02019R0452 — GA — 23.12.2021 — 002.002


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2019/452 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Márta 2019

lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh

(IO L 079I 21.3.2019, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

 M1

COMMISSION DELEGATED REGULATION (EU) 2020/1298 of 13 July 2020 (*)

  L 304

1

18.9.2020

►M2

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2126 ÓN gCOIMISIÚN an 29 Meán Fómhair 2021

  L 432

1

3.12.2021



(*)

Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge




▼B

RIALACHÁN (AE) 2019/452 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Márta 2019

lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh



Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.  
Bunaítear creat leis an Rialachán seo don scagadh a dhéanfaidh na Ballstáit ar infheistíochtaí díreacha coigríche a thagann isteach san Aontas ar fhorais na slándála nó an oird phoiblí agus do shásra comhair idir na Ballstáit, agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún, i ndáil le hinfheistíochtaí díreacha coigríche ar dócha go ndéanfaidh siad difear don tslándáil nó don ord poiblí. Faoin Rialachán seo, tá an fhéidearthacht ag an gCoimisiún tuairimí a eisiúint i dtaca leis na hinfheistíochtaí sin.
2.  
Ní dochar an Rialachán don fhreagracht atá ar gach Ballstát faoi leith, agus ar an mBallstát sin amháin, as a shlándáil náisiúnta, faoi mar a fhoráiltear dó in Airteagal 4(2) CAE, ná don cheart atá ag gach Ballstát faoi leith a leasanna bunúsacha slándála a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 346 CFAE.
3.  
Ní chuirfidh aon rud sa Rialachán seo teorainn le ceart gach Ballstáit cinneadh a dhéanamh cibé acu a dhéanfaidh sé infheistíocht dhíreach choigríche ar leith a scagadh faoi chuimsiú an Rialacháin seo.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “infheistíocht dhíreach choigríche” infheistíocht d'aon sórt arna déanamh ag infheisteoir coigríche atá dírithe ar naisc fhadtéarmacha dhíreacha a bhunú nó a choinneáil ar bun idir an t-infheisteoir coigríche agus an fiontraí dá gcuirtear an caipiteal ar fáil chun gníomhaíocht eacnamaíoch a dhéanamh i mBallstát, lena n-áirítear infheistíochtaí a chumasaíonn rannpháirtíocht éifeachtach i mbainistiú nó i rialú cuideachta atá i mbun gníomhaíocht eacnamaíoch;

(2) 

ciallaíonn “infheisteoir coigríche” duine nádúrtha de chuid tríú tír nó gnóthas de chuid tríú tír, a bhfuil sé ar intinn aige infheistíocht dhíreach choigríche a dhéanamh nó a bhfuil infheistíocht dhíreach choigríche déanta aige;

(3) 

ciallaíonn “scagadh” nós imeachta lenar féidir infheistíochtaí díreacha coigríche a mheasúnú, a imscrúdú, a údarú, coinníollacha a chur leo, iad a thoirmeasc nó a leachtú;

(4) 

ciallaíonn “sásra um scagadh” ionstraim a bhfuil feidhm ghinearálta aici, amhail dlí nó rialachán, agus ceanglais riaracháin, rialacha cur chun feidhme nó treoirlínte a ghabhann leo, lena leagtar amach na téarmaí, na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche a mheasúnú, a imscrúdú, a údarú, a thoirmeasc nó a leachtú, nó maidir le coinníoll a fhorchur i leith infheistíochtaí dhíreacha coigríche, ar fhorais na slándála nó an oird phoiblí;

(5) 

ciallaíonn “infheistíocht dhíreach choigríche ar a bhfuil scagadh á déanamh” infheistíocht dhíreach choigríche ar a bhfuil measúnú nó imscrúdú foirmiúil á dhéanamh de bhun sásra um scagadh;

(6) 

ciallaíonn “cinneadh maidir le scagadh” beart arna ghlacadh i dtaca le sásra um scagadh a chur i bhfeidhm;

(7) 

ciallaíonn “gnóthas de chuid tríú tír” gnóthas arna chomhdhéanamh nó arna eagrú ar bhealach eile faoi dhlíthe tríú tír.

