02017R0352 — GA — 28.05.2020 — 001.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2017/352 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Feabhra 2017

lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(IO L 057 3.3.2017, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2020/697 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 25 Bealtaine 2020

  L 165

7

27.5.2020




▼B

RIALACHÁN (AE) 2017/352 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Feabhra 2017

lena mbunaítear creat chun seirbhísí calafoirt a sholáthar agus rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais calafort

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)



CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.  Bunaítear an méid a leanas leis an Rialachán seo:

(a) 

creat maidir le seirbhísí calafoirt a sholáthar;

(b) 

rialacha comhchoiteanna maidir le trédhearcacht airgeadais agus maidir le muirir ar sheirbhísí calafoirt agus muirir ar bhonneagar calafoirt.

2.  Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le soláthar na gcatagóirí seo a leanas de sheirbhísí calafoirt (“seirbhísí calafoirt”), bídís laistigh de limistéar an chalafoirt nó ar an rochtain uiscebhealaí ar an gcalafort:

(a) 

buncaeireacht;

(b) 

láimhseáil lastais;

(c) 

múráil;

(d) 

seirbhísí paisinéirí;

(e) 

dramhaíl a ghintear ar bord loinge agus iarmhar lasta a bhailiú;

(f) 

píolótaíocht; agus

(g) 

tuáil.

3.  Tá feidhm ag Airteagal 11(2) freisin maidir le dreidireacht.

4.  Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le calafoirt mhuirí uile an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair, mar a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013.

5.  Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le calafoirt mhuirí an ghréasáin chuimsithigh atá suite sna réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I gcás ina gcinneann na Ballstáit gan an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le calafoirt mhuirí den sórt sin, cuirfidh siad cinneadh den sórt sin in iúl don Choimisiún.

6.  Féadfaidh na Ballstáit an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le calafoirt mhuirí eile freisin. I gcás ina gcinneann na Ballstáit an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le calafoirt mhuirí eile, cuirfidh siad a gcinneadh in iúl don Choimisiún.

7.  Tá an Rialachán seo gan dochar do Threoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) agus do Threoir 2014/24/AE ( 2 ) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus do Threoir 2014/25/AE.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

(1) 

ciallaíonn “buncaeireacht” breosla soladach, leachtach nó gásach nó aon fhoinse fuinnimh eile a sholáthar a úsáidtear chun an soitheach uisce-iompartha a thiomáint agus le haghaidh soláthar ginearálta agus sonrach fuinnimh ar bord an tsoithigh uisce-iompartha fad is atá sé calaithe i gcalafort;

(2) 

ciallaíonn “láimhseáil lastais” lastas a eagrú agus a láimhseáil idir an soitheach uisce-iompartha iomprach agus an cladach cibé chun críche allmhairiú, onnmhairiú nó idirthuras an lastais, lena n-áirítear próiseáil, ceangal, dícheangal, stuáil, iompar agus stóráil shealadach an lastais sa chríochfort ábhartha láimhseála lastais, agus eagrú agus láimhseáil a bhaineann go díreach le hiompar an lastais, ach ní áirítear, mura gcinnfidh na Ballstáit a mhalairt, trádstóráil, nochtadh, athphacáistiú nó aon seirbhísí breisluacha a bhaineann leis an lastas;

(3) 

ciallaíonn “údarás inniúil” aon chomhlacht poiblí nó príobháideach a bhfuil sé de theideal aige, thar ceann comhlachta ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta, gníomhaíochtaí a chur i gcrích faoin dlí náisiúnta nó faoi ionstraimí náisiúnta, ar gníomhaíochtaí iad a bhaineann le gníomhaíochtaí calafoirt a eagrú nó a riar, i gcomhar le comhlacht bainistíochta an chalafoirt nó ina ionad;

(4) 

ciallaíonn “dreidireacht” gaineamh, dríodar nó substaintí eile a bhaint ó ghrinneall rochtana uiscebhealaí ar an gcalafort, nó a bhaint laistigh de limistéar an chalafoirt a thagann faoi inniúlacht chomhlacht bainistíochta an chalafoirt, lena n-áirítear diúscairt na n-ábhar a baineadh, le go mbeidh soithí uisce-iompartha in ann rochtain a fháil ar an gcalafort; cuimsítear léi an bhaint tosaigh (dreidireacht chaipitiúil) agus an dreidireacht chothabhála araon a dhéantar chun rochtain ar an uiscebhealach a áirithiú i gcónaí, cé nach seirbhís calafoirt é atá á tairiscint don úsáideoir;

(5) 

ciallaíonn “comhlacht bainistíochta an chalafoirt” aon chomhlacht poiblí nó príobháideach a bhfuil sé mar chuspóir aige, nó a dtugtar an chumhacht dó, faoin dlí náisiúnta nó faoi ionstraimí náisiúnta, bonneagar an chalafoirt a riar agus a bhainistiú, ar an leibhéal áitiúil, agus ceann amháin nó níos mó de na cúraimí seo a leanas a dhéanamh sa chalafort lena mbaineann, bíodh sin i gcomhcheangal le gníomhaíochtaí eile nó ná bíodh: trácht an chalafoirt a chomhordú, trácht an chalafoirt a bhainistiú, gníomhaíochtaí na n-oibreoirí atá i láthair sa chalafort lena mbaineann a chomhordú, agus gníomhaíochtaí na n-oibreoirí atá i láthair sa chalafort lena mbaineann a rialú;

(6) 

ciallaíonn “múráil” na seirbhísí calaithe agus díchalaithe, lena n-áirítear bogadh cois cé, ar nithe iad is gá le haghaidh oibriú sábháilte soithigh uisce-iompartha sa chalafort nó sa rochtain uiscebhealaí ar an gcalafort;

(7) 

ciallaíonn “seirbhísí paisinéirí” paisinéirí, a gcuid bagáiste agus a gcuid feithiclí a eagrú agus a láimhseáil idir an soitheach uisce-iompartha iomprach agus an cladach, agus áirítear leis sin freisin próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta agus paisinéirí a iompar laistigh den chríochfort ábhartha paisinéirí;

