02016R1036 — GA — 08.06.2018 — 002.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2016/1036 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Meitheamh 2016

maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad

(códú)

(IO L 176 30.6.2016, lch. 21)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2017/2321 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 12 Nollaig 2017

  L 338

1

19.12.2017

►M2

RIALACHÁN (AE) 2018/825 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 30 Bealtaine 2018

  L 143

1

7.6.2018




▼B

RIALACHÁN (AE) 2016/1036 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Meitheamh 2016

maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad

(códú)



Airteagal 1

Prionsabail

1.  Féadfar dleacht frithdhumpála a chur i bhfeidhm ar aon táirge dumpáilte a bhfuil díobháil mar thoradh ar é a scaoileadh i saorchúrsaíocht san Aontas.

2.  Féadfar táirge a mheas mar tháirge dumpáilte más rud é go bhfuil a phraghas onnmhairiúcháin go dtí an Aontas níos lú ná praghas inchomparáide ar tháirge comhchosúil, i ngnáthchúrsa trádála, mar a shuitear don tír is onnmhaireoir.

3.  De ghnáth is í an tír thionscnaimh an tír is onnmhaireoir. Mar sin féin, féadfaidh tír idirmheánach a bheith i gceist, ach amháin, mar shampla, i gcás nach ndéantar ach na táirgí a athlastáil tríd an tír sin, nó nach dtáirgtear na táirgí lena mbaineann sa tír sin, nó i gcás nach ann d'aon phraghas inchomparáide dóibh sa tír sin.

4.  Chun críche an Rialacháin seo, ciallaíonn “táirge comhchosúil” táirge atá mar a chéile leis an táirge i gceist, eadhon ar cosúil gach gné de leis an táirge i gceist, nó in éagmais táirge den sórt sin, táirge eile, cé nach cosúil gach gné de leis an táirge i gceist, a bhfuil a shaintréithe an-chosúil le saintréithe an táirge i gceist.

Airteagal 2

Dumpáil a chinneadh

A.   GNÁTHLUACH

1.  Beidh an gnáthluach bunaithe ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc de ghnáth, i ngnáthchúrsa trádála, ag custaiméirí neamhspleácha sa tír is onnmhaireoir.

Mar sin féin, i gcás nach dtáirgeann an t-onnmhaireoir sa tír is onnmhaireoir an táirge comhchosúil nó nach ndíolann sé é, féadfar an gnáthluach a bhunú ar bhonn praghsanna díoltóirí nó táirgeoirí eile.

Ní fhéadfar praghsanna idir páirtithe ar cosúil go bhfuil comhlachas eatarthu nó socrú cúitimh acu lena chéile a mheas mar phraghsanna i ngnáthchúrsa trádála agus ní fhéadfar iad a úsáid chun an gnáthluach a bhunú ach amháin má chinntear nach bhfuil tionchar ag an gcaidreamh orthu.

D'fhonn a chinneadh an bhfuil dhá páirtí comhlachaithe, féadfar an sainmhíniú ar pháirtithe comhlachaithe atá leagtha amach in Airteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún ( 1 ) a chur san áireamh.

2.  De ghnáth úsáidfear díolacháin an táirge chomhchosúil atá beartaithe don tomhaltas intíre chun an gnáthluach a chinneadh más rud é gurb ionann méid na ndíolachán sin agus 5 % nó níos mó de méid dhíolachán an táirge i gceist leis an Aontas. Mar sin féin, féadfar méid díolachán níos lú a úsáid, mar shampla, nuair a mheastar go bhfuil na praghsanna a ghearrtar ionadaíoch don mhargadh lena mbaineann.

3.  I gcás nach bhfuil aon díolacháin den táirge chomhchosúil i ngnáthchúrsa trádála nó nach bhfuil dóthain díolachán ann, nó i gcás nach féidir comparáid cheart a dhéanamh bunaithe ar dhíolacháin den sórt sin i ngeall ar chúrsaí sa mhargadh ar leith sin, déanfar gnáthluach an táirge chomhchosúil a ríomh bunaithe ar phraghas an táirgthe sa tír thionscnaimh móide méid réasúnach do chostais díola, ghinearálta agus riaracháin agus do na brabúis, nó bunaithe ar na praghsanna onnmhairiúcháin, i ngnáthchúrsa trádála, chuig tríú tír oiriúnach, ar choinníoll go mbeidh na praghsanna sin ionadaíoch.

Féadfar a mheas gurb ann do staid margaidh áirithe don táirge lena mbaineann de réir bhrí na chéad mhíre, inter alia, nuair atá praghsanna níos ísle ná mar atá réasúnach, nuair atá babhtáil shuntasach ann, nó nuair atá socruithe próiseála neamhthráchtála ann.

4.  Díolachán an táirge chomhchosúil i margadh intíre na tíre is onnmhaireoir, nó díolacháin onnmhairí chuig tríú tír, ag praghsanna faoi bhun chostais táirgthe an aonaid (seasta agus inathraitheach) móide costais díola, ghinearálta agus riaracháin, ní fhéadfar déileáil leo mar chostais nach bhfuil i ngnáthchúrsa trádála ar chúiseanna praghais, agus ní fhéadfar neamhaird a dhéanamh orthu agus an gnáthluach á shocrú, ach amháin má chinntear go bhfuil díolacháin den sórt sin á ndéanamh laistigh de thréimhse fhadaithe i gcainníochtaí substaintiúla, agus ar phraghsanna nach bhforáiltear leo gur féidir na costais go léir a aisghnóthú laistigh de thréimhse réasúnach ama.

Má tá praghsanna atá faoi bhun costas tráth an díola níos mó ná meánphraghsanna ualaithe don tréimhse imscrúdaithe, measfar go bhfágann na praghsanna sin gur féidir na costais a aisghnóthú laistigh de thréimhse réasúnach ama.

De ghnáth is bliain amháin a bheidh sa tréimhse fhadaithe ach ní bheidh sí níos lú ná sé mhí i gcás ar bith, agus measfar go bhfuil díolacháin arna ndéanamh faoi bhun chostas an aonaid déanta i gcainníochtaí substaintiúla laistigh den tréimhse sin nuair a shuitear go bhfuil an meánphraghas díola ualaithe faoi bhun an mheánchostais ualaithe aonaid, nó nach bhfuil an méid díolachán faoi chostas aonaid níos lú ná 20 % de dhíolacháin a úsáidtear chun gnáthluach a chinneadh.

5.  Déanfar costais a ríomh de ghnáth bunaithe ar thaifid arna gcoinneáil ag an bpáirtí atá faoi imscrúdú, ar choinníoll go mbeidh taifid den sórt sin i gcomhréir leis na prionsabail chuntasaíochta a nglactar go ginearálta leo sa tír lena mbaineann agus go dtaispeántar go dtugann na taifid léiriú réasúnach ar na costais a bhaineann le táirgeadh agus díol an táirge i gceist.

Mura bhfuil costais a bhaineann le táirgeadh agus díol an táirge faoi imscrúdú léirithe go réasúnach i dtaifid an pháirtí lena mbaineann, coigeartófar iad nó bunófar iad bunaithe ar chostais na dtairgeoirí nó na n-onnmhaireoirí eile sa tír chéanna, nó, i gcás nach bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil nó nach féidir í a úsáid, ar aon bhonn réasúnach eile, lena n-áirítear faisnéis ó mhargaí ionadaíocha eile.

Déanfar fianaise arna seoladh isteach maidir le leithdháileadh ceart na gcostas a chur san áireamh freisin, ar choinníoll go léirítear gur úsáideadh leithdháiltí den sórt sin go stairiúil. Mura mbeidh modh níos oiriúnaí ann, tabharfar tús áite do leithroinnt costas bunaithe ar láimhdeachas. Ach amháin má léirítear é cheana féin i leithdháileadh na gcostas faoin bhfomhír seo, déanfar coigeartú oiriúnach ar na costais i dtaca leis na míreanna costais neamh-athfhillteacha a bheidh chun leasa táirgeachta amach anseo agus/nó i láthair na huaire.

I gcás ina bhfuil na costais a bhaineann le cuid den tréimhse d'aisghnóthú costas thíos le húsáid saoráidí táirgthe nua a éilíonn infheistíocht bhreise shubstaintiúil agus le rátaí ísle úsáid an chumais táirgthe, a eascraíonn as oibríochtaí nua-thionscanta a tharla le linn na tréimhse imscrúdaithe nó cuid di, is iad na meánchostais don chéim thionscnaimh na cinn is infheidhme, faoi na rialacha leithdháilte thuasluaite, ag deireadh na tréimhse sin, agus áireofar iad ar an leibhéal sin, don tréimhse lena mbaineann, sna meanchostais ualaithe dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 4. Cinnfear fad céime tionscnaimh i ndáil le himthosca an táirgeora nó an onnmhaireora lena mbaineann, ach ní rachaidh siad thar chion tosaigh iomchuí den tréimhse d'aisghnóthú costas. I gcás an choigeartaithe seo do chostais is infheidhme le linn na tréimhse imscrúdaithe, cuirfear san áireamh faisnéis a bhaineann le céim thionscnamh a théann thar an tréimhse sin i gcás ina dtíolacfar í roimh chuairteanna fíorúcháin agus laistigh de thrí mhí ó thionscnamh an imscrúdaithe.

6.  Beidh na méideanna do na costais díola, ghinearálta agus riaracháin agus do na brabúis bunaithe ar shonraí iarbhír a bhaineann leis an táirge comhchosúil a dhíolann agus a tháirgeann an t-onnmhaireoir atá faoi imscrúdú, i ngnáthchúrsa trádála. I gcásanna nach féidir méideanna den sórt sin a chinneadh ar an mbonn sin, féadfar na méideanna a chinneadh bunaithe ar na nithe seo a leanas:

(a) meán ualaithe na méideanna iarbhír a chinntear d'onnmhaireoirí nó táirgeoirí eile faoi réir imscrúdú i leith táirgeadh agus díolachán an táirge chomhchosúil i margadh intíre na tíre tionscnaimh;

(b) na méideanna iarbhír is infheidhme maidir le táirgeadh agus díolacháin, i ngnáthchúrsa trádála, de tháirgí den chatagóir ginearálta céanna don onnmhaireoir nó táirgeoir atá i gceist i margadh intíre na tíre tionscnaimh;

(c) aon mhodh réasúnach eile, ar choinníoll nach mbeidh an méid don bhrabús a mbunófar leis an modh sin níos mó ná an brabús a dhéanfaidh onnmhaireoirí nó táirgeoirí eile de ghnáth ar dhíolacháin táirgí sa chatagóir ghinearálta céanna ar mhargadh intíre na tíre tionscnaimh.

▼M1

6a.  

(a) Más rud é go gcinntear, agus an fhoráil seo nó aon fhoráil ábhartha eile den Rialachán seo á cur i bhfeidhm, nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tír is onnmhaireoir toisc gur ann do shaobhadh suntasach sa tír sin de réir bhrí pointe (b), ríomhfar an gnáthluach go heisiach ar bhonn costais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa, faoi réir na rialacha seo a leanas.

Áirítear sna foinsí a fhéadfaidh an Coimisiún a úsáid:

 costais chomhréire táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí a bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche inti atá cosúil le leibhéal na tíre is onnmhaireoir, ar choinníoll go bhfuil na sonraí ábhartha ar fáil go héasca; i gcás breis agus tír amháin den sórt sin a bheith ann, tabharfar tosaíocht, i gcás inarb iomchuí, do thíortha ag a bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta sóisialta agus comhshaoil;

 más rud é go mbreithníonn sé praghsanna, costais, nó tagarmharcanna idirnáisiúnta neamhshaofa a bheith iomchuí; nó

 costais intíre, ach amháin a mhéid is go suitear go dearfach nach bhfuil siad saofa, ar bhonn fianaise chruinn agus iomchuí, lena n-áirítear faoi chuimsiú na bhforálacha maidir le páirtithe leasmhara i bpointe (c).

Gan dochar d'Airteagal 17, déanfar an measúnú sin ar leithligh do gach onnmhaireoir agus táirgeoir.

Áireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús.

(b) Is éard atá i saobhadh suntasach an saobhadh sin a tharlaíonn nuair nach torthaí ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad na praghsanna ná na costais a tuairiscíodh, lena n-áirítear costais amhábhar agus fuinnimh, toisc go bhfuil tionchar ag idirghabháil shubstainteach rialtais orthu. Agus measúnú á dhéanamh an ann do shaobhadh suntasach, tabharfar aird, inter alia, ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

 an margadh atá i gceist a bheith á chothú go suntasach ag fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, faoi smacht, nó faoi mhaoirseacht beartais, nó faoi stiúir údaráis na tíre is onnmhaireoir;

 an stát a bheith i láthair i gcuideachtaí lena gcumasaítear don stát cur isteach i leith praghsanna nó costas;

 beartais phoiblí nó bearta poiblí lena ndéantar idirdhealú i bhfabhar soláthraithe intíre nó lena n-imrítear tionchar ar chaoi eile ar fhórsaí an mhargaidh shaoir;

 maidir leis na dlíthe féimheachta, corparáideacha, nó maoine, easnamh a bheith ann ina leith, nó iad a chur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach nó iad a fhorfheidhmiú go neamhleor;

 saobhadh a bheith á dhéanamh ar chostais pá;

 rochtain ar mhaoiniú arna dheonú ag institiúidí a chuireann cuspóirí beartais phoiblí chun feidhme nó ar chaoi eile nach ngníomhaíonn go neamhspleách ar an stát.

(c) I gcás ina bhfuil údar maith ag an gCoimisiún le creidiúint go bhféadfadh saobhadh suntasach dá dtagraítear i bpointe (b) a bheith ann i dtír ar leith nó in earnáil ar leith sa tír sin, agus i gcás inarb iomchuí chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil lena dtuairisceofar imthosca an mhargaidh dá dtagraítear i bpointe (b) sa tír sin nó san earnáil sin a ullmhú, a phoibliú agus a thabhairt cothrom le dáta. Cuirfear na tuarascálacha sin agus an fhianaise ar a bhfuil siad bunaithe i gcomhad aon imscrúdaithe a bhaineann leis an tír sin nó leis an earnáil sin. Maidir leis an tuarascáil agus an fhianaise ar a bhfuil sí bunaithe, beidh neart deiseanna ag páirtithe leasmhara an tuarascáil sin a bhréagnú, a fhorlíonadh, a dtuairimí a thabhairt fúithi nó brath uirthi, i ngach imscrúdú ina n-úsáidfear an tuarascáil sin nó an fhianaise sin. Agus measúnú á dhéanamh an ann do shaobhadh suntasach, cuirfidh an Coimisiún i gcuntas an fhianaise ábhartha uile atá i gcomhad an imscrúdaithe.

(d) Agus gearán á chur isteach i gcomhréir Airteagal 5, nó iarraidh le haghaidh athbhreithniú á chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 11, féadfaidh tionscal an Aontais brath ar an bhfianaise sa tuarascáil dá dtagraítear i bpointe (c), i gcás ina gcomhlíontar caighdeán na fianaise i bhfianaise Airteagal 5(9), chun ríomh an ghnáthluacha a údarú.

(e) I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún gur ann d'fhianaise leormhaith, de bhun Airteagal 5(9), ar shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) den mhír seo agus ina gcinneann sé imscrúdú a thionscnamh ar an mbonn sin, sonrófar an fíoras sin san fhógra tionscnaimh. Baileoidh an Coimisiún na sonraí atá riachtanach le go mbeifear in ann an gnáthluach a ríomh i gcomhréir le pointe (a) den mhír seo.

Cuirfear na páirtithe san imscrúdú ar an eolas go pras tar éis a thionscanta faoi na foinsí ábhartha atá beartaithe ag an gCoimisiún a úsáid chun críche an gnáthluach a chinneadh de bhun pointe (a) den mhír seo agus tabharfar 10 lá dóibh chun a dtuairimí a thabhairt. Chun na críche sin, beidh rochtain ag páirtithe leasmhara ar an gcomhad, lena n-áireofar aon fhianaise ar a bhfuil an t-údarás imscrúdaithe ag brath, gan dochar d'Airteagal 19. Féadfaidh aon fhianaise maidir le saobhadh suntasacha a bheith ann a chur san áireamh ach amháin más féidir í a fhíorú ar mhodh tráthúil laistigh den imscrúdú, i gcomhréir le hAirteagal 6(8).

▼M1

7.  I gcás allmhairí ó thíortha nach baill de EDT iad ar dháta thionscnamh an imscrúdaithe, agus a liostaítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ), déanfar an gnáthluach a chinneadh ar bhonn an phraghais nó an luacha ríofa i dtír ionadaíoch iomchuí, nó ar bhonn an phraghais ó thriú tír den sórt sin chuig tíortha eile, an tAontas san áireamh, nó, nuair nach féidir sin a dhéanamh, ar aon bhonn réasúnach eile, lena n-áirítear an praghas a íocadh nó atá iníoctha san Aontas ar an táirge comhchosúil, arna choigeartú más gá chun corrlach brabúis réasúnach a chur san áireamh.

Roghnófar an tríú tír ionadaíoch iomchuí ar bhealach réasúnach, agus aird chuí á tabhairt ar aon fhaisnéis iontaofa a chuirfear ar fáil tráth an roghnúcháin, agus go háirithe ar chomhar onnmhaireoir agus táirgeoir amháin ar a laghad sa tír sin. I gcás breis agus tír amháin den sórt sin a bheith ann, tabharfar tosaíocht, i gcás inarb iomchuí, do thíortha ag a bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta sóisialta agus comhshaoil. Déanfar teorainneacha ama a chur i gcuntas freisin. I gcás inarb iomchuí, úsáidfear tír ionadaíoch iomchuí atá faoi réir an imscrúdaithe chéanna.

Cuirfear na páirtithe san imscrúdú ar an eolas go pras tar éis an t-imscrúdú a thionscnaimh faoin tír atá beartaithe agus beidh 10 lá acu chun a dtuairimí a thabhairt.

▼B

B.   PRAGHAS ONNMHAIRIÚCHÁIN

8.  Is éard atá sa phraghas onnmhairiúcháin an praghas a íoctar go hiarbhír nó is iníoctha ar an táirge nuair a dhíoltar é le haghaidh onnmhairiú ón tír is onnmhaireoir isteach san Aontas.

9.  I gcásanna nach bhfuil praghas onnmhairiúcháin ann nó más cosúil go bhfuil an praghas onnmhairiúcháin neamhiontaofa i ngeall ar chomhlachas nó socrú cúitimh idir an t-onnmhaireoir agus an t-allmhaireoir nó tríú páirtí, féadfar an praghas onnmhairiúcháin a ríomh bunaithe ar an bpraghas ar a n-athdhíolfar na táirgí allmhairithe den chéad uair le ceannaí neamhspleách, nó, mura ndéanfar na táirgí a athdhíol le ceannaí neamhspleách nó nach ndéanfar iad a athdhíol sa riocht céanna ina n-allmhairíodh iad, ar aon bhonn réasúnach.

Sna cásanna sin, déanfar coigeartú do gach costas, lena n-áirítear dleachtanna agus cánacha, arna dtabhú idir an t-allmhairiú agus an t-athdhíol, agus coigeartú do bhrabúis arna dtabhú, chun praghas onnmhairiúcháin iontaofa a bhunú ar leibhéal teorann de chuid an Aontais.

I measc na n-hítimí a ndéanfar coigeartú ina leith, beidh na nithe sin a ghlacann allmhaireoir chuige féin de ghnáth ach a íocann aon pháirtí, bíodh an páirtí sin laistigh nó lasmuigh den Aontas, ar cosúil go bhfuil comhlachas i gceist nó socrú cúitimh a bheith i gceist leis an allmhaireoir nó leis an onnmhaireoir, lena n-áirítear na gnáthchostais iompair, árachais, láimhseála, lódála agus choimhdeacha, gnáthdhleachtanna custaim, aon dleachtanna frithdhumpála, agus cánacha eile atá iníoctha sa tír is allmhaireoir i dtaca le hallmhairiú nó díol na n-earraí, agus corrlach réasúnach don díol, do chostais ghinearálta agus riaracháin agus don bhrabús.

