02018R1862 — GA — 11.06.2019 — 001.002


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2018/1862 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Samhain 2018

maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún

(IO L 312 7.12.2018, lch. 56)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2019/818 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 20 Bealtaine 2019

  L 135

85

22.5.2019


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 316I, 6.12.2019, lch.  9 (2018/1862)




▼B

RIALACHÁN (AE) 2018/1862 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 28 Samhain 2018

maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún



CAIBIDIL I

Forálacha Ginearálta

Airteagal 1

Cuspóir Ginearálta SIS

Is é is cuspóir do SIS ardleibhéal slándála a áirithiú laistigh de limistéar saoirse, slándála agus ceartais an Aontais, lena n-áirítear slándáil phoiblí agus beartas poiblí a choimeád agus an tslándáil i gcríocha na mBallstát a choimirciú, agus a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm forálacha Chaibidil 4 agus Chaibidil 5 de Theideal V de Chuid a Trí den CFAE a bhaineann le gluaiseacht daoine ar a gcríocha agus úsáid á baint as faisnéis a chuirtear in iúl tríd an gcóras sin.

Airteagal 2

Ábhar

1.  Leis an Rialachán seo, bunaítear na coinníollacha agus na nósanna imeachta a bhaineann le foláirimh maidir le daoine agus ábhair a iontráil agus a phróiseáil in SIS, le malartú faisnéise forlíontaí agus le sonraí breise chun críocha comhar póilíneachta agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla.

2.  Leis an Rialachán seo freisin, leagtar síos forálacha maidir le hailtireacht theicniúil SIS, maidir le freagrachtaí na mBallstát agus Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), maidir le próiseáil sonraí, maidir le cearta na ndaoine lena mbaineann agus maidir le dliteanas.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “foláireamh” tacar sonraí a iontráiltear in SIS agus a ligeann do na húdaráis inniúla duine nó ábhar a shainaithint d'fhonn gníomhaíocht shonrach a dhéanamh;

(2) 

ciallaíonn “faisnéis fhorlíontach” faisnéis nach cuid de shonraí foláirimh atá stóráilte in SIS í ach ar faisnéis í atá bainteach le foláirimh in SIS agus atá le malartú trí Bhiúrónna SIRENE:

(a) 

chun ligean do na Ballstáit dul i gcomhairle le chéile, nó chun fógra a thabhairt dá chéile, nuair atá foláireamh á iontráil;

(b) 

nuair a thagtar ar amas chun gur féidir an ghníomhaíocht iomchuí a dhéanamh;

(c) 

nuair nach féidir an ghníomhaíocht a éilítear a dhéanamh;

(d) 

nuair atáthar ag déileáil le cáilíocht shonraí SIS;

(e) 

nuair atáthar ag déileáil le comhoiriúnacht agus tosaíocht na bhfoláireamh;

(f) 

nuair atáthar ag déileáil le cearta rochtana;

(3) 

ciallaíonn “sonraí breise” na sonraí atá stóráilte in SIS agus atá bainteach le foláirimh SIS, ar sonraí iad atá le cur ar fáil láithreach do na húdaráis inniúla i gcás inar aimsíodh duine ar iontráladh sonraí ina leith in SIS mar thoradh ar chuardaigh a rinneadh in SIS;

(4) 

ciallaíonn “sonraí pearsanta” sonraí pearsanta mar a shainmhínítear i bpointe 1 d'Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679;

(5) 

ciallaíonn “próiseáil sonraí pearsanta” aon oibríocht nó aon tacar d'oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar thacair de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, logáil, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

(6) 

ciallaíonn “meaitseáil” go ndéantar na céimeanna seo a leanas:

(a) 

go raibh cuardach déanta in SIS ag úsáideoir deiridh;

(b) 

gur nochtadh an cuardach foláireamh arna iontráil in SIS ag Ballstát eile; agus

(c) 

go meaitseálann na sonraí a bhaineann leis an bhfoláireamh in SIS na sonraí cuardaigh;

(7) 

ciallaíonn “amas” aon mheaitseáil a chomhlíonann na critéir seo a leanas:

(a) 

rinneadh an t-amas a dhearbhú:

(i) 

agus is é an t-úsáideoir deiridh a dhearbhaigh é; nó

(ii) 

is é an t-údarás inniúil a dhearbhaigh é i gcás inár bunaíodh an mheaitseáil lena mbaineann ar chomparáid idir na sonraí bithmhéadracha, i gcomhréir le nósanna imeachta náisiúnta;

agus

(b) 

iarrtar gníomhaíochtaí eile;

(8) 

ciallaíonn “bratach” fionraí bailíochta foláirimh ar an leibhéal náisiúnta, ar fionraí é a fhéadfar a chur le foláirimh maidir le gabháil duine, le foláirimh maidir le daoine ar iarraidh agus daoine leochaileacha agus le foláirimh maidir le seiceálacha discréideacha, fiosrúcháin agus sonracha;

(9) 

ciallaíonn “Ballstát eisiúna” an Ballstát a d'iontráil an foláireamh in SIS;

(10) 

ciallaíonn “Ballstát forghníomhaitheach” an Ballstát a dhéanann, nó a rinne, na gníomhaíochtaí a éilítear nuair a thagtar ar amas;

(11) 

ciallaíonn “úsáideoir deiridh” ball foirne údaráis inniúil a dhéanann atá údaraithe cuardach díreach a dhéanamh in CS-SIS, in N.SIS nó i gcóip theicniúil díobh;

(12) 

ciallaíonn “sonraí bithmhéadracha” sonraí pearsanta a eascraíonn as próiseáil theicniúil ar leith agus a bhaineann le saintréithe fisiciúla nó fiseolaíocha duine nádúrtha, ar sonraí iad lena gceadaítear nó lena ndeimhnítear sainaithint uathúil an duine nádúrtha sin, eadhon grianghraif, íomhánna den aghaidh, sonraí dachtalascópacha agus próifíl DNA;

(13) 

ciallaíonn “sonraí dachtalascópacha” sonraí faoi mhéarloirg agus faoi loirg dhearnana trína gcumasaítear, de bharr a nádúir uathúil agus na bpointí tagartha atá iontu, comparáidí cruinne dochloíte a dhéanamh maidir le céannacht duine;

(14) 

ciallaíonn “íomhá d'aghaidh” íomhá dhigiteach d'aghaidh ar leor a taifeach agus a cáilíocht leis an íomhá a úsáid le haghaidh meaitseáil bhithmhéadrach uathoibrithe;

(15) 

ciallaíonn “próifíl DNA” cód litreacha nó uimhreacha a léiríonn tacar saintréithe aitheantais den chuid neamhchódúcháin de shampla DNA daonna a ndearnadh anailís air, eadhon struchtúr móilíneach faoi leith ag na láithreacha éagsúla DNA (loci);

(16) 

ciallaíonn “cionta sceimhlitheoireachta” cionta faoin dlí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 3 go 14 de Threoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ), nó atá coibhéiseach le ceann de na cionta sin do na Ballstáit sin nach bhfuil faoi cheangal ag an Treoir sin;

(17) 

ciallaíonn “baol don tsláinte phoiblí” baol don tsláinte phoiblí mar a shainmhínítear i bpointe (21) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 );

▼M1

(18) 

ciallaíonn “ESP” an tairseach chuardaigh Eorpach a bunaíodh le hAirteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ) ;

(19) 

ciallaíonn “BMS comhroinnte” an tseirbhís chomhroinnte meaitseála sonraí bithmhéadracha a bunaíodh le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/818 + ;

(20) 

ciallaíonn “CIR” an stóras coiteann sonraí céannachta a bunaíodh le hAirteagal 17(1) de Rialachán (AE) 2019/818;

(21) 

ciallaíonn “MID” an brathadóir ilchéannachtaí a bunaíodh le hAirteagal 25(1) de Rialachán 2019/818.

▼B

Airteagal 4

Ailtireacht theicniúil agus bealaí oibriúcháin SIS

1.  Cuimseoidh SIS an méid seo a leanas:

(a) 

lárchóras (SIS Láir) ina gcuimseofar an méid seo a leanas:

(i) 

feidhm thacaíochta teicniúla (“CS-SIS”) ina mbeidh bunachar sonraí, is é sin (“bunachar sonraí SIS”), agus lena n-áirítear CS-SIS cúltaca,

(ii) 

comhéadan aonfhoirmeach náisiúnta (“NI-SIS”);

▼M1

(b) 

córas náisiúnta (N.SIS) i ngach ceann ar leith de na Ballstáit, ina gcuimseofar na córais sonraí náisiúnta trína ndéantar cumarsáid le SIS Láir, lena n-áirítear ar a laghad suíomh cúltaca náisiúnta nó comhroinnte amháin do N.SIS;

(c) 

bonneagar cumarsáide idir CS-SIS, CS-SIS agus NI-SIS (an Bonneagar Cumarsáide) trína soláthraítear líonra fíorúil criptithe atá tiomnaithe do shonraí SIS agus do mhalartú sonraí idir Bhiúrónna SIRENE dá dtagraítear in Airteagal 7(2); agus

(d) 

bonneagar cumarsáide slán idir CS-SIS agus bonneagair láir ESP, BMS comhroinnte agus MID.

▼B

Féadfaidh N.SIS dá dtagraítear i bpointe (b) comhad sonraí (“cóip náisiúnta”) a bheith in N.SIS ina mbeidh cóip iomlán nó cóip pháirteach de bhunachar sonraí SIS. Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó cóip chomhroinnte a bhunú i gceann dá N.SIS agus féadfaidh na Ballstáit sin úsáid a bhaint as an gcóip sin. Measfar cóip chomhroinnte mar sin mar chóip náisiúnta gach ceann de na Ballstáit rannpháirteacha;

Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó N.SIS cúltaca comhroinnte dá dtagraítear i bpointe (b) a úsáid go comhpháirteach. I gcásanna den sórt sin, measfar an cúltaca comhroinnte mar N.SIS cúltaca gach ceann de na Ballstáit rannpháirteacha. Féadfar N.SIS agus N.SIS cúltaca a úsáid go comhuaineach chun a áirithiú go mbeidh an córas ar fáil d'úsáideoirí deiridh gan bhriseadh gan bhearnú.

Na Ballstáit a bhfuil sé i gceist acu cóip chomhroinnte nó N.SIS comhroinnte cúltaca a bhunú, a bheidh le húsáid go comhpháirteach, comhaontóidh siad a gcuid freagrachtaí faoi seach i scríbhinn. Cuirfidh siad asocrú in iúl don Choimisiún.

Leis an mBonneagar Cumarsáide, tacófar agus rannchuideofar chun go n-áiritheofar go mbeidh SIS ar fáil gan bhriseadh gan bhearnú. Áireofar sa bhonneagar sin, conairí iomarcacha agus cosáin dheighilte do na naisc idir CS-SIS agus CS-SIS cúltaca agus áireofar ann freisin conairí iomarcacha agus cosáin dheighilte do na naisc idir gach pointe rochtana líonra náisiúnta SIS agus CS-SIS agus CS-SIS cúltaca.

2.  Déanfaidh Ballstáit sonraí SIS a iontráil, a nuashonrú, a scriosadh agus a chuardach trí na N.SIS éagsúla. Beidh cóip iomlán náisiúnta nó cóip pháirteach náisiúnta nó cóip chomhroinnte ar fáil chun cuardaigh uathoibrithe a dhéanamh i gcríoch gach ceann ar leith de na Ballstáit trí úsáid a bhaint as cóip den sórt sin. Cuimseoidh an chóip pháirteach náisiúnta nó an chóip chomhroinnte náisiúnta, ar a laghad, na sonraí a liostaítear in Airteagal 20(2) (a) go (v) den Rialachán seo. Ní bheidh sé indéanta cuardach a dhéanamh i gcomhaid sonraí in N.SIS de chuid Ballstát eile.

3.  Déanfaidh CS-SIS feidhmeanna maoirseachta teicniúla agus riaracháin a chomhlíonadh agus beidh CS-SIS cúltaca aige a mbeidh sé de chumas aige feidhmiúlachtaí uile phríomh-CS-SIS a áirithiú i gcás ina dtarlódh loiceadh sa chóras sin. Beidh CS-SIS agus CS-SIS cúltaca lonnaithe i láithreán theicniúla atá ag eu-LISA.

4.  Cuirfidh eu-LISA réitigh theicniúla chun feidhme chun atreisiú a dhéanamh ar SIS trí bhíthin oibriú comhuaineach CS-SIS agus CS-SIS cúltaca, ar choinníoll go mbeadh sé fós ar chumas CS-SIS cúltaca oibriú SIS a áirithiú i gcás ina dteipfeadh an CS-SIS, nó trí dhúbailt a dhéanamh ar an gcóras nó ar chomhchodanna den chóras. D'ainneoin na gceanglas nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2018/1726 déanfaidh eu-LISA, tráth nach déanaí ná 28 Nollaig 2019, staidéar a ullmhú maidir le roghanna le haghaidh réiteach teicniúil, neamhspleách, ina bhfuil measúnú tionchair agus anailís costais is tairbhe neamhspleách.

5.  I gcás inar gá mar gheall ar imthosca eisceachtúla, féadfaidh eu-LISA cóip bhreise de bhunachar sonraí SIS a fhorbairt go sealadach.

6.  Soláthróidh CS-SIS na seirbhísí is gá chun sonraí SIS a iontráil agus a phróiseáil, lena n-áirítear cuardaigh i mbunachar sonraí SIS. Maidir leis na Ballstáit sin a úsáideann cóip náisiúnta nó chomhroinnte, déanfaidh CS-SIS:

(a) 

nuashonruithe ar líne ar na cóipeanna náisiúnta a sholáthar;

(b) 

sioncrónú na gcóipeanna náisiúnta agus bhunachar sonraí SIS, agus comhsheasmhacht eatarthu, a áirithiú; agus

(c) 

an oibríocht maidir le túsú agus athchóiriú na gcóipeanna náisiúnta a sholáthar;

7.  Cuirfidh CS-SIS SIS ar fáil gan bhriseadh gan bhearnú.

▼M1

8.  Gan dochar do mhír 1 go mír 5 féadfar sonraí SIS faoi dhaoine agus doiciméid taistil a chuardach trí ESP freisin.

9.  Gan dochar do mhír 1 go mír 5, féadfar sonraí SIS faoi dhaoine agus doiciméid taistil a tharchur freisin tríd an mbonneagar cumarsáide slán dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1. Beidh an tarchur sin teoranta chun a mhéid atá na sonraí de dhíth ar na feidhmiúlachtaí dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2019/818.

▼B

Airteagal 5

Costais

1.  Is ar bhuiséad ginearálta an Aontais a thitfidh na costais a ghabhann le SIS Láir, agus leis an mBonneagar Cumarsáide, a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt a thuilleadh. I measc na gcostas sin, áireofar obair a dhéantar i leith CS-SIS chun soláthar na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 4(6) a áirithiú.

2.  Is ar an mBallstát lena mbaineann a thitfidh na costais a ghabhann le gach N.SIS ar leith a chur ar bun, a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt a thuilleadh.



CAIBIDIL II

Freagrachtaí na mBallstát

Airteagal 6

Córais náisiúnta

Beidh freagracht ar gach Ballstát ar leith i ndáil lena N.SIS féin a chur ar bun, a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt a thuilleadh agus i ndáil lena N.SIS a cheangal le NI.SIS.

Beidh freagracht ar gach Ballstát ar leith a áirithiú go mbeidh sonraí SIS ar fáil gan bhriseadh gan bhearnú do na húsáideoirí deiridh.

Déanfaidh gach Ballstát a chuid foláireamh a tharchur trína N.SIS.

Airteagal 7

Oifig N.SIS agus Biúró SIRENE

1.  Déanfaidh gach Ballstát údarás (Oifig N.SIS) a ainmniú agus beidh freagracht lárnach ar an údarás sin i ndáil le N.SIS an Bhallstáit lena mbaineann.

Beidh freagracht ar an údarás sin i ndáil le hoibriú rianúil agus slándáil N.SIS, déanfaidh sé rochtain ar SIS a áirithiú do na húdaráis inniúla agus déanfaidh sé na bearta riachtanacha go léir chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú. Beidh freagracht air i ndáil lena áirithiú go ndéantar feidhmiúlachtaí uile SIS a chur ar fáil do na húsáideoirí deiridh go hiomchuí.

2.  Ainmneoidh gach Ballstát ar leith údarás náisiúnta a fheidhmeoidh 24 uair in aghaidh an lae, 7 lá na seachtaine agus a áiritheoidh malartú agus infhaighteacht na faisnéise forlíontaí go léir (Biúró SIRENE) i gcomhréir Lámhleabhar SIRENE. Feidhmeoidh Biúró SIRENE mar phointe teagmhála aonair ina bhféadfaidh na Ballstáit faisnéis fhorlíontach a mhalartú maidir le foláirimh agus na bearta iarrtha a éascú a bheidh le glacadh nuair a iontrálfar foláireamh i leith daoine nó ábhar in SIS, agus, tar éis amas a bhrath, nuair a aimseofar na daoine nó na hábhair sin.

Beidh rochtain éasca dhíreach nó neamhdhíreach ag Biúró SIRENE, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar gach faisnéis ábhartha ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear bunachair sonraí náisiúnta agus an fhaisnéis go léir faoina gcuid foláirimh, agus ar chomhairle saineolaithe chun bheith in ann freagairt d'iarrataí ar fhaisnéis bhreise go tapa agus laistigh de na sprioc-amanna dá bhforáiltear in Airteagal 8.

Déanfaidh na Biúrónna sin fíorú cháilíocht na faisnéise a iontráiltear in SIS a chomhordú. Chun na gcríoch sin, beidh rochtain acu ar shonraí atá próiseáilte in SIS.

▼M1

2a.  Áiritheoidh Biúrónna SIRENE freisin fíorú na gcéannachtaí éagsúla i gcomhréir le hAirteagal 29 de Rialachán (AE) 2019/818. A mhéid is gá chun an cúram seo a chur i gcrích, beidh rochtain ag Biúrónna SIRENE ar na sonraí a stóráiltear in CIR agus in MID d'fhonn iad a cheadú chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagail 21 agus 26 de Rialachán (AE) 2019/818.

▼B

3.  Cuirfidh na Ballstáit sonraí ar fáil do eu-LISA maidir lena Oifig N.SIS agus maidir lena Biúró SIRENE. Foilseoidh eu-LISA an liosta oifigí N.SIS agus na mBiúrónna SIRENE, mar aon leis an liosta dá dtagraítear in Airteagal 56(7).

Airteagal 8

Malartú faisnéise forlíontaí

1.  Déanfar faisnéis fhorlíontach a mhalartú i gcomhréir le forálacha Lámhleabhar SIRENE agus trí úsáid a bhaint as an mBonneagar Cumarsáide. Soláthróidh na Ballstáit na hacmhainní teicniúla agus daonna is gá chun infhaighteacht leanúnach agus malartú faisnéise forlíontaí a áirithiú. I gcás nach bhfuil an Bonneagar Cumarsáide ar fáil, déanfaidh na Ballstáit modhanna teicniúla eile atá daingnithe go leordhóthanach a úsáid chun faisnéis fhorlíontach a mhalartú. Leagfar amach liosta modhanna teicniúla atá daingnithe go leordhóthanach i lámhleabhar SIRENE.

2.  Ní dhéanfar faisnéis fhorlíontach a úsáid ach amháin chun na críche ar chuici a tarchuireadh í i gcomhréir le hAirteagal 64 mura rud é go bhfaightear toiliú chun úsáid eile roimh ré ón mBallstát eisiúna.

3.  Comhallfaidh Biúrónna SIRENE a gcúram ar bhealach tapa éifeachtúil, go háirithe trí fhreagairt d'iarraidh ar fhaisnéis fhorlíontach a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 12 uair an chloig tar éis an iarraidh a fháil. I gcás foláirimh i leith cionta sceimhlitheoireachta, nó foláirimh maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críocha géillte nó eiseachadta, agus i gcásanna a bhaineann le foláirimh i ndáil le leanaí dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 32(1), gníomhóidh Biúrónna SIRENE láithreach bonn.

Marcálfar iarrataí ar fhaisnéis fhorlíontach leis an tosaíocht is airde leis an bhfocal “URGENT” i bhfoirmeacha de chuid SIRENE, agus sonrófar an chúis phráinne.

4.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun rialacha mionsonraithe maidir le malartú faisnéise forlíontaí a leagan síos i bhfoirm lámhleabhair dar teideal “Lámhleabhar SIRENE”. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).

Airteagal 9

Comhlíonadh teicniúil agus feidhmiúil

1.  Nuair a bheidh a N.SIS á chur ar bun ag gach Ballstát ar leith, comhlíonfaidh siad comhchaighdeáin, prótacail agus nósanna imeachta teicniúla atá bunaithe chun comhoiriúnacht a N.SIS le SIS Láir a áirithiú ar mhaithe le tarchur pras éifeachtach sonraí.

2.  I gcás ina n-úsáideann Ballstát cóip náisiúnta, áiritheoidh sé, trí bhíthin na seirbhísí a sholáthraítear le CS-SIS agus trí bhíthin na nuashonrúchán uathoibríoch dá dtagraítear in Airteagal 4(6), go mbeidh na sonraí atá stóráilte sa chóip náisiúnta comhionann agus comhsheasmhach le bunachar sonraí SIS, agus go mbeidh an toradh céanna ar chuardach a dhéantar ina chóip náisiúnta le cuardach a dhéantar i mbunachar sonraí SIS.

3.  Gheobhaidh úsáideoirí deiridh na sonraí a bheidh uathu chun a gcúraimí a chomhlíonadh, go háirithe agus i gcás inar gá, na sonraí go léir atá ar fáil lenar féidir an t-ábhar sonraí a shainaithint agus an beart atá iarrtha a dhéanamh.

4.  Déanfaidh na Ballstáit agus eu-LISA tástálacha rialta d'fhonn comhlíonadh teicniúil na gcóipeanna náisiúnta dá dtagraítear i mír 2 a fhíorú. Cuirfear torthaí na dtástálacha sin san áireamh mar chuid den sásra a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle ( 4 ).

5.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun comhchaighdeáin, prótacail agus nósanna imeachta teicniúla dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a leagan síos agus a fhorbairt. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).

Airteagal 10

Slándáil — na Ballstáit

1.  Déanfaidh gach Ballstát ar leith, i ndáil lena N.SIS, na bearta riachtanacha a ghlacadh, lena n-áirítear plean slándála, plean leanúnachais gnó agus plean athshlánaithe ó thubaiste, chun an méid seo a leanas a bhaint amach:

(a) 

sonraí a chosaint go fisiciúil, lena n-áirítear trí phleananna teagmhasacha a dhéanamh chun bonneagar criticiúil a chosaint;

(b) 

rochtain ar shaoráidí próiseála sonraí a úsáidtear chun sonraí pearsanta a phróiseáil a dhiúltú do dhaoine neamhúdaraithe (rialú rochtana ar shaoráidí);

(c) 

léamh, cóipeáil, athrú nó baint neamhúdaraithe mheáin sonraí a chosc (rialú meáin sonraí);

(d) 

ionchur neamhúdaraithe sonraí a chosc chomh maith le cigireacht neamhúdaraithe, leasú neamhúdaraithe nó scriosadh neamhúdaraithe na sonraí pearsanta stóráilte (rialú stórála);

(e) 

cosc a chur ar dhaoine neamhúdaraithe a bhfuil trealamh cumarsáide sonraí á úsáid acu úsáid a bhaint as córais uathphróiseála sonraí (rialú úsáideoirí);

(f) 

próiseáil neamhúdaraithe sonraí atá in SIS agus aon mhodhnú sonraí nó aon scriosadh sonraí arna bpróiseáil in SIS a chosc (rialú iontrála sonraí);

(g) 

a áirithiú, maidir le daoine atá údaraithe chun úsáid a bhaint as córas uathoibrithe próiseála sonraí, nach mbíonn rochtain acu ach ar na sonraí a chumhdaítear faoina n-údarú rochtana, trí bhíthin aitheantóirí úsáideora atá indibhidiúil agus uathúil agus modhanna rochtana rúnda amháin (rialú rochtana ar shonraí);

(h) 

a áirithiú go gcruthóidh gach údarás a bhfuil ceart rochtana ar SIS nó ar na saoráidí próiseála sonraí acu próifílí a thugann tuairisc ar fheidhmeanna agus ar fhreagrachtaí daoine atá údaraithe chun rochtain a fháil ar shonraí agus sonraí a iontráil, a nuashonrú, a scriosadh agus a chuardach, agus go gcuirfidh na húdaráis sin na próifílí sin ar fáil, gan mhoill, arna iarraidh sin dóibh, do na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 69(1) (próifílí pearsanra);

(i) 

a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuí cé acu de na comhlachtaí ar féidir sonraí pearsanta a tharchur chucu agus trealamh cumarsáide sonraí á úsáid (rialú cumarsáide);

(j) 

a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuí ina dhiaidh sin cé acu de na sonraí pearsanta a cuireadh isteach i gcórais uathphróiseála sonraí, cén uair a cuireadh isteach na sonraí sin, cé a chuir isteach iad agus cad chuige ar cuireadh isteach iad (rialú ionchuir);

(k) 

cosc a chur ar léamh, ar chóipeáil, ar mhodhnú nó ar scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta le linn sonraí pearsanta a tharchur nó le linn meáin sonraí a iompar, go háirithe trí bhíthin teicnící criptithe iomchuí (rialú iompair);

(l) 

faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart slándála dá dtagraítear sa mhír seo agus na bearta eagrúcháin um fhaireachán inmheánach is gá a dhéanamh chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú (féin-iniúchóireacht);

(m) 

a áirithiú go bhféadfar, i gcás ina dtarlódh briseadh sna córais, na córais suite a aischur mar is ceart (athshlánú); agus

(n) 

a áirithiú go gcomhlíonfaidh SIS a fheidhmeanna a chomhlíonadh i gceart, go dtuairisceofar fabhtanna (iontaofacht) agus nach féidir sonraí pearsanta atá stóráilte in SIS a thruailliú trí bhíthin mhífheidhmiú an chórais (sláine).

