02018R1726 — GA — 11.06.2019 — 001.002


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2018/1726 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 14 Samhain 2018

maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011

(IO L 295 21.11.2018, lch. 99)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2019/816 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 17 Aibreán 2019

  L 135

1

22.5.2019

►M2

RIALACHÁN (AE) 2019/817 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 20 Bealtaine 2019

  L 135

27

22.5.2019

 M3

RIALACHÁN (AE) 2019/818 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 20 Bealtaine 2019

  L 135

85

22.5.2019


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 010, 15.1.2020, lch.  4 (2019/817)

 C2

Ceartúchán, IO L 010, 15.1.2020, lch.  5 (2019/818)




▼B

RIALACHÁN (AE) 2018/1726 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 14 Samhain 2018

maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011



CAIBIDIL I

ÁBHAR AGUS CUSPÓIRÍ

Airteagal 1

Ábhar

1.  Bunaítear leis seo Gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (an Ghníomhaireacht).

2.  Gabhfaidh an Ghníomhaireacht, arna bunú leis an Rialachán seo, ionad na Gníomhaireachta Eorpaí chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais, arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011, agus tiocfaidh sí i gcomharbas uirthi.

3.  Is í an Ghníomhaireacht a bheidh freagrach as bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar Chóras Faisnéise Schengen (SIS II), ar an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus ar Eurodac.

▼M1

4.  Is í an Ghníomhaireacht a bheidh freagrach as ullmhú, forbairt nó bainistiú oibríochtúil an Chórais Dul Isteach/Imeachta (EES), DubliNet, an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS), ECRIS-TCN agus chur chun feidhme thagairt ECRISl.

▼B

5.  Féadfar an fhreagracht a chur ar an nGníomhaireacht maidir le hullmhú, forbairt agus bainistiú oibríochtúil córas mórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais seachas na córais sin dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo, lena n-áirítear córais atá i bhfeidhm cheana, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh le gníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais lena rialaítear na córais sin, bunaithe ar Airteagal 67 go Airteagal 89 CFAE, agus sa chás sin amháin, agus na forbairtí i dtaighde dá dtagraítear in Airteagal 14 den Rialachán seo agus torthaí na dtreoirthionscadal agus na gcruthúnas coincheapa dá dtagraítear in Airteagal 15 den Rialachán seo á gcur san áireamh, más iomchuí.

6.  Is éard a bheidh sa bhainistiú oibríochtúil na cúraimí uile is gá chun feidhmiú córas mórscála TF a choinneáil ar bun i gcomhréir leis na forálacha sonracha is infheidhme maidir le gach ceann acu, lena n-áirítear freagracht as an mbonneagar cumarsáide a úsáideann na córais. Ní dhéanfaidh na córais mhórscála TF sin sonraí a mhalartú ná ní chumasóidh siad roinnt faisnéise ná eolais, mura bhforáiltear amhlaidh i ngníomh dlí sonrach de chuid an Aontais.

7.  Beidh an Ghníomhaireacht freagrach as an méid seo a leanas freisin:

(a) 

cáilíocht sonraí a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 12;

(b) 

na bearta is gá a fhorbairt chun idir-inoibritheacht a chumasú i gcomhréir le hAirteagal 13;

(c) 

gníomhaíochtaí taighde a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 14;

(d) 

treoirthionscadail, cruthúnais choincheapa agus gníomhaíochtaí tástála a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 15; agus

(e) 

tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit agus don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 16.

Airteagal 2

Cuspóirí

Gan dochar d’fhreagrachtaí an Choimisiúin agus na mBallstát, faoi seach, faoi ghníomhartha dlí an Aontais lena rialaítear córais mhórscála TF, áiritheoidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a) 

forbairt córas mórscála TF trí úsáid a bhaint as struchtúr leordhóthanach um bainistíocht tionscadal chun córais den sórt sin a fhorbairt go héifeachtúil;

(b) 

oibriú éifeachtach slán leanúnach na gcóras mórscála TF;

(c) 

bainistiú éifeachtúil, atá cuntasach ó thaobh airgeadais de, ar chórais mhórscála TF;

(d) 

cáilíocht sách ard seirbhíse i gcomhair úsáideoirí córas mórscála TF;

(e) 

leanúnachas agus seirbhís gan bhriseadh;

(f) 

ardleibhéal cosanta sonraí, i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí, lena n-áirítear forálacha sonracha i gcomhair gach córais mórscála TF;

(g) 

leibhéal iomchuí slándála sonraí agus slándála fisiciúla, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, lena n-áirítear forálacha sonracha i gcomhair gach córais mórscála TF;



CAIBIDIL II

CÚRAIMÍ NA GNÍOMHAIREACHTA

Airteagal 3

Cúraimí a bhaineann le SIS II

I ndáil le SIS II, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a) 

na cúraimí arna dtabhairt don Údarás Bainistíochta le Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus le Cinneadh 2007/533/CGB; agus

(b) 

cúraimí a bhaineann le hoiliúint in úsáid theicniúil SIS II, go háirithe i gcomhair fhoireann SIRENE (SIRENE — Iarraidh ar Fhaisnéis Fhorlíontach ag na Bealaí Isteach Náisiúnta), agus oiliúint saineolaithe i ngnéithe teicniúla SIS I faoi chuimsiú mheastóireacht Schengen.

Airteagal 4

Cúraimí a bhaineann le VIS

I ndáil le VIS, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a) 

na cúraimí arna dtabhairt don Údarás Bainistíochta le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus le Cinneadh 2008/633/CGB; agus

(b) 

cúraimí a bhaineann le hoiliúint ar úsáid theicniúil VIS agus oiliúint saineolaithe i ngnéithe teicniúla VIS faoi chuimsiú mheastóireacht Schengen.

Airteagal 5

Cúraimí a bhaineann le Eurodac

I ndáil le Eurodac, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a) 

na cúraimí arna dtabhairt di le Rialachán (AE) 603/2013; agus

(b) 

cúraimí a bhaineann le hoiliúint ar úsáid theicniúil Eurodac.

Airteagal 6

Cúraimí a bhaineann le EES

I ndáil le EES, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a) 

na cúraimí arna dtabhairt di le Rialachán (AE) 2017/2226; agus

(b) 

cúraimí a bhaineann le hoiliúint ar úsáid theicniúil EES agus oiliúint saineolaithe i ngnéithe teicniúla EES faoi chuimsiú mheastóireacht Schengen.

Airteagal 7

Cúraimí a bhaineann le ETIAS

I ndáil le ETIAS, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a) 

na cúraimí arna dtabhairt di le Rialachán (AE) 2018/1240; agus

(b) 

cúraimí a bhaineann le hoiliúint ar úsáid theicniúil ETIAS agus oiliúint saineolaithe i ngnéithe teicniúla ETIAS faoi chuimsiú mheastóireacht Schengen.

Airteagal 8

Cúraimí a bhaineann le DubliNet

I ndáil le DubliNet, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a) 

bainistiú oibríochtúil DubliNet, arb é atá ann bealach slán ar leithligh um tharchur leictreonach idir na húdaráis sna Ballstáit, arna chur ar bun faoi Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003, chun críocha Airteagal 31, Airteagal 32 agus Airteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ); agus

(b) 

cúraimí a bhaineann le hoiliúint ar úsáid theicniúil DubliNet.

▼M1

Airteagal 8a

Cúraimí a bhaineann le ECRIS-TCN agus le cur chun feidhme thagairt ECRIS

I ndáil le s ECRIS-TCN agus le cur chun feidhme thagairt ECRIS, déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a) 

na cúraimí arna dtabhairt di le Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 )

(b) 

cúraimí a bhaineann le hoiliúint ar úsáid theicniúil ECRIS-TCN agus chur chun feidhme thagairt ECRIS.

▼B

Airteagal 9

Cúraimí a bhaineann le hullmhú, le forbairt agus le bainistiú oibríochtúil córas eile mórscála TF

Nuair a chuirtear ullmhú, forbairt agus bainistiú oibríochtúil na gcóras eile mórscála TF dá dtagraítear in Airteagal 1(5) de chúram ar an nGníomhaireacht, déanfaidh sí na cúraimí arna dtabhairt di de bhun an ghnímh dlí de chuid an Aontais lena rialaítear an córas ábhartha, mar aon leis na cúraimí a bhaineann le hoiliúint ar úsáid theicniúil na gcóras sin, de réir mar is iomchuí.

Airteagal 10

Réitigh theicniúla lena gceanglaítear coinníollacha sonracha roimh an gcur chun feidhme

Nuair a cheanglaítear, le gníomhartha dlí an Aontais lena rialaítear na córais, ar an nGníomhaireacht na córais sin a choinneáil ag feidhmiú 24 uair an chloig in aghaidh an lae, 7 lá na seachtaine agus gan dochar do na gníomhartha dlí sin de chuid an Aontais, cuirfidh an Ghníomhaireacht réitigh theicniúla chun feidhme chun na ceanglais sin a chomhlíonadh. I gcás ina n-éilíonn na réitigh theicniúla sin dúbláil córais nó dúbláil na gcomhpháirteanna i gcóras, ní chuirfear i bhfeidhm iad ach amháin go dtí go ndéanfar measúnú tionchair agus anailís costas agus sochar neamhspleách, arna gcoimisiúnú ag an nGníomhaireacht agus go dtí go rachfar i gcomhairle leis an gCoimisiún agus go dtí go bhfaighfear cinneadh dearfach ón mBord Bainistíochta. Mar chuid den mheasúnú tionchair, déanfar scrúdú freisin ar na riachtanais ó thaobh acmhainn óstála na láithreán teicniúil atá cheana ann a bhaineann le forbairt na réiteach teicniúil sin agus na rioscaí a d’fheadfadh a bheith ag baint leis an leagan amach oibríochtúil reatha.

Airteagal 11

Cúraimí a bhaineann leis an mbonneagar cumarsáide

1.  Déanfaidh an Ghníomhaireacht na cúraimí ar fad a bhaineann le bonneagair chumarsáide na gcóras arna dtabhairt di le gníomhartha dlí an Aontais lena rialaítear na córais, cé is moite de na córais sin a úsáideann EuroDomain le haghaidh a mbonneagair cumarsáide. I gcás na gcóras sin a úsáideann EuroDomain, beidh an Coimisiún freagrach as na cúraimí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid, fáil agus athnuachan, agus ábhair a bhaineann le conarthaí. I gcomhréir le gníomhartha dlí an Aontais lena rialaítear na córais a úsáideann EuroDomain, tá na cúraimí a bhaineann leis an mbonneagar cumarsáide, lena n-áirítear an bainistiú oibríochtúil agus slándáil, le bheith roinnte idir an Ghníomhaireacht agus an Coimisiún. Chun comhleanúnachas a áirithiú idir feidhmiú a gcuid freagrachtaí faoi seach, déanfar socruithe oibre oibríochtúla a thabhairt i gcrích idir an Ghníomhaireacht agus an Coimisiún agus déanfar iad a leagan síos i meabhrán tuisceana.

2.  Déanfar an bonneagar cumarsáide a bhainistiú agus a rialú go leordhóthanach chun é a chosaint ar bhagairtí agus chun a shlándáil agus slándáil na gcóras a áirithiú, lena n-áirítear slándáil sonraí a mhalartaítear tríd an mbonneagar cumarsáide.

3.  Glacfaidh an Ghníomhaireacht bearta iomchuí, lena n-áirítear pleananna slándála, inter alia, chun léitheoireacht neamhúdaraithe, cóipeáil neamhúdaraithe, modhnú neamhúdaraithe nó scriosadh neamhúdaraithe sonraí pearsanta a chosc le linn aistrithe sonraí pearsanta nó le linn iompar meán sonraí, go háirithe trí bhíthin teicnící criptiúcháin iomchuí. An fhaisnéis oibríochtúil ar fad a bhaineann leis an gcóras atá i gcúrsaíocht sa bhonneagar cumarsáide, déanfar í a chriptiú.

4.  Maidir le cúraimí a bhaineann leis an mbonneagar cumarsáide a sheachadadh, a chur ar bun, a chothabháil agus faireachán a dhéanamh air, féadfar iad a chur ar eintitis sheachtracha nó comhlachtaí seachtracha de chuid na hearnála príobháidí i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046. Déanfar cúraimí den sórt sin faoi fhreagracht na Gníomhaireachta agus faoina dlúthmhaoirseacht.

Agus na cúraimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír á ndéanamh ag eintitis sheachtracha nó comhlachtaí seachtracha de chuid na hearnála príobháidí, lena n-áirítear ag soláthraithe líonra, beidh na bearta slándála dá dtagraítear i mír 3 ina gceangal orthu siúd agus ní bheidh aon rochtain acu, ar dhóigh ar bith, ar aon sonraí oibríochtúla arna stóráil sna córais nó arna n-aistriú ar aon slí tríd an mbonneagar cumarsáide nó chuig malartú SIRENE a bhaineann le SIS II.

5.  Fanfaidh bainistiú na neochracha criptiúcháin faoi inniúlacht na Gníomhaireachta agus ní dhéanfar é a eisfhoinsiú chuig aon eintiteas seachtrach de chuid na hearnála príobháidí. Ní dochar an méid sin do na conarthaí atá ann cheana le haghaidh bonneagair chumarsáide SIS II, VIS agus Eurodac.