C.   COMPARÁID

10.  Déanfar comparáid chothrom idir an praghas onnmhairiúcháin agus an gnáthluach. Déanfar an chomparáid sin ar an leibhéal céanna trádála agus i leith díolachán a rinneadh, chomh fada agus is féidir, ag an am céanna, agus aird chuí á tabhairt ar dhifríochtaí eile a imríonn tionchar ar inchomparáideacht praghsanna. I gcás nach bhfuil an gnáthluach agus an praghas allmhairiúcháin mar atá bunaithe ar an mbonn inchomparáide sin, cuirfear an méid sin san áireamh mar is cuí, i bhfoirm coigeartuithe i ngach cás, ar bhua tuillteanais, i gcás difríochtaí i bhfachtóirí a n-éilítear agus a dtaispeántar ina leith do ndéanann siad difear do phraghsanna agus d'inchomparáideacht praghsanna. Seachnófar aon dúbailt agus coigeartuithe á ndéanamh, go háirithe maidir le lascainí, lacáistí, cainníochtaí agus leibhéal trádála. Nuair a chomhlíontar na coinníollacha sonraithe, déantar liosta de na fachtóirí ar féidir coigeartú a dhéanamh ina leith mar seo a leanas:

(a) Saintréithe fisiceacha

Déanfar coigeartú i gcás difriochtaí idir saintréithe fisiceacha an táirge lena mbaineann. Beidh méid an choigeartaithe de réir meastachán réasúnach ar luach margaidh na difríochta sin.

(b) Muirir ar allmhairí agus cánacha indíreacha

Déanfar coigeartú don ghnáthluach do mhéid a chomhfhreagraíonn d'aon mhuirir ar allmhairí nó cánacha indíreacha a ghearrtar ar an táirge comhchosúil agus ar aon ábhair atá corpraithe go fisiciúil ann, nuair a bheartaítear é don tomhaltas sa tír is onnmhaireoir agus nach mbailítear nó nach n-aisíoctar an méid i leith táirge a onnmhairítear isteach san Aontas.

(c) Lascainí, lacáistí agus cainníochtaí

Déanfar coigeartú do na difríochtaí i lascainí agus lacáistí, lena n-áirítear na cinn a thugtar i gcás difríochtaí idir cainníochtaí, más rud é go ndéantar iadsan a chainníochtú go cuí agus go bhfuil siad nasctha go díreach leis na díolacháin atá i gceist. Féadfar coigeartú a dhéanamh freisin do lascainí agus lacáistí iarchurtha má tá an t-éileamh bunaithe ar chleachtas leanúnach i dtréimhsí roimhe sin, lena n-áirítear comhlíonadh coinníollacha a cheanglaítear chun cáiliú don lascaine nó don lacáiste.

(d) Leibhéal trádála

(i) Déanfar coigeartú do dhifríochtaí idir leibhéil trádála, lena n-áirítear aon difríochtaí a thagann as díolacháin OEM (Déantús Buntrealaimh), i gcás ina léirítear, i ndáil leis an slabhra leithdháilte sa dá mhargadh, go bhfuil an praghas onnmhairiúcháin, lena n-áirítear praghas onnmhairiúcháin comhdhéanta, ar leibhéal trádála atá éagsúil ón ngnáthluach agus go ndearna an difríocht difear d'inchomparáideacht praghsanna, rud a léirítear trí dhifríochtaí leanúnacha agus soiléire idir feidhmeanna agus praghsanna an díoltóra do na leibhéil trádála éagsúla i margadh intíre na tíre is onnmhaireoir. Beidh méid an choigeartaithe bunaithe ar luach margaidh na difríochta sin.

(ii) Mar sin féin, in imthosca nach bhfuil beartaithe faoi phointe (i), nuair nach féidir difríocht atá ann cheana idir leibhéil trádála a chainníochtú mar nach ann do na leibhéil ábhartha i margadh intíre na tír is onnmhaireoir, nó nuair a leirítear go soiléir go mbaineann feidhmeanna áirithe le leibhéil trádála eile seachas an leibhéal atá le húsáid sa chomparáid, féadfar coigeartú ar leith a thabhairt.

(e) Costais iompair, árachais, láimhseála, lódála agus choimhdeacha

Déanfar coigeartú do dhifríochtaí idir na costais arna dtabhú a bhaineann go díreach le hiompar an táirge ó áitreabh an onnmhaireora chuig ceannaí neamhspleách, i gcás ina n-áirítear na costais sin sna praghsanna a ghearrtar. Sna costais sin áireofar costais iompair, árachais, láimhseála, lódála agus choimhdeacha.

(f) Pacáil

Déanfar coigeartú i gcás difríochtaí idir na costais phacála a bhaineann go díreach leis an táirge lena mbaineann.

(g) Creidmheas

Déanfar coigeartú do na difríochtaí idir na costais ar aon chreidmheas a dheonaítear i leith na ndíolachán i gceist, ar choinníoll gur fachtóir é a chuirfear san áireamh agus na praghsanna atá le gearradh á gcinneadh.

(h) Costais iardhíola

Déanfar coigeartú do na difríochtaí idir na costais dhíreacha ar sholáthar barantaí, ráthaíochtaí, cúnamh teicniúil agus seirbhísí, dá bhforáiltear leis an dlí agus/nó sa chonradh díolacháin.

(i) Coimisiúin

Déanfar coigeartú do dhifríochtaí idir coimisiúin a íoctar i leith na ndíolachán i gceist.

Tuigfear leis an téarma “coimisiúin” go n-áirítear iontu an mharcáil suas a fhaigheann trádálaí an táirge nó an táirge chomhchosúil más rud é go bhfuil feidhmeanna an trádálaí sin cosúil le feidhmeanna gníomhaire a bhíonn ag obair ar bhonn coimisiúin.

(j) Comhshó airgeadra

Más gá airgeadraí a thiontú chun na praghsanna a chur i gcomparáid, déanfar an tiontú sin ag úsáid an ráta malartaithe ar an dáta díolacháin, ach amháin, nuairatá díolachán airgeadra eachtrach ar mhargaí réamhdhíola nasctha go díreach leis an díolachán onnmhairiúcháin lena mbaineann, úsáidfear ráta malartaithe an réamhdhíola. De ghnáth, is é dáta an tsonraisc dáta an díolacháin ach is féidir dáta an chonartha, an ordaithe ceannaigh nó an ordaithe daingnithe a úsáid más rud é gurb iad is iomchuí le téarmaí nithiúla an díolacháin a shuíomh. Déanfar neamhaird ar luaineachtaí sna rátaí malairte agus tabharfar 60 lá d'onnmhaireoirí chun gluaiseacht mharthanach i rátaí malairte a léiriú le linn na tréimhse imscrúdaithe.

(k) Fachtóirí eile

Féadfar coigeartú a dhéanamh freisin do dhifríochtaí idir fachtóirí eile nach ndéantar foráil maidir leo faoi phointí (a) go (j), má léirítear go ndéanann siad difear d' inchomparáideacht praghsanna mar a cheanglaítear faoin mhír seo, go háirithe má íocann custaiméirí praghsanna éagsúla ar an margadh intíre i ngeall ar an difríocht idir na fachtóirí sin.

D.   CORRLACH DUMPÁLA

11.  Faoi réir na bhforálacha ábhartha a rialaíonn comparáid chothrom, suífear cibé acu atá corrlaigh dumpála ann nó nach bhfuil le linn na tréimhse imscrúdaithe bunaithe ar chomparáid idir gnáth-mheánluach ualaithe agus meán ualaithe na bpraghsanna do na hidirbhearta onnmhairiúcháin go léir isteach san Aontas, é sin nó ar chomparáid idir gnáthluachanna aonair agus praghsanna onnmhairiúcháin aonair isteach san Aontas ar bhonn idirbheart le hidirbheart. Féadfar gnáthluach atá bunaithe ar bhonn meán ualaithe a chur i gcomparáid le praghsanna na n-idirbheart onnmhairiúcháin go léir isteach san Aontas, áfach, má tá patrún praghsanna onnmhairiúcháin a bhfuil difríocht shuntasach i gceist i measc ceannaithe, réigiúin nó tréimhsí difriúla ann, agus más rud é nach ndéanfadh na modhanna atá sonraithe sa chéad abairt den mhír seo méid iomlán na dumpála atá á dhéanamh a léiriú. Ní choiscfidh an mhír seo sampláil a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 17.

12.  Is é an méid faoina sáraíonn an gnáthluach an praghas onnmhairiúcháin an corrlach dumpála a bheidh ann. I gcás ina bhfuil corrlaigh dumpála éagsúla ann, féadfar meánchorrlach dumpála ualaithe a bhunú.

Airteagal 3

Díobháil a chinneadh

1.  De bhun an Rialacháin seo, ciallaíonn an téarma “díobháil”, mura sonraítear a mhalairt, díobháil ábhartha don tionscal de chuid an Aontais, bagairt díobhála ábhartha don tionscal de chuid an Aontais nó moill ábhartha ar bhunú an tionscail sin, agus léireofar é i gcomhréir le forálacha an Airteagail seo.

2.  Beidh cinneadh go bhfuil díobháil ann bunaithe ar fhianaise dheimhneach agus beidh scrúdú oibiachtúil ar na nithe seo a leanas i gceist leis:

(a) méid na n-allmhairí dumpáilte agus tionchar na n-allmhairí dumpáilte ar phraghsanna i margadh an Aontais do tháirgí comhchosúla; agus

(b) tionchar iarmhartach na n-allmhairí sin ar an tionscal de chuid an Aontais.

3.  I dtaca le méid na n-allmhairí dumpáilte, tabharfar aird ar an gceist an bhfuil méadú suntasach ar allmhairí dumpáilte, mar ghlanfhigiúr nó i gcoibhneas le táirgeadh nó tomhaltas san Aontas. I dtaca le héifeacht na n-allmhairí dumpáilte ar phraghsanna, tabharfar aird ar an gceist ar tharla gur gearradh go suntasach faoi phraghsanna trí na hallmhairí dumpáilte i gcomparáid le praghas táirge chomhchosúil ón tionscal de chuid an Aontais, nó cibé an é toradh na n-allmhairí sin praghsanna a laghdú go suntasach ar shlí éigin eile nó méadú ar phraghsanna go leibhéal suntasach, a tharlódh murach sin, a chosc. Ní gá go mbeifear in ann treoir chinntitheach a fháil as aon fhachtóir amháin nó níos mó ná aon fhachtóir amháin de na fachtóirí sin.

4.  I gcás ina bhfuil allmhairí táirge ó níos mó ná tír amháin faoi réir imscrúduithe frithdhumpála go comhuaineach, ní dhéanfar éifeachtaí na n-allmhairí sin a mheasúnú go carnach ach amháin má chinntear an méid seo a leanas:

(a) go bhfuil an corrlach dumpála arna suíomh i ndáil leis na hallmhairí ó gach tír níos mó ná de minimis mar atá sainmhínithe in Airteagal 9(3) agus nach diomaibhseach méid na n-allmhairí ó gach tír; agus

(b) gurb iomchuí measúnú carnach a dhéanamh ar éifeachtaí na n-allmhairí i bhfianaise na gcoinníollacha iomaíochta idir táirgí allmhairithe agus na coinníollacha iomaíochta idir na táirgí allmhairithe agus an táirge Aontais comhchosúil.

5.  An scrúdú ar an tionchar atá ag allmhairí dumpáilte ar an tionscal de chuid an Aontais lena mbaineann, cuimseoidh sé gach fachtóir agus innéacs eacnamaíoch ábhartha a mbeidh tionchar acu ar staid an tionscail, lena n-áirítear go bhfuil tionscal fós ag teacht chuige féin ón tionchar a bhí ag dumpáil, nó fóirdheontas a thabhairt san am atá thart; méid an chorrlaigh iarbhír dumpála; an laghdú iarbhír agus féideartha ar dhíolacháin, brabúis, aschur, cion den mhargadh, táirgeacht, toradh ar infheistíochtaí agus úsáid acmhainne; fachtóirí a imríonn tionchar ar phraghsanna an Aontais; tionchair dhiúltacha iarbhír agus féideartha ar shreabhadh airgeadais, fardail, fostaíocht, pá, fás, cumas caipitil nó infheistíochtaí a ardú. Ní liosta cuimsitheach an liosta seo, agus ní gá go bhféadfar treoir chinntitheach a bhunú ar aon cheann amháin nó níos mó de na fachtóirí seo.

6.  Ní mór a léiriú, ón bhfianaise ábhartha uile a thíolactar i ndáil le mír 2, gur cúis díobhála iad na hallmhairí dumpáilte de réir bhrí an Rialacháin seo. Go sonrach, is éard a bheidh ann léiriú go bhfuil leibhéal na méideanna agus/nó na bpraghsanna arna n-aithint de bhun mhír 3 freagrach as an tionchar ar an tionscal de chuid an Aontais dá bhforáiltear i mír 5, agus go bhfuil an tionchar sin ann ar leibhéal lenar féidir é a aicmiú mar thionchar ábhartha.

7.  Déanfar scrúdú ar fhachtóirí eile atá ar eolas, seachas allmhairí dumpáilte, fachtóirí atá ag déanamh díobhála don tionscal de chuid an Aontais ag an am céanna, lena n-áirithiú nach gcuirfear an díobháil arna cruthú ag na fachtóirí eile sin i leith allmhairí dumpáilte faoi mhír 6. Ar na fachtóirí ar féidir a mheas i ndáil leis sin, áireofar:méid agus praghsanna allmhairí nach ndíoltar ar phraghsanna dumpála; laghdú ar éileamh nó athruithe ar phatrúin tomhaltais; cleachtais trádála shriantacha táirgeoiri tríú tíortha agus Aontais; agus cleachtais trádála shriantacha eatarthu; forbairtí i dteicneolaíocht agus feidhmíocht onnmhairiúcháin agus táirgiúlacht an tionscail de chuid an Aontais.

8.  Déanfar éifeacht na n-allmhairí dumpáilte a mheasúnú i ndáil le táirgeadh an táirge chomhchosúil ag an dtionscal de chuid an Aontais nuair is féidir, trí na sonraí atá ar fáil, an táirgeadh sin a shainaithint ar bhonn leithligh ar bhonn critéar amhail an próiseas táirgthe, díolacháin agus brabúis táirgeoirí. Mura féidir an táirgeadh sin a shainaithint ar bhonn leithligh, déanfar éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte a mheasúnú trí scrúdú a dhéanamh ar tháirgeadh an ghrúpa táirgí nó an raon táirgí is srianta, lena n-áirítear an táirge comhchosúil, ar féidir an fhaisnéis is gá a sholáthar ina leith.

9.  Má chinntear go bhfuil baol díobhála ábhartha ann, beidh sé bunaithe ar fhíorais seachas ar líomhaintí, tuairimíocht nó féidearthacht fhánach. Ní mór go mbeadh an t-athrú ar imthosca a chruthódh cás ina mbeadh an dumpáil ina cúis díobhála, intuartha go soiléir agus ar tí tarlú.

Agus cinneadh á dhéanamh gurb ann do bhaol díobhála ábhartha, ba cheart fachtóirí amhail na fachtóirí seo a leanas a mheas:

(a) ráta suntasach méadaithe ar allmhairí dumpáilte isteach i margadh an Aontais, rud a léiríonn gur dóchúil go mbeidh méadú suntasach ar allmhairí;

(b) acmhainn dhóthanach an onnmhaireora atá indiúscartha go héasca agus méadú suntasach san acmhainn sin a léiríonn an dóchúlacht go dtiocfaidh méadú suntasach ar onnmhairí dumpáilte isteach san Aontas, ag cur san áireamh infhaighteachta margaí onnmhairiúcháin eile a ghlacfadh aon onnmhairí breise;

(c) an cheist an bhfuil allmhairí ag teacht isteach ar phraghsanna, a laghdódh praghsanna go suntasach nó a choiscfeadh méadú ar phraghsanna a tharlódh murach sin, agus ar dóchúil go méadóidís an t-éileamh ar allmhairí breise;

(d) fardail an táirge a bhfuil imscrúdú á dhéanamh air.

Ní féidir treoir chinntitheach a fháil de riachtanas ó fhachtóir amháin nó níos mó díobhsan thuasluaite, ach ní mór a bhaint de thátal as iomlán na bhfachtóirí go bhfuil tuilleadh onnmhairí dumpáilte ar tí teacht agus, mura ndéantar beart cosantach, go dtarlódh díobháil ábhartha.

Airteagal 4

Sainmhíniú ar thionscal de chuid an Aontais

▼M2

1.  Chun críocha an Rialacháin seo, déanfar an téarma “tionscal an Aontais” a léiriú mar théarma lena dtagraítear do tháirgeoirí táirgí cosúla an Aontais ina n-iomláine nó do na táirgeoirí sin arb ionann aschur comhchoiteann a dtáirgí agus céatadán suntasach de tháirgeadh iomlán an Aontais de na táirgí sin, ach amháin:

▼B

(a) nuair atá táirgeoirí comhlachaithe leis na honnmhaireoirí nó na hallmhaireoirí nó nuair is allmhaireoirí an táirge a líomhnaítear a dumpáladh iad na táirgeoirí féin, féadfar an téarma “tionscal de chuid an Aontais” a léiriú mar thagairt don chuid eile de na táirgeoirí;

(b) in imthosca eisceachtúla, féadfar críoch an Aontais, i gcás an táirgeadh i gceist, a roinnt in dhá margadh iomaíocha nó níos mó agus féadfar na táirgeoirí i ngach margadh a mheas mar thionscal ar leithligh, ar na coinníollacha seo a leanas:

(i) má dhíolann na táirgeoirí sa mhargadh sin a dtáirgeacht uile, nó geall leis, den táirge i gceist, sa mhargadh sin; agus

(ii) maidir leis an éileamh sa mhargadh sin ní táirgeoirí an táirge i gceist atá lonnaithe in áit eile san Aontas a sholáthraíonn é go haon leibhéal suntasach.

Sna himthosca sin, féadfar a chinneadh gurb ann do dhíobháil fiú i gcás nach ndéantar díobháil do chuid mhór den tionscal de chuid an Aontais, ar choinníoll go bhfuil comhdhlúthacht allmhairí dumpáilte curtha isteach sa mhargadh sin ar leithligh agus ar choinníoll freisin gur chúis díobhála na hallmhairí dumpáilte do tháirgeoirí na táirgeachta uile sa mhargadh sin, nó geall leis.

2.  Chun críocha mhír 1, ní mheasfar go bhfuil táirgeoirí comhlachaithe le honnmhaireoirí nó le hallmhaireoirí ach amháin:

(a) má stiúrann ceann amháin acu an ceann eile go díreach nó go hindíreach; nó

(b) má tá an dá cheann faoi stiúradh díreach nó indíreach ag tríú páirtí; nó

(c) más rud é, in éineacht lena chéile go stiúrann siad tríú páirtí go díreach nó go hindíreach, ar choinníoll go bhfuil foras ann lena chreidiúint nó bheith in amhras faoi gurb é toradh an chaidrimh go n-iompraíonn an táirgeoir lena mbaineann é féin ar bhealach eile seachas táirgeoirí neamhchomhlachaithe.

Chun críocha na míre seo, measfar táirgeoir amháin a bheith ag stiúradh táirgeora eile nuair a fhágtar go bhfuil an chéad táirgeoir in ann srian a chur ar an dara táirgeoir nó é a stiúradh ó thaobh dlí nó oibríochta.

3.  I gcás inar léiríodh tionscal de chuid an Aontas mar thagairt do tháirgeoirí eile i réigiún áirithe, tabharfar deis do na honnmhaireoirí gealltanais a thairiscint de bhun Airteagal 8 i ndáil leis an réigiún lena mbaineann. Sna cásanna sin, agus leas an Aontais sna bearta á mheasúnú, tabharfar aird ar leith ar leas an réigiúin. Mura dtairgtear gealltanas leordhóthanach go pras nó go bhfuil feidhm ag na cásanna atá leagtha ach in Airteagal 8(9) agus (10), féadfar dleacht shealadach nó chinntitheach a fhorchur i ndáil leis an Aontas ina iomláine. Sna cásanna sin féadfar na dleachtanna, más indéanta, a shrianadh do tháirgeoirí nó onnmhaireoirí sonracha.