(8) 

ciallaíonn “píolótaíocht” seirbhís treoraíochta soithigh uisce-iompartha ó phíolóta nó ó stáisiún píolótaíochta chun teacht isteach nó dul amach sábháilte an tsoithigh uisce-iompartha a áirithiú sa rochtain uiscebhealaí ar an gcalafort, nó loingseoireacht shábháilte laistigh den chalafort;

(9) 

ciallaíonn “muirear ar bhonneagar calafoirt” muirear a thoibheofar, chun tairbhe dírí nó indírí chomhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an údaráis inniúil, as bonneagar, saoráidí agus seirbhísí a úsáid, lena n-áirítear na huiscebhealaí a thugann rochtain ar an gcalafort lena mbaineann, chomh maith le rochtain ar phróiseáil na bpaisinéirí agus an lastais, ach lena n-eisiaitear rátaí agus muirir léasa talún a bhfuil éifeacht choibhéiseach acu;

(10) 

ciallaíonn “dramhaíl long-ghinte agus iarmhar lastais a bhailiú” dramhaíl long-ghinte agus iarmhar lastais arna nglacadh ag saoráid ar bith, atá seasta, ar snámh nó soghluaiste agus inar féidir glacadh le dramhaíl long-ghinte nó le hiarmhar lastais mar a shainítear iad i dTreoir 2000/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 );

(11) 

ciallaíonn “muirear ar sheirbhísí calafoirt” muirear a thoibheofar chun tairbhe sholáthraí na seirbhísí calafoirt agus a íocfaidh úsáideoirí na seirbhíse ábhartha;

(12) 

ciallaíonn “conradh seirbhíse calafoirt” comhaontú foirmiúil atá ceangailteach ó thaobh dlí nó gníomh a bhfuil éifeacht dhlíthiúil choibhéiseach aige idir soláthraí seirbhísí calafoirt agus comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó údarás inniúil a bhfuil mar ábhar aige seirbhís calafoirt amháin nó níos mó a sholáthar, gan dochar don bhealach a ndéantar soláthraithe seirbhísí calafoirt a ainmniú;

(13) 

ciallaíonn “soláthraí seirbhísí calafoirt” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn, ar luach saothair ceann amháin nó níos mó de chatagóirí seirbhísí calafoirt, nó ar mian leis iad a sholáthar;

(14) 

ciallaíonn “oibleagáid seirbhíse poiblí” ceanglas arna shainmhíniú nó arna chinneadh chun soláthar na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí leasa ghinearálta calafoirt sin a áirithiú nach nglacfadh oibreoir air féin, dá mbeadh sé ag féachaint dá leasanna tráchtála féin, nó nach nglacfadh sé air féin an oiread céanna nó faoi na coinníollacha céanna;

(15) 

ciallaíonn “loingseoireacht ghearrthurais” gluaiseacht lastais agus paisinéirí ar an bhfarraige idir calafoirt atá lonnaithe go geografach san Eoraip nó idir na calafoirt sin agus calafoirt atá lonnaithe i dtíortha lasmuigh den Eoraip a bhfuil imeallbhord acu leis na mara intíre ar an teorainn leis an Eoraip;

(16) 

ciallaíonn “calafort muirí” limistéar talún agus uisce atá comhdhéanta de bhonneagar agus de threalamh den chineál sin a cheadaíonn, go príomha, glacadh le soithí uisce-iompartha, iad a luchtú agus a dhíluchtú, earraí a stóráil, na hearraí sin a ghlacadh agus a sheachadadh agus paisinéirí, criú agus daoine eile a bhordáil agus a dhíbhordáil agus aon bhonneagar eile atá riachtanach d’oibreoirí iompair laistigh de limistéar an chalafoirt;

(17) 

ciallaíonn “tuáil” an chabhair arna tabhairt do shoitheach uisce-iompartha le tuga le gur féidir teacht isteach sa chalafort agus dul amach as go sábháilte nó loingseoireacht shábháilte a dhéanamh laistigh den chalafort trí chabhrú le hainliú an tsoithigh uisce-iompartha;

(18) 

ciallaíonn “rochtain uiscebhealaí” rochtain uisce ar an gcalafort ón bhfarraige oscailte, amhail ascnaimh chalafoirt, seolbhealaí, aibhneacha, canálacha mara agus fiordanna, ar choinníoll go dtagann an t-uiscebhealach sin faoi inniúlacht chomhlacht bainistíochta an chalafoirt.



CAIBIDIL II

SEIRBHÍSÍ CALAFOIRT A SHOLÁTHAR

Airteagal 3

Seirbhísí calafoirt a eagrú

1.  I gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfaidh rochtain ar an margadh chun seirbhísí calafoirt a sholáthar i gcalafoirt mhuirí a bheith faoi réir an méid a leanas:

(a) 

íoscheanglais maidir le seirbhísí calafoirt a sholáthar;

(b) 

teorannuithe ar líon na soláthraithe;

(c) 

oibleagáidí seirbhíse poiblí;

(d) 

srianta a bhaineann le hoibreoirí inmheánacha.

2.  Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh le dlí náisiúnta gan aon cheann de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 a fhorchur ar chatagóir amháin seirbhísí calafoirt nó níos mó.

3.  Maidir le téarmaí na rochtana ar shaoráidí, ar fhearais agus ar threalamh an chalafoirt, beidh siad cothrom, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach.

Airteagal 4

Na híoscheanglais maidir le seirbhísí calafoirt a sholáthar

1.  Féadfaidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, a cheangal ar sholáthraithe seirbhísí calafoirt, lena n-áirítear fochonraitheoirí, na híoscheanglais a chomhlíonadh chun an tseirbhís chalafoirt chomhfhreagrach a dhéanamh.