Airteagal 3

Sásraí um scagadh de chuid na mBallstát

1.  
I gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfaidh na Ballstáit, ar fhorais na slándála nó an oird phoiblí, sásraí um scagadh a dhéanamh ar infheistíochtaí díreacha coigríche ina gcríoch féin a chothabháil, a leasú nó a ghlacadh.
2.  
Beidh rialacha agus nósanna imeachta a bhaineann le sásraí um scagadh, lena n-áirítear creatanna ama ábhartha, trédhearcach agus ní dhéanfar aon idirdhealú leo idir tríú tíortha. Go háirithe, leagfaidh na Ballstáit amach na dálaí ina ndéantar an scagadh a ghníomhachtú, na forais atá leis an scagadh agus na rialacha nós imeachta is infheidhme.
3.  
Cuirfidh na Ballstáit creatanna ama i bhfeidhm faoina sásraí um scagadh. Cuirfidh na sásraí um scagadh ar chumas na mBallstát barúlacha Ballstát eile dá dtagraítear in Airteagal 6 agus in Airteagal 7 agus tuairimí an Choimisiúin dá dtagraítear in Airteagal 6, Airteagal 7 agus Airteagal 8 a chur san áireamh.
4.  
Cosnófar faisnéis rúnda, lena n-áirítear faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de, a chuirtear ar fáil don Bhallstát a rachaidh i mbun an scagtha.
5.  
Beidh an fhéidearthacht ag na hinfheisteoirí coigríche agus na gnóthais choigríche lena mbaineann cúlárach a iarraidh in aghaidh cinntí maidir le scagadh arna ndéanamh ag na húdaráis náisiúnta.
6.  
Déanfaidh na Ballstáit a bhfuil sásra um scagadh i bhfeidhm acu bearta a chothabháil, a leasú nó a ghlacadh atá riachtanach chun na sásraí um scagadh agus na cinntí maidir le scagadh a shainaithint agus chun nach bhféadfar dul timpeall ar na sásraí ná na cinntí sin.
7.  
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na sásraí um scagadh atá acu i láthair na huaire faoin 10 Bealtaine 2019. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon sásra um scagadh nua a ghlacfar nó aon leasú ar shásra um scagadh arbh ann dó cheana faoi cheann 30 lá ó dháta theacht i bhfeidhm an tsásra um scagadh nua a ghlacfar nó aon leasaithe ar shásra um scagadh arbh ann dó cheana.
8.  
Tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis na fógraí dá dtagraítear i mír 7 a fháil, cuirfidh an Coimisiún liosta de shásraí um scagadh de chuid na mBallstát ar fáil don phobal. Coimeádfaidh an Coimisiún an liosta sin cothrom le dáta.

Airteagal 4

Tosca a fhéadfaidh na Ballstáit nó an Coimisiún a chur san áireamh

1.  

Agus é á chinneadh an dócha go ndéanfaidh infheistíocht dhíreach choigríche difear don tslándáil nó don ord poiblí, féadfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún na héifeachtaí a d'fhéadfadh a bheith aici sin ar na nithe seo a leanas, inter alia, a chur san áireamh:

(a) 

bonneagar criticiúil, bíodh sé fisiciúil nó fíorúil, lena n-áirítear bonneagar fuinnimh, iompair, uisce, sláinte, cumarsáide, meán, próiseála nó stórála sonraí, aeraspáis, cosanta, toghcháin nó airgeadais, agus saoráidí íogaire, mar aon le talamh agus eastát réadach atá ríthábhachtach chun an bonneagar sin a úsáid;

(b) 

teicneolaíochtaí criticiúla agus ítimí dé-úsáide mar a shainmhínítear i bpointe 1 d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle ( 1 ), lena n-áirítear teicneolaíochtaí intleachta saorga, róbataice, leathsheoltóirí cibearshlándála, aeraspáis, cosanta, stórála fuinnimh, agus teicneolaíochtaí candamacha agus núicléacha mar aon le nanaitheicneolaíochtaí agus biththeicneolaíochtaí;

(c) 

soláthar na n-ionchur criticiúil, lena n-áirítear fuinneamh nó amhábhair, mar aon le slándáil bia;

(d) 

rochtain ar fhaisnéis íogair, lena n-áirítear sonraí pearsanta, nó an cumas an fhaisnéis sin a rialú; nó

(e) 

saoirse agus iolrachas na meán.

2.  

Agus é á chinneadh an dócha go ndéanfaidh infheistíocht dhíreach choigríche difear don tslándáil nó don ord poiblí, féadfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún na nithe seo a leanas, go háirithe, a chur san áireamh freisin:

(a) 

an bhfuil an t-infheisteoir coigríche faoi rialú díreach nó indíreach rialtais tríú tír, lena n-áirítear comhlachtaí stáit nó fórsaí armtha, tríú tír, lena n-áirítear trí struchtúr úinéireachta nó trí chistiú suntasach;

(b) 

an raibh an t-infheisteoir coigríche rannpháirteach cheana féin i ngníomhaíochtaí lena ndearnadh difear do shlándáil nó ord poiblí i mBallstát; nó

(c) 

an bhfuil riosca tromchúiseach ann go mbíonn an t-infheisteoir coigríche rannpháirteach i ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó coiriúla.

