02019R0125 — GA — 01.01.2021 — 002.002


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2019/125 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Eanáir 2019

maidir le trádáil in earraí áirithe a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach

(códú)

(IO L 030 31.1.2019, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

COMMISSION DELEGATED REGULATION (EU) 2020/621 of 18 February 2020 (*)

  L 144

1

7.5.2020

►M2

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/139 ÓN gCOIMISIÚN an 4 Nollaig 2020

  L 43

5

8.2.2021



(*)

Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge




▼B

RIALACHÁN (AE) 2019/125 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Eanáir 2019

maidir le trádáil in earraí áirithe a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach

(códú)



CAIBIDIL I

ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Tá leagtha síos sa Rialachán seo rialacha de chuid an Aontais lena rialaítear trádáil le tríú tíortha a mhéid a bhaineann le hearraí a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, agus na rialacha lena rialaítear soláthar seirbhísí bróicéireachta, cúnaimh theicniúil, oiliúna agus fógraíochta a bhaineann le hearraí den sórt sin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

(a) 

ciallaíonn “céastóireacht” aon bheart lena gcuirtear pian léanmhar nó fulaingt léanmhar, baineadh sé leis an gcolainn nó leis an intinn, ar dhuine d'aon turas chun críoch amhail faisnéis nó admháil a bhaint as an duine sin nó as tríú duine, pionós a chur ar an duine sin mar gheall ar ghníomh a rinne an duine sin nó a rinne tríú duine nó a bhfuil amhras go ndearna an duine sin nó tríú duine, nó imeaglú nó comhéigniú a dhéanamh ar an duine sin nó ar thríú duine, nó ar aon chúis atá bunaithe ar idirdhealú d'aon chineál, nuair is oifigeach poiblí nó duine eile atá ag gníomhú i gcáil oifigiúil a chuireann an phian sin nó an fhulaingt sin ar dhuine, nó a chuireann faoi deara é a dhéanamh, nó má dhéantar le cead nó le toiliú oifigigh phoiblí nó duine eile atá ag gníomhú i gcáil oifigiúil é. Ní áirítear le céastóireacht, áfach, pian nó fulaingt a éiríonn ó phionóis dhleathacha amháin, bíodh sin ina ghné dhílis nó ina ghné theagmhasach de na pionóis sin. Ní mheastar pionós an bháis a bheith ina phionós dleathach in imthosca ar bith;

(b) 

ciallaíonn “íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach” aon ghníomh lena gcuirtear pian nó fulaingt lena ngabhann leibhéal íosta de léan, baineadh sé leis an gcolainn nó leis an intinn, ar dhuine nuair is oifigeach poiblí nó duine eile atá ag gníomhú i gcáil oifigiúil a chuireann an phian sin nó an fhulaingt sin ar dhuine, nó a chuireann faoi deara é a dhéanamh. Ní áirítear le céastóireacht, áfach, pian nó fulaingt a éiríonn ó phionóis dhleathacha amháin, bíodh sin ina ghné dhílis nó ina ghné theagmhasach de na pionóis sin. Ní mheastar pionós an bháis a bheith ina phionós dleathach in imthosca ar bith;

(c) 

ciallaíonn “údarás um fhorfheidhmiú an dlí” aon údarás atá freagrach as cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú, a chomhrac agus a phionósú, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, na póilíní, ionchúisitheoir ar bith, údarás breithiúnach ar bith, údarás príosúin poiblí nó príobháideach ar bith agus, i gcás inarb iomchuí, aon cheann d'fhórsaí slándála nó d'údaráis mhíleata stáit;

(d) 

ciallaíonn “onnmhairiú” tabhairt amach earraí ó chríoch chustaim an Aontais, lena n-áirítear imeacht earraí a n-éilítear dearbhú custaim ina leith agus imeacht earraí i ndiaidh a stórála i saorchrios de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );

(e) 

ciallaíonn “allmhairiú” aon tabhairt isteach earraí i gcríoch chustaim an Aontais, lena n-áirítear stóráil shealadach, cur i saorchrios, cur faoi nós imeachta speisialta agus scaoileadh i saorchúrsaíocht de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(f) 

ciallaíonn “cúnamh teicniúil” aon chúnamh teicniúil maidir le deisiúcháin, forbairt, monaraíocht, tástáil, cothabháil, cóimeáil nó aon seirbhís theicniúil eile, agus d'fhéadfadh sé gur i bhfoirm treoraithe, comhairle, oiliúna, tarchuir eolais oibre nó scileanna nó seirbhísí comhairliúcháin a bheadh an cúnamh teicniúil sin. Cuimsíonn cúnamh teicniúil cúnamh a thugtar ó bhéal agus cúnamh a chuirtear ar fáil i bhfoirm leictreonach;

(g) 

ciallaíonn “músaem” institiúid neamhbhrabúsach bhuan a fheidhmíonn i seirbhís na sochaí agus a forbartha, ar institiúid í atá oscailte don phobal agus a dhéanann fianaise ábhartha den duine agus dá thimpeallacht a fháil, a chaomhnú, a léiriú agus a chur ar taispeáint, agus a dhéanann taighde ar an bhfianaise sin, chun críocha staidéir, oideachais agus pléisiúir;

(h) 

ciallaíonn “údarás inniúil” údarás de chuid ceann de na Ballstáit, mar atá liostaithe in Iarscríbhinn I, atá i dteideal, i gcomhréir le hAirteagal 20, cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratas ar údarú nó atá i dteideal onnmhaireoir a thoirmeasc ó úsáid a bhaint as údarú ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas;

(i) 

ciallaíonn “iarratasóir”:

(1) 

an t-onnmhaireoir, i gcás onnmhairiú dá dtagraítear in Airteagal 3, 11 nó 16;

(2) 

an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht a iompraíonn na hearraí laistigh de chríoch chustaim an Aontais, i gcás idirthuras dá dtagraítear in Airteagal 5;

(3) 

soláthróir an chúnaimh theicniúil, i gcás soláthairtí cúnaimh theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 3;

(4) 

an músaem a chuirfidh na hearraí ar taispeáint, i gcás allmhairí agus soláthairtí cúnaimh theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 4;

(5) 

soláthróir an chúnaimh theicniúil nó an bróicéir, i gcás soláthairtí cúnaimh theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 15 nó seirbhísí bróicéireachta dá dtagraítear in Airteagal 19;

(j) 

ciallaíonn “críoch chustaim an Aontais” an chríoch mar a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013;

(k) 

ciallaíonn “seirbhísí bróicéireachta”:

(1) 

caibidlíocht nó socrú idirbheart chun earraí ábhartha ó thríú tír go haon tríú tír eile a cheannach, a dhíol nó a sholáthar, nó

(2) 

earraí ábhartha atá suite i dtríú tír a dhíol nó a cheannach chun iad a aistriú go tríú tír eile.

Chun críocha an Rialacháin seo, níl soláthar seirbhísí coimhdeacha, agus an méid sin amháin, san áireamh sa sainmhíniú seo. Is é is seirbhísí coimhdeacha ann ná iompar, seirbhísí airgeadais, árachas nó ath-árachas, nó fógraíocht ghinearálta nó cur chun cinn;

(l) 

ciallaíonn “bróicéir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht, lena n-áirítear comhpháirtíocht ar a bhfuil cónaí nó atá bunaithe i mBallstát agus a sholáthraíonn seirbhísí mar a shainmhínítear i bpointe (k) ó laistigh den Aontas; aon duine nádúrtha ag a bhfuil náisiúntacht Bhallstáit, is cuma cá bhfuil cónaí ar an duine sin, agus a sholáthraíonn na seirbhísí sin ó laistigh den Aontas; agus aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit, is cuma cá bhfuil sé bunaithe, agus a sholáthraíonn na seirbhísí sin ó laistigh den Aontas;

(m) 

ciallaíonn “soláthróir cúnaimh theicniúil” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht, lena n-áirítear comhpháirtíocht ar a bhfuil cónaí nó atá bunaithe i mBallstát agus a sholáthraíonn cúnamh teicniúil mar a shainmhínítear i bpointe (f) ó laistigh den Aontas; aon duine nádúrtha ag a bhfuil náisiúntacht Bhallstáit, is cuma cá bhfuil cónaí ar an duine sin, agus a sholáthraíonn an cúnamh sin ó laistigh den Aontas; agus aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit, is cuma cá bhfuil sé bunaithe, agus a sholáthraíonn an cúnamh sin ó laistigh den Aontas;

(n) 

ciallaíonn “onnmhaireoir” duine nádúrtha nó dlíthiúil, eintiteas nó comhlacht, lena n-áirítear comhpháirtíocht, a ndéantar dearbhú onnmhairiúcháin thar a cheann, is é sin le rá an duine, eintiteas nó comhlacht a bhfuil an conradh aige leis an gcoinsíní sa tríú tír lena mbaineann an tráth a ghlactar leis an dearbhú onnmhairiúcháin, agus a bhfuil an chumhacht is gá aige chun cinneadh a dhéanamh go seolfar na hearraí amach as críoch chustaim an Aontais. Más rud é nach bhfuil aon chonradh den sórt sin tugtha i gcrích nó nach ngníomhaíonn sealbhóir an chonartha thar a cheann féin, ciallaíonn an t-onnmhaireoir an duine, eintiteas nó comhlacht a bhfuil an chumhacht is gá aige chun cinneadh a dhéanamh go seolfar na hearraí amach as críoch chustaim an Aontais. Maidir le tairbhiú den cheart na hearraí a dhiúscairt, i gcás inar le duine, eintiteas nó comhlacht ar a bhfuil cónaí lasmuigh den Aontas nó atá bunaithe lasmuigh den Aontas é de bhun an chonartha sin, measfar gurb é an páirtí conarthach ar a bhfuil cónaí san Aontas nó atá bunaithe san Aontas an t-onnmhaireoir;

(o) 

ciallaíonn “Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas” údarú le haghaidh onnmhairiúcháin mar a shainmhínítear faoi phointe (d) go tíortha áirithe atá ar fáil ag na honnmhaireoirí uile a chomhlíonann na coinníollacha agus na ceanglais atá ann maidir lena úsáid de réir mar a liostaítear in Iarscríbhinn V;

(p) 

ciallaíonn “údarú aonair” údarú a thugtar:

(1) 

d'aon onnmhaireoir sonrach amháin le haghaidh onnmhairiú mar a shainmhínítear faoi phointe (d) chuig aon úsáideoir deiridh amháin nó chuig aon choinsíní amháin i dtríú tír agus lena gcumhdaítear aon earra amháin nó níos mó;

(2) 

do bhróicéir sonrach amháin le haghaidh soláthar seirbhísí bróicéireachta mar a shainmhínítear faoi phointe (k) chuig aon úsáideoir deiridh amháin nó chuig aon choinsíní amháin i dtríú tír agus lena gcumhdaítear aon earra amháin nó níos mó; nó

(3) 

do dhuine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a iompraíonn earraí laistigh de chríoch chustaim an Aontais le haghaidh idirthuras mar a shainmhínítear faoi phointe (s);

(q) 

ciallaíonn “údarú foriomlán” údarú a thugtar d'aon onnmhaireoir nó bróicéir sonrach amháin i leith earraí den chineál a liostaítear in Iarscríbhinn III nó in Iarscríbhinn IV, agus a fhéadfaidh a bheith bailí le haghaidh:

(1) 

onnmhairiú mar a shainmhínítear faoi phointe (d) chuig úsáideoir deiridh sonraithe amháin nó níos mó i gceann amháin nó níos mó de thríú tíortha sonraithe;

(2) 

onnmhairiú mar a shainmhínítear faoi phointe (d) chuig dáileoir sonraithe amháin nó níos mó i gceann amháin nó níos mó de thríú tíortha sonraithe, i gcás inar monaróir earraí atá ar áireamh i bpointe 3.2 nó 3.3 d'Iarscríbhinn III nó i Roinn 1 d'Iarscríbhinn IV an t-onnmhaireoir;

(3) 

soláthar seirbhísí bróicéireachta a bhaineann le haistrithe earraí atá suite i dtríú tír go dtí úsáideoir deiridh sonraithe amháin nó níos mó i gceann amháin nó níos mó de thríú tíortha sonraithe;

(4) 

soláthar seirbhísí bróicéireachta a bhaineann le haistriú earraí atá suite i dtríú tír go dtí dáileoir sonraithe amháin nó níos mó i gceann amháin nó níos mó de thríú tíortha sonraithe i gcás inar monaróir earraí atá ar áireamh i bpointe 3.2 nó 3.3 d'Iarscríbhinn III nó i Roinn 1 d'Iarscríbhinn IV an bróicéir;

(r) 

ciallaíonn “dáileoir” oibreoir eacnamaíoch a dhéanann gníomhaíochtaí mórdhíola i ndáil leis na hearraí a liostaítear i bpointe 3.2 nó 3.3. d'Iarscríbhinn III nó i Roinn 1 d'Iarscríbhinn IV, amhail na hearraí sin a fháil ó mhonaróirí nó na hearraí sin a choinneáil, a sholáthar nó a onnmhairiú; ní áirítear ar ghníomhaíochtaí mórdhíola na n-earraí sin soláthar a dhéanann ospidéal, cógaiseoir nó gairmí leighis chun na hearraí sin a chur ar fáil don phobal agus chun na críche sin amháin;

(s) 

ciallaíonn “idirthuras” earraí neamh-Aontais a iompar laistigh de chríoch chustaim an Aontais, ar earraí iad a théann trí chríoch chustaim an Aontais ach a bhfuil a gceann scríbe lasmuigh de chríoch chustaim an Aontais.



CAIBIDIL II

EARRAÍ NACH BHFUIL AON ÚSÁID PHRAITICIÚIL LEO SEACHAS AR MHAITHE LE PIONÓS AN BHÁIS NÓ AR MHAITHE LE HÍDE NÓ PIONÓS EILE ATÁ CRUÁLACH, MÍDHAONNA NÓ TÁIREACH

Airteagal 3

Toirmeasc onnmhairiúcháin

1.  
Aon onnmhairiú earraí a liostaítear in Iarscríbhinn II, déanfar é a thoirmeasc gan beann ar áit tionscnaimh na n-earraí sin.

Is é a bheidh in Iarscríbhinn II earraí nach bhfuil aon úsáid phraiticiúil ag baint leo seachas ar mhaithe le pionós an bháis nó ar mhaithe le híde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach.

Toirmeascfar ar sholáthróir cúnaimh theicniúil cúnamh teicniúil a bhaineann leis an hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II a sholáthar d'aon duine, eintiteas nó comhlacht i dtríú tír, bíodh sin ar chomaoin nó gan a bheith ar chomaoin.

2.  
De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an t-údarás inniúil onnmhairiú earraí a liostaítear in Iarscríbhinn II, agus soláthar cúnaimh theicniúil a bhaineann leo, a údarú más rud é go léirítear go ndéanfar na hearraí sin a úsáid ar mhaithe le taispeáint phoiblí i músaem sa tír a n-onnmhaireofar na hearraí chuici, i bhfianaise na tábhachta stairiúla a bhaineann leo, agus chun na críche sin amháin.

Airteagal 4

Toirmeasc allmhairiúcháin

1.  
I gcás aon allmhairiú earraí a liostaítear in Iarscríbhinn II, déanfar é a thoirmeasc, gan beann ar áit tionscnaimh na n-earraí sin.

Toirmeasctar ar dhuine, eintiteas nó comhlacht san Aontas glacadh le cúnamh teicniúil a bhaineann le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II arna sholáthar ag aon duine, eintiteas nó comhlacht ó thríú tír, bíodh sin ar chomaoin nó gan a bheith ar chomaoin.

2.  
De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an t-údarás inniúil allmhairiú earraí a liostaítear in Iarscríbhinn II, agus soláthar cúnaimh theicniúil a bhaineann leo, a údarú más rud é go léirítear go ndéanfar na hearraí sin a úsáid ar mhaithe le taispeáint phoiblí i músaem sa Bhallstát cinn scríbe, i bhfianaise na tábhachta stairiúla a bhaineann leo, agus chun na críche sin amháin.

Airteagal 5

Idirthuras a thoirmeasc

1.  
Déanfar aon idirthuras earraí a liostaítear in Iarscríbhinn II a thoirmeasc.
2.  
De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an t-údarás inniúil idirthuras earraí a liostaítear in Iarscríbhinn II a údarú más rud é go léirítear go ndéanfar, sa tír is ceann scríbe, na hearraí sin a úsáid ar mhaithe le taispeáint phoiblí i músaem i bhfianaise na tábhachta stairiúla a bhaineann leo, agus chun na críche sin amháin.

Airteagal 6

Toirmeasc ar sheirbhísí bróicéireachta

Beidh toirmeasc ar bhróicéir seirbhísí bróicéireachta a sholáthar d'aon duine, d'aon eintiteas nó d'aon chomhlacht i dtríú tír i ndáil le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II, gan beann ar áit tionscnaimh na n-earraí sin.

