02016R0794 — GA — 28.06.2022 — 001.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2016/794 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Bealtaine 2016

maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin

(IO L 135 24.5.2016, lch. 53)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2022/991 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 8 Meitheamh 2022

  L 169

1

27.6.2022




▼B

RIALACHÁN (AE) 2016/794 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Bealtaine 2016

maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin



CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA, CUSPÓIRÍ AGUS CÚRAIMÍ EUROPOL

Airteagal 1

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí a bhunú

1.  
Leis seo bunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) d'fhonn tacú leis an gcomhar frithpháirteach i measc na n-údarás um fhorfheidhmiú an dlí san Aontas.
2.  
Gabhfaidh Europol arna bhunú leis an Rialachán seo ionad Europol arna bhunú le Cinneadh 2009/371/CGB, agus tiocfaidh sé i gcomharbas air.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

(a) 

ciallaíonn “údaráis inniúla na mBallstát” na húdaráis phóilíneachta uile agus na seirbhísí eile forfheidhmithe dlí atá sna Ballstáit agus atá freagrach, faoin dlí náisiúnta, as ciontaí coiriúla a chosc agus a chomhrac. Cuimseofar leis na húdaráis inniúla freisin údaráis phoiblí eile sna Ballstáit atá freagrach, faoin dlí náisiúnta, as cionta coiriúla a bhfuil Europol inniúil ina dtaobh a chosc agus a chomhrac;

(b) 

ciallaíonn “anailís straitéiseach” gach modh agus gach teicníc lena ndéantar faisnéis a bhailiú, a stóráil, a phróiseáil agus a mheasúnú agus é d'aidhm leis sin tacú le beartas coireachta agus é a fhorbairt, ar beartas é a rannchuidíonn leis an gcoireacht a chosc, ar bhonn éifeachtúil agus éifeachtach, agus leis an gcomhrac in aghaidh na coireachta;

(c) 

ciallaíonn “anailís oibríochtúil” gach modh agus gach teicníc lena ndéantar faisnéis a bhailiú, a stóráil, a phróiseáil agus a mheasúnú agus é d'aidhm leis sin tacú le himscrúduithe coiriúla;

(d) 

ciallaíonn “comhlachtaí de chuid an Aontais” comhlachtaí, misin, oifigí agus gníomhaireachtaí arna mbunú ag CAE agus ag CFAE nó ar bhonn na gconarthaí sin;

(e) 

ciallaíonn “eagraíocht idirnáisiúnta” eagraíocht agus a cuid fochomhlachtaí arna rialú ag an dlí idirnáisiúnta poiblí, nó aon chomhlacht eile a bhunaítear le comhaontú idir dhá thír nó níos mó nó ar bhonn comhaontú den sórt sin;

(f) 

ciallaíonn “páirtithe príobháideacha” eintitis agus comhlachtaí arna mbunú faoi dhlí Ballstáit nó tríú tír, go háirithe cuideachtaí agus gnólachtaí, comhlachais ghnó, eagraíochtaí neamhbhrabúis agus daoine dlíthiúla eile nach gcumhdaítear faoi phointe (e);

(g) 

ciallaíonn “daoine príobháideacha” gach duine nádúrtha;

▼M1 —————

▼B

(l) 

ciallaíonn “faighteoir” duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó aon chomhlacht eile dá nochtar sonraí, bíodh siad ina dtríú páirtí nó ná bíodh;

▼M1 —————

▼M1

(p) 

ciallaíonn “sonraí pearsanta riaracháin” na sonraí pearsanta a phróiseálann Europol seachas sonraí pearsanta oibríochtúla;

▼M1

(q) 

ciallaíonn “sonraí imscrúdaitheacha” sonraí a bhfuil Ballstát, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle ( 1 ), Eurojust nó tríú tír údaraithe a phróiseáil in imscrúdú coiriúil atá ar siúl a bhaineann le Ballstát amháin nó níos mó, i gcomhréir le ceanglais nós imeachta agus coimircí is infheidhme faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, a chuir Ballstát, OIPE, Eurojust nó tríú tír faoi bhráid Europol chun tacú le himscrúdú coiriúil den sórt sin a leanann go fóill agus ina bhfuil sonraí pearsanta nach mbaineann leis na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II;

(r) 

ciallaíonn “ábhar sceimhlitheoireachta” ábhar sceimhlitheoireachta mar a shainmhínítear é in Airteagal 2, pointe (7), de Rialachán (AE) 2021/784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 );

(s) 

ciallaíonn “ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne” ábhar ar line ar pornagrafaíocht leanaí é mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (c) de Threoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ) nó léiriú pornagrafach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (e), den Treoir sin;

(t) 

ciallaíonn “géarchéim ar líne” scaipeadh ábhair ar líne a eascraíonn as fíortheagmhais atá fós sa siúl nó a tharla le déanaí, ina dtaispeántar díobháil á déanamh don bheatha nó do shláine choirp, nó ina n-iarrtar go ndéanfaí díobháil don bheatha nó do shláine choirp go luath, agus darb aidhm, nó darb éifeacht, pobal a imeaglú go tromchúiseach, ar choinníoll go bhfuil nasc leis an sceimhlitheoireacht nó leis an antoisceachas foréigneach nó ina bhfuil amhras réasúnach ann faoin nasc sin agus go bhfuiltear ag súil le féidearthacht iolrú easpónantúil agus mearscaipeadh an ábhair sin ar fud roinnt soláthraithe seirbhíse ar líne;

(u) 

ciallaíonn “catagóir aistrithe sonraí pearsanta” grúpa aistrithe sonraí pearsanta i gcás ina mbaineann na sonraí leis an gcás sonrach céanna, agus ina inarb éard atá sna haistrithe na catagóirí céanna sonraí pearsanta agus na catagóirí céanna d’ábhair sonraí;

(v) 

ciallaíonn “tionscadail taighde agus nuálaíochta” tionscadail a bhaineann le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo le haghaidh algartaim a fhorbairt, a oiliúint, a thástáil agus a bhailíochtú chun uirlisí sonracha agus tionscadail taighde agus nuálaíochta shonracha eile a cheapadh is ábhartha chun cuspóirí Europol a bhaint amach.

▼B

Airteagal 3

Cuspóirí

1.  
Tacóidh agus treiseoidh Europol le gníomhaíocht údaráis inniúla na mBallstát agus lena gcomhar frithpháirteach d'fhonn an choireacht thromchúiseach a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó, an sceimhlitheoireacht agus saghsanna eile coireachta a dhochraíonn leas coiteann atá ina ábhar do bheartas de chuid an Aontais, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I, a chosc agus a chomhrac.
2.  

De bhreis ar mhír 1, cumhdófar cionta coiriúla gaolmhara freisin le cuspóirí Europol. Measfar iad seo a leanas mar chionta coiriúla gaolmhara:

(a) 

cionta coiriúla a dhéantar chun an modh a aimsiú le gníomhartha a bhfuil Europol inniúil ina dtaobh a dhéanamh;

(b) 

cionta coiriúla a dhéantar chun gníomhartha a bhfuil Europol inniúil ina dtaobh a éascú nó a dhéanamh;

(c) 

cionta coiriúla a dhéantar chun a áirithiú go bhfuil na daoine a dhéanann gníomhartha a bhfuil Europol inniúil ina dtaobh saor ó phionós.

Airteagal 4

Cúraimí

1.  

Cuirfidh Europol na cúraimí seo a leanas i gcrích chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach:

(a) 

faisnéis, lena n-áirítear faisnéis choiriúil, a bhailiú, a stóráil, a phróiseáil, a anailísiú agus a mhalartú;

(b) 

na Ballstáit a chur ar an eolas gan mhoill maidir le faisnéis ar bith agus nasc ar bith idir cionta coiriúla a bhaineann leo, trí na haonaid náisiúnta a bhunaítear nó a ainmnítear de bhun Airteagal 7(2);

(c) 

gníomhaíochtaí oibríochtúla agus imscrúdaitheacha a chomhordú, a eagrú agus a chur chun feidhme chun tacú agus treisiú le gníomhaíocht údaráis inniúla na mBallstát, ar gníomhaíochtaí iad a dhéantar:

(i) 

go comhpháirteach le húdaráis inniúla na mBallstát; nó

(ii) 

i gcomhthéacs foirne comhpháirteacha um imscrúdú, i gcomhréir le hAirteagal 5 agus, i gcás inarb iomchuí, i gcuibhreann le Eurojust;

(d) 

páirt a ghlacadh i bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú agus moladh a dhéanamh go mbunófar i gcomhréir le hAirteagal 5 iad;

(e) 

tacaíocht faisnéise agus anailíse a chur ar fáil do na Ballstáit i dtaca le mórimeachtaí idirnáisiúnta;

(f) 

measúnuithe ar bhagairtí, anailísí straitéiseacha agus oibríochtúla agus tuarascálacha ginearálta staide a ullmhú;

(g) 

saineolas faoi mhodhanna chosc na coireachta, nósanna imeachta imscrúdaitheacha agus modhanna teicniúla agus fóiréinseacha a fhorbairt, a chomhroinnt agus a chur chun cinn, agus comhairle a chur ar fáil do na Ballstáit;

(h) 

tacú le gníomhaíochtaí trasteorann malartuithe faisnéise, oibríochtaí trasteorann agus imscrúduithe trasteorann na mBallstát, agus le foirne comhpháirteacha um imscrúdú chomh maith, lena n-áirítear trí thacaíocht oibríochtúil, theicniúil agus airgeadais a sholáthar;

▼M1

(ha) 

tacaíocht riaracháin agus airgeadais a sholáthar d’aonaid speisialta idirghabhála na mBallstát dá dtagraítear i gCinneadh 2008/617/CGB ón gComhairle ( 4 );

▼B

(i) 

oiliúint speisialaithe a chur ar fáil agus cuidiú leis na Ballstáit oiliúint a eagrú, lena n-áirítear le tacaíocht airgeadais a sholáthar, laistigh dá raon feidhme cuspóirí agus i gcomhréir leis na hacmhainní foirne agus buiséadacha atá ar fáil dó agus i gcomhordú le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL);

▼M1

(j) 

comhoibriú le comhlachtaí de chuid an Aontais a bunaíodh ar bhonn Theideal V CFAE, le OLAF agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ), go háirithe trí fhaisnéis a mhalartú agus trí thacaíocht anailíseach i réimsí a thagann laistigh dá n-inniúlachtaí faoi seach a sholáthar dóibh;

▼B

(k) 

faisnéis agus tacaíocht a chur ar fáil do struchtúir bhainistithe géarchéime AE agus do mhisin AE arna mbunú ar bhonn CAE, laistigh de raon feidhme chuspóirí Europol a leagtar amach in Airteagal 3;

(l) 

lárionaid saineolais Aontais a fhorbairt chun cineálacha áirithe coireachta a thagann faoi raon feidhme chuspóirí Europol a chomhrac, go háirithe Ionad Cibearchoireachta na hEorpa;

▼M1

(m) 

tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát chun na cineálacha coireachta a liostaítear in Iarscríbhinn I a chosc agus a chomhrac, ar cineálacha iad a éascaítear, a chuirtear chun cinn nó a dhéantar trí úsáid a bhaint as an idirlíon, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas:

(i) 

cúnamh a thabhairt d’údaráis inniúla na mBallstát, arna iarraidh sin dóibh, freagairt do chibir-ionsaithe de bhunús coiriúil amhrasta;

(ii) 

comhoibriú le húdaráis inniúla na mBallstát maidir le horduithe baint anuas i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2021/784; agus

(iii) 

ábhar ar líne a atreorú chuig na soláthraithe seirbhísí ar líne lena mbaineann chun go ndéanfaidh siad é a mheas, go deonach, maidir le comhoiriúnacht an ábhair sin lena dtéarmaí agus lena gcoinníollacha féin;

▼M1

(r) 

tacú leis na Ballstáit daoine a shainaithint arb ionann a ngníomhaíochtaí coiriúla agus na cineálacha coireachta a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus is ardriosca slándála iad;

(s) 

imscrúduithe comhpháirteacha, comhordaithe agus tosaíochta a éascú i ndáil le daoine dá dtagraítear i bpointe (r);

(t) 

tacú leis na Ballstáit próiseáil a dhéanamh ar shonraí arna soláthar ag tríú tíortha nó ag eagraíochtaí idirnáisiúnta do Europol maidir le daoine atá rannpháirteach i sceimhlitheoireacht nó i gcoireacht thromchúiseach agus moladh a dhéanamh go bhféadfadh na Ballstáit, dá rogha féin agus faoi réir fíoraithe agus anailíse na sonraí sin, foláirimh faisnéise ar náisiúnaigh thríú tíortha a iontráil chun leas an Aontais (“foláirimh faisnéise”) i gCóras Faisnéise Schengen (CFS), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 );

(u) 

tacaíocht a sholáthar do chur i bhfeidhm an tsásra measúnaithe agus faireacháin chun chur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú faoi Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013, faoi chuimsiú chuspóirí Europol, trí shaineolas agus anailísí a sholáthar, i gcás inarb ábhartha;

(v) 

faireachán réamhghníomhach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta is ábhartha chun cuspóirí Europol a bhaint amach agus rannchuidiú leis na gníomhaíochtaí sin trí thacú le gníomhaíochtaí gaolmhara na mBallstát agus trí na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta dá chuid a chur chun feidhme, lena n-áirítear tionscadail le haghaidh forbairt, oiliúint, tástáil agus bailíochtú algartam chun uirlisí sonracha a fhorbairt lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí, agus torthaí na ngníomhaíochtaí a scaipeadh ar na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 67;

(w) 

rannchuidiú le sineirgí a chruthú idir gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta chomhlachtaí an Aontais, is ábhartha do chuspóirí Europol a bhaint amach, lena n-áirítear trí Mhol Nuálaíochta an Aontais Eorpaigh um Shlándáil Inmheánach, agus i ndlúthchomhar leis na Ballstáit;

(x) 

tacaíocht a thabhairt, arna iarraidh sin dóibh, do ghníomhaíochtaí na mBallstát agus aghaidh á tabhairt acu ar ghéarchéimeanna ar líne, go háirithe tríd an bhfaisnéis is gá a sholáthar do pháirtithe príobháideacha chun ábhar ábhartha ar líne a shainaithint;

(y) 

tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát chun aghaidh a thabhairt ar scaipeadh ar line ábhair mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne;

(z) 

comhoibriú, i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir (AE) 2019/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ), le hAonaid um Fhaisnéis Airgeadais (AFAnna) arna mbunú de bhun Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 ), trí aonad náisiúnta ábhartha Europol nó, má cheadaíonn an Ballstát ábhartha é, trí theagmháil dhíreach leis na AFAnna, go háirithe trí mhalartú faisnéise agus trí anailísí a sholáthar do na Ballstáit chun tacú le himscrúduithe trasteorann ar ghníomhaíochtaí sciúrtha airgid na n-eagraíochtaí coiriúla trasnáisiúnta agus ar mhaoiniú na sceimhlitheoireachta;

Ionas go bhféadfaidh Ballstát na Ballstáit eile agus Europol a chur ar an eolas, laistigh de thréimhse 12 mhí ón uair a mhol Europol go bhféadfar foláirimh faisnéise dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (t) a iontráil, maidir le toradh fhíorú agus anailís na sonraí agus maidir le cibé acu a iontráladh nó nár iontráladh foláireamh isteach in CFS nó nár, cuirfear sásraí tuairiscithe tréimhsiúil i bhfeidhm;

Cuirfidh na Ballstáit Europol ar an eolas maidir le haon fholáirimh faisnéise a cuireadh isteach in CFS agus maidir le haon amas ar na foláirimh faisnéise sin, agus féadfaidh siad, trí Europol, an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta a sholáthair na sonraí as a dtagann an foláireamh faisnéise a chur ar an eolas, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1862.

▼B

2.  
Cuirfidh Europol anailísí straitéiseacha agus measúnuithe ar bhagairtí ar fáil chun cuidiú leis an gComhairle agus leis an gCoimisiún tosaíochtaí straitéiseacha agus oibríochtúla an Aontais a leagan síos chun an choireacht a chomhrac. ►M1  Cuideoidh Europol freisin leis na tosaíochtaí sin a chur chun feidhme go hoibríochtúil, go háirithe ar an t-Ardán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla (Empact), lena n-áirítear trí thacaíocht riaracháin, lóistíochtúil, airgeadais agus oibríochtúil a éascú agus a sholáthar do ghníomhaíochtaí oibríochtúla agus straitéiseacha a stiúrann na Ballstáit. ◄
3.  
Cuirfidh Europol anailísí straitéiseacha agus measúnuithe ar bhagairtí ar fáil chun cuidiú le húsáid éifeachtach agus éifeachtúil na n-acmhainní atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla agus chun tacaíocht leis na gníomhaíochtaí sin. ►M1  Soláthróidh Europol anailísí um measúnú a bh-agairtí freisin bunaithe ar an bhfaisnéis atá aige maidir le feiniméin agus treochtaí coireachta chun tacú leis an gCoimisiún agus na Ballstáit agus measúnuithe riosca á ndéanamh acu. ◄
4.  
Gníomhóidh Europol mar an Lároifig chun góchumadh an euro a chomhrac i gcomhréir le Cinneadh 2005/511/CGB ón gComhairle ( 9 ). Molfaidh Europol comhordú a dhéanamh freisin ar na bearta a ghlacann údaráis inniúla na mBallstát chun góchumadh an euro a chomhrac nó i gcomhthéacs foirne comhpháirteacha um imscrúdú, i gcás inarb iomchuí, i gcuibhreann le comhlachtaí an Aontais agus údaráis tríú tíortha.

▼M1

4a.  
Tabharfaidh Europol cúnamh do na Ballstáit agus don Choimisiún agus mórthéamaí taighde á sainaithint acu.

Cuideoidh Europol leis an gCoimisiún chun cláir réime an Aontais um ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta is ábhartha chun cuspóirí Europol a bhaint amach a tharraingt suas agus a chur chun feidhme.

I gcás inarb iomchuí, féadfaidh Europol torthaí a chuid gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a scaipeadh mar chuid dá rannchuidiú le sineirgí a chruthú idir gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta comhlachtaí ábhartha an Aontais i gcomhréir le mír 1, an chéad fhomhír, pointe (w).

Déanfaidh Europol na bearta uile is gá chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint. Ní bhfaighidh Europol maoiniú ó chlár réime ar leith de chuid an Aontais i gcás ina gcuidíonn sé leis an gCoimisiún i ndáil le príomhthéamaí taighde a shainaithint agus i ndáil leis an gclár sin a tharraingt suas agus a chur chun feidhme.

Agus gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta á gceapadh agus á gcoincheapú aige maidir le gnóthaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, féadfaidh Europol, i gcás inarb iomchuí, dul i gcomhairle leis an Airmheán Comhpháirteach Taighde de chuid an Choimisiúin.

4b.  
Tacóidh Europol leis na Ballstáit, a mhéid a bhaineann leis na himpleachtaí a mbeifear ag súil leo don tslándáil, chun cásanna sainiúla d’infheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontais a scagadh faoi Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 ) a bhaineann le gnóthais a sholáthraíonn teicneolaíochtaí, lena n-áirítear bogearraí, arna n-úsáid ag Europol chun coireanna a thagann faoi chuimsiú chuspóirí Europol a chosc agus a imscrúdú.

▼M1

5.  
Ní chuirfidh Europol bearta comhéigneacha i bhfeidhm agus a chuid cúraimí á gcur i gcrích aige.

Féadfaidh baill foirne Europol tacaíocht oibríochtúil a sholáthar d’údaráis inniúla na mBallstát le linn dóibh bearta imscrúdaitheacha a fhorghníomhú, arna iarraidh sin dóibh agus i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, go háirithe trí mhalartú faisnéise trasteorann a éascú, trí thacaíocht fhóiréinseach agus theicniúil a sholáthar agus trí bheith i láthair nuair a dhéantar na bearta sin a fhorghníomhú. Ní bheidh sé de chumhacht ag foireann Europol féin bearta imscrúdaitheacha a fhorghníomhú.

▼M1

5a.  
Urramóidh Europol na cearta agus na saoirsí bunúsacha a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“An Chairt”) i gcomhlíonadh a chúraimí.

▼B



CAIBIDIL II

COMHAR IDIR NA BALLSTÁIT AGUS EUROPOL

Airteagal 5

Rannpháirtíocht i bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú

1.  
Féadfaidh baill foirne Europol páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí na bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú a bhíonn ag déileáil leis an gcoireacht a thagann faoi réim chuspóirí Europol. Leis an gcomhaontú lena mbunaítear foireann chomhpháirteach um imscrúdú, cinnfear na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht bhaill foirne Europol sa bhfoireann, agus áiritheofar ann faisnéis maidir leis na rialacha i ndáil le dliteanas.
2.  
Féadfaidh baill foirne Europol, laistigh de theorainneacha dhlíthe na mBallstát a bhfuil foireann chomhpháirteach um imscrúdú ag oibriú iontu, cuidiú le gach gníomhaíocht agus gach malartú faisnéise le baill uile na foirne comhpháirtí um imscrúdú.
3.  
Féadfaidh baill foirne Europol atá rannpháirteach i bhfoireann chomhpháirteach um imscrúdú, i gcomhréir leis an Rialachán seo, an fhaisnéis riachtanach arna próiseáil ag Europol chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 18(2) a chur ar fáil do bhaill uile na foirne. Déanfaidh Europol, ag an am céanna, aonaid náisiúnta na mBallstát a bhfuil ionadaíocht déanta orthu ar an bhfoireann a chur ar an eolas chomh maith leis na cinn sin sna Ballstáit a chuir an fhaisnéis ar fáil.
4.  
An fhaisnéis a gheobhaidh baill foirne Europol agus iad mar chuid den fhoireann chomhpháirteach um imscrúdú, le toiliú agus faoi fhreagracht an Bhallstáit a chuir an fhaisnéis ar fáil, féadfaidh Europol í a phróiseáil chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 18(2), faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.
5.  
I gcás ina mbeidh cúis ag Europol lena chreidiúint go gcuirfí luach le himscrúdú dá mbunófaí foireann chomhpháirteach um imscrúdú, d'fhéadfadh sé é sin a mholadh do na Ballstáit lena mbaineann agus bearta a ghlacadh chun cuidiú leo an fhoireann chomhpháirteach um imscrúdú a bhunú.

Airteagal 6

Iarraidh ó Europol ar imscrúdú coiriúil a thionscnamh

1.  
I gcásanna ar leith ina measann Europol gur cheart imscrúdú coiriúil a thionscnamh maidir le coir a thagann faoi raon feidhme a chuspóirí, iarrfaidh sé ar údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann, trí na haonaid náisiúnta, imscrúdú coiriúil den sórt sin a thionscnamh, a chur i gcrích nó a chomhordú.

▼M1

1a.  
Gan dochar do mhír 1, i gcás ina measfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin gur cheart imscrúdú coiriúil a thionscnamh ar choir shonrach nach mbaineann ach le Ballstát amháin ach lena ndéantar difear do leas coiteann atá ina ábhar do bheartas de chuid an Aontais, is féidir leis an Stiúrthóir a mholadh d’údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann, trína aonad náisiúnta, imscrúdú coiriúil den sórt sin a thionscnamh, a dhéanamh nó a chomhordú.

▼M1

2.  
Cuirfidh na haonaid náisiúnta Europol, maidir le haon iarraidh arna déanamh de bhun mhír 1, nó an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, maidir le haon togra arna dhéanamh de bhun mhír 1a, ar an eolas maidir le cinneadh údaráis inniúla na mBallstát, gan moill mhíchuí.

▼B

3.  

Má chinneann údaráis inniúla Ballstáit gan géilleadh d'iarraidh arna déanamh ag Europol de bhun mhír 1, cuirfidh siad Europol ar an eolas faoin méid is cúis lena gcinneadh, gan moill mhíchuí, ach b'fhearr é a dhéanamh laistigh d'aon mhí tar éis an iarraidh a fháil. Mar sin féin, féadfar gan na cúiseanna a thabhairt, i gcás, dá dtabharfaí iad:

(a) 

go mbeadh sé ag teacht salach ar leasanna bunúsacha shlándáil an Bhallstáit lena mbaineann; nó

(b) 

go gcuirfí rath imscrúdaithe atá ar siúl nó sábháilteacht duine aonair i mbaol.

▼M1

4.  
Cuirfidh Europol Eurojust, agus i gcás inarb ábhartha, OIPE, ar an eolas láithreach faoi aon iarraidh arna déanamh de bhun mhír 1, faoin aon thogra arna dhéanamh de bhun mhír 1a agus faoi aon chinneadh arna dhéanamh ag údarás inniúil de chuid Ballstáit de bhun mhír 2.