Airteagal 5

Tuairisciú bliantúil

1.  
Faoin 31 Márta gach bliain, tabharfaidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil don Choimisiún ina gclúdófar an bhliain féilire roimhe sin, ar tuarascáíl í ina n-áireofar faisnéis chomhiomlánaithe maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche a rinneadh ar a gcríoch, ar bhonn faisnéis a bheidh ar fáil dóibh, chomh maith le faisnéis chomhiomlánaithe maidir leis na hiarrataí a fuarthas ó na Ballstáit de bhun Airteagal 6(6) agus Airteagal 7(5).
2.  
Maidir le gach tréimhse tuairiscithe, déanfaidh na Ballstáit ag a bhfuil sásraí um scagadh á gcothabháil, de bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear mír, 1 faisnéis chomhiomlánaithe a chur ar fáil i dtaca le cur i bhfeidhm a sásraí um scagadh.
3.  
Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a sholáthar go bliantúil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí.
4.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún teacht chuig cruinniú dá coiste atá freagrach chun saincheisteanna sistéamacha a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur i láthair agus a mhíniú.

Airteagal 6

Sásra comhair maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche ar a bhfuil scagadh a dhéanamh

1.  
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi aon infheistíocht dhíreach choigríche ar a gcríoch atá á scagadh tríd an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(2) den Rialachán seo a sholáthar a luaithe is féidir. Féadfar a áireamh san fhógra liosta na mBallstát a meastar gur dócha go ndéanfar difear don tslándáil nó don ord poiblí iontu. Mar chuid den fhógra sin, agus más infheidhme, déanfaidh an Ballstát a dhéanann an scagadh iarracht a chur in iúl an measann sé gur dócha go dtiocfaidh an infheistíocht dhíreach choigríche ar a bhfuil scagadh á dhéanamh faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 139/2004.
2.  
I gcás ina measann Ballstát gur dócha go ndéanfaidh infheistíocht dhíreach choigríche ar a bhfuil scagadh á dhéanamh i mBallstát eile difear don tslándáil nó don ord poiblí ann, nó má tá faisnéis aige atá ábhartha don scagadh sin, féadfaidh sé barúlacha a chur ar fáil don Bhallstát atá i mbun an scagtha. Cuirfidh an Ballstát na barúlacha sin chuig an gCoimisiún ag an am céanna.

Tabharfaidh an Coimisiún fógra do na Ballstáit eile á rá gur tugadh barúlacha.

3.  
I gcás ina measfaidh an Coimisiún gur dócha go ndéanfaidh infheistíocht dhíreach choigríche, ar a bhfuil scagadh á dhéanamh, difear don tslándáil nó don ord poiblí i níos mó ná Ballstát amháin, nó i gcás ina bhfuil faisnéis ábhartha aige maidir leis an infheistíocht dhíreach choigríche sin, féadfaidh sé tuairim a thabhairt uaidh don Bhallstát atá i mbun an scagtha. Féadfaidh an Coimisiún tuairim a thabhairt uaidh is cuma cé acu a thug Ballstáit eile barúlacha uathu nó nár thug. Féadfaidh an Coimisiún tuairim a thabhairt uaidh tar éis barúlacha a fháil ó Bhallstáit eile. Tabharfaidh an Coimisiún tuairim uaidh i gcás ina mbeidh bonn cirt leis sin, má mheasann ar a laghad aon trian de na Ballstáit gur dócha go ndéanfadh infheistíocht dhíreach choigríche difear don tslándáil nó don ord poiblí.

Tabharfaidh an Coimisiún fógra do na Ballstáit eile á rá gur eisíodh tuairim.

4.  
Ballstát a mheasann ar bhealach iomchuí gur dócha go ndéanfaidh infheistíocht dhíreach choigríche ina chríoch difear don tslándáil nó don ord poiblí, féadfaidh sé iarraidh ar an gCoimisiún tuairim a thabhairt uaidh nó féadfaidh sé iarraidh ar Bhallstáit eile barúlacha a chur ar fáil.
5.  
Beidh bonn cirt leis na barúlacha dá dtagraítear i mír 2 agus leis na tuairimí dá dtagraítear i mír 3.
6.  
Tráth nach déanaí ná 15 lá féilire tar éis an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fháil, tabharfaidh na Ballstáit eile agus an Coimisiún fógra don Bhallstát atá i mbun an scagtha go bhfuil sé ar intinn acu barúlacha a chur ar fáil de bhun mhír 2 nó tuairim de bhun mhír 3. Féadfar a áireamh san fhógra iarraidh ar fhaisnéis sa bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1.