Airteagal 7

Toirmeasc ar oiliúint

Beidh toirmeasc ar sholáthróir cúnaimh theicniúil nó ar bhróicéir oiliúint in úsáid na n-earraí a liostaítear in Iarscríbhinn II a sholáthar nó a thairiscint d'aon duine, d'aon eintiteas nó d'aon chomhlacht i dtríú tír.

Airteagal 8

Aontaí trádála

Toirmeascfar ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach, ar aon eintiteas nó ar aon chomhlacht, lena n-áirítear comhpháirtíocht, bíodh cónaí air nó bíodh sé bunaithe i mBallstát nó ná bíodh, aon cheann de na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II a chur ar taispeáint nó a thairiscint le díol in aon taispeántas nó aonach a bhíonn ar siúl san Aontas, mura rud é go mbeidh sé léirithe, i bhfianaise nádúr an taispeántais nó an aonaigh, nach bhfuil an taispeántas nó an tairiscint le díol sin ina shiocair le díol nó soláthar na n-earraí ábhartha le haon duine, eintiteas nó comhlacht i dtríú tír agus nach ndéanann sé an díol nó soláthar sin a chur chun cinn.

Airteagal 9

Fógraíocht

Aon duine nádúrtha nó dlítheanach, aon eintiteas nó aon chomhlacht, lena n-áirítear comhpháirtíocht, a bhfuil cónaí air nó atá bunaithe i mBallstát agus a bhíonn ag díol nó ag ceannach spás fógraíochta nó am fógraíochta ó laistigh den Aontas, aon duine nádúrtha ag a bhfuil náisiúntacht Bhallstáit agus a bhíonn ag díol nó ag ceannach spás fógraíochta nó am fógraíochta ó laistigh den Aontas, agus aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit agus a bhíonn ag díol nó ag ceannach spás fógraíochta nó am fógraíochta ó laistigh den Aontas, toirmeascfar air spás fógraíochta sna meáin chlóite nó ar an Idirlíon nó am fógraíochta ar an teilifís nó ar an raidió a dhíol le haon duine, le haon eintiteas nó le haon chomhlacht i dtríú tír i ndáil le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II nó an spás fógraíochta sin nó an t-am fógraíochta sin a cheannach uathu.

Airteagal 10

Bearta náisiúnta

1.  
Gan dochar do rialacha an Aontais is infheidhme, lena n-áirítear an toirmeasc ar idirdhealú ar fhorais náisiúntachta, féadfaidh Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh nó a choimeád lena sriantar iompar, seirbhísí airgeadais, árachas nó ath-árachas, nó fógraíocht ghinearálta nó cur chun cinn i ndáil le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II.
2.  
Aon bhearta a ghlactar de bhun mhír 1, déanfaidh na Ballstáit iad a fhógairt don Choimisiún, nó leasuithe agus aisghairmeacha orthu, sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm.



CAIBIDIL III

EARRAÍ A D'FHÉADFAÍ A ÚSÁID LE HAGHAIDH CÉASTÓIREACHTA NÓ LE HAGHAIDH ÍDE NÓ PIONÓS EILE ATÁ CRUÁLACH, MÍDHAONNA NÓ TÁIREACH

Airteagal 11

An ceanglas maidir le húdarú onnmhairiúcháin

1.  
I gcás aon onnmhairiú earraí a liostaítear in Iarscríbhinn III, beidh údarú ag teastáil ina leith, gan beann ar áit tionscnaimh na n-earraí sin. Ní bheidh aon údarú ag teastáil, áfach, i gcás earraí nach ndéantar ach iad a chur trí chríoch chustaim an Aontais, eadhon na hearraí sin nach bhfuil cóireáil nó úsáid atá formheasta ó thaobh custaim de sannta dóibh seachas an nós imeachta idirthurais sheachtraigh faoi Airteagal 226 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, lena n-áirítear stóráil earraí nach as an Aontas dóibh i saorchrios.

Is é amháin a bheidh in Iarscríbhinn III ná na hearraí seo a leanas a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach:

(a) 

earraí a úsáidtear go príomha chun críocha fhorfheidhmiú an dlí;

(b) 

earraí a bhfuil baol ábhartha ann, agus a ndearadh agus a saintréithe teicniúil á gcur san áireamh, go n-úsáidfear iad le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach.

Ní bheidh na hearraí seo a leanas in Iarscríbhinn III:

(a) 

airm thine a rialaítear le Rialachán (AE) Uimh. 258/2012;

(b) 

ítimí dé-úsáide a rialaítear le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009;

(c) 

earraí a rialaítear i gcomhréir le Comhsheasamh 2008/944/CBES.

2.  
Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le honnmhairithe chuig críocha sin na mBallstát a liostaítear in Iarscríbhinn VI agus nach cuid de chríoch chustaim an Aontais iad, ar choinníoll gurb é a úsáideann na hearraí údarás atá i gceannas ar fhorfheidhmiú an dlí sa tír nó sa chríoch chinn scríbe agus sa chuid mheitreapholaiteach den Bhallstát ar leis an chríoch sin. Beidh an ceart ag lucht custaim nó ag údaráis ábhartha eile a fhíorú an gcomhlíonfar an coinníoll sin agus féadfaidh siad a chinneadh, go dtí go bhfíorófar sin, nach ndéanfar an t-onnmhairiú.
3.  
Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le honnmhairithe chuig tríú tíortha, ar choinníoll go bhfuil na hearraí á n-úsáid ag pearsanra míleata nó sibhialta Ballstáit, má tá an pearsanra sin ag glacadh páirt i bhfeachtas síochánaíochta nó in oibríocht bainistíochta géarchéime sa tríú tír lena mbaineann nó in oibríocht atá bunaithe ar chomhaontuithe idir Ballstáit agus tríú tíortha i réimse na cosanta. Beidh an ceart ag lucht custaim nó ag údaráis ábhartha eile a fhíorú an gcomhlíonfar an coinníoll sin. Go dtí go bhfíorófar sin, ní dhéanfar an t-onnmhairiú.

Airteagal 12

Critéir maidir le húdaruithe onnmhairiúcháin a dheonú

1.  
Déanfaidh na húdaráis inniúla na cinntí maidir le hiarratais ar údaruithe i leith earraí a liostaítear in Iarscríbhinn III, á chur san áireamh dóibh na breithnithe ábhartha go léir, lena n-áirítear cibé a ndearna Ballstát eile le 3 bliana anuas iarratas maidir le honnmhaire atá go bunúsach comhionann leis a dhíbhe agus cuirfidh siad san áireamh freisin breithnithe maidir leis an úsáid deiridh atá beartaithe agus an baol go n-atreorófar an t-earra.
2.  
Ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil aon údarú a dheonú má tá foras réasúnta ann a chreidiúint go bhféadfadh sé go n-úsáidfí na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn III le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, lena n-áirítear pionós coirp breithiúnach, ag údarás um fhorfheidhmiú an dlí nó ag duine nádúrtha nó dlítheanach i dtríú tír.

Cuirfidh an t-údarás inniúil na nithe seo a leanas san áireamh:

(a) 

breithiúnais idirnáisiúnta chúirte atá ar fáil;

(b) 

torthaí chomhlachtaí inniúla na Náisiún Aontaithe, Chomhairle na hEorpa agus an AE, tuarascálacha ó Choiste Eorpach Chomhairle na hEorpa chun Céastóireacht agus Íde nó Pionós atá Mídhaonna nó Táireach a Chosc agus ó Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le Céastóireacht agus íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach.

Féadfar faisnéis ábhartha eile, lena n-áirítear breithiúnais náisiúnta chúirte atá ar fáil, tuarascálacha nó faisnéis eile arna n-ullmhú ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus faisnéis maidir le srianta ar onnmhairiú earraí a liostaítear in Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a chuireann an tír chinn scríbe i bhfeidhm, féadfar iad a chur san áireamh.

3.  
Beidh feidhm ag na rialacha a leagtar síos sa dara fomhír agus sa tríú fomhír maidir le fíorú na húsáide deiridh atá beartaithe agus an bhaoil atreoraithe.

Má dhéanann monaróir earraí a liostaítear i bpointe 3.2 nó pointe 3.3 d'Iarscríbhinn III údarú a iarraidh chun na hearraí sin a onnmhairiú chuig dáileoir, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar na socruithe conarthacha a bheidh déanta ag an monaróir agus ag an dáileoir agus ar na bearta atá á ndéanamh acu chun a áirithiú nach n-úsáidfear na táirgí sin ná, más infheidhme, na táirgí ina gcorprófar iad le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach.

Má iarrtar údarú chun earraí a liostaítear i bpointe 3.2 nó 3.3 d'Iarscríbhinn III a onnmhairiú chuig úsáideoir deiridh, féadfaidh an t-údarás inniúil, nuair a bheidh an baol atreoraithe á mheas aige, na socruithe conarthacha is infheidhme agus an ráiteas maidir le húsáid deiridh arna shíniú ag an úsáideoir deiridh, má tá ráiteas den sórt sin tugtha, a chur san áireamh. Mura mbeidh aon ráiteas maidir le húsáid deiridh tugtha, is faoin onnmhaireoir a bheidh sé a léiriú cé hé an t-úsáideoir deiridh agus cén úsáid a bhainfear as na hearraí. Má mhainníonn an t-onnmhaireoir dóthain faisnéise maidir leis an úsáideoir deiridh agus maidir leis an úsáid deiridh a thabhairt, measfar go bhfuil forais réasúnta ag an údarás inniúil a chreidiúint go bhféadfadh sé go n-úsáidfí na hearraí le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós atá cruálach, mídhaonna nó táireach.

4.  
Sa bhreis ar na critéir a leagtar amach i mír 1, déanfaidh an t-údarás inniúil, le linn dó iarratas ar údarú foriomlán a mheasúnú, a bhreithniú cibé an bhfuil bealaí agus nósanna imeachta atá cionmhar agus leormhaith á gcur i bhfeidhm ag an onnmhaireoir chun a áirithiú go bhfuil forálacha agus cuspóirí an Rialacháin seo, mar aon le téarmaí agus coinníollacha an údaraithe, á gcomhlíonadh.

Airteagal 13

Idirthuras a thoirmeasc

Duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht, lena n-áirítear comhpháirtíocht, bíodh cónaí air nó bíodh sé bunaithe i mBallstát nó ná bíodh, toirmeascfar air idirthuras earraí a liostaítear in Iarscríbhinn III a dhéanamh más rud é go bhfuil a fhios aige go bhfuil aon chuid de sheoladh na n-earraí sin beartaithe lena húsáid le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach i dtríú tír.

Airteagal 14

Bearta náisiúnta

1.  
D'ainneoin na bhforálacha in Airteagal 11 agus Airteagal 12, féadfaidh Ballstát toirmeasc a chur nó a choinneáil ar onnmhairiú agus allmhairiú geimhle cos, cuibhreach buíne agus gléasanna turrainge leictrí iniompartha.
2.  
Féadfaidh Ballstát ceanglas údarúcháin a fhorchur ar onnmhairiú glas lámh ag a bhfuil lántoise lena n-áirítear slabhraí, arna dtomhas ó fhorimeall glais amháin go forimeall glais eile, is faide ná 240 mm agus iad glasáilte. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann Caibidlí III agus V i bhfeidhm maidir le glais lámh den sórt sin.
3.  
Aon bhearta a ghlacfar de bhun mhíreanna 1 agus 2, déanfaidh na Ballstáit iad a fhógairt don Choimisiún sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm.

Airteagal 15

Ceanglas maidir le húdarú i gcomhair seirbhísí áirithe

1.  

Ceanglófar údarú a fháil le haghaidh aon soláthar, ag soláthróir cúnaimh theicniúil nó ag bróicéir, faoi seach, d'aon cheann de na seirbhísí seo a leanas a dhéantar d'aon duine, eintiteas nó comhlacht i dtríú tír, bíodh sin ar chomaoin nó gan a bheith ar chomaoin:

(a) 

cúnamh teicniúil a bhaineann le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn III, gan beann ar áit tionscnaimh na n-earraí sin; agus

(b) 

seirbhísí bróicéireachta a bhaineann le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn III, gan beann ar áit tionscnaimh earraí den sórt sin.

2.  
Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh maidir le hiarratais ar údarú chun seirbhísí bróicéireachta a sholáthar i dtaca le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn III, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 12.

Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh maidir le hiarratais ar údarú chun cúnamh teicniúil a sholáthar i dtaca le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn III, déanfar na critéir a leagtar amach in Airteagal 12 a chur san áireamh chun a mheasúnú:

(a) 

cibé an mbeadh an cúnamh teicniúil sin á sholáthar do dhuine, eintiteas nó comhlacht a bhféadfadh sé go mbainfeadh sé úsáid as na hearraí lena mbaineann an cúnamh teicniúil ar mhaithe le céastóireacht nó le híde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach; agus

(b) 

cibé an mbeadh an cúnamh teicniúil sin á úsáid chun earraí a liostaítear in Iarscríbhinn III a dheisiú, a fhorbairt, a mhonarú, a thástáil, a chothabháil nó a chóimeáil do dhuine, eintiteas nó comhlacht a d'fhéadfadh úsáid a bhaint as na hearraí dá mbaineann an cúnamh teicniúil ar mhaithe le céastóireacht nó le híde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach, nó cibé an mbeadh an cúnamh teicniúil sin á sholáthar do dhuine, eintiteas nó comhlacht den sórt sin chun na críche sin.

3.  

Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le cúnamh teicniúil a sholáthar, más rud é

(a) 

go bhfuil an cúnamh teicniúil á sholáthar ag údarás um fhorfheidhmiú an dlí i mBallstát nó ag pearsanra míleata nó sibhialta Ballstáit mar a dtugtar tuairisc orthu sa chéad abairt d'Airteagal 11(3);

(b) 

gurb é atá sa chúnamh teicniúil ná faisnéis atá san fhearann poiblí a sholáthar; nó

(c) 

gurb é an cúnamh teicniúil an t-íosmhéid is gá chun na hearraí sin a liostaítear in Iarscríbhinn III a shuiteáil, a oibriú, a chothabháil nó a dheisiú agus go bhfuil onnmhairiú na n-earraí sin údaraithe ag údarás inniúil i gcomhréir leis an Rialachán seo.

4.  
In ainneoin mhír 1, féadfaidh Ballstát toirmeasc ar sholáthar seirbhísí bróicéireachta a bhaineann le geimhle cos, le cuibhrigh bhuíne agus le gléasanna turrainge leictrí iniompartha a choinneáil. I gcás ina gcoinníonn Ballstát toirmeasc den sórt sin, cuirfidh sé in iúl don Choimisiún má dhéantar bearta atá glactha aige agus a bhfuil fógra tugtha ina leith i gcomhréir le hAirteagal 7a(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 a leasú nó a aisghairm.



CAIBIDIL IV

EARRAÍ A D'FHÉADFAÍ A ÚSÁID LE HAGHAIDH PHIONÓS AN BHÁIS

Airteagal 16

An ceanglas maidir le húdarú onnmhairiúcháin

1.  
I gcás aon onnmhairiú earraí a liostaítear in Iarscríbhinn IV, beidh údarú ag teastáil ina leith, gan beann ar áit tionscnaimh na n-earraí sin. Ní bheidh aon údarú ag teastáil áfach i gcás earraí nach ndéantar ach iad a chur trí chríoch chustaim an Aontais, eadhon na hearraí sin nach bhfuil cóireáil nó úsáid atá formheasta ó thaobh custaim de sannta dóibh seachas an nós imeachta idirthurais sheachtraigh faoi Airteagal 226 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, lena n-áirítear stóráil earraí nach as an Aontas dóibh i saorchrios.

Is é amháin a bheidh in Iarscríbhinn IV, earraí a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis agus atá formheasta nó in úsáid go hiarbhír do phionós an bháis ag tríú tír amháin nó níos mó nach bhfuil deireadh curtha acu le pionós an bháis. Ní bheidh na hearraí seo a leanas inti:

(a) 

airm thine a rialaítear le Rialachán (AE) Uimh. 258/2012;

(b) 

ítimí dé-úsáide a rialaítear le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009; agus

(c) 

earraí a rialaítear i gcomhréir le Comhsheasamh 2008/944/CBES.

2.  
I gcás ina gceanglaítear go bhfuil gá le húdarú onnmhairiúcháin de bhun an Rialacháin seo chun táirgí íocshláinte a onnmhairiú agus go bhfuil an t-onnmhairiú freisin faoi réir ceanglais údarúcháin i gcomhréir le coinbhinsiúin idirnáisiúnta lena rialaítear drugaí támhshuanacha agus substaintí síceatrópacha, amhail Coinbhinsiún 1971 maidir le Substaintí Síceatrópacha, féadfaidh na Ballstáit nós imeachta aonair a úsáid chun na hoibleagáidí a fhorchuirtear orthu leis an Rialachán seo agus leis an gcoinbhinsiún ábhartha a chomhlíonadh.