2.  Ní fhéadfaidh na híoscheanglais dá bhforáiltear i mír 1 a bheith bainteach ach leis an méid seo a leanas:

(a) 

cáilíochtaí gairmiúla an tsoláthraí seirbhísí calafoirt, a phearsanra nó na daoine nádúrtha a bhainistíonn gníomhaíochtaí an tsoláthraí seirbhísí calafoirt iarbhír agus go leanúnach;

(b) 

cumas airgeadais an tsoláthraí seirbhísí calafoirt;

(c) 

an trealamh is gá chun an tseirbhís ábhartha chalafoirt a sholáthar faoi ghnáthdhálaí agus dálaí sábháilte agus an cumas an trealamh sin a chothabháil ar an leibhéal a theastaíonn;

(d) 

infhaighteacht na seirbhíse calafoirt ábhartha do gach úsáideoir, ag gach uile beart agus gan bhriseadh, de ló is d’oíche, ar feadh na bliana ar fad;

(e) 

comhlíonadh ceanglas maidir le sábháilteacht mhuirí nó sábháilteacht agus slándáil an chalafoirt nó na rochtana air, na bhfearas, an trealaimh agus na n-oibrithe agus na ndaoine eile;

(f) 

comhlíonadh ceanglas comhshaoil ar leibhéal áitiúil, náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus go hidirnáisiúnta;

(g) 

comhlíonadh na n-oibleagáidí i réimse an dlí shóisialta agus saothair is infheidhme sa Bhallstát ina bhfuil an calafort lena mbaineann, lena n-áirítear téarmaí na gcomhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme, téarmaí na gceanglas foireannaithe agus téarmaí na gceanglas a bhaineann le huaireanta oibre agus uaireanta scíthe le haghaidh maraithe, agus comhlíonadh na rialacha is infheidhme maidir le cigireachtaí saothair;

(h) 

dea-cháil an tsoláthraí seirbhíse calafoirt, mar a chinntear é i gcomhréir le haon dlí náisiúnta is infheidhme maidir le dea-cháil, agus aird á tabhairt ar aon fhorais thathantacha atá ann chun a bheith in amhras i dtaobh iontaofacht an tsoláthraí seirbhísí calafoirt.

3.  Gan dochar do mhír 4, i gcás ina measann Ballstát gur gá ceanglas brataí a fhorchur lena áirithiú go gcomhlíontar go hiomlán pointe (g) de mhír 2 le haghaidh soithí uisce-iompartha a úsáidtear go príomha le haghaidh oibríochtaí tuála nó múrála i gcalafoirt atá lonnaithe ar a chríoch, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoina chinneadh roimh fhoilsiú an fhógra conartha nó, in éagmais fógra conartha, sula bhforchuirfear ceanglas brataí.

4.  Maidir leis na híoscheanglais:

(a) 

beidh siad trédhearcach, oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach, comhréireach, agus ábhartha maidir le catagóir agus cineál na seirbhíse calafoirt lena mbaineann;

(b) 

comhlíonfar iad go dtí go mbeidh an ceart chun seirbhís calafoirt a sholáthar imithe in éag.

5.  I gcás ina n-áirítear sna híoscheanglais eolas sonrach ar dhálaí áitiúla, áiritheoidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, go bhfuil rochtain leordhóthanach ar fhaisnéis ann, faoi choinníollacha a bheidh trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach.

6.  Sna cásanna dá bhforáiltear i mír 1, foilseoidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, na híoscheanglais dá dtagraítear i mír 2 agus an nós imeachta maidir leis an gceart a thabhairt seirbhísí calafoirt a sholáthar faoi na ceanglais sin faoin 24 Márta 2019 nó, i gcás íoscheanglas a bhfuil feidhm le bheith acu tar éis an dáta sin, foilseofar iad trí mhí ar a laghad roimh an dáta óna bhfuil feidhm le bheith ag na ceanglais sin. Cuirfidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, soláthraithe seirbhísí calafoirt ar an eolas roimh ré maidir le haon athrú ar na critéir agus ar an nós imeachta.

7.  Tá feidhm ag an Airteagal seo gan dochar d’Airteagal 7.

Airteagal 5

An nós imeachta chun comhlíonadh na n-íoscheanglas a áirithiú

1.  Caithfidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, le soláthraithe seirbhísí calafoirt ar bhealach trédhearcach, oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach.

2.  Déanfaidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, an ceart seirbhísí calafoirt a sholáthar ar bhonn na n-íoscheanglas a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 4 a thabhairt nó a dhiúltú laistigh de thréimhse réasúnta, nach mbeidh i gcás ar bith níos faide ná ceithre mhí tar éis iarraidh a fháil go ndeonófaí ceart den sórt sin agus na doiciméid riachtanacha.

3.  Aon diúltú den sórt sin, ag comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó ag an údarás inniúil, beidh bonn cirt cuí ina leith, ar bhonn na n-íoscheanglas a leagtar amach in Airteagal 4(2).

4.  Má dhéanann comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, aon teorannú ar an gceart chun seirbhís calafoirt a sholáthar, nó má dhéanann sé an ceart sin a fhoirceannadh, beidh bonn cirt cuí leis an méid sin agus beidh an méid sin i gcomhréir le mír 1.

Airteagal 6

Teorannuithe ar líon na soláthraithe seirbhísí calafoirt

1.  Féadfaidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, líon na soláthraithe seirbhísí calafoirt a theorannú i gcás seirbhís calafoirt faoi leith ar cheann amháin nó níos mó de na cúiseanna seo a leanas:

(a) 

go bhfuil ganntanas talún nó spáis cois uisce ann nó go bhfuil a n-úsáid forchoimeádta, ar choinníoll go bhfuil an teorannú sin i gcomhréir le cinntí nó pleananna a shocraigh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, agus, i gcás inarb iomchuí, a shocraigh aon údaráis phoiblí eile is inniúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(b) 

mura ndéantar teorannú den sórt sin, cuirtear bac ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí dá bhforáiltear in Airteagal 7, lena n-áirítear nuair a chruthaíonn an easpa teorannaithe sin costais as cuimse, a bhaineann le comhlíonadh oibleagáidí den sórt sin, do chomhlacht bainistíochta an chalafoirt, don údarás inniúil, nó d’úsáideoirí an chalafoirt;