▼B

Airteagal 7

Aonaid náisiúnta Europol

1.  
Comhoibreoidh na Ballstáit agus Europol le chéile i gcomhlíonadh a gcuid cúraimí faoi seach a leagtar amach sa Rialachán seo.
2.  
Bunóidh nó ainmneoidh gach Ballstát aonad náisiúnta agus is éard a bheidh ann an comhlacht idirchaidrimh idir Europol agus údaráis inniúla an Bhallstáit sin. Ceapfaidh gach Ballstát oifigeach mar cheannaire ar a aonad náisiúnta.
3.  
Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh a aonad náisiúnta inniúil faoin dlí náisiúnta na cúraimí a shanntar d'aonaid náisiúnta sa Rialachán seo a chomhlíonadh, agus go háirithe go mbeidh rochtain aige ar shonraí forfheidhmithe dlí náisiúnta agus ar shonraí ábhartha eile a bheidh riachtanach don chomhar le Europol.
4.  
Cinnfidh gach Ballstát eagrú agus foirne a aonaid náisiúnta i gcomhréir lena dhlí náisiúnta.
5.  
I gcomhréir le mír 2, is é an t-aonad náisiúnta a bheidh ina chomhlacht idirchaidrimh idir Europol agus údaráis inniúla an Bhallstáit. Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit teagmhálacha díreacha idir a gcuid údarás inniúil agus Europol a cheadú, faoi réir coinníollacha arna gcinneadh ag na Ballstáit, lena n-áirítear rannpháirtíocht a bheith ag an aonad náisiúnta roimh ré. Gheobhaidh an t-aonad náisiúnta, i gcomhthráth, ó Europol aon fhaisnéis a malartaíodh le linn teagmhálacha díreacha idir Europol agus na húdaráis inniúla, ach amháin má léiríonn an t-aonad náisiúnta nach gá dó faisnéis den sórt sin a fháil.
6.  

Déanfaidh gach Ballstát, trína aonad náisiúnta nó, faoi réir mhír 5, trí údarás inniúil, an méid seo a leanas, go háirithe:

(a) 

an fhaisnéis is gá a sholáthar do Europol atá riachtanach chun a chuid cuspóirí a chomhlíonadh, lena n-áirítear an fhaisnéis a bhaineann le saghsanna coireachta a measann an tAontas gur tosaíocht é iad a chosc nó a chomhrac;

(b) 

cumarsáid éifeachtach agus comhar éifeachtach a áirithiú idir údaráis inniúla ábhartha uile agus Europol;

(c) 

feasacht a mhúscailt faoi ghníomhaíochtaí Europol;

(d) 

i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 38(5), a áirithiú go gcomhlíonfar an dlí náisiúnta agus faisnéis á soláthar do Europol.

7.  

Gan dochar do chomhlíonadh a gcuid freagrachtaí ag na Ballstáit i dtaca leis an ord poiblí a chaomhnú agus slándáil inmheánach a choimirciú, ní bheidh sé d'oibleagáid ar na Ballstáit, in aon chás ar leith, faisnéis a sholáthar i gcomhréir le pointe (a) de mhír 6, ar faisnéis í:

(a) 

a bheadh ag teacht salach ar leasanna bunúsacha shlándáil na mBallstát lena mbaineann;

(b) 

a chuirfeadh rath imscrúdaithe atá ar siúl nó sábháilteacht duine aonair i mbaol; nó

(c) 

a nochtfadh faisnéis a bhaineann le heagraíochtaí nó le gníomhaíochtaí sonracha eolais i réimse na slándála náisiúnta.

Beidh sé d'oibleagáid ar na Ballstáit, áfach, faisnéis a sholáthar a luaithe a scoireann sí de theacht faoi raon feidhme phointe (a), phointe (b) nó phointe (c) den chéad fho-mhír.

▼M1

8.  
Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh a gcuid AFAnna, laistigh de theorainneacha a shainordaithe agus a zinniúlachta agus faoi réir a choimircí nós imeachta naisiúnta, i dteideal freagra a thabhairt ar iarrataí a bhfuil údar cuí leo a dhéanann Europol i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir (AE) 2019/1153 maidir le faisnéis airgeadais agus anailísí airgeadais, trí aonaid náisiúnta Europol nó má cheadaíonn an Ballstát dó sin, trí theagmháil dhíreach idir FIU agus Europol.

▼B

9.  
Tiocfaidh ceannairí na n-aonad náisiúnta le chéile go rialta, go háirithe chun fadhbanna a thagann chun cinn i gcomhthéacs a gcomhair oibríochtúil le Europol a phlé agus a réiteach.
10.  
Is iad na Ballstáit a iompróidh na costais a thabhóidh na haonaid náisiúnta i gcumarsáid le Europol agus, cé is moite de na costais naisc, ní dhéanfar iad a ghearradh ar Europol.
11.  
Tarraingeoidh Europol tuarascáil bhliantúil suas maidir leis an bhfaisnéis arna cur ar fáil ag gach Ballstát de bhun phointe (a) de mhír 6 ar bhonn na gcritéar meastóireachta cainníochtúil agus cáilíochtúil arna sainmhíniú ag an mBord Bainistíochta. Seolfar an tuarascáil bhliantúil chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Airteagal 8

Oifigigh idirchaidrimh

1.  
Ainmneoidh gach aonad náisiúnta oifigeach idirchaidrimh amháin ar a laghad a bheidh le ceangal le Europol. Ach amháin mar a leagtar a mhalairt síos sa Rialachán seo, beidh na hoifigigh idirchaidrimh faoi réir dhlí náisiúnta na mBallstát ainmniúcháin.
2.  
Beidh na biúrónna náisiúnta idirchaidrimh in Europol comhdhéanta d'oifigigh idirchaidrimh agus tabharfaidh a gcuid aonad náisiúnta treoir dóibh ionadaíocht a dhéanamh ar a gcuid leas laistigh de Europol i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit ainmniúcháin agus leis na forálacha is infheidhme maidir le Europol a riar.
3.  
Cuideoidh oifigigh idirchaidrimh le malartú faisnéise idir Europol agus a gcuid Ballstát.
4.  
Cuideoidh na hoifigigh idirchaidrimh, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, le malartú faisnéise idir a gcuid Ballstát agus oifigigh idirchaidrimh Ballstát eile, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta. Féadfar úsáid a bhaint as struchtúr Europol, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le haghaidh malairtí déthaobhacha den sórt sin chun coireanna atá lasmuigh de raon feidhme chuspóirí Europol a chlúdach chomh maith. Beidh gach malartú faisnéise den sórt sin i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme.
5.  
Is é an Bord Bainistíochta a shaineoidh cearta agus oibleagáidí oifigeach idirchaidrimh i ndáil le Europol. Beidh na pribhléidí agus na díolúintí ag oifigigh idirchaidrimh atá riachtanach chun a gcuid cúraimí a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 63(2).
6.  
Áiritheoidh Europol go bhfuil oifigigh idirchaidrimh go hiomlán ar an eolas faoina chuid gníomhaíochtaí, a mhéid is gá chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh.
7.  
Clúdóidh Europol na costais as na háitribh riachtanacha laistigh d'fhoirgneamh Europol a sholáthar do Bhallstáit agus as tacaíocht leordhóthanach a thabhairt d'oifigigh idirchaidrimh chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh. Iompróidh an Ballstát ainmniúcháin gach costas eile a thagann chun cinn maidir le hoifigigh idirchaidrimh a ainmniú, lena n-áirítear na costais as trealaimh d'oifigigh idirchaidrimh, mura gcinneann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a mhalairt de réir moladh ón mBord Bainistíochta.



CAIBIDIL III

EAGRÚ EUROPOL

Airteagal 9

Struchtúr riaracháin agus bainistíochta Europol

Is éard a bheidh i struchtúr riaracháin agus bainistíochta Europol:

(a) 

Bord Bainistíochta;

(b) 

Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

(c) 

i gcás inarb iomchuí, comhlachtaí comhairleacha eile arna mbunú ag an mBord Bainistíochta i gcomhréir le pointe (s) d'Airteagal 11(1).



ROINN 1

An Bord Bainistíochta

Airteagal 10

Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta

1.  
Ar an mBord Bainistíochta, beidh ionadaí amháin ó gach Ballstát agus ionadaí amháin ón gCoimisiún. Beidh ceart vótála ag gach ionadaí.
2.  
Ceapfar comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus an t-eolas atá acu ar chomhar i bhforfheidhmiú an dlí á chur san áireamh.
3.  
Beidh comhalta ionaid ag gach comhalta de chuid an Bhoird Bainistíochta, comhaltaí ionaid a cheapfar agus an critéar a leagtar amach i mír 2 á chur san áireamh. Déanfaidh an comhalta ionaid ionadaíocht ar an gcomhalta nuair a bheidh sé nó sí as láthair.

Cuirfear san áireamh freisin prionsabal na hionadaíochta cothroime inscne ar an mBord Bainistíochta.

4.  
Gan dochar don cheart atá ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún sainordú a gcomhalta agus a gcomhalta ionaid faoi seach a fhoirceannadh, is tréimhse ceithre bliana a bheidh i mballraíocht an Bhoird Bainistíochta. Féadfar an tréimhse sin a fhadú.

Airteagal 11

Feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta

1.  

Déanfaidh an Bord Bainistíochta an méid seo a leanas:

▼M1

(a) 

doiciméad clársceidealaithe aonair amháin, dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún ( 11 ), a ghlacadh gach bliain, trí thromlach dhá thrian dá chuid comhaltaí agus i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán seo.

▼B

(b) 

buiséad bliantúil Europol a ghlacadh trí thromlach de dhá thrian dá chuid comhaltaí agus feidhmeanna eile a fheidhmiú i dtaobh bhuiséad Europol de bhun Chaibidil X;

(c) 

tuarascáil ghníomhaíochta bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí Europol a ghlacadh agus í a sheoladh, faoin 1 Iúil den bhliain dár gcionn, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig na parlaimintí náisiúnta, chuig an gComhairle, an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí. Déanfar an tuarascáil ghníomhaíochta bhliantúil chomhdhlúite a phoibliú;

(d) 

na rialacha airgeadais atá infheidhme maidir le Europol a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 61;

(e) 

straitéis inmheánach fhrithchalaoise a ghlacadh, a bheidh comhréireach leis an riosca calaoise, agus costais agus tairbhí na mbeart atá le cur chun feidhme á gcur san áireamh;

(f) 

rialacha a ghlacadh chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú i dtaobh a chuid comhaltaí, lena n-áirítear maidir leis an dearbhú leasanna a dhéanfaidh siad;

(g) 

i gcomhréir le mír 2, na cumhachtaí a thugtar don údarás ceapacháin faoi na Rialacháin Foirne agus don údarás atá cumhachtaithe conradh fostaíochta seirbhíseach eile a thabhairt i gcrích faoi Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile (“cumhachtaí an údaráis ceapacháin”) a fheidhmiú i ndáil le foireann Europol;

(h) 

rialacha iomchuí cur chun feidhme a ghlacadh lena dtugtar éifeacht do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne;

(i) 

rialacha inmheánacha a ghlacadh maidir le nós imeachta roghnúcháin an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, lena n-áirítear na rialacha maidir le comhdhéanamh an choiste roghnúcháin lena n-áirithítear a neamhspleáchas agus a neamhchlaontacht;

(j) 

gearrliosta iarrthóirí do na poist mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus mar Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin a mholadh don Chomhairle agus, i gcás inarb ábhartha, moladh a thabhairt don Chomhairle go ndéanfaí a dtréimhsí oifige a fhadú nó go ndéanfaí iad a bhaint as oifig i gcomhréir le hAirteagal 54 agus le hAirteagal 55;

(k) 

táscairí feidhmíochta a bhunú agus maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, lena n-áirítear cinntí an Bhoird Bainistíochta a chur chun feidhme;

(l) 

Oifigeach Cosanta Sonraí a cheapadh, a bheidh neamhspleách ó thaobh feidhme le linn dó nó di a chuid dualgas nó a cuid dualgas a fheidhmiú;

(m) 

oifigeach cuntasaíochta a cheapadh a bheidh faoi réir na Rialachán Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus a bheidh neamhspleách ó thaobh feidhme le linn dó nó di a chuid dualgas nó a cuid dualgas a fheidhmiú;

(n) 

inniúlacht iniúchóireachta inmheánaí a bhunú, i gcás inarb iomchuí;

(o) 

a áirithiú go ndéanfar obair leantach leordhóthanach ar thorthaí agus ar mholtaí a thagann as na tuarascálacha iniúchóireachta inmheánaí nó as na tuarascálacha iniúchóireachta seachtraí agus as meastóireachtaí inmheánacha nó as meastóireachtaí seachtracha, agus freisin as imscrúduithe arna ndéanamh ag OLAF agus ag MECS;

(p) 

na critéir meastóireachta a shainiú don tuarascáil bhliantúil i gcomhréir le hAirteagal 7(11);

(q) 

treoirlínte a ghlacadh lena sonrófar tuilleadh na nósanna imeachta don phróiseáil faisnéise ag Europol i gcomhréir le hAirteagal 18, agus tar éis dó dul i gcomhairle le MECS;

(r) 

cinneadh a dhéanamh maidir le tabhairt chun críche na socruithe oibre agus riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 23(4) agus le hAirteagal 25(1), faoi seach;

(s) 

cinneadh a dhéanamh, agus ceanglais ghnó agus ceanglais airgeadais á gcur san áireamh, maidir le struchtúir inmheánacha Europol a bhunú, lena n-áirítear lárionaid saineolais an Aontais dá dtagraítear i bpointe (l) d'Airteagal 4(1), ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

(t) 

a rialacha nós imeachta a ghlacadh, lena n-áirítear forálacha a bhaineann le cúraimí agus le feidhmiú a rúnaíochta;

(u) 

rialacha inmheánacha eile a ghlacadh, i gcás inarb iomchuí;

▼M1

(v) 

an tOifigeach um Chearta Bunúsacha dá dtagraítear in Airteagal 41c a ainmniú;

(w) 

na critéir ar ar a mbonn a bhféadfaidh Europol tograí a eisiúint maidir leis an bhféidearthacht foláirimh a iontráil in CFS.

▼B

2.  
Má mheasann an Bord Bainistíochta go bhfuil sé riachtanach chun cúraimí Europol a chomhlíonadh, féadfaidh sé a mholadh don Chomhairle go ndéanfaidh sí aird an Choimisiúin a tharraingt ar an ngá atá le cinneadh leordhóthanachta dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 25(1) nó le moladh le haghaidh cinneadh lena dtabharfar údarú chun tús a chur le caibidlíocht d'fhonn comhaontú idirnáisiúnta amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 25(1) a thabhairt i gcrích.
3.  
Glacfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh a bheidh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile lena ndéanfar cumhachtaí an údaráis ceapacháin ábhartha a tharmligean don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus lena ndéanfar coinníollacha a bhunú faoina bhféadfar tarmligean cumhachtaí den sórt sin a chur ar fionraí. Údarófar don Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.

I gcás inar gá sin mar gheall ar imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Bord Bainistíochta, trí mheán cinnidh, tarmligean chumhachtaí an údaráis cheapacháin don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus aon fho-tharmligean ar chumhachtaí den sórt sin a chur ar fionraí go sealadach agus iad a fheidhmiú é féin nó na cumhachtaí sin a tharmligean chuig duine dá gcuid comhaltaí nó chuig ball foirne eile seachas an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Airteagal 12

Clársceidealú ilbhliantúil agus cláir oibre bhliantúla

▼M1

1.  
Glacfaidh an Bord Bainistíochta, faoin 30 Samhain gach bliain, doiciméad clársceidealaithe aonair ina mbeidh clársceidealú ilbhliantúil agus clár oibre bliantúil Europol, ar bhonn dréacht arna chur ar aghaidh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ag cur san áireamh dó tuairim an Choimisiúin agus, a mhéid a bhaineann leis an gclársceidealú ilbhliantúil, déanfaidh sé é sin tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGrúpa um Ghrinnscrúdú Parlaiminteach Comhpháirteach (GGPC).

I gcás ina gcinnfidh an Bord Bainistíochta gan an tuairim ón gCoimisiún dá dtagraítear sa chéad fhomhír, a chur san áireamh, go hiomlán nó go páirteach, tabharfaidh Europol údar críochnúil leis sin.

I gcás ina gcinnfidh an Bord Bainistíochta gan na nithe a d’ardaigh GGPC i gcomhréir le hAirteagal 51(2), pointe (c), a chur san áireamh, tabharfaidh Europol údar críochnúil leis sin.

Nuair a bheidh an doiciméad clársceidealaithe aonair glactha ag an mBord Bainistíochta, cuirfidh sé an doiciméad ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig GGPC.

▼B

2.  
►M1  Leagfar amach sa chlársceidealú ilbhliantúil an clársceidealú straitéiseach foriomlán, lena n-áirítear na cuspóirí, na torthaí lena bhfuiltear ag súil agus na táscairí feidhmíochta. Leagfar amach ann freisin an phleanáil acmhainní, lena n-áirítear an buiséad ilbhliantúil agus an plean bunaíochta. Áireofar ann an straitéis le haghaidh caidreamh le tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta agus na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta atá beartaithe ag Europol. ◄

Cuirfear an clársceidealú ilbhliantúil chun feidhme trí bhíthin cláir oibre bhliantúla agus, i gcás inarb iomchuí, déanfar é a thabhairt cothrom le dáta de dhroim thoradh na meastóireachtaí seachtracha agus na meastóireachta inmheánacha. Léireofar conclúid na meastóireachtaí sin, i gcás inarb iomchuí, sa chlár oibre bliantúil don bhliain dár gcionn.

3.  
Beidh cuspóirí sonracha, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí feidhmíochta mar chuid den chlár oibre bliantúil. Beidh tuairisc ann freisin ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú agus léiriú ar na hacmhainní airgeadais agus daonna a bheidh sannta do gach gníomhaíocht, i gcomhréir le prionsabail an bhuiséadaithe agus an bhainistithe de réir gníomhaíochtaí. Beidh an clár oibre bliantúil comhchuí leis an gclársceidealú ilbhliantúil. Sonrófar go soiléir ann na cúraimí a cuireadh leis, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid leis an mbliain airgeadais roimhe sin.
4.  
I gcás go sannfar cúram nua do Europol, tar éis ghlacadh cláir oibre bhliantúil, leasóidh an Bord Bainistíochta an clár oibre bliantúil.
5.  
Glacfar le haon leasú substaintiúil ar an gclár oibre bliantúil tríd an nós imeachta céanna leis an gceann sin is infheidhme maidir le glacadh an chláir oibre bhliantúil thosaigh. Féadfaidh an Bord Bainistíochta an chumhacht chun leasuithe neamhshubstaintiúla a dhéanamh ar an gclár oibre bliantúil a tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Airteagal 13

Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach an Bhoird Bainistíochta

1.  
Toghfaidh an Bord Bainistíochta Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach ó ghrúpa na dtrí Bhallstát a bhfuil clár 18 mí na Comhairle réitithe aige go comhpháirteach. Feidhmeoidh siad don tréimhse 18 mí a fhreagraíonn don chlár sin ón gComhairle. Más rud é, áfach, go dtiocfaidh deireadh le comhaltas an Chathaoirligh nó an Leas-Chathaoirligh sa Bhord Bainistíochta tráth ar bith le linn a dtéarma oifige mar Chathaoirleach nó Leas-Chathaoirleach, rachaidh a dtéarma oifige in éag go huathrialach an tráth céanna.
2.  
Toghfar an Cathaoirleach agus an Leas-Chathaoirleach le tromlach dhá thrian de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta.
3.  
Nuair nach féidir leis an gCathaoirleach a chuid dualgas nó a cuid dualgas a chomhlíonadh, glacfaidh an Leas-Chathaoirleach a ionad nó a hionad.

Airteagal 14

Cruinnithe an Bhoird Bainistíochta

1.  
Déanfaidh an Cathaoirleach cruinnithe an Boird Bainistíochta a chomóradh.
2.  
Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt i bpléití an Bhoird Bainistíochta.
3.  
Beidh dhá ghnáthchruinniú ar a laghad in aghaidh na bliana ag an mBord Bainistíochta. Sa bhreis air sin, reáchtálfaidh sé cruinnithe ar thionscnamh a Chathaoirligh nó arna iarraidh sin don Choimisiún nó do thrian dá chomhaltaí ar a laghad.

▼M1

4.  
Féadfaidh an Bord Bainistíochta cuireadh a thabhairt d’aon duine a bhféadfadh go mbeadh a thuairim ábhartha don phlé freastal ar chruinnithe mar bhreathnóir gan ceart vótála.

Tabharfar cuireadh do bheirt ionadaithe ó GGPC chuig dhá ghnáthchruinniú de chuid an Bhoird Bainistíochta in aghaidh na bliana mar bhreathnóirí gan cearta vótála chun na hábhair seo a leanas ar díol spéise polaitiúla iad a phlé:

(a) 

an tuarascáil ghníomhaíochta bhliantúil chomhdhlúite dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (c), don bhliain roimhe sin;

(b) 

an doiciméad clársceidealaithe aonair dá dtagraítear in Airteagal 12 don bhliain ina dhiaidh agus an buiséad bliantúil;

(c) 

ceisteanna agus freagraí i scríbhinn ó GGPC;

(d) 

cúrsaí a bhaineann leis an gcaidreamh seachtrach agus le comhpháirtíochtaí.

Féadfaidh an Bord Bainistíochta, in éineacht le hionadaithe GGPC, a chinneadh cad iad na hábhair eile ar díol spéise polaitiúla iad a bheidh le plé ag na cruinnithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

▼B

5.  
Faoi réir a rialacha nós imeachta, féadfaidh comhairleoirí nó saineolaithe a bheith de chúnamh ag comhaltaí agus ag comhaltaí ionaid an Bhoird Bainistíochta ag na cruinnithe.
6.  
Cuirfidh Europol an rúnaíocht ar fáil don Bhord Bainistíochta.

Airteagal 15

Rialacha vótála an Bhoird Bainistíochta

1.  
Gan dochar do phointe (a) agus do phointe (b) d'Airteagal 11(1), Airteagal 13(2), Airteagal 50(2), Airteagal 54(8) agus Airteagal 64, déanfaidh an Bord Bainistíochta cinntí trí thromlach dá chomhaltaí.
2.  
Beidh vóta amháin ag gach comhalta. I gcás ina mbíonn comhalta a bhfuil ceart vótála aige nó aici as láthair, beidh a chomhalta ionaid nó a comhalta ionaid i dteideal a cheart vótála nó a ceart vótála a fheidhmiú.
3.  
Ní ghlacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt sa vóta.
4.  
Le rialacha nós imeachta an Bhoird Bainistíochta bunófar socruithe vótála a bheidh níos mionsonraithe, go háirithe na himthosca ina bhféadfaidh comhalta gníomhú thar ceann comhalta eile, agus aon riachtanais chóraim, i gcás inar gá.



ROINN 2

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin

Airteagal 16

Freagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

1.  
Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin Europol a bhainistiú. Beidh sé nó sí cuntasach don Bhord Bainistíochta.
2.  
Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin nó an Bhoird Bainistíochta, beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin neamhspleách i bhfeidhmiú a chuid dualgas nó a cuid dualgas agus ní iarrfaidh sé nó sí ná ní ghlacfaidh sé nó sí le treoracha ó aon rialtas ná aon chomhlacht eile.

▼M1

3.  
Féadfaidh an Chomhairle nó GGPC cuireadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc a thabhairt maidir le feidhmiú a chuid dualgas nó a cuid dualgas.

▼B

4.  
Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ina ionadaí dlíthiúil ar Europol.
5.  

Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as cur chun feidhme na gcúraimí a shanntar do Europol faoin Rialachán seo, go háirithe, as an méid seo a leanas:

(a) 

riarachán laethúil Europol;

(b) 

moltaí a thabhairt don Bhord Bainistíochta maidir le struchtúir inmheánacha Europol a bhunú;

(c) 

cinntí arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta a chur chun feidhme;

▼M1

(d) 

an dréacht-doiciméad clársceidealaithe aonair dá dtagraítear in Airteagal 12 a ullmhú agus é a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus le GGPC;

▼B

(e) 

an clársceidealú ilbhliantúil agus na cláir oibre bhliantúla a chur chun feidhme agus tuairisc a thabhairt don Bhord Bainistíochta maidir lena gcur chun feidhme;

(f) 

dréachtrialacha cur chun feidhme iomchuí a ullmhú chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne;

(g) 

an dréacht-tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí Europol a ullmhú agus a thíolacadh don Bhord Bainistíochta lena glacadh;

(h) 

plean gníomhaíochta a ullmhú ina ndéanfar obair leantach ar chonclúidí na dtuarascálacha agus na meastóireachtaí iniúchóireachta inmheánaí nó seachtraí, chomh maith le tuarascálacha imscrúdaithe agus moltaí ó imscrúduithe arna ndéanamh ag OLAF agus ag MECS, agus tuairisc ar dhul chun cinn a thabhairt don Choimisiún dhá uair sa bhliain agus ar bhonn rialta don Bhord Bainistíochta;

(i) 

leas airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta a chur i bhfeidhm chun an chalaois, an t-éilliú agus aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile a chosc agus, gan dochar d'inniúlacht imscrúdaitheach OLAF, trí sheiceálacha éifeachtacha agus, má bhraitear mírialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais, a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, a chur i bhfeidhm;

(j) 

dréachtstraitéis inmheánach frithchalaoise a ullmhú do Europol agus a thíolacadh don Bhord Bainistíochta lena glacadh;

(k) 

dréachtrialacha inmheánacha a ullmhú maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú i ndáil le comhaltaí an Bhoird Bainistíochta agus na dréachtrialacha sin a thíolacadh don Bhord Bainistíochta lena nglacadh;

(l) 

dréachtrialacha airgeadais is infheidhme maidir le Europol a ullmhú;

(m) 

dréachtráiteas Europol faoi mheastacháin ioncaim agus faoi mheastacháin caiteachais a ullmhú agus a bhuiséad a chur chun feidhme;

(n) 

tacú le Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta agus cruinnithe an Bhoird Bainistíochta á n-ullmhú;

(o) 

an Bord Bainistíochta a chur ar an eolas ar bhonn rialta maidir le cur chun feidhme tosaíochtaí straitéiseacha agus tosaíochtaí oibríochtúla an Aontais chun an choireacht a chomhrac;

▼M1

(oa) 

an Bord Bainistíochta a chur ar an eolas maidir leis na meabhráin tuisceana arna síniú le páirtithe príobháideacha;

▼B

(p) 

cúraimí eile de bhun an Rialacháin seo a dhéanamh.