Airteagal 17

Critéir maidir le húdaruithe onnmhairiúcháin a dheonú

1.  
Déanfaidh na húdaráis inniúla na cinntí maidir le hiarratais ar údaruithe i leith earraí a liostaítear in Iarscríbhinn IV, á chur san áireamh dóibh na breithnithe ábhartha go léir, lena n-áirítear cibé a ndearna Ballstát eile le 3 bliana anuas iarratas maidir le honnmhaire atá go bunúsach comhionann leis a dhíbhe agus cuirfidh siad san áireamh freisin breithnithe maidir leis an úsáid deiridh atá beartaithe agus an baol go n-atreorófar an t-earra.
2.  
Ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil aon údarú a dheonú má tá forais réasúnta ann a chreidiúint go bhféadfadh sé go n-úsáidfí na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn IV le haghaidh phionós an bháis i dtríú tír.
3.  
Beidh feidhm ag na rialacha sa dara fomhír, sa tríú fomhír agus sa cheathrú fomhír maidir le fíorú na húsáide deiridh atá beartaithe agus an bhaoil atreoraithe.

Má dhéanann monaróir earraí a liostaítear i Roinn 1 d'Iarscríbhinn IV údarú a iarraidh chun táirgí den sóirt sin a onnmhairiú chuig dáileoir, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar na socruithe conarthacha a bheidh déanta ag an monaróir agus an dáileoir agus ar na bearta atá siad a dhéanamh chun a áirithiú nach n-úsáidfear na hearraí le haghaidh phionós an bháis.

Má iarrtar údarú chun earraí a liostaítear i Roinn 1 d'Iarscríbhinn IV a onnmhairiú chuig úsáideoir deiridh, féadfaidh an t-údarás inniúil, nuair a bheidh an baol atreoraithe á mheas aige, na socruithe conarthacha is infheidhme agus an ráiteas maidir le húsáid deiridh arna shíniú ag an úsáideoir deiridh, má tá ráiteas den sórt sin tugtha, a chur san áireamh. Mura mbeidh aon ráiteas maidir le húsáid deiridh tugtha, is faoin onnmhaireoir a bheidh sé a léiriú cé hé an t-úsáideoir deiridh agus cén úsáid a bhainfear as na hearraí. Má mhainníonn an t-onnmhaireoir dóthain faisnéise maidir leis an úsáideoir deiridh agus maidir leis an úsáid deiridh a thabhairt, measfar go bhfuil foras réasúnta ag an údarás inniúil a chreidiúint go bhféadfadh sé go n-úsáidfí na hearraí le haghaidh phionós an bháis.

Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhar le húdaráis inniúla na mBallstát, treoirlínte maidir le dea-chleachtas a ghlacadh i dtaobh mheasúnú na húsáide deiridh agus an chuspóra a bheadh le húsáid an chúnaimh theicniúil.

4.  
Sa bhreis ar na critéir a leagtar amach i mír 1, déanfaidh an t-údarás inniúil, le linn dó iarratas ar údarú foriomlán a mheasúnú, a bhreithniú cibé an bhfuil bealaí agus nósanna imeachta atá cionmhar agus leormhaith á gcur i bhfeidhm ag an onnmhaireoir chun a áirithiú go bhfuil forálacha agus cuspóirí an Rialacháin seo, mar aon le téarmaí agus coinníollacha an údaraithe, á gcomhlíonadh.

Airteagal 18

Idirthuras a thoirmeasc

Duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht, lena n-áirítear comhpháirtíocht, bíodh cónaí air nó bíodh sé bunaithe i mBallstát nó ná bíodh, toirmeascfar air idirthuras earraí a liostaítear in Iarscríbhinn IV a dhéanamh más rud é go bhfuil a fhios aige go bhfuil aon chuid de sheoladh na n-earraí sin beartaithe lena húsáid le haghaidh phionós an bháis i dtríú tír.

Airteagal 19

Ceanglas maidir le húdarú i gcomhair seirbhísí áirithe

1.  

Ceanglófar údarú a fháil le haghaidh aon soláthar, ag soláthróir cúnaimh theicniúil nó ag bróicéir, faoi seach, d'aon cheann de na seirbhísí seo a leanas a dhéantar d'aon duine, eintiteas nó comhlacht i dtríú tír, bíodh sin ar chomaoin nó gan a bheith ar chomaoin:

(a) 

cúnamh teicniúil a bhaineann le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn IV, gan beann ar áit tionscnaimh na n-earraí sin; agus

(b) 

seirbhísí bróicéireachta a bhaineann le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn IV, gan beann ar áit tionscnaimh earraí den sórt sin.

2.  
Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh maidir le hiarratais ar údarú chun seirbhísí bróicéireachta a sholáthar i dtaca le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn IV, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 17.

Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh maidir le hiarratais ar údarú chun cúnamh teicniúil a sholáthar i dtaca le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn IV, déanfar na critéir a leagtar amach in Airteagal 17 a chur san áireamh chun a mheasúnú:

(a) 

cibé an mbeadh an cúnamh teicniúil sin á sholáthar do dhuine, eintiteas nó comhlacht a bhféadfadh sé go mbainfeadh sé úsáid as na hearraí lena mbaineann an cúnamh teicniúil ar mhaithe le pionós an bháis; agus

(b) 

cibé an mbeadh an cúnamh teicniúil sin á úsáid chun earraí a liostaítear in Iarscríbhinn IV a dheisiú, a fhorbairt, a mhonarú, a thástáil, a chothabháil nó a chóimeáil do dhuine, eintiteas nó comhlacht a d'fhéadfadh úsáid a bhaint as na hearraí dá mbaineann an cúnamh teicniúil ar mhaithe le pionós an bháis, nó cibé an mbeadh an cúnamh teicniúil sin á sholáthar do dhuine, eintiteas nó comhlacht den sórt sin chun na críche sin.

3.  

Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le cúnamh teicniúil a sholáthar, más rud é

(a) 

gurb é atá sa chúnamh teicniúil ná faisnéis atá san fhearann poiblí a sholáthar; nó

(b) 

gurb é an cúnamh teicniúil an t-íosmhéid is gá chun na hearraí sin a liostaítear in Iarscríbhinn IV a shuiteáil, a oibriú, a chothabháil nó a dheisiú agus go bhfuil onnmhairiú na n-earraí sin údaraithe ag údarás inniúil i gcomhréir leis an Rialachán seo.



CAIBIDIL V

NÓSANNA IMEACHTA ÚDARÚCHÁIN

Airteagal 20

Cineálacha údaruithe agus údaráis eisiúna

1.  
Leis an Rialachán seo, bunaítear Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas le haghaidh onnmhairiú áirithe mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir ina chónaí nó ina bhfuil sé bunaithe toirmeasc a chur ar an onnmhaireoir an t-údarú sin a úsáid má tá amhras réasúnta ann i leith chumas an onnmhaireora téarmaí an údaraithe sin a chomhlíonadh nó foráil de chuid na reachtaíochta maidir le rialú ar onnmhairiú a chomhlíonadh.

Malartóidh údaráis inniúla na mBallstát faisnéis faoi na honnmhaireoirí uile ar baineadh an ceart díobh an tÚdarú Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas a úsáid, ach amháin má chinneann siad nach ndéanfaidh onnmhaireoir sonrach iarracht earraí a liostaítear in Iarscríbhinn IV onnmhairiú trí Bhallstát eile. Is córas malartaithe faisnéise, atá slán agus criptithe, a úsáidfear chun na críche sin.

2.  
Is é údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir ina chónaí nó ina bhfuil sé bunaithe a dheonóidh údarú i leith onnmhairiú nach onnmhairiú dá dtagraítear i mír 1 iad agus a gceanglaítear faoin Rialacháin seo údarú a dheonú ina leith, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I. Féadfaidh an t-údarú sin a bheith ina údarú aonair nó ina údarú foriomlán má bhaineann sé le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn III nó in Iarscríbhinn IV. Údarú aonair a bheidh in údarú i dtaca le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II.
3.  
Maidir le húdarú le haghaidh idirthuras earraí a liostaítear in Iarscríbhinn II, is é údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-eintiteas nó an comhlacht a iompraíonn na hearraí laistigh de chríoch chustaim an Aontais ina chónaí nó ina bhfuil sé bunaithe, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I, a dheonóidh é. Más rud é nach bhfuil an duine, eintiteas nó comhlacht sin ina chónaí nó bunaithe i mBallstát, is é údarás inniúil an Bhallstáit ina dtarlaíonn tabhairt isteach na n-earraí i gcríoch chustaim an Aontais a dheonóidh an t-údarú. Is údarú aonair a bheidh san údarú sin.
4.  
Is é údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an músaem bunaithe, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I, a dheonóidh údarú i leith allmhairí a gceanglaítear faoin Rialachán seo údarú ina leith. Údarú aonair a bheidh in údarú i dtaca le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II.
5.  

Is iad seo a leanas na húdaráis a thabharfaidh údarú i ndáil le cúnamh teicniúil a sholáthar maidir le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II:

(a) 

údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an soláthróir cúnaimh theicniúil ina chónaí nó ina bhfuil sé bunaithe, de réir mar a liostaítear in Iarscríbhinn I, nó, mura bhfuil Ballstát den sórt sin ann, údarás inniúil an Bhallstáit a bhfuil an soláthróir cúnaimh theicniúil ina náisiúnach de nó ar faoina dhlí atá an soláthróir sin corpraithe nó comhdhéanta, má tá an cúnamh le soláthar do mhúsaem i dtríú tír; nó

(b) 

údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an músaem bunaithe, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I, má tá an cúnamh sin le soláthar do mhúsaem san Aontas.

6.  
Údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an soláthróir cúnaimh theicniúil ina chónaí nó ina bhfuil sé bunaithe, de réir mar a liostaítear in Iarscríbhinn I, nó, mura bhfuil Ballstát den sórt sin ann, údarás inniúil an Bhallstáit a bhfuil an soláthróir cúnaimh theicniúil ina náisiúnach de nó ar faoina dhlí atá an soláthróir sin corpraithe nó comhdhéanta, is é a dhéanfaidh údarú le haghaidh soláthar cúnaimh theicniúil a bhaineann leis na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn III nó in Iarscríbhinn IV a dheonú.
7.  
Údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an bróicéir ina chónaí nó ina bhfuil sé bunaithe, de réir mar a liostaítear in Iarscríbhinn I, nó, mura bhfuil Ballstát den sórt sin ann, údarás inniúil an Bhallstáit a bhfuil an bróicéir ina náisiúnach de nó ar faoina dhlí atá an bróicéir sin corpraithe nó comhdhéanta, is é a dhéanfaidh údarú le haghaidh soláthar seirbhísí bróicéireachta a bhaineann leis na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn III nó in Iarscríbhinn IV a dheonú. Déanfar údarú den sórt sin a dheonú le haghaidh cainníocht shocraithe d'earraí sonracha a bhíonn á ngluaiseacht idir dhá cheann nó níos mó de thríú tíortha. Beidh suíomh na n-earraí sa tríú tír as ar thionscain siad, an t-úsáideoir deiridh agus suíomh beacht an úsáideora deiridh a shainaithint go soiléir.
8.  
An fhaisnéis ábhartha uile a theastaíonn i gcomhair a n-iarratas ar údarú onnmhairiúcháin aonair nó foriomlán le haghaidh onnmhairithe nó le haghaidh seirbhísí bróicéireachta, le haghaidh údarú do chúnamh theicniúil, le haghaidh údarú allmhairiúcháin aonair nó le haghaidh údarú aonair le haghaidh idirthurais, cuirfidh na hiarratasóirí ar fáil í don údarás inniúil.

Maidir le honnmhairithe, gheobhaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis iomlán faoin úsáideoir deiridh, faoin tír is ceann scríbe agus faoi úsáid deiridh na n-earraí.

Maidir le seirbhísí bróicéireachta, gheobhaidh na húdaráis inniúla go háirithe mionsonraí faoi shuíomh na n-earraí sa tríú tír as ar thionscain siad, tuairisc shoiléir ar na hearraí agus ar an gcainníocht atá i gceist, na tríú páirtithe atá páirteach san idirbheart, an tríú tír atá mar cheann scríbe, an t-úsáideoir deiridh sa tír sin agus suíomh beacht an úsáideora deiridh.

Féadfaidh deonú údaraithe a bheith faoi réir ráiteas úsáide deiridh, más iomchuí.

9.  
De mhaolú ar mhír 8, i gcás ina mbíonn monaróir nó ionadaí monaróra chun onnmhairiú nó díol nó aistriú a dhéanamh ar earraí atá ar áireamh i bpointe 3.2 nó 3.3 d'Iarscríbhinn III nó i Roinn 1 d'Iarscríbhinn IV chuig dáileoir i dtrí tír, cuirfidh an monaróir faisnéis ar fáil faoi na socruithe agus na bearta a bheidh déanta chun cosc a chur le húsáid na n-earraí atá ar áireamh i bpointe 3.2 nó 3.3 d'Iarscríbhinn III le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach nó chun cosc a chur le húsáid na n-earraí atá ar áireamh i Roinn 1 d'Iarscríbhinn IV le haghaidh phionós an bháis, faoin tír is ceann scríbe agus, má tá sí ar fáil, faisnéis faoin úsáid deiridh agus faoi úsáideoirí deiridh na n-earraí.
10.  
Arna iarraidh sin ag sásra náisiúnta coisctheach arna bhunú faoi Phrótacal Roghnach Choinbhinsiún 1984 na Náisiúin Aontaithe in aghaidh Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionóis Eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach, féadfaidh na húdaráis inniúla a chinneadh an fhaisnéis a bheidh faighte acu ó iarratasóir faoin tír is ceann scríbe, faoin gcoinsíní, faoin úsáid deiridh agus faoi na húsáideoirí deiridh nó, i gcás inarb ábhartha, faoin dáileoir, mar aon le faisnéis faoi na socruithe agus na bearta dá dtagraítear i mír 9, a chur ar fáil don sásra náisiúnta coisctheach a iarrann an fhaisnéis sin. Tabharfaidh na húdaráis inniúla éisteacht don iarratasóir sula gcuirfidh siad an fhaisnéis sin ar fáil agus féadfaidh siad srianta a chur ar an úsáid a fhéadfar a bhaint as an bhfaisnéis. Déanfaidh na húdaráis inniúla a gcuid cinntí i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta.
11.  
Próiseálfaidh na Ballstáit iarrataí ar údaruithe aonair nó foriomlána laistigh de thréimhse ama a bheidh le socrú faoin dlí náisiúnta nó faoin gcleachtas náisiúnta.

Airteagal 21

Údaruithe

1.  
Déanfar údaruithe le haghaidh onnmhairiú, allmhairiú nó idirthuras a eisiúint i bhfoirm a bheidh ar aon dul leis an múnla a leagtar amach in Iarscríbhinn VII. Déanfar údaruithe maidir le seirbhísí bróicéireachta a eisiúint i bhfoirm a bheidh ar aon dul leis an múnla a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII. Déanfar údaruithe maidir le cúnamh teicniúil a eisiúint i bhfoirm a bheidh ar aon dul leis an múnla a leagtar amach in Iarscríbhinn IX. Beidh na húdaruithe sin bailí ar fud an Aontais. Mairfidh an tréimhse bailíochta a bheidh ag údarú ó 3 mhí go dtí 12 mhí agus féadfar í a fhadú suas le 12 mhí. Mairfidh an tréimhse bailíochta a bheidh ag údarú foriomlán ó 1 bhliain amháin go dtí 3 bliana agus féadfar í a fhadú suas le 2 bhliain.
2.  
Údarú le haghaidh onnmhairiú a dheonaítear i gcomhréir le hAirteagal 12 nó le hAirteagal 17, tuigtear leis gurb údarú é don onnmhaireoir cúnamh teicniúil a sholáthar don úsáideoir deiridh a mhéid go bhfuil an cúnamh sin riachtanach le haghaidh suiteáil, oibriú, cothabháil nó deisiú na n-earraí sin a bhfuil údarú tugtha dá n-onnmhairiú.
3.  
Féadfar údaruithe a eisiúint go leictreonach. Déanfar na nósanna imeachta sonracha a bhunú ar bhonn náisiúnta. Ballstáit a bhainfidh leas as an rogha seo, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas.
4.  
Údaruithe le haghaidh onnmhairiú, allmhairiú, idirthurais, soláthar cúnaimh theicniúil nó soláthar seirbhísí bróicéireachta, beidh siad faoi réir aon cheanglas agus coinníollacha a measann an t-údarás inniúil iad a bheith iomchuí.
5.  
Féadfaidh na húdaráis inniúla, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an Rialachán seo, diúltú údarú a dheonú agus féadfaidh siad údarú atá deonaithe cheana acu a chur ar neamhní, a fhionraí, a mhodhnú nó a chúlghairm.