(c) 

mura ndéantar teorannú den sórt sin, tagann an méid sin salach ar an ngá atá ann oibríochtaí calafoirt slána, daingne agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a áirithiú;

(d) 

de bharr shaintréithe bhonneagar an chalafoirt nó chineál thrácht an chalafoirt, ní bheadh oibríochtaí ag líon mór soláthraithe seirbhísí calafoirt indéanta sa chalafort;

(e) 

i gcás ina mbeidh sé suite de bhun Airteagal 35 de Threoir 2014/25/AE go bhfuil gníomhaíocht atá go díreach gan chosaint i gcoinne an iomaíochais á déanamh ag earnáil calafoirt nó ag fo-earnáil calafoirt, in éineacht lena seirbhísí calafoirt, laistigh de Bhallstát i gcomhréir le hAirteagal 34 den Treoir sin. I gcásanna den sórt sin, ní bheidh feidhm ag mír 2 ná ag mír 3 den Airteagal seo.

2.  D’fhonn an deis a thabhairt do pháirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt laistigh de thréimhse réasúnta, foilseoidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, aon togra chun líon na soláthraithe seirbhísí calafoirt a theorannú i gcomhréir le mír 1, chomh maith le forais a thugann bonn cirt dó sin, ar a laghad trí mhí roimh ghlacadh an chinnidh maidir le líon na soláthraithe seirbhísí calafoirt a theorannú.

3.  Foilseoidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, an cinneadh a ghlacfar maidir le líon na soláthraithe seirbhísí calafoirt a theorannú.

4.  I gcás ina gcinneann comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, líon na soláthraithe seirbhísí calafoirt a theorannú, leanfaidh sé nós imeachta roghnúcháin a bheidh ar oscailt do na páirtithe leasmhara ar fad agus a bheidh neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach. Foilseoidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, faisnéis maidir leis an tseirbhís calafoirt a bheidh le soláthar agus maidir leis an nós imeachta roghnúcháin, agus áiritheoidh sé go mbeidh an fhaisnéis bhunriachtanach ar fad is gá chun ullmhú dá n-iarratais ar fáil do na páirtithe leasmhara go léir ar bhealach éifeachtach. Tabharfar go leor ama do pháirtithe leasmhara le gur féidir leo measúnú fóinteach a dhéanamh agus le gur féidir leo a n-iarratais a ullmhú. I ngnáthchúinsí, beidh tréimhse 30 lá ar a laghad i gceist leis an tréimhse sin.

5.  Ní bheidh feidhm ag mír 4 maidir leis na cásanna dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1 agus i mír 7 den Airteagal seo agus in Airteagal 8.

6.  I gcás ina soláthraíonn an comhlacht bainistíochta de chuid calafoirt, nó an t-údarás inniúil, seirbhísí calafoirt é féin nó trí eintiteas atá leithleach go dlíthiúil a rialaíonn sé go díreach nó go hindíreach, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann na bearta sin is gá chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint. Ceal bearta den sórt sin, ní lú ná dhá cheann de sholáthraithe a bheidh ann, ach amháin má tá bonn cirt le líon na soláthraithe seirbhísí calafoirt a theorannú don aon soláthraí amháin de bharr ceann amháin nó níos mó de na cúiseanna a liostaítear i mír 1.

7.  Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go bhféadfaidh a gcuid calafort den ghréasán cuimsitheach, nach gcomhlíonann na critéir i bpointe (b) d’Airteagal 20(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013, líon na soláthraithe seirbhíse i gcomhair seirbhíse calafoirt ar leith a theorannú. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi chinneadh den sórt sin.

Airteagal 7

Oibleagáidí seirbhíse poiblí

1.  Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh oibleagáidí seirbhíse poiblí a fhorchur ar sholáthraithe seirbhísí calafoirt, ar oibleagáidí iad a bhaineann le seirbhísí calafoirt, agus féadfaidh siad an ceart oibleagáidí den sórt sin a fhorchur a chur de chúram ar chomhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó ar an údarás inniúil, d’fhonn ceann amháin ar a laghad den mhéid a leanas a áirithiú:

(a) 

infhaighteacht na seirbhíse calafoirt do gach úsáideoir calafoirt, ag gach uile beart, gan bhriseadh, de ló is d’oíche, ar feadh na bliana ar fad;

(b) 

infhaighteacht na seirbhíse do gach úsáideoir ar théarmaí comhionanna;

(c) 

inacmhainneacht na seirbhíse do chatagóirí áirithe úsáideoirí;

(d) 

sábháilteacht nó slándáil na n-oibríochtaí calafoirt nó a n-inbhuanaitheacht ó thaobh an chomhshaoil de;

(e) 

soláthar seirbhísí leordhóthanacha iompair don phobal; agus

(f) 

comhtháthú críochach.

2.  Maidir leis na hoibleagáidí seirbhíse poiblí dá dtagraítear i mír, saineofar iad go soiléir agus beidh siad trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus infhíoraithe, agus tabharfar ráthaíocht leo maidir le comhionannas rochtana do gach soláthraí seirbhísí calafoirt atá bunaithe san Aontas.

3.  I gcás ina gcinneann Ballstát oibleagáidí seirbhíse poiblí a fhorchur don tseirbhís chéanna sna calafoirt mhuirí uile dá chuid a chumhdaítear leis an Rialachán seo, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi na hoibleagáidí sin.

4.  I gcás briseadh i seirbhísí calafoirt dá bhforchuirtear oibleagáidí seirbhíse poiblí nó i gcás ina mbíonn riosca láithreach maidir le cás den sórt sin, féadfaidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, beart éigeandála a dhéanamh. D’fhéadfadh sé gur deonú díreach a bheadh i gceist leis an mbeart éigeandála le go sannfaí an tseirbhís do sholáthraí eile ar feadh tréimhse nach faide ná dhá bhliain. Le linn na tréimhse ama sin, seolfaidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, nós imeachta nua chun soláthraí seirbhísí calafoirt a roghnú nó cuirfidh sé Airteagal 8 i bhfeidhm. Ní mheasfar gur briseadh ar sheirbhísí calafoirt í gníomhaíocht thionsclaíoch chomhchoiteann a dhéantar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus a bhféadfar beart éigeandála a dhéanamh ina leith.