2.  Déanfaidh na Ballstáit bearta atá coibhéiseach leo sin dá dtagraítear i mír 1 maidir le slándáil i leith faisnéis fhorlíontach a phróiseáil agus a mhalartú, lena n-áirítear áitreabh Bhiúró SIRENE a dhaingniú.

3.  Déanfaidh na Ballstáit bearta atá coibhéiseach leo sin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo maidir le slándáil i leith sonraí SIS atá á bpróiseáil ag na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 44.

4.  Féadfaidh na bearta a gcuirtear síos orthu i míreanna 1, 2 agus 3 a bheith mar chuid de chur chuige agus de phlean slándála cineálach ar an leibhéal náisiúnta lena gcuimseofar córais TF iomadúla. Sna cásanna sin, beidh na ceanglais a leagtar amach leis an Airteagal seo agus a infheidhmeacht maidir le SIS so-aitheanta sa phlean sin agus déanfar iad a áirithiú leis an bplean.

Airteagal 11

Rúndacht — na Ballstáit

1.  Déanfaidh gach Ballstát a chuid rialacha maidir le sicréideacht ghairmiúil nó dualgais choibhéiseacha eile i leith rúndachta a chur i bhfeidhm, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, maidir le gach duine agus gach comhlacht a gceanglaítear orthu oibriú le sonraí SIS agus le faisnéis fhorlíontach. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin freisin tar éis do na daoine sin imeacht as oifig nó scor den fhostaíocht nó tar éis fhoirceannadh ghníomhaíochtaí na gcomhlachtaí sin.

2.  I gcás ina ndéanann Ballstát comhar le conraitheoirí seachtracha i gcúraimí a bhaineann le SIS, déanfaidh sé faireachán géar ar ghníomhaíochtaí an chonraitheora chun a áirithiú go ndéanfar iad i gcomhréir le gach foráil de chuid an Rialacháin seo, go háirithe maidir le slándáil, rúndacht agus cosaint sonraí.

3.  Ní thabharfar de chúram ar chuideachtaí nó eagraíochtaí príobháideacha bainistiú oibríochtúil N.SIS ná bainistiú oibríochtúil aon chóipeanna teicniúla de N.SIS.

Airteagal 12

Logaí a choinneáil ar an leibhéal náisiúnta

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gach rochtain ar shonraí pearsanta atá in CS-SIS, agus gach malartú faisnéise pearsanta den sórt sin, a logáil ina N.SIS chun seiceáil a dhéanamh i dtaobh an raibh an cuardach dleathach, chun faireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí, chun féinfhaireachán a dhéanamh, chun feidhmiú iomchuí N.SIS, agus chun sláine sonraí agus slándáil a áirithiú chomh maith. Ní bhaineann an ceanglas sin leis na próisis uathoibríocha dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 4(6).

▼M1

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar gach rochtain ar shonraí pearsanta trí ESP a logáil freisin chun seiceáil a dhéanamh go raibh an cuardach dleathach nó nach bhfuil, chun faireachán a dhéanamh ar dhleathacht na próiseála sonraí, chun féinfhaireachán a dhéanamh, agus chun sláine agus slándáil sonraí a áirithiú.

▼B

2.  Léireoidh na logaí, go háirithe, stair an fholáirimh, dáta agus am na gníomhaíochta próiseála sonraí, na sonraí a úsáideadh chun cuardach a dhéanamh, tagairt do na sonraí a próiseáladh agus aitheantóirí úsáideora indibhidiúla, uathúla an údaráis inniúil agus an duine a phróiseáil na sonraí araon.

3.  De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, i gcás ina ndéantar an cuardach le sonraí dachtalascópacha nó le híomhá d'aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 43, léireoidh na logaí an cineál sonraí a úsáideadh chun cuardach a dhéanamh in áit na sonraí sin féin.

4.  Ní úsáidfear na logaí seo ach amháin chun na críche dá dtagraítear i mír 1 agus scriosfar iad 3 bliana tar éis a gcruthú. Déanfar na logaí ina n-áirítear stair na bhfoláireamh a scriosadh 3 bliana tar éis na foláirimh a scriosadh.

5.  Féadfar logaí a choinneáil ar feadh tréimhse níos faide ná na tréimhsí dá dtagraítear i mír 4 má tá gá leo ar mhaithe le nósanna imeachta faireacháin atá ar siúl cheana.

6.  Maidir leis na húdaráis inniúla náisiúnta atá i gceannas ar sheiceáil a dhéanamh i dtaobh an bhfuil cuardaigh dleathach, ar fhaireachán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na próiseála sonraí, ar fhéinfhaireachán a dhéanamh agus ar fheidhmiú iomchuí N.SIS agus sláine sonraí agus slándáil a áirithiú, beidh rochtain acu, i gcomhréir le teorainneacha a n-inniúlachta agus arna iarraidh sin dóibh, ar na logaí sin chun a gcuid dualgas a chomhall.

7.  I gcás ina ndéanann na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, cuardaigh scanta uathoibrithe ar uimhirphlátaí mótarfheithiclí trí úsáid a bhaint as córais Uathaitheanta Uimhirphlátaí, déanfaidh na Ballstáit loga den chuardach a choimeád i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Más gá, féadfar cuardach iomlán in SIS a dhéanamh chun a fhíorú ar baineadh amas amach. Beidh feidhm ag míreanna 1 go 6 maidir le cuardach iomlán ar bith.

8.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun ábhar an loga, dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo, a shuí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).

Airteagal 13

Féinfhaireachán

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh gach údarás atá i dteideal rochtain a fháil ar shonraí SIS na bearta is gá chun an Rialachán seo a chomhlíonadh agus go gcomhoibreoidh siad, más gá, leis an údarás maoirseachta.

Airteagal 14

Oiliúint foirne

1.  Sula ndéantar baill foirne na n-údarás ag a bhfuil ceart rochtana ar SIS a údarú chun sonraí a stóráiltear in SIS a phróiseáil, agus go tréimhsiúil tar éis rochtain ar shonraí SIS a dheonú dóibh, gheobhaidh na baill foirne sin oiliúint iomchuí faoi shlándáil sonraí, faoi chearta bunúsacha lena n-áirítear rialacha a bhaineann le cosaint sonraí agus faoi na nósanna imeachta maidir le próiseáil sonraí de réir mar a leagtar amach iad i Lámhleabhar SIRENE. Cuirfear an fhoireann ar an eolas faoi aon chionta coiriúla ábhartha agus aon phionóis ábhartha, lena n-áirítear iad siúd a dá bhforáiltear in Airteagal 73.

2.  Beidh clár oiliúna náisiúnta de chuid SIS ag na Ballstáit lena n-áireofar oiliúint d'úsáideoirí deiridh, chomh maith le foireann na mBiúrónna SIRENE.

Féadfaidh an clár oiliúna sin a bheith mar chuid de chlár oiliúna ginearálta ar an leibhéal náisiúnta lena gcuimseofar oiliúint i réimsí ábhartha eile.

3.  Eagrófar cúrsaí oiliúna coiteanna ar leibhéal an Aontais ar a laghad uair amháin in aghaidh na bliana chun feabhas a chur ar an gcomhar idir na Biúrónna SIRENE.



CAIBIDIL III

Freagrachtaí eu-LISA

Airteagal 15

Bainistiú oibríochtúil

1.  Beidh freagracht ar eu-LISA i ndáil le bainistiú oibríochtúil SIS Láir. I gcomhar leis na Ballstáit, áiritheoidh eu-LISA go ndéantar an teicneolaíocht is fearr dá bhfuil ar fáil a úsáid i gcónaí le haghaidh SIS Láir, faoi réir anailís costais agus tairbhe.

2.  Beidh freagracht ar eu-LISA freisin i ndáil leis na cúraimí seo a leanas a bhaineann leis an mBonneagar Cumarsáide:

(a) 

maoirseacht;

(b) 

slándáil;

(c) 

comhordú an chaidrimh idir na Ballstáit agus an soláthraí;

(d) 

cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid;

(e) 

fáil agus athnuachan; agus

(f) 

ábhair a bhaineann le conarthaí.

3.  Beidh freagracht ar eu-LISA freisin i ndáil leis na cúraimí seo a leanas a bhaineann le Biúrónna SIRENE agus le cumarsáid idir Biúrónna SIRENE:

(a) 

comhordú agus bainistiú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí tástála agus tacú leis na gníomhaíochtaí sin;

(b) 

na sonraíochtaí teicniúla maidir le malartú faisnéise forlíontaí idir Biúrónna SIRENE agus maidir leis an mBonneagar Cumarsáide a chothabháil agus a nuashonrú; agus

(c) 

tionchar athruithe teicniúla a bhainistiú i gcás ina ndéanann siad difear do SIS agus do mhalartú faisnéise forlíontaí idir Biúrónna SIRENE.

4.  Déanfaidh eu-LISA sásra agus nósanna imeachta maidir le seiceálacha cáilíochta a dhéanamh ar na sonraí in CS-SIS, déanfaidh sí iad a fhorbairt agus a chothabháil. Soláthróidh sí tuarascálacha tráthrialta do na Ballstáit ina leith sin.

Déanfaidh eu-LISA tuarascáil rialta a chlúdaíonn na saincheisteanna ar thángthas orthu agus na Ballstáit lena mbaineann a sholáthar don Choimisiún.

Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar fáil go rialta do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis na fadhbanna a bhí ann i dtaobh cáilíocht sonraí.

5.  Déanfaidh eu-LISA cúraimí a bhaineann le hoiliúint a chur ar fáil maidir le húsáid theicniúil SIS agus le bearta chun feabhas a chur ar cháilíocht shonraí SIS.

6.  Cuimseoidh bainistiú oibríochtúil SIS Láir na cúraimí go léir is gá chun SIS Láir a choinneáil i bhfeidhm 24 huaire an chloig in aghaidh an lae, 7 lá na seachtaine, i gcomhréir leis an Rialachán seo, go háirithe an obair chothabhála agus na forbairtí teicniúla is gá ar mhaithe le dea-oibriú an chórais. I measc na gcúraimí sin áireofar freisin go ndéantar comhordú agus bainistiú ar na gníomhaíochtaí tástála do SIS Láir agus do na N.SIS agus go dtacaítear leis na gníomhaíochtaí sin, lena n-áirithítear go n-oibríonn SIS Láir agus na N.SIS i gcomhréir leis na ceanglais theicniúla agus fheidhmiúla a leagtar amach in Airteagal 9 a chomhlíonadh.

7.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun ábhar an Bhonneagair Cumarsáide a shuí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).

Airteagal 16

Slándáil — eu-LISA

1.  Déanfaidh eu-LISA na bearta riachtanacha, lena n-áirítear plean slándála, plean leanúnachais gnó agus plean athshlánaithe ó thubaiste, a ghlacadh le haghaidh SIS Láir agus le haghaidh an Bhonneagair Cumarsáide chun an méid seo a leanas a bhaint amach:

(a) 

sonraí a chosaint go fisiciúil, lena n-áirítear trí phleananna teagmhasacha a dhéanamh chun bonneagar criticiúil a chosaint;

(b) 

rochtain ar shaoráidí próiseála sonraí a úsáidtear chun sonraí pearsanta a phróiseáil a dhiúltú do dhaoine neamhúdaraithe (rialú rochtana ar shaoráidí);

(c) 

léamh, cóipeáil, athrú nó baint neamhúdaraithe mheáin sonraí a chosc (rialú meáin sonraí);

(d) 

ionchur neamhúdaraithe sonraí a chosc chomh maith le cigireacht neamhúdaraithe, leasú neamhúdaraithe nó scriosadh neamhúdaraithe na sonraí pearsanta stóráilte (rialú stórála);

(e) 

cosc a chur ar dhaoine neamhúdaraithe a bhfuil trealamh cumarsáide sonraí á úsáid acu úsáid a bhaint as córais uathphróiseála sonraí (rialú úsáideoirí);

(f) 

próiseáil neamhúdaraithe sonraí atá in SIS agus aon mhodhnú sonraí nó aon scriosadh sonraí arna bpróiseáil in SIS a chosc (rialú iontrála sonraí);

(g) 

a áirithiú, maidir le daoine atá údaraithe chun úsáid a bhaint as córas uathoibrithe próiseála sonraí, nach bhfuil rochtain acu ach ar na sonraí a chumhdaítear faoina n-údarú rochtana, trí bhíthin aitheantóirí úsáideora atá indibhidiúil agus uathúil agus modhanna rochtana rúnda amháin (rialú rochtana ar shonraí);

(h) 

próifílí a chruthú ina dtuairiscítear a bhfeidhmeanna agus a bhfreagrachtaí siúd atá údaraithe chun rochtain a fháil ar na sonraí nó ar na saoráidí próiseála sonraí agus na próifílí sin a chur ar fáil gan mhoill don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, arna iarraidh sin don té sin (próifílí pearsanra);

(i) 

a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuí cé acu de na comhlachtaí ar féidir sonraí pearsanta a tharchur chucu agus trealamh cumarsáide sonraí á úsáid (rialú cumarsáide);

(j) 

a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuí ina dhiaidh sin cé acu de na sonraí pearsanta a cuireadh isteach i gcórais uathphróiseála sonraí, cén uair a cuireadh isteach na sonraí sin agus cé a chuir isteach iad (rialú ionchuir);

(k) 

cosc a chur ar léamh, ar chóipeáil, ar mhodhnú nó ar scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta le linn sonraí pearsanta a tharchur nó le linn meáin sonraí a iompar, go háirithe trí bhíthin teicnící criptithe iomchuí (rialú iompair);

(l) 

faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart slándála dá dtagraítear sa mhír seo agus na bearta eagrúcháin um fhaireachán inmheánach is gá a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil siad i gcomhréir leis an Rialachán seo (féin-iniúchóireacht);

(m) 

a áirithiú go bhféadfar, i gcás ina dtarlódh briseadh sa chóras, na córais suiteáilte a athshlánú mar is ceart (aisghabháil);

(n) 

a áirithiú go gcomhlíonfaidh SIS a fheidhmeanna a chomhlíonadh i gceart, go dtuairisceofar fabhtanna (iontaofacht) agus nach féidir sonraí pearsanta atá stóráilte in SIS a thruailliú trí bhíthin mhífheidhmiú an chórais (sláine); agus

(o) 

slándáil shuíomhanna teicniúla SIS a áirithiú.

2.  Déanfaidh eu-LISA bearta atá coibhéiseach leo sin dá dtagraítear i mír 1 maidir le slándáil i leith faisnéis fhorlíontach a phróiseáil agus a mhalartú tríd an mBonneagar Cumarsáide.

Airteagal 17

Rúndacht — eu-LISA

1.  Gan dochar d'Airteagal 17 de Rialacháin Foirne, déanfaidh eu-LISA rialacha iomchuí maidir le sicréideacht ghairmiúil nó dualgais choibhéiseacha eile i leith rúndachta, ar rialacha agus dualgais iad lena ngabhann caighdeáin atá inchomparáide leo sin a leagtar síos in Airteagal 11 den Rialachán seo, a chur i bhfeidhm maidir leis na baill foirne go léir dá cuid ar gá dóibh oibriú le sonraí SIS. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin chomh maith tar éis do na daoine sin imeacht as oifig nó scor den fhostaíocht nó tar éis fhoirceannadh a ngníomhaíochtaí.

2.  Déanfaidh eu-LISA bearta atá coibhéiseach leo sin dá dtagraítear i mír 1 maidir le rúndacht i leith faisnéis fhorlíontach a mhalartú tríd an mBonneagar Cumarsáide.

3.  Nuair a dhéanann eu-LISA comhar le conraitheoirí seachtracha i gcúraimí a bhaineann le ETIAS, déanfaidh sé faireachán géar ar gníomhaíochtaí an chonraitheora chun a áirithiú go mbeidh an conraitheoir i gcomhréir le gach foráil de chuid an Rialacháin seo, go háirithe maidir le slándáil, rúndacht agus cosaint sonraí.

4.  Ní thabharfar de chúram ar chuideachtaí nó eagraíochtaí príobháideacha bainistiú oibríochtúil CS-SIS.

Airteagal 18

Logaí a choinneáil ar an leibhéal lárnach

1.  Áiritheoidh eu-LISA go ndéanfar gach rochtain ar shonraí pearsanta, agus gach malartú sonraí pearsanta, atá in CS-SIS a logáil chun na gcríoch a luaitear in Airteagal 12(1).

2.  Léireoidh na logaí, go háirithe, stair an fholáirimh, dáta agus am na gníomhaíochta próiseála sonraí, na sonraí a úsáideadh chun cuardach a dhéanamh, tagairt do na sonraí a phróiseáiltear agus aitheantóirí úsáideora indibhidiúla, uathúla an údaráis inniúil agus an duine ar a bhfuil freagracht i ndáil le próiseáil na sonraí araon.

3.  De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, i gcás ina ndéantar an cuardach le sonraí dachtalascópacha nó le híomhánna d'aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 43, léireoidh na logaí an cineál sonraí a úsáideadh chun cuardach a dhéanamh in áit na sonraí sin féin.

4.  Ní fhéadfar na logaí a úsáid ach amháin chun na críche dá dtagraítear i mír 1 agus scriosfar iad3 bliana tar éis a gcruthaithe. Déanfar na logaí ina n-áirítear stair na bhfoláireamh a scriosadh 3 bliana tar éis na foláirimh a scriosadh.

5.  Féadfar logaí a choinneáil ar feadh tréimhse níos faide ná na tréimhsí dá dtagraítear i mír 4 má tá gá leo ar mhaithe le nósanna imeachta faireacháin atá ar siúl cheana.

6.  Chun críocha féinfhaireacháin agus chun feidhmiú ceart CS-SIS mar aon le sláine agus slándáil sonraí a áirithiú, beidh teacht ag eu-LISA ar na logaí sin, laistigh de theorainneacha a inniúlachta.

Beidh rochtain ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar na logaí sin laistigh de theorainneacha a inniúlachta agus arna iarraidh sin dó, chun a chuid dualgas a chomhall.



CAIBIDIL IV

Faisnéis don phobal

Airteagal 19

Feachtas faisnéise SIS

Nuair a chuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm ar dtús, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na húdaráis mhaoirseachta agus leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, feachtas a chur i gcrích chun faisnéis a thabhairt don phobal faoi chuspóirí SIS, faoi na sonraí a stóráiltear in SIS, faoi na húdaráis a bhfuil rochtain acu ar SIS agus faoi na cearta atá ag ábhair sonraí. Déanfaidh an Coimisiún feachtais den sórt sin a chur i gcrích arís, i gcomhar leis na húdaráis mhaoirseachta agus leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. Déanfaidh an Coimisiún suíomh gréasáin ar a mbeidh teacht ag an bpobal a chothabháil ina mbeidh an fhaisnéis ábhartha uile a bhaineann le SIS ar fáil. Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhar lena n-údaráis mhaoirseachta, na beartais is gá chun faisnéis ghinearálta faoi SIS a thabhairt dá saoránaigh agus dá gcónaitheoirí a cheapadh agus a chur chun feidhme.



CAIBIDIL V

Catagóirí sonraí agus bratach a chur isteach

Airteagal 20

Catagóirí sonraí

1.  Gan dochar d'Airteagal 8(1) nó d'fhorálacha an Rialacháin seo lena ndéantar foráil maidir le stóráil sonraí breise, ní bheidh in SIS ach na catagóirí sonraí sin a sholáthraíonn gach Ballstát, de réir mar a éilítear chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagail 26, 32, 34, 36, 38 agus 40.

2.  Is mar a leanas a bheidh na catagóirí sonraí:

(a) 

faisnéis faoi dhaoine a bhfuil foláireamh iontráilte i ndáil leo;

(b) 

faisnéis faoi ábhair dá dtagraítear in Airteagal 26, 32, 34, 36 agus 38.

3.  Ní bheidh ach na sonraí seo a leanas in aon fholáireamh ina mbeidh faisnéis faoi dhaoine:

(a) 

sloinnte;

(b) 

céadainmneacha;

(c) 

ainmneacha tráth breithe;

(d) 

ainmneacha agus ailiasanna a úsáideadh roimhe sin;

(e) 

aon saintréithe sonracha, oibiachtúla, fisiceacha nach bhféadfá a athrú;

(f) 

áit bhreithe;

(g) 

dáta breithe;

(h) 

inscne;

(i) 

náisiúntacht, agus más ann dóibh, aon náisiúntachtaí eile;

(j) 

cibé acu an bhfuil an méid a leanas fíor i gcás an duine lena mbaineann:

(i) 

tá an duine armtha;

(ii) 

is duine foréigneach é;

(iii) 

theith sé nó d'éalaigh sé;

(iv) 

tá an baol ann go gcuirfidh sé lámh ina bhás féin;

(v) 

is baol é don tsláinte phoiblí; nó

(vi) 

tá an duine páirteach i ngníomhaíocht dá dtagraítear in Airteagal 3 go 14 de Threoir (AE) 2017/541;

(k) 

cúis an fholáirimh;

(l) 

an t-údarás a chruthaigh an foláireamh;

(m) 

tagairt don chinneadh is cúis leis an bhfoláireamh;

(n) 

an beart atá le déanamh i gcás amas a fháil;

(o) 

naisc le foláirimh eile atá iontráilte de bhun Airteagal 63;

(p) 

an cineál ciona ar ina leith a eisíodh an foláireamh;

(q) 

uimhir chláraithe an duine i gclár náisiúnta;

(r) 

i gcás foláirimh dá dtagraítear in Airteagal 32(1), catagóiriú an chineáil cáis;

(s) 

catagóir dhoiciméid aitheantais an duine;

(t) 

tír eisiúna dhoiciméid aitheantais an duine;

(u) 

líon na ndoiciméad aitheantais atá ag an duine;

(v) 

dáta eisiúna dhoiciméid aitheantais an duine;

(w) 

grianghraif agus íomhánna d'aghaidh;

(x) 

i gcomhréir le hAirteagal 42 (3), próifílí DNA ábhartha;

(y) 

sonraí dachtalascópacha;

(z) 

cóip de dhoiciméid sainaitheantais an duine, daite más féidir.

4.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun rialacha teicniúla a bhfuil gá leo maidir le hiontráil, nuashonrú, scriosadh agus cuardach na sonraí dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo, chomh maith leis na comhchaighdeáin dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, a leagan síos agus a fhorbairt. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).