4.  Beidh feidhm ag forálacha Airteagal 3(8) maidir leis an Airteagal seo.

Airteagal 5

Imeachtaí a thionscnamh

1.  Ach amháin mar a fhoráiltear i mír 6, déanfar imscrúdú lena gcinnfear arb ann d'aon dumpáil líomhnaithe, agus méid agus éifeacht na dumpála sin, a thionscnamh le gearán i scríbhinn ó aon duine nádúrtha nó dlítheanach, nó ó aon chomhlachas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige, ag gníomhú dóibh thar ceann an tionscail de chuid an Aontais.

▼M2

Ina theannta sin, féadfaidh tionscal an Aontais, nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach nó aon chomhlachas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige atá ag gníomhú thar a cheann, agus ceardchumainn, gearáin a thíolacadh go comhpháirteach, nó féadfaidh ceardchumainn tacú leo. Ní dhéanann sé seo difear don deis atá ann do thionscal an Aontais an gearán a aistarraingt.

▼B

Féadfar an gearán a chur faoi bhráid an Choimisiúin, nó faoi bhráid Ballstáit a sheolfaidh chuig an gCoimisiún é. Seolfaidh an Coimisiún cóip d'aon ghearán a gheobhaidh sé chuig na Ballstáit. Measfar gur taisceadh an gearán ar an gcéad lá oibre tar éis a sheachadta don Choimisiún trí phost cláraithe nó tar éis admháil fála a bheith eisithe ag an gCoimisiún.

In éagmais aon ghearáin, agus i gcás ina bhfuil go leor fianaise ag Ballstát maidir le dumpáil agus díobháil dá toradh sin don tionscal de chuid an Aontais, déanfaidh an Ballstát an fhianaise sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin láithreach.

▼M2

1a.  Déanfaidh an Coimisiún rochtain ar an ionstraim cosanta trádála gearán a éascú d’earnálacha tionscail éagsúlaithe agus ilroinnte, atá comhdhéanta den chuid is mó d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), trí Dheasc Chabhrach tiomanta do FBManna, mar shampla trí fheasacht a mhúscailt, trí fhaisnéis agus mínithe ghinearálta a thabhairt maidir le nósanna imeachta a sholáthar agus maidir le conas le gearán a thíolacadh, trí cheistneoirí caighdeánacha a sheoladh i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais agus freagra a thabhairt ar fhiosrúcháin ghinearálta nach mbaineann le cás sonrach.

Déanfaidh an Deasc chabhrach do FBManna foirmeacha caighdeánacha le haghaidh staidrimh a chur ar fáil, ar foirmeacha iad atá le tíolacadh ar mhaithe le seasamh gnó agus le ceistiúcháin.

▼B

2.  Beidh san áireamh i ngearán faoi mhír 1 fianaise maidir le dumpáil, díobháil agus nasc cúisíoch idir na hallmhairí a líomhnaítear a dumpáladh agus an díobháil líomhnaithe. Beidh sa ghearán an fhaisnéis sin atá ar fáil go réasúnach don ghearánach maidir leis an méid seo a leanas:

(a) céannacht an ghearánaigh agus tuairisc ón ngearánach ar mhéid agus luach táirgthe an táirge chomhchosúil san Aontas. I gcás ina ndéantar gearán i scríbhinn thar ceann an tionscail de chuid an Aontais, sainaithneoidh an gearánach an tionscal ar thar a cheann a dhéantar an gearán le liosta de tháirgeoirí aitheanta go léir an Aontais a tháirgeann an táirge comhchosúil (nó comhlachais de tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann an táirge comhchosúil) agus, a mhéid agus is féidir, le tuairisc ar mhéid agus luach táirgthe an táirge chomhchosúil san Aontas ag na táirgeoirí sin;

(b) tuairisc iomlán ar an táirge a líomhnaítear a dumpáladh, ainm na tíre tionscnaimh nó onnmhairithe nó na dtíortha tionscnaimh nó onnmhairithe i gceist, céannacht gach onnmhaireora aitheanta nó gach táirgeora iasachta aitheanta agus liosta de gach duine is eol a allmhairíonn an táirge i gceist;

(c) na praghsanna ag a ndíoltar an táirge i dtrácht agus é ceaptha chun tomhaltais ar mhargaí baile na tíre tionscnaimh nó onnmhairithe nó na dtíortha tioncnaimh nó onnmhairithe (nó, más iomchuí, na praghsanna ag a ndíoltar an táirge ón tír thionscnaimh nó onnmhairthe nó ó na tíortha tionscnaimh nó onnmhairithe le tríú tír nó tríú tíortha nó ar luach comhdhéanta an táirge) chomh maith leis na praghsanna onnmhairiúcháin nó, más iomchuí, na praghsanna ag a n-athdhíoltar an táirge den chéad uair le ceannaitheoir neamhspleách san Aontas;

(d) na hathruithe ar mhéid na n-allmhairí a líomhnaítear a dumpáladh, éifeacht na n-allmhairí sin ar phraghasanna an táirge chomhchosúil ar mhargadh an Aontais agus tionchar iarmhartach na n-allmhairí ar an tionscal de chuid an Aontais, mar atá léirithe ag tosca agus innéacsanna ábhartha a bhaineann le staid an tionscail de chuid an Aontais, amhail iad siúd a liostaítear in Airteagal 3(3) agus (5).

3.  Scrúdóidh an Coimisiún, a mhéid is féidir, cruinneas agus leordhóthanacht na fianaise arna soláthar sa ghearán chun a chinneadh an bhfuil go leor fianaise chun údar maith a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh.

4.  Ní dhéanfar imscrúdú de bhun mhír 1 a thionscnamh ach amháin má chinntear, ar bhonn an mhéid atá táirgeoirí an táirge chomhchosúil san Aonta ag tacú leis an ngearán, nó an mhéid atá siad ag cur ina aghaidh, gurb ón tionscal de chuid an Aontais nó thar ceann an tionscail de chuid an Aontais an gearán. Measfar gur gearán ón tionscal de chuid an Aontais nó thar ceann an tionscail de chuid an Aontais atá ann má thacaíonn táirgeoirí sin an Aontais leis arb ionann a n-aschur comhchoiteann agus níos mó na 50 % de tháirgeadh iomlán an táirge chomhchosúil arna tháirgeadh ag an gcuid sin den tionscal de chuid an Aontais atá ag tacú leis an ngearán, nó atá ag cur ina aghaidh. Mar sin féin, ní dhéanfar aon imscrúdú a thionscnamh i gcás inar lú ná 25 % de tháirgeadh iomlán an táirge chomhchosúil a tháirgeann an tionscal de chuid an Aontais táirgeadh na dtáirgeoirí de chuid an Aontais a thacaíonn go sainráite leis an ngearán.

5.  Seachnóidh na húdaráis aon phoibliú ar an ngearán lena n-iarrtar imscrúdú a thionscnamh, ach amháin má tá cinneadh déanta imscrúdú a thionscnamh. Mar sin féin, tar éis gearán a bhfuil na doiciméid chuí ag gabháil leis a fháil agus sula ndéanfar imscrúdú a thionscnamh, tabharfar fógra do rialtas na tíre is onnmhaireoir lena mbaineann.

6.  Más rud é, i gcúinsí speisialta, go gcinneann an Coimisiún imscrúdú a thionscnamh gan gearán i scríbhinn a bheith faighte aige ón tionscal de chuid an Aontais nó thar ceann an tionscail de chuid an Aontais chun an imscrúdú sin a thionscnamh, déanfar é sin ar bhonn go leor fianaise go bhfuil dumpáil, díobháil agus nasc cúisíoch ann, mar a léirítear i mír 2, chun údar a thabhairt leis an tionscnamh sin. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit nuair a chinnfidh sé go bhfuil gá leis an imscrúdú sin a thionscnamh.

7.  Déanfar an fhianaise maidir le dumpáil agus díobháil araon a mheas go comhuaineach mar chuid den chinneadh imscrúdú a thionscnamh, nó gan é a thionscnamh. Diúltófar do ghearán i gcás nach ann do go leor fianaise maidir le dumpáil ná maidir le díobháil chun údar a thabhairt dul ar aghaidh leis an gcás. Ní dhéanfar imeachtaí a thionscnamh in aghaidh tíortha arb ionann a n-allmhairí agus sciar níos lú ná 1 % den mhargadh, ach amháin i gcás ina mbíonn 3 % nó níos mó de thomhaltas an Aontais sna tíortha sin le chéile.

8.  Féadfar an gearán a aistarraingt sula ndéanfar é a thionscnamh, agus measfar sa chás sin nár taisceadh é.

9.  I gcás inar léir go bhfuil go leor fianaise ann go bhfuil bonn cirt le himeachtaí a thionscnamh, déanfaidh an Coimisiún amhlaidh laistigh de 45 lá ón dáta ar taisceadh an gearán agus foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. I gcás nach bhfuil go leor fianaise ann, cuirfear é sin in iúl don ghearánach laistigh de 45 lá ón ngearán a thaisceadh leis an gCoimisiún. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit maidir lena anailís ar an ngearán de ghnáth laistigh de 21 lá ón ngearán a thaisceadh leis an gCoimisiún.

10.  Leis an bhfógra faoi thionscnamh na n-imeachtaí tabharfar fógra maidir le tionscnamh imscrúdaithe, luafar an táirge agus na tíortha lena mbaineann, déanfar achoimre ar an bhfaisnéis a fuarthas, agus déanfar foráil maidir leis an gCoimisiún a chur ar an eolas faoin bhfaisnéis ábhartha uile.

Luafar na tréimhsí ina bhféadfaidh páirtithe leasmhara iad féin a chur in aithne, a gcuid tuairimí a nochtadh i scríbhinn agus faisnéis a chur isteach, más rud é go bhfuil na tuairimí agus an fhaisnéis sin le cur san áireamh san imscrúdú. Luafar ann chomh maith an tréimhse ina bhféadfaidh páirtithe leasmhara iarratas a dhéanamh ar éisteacht ó bhéal a fháil os comhair an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 6(5).

11.  Tabharfaidh an Coimisiún comhairle do na honnmhaireoirí, na hallmhaireoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha arb eol dó iad a bheith bainteach, agus d'ionadaithe na tíre is onnmhaireoir agus do na gearánaigh, maidir le tionscnamh na n-imeachtaí agus, ag féachaint go cuí do chosaint faisnéise rúnda, cuirfidh sé téacs iomlán an ghearáin i scríbhinn a fuarthas de bhun mhír 1 ar fáil do na honnmhaireoirí aitheanta agus d'údaráis na tíre is onnmhaireoir, agus cuirfear é ar fáil do pháirtithe leasmhara bainteacha eile arna iarraidh sin. I gcás ina bhfuil líon an-mhór onnmhaireoirí ann, d'fhéadfaí téacs iomlán an ghearáin i scríbhinn a chur ar fáil do húdaráis na tíre is onnmhaireoir nó don chomhlachas trádála ábhartha, agus dóibh siúd amháin.

12.  Ní chuirfidh imscrúdú frithdhumpála bac ar nósanna imeachta imréitigh custaim.

Airteagal 6

An t-imscrúdú

1.  Tar éis an imeacht a thionscnamh, cuirfidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhar leis na Ballstáit, tús le himscrúdú ar leibhéal an Aontais. Beidh idir dhumpáil agus díobháil mar chuid d'imscrúdú den sórt sin, agus imscrúdófar go comhuaineach.

Chun críche toradh ionadaíoch a fháil roghnófar tréimhse imscrúdaithe, i gcás dumpála, nach mbeidh níos giorra, de ghnáth, ná sé mhí go díreach roimh thionscnamh an imeachta.

De ghnáth, ní chuirfear san áireamh faisnéis a bhaineann leis an tréimhse i ndiaidh na tréimhse imscrúdaithe.

2.  Tabharfar 30 lá ar a laghad do pháirtithe a fhaigheann ceistneoirí mar chuid d'imscrúdú frithdhumpála freagraí a thabhairt. Beidh feidhm leis an teorainn ama d'onnmhaireoirí ón dáta a fhaightear an ceistneoir, agus chun na críche sin measfar é a bheith faighte seachtain ón lá a seoladh chuig an onnmhaireoir é nó ón lá a seoladh chuig ionadaí taidhleoireachta iomchuí na tíre is onnmhaireoir. Féadfar síneadh ar an tréimhse 30 lá a thabhairt, agus aird chuí á tabhairt ar theorainn ama an imscrúdaithe, ar choinníoll go dtaispeánann an páirtí go bhfuil údar maith le síneadh den chineál sin, i ngeall ar a chúinsí.

3.  Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na Ballstáit faisnéis a sholáthar, agus déanfaidh na Ballstáit cibé beart is gá chun éifeacht a thabhairt d'iarrataí den chineál sin.

Seolfaidh siad an fhaisnéis arna hiarraidh chuig an gCoimisiún maille le torthaí na scrúduithe, na seiceálacha nó na n-imscrúduithe go léir a rinneadh.

I gcás ina bhfuil leas ginearálta leis an bhfaisnéis sin nó i gcás inar iarr Ballstát an fhaisnéis, déanfaidh an Coimisiún í a sheoladh chuig na Ballstáit, ar choinníoll nach faisnéis rúnda atá inti, agus sa chás sin seolfar achoimre neamhrúnda ar aghaidh.

4.  Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar na Ballstáit na seiceálacha agus scrúduithe go léir is gá a dhéanamh, i measc onnmhaireoirí, thrádálaithe agus tháirgeoirí an Aontais go háirithe, agus féadfaidh sé iarraidh orthu imscrúduithe a dhéanamh i dtríú tíortha, ar choinníoll go dtugann na gnólachtaí lena mbaineann a dtoiliú agus gur tugadh fógra oifigiúil do rialtas na tíre i dtrácht agus nach ndéanann siad aon agóid.

Glacfaidh na Ballstáit cibé beart is gá chun éifeacht a thabhairt d'iarrataí den chineál sin ón gCoimisiún.

Údarófar d'oifigigh an Choimisiúin cúnamh a thabhairt d'oifigigh Ballstát a ndualgais a chomhlíonadh, má iarrann an Coimisiún nó Ballstát amhlaidh.

5.  Tabharfar éisteacht do na páirtithe leasmhara a chuir iad féin in aithne i gcomhréir le hAirteagal 5(10) má tá iarraidh i scríbhinn ar éisteacht déanta acu laistigh den tréimhse atá leagtha síos san fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, iarraidh ina léiríonn siad gur páirtí leasmhar iad ar dócha go ndéanfaidh toradh an imeachta difear dóibh agus go bhfuil cúiseanna ar leith ann le héisteacht a bheith acu.

6.  Cuirfear deiseanna ar fáil, arna iarraidh sin, do na hallmhaireoirí, na honnmhaireoirí, ionadaithe rialtas na tíre is onnmhaireoir agus na gearánaigh a chuir iad féin in aithne i gcomhréir le hAirteagal 5(10), teacht le chéile leis na páirtithe sin a bhfuil leas codarsna acu, ionas gur féidir tuairimí malartacha a chur i láthair agus argóintí frisnéise a chur chun tosaigh.

Agus deiseanna den chineál sin á gcur ar fáil ní mór a chur san áireamh an gá le rúndacht a choimeád chomh maith le háisiúlacht do na páirtithe.

Ní bheidh oibleagáid ar aon pháirtí freastal ar chruinniú agus mura bhfreastalóidh siad air ní dhéanfaidh sin aon dochar do chás an pháirtí sin.

Cuirfear an fhaisnéis ó bhéal dá bhforáiltear sa mhír seo san áireamh, a mhéid agus a ndéanfar í a dhearbhú i scríbhinn ina dhiaidh sin.

▼M2

7.  Féadfaidh táirgeoirí an Aontais, na ceardchumainn, na hallmhaireoirí, na honnmhaireoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus eagraíochtaí tomhaltóirí, a chuir iad féin in aithne i gcomhréir le hAirteagal 5(10), maille le hionadaithe na tíre is onnmhaireoir, arna iarraidh sin i scríbhinn, scrúdú a dhéanamh ar an bhfaisnéis go léir a chuir aon pháirtí in imscrúdú ar fáil, seachas doiciméid inmheánacha a d’ullmhaigh údaráis an Aontais nó a mBallstát, ar choinníoll an fhaisnéis sin a bheith ábhartha chun a gcásanna a léiriú agus gan a bheith rúnda de réir bhrí Airteagal 19 agus go bhfuil sé in úsáid san imscrúdú.

▼B

Féadfaidh na páirtithe sin freagairt a thabhairt ar an bhfaisnéis sin agus cuirfear a mbarúlacha san áireamh, i gcás ina bhfuil na barúlacha sin réasúnaithe a dhóthain sa fhreagairt.

8.  Seachas sna cúinsí dá bhforáiltear in Airteagal 18, déanfar cruinneas na faisnéise a chuireann páirtithe leasmhara ar fáil, agus ar a bhfuil na torthaí bunaithe, a scrúdú a mhéid agus is féidir.

▼M2

9.  Maidir le himeachtaí a thionscnaítear de bhun Airteagal 5(9), déanfar, i ngach cás ina bhféadfar é sin a dhéanamh, imscrúduithe den sórt a thabhairt i gcrích laistigh de 1 bhliain amháin. Ar aon chuma, i ngach cás déanfar imscrúdú den sórt sin a thabhairt i gcrích laistigh de 14 mhí ó thráth a thionscnaimh, i gcomhréir leis na torthaí a fhaightear de bhun Airteagal 8 le haghaidh gealltanas nó de bhun Airteagal 9 le haghaidh gníomhaíocht críochnaitheach. Beidh tréimhsí imscrúdaithe, aon uair is indéanta sin agus go háirithe i gcás earnálacha éagsúlaithe agus ilroinnte atá comhdhéanta den chuid is mó de FBManna, i gcomhthráth le bliain airgeadais.

▼M2

10.  Iarrtar ar tháirgeoirí táirge cosúil an Aontais comhoibriú leis an gCoimisiún in imscrúduithe arna dtionscnamh de bhun Airteagal 5(6).

11.  Beidh oifig an Oifigigh Éisteachta, a leagtar a chumhachtaí agus a fhreagrachtaí amach i sainordú arna ghlacadh ag an gCoimisiún, i bhfeidhm ag an gCoimisiún agus déanfaidh an t-oifigeach feidhmiú éifeachtach chearta nós imeachta na bpáirtithe leasmhara a choimirciú.

▼B

Airteagal 7

Bearta sealadacha

▼M2

1.  Féadfar dleachtanna sealadacha a fhorchur:

(a) má thionscnaítear imeachtaí i gcomhréir le hAirteagal 5;

(b) má thugtar fógra ina leith sin agus má thugtar deis leordhóthanach do pháirtithe leasmhara faisnéis a chur isteach agus tuairimí a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 5(10);

(c) má dhéantar cinneadh sealadach dearfach maidir le dumpáil agus maidir le díobháil do thionscal an Aontais de thoradh na dumpála sin; agus

(d) má tá gá leis, ar mhaithe le leas an Aontais, le hidirghabháil a dhéanamh chun díobháil den sórt sin a chosc.

Déanfar na dleachtanna sealadacha a fhorchur tráth nach luaithe ná 60 lá ó dháta thionscnamh na n-imeachtaí agus de ghnáth tráth nach déanaí ná 7 mí, ach ar aon nós tráth nach déanaí ná 8 mí, ó dháta thionscnamh na n-imeachtaí.

Ní dhéanfar dleachtanna sealadacha a fhorchur laistigh de thréimhse trí seachtaine i ndiaidh an fhaisnéis a sheoladh chuig páirtithe leasmhara i gcomhréir le hAirteagal 19a (tréimhse an réamhnochta). Ni dochar soláthar faisnéise den sórt sin d’aon chinneadh gaolmhar a fhéadfaidh an Coimisiún a ghlacadh ina dhiaidh sin.

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú faoin 9 Meitheamh 2020, chun féachaint ar tharla ardú suntasach sna hallmhairí le linn na tréimhse réamhnochta agus chun féachaint, má tharla ardú den sórt sin, an ndearna sé díobháil bhreise do thionscal an Aontais, d’ainneoin na mbeart a d’fhéadfadh bheith tógtha ag an gCoimisiún bunaithe ar Airteagal 14(5)a) agus ar Airteagal 9(4). Braithfidh sé go háirithe ar shonraí arna mbailiú ar bhonn Airteagal 14(6) agus ar aon fhaisnéis ábhartha a bheidh ar fáil dó. Déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23a chun fad na tréimhse réamhnochta a leasú go 2 sheachtain i gcás ina dtiocfaidh ardú suntasach ar allmhairithe ar cúis leo díobháil bhreise agus go 4 seachtaine murar amhlaidh an cás.