CAIBIDIL IV

FAISNÉIS A PHRÓISEÁIL

Airteagal 17

Foinsí faisnéise

1.  

Ní dhéanfaidh Europol próiseáil ach amháin ar fhaisnéis arna cur ar fáil dó:

(a) 

ag na Ballstáit i gcomhréir lena ndlí náisiúnta agus le hAirteagal 7;

(b) 

ag comhlachtaí de chuid an Aontais, ag tríú tíortha agus ag eagraíochtaí idirnáisiúnta i gcomhréir le Caibidil V;

(c) 

ag páirtithe príobháideacha agus ag daoine príobháideacha i gcomhréir le Caibidil V.

2.  
Féadfaidh Europol faisnéis, lena n-áirítear sonraí pearsanta, a aisghabháil agus a phróiseáil go díreach ó fhoinsí atá ar fáil don phobal, lena n-áirítear an t-idirlíon agus sonraí poiblí.
3.  
A mhéid atá Europol i dteideal, faoi ionstraimí de chuid an Aontais, faoi ionstraimí dlí náisiúnta nó faoi ionstraimí dlí idirnáisiúnta, rochtain ríomhaireachta a fháil ar shonraí ó chórais faisnéise náisiúnta, idirnáisiúnta nó de chuid an Aontais, féadfaidh sé faisnéis, lena n-áirítear sonraí pearsanta, a aisghabháil agus a phróiseáil, trí mhodhanna den sórt sin i gcás inar gá sin chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh. Is iad forálacha infheidhme na n-ionstraimí dlí Aontais, idirnáisiúnta nó náisiúnta sin a rialóidh rochtain ar an bhfaisnéis sin agus úsáid na faisnéise sin ag Europol, sa mhéid is go ndéantar foráil iontu do rialacha níos déine ar rochtain agus úsáid i gcomparáid leis na rialacha a leagtar síos leis an Rialachán seo. Ní thabharfar rochtain ar chórais faisnéise den sórt sin ach do bhaill foirne Europol a bheidh údaraithe mar is cuí agus sa mhéid is gá agus is comhréireach chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh, agus sa mhéid sin amháin.

Airteagal 18

Cuspóirí na ngníomhaíochtaí próiseála faisnéise

1.  
A mhéid is gá chun a chuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3 a bhaint amach, féadfaidh Europol faisnéis, lena n-áirítear sonraí pearsanta, a phróiseáil.
2.  

Ní fhéadfar sonraí pearsanta a phróiseáil ach amháin chun na críocha seo a leanas:

(a) 

cros-seiceáil a dhéanamh lena ndírítear ar cheangail nó ar naisc ábhartha eile a shainaithint idir míreanna faisnéise a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(i) 

daoine a bhfuil drochamhras fúthu go bhfuil cion coiriúil déanta acu, nó gur ghlac siad páirt i gcion coiriúil, ar cion coiriúil é a bhfuil Europol inniúil maidir leis, nó daoine a ciontaíodh i gcion den sórt sin;

(ii) 

daoine a bhfuil táscairí fíriciúla nó forais réasúnacha ann ina leith le creidiúint go ndéanfaidh siad ciontaí coiriúla a bhfuil Europol inniúil maidir leo;

(b) 

anailísí de chineál straitéiseach nó de chineál téamach;

(c) 

anailísí oibríochtúla;

▼M1

(d) 

malartú faisnéise a éascú idir na Ballstáit, Europol, comhlachtaí eile de chuid an Aontais, tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus páirtithe príobháideacha;

▼M1

(e) 

tionscadail taighde agus nuálaíochta;

(f) 

tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, chun an pobal a chur ar an eolas maidir le daoine atá faoi amhras nó daoine ciontaithe a bhfuiltear sa tóir orthu bunaithe ar chinneadh breithiúnach a bhaineann le coir a thagann faoi chuimsiú chuspóirí Europol, agus é a éascú don phobal faisnéis maidir leis na daoine sin a sholáthar do na Ballstáit agus do Europol.

▼B

3.  

Maidir le próiseáil chun críocha anailísí oibríochtúla dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2, déanfar í trí bhíthin tionscadail anailíse oibríochtúla, a mbeidh feidhm ag na coimircí sonracha seo a leanas maidir leo:

(a) 

i gcás gach tionscadail anailíse oibríochtúla, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an cuspóir sonrach, na catagóirí de shonraí pearsanta agus na catagóirí d'ábhair sonraí, na rannpháirtithe, ré na stórála agus na coinníollacha maidir le rochtain, le haistriú agus le húsáid na sonraí lena mbaineann a shainiú, agus cuirfidh sé an Bord Bainistíochta agus MECS ar an eolas maidir leis an méid sin;

(b) 

ní fhéadfar sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil ach amháin chun críche an tionscadail anailíse oibríochtúla shonraithe. I gcás inar léir go bhféadfadh sonraí pearsanta a bheith ábhartha do thionscadal anailíse oibríochtúla eile, ní cheadófar tuilleadh próiseála ar na sonraí sin ach amháin sa mhéid agus go mbeidh tuilleadh próiseála den sórt sin riachtanach agus comhréireach agus go mbeidh na sonraí pearsanta ag luí leis na forálacha a leagtar amach i bpointe (a) atá infheidhme don tionscadal anailíse eile;

(c) 

ní fhéadfaidh ach baill foirne údaraithe rochtain a fháil ar shonraí an tionscadail ábhartha agus na sonraí sin a phróiseáil.

▼M1

3a.  
Más gá chun cuspóirí thionscadail taighde agus nuálaíochta Europol a bhaint amach, ní dhéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil chun na críche sin ach i gcomhthéacs thionscadail taighde agus nuálaíochta Europol a mbeidh cuspóirí agus cuspóirí arna sainiú go soiléir acu, agus trína mbíthin sin amháin, agus beidh an phróiseáil sin i gcomhréir le hAirteagal 33a.

▼B

4.  
Déanfar an phróiseáil dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 i gcomhréir leis na coimircí cosanta sonraí dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Déanfaidh Europol na hoibríochtaí próiseála sin a dhoiciméadú go cuí. Déanfar an doiciméadacht a chur ar fáil, arna iarraidh sin, don Oifigeach Cosanta Sonraí agus do MECS ar mhaithe le dlíthiúlacht na n-oibríochtaí próiseála a fhíorú.

▼M1

5.  
Gan dochar d’Airteagal 8(4), Airteagal 18(2), pointe (e), Airteagal 18a, agus próiseáil sonraí de bhun Airteagal 26(6c) i gcás ina n-úsáidtear bonneagar Europol le haghaidh malartuithe déthaobhacha sonraí pearsanta agus nach bhfuil rochtain ag Europol ar inneachar na sonraí, liostaítear in Iarscríbhinn II catagóirí de shonraí pearsanta agus catagóirí d’ábhair sonraí ar féidir a gcuid sonraí a bhailiú agus a phróiseáil chun críocha mhír 2 den Airteagal seo.

▼M1

5a.  
I gcomhréir le hAirteagal 73 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 12 ), déanfaidh Europol, i gcás inarb infheidhme agus a mhéid is féidir, idirdhealú soiléir idir na sonraí pearsanta a bhaineann leis na catagóirí éagsúla d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II.

▼M1

6.  
Féadfaidh Europol sonraí a phróiseáil ar bhonn sealadach chun a chinneadh an bhfuil sonraí den sórt sin ábhartha dá chúraimí agus, má tá, chun na críocha dá dtagraítear i mír 2 dá bhfuil siad ábhartha a chinneadh. Ní rachaidh an teorainn ama chun sonraí den sórt sin a phróiseáil thar 6 mhí ón uair a gheofar na sonraí sin.

▼M1

6a.  
Sula ndéanfar sonraí a phróiseáil de bhun mhír 2 den Airteagal seo, i gcás inar fíorghá sin chun a chinneadh an gcomhlíontar mír 5 den Airteagal seo le sonraí pearsanta, agus chun na críche sin amháin, féadfaidh Europol próiseáil shealadach a dhéanamh ar shonraí pearsanta a sholáthrófar dó de bhun Airteagal 17(1) agus (2), lena n-áirítear trí na sonraí sin a sheiceáil i gcoinne na sonraí uile a phróiseálann Europol cheana i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo.

Déanfaidh Europol sonraí a phróiseáil de bhun na chéad fhomhíre le haghaidh tréimhse nach faide ná 18 mí ón uair a chinneann Europol go dtagann na sonraí sin faoi chuimsiú a chuspóirí, nó i gcásanna lena mbaineann bonn cirt, le haghaidh tréimhse is faide, i gcás inar gá chun críoch an Airteagail seo. Cuirfidh Europol MECS ar an eolas faoi aon fhadú ar an tréimhse próiseála. Ní rachaidh uastréimhse na próiseála de bhun na chéad fhomhíre thar 3 bliana. Déanfar sonraí pearsanta den sórt sin a choimeád deighilte go feidhmiúil ó shonraí eile.

I gcás ina gcinnfidh Europol nach gcomhlíontar mír 5 leis na sonraí pearsanta sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, scriosfaidh Europol na sonraí sin, agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé soláthraí na sonraí sin a scriosadh ar an eolas dá réir sin.

6b.  
Ag gníomhú dó ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, tar éis dul i gcomhairle le MECS agus aird chuí á tabhairt ar na prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE) 2018/1725, sonróidh an Bord Bainistíochta na coinníollacha a bhaineann le próiseáil na sonraí sin dá dtagraítear i mír 6 agus mír 6a den Airteagal seo, go háirithe a mhéid a bhaineann le soláthar, rochtain agus úsáid na sonraí sin, chomh maith leis na teorainneacha ama a bheidh ann maidir le sonraí den sórt sin a stóráil agus a scriosadh, ar teorainneacha ama iad nach rachaidh thar na teorainneacha ama a leagtar amach i mír 6 agus mír 6a den Airteagal seo.

▼B

7.  
De réir mar is iomchuí agus tar éis dul i gcomhairle le MECS, glacfaidh an Bord Bainistíochta treoirlínte lena sonrófar tuilleadh na nósanna imeachta maidir le faisnéis a phróiseáil chun na gcríoch a liostaítear i mír 2 i gcomhréir le pointe (q) d'Airteagal 11(1).

▼M1

Airteagal 18a

Sonraí pearsanta a phróiseáil chun tacú le himscrúdú coiriúil

1.  

I gcás inar gá é chun tacú le himscrúdú coiriúil sonrach a leanann go fóill a thagann faoi chuimsiú chuspóirí Europol, féadfaidh Europol sonraí pearsanta nach mbaineann leis na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II a phróiseáil sna cásanna a leanas:

(a) 

má sholáthraíonn Ballstát, OIPE nó Eurojust sonraí imscrúdaitheacha do Europol de bhun Airteagal 17(1), pointe (a) nó pointe (b), agus má iarrann sé ar Europol tacú leis an imscrúdú sin:

(i) 

trí bhíthin anailís oibríochtúil de bhun Airteagal 18(2), pointe (c); nó

(ii) 

i gcásanna eisceachtúla agus cuí-réasúnaithe, trí chros-seiceáil de bhun Airteagal 18(2), pointe (a);

(b) 

má mheasann Europol nach féidir an anailís oibríochtúil a dhéanamh de bhun Airteagal 18(2), pointe (c) nó nach féidir an chros-seiceáil a dhéanamh de bhun Airteagal 18(2), pointe (a), chun tacú leis an imscrúdú sin gan sonraí pearsanta nach gcomhlíontar riachtanais Airteagal 18(5) leo a phróiseáil.

Déanfar torthaí an mheasúnaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), a thaifeadadh agus a sheoladh chuig MECS mar eolas nuair a scoireann Europol de bheith ag tacú leis an imscrúdú dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

2.  
Nuair nach bhfuil an Ballstát dá dtagraitear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), údaraithe a thuilleadh na sonraí a phróiseáil san imscrúdú coiriúil sonrach a leanann gó fóill, dá dtagraítear i mír 1, i gcomhréir leis na ceanglais agus coimircí nós imeachta faoina dhlí náisiúnta is infheidhme, cuirfidh sé Europol ar an eolas faoi.

I gcás ina sholáthróidh OIPE nó Eurojust sonraí imscrúdaitheacha do Europol, agus i gcás nach bhfuil siad údaraithe a thuilleadh na sonraí sin a phróiseáil san imscrúdú coiriúil sonrach a leanann gó fóill, dá dtagraítear i mír 1, i gcomhréir le ceanglais agus coimircí nós imeachta is infheidhme faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta, cuirfidh siad Europol ar an eolas faoi.

3.  
Chomh fada agus a thacaíonn Europol leis an imscrúdú coiriúil sonrach a leanann go fóill dár soláthraíodh na sonraí imscrúdaitheacha i gcomhréir le mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), den Airteagal seo, is féidir le Europol, chun tacú leis an imscrúdú sin agus chun na críche sin amháin, sonraí imscrúdaitheacha a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 18(2).
4.  
Féadfaidh Europol na sonraí imscrúdaitheacha dár soláthraíodh i gcomhréir le mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), agus torthaí a chuid próiseála arna déanamh ar na sonraí sin a stóráil tar éis na tréimhse próiseála a leagtar amach i mír 3, arna iarraidh sin do sholáthraí na sonraí imscrúdaitheacha sin, chun fírinneacht, iontaofacht agus inrianaitheacht phróiseas na faisnéise coiriúla a áirithiú agus chun na críche sin amháin, agus gan ach chomh fada agus a bheidh na himeachtaí breithiúnacha a bhaineann leis an imscrúdú coiriúil sonrach sin dár soláthraíodh na sonraí ar siúl.

Féadfaidh soláthraithe na sonraí imscrúdaitheacha dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), nó, lena dtoil, Ballstát ina bhfuil imeachtaí breithiúnacha a bhaineann le himscrúdú coiriúil gaolmhar a leanann go fóill, a iarraidh ar Europol na sonraí imscrúdaitheacha agus torthaí a chuid anailíse oibríochtúla ar na sonraí sin a stóráil tar éis na tréimhse próiseála a leagtar amach i mír 3, chun fírinneacht, iontaofacht agus inrianaitheacht phróiseas na faisnéise coiriúla a áirithiú, agus gan ach chomh fada agus a bheidh na himeachtaí breithiúnacha a bhaineann le himscrúdú coiriúil gaolmhar ar siúl sa Bhallstát eile sin.

5.  
Gan dochar do phróiseáil sonraí pearsanta faoi Airteagal 18(6a), déanfar sonraí pearsanta nach mbaineann leis na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II a choimeád deighilte go feidhmiúil ó shonraí eile agus ní cheadófar iad a phróiseáil ach i gcás inar comhréireach agus inar gá sin chun críocha mhír 3, mhír 4 agus mhír 6 den Airteagal seo.

Déanfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar mholadh ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus tar éis dul i gcomhairle le MECS, na coinníollacha a bhaineann le soláthar agus próiseáil sonraí pearsanta i gcomhréir le mír 3 agus mír 4 a shonrú.

6.  
Beidh feidhm freisin ag míreanna 1 go 4 den Airteagal seo i gcás ina soláthraíonn tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 25(1), pointe (a), (b), nó (c), nó in Airteagal 25(4a), sonraí pearsanta do Europol agus ina soláthraíonn an tríú tír sin sonraí imscrúdaitheacha do Europol le haghaidh anailís oibríochtúil lena rannchuidítear le himscrúdú coiriúil sonrach i mBallstát amháin nó níos mó lena dtacaíonn Europol, ar choinníoll go bhfuair an tríú tír na sonraí i gcomhthéacs imscrúdú coiriúil i gcomhréir leis na ceanglais agus na coimircí nós imeachta is infheidhme faoina dlí náisiúnta coiriúil.

I gcás ina soláthróidh tríú tír sonraí imscrúdaitheacha do Europol i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, féadfaidh an tOifigeach Cosanta Sonraí, i gcás inarb iomchuí, fógra a thabhairt do MECS ina leith.

Fíoróidh Europol nach bhfuil an méid sonraí pearsanta dá dtagraítear sa chéad fhomhír díréireach go follasach i ndáil leis an imscrúdú coiriúil sonrach sa Bhallstát lena mbaineann. I gcás ina gcinnfidh Europol go bhfuil comhartha ann go bhfuil na sonraí díréireach go follasach nó go bhfuarthas iad agus cearta bunúsacha á sárú go follasach, ní dhéanfaidh Europol na sonraí a phróiseáil agus scriosfaidh sé iad.

Ní dhéanfaidh Europol sonraí pearsanta a phróiseáiltear de bhun na míre seo a rochtain ach amháin i gcás inar gá sin chun tacú leis an imscrúdú coiriúil sonrach dár soláthraíodh iad. Ní dhéanfar na sonraí pearsanta sin a chomhroinnt ach amháin laistigh den Aontas.

▼B

Airteagal 19

An chríoch atá le próiséail faisnéise ag Europol, agus na srianta atá ar an bpróiseáil sin, a chinneadh

▼M1

1.  
Is Ballstát, comhlacht de chuid an Aontais, tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta a sholáthraíonn faisnéis do Europol a chinnfidh an chríoch nó na críocha dá ndéanfar próiseáil ar an bhfaisnéis sin, i gcomhréir le hAirteagal 18.

I gcás nach gcomhlíonann soláthraí faisnéise dá dtagraítear sa chéad fhomhír an fhomhír sin, déanfaidh Europol, i gcomhaontú le soláthraí na faisnéise lena mbaineann, an fhaisnéis a phróiseáil chun ábharthacht na faisnéise sin a chinneadh, agus chun an chríoch nó na críocha dá ndéanfar tuilleadh próiseála uirthi a chinneadh freisin.

Ní dhéanfaidh Europol próiseáil ar fhaisnéis le haghaidh cuspóir atá difriúil ón gcuspóir ar cuireadh an fhaisnéis ar fáil ach amháin i gcás ina dtabharfaidh soláthraí na faisnéise údarás dó déanamh amhlaidh.

Faisnéis a sholáthraítear chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 18(2), pointí (a) go (d), féadfaidh Europol iad a phróiseáil freisin chun críoch Airteagal 18(2), pointe (e), i gcomhréir le hAirteagal 33a.

2.  
Féadfaidh na Ballstáit, comhlachtaí de chuid an Aontais, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, tráth a sholáthrófar faisnéis do Europol, aon srian ar rochtain uirthi nó ar an úsáid atá le baint aisti a chur in iúl, i dtéarmaí ginearálta nó i dtéarmaí sonracha, lena n-áirítear maidir le haistriú, tarchur, léirscriosadh nó díothú na faisnéise sin. I gcás ina mbeidh sé soiléir go bhfuil gá le srianta den sórt sin tar éis an fhaisnéis a sholáthar, cuirfidh siad Europol ar an eolas dá réir. Cloífidh Europol leis na srianta sin.

▼B

3.  
I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh Europol srianta a chur ar an rochtain atá ag na Ballstáit, ag comhlachtaí de chuid an Aontais, ag tríú tíortha agus ag eagraíochtaí idirnáisiúnta ar fhaisnéis arna n-aisghabháil ó fhoinsí atá ar fáil don phobal, agus féadfaidh sé srianta a chur ar úsáid na faisnéise sin ag na Ballstáit, ag comhlachtaí de chuid an Aontais, ag tríú tíortha agus ag eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Airteagal 20

Rochtain ag na Ballstáit agus ag baill foirne Europol ar fhaisnéis arna stóráil ag Europol

1.  
I gcomhréir lena ndlí náisiúnta agus le hAirteagal 7(5), beidh rochtain ag na Ballstáit ar an bhfaisnéis go léir arna soláthar chun críocha phointe (a) agus phointe (b) d'Airteagal 18(2), agus beidh siad in ann í a chuardach. Beidh an méid sin gan dochar don cheart atá ag na Ballstáit, ag comhlachtaí de chuid an Aontais, ag tríú tíortha agus ag eagraíochtaí idirnáisiúnta aon srianta a chur in iúl i gcomhréir le hAirteagal 19(2).
2.  
I gcomhréir lena ndlí náisiúnta agus le hAirteagal 7(5), beidh rochtain indíreach ag na Ballstáit ar bhonn córas braite/neamhbhraite ar fhaisnéis arna soláthar chun críocha pointe (c) d'Airteagal 18(2). Beidh an méid sin gan dochar d'aon srianta arna sonrú ag na Ballstáit, ag comhlachtaí de chuid an Aontais, ag tríú tíortha ná ag eagraíochtaí idirnáisiúnta a chuireann an fhaisnéis ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 19(2).

I gcás braite, tionscnóidh Europol an nós imeachta trína bhféadfar an fhaisnéis arbh chúis leis an mbrath a roinnt, i gcomhréir leis an gcinneadh ó sholáthraí na faisnéise do Europol.

▼M1

2a.  
Faoi chuimsiú tionscadail anailíse oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 18(3) agus faoi réir na rialacha agus na gcoimircí maidir le próiseáil sonraí pearsanta a leagtar amach sa Rialachán seo, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh an fhaisnéis a dhéanfaidh Europol inrochtana go díreach ag Ballstáit roghnaithe eile le haghaidh anailís oibríochtúil chomhpháirteach in imscrúduithe sonracha a leanann go fóill, gan dochar d’aon srianta a shonraítear de bhun Airteagal 19(2), agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach sna treoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 18(7) á leanúint.

▼M1

3.  

I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ní dhéanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus mír 2a a rochtain ná a phróiseáil a thuilleadh ach chun an méid seo a leanas a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh:

▼B

(a) 

saghsanna coireachta a bhfuil Europol inniúil maidir leo; agus

(b) 

saghsanna eile coireachta tromchúisí, a leagtar amach i gCinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle ( 13 ).

4.  
Beidh rochtain ag baill foirne Europol, agus iad cumhachtaithe ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ar fhaisnéis arna próiseáil ag Europol a mhéid a theastaíonn chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh agus gan dochar d'Airteagal 67.

▼M1

Airteagal 20a

Caidreamh le hOifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Eorpaigh

1.  
Déanfaidh Europol caidreamh dlúth a bhunú agus a choimeád le OIPE. Faoi chuimsiú an chaidrimh sin, gníomhóidh Europol agus OIPE laistigh dá sainorduithe agus dá n-inniúlachtaí féin faoi seach. Chun na críche sin, tabharfaidh siad socrú oibre chun críche lena leagtar amach módúlachtaí an chomhair dá gcuid.
2.  
Arna iarraidh sin do OIPE i gcomhréir le hAirteagal 102 de Rialachán (AE) 2017/1939, tacóidh Europol le himscrúduithe OIPE agus comhoibreoidh sé léis, trí fhaisnéis agus tacaíocht anailíseach a sholáthar, go dtí go gcinnfidh OIPE an ndéanfar an cás a ionchúiseamh nó a dhiúscairt.
3.  
Chun faisnéis a sholáthar do OIPE faoi mhír 2 den Airteagal seo, déanfaidh Europol gach beart iomchuí chun a chur ar chumas OIPE rochtain indíreach a bheith aige ar bhonn córais ‘amas a fháil/gan amas a fháil’ ar shonraí a bhaineann le cionta a thagann faoi inniúlacht OIPE, dá bhforáiltear chun críocha Airteagal 18(2), pointe (a), pointe (b) agus pointe (c). Ní thabharfaidh an córas ‘amas a fháil/gan amas a fháil’ fógra ach amháin do Europol i gcás amais agus gan dochar d’aon srianta arna sonrú de bhun Airteagal 19(2) ag na soláthraithe faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 19(1).

I gcás amais, tionscnóidh Eurojust an nós imeachta trína bhféadfar an fhaisnéis ba chúis leis an mbrath a chomhroinnt, i gcomhréir leis an gcinneadh ó sholáthraí na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 19(1), agus sa mhéid gurb ábhartha na sonraí is cúis leis an amas don iarraidh a rinneadh de bhun mhír 2 den Airteagal seo.

