02017R1128 — GA — 30.06.2017 — 000.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2017/1128 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Meitheamh 2017

maidir le hinaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne sa mhargadh inmheánach

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(IO L 168 30.6.2017, lch. 1)


Arna cheartú le

►C1

Ceartúchán, IO L 198, 28.7.2017, lch.  42 (2017/1128)




▼B

RIALACHÁN (AE) 2017/1128 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Meitheamh 2017

maidir le hinaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne sa mhargadh inmheánach

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)



Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.  Leis an Rialachán seo, tugtar isteach cur chuige coiteann san Aontas maidir le hinaistritheacht trasteorann na seirbhísí ábhair ar líne, trína áirithiú gur féidir le rannpháirtithe ar sheirbhísí inaistrithe ábhair ar líne a sholáthraítear go dleathach ina mBallstát cónaithe rochtain a fháil ar na seirbhísí sin agus iad a úsáid agus iad go sealadach i mBallstát seachas a mBallstát cónaithe.

2.  Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le réimse an chánachais.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) ciallaíonn “rannpháirtí” aon tomhaltóir atá i dteideal, ar bhonn conradh le haghaidh soláthar seirbhíse ábhair ar líne le soláthraí, bíodh sé ar íocaíocht airgid nó gan an íocaíocht sin, rochtain ar sheirbhís den sórt sin agus í a úsáid sa Bhallstát cónaithe;

(2) ciallaíonn “tomhaltóir” aon duine nádúrtha atá ag gníomhú, de bhun conarthaí a chumhdaítear faoin Rialachán seo, chun críocha atá lasmuigh de cheird, de ghnó, d’ealaín nó de ghairm an duine sin;

(3) ciallaíonn “Ballstát cónaithe” an Ballstát, arna chinneadh ar bhonn Airteagal 5, ina bhfuil a áit nó a háit chónaithe iarbhír agus sheasta ag an rannpháirtí;

(4) ciallaíonn “bheith go sealadach i mBallstát” bheith i mBallstát seachas an Bhallstát cónaithe ar feadh tréimhse theoranta ama;

(5) ciallaíonn “seirbhís abhair ar líne” seirbhís a shainmhínítear le hAirteagal 56 agus le hAirteagal 57 CFAE agus a chuireann soláthraí ar fáil go dleathach do rannpháirtithe ina mBallstát cónaithe, ar théarmaí comhaontaithe agus ar líne, ar seirbhís inaistrithe í agus arb é atá inti an méid seo a leanas:

(i) seirbhís meán closamhairc mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 1 de Threoir 2010/13/AE, nó

(ii) seirbhís arb é a príomhghné rochtain a chur ar fáil ar shaothair, ar ábhar cosanta eile nó ar tharchur eagraíochtaí craolacháin, agus iad a úsáid, bíodh sin ar bhealach líneach nó ar éileamh;

(6) ciallaíonn “inaistrithe” gné seirbhíse ábhair ar líne trínar féidir le rannpháirtithe rochtain go héifeachtach ar an tseirbhís ábhair ar líne agus í a úsáid ina mBallstát cónaithe gan a bheith teoranta do shuíomh ar leith.

Airteagal 3

An oibleagáid chun inaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne a chumasú

1.  Cuirfidh an soláthraí seirbhíse ábhair ar líne arna soláthar ar íocaíocht airgid ar cumas rannpháirtí atá go sealadach i mBallstát rochtain a bheith aige nó aici ar an tseirbhís ábhair ar líne agus í a úsáid ar an gcaoi chéanna a ndéantar é sa Bhallstát cónaithe, lena n-áirítear trí rochtain a sholáthar ar an ábhar céanna, ar an réimse céanna gléasanna agus ar an líon gléasanna céanna, don líon céanna úsáideoirí agus leis an líon feidhmiúlachtaí céanna.

2.  Ní dhéanfaidh an soláthraí aon táillí breise a fhorchur ar an rannpháirtí chun rochtain a bheith aige nó aici ar an tseirbhís ábhair ar líne agus chun í a úsáid de bhun mhír 1.

3.  Ní chumhdófar leis an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 aon cheanglais chaighdeáin is infheidhme maidir le seachadadh seirbhíse ábhair ar líne a bhfuil an soláthraí faoina réir nuair a sholáthraíonn sé an tseirbhís sin sa Bhallstát cónaithe, murar toilíodh a mhalairt idir an soláthraí agus an rannpháirtí.