Poibleoidh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin a rún chun dleachtanna sealadacha a fhorchur, lena n-áirítear faisnéis faoi na rátaí dleachta féideartha, ag an am céanna nuair a chuirfidh sé an fhaisnéis ar fáil do pháirtithe leasmhara de bhun Airteagal 19a.

▼B

2.  Ní bheidh méid na dleachta frithdhumpála sealadaí níos mó ná an corrlach dumpála atá leagtha síos go sealadach, ach ba cheart í a bheith níos lú ná an corrlach dá mba leor dleacht níos lú den sórt sin chun deireadh a chur leis an díobháil don tionscal de chuid an Aontais.

▼M2

2a.  Agus scrúdú á dhéanamh an mbeadh dleacht níos ísle ná an corrlach dumpála leordhóthanach chun deireadh a chur leis an díobháil, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an bhfuil saobhadh amhábhair ann maidir leis an táirge lena mbaineann.

Chun críche na míre seo, is iad na bearta seo a leanas atá i saobhadh amhábhar: scéimeanna déphraghsála, cánacha onnmhairithe, forcháin onnmhairithe, cuóta onnmhairithe, cosc onnmhairithe, cáin fhioscach ar onnmhairithe, ceanglais cheadúnaithe, praghas íosta onnmhairithe, aisíocaíocht chánach (CBL) a laghdú nó a aistarraingt, srian ar phointe imréitigh custaim d’onnmhaireoirí, liosta onnmhaireoirí cáilithe, oibleagáid an mhargaidh intíre, mianadóireacht faoi chuing má tá praghas amhábhair i bhfad níos ísle i gcomparáid le praghsanna sna margaidh ionadaíocha idirnáisiúnta.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23a chun an Rialachán seo a leasú trína thuilleadh saobhadh breise amhábhar a chur leis an liosta dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo, i gcás ina ndéanann “Fardal sonraí maidir le srianta ar onnmhairiú i ndáil le hamhábhair thionsclaíocha” de chuid ECFE nó aon bhunachar sonraí ECFE eile a chuirfear in ionad an fhardail sin saobhadh amhábhair eile a shainaithint.

Cumhdófar san imscrúdú aon shaobhadh amhábhar a shainítear sa dara fomhír den mhír seo, a bhfuil fianaise leordhóthanach ag an gCoimisiún, de bhun Airteagal 5, gur ann dó.

Chun críocha an Rialacháin seo, ní mór d’amhábhar aonair seasamh do mhéid nach lú ná 17 % den chostas ar tháirgeadh an táirge lena mbaineann, beag beann an bhfuil na hamhábhair sin neamhphróiseáilte nó próiseáilte, lena n-áirítear fuinneamh a bhfaightear saobhadh ina leith, nuair a ghlactar iad leo féin. Chun críche an ríomha sin, úsáidfear praghas neamh-shaofa an amhábhair mar atá bunaithe i margaidh ionadaíocha idirnáisiúnta.

2b.  I gcás inar féidir leis an gCoimisiún, ar bhonn na faisnéise ar fad a cuireadh isteach, cinneadh a dhéanamh go bhfuil sé ar leas an Aontais méid na ndleacht sealadach a chinneadh i gcomhréir le mír 2a den Airteagal seo, ní bheidh feidhm ag mír 2 den Airteagal seo. Lorgóidh an Coimisiún go gníomhach faisnéis ó pháirtithe leasmhara lena gcumasaítear dó cinneadh a dhéanamh an mbeidh feidhm ag mír 2 nó mír 2a den Airteagal seo. Maidir leis sin, scrúdóidh an Coimisiún gach faisnéis ábhartha amhail cainníochtaí breise sa tír is onnmhaireoir, iomaíocht ó thaobh amhábhair agus an tionchar ar shlabhraí soláthair do chuideachtaí Aontais. In éagmais comhoibriú, féadfaidh an Coimisiún cinneadh go bhfuil sé i gcomhréir le leas an Aontais mír 2a den Airteagal seo a chur i bhfeidhm. Agus an tastáil maidir le leas an Aontais á dhéanamh mar a leagtar síos in Airteagal 21, tabharfar aird ar leith ar an ábhar seo.

2c.  Nuair a ríomhtar an corrlach díobhála ar bhonn spriocphraghais, bunófar an spriocbhrabús a úsáidfear agus gnéithe á gcur san áireamh amhail leibhéal na brabúsachta roimh an ardú ar allmhairí ón tír atá faoi réir imscrúdú, leibhéal na brabúsachta is gá chun costais agus infheistíochtaí iomlána a chlúdach, taighde agus forbairt (T&F) agus nuálaíocht, agus leibhéal na brabúsachta a fhéadfar bheith ag súil léi faoi ghnáthdhálaí iomaíochta. Ní bheidh an corrlach brabúis sin níos lú ná 6 %.

2d.  Nuair a bheidh an spriocphraghas á bhunú, déanfar costas iarbhír tháirgeadh thionscal an Aontais, a eascraíonn as comhaontuithe iltaobhacha comhshaoil agus as na prótacail a ghabhann leo, a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu, agus as Coinbhinsiúin de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) a liostaítear in Iarscríbhinn Ia a ghabhann leis an Rialachán seo, a léiriú mar is cuí. Thairis sin, déanfar costais a ghearrfar amach anseo, nach gclúdaítear i mír 2c den Airteagal seo, a eascraíonn as na comhaontuithe agus as na coinbhinsiúin sin agus a thabhóidh tionscal an Aontais le linn thréimhse chur i bhfeidhm an bhirt de bhun Airteagal 11(2), a chur san áireamh.

▼B

3.  Déanfar dleachtanna sealadacha a urrú le ráthaíocht, agus beidh scaoileadh na dtáirgí lena mbaineann i saorchúrsaíocht san Aontas ag brath ar ráthaíocht den chineál sin a sholáthar.

4.  Glacfaidh an Coimisiún bearta sealadacha i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15(4).

5.  I gcás ina n-iarrann Ballstát ar an gCoimisiún idirghabháil a dhéanamh láithreach agus ina bhfuil na coinníollacha i mír 1 comhlíonta, cinnfidh an Coimisiún, laistigh de chúig lá oibre ar a mhéad ón dáta a fhaightear an iarraidh, an bhforchuirfear dleacht frithdhumpála.

6.  Féadfar dleachtanna sealadacha a fhorchur ar feadh sé mhí agus a fhadú trí mhí a chur leis sin, nó féadfar iad a fhorchur ar feadh naoi mí. Mar sin féin, ní fhéadfar iad a fhadú, ná a fhorchur ar feadh tréimhse naoi mí, ach amháin i gcás ina n-iarrann onnmhaireoirí ar chéatadán suntasach iad den trádáil lena mbaineann an méid sin, nó i gcás nach ndéanann siad agóid ar fhógra a fháil ón gCoimisiún.

Airteagal 8

Gealltanais

▼M2

1.  I gcás ina mbeidh cinneadh sealadach dearfa déanta i dtaobh dumpála agus díobhála, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 15(2), tairiscintí gealltanas atá deonach agus sásúil a ghlacadh, ar gealltanais iad a chuirfidh aon onnmhaireoir isteach chun a phraghsanna a athbhreithniú nó chun deireadh a chur le honnmhairí ar phraghsanna dumpáilte, má tá an Coimisiún sásta go ndíothófar éifeacht dhíobhálach na dumpála dá bhrí sin.

I gcás den sórt sin agus fad a bheidh gealltanais den sórt sin i bhfeidhm, ní bheidh feidhm ag dleachtanna sealadacha a fhorchuirfidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 7(1) ná ag dleachtanna cinntitheacha a fhorchuirfidh an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 9(4), de réir mar a bheidh, ní bheidh feidhm acu maidir le hallmhairithe ábhartha an táirge lena mbaineann a mhonaraigh na cuideachtaí dá dtagraítear sa chinneadh ón gCoimisiún lena nglactar le gealltanais, arna leasú ina dhiaidh sin.

Ní bheidh méaduithe praghsanna faoi ghealltanais den sórt sin níos airde ná mar is gá chun an corrlach dumpála a dhíothú, agus ba cheart na méaduithe sin a bheith níos lú ná an corrlach dumpála dá mba leor méadú den sórt sin chun deireadh a chur leis an díobháil don tionscal de chuid an Aontais.

Agus scrúdú á dhéanamh an mbeadh méaduithe praghais, faoi ghealltanais den chineál sin, atá níos ísle ná an corrlach dumpála, leordhóthanach chun deireadh a chur leis an díobháil, beidh feidhm ag Airteagal 7(2a), (2b), (2c) agus (2d) dá réir.

▼B

2.  Féadfaidh an Coimisiún gealltanais a mholadh, ach ní bheidh oibleagáid ar aon onnmhaireoir gealltanas den chineál sin a thabhairt. I gcás nach dtugann onnmhaireoirí gealltanais den chineál sin, nó nach nglacann siad le cuireadh iad a thabhairt, ní dhéanfaidh sé aon dochar do bhreithniú an cháis.

Mar sin féin, d'fhéadfaí a chinneadh gur dhóchúla toradh a bheith ar bhagairt díobhála má leanfar le hallmhairí a dhumpáil. Ní dhéanfar gealltanais a iarraidh ná a ghlacadh ó onnmhaireoirí ach i gcás ina ndearnadh cinneadh sealadach dearfach i dtaobh dumpála agus díobhála mar thoradh ar dhumpáil den chineál sin.

▼M2

Ach amháin i gcúinsí eisceachtúla, ní fhéadfar gealltanais a thabhairt níos déanaí ná 5 lá roimh dheireadh na tréimhse inar féidir uiríll a dhéanamh de bhun Airteagal 20(5), d’fhonn a áirithiú go mbeidh an deis ag páirtithe eile a dtuairimí a chur in iúl.

3.  Ní gá glacadh le gealltanais a tugadh má mheastar gur neamhphraiticiúil iad a ghlacadh, eadhon i gcás in bhfuil an líon onnmhaireoirí atá ann nó a d’fhéadfadh a bheith ann rómhór, nó ar chúiseanna eile, lena n-áirítear cúiseanna a bhaineann leis an mbeartas ginearálta lena gcuimsítear go háirithe na prionsabail agus na hoibleagáidí a leagtar amach i gcomhaontuithe iltaobhacha comhshaoil agus sna prótacail a ghabhann leo, a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu agus Coinbhinsiúin EIS a liostaítear in Iarscríbhinn Ia a ghabhann leis an Rialachán seo. D’fhéadfaí na cúiseanna ar a bhfuil sé beartaithe an tairiscint ar ghealltanas a dhiúltú a sholáthar don onnmhaireoir lena mbaineann, agus d’fhéadfaí deis a thabhairt dó a bharúlacha ina leith a thabhairt. Leagfar cúiseanna an diúltaithe amach sa chinneadh cinntitheach.

4.  Maidir le páirtithe a thairgeann gealltanas, beidh de cheangal orthu leagan neamhrúnda ciallmhar de ghealltanas den sórt sin in Airteagal 19 a sholáthar, ionas go bhféadfar é a chur ar fáil do na páirtithe leasmhara san imscrúdú, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

Thairis sin, sula nglacfaidh sé le haon tairiscint den sórt sin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le tionscal an Aontais maidir leis na príomhghnéithe den ghealltanas.

▼B

5.  I gcás ina nglactar le gealltanais, déanfar an t-imscrúdú a fhoirceannadh. Foirceannfaidh an Coimisiún an t-imscrúdú i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(3).

6.  Má ghlactar leis na gealltanais, is gnách go ndéanfar an t-imscrúdú maidir le dumpáil agus díobháil a thabhairt chun críche. Sa chás sin, má dhéantar cinneadh diúltach maidir le dumpáil nó díobháil, rachaidh an gealltanas as feidhm láithreach, seachas i gcásanna ina ndearnadh an cinneadh sin go mór mór mar go raibh gealltanas ann. I gcásanna mar sin d'fhéadfadh gá a bheith leis an ngealltanas a choinneáil ar feadh tréimhse réasúnach.

Más cinneadh dearfach maidir le dumpáil agus díobháil a dhéantar, leanfar le feidhm a bheith ag an ngealltanas i gcomhréir le téarmaí an ghealltanais agus le forálacha an Rialacháin seo.

7.  Ceanglóidh an Coimisiún ar aon onnmhaireoir ar glacadh gealltanas uaidh faisnéis a sholáthar, go tréimhsiúil, ar faisnéis í is iomchuí maidir le comhlíonadh an ghealltanais sin, agus fíorú na sonraí is ábhartha a cheadú. Mura gcomhlíontar na ceanglais sin measfar gur sárú ar an ngealltanas atá ann.

8.  I gcás ina nglactar le gealltanais ó onnmhaireoirí áirithe le linn imscrúdaithe, measfar go mbeidh éifeacht leo, chun críocha Airteagal 11, ón dáta a dhéantar an t-imscrúdú ar an tír is onnmhaireoir a thabhairt i gcrích.

9.  I gcás ina ndéanfaidh aon pháirtí sa ghealltanas gealltanais a shárú nó a aistarraingt nó i gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún glacadh an ghealltanais a aistarraingt, aistarraingeofar glacadh an ghealltanais le Cinneadh ón gCoimisiún nó le Rialachán ón gCoimisiún, mar is iomchuí, agus beidh feidhm láithreach ag an dleacht shealadach a fhorchuireann an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 7 nó ag an dleacht chinntitheach a fhorchuireann an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 9(4), ar choinníoll go dtugtar deis don onnmhaireoir lena mbaineann barúlacha a thabhairt, seachas i gcás ina n-aistarraingíonn an t-onnmhaireoir sin an gealltanas. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit nuair a chinnfidh sé gealltanas a aistarraingt.

Féadfaidh aon pháirtí leasmhar nó aon Bhallstát faisnéis a thíolacadh, ar fianaise prima facie í gur sáraíodh gealltanas. De ghnáth, an measúnú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar cibé acu ar sáraíodh gealltanas nó nár sáraíodh, tabharfar i gcrích é laistigh de shé mhí agus tráth nach déanaí ná 9 mí in aon chás, tar éis iarrata a bhfuil údar cuí leis a fháil.

Féadfaidh an Coimisiún cúnamh a iarraidh ó údaráis inniúla na mBallstát chun faireachán a dhéanamh ar na gealltanais.

10.  Féadfar go bhforchuirfear dleacht shealadach i gcomhréir le hAirteagal 7 ar bhonn na faisnéise is fearr atá ar fáil nuair atá cúis chun a chreidiúint go bhfuil gealltanas á shárú, nó i gcás ina ndéanfar gealltanas a shárú nó a aistarraingt nuair nár tugadh an t-imscrúdú as ar tháinig an gealltanas i gcrích.

Airteagal 9

Foirceannadh gan bearta a ghlacadh; dleachtanna cinntitheacha a fhorchur

1.  I gcás ina ndéantar an gearán a aistarraingt, is féidir an t-imeacht a fhoirceannadh ach amháin mura mbeadh foirceannadh den chineál sin chun leasa an Aontais.

2.  I gcás ina mbeidh bearta cosanta neamhriachtanach, déanfar an t-imscrúdú nó an t-imeacht a fhoirceannadh. Foirceannfaidh an Coimisiún an t-imscrúdú i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(3).

▼M2

3.  I gcás imeachta arna thionscnamh de bhun Airteagal 5(9), is gnách go bhféachfar ar dhíobháil mar dhíobháil dhiomaibhseach i gcás inarb ionann na hallmhairí i gceist agus níos lú ná na méideanna atá sonraithe in Airteagal 5(7). I ndáil leis an imeacht céanna, déanfar é a fhoirceannadh láithreach i gcás ina meastar an corrlach dumpála a bheith níos lú ná 2 %, arna chur in iúl mar chéatadán de phraghas na n-onnmhairí.

4.  I gcás ina léireoidh na fíorais, faoi mar a shuífear sa deireadh iad, go bhfuil dumpáil ann agus go bhfuil díobháil déanta mar gheall uirthi, agus go bhfuil gá, chun leasa an Aontais, le hidirghabháil a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 21, forchuirfidh an Coimisiún dleacht chinntitheach frithdhumpála, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(3). I gcás ina bhfuil dleachtanna sealadacha i bhfeidhm, tionscnóidh an Coimisiún an nós imeachta sin tráth nach déanaí ná 1 mhí amháin roimh dhul in éag dleachtanna den sórt sin.

Ní bheidh méid na dleachta frithdhumpála níos mó ná an corrlach dumpála atá leagtha síos ach ba cheart í a bheith níos lú ná an corrlach dá mba leor dleacht níos lú den sórt sin chun deireadh a chur leis an díobháil don tionscal de chuid an Aontais. Beidh feidhm ag Airteagal 7(2a), (2b), (2c) agus (2d) dá réir sin.

I gcás nár chláraigh an Coimisiún allmhairithe, ach i gcás ina bhfaigheann sé, bunaithe ar anailís ar an bhfaisnéis ábhartha uile atá ar fáil dó agus bearta críochnaitheacha á nglacadh aige, go dtarlaíonn ardú suntasach breise ar allmhairithe atá faoi réir an imscrúdaithe le linn thréimhse an réamhnochta, léireoidh an Coimisiún an díobháil bhreise atá mar thoradh ar mhéadú den sórt sin agus an corrlach díobhála á chinneadh do thréimhse nach faide ná an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

▼B

5.  Déanfar dleacht frithdhumpála a fhorchur sna méideanna iomchuí i ngach cás, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, ar allmhairí táirge a thagann ó aon fhoinse a dumpáladh agus a rinne díobháil, seachas allmhairí ó na foinsí sin ar glacadh le gealltanais uathu faoi théarmaí an Rialacháin seo.

Sa rialachán lena bhforchuirtear bearta frithdhumpála, sonrófar an dleacht le haghaidh gach soláthraí nó, más rud é gur neamhphraiticiúil é sin a dhéanamh, le haghaidh na tíre soláthair lena mbaineann. Féadfar a mheas, mar sin féin, ar mhaithe leis an dleacht a shonrú, gur eintiteas amháin atá i soláthraithe atá leithleach go dlíthiúil ó sholáthraithe eile nó atá leithleach go dlíthiúil ón Stát. Chun an fhomhír seo a chur i bhfeidhm, féadfar tosca amhail na tosca seo a leanas a chur san áireamh: naisc struchtúracha nó chorparáideacha idir na soláthraithe agus an Stát nó idir soláthraithe, rialú nó tionchar ábhartha ag an Stát maidir le praghsáil agus aschur, nó struchtúr eacnamaíoch na tíre soláthair.

6.  Nuair a bheidh teorainn curtha ag an gCoimisiún lena himscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 17, ní rachaidh aon dleacht frithdhumpála a chuirfear i bhfeidhm ar allmhairí ó onnmhaireoirí nó ó tháirgeoirí a chuir iad féin in aithne de réir Airteagal 17 ach nár áiríodh san imscrúdú, ní rachaidh an dleacht sin thar an meánchorrlach ualaithe dumpála arna shocrú do na páirtithe sa sampla, is cuma ar cinneadh an gnáthluach do na páirtithe sin ar bhonn Airteagal 2(1) go (6) nó ar bhonn phointe (a) d'Airteagal 2(7) nó nár cinneadh.

Chun críocha na míre seo, tabharfaidh an Coimisiún neamhaird ar na corrlaigh nialais agus de minimis, agus ar chorrlaigh arna leagan síos sna cúinsí dá dtagraítear in Airteagal 18.

Cuirfear dleachtanna aonair i bhfeidhm ar allmhairí ó aon onnmhaireoir nó táirgeoir a dtabharfar cóir aonair dó, dá bhforáiltear in Airteagal 17.

Airteagal 10

Cúlghabhálacht

1.  Ní chuirfear bearta sealadacha ná dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha i bhfeidhm ach ar tháirgí a chuirtear i saorchúrsaíocht i ndiaidh don bheart a glacadh de bhun Airteagal 7(1) nó Airteagal 9(4), de réir an cháis, a theacht i bhfeidhm, faoi réir na n-eisceachtaí a leagtar amach sa Rialachán seo.