▼M2

Airteagal 12

Cáilíocht sonraí

1.  Gan dochar do fhreagrachtaí na mBallstát maidir leis na sonraí a iontráiltear sna córais faoi fhreagracht oibríochtúil na Gníomhaireachta, bunóidh an Ghníomhaireacht, agus a Ghrúpaí Comhairleacha rannpháirteach go dlúth aige, do gach córas faoi chúram oibríochtúil na Gníomhaireachta sásraí agus nósanna imeachta uathoibrithe um rialú cáilíochta sonraí agus táscairí coiteanna maidir le cáilíocht sonraí agus na híoschaighdeáin cháilíochta chun sonraí a stóráil, i gcomhréir le forálacha ábhartha na n-ionstraimí dlí lena rialaítear na córais faisnéise sin agus le hAirteagal 37 de Rialacháin (AE) 2019/817 ( 3 ) agus (AE) 2019/818 ( 4 ) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

2.  Déanfaidh an Ghníomhaireacht lárstóras le haghaidh tuairisciú agus staidrimh a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialacháin (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818 faoi réir forálacha speisialta sna hionstraimí dlí lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid chórais mórscála TF arna mbainistiú ag an nGníomhaireacht.

▼B

Airteagal 13

Idir-inoibritheacht

I gcás ina bhfuil idir-inoibritheacht córas mórscála TF sonraithe i ngníomh dlí ábhartha de chuid an Aontais, déanfaidh an Ghníomhaireacht na bearta is gá a fhorbairt chun an idir-inoibritheacht sin a chumasú.

Airteagal 14

Faireachán a dhéanamh ar thaighde

▼M1

1.  Déanfaidh an Ghníomhaireacht faireachán ar na forbairtí i dtaighde is ábhartha do bhainistiú oibríochtúil SIS II, VIS, Eurodac, EES, ETIAS, DubliNet, ECRIS-TCN agus córas mórscála TF eile dá dtagraítear in Airteagal 1(5).

▼B

2.  Féadfaidh an Ghníomhaireacht cuidiú chun na codanna sin de Chreatchlár an Aontais Eorpaigh um Thaighde agus Nuálaíocht a bhaineann le córais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chur chun feidhme. Chun na críche sin, agus i gcás ina ndearna an Coimisiún na cumhachtaí ábhartha a tharmligean chuici, beidh na cúraimí seo a leanas ar an nGníomhaireacht:

(a) 

cuid de chéimeanna cur chun feidhme an chláir agus cuid de na céimeanna i saolré tionscadal áirithe a bhainistiú ar bhonn na gclár oibre ábhartha arna nglacadh ag an gCoimisiún;

(b) 

na hionstraimí chun an buiséad a chur chun feidhme agus na hionstraimí ioncaim agus caiteachais a ghlacadh, agus na hoibríochtaí uile is gá a dhéanamh chun an clár a bhainistiú; agus

(c) 

tacaíocht a chur ar fáil do chur chun feidhme an chláir.

3.  Déanfaidh an Ghníomhaireacht Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún, agus, a mhéid a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta, an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, a choimeád ar an eolas, ar bhonn rialta agus uair amháin sa bhliain ar a laghad, maidir leis na forbairtí dá dtagraítear san Airteagal seo gan dochar do na ceanglais i ndáil le tuairisciú a bhaineann le codanna de Chreatchlár an Aontais Eorpaigh um Thaighde agus Nuálaíocht a chur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2.

Airteagal 15

Treoirthionscadail, cruthúnais choincheapa agus gníomhaíochtaí tástála

1.  Arna iarraidh sin go sonrach beacht don Choimisiún, a bheidh tar éis Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas trí mhí ar a laghad roimh iarraidh den sórt sin a bheith déanta, agus tar éis cinneadh dearfach a fháil ón mBord Bainistíochta, féadfar, i gcomhréir le pointe (u) d’Airteagal 19(1) den Rialachán seo agus trí bhíthin comhaontú tarmligin, an cúram a thabhairt don Ghníomhaireacht treoirthionscadail a dhéanamh dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 58(2) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 maidir le forbairt nó bainistiú oibríochtúil córas mórscála TF de bhun Airteagal 67 go Airteagal 89 CFAE i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 62(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus, a mhéid a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta, an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, a choimeád ar an eolas ar bhonn rialta maidir le forbairt na dtreoirthionscadal arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht faoin gcéad fhomhír.

2.  Maidir le leithreasaí airgeadais i gcomhair treoirthionscadail dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 58(2) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046, arna n-iarraidh ag an gCoimisiún faoi mhír 1, ní dhéanfar iad a iontráil sa bhuiséad i leith níos mó ná 2 bhliain airgeadais as a chéile.

3.  Arna iarraidh sin don Choimisiún nó don Chomhairle, tar éis do Pharlaimint na hEorpa a bheith curtha ar an eolas agus tar éis cinneadh dearfach a fháil ón mBord Bainistíochta, féadfar, trí bhíthin comhaontú tarmligin, cúraimí a chur ar an nGníomhaireacht a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid i gcomhair cruthúnais choincheapa arna gcistiú faoin ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 62(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046

4.  Tar éis cinneadh dearfach a fháil ón mBord Bainistíochta, féadfaidh an Ghníomhaireacht gníomhaíochtaí tástála a phleanáil agus a chur chun feidhme a bhaineann le hábhair a chumhdaítear sa Rialachán seo agus in aon cheann de ghníomhartha dlí an Aontais lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid na gcóras.

Airteagal 16

Tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit agus don Choimisiún

1.  Féadfaidh aon Bhallstát iarraidh ar an nGníomhaireacht comhairle a sholáthar maidir le nasc a chórais náisiúnta le lárchórais na gcóras mórscála TF arna mbainistiú ag an nGníomhaireacht.

2.  Féadfaidh aon Bhallstáit iarraidh ar thacaíocht ad hoc a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus, faoi réir mheasúnú dearfach an Choimisiúin go bhfuil gá le tacaíocht den sórt sin i ngeall ar riachtanais urghnácha slándála nó imirce, déanfaidh an Coimisiún an iarraidh sin a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta gan mhoill. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an Bord Bainistíochta ar an eolas faoi iarrataí den sórt sin. Cuirfear an Ballstát ar an eolas i gcás ina bhfuil measúnú an Choimisiún diúltach.

Déanfaidh an Coimisiún faireachán i dtaobh an bhfuil freagairt thráthúil tugtha ag an nGníomhaireacht ar iarraidh an Bhallstáit. Tabharfar tuairisc mhionsonraithe i dtuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta ar na bearta atá déanta ag an nGníomhaireacht chun tacaíocht ad hoc a thabhairt do na Ballstáit agus ar na costais a tabhaíodh i dtaca leis sin.

3.  Féadfar a iarraidh ar an nGníomhaireacht freisin comhairle nó tacaíocht a sholáthar don Choimisiún maidir le saincheisteanna teicniúla a bhaineann le córais atá i bhfeidhm cheana nó córais nua, lena n-áirítear trí bhíthin staidéar agus tástála. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an Bord Bainistíochta ar an eolas faoi iarrataí den sórt sin.

4.  Féadfaidh grúpa de chúig Bhallstát ar a laghad a chur de chúram ar an nGníomhaireacht comhpháirt chomhchoiteann TF a fhorbairt, a bhainistiú nó a óstáil chun cabhrú leo gnéithe teicniúla d’oibleagáidí a chur chun feidhme a eascraíonn as dlí an Aontais maidir le córais dhíláraithe sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais. Beidh na réitigh chomhchoiteanna TF sin gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát iarrthach faoi dhlí an Aontais is infheidhme, go háirithe maidir le hailtireacht na gcóras sin.

Go háirithe, féadfaidh na Ballstáit iarrthacha a chur de chúram ar an nGníomhaireacht comhpháirt chomhchoiteann nó ródaire comhchoiteann a bhunú le haghaidh réamhfhaisnéis faoi phaisinéirí agus sonraí de thaifead ainmneacha paisinéirí mar uirlis tacaíochta theicniúil chun nascacht le haeriompróirí a éascú chun cabhrú leis na Ballstáit Treoir 2004/82/CE ón gComhairle ( 5 ) agus Treoir (AE) 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ) a chur chun feidhme. I gcás den sórt sin, baileoidh an Ghníomhaireacht na sonraí ó aeriompróirí go lárnach agus déanfaidh sí na sonraí sin a tharchur chuig na Ballstáit tríd an gcomhpháirt chomhchoiteann nó an ródaire comhchoiteann. Glacfaidh na Ballstáit iarrthacha na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh na haeriompróirí na sonraí a aistriú tríd an nGníomhaireacht.

Ní chuirfear de chúram ar an nGníomhaireacht comhpháirt chomhchoiteann TF a fhorbairt, a bhainistiú nó a óstáil go dtí go mbeidh formheas faighte ón gCoimisiún roimh ré agus beidh sé sin faoi réir cinneadh dearfach ón mBord Bainistíochta.

Cuirfidh na Ballstáit iarrthacha na cúraimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír ar an nGníomhaireacht trí bhíthin comhaontú tarmligin lena leagfar amach na coinníollacha maidir leis na cúraimí a tharmligean agus ríomh na gcostas ábhartha agus an modh sonrascaithe. Cumhdóidh na Ballstáit rannpháirteacha na costais ábhartha uile. Comhlíonfaidh an comhaontú tarmligin gníomhartha dlí an Aontais lena rialaítear na córais i dtrácht. Déanfaidh an Ghníomhaireacht an comhaontú tarmligin a formheasadh agus aon mhodhnuithe arna ndéanamh air a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

Féadfaidh Ballstáit eile iarraidh a dhéanamh bheith rannpháirteach i réiteach comhchoiteann TF i gcás ina bhfuil foráil déanta chuige sin sa chomhaontú tarmligin, lena leagtar amach, go háirithe, na himpleachtaí airgeadais a bhainfeadh le rannpháirtíocht den sórt sin. Déanfar an comhaontú tarmligin a mhodhnú dá réir tar éis formheas a fháil roimh ré ón gCoimisiún agus tar éis don Bhord Bainistíochta cinneadh dearfach a dhéanamh.



CAIBIDIL III

STRUCHTÚR AGUS EAGRÚ

Airteagal 17

Stádas dlí agus suíomh

1.  Beidh an Ghníomhaireacht ina comhlacht de chuid an Aontais agus beidh pearsantacht dhlítheanach aici.

2.  Beidh ag an nGníomhaireacht an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil faoin dlí náisiúnta i ngach Ballstát ag daoine dlítheanacha. Féadfaidh sí, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sí bheith ina páirtí in imeachtaí dlíthiúla.

3.  Is i dTaillinn, an Eastóin, a bheidh suíomh na Gníomhaireachta.

Is i suíomh teicniúil na Gníomhaireachta in Strasbourg, an Fhrainc, a rachfar i mbun na gcúraimí a bhaineann leis an bhforbairt agus an bainistiú oibríochtúil dá dtagraítear in Airteagal 1(4) agus (5) agus in Airteagail 3, 4, 5, 6, 7, 8, 9 agus 11.

Beidh láithreán cúltaca ann arb acmhainn dó oibriú córais mhórscála TF a áirithiú i gcás ina dtarlódh cliseadh i gcóras den sórt sin, agus déanfar an láithreán sin a shuiteáil in Sankt Johann im Pongau, an Ostair.

4.  Féadfar an dá láithreán theicniúla a úsáid go comhuaineach le haghaidh oibriú gníomhach na gcóras ar choinníoll go mbeadh sé d’acmhainn ag an dara láithreán oibriú na gcóras sin a áirithiú i gcás ina gclisfeadh ar cheann amháin nó níos mó de na córais sin.

5.  De bharr nádúr sonrach na gcóras, dá mba rud é go mbeadh ar an nGníomhaireacht dara láithreán teicniúil ar leithligh in Strasbourg nó in Sankt Johann im Pongau nó sa dá áit a bhunú, de réir mar ba ghá, chun na córais a óstáil, ar choinníoll go mbeadh údar maith leis ar bhonn measúnú tionchair agus anailís costas agus sochar neamhspleách. Rachaidh an Bord Bainistíochta i mbun comhairliúchán leis an gCoimisiún agus cuirfidh sé a dhearcadh san áireamh sula dtabharfaidh sé fógra don údarás buiséadach faoina intinn aon tionscadal a chur chun feidhme a bhaineann le maoin i gcomhréir le hAirteagal 45(9).

Airteagal 18

Struchtúr

1.  Is éard a bheidh i struchtúr riaracháin agus bainistíochta na Gníomhaireachta:

(a) 

Bord Bainistíochta;

(b) 

Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

(c) 

Grúpaí Comhairleacha.

2.  Áireofar mar chuid de struchtúr na Gníomhaireachta:

(a) 

oifigeach cosanta sonraí;

(b) 

oifigeach slándála;

(c) 

oifigeach cuntasaíochta.