Beidh bonn cirt le haon iarraidh ar fhaisnéis bhreise, agus í teoranta d'fhaisnéis a bheidh riachtanach chun barúlacha a chur ar fáil de bhun mhír 2, nó chun tuairim a eisiúint de bhun mhír 3, comhréireach le cuspóir na hiarrata agus ní chuirfear ualach míchuí ar an mBallstát a rachaidh i mbun an scagtha. Cuirfear iarrataí ar fhaisnéis agus na freagraí a chuirfidh na Ballstáit ar fáil chuig an gCoimisiún go comhuaineach.

7.  
Déanfar barúlacha dá dtagraítear i mír 2 nó tuairimí dá dtagraítear i mír 3 a dhíriú faoi cheann tréimhse réasúnta chuig an mBallstát atá i mbun an scagtha, agus déanfar iad a chur chucu in aon chás tráth nach déanaí ná 35 lá féilire tar éis an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fháil.

D'ainneoin na chéad fomhíre, más rud é gur iarradh faisnéis bhreise de bhun mhír 6, eiseofar barúlacha nó tuairimí den sórt sin tráth nach déanaí ná 20 lá féilire tar éis an fhaisnéis bhreise nó an fhógra sin a fháil de bhun Airteagal 9(5).

D'ainneoin mhír 6, féadfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint tar éis barúlacha a fháil ó Bhallstáit eile nuair is féidir laistigh de na spriocamanna dá dtagraítear sa mhír seo, agus in aon chás tráth nach déanaí ná cúig lá féilire tar éis do na spriocamanna sin dul in éag.

8.  
Sa chás eisceachtúil ina measann an Ballstát a bhfuil an scagadh á dhéanamh aige go n-éilítear gníomh láithreach leis an tslándáil nó leis an ord poiblí, tabharfaidh sé fógra do na Ballstáit eile agus don Choimisiún go bhfuil sé ar intinn aige cinneadh maidir le scagadh a eisiúint roimh na creatanna ama dá dtagraítear i mír 7 agus tabharfaidh sé bonn cirt leis an ngá atá le gníomh láithreach. Déanfaidh na Ballstáit eile agus an Coimisiún a ndícheall barúlacha a chur ar fáil nó tuairim a eisiúint go gasta.
9.  
Tabharfaidh an Ballstát a bhfuil an scagadh á dhéanamh aige an aird chuí ar bharúlacha na mBallstát eile dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus ar an tuairim ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 3. Is é an Ballstát a bhfuil an scagadh á dhéanamh aige a dhéanfaidh an cinneadh deireadh maidir leis an scagadh.
10.  
An comhar leis na Ballstáit de bhun an Airteagail seo, déanfar é trí na pointí teagmhála a bhunaítear i gcomhréir le Airteagal 11.

Airteagal 7

Sásra comhair maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche nach bhfuil scagadh á dhéanamh orthu

1.  
I gcás ina measfaidh Ballstát gur dócha go ndéanfaidh infheistíocht dhíreach choigríche atá beartaithe nó a rinneadh i mBallstát eile, nach bhfuil scagadh á dhéanamh air sa Bhallstát sin, difear don tslándáil nó don ord poiblí, nó i gcás ina bhfuil faisnéis ábhartha aige maidir leis an infheistíocht dhíreach choigríche sin, féadfaidh sé barúlacha a chur ar fáil uaidh don Bhallstát eile sin. Déanfaidh an Ballstát a chuireann barúlacha ar fail na barúlacha sin a chur chuig an gCoimisiún ag an am céanna.

Tabharfaidh an Coimisiún fógra do na Ballstáit eile á rá gur cuireadh barúlacha ar fáil.

2.  
I gcás ina measfaidh an Coimisiún gur dócha go ndéanfaidh infheistíocht dhíreach choigríche, atá beartaithe nó a rinneadh i mBallstát, nach bhfuil scagadh á dhéanamh air sa Bhallstát sin, difear don tslándáil nó don ord poiblí i níos mó ná Ballstát amháin, nó i gcás ina bhfuil faisnéis ábhartha aige maidir leis an infheistíocht dhíreach choigríche sin, féadfaidh sé tuairim a thabhairt uaidh don Bhallstát a bhfuil infheistíocht dhíreach choigríche beartaithe nó déanta ann. Féadfaidh an Coimisiún tuairim a thabhairt uaidh is cuma cé acu a thug na Ballstáit eile barúlacha uathu nó nár thug. Féadfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint tar éis barúlacha a fháil ó Bhallstáit eile. Eiseoidh an Coimisiún tuairim i gcás ina mbeidh bonn cirt leis sin, má mheasann ar a laghad aon trian de na Ballstáit gur dócha go ndéanfaidh infheistíocht dhíreach choigríche difear don tslándáil nó don ord poiblí.