5.  Beidh rialacha teicniúla comhchosúil le chéile maidir le cuardaigh in CS-SIS, i gcóipeanna náisiúnta nó i gcóipeanna roinnte agus i gcóipeanna teicniúla a rinneadh faoi Airteagal 56(2). Beidh siad bunaithe ar chomhchaighdeáin.

Airteagal 21

Comhréireacht

1.  Sula ndéantar foláireamh a iontráil agus nuair atá tréimhse bhailíochta foláirimh á fadú, déanfaidh na Ballstáit cinneadh i dtaobh an bhfuil an cás leordhóthanach, ábhartha agus tábhachtach go leor le gur gá foláireamh ina leith a bheith in SIS.

2.  I gcás ina mbíonn duine nó ábhar á lorg faoi fholáireamh a bhaineann le cion sceimhlitheoireachta, measfar go bhfuil an cás leordhóthanach, ábhartha agus tábhachtach go leor le gur gá foláireamh a bheith in SIS. Ar chúiseanna slándála poiblí nó náisiúnta, is féidir a cheadú don Bhallstáit, ar bhonn eisceachtúil, staonadh ó fholáireamh a iontráil, nuair is móide go gcuirfeadh sé sin bac ar fhiosrúcháin, imscrúduithe nó nósanna imeachta oifigiúla nó dlíthiúla.

Airteagal 22

Ceanglas maidir le foláireamh a iontráil

1.  Is iad na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a), (g), (k), agus (n) d'Airteagal 20(3), an t-íostacar sonraí a bheidh de dhíth chun gur féidir foláireamh a chur isteach in SIS, cé is moite de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 40. Cuirfear in SIS freisin na sonraí eile dá dtagraítear sa mhír sin ach iad a bheith ar fáil.

2.  Ní dhéanfar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 20(3) den Rialachán seo a chur isteach ach amháin nuair a bhíonn géarghá leis d'fhonn an duine lena mbaineann a shainaithint. Nuair a chuirfear sonraí den sórt sin isteach, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonadh Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2016/680.

Airteagal 23

Comhoiriúnacht na bhfoláireamh

1.  Sula n-iontrálfar foláireamh, seiceálfaidh Ballstát an bhfuil foláireamh i leith an duine nó i leith an ábhair lena mbaineann in SIS cheana féin. Chun a sheiceáil an bhfuil foláireamh ann i leith an duine cheana, déanfar seiceáil le sonraí dachtalascópacha freisin, má tá na sonraí sin ar fáil.

2.  Ní dhéanfaidh aon Bhallstát ach foláireamh amháin in aghaidh an duine nó in aghaidh an ábhair a iontráil in SIS. I gcás inar gá, féadfaidh Ballstáit eile foláirimh nua i leith an duine chéanna nó an ábhair chéanna a chur isteach, i gcomhréir le mír 3.

3.  I gcás duine nó ábhar a bhfuil foláireamh ina leith in SIS cheana féin, seiceálfaidh an Ballstát sin, ar mian leis foláireamh nua a iontráil, nach bhfuil aon neamh-chomhoiriúnacht idir na foláirimh. I gcás nach mbíonn neamh-chomhoiriúnacht ann, féadfaidh an Ballstát an foláireamh nua a chur isteach. I gcás ina mbíonn na foláirimh neamh-chomhoiriúnach, rachaidh na Biúrónna SIRENE den Bhallstáit lena mbaineann i gcomhairle le chéile trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú d'fhonn teacht ar chomhaontú. Déanfar rialacha maidir le comhoiriúnacht na bhfoláireamh a leagan síos i Lámhleabhar SIRENE. Is féidir imeacht ó na rialacha comhoiriúnachta tar éis an chomhairliúcháin idir na Ballstáit i gcás ina mbíonn leasanna riachtanacha náisiúnta i mbaol.

4.  I gcás ina bhfaightear amais chomhuaineacha maidir le roinnt foláireamh i leith an duine nó an ábhair chéanna, leanfaidh an Ballstát forghníomhaitheach na rialacha tosaíochta maidir le foláirimh, a leagtar síos i Lámhleabhar SIRENE.

I gcás ina mbeidh an t-iliomad foláireamh ann i leith duine, a eiseoidh Ballstáit éagsúla, déanfar foláirimh maidir le gabháil, a iontráilfear i gcomhréir le hAirteagal 26, a fhorghníomhú mar thosaíocht, faoi réir Airteagal 25.

Airteagal 24

Forálacha ginearálta maidir le meastóireacht

1.  I gcás ina measann Ballstát, maidir le héifeacht a thabhairt d'fholáireamh a iontráiltear i gcomhréir le hAirteagal 26, le hAirteagal 32 nó le hAirteagal 36, go bhfuil an foláireamh sin ar neamhréir lena dhlí náisiúnta, lena oibleagáidí idirnáisiúnta nó le leasanna bunúsacha náisiúnta, féadfaidh sé a cheangal go gcuirfear bratach leis an bhfoláireamh á chur in iúl nach ndéanfar an ghníomhaíocht, atá le cur i gcrích ar bhonn an fholáirimh, ar a chríoch. Déanfaidh Biúró SIRENE an Bhallstáit eisiúna an bhratach a chur isteach.

2.  Chun a chur ar chumas na mBallstát a cheangal go gcuirfear bratach le foláireamh arna iontráil i gcomhréir le hAirteagal 26, déanfar fógra maidir le haon fholáireamh nua den chatagóir sin a thabhairt go huathoibríoch do na Ballstáit go léir trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú.

3.  Más rud é, i gcásanna fíorphráinneacha agus fíorthromchúiseacha, go n-iarrann Ballstát eisiúna go ndéanfar an ghníomhaíocht a fhorghníomhú, déanfaidh an Ballstát a mbeidh an foláireamh á fhorghníomhú aige scrúdú i dtaobh an bhfuil sé in ann an bhratach atá curtha isteach, arna iarraidh sin dó, a tharraingt siar. Má tá an Ballstát forghníomhaitheach in ann a leithéid a dhéanamh, déanfaidh sé na bearta riachtanacha go léir lena áirithiú gur féidir an ghníomhaíocht a dhéanamh láithreach.

Airteagal 25

Bratacha a bhaineann le foláirimh maidir le gabháil chun críoch tabhairt suas

1.  I gcás feidhm a bheith ag Cinneadh Réime 2002/584/CGB, iarrfaidh Ballstát ar an Ballstát eisiúna bratach lena gcoisctear gabháil mar ghníomh leantach a chur le foláireamh maidir le gabháil chun críoch tabhairt suas i gcás ina mbeidh an t-údarás breithiúnach inniúil tar éis forghníomhú Barántais Gabhála Eorpaigh a dhiúltú faoin dlí náisiúnta a bhaineann le forghníomhú den sórt sin ar bhonn forais maidir le neamh-fhorghníomhú agus i gcás ina raibh gá le bratach a chur isteach.

Féadfaidh Ballstáit a cheangal freisin go gcuirfí bratach leis an bhfoláireamh más rud é go scaoileann a údarás breithiúnach inniúil an té is ábhar don fholáireamh le linn an phróisis um thabhairt suas.

2.  Arna iarraidh sin d'údarás breithiúnach inniúil faoin dlí náisiúnta, áfach, ar bhonn treoir ghinearálta nó i gcás sonrach, d'fhéadfadh sé, freisin, go mbeidh gá le bratach a chur le foláireamh maidir le gabháil chun críoch tabhairt suas más léir nach mór forghníomhú an Bharántais Gabhála Eorpaigh a dhiúltú.



CAIBIDIL VI

Foláirimh maidir le daoine a bhFuiltear sa tóir orthu lena nGabháil chun críoch tabhairt suas nó eiseachadta

Airteagal 26

Cuspóirí agus coinníollacha a ghabhann le hiontráil foláireamh

1.  Déanfar foláirimh faoi dhaoine a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críoch tabhairt suas ar bhonn Barántas Gabhála Eorpach nó a bhfuiltear sa tóir orthu, nó foláirimh faoi dhaoine a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críoch eiseachadta a iontráil arna iarraidh sin d'údarás breithiúnach an Bhallstáit eisiúna.

2.  Déanfar sonraí faoi dhaoine a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críoch tabhairt suas a iontráil freisin ar bhonn barántais ghabhála arna n-eisiúint i gcomhréir le Comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha ar bhonn na gConarthaí chun daoine a thabhairt suas ar bhonn barántas gabhála, ar comhaontuithe iad lena ndéantar foráil maidir le tarchur barántais gabhála den sórt sin trí SIS.

3.  Déanfar aon tagairt sa Rialachán seo d'fhorálacha Chinneadh Réime 2002/584/CGB a fhorléiriú mar ní a fholaíonn forálacha comhfhreagracha de chuid Comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha ar bhonn na gConarthaí chun daoine a thabhairt suas ar bhonn barántas gabhála, ar comhaontuithe iad lena ndéantar foráil maidir le tarchur barántais gabhála den sórt sin trí SIS.

4.  I gcás oibríocht leanúnach, féadfaidh an Ballstát eisiúna a chur faoi deara nach mbeidh foláireamh atá ann cheana maidir le gabháil a iontrálfar i gcomhréir leis an Airteagal seo ar fáil go sealadach lena chuardach ag na húsáideoirí deiridh sna Ballstáit atá páirteach san oibríocht. Sa chás sin, ní bheidh an foláireamh inrochtana ach amháin do Bhiúrónna SIRENE. Ní dhéanfaidh na Ballstáit amhlaidh ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a) 

ní féidir cuspóir na hoibríochta a bhaint amach trí aon bhearta eile;

(b) 

tá réamhúdarú tugtha ag údarás breithiúnach inniúil an Bhallstáit eisiúna; agus

(c) 

cuireadh gach Ballstáit atá rannpháirteach san oibríocht ar an eolas tríd an bhfaisnéis fhorlíontach a mhalartú.

Ní úsáidfear an fheidhmiúlacht dá bhforáiltear sa chéad fhomhír ach ar feadh tréimhse nach faide ná 48 n-uaire an chloig. Mar sin féin, más gá, ó thaobh cúrsaí oibríochtúla de, féadfar an tréimhse sin a fhadú go ceann tréimhsí breise 48 n-uaire an chloig. Coinneoidh na Ballstáit staidreamh faoin líon foláireamh ar úsáideadh an fheidhmiúlacht sin ina leith.

5.  I gcás inar léir go bhfuil na hábhair dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c), (e), (g), (h), (j) agus (k) d'Airteagal 38(2) bainteach le duine is ábhar d'fholáireamh de bhun mhír 1 agus mír 2 den Airteagal seo, féadfar foláirimh faoi na hábhair sin a eisiúint chun an duine a aimsiú. Sna cásanna sin, déanfar an foláireamh faoin duine agus an foláireamh faoin ábhar a nascadh i gcomhréir le hAirteagal 63.

6.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na rialacha a bhfuil gá leo maidir le hiontráil, nuashonrú, scriosadh agus cuardach na sonraí dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a leagan síos agus a fhorbairt. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).

Airteagal 27

Sonraí breise faoi dhaoine a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críoch tabhairt suas

1.  I gcás ina bhfuiltear sa tóir ar dhuine lena ghabháil chun críoch tabhairt suas ar bhonn Barántas Gabhála Eorpach, déanfaidh an Ballstát eisiúna cóip den Bharántas Gabhála Eorpach bunaidh a iontráil in SIS.

Féadfaidh Ballstát cóip de níos mó ná Barántas Gabhála Eorpach amháin a iontráil i bhfoláireamh maidir le gabháil chun críoch tabhairt suas.

2.  Féadfaidh an Ballstát eisiúna cóip d'aistriúchán ar an mBarántas Gabhála Eorpach i gceann amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais a iontráil.

Airteagal 28

Faisnéis fhorlíontach faoi dhaoine a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críoch tabhairt suas

Déanfaidh an Ballstát eisiúna a d'iontráil foláireamh chun duine a ghabháil chun críocha tabhairt suas an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB a chur in iúl do na Ballstáit eile trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú.

Airteagal 29

Faisnéis fhorlíontach faoi dhaoine a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críoch eiseachadta

1.  Déanfaidh an Ballstát a d'iontráil an foláireamh in SIS chun críoch eiseachadta na sonraí seo a leanas a chur in iúl do na Ballstáit uile eile trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú:

(a) 

an t-údarás a d'eisigh an iarraidh ar ghabháil;

(b) 

faisnéis i dtaobh an bhfuil barántas gabhála nó doiciméad lena ngabhann an éifeacht dhlíthiúil chéanna, nó breithiúnas in-fhorghníomhaithe, ann;

(c) 

cineál agus aicmiú dlíthiúil an chiona;

(d) 

tuairisc ar na himthosca ina ndearnadh an cion, lena n-áirítear an t-am, an áit agus an leibhéal rannpháirteachais sa chion ag an duine ar eisíodh an foláireamh ina leith;

(e) 

a mhéid is féidir, iarmhairtí an chiona;

(f) 

aon fhaisnéis eile atá úsáideach nó riachtanach i ndáil le forghníomhú an fholáirimh.

2.  Ní dhéanfar na sonraí a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo a chur in iúl i gcás ina ndearnadh na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 27 nó in Airteagal 28 a sholáthar cheana agus ina meastar go bhfuil siad leordhóthanach ar mhaithe le forghníomhú an fholáirimh ag an mBallstát lena mbaineann.

Airteagal 30

Athrú ar ghníomh a bheidh le déanamh maidir le foláirimh faoi dhaoine a bhfuiltear sa tóir orthu lena ngabháil chun críoch tabhairt suas nó chun críoch eiseachadta

I gcás nach féidir gabháil a dhéanamh toisc go ndiúltaíonn Ballstát sin a dhéanamh, i gcomhréir leis na nósanna imeachta maidir le bratacha a leagtar amach in Airteagal 24 nó in Airteagal 25, nó toisc, i gcás foláireamh maidir le gabháil chun críoch eiseachadta, nach bhfuil imscrúdú curtha i gcrích, gníomhóidh an Ballstát de bhun an fholáireamh tríd an áit ina bhfuil an duine lena mbaineann a chur in iúl.

Airteagal 31

Forghníomhú gníomhaíochta ar bhonn foláirimh faoi dhuine a bhfuiltear sa tóir air lena ghabháil d'fhonn é a thabhairt suas nó chun críocha eiseachadta

1.  Is ionann foláireamh a iontráiltear in SIS i gcomhréir le hAirteagal 26, mar aon leis na sonraí breise dá dtagraítear in Airteagal 27, agus Barántas Gabhála Eorpach arna eisiúint i gcomhréir le Cinneadh Réime 2002/584/CGB i gcás ina bhfuil feidhm ag an gCinneadh Réime sin agus beidh an éifeacht chéanna aige agus atá ag Barántas Gabhála Eorpach den sórt sin.

2.  I gcás nach bhfuil feidhm ag Cinneadh Réime 2002/584/CGB, beidh an éifeacht dhlíthiúil chéanna ag foláireamh arna iontráil in SIS i gcomhréir le hAirteagal 26 agus le hAirteagal 29 agus atá ag iarraidh ar ghabháil shealadach faoi Airteagal 16 de Choinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh an 13 Nollaig 1957 nó faoi Airteagal 15 de Chonradh Benelux maidir le hEiseachadadh agus Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla an 27 Meitheamh 1962.



CAIBIDIL VII

Foláirimh faoi dhaoine atá ar iarraidh nó faoi dhaoine leochaileacha ar gá iad a chosc ó bheith ag taisteal

Airteagal 32

Cuspóirí agus coinníollacha a ghabhann le heisiúint foláireamh

1.  Déanfar foláirimh faoi na catagóirí daoine seo a leanas a iontráil in SIS arna iarraidh sin d'údarás inniúil an Bhallstáit a eisíonn an foláireamh:

(a) 

daoine ar iarraidh ar gá iad a chur faoi chosaint

(i) 

ar mhaithe lena gcosaint;

(ii) 

d'fhonn cosc a chur le bagairt ar an ord poiblí nó ar an tslándáil phoiblí;

(b) 

daoine atá ar iarraidh nach gá a chur faoi chosaint;

(c) 

leanaí atá i mbaol a bhfuadaithe ag tuismitheoir, ag ball teaghlaigh nó ag caomhnóir, i gcomhréir le mír 4 nach mór a chosc ó thaisteal;

(d) 

leanaí ar gá iad a chosc ó bheith ag taisteal agus a bhfuil riosca nithiúil, dealraitheach ina leith go n-aistreofar ó chríoch Bhallstáit iad nó go n-imeoidh siad ón gcríoch sin agus

(i) 

go mbeidh siad mar íospartaigh maidir leis an ngáinneáil ar dhaoine nó mar íospartaigh maidir leis an bpósadh éigeantais nó ciorrú ball giniúna ban nó foirmeacha eile foréigin inscnebhunaithe,

(ii) 

go mbeidh siad mar íospartaigh maidir leis na cionta a liostaítear in Airteagal 6 go hAirteagal 10 de Threoir (AE) 2017/541, nó go mbeidh siad páirteach sna cionta sin; nó

(iii) 

go gcoinscríobhfar nó go liostálfar iad i ngrúpaí armtha nó go gcuirfear iallach orthu páirt ghníomhach a ghlacadh i gcogaíocht;

(b) 

daoine leochaileacha atá tagtha i lán-aois agus ar gá iad a chosc ó bheith ag taisteal ar mhaithe lena gcosaint féin a bhfuil baol nithiúil dealraitheach ann ina leith go dtógfar iad ó chríoch Bhallstáit nó go n-imeoidh siad ón gcríoch sin agus go mbeidh siad ina n-íospartaigh ó thaobh na gáinneála ar dhaoine nó an fhoréigin inscnebhunaithe.

2.  Beidh feidhm ag pointe (a) de mhír 2 go háirithe maidir le leanaí agus maidir le daoine ar gá iad a chur in institiúid de réir cinneadh ó údarás inniúil.

3.  Déanfar foláireamh maidir le leanbh dá dtagraítear i mír 2(c) a iontráil tar éis cinneadh a bheith déanta ag na húdaráis inniúla, lena n-áirítear údaráis bhreithiúnacha na mBallstát a bhfuil dlínse acu in ábhair maidir le freagracht tuismitheora, i gcás ina bhfuil baol nithiúil dealraitheach ann go bhféadfadh sé go ndéanfaí an leanbh a ghar-aistriú go neamhdhleathach as an mBallstát ina bhfuil na húdaráis inniúla lonnaithe.

4.  Déanfar foláireamh maidir le daoine dá dtagraítear i mír 2 (d) agus (e) a iontráil tar éis cinneadh ó na húdaráis inniúla, lena n-áirítear na húdaráis bhreithiúnacha.

5.  Breithneoidh an Ballstát eisiúna, go tráthrialta, an gá na foláirimh dá dtagraítear i mír 2 (c), (d) agus (e) i gcomhréir le Airteagal 51(3) a choinneáil.

6.  Áiritheoidh an Ballstát eisiúna gach ceann de na nithe seo a leanas:

(a) 

go léireoidh na sonraí a iontráiltear in SIS cé acu na catagóirí dá dtagraítear i mír 1 ina bhfuil an duine;

(b) 

go léireoidh na sonraí a iontráiltear in SIS cén cineál cáis atá i gceist, más rud é gurb eol an cineál cáis; agus

(c) 

maidir le foláirimh a eisítear i gcomhréir le pointí (c), (d) agus (e) de mhír 1, go bhfuil gach faisnéis ábhartha curtha ar fáil ag Biúró SIRENE an Bhallstáit eisiúna tráth cruthaithe an fholáirimh.

7.  Ceithre mhí sula slánóidh leanbh is ábhar d'fholáireamh faoin Airteagal seo lán-aois i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit eisiúna, déanfaidh CS-SIS fógra a thabhairt go huathoibríoch don Bhallstát eisiúna á rá nach mór an chúis le hiarraidh agus an ghníomhaíocht atá le déanamh a nuashonrú nó nach mór an foláireamh a scriosadh.

8.  I gcás inar léir go bhfuil na hábhair dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c), (e), (g), (h) agus (j) d'Airteagal 38(2) bainteach le duine is ábhar d'fholáireamh de bhun mhír 1 den Airteagal seo, féadfar foláirimh faoi na hábhair sin a eisiúint chun an duine a aimsiú. Sna cásanna sin, déanfar an foláireamh faoin duine agus an foláireamh faoin ábhar a nascadh i gcomhréir le hAirteagal 63.

9.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun rialacha a leagan síos agus a fhorbairt maidir le catagóiriú na gcineálacha cásanna agus maidir le hiontráil sonraí dá dtagraítear i mír 6. Sna cineálacha cásanna sin a bhaineann le daoine atá ar iarraidh agus ar leanaí iad, áireofar, gan a bheith teoranta dóibh, éalaithigh, leanaí gan tionlacan i gcomhthéacs na himirce agus leanaí atá i mbaol a bhfuadaithe ag tuismitheoir.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme, freisin, chun rialacha teicniúla a leagan síos agus a fhorbairt a theastóidh chun na sonraí dá dtagraítear i mír 8 a iontráil, a nuashonrú, a scriosadh agus a chuardach.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).

Airteagal 33

Forghníomhú gníomhaíochta ar bhonn foláirimh

1.  I gcás ina n-aimsítear duine dá dtagraítear in Airteagal 32, déanfaidh na húdaráis inniúla, faoi réir cheanglais mhír 1, an áit ina bhfuil an duine a chur in iúl don Bhallstát a d'eisigh an foláireamh.

2.  I gcás daoine ar gá iad a chur faoi chosaint mar dá dtagraítear i bpointe (a), (c), (d) agus (e) d'Airteagal 32(1), rachaidh an Ballstát forghníomhaitheach i gcomhairle láithreach lena n-údaráis inniúla agus le húdaráis inniúla an Bhallstáit eisiúna trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú d'fhonn teacht ar chomhaontú gan mhoillar na bearta atá le déanamh. Féadfaidh na húdaráis inniúla sa Bhallstát forghníomhaitheach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, na daoine sin a aistriú chuig áit shábháilte chun cosc a chur orthu leanúint dá dturas.

3.  I gcás leanaí, aon chinneadh maidir leis na bearta a bheidh le déanamh nó aon chinneadh chun an leanbh a aistriú chuig áit shábháilte dá dtagraítear i mír 2, déanfar é i gcomhréir le leas an linbh. Déanfar na cinntí sin láithreach bonn, agus tráth nach déanaí ná 12 uair an chloig ón am a n-aimsítear an leanbh, i gcomhairle leis na húdaráis ábhartha cosanta leanaí, de réir mar is iomchuí.

4.  Maidir le cur in iúl sonraí faoi dhuine ar iarraidh atá aimsithe agus ag a bhfuil lán-aois, seachas cur in iúl na sonraí sin idir na húdaráis inniúla, beidh sé faoi réir toiliú a fháil ón duine sin. Féadfaidh na húdaráis inniúla, áfach, a chur in iúl don duine a thuairiscigh go raibh an duine ar iarraidh go ndearnadh an foláireamh a scriosadh ós rud é gur aimsíodh an duine ar iarraidh.



CAIBIDIL VIII

Foláirimh faoi dhaoine atá á lorg chun cúnamh a thabhairt maidir le nós imeachta breithiúnach

Airteagal 34

Cuspóirí agus coinníollacha a ghabhann le heisiúint foláireamh

1.  Chun áit chónaithe nó sainchónaithe daoine a chur in iúl, déanfaidh na Ballstáit, arna iarraidh sin d'údarás inniúil, foláirimh a iontráil maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

finnéithe;

(b) 

daoine a thoghairtear nó daoine atá á lorg chun láithriú os comhair na n-údarás breithiúnach i dtaca le himeachtaí coiriúla chun go dtabharfaidís cuntas faoi ghníomhartha a bhfuil siad á n-ionchúiseamh ina leith;

(c) 

daoine a bhfuil breithiúnas coiriúil, nó doiciméid eile a bhaineann le himeachtaí coiriúla, le seirbheáil orthu chun go dtabharfaidís cuntas faoi ghníomhartha a bhfuil siad á n-ionchúiseamh ina leith;

(d) 

daoine a bhfuil toghairm le seirbheáil orthu chun teacht i láthair chun pionós a mbaineann cailleadh saoirse leis a chur i gcrích.