Airteagal 19

Feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta

1.  Déanfaidh an Bord Bainistíochta:

(a) 

gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a threorú go ginearálta;

(b) 

buiséad bliantúil na Gníomhaireachta a ghlacadh, le tromlach dhá thrian de na comhaltaí atá i dteideal vótála, agus feidhmeanna eile a dhéanamh i leith bhuiséad na Gníomhaireachta de bhun Chaibidil V;

(c) 

an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus, i gcás inarb iomchuí, síneadh a chur lena dtéarmaí oifige faoi seach nó iad a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 25 agus Airteagal 26 faoi seach;

(d) 

údarás araíonachta a fheidhmiú ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus maoirseacht a dhéanamh ar a fheidhmíocht nó a feidhmíocht, lena n-áirítear cur chun feidhme chinntí an Bhoird Bainistíochta, agus údarás araíonachta a fheidhmiú ar an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin, i gcomhaontú leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

(e) 

gach cinneadh a dhéanamh maidir le bunú struchtúr eagraíochtúil na Gníomhaireachta agus maidir le modhnú an struchtúir sin, más gá, agus riachtanais ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta á gcur san áireamh agus ag féachaint do bhainistiú buiséadach fónta;

(f) 

beartas foirne na Gníomhaireachta a ghlacadh;

(g) 

rialacha nós imeachta na Gníomhaireachta a bhunú;

(h) 

straitéis frithchalaoise a ghlacadh, a bheidh comhréireach leis an riosca calaoise, agus costais agus sochair na mbeart atá le cur chun feidhme á gcur san áireamh;

(i) 

rialacha a ghlacadh chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú i leith a chomhaltaí agus iad a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta;

(j) 

rialacha agus nósanna imeachta inmheánacha atá mionsonraithe a ghlacadh chun sceithirí a chosaint, lena n-áirítear bealaí cumarsáide iomchuí chun mí-iompar a thuairisciú;

(k) 

tabhairt i gcrích socruithe oibre a údarú i gcomhréir le hAirteagal 41 agus Airteagal 43;

(l) 

tar éis dó moladh a fháil ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, an Comhaontú maidir leis an gCeanncheathrú i ndáil le suíomh na Gníomhaireachta agus na comhaontuithe maidir leis na láithreáin theicniúla agus na láithreáin chúltaca, arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 17(3), atá le síniú ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus na Ballstáit óstacha, a fhormheas;

(m) 

i ndáil le foireann na Gníomhaireachta, na cumhachtaí a fheidhmiú, i gcomhréir le mír 2, a thugtar le Rialacháin Foirne na nOifigeach don Údarás Ceapacháin agus leis na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile don Údarás atá Cumhachtaithe chun Conradh Fostaíochta a Thabhairt i gCrích (“cumhachtaí an údaráis ceapacháin”);

(n) 

i gcomhaontú leis an gCoimisiún, na rialacha iomchuí cur chun feidhme a ghlacadh le héifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne i gcomhréir le hAirteagal 110 de Rialacháin Foirne na nOifigeach;

(o) 

na rialacha is gá a ghlacadh maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht don Ghníomhaireacht;

(p) 

dréachtmheastachán ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta a ghlacadh, lena n-áirítear an dréachtphlean bunaíochta, agus iad a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Eanáir gach bliain;

(q) 

an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair ina bhfuil clársceidealú ilbhliantúil agus clár oibre na Gníomhaireachta don bhliain ina dhiaidh sin agus dréachtmheastachán sealadach ar ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta a ghlacadh, lena n-áirítear an dréachtphlean bunaíochta, agus an doiciméad sin, mar aon le haon leagan nuashonraithe de, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin faoin 31 Eanáir gach bliain;

(r) 

an doiciméad clársceidealaithe aonair a ghlacadh, roimh an 30 Samhain gach bliain, le tromlach dhá thrian de na comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu agus i gcomhréir leis an nós imeachta buiséadach bliantúil, tar éis an tuairim ón gCoimisiúin a chur san áireamh, agus a áirithiú go gcuirfear an leagan cinntitheach den doiciméad clársceidealaithe aonair sin ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún agus go bhfoilseofar é;

(s) 

tuarascáil eatramhach a ghlacadh faoi dheireadh Lúnasa gach bliain ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí atá beartaithe don bhliain sin, agus í a chur faoi bhráid na Parlaiminte, na Comhairle agus an Choimisiúin;

(t) 

an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta don bhliain roimhe sin a mheas agus a ghlacadh, agus comparáid á déanamh, go háirithe, ar na torthaí arna mbaint amach le cuspóirí an chláir oibre bhliantúil, agus an tuarascáil agus an measúnú uirthi a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus na Cúirte Iniúchóirí faoin 1 Iúil gach bliain agus a áirithiú go bhfoilseofar an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí;

(u) 

a chuid feidhmeanna a dhéanamh maidir le buiséad na Gníomhaireachta, lena n-áirítear na treoirthionscadail agus na cruthúnais choincheapa dá dtagraítear in Airteagal 15 a chur chun feidhme;

(v) 

na rialacha airgeadais a ghlacadh is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 49;

(w) 

oifigeach cuntasaíochta a cheapadh, faoi réir na Rialachán Foirne, a bheidh go hiomlán neamhspleách i gcomhlíonadh a chuid nó a cuid dualgas, agus féadfaidh sé gurb é oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin atá i gceist;

(x) 

obair leantach leordhóthanach a dhéanamh maidir leis na torthaí agus na moltaí a eascraíonn as na tuarascálacha iniúchóireachta agus as na meastóireachtaí inmheánacha nó seachtracha éagsúla, agus as imscrúduithe de chuid na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE);

(y) 

na pleananna maidir le cumarsáid agus scaipeadh dá dtagraítear in Airteagal 34(4) a ghlacadh agus iad a thabhairt cothrom le dáta go rialta;

(z) 

na bearta slándála is gá a ghlacadh, lena n-áirítear plean slándála agus plean leanúnachais gnó agus plean athshlánaithe i gcás tubaiste, agus na moltaí a d’fhéadfadh teacht ó na saineolaithe slándála atá sna Grúpaí Comhairleacha á gcur san áireamh;

(aa) 

na rialacha slándála a ghlacadh maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint tar éis formheas a fháil ón gCoimisiún;

(bb) 

oifigeach slándála a cheapadh;

(cc) 

oifigeach cosanta sonraí a cheapadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725;

(dd) 

na rialacha sonraithe a ghlacadh chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur chun feidhme;

▼M1

(ee) 

na tuarascálacha a ghlacadh maidir le forbairt EES de bhun Airteagal 72(2) de Rialachán (AE) 2017/2226, na tuarascálacha a ghlacadh maidir le forbairt ETIAS de bhun Airteagal 92(2) de Rialachán (AE) 2018/1240 agus na tuarascálacha a ghlacadh maidir le forbairt ECRIS-TCN agus chur chun feidhme thagairt ECRIS de bhun Airteagal 36(3) de Rialachán (AE) 2019/816;

▼M2

(eea) 

na tuarascálacha a ghlacadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta i ndáil le forbairt na gcomhchodanna idir-inoibritheachta de bhun Airteagal 78(2) de Rialachán (AE) 2019/817 agus Airteagal 74(2) de Rialachán (AE) 2019/818;

▼M1

(ff) 

tuarascálacha a ghlacadh maidir le feidhmiú teicniúil SIS de bhun Airteagal 60(7) de Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ) agus de bhun Airteagal 74(8) de Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 ), maidir le feidhmiú teicniúil VIS de bhun Airteagal 50(3) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Airteagal 17(3) de Chinneadh 2008/633/CGB, maidir le feidhmiú teicniúil EES de bhun Airteagal 72(4) de Rialachán (AE) 2017/2226, maidir le feidhmiú teicniúil ETIAS de bhun Airteagal 92(4) de Rialachán (AE) 2018/1240, maidir le feidhmiú teicniúil ECRIS-TCN agus leis na bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS de bhun Airteagal 36(8) de Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ) agus maidir le feidhmiú teicniúil na gcomhchodanna idir-inoibritheachta de bhun Airteagal 78(3) de Rialachán (AE) 2019/817 agus Airteagal 74(3) de Rialachán (AE) 2019/818;

▼B

(gg) 

an tuarascáil bhliantúil a ghlacadh maidir le gníomhaíochtaí Lárchóras Eurodac de bhun Airteagal 40(1) de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013;

▼M1

(hh) 

barúlacha foirmiúla a ghlacadh faoi thuarascálacha an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir leis na hiniúchtaí de bhun Airteagal 56(2) de Rialachán (AE) 2018/1861, Airteagal 42(2) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Airteagal 31(2) de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013, Airteagal 56(2) de Rialachán (AE) 2017/2226, Airteagal 67 de Rialachán (AE) 2018/1240, Airteagal 29(2) de Rialachán (AE) 2019/816 agus Airteagal 52 de Rialacháin (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818 agus obair leantach iomchuí ar na hiniúchtaí sin a áirithiú;

▼B

(ii) 

staidreamh a bhaineann le SIS II a fhoilsiú de bhun Airteagal 50(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Airteagal 66(3) de Chinneadh 2007/533/CGB faoi seach;

(jj) 

staidreamh a thiomsú agus a fhoilsiú maidir le hobair Lárchóras Eurodac de bhun Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013;

(kk) 

staidreamh a fhoilsiú a bhaineann le EES de bhun Airteagal 63 de Rialachán (AE) 2017/2226;

(ll) 

staidreamh a fhoilsiú a bhaineann le ETIAS de bhun Airteagal 84 de Rialachán (AE) 2018/1240;

▼M1

(lla) 

staidreamh a chur faoi bhráid an Choimisiún a bhaineann le ECRIS-TCN agus le cur chun feidhme thagairt ECRIS de bhun na dara fomhíre d'Airteagal 32(4) de Rialachán (AE) 2019/816;

▼M1

(mm) 

a áirithiú go bhfoilsítear gach bliain an liosta de na húdaráis inniúla a údaraítear chun na sonraí atá in SIS a chuardach go díreach, de bhun Airteagal 41(8) de Rialachán (AE) 2018/1861 agus Airteagal 56(7) de Rialachán (AE) 2018/1862, maille le liosta Oifigí chórais náisiúnta SIS II (N.SIS) agus liosta de Bhiúrónna SIRENE de bhun Airteagal 7(3) de Rialachán (AE) 2018/1861 agus Airteagal 7(3) de Rialachán (AE) 2018/1862 faoi seach, chomh maith le liosta na n-údarás inniúil de bhun Airteagal 65(2) de Rialachán (AE) 2017/2226, liosta na n-údarás inniúil de bhun Airteagal 87(2) de Rialachán (AE) 2018/1240, liosta na n-údarás inniúil de bhun Airteagal 34(2) de Rialachán (AE) 2019/816 agus liosta na n-údarás de bhun Airteagal 71(1) de Rialachán (AE) 2019/817 agus Airteagal 67(1) de Rialachán (AE) 2019/818;

▼B

(nn) 

foilsiú bliantúil liosta na n-aonad de bhun Airteagal 27(2) de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 a áirithiú;

(oo) 

a áirithiú maidir le cinntí agus gníomhaíochtaí uile na Gníomhaireachta a dhéanann difear do chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais, go n-urramaíonn siad prionsabal neamhspleáchais na mbreithiúna;

(pp) 

aon chúraimí eile a thugtar dó i gcomhréir leis an Rialachán seo a chomhlíonadh.

Gan dochar do na forálacha maidir le foilsiú liostaí na n-údarás ábhartha dá bhforáiltear faoi ghníomhartha dlí an Aontais dá dtagraítear i bpointe (mm) den chéad fhomhír agus más rud é, maidir leis an oibleagáid chun na liostaí sin a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta go leanúnach ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta, nach bhfuil foráil déanta ina leith cheana sna gníomhartha dlí sin, áiritheoidh an Bord Bainistíochta go ndéanfar an foilsiú agus an nuashonrú leanúnach sin.

2.  Glacfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 110 de Rialacháin Foirne na nOifigeach, cinneadh ar bhonn Airteagal 2(1) de Rialacháin Foirne na nOifigeach agus ar Airteagal 6 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, lena ndéantar cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus lena sainítear na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí sin a chur ar fionraí. Beidh údarás ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.

Nuair is gá sin mar gheall ar imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Bord Bainistíochta, trí bhíthin cinnidh, tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, chomh maith leo siúd arna bhfo-tharmligean ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a chur ar fionraí go sealadach, agus iad a fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó do bhall foirne eile seachas an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

3.  Féadfaidh an Bord Bainistíochta comhairle a chur ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin maidir le haon ábhar a bhfuil dlúthbhaint aige le forbairt nó le bainistiú oibríochtúil córas mórscála TF agus maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le taighde, treoirthionscadail, cruthúnais choincheapa agus gníomhaíochtaí tástála.

Airteagal 20

Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta

1.  Ionadaí amháin ó gach Ballstát agus beirt ionadaithe ón gCoimisiún a bheidh ar an mBord Bainistíochta. Beidh ceart vótála ag gach ionadaí i gcomhréir le hAirteagal 23.

2.  Beidh comhalta malartach ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta. Déanfaidh an comhalta malartach ionadaíocht ar an gcomhalta agus an duine sin as láthair nó i gcás ina ndéantar Cathaoirleach nó Leas-Chathaoirleach ar an mBord Bainistíochta den duine sin agus go bhfuil siad sa chathaoir ag cruinniú den Bhord Bainistíochta. Ceapfar comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus a gcomhaltaí malartacha ar bhonn leibhéal ard a dtaithí ábhartha agus a saineolais ábhartha i réimse na gcóras mórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais, agus ar bhonn a gcuid eolais i dtaca le cosaint sonraí, agus a scileanna ábhartha bainistíochta, riaracháin agus buiséadacha á gcur san áireamh. Déanfaidh na páirtithe uile a mbeidh ionadaíocht acu ar an mBord Bainistíochta iarracht ráta athraithe a n-ionadaithe a theorannú, chun leanúnachas obair an Bhoird Bainistíochta a áirithiú. Díreoidh na páirtithe uile ar ionadaíocht chothrom idir fir agus mná a bhaint amach ar an mBord Bainistíochta.

3.  Ceithre bliana a bheidh i dtéarma oifige na gcomhaltaí agus a gcomhaltaí malartacha agus beidh na téarmaí oifige sin in-athnuaite. Nuair a thiocfaidh deireadh lena dtéarmaí oifige nó i gcás ina n-éireoidh siad as oifig, fanfaidh comhaltaí in oifig go ndéanfar a gceapacháin a athnuachan nó go gcuirfear comhaltaí nua ina n-ionad.

4.  Tíortha atá comhlachaithe le acquis Schengen agus le bearta a bhaineann le córas Bhaile Átha Cliath agus le Eurodac a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, beidh siad rannpháirteach i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta. Ceapfaidh gach tír ionadaí amháin agus ionadaí malartach amháin le bheith ar an mBord Bainistíochta.