Airteagal 22

Foirmiúlachtaí custaim

1.  
Nuair a bheidh foirmiúlachtaí custaim á gcur i gcrích, cuirfidh an t-onnmhaireoir nó an t-allmhaireoir isteach an fhoirm chomhlánaithe iomchuí a leagtar amach in Iarscríbhinn VII mar chruthúnas go bhfuarthas an t-údarú is gá don onnmhairiú nó don allmhairiú lena mbaineann. Mura bhfuil an doiciméad líonta isteach i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit ina gcuirfear na foirmiúlachtaí custaim i gcrích, féadfar a iarraidh ar an onnmhaireoir nó ar an allmhaireoir aistriúchán chuig teanga oifigiúil den sórt sin a chur ar fáil.
2.  
Má dhéantar dearbhú custaim i dtaca le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn III nó Iarscríbhinn IV agus go ndeimhnítear nach bhfuil aon údarú deonaithe de bhun an Rialacháin seo don onnmhairiú nó allmhairiú beartaithe, déanfaidh na húdaráis chustaim na hearraí atá dearbhaithe a choinneáil agus cuirfidh siad an t-onnmhaireoir nó an t-allmhaireoir ar an eolas mar gheall ar an bhféidearthacht atá ann iarratas ar údarú a dhéanamh de bhun an Rialacháin seo. Mura ndéantar aon iarratas ar údarú laistigh de 6 mhí i ndiaidh thráth na coinneála, nó má dhéanann an t-údarás inniúil iarratas den sórt sin a dhíbhe, déanfaidh na húdaráis inniúla na hearraí a bheidh coinnithe a dhiúscairt i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

Airteagal 23

Ceanglas maidir le fógra a thabhairt agus maidir le comhairliúchán

1.  
Tabharfaidh Ballstát fógra do na Ballstáit eile agus don Choimisiún más rud é go nglacann a chuid údarás inniúil, de réir mar a liostaítear in Iarscríbhinn I, cinneadh lena ndéantar iarratas ar údarú faoin Rialachán seo a dhíbhe nó má dhéanann siad údarú a bhí deonaithe acu a chur ar neamhní. Déanfar fógra den sórt sin a thabhairt tráth nach déanaí ná 30 lá i ndiaidh dháta an chinnidh nó an neamhnithe.
2.  
Rachaidh an t-údarás inniúil, trí bhealaí taidhleoireachta i gcás inar gá sin nó i gcás inarb iomchuí, i mbun comhairliúcháin leis an údarás nó leis na húdaráis a rinne, sna 3 bliana roimhe sin, iarratas ar údarú d'onnmhairiú, d'idirthuras, do sholáthar cúnaimh theicniúil do dhuine, d'eintiteas nó do chomhlacht i dtríú tír nó do sholáthar seirbhísí bróicéireachta a dhíbhe faoin Rialachán seo más rud é go bhfaigheann sé iarratas i dtaca le honnmhairiú, le hidirthuras, le soláthar cúnaimh theicniúil do dhuine, d'eintiteas nó do chomhlacht i dtríú tír nó i dtaca le soláthar seirbhísí bróicéireachta lena mbaineann go bunúsach idirbheart comhionann leis an idirbheart dá dtagraítear san iarratas sin a rinneadh níos túisce agus go measann an t-údarás inniúil sin gur cheart, amhlaidh, an t-údarú a dheonú.
3.  
Más rud é, tar éis na gcomhairliúchán dá dtagraítear i mír 2, go gcinneann an t-údarás inniúil údarú a dheonú, déanfaidh an Ballstát ábhartha na Ballstáit eile agus an Coimisiún a chur ar an eolas láithreach i dtaobh a chinnidh agus míneoidh sé na cúiseanna atá aige lena chinneadh, agus á dhéanamh sin dó cuirfidh sé faisnéis tacaíochta faoina mbráid de réir mar is iomchuí.
4.  
I gcás ina bhfuil diúltú údarú a dheonú bunaithe ar thoirmeasc náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 14(1) nó le hAirteagal 15(4), ní cinneadh a bheidh ann lena ndéantar iarratas a dhíbhe de réir bhrí mhír 1 den Airteagal seo.
5.  
Na fógraí uile a cheanglaítear a dhéanamh faoin Airteagal seo, déanfar iad trí chóras malartaithe faisnéise atá slán agus criptithe.



CAIBIDIL VI

FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS DEIRIDH

Airteagal 24

Na hIarscríbhinní a leasú

Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29, chun Iarscríbhinní I, II, III, IV, V, VI, VII, VIII agus IX go IX a leasú. Na sonraí in Iarscríbhinn I maidir leis na húdaráis inniúla de chuid na mBallstát, déanfar iad a leasú ar bhonn faisnéis a chuirfidh na Ballstáit ar fáil.

Más rud é, i gcás leasú ar Iarscríbhinn II, III, IV nó V, gur gá sin a dhéanamh ar mhórfhorais práinne, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 30 maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 25

Iarrataí ar earraí a chur le ceann de na liostaí earraí

1.  

Féadfaidh gach Ballstát iarraidh chuí-réasúnaithe a chur chuig an gCoimisiún chun earraí atá deartha le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí nó atá margaithe le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí a chur isteach in Iarscríbhinn II, in Iarscríbhinn III nó in Iarscríbhinn IV. San iarraidh sin beidh faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) 

dearadh agus saintréithe na n-earraí;

(b) 

na críocha uile ar féidir iad a úsáid chucu; agus

(c) 

na rialacha idirnáisiúnta nó intíre a shárófaí dá n-úsáidfí na hearraí sin le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí.

Nuair a bheidh an iarraidh uaidh á dhíriú ag an mBallstát chuig an gCoimisiún, déanfaidh an Ballstát iarrthach an iarraidh sin a chur ar aghaidh chuig na Ballstáit eile freisin.

2.  
Féadfaidh an Coimisiún, laistigh de 3 mhí tar éis an iarraidh a fháil, a iarraidh ar an mBallstát iarrthach faisnéis bhreise a sholáthar, má mheasann sé nach bhfuil aghaidh tugtha san iarraidh ar cheann amháin nó níos mó de na pointí ábhartha nó go dteastaíonn faisnéis bhreise faoi cheann amháin nó níos mó de na pointí ábhartha. Cuirfidh sé in iúl cad iad na pointí ar gá faisnéis bhreise a chur ar fáil fúthu. Cuirfidh an Coimisiún a chuid ceisteanna ar aghaidh chuig na Ballstáit eile. Féadfaidh na Ballstáit eile tuilleadh faisnéise a sholáthar don Choimisiún ar mhaithe le measúnú a dhéanamh ar an iarraidh.
3.  
Má mheasann sé nach gá faisnéis bhreise a iarraidh nó, i gcás inarb infheidhme, ar fháil na faisnéise breise a d'iarr sé, tosóidh an Coimisiún laistigh de 20 seachtain tar éis an iarraidh nó an fhaisnéis bhreise faoi seach a fháil ar an nós imeachta chun an leasú a iarradh a ghlacadh nó cuirfidh sé in iúl do na Ballstáit iarrthacha cad iad na cúiseanna atá aige gan an méid sin a dhéanamh.

Airteagal 26

Malartú faisnéise idir údaráis na mBallstát agus an Coimisiún

1.  
Gan dochar d'Airteagal 23, cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit in iúl dá chéile, arna iarraidh sin, na bearta a ghlacfar faoin Rialachán seo agus cuirfidh siad ar fáil dá chéile aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil acu a bhaineann leis an Rialachán seo, go háirithe faisnéis maidir le húdaruithe arna ndeonú agus arna ndiúltú.
2.  
San fhaisnéis ábhartha maidir le húdaruithe arna ndeonú agus arna ndiúltú, beidh ar a laghad an cineál cinnidh, na forais don chinneadh nó achoimre orthu, ainmneacha na gcoinsínithe agus, murab iad na daoine céanna iad, ainmneacha na n-úsáideoirí deiridh chomh maith leis na hearraí lena mbaineann.
3.  
Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún más féidir, tuarascáil bhliantúil phoiblí maidir le gníomhaíochtaí a thabhairt, lena soláthrófar faisnéis maidir le líon na n-iarratas arna bhfáil, maidir leis na hearraí agus na tíortha lena mbaineann na hiarratais sin, agus maidir leis an cinntí atá déanta acu i leith na n-iarratas sin. Ní bheidh sa tuarascáil sin faisnéis ar dóigh leis an mBallstát go mbeidh nochtadh na faisnéise sin ag teacht salach ar leasanna bunúsacha a shlándála.
4.  
Ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil arb éard a bheidh inti na tuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 3. Cuirfear an tuarascáil bhliantúil sin ar fáil go poiblí.
5.  
Cé is moite den fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a sholáthrófar d'údaráis an Bhallstáit eile agus don Choimisiún, beidh an tAirteagal seo gan dochar do na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le rúndacht agus sicréideacht ghairmiúil.
6.  
Diúltú údarú a dheonú, má tá an diúltú sin bunaithe ar thoirmeasc náisiúnta arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14(1), ní bheidh sé ina údarú arna dhiúltú de réir bhrí mhír 1, mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo.

Airteagal 27

Sonraí pearsanta a phróiseáil

Próiseálfar agus malartófar sonraí pearsanta i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679 agus i Rialachán (AE) 2018/1725.

Airteagal 28

Faisnéis a úsáid

Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ) agus reachtaíocht náisiúnta maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid, is chun na críche ar iarradh í, agus chun na críche sin amháin, a úsáidfear faisnéis a fhaightear de bhun an Rialacháin seo.

Airteagal 29

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.  
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 24 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 16 Nollaig 2016. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 24 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.  
Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.  
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 24 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 30

An nós imeachta práinne

1.  
Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
2.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 29(6). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt maidir leis an gcinneadh chun agóid a dhéanamh.

Airteagal 31

An Grúpa Comhordaithe um Fhrith-Chéastóireacht

1.  
Bunófar Grúpa Comhordaithe um Fhrith-Chéastóireacht agus beidh ionadaí ón gCoimisiún mar chathaoirleach air. Déanfaidh gach Ballstát ionadaí don Ghrúpa seo a cheapadh.
2.  
Scrúdóidh an Grúpa Comhordaithe um Fhrith-Chéastóireacht aon cheisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear, agus gan teorannú, malartú faisnéise maidir le cleachtais riaracháin agus aon cheisteanna eile a fhéadfaidh an Cathaoirleach nó ionadaí Ballstáit a ardú.
3.  
Féadfaidh an Grúpa Comhordaithe um Fhrith-Chéastóireacht, cibé uair a mheasann sé gur gá sin, dul i gcomhairle le honnmhaireoirí, le bróicéirí, le soláthróirí cúnaimh theicniúil agus le geallsealbhóirí ábhartha eile lena mbaineann an Rialachán seo.
4.  
Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil a thíolacadh i scríbhinn do Pharlaimint na hEorpa maidir le gníomhaíochtaí, scrúduithe agus comhairliúcháin an Ghrúpa Comhordaithe um Fhrith-Chéastóireacht.

Déanfar an tuarascáil bhliantúil a tharraingt suas agus aird chuí á tabhairt ar a riachtanaí atá sé gan an bonn a bhaint ó na leasanna tráchtála atá ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha. Is i modh rúin a bheidh na pléití sa Ghrúpa Comhordaithe um Fhrith-Chéastóireacht.

Airteagal 32

Athbhreithniú

1.  
Faoin 31 Iúil 2020, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus cuirfidh sé tuarascáil chuimsitheach um chur chun feidhme agus um measúnú tionchair faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, agus féadfaidh sé go mbeidh tograí san áireamh sa tuarascáil i ndáil leis an Rialachán seo a leasú. San athbhreithniú sin, déanfar measúnú ar a riachtanaí atá sé na gníomhaíochtaí a dhéanann náisiúnaigh de chuid an Aontais ar an gcoigríoch a chur san áireamh. Tabharfaidh na Ballstáit an fhaisnéis uile is iomchuí don Choimisiún chun an tuarascáil a ullmhú.
2.  

I ranna speisialta den tuarascáil, déileálfar leis na nithe seo a leanas:

(a) 

an Grúpa Comhordaithe um Fhrith-Chéastóireacht agus a chuid gníomhaíochtaí. Déanfar an tuarascáil a tharraingt suas agus aird chuí á tabhairt ar a riachtanaí atá sé gan an bonn a bhaint ó na leasanna tráchtála atá ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha. Is i modh rúin a bheidh na pléití sa ghrúpa;

(b) 

faisnéis faoi na bearta a bheidh glactha ag na Ballstáit de bhun Airteagal 33(1) agus a mbeidh fógra ina dtaobh tugtha don Choimisiún de bhun Airteagal 33(2).

Airteagal 33

Pionóis

1.  
Déanfaidh na Ballstáit na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach bearta is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
2.  
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfaidh difear do rialacha maidir le pionóis ar tugadh fógra ina leith i gcomhréir le hAirteagal 17(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005.

Airteagal 34

Raon feidhme críochach

1.  

Beidh ag an Rialachán seo an raon feidhme críochach céanna agus atá ag na Conarthaí, ach amháin i gcás na chéad fhomhíre d'Airteagal 3(1), na chéad fhomhíre d'Airteagal 4(1), Airteagail 5, 11, 13, 14, 16 agus 18, Airteagal 20(1) go (4) agus Airteagal 22, a mbeidh feidhm acu sin maidir le:

— 
críoch chustaim an Aontais;
— 
críocha Spáinneacha Ceuta agus Melilla;
— 
críoch Ghearmánach Helgoland.
2.  
Chun críche an Rialacháin seo, measfar gur cuid de chríoch chustaim an Aontais Ceuta, Helgoland agus Melilla.

Airteagal 35

Aisghairm

Déantar Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 a aisghairm.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn XI.

Airteagal 36

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

LIOSTA NA N-ÚDARÁS DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 20 AGUS AIRTEAGAL 23, AGUS SEOLADH LE HAGHAIDH FÓGRAÍ CHUIG AN GCOIMISIÚN EORPACH

A.   Údaráis na mBallstát

AN BHEILG

▼M1

Federale Overheidsdienst Economie, K.M.O., Middenstand en Energie

Algemene Directie Economische Analyses en Internationale Economie

Dienst Vergunningen

Vooruitgangstraat 50

B-1210 Brussel

BELGIË

Service public fédéral économie, PME, classes moyennes et énergie

Direction générale des analyses économiques et de l’économie nationale

Service licences

Rue du Progrès 50

B-1210 Bruxelles

BELGIQUE

Tel. +32 22776512

Email: vincent.wuyts@economie.fgov.be

▼B

AN BHULGÁIR

Министерство на икономиката

ул. “Славянска” № 8

1052 София/Sofia

БЪЛГАРИЯ/BULGARIA

Ministry of Economy

8, Slavyanska Str.