Ní dhéanfaidh an soláthraí aon ghníomhaíocht chun cáilíocht seachadta na seirbhíse ábhair ar líne a laghdú agus inaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne á cumasú aige i gcomhréir le mír 1.

4.  Déanfaidh soláthraí seirbhísí ábhair ar líne arna soláthar ar íocaíocht airgid, ar bhonn na faisnéise atá ina sheilbh, faisnéis a sholáthar don rannpháirtí maidir le cáilíocht seachadta na seirbhíse ábhair ar líne sin a sholáthraítear i gcomhréir le mír 1. Soláthrófar an fhaisnéis don rannpháirtí sula soláthrófar an tseirbhís ábhair ar líne i gcomhréir le mír 1 agus trí mhodhanna atá leordhóthanach agus comhréireach.

Airteagal 4

Logánú sholáthar na seirbhísí ábhair ar líne, na rochtana orthu agus a n-úsáide

Maidir le seirbhís ábhair ar líne a sholáthar faoin Rialachán seo do rannpháirtí atá go sealadach i mBallstát, agus maidir le rochtain a bheith ag an rannpháirtí sin ar an tseirbhís sin agus í á húsáid aige nó aici, measfar go ndéantar iad i mBallstát cónaithe an rannpháirtí, agus sa Bhallstát sin amháin.

Airteagal 5

Fíorú an Bhallstáit chónaithe

1.  Tráth a dtabharfar i gcrích conradh chun seirbhís ábhair ar líne a sholáthraítear ar íocaíocht airgid a sholáthar agus a ndéanfar athnuachan air, déanfaidh soláthraí Ballstát cónaithe an rannpháirtí a fhíorú agus gan níos mó ná dhá cheann de na modhanna fíoraithe seo a leanas a úsáid le linn dó agus áiritheoidh sé go bhfuil na modhanna a úsáidtear réasúnach, comhréireach agus éifeachtach:

(a) cárta aitheantais, modh leictreonach sainaitheantais, go háirithe iad siúd a thagann faoi na scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ), nó aon doiciméad aitheantais bailí eile lena ndeimhnítear Ballstát cónaithe an rannpháirtí;

(b) sonraí íocaíochta, amhail cuntas bainc, nó uimhir chárta creidmheasa nó chárta dochair an rannpháirtí;

(c) an áit ina suiteáiltear bosca bairr, díchódóir nó feiste comhchosúil chun seirbhísí a sholáthar don rannpháirtí;

(d) táille cheadúnais a bheith á híoc le haghaidh seirbhísí eile a chuirtear ar fáil sa Bhallstát, amhail craolachán seirbhíse poiblí;

(e) conradh soláthar seirbhíse idirlín nó teileafóin nó aon chonradh dá shamhail lena nasctar an rannpháirtí leis an mBallstát;

(f) clárú ar rollaí áitiúla toghthóirí, má tá an fhaisnéis lena mbaineann ar fáil go poiblí;

(g) cánacha áitiúla a bheith á n-íoc, má tá an fhaisnéis lena mbaineann ar fáil go poiblí;

(h) bille fóntais de chuid an rannpháirtí lena nasctar an rannpháirtí leis an mBallstát;

(i) seoladh billeála nó seoladh poist an rannpháirtí;

(j) dearbhú ón rannpháirtí lena ndeimhnítear go bhfuil seoladh an rannpháirtí sa Bhallstát;

(k) seoladh prótacal idirlín (IP) a sheiceáil, chun an Ballstát ina ndéanann an rannpháirtí rochtain ar an tseirbhís ábhair ar líne a shainaithint.

Ní dhéanfar na modhanna fíoraithe faoi phointe (i) go pointe (k) a úsáid ach amhain in éineacht le ceann amháin de na modhanna fíoraithe faoi phointe (a) go pointe (h) ach amháin mura n-áirítear an seoladh poist faoi phointe (i) i gclár oifigiúil atá ar fáil go poiblí.

2.  Má bhíonn amhras réasúnach ag an soláthraí faoi Bhallstát cónaithe an rannpháirtí le linn thréimhse an chonartha chun seirbhís ábhair ar líne a sholáthar, féadfaidh an soláthraí fíorú Bhallstáit cónaithe an rannpháirtí a dhéanamh arís, i gcomhréir le mír 1. I gcás den sórt sin, áfach, féadfar na modhanna fíoraithe faoi phointe (k) a úsáid agus na modhanna sin amháin. Ní dhéanfar sonraí a eascraíonn as úsáid na modhanna fíoraithe faoi phointe (k) a bhailiú ach amháin i bhformáid dhénártha.