Airteagal 8

Oibreoir inmheánach

1.  Gan dochar d’Airteagal 6(6), féadfaidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, a chinneadh seirbhís chalafoirt a sholáthar é féin nó déanamh amhlaidh trí eintiteas atá leithleach go dlíthiúil a fheidhmíonn méid rialaithe is comhchosúil leis an rialú a dhéanann sé ar a ranna féin, ar choinníoll go mbeidh feidhm ag Airteagal 4 go cothrom maidir leis na hoibreoirí uile a sholáthraíonn an tseirbhís calafoirt lena mbaineann. I gcás den sórt sin, measfar gur oibreoir inmheánach é soláthraí na seirbhísí calafoirt chun críche an Rialacháin seo.

2.  Measfar nach bhfuil comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, ag feidhmiú méid rialaithe ar eintitis atá leithleach go dlíthiúil atá comhchosúil leis an rialú atá aige ar a ranna féin ach amháin má bhíonn tionchar cinntitheach aige ar chuspóirí straitéiseacha agus ar chinntí suntasacha an eintitis dhlíthiúil lena mbaineann araon.

3.  Sna cásanna dá bhforáiltear i bpointe (a) go pointe (d) d’Airteagal 6(1), beidh teorainn ar an oibreoir inmheánach gan an tseirbhís chalafoirt atá sannta dó a dhéanamh ach amháin sa chalafort nó sna calafoirt a sannadh dó i dtaca leis an tseirbhís chalafoirt a sholáthar.

Airteagal 9

Cearta fostaithe a chosaint

1.  Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm rialacha sóisialta agus saothair na mBallstát.

2.  Gan dochar do dhlí an Aontais agus don dlí náisiúnta, lena n-áirítear comhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme idir na comhpháirtithe sóisialta, ceanglóidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, ar an soláthraí ainmnithe seirbhísí calafoirt dálaí oibre a thabhairt don fhoireann i gcomhréir leis na hoibleagáidí is infheidhme i réimse an dlí shóisialta agus dhlí an tsaothair agus ceanglóidh sé na caighdeáin shóisialta a chomhlíonadh mar a leagtar amach iad i ndlí an Aontais, sa dlí náisiúnta nó i gcomhaontuithe comhchoiteanna.

3.  I gcás athrú soláthraí seirbhíse calafoirt a dhéantar mar thoradh ar chonradh lamháltais nó poiblí a thabhairt, féadfaidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, a cheangal go ndéanfar cearta agus oibleagáidí an tsoláthraí seirbhíse calafoirt a bhí ann go dtí sin a aistriú chuig an soláthraí seirbhíse calafoirt nuacheaptha, ar cearta agus oibleagáidí iad a d’eascair as conradh fostaíochta, nó as caidreamh fostaíochta, mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta agus arbh ann dóibh ar dháta an athraithe sin. I gcás den sórt sin, tabharfar na cearta céanna do na baill foirne a d’earcaigh an soláthraí seirbhísí calafoirt a bhí ann go dtí sin arbh ionann na cearta sin agus iad siúd a mbeadh teidlíocht ina leith ag na baill foirne dá mbeadh aistriú gnóthais déanta de réir bhrí Threoir 2001/23/CE.

4.  Sa chás go ndéantar ball foirne a aistriú, i gcomhthéacs seirbhísí calafoirt a sholáthar, beidh liosta de na baill foirne lena mbaineann sna doiciméid tairisceana agus sna conarthaí seirbhísí calafoirt agus tabharfar sonraí trédhearcacha iontu maidir le cearta conarthacha na mball foirne agus na dálaí faoina meastar fostaithe a bheith nasctha leis na seirbhísí calafoirt.

Airteagal 10

Díolúintí

1.  Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo ná ag Airteagal 21 maidir le láimhseáil lastais, seirbhísí paisinéara nó píolótaíocht.

2.  Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh an Chaibidil seo agus Airteagal 21 a chur i bhfeidhm maidir le píolótaíocht. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi chinneadh den sórt sin.



CAIBIDIL III

TRÉDHEARCACHT AIRGEADAIS AGUS UATHRIAIL

Airteagal 11

Trédhearcacht caidrimh airgeadais

1.  Maidir leis an gcaidreamh airgeadais idir údaráis phoiblí agus comhlacht bainistíochta de chuid calafoirt, nó eintiteas eile a sholáthraíonn seirbhísí calafoirt ar a shon agus a fhaigheann cistí poiblí, léireofar an caidreamh sin ar bhealach trédhearcach sa chóras cuntasaíochta le go mbeidh an méid seo a leanas soiléir:

(a) 

na cistí poiblí arna gcur ar fáil go díreach ag údaráis phoiblí do chomhlachtaí bainistíochta an chalafoirt lena mbaineann;

(b) 

na cistí poiblí arna gcur ar fáil ag údaráis phoiblí trí idirghabhálaí gnóthas poiblí nó institiúidí poiblí airgeadais; agus

(c) 

an úsáid dár sannadh na cistí poiblí sin.

2.  I gcás ina gcuireann comhlacht bainistíochta calafoirt a fhaigheann cistí poiblí seirbhísí calafoirt nó an dreidireacht féin ar fáil, nó ina gcuireann eintiteas eile na seirbhísí sin ar fáil ar a shon, coimeádfaidh sé na cuntais don tseirbhís calafoirt sin nó don dreidireacht sin a fuair airgead poiblí ar leithligh ó na cinn le haghaidh gníomhaíochtaí eile sa chaoi is:

(a) 

go sannfar nó go leithdháilfear i gceart na costais agus an t-ioncam ar fad ar bhonn phrionsabail na cuntasaíochta costála arna gcur i bhfeidhm go comhsheasmhach agus ar bhealach a bhfuil bonn cirt hoibiachtúil leis; agus

(b) 

go suífear go soiléir na prionsabail costchuntasaíochta a gcoinnítear cuntais ar leithligh dá réir.