4.  
Tuairisceoidh Europol, gan moill mhíchuí, do OIPE aon iompar coiriúil a bhféadfadh OIPE a inniúlacht a fheidhmiú ina leith i gcomhréir le hAirteagal 22 agus Airteagal 25(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2017/1939 agus gan dochar d’aon srianta arna sonrú de bhun Airteagal 19(2) den Rialachán seo ag soláthraí na faisnéise.

I gcás ina dtuairisceoidh Europol do OIPE faoin gcéad fhomhír, tabharfaidh Europol fógra gan mhoill do na Ballstáit lena mbaineann.

I gcás inar sholáthair Ballstát faisnéis a bhaineann le hiompar coiriúil a bhféadfadh OIPE a hinniúlacht a fheidhmiú ina leith do Europol a léirigh srianta le húsáid na faisnéise sin de bhun Airteagal 19(2) den Rialachán seo, tabharfaidh Europol fógra do OIPE gurb ann do na srianta sin agus cuirfidh sé an t-ábhar faoi bhráid an Bhallstáit lena mbaineann. Rachaidh an Ballstát lena mbaineann i dteagmháil go díreach le OIPE chun Airteagal 24(1) agus (4) de Rialachán (AE) 2017/1939 a chomhlíonadh.

▼B

Airteagal 21

Rochtain ag Eurojust agus ag OLAF ar fhaisnéis arna stóráil ag Europol

1.  
Glacfaidh Europol na bearta iomchuí go léir chun cur ar chumas Eurojust agus OLAF, laistigh dá gcuid sainorduithe faoi seach, rochtain indíreach a bheith acu ar bhonn córas braite/neamhbhraite ar fhaisnéis arna cur ar fáil chun críocha phointe (a), phointe (b) agus phointe (c) d'Airteagal 18(2), gan dochar d'aon srianta arna sonrú ag an mBallstát, ag comhlacht de chuid an Aontais, ag tríú tír nó ag eagraíocht idirnáisiúnta a chuireann an fhaisnéis i gceist ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 19(2).

I gcás braite, tionscnóidh Eurojust an nós imeachta trína bhféadfar an fhaisnéis arbh chúis leis an mbrath a roinnt, i gcomhréir leis an gcinneadh ó sholáthraí na faisnéise do Europol, agus sa mhéid go bhfuil gá leis na sonraí is cúis leis an mbrath chun go ndéanfadh Eurojust nó OLAF a gcuid cúraimí, faoi seach, a chomhlíonadh, agus sa mhéid sin amháin.

2.  
Féadfaidh Europol agus Eurojust socrú oibre a thabhairt i gcrích lena n-áiritheofaí, ar bhealach comhalartach agus laistigh dá sainorduithe faoi seach, rochtain ar an bhfaisnéis uile a cuireadh ar fáil chun na críche dá sonraítear i bpointe (a) d'Airteagal 18(2) agus lena n-áiritheofaí an fhéidearthacht cuardach a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin uile. Beidh an méid sin gan dochar don cheart atá ag na Ballstáit, ag comhlachtaí de chuid an Aontais, ag tríú tíortha agus ag eagraíochtaí idirnáisiúnta srianta a shonrú ar rochtain ar shonraí den sórt sin agus ar úsáid sonraí den sórt sin, agus beidh sé i gcomhréir le ráthaíochtaí cosanta sonraí dá bhforáiltear sa Rialachán seo.
3.  
Ní dhéanfar cuardaigh faisnéise i gcomhréir le mír 1 agus mír 2 ach chun críocha a shainaithint cibé acu an meaitseálann faisnéis atá ar fáil ag Eurojust nó ag OLAF le faisnéis arna próiseáil ag Europol.
4.  
Ní cheadóidh Europol cuardaigh i gcomhréir le mír 1 agus le mír 2 ach amháin tar éis dó faisnéis a fháil ó Eurojust i ndáil leis na Comhaltaí Náisiúnta, na hIonadaithe agus na Cúntóirí, chomh maith le baill foirne Eurojust a ainmníodh mar bheith údaraithe cuardaigh den sórt sin a dhéanamh, agus faisnéis a fháil ó OLAF i ndáil leis na baill foirne OLAF a ainmníodh amhlaidh.
5.  
Más rud é, le linn ghníomhaíochtaí Europol um próiseáil faisnéise i dtaobh imscrúdú aonair, go sainaithníonn Europol nó Ballstát go bhfuil gá le comhordú, comhar nó tacaíocht i gcomhréir le sainordú Eurojust nó OLAF, tabharfaidh Europol fógra dóibh chuige sin agus tionscnóidh sé an nós imeachta chun an fhaisnéis a roinnt, i gcomhréir le cinneadh an Bhallstáit a sholáthraíonn an fhaisnéis. I gcás den sórt sin, rachaidh Eurojust nó OLAF i gcomhairle le Europol.
6.  
Déanfaidh Eurojust, lena n-áirítear an Coláiste, na Comhaltaí Náisiúnta, na hIonadaithe agus na Cúntóirí, chomh maith le baill foirne Eurojust, agus OLAF, aon srian ar rochtain nó ar úsáid a urramú, i dtéarmaí ginearálta nó sonracha, arna sonrú ag na Ballstáit, ag comhlachtaí de chuid an Aontais, ag tríú tíortha agus ag eagraíochtaí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 19(2).
7.  
Cuirfidh Europol, Eurojust agus OLAF a chéile ar an eolas más rud é, tar éis sonraí a chéile a cheadú i gcomhréir le mír 2 nó mar thoradh ar bhrath i gcomhréir le mír 1, go bhfuil an chosúlacht ann go bhféadfadh sonraí a bheith mícheart nó go bhféadfaidís a bheith contrártha le sonraí eile.

▼M1

8.  
Má aithníonn Europol, le linn dó faisnéis a phróiseáil i ndáil le himscrúdú sonrach coiriúil nó tionscadal taighde agus nuálaíochta, faisnéis is ábhartha do ghníomhaíocht neamhdhleathach fhéideartha a dhéanann difear do leas airgeadais an Aontais, soláthróidh Europol an fhaisnéis sin gan mhoill do OLAF gan dochar d’aon srianta arna sonrú de bhun Airteagal 19(2) ag an mBallstát a sholáthair an fhaisnéis.

Nuair a soláthróidh Europol faisnéis do OLAF faoin gcéad fhomhír, tabharfaidh Europol fógra gan mhoill do na Ballstáit lena mbaineann.

▼B

Airteagal 22

An dualgas na Ballstáit a chur ar an eolas

1.  
I gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 4(1), cuirfidh Europol Ballstát ar an eolas gan mhoill faoi aon fhaisnéis a bhaineann leis. Má tá faisnéis den sórt sin faoi réir srianta ar rochtain de bhun Airteagal 19(2) a dhéanfadh roinnt na faisnéise a thoirmeasc, rachaidh Europol i gcomhairle le soláthraí na faisnéise lena sonraítear an srian ar rochtain agus iarraidh sé cead uaidh nó uaithi an fhaisnéis a roinnt.

I gcás den sórt sin, ní dhéanfar an fhaisnéis a roinnt gan údarú sainráite ón soláthraí.

2.  
Beag beann ar aon srianta ar rochtain, cuirfidh Europol Ballstát ar an eolas faoi aon fhaisnéis a bhaineann leis más amhlaidh go bhfuil sin iomlán riachtanach ar mhaithe le garbhaol ar bheatha a chosc.

I gcás den sórt sin, cuirfidh Europol soláthraí na faisnéise ar an eolas faoi roinnt na faisnéise ag an am céanna agus tabharfaidh sé bonn cirt lena anailís ar an staid.



CAIBIDIL V

CAIDREAMH LE COMHPHÁIRTITHE



ROINN 1

Forálacha coiteanna

Airteagal 23

Forálacha coiteanna

1.  
A mhéid is gá chun a chuid chúraimí a chomhlíonadh, féadfaidh Europol caidreamh comhoibritheach a bhunú agus a chothabháil le comhlachtaí de chuid an Aontais i gcomhréir le cuspóirí na gcomhlachtaí sin, le húdaráis tríú tíortha, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le páirtithe príobháideacha.
2.  
Faoi réir aon srianta de bhun Airteagal 19(2) agus gan dochar d'Airteagal 67, féadfaidh Europol an fhaisnéis uile, cé is moite de shonraí pearsanta, a mhalartú go díreach le heintitis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, a mhéid a bhaineann malartú den sórt sin le feidhmiú chúraimí Europol.
3.  
Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Bord Bainistíochta ar an eolas faoi aon chaidreamh comhoibritheach rialta atá sé ar intinn ag Europol a bhunú agus a choinneáil i gcomhréir le mír 1 agus mír 2, agus faoi fhorbairt caidrimh den sórt sin nuair a bhunófar é.
4.  
Chun na gcríoch a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2, féadfaidh Europol socruithe oibre a thabhairt i gcrích le heintitis dá dtagraítear i mír 1. Ní cheadófar malartú sonraí pearsanta le socruithe oibre den sórt sin agus ní bheidh siad ina gceangal ar an Aontas ná ar na Ballstáit.
5.  
Féadfaidh Europol sonraí pearsanta a fháil agus a phróiseáil ó eintitis dá dtagraítear i mír 1 a mhéid is gá agus is comhréireach chun a chuid cúraimí a fheidhmiú go dlisteanach agus faoi réir fhorálacha na Caibidle seo.
6.  
Gan dochar d'Airteagal 30(5), ní dhéanfaidh Europol sonraí pearsanta a aistriú chuig comhlachtaí de chuid an Aontais, chuig tríú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta ach amháin i gcás gur gá sin chun an choireacht a thagann faoi raon feidhme chuspóirí Europol a chosc agus a chomhrac agus go ndéantar é sin i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus go dtugann an faighteoir gealltanas nach bpróiseálfar na sonraí ach chun na críche dár aistríodh iad. Más é Ballstát a sholáthair na sonraí atá le haistriú, iarrfaidh Europol toiliú an Bhallstáit sin, ach amháin má tá údarú roimh ré tugtha ag an mBallstát maidir le haistriú ar aghaidh den sórt sin, i dtéarmaí ginearálta nó faoi réir coinníollacha sonracha. Féadfar toiliú den sórt sin a tharraing siar tráth ar bith.

▼M1

7.  
Beidh cosc ar Bhallstáit, ar chomhlachtaí de chuid an Aontais, ar thríú tíortha, ar eagraíochtaí idirnáisiúnta nó ar pháirtithe príobháideacha sonraí pearsanta atá i seilbh Europol a aistriú ar aghaidh mura mbeidh údarú tugtha go sainráite ag Europol roimh ré.

▼B

8.  
Áiritheoidh Europol go ndéanfar taifid mhionsonraithe de gach aistriú de shonraí pearsanta mar aon leis na forais a bhí le haistrithe den sórt sin a thaifeadadh i gcomhréir leis an Rialachán seo.
9.  
Maidir le haon fhaisnéis ar léir go ndearnadh sárú follasach ar chearta an duine agus í á fáil, ní dhéanfar próiseáil uirthi.



ROINN 2

▼M1

Sonraí pearsanta a aistriú agus a mhalartú

Airteagal 24

Tarchur sonraí pearsanta chuig comhlachtaíde chuid an Aontais

1.  
Ní dhéanfaidh Europol sonraí pearsanta a tharchur chuig comhlacht de chuid an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 71(2) de Rialachán (AE) 2018/1725 faoi réir aon srianta breise de bhun an Rialacháin seo, agus gan dochar d’Airteagal 67 den Rialachán seo, ach amháin má tá na sonraí sin comhréireach agus riachtanach i gcomhair fheidhmiú dlisteanach chúraimí an chomhlachta de chuid an Aontais a fhaigheann na sonraí pearsanta sin.
2.  
Tar éis iarraidh ar tharchur sonraí pearsanta ó chomhlacht eile de chuid an Aontais, fíoróidh Europol inniúlacht an chomhlachta eile sin de chuid an Aontais. I gcás nach mbeidh Europol in ann a dheimhniú go bhfuil tarchur na sonraí pearsanta riachtanach i gcomhréir le mír 1, lorgóidh Europol tuilleadh faisnéise ón gcomhlacht iarrthach sin de chuid an Aontais.

Áiritheoidh an comhlacht iarrthach de chuid an Aontais gur féidir a fhíorú gur ghá na sonraí pearsanta a tharchur.

3.  
Ní dhéanfaidh an comhlacht de chuid an Aontais a fhaigheann na sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 a phróiseáil ach amháin chun na gcríoch dá ndearnadh iad a tharchur.

▼B

Airteagal 25

Sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta

▼M1

1.  
Faoi réir srianta ar bith a shonraítear de bhun Airteagal 19(2) nó (3) agus gan dochar d’Airteagal 67, féadfaidh Europol sonraí pearsanta a aistriú chuig údaráis inniúla de chuid tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta, ar choinníoll go bhfuil an t-aistriú sin riachtanach chun go bhfeidhmeodh Europol a chúraimí, ar bhonn ceann amháin de na nithe seo a leanas:
(a) 

cinneadh ón gCoimisiún a ghlactar i gcomhréir le hAirteagal 36 de Threoir (AE) 2016/680, ar cinneadh é lena gcinntear go n-áirithíonn an tríú tír, críoch nó earnáil shonraithe amháin nó níos mó laistigh den tríú tír sin, nó an eagraíocht idirnáisiúnta i dtrácht leibhéal leordhóthanach cosanta (“cinneadh leordhóthanachta”);

▼B

(b) 

comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta sin de bhun Airteagal 218 CFAE, ar comhaontú é lena dtugtar coimircí leordhóthanacha i dtaobh príobháideacht agus cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine a chosaint;

(c) 

comhaontú comhair lena gceadaítear malartú sonraí pearsanta arna thabhairt i gcrích roimh an 1 Bealtaine 2017 idir Europol agus an tríú tír nó an eagraíocht idirnáisiúnta sin i gcomhréir le hAirteagal 23 de Chinneadh 2009/371/CGB.

Féadfaidh Europol socruithe riaracháin a thabhairt i gcrích chun comhaontuithe nó cinntí leordhóthanachta den sórt sin a chur chun feidhme.

2.  
Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Bord Bainistíochta ar an eolas i ndáil le malartuithe sonraí pearsanta ar bhonn cinntí leordhóthanachta de bhun phointe (a) de mhír 1.

▼M1 —————

▼B

4.  
Faoin 14 Meitheamh 2021, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na forálacha atá sna comhaontuithe comhair dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1, go háirithe iad sin a bhaineann le cosaint sonraí. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas maidir leis an toradh a bheidh ar an measúnú sin, agus, más iomchuí, féadfaidh sé moladh a chur faoi bhráid na Comhairle le haghaidh cinneadh lena n-údarófar tús a chur leis an gcaibidlíocht i leith comhaontuithe idirnáisiúnta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 a thabhairt chun críche.

▼M1

4a.  

In éagmais cinneadh leordhóthanachta, féadfaidh an Bord Bainistíochta údarú a thabhairt do Europol sonraí pearsanta a aistriú chuig údarás inniúil de chuid tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta sna cásanna seo a leanas:

(a) 

foráiltear do choimircí iomchuí i ndáil le sonraí pearsanta a chosaint in ionstraim atá ceangailteach ó thaobh dlí de, nó

(b) 

tá measúnú déanta ag Europol ar na cúinsí ar fad a bhaineann le haistriú sonraí pearsanta agus chinn sé gurb ann do na coimircí iomchuí i ndáil leis na sonraí pearsanta a chosaint.

▼B

5.  

►M1  De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, aistriú sonraí pearsanta nó catagóirí d’aistrithe sonraí pearsanta chuig údarás inniúil de chuid tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta a údarú de réir an cháis más rud é gur fíor an méid seo a leanas maidir leis an aistriú, nó leis an gcatagóir d’aistrithe: ◄

(a) 

go bhfuil sé riachtanach chun leasanna bunúsacha an ábhair sonraí nó duine eile a chosaint;

▼M1

(b) 

tá sé riachtanach leasanna dlisteanacha ábhair sonraí a chosaint;

▼B

(c) 

go bhfuil sé sár-riachtanach chun bagairt thromchúiseach láithreach do shlándáil phoiblí Ballstáit nó tríú tír a chosc;

(d) 

go bhfuil sé riachtanach i gcásanna aonair chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorchur; nó

(e) 

go bhfuil sé riachtanach i gcásanna aonair chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint, ar éilimh iad a bhaineann le cion coiriúil sonrach a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó le smachtbhanna coiriúil sonrach a chur i gcrích.

Ní dhéanfar sonraí pearsanta a aistriú má chinneann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin go bhfuil cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha an ábhair sonraí níos tábhachtaí ná leas an phobail i dtaca leis an aistriú dá dtagraítear i bpointe (d) agus i bpointe (e).

Ní fhéadfaidh maoluithe a bheith infheidhme maidir le haistrithe sistéamacha, fíormhóra nó struchtúracha.

6.  
De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an Bord Bainistíochta, i gcomhaontú le MECS, sraith d'aistrithe i gcomhréir le pointe (a) go pointe (e) de mhír 5 a údarú le haghaidh tréimhse nach faide ná aon bhliain amháin, ar tréimhse í a bheidh in-athnuaite, ag cur san áireamh go bhfuil coimircí leordhóthanacha ann maidir le príobháideacht agus cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint. Tabharfar údar cuí le húdarú den sórt sin agus déanfar taifead air.
7.  
A luaithe is féidir, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Bord Bainistíochta agus MECS ar an eolas faoi na cásanna inar cuireadh mír 5 i bhfeidhm.

▼M1

8.  
Cuirfidh Europol MECS ar an eolas faoi chatagóirí d’aistrithe faoi mhír 4a, pointe (b). I gcás ina ndéantar aistriú i gcomhréir le mír 4a nó 5, déanfar aistriú den sórt sin a dhoiciméadú agus cuirfear an doiciméadacht ar fáil do MECS arna iarraidh sin. Áireofar sna doiciméid taifead ar dháta agus ar am an aistrithe, agus faisnéis faoin údarás inniúil dá dtagraítear san Airteagal seo, faoin mbonn cirt leis an aistriú agus faoi na sonraí pearsanta a aistríodh.

▼B

Airteagal 26

Sonraí pearsanta á malartú le páirtithe príobháideacha

1.  

A mhéid atá sé riachtanach do Europol a chuid cúraimí a chomhlíonadh, féadfaidh Europol próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta a fhaightear ó pháirtithe príobháideacha ar an gcoinníoll go bhfaightear iad trí:

(a) 

aonad náisiúnta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(b) 

pointe teagmhála tríú tír nó eagraíochta idirnáisiúnta ar thug Europol comhaontú comhair chun críche leis nó léi roimh an 1 Bealtaine 2017, ar comhaontú é lena gceadaítear malartú sonraí pearsanta i gcomhréir le hAirteagal 23 de Chinneadh 2009/371/CGB; nó

▼M1

(c) 

údarás de chuid tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 25(1), pointe (a), (b) nó (c), nó in Airteagal 25(4a).

2.  
I gcás ina bhfaighidh Europol sonraí pearsanta go díreach ó thríú páirtithe, féadfaidh sé na sonraí pearsanta sin a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 18 chun na haonaid náisiúnta uile lena mbaineann a shainaithint, dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo. Déanfaidh Europol na sonraí pearsanta agus torthaí ábhartha ar bith ar phróiseáil riachtanach na sonraí sin chun críche dlínse a shocrú a chur ar aghaidh chuig na haonaid náisiúnta lena mbaineann láithreach bonn. Féadfaidh Europol na sonraí pearsanta agus torthaí ábhartha ar phróiseáil riachtanach na sonraí sin chun críche dlínse a shocrú a chur ar aghaidh, i gcomhréir le hAirteagal 25 chuig pointí teagmhála agus chuig údaráis lena mbaineann, dá dtagraítear i mír 1, pointe (b) agus pointe (c), den Airteagal seo. Mura féidir le Europol aon aonaid náisiúnta lena mbaineann a shainaithint, nó más rud é go bhfuil na sonraí pearsanta ábhartha sainaitheanta curtha ar aghaidh aige cheana chuig na haonaid náisiúnta uile lena mbaineann faoi seach a sainaithníodh, agus mura bhfuil sé indéanta aonaid náisiúnta bhreise lena mbaineann a shainaithint, scriosfaidh sé na sonraí, mura gcuireann an t-aonad náisiúnta, pointe teagmhála nó údarás lena mbaineann na sonraí isteach arís chuig Europol i gcomhréir le hAirteagal 19(1) laistigh de 4 mhí tar éis an tarchuir nó an aistrithe.

Leagfar amach sna treoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 18(7) critéir maidir le cibé an ionann nó nach ionann aonad náisiúnta Bhallstát bunaíochta an pháirtí phríobháidigh ábhartha agus aonad náisiúnta lena mbaineann.

▼M1

2a.  
Ní dhéanfaidh aon chomhoibriú a dhéanfaidh Europol le páirtithe príobháideacha dúbláil ar ghníomhaíochtaí AFAnna na mBallstát ná ní chuirfidh sé isteach ar na gníomhaíochtaí sin, ná ní bhainfidh sé le faisnéis atá le soláthar do AFAnna chun críocha Threoir (AE) 2015/849.

▼B

3.  
Tar éis sonraí pearsanta a aistriú i gcomhréir le pointe (c) de mhír 5 den Airteagal seo, féadfaidh Europol, i dtaca leis sin, sonraí pearsanta a fháil go díreach ó pháirtí príobháideach a dhearbhaíonn gur féidir leis an bhfaisnéis sin a tharchur go dleathach i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, chun sonraí den sórt sin a phróiseáil ar mhaithe leis an gcúram sin a leagtar amach i bpointe (m) d'Airteagal 4(1) a chomhlíonadh.

▼M1

4.  
I gcás ina bhfaigheann Europol sonraí pearsanta ó pháirtí príobháideach atá bunaithe i dtríú tír, ní chuirfidh Europol na sonraí sin agus torthaí a anailíse agus a fhíoraithe ar na sonraí sin ar aghaidh ach chuig Ballstát, nó chuig tríú tír lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 25(1), pointe (a), (b) nó (c) nó in Airteagal 25(4a).

Gan dochar don chéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh Europol na torthaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a aistriú chuig an tríú tír lena mbaineann de bhun Airteagal 25(5) nó (6).

5.  

Ní dhéanfaidh Europol sonraí pearsanta a tharchur ná a aistriú chuig páirtithe príobháideacha, seachas sna cásanna seo a leanas agus ar choinníoll go bhfuil fíorghá leis an tarchur nó an aistriú den sórt sin is agus go bhfuil sé comhréireach déanamh amhlaidh, a bheidh le cinneadh ar bhonn cás ar chás:

(a) 

tá an tarchur nó an t-aistriú gan amhras chun leasa an ábhair sonraí;

(b) 

tá géarghá leis an tarchur nó leis an aistriú ar mhaithe le coir atá ar tí a tharlú a chosc, agus sceimhlitheoireacht san áireamh, ar coir í a thagann faoi chuimsiú chuspóirí Europol;

(c) 

tá géarghá le tarchur nó aistriú sonraí pearsanta atá ar fáil go poiblí chun an cúram dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (m), a chomhlíonadh agus comhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(i) 

baineann an tarchur agus an t-aistriú le cás sonrach aonair;

(ii) 

níl cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha na n-ábhar sonraí lena mbaineann níos tábhachtaí ná leas an phobail a d’éileodh go ndéanfaí na sonraí pearsanta sin a tharchur nó a aistriú sa chás lena mbaineann; nó

(d) 

tá géarghá leis an tarchur nó leis an aistriú ionas gur féidir le Europol fógra a thabhairt don pháirtí príobháideach sin nach bhfuil an fhaisnéis a fuarthas imleor chun a chur ar chumas Europol na haonaid náisiúnta lena mbaineann a shainaithint, agus comhlíontar na coinníollacha a leanas:

(i) 

déantar an tarchur nó an t-aistriú tar éis sonraí pearsanta a fháil go díreach ó pháirtí príobháideach i gcomhréir le mír 2;

(ii) 

tá nasc soiléir idir an fhaisnéis atá in easnamh, dá bhféadfadh Europol tagairt a dhéanamh ina fhógra uaidh, agus an fhaisnéis a roinn an páirtí príobháideach sin roimhe seo;

(iii) 

tá an fhaisnéis atá in easnamh, dá bhféadfadh Europol tagairt a dhéanamh ina fhógra uaidh, teoranta go docht don mhéid atá riachtanach do Europol chun na haonaid náisiúnta lena mbaineann a shainaithint.

Tá an tarchur nó an t-aistriú dá dtagraítear sa chéad fomhír den mhír seo faoi réir aon srianta a shonraítear de bhun Airteagal 19(2) nó (3) agus tá sé gan dochar d’Airteagal 67.

6.  