3.  Beidh soláthraí i dteideal a iarraidh ar an rannpháirtí an fhaisnéis is gá a sholáthar chun Ballstát cónaithe an rannpháirtí a chinneadh i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2. I gcás ina mainníonn an rannpháirtí an fhaisnéis sin a sholáthar agus, mar thoradh air sin, nach bhfuil an soláthraí in ann an Ballstát cónaithe an rannpháirtí a fhíorú, ní dhéanfaidh an soláthraí, ar bhonn an Rialacháin seo, a chur ar chumas an rannpháirtí rochtain a fháil ar an tseirbhís ábhair ar líne ná í a úsáid agus é nó í go sealadach i mBallstát.

4.  Maidir leis na sealbhóirí cóipchirt agus ceart gaolmhar nó maidir leo siúd a shealbhaíonn aon chearta eile in ábhar seirbhíse ábhair ar líne, féadfaidh siad soláthar a n-ábhair, rochtain ar an ábhar sin agus úsáid an ábhair sin a údarú faoin Rialachán seo gan an Ballstát cónaithe a fhíorú. I gcásanna den sórt sin, maidir leis an gconradh idir an soláthraí agus an rannpháirtí chun seirbhís ábhair ar líne a sholáthar, is leor é chun Ballstát cónaithe an rannpháirtí a chinneadh.

Beidh sealbhóirí cóipchirt nó ceart gaolmhar nó iad siúd a shealbhaíonn cearta eile in ábhar seirbhíse ábhair ar líne i dteideal an t-údarú a thugtar de bhun na chéad fhomhíre a tharraingt siar faoi réir fógra réasúnach a thabhairt don soláthraí.

5.  Ní chuirfidh an conradh idir an soláthraí agus na sealbhóirí cóipchirt nó ceart gaolmhar nó iad siúd a shealbhaíonn aon chearta eile in ábhar seirbhíse ábhair ar líne srian leis an bhféidearthacht do shealbhóirí ceart den sórt an t-údarú dá dtagraítear i mír 4 a tharraingt siar.

Airteagal 6

Inaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne arna soláthar gan airgead a íoc

1.  Maidir le seirbhís ábhair ar líne a sholáthraítear gan airgead a íoc, féadfaidh soláthraí na seirbhíse sin a chinneadh é a chur ar chumas na rannpháirtithe atá go sealadach i mBallstát rochtain a fháil ar an tseirbhís ábhair ar líne ar choinníoll go ndéanfaidh an soláthraí Ballstát cónaithe an rannpháirtí a fhíorú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.  Sula ndéanfaidh sé an tseirbhís ábhair ar líne a sholáthar, déanfaidh an soláthraí a rannpháirtithe, na sealbhóirí ábhartha cóipchirt agus ceart gaolmhar agus sealbhóirí ábhartha aon cheart eile in ábhar na seirbhíse ábhair ar líne, a chur ar aon eolas maidir lena chinneadh an tseirbhís sin a sholáthar i gcomhréir le mír 1. Déanfar an fhaisnéis sin a sholáthar trí mhodhanna atá leordhóthanach agus comhréireach.

3.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le soláthraithe a sholáthraíonn seirbhís ábhair ar líne i gcomhréir le mír 1.

Airteagal 7

Forálacha conarthacha

1.  Maidir le haon fhorálacha conarthacha, lena n-áirítear forálacha conarthacha idir soláthraithe seirbhísí ábhair ar líne agus sealbhóirí cóipchirt nó ceart gaolmhar nó iad siúd a shealbhaíonn aon chearta eile in ábhar seirbhísí ábhair ar líne, agus maidir leis na forálacha conarthacha idir soláthraithe den sórt sin agus a rannpháirtithe, nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, lena n-áirítear na forálacha conarthacha sin lena gcuirtear toirmeasc ar inaistritheacht trasteorann seirbhísí ábhair ar líne nó lena gcuirtear srian ar inaistritheacht den sórt sin go dtí tréimhse shonrach, beidh siad neamh-infheidhmithe.