3.  Áireofar sna cistí poiblí dá dtagraítear i mír 1 cistí scairchaipitil agus cuasachaipitiúla, deontais neamh-in-aisíoctha, deontais nach bhfuil in-aisíoctha ach i gcúinsí áirithe, iasachtaí lena n-áirítear rótharraingtí agus airleacain i leith instealltaí caipitil, ráthaíochtaí arna dtabhairt do chomhlacht bainistíochta an chalafoirt ag údaráis phoiblí, agus aon chineál tacaíochta airgeadais poiblí eile.

4.  Coinneoidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó eintiteas eile a sholáthraíonn seirbhísí calafoirt ar a shon, an fhaisnéis maidir leis an gcaidreamh airgeadais dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 ar feadh cúig bliana ó dheireadh na bliana fioscaí dá dtagraítear san fhaisnéis.

5.  Cuirfidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó eintiteas eile a sholáthraíonn seirbhísí calafoirt ar a shon, ar fáil don údarás ábhartha sa Bhallstát lena mbaineann, i gcás ina gcuirtear isteach gearán foirmiúil agus arna iarraidh sin dó, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 agus aon fhaisnéis bhreise a mheasann sé a bhfuil gá léi chun measúnú críochnúil a dhéanamh ar na sonraí arna gcur isteach agus chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo i gcomhréir leis na rialacha iomaíochta. Cuirfidh na t-údarás ábhartha faisnéis den chineál sin ar fáil don Choimisiún arna iarraidh sin dó. Seolfar an fhaisnéis laistigh de thrí mhí ó dháta na hiarrata.

6.  Maidir le comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó eintiteas eile a sholáthraíonn seirbhísí calafoirt ar a shon, i gcás nach bhfuair sé cistí poiblí i mblianta cuntasaíochta roimhe sin ach go dtosaíonn sé ag baint tairbhe as cistí poiblí, cuirfidh sé mír 1 agus mír 2 i bhfeidhm ón mbliain chuntasaíochta a leanann aistriú na gcistí poiblí.

7.  I gcás ina n-íoctar cistí poiblí mar chúiteamh ar oibleagáid seirbhíse poiblí, taispeánfar ar leithligh iad sna cuntais ábhartha agus ní fhéadfar iad a aistriú chuig aon seirbhís nó gníomhaíocht ghnó eile.

8.  Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach mbeidh feidhm ag mír 2 den Airteagal seo maidir lena gcuid calafort atá sa ghréasán cuimsitheach ar calafoirt iad nach gcomhlíonann na critéir a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 20(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 i gcás inarb é an toradh air sin ná ualaigh dhíréireacha riaracháin, ar choinníoll go leanfaidh aon chistí poiblí a fuarthas mar aon leis an úsáid a baineadh astu chun seirbhísí calafoirt a sholáthar de bheith iomlán trédhearcach sa chóras cuntasaíochta. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas roimh ré faoi chinneadh den sórt sin.

Airteagal 12

Muirir ar sheirbhísí calafoirt

1.  Leagfar síos ar bhealach trédhearcach, oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach na muirir ar sheirbhísí arna soláthar ag oibreoir inmheánach faoi oibleagáid seirbhíse poiblí, na muirir i leith seirbhísí píolótaíochta nach bhfuil neamhchosanta ar iomaíocht éifeachtach agus na muirir arna dtobhach ag soláthraithe seirbhísí calafoirt, dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 6(1), agus beidh na muirir sin comhréireach leis an gcostas a bhaineann leis an tseirbhís a sholáthraítear.

2.  Féadfar íocaíocht na muirear ar sheirbhísí calafoirt a chomhtháthú in íocaíochtaí eile, amhail íocaíocht na muirear ar bhonneagar calafoirt. I gcás den sórt sin, áiritheoidh soláthraí na seirbhísí calafoirt agus, más iomchuí, comhlacht bainistíochta an chalafoirt go leanfaidh úsáideoir na seirbhíse calafoirt de bheith in ann méid an mhuirir ar sheirbhísí calafoirt a shainaithint go héasca.

3.  Cuirfidh soláthraí na seirbhísí calafoirt ar fáil don údarás ábhartha sa Bhallstát lena mbaineann, i gcás ina gcuirtear isteach gearán foirmiúil agus arna iarraidh sin dó, aon fhaisnéis ábhartha maidir leis na gnéithe atá mar bhonn le struchtúr agus leibhéal na muirear ar sheirbhísí calafoirt a thagann faoi mhír 1 a chinneadh.

Airteagal 13

Muirir ar bhonneagar calafoirt

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go dtoibheofar muirear ar bhonneagar calafoirt. Ní chuirfidh sé sin bac ar sholáthraithe seirbhísí calafoirt a úsáideann an bonneagar calafoirt muirir ar sheirbhísí calafoirt a thobhach.

2.  Féadfar íocaíocht na muirear ar bhonneagar calafoirt a chomhtháthú in íocaíochtaí eile, amhail íocaíocht na muirear ar sheirbhísí calafoirt. I gcás den sórt sin, áiritheoidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt go leanfaidh úsáideoir an bhonneagair chalafoirt de bheith in ann méid an mhuirir ar bhonneagar calafoirt a shainaithint go héasca.

3.  Chun cur le córas éifeachtúil muirearaithe ar bhonneagar, cinnfear struchtúr agus leibhéal na muirear ar sheirbhísí calafoirt de réir straitéis tráchtála agus pleananna infheistíochta an chalafoirt féin, agus comhlíonfar na rialacha iomaíochta. I gcás inarb ábhartha, urramófar leis na muirir sin freisin na ceanglais ghinearálta a leagtar síos laistigh de chreat beartais ghinearálta chalafort de chuid an Bhallstáit lena mbaineann.