Maidir le mír 5, pointe (a), pointe (b) agus pointe (d), den Airteagal seo, mura bhfuil an páirtí príobháideach lena mbaineann bunaithe laistigh den Aontas nó i dtríú tír dá dtagraítear in Airteagal 25(1), pointe (a), pointe (b) nó pointe (c), nó in Airteagal 25(4a), ní dhéanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an t-aistriú a údarú ach amháin má bhaineann na nithe a leanas leis an aistriú:

(a) 

tá sé riachtanach chun leasanna bunúsacha an ábhair sonraí lena mbaineann nó duine eile a chosaint;

(b) 

tá sé riachtanach chun leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí lena mbaineann a chosaint;

(c) 

tá sé fíor-riachtanach chun bagairt thromchúiseach láithreach do shlándáil phoiblí Ballstáit nó tríú tír a chosc;

(d) 

tá sé riachtanach i gcásanna aonair chun cion coiriúil ar leith a thagann faoi chuimsiú chuspóirí Europol a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh; nó

(e) 

tá sé riachtanach i gcásanna aonair chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint, ar éilimh iad a bhaineann le cion coiriúil sonrach a thagann faoi chuimsiú chuspóirí Europol a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh.

Ní dhéanfar sonraí pearsanta a aistriú má chinneann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin go bhfuil cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha an ábhair sonraí lena mbaineann níos tábhachtaí ná leas an phobail lena n-éilítear an aistriú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (d) agus pointe (e), den mhír seo.

▼M1

6a.  
Gan dochar do mhír 5, pointe (a), pointe (c) agus pointe (d), den Airteagal seo agus do ghníomhartha eile dlí de chuid an Aontais, ní bheidh aistrithe ná tarchuir sonraí pearsanta faoi mhír 5 agus mír 6 córasach, ollmhór ná struchtúrach.
6b.  
Féadfaidh Europol a iarraidh ar Bhallstáit, trína n-aonaid náisiúnta, sonraí pearsanta a fháil i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, ó pháirtithe príobháideacha atá bunaithe nó a bhfuil ionadaí dlíthiúil acu ina gcríoch, chun críche na sonraí sin a chomhroinnt le Europol. Beidh iarrataí den sórt sin réasúnaithe agus beidh siad chomh beacht agus is féidir. Beidh sonraí pearsanta den sórt sin ar an leibhéal íogaireachta is lú dár féidir agus teoranta go docht don mhéid atá riachtanach agus comhréireach chun críche Europol a chumasú chun na haonaid náisiúnta lena mbaineann a shainaithint.

D’anneoin dhlínse na mBallstát ar an gcoir shonrach, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir lena n-údaráis inniúla na hiarrataí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a phróiseáil i gcomhréir lena ndlí náisiúnta chun críche an fhaisnéis riachtanach a sholáthar do Europol ionas gur féidir leis na haonaid náisiúnta lena mbaineann a shainaithint.

6c.  
Féadfar bonneagar Europol a úsáid le haghaidh malartuithe idir údaráis inniúla na mBallstát agus páirtithe príobháideacha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta faoi seach. Leis na malartuithe sin, féadfar coireanna nach dtagann faoi chuimsiú chuspóirí Europol a chumhdach freisin.

I gcás ina n-úsáideann na Ballstáit bonneagar Europol le haghaidh malartú sonraí pearsanta a bhaineann le coireanna a thagann faoi chuimsiú chuspóirí Europol, féadfaidh siad rochtain a thabhairt do Europol ar na sonraí sin.

I gcás ina n-úsáideann na Ballstáit an bonneagar sin chun sonraí pearsanta a mhalartú maidir le coireanna nach dtagann faoi chuimsiú chuspóirí Europol, ní bheidh rochtain ag Europol ar na sonraí sin agus measfar gur próiseálaí é i gcomhréir le hAirteagal 87 de Rialachán (AE) 2018/1725.

Déanfaidh Europol measúnú ar na rioscaí slándála a bhaineann le páirtithe príobháideacha a cheadú a bhonneagar a úsáid, agus, i gcás inar gá, déanfaidh sé bearta coisctheacha agus maolaitheacha iomchuí a chur chun feidhme.

▼B

7.  
Áiritheoidh Europol go ndéanfar taifid mhionsonraithe de gach aistriú de shonraí pearsanta mar aon leis na forais a bhí le haistrithe den sórt sin a thaifeadadh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus go gcuirfear in iúl iad do MECS, arna iarraidh sin, de bhun Airteagal 40.
8.  
Má dhochraíonn na sonraí pearsanta a fhaightear nó a bheidh le haistriú leasanna Ballstáit, cuirfidh Europol aonad náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas láithreach.

▼M1 —————

▼M1

11.  
Ullmhóidh Europol tuarascáil bhliantúil don Bhord Bainistíochta maidir leis na sonraí pearsanta a malartaíodh le páirtithe príobháideacha de bhun Airteagal 26, Airteagal 26a agus Airteagal 26b ar bhonn critéar meastóireachta cainníochtúil agus cáilíochtúil arna mbunú ag an mBord Bainistíochta.

Sa tuarascáil bhliantúil, áireofar samplaí sonracha de chásanna lena léirítear cén fáth a raibh na hiarrataí a rinne Europol i gcomhréir le mír 6b den Airteagal seo riachtanach chun a chuid cuspóirí a bhaint amach agus chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh.

Cuirfear san áireamh sa tuarascáil bhliantúil oibleagáidí discréide agus rúndachta agus déanfar na samplaí a anaithnidiú a mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta.

Chuirfear an tuarascáil bhliantúil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na gComhairle, an Choimisiúin agus na bparlaimintí náisiúnta.

Airteagal 26a

Malartú sonraí pearsanta le páirtithe príobháideacha i gcásanna géarchéime ar líne

1.  
I gcásanna géarchéime ar líne, féadfaidh Europol sonraí pearsanta a fháil go díreach ó pháirtithe príobháideacha agus féadfaidh sé na sonraí pearsanta sin a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 18.
2.  
I gcás ina bhfaigheann Europol sonraí pearsanta ó pháirtí príobháideach atá bunaithe i dtríú tír, ní chuirfidh Europol na sonraí sin ná torthaí a chuid anailíse agus a fhíraithe ar na sonraí sin ar aghaidh ach amháin chuig Ballstát, nó chuig tríú tír lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 25(1), pointe (a), (b) nó (c), nó in Airteagal 25(4a).

Féadfaidh Europol torthaí a anailíse agus a fhíoraithe ar na sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a aistriú chuig an tríú tír lena mbaineann de bhun Airteagal 25(5) nó (6).

3.  
Féadfaidh Europol sonraí pearsanta a tharchur nó a aistriú chuig páirtithe príobháideacha, ar bhonn cás ar chás, faoi réir aon srianta a shonraítear de bhun Airteagal 19(2) nó (3) agus gan dochar d’Airteagal 67, i gcás ina bhfuil géarghá le tarchur nó aistriú a leithéidí de shonraí chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna ar líne, agus i gcás nach sáróidh cearta bunúsacha nó saoirsí na n-ábhar sonraí lena mbaineann leas an phobail lena n-éilítear go ndéanfar na sonraí pearsanta sin a tharchur nó a aistriú.
4.  
I gcás nach bhfuil an páirtí príobháideach lena mbaineann bunaithe laistigh den Aontas nó i dtríú tír dá dtagraítear in Airteagal 25(1), pointe (a), (b) nó (c), nó in Airteagal 25(4a), éileofar údarú ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin don aistriú.
5.  
Cuideoidh Europol leis na húdaráis inniúla, malartóidh sé faisnéis agus comhoibreoidh sé le húdaráis inniúla na mBallstát maidir le tarchur nó aistriú sonraí pearsanta chuig páirtithe príobháideacha faoi mhír 3 nó 4, go háirithe chun dúbláil iarrachta a sheachaint, chun comhordú a fheabhsú agus chun a sheachaint go gcuirfí isteach ar imscrúduithe sna Ballstáit éagsúla.
6.  
Féadfaidh Europol a iarraidh ar Bhallstáit, trína n-aonaid náisiúnta i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, sonraí pearsanta a fháil ó pháirtithe príobháideacha atá bunaithe nó a bhfuil ionadaí dlíthiúil acu ina gcríoch, chun críche na sonraí sin a chomhroinnt le Europol. Beidh iarrataí den sórt sin réasúnaithe agus beidh sí chomh beacht agus is féidir. Beidh na sonraí pearsanta sin ar an leibhéal íogaireachta is lú dár féidir agus beidh siad teoranta go docht don mhéid atá riachtanach agus comhréireach chun críche Europol a chumasú chun tacú leis na Ballstáit maidir le haghaidh a thabhairt ar chásanna géarchéime ar líne.

D’ainneoin dhlínse na mBallstát maidir le scaipeadh an ábhair a n-iarrann Europol na sonraí pearsanta ina leith, áiritheoidh Ballstáit go bhféadfaidh a n-údaráis inniúla na hiarrataí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a phróiseáil i gcomhréir lena ndlí náisiúnta chun críche an fhaisnéis riachtanach a sholáthar do Europol ionas gur féidir leis a chuspóirí a bhaint amach.

7.  
Áiritheoidh Europol go ndéanfar taifid mhionsonraithe de gach aistriú de shonraí pearsanta mar aon leis na forais a bhí le haistrithe den sórt sin a choimeád i gcomhréir leis an Rialachán seo. Arna iarraidh sin do MECS, cuirfidh Europol na taifid sin ar fáil do MECS de bhun Airteagal 39a.
8.  
Má dhéantar difear, leis na sonraí pearsanta a fhaightear nó a bheidh le haistriú, do leasanna Ballstáit, cuirfidh Europol aonad náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas láithreach.

Airteagal 26b

Malartú sonraí pearsanta le páirtithe príobháideacha chun aghaidh a thabhairt ar scaipeadh ar line ábhair mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne

1.  
Féadfaidh Europol sonraí pearsanta a fháil go díreach ó pháirtithe príobháideacha agus féadfaidh sé na sonraí pearsanta sin a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 18 chun aghaidh a thabhairt ar scaipeadh ar líne ábhair mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne, dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (y).
2.  
I gcás ina bhfaigheann Europol sonraí pearsanta ó pháirtí príobháideach atá bunaithe i dtríú tír, ní chuirfidh Europol na sonraí sin agus torthaí a anailíse agus a fhíoraithe ar na sonraí sin ar aghaidh ach amháin chuig Ballstát, nó chuig tríú tír lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 25(1), pointe (a), pointe (b) nó pointe (c), nó in Airteagal 25(4a).

Féadfaidh Europol torthaí a anailíse agus a fhíoruithe ar na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a aistriú chuig an tríú tír lena mbaineann de bhun Airteagal 25(5) nó (6).

3.  
Féadfaidh Europol sonraí pearsanta a tharchur nó a aistriú chuig páirtithe príobháideacha, ar bhonn cás ar chás, faoi réir aon srianta a shonraítear de bhun Airteagal 19(2) nó (3) agus gan dochar d’Airteagal 67, i gcás ina bhfuil géarghá le tarchur nó aistriú a leithéidí de shonraí chun aghaidh a thabhairt ar scaipeadh ar líne ábhair mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (y), agus nach bhfuil cearta bunúsacha nó saoirsí na n-ábhar sonraí lena mbaineann níos tábhachtaí ná leas an phobail lena n-éilítear go ndéanfar na sonraí pearsanta sin a tharchur nó a aistriú.
4.  
I gcás nach bhfuil an páirtí príobháideach lena mbaineann bunaithe laistigh den Aontas nó i dtríú tír dá dtagraítear in Airteagal 25(1), pointe (a), (b) nó (c), nó in Airteagal 25(4a), éileofar údarú ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin don aistriú.
5.  
Cuideoidh Europol leis na húdaráis inniúla, malartóidh sé faisnéis agus comhoibreoidh sé le húdaráis inniúla na mBallstát maidir le tarchur nó aistriú sonraí pearsanta chuig páirtithe príobháideacha faoi mhír 3 nó mír 4, go háirithe chun dúbláil iarrachta a sheachaint, chun comhordú a fheabhsú agus chun a sheachaint go gcuirfí isteach ar imscrúduithe sna Ballstáit éagsúla.
6.  
Féadfaidh Europol a iarraidh ar Bhallstáit, trína n-aonaid náisiúnta, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, sonraí pearsanta a fháil ó pháirtithe príobháideacha, atá bunaithe nó a bhfuil ionadaí dlíthiúil acu ina gcríoch, chun críche na sonraí sin a chomhroinnt le Europol. Beidh iarrataí den sórt sin réasúnaithe agus beidh sé chomh beacht agus is féidir. Beidh sonraí pearsanta den sort sin ar an leibhéal íogaireachta is lú agus is féidir agus beidh siad teoranta go docht don mhéid atá comhréireach agus riachtanach chun críche Europol a chumasú chun aghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (y).

D’ainneoin dhlínse na mBallstát maidir le scaipeadh an ábhair a n-iarrann Europol na sonraí pearsanta ina leith, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le-húdaráis inniúla na mBallstát na hiarrataí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a phróiseáil i gcomhréir lena ndlí náisiúnta chun críche an fhaisnéis riachtanach a sholáthar do Europol ionas gur féidir leis a chuspóirí a bhaint amach.

7.  
Áiritheoidh Europol go ndéanfar taifid mhionsonraithe de gach aistriú de shonraí pearsanta mar aon leis na forais a bhí le haistrithe den sórt sin a choimeád i gcomhréir leis an Rialachán seo. Arna iarraidh sin do MECS, cuirfidh Europol na taifid sin ar fáil do MECS de bhun Airteagal 39a.
8.  
Má dhéantar dochar leis na sonraí pearsanta a fhaightear nó a bheidh le haistriú do leasanna Ballstáit, cuirfidh Europol aonad náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas láithreach bonn.

▼B

Airteagal 27

Faisnéis ó dhaoine príobháideacha

▼M1

1.  
A mhéid atá sé riachtanach do Europol a chuid cúraimí a chomhlíonadh, féadfaidh Europol faisnéis de thionscnamh daoine príobháideacha a fháil agus a phróiseáil.

Ní dhéanfaidh Europol sonraí pearsanta de thionscnamh daoine príobháideacha a phróiseáil ach amháin ar choinníoll go bhfaightear iad trí na nithe seo a leanas:

(a) 

aonad náisiúnta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(b) 

pointe teagmhála tríú tír nó eagraíochta idirnáisiúnta de bhun Airteagal 25(1), pointe (c); nó

(c) 

údarás de chuid tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 25(1), pointe (a) nó (b) nó in Airteagal 25(4a).

2.  
I gcás ina bhfaigheann Europol faisnéis, lena n-áirítear sonraí pearsanta, ó dhuine príobháideach a chónaíonn i dtríú tír nach tríú tír ídá dtagraítear in Airteagal 25(1), pointe (a) nó pointe (b), nó in Airteagal 25(4a), ní dhéanfaidh Europol an fhaisnéis sin a chur a aghaidh ach amháin chuig Ballstát nó chuig tríú tír den sórt sin.

▼B

3.  
Má dhochraíonn na sonraí pearsanta a fhaightear leasanna Ballstáit, cuirfidh Europol aonad náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas láithreach.
4.  
Ní dhéanfaidh Europol teagmháil le daoine príobháideacha chun faisnéis a aisghabháil.
5.  
Gan dochar d'Airteagal 36 agus d'Airteagal 37, ní fhéadfaidh Europol sonraí pearsanta a aistriú go daoine príobháideacha.



CAIBIDIL VI

▼M1

COSAINT SONRAÍ

▼M1

Airteagal 27a

Próiseáil sonraí pearsanta ag Europol

1.  
Gan dochar don Rialachán seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus ag Caibidil IX de Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag Europol.

Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1725, gan Caibidil IX san áireamh, maidir le próiseáil sonraí pearsanta riaracháin ag Europol.

2.  
Tuigfear gurb ionann tagairtí do “shonraí pearsanta” sa Rialachán seo agus tagairtí do “shonraí pearsanta oibríochtúla” mar a shainítear in Airteagal 3, pointe (2), de Rialachán (AE) 2018/1725, mura bhforáiltear dá mhalairt sa Rialachán seo.
3.  
Glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha lena gcinnfear na teorainneacha ama do stóráil sonraí pearsanta riaracháin.

▼M1 —————

▼B

Airteagal 29

Iontaofacht an fhoinse agus cruinneas na faisnéise a mheasúnú

1.  

Déanfaidh an Ballstát a chuireann na sonraí ar fáil measúnú an oiread is féidir ar iontaofacht fhoinse na faisnéise de thionscnamh Ballstáit trí úsáid a bhaint as na cóid mheastóireachta foinse seo a leanas:

(A): i gcás nach bhfuil aon amhras i gceist maidir le barántúlacht, le hiontaofacht ná le hinniúlacht na foinse, nó más foinse a fuarthas go raibh sí iontaofa i ngach cás a chuir an fhaisnéis ar fáil;
(B): i gcás gur foinse a fuarthas go raibh sí iontaofa an chuid is mó den am a chuir an fhaisnéis ar fáil;
(C): i gcás gur foinse a fuarthas go raibh sí neamhiontaofa an chuid is mó den am a chuir an fhaisnéis ar fáil;
(X): i gcás nach féidir iontaofacht na foinse a mheas.
2.  

Déanfaidh an Ballstát a chuireann na sonraí ar fáil measúnú an oiread is féidir ar chruinneas na faisnéise de thionscnamh Ballstáit a mheasúnú trí úsáid a bhaint as na cóid mheastóireachta foinse seo a leanas:

(1): faisnéis nach bhfuil aon amhras i gceist maidir lena cruinneas;
(2): faisnéis arb eol í go pearsanta don fhoinse ach nach eol í go pearsanta don oifigeach a bhfuil sí á cur ar aghaidh aige nó aici;
(3): faisnéis nach eol í go pearsanta don fhoinse ach atá comhthacaithe le faisnéis eile atá taifeadta cheana féin;
(4): faisnéis nach eol í go pearsanta don fhoinse agus nach féidir a chomhthacú.
3.  
I gcás ina dtagann Europol, ar bhonn faisnéise atá ina sheilbh cheana féin, ar an gconclúid gur gá an measúnú dá bhforáiltear i mír 1 nó i mír 2 a cheartú, cuirfidh sé an Ballstát lena mbaineann ar an eolas faoi sin agus déanfaidh sé iarracht teacht ar chomhaontú maidir le leasú ar an measúnú. Ní athróidh Europol an measúnú d'uireasa a leithéid de chomhaontú.
4.  
I gcás ina bhfaigheann Europol sonraí nó faisnéis ó Bhallstát gan mheasúnú i gcomhréir le mír 1 nó le mír 2, déanfaidh sé iarracht measúnú a dhéanamh ar iontaofacht na foinse nó ar chruinneas na faisnéise ar bhonn faisnéis atá ina sheilbh cheana féin. Déanfar measúnú ar shonraí agus ar fhaisnéis shonrach i gcomhaontú leis an mBallstát a chuireann na sonraí ar fáil. Féadfaidh Ballstát teacht ar chomhaontú freisin le Europol i dtéarmaí ginearálta maidir le measúnú ar chineálacha sonraithe sonraí agus ar fhoinsí sonraithe. Mura dtagtar ar chomhaontú i gcás sonrach, nó mura bhfuil aon chomhaontú i dtéarmaí ginearálta ann, déanfaidh Europol measúnú ar an bhfaisnéis nó ar na sonraí agus déanfaidh sé na cóid mheastóireachta (X) agus (4), dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 faoi seach, a shannadh d'fhaisnéis nó do shonraí den sórt sin.
5.  
Beidh feidhm mutatis mutandis ag an Airteagal seo i gcás ina bhfaigheann Europol sonraí nó faisnéis ó chomhlacht de chuid an Aontais, ó thríú tír, ó eagraíocht idirnáisiúnta nó ó pháirtí príobháideach.
6.  
Déanfaidh Europol measúnú ar fhaisnéis ó fhoinsí atá ar fáil don phobal trí úsáid a bhaint as na cóid mheastóireachta a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2.
7.  
I gcás gur as anailís a rinne Europol agus a chuid cúraimí á gcomhlíonadh aige a tháinig an fhaisnéis, déanfaidh Europol measúnú ar fhaisnéis den sórt sin i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus le toiliú ó na Ballstáit atá rannpháirteach san anailís.

Airteagal 30

Catagóirí speisialta de shonraí pearsanta agus catagóirí éagsúla d'ábhair sonraí a phróiseáil

1.  
Ceadófar próiseáil sonraí pearsanta maidir le híospartaigh ciona choiriúil, finnéithe nó daoine eile a fhéadann faisnéis a chur ar fáil faoi chionta coiriúla, nó maidir le daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois más gá go docht agus más comhréireach sin chun an choireacht a thagann laistigh de chuspóirí Europol a chosc nó a chomhrac.
2.  
►M1  Ní cheadófar próiseáil sonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibríocha nó trí mheáin eile, lena nochtfar tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creidimh reiligiúnacha nó fealsúnachta, nó ballraíocht i gceardchumann, ná próiseáil sonraí géiniteacha, agus sonraí bithmhéadracha, chun críche duine nádúrtha a shainaithint go sainiúil, ná próiseáil sonraí a bhaineann le sláinte nó saol gnéis nó claonadh gnéis duine nádúrtha, ach amháin i gcás ina bhfuil sé comhréireach agus riachtanach go docht chun críocha tionscadal taighde agus nuálaíochta de bhun Airteagal 33a agus chun críocha oibríochtúla, faoi chuimsiú chuspóirí Europol, agus ach chun coireacht a thagann faoi chuimsiú chuspóirí Europol a chosc nó a chomhrac. Beidh an phróiseáil sin freisin faoi réir coimircí iomchuí a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le cearta agus saoirsí an ábhair sonraí agus, cé is moite de shonraí bithmhéadracha arna bpróiseáil chun duine nádúrtha a shainaithint go sainiúil, ní cheadófar í ach má fhorlíonann na sonraí sin sonraí pearsanta eile arna bpróiseáil ag Europol. ◄ Toirmeascfar grúpa áirithe daoine a roghnú bunaithe ar shonraí pearsanta den sórt sin amháin.

▼M1

2a.  
Cuirfear an tOifigeach Cosanta Sonraí ar an eolas gan moill mhíchuí i gcás próiseáil sonraí pearsanta de bhun an Airteagail seo.

▼M1

3.  
Is ag Europol amháin a bheidh rochtain dhíreach ar shonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2. Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin údarás mar is cuí do líon teoranta ball foirne de chuid Europol a mbeidh rochtain den sórt sin acu, má tá gá leis sin chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh.

D’anneoin na chéad fhomhíre, i gcás inar gá rochtain dhíreach ar shonraí pearsanta a thabhairt do bhaill foirne de chuid údaráis inniúla na mBallstát nó de chuid ghníomhaireachtaí an Aontais ar bhonn Theideal V CFAE chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh, sna gcásanna dá bhforáiltear in Airteagal 20(1) agus (2a) den Rialachán seo nó le haghaidh tionscadail taighde agus nuálaíochta i gcomhréir le hAirteagal 33a(2), pointe (d), den Rialachán seo, tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin údarás mar is cuí do líon teoranta ball foirne den sórt sin rochtain den sórt sin a bheith acu.

▼M1 —————

▼M1

5.  
Ní tharchuirfear sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 chuig na Ballstáit ná chuig comhlachtaí de chuid an Aontais, chuig tríú tíortha ná chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta, ach amháin má cheanglaítear sin faoi dhlí an Aontais nó má tá a leithéid de tharchur nó d’aistriú riachtanach i ndáiríre agus comhréireach i gcásanna aonair a bhaineann le coireacht a thagann faoi chuimsiú chuspóirí Europol agus i gcomhréir le Caibidil V.

▼B

6.  
Gach bliain, tabharfaidh Europol forléiriú staidrimh do MECS ar shonraí pearsanta amhail dá dtagraítear i mír 2 atá próiseáilte aige.