Tabharfaidh an Coimisiún fógra do na Ballstáit eile á rá gur eisíodh tuairim.

3.  
Ballstát a mheasann ar bhealach iomchuí gur dócha go ndéanfaidh infheistíocht dhíreach choigríche difear dá slándáil nó dá ord poiblí, féadfaidh sé iarraidh ar an gCoimisiún tuairim a eisiúint nó féadfaidh sé iarraidh ar Bhallstáit eile barúlacha a chur ar fáil.
4.  
Beidh bonn cirt leis na barúlacha dá dtagraítear i mír 1 agus leis na tuairimí dá dtagraítear i mír 2.
5.  
I gcás ina measann an Ballstát nó an Coimisiún gur dócha go ndéanfar difear, le hinfheistíocht dhíreach choigríche nach bhfuil scagadh á dhéanamh uirthi, don tslándáil nó don ord poiblí dá dtagraítear i mír 1 nó i mír 2, féadfaidh sé an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9 a iarraidh ar an mBallstát ina bhfuil sé beartaithe an infheistíocht dhíreach choigríche a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht sin.

Beidh bonn cirt le haon iarraidh ar fhaisnéis, agus í teoranta d'fhaisnéis a bheidh riachtanach chun barúlacha a chur ar fáil de bhun mhír 1, nó chun tuairim a eisiúint de bhun mhír 2, beidh sé comhréireach le cuspóir na hiarrata agus ní chuirfidh sé ualach míchuí ar an mBallstát ina bhfuil sé beartaithe an infheistíocht dhíreach choigríche a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht sin.

Cuirfear iarrataí ar fhaisnéis agus na freagraí a chuirfidh Ballstáit chuig an gCoimisiún ag an am céanna.

6.  
Déanfar barúlacha de bhun mhír 1 nó tuairimí de bhun mhír 2 a dhíriú faoi cheann tréimhse réasúnta chuig an mBallstát ina bhfuil sé beartaithe an infheistíocht dhíreach choigríche a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht sin, agus déanfar iad a chur chucu faoi cheann tréimhse réasúnta ama, agus in aon chás tráth nach déanaí ná 35 lá féilire tar éis an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 5 nó tar éis an fhógra de bhun Airteagal 9(5) a fháil. I gcásanna ina mbeidh tuairim an Choimisiúin le tabhairt tar éis barúlacha a bheith tugtha ag Ballstáit eile, beidh 15 lá féilire breise ag an gCoimisiún chun an tuairim sin a thabhairt uaidh.
7.  
Ballstát ina bhfuil sé beartaithe infheistíocht dhíreach choigríche a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht sin, tabharfaidh sé aird iomchuí ar bharúlacha na mBallstát eile agus ar thuairim an Choimisiúin.
8.  
Féadfaidh na Ballstáit barúlacha a chur ar fáil de bhun mhír 1 agus féadfaidh an Coimisiún tuairim a chur ar fáil de bhun mhír 2 tráth nach déanaí ná 15 mhí ó rinneadh an infheistíocht dhíreach choigríche.
9.  
An comhar de bhun an Airteagail seo, déanfar é trí na pointí teagmhála a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 11.
10.  
Ní bheidh an tAirteagal seo infheidhme i gcás infheistíochtaí díreacha coigríche a rinneadh roimh 10 Aibreán 2019.

Airteagal 8

Infheistíochtaí díreacha coigríche ar dócha go ndéanfar difear leo do thionscadail nó do chláir atá chun leasa an Aontais

1.  
I gcás ina measfaidh an Coimisiún gur dócha go ndéanfaidh infheistíocht dhíreach choigríche difear do thionscadail nó do chláir atá chun leasa an Aontais, ar fhorais na slándála nó an oird phoiblí, féadfaidh sé tuairim a thabhairt uaidh don Bhallstát ina bhfuil sé beartaithe an infheistíocht dhíreach choigríche a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht sin.
2.  

Beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 6 agus in Airteagal 7 mutatis mutandis, faoi réir na modhnuithe seo a leanas:

(a) 

mar chuid den fhógra dá dtagraítear in Airteagal 6(1) nó na barúlacha dá dtagraítear in Airteagal 6(2) agus in Airteagal 7(1), féadfaidh Ballstát a léiriú má mheasann sé go ndéanfar difear le hinfheistíocht dhíreach choigríche do thionscadail agus do chláir atá chun leasa an Aontais;

(b) 

déanfar tuairim an Choimisiúin a chur chuig na Ballstáit eile;

(c) 

tabharfaidh an Ballstát ina bhfuil sé beartaithe an infheistíocht dhíreach choigríche a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht sin lánaird ar thuairim an Choimisiúin agus cuirfidh siad míniú ar fáil don Choimisiún i gcás nach leanfar a thuairim.

3.  
Chun críocha an Airteagal seo, áireofar ar na tionscadail nó na cláir atá chun leasa an Aontais na tionscadail nó na cláir sin a fuair méid mór nó cion suntasach de chistiú ón Aontas nó a chumhdaítear le dlí an Aontais maidir le bonneagar criticiúil, teicneolaíochtaí criticiúla nó ionchuir chriticiúla atá ríthábhachtach don tslándáil agus don ord poiblí. Leagtar liosta na dtionscadal nó na gclár atá chun leasa an Aontais amach san Iarscríbhinn.
4.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16 chun liosta na dtionscadal agus na gclár atá chun leasa an Aontais a leasú.

Airteagal 9

Ceanglais faisnéise

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an fhaisnéis a dtugtar fógra ina leith de bhun Airteagal 6(1) nó arna hiarraidh ag an gCoimisiún agus ag Ballstáit eile de bhun Airteagal 6(6) agus Airteagal 7(5) ar fáil don Choimisiún agus don Bhallstát iarrthach gan mhoill mhíchuí.
2.  

Folóidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1:

(a) 

struchtúr úinéireachta an infheisteora coigríche agus an ghnóthais ina bhfuil sé beartaithe an infheistíocht dhíreach choigríche a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht sin, lena n-áirítear faisnéis faoin infheisteoir deiridh agus faoi rannpháirtíocht sa chaipiteal;

(b) 

garluach na hinfheistíochta coigríche dírí;

(c) 

táirgí, seirbhísí agus oibríochtaí gnó an infheisteora coigríche agus an ghnóthais ina bhfuil sé beartaithe an infheistíocht dhíreach choigríche a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht sin;

(d) 

na Ballstáit ina ndéanann an t-infheisteoir coigríche agus an gnóthas, ina bhfuil sé beartaithe an infheistíocht dhíreach choigríche a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht sin, a n-oibríochtaí ábhartha gnó;

(e) 

maoiniú na hinfheistíochta agus foinse na hinfheistíochta sin, ar bhonn na faisnéise is fearr atá ar fáil don Bhallstát;

(f) 

an dáta atá sé beartaithe an infheistíocht dhíreach choigríche a dhéanamh nó an dáta rinneadh an infheistíocht sin.

3.  
Déanfaidh na Ballstáit a ndícheall aon fhaisnéis bhreise dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a chur ar fáil, más ann di, do na Ballstáit iarrthacha agus don Choimisiún gan mhoill mhíchuí.
4.  
An Ballstát ina bhfuil sé beartaithe an infheistíocht dhíreach choigríche a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht sin, féadfaidh sé a iarraidh ar an infheisteoir choigríche nó an gnóthas ina bhfuil sé beartaithe an infheistíocht dhíreach choigríche a dhéanamh nó ina ndearnadh an infheistíocht sin an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a chur ar fáil. Cuirfidh an infheisteoir choigríche nó an gnóthas lena mbaineann an fhaisnéis a iarradh ar fáil gan mhoill mhíchuí.
5.  
Tabharfaidh Ballstát fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile lena mbaineann gan mhoill, más rud é, i gcásanna eisceachtúla, nach mbeidh an Ballstát in ann, in ainneoin a dhícheall, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fháil. Sa fógra sin, tabharfaidh an Ballstát sin údar cuí leis na cúiseanna gan faisnéis mar sin a chur ar fáil agus míneoidh sé na hiarrachtaí a rinneadh leis an bhfaisnéis a iarradh a fháil, lena n-áirítear iarraidh de bhun mhír 4.

I gcás nach ndéantar aon fhaisnéis a sholáthar, aon bharúil a eiseoidh Ballstát eile nó aon tuairim a eiseoidh an Coimisiún, féadfar é a bhunú ar an bhfaisnéis a bheidh ar fáil dóibh.