Airteagal 21

Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta

1.  Toghfaidh an Bord Bainistíochta Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach as measc na gcomhaltaí sin den Bhord Bainistíochta arna gceapadh ag na Ballstáit atá faoi cheangal go hiomlán ag dlí an Aontais trí bhíthin ghníomhartha dlí uile an Aontais lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid na gcóras mórscála TF uile arna mbainistiú ag an nGníomhaireacht. Toghfar an Cathaoirleach agus an Leas-Chathaoirleach le tromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta a bhfuil ceart vótála acu.

Glacfaidh an Leas-Chathaoirleach ionad an Chathaoirligh, go huathoibríoch, i gcás ina gcuirfear bac air nó uirthi a chuid nó a cuid dualgas a chomhlíonadh.

2.  Mairfidh tréimhse oifige an Chathaoirligh agus an Leas-Chathaoirligh 4 bliana. Féadfar a dtéarma oifige a athnuachan aon uair amháin. I gcás ina dtiocfaidh deireadh lena gcomhaltas ar an mBord Bainistíochta tráth ar bith le linn a dtéarma oifige, rachaidh a dtéarma oifige in éag go huathoibríoch ar an dáta sin.

Airteagal 22

Cruinnithe an Bhoird Bainistíochta

1.  Déanfaidh an Cathaoirleach cruinnithe an Bhoird Bainistíochta a chomóradh.

2.  Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt sa phlé, ach ní bheidh ceart vótála ag an té sin.

3.  Tionólfar ar a laghad dhá ghnáthchruinniú de chuid an Bhoird Bainistíochta gach bliain. Ina theannta sin, tionólfar cruinniú de chuid an Bhoird Bainistíochta ar thionscnamh a Chathaoirligh, arna iarraidh sin don Choimisiún, don Stiúrthóir Feidhmiúcháin nó do thrian de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta ar a laghad a bhfuil ceart vótála acu.

▼M2

4.  Féadfaidh Europol agus Eurojust freastal ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta, mar bhreathnóirí, i gcás ina bhfuil ceist a bhaineann le SIS II, i ndáil le cur i bhfeidhm Chinneadh 2007/533/CGB, ar an gclár oibre.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta freastal, mar bhreathnóirí, ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta i gcás ina bhfuil ceist a bhaineann le SIS II i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/1624 ar an gclár oibre.

Féadfaidh Europol freastal mar bhreathnóir ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta freisin i gcás ina bhfuil ceist a bhaineann le VIS, i ndáil le cur i bhfeidhm Chinneadh 2008/633/CGB, nó ceist a bhaineann le Eurodac, i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 603/2013, ar an gclár oibre.

Féadfaidh Europol freastal freisin, mar bhreathnóir, ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta i gcás ina bhfuil ceist a bhaineann le EES i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2017/2226 ar an gclár oibre nó i gcás ina bhfuil ceist a bhaineann le ETIAS i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1240 ar an gclár oibre.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta freastal, mar bhreathnóirí, ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta i gcás ina bhfuil ceist a bhaineann le ETIAS i ndáil le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1240 ar an gclár oibre.

Féadfaidh Eurojust, Europol agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh freastal, mar bhreathnóirí, ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta, i gcás ina bhfuil ceist a bhaineann le Rialachán (AE) 2019/816 ar an gclár oibre.

Féadfaidh Europol, Eurojust agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta freastal freisin, mar bhreathnóirí, ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta freisin, i gcás ina bhfuil ceist a bhaineann le Rialacháin (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818 ar an gclár oibre.

Féadfaidh an Bord Bainistíochta a iarraidh ar aon duine eile ar díol spéise a thuairim nó a tuairim freastal ar a chuid cruinnithe i gcáil breathnóra.

▼B

5.  Féadfaidh comhairleoirí nó saineolaithe, go háirithe iad siúd atá ina gcomhaltaí de na Grúpaí Comhairleacha, cúnamh a thabhairt do chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus dá gcomhaltaí malartacha, faoi réir na rialacha nós imeachta le haghaidh an Bhoird Bainistíochta.

6.  Is í an Ghníomhaireacht a chuirfidh rúnaíocht ar fáil don Bhord Bainistíochta.

Airteagal 23

Rialacha vótála an Bhoird Bainistíochta

1.  Gan dochar do mhír 5 den Airteagal seo ná do phointí (b) agus (r) d’Airteagal 19(1), ná d’Airteagal 21(1) agus Airteagal 25(8), déanfar cinntí an Bhoird Bainistíochta le tromlach dá chomhaltaí uile a bhfuil ceart vótála acu.

2.  Gan dochar do mhíreanna 3 agus 4, beidh vóta amháin ag gach comhalta den Bhord Bainistíochta. In éagmais comhalta a bhfuil ceart vótála aige nó aici, beidh a chomhalta nó a comhalta malartach i dteideal a cheart nó a ceart vótála a fheidhmiú.

3.  Maidir le gach comhalta arna cheapadh ag Ballstát atá faoi cheangal ag dlí an Aontais trí bhíthin aon ghnímh dlí de chuid an Aontais lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid córais mórscála TF arna bhainistiú ag an nGníomhaireacht, féadfaidh an comhalta sin vótáil ar cheist a bhaineann leis an gcóras mórscála TF sin.

Féadfaidh an Danmhairg vótáil ar cheist a bhaineann le córas mórscála TF den sórt sin, más rud é go gcinneann sí faoi Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 22 an gníomh dlí de chuid an Aontais lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid an chórais mórscála TF sin a chur chun feidhme ina dlí náisiúnta.

4.  Beidh feidhm ag Airteagal 42 maidir le cearta vótála na n-ionadaithe ó thíortha a bhfuil comhaontuithe déanta acu leis an Aontas i dtaobh comhlachas a bheith acu le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen agus le bearta a bhaineann le córas Bhaile Átha Cliath agus le Eurodac.

5.  I gcás easaontú idir comhaltaí i dtaobh an mbaineann vóta le córas mórscála TF sonrach, aon chinneadh lena socraítear nach mbaineann an vóta sin leis an gcóras mórscála TF sonrach sin, déanfar sin le tromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta a bhfuil ceart vótála acu.

6.  Ní vótálfaidh an Cathaoirleach, ná an Leas-Chathaoirleach nuair atá sé nó sí ag ionadú don Chathaoirleach. Déanfaidh comhalta malartach an Chathaoirligh nó an Leas-Chathaoirligh nuair atá sé nó sí ag gníomhú in ionad an Chathaoirligh ceart vótála na ndaoine sin a fheidhmiú.

7.  Ní vótáilfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

8.  Bunófar leis na rialacha nós imeachta le haghaidh an Bhoird Bainistíochta socruithe vótála níos mionsonraithe, go háirithe na coinníollacha faoinar féidir le comhalta feidhmiú thar ceann comhalta eile agus aon riachtanais maidir le córam, i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 24

Freagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

1.  Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Ghníomhaireacht a bhainistiú. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cuntasach don Bhord Bainistíochta agus tabharfaidh sé chúnamh dó. Tuairisceoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, do Pharlaimint na hEorpa maidir le comhlíonadh a dhualgas nó a dualgas nuair a iarrfar sin air nó uirthi. Féadfaidh an Chomhairle iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc a thabhairt maidir le feidhmiú a chuid nó a cuid dualgas.

2.  Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin mar ionadaí dlíthiúil na Gníomhaireachta.

3.  Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as cur chun feidhme na gcúraimí a shanntar don Ghníomhaireacht leis an Rialachán seo. Go háirithe, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as an méid seo a leanas:

(a) 

riarachán laethúil na Gníomhaireachta;

(b) 

oibriú na Gníomhaireachta i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(c) 

na nósanna imeachta, na cinntí, na straitéisí, na cláir agus na gníomhaíochtaí arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta a ullmhú agus a chur chun feidhme, laistigh de na teorainneacha a leagtar síos leis an Rialachán seo, lena rialacha cur chun feidhme agus le dlí an Aontais is infheidhme;

(d) 

an doiciméad clársceidealaithe aonair a ullmhú agus é a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus na Grúpaí Comhairleacha;

(e) 

an doiciméad clársceidealaithe aonair a chur chun feidhme agus tuairisc a thabhairt don Bhord Bainistíochta maidir lena chur chun feidhme;

(f) 

an tuarascáil eatramhach a ullmhú ar an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí atá beartaithe don bhliain reatha agus, tar éis dul i gcomhairle leis na Grúpaí Comhairleacha, í a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena glacadh tráth nach déanaí ná deireadh mhí Lúnasa gach bliain;

(g) 

an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a ullmhú agus, tar éis dul i gcomhar leis na Grúpaí Comhairleacha, í a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena measúnú agus lena glacadh;

(h) 

plean gníomhaíochta a ullmhú a leanfaidh ó chonclúidí na dtuarascálacha iniúchóireachta agus na meastóireachtaí inmheánacha nó seachtracha, agus ó imscrúduithe de chuid na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) agus ag OIPE, agus tuairisc a chur chuig an gCoimisiún dhá uair sa bhliain, agus chuig an mBord Bainistíochta ar bhonn rialta, maidir leis an dul chun cinn a bheidh déanta;

(i) 

leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm in aghaidh calaoise, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí mídhleathacha eile, gan dochar don inniúlacht imscrúdaitheach atá ag OIPE agus ag OLAF, trí bhíthin seiceálacha éifeachtacha agus, más rud é go mbraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna á íocadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais, a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm;

(j) 

straitéis fhrithchalaoise a ullmhú don Ghníomhaireacht agus an straitéis sin a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena formheas chomh maith le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme iomchuí agus tráthúil na straitéise sin;

(k) 

dréachtrialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht a ullmhú agus iad a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena nglacadh tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún;

(l) 

an buiséad i gcomhair na bliana atá le teacht a ullmhú, arna bhunú ar bhonn buiséadú de réir gníomhaíochta;

(m) 

dréachtráiteas na Gníomhaireachta ar mheastacháin ioncaim agus caiteachais a ullmhú;

(n) 

buiséad na Gníomhaireachta a chur chun feidhme;

(o) 

córas éifeachtach a bhunú agus a chur chun feidhme lena bhféadfar faireachán agus meastóireacht rialta a dhéanamh ar an méid seo a leanas:

(i) 

córais mhórscála TF, lena n-áirítear córais staidrimh; agus

(ii) 

an Ghníomhaireacht, lena n-áirítear a cuspóirí a bhaint amach ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil;

▼M1

(p) 

gan dochar d'Airteagal 17 de na Rialacháin Foirne Oifigigh, ceanglais rúndachta a bhunú chun Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006, Airteagal 17 de Chinneadh 2007/533/CGB, Airteagal 26(9) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 a chomhlíonadh, Airteagal 37(4) de Rialachán (AE) 2017/2226, Airteagal 74(2) de Rialachán (AE) 2018/1240, Airteagal 11(16) de Rialachán (AE) 2019/816 agus Airteagal 55(2) de Rialachán (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818;

▼B

(q) 

Comhaontú maidir leis an gCeanncheathrú i ndáil le suíomh na Gníomhaireachta agus comhaontuithe maidir le láithreáin theicniúla agus láithreáin chúltaca a chaibidliú agus, tar éis don Bhord Bainistíochta iad a fhormheas, na comhaontuithe sin a shíniú leis na Ballstáit óstacha;

(r) 

na socruithe praiticiúla a dhéanamh chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur chun feidhme agus iad a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena nglacadh;

(s) 

na bearta slándála is gá a ullmhú, lena n-áirítear plean slándála, plean leanúnachais gnó agus plean athshlánaithe i gcás tubaiste, tar éis dul i gcomhar leis an nGrúpa Comhairleach ábhartha, agus iad a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena nglacadh;

(t) 

tuarascálacha a ullmhú ar fheidhmiú teicniúil gach córais mórscála TF dá dtagraítear i bpointe (ff) d’Airteagal 19(1) agus an tuarascáil bhliantúil ar gníomhaíochtaí lárchóras Eurodac dá dtagraítear i bpointe (gg) d’Airteagal 19(1), ar bhonn na dtorthaí a thagann ón bhfaireachán agus ón meastóireacht agus, tar éis dul i gcomhar leis an nGrúpa Comhairleach ábhartha, agus iad a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena nglacadh;

(u) 

na tuarascálacha a ullmhú maidir le forbairt EES dá dtagraítear in Airteagal 72(2) de Rialachán (AE) 2017/2226 agus maidir le forbairt ETIAS dá dtagraítear in Airteagal 92(2) de Rialachán (AE) 2018/1240 agus iad a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena nglacadh;

(v) 

liosta bliantúil na n-údarás inniúil atá údaraithe chun cuardach díreach a dhéanamh ar na sonraí atá in SIS II a ullmhú lena fhoilsiú, lena n-áirítear liosta na n-oifigí N.SIS II agus na mBiúrónna SIRENE agus liosta na n-údarás inniúil atá údaraithe chun cuardach díreach a dhéanamh ar na sonraí atá in EES agus in ETIAS dá dtagraítear i bpointe (mm) d’Airteagal 19(1) agus liosta na n-aonad dá dtagraítear i bpointe (nn) d’Airteagal 19(1), agus iad a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena nglacadh.