Airteagal 31

Teorainneacha ama chun sonraí pearsanta a stóráil agus a léirscriosadh

1.  
Maidir le sonraí pearsanta a ndéanann Europol próiseáil orthu, ní dhéanfaidh Europol iad a stóráil ach le haghaidh na tréimhse ama atá riachtanach agus comhréireach chun na gcríoch dá bhfuil na sonraí á bpróiseáil.
2.  
In aon chás, déanfaidh Europol athbhreithniú ar an ngá le stóráil leantach, tráth nach déanaí ná trí bliana ó cuireadh tús leis an bpróiseáil tosaigh ar shonraí pearsanta. Féadfaidh Europol a chinneadh sonraí pearsanta a stóráil go dtí go ndéanfar an chéad athbhreithniú eile, a tharlóidh tar éis tréimhse eile trí bliana, má tá sé fós riachtanach leanúint den sonraí a stóráil chun cúraimí Europol a chomhlíonadh. Déanfar na cúiseanna leis an stóráil leantach a dhlisteanú agus a thaifeadadh. Mura ndéantar aon chinneadh faoi stóráil leantach sonraí pearsanta, léirscriosfar na sonraí sin go huathoibríoch tar éis trí bliana.
3.  
Má stóráiltear sonraí pearsanta amhail dá dtagraítear in Airteagal 30(1) agus (2) ar feadh tréimhse is faide ná cúig bliana, cuirfear MECS ar an eolas dá réir.
4.  
I gcás ina bhfuil aon srian maidir le léirscriosadh nó díothú sonraí pearsanta níos luaithe sonraithe ag Ballstát, ag comhlacht de chuid an Aontais, ag tríú tír nó ag eagraíocht idirnáisiúnta tráth a ndéanfar an t-aistriú i gcomhréir le hAirteagal 19(2), léirscriosfaidh Europol na sonraí pearsanta i gcomhréir leis na srianta sin. Má mheastar go bhfuil stóráil leantach na sonraí riachtanach, ar bhonn faisnéis atá níos fairsinge ná an méid atá i seilbh an tsoláthraí sonraí, chun go bhféadfadh Europol na cúraimí atá air a chomhlíonadh, iarrfaidh Europol údarú ón soláthraí sonraí chun leanúint ar aghaidh ag stóráil na sonraí agus tabharfaidh sé bonn cirt le hiarraidh den sórt sin.
5.  
I gcás ina léirscriosann Ballstát, comhlacht de chuid an Aontais, tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta sonraí pearsanta arna soláthar do Europol óna gcomhaid sonraí féin, cuirfidh sé nó sí Europol ar an eolas dá réir. Léirscriosfaidh Europol na sonraí mura meastar go bhfuil stóráil leantach na sonraí riachtanach, ar bhonn faisnéis atá níos fairsinge ná an méid atá i seilbh an tsoláthraí sonraí, chun go bhféadfaidh Europol na cúraimí atá air a chomhlíonadh. Cuirfidh Europol an soláthraí sonraí ar an eolas faoi stóráil leantach sonraí den sórt sin agus tabharfaidh sé bonn cirt leis an stóráil leantach sin.
6.  

Ní léirscriosfar sonraí pearsanta más amhlaidh:

(a) 

go ndéanfadh sé sin damáiste do leas ábhair sonraí a bhfuil cosaint ag teastáil uaidh nó uaithi. I gcásanna den sórt sin, ní úsáidfear na sonraí ach amháin le toiliú sainráite agus i scríbhinn an ábhair sonraí;

(b) 

go gcuireann an t-ábhar sonraí in aghaidh a gcruinnis, ar feadh tréimhse a chuireann ar chumas Ballstát nó Europol, más iomchuí, cruinneas na sonraí a fhíorú;

(c) 

nach mór iad a choimeád chun críocha cruthúnais nó chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint; nó

(d) 

go gcuireann an t-ábhar sonraí i gcoinne a léirscriosta agus go n-iarrann sé nó sí, in ionad sin, srian a chur lena n-úsáid.

▼M1

Airteagal 32

Slándáil na próiseála

Maidir le sásraí chun a áirithiú go dtabharfar aghaidh ar bhearta slándála ar fud theorainneacha na gcóras faisnéise, bunóidh an tAontas iad i gcomhréir le hAirteagal 91 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus bunóidh na Ballstáit iad i gcomhréir le hAirteagal 29 de Threoir (AE) 2016/680.

▼M1 —————

▼M1

Airteagal 33a

Próiseáil sonraí pearsanta le haghaidh taighde agus nuálaíochta

1.  

Féadfaidh Europol sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha a thionscadal taighde agus nuálaíochta ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas i leith phróiseáil na sonraí pearsanta sin:

(a) 

go bhfuil fíorghá léi, agus go bhfuil bonn cirt cuí léi chun cuspóirí an tionscadail lena mbaineann a bhaint amach;

(b) 

maidir le catagóirí speisialta de shonraí pearsanta, go bhfuil fíorghá léi agus go bhfuil sí faoi réir coimircí iomchuí, lena bhféadfaí bréagainmniú a áireamh.

Beidh prionsabal na trédhearcachta, prionsabal na hinmhínitheachta, prionsabal na cothroime agus prionsabal na cuntasachta ina mbonn leis an bpróiseáil a dhéanfaidh Europol ar shonraí pearsanta i gcomhthéacs tionscadal taighde agus nuálaíochta.

2.  

Gan dochar do mhír 1, maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar i gcomhthéacs thionscadail taighde agus nuálaíochta Europol, beidh feidhm ag na coimircí seo a leanas:

(a) 

maidir le haon tionscadal taighde agus nuálaíochta, éilítear údarú roimh ré ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, i gcomhairliúchán leis an Oifigeach Cosanta Sonraí agus leis an Oifigeach um Chearta Bunúsacha, bunaithe ar an méid seo a leanas:

(i) 

tuairisc ar chuspóirí an tionscadail agus míniú ar an gcaoi a dtugann an tionscadal cúnamh do Europol nó d’údaráis inniúla na mBallstát agus iad ag gabháil dá gcúraimí;

(ii) 

tuairisc ar an ngníomhaíocht phróiseála atá beartaithe, ina leagtar amach cuspóirí, raon feidhme agus fad na próiseála agus a mhéid is gá agus is comhréireach na sonraí pearsanta a phróiseáil, amhail réitigh nuálacha theicneolaíocha a fhiosrú agus a thástáil agus cruinneas thorthaí an tionscadail a áirithiú;

(iii) 

tuairisc ar chatagóirí na sonraí pearsanta a bheidh le próiseáil;

(iv) 

measúnú ar a mhéid a chomhlíontar na prionsabail cosanta sonraí a leagtar síos in Airteagal 71 de Rialachán (AE) 2018/1725, ar na teorainneacha ama chun na sonraí pearsanta a stóráil agus ar na coinníollacha le haghaidh na sonraí pearsanta a rochtain, agus

(v) 

measúnú tionchair um chosaint sonraí, lena n-áirítear na rioscaí do chearta agus saoirsí uile na n-ábhar sonraí, an baol go mbeidh aon chlaontacht ann sna sonraí pearsanta a bheidh le húsáid i gcomhair oiliúint na n-algartam agus i dtoradh na próiseála, agus na bearta atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin agus sáruithe ar chearta bunúsacha a sheachaint freisin;

(b) 

cuirfear MECS ar an eolas roimh sheoladh an tionscadail;

(c) 

rachfar i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta nó cuirfear ar an eolas é sula seolfar an tionscadal, i gcomhréir leis na treoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 18(7);

(d) 

aon sonraí pearsanta atá le próiseáil i gcomhthéacs an tionscadail:

(i) 

déanfar iad a chóipeáil go sealadach chuig timpeallacht próiseála sonraí ar leithligh, scoite amach agus cosanta laistigh de Europol chun an tionscadal sin a chur i gcrích;

(ii) 

ní bheidh rochtain orthu ach ag baill foirne atá údaraithe go sonrach ag Europol i gcomhréir le hAirteagal 30(3) den Rialachán seo agus, faoi réir bearta slándála teicniúla, ag baill foirne, atá údaraithe go sonrach, de chuid údaráis inniúla na mBallstát agus de chuid ghníomhaireachtaí an Aontais arna mbunú ar bhonn Theideal V CFAE;

(iii) 

ní dhéanfar iad a tharchur ná a aistriú;

(iv) 

ní thiocfaidh bearta ná cinntí a dhéanann difear do na hábhair sonraí mar thoradh ar a bpróiseáil;

(v) 

déanfar iad a scriosadh a luaithe agus a bheidh an tionscadal críochnaithe nó nuair a bheidh an teorainn ama chun na sonraí pearsanta a stóráil dulta in éag i gcomhréir le hAirteagal 31;

(e) 

ní choimeádfar logaí ar phróiseáil na sonraí pearsanta i gcomhthéacs an tionscadail ar feadh 2 bhliain tar éis an tionscadal a thabhairt chun críche, ach amháin chun cruinneas thoradh na próiseála sonraí a dheimhniú agus le haghaidh trátha nach faide ná mar atá riachtanach chun na críche sin.

3.  
Bunóidh an Bord Bainistíochta i ndoiciméad a bheidh ceangailteach raon feidhme ginearálta ceangailteach do thionscadail taighde agus nuálaíochta. Déanfar doiciméad den sórt sin a thabhairt cothrom le dáta i gcás inarb iomchuí agus cuirfear ar fáil é do MECS i dtreo is go bhféadfaidh sé maoirseacht a dhéanamh.
4.  
Coinneoidh Europol doiciméad ina mbeidh tuairisc mhionsonraithe ar an bpróiseas agus ar an réasúnaíocht atá le hoiliúint, tástáil agus bailíochtú na n-algartam chun trédhearcacht an phróisis agus na n-algartam a áirithiú, lena n-áirítear a mhéid a chomhlíonann siad na coimircí dá bhforáiltear san Airteagal seo, agus ionas go bhfágfar gur féidir cruinneas na dtorthaí a fhíorú bunaithe ar úsáid algartam den sórt sin. Arna iarraidh sin, cuirfidh Europol an doiciméad sin ar fáil do pháirtithe leasmhara, lena n-áirítear na Ballstáit agus GGPC.
5.  
Más Ballstát, comhlacht de chuid an Aontais, tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta a sholáthair na sonraí pearsanta atá le próiseáil i gcomhair tionscadal taighde agus nuálaíochta, iarrfaidh Europol toiliú ó sholáthraí na sonraí sin i gcomhréir le hAirteagal 19(2), ach amháin má tá údarú roimh ré tugtha ag soláthraí na sonraí sin do phróiseáil den sórt sin chun críche tionscadail taighde agus nuálaíochta, i dtéarmaí ginearálta nó faoi réir coinníollacha sonracha.

Ní dhéanfaidh Europol sonraí i gcomhair tionscadail taighde agus nuálaíochta a phróiseáil gan toiliú ó sholáthraí na sonraí,. Féadfar an toiliú sin a tharraing siar tráth ar bith.

▼B

Airteagal 34

Fógra faoi shárú i ndáil le sonraí pearsanta a thabhairt do na húdaráis lena mbaineann

▼M1

1.  
Gan dochar d’Airteagal 92 de Rialachán (AE) 2018/1725, i gcás sárú ar shonraí pearsanta, tabharfaidh Europol fógra maidir leis an sárú sin gan moill mhíchuí d’údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 7(5) den Rialachán seo, agus do sholáthraí na sonraí lena mbaineann chomh maith mura rud é go bhfuil drochsheans ann go mbeidh riosca ann do chearta agus saoirsí daoine nádúrtha mar gheall ar an sárú ar shonraí pearsanta

▼B

2.  

Leis an bhfógra dá dtagraítear i mír 1, déanfar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a) 

tabharfar tuairisc ar an gcineál sáraithe atá ann i ndáil le sonraí pearsanta, lena n-áirítear, nuair is féidir agus nuair is iomchuí, na catagóirí agus líon na n-ábhar sonraí lena mbaineann agus catagóirí agus líon na dtaifead sonraí lena mbaineann;

(b) 

tabharfar tuairisc ar iarmhairtí dóchúla an tsáraithe i ndáil le sonraí pearsanta;

(c) 

tabharfar tuairisc ar na bearta atá beartaithe nó atá déanta ag Europol chun dul i ngleic leis an sárú i ndáil le sonraí pearsanta; agus

(d) 

i gcás inarb iomchuí, molfar bearta chun aon éifeachtaí díobhálacha a mhaolú a d'fhéadfadh a bheith ag an sárú i ndáil le sonraí pearsanta.

▼M1 —————

▼B

Airteagal 35

Sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí

▼M1 —————

▼M1

3.  
Gan dochar d’Airteagal 93 de Rialachán (AE) 2018/1725, mura bhfuil sonraí teagmhála an ábhair sonraí lena mbaineann ag Europol, iarrfaidh sé ar sholáthraí na sonraí an sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí lena mbaineann agus Europol a chur ar an eolas faoin gcinneadh a glacadh. Na Ballstáit a sholáthraíonn na sonraí, cuirfidh siad an sárú ar shonraí pearsanta in iúl don ábhar sonraí lena mbaineann i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

▼M1 —————

▼B

Airteagal 36

Ceart rochtana don ábhar sonraí

▼M1 —————

▼M1

3.  
Féadfaidh aon ábhar sonraí ar mian leis nó léi an ceart chun rochtana a fheidhmiú dá dtagraítear in Airteagal 80 de Rialachán (AE) 2018/1725 ar shonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhar sonraí sin iarraidh a dhéanamh chuige sin chuig an údarás a ceapadh don chuspóir sin sa Bhallstát dá rogha féin, nó chuig Europol. I gcás ina ndéantar an iarraidh chuig an údarás sin, déanfaidh sé an iarraidh sin a chur faoi bhráid Europol gan moill mhíchuí agus laistigh de mhí amháin óna fháil.

▼B

4.  
Deimhneoidh Europol go bhfuair sé an iarraidh faoi mhír 3. Freagróidh Europol í gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de thrí mhí tar éis do Europol an iarraidh a fháil ón údarás náisiúnta.
5.  
Rachaidh Europol i gcomhairle le húdaráis inniúla na mBallstát, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 7(5), agus le soláthraí na sonraí lena mbaineann maidir le cinneadh a bheidh le déanamh. Beidh cinneadh faoi rochtain ar shonraí pearsanta ag brath ar dhlúthchomhar idir Europol agus na Ballstáit agus soláthraí na sonraí a bhfuil baint dhíreach ag an rochtain atá ag an ábhar sonraí ar na sonraí sin leo. Má dhéanann an Ballstát nó soláthraí na sonraí agóid i gcoinne freagra beartaithe Europol, tabharfaidh sé fógra do Europol faoi na cúiseanna lena agóid i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo. Tabharfaidh Europol lánaird ar aon agóid den sórt sin. Ina dhiaidh sin, tabharfaidh Europol fógra faoina chinneadh do na húdaráis inniúla lena mbaineann, i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 7(5), agus do sholáthraí na sonraí.

▼M1 —————

▼B

Airteagal 37

An ceart go ndéanfaí ceartúchán, léirscriosadh agus srianadh

▼M1

1.  
Féadfaidh aon ábhar sonraí ar mian leis nó léi an ceart chun sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh nó chun próiseáil a shrianadh maidir le sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi, dá dtagraítear in Airteagal 82 de Rialachán (AE) 2018/1725, iarraidh a dhéanamh chuige sin, tríd an údarás a ceapadh don chuspóir sin sa Bhallstát dá rogha féin, nó chuig Europol. Nuair a dhéantar an iarraidh chuig an t-údarás sin, déanfaidh sé an iarraidh sin a chur faoi bhráid Europol gan moill mhíchuí, agus laistigh de mhí amháin óna fáil.

▼M1 —————

▼M1

3.  
Gan dochar d’Airteagal 82(3) de Rialachán (AE) 2018/1725, déanfaidh Europol próiseáil na sonraí pearsanta a shrianadh seachas iad a scriosadh má bhíonn forais ann lena chreidiúint go bhféadfadh scriosadh difear a dhéanamh do leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí.

Ní dhéanfar sonraí srianta a phróiseáil ach amháin chun cearta an ábhair sonraí a chosaint, i gcás inar gá sin chun leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó duine eile a chosaint, nó chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 82(3) de Rialachán (AE) 2018/1725.

4.  
I gcás inar sholáthair tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta nó comhlachtaí de chuid an Aontais sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 1 agus mír 3 atá i seilbh Europol dó nó inar sholáthair páirtithe príobháideacha iad go díreach dó nó inar aisghabh Europol iad ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí nó má tháinig na sonraí chun cinn mar thoradh ar anailísí Europol féin, déanfaidh Europol sonraí den sórt sin a cheartú, nó a scriosadh nó a bpróiseáil a shrianadh agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé an méid sin in iúl do sholáthraithe na sonraí.
5.  
I gcás inar sholáthair na Ballstáit sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 1 agus mír 3 atá i seilbh Europol go díreach dó, is iad na Ballstáit atá i gceist a dhéanfaidh sonraí den sórt sin a cheartú nó a scriosadh nó a bpróiseáil a bpróiseáil a shrianadh i gcomhar le Europol faoi chuimsiú a gcuid inniúlachtaí faoi seach.

▼B

6.  
Má aistríodh sonraí pearsanta míchearta ar bhealaí eile iomchuí nó má tharla na hearráidí sna sonraí arna soláthar ag na Ballstáit mar thoradh ar aistriú lochtach nó má aistríodh iad de shárú ar an Rialachán seo nó má tháinig siad chun cinn toisc gur ionchuir Europol na sonraí sin ar bhealach mícheart nó de shárú ar an Rialachán seo, nó má chuaigh Europol i gceannas orthu ar bhealach mícheart nó de shárú ar an Rialachán seo nó má stóráil Europol ar bhealach mícheart iad nó de shárú ar an Rialachán seo, ceartóidh nó léirscriosfaidh Europol na sonraí i gcomhpháirt le soláthraí na sonraí atá i gceist.
7.  
Sna cásanna dá dtagraítear i mír 4, i mír 5 agus i mír 6 tabharfar fógra láithreach dóibh siúd go léir a bhfuil na sonraí lena mbaineann dírithe orthu. I gcomhréir leis na rialacha atá infheidhme dóibh, ceartóidh, léirscriosfaidh nó srianfaidh siad siúd a bhfuil na sonraí dírithe orthu na sonraí ina gcuid córas féin.

▼M1 —————

▼B

Airteagal 38

Freagracht maidir le hábhair cosanta sonraí

▼M1

1.  
Próiseálfaidh Europol sonraí pearsanta ar bhealach a áiritheoidh gur féidir a bhfoinse, i gcomhréir le hAirteagal 17, a shuí.
2.  

Beidh an fhreagracht as cruinneas na sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 71(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2018/1725 orthu seo a leanas:

▼B

(a) 

is é an Ballstát nó an comhlacht Aontais a chuir na sonraí pearsanta ar fáil do Europol a bheidh freagrach;

(b) 

is é Europol a bheidh freagrach i ndáil le sonraí pearsanta arna gcur ar fáil ag tríú tíortha, nó ag eagraíochtaí idirnáisiúnta nó go díreach ag páirtithe príobháideacha; agus as sonraí pearsanta arna n-aisghabháil ag Europol ó fhoinsí atá ar fáil don phobal nó a eascraíonn as anailísí Europol féin agus as sonraí pearsanta atá á stóráil ag Europol i gcomhréir le hAirteagal 31(5).

3.  
Más eol do Europol go bhfuil sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil de bhun pointe (a) agus pointe (b) d'Airteagal 17(1) mícheart go fíorasach nó má stóráladh go neamhdhleathach iad, cuirfidh sé an méid sin in iúl do sholáthraí na sonraí sin dá réir.

▼M1

4.  
Beidh Europol freagrach as Rialachán (AE) 2018/1725 a chomhlíonadh maidir le sonraí pearsanta riaracháin agus as an Rialachán seo agus Airteagal 3 agus Caibidil IX de Rialachán (AE) 2018/1725 a chomhlíonadh maidir le sonraí pearsanta.

▼B

5.  

Seo a leanas na dreamanna a bheidh freagrach as dlíthiúlacht an aistrithe sonraí:

(a) 

an Ballstát a sholáthair na sonraí pearsanta do Europol;

(b) 

Europol i gcás arb é Europol a sholáthair na sonraí pearsanta do na Ballstáit, do thríú tíortha nó d'eagraíochtaí idirnáisiúnta.

6.  
I gcás aistrithe idir Europol agus comhlacht Rialtais, is é Europol a bheidh freagrach as dlíthiúlacht an aistrithe.

Gan dochar don chéad fhomhír, áit a n-aistríonn Europol sonraí tar éis iarrata ón bhfaighteoir, beidh Europol agus an faighteoir araon freagrach as dlíthiúlacht aistrithe den sórt sin.

7.  
Is é Europol a bheidh freagrach as na hoibríochtaí próiseála sonraí uile arna gcur i gcrích aige ach amháin malartú déthaobhach sonraí idir Ballstáit, comhlachtaí Aontais, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta ina mbaintear leas as bonneagar Europol agus nach bhfuil rochtain ag Europol air. Is faoi fhreagracht na n-eintiteas lena mbaineann agus i gcomhréir lena ndlí a dhéanfar na malartuithe déthaobhacha den sórt sin. ►M1  Áiritheofar slándáil malartuithe den chineál sin i gcomhréir le hAirteagal 91 de Rialachán (AE) 2018/1725. ◄

▼M1

Airteagal 39

Réamhchomhairliúchán

1.  
Gan dochar d’Airteagal 90 de Rialachán (AE) 2018/1725, ní bheidh feidhm ag réamhchomhairliúchán le MECS maidir le gníomhaíochtaí sonracha oibríochtúla nach n-áirítear leo aon chineál nua próiseála lena mbainfeadh ardriosca do chearta agus do shaoirsí na n-ábhar sonraí.
2.  
Féadfaidh Europol oibríochtaí próiseála atá faoi réir réamhchomhairliúchán le MECS de bhun Airteagal 90(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 a thionscnamh mura rud é go bhfuil comhairle i scríbhinn tugtha ag MECS de bhun Airteagal 90(4) den Rialachán sin laistigh de na tréimhsí dá bhforáiltear san fhoráil sin, ar tréimhsí iad a thosaíonn ar dháta faighte na hiarrata tosaigh ar chomhairliúchán agus nach bhfuil le cur ar fionraí.
3.  
I gcás ina bhfuil tábhacht shuntasach ag baint leis na hoibríochtaí próiseála dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo d’fheidhmiú chúraimí Europol agus má tá siad thar a bheith práinneach agus riachtanach chun bagairt láithreach coire a thagann faoi chuimsiú chuspóirí Europol a chosc agus a chomhrac nó leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó duine eile a chosaint, féadfaidh Europol próiseáil a thionscnamh go heisceachtúil tar éis don réamhchomhairliúchán le MECS dá bhforáiltear in Airteagal 90(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 tosú agus sula mbeidh an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 90(4) den Rialachán sin dulta in éag. Sa chás sin, cuirfidh Europol MECS ar an eolas sula gcuirfear tús le hoibríochtaí próiseála.

Cuirfear san áireamh go cúlghabhálach comhairle i scríbhinn ó MECS de bhun Airteagal 90(4) de Rialachán (AE) 2018/1725, agus déanfar slí dhéanta na próiseála a choigeartú dá réir.

Beidh an tOifigeach Cosanta Sonraí rannpháirteach i measúnú a dhéanamh ar phráinn na n-oibríochtaí próiseála sin sula rachaidh in éag an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 90(4) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus déanfaidh sé nó sí formhaoirseacht ar an bpróiseáil i dtrácht.

4.  
Coimeádfaidh MECS clár de gach oibríocht próiseála ar tugadh fógra dó nó di fúthu de bhun mhír 1. Ní bheidh an clár ar fáil go poiblí.

▼M1

Airteagal 39a

Taifid de chatagóirí na ngníomhaíochtaí próiseála

1.  

Coimeádfaidh Europol taifead de chatagóirí uile na ngníomhaíochtaí próiseála a thagann faoina fhreagracht. Áireofar an fhaisnéis seo a leanas sa taifead sin:

(a) 

sonraí teagmhála Europol agus ainm agus sonraí teagmhála a Oifigigh Cosanta Sonraí;

(b) 

cuspóirí na próiseála;

(c) 

tuairisc ar na catagóirí d’ábhair sonraí agus ar chatagóirí na sonraí pearsanta;

(d) 

catagóirí na bhfaighteoirí ar nochtadh na sonraí pearsanta dóibh nó a nochtfar na sonraí pearsanta dóibh, lena n-áirítear faighteoirí i dtríú tíortha nó in eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(e) 

i gcás inarb infheidhme, aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tír, chuig eagraíocht idirnáisiúnta nó chuig páirtí príobháideach, lena n-áirítear sainaithint an fhaighteora sin;

(f) 

i gcás inar féidir, na teorainneacha ama atá réamh-mheasta chun catagóirí éagsúla sonraí a léirscriosadh;

(g) 

i gcás inar féidir, cur síos ginearálta ar na bearta slándála teicniúla agus eagraíochtúla dá dtagraítear in Airteagal 91 de Rialachán (AE) 2018/1725;

(h) 

i gcás inarb infheidhme, úsáid próifílithe.

2.  
Is i scríbhinn, lena n-áirítear i bhfoirm leictreonach, a bheidh an taifead dá dtagraítear i mír 1.
3.  
Cuirfidh Europol an taifead dá dtagraítear i mír 1 ar fáil do MECS arna iarraidh sin.

▼M1

Airteagal 40

Logáil

1.  
I gcomhréir le hAirteagal 88 de Rialachán (AE) 2018/1725, coimeádfaidh Europol logaí dá chuid oibríochtaí próiseála. Ní bheifear in ann na logaí a mhodhnú.
2.  
Gan dochar d’Airteagal 88 de Rialachán (AE) 2018/1725, má éilíonn aonad náisiúnta amhlaidh i gcás imscrúdú sonrach a bhaineann le rialacha um chosaint sonraí a chomhlíonadh, cuirfear na logaí dá dtagraítear i mír 1 ar fáil don aonad náisiúnta sin.