2.  I gcás inar léir go bhfuil na hábhair dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c), (e), (g), (h) agus (k) d'Airteagal 38(2) bainteach le duine is ábhar d'fholáireamh de bhun mhír 1 den Airteagal seo, féadfar foláirimh faoi na hábhair sin a eisiúint chun an duine a aimsiú. I gcásanna den sórt sin, déanfar an foláireamh faoin duine agus an foláireamh faoin ábhar a nascadh i gcomhréir le hAirteagal 63.

3.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na rialacha teicniúla a bhfuil gá leo maidir le hiontráil, nuashonrú, scriosadh agus cuardach na sonraí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a leagan síos agus a fhorbairt. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).

Airteagal 35

Forghníomhú na gníomhaíochta ar bhonn foláirimh

Déanfar faisnéis atá iarrtha a chur in iúl don Bhallstát eisiúna trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú.



CAIBIDIL IX

Foláirimh faoi dhaoine agus faoi ábhair ar mhaithe le seiceálacha discréideacha, seiceálacha fiosrúcháin nó seiceálacha sonracha a dhéanamh

Airteagal 36

Cuspóirí agus coinníollacha a ghabhann le heisiúint foláireamh

▼C1

1.  Déanfar sonraí faoi dhaoine, faoi na hábhair dá dtagraítear i bpointe (a), (b), (c), (e), (g), (h), (j), (k) agus (l) d’Airteagal 38(2) agus faoi mheáin íocaíochta neamhairgid a iontráil i gcomhréir le dlí náisiúnta Bhallstát eisiúna an fholáirimh ar mhaithe le seiceálacha discréideacha, seiceálacha fiosrúcháin nó seiceálacha sonracha a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 37(3), (4) agus (5).

▼B

2.  Má tá foláirimh á n-eisiúint ar mhaithe le seiceálacha discréideacha, seiceálacha fiosrúcháin nó seiceálacha sonracha a dhéanamh agus má tá an fhaisnéis atá á lorg ag an mBallstáit eisiúna sa bhreis ar an méid dá bhforáiltear i bpointí (a) go (h) d'Airteagal 37(1), cuirfidh an Ballstát eisiúna an fhaisnéis ar fad atá á lorg in éineacht leis an bhfoláireamh. Má bhaineann an fhaisnéis sin le catagóirí speisialta de shonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 10 de Threoir (AE) 2016/680, ní fhéadfar í a iarraidh ach amháin má tá dearbhghá léi chun críche sainiúla an fholáirimh, agus má tá dearbhghá léi don chion coiriúil ar eisíodh an foláireamh ina leith.

3.  Féadfar foláirimh i dtaca le daoine atá faoi réir seiceálacha discréideacha, seiceálacha fiosrúcháin nó seiceálacha sonracha a iontráil chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a fhiosrú nó a ionchúiseamh, chun pianbhreith choiriúil a fhorghníomhú agus chun bagairtí ar an tslándáil phoiblí a chosc i gceann amháin nó níos mó de na himthosca seo a leanas::

(a) 

i gcás inar léir go bhfuil sé beartaithe ag duine aon cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB a dhéanamh nó go bhfuil aon cheann acu á dhéanamh aige nó aici;

(b) 

i gcás ina bhfuil gá leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 37(1) chun pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála a fhorghníomhú i ndáil le duine a chiontaítear in aon cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagal 2(1) agus (2) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB;

(c) 

i gcás ina bhfuil measúnú foriomlán a rinneadh ar dhuine, go háirithe ar bhonn cionta coiriúla roimhe seo, ina chúis lena chreidiúint go bhféadfadh sé go ndéanfadh an duine sin na cionta dá dtagraítear in Airteagal 2(1) agus Airteagal 2(2) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB.

4.  Sa bhreis air sin, féadfar foláirimh i dtaca le daoine atá faoi réir seiceálacha discréideacha, seiceálacha fiosrúcháin nó seiceálacha sonracha a iontráil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta arna iarraidh sin do na húdaráis ar a bhfuil freagracht i ndáil le slándáil náisiúnta, i gcás ina bhfuil táscaire nithiúil ann go bhfuil gá leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 37(1) chun bagairt thromchúiseach ón duine lena mbaineann nó bagairtí tromchúiseacha eile ar an tslándáil náisiúnta inmheánach nó ar an tslándáil náisiúnta sheachtrach a chosc. Déanfaidh an Ballstát a eisíonn an foláireamh de bhun na míre seo an méid sin a chur in iúl do na Ballstáit eile. Cinnfidh gach Ballstát cé na húdaráis a dtarchuirfear an fhaisnéis sin. Tarchuirfear an fhaisnéis trí na Biúrónna SIRENE.

5.  I gcás inar léir go bhfuil na hábhair dá dtagraítear i bpointe (a), (b), (c), (e), (g), (h), (j) (k) agus (l) d'Airteagal 38(2) nó modhanna íocaíochta neamhairgid bainteach leis na coireanna tromchúiseacha dá dtagraítear i mír 3 d'Airteagal seo nó leis na bagairtí tromchúiseacha dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, féadfar foláirimh a eisiúint maidir leis na hábhair sin agus féadfar iad a cheangal leis na foláirimh a iontráiltear de bhun mhír 3 agus mhír 4 den Airteagal seo.

6.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na rialacha teicniúla a bhfuil gá leo maidir le hiontráil, nuashonrú, scriosadh agus cuardach na sonraí dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a leagan síos agus a fhorbairt chomh maith leis an fhaisnéis bhreise dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).

Airteagal 37

Forghníomhú na gníomhaíochta ar bhonn foláirimh

1.  Ar mhaithe le seiceálacha discréideacha, seiceálacha fiosrúcháin nó seiceálacha sonracha a dhéanamh, déanfar an fhaisnéis seo a leanas go léir, nó cuid di, a bhailiú agus a chur in iúl don Bhallstát eisiúna:

(a) 

gur aimsíodh an duine is ábhar d'fholáireamh, nó gur aimsíodh ábhair dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c), (e), (g), (h), (j), (k) agus (l) d'Airteagal 38(2) nó modhanna íocaíochta neamhairgid a bhfuil foláireamh ann ina leith;

(b) 

áit agus am na seiceála agus an chúis atá léi;

(c) 

bealach an turais agus an ceann scríbe;

(d) 

na daoine atá ag tionlacan an duine atá faoi réir foláireamh maidir le filleadh nó na ndaoine san fheithicil, sa bhád nó san aerárthach nó atá ag tionlacan shealbhóir an doiciméid oifigiúil bháin nó an doiciméid aitheantais eisithe, ar daoine iad ar féidir a chreidiúint le réasún maidir leo go bhfuil baint acu leis na daoine atá faoi réir foláireamh maidir le filleadh;

(e) 

aon chéannacht a nochtar agus aon tuairisc phearsanta an duine a bhfuil an doiciméad oifigiúil bán nó an páipéar aitheantais eisithe is ábhar don fholáireamh á úsáid aige;

(f) 

na hábhair dá dtagraítear i bpointe (a), (b), (c), (e), (g), (h), (j), (k) agus (l) d'Airteagal 38(2) nó modhanna íocaíochta neamhairgid a úsáideadh;

(g) 

ábhair a bhí á n-iompar, lena n-áirítear doiciméid taistil;

(h) 

na himthosca inar aimsíodh an duine nó na hábhair dá dtagraítear i bpointe (a), (b), (c), (e), (g), (h), (j), (k) agus (l) d'Airteagal 38(2)(a) nó na modhanna íocaíochta neamhairgid;

(i) 

aon fhaisnéis eile atá á lorg ag an mBallstát eisiúna i gcomhréir le hAirteagal 36(2).

Má bhaineann an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (i) den chéad fhomhír den mhír seo le catagóirí speisialta de shonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 10 de Threoir (AE) 2016/680, próiseálfar í i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin, agus sin ar an gcoinníoll go bhforlíontar sonraí pearsanta eile léi a phróiseáiltear chun na críche céanna.

2.  Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur in iúl trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú.

3.  Is éard a bheidh i gceist sa tseiceáil dhiscréideach an méid is mó is féidir den fhaisnéis ar cuireadh síos uirthi i mír 1 a bhailiú ar bhealach discréideach le linn gnáthghníomhaíochtaí a dhéanann na húdaráis náisiúnta inniúla. Ní chuirfidh bailiú na faisnéise sin cineál discréideach na seiceálacha i mbaol agus ní chuirfear an duine is ábhar don fholáireamh ar an eolas in aon slí go bhfuil an foláireamh ann.

4.  Is éard a bheidh i gceist le seiceáil fiosrúcháin an duine a chur faoi agallamh, lena n-áirítear ar bhonn faisnéise nó ceisteanna sonracha a chur an Ballstát eisiúna leis na bhfoláireamh i gcomhréir le hAirteagal 36(2). Déanfar an t-agallamh sin i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit forghníomhaithigh.

5.  Le linn seiceálacha sonracha, féadfar daoine, feithiclí, báid, aerárthaí, coimeádáin agus ábhair atá ar iompar a chuardach chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 36. Déanfar cuardaigh a chur i gcrích i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

6.  I gcás nach bhfuil seiceálacha sonracha údaraithe le dlí náisiúnta, déanfar seiceálacha fiosrúcháin a chur ina n-ionad sa Bhallstát sin. I gcás nach bhfuil seiceálacha fiosrúcháin údaraithe le dlí náisiúnta, déanfar seiceálacha discréideacha a chur ina n-ionad sa Bhallstát sin. I gcás ina mbeidh feidhm ag Treoir 2013/48/AE, áiritheoidh na Ballstáit go n-urramófar, faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Treoir sin, an ceart atá ag daoine atá faoi dhrochamhras agus ag daoine cúisithe rochtain a fháil ar dhlíodóir.

7.  Ní dochar mír 6 don oibleagáid atá ar na Ballstáit an fhaisnéis a iarrtar faoi Airteagal 36(2) a chur ar fáil d'úsáideoirí deiridh.



CAIBIDIL X

Foláirimh faoi ábhair ar mhaithe lena nÚrgabháil nó lena nÚsáid mar fhianaise in imeachtaí coiriúla

Airteagal 38

Cuspóirí agus coinníollacha a ghabhann le heisiúint foláireamh

1.  Iontrálfaidh na Ballstáit foláirimh in SIS maidir le hábhair atá á lorg chun iad a urghabháil nó chun iad a úsáid mar fhianaise in imeachtaí coiriúla a iontráil in SIS.

2.  Déanfar na catagóirí ábhar seo a leanas atá in-sainaitheanta go héasca a iontráil:

(a) 

Mótarfheithiclí beag beann ar an gcóras tiomána;

(b) 

leantóirí ag a bhfuil meáchan neamhualaithe is mó ná 750 kg;

(c) 

carbháin;

(d) 

trealamh tionsclaíoch;

(e) 

báid;

(f) 

innill bháid;

(g) 

coimeádáin;

(h) 

aerárthaí;

(i) 

innill aerárthaigh;

(j) 

airm thine;

(k) 

doiciméid oifigiúla bhána a goideadh, a mídhílsíodh, a cailleadh nó a airbheartaíonn a bheith ina ndoiciméad den sórt sin ach gur doiciméid bhréagacha iad;

(l) 

doiciméid aitheantais eisithe amhail pasanna, cártaí aitheantais, ceadanna cónaithe, doiciméid taistil agus ceadúnais tiomána a goideadh, a mídhílsíodh, a cailleadh nó a neamhbhailíochtaíodh nó a airbheartaíonn a bheith ina ndoiciméad den sórt sin ach gur doiciméid bhréagacha iad;

(m) 

deimhnithe cláraithe feithicle agus uimhirphlátaí feithicle a goideadh, a mídhílsíodh nó a cailleadh nó a neamhbhailíochtaíodh nó a airbheartaíonn a bheith ina ndoiciméad nó ina bpláta den sórt sin ach gur doiciméid bhréagacha nó plátaí bréagacha iad;

(n) 

nótaí bainc (nótaí cláraithe) agus nótaí bainc bréagacha;

(o) 

ítimí teicneolaíochta faisnéise;

(p) 

comhpháirteanna in-sainaitheanta mótarfheithiclí;

(q) 

comhpháirteanna in-sainaitheanta trealaimh thionsclaíoch;

(r) 

ábhair in-sainaitheanta eile d'ardluach, mar a shainmhínítear i gcomhréir le mír 3.

Maidir leis na doiciméid dá dtagraítear i bpointí (k), (l) agus (m), féadfaidh an Ballstát eisiúna a shonrú an bhfuil doiciméid den chineál sin goidte, mídhílsithe, caillte, neamhbhailí nó bréagach.

3.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 75 chun fochatagóirí nua ábhar a shainiú faoi phointe (o), (p), (q) agus (r) den Airteagal seo.

4.  Déanfar na rialacha teicniúla a bhfuil gá leo maidir le hiontráil, nuashonrú, scriosadh agus cuardach na sonraí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a leagan síos agus a fhorbairt trí bhíthin bearta cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).

Airteagal 39

Forghníomhú na gníomhaíochta ar bhonn foláirimh

1.  Más rud é, mar thoradh ar chuardach, go dtugtar foláireamh chun solais maidir le hábhar atá aimsithe, déanfaidh an t-údarás inniúil an t-ábhar a urghabháil, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus déanfaidh sé teagmháil leis an údarás a d'eisigh an foláireamh chun comhaontú a dhéanamh maidir leis na bearta atá le déanamh. Chuige sin, féadfar sonraí pearsanta a chur in iúl freisin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

2.  Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur in iúl trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú.

3.  Déanfaidh an Ballstát a d'aimsigh an t-ábhar na bearta a iarrtar a chur i gcrích i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.



CAIBIDIL XI

Foláirimh faoi dhaoine anaithnide a bhFuiltear sa tóir orthu ar mhaithe lena sainaithint faoin dlí náisiúnta

Airteagal 40

Foláirimh faoi dhaoine anaithnide a bhfuiltear sa tóir orthu ar mhaithe lena sainaithint faoin dlí náisiúnta

Féadfaidh na Ballstáit foláirimh faoi dhaoine anaithnide a bhfuiltear sa tóir orthu nach bhfuil iontu ach sonraí dachtalascópacha, a iontráil in SIS. Is sraitheanna iomlána nó neamhiomlána de mhéarloirg nó de loirg dearnana a aimsítear ag láithreacha cionta sceimhlitheoireachta nó ag láithreacha coireanna tromchúiseacha eile atá faoi imscrúdú. Ní iontrálfar in SIS iad ach amháin i gcás ina bhféadfar a shuí, go leibhéal fíorard dóchúlachta, gur le déantóir an chiona iad.

Mura bhféadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit eisiúna céannacht an duine atá faoi dhrochamhras a shuí ar bhonn sonraí ó bhunachar sonraí náisiúnta, Aontais nó idirnáisiúnta, ní fhéadfar na sonraí dachtalascópacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír a iontráil sa chatagóir sin foláireamh ach amháin mar “duine anaithnid ar a bhfuiltear sa tóir” chun críocha an duine a shainaithint.

Airteagal 41

Forghníomhú na gníomhaíochta ar bhonn foláirimh

I gcás ina mbíonn amas sna sonraí a iontráiltear de bhun Airteagal 40, déanfar céannacht an duine a shuí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus, chomh maith leis sin, fíorófar go saineolach gur leis an duine lena mbaineann na sonraí dachtalascópacha atá in SIS. Déanfaidh na Ballstáit faisnéis maidir le céannacht an duine agus maidir leis an áit ina bhfuil an duine a chur in iúl trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú d'fhonn imscrúdú tráthúil an cháis a éascú.



CAIBIDIL XII

Rialacha sonracha maidir le sonraí bithmhéadracha

Airteagal 42

Rialacha sonracha maidir le grianghraif, íomhánna d'aghaidh, sonraí dachtalascópacha agus próifílí DNA a iontráil

1.  Ní dhéanfar de ghrianghraif, d'íomhánna den aghaidh ná de shonraí dachtalascópacha dá dtagraítear i bpointí (w) agus (y) d'Airteagal 20(3) a iontráil in SIS ach iad siúd lena gcomhlíontar na híoschaighdeáin cháilíochta sonraí agus sonraíochtaí teicniúla. Sula ndéanfar na sonraí sin a iontráil, déanfar seiceáil cáilíochta d'fhonn a fháil amach ar comhlíonadh na híoschaighdeáin cháilíochta sonraí agus sonraíochtaí teicniúla sin.

2.  I dtaca leis na sonraí dachtalascópacha a iontráiltear in SIS is ceadmhach idir 1 go 10 de mhéarloirg agus lámh duine ar leathadh agus an líon céanna de mhéarloirg rollta a áireamh sna sonraí sin. Is ceadmhach suas le dhá lorg dearnan a áireamh ann chomh maith.

3.  Ní fhéadfar próifíl DNA a chur le foláirimh sna staideanna dá bhforáiltear i bpointe (a) d'Airteagal 32(1) ach amháin tar éis seiceáil cháilíochta a dhéanamh chun a fháil amach ar comhlíonadh na híoschaighdeáin cáilíochta sonraí agus sonraíochtaí teicniúla agus i gcás nach mbeidh grianghraif, íomhánna den aghaidh nó sonraí dachtalascópacha ar fáil nó nach mbeidh siad oiriúnach chun sainaithint a dhéanamh.Féadfar próifílí DNA daoine ar dírshinsir, dírshliochtaigh nó dírshiblíní de chuid ábhar an fholáirimh iad a chur leis an bhfoláireamh ar choinníoll go dtugann na daoine lena mbaineann toiliú sainráite ina leith. I gcás ina gcuirtear próifíl DNA le foláireamh, ní bheidh sa phróifíl sin ach an fhaisnéis is íosta agus is fíor-riachtanaí chun an duine atá ar iarraidh a shainaithint.

4.  Déanfar íoschaighdeáin cháilíochta agus sonraíochtaí teicniúla a bhunú i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo i ndáil le stóráil na sonraí bithmhéadracha dá dtagraítear i mír 1 agus mír 3 den Airteagal seo. Leis na caighdeáin cáilíochta agus leis na sonraíochtaí teicniúla sin, bunófar an leibhéal cáilíochta a bheidh riachtanach d'fhonn úsáid a bhaint as na sonraí sin chun fíorú a dhéanamh ar chéannacht an duine i gcomhréir le Airteagal 43(1) agus chun úsáid a bhaint as na sonraí chun an duine a shainaithint i gcomhréir le Airteagal 43(2) go (4).

5.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na caighdeáin cháilíochta agus na sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear i mír 1, i mír 3 agus i mír 4 den Airteagal seo a leagan síos. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).

Airteagal 43

Rialacha sonracha maidir le fíorú nó cuardach le grianghraif, íomhánna d'aghaidh, sonraí dachtalascópacha agus próifílí DNA

1.  I gcás ina mbíonn grianghraif, íomhánna d'aghaidh agus sonraí dachtalascópacha ar fáil i bhfoláireamh in SIS, bainfear úsáid as na sonraí sin chun céannacht duine a aimsíodh mar thoradh ar chuardach alfa-uimhriúil in SIS a dheimhniú.

2.  Féadfar sonraí dachtalascópacha a chuardach i ngach cás chun críocha céannachta. Áfach, déanfar sonraí dachtalascópacha a chuardach chun críocha céannachta mura féidir céannacht an duine sin a fhionnadh ar mhodh eile. Chun na críche sin, beidh Córas Aitheantais Uathoibrithe Méarlorg (AFIS) in SIS Láir.

3.  Féadfar sonraí dachtalascópacha atá in SIS II i ndáil le foláirimh arna n-eisiúint de bhun Airteagal 26, Airteagal 32, Airteagal 36 agus Airteagal 40 a chuardach freisin trí úsáid a bhaint as sraitheanna iomlána nó neamhiomlána méarlorg nó lorg dearnana a aimsítear ag láithreacha coireanna tromchúiseacha nó cionta sceimhlitheoireachta a bhíonn á n-imscrúdú, agus i gcás inar féidir a shuí, go hardleibhéal dóchúlachta, gur le déantóir ciona na sraitheanna méarlorg sin, ar an gcoinníoll go ndéantar an cuardach go comhuaineach sna bunachair sonraí méarloirg ábhartha náisiúnta an Bhallstáit.

4.  A luaithe a bheidh sé indéanta ó thaobh cúrsaí teicniúla de, agus ar choinníoll go ndéantar ardleibhéal iontaofachta ó thaobh sainaitheanta de a áirithiú, féadfar úsáid a bhaint as grianghraif agus as íomhánna d'aghaidh chun duine a shainaithint i gcomhthéacs na bpointí rialta trasnaithe teorann.

Sula gcuirtear an fheidhmiúlacht sin chun feidhme in SIS, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil ar infhaighteacht, ullmhacht agus iontaofacht na teicneolaíochta is gá, agus rachfar i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa ar an ábhar sin.

Ach a mbeidh tús curtha ag na pointí rialta trasnaithe teorann le húsáid na feidhmiúlachta sin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71a i dtaobh cinneadh na n-imthosca eile inar ceadmhach grianghraif agus íomhánna den aghaidh a úsáid chun daoine a shainaithint.



CAIBIDIL XIII

Ceart chun rochtain a fháil ar fholáirimh agus chun iad a choimeád

Airteagal 44

Údaráis inniúla náisiúnta a bhfuil ceart acu chun rochtain a fháil ar shonraí atá in SIS

1.  Beidh rochtain ag údaráis inniúla náisiúnta ar shonraí atá stóráilte in SIS agus an ceart chun na sonraí sin a chuardach go díreach nó i gcóip de bhunachar sonraí SIS chun na críocha a leanas:

(a) 

rialú ag teorainneacha, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/399;

(b) 

seiceálacha póilíneachta agus custaim a dhéantar laistigh den Bhallstát lena mbaineann, agus comhordú na seiceálacha sin ag údaráis ainmnithe;

(c) 

scrúdú a dhéanamh ar na coinníollacha, agus cinntí a dhéanamh, maidir le teacht isteach agus fanacht náisiúnach tríú tír ar chríoch na mBallstát, lena n-áirítear maidir le ceadanna cónaithe, agus maidir le víosaí fadfhanachta, agus maidir le filleadh náisiúnach tríú tír, chomh maith le seiceálacha a dhéanamh ar náisiúnaigh tríú tír a thagann isteach nó a fhanann go neamhdhleathach ar chríoch na mBallstát;

(d) 

scrúdú a dhéanamh ar na coinníollacha, agus cinntí a dhéanamh, maidir le teacht isteach agus fanacht náisiúnach tríú tír ar chríoch na mBallstát, lena n-áirítear maidir le ceadanna cónaithe, agus maidir le víosaí fadfhanachta, agus maidir le filleadh náisiúnach tríú tír, chomh maith le seiceálacha a dhéanamh a dhéanamh maidir le náisiúnaigh tríú tír a thagann isteach nó a fhanann go neamhdhleathach ar chríoch na mBallstát;

(e) 

na seiceálacha slándála ar náisiúnaigh tríú tír ar iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta iad a fhad agus nach “údaráis chinntitheacha” iad na húdaráis sin mar a sainmhínítear i bpointe (f) d'Airteagal 2 de Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ), agus, i gcás inarb ábhartha agus comhairle á tabhairt, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 ( 6 );

▼M1

(f) 

céannachtaí éagsúla a fhíorú agus calaois chéannachta a chomhrac i gcomhréir le Caibidil V de Rialachán (AE) 2019/818.

▼B

2.  Maidir leis an gceart chun rochtain a fháil ar shonraí atá in SIS, agus maidir leis an gceart chun na sonraí sin a chuardach go díreach, féadfaidh údaráis inniúla náisiúnta, atá freagrach as eadóirseacht, na cearta sin a fheidhmiú, de réir mar a fhoráiltear sa dlí náisiúnta, chun iarratas ar eadóirseacht a scrúdú.

