02016R1139 — GA — 01.12.2020 — 004.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2016/1139 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 6 Iúil 2016

lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle

(IO L 191 15.7.2016, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2018/976 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 4 Iúil 2018

  L 179

76

16.7.2018

►M2

RIALACHÁN (AE) 2019/472 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 19 Márta 2019

  L 83

1

25.3.2019

►M3

RIALACHÁN (AE) 2019/1241 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 20 Meitheamh 2019

  L 198

105

25.7.2019

►M4

RIALACHÁN (AE) 2020/1781 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 25 Samhain 2020

  L 400

1

30.11.2020




▼B

RIALACHÁN (AE) 2016/1139 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 6 Iúil 2016

lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle



CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.  

Bunaítear leis an Rialachán seo plean ilbhliantúil (“an plean”) do na stoic seo a leanas (“na stoic lena mbaineann”) in uiscí an Aontais i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic lena mbaineann:

(a) 

trosc (Gadus morhua) i bhForanna 22-24 d'ICES (trosc Mhuir Bhailt Thiar);

(b) 

trosc (Gadus morhua) i bhForanna 25-32 d'ICES (trosc Mhuir Bhailt Thoir);

(c) 

scadán (Clupea harengus) i bhForanna 25, 26, 27, 28.2, 29 agus 32 d'ICES (scadán Mhuir Bhailt Láir);

(d) 

scadán (Clupea harengus) i bhForoinn 28.1 d'ICES (scadán Mhurascaill Ríge);

▼M1

(e) 

scadáin (Clupea harengus) i bhforanna 30-31 de ICES (scadán Mhurascaill na Boitnia);

▼M1 —————

▼B

(g) 

scadán (Clupea harengus) i bhForanna 22-24 d'ICES (scadán Mhuir Bhailt Thiar);

(h) 

salán (Sprattus sprattus) i bhForanna 22-32 d'ICES (salán Mhuir Bhailt).

2.  
Tá feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le fo-ghabhálacha leathóige (Pleuronectes platessa), leithe (Platichthys flesus), turbaird (Scophthalmus maximus) agus broite (Scophthalmus rhombus) i bhForanna 22-32 d'ICES a ghabhtar agus na stoic lena mbaineann á n-iascaireacht.

▼M4

3.  
Sonraítear sa Rialachán seo freisin mionsonraí maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír in uiscí an Aontais i Muir Bhailt i gcás bhradán an Atlantaigh (Salmon salar) i bhForanna 22-32 d’ICES.

▼M2

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005. Sa bhreis air sin, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “stoic pheiligeacha” na stoic a liostaítear i bpointí (c) go (h) d'Airteagal 1(1) den Rialachán seo agus aon mheascán díobh sin;

(2) 

ciallaíonn “raon FUTI” raon luachanna arna sholáthar sa chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, go háirithe comhairle eolaíoch ó CITM, nó ó chomhlacht eolaíoch neamhspleách comhchosúil atá aitheanta ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, ina bhfuil uastáirgeacht inbhuanaithe (UTI) fhadtéarmach ann mar thoradh ar gach leibhéal básmhaireachta iascaireachta laistigh den raon sin bunaithe ar phatrún iascaireachta agus faoi mheándálaí comhshaoil reatha atá ann cheana gan difear suntasach a dhéanamh don phróiseas atáirgthe do na stoic éisc lena mbaineann. Ceaptar an raon sin chun laghdú nach mó ná 5 % sa táirgeacht fhadtéarmach a dhéanamh i gcomparáid leis an uastáirgeacht inbhuanaithe. Cuirtear uasteorainn leis ionas nach mó ná 5 % an dóchúlacht go dtitfidh an stoc éisc faoin bpointe tagartha teorann do bhithmhais stoic sceite (Bteorainn);

(3) 

ciallaíonn “UTI Fis ísle” an luach is ísle laistigh de raon FUTI;

(4) 

ciallaíonn “UTI Fis airde” an luach is airde laistigh de raon FUTI;