4.  Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin aon chúraimí eile a chomhlíonadh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

5.  Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an gá ball foirne amháin nó níos mó a bheith lonnaithe i mBallstát amháin nó níos mó chun cúraimí na Gníomhaireachta a dhéanamh ar bhealach éifeachtúil agus éifeachtach agus chun oifig áitiúil a chur ar bun chun na críche sin. Sula nglacfaidh sé nó sí cinneadh den sórt sin, gheobhaidh an Stiúrthóir Feidhmiúchán toiliú roimh ré ón gCoimisiún, ón mBord Bainistíochta agus ón mBallstáit nó ó na Ballstáit lena mbaineann. Sonrófar sa chinneadh ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin raon feidhme na ngníomhaíochtaí a dhéanfar san oifig áitiúil ar bhealach a sheachnóidh costais neamhriachtanacha, agus feidhmeanna riaracháin na Gníomhaireachta a dhéanamh faoi dhó. Ní dhéanfar gníomhaíochtaí a dhéantar ar láithreáin theicniúla in oifig áitiúil.

Airteagal 25

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh

1.  Is é an Bord Bainistíochta a cheapfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ó liosta de thriúr iarrthóirí ar a laghad a mholfaidh an Coimisiún tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach a bheith ann. Sa nós imeachta roghnúcháin sin, déanfar foráil maidir le glao ar léiriú spéise a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus i meáin iomchuí eile. Ceapfaidh an Bord Bainistíochta an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar bhonn fiúntas pearsanta, taithí chruthaithe i réimse córas mórscála TF, scileanna riaracháin, airgeadais agus bainistíochta agus eolas i ndáil le cosaint sonraí.

2.  Sula gceapfar é nó í, iarrfar ar na hiarrthóirí arna moladh ag an gCoimisiún ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil nó choistí inniúla Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna ó chomhaltaí na gcoistí a fhreagairt. Tar éis di éisteacht leis an ráiteas agus na freagraí, glacfaidh Parlaimint na hEorpa tuairim lena leagfar amach a dearcadh agus féadfaidh sí an t-iarrthóir is fearr léi a léiriú inti.

3.  Ceapfaidh an Bord Bainistíochta an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus na dearcthaí sin á gcur san áireamh.

4.  Má dhéanann an Bord Bainistíochta cinneadh iarrthóir a cheapadh seachas an t-iarrthóir a léirigh Parlaimint na hEorpa mar an iarrthóir ab fhearr léi, cuirfidh an Bord Bainistíochta an modh a cuireadh tuairim Pharlaimint na hEorpa san áireamh in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i scríbhinn.

5.  Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Faoi dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú a dhéanfaidh a mheastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus ar chúraimí agus ar dhúshláin na Gníomhaireachta amach anseo a chur san áireamh.

6.  Féadfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún, agus an measúnú dá dtagraítear i mír 5 á chur san áireamh, síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin uair amháin, ar feadh 5 bliana ar a mhéad.

7.  Cuirfidh an Bord Bainistíochta Parlaimint na hEorpa ar an eolas má tá sé ar intinn aige síneadh a chur le téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Laistigh den tréimhse aon mhíosa roimh an síneadh sin, iarrfar ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ráiteas a dhéanamh os comhair choiste inniúil nó choistí inniúla Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna ó chomhaltaí na gcoistí a fhreagairt.

8.  Ní fhéadfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar cuireadh síneadh lena théarma oifige nó lena téarma oifige páirt a ghlacadh i nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna ag deireadh na tréimhse foriomláine.

9.  Ní fhéadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ach amháin ar chinneadh ón mBord Bainistíochta ag gníomhú dó ar thogra ó thromlach a chomhaltaí a bhfuil ceart vótála acu nó ón gCoimisiún.

10.  Is le tromlach dhá thrian dá chuid comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu a dhéanfaidh an Bord Bainistíochta cinntí faoi cheapadh, faoi shíneadh téarma oifige agus faoi chur as oifig an Stiúrthóra Feidhmiúcháin.

11.  Chun críche an conradh fostaíochta a thabhairt i gcrích leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta ionadaíocht ar an nGníomhaireacht. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fostaithe mar ghníomhaire sealadach ag an nGníomhaireacht faoi Airteagal 2(a) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

Airteagal 26

Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin

1.  Beidh Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin de chúnamh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Féadfaidh an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin teacht in ionad an Stiúrthóra Feidhmiúcháin nuair a bheidh sé nó sí as láthair. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dualgais an Leas-Stiúrthóra Feidhmiúcháin a leagan amach.

2.  Ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, déanfaidh an Bord Bainistíochta an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh. Déanfar an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh ar fhorais tuillteanais agus scileanna riaracháin agus bainistíochta iomchuí, lena náirítear taithí ghairmiúil ábhartha. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin triúr iarrthóirí ar a laghad a mholadh don phost mar Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Is le tromlach dhá thrian dá chomhaltaí a bhfuil ceart vótála acu a dhéanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh. Beidh sé de chumhacht ag an mBord Bainistíochta an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bhriseadh as a phost nó a post trí bhíthin cinneadh arna ghlacadh ag tromlach dhá thrian dá chomhaltaí a bhfuil ceart vótála acu.

3.  Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Leas-Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Féadfaidh an Bord Bainistíochta síneadh a chur leis an téarma oifige sin uair amháin, ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana. Is le tromlach dhá thrian dá chomhaltaí a bhfuil ceart vótála acu a dhéanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh den sórt sin a ghlacadh.

Airteagal 27

Grúpaí Comhairleacha

1.  Soláthróidh na Grúpaí Comhairleacha seo a leanas don Bhord Bainistíochta saineolas a bhaineann le córais mhórscála TF agus, go háirithe, i gcomhthéacs an clár oibre bliantúil agus an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí a ullmhú:

(a) 

Grúpa Comhairleach SIS II;

(b) 

Grúpa Comhairleach VIS;

(c) 

Grúpa Comhairleach Eurodac;

(d) 

Grúpa Comhairleach EES-ETIAS;

▼M1

(da) 

Grúpa Comhairleach ECRIS-TCN;

▼C1

(db) 

Grúpa Comhairleach um Idir-inoibritheacht;

▼B

(e) 

aon ghrúpa comhairleach eile a bhaineann le córas mórscála TF i gcás ina bhforáiltear dó sa ghníomh dlí ábhartha de chuid an Aontais lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid an chórais mórscála TF sin.

2.  Gach Ballstát atá faoi cheangal ag dlí an Aontais trí bhíthin gníomh dlí de chuid an Aontais lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid córais mórscála TF áirithe, mar aon leis an gCoimisiún, ceapfaidh siad comhalta amháin don Ghrúpa Comhairleach a bhaineann leis an gcóras mórscála TF sin ar feadh téarma 4 bliana, ar téarma é a fhéadfar a athnuachan.

Ceapfaidh an Danmhairg comhalta freisin do Ghrúpa Comhairleach a bhaineann le córas mórscála TF más rud é go gcinneann sí, faoi Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 22, an gníomh dlí de chuid an Aontais lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid an chórais mórscála TF áirithe sin a chur chun feidhme ina dlí náisiúnta.

Gach tír atá comhlachaithe le acquis Schengen, agus le bearta a bhaineann le córas Bhaile Átha Cliath agus le Eurodac a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt agus atá rannpháirteach i gcóras mórscála TF faoi leith, déanfaidh sí comhalta a cheapadh don Ghrúpa Comhairleach a bhaineann leis an gcóras mórscála TF sin.

▼M2

3.  Féadfaidh Europol, Eurojust agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta ionadaí a cheapadh ar Ghrúpa Comhairleach SIS II.

Féadfaidh Europol ionadaí a cheapadh ar Ghrúpaí Comhairleacha VIS agus Eurodac agus EES-ETIAS.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta ionadaí a cheapadh freisin do Ghrúpa Comhairleach EES-ETIAS.

Féadfaidh Eurojust, Europol agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh ionadaí a cheapadh ar Ghrúpa Comhairleach ECRIS-TCN.

Féadfaidh Europol, Eurojust agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta ionadaí an ceann a cheapadh ar an nGrúpa Comhairleach Idir-inoibritheachta.

▼B

4.  Ní bheidh comhaltaí den Bhord Bainistíochta ná a gcomhaltaí malartacha ina gcomhaltaí d’aon cheann de na Grúpaí Comhairleacha. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin nó ionadaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin i dteideal freastal ar chruinnithe uile na nGrúpaí Comhairleacha mar bhreathnóirí.

5.  Déanfaidh na Grúpaí Comhairleacha comhar le chéile de réir mar is gá. Leagfar síos na nósanna imeachta maidir le hoibriú agus comhar na nGrúpaí Comhairleacha i rialacha nós imeachta na Gníomhaireachta.

6.  Agus tuairim á hullmhú acu, déanfaidh comhaltaí gach Grúpa Chomhairligh a ndícheall teacht ar chomhdhearcadh. Mura féidir teacht ar chomhdhearcadh, measfar gur tuairim an Ghrúpa Chomhairligh seasamh réasúnaithe thromlach na gcomhaltaí. Déanfar an seasamh nó na seasaimh réasúnaithe mionlaigh a thaifeadadh freisin. Beidh feidhm ag Airteagal 23(3) agus (5) dá réir sin. Na comhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar na tíortha atá comhlachaithe le acquis Schengen agus le bearta a bhaineann le córas Bhaile Átha Cliath agus le Eurodac a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, beidh cead acu tuairimí a chur in iúl maidir le saincheisteanna nach bhfuil siad i dteideal vótáil orthu.

7.  Gach Ballstát agus gach tír atá comhlachaithe le acquis Schengen agus le bearta a bhaineann le córas Bhaile Átha Cliath agus le Eurodac a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt déanfaidh sé gníomhaíochtaí na nGrúpaí Comhairleacha a éascú.

8.  Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 21 maidir le cathaoirleacht na nGrúpaí Comhairleacha.



CAIBIDIL IV

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 28

Foireann

1.  Beidh feidhm ag na Rialacháin Foirne agus ag na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an Aontais chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne maidir le foireann na Gníomhaireachta, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin san áireamh.

2.  Chun críche na Rialachán Foirne a chur chun feidhme, measfar gur gníomhaireacht an Ghníomhaireacht de réir bhrí Airteagal 1a(2) de Rialacháin Foirne na nOifigeach.

3.  Beidh oifigigh, foireann shealadach agus foireann ar conradh ar fhoireann na Gníomhaireachta. Tabharfaidh an Bord Bainistíochta a thoiliú, ar bhonn bliantúil, i gcás ina dtiocfaidh na conarthaí a mbeidh sé beartaithe ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a athnuachan chun a bheith ina gconarthaí tréimhse éiginnte de bhun na gCoinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

4.  Ní earcóidh an Ghníomhaireacht foireann eatramhach chun dualgais airgeadais a mheastar a bheith íogair a chomhlíonadh.

5.  Féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit oifigigh nó saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht don Ghníomhaireacht ar bhonn sealadach. Glacfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh lena leagfar síos rialacha maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht don Ghníomhaireacht.

6.  Gan dochar d’Airteagal 17 de Rialacháin Foirne na nOifigeach, cuirfidh an Ghníomhaireacht rialacha iomchuí rúndachta gairmiúla nó dualgais rúndachta coibhéiseacha eile i bhfeidhm.

7.  Déanfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, na bearta cur chun feidhme is gá a ghlacadh, dá bhforáiltear in Airteagal 110 de Rialacháin Foirne na nOifigeach.

Airteagal 29

Leas an phobail

Gabhfaidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus comhaltaí na nGrúpaí Comhairleacha orthu féin gníomhú ar mhaithe le leas an phobail. Chuige sin, déanfaidh siad ráiteas tiomantais phoiblí i scríbhinn a eisiúint gach bliain, agus déanfar é sin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta.

Déanfar liosta de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus de chomhaltaí na nGrúpaí Comhairleacha a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta.

Airteagal 30

An Comhaontú maidir leis an gCeanncheathrú agus comhaontuithe maidir leis na láithreáin theicniúla

1.  Déanfar i gComhaontú maidir leis an gCeanncheathrú i ndáil le suíomh na Gníomhaireachta agus i gcomhaontuithe maidir leis na láithreáin theicniúla na socruithe is gá a leagan síos maidir leis an gcóiríocht atá le soláthar don Ghníomhaireacht sna Ballstáit óstacha agus maidir leis na saoráidí atá le cur ar fáil ag na Ballstáit sin chomh maith leis na rialacha sonracha is infheidhme sna Ballstáit óstacha maidir le comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, le baill foirne eile na Gníomhaireachta agus le baill dá dteaghlaigh. Déanfar somhaontuithe den sórt sin a thabhairt i gcrích idir an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit óstacha, tar éis formheas a fháil ón mBord Bainistíochta.

2.  Déanfaidh Ballstát óstach na Gníomhaireachta na dálaí is gá a sholáthar chun dea-fheidhmiú na Gníomhaireachta a áirithiú, lena n-áirítear, inter alia, córas oideachais ilteangach a bhfuil gné Eorpach ag baint leis agus naisc iomchuí iompair.

Airteagal 31

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh feidhm ag an bPrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir leis an nGníomhaireacht.

Airteagal 32

Dliteanas

1.  Beidh dliteanas conarthach na Gníomhaireachta faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh atá i gceist.

2.  Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásal eadrána atá i gconradh arna thabhairt i gcrích ag an nGníomhaireacht.

3.  I gcás dliteanas neamhchonarthach, déanfaidh an Ghníomhaireacht, de réir na bprionsabal ginearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú a raibh a ranna nó a seirbhísigh ina siocair leis i gcomhlíonadh a gcuid dualgas.

4.  Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndíospóidí a bhaineann leis an gcúiteamh as an damáiste dá dtagraítear i mír 3.

5.  Beidh dliteanas pearsanta fhoireann na Gníomhaireachta i leith na Gníomhaireachta faoi rialú ag na forálacha a leagtar síos i Rialacháin Foirne na Oifigeach nó sna Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile is infheidhme maidir leo.