1052 София/Sofia

BULGARIA

Teil. +359 29407771

Facs +359 29880727

Seoladh ríomhphoist: exportcontrol@mi.government.bg

POBLACHT NA SEICE

Ministerstvo průmyslu a obchodu

Licenční správa

Na Františku 32

110 15 Praha 1

ČESKÁ REPUBLIKA

Teil. +420 224907638

Facs +420 224214558

Seoladh ríomhphoist: dual@mpo.cz

AN DANMHAIRG

Iarscríbhinn III, Uimh. 2 agus 3

Justitsministeriet

Slotsholmsgade 10

DK-1216 København K

DANMARK

Teil. +45 72268400

Facs +45 33933510

Seoladh ríomhphoist: jm@jm.dk

Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III, Uimh. 1

Erhvervs- og Vækstministeriet

Erhvervsstyrelsen

Eksportkontrol

Langelinie Allé 17

DK-2100 København K

DANMARK

Teil. +45 35291000

Facs +45 35291001

Seoladh ríomhphoist: eksportkontrol@erst.dk

AN GHEARMÁIN

Bundesamt für Wirtschaft und Ausfuhrkontrolle (BAFA)

Frankfurter Straße 29—35

D-65760 Eschborn

DEUTSCHLAND

Teil. +49 6196 908 2217

Facs +49 6196 908 1800

Seoladh ríomhphoist: ausfuhrkontrolle@bafa.bund.de

AN EASTÓIN

Strateegilise kauba komisjon

Islandi väljak 1

15049 Tallinn

EESTI/ESTONIA

Teil. +372 6377192

Facs +372 6377199

Seoladh ríomhphoist: stratkom@vm.ee

ÉIRE

▼M1

Ceadúnú agus Rialú Trádála

An Rionn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta

Ionad Phort an Iarla

Sráid Haiste Íochtarach

Baile Átha Cliath 2

D02 PW01

ÉIRE

Tel. +353 16312121

Email: exportcontrol@dbei.gov.ie

Trade Licensing and Control

Department of Business, Enterprise and Innovation

Earlsfort Centre

Lower Hatch Street

Dublin 2

D02 PW01

Ireland

Tel. +353 16312121

Email: exportcontrol@dbei.gov.ie

▼B

AN GHRÉIG

Υπουργείο Ανάπτυξης, Ανταγωνιστικότητας, Υποδομών, Μεταφορών και Δικτύων

Γενική Διεύθυνση Διεθνούς Οικονομικής Πολιτικής

Διεύθυνση Καθεστώτων Εισαγωγών-Εξαγωγών, Εμπορικής Άμυνας

Ερμού και Κορνάρου 1,

GR-105 63 Αθήνα/Athens

ΕΛΛΑΔΑ/GREECE

Ministry of Development, Competitiveness, Infrastructure, Transport and Networks

General Directorate for International Economic Policy

Directorate of Import-Export Regimes, Trade Defence Instruments

Ermou and Kornarou 1,

GR-105 63 Athens

GREECE

Teil. +30 2103286021-22, +30 2103286051-47

Facs +30 2103286094

Seoladh ríomhphoist: e3a@mnec.gr, e3c@mnec.gr

AN SPÁINN

Subdirección General de Comercio Internacional de Material de Defensa y Doble Uso

Secretaría de Estado de Comercio

Ministerio de Economía y Competitividad

Paseo de la Castellana 162, planta 7

E-28046 Madrid

ESPAÑA

Teil. +34 913492587

Facs. +34 913492470

Seoladh ríomhphoist: sgdefensa.sscc@comercio.mineco.es

AN FHRAINC

▼M1

Service des biens à double usage (SBDU)

67, rue Barbès – BP 8000

194201 IVRY-SUR-SEINE Cedex

FRANCE

Tél.: +33 179843419

Email: doublusage@finances.gouv.fr

▼B

AN CHRÓIT

▼M1

Ministarstvo vanjskih i europskih poslova

Uprava za gospodarske poslove i razvojnu suradnju

Služba za izvoznu kontrolu

Trg Nikole Šubića Zrinskog 7-8

10000 Zagreb

HRVATSKA

Tel. +385 14598135(137)

Fax +385 16474553

Adresa e-pošte: kontrola.izvoza@mvep.hr

▼B

AN IODÁIL

▼M1

Divisione Materiali a duplice uso

Autorità nazionale – Unità per le autorizzazioni dei materiali di armamento (UAMA)

Ministero degli affari esteri e della cooperazione internazionale

Viale Boston, 25 – 00144 Roma

ITALY

Tel. +39 0659932439

Fax +39 0659647506

Email: uama.dualuse@cert.esteri.it

▼B

AN CHIPIR

Υπουργείο Ενέργειας, Εμπορίου, Βιομηχανίας και Τουρισμού

Υπηρεσία Εμπορίου

Κλάδος Έκδοσης Αδειών Εισαγωγών/Εξαγωγών

Ανδρέα Αραούζου 6

CY-1421 Λευκωσία

ΚΥΠΡΟΣ/CYPRUS

Ministry of Energy, Commerce, Industry and Tourism

Trade Service

Import/Export Licensing Section

6 Andreas Araouzos Street

CY-1421 Nicosia

CYPRUS

Tel. +357 22867100, +357 22867197, +357 22867332

Facs +357 22375443

Seoladh rphoist: ts@mcit.gov.cy, pevgeniou@mcit.gov.cy

AN LAITVIA

Ārlietu ministrija

K. Valdemāra iela 3

LV-1395 Rīga

LATVIJA

Teil. +371 67016426

Facs +371 67828121

Seoladh ríomhphoist: mfa.cha@mfa.gov.lv

AN LIOTUÁIN

Policijos departamento prie Vidaus reikalų ministerijos

Viešosios policijos valdybos Licencijavimo skyrius

Saltoniškių g. 19

LT-08105 Vilnius

LIETUVA/LITHUANIA

Teil. +370 82719767

Facs +370 52719976

Seoladh ríomhphoist: leidimai.pd@policija.lt

LUCSAMBURG

Ministère de l'Économie

Office des Licences

19-21, boulevard Royal

L-2449 Luxembourg

BP 113/L-2011 Luxembourg

LUXEMBOURG

Teil. +352 22 61 62

Facs +352 46 61 38

Seoladh ríomhphoist: office.licences@eco.etat.lu

AN UNGÁIR

▼M1

Budapest Főváros Kormányhivatala

Kereskedelmi, Haditechnikai, Exportellenőrzési és Nemesfémhitelesítési Főosztálya

Németvölgyi út 37–39.

H-1124 Budapest

MAGYARORSZÁG

Tel. +36 14585599

Fax +36 14585885

Email: armstrade@bfkh.gov.hu

▼B

MÁLTA

Dipartiment tal-Kummerċ

Servizzi ta' Kummerċ

Lascaris

Valletta VLT2000

MALTA

Commerce Department

Trade Service

Lascaris

Valletta VLT2000

MALTA

Teil. +356 21242270

Facs +356 25690286

AN ÍSILTÍR

▼M1

Ministerie van Buitenlandse Zaken

Directoraat-Generaal Buitenlandse Economische Betrekkingen

Directie Internationale Marktordening en Handelspolitiek

Rijnstraat 8

Postbus 20061

2500 EB Den Haag

NEDERLAND

Tel. +31 703485954

▼B

AN OSTAIR

▼M1

Bundesministerium für Digitalisierung und Wirtschaftsstandort

Abteilung “Außenwirtschaftskontrollen” III/2

Stubenring 1

A-1010 Wien

ÖSTERREICH

Tel. +43 171100802067

Fax +43 171100808386

Email: aussenwirtschaftskontrollen@bmdw.gv.at

▼B

AN PHOLAINN

▼M1

minister właściwy do spraw gospodarki

Ministerstwo Rozwoju

Departament Obrotu Towarami Wrażliwymi i Bezpieczeństwa Technicznego

Plac Trzech Krzyży 3/5

00-507 Warszawa

POLSKA

Tel. +48 224119665

Faks +48 224119140

Email: SekretariatDOT@mr.gov.pl

▼B

AN PHORTAINGÉIL

Ministério das Finanças

AT- Autoridade Tributária e Aduaneira

Direcção de Serviços de Licenciamento

Rua da Alfândega, n. 5, r/c

P-1149-006 Lisboa

PORTUGAL

Teil. +351 218813843

Facs +351 218813986

Seoladh ríomhphoist: dsl@at.gov.pt

AN RÓMÁIN

▼M1

Ministerul Economiei, Energiei și Mediului de Afaceri

Direcția Politici Comerciale

Calea Victoriei nr. 152

București, sector 1

Cod poștal 010096

ROMÂNIA

Tel. +40 214010596, +40 214010523

Email: dgre@dce.gov.ro, miruna.popescu@dce.gov.ro

▼B

AN tSLÓIVÉIN

Ministrstvo za gospodarski razvoj in tehnologijo

Direktorat za notranji trg, Sektor za trgovinsko politiko

Kotnikova 5

1000 Ljubljana

REPUBLIKA SLOVENIJA

Teil. +386 1 400 3564;

Facs +386 1 400 3588

Ministry for Economic Development and Technology

Directorate for Internal Market, Trade Policy Division

Kotnikova 5

1000 Ljubljana

THE REPUBLIC OF SLOVENIA

Teil. +386 1 400 3564;

Facs +386 1 400 3588

AN tSLÓVAIC

▼M1

Ministerstvo hospodárstva Slovenskej republiky

Odbor výkonu obchodných opatrení

Mlynské nivy 44/a

827 15 Bratislava

Slovensko

Tel. +421 248542172

Fax +421 243423915

email: patricia.monosiova@mhsr.sk

▼B

AN FHIONLAINN

Sisäministeriö

Poliisiosasto

PL 26

FI-00023 Valtioneuvosto

FINLAND

Inrikesministeriet

Polisavdelningen

PB 26

FI-00023 Statsrådet

SUOMI/FINLAND

Teil. +358 295 480 171

Facs +358 916 044 635

Seoladh ríomhphoist: kirjaamo@intermin.fi

AN tSUALAINN

Kommerskollegium

PO Box 6803

SE-113 86 Stockholm

SVERIGE

Teil. +46 86904800

Facs +46 8306759

Seoladh ríomhphoist: registrator@kommers.se

▼M2 —————

▼M1

B.   Address for notifications to the European Commission

European Commission

Service for Foreign Policy Instruments

EEAS 02/290

B-1049 Bruxelles/Brussel

BELGIUM

Email: FPI-ANTI-TORTURE@ec.europa.eu

▼M2

C.   Údarás na Ríochta Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann

AN RÍOCHT AONTAITHE, faoi réir chur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir leis an Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann agus sa Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann, i gcomhréir le hAirteagal 5(4), arna léamh i gcomhar le pointe 47 d’Iarscríbhinn 2, den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, amhail ón 1 Eanáir 2021

Allmhairiú earraí a liostaítear in Iarscríbhinn II:

Department for International Trade (DIT)

Import Licensing Branch (ILB)

Seoladh ríomhphoist: enquiries.ilb@trade.gov.uk

Onnmhairiú earraí agus soláthar cúnaimh a bhaineann le táirgí a liostaítear in Iarscríbhinní II, III agus IV:

Department for International Trade

Export Control Joint Unit

3 Whitehall Place

London

SW1A 2AW

UNITED KINGDOM

Teil. +44 2072154594

Seoladh ríomhphoist: eco.help@trade.gov.uk

▼B




IARSCRÍBHINN II

LIOSTA NA N-EARRAÍ DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3 AGUS AIRTEAGAL 4

Nóta Réamhráiteach:

Tagraíonn na “cóid Ainmníochta Comhcheangailte” (cóid AC) san Iarscríbhinn seo do chóid a shonraítear i gCuid a Dó d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle ( 3 ).

I gcás ina dtagann “ex” roimh an gcód AC, ní bheidh sna hearraí a chumhdaítear leis an Rialachán seo ach cuid de raon feidhme an chóid AC agus is í an tuairisc a thugtar orthu san Iarscríbhinn seo agus raon feidhme an chóid AC araon a chinnfidh iad.

Nótaí:

1. Ní chumhdaíonn ítimí 1.3 agus 1.4 i Roinn 1 a bhaineann le hearraí atá ceaptha chun daoine a chur chun báis, ní chumhdaíonn siad earraí míochaine-teicniúla.

2. Níor cheart go ndéanfaí cuspóir na rialuithe atá san Iarscríbhinn seo a shárú toisc aon earraí neamhrialaithe (lena n-áirítear gléasra) a bheith á n-onnmhairiú, a bhfuil comhpháirt rialaithe amháin nó níos mó ann, nuair is í an chomhpháirt rialaithe nó nuair is iad na comhpháirteanna rialaithe sin príomheilimint na n-earraí agus nuair is féidir an chomhpháirt sin nó na comhpháirteanna sin a bhaint nó a úsáid chun críche eile.

N.B.: Agus é á mheas arb í an chomhpháirt rialaithe nó arb iad na comhpháirteanna rialaithe príomheilimint an earra, ní mór an chainníocht, an luach agus an saineolas teicneolaíochta atá i gceist a chur san áireamh, chomh maith le cúinsí speisialta eile lena bhféadfaí a shuíomh gurb í an chomhpháirt rialaithe nó gurb iad na comhpháirteanna rialaithe príomheilimint na n-earraí atá á bhfáil.



Cód AC

Tuairisc

1.  Earraí atá ceaptha chun daoine a chur chun báis, mar a leanas:

ex 4421 90 97

ex 8208 90 00

1 1.1.  Crocha, gilitíní agus lanna le haghaidh gilitíní

ex 8543 70 90

ex 9401 79 00

ex 9401 80 00

ex 9402 10 00

1.2.  Cathaoireacha leictreacha a úsáidtear chun daoine a chur chun báis

ex 9406 00 38

ex 9406 00 80

1.3.  Seomraí aerdhíonacha, déanta as cruach nó gloine mar shampla, atá ceaptha chun daoine a chur chun báis trí ghás marfach nó substaint mharfach a thabhairt dóibh

ex 8413 81 00

ex 9018 90 50

ex 9018 90 60

ex 9018 90 84

1.4.  Córais uathoibríocha insteallta drugaí atá ceaptha chun daoine a chur chun báis trí ghás marfach nó substaint mharfach a thabhairt dóibh

2.  Earraí nach bhfuil oiriúnach lena n-úsáid ag údaráis um fhorfheidhmiú an dlí chun daoine a shrianadh, mar a leanas:

ex 8543 70 90

2.1.  Gléasanna turrainge leictrí atá ceaptha lena gcaitheamh ar an gcorp ag duine faoi shrian, amhail criosanna, muinchillí agus cufaí, atá ceaptha le daoine a shrianadh trí thurraing leictreach a thabhairt dóibh

ex 7326 90 98

ex 7616 99 90

ex 8301 50 00

ex 3926 90 97

ex 4203 30 00

ex 4203 40 00

ex 4205 00 90

2.2.  Glais ordóg, glais méar, bíseanna ordóige agus bíseanna méire

Nóta:

Leis an ítim seo, áirítear glais dhéadacha agus neamhdhéadacha agus bíseanna déadacha agus neamhdhéadacha araon

ex 7326 90 98

ex 7616 99 90

ex 8301 50 00

ex 3926 90 97

ex 4203 30 00

ex 4203 40 00

ex 4205 00 90

ex 6217 10 00

ex 6307 90 98

2.3.  Barra-laincisí, srianta ualaithe cos agus cuibhrigh bhuíne a bhfuil barra-laincisí nó srianta ualaithe cos mar chuid díobh

Nótaí:

1.  Geimhle nó fáinní murnáin is ea barra-laincisí agus iad feistithe le fearas glasála, nasctha le barra docht is gnách a bheith déanta as miotal

2.  Leis an ítim seo, áirítear barra-laincisí agus srianta ualaithe cos atá ceangailte de ghnáthghlais lámh le slabhra

ex 7326 90 98

ex 7616 99 90

ex 8301 50 00

ex 3926 90 97

ex 4203 30 00

ex 4203 40 00

ex 4205 00 90

ex 6217 10 00

ex 6307 90 98

2.4.  Glais chun daoine a shrianadh, atá ceaptha le bheith ceangailte de bhalla, d'urlár nó de shíleáil

ex 9401 61 00

ex 9401 69 00

ex 9401 71 00

ex 9401 79 00

ex 9401 80 00

ex 9402 10 00

2.5.  Cathaoireacha srianta: cathaoireacha atá feistithe le geimhle nó le gléasanna eile chun duine a shrianadh

Nóta:

Leis an ítim seo, ní thoirmeasctar cathaoireacha nach bhfuil feistithe ach le strapaí nó criosanna

ex 9402 90 00

ex 9403 20 20

ex 9403 20 80

ex 9403 50 00

ex 9403 70 00

ex 9403 81 00

ex 9403 89 00

2.6.  Cláir gheimhle agus leapacha geimhle: cláir agus leapacha atá feistithe le geimhle nó le gléasanna eile chun duine a shrianadh

Nóta:

Leis an ítim seo, ní thoirmeasctar cláir agus leapacha nach bhfuil feistithe ach le strapaí nó criosanna

ex 9402 90 00

ex 9403 20 20

ex 9403 50 00

ex 9403 70 00

ex 9403 81 00

ex 9403 89 00

2.7.  Leapacha caighin: leapacha ar caighin iad (ceithre thaobh agus clár uachtair orthu) nó struchtúr atá cosúil le caighean ina ndúntar duine taobh istigh den spás leapa, an clár uachtair nó taobh amháin nó níos mó de na taobhanna feistithe le barraí miotail nó barraí eile, agus nach féidir a oscailt ach ón taobh amuigh

ex 9402 90 00

ex 9403 20 20

ex 9403 50 00

ex 9403 70 00

ex 9403 81 00

ex 9403 89 00

2.8.  Leapacha eangaí: leapacha ar caighin iad (ceithre thaobh agus clár uachtair orthu) nó struchtúr atá cosúil le caighean ina ndúntar duine taobh istigh den spás leapa, an clár uachtair nó taobh amháin nó níos mó de na taobhanna feistithe le heangacha, agus nach féidir a oscailt ach ón taobh amuigh

3.  Gléasanna iniompartha nach bhfuil oiriúnach lena n-úsáid ag údaráis um fhorfheidhmiú an dlí le haghaidh círéib a smachtú nó le haghaidh féinchosanta, mar a leanas:

ex 9304 00 00

3.1.  Bataí nó smachtíní atá déanta as miotal nó ábhar eile agus ag a bhfuil crann ar a bhfuil spící miotail

ex 3926 90 97

ex 7326 90 98

3.2.  Sciatha ar a bhfuil spící miotail

4.  Fuipeanna mar a leanas:

ex 6602 00 00

4.1.  Fuipeanna ag a bhfuil iliomad lasca nó iallacha, amhail lasca Rúiseacha nó lasca na naoi gcraobh

ex 6602 00 00

4.2.  Fuipeanna ag a bhfuil lasc nó iall, nó níos mó ná lasc nó iall amháin, ar a bhfuil friofaic, crúcaí, spící, sreang mhiotail nó rudaí comhchosúla feistithe a chuireann le héifeacht bhuille na laisce nó na héille




IARSCRÍBHINN III

LIOSTA NA N-EARRAÍ DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 11

Nóta Réamhráiteach:

Tagraíonn na “cóid Ainmníochta Comhcheangailte” (Cóid AC) san Iarscríbhinn seo do chóid a shonraítear i gCuid a Dó d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87.