(5) 

ciallaíonn “luachphointe FUTI” luach an ráta básmhaireachta iascaireachta measta atá bunaithe ar phatrún iascaireachta agus faoi mhéandálaí comhshaoil reatha agus is é a thugann an uastáirgeacht fhadtéarmach;

(6) 

ciallaíonn “an raon is ísle de FUTI” raon ina bhfuil luachanna ó UTI Fis ísle suas le luachphointe FUTI;

(7) 

ciallaíonn “an raon is airde de FUTI” raon ina bhfuil luachanna ó FUTI suas le luach phointe UTI Fis airde;

(8) 

ciallaíonn “Bteorainn” an pointe tagartha maidir le bithmhais stoic sceite arna sholáthar sa chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, go háirithe ó CITM, nó ó chomhlacht eolaíoch neamhspleách comhchosúil atá aitheanta ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar faoina bhun is féidir laghdú a bheith ar acmhainn atáirgthe na stoc éisc;

(9) 

ciallaíonn “UTI Bspreagphointe” an pointe tagartha do bhithmhais stoic sceite arna sholáthar sa chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil, go háirithe ó CITM nó ó chomhlacht eolaíoch neamhspleách comhchosúil atá aitheanta ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar faoina bhun a dhéanfar gníomhaíocht bhainistíochta shonrach agus iomchuí chun a áirithiú go ndéanfaidh rátaí saothraithe i dteannta éagsúlachtaí nádúrtha stoic a athbhunú thar leibhéil atá in ann UTI a tháirgeadh san fhadtéarma;

(10) 

ciallaíonn “na Ballstáit lena mbaineann” na Ballstáit ag a bhfuil leas díreach bainistíochta, eadhon an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an Fhionlainn agus an tSualainn.

▼B



CAIBIDIL II

CUSPÓIRÍ AGUS SPRIOCANNA

Airteagal 3

Cuspóirí

1.  
Rannchuideoidh an plean le cuspóirí an chomhbheartais iscaigh (CBI) a liostaítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a bhaint amach, go háirithe tríd an gcur chuige réamhchúraim a chur i bhfeidhm i leith bainistiú iascaigh, agus beidh sé mar aidhm aige a áirithiú go ndéanfaidh saothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara líon na speiceas saothraithe a athbhunú agus a chothabháil os cionn leibhéil is féidir UTI a tháirgeadh.
2.  
Rannchuideoidh an plean le hábhair mhuirí aischurtha a dhíothú trí ghabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú, a mhéid is féidir, agus le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a bunaíodh in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 i gcás na speiceas atá faoi réir teorainneacha gabhála agus a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo.
3.  
Cuirfidh an plean an cur chuige bunaithe ar éiceachórais i leith bainistiú iascaigh i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéanfar tionchair dhiúltacha na ngníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachóras na mara a íoslaghdú. Beidh sé i gcomhréir le reachtaíocht chomhshaoil an Aontais, go háirithe an cuspóir dea-stádas comhshaoil a bhaint amach faoi 2020 mar a leagtar amach in Airteagal 1(1) de Threoir 2008/56/CE.

Go háirithe, beidh sé mar aidhm ag an bplean:

(a) 

a áirithiú go gcomhlíontar na coinníollacha a thuairiscítear i dtuairisceoir 3 atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/56/CE; agus

(b) 

rannchuidiú le baint amach na dtuairisceoirí ábhartha eile atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin i gcomhréir leis an ról atá ag iascach ina mbaint amach.