Airteagal 33

Socruithe teangacha

1.  Beidh feidhm ag Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle ( 10 ) maidir leis an nGníomhaireacht.

2.  Gan dochar do chinntí arna ndéanamh de bhun Airteagal 342 CFAE, déanfar an doiciméad clársceidealaithe aonair dá dtagraítear i bpointe (r) d’Airteagal 19(1) agus an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (t) d’Airteagal 19(1) a chur ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais.

3.  Féadfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh a ghlacadh maidir leis na teangacha oibre gan dochar do na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1 agus 2.

4.  Is é Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh a sholáthróidh na seirbhísí aistriúcháin is gá le haghaidh ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta.

Airteagal 34

Trédhearcacht agus cumarsáid

1.  Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le doiciméid atá i seilbh na Gníomhaireachta.

2.  Ar bhonn togra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha mionsonraithe maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm gan mhoill.

3.  Féadfaidh cinntí arna nglacadh ag an nGníomhaireacht de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina n-ábhar gearáin chuig an Ombudsman Eorpach nó a bheith ina n-ábhar caingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 228 agus Airteagal 263 CFAE faoi seach.

4.  Déanfaidh an Ghníomhaireacht cumarsáid i gcomhréir le gníomhartha dlí an Aontais lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid córas mórscála TF agus féadfaidh sí dul i mbun gníomhaíochtaí cumarsáide ar a tionscnamh féin laistigh dá réimse inniúlachta. Áiritheoidh an Ghníomhaireacht, go háirithe, go ndéanfar faisnéis faoina cuid oibre atá oibiachtúil, cruinn, iontaofa, cuimsitheach agus sothuigthe a thabhairt go pras don phobal agus d’aon pháirtí leasmhar faoina cuid oibre, i dteannta na bhfoilseachán a shonraítear i bpointí (r), (t), (ii), (jj), (kk) agus (ll) d’Airteagal 19(1) agus Airteagal 47(9). Ní dhéanfaidh leithdháileadh acmhainní ar ghníomhaíochtaí cumarsáide dochar d’fheidhmiú éifeachtach chúraimí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3 go Airteagal 16. Déanfar gníomhaíochtaí cumarsáide i gcomhréir leis na pleananna ábhartha maidir le cumarsáid agus scaipeadh arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta.

5.  Beidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach i dteideal comhfhreagras i scríbhinn a chur chuig an nGníomhaireacht in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais. Beidh sé de cheart ag an duine lena mbaineann freagra a fháil sa teanga chéanna.

Airteagal 35

Cosaint sonraí

1.  Beidh próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag an nGníomhaireacht faoi réir Rialachán (AE) 2018/1725 .

2.  Glacfaidh an Bord Bainistíochta bearta lena gcuirfidh an Ghníomhaireacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1725, lena n-áirítear na bearta a bhaineann leis an oifigeach cosanta sonraí. Glacfar na bearta sin tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

Airteagal 36

Cuspóirí na próiseála ar shonraí pearsanta

1.  Is chun na gcríoch seo a leanas amháin a fhéadfaidh an Ghníomhaireacht sonraí pearsanta a phróiseáil:

(a) 

i gcás inar gá sin chun a cúraimí a dhéanamh, ar cúraimí iad a bhaineann le bainistiú oibríochtúil córas mórscála TF a chuirtear de chúram uirthi faoi dhlí an Aontais;

(b) 

i gcás inar gá sin i dtaca le cúraimí riaracháin.

2.  I gcás ina bpróiseálann an Ghníomhaireacht sonraí pearsanta chun na críche dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1725 gan dochar do na forálacha sonracha maidir le cosaint sonraí agus slándáil sonraí i ngníomhartha dlí an Aontais lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid na gcóras.

Airteagal 37

Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint

1.  Glacfaidh an Ghníomhaireacht a rialacha slándála féin a bheidh bunaithe ar na prionsabail agus na rialacha a leagtar síos i rialacha slándála an Choimisiúin maidir le faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint lena n-áirítear, inter alia, forálacha maidir leis an bhfaisnéis sin a mhalartú le tríú stáit, a phróiseáil agus a stóráil, mar a leagtar amach i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ( 11 ) ón gCoimisiún agus i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún ( 12 ). Aon socrú riaracháin maidir le faisnéis rúnaicmithe a mhalartú leis na húdaráis ábhartha de chuid tríú stát nó, in éagmais aon socrú den sórt sin, aon socrú maidir le FRAE a scaoileadh ar bhonn ad hoc chuig na húdaráis sin, beidh formheas faighte aige roimh ré ón gCoimisiún.

2.  Glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha slándála dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo tar éis formheas a fháil ón gCoimisiún. Féadfaidh an Ghníomhaireacht na bearta uile is gá a dhéanamh chun malartú na faisnéise is ábhartha maidir lena cúraimí a éascú leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, leis na gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais. Déanfaidh an Ghníomhaireacht córas faisnéise a fhorbairt agus a oibriú, ar córas é a mbeidh sé d’acmhainn aige faisnéis rúnaicmithe a mhalartú leis an gCoimisiún, leis na Ballstáit agus le gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais i gcomhréir le Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444. De bhun Airteagal 2 agus phointe (z) d’Airteagal 19(1) den Rialachán seo, déanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh maidir leis an struchtúr inmheánach is gá don Ghníomhaireacht chun na prionsabail slándála iomchuí a chomhlíonadh.

Airteagal 38

Slándáil na Gníomhaireachta

1.  Is í an Ghníomhaireacht a bheidh freagrach as an tslándáil agus as ord a choimeád laistigh de na foirgnimh, na háitribh agus an talamh atá in úsáid aici. Cuirfidh an Ghníomhaireacht i bhfeidhm prionsabail slándála agus forálacha ábhartha ghníomhartha dlí an Aontais lena rialaítear forbairt, bunú, oibriú agus úsáid na gcóras mórscála TF.

2.  Déanfaidh na Ballstáit óstacha gach beart éifeachtach agus leordhóthanach is gá chun ord agus slándáil a choimeád díreach in aice leis na foirgnimh, na háitribh agus an talamh atá in úsáid ag an nGníomhaireacht agus déanfaidh siad an chosaint iomchuí a sholáthar don Ghníomhaireacht, i gcomhréir leis an gcomhaontú ábhartha maidir leis an gCeanncheathrú i ndáil le suíomh na Gníomhaireachta agus i gcomhréir leis na comhaontuithe maidir leis na láithreáin theicniúla agus na láithreáin chúltaca, agus saor-rochtain ar na foirgnimh, ar na háitribh agus ar an talamh sin á ráthú do dhaoine arna n-údarú ag an nGníomhaireacht an tráth céanna.

Airteagal 39

Meastóireacht

1.  Faoin 12 Nollaig 2023,agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta, meastóireacht, i gcomhréir le treoirlínte an Choimisiúin, ar fheidhmíocht na Gníomhaireachta i ndáil lena cuspóirí, lena sainordú, lena láithreacha agus lena cúraimí. Áireofar sa mheastóireacht sin freisin scrúdú ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus ar an tslí a gcuireann an Ghníomhaireacht go héifeachtach le bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF agus le timpeallacht TF atá comhordaithe, costéifeachtach agus comhleanúnach a bhunú ar leibhéal an Aontais sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais, agus ar a mhéid a dhéantar amhlaidh. Sa mheastóireacht sin, déanfar, go háirithe, measúnú maidir leis an riachtanas a d’fhéadfadh a bheith ann sainordú na Gníomhaireachta a mhodhnú agus leis na himpleachtaí airgeadais a bheadh le haon mhodhnú den sórt sin. Féadfaidh an Bord Bainistíochta moltaí a eisiúint don Choimisiún maidir le leasuithe ar an Rialachán seo.

2.  I gcás ina measfaidh an Coimisiún nach bhfuil údar a thuilleadh ag an nGníomhaireacht leanúint leis na cuspóirí, an sainordú agus na cúraimí atá sannta di, féadfaidh sé a mholadh an Rialachán seo a leasú dá réir nó a aisghairm.

3.  Déanfaidh an Coimisiún torthaí na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1 a thuairisciú do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Bhord Bainistíochta. Cuirfear torthaí na meastóireachta ar fáil don phobal.

Airteagal 40

Fiosrúcháin riaracháin

Ba cheart gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a bheith faoi réir fhiosrúcháin an Ombudsman Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 228 CFAE.

Airteagal 41

Comhar le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais

1.  Oibreoidh an Ghníomhaireacht i gcomhar leis an gCoimisiún agus le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, go háirithe leo sin atá bunaithe sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais agus go háirithe le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha maidir le cúrsaí arna gcumhdach leis an Rialachán seo, chun, inter alia, comhordú agus coigiltis airgeadais a bhaint amach, chun dúbailt a sheachaint agus chun sineirge agus comhlántacht a chur chun cinn maidir lena gcuid gníomhaíochtaí faoi seach.

2.  Oibreoidh an Ghníomhaireacht i gcomhar leis an gCoimisiún faoi chuimsiú socrú oibre lena leagtar síos na modhanna oibre oibríochtúla.

3.  Rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise maidir le slándáil líonraí agus faisnéise, i gcás inarbiomchuí.

4.  Rachfar i gcomhar le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais faoi chuimsiú socruithe oibre. Déanfaidh an Bord Bainistíochta socruithe oibre den sórt sin a údarú, agus tuairim an Choimisiúin á cur san áireamh. I gcás nach leanann an Ghníomhaireacht tuairim an Choimisiúin, tabharfaidh sí údar maith lena cúiseanna. Féadfar foráil a dhéanamh i socruithe oibre den sórt sin maidir le seirbhísí a roinnt idir gníomhaireachtaí i gcás inarb iomchuí de réir ghaireacht na suíomhanna nó an réimse beartais faoi theorainneacha na sainorduithe atá acu agus gan dochar dá bpríomhchúraimí. Féadfar sásra um aisghabháil costas a bhunú le socruithe oibre den sórt sin.

5.  Na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais dá dtagraítear i mír 1, ní bhainfidh siad úsáid as faisnéis a gheobhaidh siad ón nGníomhaireacht ach amháin laistigh de theorainneacha a n-inniúlachtaí agus a mhéid a urramaíonn siad cearta bunúsacha an duine, lena n-áirítear ceanglais cosanta sonraí. Maidir le sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag an nGníomhaireacht a tharchur a sheoladh ar aon slí eile chuig institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, beidh an tarchur sin faoi réir socruithe sonracha oibre i ndáil le malartú sonraí pearsanta agus beidh sé faoi réir formheas roimh ré ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. Beidh aon aistriú sonraí pearsanta a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht i gcomhréir le hAirteagal 35 agus Airteagal 36. Maidir le faisnéis rúnaicmithe a láimhseáil, déanfar foráil i socruithe oibre den sórt sin go gcomhlíonfaidh an institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais rialacha agus caighdeáin slándála a bheidh coibhéiseach leo siúd a chuireann an Ghníomhaireacht i bhfeidhm.

Airteagal 42

Rannpháirtíocht tíortha atá comhlachaithe le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt agus le bearta a bhaineann le córas Bhaile Átha Cliath agus le Eurodac

1.  Beidh cead rannpháirtíochta sa Ghníomhaireacht ag tíortha a bhfuil comhaontuithe déanta acu leis an Aontas maidir le comhlachas a bheith acu le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen agus le bearta a bhaineann le córas Bhaile Átha Cliath agus le Eurodac.

2.  Faoi fhorálacha ábhartha na gcomhaontuithe dá dtagraítear i mír 1, déanfar socruithe chun, inter alia, cineál agus méid rannpháirtíocht na dtíortha dá dtagraítear i mír 1 in obair na Gníomhaireachta, lena n-áirítear forálacha maidir le ranníocaíochtaí airgeadais, maidir leis an bhfoireann agus le cearta vótála a shonrú, agus déanfar socruithe chun na rialacha mionsonraithe maidir le rannpháirtíocht na dtíortha sin a shonrú freisin.

Airteagal 43

Comhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus eintitis ábhartha eile

1.  I gcás ina bhforáiltear dó le gníomh dlí de chuid an Aontais, a mhéid is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh, féadfaidh an Ghníomhaireacht, trí bhíthin socruithe oibre a thabhairt chun críche, caidreamh a bhunú agus a choinneáil le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus lena gcuid fochomhlachtaí a rialaítear leis an dlí idirnáisiúnta poiblí nó le heintitis nó comhlachtaí ábhartha eile, arna mbunú ag comhaontú idir dhá thír nó níos mó, nó ar bhonn comhaontaithe idir dhá thír nó níos mó.

2.  I gcomhréir le mír 1, féadfar socruithe oibre a thabhairt i gcrích ina sonrófar, go háirithe, raon feidhme, cineál, cuspóir agus méid an chomhair sin. Ní fhéadfar socruithe oibre den sórt sin a thabhairt i gcrích ach i gcás ina n-údaraíonn an Bord Bainistíochta iad agus ina bhfaomhann an Coimisiún roimh ré iad.



CAIBIDIL V

BUNÚ AGUS STRUCHTÚR AN BHUISÉID



ROINN 1

Doiciméad clársceidealaithe aonair

Airteagal 44

Doiciméad clársceidealaithe aonair

1.  Gach bliain, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair a tharraingt suas don bhliain ina dhiaidh sin, mar a leagtar amach in Airteagal 32 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 agus san fhoráil ábhartha i rialacha airgeadais na Gníomhaireachta arna nglacadh de bhun Airteagal 49 den Rialachán seo agus treoirlínte arna leagan síos ag an gCoimisiún á gcur san áireamh.

Is éard a bheidh sa doiciméad clársceidealaithe aonair clár oibre bliantúil mar aon leis an mbuiséad agus faisnéis faoi na hacmhainní, mar a leagtar amach go mionsonraithe i rialacha airgeadais na Gníomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 49.