Airteagal 10

Rúndacht na faisnéise arna tarchur

1.  
Is chun na críche ar iarradh í, agus chun na críche sin amháin, a úsáidfear an fhaisnéis arna fáil de thoradh an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.
2.  
Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún cosaint na faisnéise rúnda sin arna fáil de thoradh an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta faoi seach.
3.  
Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún nach ndéanfar an fhaisnéis rúnaicmithe a chuirtear ar fail nó a mhalartaítear faoin Rialachán seo a íosghrádú nó a scaoileadh ón rúnaicmiú gan toiliú i scríbhinn roimh ré ón tionscnóir.

Airteagal 11

Pointí teagmhála

1.  
Bunóidh gach Ballstát agus an Coimisiún pointe teagmhála leis an Rialachán seo a chur chun feidhme. Tabharfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún páirt do na pointí teagmhála sin i dtaca le gach saincheist a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo.
2.  
Cuirfidh an Coimisiún córas slán criptithe ar fáil chun tacú leis an gcomhar díreach agus le malartú faisnéise idir na pointí teagmhála.

Airteagal 12

An grúpa saineolaithe maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas Eorpach a scagadh

Leanfaidh an grúpa saineolaithe maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas Eorpach a scagadh a chuireann comhairle agus saineolas ar fáil don Choimisiún de shaincheisteanna a bhaineann le scagadh infheistíochtaí díreacha coigríche a phlé, dea-chleachtais agus ceachtanna a foghlaimíodh a roinnt agus tuairimí faoi threochtaí agus saincheisteanna leasa choitinn a bhaineann le hinfheistíochtaí díreacha coigríche a mhalartú. Déanfaidh an Coimisiún a mharana freisin faoi chomhairle a lorg ón ngrúpa sin maidir le saincheisteanna sistéamacha i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo.

Is i modh rúin a bheidh na pléití sa ghrúpa sin.

Airteagal 13

Comhar idirnáisiúnta

Féadfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún obair i gcomhar le húdaráis fhreagracha tríú tíortha maidir le saincheisteanna a bhaineann le hinfheistíochtaí díreacha coigríche a scagadh ar fhorais na slándála agus an oird phoiblí.

Airteagal 14

Sonraí pearsanta a phróiseáil

1.  
Aon phróiseáil ar shonraí pearsanta de bhun an Rialacháin seo, déanfar í i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2018/1725, agus ní dhéanfar í ach a mhéid a bheidh riachtanach chun go ndéanfaidh Ballstáit an scagadh ar infheistíochtaí díreacha coigríche agus chun éifeachtacht an chomhair dá bhforáiltear sa Rialachán seo a áirithiú.
2.  
Ní choimeádfar na sonraí pearsanta a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo ach amháin ar feadh na tréimhse ama is gá chun na cuspóirí dár tiomsaíodh iad a ghnóthú.

Airteagal 15

Meastóireacht

1.  
Faoin 12 Deireadh Fómhair 2023 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú agus éifeachtacht an Rialacháin seo agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh na Ballstáit páirteach sa chleachtadh seo, agus más gá, cuirfidh siad ar fáil don Choimisiún faisnéis bhreise le haghaidh ullmhú na tuarascála sin.
2.  
I gcás ina moltar sa tuarascáil leasuithe ar an Rialachán seo, féadfaidh togra reachtach iomchuí a bheith ag gabháil leis an tuarascáil.

Airteagal 16

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.  
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón 10 Aibreán 2019.
3.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8(4) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
4.  
Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.  
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.
6.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8(4) i bhfeidhm ach amháin i gcás nach gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle aon agóid in iúl faoi cheann tréimhse 2 mhí ónar tugadh fógra faoin ngníomh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó i gcás ina gcuirfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún, roimh dhul in éag na tréimhse sin, nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 17

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 11 Deireadh Fómhair 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

▼M2




IARSCRÍBHINN

Liosta de thionscadail agus de chláir atá chun leasa an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 8(3)

1.    Cláir Eorpacha GNSS (Galileo & EGNOS) ( 2 )

Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le cur chun feidhme agus saothrú córas Eorpach um loingseoireacht satailíte agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 876/2002 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 1).

2.    Copernicus ( 3 )

Rialachán (AE) Uimh. 377/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 lena mbunaítear Clár Copernicus agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 911/2010 (IO L 122, 24.4.2014, lch. 44).

3.    Réamhbheart maidir leis an gclár nua GOVSATCOM de chuid an Aontais a ullmhú

Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, agus go háirithe Airteagal 58(2)(b) de (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

4.    An Clár Spáis

Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear clár spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1285/2013, (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE (IO L 170, 12.5.2021, lch. 69).