4.  
Déanfar bearta faoin bplean i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil.

▼M2

Airteagal 4

Spriocanna

1.  
Maidir leis an spriocbhásmhaireacht iascaireachta atá i gcomhréir le raonta FUTI a shainmhínítear in Airteagal 2, déanfar í a bhaint amach a luaithe is féidir agus ar bhonn forchéimnitheach incriminteach faoi 2020 do na stoic a liostaítear in Airteagal 1(1), agus coinneofar ar bun í uaidh sin amach laistigh de raonta FUTI, i gcomhréir leis an Airteagal sin.
2.  
Iarrfar na raonta FUTI sin, bunaithe ar an bplean, go háirithe ar CITM, nó ar chomhlacht eolaíoch neamhspleách comhchosúil atá aitheanta ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta.
3.  
I gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, nuair a shocraíonn an Chomhairle deiseanna iascaireachta do stoc, déanfaidh sí na deiseanna sin a bhunú laistigh den raon íosta FUTI a bheidh ar fáil an tráth sin don stoc sin.
4.  
D'ainneoin mhír 1 agus mír 3, féadfar deiseanna iascaireachta a shocrú ag leibhéil is ísle ná raonta FUTI.
5.  

D'ainneoin mhír 3 agus mír 4, féadfar deiseanna iascaireachta a shocrú do stoc i gcomhréir leis an raon uasta FUTI a bheidh ar fáil an uair sin don stoc sin, ar choinníoll go bhfuil an stoc dá dtagraítear in Airteagal 1(1) os cionn UTI Bspreagphointe:

(a) 

más rud é, ar bhonn na comhairle nó na fianaise eolaíche, gur gá é sin a dhéanamh chun na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3 i gcás iascaigh ilspeiceas a bhaint amach;

(b) 

más rud é, ar bhonn na comhairle nó na fianaise eolaíche, gur gá é sin a dhéanamh chun díobháil thromchúiseach a dhéanfadh dinimic stoic laistigh den aon speiceas amháin nó idir speicis dhifriúla a sheachaint; nó

(c) 

chun éagsúlachtaí i ndeiseanna iascaireachta idir blianta as a chéile a theorannú go dtí uasmhéid de 20 %.

6.  
In aon chás, déanfar deiseanna iascaireachta a shocrú sa chaoi is go n-áiritheofar gur lú ná 5 % an dóchúlacht go dtitfidh an bhithmhais stoic sceite faoin Bteorainn.

▼M2

Airteagal 4a

Pointí tagartha caomhnaithe

Bunaithe ar an bplean seo, iarrfar na pointí tagartha caomhnaithe seo a leanas go háirithe ar CITM, nó ar chomhlacht eolaíoch neamhspleách comhchosúil atá aitheanta ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, chun acmhainn iomlán atáirgthe na stoc éisc dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a chosaint:

(a) 

UTI Btruicear do na stoic dá dtagraítear in Airteagal 1(1);

(b) 

Bteorainn do na stoic éisc dá dtagraítear in Airteagal 1(1).

▼B



CAIBIDIL III

POINTÍ TAGARTHA CAOMHNAITHE

▼M2

Airteagal 5

Coimircí

1.  
I gcás ina léireofar leis an gcomhairle eolaíoch go bhfuil bithmhais stoic sceite aon cheann de na stoic éisc dá dtagraítear in Airteagal 1(1) faoi bhun UTI Bspreagphointe i mbliain ar leith, glacfar gach beart ceartaitheach iomchuí chun a áirithiú go ndéanfar leibhéil an stoic éisc lena mbaineann a athbhunú go tapa os cionn na leibhéal atá in ann UTI a tháirgeadh. Go háirithe, d'ainneoin Airteagal 4(3), socrófar deiseanna iascaireachta ag leibhéil a bheidh ag teacht le ráta básmhaireachta iascaireachta arna laghdú faoi bhun an raoin is airde de FUTI, ag cur san áireamh an laghdú i mbithmhais.
2.  
I gcás ina léireofar leis an gcomhairle eolaíoch go bhfuil bithmhais stoic sceite aon cheann de na stoic éisc dá dtagraítear in Airteagal 1(1) faoi bhun Bteorainn, déanfar bearta ceartaitheacha breise chun a áirithiú go ndéanfar leibhéil an stoic éisc lena mbaineann a athbhunú go tapa os cionn na leibhéil atá in ann UTI a tháirgeadh. Go háirithe, d'ainneoin Airteagal 4(3), féadfar a áireamh ar na bearta ceartaitheacha sin iascach spriocdhírithe an stoic éisc a chur ar fionraí agus deiseanna iascaireachta a laghdú go leordhóthanach.
3.  