3.  Maidir leis an gceart chun rochtain a fháil ar shonraí atá iontráilte in SIS, agus maidir leis an gceart chun na sonraí sin a chuardach go díreach, féadfaidh údaráis bhreithiúnacha náisiúnta, lena n-áirítear iad siúd ar a bhfuil freagracht i ndáil le tionscnamh ionchúiseamh poiblí in imeachtaí coiriúla agus i ndáil le fiosrúcháin bhreithiúnacha roimh chúiseamh, féadfaidh siad na cearta sin a fheidhmiú freisin le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh, de réir mar a fhoráiltear sa dlí náisiúnta agus de réir mar a fhorálann a gcuid údarás comhordúcháin.

4.  Déanfar na húdaráis dá dtagraítear san Airteagal seo a áireamh sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 56(7).

Airteagal 45

Seirbhísí chlárúcháin feithiclí

1.  Beidh rochtain ag na seirbhísí sna Ballstáit ar a bhfuil freagracht i ndáil le deimhnithe cláraithe feithiclí a eisiúint, dá dtagraítear i dTreoir 1999/37/CE ón gComhairle ( 7 ), ar […] na sonraí atá iontráilte in SIS i gcomhréir le pointe (a), (b), (c), (m), agus (p) d'Airteagal 38(2) den Rialachán seo chun críche seiceáil a dhéanamh i dtaobh an bhfuil mótarfheithiclí agus deimhnithe cláraithe feithicle agus uimhirphlátaí feithicle a théann leo a thíolactar dóibh lena gclárú ina bhfeithiclí goidte, mídhílsithe, caillte, nó a airbheartaíonn a bheith ina ndoiciméad den sórt sin ach gur doiciméid bhréagacha iad nó an bhfuil siad á lorg mar fhianaise in imeachtaí coiriúla.

Déanfar rochtain ar na sonraí sin ag na seirbhísí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a rialú le dlí náisiúnta agus beidh sé teoranta d'inniúlacht shonrach na seirbhísí lena mbaineann.

2.  Beidh an ceart ag seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 agus ar seirbhísí rialtais iad chun rochtain dhíreach a fháil ar na sonraí atá in SIS.

3.  Ní bheidh rochtain ag seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus ar seirbhísí neamhrialtasacha iad ar shonraí atá in SIS ach amháin trí idirghabháil a dhéanann údarás dá dtagraítear in Airteagal 43 den Rialachán seo. Beidh an ceart ag an údarás sin chun rochtain dhíreach a fháil ar na sonraí sin agus iad a thabhairt don tseirbhís lena mbaineann. Áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go bhfuil sé de cheangal ar an tseirbhís i dtrácht agus ar a cuid fostaithe aon teorainneacha ar úsáid cheadaithe na sonraí a thugann an t-údarás dóibh a urramú.

4.  Ní bheidh feidhm ag Airteagal 39 maidir le rochtain a fhaightear i gcomhréir leis an Airteagal seo. Is leis an dlí náisiúnta a rialófar cásanna ina ndéanfaidh seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 aon fhaisnéis a fhaightear mar thoradh ar rochtain a fháil ar SIS a chur in iúl do na húdaráis phóilíneachta nó bhreithiúnacha.

Airteagal 46

Seirbhísí chlárúcháin do bháid agus d'aerárthaí

1.  Beidh rochtain ag na seirbhísí sna Ballstáit ar a bhfuil freagracht i ndáil le deimhnithe cláraithe a eisiúint, nó bainistiú tráchta a áirithiú, do bháid, lena n-áirítear innill bháid agus aerárthaí, lena n-áirítear innill aerárthaigh, ar na sonraí seo a leanas atá iontráilte in SIS i gcomhréir le hAirteagal 38(2) chun críche seiceáil a dhéanamh i dtaobh an bhfuil báid, lena n-áirítear innill bháid, aerárthaí, lena n-áirítear innill aerárthach a thíolactar dóibh lena gclárú ó mar ábhar do bhainistiú tráchta, ina nithe goidte, mídhílsithe, caillte, a airbheartaíonn a bheith ina ndoiciméad den sórt sin ach gur doiciméid bhréagacha iad nó an bhfuil siad á lorg mar fhianaise in imeachtaí coiriúla:

(a) 

sonraí faoi bháid;

(b) 

sonraí faoi innill bháid;

(c) 

sonraí faoi aerárthaí;

(d) 

sonraí faoi innill aerárthach.

Rialófar rochtain ar na sonraí ag na seirbhísí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus beidh rochtain ar na sonraí sin teoranta d'inniúlacht shonrach na seirbhísí lena mbaineann.

2.  Beidh an ceart ag seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 agus ar seirbhísí rialtais iad chun rochtain dhíreach a fháil ar na sonraí atá in SIS.

3.  Ní bheidh rochtain ag seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 den mhír seo agus ar seirbhísí neamhrialtasacha iad ar shonraí atá in SIS ach amháin trí idirghabháil a dhéanann údarás dá dtagraítear in Airteagal 43. Beidh an ceart ag an údarás sin chun rochtain dhíreach a fháil ar na sonraí agus na sonraí sin a thabhairt don tseirbhís lena mbaineann. Áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go bhfuil sé de cheangal ar an tseirbhís i dtrácht agus ar a cuid fostaithe aon teorainneacha ar úsáid cheadaithe na sonraí a thugann an t-údarás dóibh a urramú.

4.  Ní bheidh feidhm ag Airteagal 39 maidir le rochtain a fhaightear i gcomhréir leis an Airteagal seo. Is leis an dlí náisiúnta a rialófar cásanna ina ndéanfaidh seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo aon fhaisnéis a fhaightear mar thoradh ar rochtain a fháil ar SIS a chur in iúl do na húdaráis phóilíneachta nó bhreithiúnacha.

Airteagal 47

Seirbhísí chlárúcháin d'airm thine

1.  Na seirbhísí sna Ballstáit atá freagrach as deimhnithe cláraithe a eisiúint le haghaidh airm tine, beidh rochtain acu ar shonraí maidir le daoine a iontráiltear in SIS i gcomhréir le hAirteagal 26 agus le hAirteagal 36 agus ar shonraí maidir le hairm thine a iontráiltear in SIS i gcomhréir le hAirteagal 38(2). Bainfear leas as an rochtain sin chun a sheiceáil an bhfuiltear sa tóir ar an duine a iarrann clárú, lena ghabháil, chun críocha tabhairt suas nó eiseachadta nó chun críocha seiceálacha discréideacha, seiceálacha fiosrúcháin nó seiceálacha sonracha nó an bhfuil airm thine, a chuirtear i láthair lena gclárú, á lorg lena n-urghabháil nó lena n-úsáid mar fhianaise in imeachtaí coiriúla.

2.  Déanfar rochtain ar na sonraí ag na seirbhísí sin dá dtagraítear i mír 1 a rialú le dlí náisiúntaagus beidh rochtain ar na sonraí sin teoranta d'inniúlacht shonrach na seirbhísí lena mbaineann.

3.  Beidh an ceart ag seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 agus ar seirbhísí rialtais iad chun rochtain dhíreach a fháil ar na sonraí atá in SIS.

4.  Ní bheidh rochtain ag seirbhísí dá dtagraítear i mír 1, ar sheirbhísí neamhrialtasacha iad, ar shonraí atá in SIS ach amháin trí idirghabháil a dhéanann údarás dá dtagraítear in Airteagal 44. Beidh an ceart ag an údarás sin rochtain dhíreach a bheith aige ar na sonraí agus cuirfidh sé in iúl don tseirbhís lena mbaineann an féidir an t-arm tine a chlárú. Áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go bhfuil sé de cheangal ar an tseirbhís sin agus ar a cuid fostaithe aon teorainneacha ar úsáid cheadaithe na sonraí a thugann an t-údarás idirghabhála dóibh a urramú.

5.  Ní bheidh feidhm ag Airteagal 39 maidir le rochtain a fhaightear i gcomhréir leis an Airteagal seo. Is leis an dlí náisiúnta a rialófar cásanna ina ndéanfaidh seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo aon fhaisnéis a fhaightear mar thoradh ar rochtain a fháil ar SIS a chur in iúl do na húdaráis phóilíneachta nó bhreithiúnacha.

Airteagal 48

Rochtain Europol ar shonraí atá in SIS

1.  Beidh an ceart ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), arna bhunú ag Rialachán (AE) 2016/794, i gcás inar gá chun a sainordú a chomhlíonadh, rochtain a fháil ar shonraí atá in SIS. Féadfaidh Europol na sonraí sin a chuardach agus faisnéis fhorlíontach a mhalartú agus tuilleadh faisnéise a iarraidh i gcomhréir leis na forálacha sin as Lámhleabhar SIRENE.

2.  Más rud é, mar thoradh ar chuardach ag Europol, go nochtar go bhfuil foláireamh in SIS, cuirfidh Europol an méid sin in iúl don Bhallstát eisiúna trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú trí bhíthin an Bhonneagair Cumarsáide agus i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach i Lámhleabhar SIRENE. Go dtí go mbeidh Europol in ann leas a bhaint as na feidhmiúlachtaí atá beartaithe chun faisnéis fhorlíontach a mhalartú, cuirfidh sé na Ballstáit eisiúna ar an eolas trí na bealaí a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2016/794.

3.  An fhaisnéis a chuirfidh Ballstát ar fáil dó chun críocha comparáid a dhéanamh lena bhunachair sonraí agus lena thionscadail anailíse oibríochtúla, féadfaidh Europol í a phróiseáil d'fhonn ceangail nó naisc ábhartha eile a shainaithint agus d'fhonn anailísí straitéiseacha, téamacha nó oibríochtúla a dhéanamh dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) 2016/794. Pé próiseáil a dhéanfaidh Europol ar fhaisnéis fhorlíontach chun críche an Airteagail seo, is i gcomhréir leis an Rialachán sin a dhéanfar é.

4.  Tá úsáid faisnéise a fhaigheann Europol ó chuardach in SIS nó ó fhaisnéis fhorlíontach a phróiseáil faoi réir toiliú a fháil ina leith ón mBallstát eisiúna. Má cheadaíonn an Ballstát an fhaisnéis sin a úsáid, déanfar láimhseáil na faisnéise sin ag Europol a rialú le Rialachán (AE) 2016/794. Is le toiliú ón mBallstát eisiúna amháin a chuirfidh Europol faisnéis den sórt sin in iúl do thríú tíortha nó do thríú comhlachtaí agus lánurraim á tabhairt do dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí.

5.  Maidir le Europol:

(a) 

gan dochar do mhíreanna 4 agus 6, ní dhéanfaidh sé codanna de SIS a bhfuil rochtain aige orthu a cheangal le haon chóras atá ann d'fhonn sonraí a bhailiú agus a phróiseáil agus atá á oibriú ag Europol nó in Europol, ná ní aistreoidh sé na sonraí atá sna codanna sin chuig aon chóras den sórt sin, ná ní dhéanfaidh sé aon chuid de SIS a íoslódáil nó cóip a dhéanamh, ar shlí eile, d'aon chuid de SIS;

(b) 

d'ainneoin Airteagal 31(1) de Rialachán (AE) 2016/794, scriosfaidh sé faisnéis fhorlíontach ina bhfuil sonraí pearsanta bliain amháin ar a dhéanaí tar éis an foláireamh gaolmhar a scriosadh. De mhaolú air sin, i gcás ina mbeidh faisnéis ag Europol ina gcuid bunachar sonraí nó ina thionscadail anailíse oibríochtúla maidir le cás lena mbaineann an fhaisnéis fhorlíontach, féadfaidh Europol, ar bhonn eisceachtúil, chun go mbeidh sé in ann a chúraimí a chomhlíonadh, leanúint den fhaisnéis fhorlíontach a stóráil nuair is gá sin. Cuirfidh Europol an Ballstát eisiúna agus an Ballstáit forghníomhaitheach ar an eolas faoi stóráil leantach faisnéis fhorlíontach den sórt sin agus tabharfaidh sé bonn cirt leis an stóráil leantach sin;

(c) 

déanfaidh sé rochtain ar shonraí atá in SIS, lena n-áirítear faisnéis fhorlíontach, a theorannú do bhaill foirne Europol atá údaraithe go sonrach ina leith sin a dteastaíonn an rochtain sin uathu chun a gcúraimí a chomhlíonadh;

(d) 

bearta a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm chun slándáil, rúndacht agus féinfhaireachán a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 10, le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 13;

(e) 

déanfaidh sé a áirithiú go bhfaighidh baill foirne atá údaraithe chun sonraí atá in SIS a phróiseáil an traenáil agus an fhaisnéis chuí i gcomhréir le hAirteagal 14(1); agus

(f) 

gan dochar de Rialachán (AE) 2016/794, ligfidh sé don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí Europol agus a cheart á fheidhmiú ag Europol chun rochtain a fháil ar shonraí atá in SIS agus chun cuardach a dhéanamh in SIS, agus i ndáil le malartú agus próiseáil faisnéise forlíontaí.

6.  Ní fhéadfar sonraí a chóipeáil ó SIS ach amháin chun críoch teicniúil, i gcás ina bhfuil gá leis an gcóipeáil sin le go bhféadfaidh baill foirne Europol atá údaraithe go cuí cuardach díreach a dhéanamh. Beidh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo maidir le cóipeanna den sórt sin. Déanfar an chóip theicniúil a úsáid chun sonraí SIS a stóráil le linn na sonraí sin a bheith á gcuardach. Nuair a bheidh cuardach déanta ar na sonraí scriosfar iad. Ní fhorléireofar úsáidí den sórt sin mar úsáidí a chuimsíonn íoslódáil neamhdhleathach nó cóipeáil neamhdhleathach shonraí SIS. Ní dhéanfaidh Europol sonraí foláirimh ná sonraí breise arna n-eisiúint ag na Ballstáit a chóipeáil ná ní dhéanfaidh sé cóip díobh a aistriú ó CS-SIS isteach i gcórais eile de chuid Europol.

7.  Chun dlíthiúlacht na próiseála sonraí a fhíorú, chun féinfhaireachán a dhéanamh agus chun slándáil agus sláine iomchuí sonraí a áirithiú, coinneoidh Europol logaí maidir le gach rochtain ar SIS agus maidir le gach cuardach in SIS i gcomhréir le forálacha Airteagal 12. Ní mheasfar gurb ionann na logaí agus na doiciméid sin agus íoslódáil nó cóipeáil neamhdhleathach aon chuid de SIS.

8.  Cuirfidh na Ballstáit Europol ar an eolas trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú maidir le haon amas i ndáil le foláirimh a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta. Féadfaidh Ballstáit staonadh ó Europol a chur ar an eolas más dóchúil go ndéanfaí imscrúduithe reatha nó sábháilteacht duine aonair a chur i mbaol nó i gcás ina mbeadh sé contrártha do leasanna bunúsacha shlándáil an Bhallstáit eisiúna.

9.  Beidh feidhm ag mír 8 ón dáta a mbeidh Europol in ann faisnéis fhorlíontach a fháil i gcomhréir le mír 1.

Airteagal 49

Rochtain Eurojust ar shonraí atá in SIS

1.  Beidh an ceart ag baill foirne náisiúnta Eurojust agus ag a gcúntóirí, agus acusan amháin, nuair is gá chun a sainordú a chomhlíonadh, chun rochtain a fháil ar shonraí atá in SIS, agus cuardach a dhéanamh sna sonraí sin, de réir a sainordaithe, i gcomhréir le hAirteagail 26, 32, 34, 38 agus 40.

2.  I gcás ina nochtar go bhfuil foláireamh SIS ann tar éis do bhall náisiúnta Eurojust cuardach a dhéanamh, déanfaidh sé an méid sin a chur in iúl don Bhallstát eisiúna. Ní chuirfidh Eurojust tríú tíortha agus tríú comhlachtaí ar an eolas faoi fhaisnéis ar bith a fuarthas ó chuardach den chineál sin ach amháin le toil ón mBallstáit eisiúna agus go hiomlán i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta.

3.  Tá an tAirteagal seo gan dochar do na forálacha breise i Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 ) agus Rialachán (AE) 2018/1725 a bhaineann le cosaint sonraí agus leis an dliteanas i leith aon phróiseáil neamhúdaraithe nó mícheart ar na sonraí sin arna déanamh ag baill náisiúnta Eurojust nó ag a gcúntóirí, agus do chumhachtaí an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí de bhun na Rialachán sin.

4.  Chun dlíthiúlacht na próiseála sonraí a fhíorú, chun féinfhaireachán a dhéanamh agus chun slándáil agus sláine iomchuí sonraí a áirithiú, coinneoidh Eurojust logaí maidir le gach rochtain ar SIS a dhéanann ball náisiúnta de chuid Eurojust nó cúntóir agus maidir le gach cuardach in SIS a dhéanann na daoine sin i gcomhréir le forálacha Airteagal 12.

5.  Ní dhéanfar aon chodanna de SIS a cheangal le haon chóras atá ann chun sonraí a bhailiú agus a phróiseáil agus atá á oibriú ag Eurojust nó in Eurojust, ná ní dhéanfar na sonraí atá in SIS agus a bhfuil rochtain ag na baill foirne náisiúnta nó ag a gcúntóirí orthu a aistriú chuig córas ríomhaireachta den sórt sin. Ní dhéanfar aon chuid de SIS a íoslódáil nó a chóipeáil. Ní fhorléireofar logáil rochtana agus cuardach mar ní a chuimsíonn íoslódáil neamhdhleathach nó mar chóipeáil neamhdhleathach shonraí SIS.

6.  Déanfar bearta chun slándáil, rúndacht agus féinfhaireachán a áirithiú, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 10, in Airteagal 11, agus in Airteagal 13.

Airteagal 50

Rochtain ar shonraí atá in SIS ag foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta, ag foirne na mball foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh, agus ag baill na bhfoirne tacaíochta don bhainistiú imirce

1.  I gcomhréir le hAirteagal 40(8) de Rialachán (AE) 2016/1624, beidh baill na bhFoirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta nó na baill foirne atá rannpháirteach i gcúraimí a bhaineann le filleadh dá dtagraítear i bpointí (8) agus (9) d'Airteagal 2 den Rialachán sin, laistigh dá sainordú agus ar choinníoll go bhfuil siad údaraithe chun seiceálacha a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 44(1) agus go bhfuil an oiliúint is gá faighte acu i gcomhréir le hAirteagal 14(1) den Rialachán seo, beidh an ceart ag na baill foirne sin rochtain a fháil ar shonraí atá in SIS agus cuardach a dhéanamh orthu a mhéid is gá chun a gcúram a chomhlíonadh agus is riachtanach don phlean oibríochta a ghabhann le gníomhaíocht shonrach. Ní thabharfar cead rochtana ar shonraí atá in SIS d'aon bhaill foirne eile.

2.  Déanfaidh baill foirne dá dtagraítear i mír 1 an ceart sin chun rochtain a fháil ar shonraí atá in SIS II a fheidhmiú, agus an ceart sin chun na sonraí sin a chuardach a fheidhmiú, i gcomhréir le mír 1 trí chomhéadan teicniúil arna chur ar bun agus arna chothabháil ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus lenar féidir nasc díreach le SIS Láir.

3.  Más rud é, mar thoradh ar chuardach ag ball de na foirne dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, go nochtar go bhfuil foláireamh in SIS, cuirfear sin in iúl don Bhallstát eisiúna. I gcomhréir le hAirteagal 40 de Rialachán (AE) 2016/1624, ní ghníomhóidh baill na bhfoirne chun freagairt ar fholáireamh in SIS ach amháin de réir treoracha ó ghardaí teorann nó ó bhaill foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh, is é sin le rá, gardaí teorann agus baill foirne de chuid an Bhallstáit óstaigh ina bhfuil siad ag oibriú agus, mar riail ghinearálta, ní fhéadfaidh siad gníomhú amhlaidh ach amháin i láthair na ngardaí teorann nó na mball foirne sin. Féadfaidh an Ballstát óstach baill na bhfoirne a údarú chun gníomhú thar a cheann.

4.  Chun dlíthiúlacht na próiseála sonraí a fhíorú, chun féinfhaireachán a dhéanamh agus chun slándáil agus sláine iomchuí sonraí a áirithiú, coinneoidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta logaí maidir le gach rochtain ar SIS agus maidir le gach cuardach in SIS i gcomhréir le forálacha Airteagal 12.

5.  Déanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta bearta a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm chun slándáil, rúndacht agus féinfhaireachán a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 10, le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 13 agus áiritheoidh sí go gcuireann na foirne dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na bearta sin i bhfeidhm.

6.  Ní léireofar aon ní san Airteagal seo mar ní a dhéanann difear d'fhorálacha Rialachán (AE) 2016/1624 a bhaineann le cosaint sonraí agus leis an dliteanas i leith aon phróiseála neamhúdaraithe nó mícheart ar na sonraí sin arna déanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta.

7.  Gan dochar do mhír 2 ní dhéanfar aon chodanna de SIS a cheangal le haon chóras ríomhaireachta atá ann chun sonraí a bhailiú agus a phróiseáil agus atá á oibriú ag na foirne dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ná ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, ná ní dhéanfar na sonraí atá in SIS a bhfuil rochtain ag na foirne sin orthu a aistriú chuig córas den sórt sin. Ní dhéanfar aon chuid de SIS a íoslódáil nó a chóipeáil. Ní mheasfar logáil rochtana agus cuardach mar ní a chuimsíonn íoslódáil neamhdhleathach nó cóipeáil neamhdhleathach shonraí in SIS.

8.  Tabharfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta cead don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí monatóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na bhfoirne dá dtagraítear san Airteagal seo agus i bhfeidhmiú a gceart chun rochtain a fháil ar shonraí atá in SIS agus cuardach a dhéanamh iontu. Déanfar an méid sin gan dochar do na forálacha breise i Rialachán (AE) 2018/1725.

Airteagal 51

Meastóireacht ar an úsáid a bhaineann Europol, Eurojust agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta as SIS

1.  Gach 5 bliana, ar a laghad, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar oibriú agus úsáid SIS ag Europol, ag baill foirne Eurojust agus a gcúntóirí agus ag na foirne dá dtagraítear in Airteagal 50(1).

2.  Áiritheoidh Europol, Eurojust agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta go ndéanfar obair leantach leordhóthanach ar na torthaí agus na moltaí a thiocfaidh ón meastóireacht sin.

3.  Cuirfear tuarascáil maidir leis na torthaí agus ar an obair leantach ar an meastóireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Airteagal 52

Raon feidhme rochtana

Ní ceadmhach d'úsáideoirí deiridh, lena n-áirítear Europol, baill foirne náisiúnta Eurojust agus a gcúntóirí agus baill na bhfoirne dá dtagraítear i bpointí (8) agus (9) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/1624 iad, rochtain a fháil ar shonraí seachas sonraí a bhfuil gá acu leo chun a gcúraimí a chomhlíonadh.

Airteagal 53

Tréimhse athbhreithnithe le haghaidh foláireamh maidir le daoine

1.  Ní dhéanfar foláirimh maidir le daoine a choimeád ach amháin ar feadh an ama is gá chun na gcríoch ar chucu a iontráladh iad a bhaint amach.

2.  Féadfaidh Ballstát foláireamh a eisiúint maidir le duine chun críocha Airteagal 26 agus pointe (a) agus (b) d'Airteagal 32(1) ar feadh tréimhse 5 bliana. Déanfaidh an Ballstát eisiúna athbhreithniú ar an ngá leis an bhfoláireamh a choimeád laistigh de na 5 bliana sin.

3.  Féadfaidh Ballstát foláireamh a eisiúint maidir le duine chun críocha Airteagal 34 agus Airteagal 40 ar feadh tréimhse 3 bliana. Déanfaidh an Ballstát eisiúna athbhreithniú ar an ngá leis an bhfoláireamh a choimeád laistigh de na 3 bliana sin.

4.  Féadfaidh Ballstát foláireamh a eisiúint maidir le duine chun críocha phointe (c), (d) agus (e) d'Airteagal 32(1) agus d'Airteagal 36 den Rialachán seo ar feadh tréimhse bliana. Déanfaidh an Ballstát eisiúna athbhreithniú ar an ngá leis an bhfoláireamh a choimeád laistigh de bhliain amháin.

5.  Déanfaidh gach Ballstát, i gcás inarb iomchuí, tréimhsí níos giorra le haghaidh athbhreithnithe a shocrú i gcomhréir lena dhlí náisiúnta.