4.  Gan dochar do mhír 3, is féidir éagsúlacht a bheith idir muirir ar bhonneagar calafoirt i gcomhréir le straitéis eacnamaíoch an chalafoirt féin agus lena bheartas pleanála spásúla, a bhaineann, inter alia, le catagóirí áirithe úsáideoirí, nó chun úsáid níos éifeachtúla an bhonneagair chalafoirt, na loingseoireachta gearrthurais nó feidhmíocht ard chomhshaoil, éifeachtúlacht fuinnimh nó éifeachtúlacht carbóin oibríochtaí iompair a chur chun cinn. Beidh na critéir le haghaidh éagsúlacht den sórt sin trédhearcach, oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach, agus beidh siad comhsheasmhach le dlí na hiomaíochta, lena n-áirítear rialacha maidir le Státchabhair. Féadfar costais sheachtracha a chur san áireamh le muirear ar bhonneagar agus féadfar iad a éagsúlú ag brath ar chleachtais tráchtála.

5.  Áiritheoidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, go gcuirfear úsáideoirí calafoirt agus ionadaithe nó comhlachais úsáideoirí calafoirt ar an eolas maidir le cineál agus leibhéal na muirear ar bhonneagar calafoirt. Áiritheoidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt, nó an t-údarás inniúil, go gcuirfear úsáideoirí an bhonneagair chalafoirt ar an eolas dhá mhí roimh an dáta a thiocfaidh na hathruithe sin i bhfeidhm ar a laghad maidir le haon athruithe a dhéantar ar chineál nó ar leibhéal na muirear ar an mbonneagar calafoirt. Ní cheanglófar ar chomhlacht bainistíochta an chalafoirt, ná ar an údarás inniúil difreálacha sna muirir a nochtadh atá mar thoradh ar chaibidlíocht ar leith.

6.  Cuirfidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt ar fáil d’údarás ábhartha an Bhallstáit lena mbaineann, i gcás ina gcuirtear isteach gearán foirmiúil agus arna iarraidh sin dó, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5, agus aon fhaisnéis atá ábhartha maidir leis na gnéithe atá mar bhonn le struchtúr agus leibhéal na muirear ar bhonneagar calafoirt a chinneadh. Cuirfidh an t-údarás sin an fhaisnéis ar fáil don Choimisiún arna iarraidh sin dó.



CAIBIDIL IV

FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 14

Oiliúint a chur ar na foirne

Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí calafoirt go gcuirfear an oiliúint is gá ar na fostaithe ionas go n-insealbhóidh siad an t-eolas atá riachtanach dá gcuid oibre, agus leagfar béim ar leith ar ghnéithe sláinte agus sábháilteachta, agus áiritheoidh siad go ndéanfar na ceanglais oiliúna a thabhairt cothrom le dáta go rialta chun go dtabharfar aghaidh ar na dúshláin a bhaineann leis an nuálaíocht theicneolaíoch.

Airteagal 15

Dul i gcomhairle le húsáideoirí calafort agus le geallsealbhóirí eile

1.  Rachaidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt i mbun comhairle le húsáideoirí an chalafoirt maidir lena bheartas muirearaithe, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, lena n-áirítear i gcásanna a chumhdaítear le hAirteagal 8. Áireofar i gcomhairliúchán den sórt sin aon athruithe bunúsacha ar na muirir ar bhonneagar calafoirt agus ar na muirir ar sheirbhísí calafoirt i gcásanna ina soláthraíonn oibreoirí inmheánacha seirbhísí calafoirt faoi oibleagáidí seirbhíse poiblí.

2.  Rachaidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt i mbun comhairle le húsáideoirí an chalafoirt agus le geallsealbhóirí ábhartha eile, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, maidir le hábhair bhunriachtanacha a thagann faoina inniúlacht maidir leis an méid a leanas:

(a) 

comhordú na seirbhísí calafoirt laistigh de limistéar an chalafoirt;

(b) 

bearta chun na naisc leis an gcúlchríoch a fheabhsú, lena n-áirítear bearta chun éifeachtúlacht an iompair d’iarnród agus d’uiscebhealaí inmheánacha a fhorbairt agus a fheabhsú;

(c) 

éifeachtúlacht na nósanna imeachta riaracháin sa chalafort agus bearta chun iad a shimpliú;

(d) 

ábhair chomhshaoil;

(e) 

pleanáil spásúil; agus

(f) 

bearta chun sábháilteacht a áirithiú i limistéar an chalafoirt, lena n-airítear, i gcás inarb iomchuí, sláinte agus sábháilteacht oibrithe calafoirt.

3.  Cuirfidh soláthraithe seirbhísí calafoirt faisnéis leordhóthanach ar fáil d’úsáideoirí an chalafoirt faoi chineál agus leibhéal na muirear ar sheirbhísí calafoirt.

4.  Urramóidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt agus soláthraithe seirbhísí calafoirt rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus a gcuid oibleagáidí faoin Airteagal seo á gcur i gcrích acu.

Airteagal 16

Gearáin a láimhseáil

1.  Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh nós imeachta éifeachtach ann dá chalafoirt mhuirí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ar nós imeachta é chun gearáin a eascraíonn as cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a láimhseáil.

2.  Déanfar na gearáin a láimhseáil ar bhealach a sheachnóidh coinbhleachtaí leasa agus a bheidh neamhspleách go feidhmiúil ar aon chomhlacht bainistíochta den chalafort nó ar sholáthraithe seirbhísí calafoirt. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar deighilt fheidhmiúil idir na gearáin a láimhseáil, ar thaobh amháin, agus úinéireacht agus bainistíocht na gcalafort, soláthar seirbhísí calafoirt, agus úsáid na gcalafort, ar an taobh eile. Láimhseálfar gearáin ar bhealach neamhchlaonta agus trédhearcach, agus urramófar go cuí an ceart gnó a dhéanamh go neamhshrianta.