Féadfar a áireamh i mbearta ceartaitheacha dá dtagraítear san Airteagal seo:

(a) 

bearta éigeandála i gcomhréir le hAirteagal 12 agus Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(b) 

bearta de bhun Airteagal 7 agus Airteagal 8 den Rialachán seo.

4.  
Déanfar rogha na mbeart dá dtagraítear san Airteagal seo i gcomhréir le cineál, tromchúis, fad agus atriall na staide i gcás inar lú an bhithmhais stoic sceite ná na leibhéil dá dtagraítear in Airteagal 4a.

▼B



CAIBIDIL IV

BEARTA CAOMHNAITHE SONRACHA LE hAGHAIDH LEATHÓIGE, LEITHE, TURBAIRD AGUS BROITE

Airteagal 6

Bearta le haghaidh leathóg, leith, turbard agus broit a ghabhtar mar fho-ghabháil

1.  

Nuair a léiríonn comhairle eolaíoch gur gá bearta feabhais chun a áirithiú go mbainistítear stoic Mhuir Bhailt leathóige, leithe, turbaird nó broite, a ghabhtar mar fho-ghabháil nuair a bhítear ag iascaireacht na stoc lena mbaineann, i gcomhréir le cuspóirí Airteagal 3 den Rialachán seo, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo agus Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

saintréithe trealamh iascaireachta, go háirithe méid mhogaill, méid duáin, déanamh an trealaimh, tiús sreinge, méid an trealaimh nó úsáid feistí roghnaíochta, chun roghnaíocht a áirithiú nó a fheabhsú;

(b) 

úsáid an trealaimh iascaireachta, go háirithe am tumtha agus an doimhneacht ag a n-úsáidtear é, chun roghnaíocht a áirithiú nó a fheabhsú;

(c) 

toirmeasc nó teorannú ar iascaireacht i limistéir ar leith, chun éisc sceite agus óga nó éisc faoin íosmhéid tagartha caomhnaithe nó speicis iasc nach spriocspeicis iad a chosaint;

(d) 

toirmeasc nó teorannú ar iascaireacht nó úsáid cineálacha áirithe trealaimh iascaireachta i rith tréimhsí ama áirithe, chun éisc sceite nó éisc faoin íosmhéid tagartha caomhnaithe nó speicis iasc nach spriocspeicis iad a chosaint;

(e) 

íosmhéideanna tagartha caomhnaithe, chun óg-orgánaigh mhuirí a chosaint;

(f) 

saintréithe eile atá nasctha le roghnaíocht.

2.  
Rannchuideoidh na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach.



CAIBIDIL V

FORÁLACHA ATÁ NASCTHA LEIS AN OIBEAGÁID GABHÁLACHA A THABHAIRT I dTÍR

Airteagal 7

Forálacha atá nasctha leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír

1.  

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo agus le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis na bearta seo a leanas:

(a) 

díolúintí ó chur i bhfeidhm na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás speicis a léiríonn fianaise eolaíoch rátaí arda marthanais a bheith acu, agus saintréithe an trealaimh, na gcleachtas iascaireachta agus an éiceachórais á gcur san áireamh, chun cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a éascú;

(b) 

díolúintí de minimis chun cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a éascú; forálfar díolúintí de minimis den sórt sin do chásanna dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 15(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, agus beidh siad i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa phointe sin;

(c) 

forálacha sonracha maidir le doiciméadú gabhálacha, go háirithe chun na críche faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír; agus

(d) 

íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a shocrú, chun óg-orgánaigh mhuirí a chosaint.

▼M4

Maidir le bradán an Atlantaigh, áfach, beidh na cumhachtaí tarmligthe a thugtar don Choimisiún faoin gcéad fhomhír teoranta do na bearta dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír sin.

