 15 |
Airteagal 50(1) go (6) |
Iarscríbhinn I, pointe 5.10 |
Airteagal 50(7) |
Airteagal 3 |
Airteagal 51 |
— |
Airteagal 52 |
— |
Airteagal 53 |
|
Airteagal 54 |
— |
Airteagal 55 |
— |
Airteagal 56 |
— |
Airteagal 57 |
— |
Airteagal 58 |
Airteagal 8(6) |
Airteagal 59(1)(a), (b) agus (c) |
— |
Airteagal 59(1)(d) agus (e) |
|
Airteagal 59(2) |
Airteagal 6(1) |
Airteagal 59(3) |
Airteagal 6(2) |
Airteagal 59(4) |
Airteagal 6(3) |
Airteagal 59(5) |
— |
Airteagal 59(6) |
Airteagal 6(4) |
Airteagal 59(7) |
Airteagal 6(5) |
Airteagal 59(8) |
Airteagal 6(6) |
Airteagal 59(9) |
Airteagal 8(1) |
Airteagal 59(10) |
Airteagal 6(7) |
— |
Airteagal 6(8) |
— |
Airteagal 6(9) agus (10) |
Airteagal 59(11) agus (12) |
Airteagal 6(11) |
Airteagal 59(13) agus (14) |
Airteagal 6(12) |
Airteagal 59(15) |
Airteagal 8(2) |
Airteagal 59(15) |
— |
Airteagal 60(1) |
Airteagal 7(1) |
Airteagal 60(2) |
Airteagal 7(2) |
Airteagal 60(3) |
Airteagal 7(3) |
— |
Airteagal 7(4) |
— |
— |
Airteagal 61(1) |
— |
Airteagal 61(2) |
Airteagal 18(1) |
Airteagal 61(3) |
Airteagal 18(2) |
— |
Airteagal 18(3) |
Airteagal 61(4) |
Airteagal 18(4) |
— |
Airteagal 18(4a) |
Airteagal 61(5) |
Airteagal 18(5) |
Airteagal 61(5) agus (6) |
Airteagal 19 |
— |
Airteagal 21 |
Airteagal 62 |
Airteagal 17 |
Airteagal 63 |
— |
Airteagal 64 |
Airteagal 20 |
Airteagal 65 |
Airteagal 22 |
Airteagal 66 |
Airteagal 23 |
Airteagal 67 |
Airteagal 24 |
— |
— |
Airteagal 68 |
— |
Airteagal 69 |
Airteagal 25 |
Airteagal 70 |
Airteagal 26 |
Airteagal 71 |
( 1 ) Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).
( 2 ) Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (IO L 326, 8.12.2011, lch. 1).
( 3 ) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
( 4 ) Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
( 5 ) Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).
( 6 ) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoracha 2002/92/CE agus 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
( 7 ) Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).
( 8 ) Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).
( 9 ) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
( 10 ) Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
( 11 ) Treoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 2001/77/CE agus Treoir 2003/30/CE (IO L 140, 5.6.2009, lch. 16).
( 12 ) IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.
( 13 ) Cinneadh ón gCoimisiún an 15 Samhain 2012 lena mbunaítear an Grúpa Comhordaithe Leictreachais (IO C 353, 17.11.2012, lch. 2).
( 14 ) Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (IO L 115, 25.4.2013, lch. 39).
( 15 ) Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).
( 16 ) Treoir 96/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 1996 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa leictreachas (IO L 27, 30.1.1997, lch. 20).