6.  Laistigh den tréimhse athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 2, mír 3 agus mír 4, féadfaidh an Ballstát eisiúna, tar éis measúnú cuimsitheach aonair, a dhéanfar a thaifeadadh, a chinneadh an foláireamh maidir le duine a choimeád go ceann tréimhse níos faide más gá sin agus má tá sin comhréireach chun na gcríoch ar chucu a eisíodh an foláireamh. I gcásanna den sórt sin, beidh feidhm ag mír 2, ag mír 3 agus ag mír 4 maidir leis an bhfadú freisin. Déanfar aon chinneadh le foláireamh a choimeád a chur in iúl do CS-SIS.

7.  Déanfar foláirimh maidir le daoine a scriosadh go huathoibríoch tar éis don tréimhse athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 2, mír 3 agus mír 4 a dhul in éag, ach amháin i gcás ina mbeidh an Ballstát eisiúna tar éis fógra a chur chuig CS-SIS faoin gcinneadh leis na foláirimh a choimeád de bhun mhír 6. Déanfaidh CS-SIS scriosadh sceidealta sonraí as an gcóras a chur in iúl do na Ballstáit 4 mhí roimh ré.

8.  Coimeádfaidh na Ballstáit staidreamh faoin líon foláireamh maidir le daoine a bhfadaítear an tréimhse choinneála ina leith a coimeádadh i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo, agus déanfaidh siad na staidreamh a tharchur, arna iarraidh sin dóibh, do na húdaráis mhaoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 69.

9.  A luaithe a bhfuil sé soiléir don Bhiúró SIRENE ar a bhfuil freagracht i ndáil le comhordú agus fíorú cáilíochta sonraí go bhfuil an cuspóir atá le foláireamh faoi dhuine bainte amach agus gur cheart é a scriosadh as SIS, cuirfidh sé fógra an t-údarás a chruthaigh an foláireamh ar an eolas láithreach maidir leis sin. Beidh 15 lá féilire ag an údarás ón tráth a bhfaigheann sé an fógra sin chun a léiriú gur scriosadh, nó go scriosfar, an foláireamh, sin nó luafaidh sé cúiseanna leis an bhfoláireamh a choinneáil. Má théann an tréimhse 15 lá in éag gan freagra den sórt sin, déanfaidh Biúró SIRENE a áirithiú go scriosfar an foláireamh. Scriosfaidh Biúró SIRENE an foláireamh i gcás ina mbeidh sin incheadaithe faoin dlí náisiúnta. Déanfaidh Biúrónna SIRENE aon saincheisteanna athfhillteacha a thagann os a gcomhair agus iad ag gníomhú faoin mír seo a thuairisciú dá n-údarás maoirseachta.

Airteagal 54

Tréimhse athbhreithnithe le haghaidh foláireamh maidir le hábhair

1.  Ní dhéanfar foláirimh maidir le hábhair a choimeád ach amháin ar feadh an ama is gá chun na gcríoch ar chucu a iontráladh iad a chomhlíonadh.

2.  Féadfaidh Ballstát foláireamh a eisiúint maidir le hábhair chun críocha Airteagal 36 agus Airteagal 38 ar feadh tréimhse 10 mbliana. Déanfaidh an Ballstát eisiúna athbhreithniú ar an ngá leis an bhfoláireamh a choimeád laistigh de na 10 mbliana sin.

3.  Déanfar athbhreithniú de bhun Airteagal 51 ar fholáirimh maidir le hábhair arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagail 26, 32, 34 agus 36, i gcás ina bhfuil siad nasctha le foláireamh maidir le duine. Ní dhéanfar foláirimh den sórt sin maidir le hábhair a choimeád ach amháin ar feadh na tréimhse a choinneofar an foláireamh maidir leis an duine.

4.  Laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3, féadfaidh an Ballstát eisiúna a chinneadh an foláireamh maidir le hábhar a choimeád go ceann tréimhse níos faide más gá sin chun na gcríoch ar chucu a eisíodh an foláireamh. I gcásanna den sórt sin, beidh feidhm ag mír 2 nó mír 3, de réir mar is iomchuí.

5.  Féadfar tréimhsí athbhreithnithe níos giorra le haghaidh catagóirí áirithe foláireamh maidir le hábhair a bhunú trí bhíthin bearta cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).

6.  Coinneoidh na Ballstáit staidreamh faoin líon foláireamh maidir le hábhair a coimeádadh i gcomhréir le mír 4 tar éis don tréimhse athbhreithnithe tosaigh a dhul in éag.



CAIBIDIL XIV

Foláirimh a scriosadh

Airteagal 55

Foláirimh a scriosadh

1.  Déanfar foláirimh maidir le gabháil chun críocha tabhairt suas nó eiseachadta de bhun Airteagal 26 a scriosadh nuair a bheidh an duine tugtha suas d'údaráis inniúla an Bhallstáit eisiúna nó eiseachadta chuig na húdaráis sin. Scriosfar iad freisin i gcás ina ndéanfaidh an t-údarás breithiúnach inniúil an cinneadh breithiúnach ar a raibh an foláireamh bunaithe a chúlghairm de réir an dlí náisiúnta. Scriosfar iad freisin ar dhul in éag an fholáirimh i gcomhréir le hAirteagal 53.

2.  Scriosfar foláirimh maidir le daoine ar iarraidh nó daoine leochaileacha nach mór a chosc ó bheith ag taisteal de bhun Airteagal 32 i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:

(a) 

Maidir le leanaí ar iarraidh agus leanaí i mbaol a bhfuadaithe, déanfar foláireamh a scriosadh más rud é:

(i) 

go réitítear an cás, amhail i gcás ina ndéantar an leanbh a aimsiú nó a aisdúichiú nó i gcás ina ndéanann na húdaráis inniúla sa Bhallstát forghníomhaitheach cinneadh maidir le cúram an linbh;

(ii) 

go dtéann an foláireamh in éag i gcomhréir le hAirteagal 53; nó

(iii) 

go ndéanann údarás inniúil an Bhallstáit eisiúna cinneadh.

(b) 

maidir le daoine fásta ar iarraidh i gcás nach n-iarrtar aon bhearta cosantacha, déanfar foláireamh a scriosadh más rud é:

(i) 

go bhforghníomhaítear an ghníomhaíocht atá le déanamh, i gcás ina bhfuil an áit ina bhfuil an duine a bheith fionnta ag an mBallstát forghníomhúcháin);

(ii) 

go dtéann an foláireamh in éag i gcomhréir le hAirteagal 53; nó

(iii) 

go ndéanann údarás inniúil an Bhallstáit eisiúna cinneadh.

(c) 

Maidir le daoine fásta ar iarraidh, i gcás ina n-iarrtar bearta cosantacha déanfar foláireamh a scriosadh más rud é:

(i) 

go ndearnadh an ghníomhaíocht atá le déanamh (duine a bheith curtha faoi chosaint);

(ii) 

go dtéann an foláireamh in éag i gcomhréir le hAirteagal 53; nó

(iii) 

go ndéanann údarás inniúil an Bhallstáit eisiúna cinneadh.

(d) 

Maidir le daoine leochaileacha atá in aois nach mór a chosc ó thaisteal ar mhaithe lena gcosaint féin agus páistí nach mór a chosc ó thaisteal déanfar foláireamh a scriosadh más rud é:

(i) 

go ndearnadh an ghníomhaíocht a bhí le déanamh amhail duine a bheith curtha faoi chosaint;

(ii) 

go dtéann an foláireamh in éag i gcomhréir le hAirteagal 53; nó

(iii) 

go ndéanann údarás inniúil an Bhallstáit eisiúna cinneadh.

Gan dochar don dlí náisiúnta, i gcás duine a bheith institiúidithe tar éis cinneadh ó údarás inniúil, féadfar foláireamh a chothabháil go dtí go ndéantar an duine sin a aisdúichiú.

3.  Scriosfar foláirimh faoi dhaoine atá á lorg ar mhaithe le nós imeachta breithiúnach de bhun Airteagal 34, más rud é:

(a) 

go bhfuiltear tar éis an áit ina bhfuil an duine a chur in iúl d'údarás inniúil an Bhallstáit eisiúna;

(b) 

go dtéann an foláireamh in éag i gcomhréir le hAirteagal 53; nó

(c) 

go ndéanann údarás inniúil an Bhallstáit eisiúna cinneadh.

I gcás nach féidir gníomhú de réir na faisnéise sa teachtaireacht dá dtagraítear i bpointe (a) a chuirtear ar aghaidh, tabharfaidh Biúró SIRENE an Bhallstáit eisiúna fógra do Bhiúró SIRENE an Bhallstáit forghníomhaithigh chun an fhadhb a réiteach.

I gcás amas a bheith faighte agus go ndearnadh na mionsonraí faoin seoladh a chur ar aghaidh chuig an mBallstát eisiúna agus go ndéantar na mionsonraí céanna faoin seoladh a nochtadh le hamas ina dhiaidh sin sa Bhallstát fhorghníomhaitheach céanna, déanfar an t-amas a thaifeadadh sa Bhallstát forghníomhaitheach ach ní dhéanfar na mionsonraí faoin seoladh ná an fhaisnéis fhorlíontach a athsheoladh chuig an mBallstát eisiúna. I gcásanna den sórt sin, déanfaidh an Ballstát forghníomhaitheach na hathamais a chur in iúl don Bhallstát eisiúna agus déanfaidh an Ballstát eisiúna measúnú cuimsitheach aonair ar an gá leis an bhfoláireamh a choimeád.

4.  Scriosfar foláirimh faoi sheiceálacha discréideacha, fiosrúcháin agus sonracha, de bhun Airteagal 36, más rud é:

(a) 

go dtéann an foláireamh in éag i gcomhréir le hAirteagal 53; nó

(b) 

go ndéanann údarás inniúil an Bhallstáit eisiúna cinneadh chun iad a scriosadh;

5.  Scriosfar foláirimh faoi ábhair ar mhaithe lena n-urghabháil nó lena n-úsáid mar fhianaise in imeachtaí coiriúla de bhun Airteagal 38, más rud é:

(a) 

go ndéantar an t-ábhar a urghabháil nó go ndéantar beart coibhéiseach tar éis an malartú leantach faisnéise forlíontaí is gá a bheith déanta idir Biúrónna SIRENE lena mbaineann nó go dtagann an t-ábhar chun bheith ina ábhar do nós imeachta breithiúnach nó riaracháin eile;

(b) 

go dtéann an foláireamh in éag i gcomhréir le Airteagal 53; nó

(c) 

go ndéanann údarás inniúil an Bhallstáit eisiúna cinneadh chun iad a scriosadh.

6.  Déanfar foláirimh faoi dhaoine anaithnide a bhfuiltear sa tóir orthu de bhun Airteagal 40 a scriosadh más rud é:

(a) 

go ndéantar an duine a shainaithint; nó

(b) 

go dtéann an foláireamh in éag i gcomhréir le Airteagal 53; nó

(c) 

go ndéanann údarás inniúil an Bhallstáit eisiúna cinneadh chun iad a scriosadh.

7.  Aon fholáirimh maidir le hábhair arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagail 26, 32, 34 agus 36 i gcás ina bhfuil foláireamh den sórt sin bainteach le foláireamh maidir le duine, déanfar na foláirimh sin a scriosadh nuair a scriosfar an foláireamh maidir leis an duine i gcomhréir leis an Airteagal seo.



CAIBIDIL XV

Rialacha ginearálta maidir le próiseáil sonraí

Airteagal 56

Sonraí SIS a phróiseáil

1.  Ní dhéanfaidh na Ballstáit na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 20 a phróiseáil ach amháin chun na gcríoch atá leagtha síos maidir le gach catagóir foláirimh dá dtagraítear in Airteagail 26, 32, 34, 36, 38 agus 40.

2.  Ní dhéanfar sonraí a chóipeáil ach amháin chun críoch teicniúil, i gcás ina bhfuil gá leis an gcóipeáil sin le go bhféadfaidh na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 44 cuardach díreach a dhéanamh. Beidh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo maidir le cóipeanna den sórt sin. Ní chóipeálfaidh Ballstát na sonraí foláirimh ná sonraí breise atá iontráilte ag Ballstát eile óna N.SIS nó ó CS-SIS isteach i gcomhaid sonraí náisiúnta eile.

3.  Féadfar cóipeanna teicniúla, dá dtagraítear i mír 2, as a leanann bunachair shonraí as líne, a choinneáil ar feadh tréimhse nach faide ná 48 n-uaire an chloig.

Coimeádfaidh na Ballstáit fardal cothrom le dáta maidir leis na cóipeanna sin, cuirfidh siad an fardal sin ar fáil dá n-údarás maoirseachta, agus áiritheoidh siad go ndéanfar forálacha an Rialacháin seo, go háirithe forálacha Airteagal 10, a chur i bhfeidhm maidir leis na cóipeanna sin.

4.  Ní údarófar rochtain ar shonraí atá in SIS ag údaráis inniúla náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 44 ach amháin faoi chuimsiú a n-inniúlacht agus do bhaill foirne atá údaraithe go cuí amháin.

5.  Maidir leis na foláirimh a leagtar síos in Airteagail 26, 32, 34, 36, 38 agus 40 den Rialachán seo, ní mór aon phróiseáil a dhéantar ar fhaisnéis atá iontu chun críoch seachas na críocha ar chucu a iontráladh iad a nascadh le cás sonrach agus ní mór údar a bheith léi chun an gá le gar-bhagairt thromchúiseach ar an mbeartas poiblí agus ar an tslándáil phoiblí a chosc, ar fhorais thromchúiseacha slándála náisiúnta nó chun coir thromchúiseach a chosc. Gheofar údarú roimh ré chun na críche sin ón mBallstát a eisíonn an foláireamh.

6.  Maidir le haon úsáid sonraí SIS nach gcomhlíonann míreanna 1 go 5 den Airteagal seo, measfar gur mí-úsáid í faoi dhlí náisiúnta gach Ballstáit agus beidh an úsáid sin faoi réir pionós i gcomhréir le hAirteagal 73 den Rialachán seo.

7.  Déanfaidh gach Ballstát liosta de na húdaráis inniúla dá chuid atá údaraithe chun cuardach díreach a dhéanamh ar shonraí atá in SIS de bhun an Rialacháin seo agus, chomh maith leis sin, aon athruithe ar an liosta sin, a sheoladh chuig eu-LISA. Déanfar na sonraí a bhféadfaidh údarás cuardach a dhéanamh iontu, agus cad chuige an cuardach sin, a shonrú sa liosta. Áiritheoidh eu-LISA go ndéanfar an liosta a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh gach bliain. Coinneoidh eu-LISA ar bun liosta a nuashonrófar go leanúnach ar a mbeidh na hathruithe arna seoladh ag na Ballstáit idir na foilseacháin bhliantúla.

8.  Sa mhéid nach bhfuil forálacha sonracha leagtha síos le dlí an Aontais, beidh feidhm ag dlí gach Ballstáit ar leith maidir le sonraí atá ina N.SIS.

Airteagal 57

Sonraí SIS agus comhaid náisiúnta

1.  Beidh Airteagal 56(2) gan dochar don cheart atá ag Ballstát sonraí SIS a bhfuil gníomhaíocht déanta dá mbarr ar a chríoch féin a choimeád ina chomhaid náisiúnta. Coimeádfar na sonraí sin i gcomhaid náisiúnta ar feadh tréimhse nach faide ná 3 bliana, ach amháin i gcás ina ndéantar foráil leis an dlí náisiúnta maidir le tréimhse choinneála atá níos faide ná sin.

2.  Ní dhéanfaidh Airteagal 56(2) dochar don cheart atá ag Ballstát sonraí atá i bhfoláireamh ar leith arna iontráil in SIS ag an mBallstát sin a choimeád ina chomhaid náisiúnta.

Airteagal 58

Faisnéis i gcás nach bhforghníomhaítear foláireamh

I gcás nach féidir gníomhaíocht atá iarrtha a dhéanamh, déanfaidh an Ballstát, óna n-iarrfar gníomhaireacht uaidh, an méid sin a chur in iúl láithreach don Bhallstát a eisíonn an foláireamh trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú.

Airteagal 59

Cáilíocht na sonraí atá in SIS

1.  Beidh ar an mBallstát a eisíonn foláireamh a áirithiú go bhfuil na sonraí cruinn, cothrom le dáta, agus iontráilte agus stóráilte go dleathach in SIS.

2.  I gcás ina bhfaigheann Ballstát eisiúna sonraí ábhartha breise nó modhnaithe mar atá liostaithe in Airteagal 20(3), déanfaidh sé an foláireamh a chomhlánú nó a mhodhnú gan mhoill.

3.  Ní bheidh sé d'údarás ach ag an mBallstát a eisíonn foláireamh na sonraí atá iontráilte aige in SIS a mhodhnú, a cheartú, a thabhairt cothrom le dáta nó a scriosadh nó cur leo.

4.  I gcás ina bhfuil sonraí ábhartha breise nó modhnuithe mar atá liostaithe in Airteagal 20(2) ag Ballstát nach Ballstát eisiúna é, déanfaidh sé iad a tharchur gan mhoill, trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú, chuig an mBallstát eisiúna d'fhonn a chur ar chumas an Bhallstáit eisiúna an foláireamh a chomhlánú nó a mhodhnú. Más rud é go mbaineann na sonraí breise nó modhnaithe le daoine ní dhéanfar iad a tharchur ach amháin más féidir céannacht an duine a fhionnadh.

5.  I gcás ina mbíonn fianaise ag Ballstát, nach é an Ballstát a d'eisigh foláireamh é, á thabhairt le tuiscint go bhfuil sonra mícheart go fíorasach, nó gur stóráladh go neamhdhleathach é, déanfaidh sé, trí mhalartú faisnéise forlíontaí, an méid sin a chur in iúl don Bhallstát eisiúna a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná dhá lá oibre tar éis a aird a bheith tarraingthe ar an bhfaisnéis sin. Seiceálfaidh an Ballstát eisiúna an chumarsáid agus, más gá, ceartóidh sé, nó scriosfaidh sé, an sonra i dtrácht gan mhoill.

6.  I gcás nach bhfuil na Ballstáit in ann teacht ar chomhaontú laistigh de 2 mhí ón tráth a dtagann an fhianaise chun solais den chéad uair, dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, déanfaidh an Ballstát nár eisigh an foláireamh an t-ábhar a chur faoi bhráid na n-údarás maoirseachta náisiúnta agus faoi bhráid an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí lena mbaineann chun cinneadh a fháil ina leith trí bhíthin comhar i gcomhréir le hAirteagal 71.

7.  Déanfaidh na Ballstáit faisnéis fhorlíontach a mhalartú i gcás ina ndéanann duine gearán nach é féin an duine atá á lorg le foláireamh. I gcás ina dtaispeánann toradh na seiceála nach bhfuil an gearánach an duine atá beartaithe a bheith faoi réir foláireamh, le fírinne, cuirfear an ghearánaigh ar an eolas faoi na bearta a leagtar síos in Airteagal 62 agus faoi cheart an ghearánaigh chun sásaimh faoi Airteagal 68(1).

Airteagal 60

Teagmhais slándála

1.  Maidir le haon imeacht a bhfuil tionchar aige, nó a bhféadfadh tionchar a bheith aige, ar shlándáil SIS, nó a d'fhéadfadh bheith ina chúis le damáiste do shonraí SIS nó don fhaisnéis fhorlíontach, nó le cailleadh na sonraí sin nó na faisnéise forlíontaí sin, nó measfar gur teagmhas slándála é, go háirithe i gcás ina bhféadfadh sé go bhfuarthas rochtain neamhdhleathach ar shonraí nó i gcás ina ndearnadh infhaighteacht, sláine agus rúndacht sonraí a chur i mbaol nó ina bhféadfadh sé go ndearnadh infhaighteacht, sláine agus rúndacht sonraí a chur i mbaol.

2.  Déanfar teagmhais slándála a bhainistiú chun freagairt thapa, éifeachtach agus iomchuí a áirithiú.

3.  Gan dochar d'fhógra a thabhairt faoi shárú sonraí pearsanta agus cur in iúl an tsáraithe sin de bhun Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2016/679 nó de bhun Airteagal 30 de Threoir (AE) 2016/680, cuirfidh na Ballstáit, Europol agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann an Coimisiún, eu-LISA, an t-údarás náisiúnta maoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar an eolas gan mhoill maidir le teagmhais slándála. Cuirfidh eu-LISA an Coimisiún agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar an eolas gan mhoill faoi aon teagmhas slándála a bhaineann le SIS Láir.

4.  Déanfar faisnéis maidir le teagmhas slándála a bhfuil tionchar aige, nó a bhféadfadh tionchar a bheith aige, ar oibriú SIS i mBallstát nó laistigh de eu-LISA nó ar infhaighteacht, sláine agus rúndacht sonraí arna n-iontráil nó arna seoladh ag Ballstáit eile nó ar fhaisnéis fhorlíontach a dhéantar a mhalartú, déanfar í a chur ar fáil do na Ballstáit ar fad gan mhoill agus a thuairisciú de réir an phlean bainistithe teagmhais arna sholáthar ag eu-LISA.

5.  Rachaidh na Ballstáit agus eu-LISA i gcomhar le chéile má tharlaíonn teagmhas slándála.

6.  Déanfaidh an Coimisiún teagmhais thromchúiseacha a thuairisciú láithreach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Aicmiú EU RESTRICTED/RESTREINT UE a dhéanfar ar na tuarascálacha sin i gcomhréir leis na rialacha slándála is infheidhme.

7.  I gcás ina dtarlaíonn teagmhas slándála de thoradh ar mhí-úsáid sonraí, déanfaidh na Ballstáit, Europol, Eurojust agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a áirithiú go bhforchuirtear pionóis i gcomhréir le hAirteagal 73.

Airteagal 61

Idirdhealú a dhéanamh ar dhaoine a bhfuil saintréithe comhchosúla acu

1.  I gcás inar léir, nuair a iontráiltear foláireamh nua, go bhfuil duine áirithe in SIS cheana ag a bhfuil an eilimint chéanna tuairisce aitheantais, beidh feidhm ag an nós imeachta seo a leanas:déanfaidh Biúró SIRENE teagmháil laistigh de 12 uair an chloig leis an mBallstát eisiúna trí fhaisnéis fhorlíontach chun soiléiriú a fháil i dtaobh an mbaineann an foláireamh leis an duine céanna nó nach mbaineann;

2.  I gcás ina nochtar, leis an gcros-seiceáil, gur mar a chéile ábhar an fholáirimh nua agus an duine atá áirithe in SIS cheana, déanfaidh Biúró SIRENE an nós imeachta maidir le hiontráil ilfholáireamh dá dtagraítear in Airteagal 23 a chur i bhfeidhm.

3.  I gcás inarb é is toradh don tseiceáil go bhfuil beirt éagsúla i gceist, le fírinne, formheasfaidh Biúró SIRENE an iarraidh chun an dara foláireamh a iontráil trí na sonraí riachtanacha a chur isteach d'fhonn aon sainaithint mhícheart a sheachaint.

Airteagal 62

Sonraí breise chun déileáil le haitheantais a mhí-úsáidtear

1.  I gcás ina bhféadfadh mearbhall a bheith ann maidir leis an duine atá beartaithe mar ábhar foláirimh agus duine ar mí-úsáideadh a chéannacht, déanfaidh an Ballstát eisiúna, faoi réir toiliú sainráite a fháil ón duine sin, sonraí maidir leis an duine is déanaí atá luaite a chur leis an bhfoláireamh chun na hiarmhairtí diúltacha a ghabhann le sainaithint mhícheart a sheachaint. Tá ceart ag aon duine ar mí-úsáideadh a gcéannacht a thoiliú nó a toiliú le próiseáil na faisnéise a tharraingt siar.

2.  Ní úsáidfear sonraí duine ar mí-úsáideadh a chéannacht ach amháin chun na gcríoch seo a leanas:

(a) 

chun ligean don údarás inniúil idirdhealú a dhéanamh ar an duine ar mí-úsáideadh a chéannacht agus an duine a bhí beartaithe iarbhír mar ábhar an fholáirimh; agus

(b) 

chun ligean don duine ar mí-úsáideadh a chéannacht a chéannacht a chruthú agus a shuí gur mí-úsáideadh a chéannacht.