2.  I gcás dleacht shealadach a bheith curtha i bhfeidhm agus i gcás ina léireoidh na fíorais, faoi mar a shuífear sa deireadh iad, go bhfuil dumpáil agus díobháil ann, cinnfidh an Coimisiún cén chion den dleacht shealadach atá le bailiú go cinntitheach, is cuma má tá dleacht chinntitheach frithdhumpála le forchur, nó nach bhfuil.

Chun na críche sin, ní aireofar le “díobháil” moilliú ábhartha i dtaca le tionscal de chuid an Aontais a bhunú, ná bagairt de dhíobháil ábhartha, ach amháin i gcás inar léir go mbeadh díobháil ábhartha mar thoradh uirthi in éagmais beart sealadach. I ngach cás eile a bhaineann le bagairt nó moilliú den chineál sin, scaoilfear aon mhéideanna sealadacha agus ní fhéadfar dleachtanna cinntitheacha a fhorchur ach ón dáta a dhéantar cinneadh deiridh maidir le bagairt nó moilliú ábhartha.

3.  Má tá an dleacht frithdhumpála chinntitheach níos airde ná an dleacht shealadach, ní dhéanfar an difríocht a bhailiú. Má tá an dleacht frithdhumpála chinntitheach níos ísle ná an dleacht shealadach, déanfar an dleacht a athríomh. I gcás ina ndéantar cinneadh deiridh atá diúltach, ní dhéanfar an dleacht shealadach a dheimhniú.

4.  Féadfar dleacht frithdhumpála chinntitheach a ghearradh ar tháirgí atá beartaithe lena gcaitheamh tráth nach déanaí ná 90 lá roimh dháta chur i bhfeidhm beart sealadach ach gan an dáta sin a bheith roimh thionscnamh an imscrúdaithe, ar choinníoll:

(a) na hallmhairí a bheith cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 14(5);

(b) deis a gcuid barúlacha a thabhairt a bheith tugtha do na hallmhaireoirí lena mbaineanna ón gCoimisiún;

(c) teist maidir le dumpáil thar thréimhse fhada a bheith ann maidir leis an táirge i dtrácht, nó an t-allmhaireoir a bheith ar an eolas faoin dumpáil i dtaobh mhéid na dumpála agus na díobhála líomhnaithe nó cruthaithe, nó ar choinníoll go mba cheart é a bheith ar an eolas faoi; agus

(d) ardú suntasach ó thaobh allmhairí a bheith ann,de bhreis ar leibhéal na n-allmhairí ba chúis le díobháil le linn na tréimhse imscrúdaithe, ardú is dócha a bhainfidh an bonnt go tromchúiseach d'éifeacht cheartaitheach na dleachta frithdhumpála a bheidh le cur i bhfeidhm, i bhfianaise uainiú, méide agus cúinsí eile a bhaineann leis an ardú suntasach sin.

5.  I gcásanna ina ndéanfar gealltanais a shárú nó a aistarraingt, féadfar dleachtanna cinntitheacha a ghearradh ar tháirgí a chuirtear i saorchúrsaíocht tráth nach mó ná 90 lá roimh dháta chur i bhfeidhm beart sealadach, ar choinníoll gur cláraíodh na hallmhairí i gcomhréir le hAirteagal 14(5), agus nach mbeidh feidhm ag aon mheasúnú cúlghabhálach den chineál sin ar allmhairí a chuirtear i saorchúrsaíocht roimh shárú nó aistarraingt an ghealltanais.

Airteagal 11

Fad, athbhreithnithe agus aisíocaíochtaí

1.  Beidh feidhm ag beart frithdhumpála chomh fada, agus a mhéid, a bhfuil gá leis chun gníomhú in aghaidh na dumpála is cúis díobhála.

2.  Rachaidh beart frithdhumpála cinntitheach in éag cúig bliana ón dáta a fhorchuirfear é nó cúig bliana ón dáta a dhéanfar cinneadh maidir leis an athbhreithniú is déanaí a cumhdóidh dumpáil agus díobháil, ach amháin má chinntear in athbhreithniú gur dhócha go leanfaí le dumpáil agus díobháil nó go gcuirfí tús leo arís mar thoradh ar dhul in éag an bhirt. Déanfar athbhreithniú éaga den chineál sin a thionscnamh ar thionscnamh an Choimisiúin, nó ar iarraidh tháirgeoirí an Aontais, nó thar ceann tháirgeoirí an Aontais, agus fanfaidh an beart i bhfeidhm ar feitheamh thoradh an athbhreithnithe sin.

▼M2

Déanfar athbhreithniú éaga a thionscnamh i gcás ina bhfuil go leor fianaise san iarraidh gur dócha go leanfaí le dumpáil agus díobháil nó go gcuirfí tús leo arís mar thoradh ar dhul in éag na mbeart. D’fhéadfaí dóchúlacht den chineál sin a léiriú, mar shampla, trí fhianaise go bhfuil dumpáil agus díobháil ann i gcónaí nó trí fhianaise a bheith ann nach ann don díobháil a thuilleadh mar thoradh iomlán nó páirt-thoradh ar bhearta nó trí fhianaise a bheith ann go léiríonn cúinsí na n-onnmhaireoirí, nó coinníollacha an mhargaidh, gur dóigh do thuilleadh dumpála díobhálaí nó do shaobhadh leantach ar amhábhair a bheith ann.

▼B

Agus imscrúduithe á ndéanamh faoin mír seo, tabharfar deis d'onnmhaireoirí, d'allmhaireoirí, d'ionadaithe na tíre is onnmhaireoir agus do tháirgeoirí an Aontais a mbarúlacha a thabhairt ar na hábhair atá leagtha amach san iarraidh ar athbhreithniú, nó béim a leagan ar na hábhair sin, nó iad a bhréagnú, agus bainfear conclúidí amach agus aird chuí á tabhairt ar an bhfianaise ábhartha go léir a bhfuil na doiciméid chuí ag gabháil a cuireadh i láthair maidir leis an gceist cibé an dócha go leanfaí le dumpáil agus díobháil nó go gcuirfí tús leo arís mar thoradh ar dhul in éag beart, nó nach dócha.

Foilseofar fógra maidir le dul in éag atá le tarlú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ag tráth iomchuí le linn bliana deiridh thréimhse chur i bhfeidhm na mbeart mar atá sainmhínithe sa mhír seo. Ina dhiaidh sin, beidh táirgeoirí an Aontais i dteideal iarraidh ar athbhreithniú a thaisceadh i gcomhréir leis an dara fomhír, tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana. Foilseofar fógra chomh maith ina bhfógrófar dul in éag iarbhír beart de bhun na míre seo.

3.  D'fhéadfaí athbhreithniú a dhéanamh chomh maith ar an ngá le leanúint leis na bearta a fhorchur, má tá údar leis sin, ar thionscnamh ón gCoimisiún nó ar iarraidh ó Bhallstát nó, ar choinníoll tréimhse réasúnach ama d'aon bhliain amháin ar a laghad a bheith caite ó fhorchuirtear an bhirt chinntithigh, ar iarraidh ó aon onnmhaireoir nó allmhaireoir nó ó tháirgeoirí an Aontais, a bhfuil go leor fianaise inti chun údar a léiriú le hathbhreithniú eatramhach den chineál sin.

Tionscnófar athbhreithniú eatramhach i gcás ina bhfuil go leor fianaise san iarraidh nach bhfuil gá níos mó leis an mbeart a fhorchur chun gníomhú in aghaidh dumpála agus/nó nach dócha go leanfadh an díobháil, nó go dtosódh sé arís dá gcuirfí deireadh leis an mbeart, nó dá n-athrófaí é, nó nach bhfuil an beart atá ann leordhóthanach, nó leordhóthanach níos mó, chun gníomhú in aghaidh na dumpála is cúis díobhála.

Agus imscrúduithe á ndéanamh de bhun na míre seo, féadfaidh an Coimisiún, inter alia, a mheas cibé an bhfuil athrú suntasach tagtha ar na cúinsí a bhaineann le dumpáil agus díobháil, nó nach bhfuil, nó cibé an bhfuil na torthaí a bhfuiltear ag súil leo maidir leis an díobháil a cinneadh roimhe seo faoi Airteagal 3 á mbaint amach leis na bearta atá ann faoi láthair, nó nach bhfuil. Maidir leis sin, cuirfear an fhianaise ábhartha go léir atá doiciméadaithe i gceart san áireamh sa chinneadh deiridh.

▼M1

I gcás ina bhfuil bearta frithdhumpála atá ann faoi láthair bunaithe ar ghnáthluach a ríomhadh de bhun Airteagal 2(7) mar a bhí sé i bhfeidhm an 19 Nollaig, ní chuirfear an mhodheolaíocht a leagtar amach in Airteagal 2(1) go (6a) in ionad na modheolaíochta bunaidh a úsáideadh chun an gnáthluach a chinneadh ach amháin ón dáta a dtionscnófar céad-athbhreithniú éaga na mbeart sin, tar éis 19 Nollaig 2017. I gcomhréir le hAirteagal 11(2), fanfaidh na bearta sin i bhfeidhm go dtí go bhfaighfear toradh an athbhreithnithe.

▼B

4.  Déanfar athbhreithniú chomh maith chun críche corrlaigh aonair dumpála a chinneadh d'onnmhaireoirí nua sa tír is onnmhaireoir i dtrácht nár onnmhairigh an táirge le linn thréimhse an imscrúdaithe ar a raibh na bearta bunaithe.

Tionscnófar an t-athbhreithniú nuair is féidir le honnmhaireoir nó táirgeoir nua a léiriú nach mbaineann sé le haon cheann de na honnmhaireoirí nó na táirgeoirí sa tír is onnmhaireoir atá faoi réir na mbeart frithdhumpála atá i bhfeidhm ar an táirge, agus go deimhin gur onnmhairigh sé chuig an Aontas tar éis na tréimhse imscrúdaithe, nó i gcás inar féidir leis a léiriú gur shínigh sé oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe maidir le cainníocht shuntasach a onnmhairiú chuig an Aontas.

Tionscnófar athbhreithniú le haghaidh onnmhaireora nua agus déanfar an t-athbhreithniú sin ar bhonn brostaithe tar éis deis a thabhairt do tháirgeoirí de chuid an Aontais barúlacha a thabhairt. Is tríd an Rialachán ón gCoimisiún lena dtionscnaítear an t-athbhreithniú a aisghairfear an dleacht atá i bhfeidhm maidir leis an onnmhaireoir nua lena mbaineann a dhéanfar an rialachán lena bhforcuiretar an dleacht sin a leasú, agus trí allmhairí a chur faoi réir clárúcháin i gcomhréir le hAirteagal 14(5) chun a áirithiú gur féidir dleachtanna frithdhumpála a ghearradh go haisghníomhach siar go dtí dáta tionscnaimh an athbhreithnithe i gcás ina gcinneann an t-athbhreithniú go ndearna an t-onnmhaireoir sin dumpáil.

Ní bheidh feidhm ag forálacha na míre seo i gcás dleachtanna a forchuireadh faoi Airteagal 9(6).

▼M1

I gcás ina bhfuil bearta frithdhumpála atá ann faoi láthair bunaithe ar ghnáthluach a ríomhadh de bhun Airteagal 2(7) mar a bhí sé i bhfeidhm an 19 Nollaig 2017, cuirfear an mhodheolaíocht a leagtar amach in Airteagal 2(1) go (6a) in ionad na modheolaíochta bunaidh nár úsáideadh chun an gnáthluach a chinneadh ach amháin tar éis an dáta a dtionscnófar céad-athbhreithniú éaga na mbeart sin, tar éis 20 Nollaig 2017. I gcomhréir le hAirteagal 11(2), fanfaidh na bearta sin i bhfeidhm go dtí go bhfaighfear toradh an athbhreithnithe.

▼B

5.  Beidh feidhm ag forálacha ábhartha an Rialacháin seo maidir le nósanna imeachta agus imscrúduithe a sheoladh, cé is moite díobh siúd a bhaineann le teorainneacha ama, i dtaca le haon athbhreithniú arna dhéanamh de bhun mhíreanna 2, 3 agus 4.

Athbhreithnithe a dhéanfar de bhun mhír 2 agus mhír 3, déanfar go pras iad agus déanfar iad, de ghnáth, tabharfar i gcrích iad laistigh de 12 mhí ó dháta thionscnamh an athbhreithnithe. Ar aon chuma, athbhreithnithe a dhéanfar de bhun mhír 2 agus mhír 3, déanfar iad a thabhairt i gcrích i ngach cás laistigh de 15 mhí ó dháta an tionscnaimh.

Déanfar na hathbhreithnithe de bhun mhír 4 a thabhairt i gcrích i ngach cás laistigh de naoi mí ó dháta an tionscnaimh.

Má thionscnaítear athbhreithniú arna dhéanamh de bhun mhír 2 fad is atá athbhreithniú faoi mhír 3 ar siúl mar chuid de na himeachtaí céanna, an t-athbhreithniú a dhéanfar de bhun mhír 3, déanfar é a thabhairt i gcrích ag an am céanna leis an athbhreithniú a dhéanfar de bhun mhír 2.

Mura dtabharfar an t-imscrúdú chun críche laistigh de na teorainneacha ama atá sonraithe sa chéad fhomhír, sa dara fomhír agus sa triú fomhír, maidir leis na bearta:

 rachaidh siad in éag i gcás imscrúduithe arna ndéanamh de bhun mhír 2,

 rachaidh siad in éag i gcás imscrúduithe arna ndéanamh de bhun mhír 2 agus mhír 3 ag an am céanna, i gcás inar tionscnaíodh an t-imscrúdú de bhun mhír 2 fad is a bhí athbhreithniú á dhéanamh faoi bhun mhír 3 le linn na n-imeachtaí céanna, nó i gcás inar tionscnaíodh athbhreithnithe den chineál sin ag an am céanna, nó

 ní thiocfaidh aon athrú orthu i gcás imscrúduithe arna ndéanamh de bhun mhír 3 agus mhír 4.

Foilseofar fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina dhiaidh sin ina bhfógrófar go bhfuil na bearta ag dul in éag nó á gcoimeád de bhun na míre seo.

▼M2

Má théann an beart in éag tar éis imscrúdú a dhéanamh de bhun mhír 2, déanfar aon dleacht a bailíodh ó dháta tionscnaimh imscrúdaithe den sórt sin ar earraí a ndearadh imréiteach custaim orthu a aisíoc ar choinníoll go n-iarrtar sin ar na húdaráis náisiúnta custaim agus go ndeonaíonn na húdaráis an méid sin i gcomhréir le reachtaíocht custaim an Aontais is infheidhme maidir le haisíocaíocht agus loghadh dleachtanna. Ní íocfaidh na húdaráis náisiúnta custaim lena mbaineann ús mar thoradh ar aisíocaíocht den sórt sin.

▼B

6.  Tionscnóidh an Coimisiún athbhreithnithe de bhun an Airteagail seo. Cinnfidh an Coimisiún an ndéanfaidh sé athbhreithnithe de bhun mhír 2 den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 15(2). Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil freisin do na Ballstáit tar éis d'oibreoir nó do Bhallstát iarraidh a chur isteach lena dtugtar bonn cirt le hathbhreithniú a thionscnamh de bhun mhír 3 agus mhír 4 den Airteagal seo agus tar éis don Choimisiún a anailís air a thabhairt chun críche nó tar éis don Choimisiún a chinneadh gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an ngá leanúint leis na bearta a fhorchur.

I gcás ina ndlífidh athbhreithnithe é, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(3), déanfar bearta a aisghairm nó a choimeád de bhun mhír 2 den Airteagal seo, nó a aisghairim, a choimeád nó a leasú de bhun mhír 3 agus mhír 4 den Airteagal seo.

I gcás ina n-aisghairfear bearta maidir le honnmhaireoirí ar leith, ach nach ndéanfar iad a aisghairm sa tír ina hiomláine, beidh na honnmhaireoirí sin fós faoi réir an imeachta agus d'fhéadfaí iad a imscrúdú arís, sa ghnáthchúrsa, in aon athbhreithniú a dhéanfar ina dhiaidh sin maidir leis an tír sin de bhun an Airteagail seo.

7.  I gcás ina bhfuil athbhreithniú ar bhearta de bhun mhír 3 ar bun ag deireadh na tréimhse ina gcuirtear na bearta sin i bhfeidhm mar atá sainmhínithe i mír 2, cumhdóidh athbhreithniú den sórt sin na cúinsí atá leagtha amach i mír 2 freisin.

8.  D'ainneoin mhír 2, féadfaidh allmhaireoir aisíocaíocht dleachtanna a bailíodh a iarraidh i gcás ina léirítear go bhfuarthas réidh leis an gcorrlach dumpála, a bhí mar bhonn le híoc na ndleachtanna, nó gur laghdaíodh é go leibhéal atá faoi bhun leibhéal na dleachta i bhfeidhm.

Agus aisíocaíocht ar dhleachtanna frithdhumpála á hiarraidh, tíolacfaidh an t-allmhaireoir iarratas chuig an gChoimisiúin. Déanfar an t-iarratas a thíolacadh trí Bhallstát na críche inar cuireadh na táirgí i saorchúrsaíocht, laistigh de sé mhí ón dáta a chinn na húdaráis inniúla méid na ndleachtanna cinntitheacha a bhí le gearradh nó laistigh de sé mhí ón dáta a tógadh cinneadh cinntitheach na méideanna a bhailiú a bhí urraithe le dleacht shealadach. Seolfaidh na Ballstáit an iarraidh chuig an gCoimisiún láithreach.

Ní mheasfar go bhfuil go leor fianaise ag tacú le hiarratas ar aisíocaíocht ach amháin má tá fáisnéis bheacht ann maidir le méid na ndleachtanna frithdhumpála atá éilithe mar aisíocaíocht agus na doiciméid chustaim go léir maidir leis an méid sin a ríomh agus a íoc. Beidh fianaise ann freisin, le haghaidh tréimhse ionadaíche, maidir le gnáthluachanna agus praghsanna onnmhairiúcháin chuig an Aontas don onnmhaireoir nó don táirgeoir a bhfuil an dleacht infheidhme maidir leis. I gcásanna nach bhfuil baint ag an allmhaireoir leis an onnmhaireoir ná leis an táirgeoir lena mbaineann agus nach bhfuil faisnéis den chineál sin ar fáil láithreach, nó i gcásanna nach bhfuil an t-onnmhaireoir ná an táirgeoir toilteanach é a chur ar fáil don allmhaireoir, beidh ráiteas san iarratas ón onnmhaireoir nó ón táirgeoir gur laghdaíodh an corrlach dumpála, nó go bhfuarthas réidh leis, mar a shonraítear san Airteagal seo, agus go gcuirfear an fhianaise tacaíochta ábhartha ar fáil don Choimisiún. I gcás nach bhfaightear fianaise den chineál sin ón onnmhaireoir ná ón táirgeoir laistigh de thréimhse ama réasúnach, déanfar an t-iarratas a dhiúltiú.

Cinnfidh an Coimisiún ar cheart an t-iarratas a dheonú agus an chuid de a dheonófar, nó féadfaidh sé a chinneadh ag tráth ar bith athbhreithniú eatramhach a thionscnamh, agus leis sin, úsáidfear faisnéis agus cinntí an athbhreithnithe sin, a dhéanfar i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme maidir le hathbhreithnithe den sórt sin, d'fhonn a chinneadh an mbeidh bonn cirt le haisíocaíocht agus a mhéid a bheidh bonn cirt léi. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit tar éis dó a anailís a dhéanamh ar an iarratas.

Is iondúil go ndéanfar dleachtanna a aisíoc laistigh de 12 mhí, agus nach déanaí ná 18 mí in aon chúinsí tar éis an dáta a rinne allmhaireoir an táirge atá faoi réir na dleachta frithdhumpála iarraidh ar aisíocaíocht, agus beidh fianaise chuí ag tacú leis an iarratas sin.

Ba cheart do na Ballstáit aon aisíocaíocht arna húdarú a íoc de ghnáth laistigh de 90 lá ón dáta a dhéanfaidh an Coimisiún a chinneadh.