▼B

2.  
Rannchuideoidh na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach.

▼M2

3.  
Maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír dá bhforáiltear in Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ní bheidh feidhm aici maidir le hiascaireacht áineasa, lena n-áirítear i gcásanna ina socraíonn an Chomhairle teorainneacha d'iascairí áineasa.

▼B



CAIBIDIL VI

BEARTA TEICNIÚLA

Airteagal 8

Bearta teicniúla

▼M3

1.  

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 den Rialachán seo agus Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis na bearta teicniúla seo a leanas, sa mhéid nach gcumhdaítear iad le Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ):

▼B

(a) 

sonraíochtaí saintréithe trealaimh iascaireachta agus rialacha a rialaíonn a n-úsáid, chun roghnaíocht a áirithiú nó a fheabhsú, chun gabhálacha de thaisme a laghdú nó chun an tionchar diúltach ar an éiceachóras a íoslaghdú;

(b) 

sonraíochtaí modhnuithe nó feistí breise a chuirtear le trealamh iascaireachta, chun roghnaíocht a áirithiú nó a fheabhsú, chun gabhálacha de thaisme a laghdú nó chun an tionchar diúltach ar an éiceachóras a íoslaghdú;

(c) 

teorannuithe nó toirmisc ar úsáid trealaimh iascaireachta áirithe agus ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, i limistéir áirithe nó i dtréimhsí áirithe chun éisc sceite, éisc faoin íosmhéid tagartha caomhnaithe nó speicis iasc nach spriocspeicis iad a chosaint nó chun an tionchar diúltach ar an éiceachóras a íoslaghdú; agus

(d) 

íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a shocrú d'aon cheann de na stoic a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo, chun óg-orgánaigh mhuirí a chosaint.

▼M3

2.  
Rannchuideoidh na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo a bhaint amach agus comhlíonfaidh siad Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2019/1241.

▼M4



CAIBIDIL VIA

LAGHDÚ ACMHAINNE IASCAIREACHTA

Airteagal 8a

Laghdú acmhainne iascaireachta le haghaidh throisc Mhuir Bhailt Thoir, throisc Mhuir Bhailt Thiar agus scadáin Mhuir Bhailt Thiar

1.  
Maidir le Ballstáit a ghlac plean gníomhaíochta i gcomhréir le hAirteagal 22(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 le haghaidh ranna cabhlaigh ina bhfuil soithí iascaireachta a dhírigh ar throisc Mhuir Bhailt Thoir, ar throisc Mhuir Bhailt Thiar nó ar scadáin Mhuir Bhailt Thiar (“na trí stoc lena mbaineann”), féadfaidh siad bearta a chur chun feidhme chun gníomhaíochtaí iascaireachta a scor go buan i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 508/2014.
2.  
Ní dheonófar tacaíocht do bhearta dá dtagraítear i mír 1 ach amháin má leagtar amach sa phlean gníomhaíochta dá dtagraítear i mír 1 spriocanna sonracha laghdaithe acmhainne iascaireachta le haghaidh soithí iascaireachta a bhfuil deiseanna iascaireachta acu maidir le ceann amháin nó níos mó de na trí stoc lena mbaineann.
3.  
Féadfaidh na Ballstáit a dtuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 22(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a sheoladh nó a leasú ag aon am chun a bplean gníomhaíochta a thabhairt isteach nó a leasú.
4.  
Maidir le Ballstát atá ag cur bearta scor buan chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo déanfar uasteorainn acmhainne iascaireachta an Bhallstáit sin a laghdú de réir acmhainn iascaireachta a chomhfhreagraíonn do na soithí iascaireachta a tharraingítear siar le cabhair phoiblí i gcomhréir le hAirteagal 22(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus le hAirteagal 34(5) de Rialachán (AE) Uimh. 508/2014.
5.  
Maidir le haon laghduithe ar uasteorainneacha acmhainne iascaireachta na mBallstát, cuirfidh na Ballstáit iad sin in iúl don Choimisiún sna tuarascálacha atá le tíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 22(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.
6.  
Na Ballstáit a chuirfidh na bearta scoir bhuain dá dtagraítear i mír 1 chun feidhme, cuirfidh siad in iúl don Choimisiún an meánmhéid bliantúil do na blianta 2015 go 2019 d’acmhainne iascaireachta iomlán na soithí iascaireachta uile a bhfuil leithdháileadh deiseanna iascaireachta acu le haghaidh aon cheann de na trí stoc lena mbaineann. Thairis sin, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún méid iomlán na hacmhainne iascaireachta arna tarraingt siar le haghaidh soithí iascaireachta mar aon le leithdháileadh deiseanna iascaireachta le haghaidh aon cheann de na trí stoc lena mbaineann.
7.  
Na Ballstáit a chuirfidh na bearta scoir bhuain dá dtagraítear i mír 1 chun feidhme, áiritheoidh siad nach sáróidh acmhainn iascaireachta na soithí iascaireachta a bhfuil leithdháileadh deiseanna iascaireachta le haghaidh aon cheann de na trí stoc lena mbaineann acu an mheánacmhainn iascaireachta bhliantúil a cuireadh in iúl don Choimisiún i gcomhréir le mír 6 trí gan an acmhainn iascaireachta a ath‐leithdháileadh ar aon cheann de na grúpaí soithí sin roimh 5 bliana tar éis dháta an tarraingt siar, nó sula mbeidh an stoc lena mbaineann os cionn MSY Btrigger ar feadh tréimhse 3 bliana, cibé acu is túisce.