2.  Glacfaidh an Bord Bainistíochta an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair tar éis dul i gcomhairle leis na Grúpaí Comhairleacha agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin é faoin 31 Eanáir gach bliain chomh maith le haon leagan nuashonraithe den doiciméad sin.

3.  Roimh an 30 Samhain gach bliain, glacfaidh an Bord Bainistíochta, le tromlach dhá thrian de na comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu, agus i gcomhréir leis an nós imeachta buiséadach bliantúil, an doiciméad clársceidealaithe aonair, agus an tuairim ón gCoimisiún á cur san áireamh. Áiritheoidh an Bord Bainistíochta go gcuirfear an leagan cinntitheach den doiciméad clársceidealaithe aonair sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún agus go bhfoilseofar é.

4.  Tiocfaidh an doiciméad clársceidealaithe aonair chun bheith cinntitheach tar éis buiséad ginearálta an Aontais a ghlacadh go críochnaitheach agus déanfar coigeartú air dá réir, más gá sin. Déanfar an doiciméad clársceidealaithe aonair atá glactha a chur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún agus foilseofar é.

5.  Beidh sa chlár oibre bliantúil don bhliain ina dhiaidh sin cuspóirí mionsonraithe chomh maith leis na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, lena n-áirítear táscairí feidhmíochta. Beidh tuairisc ann freisin ar na bearta atá le maoiniú agus léiriú ar na hacmhainní airgeadais agus daonna a bheidh sannta do gach beart, i gcomhréir le prionsabail an bhuiséadaithe agus an bhainistithe de réir gníomhaíochtaí. Beidh an clár oibre bliantúil i gcomhréir leis an gclár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear i mír 6. Sonrófar go soiléir ann na cúraimí a cuireadh leis, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid leis an mbliain airgeadais roimhe. Déanfaidh an Bord Bainistíochta an clár oibre bliantúil atá glactha a leasú nuair a thabharfar cúram nua don Ghníomhaireacht. Is leis an nós imeachta céanna a úsáideadh don chlár oibre bliantúil tosaigh a ghlacfar aon leasú substaintiúil ar an gclár oibre bliantúil. Féadfaidh an Bord Bainistíochta an chumhacht leasuithe neamhshubstainteacha a dhéanamh ar an gclár oibre bliantúil a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

6.  Leagfar amach sa chlársceidealú ilbhliantúil an clársceidealú straitéiseach foriomlán, lena n-áirítear na cuspóirí, na torthaí a mbeifear ag súil leo agus na táscairí feidhmíochta. Leagfar amach ann freisin clársceidealú acmhainní, lena n-áirítear an buiséad ilbhliantúil agus an fhoireann. Déanfar an clársceidealú acmhainní a thabhairt cothrom le dáta gach bliain. Déanfar an clársceidealú straitéiseach a nuashonrú i gcás inarb iomchuí, agus go háirithe chun dul i ngleic le toradh na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 39.

Airteagal 45

An buiséad a bhunú

1.  Gach bliain déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, agus na gníomhaíochtaí a dhéanann an Ghníomhaireacht á gcur san áireamh, dréachtráiteas a tharraingt suas de mheastacháin ar ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, lena n-áirítear dréachtphlean bunaíochta, agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta é.

2.  Glacfaidh an Bord Bainistíochta, ar bhonn an dréachtráitis meastachán arna tharraingt suas ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, dréachtmheastachán ar ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, lena n-áirítear an dréachtphlean bunaíochta. Faoin 31 Eanáir gach bliain, cuirfidh an Bord Bainistíochta é chuig an gCoimisiún agus na tíortha a bhfuil baint acu le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt agus le bearta a bhaineann le córas Bhaile Átha Cliath agus le Eurodac, mar chuid de dhoiciméad clársceidealaithe aonair.

3.  Cuirfidh an Coimisiún an dreachtmheastachán chuig an údarás buiséadach mar aon le réamh-dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais.

4.  Ar bhonn an dréachtmheastacháin, iontrálfaidh an Coimisiún i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais na meastacháin sin a mheasann sé is gá don phlean bunaíochta agus méid an fhóirdheontais a dhéanfar a mhuirearú ar an mbuiséad ginearálta, agus cuirfidh sé faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh é i gcomhréir le hAirteagal 313 agus Airteagal 314 CFAE.

5.  Is é an t-údarás buiséadach a údaróidh na leithreasaí i gcomhair na ranníocaíochta don Ghníomhaireacht.

6.  Is é an t-údarás buiséadach a ghlacfaidh an plean bunaíochta don Ghníomhaireacht.

7.  Is é an Bord Bainistíochta a ghlacfaidh buiséad na Gníomhaireachta. Beidh sé ina bhuiséad críochnaitheach nuair a bheidh glactha go críochnaitheach le buiséad ginearálta an Aontais. I gcás inarb iomchuí, déanfar buiséad na Gníomhaireachta a choigeartú dá réir sin.

8.  Maidir le haon mhodhnú ar bhuiséad na Gníomhaireachta, lena n-áirítear an plean bunaíochta, déanfar é de réir an nós imeachta chéanna leis an gceann is infheidhme maidir le bunú an bhuiséid tosaigh.

9.  Gan dochar d’Airteagal 17(5), tabharfaidh an Bord Bainistíochta, a luaithe agus is féidir, fógra don údarás buiséadach i dtaca le tionscadal a bhfuil sé beartaithe aige a chur chun feidhme a bhféadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais a bheith aige maidir leis an mbuiséad a chistiú, go háirithe aon tionscadail a bhaineann le maoin amhail foirgnimh a ghlacadh ar cíos nó a cheannach. Cuirfidh an Bord Bainistíochta an Coimisiún ar an eolas faoi sin. Má tá sé i gceist ag ceachtar den dá bhrainse den údarás buiséadach tuairim a eisiúint, laistigh de dhá sheachtain tar éis dó an fhaisnéis maidir leis an tionscadal a fháil, tabharfaidh sé fógra don Bhord Bainistíochta go bhfuil sé beartaithe aige tuairim den sórt sin a thabhairt. Mura bhfaighfear freagra, féadfaidh an Ghníomhaireacht dul ar aghaidh leis an oibríocht atá beartaithe. Beidh feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 maidir le haon tionscadal tógála ar dócha go mbeidh impleachtaí suntasacha aige ar bhuiséad na Gníomhaireachta.



ROINN 2

An buiséad a thíolacadh, a chur chun feidhme agus a rialú

Airteagal 46

Struchtúr an bhuiséid

1.  Ullmhófar meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas uile na Gníomhaireachta gach bliain airgeadais, de réir na bliana féilire, agus léireofar i mbuiséad na Gníomhaireachta iad.

2.  Déanfar buiséad na Gníomhaireachta a chomhardú i dtéarmaí ioncaim agus caiteachais.

3.  Gan dochar do chineálacha eile ioncam, is éard a bheidh in ioncam na Gníomhaireachta:

(a) 

ranníocaíocht ón Aontas, arna hiontráil i mbuiséad ginearálta an Aontais (roinn an Choimisiúin);

(b) 

ranníocaíocht ó na tíortha a bhfuil baint acu le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt agus le bearta a bhaineann le córas Bhaile Átha Cliath agus le Eurodac, ar tíortha iad a ghlacann páirt in obair na Gníomhaireachta, arna suí sna comhaontuithe comhlachais ábhartha agus sna socruithe dá dtagraítear in Airteagal 42 ina sonraítear a ranníocaíocht airgeadais;

(c) 

cistiú ón Aontas i bhfoirm comhaontuithe tarmligin i gcomhréir le rialacha airgeadais na Gníomhaireachta arna nglacadh de bhun Airteagal 49 agus le forálacha na n-ionstraimí ábhartha a thacaíonn le beartais an Aontais;

(d) 

ranníocaíochtaí arna n-íoc ag na Ballstáit as na seirbhísí a sholáthraítear dóibh i gcomhréir leis an gcomhaontú tarmligin dá dtagraítear in Airteagal 16;

(e) 

aisghabháil costas arna híoc ag comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais as na seirbhísí a sholáthraítear dóibh i gcomhréir leis na socruithe oibre dá dtagraítear in Airteagal 41; agus

(f) 

aon ranníocaíocht airgeadais dheonach ó na Ballstáit.

4.  Cuirfear luach saothair foirne, speansais riaracháin agus bonneagair agus caiteachas oibríochtúil san áireamh i gcaiteachas na Gníomhaireachta.

Airteagal 47

An buiséad a chur chun feidhme agus a rialú

1.  Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin buiséad na Gníomhaireachta a chur chun feidhme.

2.  Gach bliain, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an fhaisnéis uile is ábhartha maidir le torthaí na nósanna imeachta meastóireachta a chur chuig an údarás buiséadach.

3.  Faoin 1 Márta de bhliain airgeadais N+1, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta na cuntais shealadacha do bhliain N in iúl d’oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus don Chúirt Iniúchóirí. Déanfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadach na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí díláraithe a chomhdhlúthú i gcomhréir le hAirteagal 245 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046.

4.  Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an tuarascáil ar an mbainistiú buiséadach agus airgeadais do bhliain N chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta de bhliain N+1.

5.  Cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na Gníomhaireachta do bhliain N, arna gcomhdhlúthú le cuntais an Choimisiúin, chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta de bhliain N+1.

6.  Ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí a fháil maidir le cuntais shealadacha na Gníomhaireachta, de bhun Airteagal 246 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta a tharraingt suas faoina fhreagracht nó faoina freagracht féin agus cuirfidh sé nó sí faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta iad chun tuairim a fháil.

7.  Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tuairim uaidh maidir le cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta do bhliain N.

8.  Faoin 1 Iúil de bhliain N+1, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cuntais chríochnaitheacha, mar aon le tuairim an Bhoird Bainistíochta, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig na tíortha atá comhlachaithe le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt agus le bearta a bhaineann le córas Bhaile Átha Cliath agus le Eurodac.

9.  Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha do bhliain N in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain de bhliain N+1.

10.  Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí ar a barúlacha siúd faoin 30 Meán Fómhair de bhliain N+1. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an freagra sin chuig an mBord Bainistíochta freisin.

11.  Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, aon fhaisnéis is gá chun an nós imeachta urscaoilte a chur i bhfeidhm go rianúil do bhliain N faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, i gcomhréir le hAirteagal 261(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046.

12.  Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin roimh an 15 Bealtaine de bhliain N+2 i dtaca le cur chun feidhme an bhuiséid do bhliain N.

Airteagal 48

Coinbhleachtaí leasa a chosc

Glacfaidh an Ghníomhaireacht rialacha inmheánacha lena gceanglaítear ar bhaill a Boird Bainistíochta agus a Grúpaí Comhairleacha agus ar a baill foirne aon staid a sheachaint a d’fhéadfadh a bheith ina cúis le coinbhleacht leasa le linn a bhfostaíochta nó a dtéarma oifige agus na staideanna sin a thuairisciú. Déanfar na rialacha inmheánacha sin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta.

Airteagal 49

Rialacha airgeadais

Déanfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht a ghlacadh tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní imeoidh siad ó Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 mura mbeidh gá leis an imeacht sin go sonrach d’oibriú na Gníomhaireachta agus mura mbeidh an Coimisiún tar éis toiliú don imeacht sin roimh ré.

Airteagal 50

Calaois a chomhrac

1.  Beidh feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus ag Rialachán (AE) 2017/1939 chun calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac.

2.  Aontóidh an Ghníomhaireacht do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag OLAF agus glacfaidh sí, gan mhoill, na forálacha iomchuí is infheidhme maidir le foireann uile na Gníomhaireachta agus an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú á úsáid aici.

3.  Beidh cumhacht ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus cigireachtaí ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí an Aontais ón nGníomhaireacht.

4.  Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle ( 13 ) d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfann difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le deontas nó conradh arna mhaoiniú ag an nGníomhaireacht.

5.  Gan dochar do mhíreanna 1, 2, 3 ná 4, beidh forálacha i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais na Gníomhaireachta, ar forálacha iad lena dtabharfar an chumhacht go sainráite don Chúirt Iniúchóirí, do OLAF agus do OIPE iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.



CAIBIDIL VI

LEASUITHE AR GHNÍOMHARTHA DLÍ DE CHUID AN AONTAIS

Airteagal 51

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006

I Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15(2) agus (3):

“2.  Is é an tÚdarás Bainistíochta a bheidh freagrach as gach cúram a bhaineann leis an mBonneagar Cumarsáide, go háirithe an méid seo a leanas:

(a) 

maoirseacht;

(b) 

slándáil;

(c) 

comhordú an chaidrimh idir na Ballstáit agus an soláthraí;

(d) 

cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid;

(e) 

fáil agus athnuachan; agus

(f) 

ábhair a bhaineann le conarthaí.”.

Airteagal 52

Leasú ar Chinneadh 2007/533/CGB

I gCinneadh 2007/533/CGB, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15(2) agus (3):

“2.  Is é an tÚdarás Bainistíochta a bheidh freagrach as gach cúram a bhaineann leis an mBonneagar Cumarsáide, go háirithe an méid seo a leanas:

(a) 

maoirseacht;

(b) 

slándáil;

(c) 

comhordú an chaidrimh idir na Ballstáit agus an soláthraí;

(d) 

cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid;

(e) 

fáil agus athnuachan; agus

(f) 

ábhair a bhaineann le conarthaí.”.



CAIBIDIL VII

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

Airteagal 53

Comharbas dlíthiúil

1.  Beidh an Ghníomhaireacht, arna bunú leis an Rialachán seo, ina comharba dlíthiúil i ndáil le gach conradh arna thabhairt i gcrích ag an nGníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais, arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011, agus i ndáil le gach dliteanas is dlite di nó i ndáil le gach maoin arna sealbhú di.