9.  I ngach imscrúdú athbhreithnithe nó aisíocaíochta a dhéantar de bhun an Airteagail seo, bainfidh an Coimisiún úsáid as an modh céanna agus a d'úsáid siad san imscrúdú a raibh an dleacht mar thoradh air, ar choinníoll nár athraíodh na cúinsí, agus tabharfar aird chuí ar Airteagal 2, go háirithe mír 11 agus mír 12 den Airteagal sin, agus ar Airteagal 17.

▼M1

Maidir leis na cúinsí atá ábhartha chun an gnáthluach a chinneadh de bhun Airteagal 2, tabharfar aird iomchuí ar an bhfianaise ábhartha uile, lena n-áirítear tuarascálacha ábhartha maidir leis na cúinsí atá i réim i margadh intíre na n-onnmhaireoirí agus na dtáirgeoirí agus an fhianaise ar a bhfuil siad bunaithe, a cuireadh sa chomhad agus a raibh deis ag na páirtithe leasmhara a dtuairimí a thabhairt ina leith.

▼B

10.  Déanfaidh an Coimisiún iontaofacht na bpraghsanna onnmhairiúcháin a scrúdú i gcomhréir le hAirteagal 2 le linn aon imscrúdaithe a dhéanfar de bhun an Airteagail seo. Má chinntear an praghas onnmhairiúcháin a shainiú i gcomhréir le hAirteagal 2(9) áfach, déanfaidh sé é a ríomh gan aon chuid a asbhaint mar gheall ar na dleachtanna frithdhumpála a íocadh i gcás ina gcuirfear fianaise dhochlóite ar fáil go bhfuil an dleacht léirithe go hiomchuí i bpraghsanna athdhíola agus sna praghsanna díola san Aontas ina dhiaidh sin.

Airteagal 12

Ionsú

1.  Más rud é, laistigh de dhá bhliain de ghnáth ó theacht i bhfeidhm na mbeart, go gcuireann an tionscal de chuid an Aontais nó aon pháirtí leasmhar eile go leor faisnéise isteach a léiríonn, tar éis na chéad tréimhse imscrúdaithe agus roimh fhorchur na mbeart nó ina dhiaidh sin, go bhfuil laghdú tagtha ar na praghsanna onnmhairiúcháin nó nach bhfuil aon athrú tagtha orthu, nó nach leor an t-athrú atá tagtha ar phraghsanna athdhíola ná ar phraghsanna díola an táirge allmhairithe san Aontas ina dhiaidh sin, féadfaidh an Coimisiún an t-imscrúdú a athoscailt le feiceáil an raibh tionchar ag an mbeart ar na praghsanna thuasluaite. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit nuair a bheidh go leor faisnéis curtha isteach ag páirtí leasmhar lena dtugtar bonn cirt leis an scrúdú a athoscailt agus tar éis don Choimisiún a anailís air sin a thabhairt chun críche.

Féadfar an t-imscrúdú a athoscailt chomh maith, faoi na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, ar thionscnamh an Choimisiúin nó ar iarraidh ó Bhallstát.

2.  Le linn ath-imscrúdaithe de bhun an Airteagail seo, tabharfar deis d'onnmhaireoirí, d'allmhaireoirí agus do tháirgeoirí an Aontais an staid a shoiléiriú maidir le praghsanna athdíola agus praghsanna díola ina dhiaidh sin. Má bhaintear de thátal as go mba cheart athruithe ar na praghsanna sin a bheith mar thoradh ar an mbeart, déanfar athmheasúnú ar na praghsanna onnmhairiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 2 d'fhonn fáil réidh leis an díobháil a cinneadh roimhe seo faoi Airteagal 3 agus déanfar corrlaigh dumpála a athríomh d'fhonn na praghsanna onnmhairiúcháin athmheasúnaithe a chur san áireamh. Má mheastar go gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 12(1) mar gheall ar titim sna praghsanna onnmhairiúcháin, titim a tharla tar éis an chéad tréimhse imscrúdaithe agus roimh nó i ndiaidh na bearta a fhorchur, féadfar corrlaigh dumpála a athríomh chun na praghsanna onnmhairiúcháin níos ísle sin a chur san áireamh.

3.  I gcás ina léireofar le hath-imscrúdú de bhun an Airteagail seo go bhfuil méadú tagtha ar dhumpáil, féadfaidh an Coimisiún na bearta atá i bhfeidhm a leasú ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(3), i gcomhréir leis an eolas nua atá ar fáil maidir le praghsanna onnmhairithiúcháin. Ní bheidh méid na dleachta frithdhumpála a fhorchuirfear de bhun an Airteagail seo níos mó ná dhá oiread na dleachta a forchuireadh ar dtús.

4.  Beidh feidhm ag forálacha iomchuí Airteagal 5 agus Airteagal 6 maidir le haon ath-imscrúdú a dhéanfar de bhun an Airteagail seo, ach amháin go ndéanfar go pras an t-ath-imscrúdú sin agus, de ghnáth, déanfar é a thabhairt i gcrích laistigh de shé mhí ó dháta thionscnamh an ath-imscrúdaithe. Ar aon chuma, déanfar ath-imscrúduithe den sórt sin a thabhairt i gcrích i ngach cás laistigh de naoi mí ó thionscnamh an ath-imscrúdaithe.

Mura ndéantar an t-imscrúdú a thabhairt chun críche laistigh de na teorainneacha ama dá sonraítear sa chéad fhomhír, ní dhéanfar aon athrú ar na bearta. Foilseofar fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina bhfógrófar go bhfuil na bearta á gcoimeád de bhun na míre seo.

5.  Ní chuirfear athruithe líomhnaithe ar ghnáthluach san áireamh faoin Airteagal seo ach amháin má chuirtear faisnéis iomlán maidir le gnáthluachanna athbhreithnithe, agus é cuí-réasúnaithe le fianaise, ar fáil don Choimisiún laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha amach san fhógra maidir le himscrúdú a thionscnamh. I gcás ina bhfuil baint ag imscrúdú le gnáthluachanna a athscrúdú, féadfar allmhairí a chur faoi réir clárúcháin i gcomhréir le hAirteagal 14(5) ar feitheamh thoradh an ath-imscrúdaithe.

Airteagal 13

Teacht timpeall

1.  Féadfar dleachtanna frithdhumpála arna bhforchur de bhun an Rialacháin seo a leathnú chuig allmhairí den táirge comhchosúil ó thríú tíortha, a d'fhéadfadh a bheith modhnaithe beagán nó gan a bheith modhnaithe, nó d'fhéadfaí iad a ghearradh ar allmhairí den táirge comhchosúil atá modhnaithe beagán ón tír atá faoi réir beart, nó cuid de bhearta, i gcás ina bhfuil teacht timpeall ar na bearta atá i bhfeidhm ag tarlú.

Féadfar dleachtanna frithdhumpála nach mó ná an dleacht frithdhumpála iarmharach arna forchur i gcomhréir le hAirteagal 9(5) a leathnú chuig allmhairí ó chomhlachtaí a fhaigheann tairbhe as dleachtanna aonair sna tíortha atá faoi réir beart nuair atá teacht timpeall ar na bearta atá i bhfeidhm ag tarlú.

Déanfar teacht timpeall a shainiú mar athrú ar an bpatrún trádála idir tríú tíortha agus an Aontas nó idir comhlachtaí aonair sa tír faoi réir beart agus an tAontas, agus eascraíonn sé as cleachtas, próiseas nó obair nach bhfuil údar maith dóthanach ná bonn cirt eacnamaíoch leis seachas an dleacht a fhorchur, agus i gcás ina bhfuil fianaise maidir le díobháil ann nó go bhfuil an bonn á bhaint d'éifeachtaí ceartaitheacha na dleachta i dtéarmaí praghsanna agus/nó cainníochtaí an táirge chomhchosúil, agus i gcás ina bhfuil fianaise dumpála ann maidir leis na gnáthluachanna a cinneadh roimhe sin don táirge comhchosúil, i gcomhréir le forálacha Airteagal 2 más gá.

Áirítear na nithe a leanas, inter alia, sa chleachtas, próiseas nó obair dá dtagraítear sa tríú fomhír:

(a) modhnú beag ar an táirge lena mbaineann ionas go bhfuil sé faoi réir cóid chustaim nach mbíonn faoi réir na mbeart de ghnáth, ar choinníoll nach n-athraíonn an modhnú sin saintréithe an táirge;

(b) coinsíniú an táirge faoi réir beart trí thríú tíortha;

(c) atheagrú a bpatrún agus a mbealaí díolacháin sa tír atá faoi réir beart ag onnmhaireoirí nó táirgeoirí d'fhonn a gcuid táirgí a onnmhairiú faoi dheireadh chuig an Aontas trí tháirgeoirí a bhaineann tairbhe as dleachtráta aonair níos ísle ná an dleachtráta is infheidhme ar tháirgí na monaróirí;

(d) sna cúinsí a luaitear i mír 2, na páirteanna a chóimeáil ag oibríocht chóimeála san Aontas nó i dtríú tír.

2.  Measfar go bhfuil oibríocht chóimeála san Aontas nó i dtríú tír ag teacht timpeall ar na bearta atá i bhfeidhm sna cásanna a leanas:

(a) cuireadh tús leis an oibríocht, nó tháinig méadú mór uirthi, ón tráth a cuireadh tús leis an imscrúdú frithdhumpála, nó díreach roimhe, agus is ón tír atá faoi réir na mbeart na páirteanna ábhartha; agus

(b) is ionann na páirteanna agus 60 % nó níos mó de luach iomlán pháirteanna an táirge agus é cóimeáilte, ach amháin nach measfar in aon chás go bhfuil teacht timpeallar bun más luach níos mó ná 25 % den chostas monaraithe an luach atá curtha leis na páirteanna a tógadh isteach le linn na hoibríochta cóimeála nó críochnaithe; agus

(c) tá an bonn á bhaint d'éifeachtaí ceartaitheacha na dleachta i dtéarmaí praghsanna agus/nó cainníochtaí an táirge chomhchosúil agus é cóimeáilte agus tá fianaise dumpála ann maidir leis na gnáthluachanna a cinneadh roimhe sin don táirge comhchosúil nó do tháirgí cosúla.

▼M2

3.  Tionscnófar imscrúduithe de bhun an Airteagail seo ar thionscnamh ón gCoimisiún nó arna iarraidh sin do Bhallstát nó d’aon pháirtí leasmhar ar bhonn go leor fianaise a bheith ann maidir leis na tosca a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar tionscnaimh trí mheán rialachán ón gCoimisiún lena ndéanfar na húdaráis chustaim a threorú freisin maidir le hallmhairí a chur faoi réir clárúcháin i gcomhréir le hAirteagal 14(5) nó ráthaíochtaí a iarraidh. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil freisin do na Ballstáit tar éis do pháirtí leasmhar nó do Bhallstát iarraidh a chur isteach lena dtugtar bonn cirt chun imscrúdú a thionscnamh agus tar éis don Choimisiún a anailís air a thabhairt chun críche, nó tar éis don Choimisiún féin a chinneadh go bhfuil gá le himscrúdú a thionscnamh.

▼B

Déanfaidh an Coimisiún an t-imscrúdú. Féadfaidh na húdaráis chustaim a bheith de chúnamh ag an gCoimisiún agus déanfar an t-imscrúdú a thabhairt i gcrích laistigh de naoi mí.

Má thugann na fíorais, mar a shuífear sa deireadh iad, bonn cirt leis na bearta a leathnú amach, déanfaidh an Coimisiún sin ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15(3). Gabhfaidh éifeacht leis an bhfadú ón dáta a forchuireadh an clárú de bhun Airteagal 14(5) nó ón dáta ar iarradh ráthaíochtaí. Beidh feidhm ag forálacha nós imeachta ábhartha an Rialacháin seo maidir leis an tionscnamh agus maidir le stiúradh imscrúduithe de bhun an Airteagail seo.

▼M2

4.  Ní bheidh allmhairí faoi réir clárúcháin de bhun Airteagal 14(5) ná faoi réir bearta i gcás ina bhfuil siad á dtrádáil ag cuideachtaí a bhaineann tairbhe as díolúintí.

Déanfar iarrataí ar dhíolúintí a bhfuil fianaise leo a chur isteach laistigh de na teorainneacha ama a bhunaítear sa rialachán ón gCoimisiún ar dá bhun a thionscnaítear an t-imscrúdú.

I gcás ina dtarlaíonn an cleachtas, próiseas nó obair imchéimnithe lasmuigh den Aontas, féadfar díolúintí a dheonú ar tháirgeoirí an táirge lena mbaineann nach bhfuil páirteach sna cleachtais imchéimnithe mar atá sainmhínithe i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo.

I gcás ina dtarlaíonn an cleachtas, próiseas nó obair imchéimnithe laistigh den Aontas, féadfar díolúintí a dheonú ar allmhaireoirí a léiríonn nach bhfuil siad páirteach sna cleachtais imchéimnithe mar atá sainmhínithe i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo.

▼B

Deonófar na díolúintí sin le Cinneadh ón gCoimisiún agus beidh siad bailí ar feadh na tréimhse agus faoi na coinníollacha a leagfar síos ann. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit tar éis dó a anailís a thabhairt chun críche.

Ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 11(4), féadfar díolúintí a dheonú chomh maith i ndiaidh an imscrúdaithe ba chúis le fadú na mbeart a thabhairt chun críche.

Ar choinníoll aon bhliain amháin ar a laghad a bheith caite ó fhadú na mbeart, agus má tá líon suntasach páirtithe atá ag iarraidh díolúine, nó a d'fhéadfadh díolúine a iarraidh, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh athbhreithniú ar fhadú na mbeart a thionscnamh. Déanfar aon athbhreithniú den chineál sin i gcomhréir le forálacha Airteagal 11(5) mar is infheidhme maidir le hathbhreithnithe de bhun Airteagal 11(3).

5.  Ní chuirfidh aon rud san Airteagal seo bac ar ghnáthchur i bhfeidhm na bhforálacha i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 14

Forálacha ginearálta

1.  Is le rialachán a fhorchuirfear dleachtanna frithdhumpála sealadacha nó cinntitheacha, agus baileoidh na Ballstáit iad de réir na foirme, an ráta arna sonrú agus na gcritéar eile atá leagtha síos sa rialachán lena bhforchuirtear na dleachtanna sin. Déanfar na dleachtanna sin a bhailiú ar leithligh ó na dleachtanna custaim, na cánacha agus na muirir eile a ghearrtar de ghnáth ar allmhairí.

Ní bheidh aon táirge faoi réir dleachtanna frithdhumpála agus dleachtanna frithchúitimh ag an am céanna, d'fhonn déileáil leis an staid chéanna mar thoradh ar dhumpáil nó ar fhóirdheontas a thabhairt i leith onnmhairí.

2.  Foilseofar Rialacháin lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála sealadacha nó cinntitheacha, agus rialacháin nó cinntí lena nglactar le gealltanais nó lena bhfoirceanntar imscrúduithe nó imeachtaí, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Agus aird chuí á tabhairt ar fhaisnéis rúnda a chosaint, beidh i rialacháin nó i gcinntí den sórt sin, go háirithe, ainmneacha na n-onnmhaireoirí, más féidir, nó na dtíortha lena mbaineann, tuairisc ar an táirge agus achoimre ar na fíorais ábhartha agus na breithnithe is ábhartha i ndáil leis na cinntí maidir le dumpáil agus díobháil. I ngach cás, cuirfear cóip den rialachán nó den chinneadh chuig na páirtithe leasmhara aitheanta. Beidh feidhm ag forálacha na míre seo mutatis mutandis maidir le hathbhreithnithe.

▼M2

3.  Féadfar forálacha speisialta, go háirithe maidir leis an sainmhíniú ar coincheap an tionscnaimh, mar atá i Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ), agus maidir le cur i bhfeidhm agus bailiú dleachta frithdhumpála i scairbh ilchríochach Ballstáit nó limistéar eacnamaíoch eisiach dearbhaithe ag Ballstát de bhun Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (UNCLOS), a ghlacadh de bhun an Rialacháin seo.

▼B

4.  Chun leasa an Aontais, féadfar bearta arna bhforchur de bhun an Rialacháin seo a chur ar fionraí ar feadh tréimhse naoi mí le cinneadh ón gCoimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2). Féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2), síneadh nach mó ná bliain amháin a chur leis an bhfionraí sin.

Ní fhéadfar bearta a chur ar fionraí ach amháin i gcás ina bhfuil athrú sealadach tagtha ar dhálaí an mhargaidh sa mhéid nach dócha go ndéanfaí díobháil arís de dheasca na fionraí, agus ar choinníoll gur tugadh deis don tionscal de chuid an Aontais a dtuairimí a thabhairt agus go bhfuil na tuairimí sin curtha san áireamh. Féadfar bearta a chur i bhfeidhm arís tráth ar bith i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúchán dá dtagraítear in Airteagal 15(2) mura bhfuil feidhm le cúis na fionraí a thuilleadh.

▼M2

5.  Amhail ó thionsnamh an imscrúdaithe agus tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas i dtráth cuí, féadfaidh an Coimisiún treoir a thabhairt do na húdaráis custaim na céimeanna iomchuí a ghlacadh chun allmhairí a chlárú ionas go bhféadfar bearta a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin ar na hallmhairí sin ó dháta clárúcháin den sórt sin ar aghaidh. Déanfar allmhairí a chur faoi réir clárúcháin tar éis iarraidh a fháil ó thionscal an Aontais ina bhfuil go leor fianaise chun údar a thabhairt do ghníomh den sórt sin. Féadfar allmhairí a chur faoi réir clárúcháin ar thionscnamh an Choimisiúin freisin. Is le rialachán ón gCoimisiún a thabharfar clárú isteach. Sonrófar i rialachán den sórt sin cuspóir an bhirt agus, más iomchuí, meastachán ar mhéid an dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a shonrú. Ní bheidh an tréimhse ina gcuirfear allmhairí faoi réir clárúcháin níos faide ná 9 mí.

▼M2

5a.  Déanfaidh an Coimisiún, mura mbeidh go leor fianaise aige de réir bhrí Airteagal 5 nach gcloítear leis na ceanglais faoi phointe (c) nó faoi phointe (d) d’Airteagal 10(4), allmhairí a chlárú de bhun mhír 5 den Airteagal seo le linn na tréimhse réamhnochta de bhun Airteagal 19a. Agus cinneadh á dhéanamh faoi chlárúchán, go háirithe déanfaidh an Coimisiún anailís ar an bhfaisnéis a bhaileofar bunaithe ar chruthú chóid Tharaif Chomhtháite an Aontais Eorpaigh (TARIC) don táirge atá faoi réir imscrúdú de bhun mhír 6 den Airteagal seo.

▼M2

6.  Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc don Choimisiún gach mí maidir le trádáil allmhairí ar táirgí iad atá faoi réir imscrúdú agus bearta, agus maidir leis an méid dleachtanna a bailíodh de bhun an Rialacháin seo. Agus tús á chur le himscrúdú de bhun Airteagal 5, cruthóidh an Coimisiún cóid TARIC a chomhfhreagraíonn don táirge atá faoi réir imscrúdú. Bainfidh na Ballstáit úsáid as na cóid TARIC sin d’fhonn tuarascáil a thabhairt faoi allmhairí an táirge atá faoi réir imscrúdú amhail ó thús an imscrúdaithe. Féadfaidh an Coimisiún, ar iarraidh réasúnaithe ar leith a fháil ó pháirtí leasmhar, a chinneadh achoimre neamhrúnda a thabhairt dóibh ar an bhfaisnéis i ndáil le méideanna agus luachanna comhiomlána allmhairithe na dtáirgí lena mbaineann.

▼B

7.  Gan dochar do mhír 6, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar na Ballstáit, ar bhonn gach cáis faoi leith, an fhaisnéis is gá a sholáthar chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chur i bhfeidhm beart. Beidh feidhm ag forálacha Airteagal 6(3) agus (4) maidir leis an méid sin. Aon sonraí a thíolacfaidh na Ballstáit de bhun an Airteagail seo, cumhdófar faoi fhorálacha Airteagal 19(6) iad.

▼M2

8.  I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún aon doiciméad a ghlacadh lena soláthraítear treoir ghinearálta do pháirtithe leasmhara féideartha maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfar comhairliúchán poiblí i gcomhréir le hAirteagal 11(3) CAE. Féadfaidh Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a gcuid tuairimí a chur in iúl freisin.