5.    Fís 2020 lena n-áirítear cláir thaighde agus forbartha de bhun Airteagal 185 CFAE, agus comhghnóthais nó aon struchtúr eile arna chur ar bun de bhun Airteagal 187 CFAE

Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 – An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020), agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104), lena n-áirítear gníomhaíochtaí atá ann a bhaineann le hEochairtheicneolaíochtaí Cumasúcháin amhail intleacht shaorga, róbataic, leathsheoltóirí agus cibearshlándáil.

6.    Fís Eorpach, lena n-áirítear cláir thaighde agus forbartha de bhun Airteagal 185 CFAE, agus comhghnóthais nó aon struchtúr eile arna chur ar bun de bhun Airteagal 187 CFAE

Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

7.    Clár Taighde agus Oiliúna Euratom 2021-2025

Rialachán (Euratom) 2021/765 ón gComhairle an 10 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach don tréimhse 2021-2025 lena gcomhlánaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht agus lena n-aisghairtear Rialachán (Euratom) 2018/1563 (IO L 167 I, 12.5.2021, lch. 81).

8.    Gréasáin thras-Eorpacha Iompair (TEN-T)

Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).

9.    Gréasáin thras-Eorpacha Fhuinnimh (GTE-F)

Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (IO L 115, 25.4.2013, lch. 39).

10.    Gréasáin thras-Eorpacha Teileachumarsáide ( 4 )

Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir le treoirlínte le haghaidh gréasáin thras-Eorpacha i réimse an bhonneagair teileachumarsáide agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1336/97/CE (IO L 86, 21.3.2014, lch. 14).

11.    An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa

Rialachán (AE) 2021/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1316/2013 agus (AE) Uimh. 283/2014 (IO L 249, 14.7.2021, lch. 38).

12.    An Clár don Eoraip Dhigiteach

Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 (IO L 166, 11.5.2021, lch. 1).

13.    An Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta

Rialachán (AE) 2018/1092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 lena mbunaítear an Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta lena ndírítear ar thacú le hiomaíochas agus cumas nuálaíochta thionscal cosanta an Aontais (IO L 200, 7.8.2018, lch. 30).

14.    Réamhbheart maidir le Taighde Cosanta

Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/20121, agus go háirithe Airteagal 58(2)(b) de (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

15.    An Ciste Eorpach Cosanta

Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1092 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 149).

16.    Buanchomhar struchtúrtha (PESCO)

Cinneadh (CBES) 2018/340 ón gComhairle an 6 Márta 2018 lena mbunaítear liosta na dtionscadal atá le forbairt faoi PESCO (IO L 65, 8.3.2018, lch. 24).

Cinneadh (CBES) 2018/1797 ón gComhairle an 19 Samhain 2018 lena leasaítear agus lena nuashonraítear Cinneadh (CBES) 2018/340 lena mbunaítear liosta na dtionscadal atá le forbairt faoi PESCO (IO L 294, 21.11.2018, lch. 18).

Cinneadh (CBES) 2019/1909 ón gComhairle an 12 Samhain 2019 lena leasaítear agus lena nuashonraítear Cinneadh (CBES) 2018/340 lena mbunaítear liosta na dtionscadal atá le forbairt faoi PESCO (IO L 293, 14.11.2019, lch. 113).

17.    An Comhghnóthas Eorpach um ITER

Cinneadh 2007/198 (Euratom) ón gComhairle an 27 Márta 2007 lena mbunaítear an Comhghnóthas Eorpach um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a Fhorbairt agus buntáistí a thabhairt dó (IO L 90, 30.3.2007, lch. 58).

18.    Clár EU4Health

Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte (“Clár EU4Health”) don tréimhse 2021-2027, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 1).



( 1 ) Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2009 lena ndéantar córas Comhphobail a chur ar bun chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú, ar aistriú agus ar bhróicéireacht ítimí dé-úsáide agus ar iad a bheith ar idirthuras, (IO L 134, 29.5.2009, lch. 1).

( 2 ) Déantar Rialachán (AE) Uimh. 1285/2013 a choimeád san Iarscríbhinn seo i bhfianaise Airteagal 110(1) de Rialachán (AE) 2021/696.

( 3 ) Déantar Rialachán (AE) Uimh. 377/2014 a choimeád san Iarscríbhinn seo i bhfianaise Airteagal 110(1) de Rialachán (AE) 2021/696.

( 4 ) Déantar Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 a choimeád san Iarscríbhinn seo i bhfianaise Airteagal 27(2) de Rialachán (AE) 2021/1153 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1316/2013 agus (AE) Uimh. 283/2014.