Airteagal 41

An tOifigeach Cosanta Sonraí a ainmniú

1.  
Ceapfaidh an Bord Bainistíochta Oifigeach Cosanta Sonraí, a bheidh ina bhall foirne nó ina ball foirne de chuid Europol a ainmneofar go sainiúil don phost sin amháin.
2.  
Roghnófar an tOifigeach Cosanta Sonraí ar bhonn cháilíochtaí gairmiúla an duine agus, go háirithe, ar bhonn an saineolais atá ag an duine ar an dlí um chosaint sonraí agus ar chleachtais um chosaint sonraí agus ar bhonn an chumais atá aige nó aici na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 41b den Rialachán seo agus i Rialachán (AE) 2018/1725 a chur i gcrích.
3.  
Ní bheidh mar thoradh ar roghnú an Oifigigh Cosanta Sonraí go gcruthófaí coinbhleacht leasa idir dualgais an Oifigigh mar Oifigeach Cosanta Sonraí agus dualgais oifigiúla eile ar bith, go háirithe maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
4.  
Ní bhrisfidh an Bord Bainistíochta an tOifigeach Cosanta Sonraí as a phost nó as a post ná ní ghearrfar pionós air nó uirthi mar gheall ar a chúraimí nó a cúraimí a chur i gcrích.
5.  
Foilseoidh Europol sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus cuirfidh sé iad sin in iúl do MECS.

▼M1

Airteagal 41a

Post an Oifigigh Cosanta Sonraí

1.  
Áiritheoidh Europol go bhfuil baint ag an Oifigeach Cosanta Sonraí, go hiomchuí agus go tráthúil, le gach saincheist a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta.
2.  
Tacóidh Europol leis an Oifigeach Cosanta Sonraí agus na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 41b á bhfeidhmiú aige nó aici trí na hacmhainní agus an fhoireann is gá a chur ar fáil chun na cúraimí sin a fheidhmiú agus trí rochtain ar shonraí pearsanta agus ar oibríochtaí próiseála a chur ar fáil, agus chun a shaineolas nó a saineolas a choimeád.

Chun tacú leis an Oifigeach Cosanta Sonraí agus na cúraimí á bhfeidhmiú aige nó aici, féadfar ball foirne de chuid Europol a ainmniú ina Oifigeach Cosanta Sonraí cúnta.

3.  
Áiritheoidh Europol go ngníomhóidh an tOifigeach Cosanta Sonraí go neamhspleách agus nach bhfaighidh sé nó sí aon treoir maidir le feidhmiú a chúraimí nó a cúraimí.

Tuairisceoidh an tOifigeach Cosanta Sonraí go díreach don Bhord Bainistíochta.

4.  
Féadfaidh ábhair sonraí dul i dteagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí maidir le haon saincheist a bhaineann le próiseáil a sonraí pearsanta agus maidir le feidhmiú a gceart faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

Ní fhulaingeoidh aon duine dochar mar gheall ar ábhar ar a ndírítear aird an Oifigigh Cosanta Sonraí lena líomhnaítear gur tharla sárú ar fhorálacha an Rialacháin seo nó Rialachán (AE) 2018/1725.

5.  
Glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha cur chun feidhme maidir leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Bainfidh na rialacha cur chun feidhme sin go háirithe leis an nós imeachta roghnúcháin le haghaidh phost an Oifigigh Cosanta Sonraí, lena dhífhostú nó a dífhostú, lena chúraimí nó a cúraimí, lena dhualgais nó lena dualgais agus le cumhachtaí, agus le coimircí maidir lena neamhspleáchas.
6.  
Beidh an tOifigeach Cosanta Sonraí agus a chuid nó a cuid foirne faoi cheangal na hoibleagáide maidir le rúndacht i gcomhréir le hAirteagal 67(1).
7.  
Ceapfar an tOifigeach Cosanta Sonraí le haghaidh téarma 4 bliana agus beidh sé nó sí incháilithe le ceapadh arís.
8.  
Mura gcomhlíonann an tOifigeach Cosanta Sonraí a thuilleadh na coinníollacha is gá chun dualgais an phoist a fheidhmiú, ní chuirfidh an Bord Bainistíochta an tOifigeach Cosanta Sonraí a chur as a phost nó as a post ach le cead ó MECS.
9.  
Cláróidh an Bord Bainistíochta an tOifigeach Cosanta Sonraí agus an tOifigeach Cosanta Sonraí cúnta le MECS.
10.  
Na forálacha is infheidhme maidir leis an Oifigeach Cosanta Sonraí, beidh feidhm acu mutatis mutandis maidir leis an Oifigeach Cosanta Sonraí cúnta.

Airteagal 41b

Cúraimí an Oifigigh Cosanta Sonraí

1.  

Beidh na cúraimí seo a leanas go háirithe ag an Oifigeach Cosanta Sonraí maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil:

(a) 

a áirithiú ar bhealach neamhspleách go gcomhlíonann Europol forálacha cosanta sonraí an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) 2018/1725 agus na forálacha ábhartha um chosaint sonraí i rialacha inmheánacha Europol, lena n-áirítear faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo, Rialachán (AE) 2018/1725, forálacha de chuid an Aontais nó forálacha náisiúnta eile a bhaineann le cosaint sonraí, agus bheartais Europol, maidir le cosaint sonraí pearsanta, lena n-áirítear freagrachtaí a shannadh, ardú feasachta agus oiliúint a chur ar bhaill foirne a bhfuil baint acu le hoibríochtaí próiseála, agus iniúchtaí gaolmhara;

(b) 

faisnéis agus comhairle a thabhairt do Europol agus do na baill foirne a phróiseálann sonraí pearsanta faoi na hoibleagáidí dá gcuid de bhun an Rialacháin seo, de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 agus de bhun forálacha eile de chuid an Aontais nó forálacha náisiúnta maidir le cosaint sonraí;

(c) 

comhairle a thabhairt nuair a iarrtar sin maidir leis an measúnú tionchair ar chosaint sonraí de bhun Airteagal 89 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht an measúnaithe tionchair ar chosaint sonraí;

(d) 

taifead a choinneáil de sháruithe um chosaint sonraí agus comhairle a chur ar fáil nuair a iarrtar sin i ndáil leis an ngá atá le fógra a thabhairt nó é a chur in iúl gur tharla sárú i ndáil le sonraí pearsanta de bhun Airteagal 92 agus Airteagal 93 de Rialachán (AE) 2018/1725;

(e) 

a áirithiú go gcoinnítear taifead faoi aistriú agus faoi fháil sonraí pearsanta i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(f) 

arna iarraidh sin dóibh, a áirithiú go gcuirfear na hábhair sonraí ar an eolas faoina gcuid ceart faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) 2018/1725;

(g) 

comhoibriú le baill foirne Europol atá freagrach as nósanna imeachta, oiliúint agus comhairle faoi phróiseáil sonraí;

(h) 

freagra a thabhairt ar iarrataí ó MECS, laistigh de réimse a inniúlachta nó a hinniúlachta, comhoibriú agus dul i gcomhairle le MECS, arna iarraidh sin do MECS nó ar a thionscnamh nó a tionscnamh féin;

(i) 

comhoibriú le húdaráis inniúla na mBallstát, go háirithe le hOifigigh Cosanta Sonraí de chuid údaráis inniúla na mBallstát agus le húdaráis mhaoirseachta náisiúnta maidir le gnóthaí cosanta sonraí i réimse fhorfheidhmiú an dlí;

(j) 

gníomhú mar phointe teagmhála do MECS maidir le saincheisteanna a bhaineann le próiseáil, lena n-áirítear an réamhchomhairliúchán faoi Airteagal 40 agus Airteagal 90 de Rialachán (AE) 2018/1725, agus comhairliúchán a dhéanamh, nuair is iomchuí, maidir le haon ábhar eile laistigh de réimse a inniúlachta nó a hinniúlachta;

(k) 

tuarascáil bhliantúil a ullmhú agus an tuarascáil sin a chur in iúl don Bhord Bainistíochta agus do MECS;

(l) 

a áirithiú nach ndéanfaidh na hoibríochtaí próiseála difear do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí.

2.  
Féadfaidh an tOifigeach Cosanta Sonraí moltaí a dhéanamh leis an mBord Bainistíochta maidir le feabhas praiticiúil a chur ar an gcosaint sonraí agus comhairle a chur ar an Oifigeach maidir le forálacha i ndáil le cosaint sonraí a chur i bhfeidhm.

Féadfaidh an tOifigeach Cosanta Sonraí, ar a thionscnamh féin nó ar a tionscnamh féin nó arna iarraidh sin don Bhord Bainistíochta, imscrúdú a dhéanamh ar ábhair agus ar tharluithe a bhaineann go díreach lena chúram nó lena cúram agus a thagann chun a aire nó a haire, agus torthaí an imscrúduithe sin a thuairisciú ar ais don duine a d’iarr an t-imscrudú nó don Bhord Bainistíochta.

3.  
Comhlíonfaidh an tOifigeach Cosanta Sonraí na feidhmeanna dá bhforáiltear ag Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le sonraí pearsanta riaracháin.
4.  
I bhfeidhmiú a chuid nó a cuid dualgas, beidh rochtain ag an Oifigeach Cosanta Sonraí agus ag baill foirne Europol a chuidíonn leis an Oifigeach Cosanta Sonraí ar na sonraí go léir a phróiseálann Europol agus ar áitribh uile Europol.
5.  
Má mheasann an tOifigeach Cosanta Sonraí nár comhlíonadh forálacha an Rialacháin seo nó forálacha Rialachán (AE) 2018/1725 a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta riaracháin nó forálacha an Rialacháin seo nó Airteagal 3 agus Chaibidil IX den Rialachán (AE) 2018/1725 a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta, cuirfidh sé nó sí an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar an eolas faoi sin, agus iarrfaidh sé nó sí air nó uirthi an neamhchomhlíonadh a réiteach laistigh de thréimhse shonraithe.

Mura ndéanann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin neamhchomhlíonadh na próiseála a réiteach laistigh den tréimhse shonraithe, cuirfidh an tOifigeach Cosanta Sonraí an Bord Bainistíochta ar an eolas. Freagróidh an Bord Bainistíochta laistigh de theorainn ama shonraithe arna comhaontú leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Mura gcuireann an Bord Bainistíochta an neamhchomhlíonadh i gceart laistigh den tréimhse shonraithe, cuirfidh an tOifigeach Cosanta Sonraí an t-ábhar faoi bhráid MECS.

Airteagal 41c

Oifigeach um Chearta Bunúsacha

1.  
Déanfaidh an Bord Bainistíochta, ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, Oifigeach um Chearta Bunúsacha a ainmniú. Féadfaidh an tOifigeach um Chearta Bunúsacha sin a bheith ina bhall nó ina ball d’fhoireann Europol atá ann cheana agus ar cuireadh oiliúint speisialta orthu maidir le dlí agus cleachtas na gceart bunúsach.
2.  

Déanfaidh an tOifigeach um Chearta Bunúsacha na cúraimí seo a leanas:

(a) 

comhairle a chur ar Europol i gcás ina measfaidh sé nó sí gur gá déanamh amhlaidh nó arna iarraidh sin maidir le haon ghníomhaíocht de chuid Europol gan bac ná moill a chur ar na gníomhaíochtaí sin;

(b) 

faireachán a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíonann Europol cearta bunúsacha;

(c) 

tuairimí neamhcheangailteacha a chur ar fáil maidir le socruithe oibre;

(d) 

an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur ar an eolas faoi sháruithe féideartha ar chearta bunúsacha le linn ghníomhaíochtaí Europol;

(e) 

urraim Europol do chearta bunúsacha i gcomhlíonadh a chúraimí agus a ghníomhaíochtaí a chur chun cinn;

(f) 

aon chúraimí eile, i gcás ina bhforáiltear dóibh sa Rialachán seo.

3.  
Áiritheoidh Europol nach bhfaighidh an tOifigeach Cosanta Sonraí aon treoir maidir le cur i gcrích a chúraimí nó a cúraimí.
4.  
Ullmhóidh an tOifigeach um Chearta Bunúsacha go díreach don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus foilseoidh sé nó sí tuarascálacha bliantúla ar a chuid gníomhaíochtaí nó ar a cuid gníomhaíochtaí, lena n-áirítear a mhéid a urramaítear cearta bunúsacha le gníomhaíochtaí Europol. Cuirfear na tuarascálacha sin ar fáil don Bhord Bainistíochta.

Airteagal 41d

Oiliúint um Chearta Bunúsacha

Baill foirne uile Europol a bhfuil baint acu le cúraimí oibríochtúla a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta, cuirfear oiliúint éigeantach orthu maidir le cearta agus saoirsí bunúsacha a chosaint, lena n-áirítear maidir le próiseáil sonraí pearsanta. Déanfar an oiliúint sin a fhorbairt i gcomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle ( 14 ), agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2015/2219 ón Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 15 ).

▼B

Airteagal 42

Maoirseacht ag an údarás maoirseachta náisiúnta

▼M1

1.  
Chun críoch an fheidhm maoirseachta dá chuid a fheidhmiú, beidh rochtain ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 41 de Threoir (AE) 2016/680, ag áitreabh an aonaid náisiúnta nó na n-oifigeach idirchaidrimh, ar shonraí a chuireann a mBallstát faoi bhráid Europol i gcomhréir leis na nósanna imeachta náisiúnta ábhartha agus ar na logaí dá dtagraítear in Airteagal 40 den Rialachán seo.
2.  
Beidh rochtain ag údaráis mhaoirseachta náisiúnta ar oifigí agus ar dhoiciméid a gcuid oifigeach idirchaidrimh féin faoi seach ag Europol.

▼B

3.  
I gcomhréir leis na nósanna imeachta náisiúnta ábhartha, déanfaidh údaráis mhaoirseachta náisiúnta maoirseacht ar ghníomhaíochtaí aonad náisiúnta agus ar ghníomhaíochtaí oifigeach idirchaidrimh, sa mhéid is go bhfuil gníomhaíochtaí den sórt sin ábhartha maidir le cosaint sonraí pearsanta. Chomh maith leis sin, coimeádfaidh siad MECS ar an eolas faoi aon ghníomhartha a ghlacann siad i dtaobh Europol.
4.  
Beidh sé de cheart ag aon duine iarraidh ar an údarás maoirseachta náisiúnta a fhíorú go bhfuil aon aistriú sonraí a bhaineann leis nó léi nó aon chur in iúl sonraí a bhaineann leis nó léi chuig Europol i bhfoirm ar bith agus go bhfuil rochtain ar na sonraí ag an mBallstát atá i gceist dleathach. Déanfar an ceart sin a fheidhmiú i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit a ndéantar an iarraidh ann.

Airteagal 43

Maoirseacht ag MECS

1.  
►M1  Beidh MECS freagrach as faireachán a dhéanamh ar fhorálacha an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) 2018/1725 agus as a áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm iad i ndáil le cearta bunúsacha agus saoirsí daoine nádúrtha a chosaint maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag Europol, agus as comhairle a chur ar Europol agus ar ábhair sonraí maidir le gach ábhar a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta. ◄ Chuige sin, comhlíonfaidh sé nó sí na dualgais a leagtar amach i mír 2 agus feidhmeoidh sé nó sí na cumhachtaí a leagtar síos i mír 3, agus é nó í ag comhoibriú go dlúth leis na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 44.
2.  

Beidh na dualgais seo a leanas ag MECS:

(a) 

éisteacht le gearáin agus imscrúdú a dhéanamh orthu, agus an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas faoin toradh laistigh de thréimhse ama réasúnta;

(b) 

fiosrúcháin a dhéanamh as a stuaim féin nó ar bhonn gearáin, agus na hábhair sonraí a chur ar an eolas laistigh de thréimhse ama réasúnta;

(c) 

cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus aon ghnímh eile de chuid an Aontais a bhaineann le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag Europol a áirithiú agus faireachán a dhéanamh ar an gcur i bhfeidhm sin;

(d) 

comhairle a chur ar Europol, as a stuaim féin nó mar fhreagra ar chomhairliúchán, ar gach ábhar a bhaineann le sonraí pearsanta, go háirithe sula gceapann sé rialacha inmheánacha i ndáil le cosaint ceart bunúsach agus saoirsí bunúsacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta;

(e) 

clár a choimeád faoi chineálacha nua oibríochtaí próiseála a dtugtar fógra dó nó di fúthu de bhua Airteagal 39(1) agus arna gclárú i gcomhréir le hAirteagal 39(4);

(f) 

réamhchomhairliúchán a dhéanamh ar phróiseáil a dtugtar fógra dó nó di fúithi.

3.  

De bhun an Rialacháin seo, féadfaidh MECS:

(a) 

comhairle a chur ar ábhair sonraí maidir le feidhmiú a gcuid ceart;

(b) 

an t-ábhar a chur faoi bhráid Europol, i gcás sárú líomhnaithe ar na forálacha a rialaíonn próiseáil sonraí pearsanta, agus, i gcás inarb iomchuí, moltaí a dhéanamh chun an sárú sin a mheas agus cosaint na n-ábhar sonraí a fheabhsú;

(c) 

a ordú go gcomhlíonfar iarrataí chun cearta áirithe maidir le sonraí a fheidhmiú i gcás inar diúltaíodh d'iarrataí den sórt sin de shárú ar Airteagal 36 agus ar Airteagal 37;

(d) 

rabhadh a thabhairt do Europol nó Europol a cháineadh;

(e) 

a ordú go ndéanfaidh Europol sonraí pearsanta a cheartú, a shrianadh, a léirscriosadh nó a dhíothú, ar sonraí iad a ndearnadh próiseáil orthu de shárú ar na forálacha a rialaíonn próiseáil sonraí pearsanta agus go dtabharfar fógra faoi ghníomhartha den sórt sin do thríú páirtithe ar nochtadh na sonraí sin dóibh;

(f) 

bac sealadach nó críochnaitheach a chur ar na hoibríochtaí próiseála a dhéanann Europol, ar oibríochtaí iad lena sáraítear na forálacha lena rialaítear próiseáil sonraí pearsanta;

(g) 

ábhar a chur faoi bhráid Europol agus, más gá, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin;

(h) 

ábhar a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh faoi na coinníollacha dá bhforáiltear dóibh in CFAE;

(i) 

idirghabháil a dhéanamh i gcaingne arna dtabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

▼M1

(j) 

ordú a thabhairt don rialaitheoir nó don phróiseálaí oibríochtaí próiseála a chur i gcomhréir leis an Rialachán seo, i gcás inarb iomchuí, ar bhealach sonraithe agus laistigh de thréimhse shonraithe;

(k) 

ordú a thabhairt sreabha sonraí chuig faighteoir i mBallstát, i dtríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta a fhionraí;

(l) 

fíneáil riaracháin a ghearradh i gcás nach gcomhlíonann Europol ceann de na bearta dá dtagraítear i bpointí (c), (e), (f), (j) agus (k) den mhír seo, ag brath ar imthosca gach cáis aonair.

▼B

4.  

Beidh sé de chumhacht ag MECS:

(a) 

rochtain a fháil ó Europol ar na sonraí pearsanta go léir agus an bhfaisnéis go léir atá riachtanach dá chuid nó dá cuid fiosrúchán;

(b) 

rochtain a fháil ar aon áitribh a ndéanann Europol a chuid gníomhaíochtaí orthu i gcás ina bhfuil forais réasúnta le ceapadh go bhfuil gníomhaíocht atá clúdaithe ag an Rialachán seo á déanamh ansin.

▼M1

5.  
Ullmhóidh MECS tuarascáil bhliantúil a maidir lena ghníomhaíochtaí nó lena gníomhaíochtaí maoirseachta i ndáil le Europol. Beidh an tuarascáil sin ina cuid de thuarascáil bhliantúil MECS dá dtagraítear in Airteagal 60 de Rialachán (AE) 2018/1725.

Iarrfaidh MECS ar na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta barúlacha a chur in iúl faoin chuid sin den tuarascáil bhliantúil sula ndéanfar an tuarascáil bhliantúil a ghlacadh. Cuirfidh MECS na barúlacha sin san áireamh go hiomlán agus déanfaidh sé tagairt dóibh sa tuarascáil bhliantúil.

Áireofar sa chuid sin den tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear sa dara fomhír faisnéis staidrimh maidir le gearáin, fiosrúcháin agus imscrúduithe, agus maidir le haistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta, cásanna réamhchomhairliúcháin le MECS, agus úsáid na gcumhachtaí a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo.

▼B

6.  
Beidh MECS, oifigigh agus baill foirne eile Rúnaíocht MECS faoi cheangal na hoibleagáide chun rúndachta a leagtar síos in Airteagal 67(1).

Airteagal 44

Comhar idir MECS agus na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta

1.  
Gníomhóidh MECS i ndlúthchomhar le húdaráis mhaoirseachta náisiúnta ar shaincheisteanna lena gceanglaítear rannpháirtíocht náisiúnta, go háirithe má fhaigheann MECS nó údarás maoirseachta náisiúnta go bhfuil neamhréitigh mhóra idir cleachtais na mBallstát nó aistrithe a d'fhéadfadh a bheith neamhdhleathach in úsáid chainéil Europol um malartú faisnéise, nó i bhfianaise ceisteanna arna n-ardú ag údarás maoirseachta náisiúnta amháin nó níos mó ar chur chun feidhme agus léiriú an Rialacháin seo.

▼M1

2.  
Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, déanfar maoirseacht chomhordaithe a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 62 de Rialachán (AE) 2018/1725. Bainfidh MECS úsáid as saineolas agus taithí na n-údarás maoirseachta náisiúnta agus a chuid nó a cuid dualgas, mar a leagtar amach in Airteagal 43(2) den Rialachán seo iad, á gcur i gcrích aige nó aici.

Agus cigireachtaí comhpháirteacha á ndéanamh acu i dteannta MECS, agus aird chuí á tabhairt do phrionsabal na coimhdeachta agus comhréireachta, beidh cumhachtaí ag comhaltaí agus foireann na n-údarás maoirseachta náisiúnta atá coibhéiseach leis na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 43(4) den Rialachán seo agus beidh siad faoi cheangal oibleagáid atá coibhéiseach leis an gceann a leagtar síos in Airteagal 43(6) den Rialachán seo.

▼B

3.  
Coimeádfaidh MECS údaráis mhaoirseachta náisiúnta ar an eolas go hiomlán faoi gach saincheist a bhaineann go díreach leo nó atá ábhartha dóibh ar shlí eile. Arna iarraidh sin do cheann amháin nó níos mó de na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, cuirfidh MECS iad ar an eolas maidir le saincheisteanna sonracha.

▼M1

4.  
I gcásanna a bhaineann le sonraí de thionscnamh Ballstáit amháin nó níos mó, lena n-áirítear cásanna dá dtagraítear in Airteagal 47(2), rachaidh MECS i gcomhairle leis na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta lena mbaineann. Ní dhéanfaidh MECS beart breise sula gcuireann na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta sin a mbarúlacha in iúl do MECS, laistigh den sprioc ama a shonraíonn sé nó sí nach mbeidh níos giorra ná mí amháin agus níos faide ná 3 mhí ón uair a rachaidh MECS i gcomhairle leis na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta lena mbaineann. Cuirfidh MECS seasamh na n-údarás maoirseachta náisiúnta lena mbaineann san áireamh go hiomlán. Igcás nach bhfuil sé ar intinn ag MECS seasamh de chuid údaráis mhaoirseachta náisiúnta a leanúint, cuirfidh sé nó sí an t-údarás sin ar an eolas agus tabharfaidh sé nó sí údar cuí leis agus cuirfidh sé nó sí an t-ábhar faoi bhráid an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí.

▼M1 —————

▼B



CAIBIDIL VII

LEIGHEASANNA AGUS DLITEANAS

Airteagal 47

An ceart chun gearán a thaisceadh le MECS

▼M1

1.  
Beidh sé de cheart ag aon ábhar sonraí gearán a thaisceadh le MECS má mheasann sé nó sí nach bhfuil an Rialachán seo nó Rialachán (AE) 2018/1725 á gcomhlíonadh ag Europol agus iad ag próiseáil a chuid nó a cuid sonraí pearsanta.

▼B

2.  
►M1  I gcás ina mbaineann gearán le cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 36 nó 37 den Rialachán seo nó in Airteagal 81 nó 82 de Rialachán (AE) 2018/1725, rachaidh MECS i gcomhairle le húdaráis mhaoirseachta náisiúnta an Bhallstáit a sholáthair na sonraí nó leis an mBallstát lena mbaineann go díreach. ◄ Agus a chinneadh nó a cinneadh á ghlacadh aige nó aici, ar cinneadh é a fhéadfar a bheith dá thoradh go ndiúltófar faisnéis ar bith a chur in iúl, déanfaidh MECS tuairim an údaráis mhaoirseachta náisiúnta a chur san áireamh.
3.  
I gcás ina mbaineann gearán leis an bpróiseáil a dhéantar ar shonraí a chuir Ballstát ar fáil do Europol, áiritheoidh MECS agus údarás maoirseachta náisiúnta an Bhallstáit sin a chuir na sonraí ar fáil, agus iad ag gníomhú laistigh de raon feidhme a gcuid inniúlachtaí faoi seach, go ndéantar i gceart na seiceálacha is gá maidir le dlíthiúlacht phróiseáil na sonraí.
4.  
Má bhaineann gearán leis an bpróiseáil a dhéantar ar shonraí a chuir comhlachtaí de chuid an Aontais, tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta ar fáil do Europol, nó le sonraí a d'aisghabh Europol ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí nó a eascraíonn as anailísí Europol féin, áiritheoidh MECS go bhfuil na seiceálacha riachtanacha déanta i gceart ag Europol maidir le dlíthiúlacht phróiseáil na sonraí.