3.  Chun críche an Airteagail seo, agus faoi réir toiliú sainráite an duine ar mí-úsáideadh an céannacht maidir le gach catagóir sonraí, ní fhéadfar ach na sonraí pearsanta seo a leanas de chuid an duine ar mí-úsáideadh a gcéannacht a iontráil agus a phróiseáil a thuilleadh in SIS:

(a) 

sloinnte;

(b) 

céadainmneacha;

(c) 

ainmneacha tráth breithe;

(d) 

ainmneacha a úsáideadh roimhe agus aon ailiasanna a d'fhéadfadh bheith iontráilte ar leithligh óna chéile;

(e) 

aon saintréith fhisiceach oibiachtúil nach féidir a athrú;

(f) 

áit bhreithe;

(g) 

dáta breithe;

(h) 

inscne;

(i) 

grianghraif agus íomhánna d'aghaidh;

(j) 

méarloirg, lorg dearnan nó an dá cheann;

(k) 

náisiúntacht agus más ann dóibh, aon náisiúntachtaí eile;

(l) 

catagóir dhoiciméid aitheantais an duine;

(m) 

tír eisiúna dhoiciméid aitheantais an duine;

(n) 

líon na ndoiciméad aitheantais atá ag an duine;

(o) 

dáta eisiúna dhoiciméid aitheantais an duine;

(p) 

seoladh an duine;

(q) 

ainm athair an duine;

(r) 

ainm mháthair an duine.

4.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na rialacha teicniúla a bhfuil gá leo maidir le hiontráil agus próiseáil bhreise a dhéanamh ar na sonraí dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a leagan síos agus a fhorbairt. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).

5.  Déanfar na sonraí dá dtagraítear i mír 3 a scriosadh an tráth céanna leis an bhfoláireamh comhfhreagrach nó níos luaithe ná sin i gcás ina n-iarrann an duine amhlaidh.

6.  Ní fhéadfaidh aon údarás seachas na húdaráis a bhfuil ceart rochtana acu ar an bhfoláireamh comhfhreagrach rochtain a fháil ar na sonraí dá dtagraítear i mír 3. Ní fhéadfaidh siad déanamh amhlaidh ach amháin chun sainaithint mhícheart a sheachaint.

Airteagal 63

Naisc idir foláirimh

1.  Féadfaidh Ballstát nasc a chruthú idir foláirimh a iontrálann sé in SIS. Is é a bheidh d'éifeacht ag nasc den sórt sin ná gaolmhaireacht a bhunú idir dhá fholáireamh nó níos mó.

2.  Ní dhéanfaidh cruthú naisc difear don ghníomhaíocht shonrach atá le déanamh ar bhonn gach foláirimh nasctha ná don tréimhse choinneála a bhaineann le gach ceann de na foláirimh nasctha.

3.  Ní dhéanfaidh cruthú naisc difear do na cearta rochtana dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Ní bheidh údaráis nach bhfuil aon cheart acu chun rochtain a fháil ar chatagóirí áirithe foláireamh in ann an nasc le foláireamh nach bhfuil ceart acu chun rochtain a fháil air a fheiceáil.

4.  Déanfaidh Ballstát nasc a chruthú idir foláirimh nuair atá gá oibríochtúil ann chuige sin.

5.  I gcás ina measann Ballstát go bhfuil cruthú naisc idir foláirimh ag Ballstát eile ar neamhréir lena dhlí náisiúnta nó lena oibleagáidí idirnáisiúnta, féadfaidh sé na bearta riachtanacha a dhéanamh chun a áirithiú nach féidir aon rochtain ar an nasc a bheith ann óna chríoch náisiúnta nó ag a chuid údarás atá lonnaithe lasmuigh dá chríoch.

6.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun rialacha teicniúla a bhfuil gá leo maidir le teicniúla maidir le nascadh foláireamh a leagan síos agus a fhorbairt. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).

Airteagal 64

Cuspóir agus tréimhse choinneála faisnéise forlíontaí

1.  Déanfaidh na Ballstáit tagairt do na cinntí is cúis le foláireamh a choimeád i mBiúró SIRENE chun tacú le malartú faisnéise forlíontaí.

2.  Sonraí pearsanta a shealbhaíonn Biúró SIRENE i gcomhaid mar thoradh ar fhaisnéis a mhalartaítear, ní dhéanfar iad a choimeád ach amháin ar feadh cibé méid ama is gá chun na gcríoch ar chucu a soláthraíodh iad a bhaint amach. Déanfar iad a scriosadh, ina aon chás, bliain amháin ar a dhéanaí tar éis an foláireamh gaolmhar a scriosadh as SIS.

3.  Ní dhéanfaidh mír 2 dochar don cheart atá ag Ballstát sonraí a bhaineann le foláireamh ar leith atá eisithe ag an mBallstát sin nó le foláireamh ar ina leith a rinneadh gníomhaíocht ar a chríoch a choimeád i gcomhaid náisiúnta. Is leis an dlí náisiúnta a rialófar an tréimhse ar lena linn a fhéadfar sonraí den sórt sin a shealbhú sna comhaid sin.

Airteagal 65

Sonraí a aistriú chuig tríú páirtithe

Ní dhéanfar sonraí a phróiseáiltear in SIS agus an fhaisnéis fhorlíontach ghaolmhar de bhun an Rialacháin seo a aistriú chuig tríú tíortha ná chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta ná ní dhéanfar iad a chur ar fáil dóibh.



CAIBIDIL XVI

Cosaint sonraí

Airteagal 66

Reachtaíocht is infheidhme

1.  Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag eu-LISA agus ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta faoin Rialachán seo. Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2016/794 agus sonraí pearsanta á bpróiseáil ag Europol faoin Rialachán seo. Beidh feidhm ag Cinneadh (Eurojust) Uimh. 2002/187 maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag Eurojust faoin Rialachán seo.

2.  Beidh feidhm ag Treoir (AE) 2016/680 maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo ag na húdaráis inniúla náisiúnta agus seirbhísí náisiúnta chun críocha cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú, nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin.

3.  Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo ag na húdaráis inniúla náisiúnta agus seirbhísí náisiúnta cé is moite de phróiseáil chun críocha cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú, nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin.

Airteagal 67

Ceart chun rochtain a fháil ar shonraí míchruinne, agus chun iad a cheartú, agus chun sonraí atá á stóráil go neamhdhleathach a léirscriosadh

1.  Beidh daoine is ábhar do na sonraí in ann a gcuid cearta atá leagtha síos in Airteagail 15, 16 agus 17 de Rialacháin (AE) 2016/679 agus in Airteagal 14 agus Airteagal 16(1) agus (2) de Threoir (AE) 2016/680 a fheidhmiú.

2.  Ní fhéadfaidh Ballstát seachas an ceann a d'eisigh foláireamh faisnéis maidir leis na sonraí sin a sholáthar don duine is ábhar do na sonraí, ach amháin má thugann sé deis ar dtús don Bhallstát a eisíonn an foláireamh chun a sheasamh a lua. Déanfar an chumarsáid idir na Ballstáit sin trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú.

3.  Déanfaidh Ballstát cinneadh gan faisnéis a sholáthar don té sin is ábhar do na sonraí, go hiomlán nó go páirteach, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta a mhéid atá, agus ar feadh cibé tréimhse a bhfuil, srian iomlán nó páirteach den sórt sin ina bheart riachtanach comhréireach i sochaí dhaonlathach, agus aird chuí á tabhairt ar chearta bunúsacha agus leasanna dlisteanacha an té lena mbaineann, chun an méid seo a leanas a bhaint amach:

(a) 

bac ar fhiosrúcháin, imscrúduithe nó nósanna imeachta oifigiúla nó dlíthiúla a sheachaint;

(b) 

dochar do chosc, do bhrath, d'imscrúdú nó d'ionchúiseamh cionta coiriúla, nó d'fhorghníomhú pionós coiriúil, a sheachaint;

(c) 

an tslándáil phoiblí a chosaint;

(d) 

an tslándáil náisiúnta a chosaint; nó

(e) 

cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint.

I gcásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh an Ballstát an té is ábhar do na sonraí ar an eolas i scríbhinn, gan moill mhíchuí, faoi dhiúltú nó srianadh rochtana agus faoi na fáthanna a bhí leis an gcinneadh sin. Féadfar faisnéis den sórt sin a fhágáil ar lár i gcás ina mbainfeadh soláthar na faisnéise sin an bonn de aon cheann de na forais a leagtar amach i bpointí (a) go (e) den chéad fhomír seo. Cuirfidh an Ballstát an té is ábhar do na sonraí ar an eolas faoin bhféidearthacht gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta nó leigheas breithiúnach a lorg.

Déanfaidh an Ballstát na cúiseanna fíorasacha nó dlí ar a bhfuil an cinneadh gan faisnéis a sholáthar don duine is ábhar do na sonraí bunaithe a dhoiciméadú. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil do na húdaráis mhaoirseachta.

I gcásanna den sórt sin, féadfar an té is ábhar do na sonraí a chearta a fheidhmiú trí na húdaráis mhaoirseachta inniúla.

4.  Ach a bhfaightear iarraidh ar rochtain, ceartú nó léirscriosadh, cuirfidh an Ballstát an té is ábhar do na sonraí ar an eolas a luaithe is féidir laistigh de na spriocdhátaí dá dtagraítear in Airteagal 12(3) de Rialachán (AE) 2016/679 faoin obair leantach a rinneadh maidir le feidhmiú na gceart faoin Airteagal seo.

Airteagal 68

Leigheasanna

1.  Gan dochar d'fhorálacha maidir le réitigh de Rialachán (AE) 2016/679 agus de Threoir (AE) 2016/680, féadfaidh aon duine caingean a thionscnamh os comhair aon cheann de na húdaráis inniúla, lena n-áirítear cúirt, faoi dhlí aon Bhallstáit, chun rochtain a fháil ar fhaisnéis, nó faisnéis a cheartú, a léirscriosadh nó seilbh a fháil uirthi, nó chun cúiteamh a fháil, i dtaca le foláireamh maidir leis an duine sin.

2.  Gan dochar d'fhorálacha Airteagal 72, geallann na Ballstáit go frithpháirteach cinntí críochnaitheacha a thugann na cúirteanna nó na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fhorghníomhú.

3.  Déanfaidh na Ballstáit tuairisciú bliantúil don Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí ar an méid seo a leanas:

(a) 

an líon iarrataí ar rochtain arna gcur faoi bhráid an rialaitheora sonraí agus an líon cásanna inar tugadh rochtain ar shonraí;

(b) 

an líon iarrataí ar rochtain arna gcur faoi bhráid an údaráis maoirseachta agus an líon cásanna inar tugadh rochtain ar shonraí;

(c) 

an líon iarrataí a seoladh chuig an rialaitheoir sonraí maidir le ceartú sonraí míchruinne agus léirscriosadh sonraí arna stóráil go neamhdhleathach agus an líon cásanna inar ceartaíodh nó inar léirscriosadh na sonraí sin;

(d) 

an líon iarrataí a cuireadh faoi bhráid an údaráis maoirseachta maidir le ceartú sonraí míchruinne agus léirscriosadh sonraí arna stóráil go neamhdhleathach;

(e) 

an líon imeachtaí cúirte a seoladh;

(f) 

an líon cásanna inar rialaigh an chúirt i bhfabhar an iarratasóra;

(g) 

aon bharúlacha maidir le cásanna a bhaineann le haitheantas frithpháirteach do chinntí críochnaitheacha a dhéanann cúirteanna nó údaráis de chuid Ballstát eile faoi fholáirimh arna n-iontráil ag an mBallstát a eisíonn an foláireamh.

Déanfaidh an Coimisiún teimpléad a fhorbairt don tuairisciú dá dtagraítear san fhomhír seo.

4.  Déanfar na tuarascálacha ó na Ballstáit agus a chur isteach sa tuarascáil chomhpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 71(4).

Airteagal 69

Maoirseacht a dhéanamh ar N.SIS

1.  Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta neamhspleácha atá ainmnithe i ngach Ballstát agus dá dtugtar na cumhachtaí dá dtagraítear i gCaibidil VI de Rialachán (AE) 2016/679 nó i gCaibidil VI de Threoir (AE) 2016/680 faireachán ar dhlíthiúlacht na próiseála a dhéantar ar shonraí pearsanta atá in SIS ar a gcríoch féin ar tharchur na sonraí sin ón gcríoch sin, agus ar mhalartú agus ar phróiseáil bhreise faisnéise forlíontaí ar a gcríoch.

2.  Áiritheoidh na húdaráis mhaoirseachta go ndéantar iniúchadh ar na hoibríochtaí próiseála sonraí ina N.SIS a chur i gcrích i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta uair amháin, ar a laghad, i ngach tréimhse 4 bliana. Is iad na húdaráis mhaoirseachta a dhéanfaidh an t-iniúchadh a chur i gcrích nó déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta an t-iniúchadh a ordú go díreach ó iniúchóir neamhspleách cosanta sonraí. Is ag na húdaráis mhaoirseachta a bheidh smacht i gcaitheamh an ama ar fhreagrachtaí an iniúchóra neamhspleách agus glacfaidh siad na freagrachtaí sin ar láimh chucu féin.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ag a n-údaráis mhaoirseachta féin a ndóthain acmhainní chun na cúraimí a leagtar orthu faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus go mbeidh fáil acu ar chomhairle uatha siúd atá leoreolach ar shonraí bithmhéadracha.

Airteagal 70

Maoirseacht a dhéanamh ar eu-LISA

1.  Beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freagrach as faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta eu-LISA agus a áirithiú go ndéanfar na gníomhaíochtaí sin a chur i gcrích i gcomhréir leis an Rialachán seo. Beidh feidhm dá réir sin ag na cúraimí agus na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 57 agus in Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2018/1725.

2.  Déanfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí iniúchadh, gach 4 bliana, ar a laghad, ar ghníomhaíochtaí próiseála sonraí pearsanta eu-LISA i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta. Déanfar tuarascáil faoin iniúchadh sin a sheoladh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig eu-LISA, chuig an gCoimisiún agus chuig na húdaráis mhaoirseachta. Tabharfar deis do eu-LISA tuairimí a thabhairt sula nglactar an tuarascáil.

Airteagal 71

Comhoibriú idir na húdaráis mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

1.  Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, agus iad go léir ag gníomhú de réir raon feidhme a n-inniúlachtaí féin, comhoibriú gníomhach le chéile faoi chuimsiú a bhfreagrachtaí agus déanfaidh siad maoirseacht chomhordaithe ar SIS a áirithiú.

2.  Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus iad go léir ag gníomhú de réir raon feidhme a n-inniúlachtaí féin, faisnéis ábhartha a mhalartú, cúnamh a thabhairt dá chéile le linn iniúchtaí agus cigireachtaí a dhéanamh, deacrachtaí maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus gníomhartha dlíthiúla infheidhme eile de chuid an Aontais a scrúdú, staidéar ar fhadhbanna a nochtar trí fheidhmiú maoirseachta neamhspleáiche nó trí fheidhmiú na gceart atá ag ábhair sonraí, tograí comhchuibhithe a tharraingt suas maidir le réitigh chomhpháirteacha ar aon fhadhbanna agus feasacht ar chearta maidir le cosaint sonraí a chur chun cinn, de réir mar is gá.

3.  Chun na gcríoch a leagtar síos i mír 2, tiocfaidh na húdaráis mhaoirseachta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí le chéile dhá uair ar a laghad in aghaidh na bliana mar chuid den Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí. Is é an Bord a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2016/679 a sheasfaidh costais agus seirbhísiú na gcruinnithe sin. Glacfar rialacha nós imeachta ag an gcéad chruinniú. Déanfar modhanna oibre eile a fhorbairt i gcomhpháirt a chéile, de réir mar is gá.

4.  Déanfaidh an Bord comhthuarascáil ar ghníomhaíochtaí maidir le maoirseacht chomhordaithe a chur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún ar bhonn bliantúil.



CAIBIDIL XVII

Dliteanas agus pionóis

Airteagal 72

Dliteanas

1.  Gan dochar don cheart chun cúiteamh a fháil agus dliteanas faoi Rialachán (AE) 2016/679, faoi Threoir (AE) 2016/680 agus Rialachán (AE) 2018/1725:

(a) 

aon duine nó aon Bhallstát dár bhain damáiste ábhartha nó neamhábhartha de bharr oibríocht phróiseála neamhdhleathach trí úsáid a bhaint as N.SIS nó de bharr aon bheart nach bhfuil ag luí leis an Rialachán seo, arna ndéanamh ag Ballstát, beidh sé i dteideal cúiteamh a fháil ón mBallstát sin;

(b) 

aon duine nó aon Bhallstát dár bhain damáiste ábhartha nó neamhábhartha de bhar aon bheart a rinne eu-LISA nach bhfuil ag luí leis an Rialachán seo, beidh sé i dteideal cúiteamh a fháil ó eu-LISA.

Beidh an Ballstát sin nó eu-LISA díolmhaithe óna dhliteanas, go hiomlán nó i bpáirt, má éiríonn leo a chruthú nárbh iad a bhí freagrach as an eachtra ba shiocair leis an damáiste.

2.  Má dhéanann Ballstát aon fhaillí i gcomhlíonadh a chuid oibleagáidí faoin Rialachán seo a bheidh ina chúis damáiste don SIS, beidh an Ballstát sin nó an comhlacht sin faoi dhliteanas i leith an damáiste sin, mura rud é nach ndearna agus a mhéid nach ndearna eu-LISA nó Ballstát eile atá rannpháirteach sa SIS bearta réasúnta chun cosc a chur ar an damáiste tarlú nó chun a thionchar a íoslaghdú.

3.  Is faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin a rialálfar éilimh ar chúiteamh a dhéanfar i gcoinne Ballstáit as an damáiste dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3. Is faoi réir na gcoinníollacha dá bhforáiltear sna Conarthaí a rialálfar éilimh ar chúiteamh a dhéanfar i gcoinne eu-LISA as an damáiste dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3.

Airteagal 73

Pionóis

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon mhí-úsáid de shonraí SIS, aon phróiseáil sonraí in SIS nó aon mhalartú faisnéise forlíontaí de shárú ar an Rialachán seo inphionósaithe i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.



CAIBIDIL XVIII

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 74

Faireachán agus athbhreithniú

1.  Áiritheoidh eu-LISA go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú SIS de réir cuspóirí a bhaineann le haschur, cost-éifeachtúlacht, slándáil agus cáilíocht seirbhíse.

2.  Chun críocha na cothabhála teicniúla, an tuairiscithe, an tuairiscithe ar cháilíocht sonraí agus an staidrimh, beidh rochtain ag eu-LISA ar an bhfaisnéis is gá a bhaineann le hoibríochtaí próiseála arna gcur i gcrích ag SIS Láir.

3.  Táirgfidh eu-LISA staidrimh ar bhonn laethúil, míosúil, agus bliantúil a léireoidh líon na dtaifead de réir chatagóir an fholáirimh, is é sin an líon iomlán agus an líon i ndáil le gach Ballstát ar leith. Cuirfidh eu-LISA ar fail tuarascálacha bliantúla maidir leis an líon taifead in aghaidh na catagóire foláirimh, an líon bliantúil amas in aghaidh na catagóire foláirimh, an líon uaireanta a cuardaíodh SIS agus an líon uaireanta a fuarthas rochtain ar SIS chun foláireamh a iontráil, a nuashonrú nó a scriosadh, is é sin, an líon iomlán agus an líon i ndáil le gach Ballstát ar leith. Ní bheidh aon sonraí pearsanta sa staidreamh a ullmhaítear. Foilseofar an tuarascáil bhliantúil staidrimh.

4.  Déanfaidh na Ballstáit agus, chomh maith leis sin, déanfaidh Europol, Eurojust agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, an fhaisnéis is gá i ndáil le dréachtú na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 3, i mír 6, i mír 8 agus i mír 9 a sholáthar do eu-LISA agus don Choimisiún.

5.  Áireofar san fhaisnéis sin staidreamh ar leithligh faoin líon cuardach a rinne na seirbhísí sna Ballstáit ar a bhfuil freagracht i ndáil le deimhnithe cláraithe feithiclí a eisiúint agus na seirbhísí sna Ballstáit ar a bhfuil freagracht i ndáil le deimhnithe cláraithe a eisiúint, agus bainistiú tráchta a áirithiú, do bháid, lena n-áirítear innill bháid, agus aerárthaigh, lena n-áirítear innill aerárthach nó faoin líon cuardach den sórt sin a rinneadh thar a gceann. Ina theannta sin, taispeánfaidh an staidreamh an líon amas in aghaidh na catagóire foláirimh.

6.  Déanfaidh eu-LISA aon tuarascálacha staidrimh a ullmhaíonn sí a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do na Ballstáit, don Choimisiún, do Europol, do Eurojust agus don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

Chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme ghníomhartha dlíthiúla an Aontais, lena n-áirítear chun críche Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar eu-LISA tuarascálacha staidrimh sonracha breise a sholáthar, de chineál rialta nó ad hoc, maidir le feidhmíocht SIS, úsáid SIS agus maidir le malartú faisnéise forlíontaí.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a iarraidh ar eu-LISA tuarascálacha staidrimh sonracha breise a sholáthar chun críocha anailísí riosca agus measúnú leochaileachta dá dtagraítear in Airteagal 11 agus Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2016/1624 de chineál rialta nó ad-hoc a dhéanamh.

▼M1

7.  Chun críche Airteagal 15(4) agus chun críche mhíreanna 3, 4 agus 6 den Airteagal seo, déanfaidh eu-LISA na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 15(4) agus i mír 3 den Airteagal seo a stóráil ar bhealach nach bhféadfar daoine aonair a shainaithint sa lárstóras um thuairisciú agus staidreamh dá dtagraítear in Airteagal 39 de Rialachán (AE) 2019/818.

Ceadóidh eu-LISA don Choimisiún agus do na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo tuarascálacha agus staidreamh sainordaithe a fháil. Arna iarraidh sin, tabharfaidh eu-LISA rochtain ar an lárstóras um thuairisciú agus staidreamh i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán (AE) 2019/818 do na Ballstáit, don Choimisiún, do Europol agus don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta.

▼B

8.  Dhá bhliain tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo de bhun na chéad fhomhíre d'Airteagail 79(5) seo agus gach dara bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht tuarascáil ar fheidhmiú teicniúil SIS Láir agus an Bhonneagair Cumarsáide, lena n-áirítear cúrsaí slándála ina leith, ar an gcóras uathoibrithe um shainaithint méarlorg agus ar mhalartú déthaobhach agus iltaobhach faisnéise forlíontaí idir na Ballstáit, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Áiritheofar sa tuarascáil sin freisin, a luaithe a bheidh an teicneolaíocht sin in úsáid, meastóireacht ar úsáid a bhaint as íomhánna den aghaidh chun náisiúnach tríú tír a shainaithint.

9.  Trí bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo de bhun na chéad fhomhíre d'Airteagail 79(5) agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht fhoriomlán a ullmhú maidir le SIS Láir agus maidir le malartú déthaobhach agus iltaobhach faisnéise forlíontaí idir na Ballstáit. Áireofar san mheastóireacht fhoriomlán sin scrúdú ar thorthaí atá bainte amach de réir na gcuspóirí agus measúnú ar bhailíocht leanúnach na bunréasúnaíochta, ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo i leith SIS Láir, ar shlándáil SIS Láir agus ar aon impleachtaí d'oibríochtaí amach anseo. Áiritheofar sa tuarascáil mheastóireachta freisin measúnú ar an gcóras sainaitheanta méarlorg uathoibrithe agus feachtais faisnéise faoi SIS arna dhéanamh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 19.

Tarchuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

10.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena ndéanfar rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú an lárstórais dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo a leagan síos agus na rialacha cosanta sonraí agus slándála is infheidhme don lárstóras sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).

Airteagal 75

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 38(3) agus in Airteagal 43(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ó 27 Nollaig 2018.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 38(3) agus Airteagal 43(4) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, go comhuaineach, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 38(3) nó Airteagal 43(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 76

Nós imeachta coiste

1.  Tabharfaidh coiste atá ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 cúnamh don Choimisiún.

2.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 77

Leasuithe ar Chinneadh 2007/533/CGB

Leasaítear Cinneadh Réime 2007/533/CGB mar a leanas:

(1) 

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

“Airteagal 6

Córais náisiúnta

1.  Beidh freagracht ar gach Ballstát ar leith i ndáil lena N.SIS II féin a chur ar bun, a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt a thuilleadh agus i ndáil lena N.SIS II a cheangal le NI.SIS.