Airteagal 14a

Scairbh ilchríochach nó an limistéar eacnamaíoch eisiach

1.  Féadfar dleacht frithdhumpála a fhorchur freisin ar aon táirge dumpáilte a dtugtar méideanna go leor de go dtí oileán saorga, suiteáil sheasta nó ar snámh nó aon struchtúr eile i scairbh ilchríochach Ballstáit nó i limistéar eacnamaíoch eisiach dearbhaithe ag Ballstát de bhun UNCLOS, i gcás ina ndéanfaí díobháil do thionscal an Aontais mar gheall air sin. Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena leagtar síos na coinníollacha chun dleachtanna den sórt sin a thabhú, mar aon leis na nósanna imeachta a bhaineann leis na táirgí sin a fhógairt agus a dhearbhú agus le híocaíocht dleachtanna den sórt sin, lena n-áirítear aisghabháil, aisíocaíocht agus loghadh (uirlis chustaim). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(3).

2.  Is amháin ón dáta a mbeidh an uirlis chustaim oibríochtúil dá dtagraítear i mír 1 a fhorchuirfidh an Coimisiún dleachtanna dá dtagraítear i mír 1. Cuirfidh an Coimisiún in iúl do na hoibreoirí eacnamaíocha go léir go bhfuil an uirlis chustaim oibríochtúil trí fhoilsiú ar leith in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

▼B

Airteagal 15

Nós imeachta coiste

1.  Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i dteannta le hAirteagal 4 de.

5.  De bhun Airteagal 3(5) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, má théitear in iontaoibh nós imeachta i scríbhinn maidir le bearta cinntitheacha a ghlacadh de bhun mhír 3 den Airteagal seo nó maidir le cinneadh a dhéanamh i ndáil le hathbhreithnithe éaga a thionscnamh nó gan iad a thionscnamh de bhun Airteagal 11(6) den Rialachán seo, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh i gcás, laistigh den teorainn ama a leagfaidh an cathaoirleach síos, ina gcinnfidh an cathaoirleach amhlaidh nó ina n-iarrfaidh tromlach de chomhaltaí an choiste, mar a shainmhínítear é in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, amhlaidh. Má théitear in iontaoibh nós imeachta i scríbhinn i gcásanna eile ina ndearnadh an dréacht-bheart a phlé sa choiste, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh i gcás, laistigh den teorainn ama a leagfaidh an cathaoirleach síos, ina gcinnfidh an cathaoirleach amhlaidh nó ina n-iarrfaidh tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh. Má théitear in iontaoibh nós imeachta i scríbhinn i gcásanna eile nuair nach ndearnadh an dréacht-bheart a phlé sa choiste, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh i gcás, laistigh den teorainn ama a leagfaidh an cathaoirleach síos, ina gcinnfidh an cathaoirleach amhlaidh nó ina n-iarrfaidh an cheathrú chuid de chomhaltaí an choiste amhlaidh.

6.  Féadfaidh an coiste aon ábhar a mheas a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar ábhar é a tharraingeoidh an Coimisiún anuas nó arna iarraidh sin ag Ballstát. Féadfaidh na Ballstáit faisnéis a iarraidh agus féadfaidh siad tuairimí a mhalartú sa choiste nó go díreach leis an gCoimisiún.

Airteagal 16

Cuairteanna fíorúcháin

1.  Tabharfaidh an Coimisiúin, má mheasann sé gurb iomchuí, cuairt ar allmhaireoirí, onnmhaireoirí, trádálaithe, gníomhairí, táirgeoirí, comhlachais agus eagraíochtaí trádála chun a dtaifid a scrúdú agus chun faisnéis a soláthraíodh ar dhumpáil agus ar dhíobháil a fhíorú. In éagmais freagra chuí agus thráthúil, b'fhéidir nach ndéanfar cuairt fíorúcháin a thabhairt.

2.  Féadfaidh an Coimisiún imscrúduithe a dhéanamh i dtríú tíortha de réir mar is gá, ar choinníoll go bhfaigheann sé comhaontú na ngnólachtaí lena mbaineann, agus go dtugann sé fógra d'ionadaithe rialtas na tíre i dtrácht agus nach gcuireann an tír sin i gcoinne an imscrúdaithe. A luaithe agus a fhaightear comhaontú na ngnólachtaí lena mbaineann, cuirfidh an Coimisiún ainmneacha agus seoltaí na ngnólachtaí a bhfuil cuairt le tabhairt orthu agus na dátaí atá socraithe in iúl d'údaráis na tíre is onnmhaireoir.

3.  Cuirfear na gnólachtaí lena mbaineann ar an eolas faoin gcineál faisnéise atá le fíorú le linn na gcuairteanna fíorúcháin agus faoi aon fhaisnéis eile is gá a sholáthar le linn na gcuairteanna sin, cé nár cheart go gcuirfeadh sin bac ar iarrataí a dhéantar le linn an fhíorúcháin sonraí breise a sholáthar i bhfianaise na faisnéise atá faighte.

4.  Sna himscrúduithe a dhéanfar de bhun mhíreanna 1, 2 agus 3, tabharfaidh oifigigh na mBallstát a iarrann amhlaidh cúnamh don Choimisiún.

Airteagal 17

Sampláil

▼M2

1.  I gcásanna ina bhfuil líon mór de tháirgeoirí, onnmhaireoirí nó allmhaireoirí an Aontais, agus de chineálacha táirgí nó idirbheart, féadfar an t-imscrúdú a theorannú do líon réasúnta páirtithe, táirgí nó idirbheart trí úsáid a bhaint as samplaí atá bailí ó thaobh staitisticí ar bhonn faisnéise atá ar fáil tráth an roghnaithe, nó a theorannú don líon ionadaíoch is mó táirgthe, díolachán nó onnmhairí is féidir a imscrúdú go réasúnta laistigh den mhéid ama atá ar fáil.

2.  Faoin gCoimisiún a fhanfaidh sé an rogha deiridh a dhéanamh i ndáil le páirtithe, cineálacha táirgí nó idirbhearta a dhéanfar faoi na forálacha samplála sin. Chun gur féidir sampla ionadaíoch a roghnú, áfach, tabharfar tosaíocht do shampla a roghnú i gcomhar leis na páirtithe lena mbaineann, agus le cead uathu, ar choinníoll go gcuirfidh páirtithe den sórt sin iad féin in aithne agus go gcuirfidh siad go leor faisnéise ar fáil, laistigh d’aon seachtain ó lá tionscnaimh an imscrúdaithe.

▼B

3.  I gcásanna ina ndéantar an t-imscrúdú a theorannú i gcomhréir leis an Airteagal seo, déanfar corrlach aonair dumpála a ríomh, mar sin féin, i gcás aon onnmhaireora nó tairgeora nár roghnaíodh ar an gcéad dul síos agus a thíolacann an fhaisnéis is gá laistigh de na teorainneacha ama dá bhforáiltear sa Rialachán seo, seachas i gcás ina bhfuil líon na n-onnmhaireoirí nó táirgeoirí chomh mór sin go mbeadh ró-ualach ag baint le himscrúduithe aonair agus go gcuirfidís bac ar an imscrúdú a thabhairt chun críche in am trátha.

4.  I gcás ina ndéantar cinneadh sampláil a dhéanamh agus nach gcomhoibríonn roinnt de na páirtithe a roghnaíodh, nó nach gcomhoibríonn aon cheann acu, rud a d'fhéadfadh difear ábhartha a dhéanamh do thoradh an imscrúdaithe, féadfar sampla nua a roghnú.

Mar sin féin, má leantar le méid ábhartha den neamh-chomhoibriú sin nó mura bhfuil go leor ama ann sampla nua a roghnú, beidh feidhm ag forálacha ábhartha Airteagal 18.

Airteagal 18

Neamh-chomhoibriú

1.  I gcásanna ina ndiúltaíonn aon pháirtí leasmhar rochtain a sholáthar ar an bhfaisnéis is gá, nó mura soláthraíonn sé an fhaisnéis sin, laistigh de na teorainneacha ama dá bhforáiltear sa Rialachán seo, nó má chuireann sé isteach go mór ar an imscrúdú, féadfar na torthaí sealadacha nó deiridh, bíodh siad dearfach nó diúltach, a bhunú ar na fíorais atá ar fáil.

I gcás inar léir gur sholáthair páirtí leasmhar faisnéis bhréagach nó mhíthreorach, tabharfar neamhaird ar an bhfaisnéis sin agus úsáidfear na fíorais atá ar fáil.

Ba cheart páirtithe leasmhara a chur ar an eolas faoi iarmhairtí an neamh-chomhoibrithe.

2.  Ní mheasfar gur neamh-chomhoibriú é mainneachtain freagra leictreonach a thabhairt, ar choinníoll go léiríonn an páirtí leasmhar go mbeadh ualach breise nó costas breise mí-réasúnach mar thoradh ar an bhfreagra a thabhairt ar an mbealach a iarradh é.

3.  Más rud é nach bhfuil an fhaisnéis a thíolacann páirtí leasmhar oiriúnach ar gach bealach, níor cheart neamhaird a thabhairt uirthi mar sin féin, ar choinníoll nach bhfuil na heasnaimh tromchúiseach a ndóthain le deacracht mhíchuí a chruthú i dteacht ar thoradh a bheadh réasúnta cruinn, go gcuirtear an fhaisnéis chuí isteach in am trátha agus gur féidir í a fhíorú, agus go ndearna an páirtí a dhícheall na coinníollacha a chomhlíonadh.

4.  I gcás ina ndiúltaítear glacadh le fianaise nó le faisnéis áirithe, cuirfear an páirtí atá á soláthar ar an eolas láithreach faoi na cúiseanna a bhaineann leis an diúltú sin, agus tabharfar deis dó a chás a mhíniú tuilleadh laistigh den teorainn ama atá sonraithe. Má mheastar nach bhfuil an míniú sásúil, nochtfar na cúiseanna leis an bhfianaise nó an fhaisnéis sin a dhiúltiú, agus foilseofar iad.

5.  Má bhunaítear cinntí, lena n-áirítear na cinntí sin a bhaineann le luach normálta, ar fhorálacha mhír 1, lena n-áirítear an fhaisnéis a sholáthraítear sa ghearán, déanfar é a sheiceáil, nuair is praiticiúil é agus aird chuí á tabhairt ar theorainneacha ama an imscrúdaithe, trí thagairt a dhéanamh d'fhaisnéis ó fhoinsí neamhspleácha eile a d'fhéadfadh a bheith ar fáil, amhail liostaí foilsithe praghsanna, staitisticí oifigiúla allmhairí agus dearbhuithe custaim, nó faisnéis arna fáil ó pháirtithe leasmhara eile le linn an imscrúdaithe.

D'fhéadfaí a áireamh san fhaisnéis sin sonraí ábhartha a bhaineann leis an margadh domhanda nó margaí ionadaíocha eile, nuair is iomchuí.

6.  Mura gcomhoibríonn páirtí leasmhar, nó mura gcomhoibríonn sé ach i bpáirt agus go gcoinnítear siar faisnéis ábhartha dá bhrí sin, d'fhéadfadh an toradh a bheith níos diúltaí don pháirtí ná mar a bheadh sé dá gcomhoibreodh sé.

Airteagal 19

Rúndacht

1.  Aon fhaisnéis ar fhaisnéis rúnda í (toisc go dtabharfaí buntáiste suntasach iomaíoch d'iomaitheoir dá nochtfaí í, mar shampla, nó toisc go mbeadh tionchar suntasach diúltach aici ar an duine a sholáthraíonn an fhaisnéis nó ar an duine óna bhfuair sé an fhaisnéis) nó aon fhaisnéis a sholáthraíonn páirtithe ar bhonn rúnda d'imscrúdú, déanfaidh na húdaráis í a choireáil amhlaidh.

2.  Ceanglófar ar pháirtithe leasmhara atá ag soláthar faisnéise rúnda, achoimrí neamhrúnda den fhaisnéis sin a sholáthar freisin. Beidh na hachoimrí sin mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a tíolacadh faoi rún a thuiscint. I gcúinsí eisceachtúla, féadfaidh na páirtithe sin a chur in iúl nach féidir achoimre a dhéanamh ar fhaisnéis den sórt. I gcúinsí eisceachtúla den sórt sin, ní mór ráiteas faoi na cúiseanna nach bhfuil sé indéanta an t-achoimriú sin a dhéanamh a chur ar fáil.

3.  Más rud é go meastar nach bhfuil údar le hiarraidh ar rúndacht agus más rud é nach bhfuil soláthróir na faisnéise toilteanach an fhaisnéis a chur ar fáil ná údarú a thabhairt í a nochtadh i bhfoirm ghinearálta nó i bhfoirm achoimre, féadfar neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin ach amháin más féidir le foinsí iomchuí a léiriú go bhfuil an fhaisnéis sin ceart. Ní dhéanfar iarrataí ar rúndacht a dhiúltú gan chúis.

4.  Ní chuirfidh an tAirteagal seo bac ar nochtadh faisnéise ginearálta ag údaráis an Aontais, agus go háirithe nochtadh na gcúiseanna ar a bhfuil cinntí arna ndéanamh de bhun an Rialacháin seo bunaithe, ná nochtadh fianaise ar a bhfuil údaráis an Aontais ag brath sa mhéid is gur gá na cúiseanna sin a mhíniú in imeachtaí cúirte. Ní foláir a chur san áireamh sa nochtadh sin leasanna dlisteanacha na bpáirtithe lena mbaineann i dtaobh gan rúin a ngnó a nochtadh.

5.  Ní nochtfaidh an Coimisiún ná na Ballstáit, ná a n-oifigigh, aon fhaisnéis a gheobhaidh siad de bhun an Rialacháin seo ar faisnéis í a d'iarr an soláthróir I a chóireáil faoi rún, gan sainchead a fháil ón soláthróir sin. Ní nochtfar malartuithe faisnéise idir an Coimisiún agus na Ballstáit, ná aon doiciméid inmheánacha arna n-ullmhú ag údaráis an Aontais nó na mBallstát, ní nochtfar iad ach amháin nuair a fhoráiltear dó sin go sonrach sa Rialachán seo.

6.  Ní dhéanfar faisnéis a fhaightear de bhun an Rialacháin seo a úsáid ach amháin chun na críche ar iarradh í.

Ní chuirfidh an fhoráil seo bac ar fhaisnéis a fhaightear i gcomhthéacs imscrúdaithe amháin a úsáid chun críche imscrúduithe eile a thionscnamh laistigh de na himeachtaí chéanna i ndáil leis an táirge lena mbaineann.

▼M2

Airteagal 19a

Faisnéis ag an gcéim shealadach

1.  Féadfaidh táirgeoirí, allmhaireoirí agus onnmhaireoirí an Aontais agus a gcomhlachais ionadaíocha, agus ionadaithe ón tír onnmhairithe, faisnéis faoi fhorchur beartaithe na ndleachtanna sealadacha a iarraidh. Déanfar iarrataí ar fhaisnéis den sórt sin i scríbhinn laistigh den teorainn ama atá forordaithe san fhógra tionscnaimh. Soláthrófar faisnéis den sórt sin do na páirtithe sin trí seachtaine roimh dleachtanna sealadacha a fhorchur. Áireofar ar fhaisnéis den sórt sin: achoimre ar na dleachtanna a mholtar chun críche faisnéise amháin, agus sonraí faoi ríomh an chorrlaigh dumpála agus an chorrlaigh atá leordhóthanach chun deireadh a chur leis an díobháil do thionscal an Aontais, ag féachaint don riachtanas a bhaineann leis na hoibleagáidí rúndachta a luaitear in Airteagal 19 a urramú. Beidh tréimhse trí lá oibre ó thráth soláthar faisnéise den sórt sin ag páirtithe chun tuairimí a sholáthar maidir le beachtas na ríomhanna.

2.  Nuair nach bhfuil sé beartaithe dleachtanna sealadacha a fhorchur ach leanúint leis an imscrúdú, cuirfear neamh-fhorchur na ndleachtanna in iúl do pháirtithe leasmhara trí seachtaine roimh dhul in éag an spriocdháta atá luaite in Airteagal 7(1) d’fhorchur na ndleachtanna sealadacha.

▼B

Airteagal 20

Nochtadh

1.  Maidir leis na gearánaigh, na honnmhaireoirí agus na hallmhaireoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, agus ionadaithe na tíre is onnmhaireoir, féadfaidh siad a iarraidh go nochtfar na sonraí is bunús leis na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe ar forchuireadh bearta sealadacha ar a mbonn. Déanfar iarrataí ar an nochtadh sin i scríbhinn díreach tar éis na bearta sealadacha a fhorchur, agus déanfar an nochtadh i scríbhinn a luaithe is féidir ina dhiaidh sin.

2.  Féadfaidh na páirtithe a luaitear i mír 1 nochtadh deiridh na bhfíoras agus na mbreithnithe a iarraidh a bhfuil sé beartaithe acu forchur beart cinntitheach, nó foirceannadh imscrúdaithe nó imeachtaí nach bhforchuirtear beart lena linn, a mholadh ar a mbonn agus aird ar leith á tabhairt ar nochtadh aon fhíoras nó breithnithe atá éagsúil leo sin a úsáidtear le haghaidh beart sealadach ar bith.

3.  Cuirfear iarrataí ar nochtadh deiridh, mar atá sainmhínithe i mír 2, faoi bhráid an Choimisiúin i scríbhinn mí ar a dhéanaí, i gcásanna inar forchuireadh dleacht shealadach, tar éis fhorchur na dleachta sin a fhoilsiú. I gcás nár forchuireadh dleacht shealadach, tabharfar deis do pháirtithe nochtadh deiridh a iarraidh laistigh de na teorainneacha ama arna leagan síos ag an gCoimisiún.

4.  Is i scríbhinn a thabharfar an nochtadh deiridh. Déanfar é sin, ag féachaint go cuí don fhaisnéis rúnda a chosaint, a luaithe is féidir agus, de ghnáth, tráth nach déanaí ná mí amháin roimh na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 9 a thionscnamh. I gcás nach féidir leis an gCoimisiún fíorais ná breithnithe áirithe a nochtadh ag an am sin, nochtfar iad sin a luaithe is féidir ina dhiaidh sin.

Ní dhéanfaidh nochtadh aon dochar do chinneadh a d'fhéadfadh an Coimisiún a ghlacadh ina dhiaidh sin ach i gcás ina bhfuil cinneadh den sórt sin bunaithe ar fhíorais agus breithnithe difriúla, nochtfar iad sin a luaithe is féidir.

5.  Aon uiríoll a dhéanfar tar éis an nochta dheiridh, ní thabharfar aird air ach amháin má fhaightear é laistigh de thréimhse a shocróidh an Coimisiún i ngach cás, ar tréimhse í nach giorra ná deich lá, agus aird chuí á tabhairt ar phráinn an ábhair. Féadfar tréimhse níos giorra a leagan amach i gcás ina gcaithfear nochtadh deiridh sa bhreis a dhéanamh.

Airteagal 21

Leas an Aontais

1.  Bunófar cinneadh faoin ngá le hidirghabháil chun leasa an Aontais ar luachmhéadú na leasanna éagsúla ina n-iomláine, lena n-áirítear leasanna an tionscail bhaile agus úsáideoirí agus tomhaltóirí. Ní dhéanfar cinneadh de bhun an Airteagail seo ach amháin i gcás ina bhfuil an deis tugtha do gach páirtí a thuairimí a chur in iúl de bhun mhír 2. In imscrúdú mar sin, tabharfar aird speisialta ar an ngá le fáil réidh leis na héifeachtaí saofa a bhíonn ag dumpáil dhíobhálach ar thrádáil, agus ar iomaíocht éifeachtach a thabhairt ar ais. Ní fhéadfar bearta, arna gcinneadh ar bhonn na dumpála agus na díobhála a rinneadh, a chur i bhfeidhm i gcás inar féidir leis na húdaráis, ar bhonn na faisnéise ar fad a tíolacadh, a bhaint de thátal as nach chun leasa an Aontais atá sé na bearta sin a chur i bhfeidhm.