2.  Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear d’fheidhm dhlíthiúil aon chomhaontaithe, aon socruithe oibre ná meabhrán tuisceana arna dtabhairt i gcrích ag an nGníomhaireacht arna bunú le Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011, gan dochar d’aon leasuithe arna ndéanamh orthu de bhun an Rialacháin seo.

Airteagal 54

Socruithe idirthréimhseacha maidir leis an mBord Bainistíochta agus na Grúpaí Comhairleacha

1.  I dtaca le comhaltaí agus Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach an Bhoird Bainistíochta, a ceapadh ar bhonn Airteagal 13 agus Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011, leanfaidh siad de bheith ag feidhmiú a gcuid feidhmeanna ar feadh a mbeidh fágtha dá dtéarmaí oifige.

2.  I dtaca le comhaltaí, Cathaoirligh agus Leas-Chathaoirligh na nGrúpaí Comhairleacha, a ceapadh ar bhonn Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011, leanfaidh siad de bheith ag feidhmiú a gcuid feidhmeanna ar feadh a mbeidh fágtha dá dtéarmaí oifige.

Airteagal 55

Na rialacha inmheánacha arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta a choimeád i bhfeidhm

Fanfaidh na rialacha agus bearta inmheánacha a ghlac an Bord Bainistíochta ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 i bhfeidhm tar éis an 11 Nollaig 2018, gan dochar d’aon leasuithe a dhéanfar orthu de bhun an Rialacháin seo.

Airteagal 56

Socruithe idirthréimhseacha maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin

Ar feadh na tréimhse a bheidh fágtha ina théarma oifige nó ina téarma oifige, is do Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais, arna cheapadh ar bhonn Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1077/2011, a shannfar cúraimí Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta, dá bhforáiltear in Airteagal 24 den Rialachán seo. Ní athrófar coinníollacha eile a chonartha nó a conartha. Má dhéantar cinneadh lena leathnaítear sainordú an Stiúrthóra Feidhmiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 18(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 a ghlacadh roimh an11 Nollaig 2018, cuirfear síneadh leis an téarma oifige go huathoibríoch go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2022.



CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 57

Ionadú agus aisghairm

Leis seo, gabhann an Rialachán seo ionad Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 i gcás na mBallstát atá faoi cheangal ag an Rialachán seo.

Dá bhrí sin, aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011.

Maidir leis na Ballstáit atá faoi cheangal ag an Rialachán seo, déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 58

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 11 Nollaig 2018. Mar sin féin, beidh feidhm ag pointe (x) d’Airteagal 19(1), pointí (h) agus (i) d’Airteagal 24(3) agus Airteagal 50(5) den Rialachán seo, a mhéid a thagraíonn siad do OIPE, agus ag Airteagal 50(1), a mhéid a thagraíonn sé do Rialachán (AE) 2017/1939, ón dáta a chinnfear sa chinneadh ón gCoimisiún dá bhforáiltear sa dara fomhír d’Airteagal 120(2) de Rialachán (AE) 2017/1939.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.




IARSCRÍBHINN

TÁBLA COMHGHAOIL



Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011

An Rialachán seo

 

 

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(1)

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(2)

Airteagal 1(3) agus (4)

Airteagal 1(3)

Airteagal 1(5)

Airteagal 1(4)

Airteagal 1(6)

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 5

Airteagal 5a

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 6

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 7(1) agus (2)

Airteagal 11(1)

Airteagal 7(3)

Airteagal 11(2)

Airteagal 7(4)

Airteagal 11(3)

Airteagal 7(5)

Airteagal 11(4)

Airteagal 7(6)

Airteagal 11(5)

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 8(1)

Airteagal 14(1)

Airteagal 14(2)

Airteagal 8(2)

Airteagal 14(3)

Airteagal 9(1) agus (2)

Airteagal 15(1) agus (2)

Airteagal 15(3)

Airteagal 15(4)

Airteagal 16

Airteagal 10(1) agus (2)

Airteagal 17(1) agus (2)

Airteagal 10(3)

Airteagal 24(2)

Airteagal 10(4)

Airteagal 17(3)

Airteagal 17(4)

Airteagal 17(5)

Airteagal 11

Airteagal 18

Airteagal 12(1)

Airteagal 19(1)

Airteagal 19(1)(a)

Airteagal 19((1)(b)

Airteagal 12(1)(a)

Airteagal 19(1)(c)

Airteagal 12(1)(b)

Airteagal 19(1)(d)

Airteagal 12(1)(c)

Airteagal 19(1)(e)

Airteagal 19(1)(f)

Airteagal 12(1)(d)

Airteagal 19(1)(g)

Airteagal 19(1)(h)

Airteagal 19(1)(i)

Airteagal 19(1)(j)

Airteagal 19(1)(k)

Airteagal 12(1)(e)

Airteagal 19(1)(l)

Airteagal 19(1)(m)

Airteagal 12(1)(f)

Airteagal 19(1)(n)

Airteagal 12(1)(g)

Airteagal 19(1)(o)

Airteagal 19(1)(p)

Airteagal 12(1)(h)

Airteagal 19(1)(q)

Airteagal 12(1)(i)

Airteagal 19(1)(q)

Airteagal 12(1)(j)

Airteagal 19(1)(r)

Airteagal 19(1)(s)

Airteagal 12(1)(k)

Airteagal 19(1)(t)

Airteagal 12(1)(l)

Airteagal 19(1)(u)

Airteagal 12(1)(m)

Airteagal 19(1)(v)

Airteagal 12(1)(n)

Airteagal 19(1)(w)

Airteagal 12(1)(o)

Airteagal 19(1)(x)

Airteagal 19(1)(y)

Airteagal 12(1)(p)

Airteagal 19(1)(z)

Airteagal 12(1)(q)

Airteagal 19(1)(bb)

Airteagal 12(1)(r)

Airteagal 19(1)(cc)

Airteagal 12(1)(s)

Airteagal 19(1)(dd)

Airteagal 12(1)(t)

Airteagal 19(1)(ff)

Airteagal 12(1)(u))

Airteagal 19(1)(gg)

Airteagal 12(1)(v)

Airteagal 19(1)(hh)

Airteagal 12(1)(w)

Airteagal 19(1)(ii)

Airteagal 12(1)(x)

Airteagal 19(1)(jj)

Airteagal 19(1)(ll)

Airteagal 12(1)(y)

Airteagal 19(1)(mm)

Airteagal 12(1)(z)

Airteagal 19(1)(nn)

Airteagal 19(1)(oo)

Airteagal 12(1)(aa)

Airteagal 19(1)(pp)

Airteagal 12(1)(sa)

Airteagal 19(1)(ee)

Airteagal 12(1)(xa)

Airteagal 19(1)(kk)

Airteagal 12(1)(za)

Airteagal 19(1)(mm)

Airteagal 19(1) an dara fomhír

Airteagal 19(2)

Airteagal 12(2)

Airteagal 19(3)

Airteagal 13(1)

Airteagal 20(1)

Airteagal 13(2) agus (3)

Airteagal 20(2)

Airteagal 13(4)

Airteagal 20(3)

Airteagal 13(5)

Airteagal 20(4)

Airteagal 14(1) agus (3)

Airteagal 21(1)

Airteagal 14(2)

Airteagal 21(2)

Airteagal 15(1)

Airteagal 22(1) agus (3)

Airteagal 15(2)

Airteagal 22(2)

Airteagal 15(3)

Airteagal 22(5)

Airteagal 15(4) agus (5)

Airteagal 22(4)

Airteagal 15(6)

Airteagal 22(6)

Airteagal 16(1) go (5)

Airteagal 23(1) go (5)

Airteagal 23(6)

Airteagal 16(6)

Airteagal 23(7)

Airteagal 16(7)

Airteagal 23(8)

Airteagal 17(1) agus (4)

Airteagal 24(1)

Airteagal 17(2)

Airteagal 17(3)

Airteagal 17(5) agus (6)

Airteagal 24(3)

Airteagal 17(5)(a)

Airteagal 24(3)(a)

Airteagal 17(5)(b)

Airteagal 24(3)(b)

Airteagal 17(5)(c)

Airteagal 24(3)(c)

Airteagal 17(5)(d)

Airteagal 24(3)(o)

Airteagal 17(5)(e)

Airteagal 22(2)

Airteagal 17(5)(f)

Airteagal 19(2)

Airteagal 17(5)(g)

Airteagal 24(3)(p)

Airteagal 17(5)(h)

Airteagal 24(3)(q)

Airteagal 17(6)(a)

Airteagal 24(3)(d) agus (g)

Airteagal 17(6)(b)

Airteagal 24(3)(k)

Airteagal 17(6)(c)

Airteagal 24(3)(d)

Airteagal 17(6)(d)

Airteagal 24(3)(l)

Airteagal 17(6)(e)

Airteagal 17(6)(f)

Airteagal 17(6)(g)

Airteagal 24(3)(r)

Airteagal 17(6)(h)

Airteagal 24(3)(s)

Airteagal 17(6)(i)

Airteagal 24(3)(t)

Airteagal 17(6)(j)

Airteagal 24(3)(v)

Airteagal 17(6)(k)

Airteagal 24(3)(u)

Airteagal 17(7)

Airteagal 24(4)

Airteagal 24(5)

Airteagal 18

Airteagal 25

Airteagal 18(1)

Airteagal 25(1) agus (10)

Airteagal 18(2)

Airteagal 25(2), (3) agus (4)

Airteagal 18(3)

Airteagal 25(5)

Airteagal 18(4)

Airteagal 25(6)

Airteagal 18(5)

Airteagal 25(7)

Airteagal 18(6)

Airteagal 24(1)

Airteagal 25(8)

Airteagal 18(7)

Airteagal 25(9) agus (10)

Airteagal 25(11)

Airteagal 26

Airteagal 19

Airteagal 27

Airteagal 20

Airteagal 28

Airteagal 20(1) agus (2)

Airteagal 28(1) agus (2)

Airteagal 20(3)

Airteagal 20(4)

Airteagal 28(3)

Airteagal 20(5)

Airteagal 28(4)

Airteagal 20(6)

Airteagal 28(5)

Airteagal 20(7)

Airteagal 28(6)

Airteagal 20(8)

Airteagal 28(7)

Airteagal 21

Airteagal 29

Airteagal 22

Airteagal 30

Airteagal 23

Airteagal 31

Airteagal 24

Airteagal 32

Airteagal 25(1) agus (2)

Airteagal 33(1) agus (2)

Airteagal 33(3)

Airteagal 25(3)

Airteagal 33(4)

Airteagals 26 agus 27

Airteagal 34

Airteagal 28(1)

Airteagal 35(1) agus Airteagal 36(2)

Airteagal 28(2)

Airteagal 35(2)

Airteagal 36(1)

Airteagal 29(1) agus (2)

Airteagal 37(1)

Airteagal 29(3)

Airteagal 37(2)

Airteagal 30

Airteagal 38

Airteagal 31(1)

Airteagal 39(1)

Airteagal 31(2)

Airteagal 39(1) agus (3)

Airteagal 39(2)

Airteagal 40

Airteagal 41

Airteagal 43

Airteagal 44

Airteagal 32(1)

Airteagal 46(3)

Airteagal 32(2)

Airteagal 46(4)

Airteagal 32(3)

Airteagal 46(2)

Airteagal 32(4)

Airteagal 45(2)

Airteagal 32(5)

Airteagal 45(2)

Airteagal 32(6)

Airteagal 44(2)

Airteagal 32(7)

Airteagal 45(3)

Airteagal 32(8)

Airteagal 45(4)

Airteagal 32(9)

Airteagal 45(5) agus (6)

Airteagal 32(10)

Airteagal 45(7)

Airteagal 32(11)

Airteagal 45(8)

Airteagal 32(12)

Airteagal 45(9)

Airteagal 33(1) go (4)

Airteagal 47(1) go (4)

Airteagal 47(5)

Airteagal 33(5)

Airteagal 47(6)

Airteagal 33(6)

Airteagal 47(7)

Airteagal 33(7)

Airteagal 47(8)

Airteagal 33(8)

Airteagal 47(9)

Airteagal 33(9)

Airteagal 47(10)

Airteagal 33(10)

Airteagal 47(11)

Airteagal 33(11)

Airteagal 47(12)

Airteagal 48

Airteagal 34

Airteagal 49

Airteagal 35(1) agus (2)

Airteagal 50(1) agus (2)

Airteagal 50(3)

Airteagal 35(3)

Airteagal 50(4) agus (5)

Airteagal 36

Airteagal 37

Airteagal 42

Airteagal 51

Airteagal 52

Airteagal 53

Airteagal 54

Airteagal 55

Airteagal 56

Airteagal 57

Airteagal 38

Airteagal 58

Iarscríbhinn



( ) Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO L 180, 29.6.2013, lch. 31).

( 1 ) Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (ECRIS-TCN) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla a fhorlíonadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2018/1726 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 1).

( 2 ) Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais Eorpaigh i réimse teorainneacha agus víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. (CE) 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).

( 3 ) Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85).

( 3 ) Treoir 2004/82/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an oibleagáid ar iompróirí sonraí paisinéirí a chur in iúl (IO L 261, 6.8.2004, lch. 24).

( 3 ) Treoir (AE) 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le húsáid sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh (IO J 119, 4.5.2016, lch. 132).

( 4 ) Rialachán (AE) Uimh. 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 (IO L 312, 7.12.2018, lch. 14).

( 5 ) Rialachán (AE) Uimh. 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (OJ L 312, 7.12.2018, p. 56).

( 6 ) Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (ECRIS-TCN) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla a fhorlíonadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 1).

( 6 ) Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear na teangacha a úsáidfear i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 17, 6.10.1958, lch. 385).

( 6 ) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).

( 6 ) Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).

( 6 ) Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).