2.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo beag beann ar an dlí is infheidhme maidir le conarthaí a thugtar i gcrích idir soláthraithe seirbhísí ábhair ar líne agus sealbhóirí cóipchirt nó ceart gaolmhar nó iad siúd a shealbhaíonn aon chearta eile in ábhar seirbhísí ábhair ar líne, agus beag beann ar an dlí is infheidhme maidir le conarthaí a thugtar i gcrích idir na soláthraithe sin agus a rannpháirtithe.

Airteagal 8

Sonraí pearsanta a chosaint

1.  Próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar faoi chreat an Rialacháin seo lena n-áirítear, go háirithe, próiseáil a dhéantar chun Ballstát cónaithe an rannpháirtí a fhíorú faoi Airteagal 5, déanfar i gcomhréir le Treoir 95/46/CE agus le Treoir 2002/58/CE í. Go háirithe, beidh úsáid na modhanna fíoraithe i gcomhréir le hAirteagal 5 agus aon phróiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán teoranta don mhéid is gá agus comhréireach chun an cuspóir ábhartha a bhaint amach.

2.  Úsáidfear sonraí arna mbailiú de bhun Airteagal 5 chun Ballstát cónaithe an rannpháirtí a fhíorú, agus chuige sin amháin. Ní dhéanfar iad a chur in iúl, a aistriú, a roinnt, a cheadúnú ná a tharchur ná a nochtadh ar shlí eile do shealbhóirí cóipchirt nó ceart gaolmhar ná dóibh siúd a shealbhaíonn aon chearta eile in ábhar seirbhísí ábhair ar líne, ná d’aon tríú páirtithe eile.

3.  Ní dhéanfaidh an soláthraí seirbhíse ábhair ar líne sonraí arna mbailiú de bhun Airteagal5 a stóráil ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá chun fíorú Bhallstát cónaithe an rannpháirtí de bhun Airteagal 5(1) nó (2) a chur i gcrích. Tar éis gach fíorú a chur i gcrích, déanfar na sonraí a scriosadh láithreach agus ar bhealach do-athraithe.

Airteagal 9

Feidhmiú maidir le conarthaí atá ann cheana agus cearta a fuarthas cheana

1.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le conarthaí a tugadh i gcrích agus le cearta a fuarthas roimh dháta a chur i bhfeidhm má tá siad ábhartha le soláthar seirbhíse ábhair ar líne, le rochtain uirthi agus lena húsáid i gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 6, tar éis an dáta sin.

2.   ►C1  Faoin 2 Meitheamh 2018 ◄ fíoróidh soláthraí seirbhíse ábhair ar líne arna soláthar ar íocaíocht airgid, i gcomhréir leis an Rialachán seo, Ballstát cónaithe na rannpháirtithe sin, a mbeidh conarthaí tugtha i gcrích acu chun an seirbhís ábhair ar líne a sholáthar roimh an dáta sin.

Laistigh de dhá mhí ón dáta a sholáthraíonn an soláthraí seirbhíse ábhair ar líne a soláthraíodh gan airgead a íoc an tseirbhís don chéad uair i gcomhréir le hAirteagal 6, fíoróidh an soláthraí, i gcomhréir leis an Rialachán seo, Ballstát cónaithe na rannpháirtithe sin a thug conarthaí i gcrích chun seirbhíse ábhair ar líne a sholáthar roimh an dáta sin.

Airteagal 10

Athbhreithniú

►C1  Faoin 2 Aibreán 2021 ◄ agus mar a éilítear ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo i bhfianaise na bhforbairtí dlíthiúla, teicniúla agus eacnamaíocha, agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoi.

Áireofar sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad mhír, inter alia, measúnú ar chur i bhfeidhm mhodhanna fíoraithe an Bhallstáit chónaithe dá dtagraítear in Airteagal 5, agus teicneolaíochtaí nuafhorbartha agus caighdeáin agus cleachtais tionsclaíochta á gcur san áireamh, agus, más gá, measfar inti an bhfuil gá le hathbhreithniú. Tabharfar aird ar leith sa tuarascáil ar thionchar an Rialacháin seo ar FBManna agus ar chosaint sonraí pearsanta. Gabhfaidh togra reachtach leis an tuarascáil ón gCoimisiún, más iomchuí.

Airteagal 11

Forálacha críochnaitheacha

1.  Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   ►C1  Beidh feidhm aige ón 1 Aibreán 2018. ◄

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.



( ) Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).