▼M2

2.  D’fhonn bunús fónta a sholáthar a chuireann ar chumas an Choimisiúin na dearcthaí ar fad agus an fhaisnéis ar fad a chur san áireamh sa chinneadh maidir lena bhfuil nó nach bhfuil forchur na mbeart chun leasa an Aontais, féadfaidh táirgeoir, ceardchumainn, allmhaireoirí agus comhlachais ionadaíocha an Aontais, úsáideoirí ionadaíocha agus eagraíochtaí ionadaíocha tomhaltóirí, laistigh de na teorainneacha ama atá sonraithe i bhfógra tionscnaimh na n-imeachtaí frithdhumpála, iad féin a chur in iúl agus faisnéis a sholáthar don Choimisiún. Cuirfear faisnéis den sórt sin, nó achoimrí oiriúnacha di, ar fáil do na páirtithe eile atá sonraithe san Airteagal seo, agus beidh siad i dteideal freagairt a thabhairt ar fhaisnéis den sórt sin.

▼B

3.  Féadfaidh na páirtithe a ghníomhaigh i gcomhréir le mír 2 éisteacht a iarraidh. Glacfar leis na hiarrataí sin i gcás ina dtíolactar iad laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha amach i mír 2, agus i gcás ina leagtar amach iontu, i dtéarmaí leas an Aontais, cén fáth ar cheart éisteacht a thabhairt do na páirtithe.

▼M2

4.  Féadfaidh na páirtithe a ghníomhaigh i gcomhréir le mír 2 tuairimí a sholáthar maidir le haon dleachtanna sealadacha a chur i bhfeidhm. Gheofar tuairimí den sórt sin laistigh de 15 lá ó dháta chur i bhfeidhm beart den sórt sin má táthar le iad a chur san áireamh agus cuirfear iad nó achoimrí iomchuí orthu, ar fáil do pháirtithe eile a bheidh i dteideal freagra a thabhairt ar thuairimí den sórt sin.

▼B

5.  Scrúdóidh an Coimisiún an fhaisnéis a dhéantar a thíolacadh go cuí agus scrúdóidh sé a ionadaí agus atá sí agus déanfar torthaí na hanailíse sin, mar aon le tuairim ar a fhiúntaí atá sí, a sheoladh chuig an gcoiste dá dtagraítear in Airteagal 15 mar chuid den dréacht-bheart a chuirtear isteach de bhun Airteagal 9. Ba cheart don Choimisiún tuairimí an choiste a chur san áireamh faoi na coinníollacha dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

6.  Féadfaidh na páirtithe a ghníomhaigh i gcomhréir le mír 2 a iarraidh go gcuirfear na fíorais agus na breithnithe ar dócha go nglacfar na cinntí deiridh ina leith ar fáil dóibh. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil a mhéid is féidir agus gan dochar d'aon chinneadh a ghlacfaidh an Coimisiún ina dhiaidh sin.

7.  Ní chuirfear faisnéis san áireamh ach amháin i gcás ina bhfuil fianaise iarbhír ann a thacaíonn le bailíocht na faisnéise sin.

Airteagal 22

Forálacha críochnaitheacha

Ní chuirfidh an Rialachán seo bac ar chur i bhfeidhm:

(a) aon rialacha speisialta atá leagtha síos i gcomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha;

(b) Rialacháin an Aontais i ndáil leis an earnáil talmhaíochta agus Rialachán (CE) Uimh. 1667/2006 ( 4 ) agus Rialachán (CE) Uimh. 614/2009 ( 5 ) Rialachán (CE) Uimh. 1216/2009 ( 6 ), ón gComhairle. Feidhmeoidh an Rialachán seo mar chomhlánú ar na Rialacháin sin agus de mhaolú ó aon fhorálacha de na Rialacháin sin a chuireann bac ar chur i bhfeidhm dleachtanna frtithdhumpála;

(c) bearta speisialta, ar choinníoll nach dtagann na bearta sin salach ar oibleagáidí de bhun Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil 1994.

▼M1

Airteagal 23

Tuarascáil agus faisnéis

▼M2

1.  Déanfaidh an Coimisiún, agus aird chuí aige ar chosaint faisnéise rúnda de réir bhrí Airteagal 19, tuarascáil bhliantúil a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme an Rialacháin seo.

Beidh san áireamh sa tuarascáil sin faisnéis faoi bhearta sealadacha agus bearta críochnaitheacha a chur i bhfeidhm, faoi imscrúduithe a fhoirceannadh gan bearta a ghlacadh, faoi ghealltanais, faoi ath-imscrúduithe, faoi athbhreithnithe agus cuairteanna fíorúcháin, agus faoi ghníomhaíochtaí na gcomhlachtaí éagsúla atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus as comhlíonadh na n-oibleagáidí a eascraíonn as sin. Déanfar úsáid d’ionstraimí maidir le cosaint trádála ag tríú tíortha lena ndírítear ar an Aontas agus achomhairc i gcoinne na mbeart a fhorchuirtear a chuimsiú sa tuarascáil freisin. Áireofar ann gníomhaíochtaí an Oifigigh Éisteachta ó Ardstiúrthóireacht Trádála an Choimisiúin agus ó Dheasc chabhrach FBM i ndáil le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Áireofar sa tuarascáil freisin an chaoi a fhéachadh ar chaighdeáin shóisialta agus chomhshaoil agus an chaoi a cuireadh san áireamh iad sna himscrúduithe. Le caighdeáin den sórt sin, cumhdófar na caighdeáin a ionchorpraítear i gcomhaontuithe iltaobhacha comhshaoil ina bhfuil an tAontas ina pháirtí agus i gcoinbhinsiúin EIS a liostaítear in Iarscríbhinn Ia a ghabhann leis an Rialachán seo, mar aon le reachtaíocht choibhéiseach náisiúnta na tíre onnmhairithe.

▼M1

2.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún teacht chuig cruinniú ad-hoc dá coiste freagrach chun aon saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe a chur i láthair agus a mhíniú. Féadfaidh sé freisin, inter alia, ar bhonn na tuarascála de bhun mhír 1 agus ar bhonn chur i láthair agus mhínithe dá dtagraítear sa mhír seo, aon fhíorais agus nó aon bhreithnithe ábhartha a chur in iúl don Choimisiún.

3.  Tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis don Choimisiún an tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, poibleoidh an Coimisiún an tuarascáil.

▼M2

4.  Faoin 9 Meitheamh 2023 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm Airteagal 7(2a), Airteagal 8(1) agus Airteagal 9(4), lena n-áirítear meastóireacht ar an gcur i bhfeidhm sin, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Féadfaidh togra reachtach, i gcás inarb iomchuí, a bheith ag gabháil le hathbhreithniú den sórt sin.

Airteagal 23a

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(1) a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse 2 bhliain ón 8 Meitheamh 2018 agus ní féidir í a fheidhmiú ach 1 uair amháin.

Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(2a) a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse 5 bliana ón 8 Meitheamh 2018. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhse comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh fadú den sórt sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7(1) agus (2a) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.  Roimh ghníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr ( 7 ).

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7(1) agus (2a) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

▼B

Airteagal 24

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléirú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II.

Airteagal 25

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

AN RIALACHÁN AISGHAIRTHE AGUS LIOSTA DE NA LEASUITHE COMHLEANÚNACHA A RINNEADH AIR



Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (CE) Uimh 1225/2009

(IO L 343, 22.12.2009, lch. 51)

 

Rialachán (AE) Uimh. 765/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 237, 3.9.2012, lch. 1)

 

Rialachán (AE) Uimh. 1168/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 344, 14.12.2012, lch. 1)

 

Rialachán (AE) Uimh 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 18, 21.1.2014, lch. 1)

Pointe 22 den Iarscríbhinn, agus an pointe sin amháin

▼M2




IARSCRÍBHINN Ia

COINBHINSIÚIN EIS DÁ dTAGRAÍTEAR SA RIALACHÁN SEO

1. An Coinbhinsiún maidir le hObair Éigeantais nó Éigeantach, Uimh. 29 (1930)

2. An Coinbhinsiún maidir le Saoirse Comhlachais agus Cosaint an Chirt Eagrúcháin, Uimh. 87 (1948)

3. An Coinbhinsiún maidir leis na Prionsabail a Chur i bhFeidhm i dtaca leis an gCeart Eagrúcháin agus leis an gCómhargáil, Uimh. 98 (1949)

4. An Coinbhinsiún maidir le Luach Saothar Comhionann d’Oibrithe Fireanna agus Baineanna ar Obair arb Ionann a Luach, Uimh. 100 (1951)

5. An Coinbhinsiún maidir le Saothar Éigeantach a chur ar ceal, Uimh. 105 (1957)

6. An Coinbhinsiún maidir le hIdirdhealú i gcúrsaí Fostaíochta agus Slí Bheatha, Uimh. 111 (1958)

7. An Coinbhinsiún maidir leis an Aois Íosta ag a nGlacfar Duine Isteach i bhFostaíocht, Uimh. 138 (1973)

8. An Coinbhinsiún maidir leis na Cineálacha is measa de Shaothar Leanaí a Thoirmeasc agus le Beart Láithreach chun iad a Dhíchur, Uimh. 182 (1999)

▼B




IARSCRÍBHINN II

TÁBLA COMHGHAOIL



Rialachán (CE) Uimh 1225/2009

An Rialachán seo

Airteagal 1 go hAirteagal 4

Airteagal 1 go hAirteagal 4

Airteagal 5(1) go (9)

Airteagal 5(1) go (9)

Airteagal 5(10), an chéad abairt

Airteagal 5(10), an chéad fhomhír

Airteagal 5(10), an dara habairt agus an tríú habairt

Airteagal 5(10), an dara fomhír

Airteagal 5(11) agus (12)

Airteagal 5(11) agus (12)

Airteagal 6(1), an chéad abairt agus an dara habairt

Airteagal 6(1), an chéad fhomhír

Airteagal 6(1), an tríú habairt

Airteagal 6(1), an dara fomhír

Airteagal 6(1), an ceathrú habairt

Airteagal 6(1), an tríú fomhír

Airteagal 6(2)

Airteagal 6(2)

Airteagal 6(3), an chéad abairt

Airteagal 6(3), an chéad fhomhír

Airteagal 6(3), an dara habairt

Airteagal 6(3), an dara fomhír

Airteagal 6(3), an tríú habairt

Airteagal 6(3), an tríú fomhír

Airteagal 6(4), an chéad abairt

Airteagal 6(4), an chéad fhomhír

Airteagal 6(4), an dara habairt

Airteagal 6(4), an dara fomhír

Airteagal 6(4), an tríú habairt

Airteagal 6(4), an tríú fomhír

Airteagal 6(5)

Airteagal 6(5)

Airteagal 6(6), an chéad abairt

Airteagal 6(6), an chéad fhomhír

Airteagal 6(6), an dara habairt

Airteagal 6(6), an dara fomhír

Airteagal 6(6), an tríú habairt

Airteagal 6(6), an tríú fomhír

Airteagal 6(6), an ceathrú habairt

Airteagal 6(6), an ceathrú fomhír

Airteagal 6(7), an chéad abairt

Airteagal 6(7), an chéad fhomhír

Airteagal 6(7), an dara habairt

Airteagal 6(7), an dara fomhír

Airteagal 6(8) agus (9)

Airteagal 6(8) agus (9)

Airteagal 7(1), an chéad abairt

Airteagal 7(1), an chéad fhomhír

Airteagal 7(1), an dara habairt

Airteagal 7(1), an dara fomhír

Airteagal 7(2) go (5)

Airteagal 7(2) go (5)

Airteagal 7(7)

Airteagal 7(6)

Airteagal 8(1), an chéad abairt

Airteagal 8(1), an chéad fhomhír

Airteagal 8(1), an dara habairt

Airteagal 8(1), an dara fomhír

Airteagal 8(1), an tríú habairt

Airteagal 8(1), an tríú fomhír

Airteagal 8(2), an chéad abairt agus an dara habairt

Airteagal 8(2), an chéad fhomhír

Airteagal 8(2), an tríú habairt agus an ceathrú habairt

Airteagal 8(2), an dara fomhír

Airteagal 8(2), an cúigiú habairt

Airteagal 8(2), an tríú fomhír

Airteagal 8(3), (4) agus (5)

Airteagal 8(3), (4) agus (5)

Airteagal 8(6), an chéad abairt agus an dara habairt

Airteagal 8(6), an chéad fhomhír

Airteagal 8(6), an tríú ahbairt

Airteagal 8(6), an dara fomhír

Airteagal 8(7) agus (8)

Airteagal 8(7) agus (8)

Airteagal 8(9), an chéad fhomhír

Airteagal 8(9), an chéad fhomhír

Airteagal 8(9), an dara fomhír, an chéad abairt agus an dara habairt

Airteagal 8(9), an dara fomhír

Airteagal 8(9), an dara fomhír, an tríú habairt

Airteagal 8(9), an tríú fomhír

Airteagal 8(10)

Airteagal 8(10)

Airteagal 9(1), (2) agus (3)

Airteagal 9(1), (2) agus (3)

Airteagal 9(4), an chéad abairt

Airteagal 9(4), an chéad fhomhír

Airteagal 9(4), an dara habairt

Airteagal 9(4), an dara fomhír

Airteagal 9(5)

Airteagal 9(5)

Airteagal 9(6), an chéad abairt

Airteagal 9(6), an chéad fhomhír

Airteagal 9(6), an dara habairt

Airteagal 9(6), an dara fomhír

Airteagal 9(6), an tríú habairt

Airteagal 9(6), an tríú fomhír

Airteagal 10(1)

Airteagal 10(1)

Airteagal 10(2), an chéad abairt

Airteagal 10(2), an chéad fhomhír

Airteagal 10(2), an dara abairt agus an tríú habairt

Airteagal 10(2), an dara fomhír

Airteagal 10(3)

Airteagal 10(3)

Airteagal 10(4), na focail tosaigh

Airteagal 10(4), na focail tosaigh agus pointí (a) agus (b)

Airteagal 10(4)(a)

Airteagal 10(4)(c)

Airteagal 10(4)(b)

Airteagal 10(4)(d)

Airteagal 10(5)

Airteagal 10(5)

Airteagal 11(1) go (4)

Airteagal 11(1) go (4)

Airteagal 11(5), an chéad fhomhír, an chéad abairt

Airteagal 11(5), an chéad fhomhír

Airteagal 11(5), an chéad fhomhír, an dara habairt agus an tríú habairt

Airteagal 11(5), an dara fomhír

Airteagal 11(5), an chéad fhomhír, an ceathrú habairt

Airteagal 11(5), an tríú fomhír

Airteagal 11(5), an chéad fhomhír, an ceathrú habairt

Airteagal 11(5), an ceathrú fomhír

Airteagal 11(5), an dara fomhír

Airteagal 11(5), an cúigiú fomhír

Airteagal 11(5), an tríú fomhír

Airteagal 11(5), an séú fomhír

Airteagal 11(6), an chéad, abairt, an dara habairt agus an tríú habairt

Airteagal 11(6), an chéad fhomhír

Airteagal 11(6), an ceathrú habairt

Airteagal 11(6), an dara fomhír

Airteagal 11(6), an cúigiú habairt

Airteagal 11(6), an tríú fomhír

Airteagal 11(7)

Airteagal 11(7)

Airteagal 11(8), an chéad fhomhír, an dara fomhír agus an tríú fomhír

Airteagal 11(8), an chéad fhomhír, an dara fomhír agus an tríú fomhír

Airteagal 11(8), an ceathrú fomhír, an chéad abairt agus an dara abairt

Airteagal 11(8), an ceathrú fomhír

Airteagal 11(8), an ceathrú fomhír, an tríú habairt

Airteagal 11(8), an cúigiú fomhír

Airteagal 11(8), an ceathrú fomhír, an ceathrú habairt

Airteagal 11(8), an séú fomhír

Airteagal 11(9) agus (10)

Airteagal 11(9) agus (10)

Airteagal 12

Airteagal 12

Airteagal 13(1), an chéad fhomhír, an chéad abairt

Airteagal 13(1), an chéad fhomhír

Airteagal 13(1), an chéad fhomhír, an dara habairt

Airteagal 13(1), an dara fomhír

Airteagal 13(1), an chéad fhomhír, an tríú habairt

Airteagal 13(1), an tríú fomhír

Airteagal 13(1), an dara fomhír

Airteagal 13(1), an ceathrú fomhír

Airteagal 13(2) agus (3)

Airteagal 13(2) agus (3)

Airteagal 13(4), an chéad fhomhír, an chéad abairt

Airteagal 13(4), an chéad fhomhír

Airteagal 13(4), an chéad fhomhír, an dara habairt

Airteagal 13(4), an dara fomhír

Airteagal 13(4), an chéad fhomhír, an tríú habairt

Airteagal 13(4), an tríú fomhír

Airteagal 13(4), an chéad fhomhír, an ceathrú habairt

Airteagal 13(4), an ceathrú fomhír

Airteagal 13(4), an dara fomhír

Airteagal 13(4), an cúigiú fomhír

Airteagal 13(4), an tríú fomhír

Airteagal 13(4), séú fomhír

Airteagal 13(4), an ceathrú fomhír

Airteagal 13(4), seachtú fomhír

Airteagal 13(5)

Airteagal 13(5)

Airteagal 14(1), an chéad abairt agus an dara habairt

Airteagal 14(1), an chéad fhomhír

Airteagal 14(1), an tríú habairt

Airteagal 14(1), an dara fomhír

Airteagal 14(2), an chéad abairt

Airteagal 14(2), an chéad fhomhír

Airteagal 14(2), an dara habairt, an tríú habairt agus an ceathrú habairt

Airteagal 14(2), an dara fomhír

Airteagal 14(3)

Airteagal 14(3)

Airteagal 14(4), an chéad abairt agus an dara habairt

Airteagal 14(4), an chéad fhomhír

Airteagal 14(4), an tríú habairt agus an ceathrú habairt

Airteagal 14(4), an dara fomhír

Airteagal 14(5), (6) agus (7)

Airteagal 14(5), (6) agus (7)

Airteagail 15 agus 16

Airteagail 15 agus 16

Airteagal 17(1), (2) agus (3)

Airteagal 17(1), (2) agus (3)

Airteagal 17(4), an chéad abairt

Airteagal 17(4), an chéad fhomhír

Airteagal 17(4), an dara habairt

Airteagal 17(4), an dara fomhír

Airteagal 18(1), an chéad abairt

Airteagal 18(1), an chéad fhomhír

Airteagal 18(1), an dara habairt

Airteagal 18(1), an dara fomhír

Airteagal 18(1), an tríú habairt

Airteagal 18(1), an tríú fomhír

Airteagal 18(2) go (6)

Airteagal 18(2) go (6)

Airteagal 19(1) go (5)

Airteagal 19(1) go (5)

Airteagal 19(6), an chéad abairt

Airteagal 19(6), an chéad fhomhír

Airteagal 19(6), an dara habairt

Airteagal 19(6), an dara fomhír

Airteagal 20(1), (2) agus (3)

Airteagal 20(1), (2) agus (3)

Airteagal 20(4), an chéad abairt, an dara habairt agus an tríú habairt

Airteagal 20(4), an chéad fhomhír

Airteagal 20(4), an ceathrú habairt

Airteagal 20(4), an dara fomhír

Airteagal 20(5)

Airteagal 20(5)

Airteagail 21 agus 22

Airteagail 21 agus 22

Airteagal 22a

Airteagal 23

Airteagal 23

Airteagal 24

Airteagal 24

Airteagal 25

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhínn I

Iarscríbinn II



( 1 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).

( 2 ) Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d'allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33).

( 3 ) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

( 4 ) Rialachán (CE) Uimh. 1667/2006 ón gComhairle an 7 Samhain 2006 maidir le glúcós agus lachtós (IO L 312, 11.11.2006, lch. 1).

( 5 ) Rialachán (CE) Uimh. 614/2009 ón gComhairle an 7 Iúil 2009 maidir leis an gcomhchóras trádála le haghaidh ubhalbaimine agus lachtalbaimine (IO L 181, 14.7.2009, lch. 8).

( 6 ) Rialachán (CE) Uimh. 1216/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena leagtar síos na socruithe trádála is infheidhme maidir le hearraí áirithe ar toradh ar phróiseáil táirgí talmhaíochta iad (IO L 328, 15.12.2009, lch. 10).

( 7 ) IO L 123, 12.5.2016, Ich. 1.