I gcás ina dtagann “ex” roimh an gcód AC, ní bheidh sna hearraí a chumhdaítear leis an Rialachán seo ach cuid de raon feidhme an chóid AC agus is í an tuairisc a thugtar orthu san Iarscríbhinn seo agus raon feidhme an chóid AC araon a chinnfidh iad.

Nótaí:

1. Níor cheart go ndéanfaí cuspóir na rialuithe atá san Iarscríbhinn seo a shárú toisc aon earraí neamhrialaithe (lena n-áirítear gléasra) a bheith á n-onnmhairiú, a bhfuil comhpháirt rialaithe amháin nó níos mó ann, nuair is í an chomhpháirt rialaithe nó nuair is iad na comhpháirteanna rialaithe sin príomheilimint na n-earraí agus nuair is féidir an chomhpháirt sin nó na comhpháirteanna sin a bhaint nó a úsáid chun críche eile.

N.B.: Agus é á mheas arb í an chomhpháirt rialaithe nó arb iad na comhpháirteanna rialaithe príomheilimint an earra, ní mór an chainníocht, an luach agus an saineolas teicneolaíochta atá i gceist a chur san áireamh, chomh maith le cúinsí speisialta eile lena bhféadfaí a shuíomh gurb í an chomhpháirt rialaithe nó gurb iad na comhpháirteanna rialaithe príomheilimint na n-earraí atá á bhfáil.

2. I gcásanna áirithe, is de réir ainm agus uimhir CAS a liostaítear ceimiceáin. Beidh feidhm ag an liosta maidir le ceimiceáin a bhfuil an fhoirmle struchtúrach céanna acu (lena n-áirítear hiodráití) is cuma an t-ainm atá orthu ná an uimhir CAS atá acu. Léirítear na huimhreacha CAS ionas go bhféadfar ceimiceán áirithe nó meascán áirithe a shainaithint, gan spleáchas d'ainmníocht. Ní féidir uimhreacha CAS a úsáid mar aitheantóirí uathúla toisc go bhfuil uimhreacha difriúla CAS ag foirmeacha áirithe de na ceimiceáin a liostaítear, agus toisc go bhféadfadh uimhir dhifriúil CAS a bheith ag meascáin a bhfuil ceimiceán atá sa liosta iontu.



Cód AC

Tuairisc

1.  Earraí atá ceaptha chun daoine a shrianadh, mar a leanas:

ex 7326 90 98

ex 7616 99 90

ex 8301 50 00

ex 3926 90 97

ex 4203 30 00

ex 4203 40 00

ex 4205 00 90

ex 6217 10 00

ex 6307 90 98

1.1.  Geimhle agus cuibhrigh bhuíne

Nótaí:

1.  Srianta is ea geimhle ar a bhfuil dhá ghlas nó dhá fháinne agus iad feistithe le fearas glasála, nasctha le slabhra nó barra

2.  Leis an ítim seo, ní rialaítear geimhle cos agus cuibhrigh bhuíne a thoirmeasctar le hítim 2.3 d'Iarscríbhinn II.

3.  Leis an ítim seo, ní rialaítear “gnáthghlais lámh”. Gnáthghlais lámh is ea glais lámh a chomhlíonann na coinníollacha uile seo a leanas:

— tá an lántoise atá acu lena n-áirítear slabhra, arna dtomhas ó fhorimeall glais amháin go forimeall glais eile, idir 150 mm agus 280 mm nuair atá an dá ghlas glasáilte;

— ní mó ná 165 mm an imlíne laistigh de gach glas nuair atá an bhacfhiacail gafa sa pholl deiridh den chuid sin den ghlas a chuirtear isteach san fhearas glasála;

— ní lú ná 200 mm an imlíne laistigh de gach glas nuair atá an bhacfhiacail gafa sa chéad pholl den chuid sin den ghlas a chuirtear isteach san fhearas glasála; agus

— níl na glais modhnaithe chun bheith ina gcúis le pian fhisiciúil nó fulaingt.

ex 7326 90 98

ex 7616 99 90

ex 8301 50 00

ex 3926 90 97

ex 4203 30 00

ex 4203 40 00

ex 4205 00 90

ex 6217 10 00

ex 6307 90 98

1.2.  Glais nó fáinní aonair a bhfuil fearas glasála feistithe orthu, ar mó an imlíne taobh istigh ná 165 mm nuair atá an bhacfhiacail gafa san eang dheiridh a théann isteach san fhearas glasála

Nóta:

Leis an ítim seo, áirítear srianta muiníl agus glais aonair eile nó fáinní eile atá feistithe le fearas glasála atá ceangailte de ghnáthghlais lámh le slabhra

ex 6505 00 10

ex 6505 00 90

ex 6506 91 00

ex 6506 99 10

ex 6506 99 90

1.3.  Cochaill frithsheile: cochaill, lena n-áirítear cochaill atá déanta d'eangach ag a bhfuil clúdach béil a chuireann cosc ar dhuine seile a chaitheamh

Nóta:

Leis an ítim seo, áirítear cochaill frithsheile atá ceangailte de ghnáthghlais lámh le slabhra

2.  Airm agus gléasanna atá ceaptha le haghaidh círéib a smachtú nó le haghaidh féinchosanta, mar a leanas:

ex 8543 70 90

ex 9304 00 00

2.1.  Airm turrainge leictrí iniompartha nach féidir a dhíriú ach ar dhuine amháin gach uair a thugtar turraing leictreach, lena n-áirítear stiúdsmachtíní, sciatha turrainge leictrí, stiúdghunnaí agus ga-ghunnaí turrainge leictrí

Nótaí:

1.  Leis an ítim seo, ní rialaítear criosanna turrainge leictrí agus gléasanna eile a thagann faoi ítim 2.1 d'Iarscríbhinn II.

2.  Leis an ítim seo, ní rialaítear gléasanna turrainge leictrí aonair nuair is lena n-úsáideoir atá siad agus ar mhaithe le cosaint phearsanta an úsáideora

ex 8543 90 00

ex 9305 99 00

2.2.  Fearais ina bhfuil na comhpháirteanna riachtanacha uile chun airm turrainge leictrí iniompartha a chóimeáil a rialaítear le hítim 2.1

Nóta:

Meastar gur comhpháirteanna riachtanacha na hearraí seo a leanas:

— an t-aonad a ghineann an turraing leictreach,

— an lasc, bíodh sí ina cianlasc nó ná bíodh, agus

— na leictreoidí nó, i gcás inarb infheidhme, na sreanga trína dtugtar an turraing leictreach

ex 8543 70 90

ex 9304 00 00

2.3.  Airm turrainge leictrí suite nó insuite a chlúdaíonn limistéar fairsing agus lenar féidir turraingí leictreacha a dhíriú ar níos mó ná duine amháin

3.  Airm agus trealamh lena scaiptear substaintí ceimiceacha greannacha nó éagumasúcháin le haghaidh círéib a smachtú nó le haghaidh féinchosanta agus substaintí gaolmhara áirithe, mar a leanas:

ex 8424 20 00

ex 8424 89 00

ex 9304 00 00

3.1.  Airm agus trealamh iniompartha lena dtugtar dáileog de shubstaint cheimiceach ghreannach nó éagumasúcháin a dhírítear ar dhuine amháin nó lena scaiptear dáileog den substaint a dhéanann dochar do limistéar beag, mar shampla i bhfoirm ceobhráin nó scamaill, nuair a thugtar dáileog den substaint cheimiceach nó nuair a scaiptear í.

Nótaí:

1.  Leis an ítim seo, ní rialaítear trealamh a rialaítear le hítim ML7(e) ó Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh (1)

2.  Leis an ítim seo, ní rialaítear trealamh iniompartha aonair, fiú má tá substaint cheimiceach ann, nuair is lena úsáideoir atá sé ar mhaithe le cosaint phearsanta an úsáideora

3.  Le cois substaintí ceimiceacha ábhartha, amhail oibreáin smachtaithe círéibe nó PAVA, measfar gur substaintí ceimiceacha greannacha nó éagumasúcháin iad na hearraí a rialaítear le hítimí 3.3 agus 3.4

ex 2924 29 98

3.2.  Fanailealaimíd aigéid pheileargónaigh (PAVA) (CAS RN 2444-46-4)

ex 3301 90 30

3.3.  Capsacaim oiléaroisín (OC) (CAS RN 8023-77-6)

ex 2924 29 98

ex 2939 99 00

ex 3301 90 30

ex 3302 10 90

ex 3302 90 10

ex 3302 90 90

ex 3824 90 97

3.4.  Meascáin de 0,3 % PAVA nó OC ar a laghad de réir meáchain agus tuaslagóir (amhail eatánól, 1-própánól nó heacsán), a d'fhéadfaí a thabhairt mar oibreáin ghreannacha nó éagumasúcháin, go háirithe in aerasóil agus i bhfoirm leachtach, nó a d'fhéadfaí a úsáid chun oibreáin ghreannacha nó éagumasúcháin a dhéanamh

Nótaí:

1.  Leis an ítim seo, ní rialaítear anlainn agus ullmhóidí lena n-aghaidh, anraithí agus ullmhóidí lena n-aghaidh agus tarsainn mheasctha agus blastanais mheasctha, ar choinníoll nach iad PAVA agus OC an t-aon bhlas comhpháirteach atá iontu

2.  Leis an ítim seo, ní rialaítear táirgí íocshláinte dá dtugtar údarú margaíochta i gcomhréir le dlí an Aontais (2)

ex 8424 20 00

ex 8424 89 00

3.5.  Is éard atá sa trealamh suite chun substaintí ceimiceacha greannacha nó éagumasúcháin a scaipeadh, ar féidir a fheistiú ar bhalla nó ar shíleáil laistigh d'fhoirgneamh, ná ceanastar oibreán ceimiceach éagumasúcháin nó greannach a ghníomhaítear trí úsáid a bhaint as córas cianrialaithe

Nóta:

Le cois substaintí ceimiceacha ábhartha, amhail oibreáin smachtaithe círéibe nó PAVA, measfar gur substaintí ceimiceacha greannacha nó éagumasúcháin iad na hearraí a rialaítear le hítimí 3.3 agus 3.4

ex 8424 20 00

ex 8424 89 00

ex 9304 00 00

3.6.  Trealamh suite nó insuite chun oibreáin cheimiceacha ghreannacha nó éagumasúcháin a scaipeadh a chlúdaíonn limistéar fairsing agus nach bhfuil ceaptha le bheith feistithe ar bhalla nó ar shíleáil laistigh d'fhoirgneamh

Nótaí:

1.  Leis an ítim seo, ní rialaítear trealamh a rialaítear le hítim ML7(e) ó Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh

2.  Leis an ítim seo, rialaítear freisin canónacha uisce

3.  Le cois substaintí ceimiceacha ábhartha, amhail oibreáin smachtaithe círéibe nó PAVA, measfar gur substaintí ceimiceacha greannacha nó éagumasúcháin iad na hearraí a rialaítear le hítimí 3.3 agus 3.4

(1)   

An leagan is déanaí arna ghlacadh ag an gComhairle an 26 Feabhra 2018 (IO C 98, 15.3.2018, lch. 1).

(2)   

Féach go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáid tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO L 136, 30.4.2004, lch. 1) agus Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).




IARSCRÍBHINN IV

EARRAÍ A D'FHÉADFAÍ A ÚSÁID LE HAGHAIDH PHIONÓS AN BHÁIS DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 16



Cód AC

Tuairisc

 

1.  Táirgí a d'fhéadfaí a úsáid chun daoine a chur chun báis le hinstealladh marfach, mar a leanas:

 

1.1.  Oibreáin barbatúráite ainéistéiseacha a ghníomhaíonn go gearrthréimhseach agus go meántréimhseach lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do:

ex 2933 53 90

[(a) go (f)]

ex 2933 59 95

[(g) agus (h)]

(a)  aimileabarbatón (CAS RN 57-43-2)

(b)  salann sóidiam aimileabarbatóin (CAS RN 64-43-7)

(c)  peantabarbatón (CAS RN 76-74-4)

(d)  salann sóidiam peantabarbatóin (CAS RN 57-33-0)

(e)  seacabarbatón (CAS RN 76-73-3)

(f)  salann sóidiam seacabarbatóin (CAS RN 309-43-3)

(g)  tiaipeantán (CAS RN 76-75-5)

(h)  salann sóidiam tiaipeanteáin, (CAS RN 71-73-8), dá ngairtear sóidiam tiaipeantóin freisin

ex 3003 90 00

ex 3004 90 00

ex 3824 90 96

Nóta:

Rialaítear leis an ítim seo freisin táirgí ina bhfuil ceann de na hoibreáin ainéistéiseacha atá liostaithe faoi oibreáin a ghníomhaíonn go gearrthréimhseach nó go meántréimhseach.




IARSCRÍBHINN V

ÚDARÚ GINEARÁLTA ONNMHAIRIÚCHÁIN ÓN AONTAS AE GEA 2019/125

CUID 1

Earraí

Cumhdaítear faoin údarú ginearálta onnmhairiúcháin seo na hearraí sin atá liostaithe in aon taifead in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/125 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ).

Cumhdaítear faoi freisin soláthar cúnaimh theicniúil don úsáideoir deiridh sa mhéid go bhfuil gá le cúnamh den sórt sin chun na hearraí sin a bhfuil a n-onnmhairiú údaraithe a shuiteáil, a oibriú, a chothabháil nó a dheisiú, má chuireann an t-onnmhaireoir cúnamh den sórt sin ar fáil.

CUID 2

Cinn Scríbe

Níl údarú onnmhairiúcháin faoi Rialachán (AE) 2019/125 ag teastáil i leith soláthairtí go tír nó go críoch ar cuid í de chríoch chustaim an Aontais, a n-áirítear inti chun críche an Rialacháin seo Ceuta, Helgoland agus Melilla (Airteagal 34(2)).

Tá an t-údarú ginearálta onnmhairiúcháin seo bailí ar fud an Aontais i gcás onnmhairiú chuig na cinn scríbe seo a leanas:

Críocha na Danmhairge nach n-áirítear sa chríoch chustaim:
— 
Oileáin Fharó,
— 
An Ghraonlainn
Críocha na Fraince nach n-áirítear sa chríoch chustaim:
— 
Polainéis na Fraince,
— 
Críocha an Deiscirt agus an Antartaigh de chuid na Fraince,
— 
An Nua-Chaladóin agus a Spleáchríocha,
— 
Saint Barthélemy,
— 
San Pierre agus Miquelon,
— 
Oileáin Wallis agus Futuna
Críocha na hÍsiltíre nach n-áirítear sa chríoch chustaim:
— 
Arúba,
— 
Bonaire,
— 
Cúrasó,
— 
Saba,
— 
Sint Eustasius,
— 
Sint Maarten
Críocha ábhartha na Breataine nach n-áirítear sa chríoch chustaim:
— 
Angaíle,
— 
Beirmiúda,
— 
Oileáin Fháclainne,
— 
Giobráltar,
— 
Montsarat,
— 
San Héilin agus a Spleáchríocha,
— 
Seoirsia Theas agus Oileáin Sandwich Theas,
— 
Oileáin na dTurcach agus Caicos
An Albáin
Andóra
An Airgintín
An Astráil
Beinin
An Bholaiv
An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin
Ceanada
Rinn Verde
An Cholóim
Cósta Ríce
Djibouti
An Phoblacht Dhoiminiceach
Eacuadór

▼M1 —————

▼B

An Ghabúin

▼M1

The Gambia

▼B

An tSeoirsia
Guine-Bissau
Hondúras
An Íoslainn
An Chirgeastáin
An Libéir
Lichtinstéin

▼M1

Madagascar

▼B

Meicsiceo
An Mholdóiv
An Mhongóil
Montainéagró
Mósaimbíc
An Namaib
Neipeal
An Nua-Shéalainn
Nicearagua

▼M1

North Macedonia

▼B

An Iorua
Panama
Paragua
Na hOileáin Fhilipíneacha
Ruanda
San Mairíne
São Tomé agus Príncipe
An tSeirbia
Na Séiséil
An Afraic Theas
An Eilvéis (lena n-áirítear Büsingen agus Campione d'Italia)
Tíomór Thoir
Tóga
An Tuirc
An Tuircméanastáin
An Úcráin

▼M2

An Ríocht Aontaithe, gan dochar do chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/125 maidir leis an Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann agus sa Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann, i gcomhréir le hAirteagal 5(4), arna léamh i gcomhar le pointe 47 d’Iarscríbhinn 2, den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann atá i gceangal leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, amhail ón 1 Eanáir 2021