▼B



CAIBIDIL VII

RÉIGIÚNÚ

Airteagal 9

Comhar réigiúnach

1.  
Beidh feidhm ag Airteagal 18(1) go (6) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 6, in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 den Rialachán seo.
2.  
Chun críche mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann moltaí comhpháirteacha a thíolacadh den chéad uair tráth nach déanaí ná an 21 Iúil 2017 agus ina dhiaidh sin 12 mhí tar éis an mheastóireacht ar an bplean a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 15. Féadfaidh siad moltaí den sórt sin a thíolacadh freisin nuair a mheasfaidh na Ballstáit lena mbaineann gur gá, go háirithe i gcás athrú tobann ar staid aon cheann de na stoic a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo. Déanfar moltaí comhpháirteacha i leith bearta a bhaineann le bliain féilire áirithe a thíolacadh tráth nach déanaí ná 1 Iúil na bliana roimhe sin.
3.  
Beidh an cumhachtú a dheonaítear faoi Airteagal 6, faoi Airteagal 7 agus faoi Airteagal 8 den Rialachán seo gan dochar do chumhachtaí a thugtar don Choimisiún faoi fhorálacha eile de dhlí an Aontais, lena n-áirítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.



CAIBIDIL VIII

RIALÚ AGUS FORFHEIDHMIÚ

Airteagal 10

Gaol le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009

Beidh feidhm ag na bearta rialaithe dá bhforáiltear sa Chaibidil seo sa bhreis orthu sin dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, seachas i gcás ina bhforáiltear a mhalairt sa Chaibidil seo.

Airteagal 11

Réamhfhógraí

▼M4

1.  
De mhaolú ar Airteagal 17(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, beidh feidhm ag oibleagáid an réamhfhógra a leagtar síos san Airteagal sin maidir le máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais arb é 8 méadar nó níos mó a bhfad foriomlán agus a choimeádann ar bord ar a laghad 250 cileagram de throisc nó 2 thona de stoic pheiligeacha.

▼B

2.  
De mhaolú ar Airteagal 17(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, uair an chloig ar a laghad roimh an am a mheastar go mbainfear an calafort amach a bheidh sa tréimhse réamhfhógra a leagtar síos san Airteagal sin. Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát cósta, ar bhonn cás ar chás, cead a thabhairt d'iontráil níos luaithe i gcalafort.