3.  Déanfar gearáin a thaisceadh sa Bhallstát ina bhfuil an calafort a dtoimhdítear gurbh ann a thosaigh an díospóid. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear úsáideoirí calafoirt agus geallsealbhóirí ábhartha eile ar an eolas maidir leis an áit ina bhféadfaidís gearán a dhéanamh agus maidir leis an gcaoi a d’fhéadfaidís é a dhéanamh, agus maidir le cé hiad na húdaráis atá freagrach as gearáin a láimhseáil.

4.  Comhoibreoidh na húdaráis atá freagrach as gearáin a láimhseáil, i gcás inarb iomchuí, chun cúnamh frithpháirteach a sholáthar i ndíospóidí lena mbaineann páirtithe atá bunaithe i mBallstáit éagsúla.

5.  Beidh sé de chumhacht ag na húdaráis atá freagrach as gearáin a láimhseáil, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a cheangal ar chomhlachtaí bainistíochta na gcalafort, ar sholáthraithe seirbhísí calafoirt agus ar úsáideoirí calafoirt faisnéis atá ábhartha do ghearán a chur ar fáil dóibh.

6.  Beidh sé de chumhacht ag na húdaráis atá freagrach as gearáin a láimhseáil, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, cinntí a ghlacadh ag a mbeidh éifeacht cheangailteach, faoi réir athbhreithniú breithiúnach, i gcás inarb infheidhme.

7.  Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir leis an nós imeachta chun gearáin a láimhseáil agus maidir leis na húdaráis dá dtagraítear i mír 3 faoin 24 Márta 2019 agus cuirfidh siad ar an eolas é freisin maidir le haon athrú a dhéanfar, ina dhiaidh sin, ar an bhfaisnéis sin. Déanfaidh an Coimisiún faisnéis den sórt sin a fhoilsiú agus a nuashonrú go rialta ar a láithreán gréasáin.

8.  Déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, faisnéis ghinearálta a mhalartú maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo. Tacóidh an Coimisiún le comhar den sórt sin.

Airteagal 17

Údaráis ábhartha

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear úsáideoirí calafoirt agus geallsealbhóirí ábhartha eile ar an eolas maidir leis na húdaráis ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 11(5), in Airteagal 12(3) agus in Airteagal 13(6). Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas freisin maidir leis na húdaráis sin faoin 24 Márta 2019 agus cuirfidh siad ar an eolas é freisin maidir le haon athrú a dhéanfar, ina dhiaidh sin, ar an bhfaisnéis sin. Déanfaidh an Coimisiún faisnéis den sórt sin a fhoilsiú agus a nuashonrú go rialta ar a láithreán gréasáin.

Airteagal 18

Achomhairc

1.  Beidh an ceart ag aon pháirtí ag a mbeidh leas dlisteanach achomharc a dhéanamh in aghaidh cinntí nó bearta aonair arna ndéanamh faoin Rialachán seo ag comhlacht bainistíochta an chalafoirt, ag an údarás inniúil, nó ag aon údarás náisiúnta ábhartha eile. Beidh comhlachtaí achomhairc neamhspleách ar na páirtithe lena mbaineann agus féadfaidh sé gur cúirteanna a bheidh iontu.

2.  I gcás nach bhfuil an comhlacht achomhairc dá dtagraítear i mír 1 de chineál breithiúnach, tabharfaidh sé fáthanna i scríbhinn lena chinntí. Beidh a chinntí faoi réir athbhreithnithe ag cúirt náisiúnta freisin.

Airteagal 19

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis a bheidh infheidhme i leith sáruithe ar an Rialachán seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na bearta sin don Choimisiún faoin 24 Márta 2019 agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh lena ndéanfar difear dóibh.

Airteagal 20

Tuarascáil

Cuirfidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 24 Márta 2023, tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le feidhmiú agus éifeacht an Rialacháin seo.

Cuirfear san áireamh sa tuarascáil aon dul chun cinn a rinneadh faoi chreat Choiste AE le haghaidh Idirphlé Sóisialta in Earnáil na gCalafort.

Airteagal 21

Bearta idirthréimhseacha

1.  Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le conarthaí seirbhíse calafoirt a tugadh i gcrích roimh an 15 Feabhra 2017 agus atá teorannaithe ó thaobh ama de.

2.  Maidir le conarthaí seirbhíse calafoirt a tugadh i gcrích roimh an 15 Feabhra 2017 atá teorannaithe ó thaobh ama de, nó a bhfuil éifeachtaí comhchosúla acu, leasófar iad chun go gcomhlíonfaidh siad an Rialachán seo faoin 1 Iúil 2025.

▼M1

3.  D’ainneoin Airteagal 13(1), (3) agus (4), féadfaidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt nó an t-údarás inniúil a chinneadh íocaíocht na muirear ar bhonneagar calafoirt atá dlite don tréimhse ón1 Márta 2020 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2020 a tharscaoileadh, a chur ar fionraí, a laghdú nó a iarchur. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go n-urramóidh cinntí den sórt sin na ceanglais a leagtar chun na críche sin sa dlí náisiúnta. Déanfar tarscaoileadh, fionraíocht, laghdú nó iarchur íocaíochtaí na muirear ar bhonneagar calafoirt, a dheonú ar bhealach trédhearcach, oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach.

Áiritheoidh comhlacht bainistíochta an chalafoirt nó an t-údarás inniúil, go gcuirfear úsáideoirí calafoirt agus ionadaithe nó comhlachais na n-úsáideoirí calafoirt ar an eolas dá réir sin. Ní bheidh feidhm ag an teorainn ama dhá mhí dá dtagraítear in Airteagal 13(5).

▼B

Airteagal 22

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige amhail ón 24 Márta 2019.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.



( 1 ) Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1).

( 2 ) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

( 3 ) Treoir 2000/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2000 maidir le saoráidí glactha calafoirt don dramhaíl a ghintear ar bord loinge agus d’iarmhar lasta (IO L 332, 28.12.2000, lch. 81).