2.  Beidh de fhreagracht ar gach Ballstát ar leith a áirithiú go mbeidh sonraí SIS II ar fáil gan bhriseadh gan bhearnú do na húsáideoirí deiridh.”;

(2) 

cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 11:

“Airteagal 11

Rúndacht — na Ballstáit

1.  Déanfaidh gach Ballstát a chuid rialacha maidir le sicréideacht ghairmiúil nó dualgais choibhéiseacha eile i leith rúndachta a chur i bhfeidhm, i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta, maidir le gach duine agus gach comhlacht a gceanglaítear orthu oibriú le sonraí SIS agus le faisnéis fhorlíontach. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin chomh maith tar éis do na daoine sin imeacht as oifig nó scor den fhostaíocht nó tar éis fhoirceannadh ghníomhaíochtaí na gcomhlachtaí sin.

2.  I gcás ina ndéanann Ballstát comhar le conraitheoirí seachtracha i gcúraimí a bhaineann le SIS II, déanfaidh sé faireachán géar ar ghníomhaíochtaí an chonraitheora chun a áirithiú go ndéanfar iad i gcomhréir le gach foráil de chuid an Chinnidh seo, lena n-áirítear go háirithe maidir le slándáil, rúndacht agus cosaint sonraí.

3.  Ní thabharfar de chúram do chuideachtaí nó eagraíochtaí príobháideacha bainistiú oibríochtúil N.SIS II ná bainistiú oibríochtúil aon chóipeanna teicniúla de N.SIS II.”;

(3) 

Leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

(a) 

Cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“3a.  Déanfaidh an t-údarás bainistíochta sásra agus nósanna imeachta maidir le seiceálacha cáilíochta a dhéanamh ar na sonraí in CS-SIS, déanfaidh sí iad a fhorbairt agus a chothabháil agus soláthróidh sí tuarascálacha tráthrialta do na Ballstáit, ina leith sin.

Déanfaidh an t-údarás bainistíochta tuarascáil rialta a chlúdaíonn na saincheisteanna ar thángthas orthu agus na Ballstáit lena mbaineann a sholáthar don Choimisiún.

Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar fáil go rialta do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis na fadhbanna a bhí ann i dtaobh cáilíocht sonraí.”;

(b) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

“8.  Cuimseoidh an bainistiú oibríochtúil SIS Láir II na cúraimí go léir is gá chun SIS Láir II a choinneáil i bhfeidhm 24 huaire an chloig in aghaidh an lae, 7 lá na seachtaine i gcomhréir leis an gCinneadh seo, go háirithe an obair chothabhála agus na forbairtí teicniúla is gá ar mhaithe le dea-oibriú an chórais. I measc na gcúraimí sin áireofar freisin go ndéantar comhordú agus bainistiú ar na gníomhaíochtaí tástála do SIS Láir II agus don N.SIS II, lena n-áirithítear go n-oibríonn SIS Láir II agus an N.SIS II i gcomhréir leis na ceanglais theicniúla i gcomhréir le hAirteagal 9 den Chinneadh seo.”.

(4) 

in Airteagal 17, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

“3.  I gcás ina ndéanann an t-údarás bainistíochta comhar le conraitheoirí seachtracha i gcúraimí a bhaineann le SIS II, déanfaidh an t-údarás bainistíochta sin faireachán géar ar ghníomhaíochtaí an chonraitheora chun a áirithiú go ndéanfar iad i gcomhréir le gach foráil de chuid an Chinnidh seo, go háirithe maidir le slándáil, rúndacht agus cosaint sonraí.

4.  Ní thabharfar de chúram do chuideachtaí nó eagraíochtaí príobháideacha bainistiú oibríochtúil CS-SIS.”;

(5) 

in Airteagal 21, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“I gcás ina mbíonn duine nó ábhar á lorg faoi fholáireamh a bhaineann le cion sceimhlitheoireachta, measfar go bhfuil an cás leordhóthanach, ábhartha agus tábhachtach go leor le gur gá foláireamh in SIS II. Ar chúiseanna slándála poiblí nó náisiúnta, is féidir a cheadú don Bhallstáit, ar bhonn eisceachtúil, staonadh ó fholáireamh a iontráil, nuair is dóchúil go gcuirfeadh sé sin bac ar fhiosrúcháin, imscrúduithe nó nósanna imeachta oifigiúla nó dlíthiúla.”;

(6) 

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22:

“Airteagal 22

Rialacha sonracha maidir le hiontráil, fíorú nó cuardach le grianghraif agus méarloirg

1.  Ní dhéanfar grianghraif agus méarloirg a iontráil ach amháin i ndiaidh do sheiceáil cháilíochta speisialta a bheith déanta chun a fháil amach an gcomhlíontar caighdeán íosta ó thaobh cáilíocht sonraí de. Déanfar sonraíocht na seiceála cáilíochta speisialta a bhunú i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 67.

2.  I gcás ina mbíonn grianghraif agus méarloirg ar fáil i bhfoláireamh in SIS II, bainfear úsáid as sonraí, grianghraif agus méarloirg den chineál sin chun céannacht duine a aimsíodh mar thoradh ar chuardach alfa-uimhriúil in SIS II a dheimhniú.

3.  Is ceadmhach sonraí méarlorg a chuardach chun céannacht duine a shuíomh. Mar sin féin, déanfar sonraí méarlorg a chuardach chun críocha céannachta, mura féidir céannacht an duine sin a fhionnadh ar mhodh eile. Chun na críche sin, beidh Córas Aitheantais Uathoibrithe Méarlorg (AFIS) in SIS Láir II.

4.  Féadfar sonraí méarlorg atá in SIS II i ndáil le foláirimh arna n-eisiúint i gcomhréir le Airteagal 26, Airteagal 32, Airteagal 36 agus Airteagal 40 a chuardach freisin trí úsáid a bhaint as sraitheanna iomlána nó neamhiomlána méarlorg a aimsítear ag láithreacha coireanna tromchúiseacha nó cionta sceimhlitheoireachta a bhíonn á n-imscrúdú, agus i gcás inar féidir a shuí, go hardleibhéal dóchúlachta, gur le déantóir ciona iad, ar an gcoinníoll go ndéantar an cuardach go comhuaineach i mbunachair sonraí méarloirg ábhartha náisiúnta na mBallstát.”;

(7) 

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 41:

“Airteagal 41

Rochtain ar shonraí atá in SIS II ag Europol

1.  Beidh an ceart ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) arna bhunú ag Rialachán (A) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 ), i gcás inar gá sin chun a sainordú a chomhlíonadh, rochtain a fháil ar shonraí atá in SIS II agus na sonraí sin a chuardach; beidh cead aici faisnéis fhorlíontach a mhalartú agus tuilleadh faisnéise a iarraidh i gcomhréir leis na forálacha sin as Lámhleabhar SIRENE.

2.  Más rud é, mar thoradh ar chuardach ag Europol, go nochtar go bhfuil foláireamh in SIS II, cuirfidh Europol an méid sin in iúl don Bhallstát eisiúna trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú trí bhíthin an Bhonneagair Cumarsáide agus i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach i Lámhleabhar SIRENE. Nó go mbeidh ar chumas Europol féin leas a bhaint as na feidhmiúlachtaí lena ndéantar faisnéis fhorlíontach a mhalartú, is trí na bealaí a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2016/794.

3.  An fhaisnéis a chuirfidh Ballstát ar fáil dó chun críocha comparáid a dhéanamh lena bhunachair sonraí agus lena thionscadail anailíse oibríochtúla, féadfaidh Europol í a phróiseáil d'fhonn ceangail nó naisc ábhartha eile a shainaithint agus d'fhonn anailísí straitéiseacha, téamacha nó oibríochtúla a dhéanamh dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) 2016/794. Pé próiseáil a dhéanfaidh Europol ar fhaisnéis fhorlíontach chun críche an Airteagail seo, is i gcomhréir leis an Rialachán sin.

4.  Tá úsáid faisnéise, a fhaightear ó chuardach in SIS II nó ó fhaisnéis fhorlíontach a phróiseáil, faoi réir toiliú a fháil ina leith ón mBallstát eisiúna. Má cheadaíonn an Ballstát an fhaisnéis sin a úsáid, déanfar láimhseáil na faisnéise sin ag Europol a rialú le Rialachán (AE) 2016/794. Is le toiliú ón mBallstát eisiúna amháin a fhéadfaidh Europol faisnéis den sórt sin a chur in iúl do thríú tíortha nó do thríú comhlachtaí agus lánurraim á tabhairt do dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí.

5.  Maidir le Europol:

(a) 

gan dochar do mhír 3 agus do mhír 6, ní dhéanfaidh sé codanna de SIS II a bhfuil rochtain aige orthu a cheangal le haon chóras atá ann d'fhonn sonraí a bhailiú agus a phróiseáil agus atá á oibriú ag Europol nó in Europol, ná ní aistreoidh sé na sonraí atá sna codanna sin chuig aon chóras den sórt sin, ná ní dhéanfaidh sé aon chuid de SIS II a íoslódáil nó a chóipeáil, ar aon slí eile;

(b) 

d'ainneoin Airteagal 31(1) de Rialachán (AE) 2016/794, scriosfaidh sé faisnéis fhorlíontach ina bhfuil sonraí pearsanta bliain amháin ar a dhéanaí tar éis an foláireamh gaolmhar a scriosadh. De mhaolú air sin, i gcás ina mbeidh faisnéis ag Europol ina gcuid bunachar sonraí nó ina thionscadail anailíse oibríochtúla maidir le cás lena mbaineann an fhaisnéis fhorlíontach, féadfaidh Europol, ar bhonn eisceachtúil, chun go mbeidh sé in ann a chúraimí a chomhlíonadh, leanúint den fhaisnéis fhorlíontach a stóráil nuair is gá sin. Cuirfidh Europol an Ballstát eisiúna agus an Ballstáit forghníomhaitheach ar an eolas faoi stóráil leantach faisnéis fhorlíontach den sórt sin agus tabharfaidh sé bonn cirt leis an stóráil leantach sin;

(c) 

déanfaidh sé rochtain ar shonraí atá in SIS II, lena n-áirítear faisnéis fhorlíontach, a theorannú do bhaill foirne Europol atá údaraithe go sonrach ina leith sin a dteastaíonn an rochtain sin uathu chun a gcúraimí a chomhlíonadh;

(d) 

déanfaidh sé bearta a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm chun slándáil, rúndacht agus féinfhaireachán a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 10, le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 13;

(e) 

déanfaidh sé a áirithiú go bhfaighidh baill foirne atá údaraithe chun sonraí SIS II a phróiseáil an oiliúint agus an fhaisnéis chuí i gcomhréir le hAirteagal 14; agus

(f) 

gan dochar do Rialachán (AE) 2016/794, ligfidh sé don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí Europol agus a cheart á fheidhmiú ag Europol chun rochtain a fháil ar shonraí atá in SIS agus chun cuardach a dhéanamh in SIS II, agus i ndáil le malartú agus próiseáil faisnéise forlíontaí.

6.  Ní dhéanfaidh Europol sonraí ó SIS II a chóipeáil ach amháin chun críoch teicniúil, i gcás ina bhfuil gá leis an gcóipeáil sin le go bhféadfaidh baill foirne Europol atá údaraithe go cuí cuardach díreach a dhéanamh. Beidh feidhm ag forálacha an Chinnidh seo maidir le cóipeanna den sórt sin. Déanfar an chóip theicniúil a úsáid chun sonraí SIS II a stóráil le linn na sonraí sin a bheith á gcuardach. Nuair a bheidh cuardach déanta ar na sonraí scriosfar iad. Ní fhorléireofar úsáidí den sórt sin mar úsáidí a chuimsíonn íoslódáil neamhdhleathach nó cóipeáil neamhdhleathach shonraí SIS II. Ní dhéanfaidh Europol sonraí foláirimh ná sonraí breise arna n-eisiúint ag na Ballstáit a chóipeáil ná ní dhéanfaidh sé cóip díobh a aistriú ó CS-SIS II isteach i gcórais eile de chuid Europol.

7.  Chun dlíthiúlacht na próiseála sonraí a fhíorú, chun féinfhaireachán a dhéanamh agus chun slándáil agus sláine iomchuí sonraí a áirithiú, coinneoidh Europol logaí maidir le gach rochtain ar SIS agus maidir le gach cuardach in SIS II i gcomhréir le forálacha Airteagal 12. Ní mheasfar gurb ionann na logaí agus na doiciméid sin agus íoslódáil nó cóipeáil neamhdhleathach aon chuid de SIS II.

8.  Cuirfidh na Ballstáit Europol ar an eolas trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú maidir le haon amas i ndáil le foláirimh a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta. Féadfaidh Ballstáit staonadh ó Europol a chur ar an eolas más dóchúil go ndéanfaí imscrúduithe reatha nó sábháilteacht duine aonair a chur i mbaol nó i gcás ina mbeadh sé contrártha do leasanna bunúsacha shlándáil an Bhallstáit eisiúna.

9.  Beidh feidhm ag mír 8 ón dáta a mbeidh ar chumas Europol faisnéis fhorlíontach a fháil i gcomhréir le mír 1.

(8) 

Cuirtear isteach an tAirteagal 42 seo a leanas:

“Airteagal 42a

Rochtain ar shonraí atá in SIS II ag foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta, ag foirne na mball foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh, agus ag baill na bhfoirne tacaíochta don bhainistiú imirce

1.  I gcomhréir le hAirteagal 40(8) de Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *2 ), beidh baill foirne dá dtagraítear i bpointí (8) agus (9) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2016/1624, laistigh dá sainordú agus ar choinníoll go bhfuil siad údaraithe chun seiceálacha a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 40(1) den Chinneadh seo agus go bhfuil an oiliúint is gá faighte acu i gcomhréir le hAirteagal 14 den Chinneadh seo, beidh an ceart ag na baill foirne sin rochtain a fháil ar shonraí atá in SIS II agus cuardach a dhéanamh orthu a mhéid is gá chun a gcúram a chomhlíonadh agus is riachtanach don phlean oibríochta a ghabhann le gníomhaíocht shonrach. Ní thabharfar cead rochtana ar shonraí atá in SIS II d'aon bhaill foirne eile.

2.  Déanfaidh baill foirne dá dtagraítear i mír 1 an ceart sin chun rochtain a fháil ar shonraí atá in SIS II a fheidhmiú, agus an ceart sin chun na sonraí sin a chuardach a fheidhmiú, i gcomhréir le mír 1 trí chomhéadan teicniúil. Déanfaidh an Gníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta an comhéadan teicniúil a bhunú agus a chothabháil agus eascóidh sé nasc díreach le SIS Láir II.

3.  Más rud é, mar thoradh ar chuardach ag ball de na foirne dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, go nochtar go bhfuil foláireamh in SIS II, cuirfear sin in iúl don Bhallstát eisiúna. I gcomhréir le hAirteagal 40 de Rialachán (AE) 2016/1624, ní ghníomhóidh baill na bhfoirne chun freagairt ar fholáireamh in SIS II ach amháin de réir treoracha ó ghardaí teorann nó ó bhaill foirne a bhfuil baint acu le cúraimí a bhaineann le filleadh, is é sin le rá, gardaí teorann agus baill foirne de chuid an Bhallstáit óstaigh ina bhfuil siad ag oibriú agus, mar riail ghinearálta, ní fhéadfaidh siad gníomhú amhlaidh ach amháin i láthair na ngardaí teorann nó na mball foirne sin. Féadfaidh an Ballstát óstach baill na bhfoirne a údarú chun gníomhú thar a cheann.

4.  Chun dlíthiúlacht na próiseála sonraí a fhíorú, chun féinfhaireachán a dhéanamh, agus chun slándáil agus sláine iomchuí sonraí a áirithiú, coinneoidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta logaí maidir le gach rochtain ar SIS II agus maidir le gach cuardach in SIS II i gcomhréir le forálacha Airteagal 12.

5.  Déanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta bearta a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm chun slándáil, rúndacht agus féinfhaireachán a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 10, le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 13 agus áiritheoidh sí go gcuireann na foirne dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na bearta sin i bhfeidhm.

6.  Ní léireofar aon ní san Airteagal seo mar ní a dhéanann difear d'fhorálacha Rialachán (AE) 2016/1624 a bhaineann le cosaint sonraí nó leis an dliteanas i leith aon phróiseála neamhúdaraithe nó mícheart ar na sonraí sin arna déanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta.

7.  Gan dochar do mhír 2, ní dhéanfar aon chodanna de SIS II a cheangal le haon chóras ríomhaireachta atá ann chun sonraí a bhailiú agus a phróiseáil agus atá á oibriú ag na foirne dá dtagraítear i mír 1 ná ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, ná ní dhéanfar na sonraí atá in SIS II, a bhfuil rochtain ag na foirne sin orthu, a aistriú chuig córas den sórt sin. Ní dhéanfar aon chuid de SIS II a íoslódáil nó a chóipeáil. Ní fhorléireofar logáil rochtana agus cuardach mar ní a chuimsíonn íoslódáil nó cóipeáil shonraí SIS II.

8.  Gan dochar do na forálacha breise i Rialachán 45/2001, tabharfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta cead don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí monatóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na bhfoirne dá dtagraítear san Airteagal seo agus i bhfeidhmiú a gceart chun rochtain a fháil ar shonraí atá in SIS II agus cuardach a dhéanamh iontu. Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *3 )

Airteagal 78

Aisghairm

Déantar Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006, Cinneadh 2007/533/CGB; agus Cinneadh 2010/261/AE a aisghairm ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a leagtar amach sa chéad fhomhír d'Airteagal 79(5).

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe (CE) Uimh 1986/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis na táblaí comhghaoil atá san Iarscríbhinn.

Airteagal 79

Teacht i bhfeidhm, tús oibríochtaí agus cur i bhfeidhm

1.  Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.  Glacfaidh an Coimisiún cinneadh tráth nach déanaí ná 28 Nollaig 2021 lena socrófar an dáta ar a dtosóidh SIS a gcuid oibríochtaí de bhun an Rialacháin seo, tar éis a fhíorú go bhfuil na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh:

(a) 

gur glacadh na gníomhartha cur chun feidhme is gá do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo;

(b) 

gur chuir na Ballstáit in iúl don Choimisiún go bhfuil na socruithe riachtanacha de chineál teicniúil agus dlíthiúil déanta acu chun sonraí SIS a phróiseáil agus chun faisnéis fhorlíontach a mhalartú de bhun an Rialacháin seo; agus

(c) 

gur thug eu-LISA fógra don Choimisiún maidir le críochnú rathúil na ngníomhaíochtaí tástála go léir maidir le CS-SIS agus maidir leis an idirghníomhaíocht idir CS-SIS agus N.SIS.

3.  Déanfaidh an Coimisiún faireachán géar ar an bpróiseas go ndéanfar na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 a chomhlíonadh de réir a chéile, agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas maidir le toradh an fhíoraithe dá dtagraítear sa mhír sin.

4.  Faoin 28 Nollaig 2019 agus gach bliain ina dhiaidh sin go dtí go ndéanfar cinneadh an Choimisiúin dá dtagraítear i mír 2 a ghlacadh, déanfar an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir le staid na himeartha i ndáil leis an dul chun cinn atá déanta do chur i bhfeidhm iomlán an Rialacháin seo. Beidh faisnéis mhionsonraithe sa tuarascáil sin freisin faoi na costais a tabhaíodh agus faoi aon rioscaí a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar na costais iomlána.

5.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón dáta a chinnfear i gcomhréir le mír 2.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír:

(a) 

Beidh feidhm ag Airteagal 4(4), Airteagal 5, Airteagal 8(4), Airteagal 9(1) agus (5), Airteagal 12(8), Airteagal 15(7), Airteagal 19, Airteagal 20(4) agus (5), Airteagal 26(6), Airteagal 32(9), Airteagal 34(3), Airteagal 36(6), Airteagal 38(3) agus (4), Airteagal 42(5), Airteagal 43(4), Airteagal 54, Airteagal 62, Airteagal 63(6), Airteagal 74(7) agus (10), Airteagal 75, Airteagal 76, pointí (1) go (5) d'Airteagal 77, agus míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo;

(b) 

beidh feidhm ag pointí (7) agus (8) d'Airteagal 77 ón 28 Nollaig 2019;

(c) 

beidh feidhm ag pointe 6 d'Airteagal 77 ón 28 Nollaig 2020.

6.  Foilseofar an cinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 2 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.




IARSCHRÍBHINN

TÁBLA COMHGHAOIL



Cinneadh 2007/533/CBG

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 15

Airteagal 16

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagal 17

Airteagal 18

Airteagal 18

Airteagal 19

Airteagal 19

Airteagal 20

Airteagal 20

Airteagal 21

Airteagal 21

Airteagal 22

Airteagail 42 agus 43

Airteagal 23

Airteagal 22

Airteagal 23

Airteagal 24

Airteagal 24

Airteagal 25

Airteagal 25

Airteagal 26

Airteagal 26

Airteagal 27

Airteagal 27

Airteagal 28

Airteagal 28

Airteagal 29

Airteagal 29

Airteagal 30

Airteagal 30

Airteagal 31

Airteagal 31

Airteagal 32

Airteagal 32

Airteagal 33

Airteagal 33

Airteagal 34

Airteagal 34

Airteagal 35

Airteagal 35

Airteagal 36

Airteagal 36

Airteagal 37

Airteagal 37

Airteagal 38

Airteagal 38

Airteagal 39

Airteagal 39

Airteagal 40

Airteagal 41

Airteagal 40

Airteagal 44

Airteagal 45

Airteagal 46

Airteagal 47

Airteagal 41

Airteagal 48

Airteagal 42

Airteagal 49

Airteagal 51

Airteagal 42a

Airteagal 50

Airteagal 43

Airteagal 52

Airteagal 44

Airteagal 53

Airteagal 45

Airteagal 54

Airteagal 55

Airteagal 46

Airteagal 56

Airteagal 47

Airteagal 57

Airteagal 48

Airteagal 58

Airteagal 49

Airteagal 59

Airteagal 60

Airteagal 50

Airteagal 61

Airteagal 51

Airteagal 62

Airteagal 52

Airteagal 63

Airteagal 53

Airteagal 64

Airteagal 54

Airteagal 65

Airteagal 55

Airteagal 56

Airteagal 57

Airteagal 66

Airteagal 58

Airteagal 67

Airteagal 59

Airteagal 68

Airteagal 60

Airteagal 69

Airteagal 61

Airteagal 70

Airteagal 62

Airteagal 71

Airteagal 63

Airteagal 64

Airteagal 72

Airteagal 65

Airteagal 73

Airteagal 66

Airteagal 74

Airteagal 75

Airteagal 67

Airteagal 76

Airteagal 68

Airteagal 77

Airteagal 69

Airteagal 78

Airteagal 70

Airteagal 71

Airteagal 79



Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006

An Rialachán seo

Airteagal 1, Airteagal 2 agus Airteagal 3

Airteagal 45



( 1 ) Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle, (IO L 88, 31/3/2017, lch. 6).

( 2 ) Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 lena mbunaítear Cód Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lch. 1).

( 3 ) Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85)

( 4 ) Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú agus lena n-aisghairtear an Cinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 16 Meán Fómhair 1998 lena mbunaítear Buanchoiste um measúnú agus cur chun feidhme Schengen (IO L 295, 6.11.2013, lch. 27).

( 5 ) Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le gnáthnósanna imeachta chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a aistarraingt (IO L 180, 29.6.2013, lch. 60).

( 6 ) Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 ón gComhairle an 19 Feabhra 2004 maidir le líonra oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú (IO L 64, 2.3.2004, lch. 1).

( 7 ) Treoir 1999/37/CE ón gComhairle maidir le clárú doiciméad d'fheithiclí (IO L 138, 1.6.1999, lch. 57).

( 8 ) Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin (IO L 295, 21.11.2018, lch. 138).

( *1 ) Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).”;

( *2 ) Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lch. 1).

( *3 ) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).”.