Airteagal 12

Logleabhair

De mhaolú ar Airteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, coimeádfaidh máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais arb é ocht méadar nó níos mó a bhfad foriomlán agus atá ag gabháil d'iascaireacht spriocdhírithe trosc logleabhar iascaireachta a n-oibríochtaí i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán sin.

Airteagal 13

Corrlach lamháltais sa logleabhar

De mhaolú ar Airteagal 14(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, i gcás gabhálacha a thugtar i dtír agus iad neamhshórtáilte 10 % den mhéid iomlán a choimeádtar ar bord a bheidh sa chorrlach ceadaithe lamháltais i meastacháin a thaifeadtar sa logleabhar iascaireachta de chainníochtaí na n-iasc a choimeádtar ar bord i gcileagraim.

Airteagal 14

Calafoirt ainmnithe

Seo a leanas an tairseach is infheidhme maidir le beomheáchan speiceas atá faoi réir an phlean, os a cionn sin ní mór do shoitheach iascaireachta a ghabhálacha a thabhairt i dtír i gcalafort ainmnithe nó in áit gar don chladach mar a leagtar amach in Airteagal 43 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009:

▼M4

(a) 

250 cileagram de throisc;

▼B

(b) 

5 thona de stoic pheiligeacha.

▼M4

Airteagal 14a

Rialú ar ghabhálacha throisc Mhuir Bhailt Thoir, throisc Mhuir Bhailt Thiar agus scadáin Mhuir Bhailt Thiar

Cuirfidh na Ballstáit feabhas ar fhaireachán agus ar rialú soithí ag a bhfuil cuóta foghabhála le haghaidh throisc Mhuir Bhailt Thoir nó le deiseanna iascaireachta le haghaidh throisc Mhuir Bhailt Thiar nó le haghaidh scadáin Mhuir Bhailt Thiar.

▼B



CAIBIDIL IX

ATHLEANÚINT

Airteagal 15

Meastóireacht ar an bplean

Faoin 21 Iúil 2019, agus gach cúig bliana dá éis sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le torthaí agus tionchar an phlean ar na stoic a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo agus ar an iascach a shaothraíonn na stoic sin, go háirithe maidir le baint amach na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3. Féadfaidh an Coimisiún tuarascáil a dhéanamh ag dáta níos luaithe má mheasann gach Ballstát lena mbaineann nó an Coimisiún féin gur gá.



CAIBIDIL X

FORÁLACHA NÓS IMEACHTA

Airteagal 16

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.  
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6, in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 20 Iúil 2016. Déanfaidh an Coimisiún tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 6, in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
4.  
Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.  
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.
6.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 6, Airteagal 7 agus Airteagal 8 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.



CAIBIDIL XI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 17

Tacaíocht ón gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh

Measfar bearta scoir shealadaigh a ghlactar chun cuspóirí an phlean a shroicheadh mar scor sealadach gníomhaíochtaí iascaireachta chun críocha phointe (a) agus phointe (c) d'Airteagal 33(1) de Rialachán (AE) Uimh. 508/2014.

Airteagal 18

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 mar a leanas:

(1) 

Scriostar Airteagal 13(3).

(2) 

Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 16a

Srian limistéir ar iascaireacht

1.  

Toirmiscfear aon ghníomhaíocht iascaireachta a dhéanamh ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Deireadh Fómhair sna limistéir atá iniata trí rumlínte a cheanglaíonn go seicheamhach na hionaid seo a leanas, a thomhaisfear i gcomhréir le córas comhordanáide WGS84:

(a) 

Limistéar 1:

— 
55 ° 45′ Thuaidh, 15 ° 30′ Thoir
— 
55 ° 45′ Thuaidh, 16 ° 30′ Thoir
— 
55 ° 00′ Thuaidh, 16 ° 30′ Thoir
— 
55 ° 00′ Thuaidh, 16 ° 00′ Thoir
— 
55 ° 15′ Thuaidh, 16 ° 00′ Thoir
— 
55 ° 15′ Thuaidh, 15 ° 30′ Thoir
— 
55 ° 45′ Thuaidh, 15 ° 30′ Thoir
(b) 