▼B

Uragua
An Úisbéiceastáin
Veiniséala

CUID 3

Coinníollacha agus ceanglais maidir leis an údarú ginearálta onnmhairiúcháin seo a úsáid

(1) Ní féidir an t-údarú ginearálta onnmhairiúcháin seo a úsáid sna cásanna seo a leanas:

(a) 

más rud é go bhfuil toirmeasc ar an onnmhaireoir an t-údarú ginearálta onnmhairiúcháin seo a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2019/125;

(b) 

más rud é gur chuir údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an t-onnmhaireoir ina chónaí nó bunaithe in iúl don onnmhaireoir sin go bhfuil sé, nó go bhféadfadh sé go mbeadh sé beartaithe go n-ath-onnmhaireofaí na hearraí i gceist, ina n-iomláine nó go páirteach, go tríú tír, nó go n-úsáidfí iad chun críche phionós an bháis i dtríú tír;

(c) 

más rud é go bhfuil a fhios ag an onnmhaireoir nó go bhfuil forais réasúnta aige lena chreidiúint go bhfuil sé beartaithe na hearraí i gceist, ina n-iomláine nó go páirteach, a athonnmhairiú go tríú tír nó go mbainfear an úsáid astu chun críche phionós an bháis i dtríú tír;

(d) 

más rud é go n-onnmhairítear na hearraí ábhartha chuig limistéar saor ó chustaim nó chuig stóras saor atá suite i gceann scríbe atá cumhdaithe leis an údarú ginearálta onnmhairiúcháin seo;

(e) 

más rud é gurb é an t-onnmhaireoir monaróir na dtáirgí íocshláinte i gceist agus nach bhfuil comhaontú atá ceangailteach ó thaobh dlí tugtha i gcrích aige leis an dáileoir, á cheangal ar an dáileoir go gcuirfidh sé gach soláthar agus aistriú faoi réir tabhairt i gcrích comhaontaithe a bheadh ceangailteach ó thaobh dlí, á cheangal ar an gcustaiméir, faoi réir pionóis athchomhairligh chonarthaigh de rogha

(i) 

gan aon cheann de na hearraí a fuarthas ón dáileoir a úsáid le haghaidh phionós an bháis;

(ii) 

gan aon cheann de na hearraí sin a sholáthar nó a aistriú go tríú páirtí, más rud é go bhfuil a fhios ag an gcustaiméir nó go bhfuil forais réasúnta aige lena chreidiúint go bhfuil sé beartaithe na hearraí a úsáid chun críche phionós an bháis; agus

(iii) 

chun na ceanglais chéanna a chur ar aon tríú páirtí a bhféadfadh an custaiméir aon cheann de na hearraí sin a sholáthar dó nó a aistriú chuige;

(f) 

más rud é nach é an t-onnmhaireoir monaróir na dtáirgí íocshláinte i gceist agus nach bhfuil dearbhú sínithe úsáideora deiridh aige ón úsáideoir deiridh sa tír is ceann scríbe;

(g) 

más rud é nach bhfuil comhaontú atá ceangailteach ó thaobh dlí tugtha i gcrích ag onnmhaireoir táirgí íocshláinte leis an dáileoir nó leis an úsáideoir deiridh á cheangal, faoi réir pionóis athchomhairligh chonarthaigh de rogha, ar an dáileoir nó ar an úsáideoir deiridh más é a thug an comhaontú i gcrích, réamhúdarú a fháil ón onnmhaireoir le haghaidh

(i) 

aon chuid den lastas a aistriú go húdarás um fhorfheidhmiú an dlí in aon tír nó aon chríoch nach bhfuil deireadh curtha le pionós an bháis inti, nó a sholáthar di;

(ii) 

aon chuid den lastas a aistriú go duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a fhaigheann earraí ábhartha nó a sholáthraíonn seirbhísí lena mbaineann earraí den sórt sin d'údarás um fhorfheidhmiú an dlí, nó a sholáthar dóibh; agus

(iii) 

aon chuid den lastas a athonnmhairiú nó a aistriú go haon tír nó aon chríoch nach bhfuil deireadh curtha le pionós an bháis inti; nó

(h) 

más rud é nach bhfuil comhaontú atá ceangailteach ó thaobh dlí dá dtagraítear i bpointe (g) tugtha i gcrích ag onnmhaireoir earraí seachas táirgí íocshláinte leis an úsáideoir deiridh.

(2) Cuirfidh na honnmhaireoirí a úsáideann údarú ginearálta onnmhairiúcháin AE GEA 2019/125 seo in iúl do na húdaráis inniúla sna Ballstáit ina bhfuil cónaí orthu nó ina bhfuil siad bunaithe, cén uair a chéadúsáid siad an t-údarú seo, tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an dáta a rinneadh an chéad onnmhairiú.

Tuairisceoidh onnmhaireoirí sa dearbhú custaim go bhfuil siad ag úsáid údarú ginearálta onnmhairiúcháin AE GEA 2019/125 seo tríd an gcód iomchuí sa bhunachar TARIC a thaispeáint i mbosca 44.

(3) Is iad na Ballstáit a shainíonn na ceanglais maidir le tuairisciú a ghabhann le húsáid an údaraithe seo agus sainmhíneoidh siad aon fhaisnéis bhreise a d'fhéadfadh an Ballstát as a ndéantar an t-onnmhairiú a éileamh i dtaobh ítimí a onnmhairítear faoin údarú seo.

Féadfaidh Ballstát a cheangal ar onnmhaireoirí atá ina gcónaí nó atá bunaithe sa Bhallstát sin clárú sula ndéantar an t-údarú seo a úsáid den chéad uair. Gan dochar d'Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2019/125, déanfar an clárú go huathoibríoch agus déanfaidh na húdaráis inniúla an clárú a admháil don onnmhaireoir gan mhoill, agus ar aon chuma faoi cheann 10 lá oibre tar éis dóibh an iarraidh a fháil.




IARSCRÍBHINN VI

LIOSTA DE CHRÍOCHA NA MBALLSTÁT DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 11(2)

AN DANMHAIRG:

— 
An Ghraonlainn

AN FHRAINC

— 
An Nua-Chaladóin agus a Spleáchríocha,
— 
Polainéis na Fraince,
— 
Críocha an Deiscirt agus an Antartaigh de chuid na Fraince,
— 
Oileáin Wallis agus Futuna,
— 
San Pierre agus Miquelon

AN GHEARMÁIN

— 
Büsingen




IARSCRÍBHINN VII

FOIRM ÚDARAITHE ONNMHAIRIÚCHÁIN NÓ ALLMHAIRIÚCHÁIN DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 21(1)

Sonraíocht theicniúil:

Beidh méid 210 × 297 mm ag an bhfoirm a leanas le huaslamháltas de 5 mm níos lú agus 8 mm níos mó. Tá na boscaí bunaithe ar aonad tomhais d'aon deichiú d'orlach go cothrománach agus aon séú d'orlach go ceartingearach. Tá na foranna bunaithe ar aonad tomhais d'aon deichiú d'orlach go cothrománach.

image

image

Nótaí mínitheacha a ghabhann leis an bhfoirm

“Údarú le haghaidh onnmhairiúchán nó allmhairiúchán earraí a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh céastóireachta (Rialachán (AE) 2019/125”.

Úsáidfear an fhoirm údaraithe seo chun údarú a eisiúint le haghaidh onnmhairiú nó allmhairiú earraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/125 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ). Níor cheart í a úsáid chun soláthar cúnaimh theicniúil a údarú.

Is é an t-údarás eisiúna an t-údarás a shainmhínítear i bpointe (h) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/125 a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin.

Eiseofar údaruithe ar an bhfoirm aonleathanaigh seo, ar cheart a phriontáil ar an dá thaobh. Déanfaidh an oifig inniúil custaim na cainníochtaí a onnmhairítear a bhaint den chainníocht iomlán atá ar fáil. Chun na críche sin, caithfidh an oifig a chinntiú go ndeighltear amach ar bhealach soiléir na hítimí difriúla faoi réir an údaraithe.

I gcás ina n-éilítear cóipeanna breise den fhoirm de bharr nósanna imeachta náisiúnta na mBallstát (i gcás an iarratais, mar shampla), d'fhéadfaí an fhoirm údaraithe seo a bheith mar chuid de thacar foirmeacha a chuimsíonn na cóipeanna is gá de réir na rialacha náisiúnta is infheidhme. Sa bhosca os cionn bhosca 3 ar gach foirm shamplach agus san imeall ar thaobh na láimhe clé, ba cheart a léiriú go soiléir cad chuige (mar shampla, iarratas, cóip don iarratasóir) na cóipeanna ábhartha atá beartaithe. Foirm shamplach amháin a bheidh san fhoirm údaraithe a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/125.



Bosca 1:

Iarratasóir:

Léirigh ainm agus seoladh iomlán an iarratasóra.

Féadfar uimhir custaim an iarratasóra a thabhairt freisin (roghnach i bhformhór na gcásanna).

Ba cheart an cineál iarratasóra a thabhairt (roghnach) sa bhosca ábhartha, ag úsáid uimhreacha 1, 2 nó 4 a thagraíonn do na pointí a leagtar amach sa sainmhíniú i bpointe (i) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/125.

Bosca 3:

Uimh. Údarúcháin:

Líon amach an uimhir agus cuir tic sa bhosca onnmhairiúcháin nó sa bhosca allmhairiúcháin. 1 Féach pointí (d) agus (e) d'Airteagal 2 agus Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/125 maidir le sainmhíniú ar na focail “onnmhairiú” agus “allmhairiú”.

Bosca 4:

Dáta éaga:

Tabhair an lá (dhá dhigit), an mhí (dhá dhigit) agus an bhliain (ceithre dhigit).

Bosca 5:

Gníomhaire / Ionadaí

Tabhair ainm ionadaí cuí-údaraithe nó oifigigh (custaim) atá ag gníomhú thar ceann an iarratasóra, murab é an t-iarratasóir féin a chuireann an t-iarratas isteach. Féach freisin Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

Bosca 6:

Tír ina bhfuil na hearraí suite:

Luaigh ainm na tíre lena mbaineann agus an cód tíre ábhartha, bainte as na cóid a bhunaítear de bhun Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1). Féach Rialachán (AE) Uimh. 1106/2012 (2) ón gCoimisiún.

Bosca 7:

Tír is ceann scríbe:

Luaigh ainm na tíre lena mbaineann agus an cód tíre ábhartha, bainte as na cóid a bhunaítear de bhun Rialachán (CE) Uimh. 471/2009. Féach Rialachán Uimh. 1106/2012.

Bosca 10:

Tuairisc ar an ítim:

Is fiú smaoineamh ar shonraí a chur san áireamh maidir le pacáistíocht na n-earraí lena mbaineann. Tabhair do d'aire gur féidir luach na n-earraí a lua i mbosca 10.

Mura bhfuil go leor spáis i mbosca 10, lean ar aghaidh ar bhileog bhán a chuirfear i gceangal leis an bhfoirm seo, agus luaigh an uimhir údaraithe. Luaigh líon na gceangaltán i mbosca 16.

Tá an fhoirm ceaptha lena húsáid do suas le trí chineál éagsúla earraí (féach Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/125). Más gá onnmhairiú nó allmhairiú níos mó ná trí chineál earraí a údarú, iarrtar ort dhá údarú a dheonú.

Bosca 11

Uimhir Ítime:

Ní mór an bosca seo a líonadh ar chúl na foirme amháin. Cinntigh go bhfreagraíonn an Uimhir Ítime don uimhir ítime chlóscríofa i mbosca 11 in aice leis an gcur síos ar an ítim ábhartha ar an taobh radhairc.

Bosca 14:

Ceanglais agus coinníollacha faoi leith:

Mura bhfuil go leor spáis i mbosca 14, lean ar aghaidh ar bhileog bhán a chuirfear i gceangal leis an bhfoirm seo, agus luaigh an uimhir údaraithe. Luaigh líon na gceangaltán i mbosca 16.

Bosca 16:

Líon na gceangaltán:

Luaigh líon na gceangaltán, más ann dóibh (féach ar mhínithe do bhoscaí 10 agus 14).

(1)   

Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach le tíortha nach Ballstáit iad agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1172/95 ón gComhairle (IO L 152, 16.6.2009, lch. 23).

(2)   

Rialachán (AE) Uimh. 1106/2012 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2012 agus lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach le tíortha nach Ballstáit iad, maidir le hainmníocht tíortha agus críocha a nuashonrú (IO L 328, 28.11.2012, lch. 7).




IARSCRÍBHINN VIII

FOIRM ÚDARAITHE CHUN SEIRBHÍSÍ BRÓICÉIREACHTA DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 21(1) A SHOLÁTHAR

Sonraíocht theicniúil:

Beidh méid 210 × 297 mm ag an bhfoirm a leanas le huaslamháltas de 5 mm níos lú agus 8 mm níos mó. Tá na boscaí bunaithe ar aonad tomhais d'aon deichiú d'orlach go cothrománach agus aon séú d'orlach go ceartingearach. Tá na foranna bunaithe ar aonad tomhais d'aon deichiú d'orlach go cothrománach. Iarscríbhinn

image

image

Nótaí mínitheacha a ghabhann leis an bhfoirm

“Údarú chun seirbhísí bróicéireachta a sholáthar maidir le hearraí a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis nó le haghaidh céastóireachta (Rialachán (AE) 2019/125 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 )”.

Úsáidfear an fhoirm údaraithe chun údarú a eisiúint do sheirbhísí bróicéireachta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/125.

Is é an t-údarás eisiúna an t-údarás a shainmhínítear i bpointe (h) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/125. Is údarás é a áirítear i liosta na n-údarás inniúil in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin.



Bosca 1

Bróicéir is iarratasóir

Léirigh ainm agus seoladh iomlán an bhróicéara is iarratasóir. Sainmhínítear an téarma “bróicéir” i bpointe (l) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/125.

Bosca 3

Uimh. Údarúcháin

Líon amach an uimhir agus cuir tic sa bhosca iomchuí, ag léiriú an údarú aonair nó údarú foriomlán atá i gceist (féach pointí (p) agus (q) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/125.

Bosca 4

Dáta éaga

Tabhair an lá (dhá dhigit), an mhí (dhá dhigit) agus an bhliain (ceithre dhigit). Is í an ghnáththréimhse bailíochta a bhíonn ag údarú aonair ná 3 mhí go 12 mhí agus ag údarú foriomlán ná bliain amháin go 3 bliana. Nuair a thagann an tréimhse bailíochta chun deiridh, is féidir fadú a iarraidh, más gá.

Bosca 5

An Coinsíní

In éineacht leis an ainm agus an seoladh, luaigh cé acu úsáideoir deiridh, dáileoir amhail dá dtagraítear i bpointe (r) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/125 nó páirtí le ról eile san idirbheart, is ea an coinsíní sa tríú tír atá mar cheann scríbe.

Más dáileoir é an coinsíní ach má tá cuid den lastas á úsáid aige freisin d'úsáid deiridh faoi leith, cuir tic le “Dáileoir” agus “Úsáideoir deiridh” agus luaigh an úsáid deiridh i mbosca 11.

Bosca 6

Tríú tír ina bhfuil na hearraí suite

Luaigh ainm na tíre lena mbaineann agus an cód tíre ábhartha, bainte as na cóid a bhunaítear de bhun Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1). Féach Rialachán (AE) Uimh. 1106/2012 ón gCoimisiún (2).

Bosca 7

Tríú tír is ceann scríbe

Luaigh ainm na tíre lena mbaineann agus an cód tíre ábhartha, bainte as na cóid a bhunaítear de bhun Rialachán (CE) Uimh. 471/2009. Féach Rialachán (AE) Uimh. 1106/2012.

Bosca 9

Ballstát Eisiúna

Luaigh ar an líne iomchuí ainm an Bhallstáit lena mbaineann agus an cód tíre ábhartha, bainte as na cóid a bhunaítear de bhun Rialachán (CE) Uimh. 471/2009. Féach Rialachán (AE) Uimh. 1106/2012.

Bosca 11

Úsáid deiridh

Déan cur síos beacht ar an úsáid a bhainfear as na hearraí agus tabhair le fios freisin cé acu údarás um fhorfheidhmiú an dlí mar a shainmhínítear i bpointe (c) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/125 nó soláthróir d'oiliúint ar úsáid na n-earraí bróicéireachta an t-úsáideoir deiridh.

Fág bán má sholáthraítear na seirbhísí bróicéireachta do dháileoir, mura núsáideann an dáileoir féin cuid de na hearraí d'úsáid deiridh faoi leith.