Limistéar 2:

— 
55 ° 00′ Thuaidh, 19 ° 14′ Thoir
— 
54 ° 48′ Thuaidh, 19 ° 20′ Thoir
— 
54 ° 45′ Thuaidh, 19 ° 19′ Thoir
— 
54 ° 45′ Thuaidh, 18 ° 55′ Thoir
— 
55 ° 00′ Thuaidh, 19 ° 14′ Thoir
(c) 

Limistéar 3:

— 
56 ° 13′ Thuaidh, 18 ° 27′ Thoir
— 
56 ° 13′ Thuaidh, 19 ° 31′ Thoir
— 
55 ° 59′ Thuaidh, 19 ° 13′ Thoir
— 
56 ° 03′ Thuaidh, 19 ° 06′ Thoir
— 
56 ° 00′ Thuaidh, 18 ° 51′ Thoir
— 
55 ° 47′ Thuaidh, 18 ° 57′ Thoir
— 
55 ° 30′ Thuaidh, 18 ° 34′ Thoir
— 
56 ° 13′ Thuaidh, 18 ° 27′ Thoir.
2.  
De mhaolú ar mhír 1, ceadófar iascaireacht le líonta geolbhaigh, líonta sáinneacha agus líonta traimle a bhfuil méid mhogaill comhionann le 157 mm nó níos mó ná sin acu nó le línte aistreacha. Ní choimeádfar aon trealamh eile ar bord.”;
(3) 

Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 28aa

Nós imeachta chun bearta teicniúla a ghlacadh i gcomhthéacs pleananna ilbhliantúla

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún, chun na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 ) a ghlacadh agus ar feadh a ré, chun bearta teicniúla a ghlacadh. Déanfar bearta teicniúla den sórt sin a bhunú trí bhíthin gníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 28b den Rialachán seo agus le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, agus féadfaidh siad, i gcás inarb iomchuí, maolú ón méid seo a leanas:

(a) 

sonraíochtaí spriocspeiceas, méideanna mogaill agus íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a leagtar síos in Iarscríbhinn II, in Iarscríbhinn III agus in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo agus dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Airteagal 4 agus in Airteagal 14 (1) den Rialachán seo;

(b) 

struchtúir, saintréithe agus rialacha a rialaíonn úsáid trealamh gníomhach a leagtar síos in Airteagal 5(2), (3) agus (4) agus in Airteagal 6 den Rialachán seo agus in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo;

(c) 

struchtúir, saintréithe agus rialacha a rialaíonn úsáid trealamh éighníomhach a leagtar síos in Airteagal 8 den Rialachán seo;

(d) 

liosta/liostaí chomhordanáidí na limistéar agus na dtréimhsí ina bhfuil feidhm ag toirmisc iascaireachta nó srianta iascaireachta a leagtar síos in Airteagal 16 agus in Airteagal 16a den Rialachán seo;

(e) 

na speicis a bhfuil feidhm ag Airteagal 18a(1) den Rialachán seo maidir leo, mar aon leis na limistéir gheografacha agus tréimhsí chur i bhfeidhm na srianta ar iascaireacht stoc áirithe a leagtar síos sa mhír sin, mar aon le sonraí teicniúla an mhaolaithe a leagtar síos in Airteagal 18a(2) den Rialachán seo.

(4) 

In Airteagal 28b(2), (3) agus (5), cuirtear na focail “Airteagal 14a, Airteagal 28a agus Airteagal 28aa” in ionad na bhfocal “Airteagal 14a agus Airteagal 28a”.

Airteagal 19

Aisghairm Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007. Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 20

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an cúigiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

▼M2 —————



( 1 ) Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus le héiceachórais mhara a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1224/2009, (CE) ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch 105. ).

( *1 ) Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle (IO L 191, 15.7.2016, lch. 1).”;