Bosca 12

Suíomh beacht na n-earraí sa tríú tír óna n-onnmhaireofar iad

Déan cur síos ar an áit ina bhfuil na hearraí sa tríú tír óna soláthrófar iad don duine, eintiteas nó comhlacht a luaitear i mbosca 2. Ní mór don suíomh seoladh sa tír a luadh i mbosca 6 a bheith aige nó faisnéis den chineál sin ina ndéantar cur síos ar an áit ina bhfuil na hearraí. Tabhair faoi deara nach gceadaítear uimhir bhosca oifig phoist nó seoladh poist den chineál sin.

Bosca 13

Tuairisc ar an ítim

Ba cheart go gcuirfeadh an cur síos ar na hearraí tagairt san áireamh d'ítim shonrach d'Iarscríbhinn III nó d'Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/125. Is fiú smaoineamh ar shonraí a chur san áireamh maidir le pacáistíocht na n-earraí lena mbaineann.

Mura bhfuil go leor spáis i mbosca 13, lean ar aghaidh ar bhileog bhán a chuirfear i gceangal leis an bhfoirm seo, agus luaigh an uimhir údaraithe. Luaigh líon na gceangaltán i mbosca 20.

Bosca 14

Uimhir Ítime

Ní mór an bosca seo a líonadh ar chúl na foirme amháin. Cinntigh go bhfreagraíonn an Uimhir Ítime don uimhir ítime chlóscríofa i mbosca 14 in aice leis an gcur síos ar an ítim ábhartha ar an taobh radhairc.

Bosca 15

Cód HS

Is cód custaim é an cód HS a shanntar do na hearraí sa Chóras Comhchuibhithe. Nuair atá an cód ó Ainmníocht Chomhcheangailte AE ar eolas, féadfar an cód sin a úsáid ina ionad. Féach ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1821 (3) ón gCoimisiún don leagan reatha den Ainmníocht Chomhcheangailte.

Bosca 17

Airgeadra agus luach

Luaigh luach agus airgeadra ag baint úsáid as an bpraghas atá le híoc (gan é a mhalartú). Mura bhfuil an praghas sin ar eolas, ba cheart an luach measta a shonrú, leis an tagairt EV roimhe. Caithfear an t-airgeadra a thaispeáint ag baint úsáid as an gcód aibítre (ISO 4217:2015).

Bosca 18

Ceanglais agus coinníollacha faoi leith

Tá bosca 18 bainteach le hítim 1, le hítim 2 nó le hítim 3 (sonraigh nuair is iomchuí) ar a ndéantar cur síos i mboscaí 14 go 16 roimhe. Mura bhfuil go leor spáis i mbosca 18, lean ar aghaidh ar bhileog bhán a chuirfear i gceangal leis an bhfoirm seo, agus luaigh an uimhir údaraithe. Luaigh líon na gceangaltán i mbosca 20.

Bosca 20

Líon na gceangaltán

Luaigh líon na gceangaltán, más ann dóibh (féach ar na mínithe do bhosca 13 agus do bhosca 18)

(1)   

Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach le tíortha nach Ballstáit iad agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1172/95 ón gComhairle (IO L 152, 16.6.2009, lch. 23).

(2)   

Rialachán (AE) Uimh. 1106/2012 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2012 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach le tíortha nach Ballstáit iad, maidir le hainmníocht tíortha agus críocha a nuashonrú (IO L 328, 28.11.2012, lch. 7).

(3)   

Rialachán Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2016/1821 ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2016 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 294, 28.10.2016, lch. 1).




IARSCRÍBHINN IX

FOIRM ÚDARAITHE CHUN CÚNAMH TEICNIÚIL DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 21(1) A SHOLÁTHAR

Sonraíocht theicniúil:

Beidh méid 210 × 297 mm ag an bhfoirm a leanas le huaslamháltas de 5 mm níos lú agus 8 mm níos mó. Tá na boscaí bunaithe ar aonad tomhais d'aon deichiú d'orlach go cothrománach agus aon séú d'orlach go ceartingearach. Tá na foranna bunaithe ar aonad tomhais d'aon deichiú d'orlach go cothrománach.

image

Nótaí mínitheacha a ghabhann leis an bhfoirm

“Údarú chun cúnamh teicniúil a sholáthar maidir le hearraí a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis nó le haghaidh céastóireachta (Rialachán (AE) 2019/125 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ))”

Úsáidfear an fhoirm údaraithe seo chun údarú a thabhairt chun cúnamh teicniúil a sholáthar i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/125. Má ghabhann an cúnamh teicniúil le honnmhairiú a bhfuil údarú tugtha dó ag nó i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/125, níor cheart an fhoirm seo a úsáid, seachas sna cásanna a leanas:

— 
más rud é go mbaineann an cúnamh teicniúil le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/125 (féach Airteagal 3(2)); nó
— 
más rud é go bhfuil níos mó ag baint leis an gcúnamh teicniúil a bhaineann le hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn III nó in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/125 ná mar is gá le haghaidh suiteáil, oibriú, cothabháil nó deisiú na n-earraí onnmhairithe (féach Airteagal 21(2) agus, maidir le hearraí atá liostaithe in Iarscríbhinn IV, Cuid 1 d'Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin AE GEA 2019/125 ón Aontas in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/125.

Is é an t-údarás eisiúna an t-údarás a shainmhínítear i bpointe (h) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/125. Is údarás é a áirítear i liosta na n-údarás inniúil in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin.

Eiseofar údaruithe ar an bhfoirm aonleathanaigh seo a mbeidh ceangaltáin léi de réir mar is gá.



Bosca 1

Soláthróir cúnaimh theicniúil is iarratasóir

Léirigh ainm agus seoladh iomlán an iarratasóra. Sainmhínítear an téarma “soláthróir cúnaimh theicniúil” i bpointe (m) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/125.

Má ghabhann an cúnamh teicniúil le honnmhairiú a bhfuil údarú tugtha dó, léirigh freisin uimhir custaim an iarratasóra, más féidir, agus léirigh uimhir an údaraithe onnmhairiúcháin a bhaineann leis i mbosca 14.

Bosca 3

Uimh. Údarúcháin

Líon amach an uimhir agus cuir tic sa bhosca iomchuí, ag léiriú an tAirteagal de Rialachán (AE) 2019/125 a bhfuil an t-údarú bunaithe.

Bosca 4

Dáta éaga

Tabhair an lá (dhá dhigit), an mhí (dhá dhigit) agus an bhliain (ceithre dhigit). Is í an tréimhse bailíochta a bhíonn ag údarú ná ó 3 mhí go 12 mhí. Nuair a thagann an tréimhse bailíochta chun deiridh, is féidir fadú a iarraidh, más gá.

Bosca 5

Gníomhaíocht a dhéanann duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a luaitear ag 2

Léirigh príomhghníomhaíocht an duine, an eintitis nó an chomhlachta lena soláthrófar an cúnamh teicniúil. Sainmhínítear an téarma “údarás um fhorfheidhmiú an dlí” i bpointe (c) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/125.

Mura bhfuil an phríomhghníomhaíocht ar an liosta, cuir tic le “Ceann ar bith de na roghanna thuas” agus déan cur síos ar an bpríomhghníomhaíocht ag baint úsáid as focail chineálacha (e.g. mórdhíoltóir, miondíoltóir, ospidéal).

Bosca 6

Tríú tír nó Ballstát lena soláthrófar an cúnamh teicniúil

Luaigh ainm na tíre lena mbaineann agus an cód tíre ábhartha, bainte as na cóid a bhunaítear de bhun Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1). Féach Rialachán (AE) Uimh. 1106/2012 ón gCoimisiún (2).

Tabhair faoi deara nár cheart Ballstát a lua i mbosca 6 ach amháin i gcás ina bhfuil an t-údarú bunaithe ar Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/125.

Bosca 7

An cineál údaraithe

Léirigh an gcuirtear soláthar an chúnaimh theicniúil ar fáil le linn tréimhse faoi leith agus, má chuirtear, tabhair an tréimhse i laethanta, seachtainí nó míonna inar gá do sholáthróir an chúnaimh theicniúil freagra a thabhairt ar iarrataí maidir le comhairle, tacaíocht agus oiliúint. Baineann iarratas amháin faoi leith maidir le comhairle nó tacaíocht nó oiliúint faoi leith le soláthar cúnaimh theicniúil aonair (fiú má bhaineann sé le cúrsa oiliúna a mhaireann cúpla lá).

Bosca 8

Ballstát Eisiúna

Luaigh ar an líne iomchuí ainm an Bhallstáit lena mbaineann agus an cód tíre ábhartha, bainte as na cóid a bhunaítear de bhun Rialachán (CE) Uimh. 471/2009. Féach Rialachán (AE) Uimh. 1106/2012.

Bosca 9

Cur síos ar chineál na n-earraí lena mbaineann an cúnamh teicniúil.

Déan cur síos ar chineál na n-earraí lena mbaineann an cúnamh teicniúil. Ba cheart go gcuirfeadh an cur síos tagairt san áireamh do mhír shonrach d'Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn III nó Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/125.

Bosca 10

Cur síos ar an gcúnamh teicniúil atá údaraithe

Déan cur síos ar an gcúnamh teicniúil ar mhodh soiléir agus beacht. Cuir isteach tagairt do dháta agus uimhir an chomhaontaithe atá tugtha i gcrích ag soláthróir cúnaimh theicniúil nó cuir comhaontú den chineál sin i gceangal, nuair is iomchuí.

Bosca 11

Modh soláthair

Níor cheart bosca 11 a líonadh amach i gcás go bhfuil an t-údarú bunaithe ar Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/125.

Má sholáthraítear cúnamh teicniúil ó thríú tír nach é an tríú tír ina bhfuil an faighteoir ina chónaí nó bunaithe, luaigh ainm na tíre lena mbaineann agus an cód tíre ábhartha, bainte as na cóid a bhunaítear de bhun Rialachán (CE) Uimh. 471/2009. Féach Rialachán (AE) Uimh. 1106/2012.

Bosca 12

Cur síos ar oiliúint ar úsáid na n-earraí lena mbaineann an cúnamh teicniúil.

Léirigh an gcuirtear oiliúint d'úsáideoirí na n-earraí ábhartha leis an gcúnamh teicniúil nó an tseirbhís theicniúil a fholaíonn an sainmhíniú de chúnamh teicniúil i bpointe (f) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/125. Luaigh cé acu cineál úsáideoirí a gheobhaidh oiliúint den chineál sin agus sonraigh na cuspóirí agus inneachar an chúrsa oiliúna.

Bosca 14

Ceanglais agus coinníollacha faoi leith

Mura bhfuil go leor spáis i mbosca 14, lean ar aghaidh ar bhileog bhán a chuirfear i gceangal leis an bhfoirm seo, agus luaigh an uimhir údaraithe. Luaigh líon na gceangaltán i mbosca 16.

Bosca 16

Líon na gceangaltán

Luaigh líon na gceangaltán, má tá ann dóibh (féach ar mhínithe do bhoscaí 10 agus 14).

(1)   

Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach le tíortha nach Ballstáit iad agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1172/95 ón gComhairle (IO L 152, 16.6.2009, lch. 23).

(2)   

Rialachán (AE) Uimh. 1106/2012 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2012 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 471/2009 ó Pharlaimint na hEorpa maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le trádáil eachtrach le tíortha nach Ballstáit iad, maidir le hainmníocht tíortha agus críocha a nuashonrú (IO L 328, 28.11.2012, lch. 7).




IARSCRÍBHINN X

AN RIALACHÁN AISGHAIRTHE AGUS LIOSTA DE NA LEASUITHE COMHLEANÚNACHA A RINNEADH AIR



Rialachán (CE) No 1236/2005 ón gComhairle

(IO L 200, 30.7.2005, lch. 1)

 

Rialachán (CE) Uimh. 1377/2006 ón gCoimisiún

(IO L 255, 19.9.2006, lch. 3)

 

Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 ón gComhairle

(IO L 363, 20.12.2006, lch. 1)

An tríú fleasc déag d'Airteagal 1(1) amháin maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005, agus pointe 13(5) den Iarscríbhinn

Rialachán (CE) Uimh. 675/2008 ón gCoimisiún

(IO L 189, 17.7.2008, lch. 14)

 

Rialachán (AE) Uimh. 1226/2010 ón gCoimisiún

(IO L 336, 21.12.2010, lch. 13)

 

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1352/2011 ón gCoimisiún

(IO L 338, 21.12.2011, lch. 31)

 

Rialachán (AE) Uimh. 517/2013 ón gComhairle

(IO L 158, 10.6.2013, lch. 1)

An cheathrú fleasc d'Airteagal 1(1)(n) amháin, agus pointe 16(4) den Iarscríbhinn

Rialachán (AE) Uimh. 585/2013 ón gCoimisiún

(IO L 169, 21.6.2013, lch. 46)

 

Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 18, 21.1.2014, lch. 1)

Pointe 12 den Iarscríbhinn amháin

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 775/2014 ón gCoimisiún

(IO L 210, 17.7.2014, lch. 1)

 

Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1113 ón gCoimisiún

(IO L 182, 10.7.2015, lch. 10)

 

Rialachán (AE) 2016/2134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 338, 13.12.2016, lch. 1)

 

Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/181 ón gCoimisiún

(IO L 40, 13.2.2018, lch. 1)

 




IARSCRÍBHINN XI

TÁBLA COMHGHAOIL



Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 4

Airteagal 4a

Airteagal 5

Airteagal 4b

Airteagal 6

Airteagal 4c

Airteagal 7

Airteagal 4d

Airteagal 8

Airteagal 4e

Airteagal 9

Airteagal 4f

Airteagal 10

Airteagal 5

Airteagal 11

Airteagal 6(1)

Airteagal 12(1)

Airteagal 6(2), an chéad fhomhír

Airteagal 12(2), an chéad fhomhír

Airteagal 6(2), an dara fomhír, na focail tosaigh

Airteagal 12(2), an dara fomhír, na focail tosaigh

Airteagal 6(2), an dara fomhír, an chéad fleasc

Airteagal 12(2), an dara fomhír, pointe (a)

Airteagal 6(2), an dara fomhír, an dara fleasc

Airteagal 12(2), an dara fomhír, pointe (b)

Airteagal 6(2), an tríú fomhír

Airteagal 12(2), an tríú fomhír

Airteagal 6(3), na focail tosaigh

Airteagal 12(3), an chéad fhomhír

Airteagal 6(3), pointe 3.1

Airteagal 12(3), an dara fomhír

Airteagal 6(3), pointe 3.2

Airteagal 12(3), an tríú fomhír

Airteagal 6a

Airteagal 13

Airteagal 7

Airteagal 14

Airteagal 7a

Airteagal 15

Airteagal 7b

Airteagal 16

Airteagal 7c(1)

Airteagal 17(1)

Airteagal 7c(2)

Airteagal 17(2)

Airteagal 7c(3), na focail tosaigh

Airteagal 17(3), an chéad fhomhír

Airteagal 7c(3), pointe 3.1

Airteagal 17(3), an dara fomhír

Airteagal 7c(3), pointe 3.2

Airteagal 17(3), an tríú fomhír

Airteagal 7c(3), pointe 3.3

Airteagal 17(3), an cheathrú fomhír

Airteagal 7c(4)

Airteagal 17(4)

Airteagal 7d

Airteagal 18

Airteagal 7e

Airteagal 19

Airteagal 8

Airteagal 20

Airteagal 9

Airteagal 21

Airteagal 10

Airteagal 22

Airteagal 11

Airteagal 23

Airteagal 12

Airteagal 24

Airteagal 12a

Airteagal 25

Airteagal 13(1), (2) agus (3)

Airteagal 26(1), (2) agus (3)

Airteagal 13(3a)

Airteagal 26(4)

Airteagal 13(4)

Airteagal 26(5)

Airteagal 13(5)

Airteagal 26(6)

Airteagal 13a

Airteagal 27

Airteagal 14

Airteagal 28

Airteagal 15a

Airteagal 29

Airteagal 15b

Airteagal 30

Airteagal 15c

Airteagal 31

Airteagal 15d

Airteagal 32

Airteagal 17

Airteagal 33

Airteagal 18

Airteagal 34

Airteagal 35

Airteagal 19

Airteagal 36

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IIIa

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn IIIb

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn VII

Iarscríbhinn VI

Iarscríbhinn VIII

Iarscríbhinn VII

Iarscríbhinn IX

Iarscríbhinn X

Iarscríbhinn XI



( 1 ) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

( 2 ) Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

( 3 ) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

( 4 ) Rialachán(AE) 2019/125 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 maidir le trádáil in earraí áirithe a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach (féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil).

( 5 ) Rialachán (AE) 2019/125 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 maidir le trádáil in earraí áirithe a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach (IO L 30, 31.1.2019, lch. 1).

( 6 ) Rialachán (AE) 2019/125 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 maidir le trádáil in earraí áirithe a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach (IO L 30, 31.1.2019, lch. 1).

( 7 ) Rialachán (AE) 2019/125 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir maidir le trádáil in earraí áirithe a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh phionós an bháis, le haghaidh céastóireachta nó le haghaidh íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach (IO L 30, 31.1.2019, lch. 1).