▼M1

5.  
Cuirfidh MECS an t-ábhar sonraí ar an eolas faoin dul chun cinn a dhéantar maidir leis an ngearán agus faoi thoradh an ghearáin, mar aon leis an bhféidearthacht leigheas breithiúnach a fháil de bhun Airteagal 48.

▼B

Airteagal 48

An ceart chun leigheas breithiúnach i gcoinne MECS

Tógfar aon chaingean i gcoinne chinneadh MECS os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 49

Forálacha ginearálta ar dhliteanas agus an ceart chun cúitimh

1.  
Beidh dliteanas conarthach Europol faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh i gceist.
2.  
Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána a bheidh i gconradh arna thabhairt i gcrích ag Europol.
3.  
Gan dochar d'Airteagal 49, i gcás dliteanas neamhchonarthach, déanfaidh Europol, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú arb iad a ranna nó a bhaill foirne féin is cúis leis agus iad i mbun a ndualgas.
4.  
Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndíospóidí a bhaineann leis an gcúiteamh as damáiste amhail dá dtagraítear i mír 3.
5.  
Beidh dliteanas pearsanta bhall foirne Europol i leith Europol faoi rialú ag na forálacha a leagtar síos sna Rialacháin Foirne nó i gCoinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile is infheidhme maidir leo.

▼M1

Airteagal 50

An ceart chun cúitimh

1.  
Beidh sé de cheart ag aon duine a mbaineann damáiste ábhartha nó neamhábhartha dó nó di mar thoradh ar shárú ar an Rialachán seo cúiteamh a fháil i gcomhréir le hAirteagal 65 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus Airteagal 56 de Threoir (AE) 2016/680.
2.  
Maidir le haon díospóid idir Europol agus na Ballstáit i dtaca leis an bhfreagracht deiridh as cúiteamh arna dhámhachtain do dhuine dá ndearnadh díobháil ábhartha nó neamh-ábhartha i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, déanfar í a atreorú chuig an mBord Bainistíochta. Déanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh i dtaobh na freagrachta sin trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí, gan dochar don cheart chun agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin i gcomhréir le hAirteagal 263 CFAE.

▼B



CAIBIDIL VIII

GRINNSCRÚDÚ PARLAIMINTEACH COMHPHÁIRTEACH

Airteagal 51

Grinnscrúdú Parlaiminteach Comhpháirteach

1.  
De bhun Airteagal 88 CFAE, déanfaidh Parlaimint na hEorpa grinnscrúdú ar ghníomhaíochtaí Europol in éineacht leis na parlaimintí náisiúnta. Grúpa speisialaithe um Ghrinnscrúdú Parlaiminteach Comhpháirteach (GGPC) a bheidh iontu arna mbunú ag na parlaimintí náisiúnta agus ag coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa le chéile. Parlaimint na hEorpa in éineacht leis na parlaimintí náisiúnta a chinnfidh eagrú agus rialacha nós imeachta GGPC i gcomhréir le hAirteagal 9 de Phrótacal Uimh. 1.
2.  
Déanfaidh GGPC faireachán polaitiúil ar na gníomhaíochtaí a dhéanann Europol agus é i mbun a mhisin, lena n-áirítear maidir le tionchar na ngníomhaíochtaí sin ar chearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha.

Chun críocha na chéad fhomhíre:

(a) 

tiocfaidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin nó a nIonadaithe os comhair GGPC, arna iarraidh sin dó, chun plé a dhéanamh ar ábhair a bhaineann leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, lena n-áirítear gnéithe buiséadacha na ngíomhaíochtaí sin, eagrúchán struchtúrach Europol agus aonaid nua agus lárionaid shainfheidhmithe nua a d'fhéadfaí a bhunú, agus oibleagáidí discréide agus rúndachta á gcur san áireamh. Féadfaidh GGPC a chinneadh cuireadh a thabhairt chuig a chuid cruinnithe do dhaoine ábhartha eile, más iomchuí;

(b) 

tiocfaidh MECS os comhair GGPC, arna iarraidh sin dó, uair sa bhliain ar a laghad chun plé a dhéanamh ar chúrsaí a bhaineann le cosaint chearta bunúsacha agus shaoirsí bunúsacha daoine nádúrtha, agus go háirithe cosaint sonraí pearsanta, a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí Europol, agus oibleagáidí discréide agus rúndachta á gcur san áireamh;

(c) 

rachfar i gcomhairle le GGPC i ndáil le clársceidealú ilbhliantúil Europol i gcomhréir le hAirteagal 12(1).

3.  

Tarchuirfidh Europol na doiciméid seo a leanas, chun críocha faisnéise, chuig GGPC agus oibleagáidí discréide agus rúndachta á gcur san áireamh:

(a) 

measúnuithe ar bhagairtí, anailísí straitéiseacha agus tuarascálacha ginearálta staide a bhaineann le cuspóir Europol chomh maith le torthaí staidéar agus meastóireachtaí arna gcoimisiúnú ag Europol;

(b) 

na socruithe riaracháin a tugadh i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 25(1);

(c) 

an doiciméad ina bhfuil clársceidealú ilbhliantúil agus clár oibre bliantúil Europol, dá dtagraítear in Airteagal 12(1);

▼M1

(d) 

an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí Europol, dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (c), lena n-áirítear faisnéis ábhartha faoi ghníomhaíochtaí Europol agus na torthaí a fhaightear agus tacair mhóra sonraí á bpróiseáil, gan aon sonraí oibríochtúla a nochtadh agus gan dochar d’aon imscrúduithe a leanann go fóill;

▼B

(e) 

an tuarascáil mheastóireachta arna tarraingt suas ag an gCoimisiún, dá dtagraítear in Airteagal 68(1);

▼M1

(f) 

faisnéis bhliantúil de bhun Airteagal 26(11) maidir leis na sonraí pearsanta a mhalartaítear le páirtithe príobháideacha de bhun Airteagal 26, Airteagal 26a agus Airteagal 26b, lena n-áirítear measúnú ar éifeachtacht an chomhair, samplaí sonracha de chásanna lena léirítear an fáth go raibh na hiarrataí sin riachtanach agus comhréireach chun Europol a chumasú chun a chuid cuspóirí agus cúraimí a chomhlíonadh, agus, maidir le malartuithe sonraí pearsanta de bhun Airteagal 26b, líon na leanaí a sainaithníodh mar thoradh ar na malartuithe sin a mhéid atá an fhaisnéis sin ar fáil do Europol;

(g) 

faisnéis bhliantúil maidir le líon na gcásanna ina raibh sé riachtanach do Europol sonraí pearsanta nach mbaineann leis na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II a phróiseáil chun tacú leis na Ballstáit in imscrúdú coiriúil sonrach a leanann go fóill i gcomhréir le hAirteagal 18a, maille le faisnéis faoi fhad agus torthaí na próiseála, lena n-áirítear samplaí de na cásanna sin a léiríonn cén fáth a raibh an phróiseáil sonraí sin riachtanach agus comhréireach;

(h) 

faisnéis bhliantúil faoi aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta de bhun Airteagal 25(1) nó Airteagal 25(4a) arna miondealú de réir an bhunúis dlí, agus faoi líon na gcásanna inar údaraigh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, de bhun Airteagal 25(5), aistriú nó catagóirí aistrithe sonraí pearsanta i dtaca le himscrúdú coiriúil sonrach a leanann go fóill chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear faisnéis faoi na tíortha lena mbaineann agus faoi fhad an údaraithe;

(i) 

faisnéis bhliantúil faoi líon na gcásanna inar mhol Europol go bhféadfaí foláirimh faisnéise a iontráil i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointe (t), lena n-áirítear samplaí sonracha de chásanna lena léirítear cén fáth ar moladh iontráil na bhfoláireamh sin;

(j) 

faisnéis bhliantúil faoi líon na dtionscadal taighde agus nuálaíochta arna ndéanamh, lena n-áirítear faisnéis faoi chuspóirí na dtionscadal sin, catagóirí na sonraí pearsanta a próiseáladh, na coimircí breise a úsáideadh, lena n-áirítear íoslaghdú sonraí, na riachtanais forfheidhmithe dlí a bhféachtar leis na tionscadail sin le haghaidh a thabhairt orthu agus toradh na dtionscadal sin;

(k) 

faisnéis bhliantúil maidir le líon na gcásanna inar bhain Europol úsáid as próiseáil shealadach i gcomhréir le hAirteagal 18(6a) agus, i gcás inarb infheidhme, líon na gcásanna inar cuireadh síneadh leis an tréimhse próiseála;

(l) 

faisnéis bhliantúil maidir le líon agus cineálacha na gcásanna inar próiseáladh catagóirí speisialta sonraí pearsanta, de bhun Airteagal 30(2).

Déanfar na samplaí dá dtagraítear i bpointe (f) agus pointe (i) a anaithnidiú a mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta.

Déanfar na samplaí dá dtagraítear i bpointe (g) a anaithnidiú a mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta, gan aon sonraí oibríochtúla a nochtadh agus gan dochar d’aon imscrúduithe a leanann go fóill.

▼B

4.  
Féadfaidh GGPC doiciméid ábhartha eile a iarraidh a mbeadh gá leo chun a chúraimí a bhaineann le faireachán polaitiúil ar ghníomhaíochtaí Europol a chomhlíonadh, faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 16 ) agus gan dochar d'Airteagal 52 agus d'Airteagal 67 den Rialachán seo.

▼M1

5.  
Féadfaidh GGPC conclúidí achoimre a dhréachtú maidir leis an bhfaireachán polaitiúil ar ghníomhaíochtaí Europol, lena n-áirítear moltaí sonracha neamhcheangailteacha a dhíriú chuig Europol, agus na conclúidí sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na bparlaimintí náisiúnta. Cuirfidh Parlaimint na hEorpa na conclúidí sin ar aghaidh, chun críocha faisnéise, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Europol.

▼B

Airteagal 52

Rochtain ag Parlaimint na hEorpa ar fhaisnéis arna próiseáil ag nó trí Europol

1.  
D'fhonn a chumasú di grinnscrúdú parlaiminteach a fheidhmiú ar ghníomhaíochtaí Europol i gcomhréir le hAirteagal 51, comhlíonfaidh rochtain ag Parlaimint na hEorpa ar fhaisnéis íogair neamh-rúnaicmithe arna próiseáil ag nó trí Europol, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 67(1).
2.  
Beidh rochtain ag Parlaimint na hEorpa ar fhaisnéis rúnaicmithe AE arna próiseáil ag nó trí Europol comhchuí leis an gComhaontú Idirinstitiúideach an 12 Márta 2014 idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir le faisnéis rúnaicmithe atá i seilbh na Comhairle a bhaineann le nithe seachas na nithe i réimse an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus maidir le láimhseáil Pharlaimint na hEorpa ar an bhfaisnéis sin ( 17 ), agus comhlíonfaidh an rochtain sin na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 67(2) den Rialachán seo.
3.  
Na sonraí riachtanacha a bhaineann le rochtain ag Parlaimint na hEorpa ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, beidh siad á rialú ag socruithe oibre a thabharfar chun críche idir Europol agus Parlaimint na hEorpa.

▼M1

Airteagal 52a

Fóram Comhchomhairleach

1.  
Déanfaidh GGPC fóram comhchomhairleach a bhunú chun cúnamh a thabhairt dó„ arna iarraidh sin dó, trí chomhairle neamhspleácha a sholáthar dó maidir le hábhair cheart bunúsach.

Féadfaidh GGPC agus an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dul i gcomhairle leis an bhfóram comhchomhairleach maidir le haon ábhar a bhaineann le cearta bunúsacha.

2.  
Cinnfidh GGPC comhdhéanamh an fhóraim chomhchomhairligh, a mhodhanna oibre agus an bealach ina ndéanfar faisnéis a tharchur chuig an bhfóram comhchomhairleach.

▼B



CAIBIDIL IX

FOIREANN

Airteagal 53

Forálacha ginearálta

1.  
Maidir leis na Rialacháin Foirne, le Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus leis na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an Aontais chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, beidh feidhm acu maidir le foireann Europol cé is moite de na baill foirne sin a bheidh, an 1 Bealtaine 2017, fostaithe de bhun conradh arna thabhairt i gcrích ag Europol arna bhunú le Coinbhinsiún Europol gan dochar d'Airteagal 73(4) den Rialachán seo. Leanfaidh conarthaí den sórt sin de bheith faoi rialú Ghníomh ón gComhairle an 3 Nollaig 1998.
2.  
Is é a bheidh i bhfoireann Europol baill foirne shealadacha agus/nó baill foirne ar conradh. Cuirfear an Bord Bainistíochta ar an eolas ar bhonn bliantúil i ndáil le conarthaí tréimhse éiginnte arna ndeonú ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Cinnfidh an Bord Bainistíochta na poist shealadacha dá bhforáiltear sa phlean bunaíochta nach bhféadfar a líonadh ach le baill foirne ó údaráis inniúla na mBallstát. Beidh na baill foirne a earcófar chuig poist den sórt sin ina ngníomhairí sealadacha agus ní fhéadfar ach conarthaí ar théarma seasta a dhámhachtain orthu, ar conarthaí iad is féidir a athnuachan uair amháin go ceann tréimhse sheasta.

Airteagal 54

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin

1.  
Ceapfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin mar ghníomhaire sealadach de chuid Europol faoi phointe (a) d'Airteagal 2 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.
2.  
Ceapfaidh an Chomhairle an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ó ghearrliosta iarrthóirí arna moladh ag an mBord Bainistíochta, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach.

Coiste roghnúcháin a bhunóidh an Bord Bainistíochta agus ina mbeidh comhaltaí a ainmneoidh na Ballstáit agus ionadaí ón gCoimisiún a tharraingeoidh suas an gearrliosta.

D'fhonn conradh a thabhairt i gcrích leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta ionadaíocht thar ceann Europol.

Sula gceapfar é nó í, féadfar a iarraidh ar an iarrthóir a roghnóidh an Chomhairle teacht os comhair choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa, a thabharfaidh a thuairim neamhcheangailteach ansin.

3.  

Ceithre bliana a mhairfidh téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Faoi dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an Coimisiún, i dteannta an Bhoird Bainistíochta, measúnú lena gcuirtear san áireamh an méid seo a leanas:

(a) 

meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, agus

(b) 

na cúraimí a bheidh ag Europol agus na dúshláin a bheidh roimhe san am atá le teacht.

4.  
Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú dó ar thogra ón mBord Bainistíochta a chuireann an measúnú a dtagraítear dó i mír 3 san áireamh, téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a shíneadh uair amháin agus ar feadh tréimhse ceithre bliana ar a mhéid.
5.  
Cuirfidh an Bord Bainistíochta Parlaimint na hEorpa ar an eolas má tá sé ar intinn aige moladh don Chomhairle go ndéanfar téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a fhadú. Sa mhí sula ndéanfar an téarma oifige a fhadú, féadfar cuireadh a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin teacht os comhair choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa.
6.  
Ní ghlacfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a ndearnadh síneadh ar an téarma oifige, páirt i nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna ag deireadh na tréimhse foriomláine.
7.  
Ní fhéadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ach amháin de bhun chinneadh ón gComhairle ag gníomhú di ar thogra ón mBord Bainistíochta. Cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoin gcinneadh sin.
8.  
Déanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh maidir leis na tograí le cur faoi bhráid na Comhairle faoi cheapachán, faoi shíneadh téarma oifige nó faoi chur as oifig an Stiúrthóra Feidhmiúcháin le tromlach de dhá thrian dá chuid comhaltaí a bhfuil ceart vótála acu.

Airteagal 55

Leas-Stiúrthóirí Feidhmiúcháin

1.  
Cuideoidh triúr Leas-Stiúrthóirí Feidhmiúcháin an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Saineoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a gcuid cúraimí.
2.  
Beidh feidhm ag Airteagal 54 maidir leis na Leas-Stiúrthóirí Feidhmiúcháin. Rachfar i gcomhairle leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin sula gceapfar iad, sula gcuirfear aon fhad lena dtréimhse oifige, nó sula mbainfear as oifig iad.

Airteagal 56

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht

1.  
Féadfaidh Europol leas a bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht.
2.  
Glacfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh a leagfaidh síos rialacha faoi shaineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht chuig Europol.



CAIBIDIL X

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 57

Buiséad

1.  
Ullmhófar meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas uile Europol do gach bliain airgeadais, a fhreagróidh don bhliain féilire, agus léireofar i mbuiséad Europol iad.
2.  
Comhardófar buiséad Europol i dtéarmaí ioncaim agus caiteachais.
3.  
Gan dochar d'acmhainní eile, cuimseofar in ioncam Europol ranníocaíocht ón Aontas a chuirfear i mbuiséad ginearálta an Aontais.
4.  
Féadfaidh Europol leas a bhaint as cistiú an Aontais i bhfoirm comhaontuithe tarmligin nó deontais ad hoc i gcomhréir lena rialacha airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 61 agus le forálacha na n-ionstraimí ábhartha a thacaíonn le beartais an Aontais.
5.  
Cuirfear luach saothair foirne, speansais riaracháin agus bonneagair, agus costais oibriúcháin san áireamh i gcaiteachas Europol.
6.  
D'fhéadfaí gealltanais bhuiséadacha maidir le tionscadail mhórscála a shíneann thar bhreis agus aon bhliain airgeadais amháin a mhiondealú i roinnt tráthchodanna bliantúla.

Airteagal 58

An buiséad a bhunú

1.  
Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréachtráiteas a tharraingt suas uair sa bhliain ar mheastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas Europol don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, lena n-áirítear plean bunaíochta, agus seolfaidh sé chuig an mBord Bainistíochta é.
2.  
Ar bhonn an dréachtráitis ar mheastacháin, glacfaidh an Bord Bainistíochta dréachtmheastachán sealadach ar ioncam agus ar chaiteachas Europol don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin agus seolfaidh sé chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir gach bliain é.
3.  
Seolfaidh an Bord Bainistíochta an dréachtmheastachán críochnaitheach ar ioncam agus ar chaiteachas Europol, lena gcuimseofar dréachtphlean bunaíochta, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún faoin 31 Márta gach bliain.
4.  
Seolfaidh an Coimisiún an ráiteas ar mheastacháin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle in éineacht le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais.
5.  
Ar bhonn an ráitis ar mheastacháin, cuirfidh an Coimisiún i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais na meastacháin sin a mheasfaidh sé a bheith riachtanach don phlean bunaíochta agus méid an fhóirdheontais a bheidh le muirearú ar an mbuiséad ginearálta, agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle é i gcomhréir le hAirteagal 313 agus le hAirteagal 314 CFAE.
6.  
Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe don ranníocaíocht ón Aontas a íocfar le Europol.
7.  
Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle plean bunaíochta Europol.
8.  
Glacfaidh an Bord Bainistíochta buiséad Europol. Beidh sé críochnaitheach tar éis ghlacadh críochnaitheach bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. I gcás inar gá, coigeartófar é dá réir.

▼M1

9.  
Beidh feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 maidir le haon tionscadail tógála ar cosúil go mbeidh impleachtaí móra acu do bhuiséad Europol.

▼B

Airteagal 59

An buiséad a chur chun feidhme

1.  
Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin buiséad Europol chun feidhme.
2.  
Gach bliain, seolfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin gach faisnéis ábhartha a bhaineann le torthaí aon nós imeachta meastóireachta chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Airteagal 60

Na cuntais a thíolacadh agus a urscaoileadh

1.  
Seolfaidh oifigeach cuntasaíochta Europol na cuntais shealadacha don bhliain airgeadais (bliain N) chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 1 Márta an bhliain airgeadais dar gcionn (bliain N + 1).
2.  
Seolfaidh Europol tuarascáil faoin mbainistíocht bhuiséadach agus airgeadais do bhliain N chuig Pharlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta de bhliain N + 1.
3.  
Seolfaidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha Europol do bhliain N, agus iad comhdhlúite le cuntais an Choimisiúin, chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta de bhliain N + 1.

▼M1

4.  
Ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí a fháil maidir le cuntais shealadacha Europol do bhliain N, de bhun Airteagal 246 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 18 ), déanfaidh oifigeach cuntasaíochta Europol cuntais chríochnaitheacha Europol don bhliain sin a tharraingt suas. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cuntais chríochnaitheacha faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta chun tuairim a fháil.

▼B

5.  
Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tuairim uaidh maidir le cuntais chríochnaitheacha Europol do bhliain N.
6.  
Faoin 1 Iúil de bhliain N + 1, seolfaidh oifigeach cuntasaíochta Europol na cuntais chríochnaitheacha do bhliain N, mar aon le tuairim an Bhoird Bainistíochta dá dtagraítear i mír 5, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
7.  
Foilseofar na cuntais deiridh do bhliain N in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain de bhliain N + 1.
8.  
Faoin 30 Meán Fómhair de bhliain N + 1, seolfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí ar na barúlacha arna ndéanamh ina tuarascáil bhliantúil. Seolfaidh sé nó sí an freagra sin chuig an mBord Bainistíochta freisin.

▼M1

9.  
Arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin aon fhaisnéis is gá chun nós imeachta urscaoilte a chur i bhfeidhm go rianúil do bhliain N, i gcomhréir le hAirteagal 106(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa.

▼B

10.  
Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a dheonú don Stiúrthóir Feidhmiúcháin roimh an 15 Bealtaine de bhliain N + 2, i leith chur chun feidhme an bhuiséid do bhliain N.

▼M1

Airteagal 61

Rialacha Airgeadais

1.  
Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le Europol. Ní imeoidh siad ó Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 mura rud é go mbeidh gá leis an imeacht sin go sonrach le haghaidh oibriú Europol agus mura mbeidh toiliú tugtha ag an gCoimisiún roimh ré.
2.  
Féadfaidh Europol deontais a bhaineann le comhlíonadh a chuid cuspóirí agus cúraimí a chur i gcrích a dhámhachtain.
3.  
Féadfaidh Europol deontais a dhámhachtain ar Bhallstáit, gan glao ar thograí, maidir le gníomhaíochtaí a dhéanamh a thagann faoi chuimsiú chuspóirí agus chúraimí Europol.
4.  
I gcás ina mbeidh údar cuí leis chun críocha oibríochtúla, i ndiaidh údarú ón mBord Bainistíochta, féadfar na costais infheistíochta iomlána a bhaineann le trealamh agus bonneagar a chumhdach le tacaíocht airgeadais.

Leis na rialacha airgeadais dá dtagraítear i mír 1, féadfar na critéir a shonrú faoina bhféadfar tacaíocht airgeadais na costais infheistíochta iomlána dá dtagraítear sa chéad fomhír den mhír seo a chumhdach.

5.  
I dtaca leis an tacaíocht airgeadais atá le tabhairt do ghníomhaíochtaí na bhfoirne comhpháirteacha um imscrúdú, bunóidh Eurojust agus Europol i gcomhpháirt na rialacha agus na coinníollacha faoina ndéanfar iarratais ar thacaíocht den sórt sin a phróiseáil.

▼B



CAIBIDIL XI

FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA

Airteagal 62

Stádas dlíthiúil

1.  
Gníomhaireacht de chuid an Aontais a bheidh in Europol. Beidh pearsantacht dhlíthiúil aige.
2.  
I ngach Ballstát, beidh an inniúlacht dhlíthiúil is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoina ndlí náisiúnta ag Europol. Féadfaidh Europol, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil agus a dhiúscairt agus féadfaidh sé a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla.
3.  
I gcomhréir le Prótacal Uimh. 6 maidir le suímh institiúidí an Aontais Eorpaigh agus suímh comhlachtaí, gníomhaireachtaí agus ranna áirithe de chuid an Aontais Eorpaigh a shocrú, atá i gceangal le CAE agus le CFAE (“Prótacal Uimh. 6”) beidh Europol suite sa Háig.

Airteagal 63

Pribhléidí agus díolúintí

1.  
Beidh feidhm ag Prótacal Uimh. 7 ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, maidir le Europol agus a bhaill foirne.
2.  
Beidh pribhléidí agus díolúintí oifigeach idirchaidrimh agus a gcuid ball teaghlaigh faoi réir comhaontú idir Ríocht na hÍsiltíre agus na Ballstáit eile. Forálfaidh an comhaontú sin do na pribhléidí agus na díolúintí sin atá riachtanach chun cúraimí na n-oifigeach idirchaidrimh a chomhlíonadh i gceart.

Airteagal 64

Socruithe teanga

1.  
Beidh feidhm ag na forálacha a leagtar síos i Rialachán Uimh. 1 ( 19 ) maidir le Europol.
2.  
Déanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh maidir le socruithe inmheánacha teanga Europol trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí.
3.  
Soláthróidh Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh na seirbhísí aistriúcháin a theastóidh chun go bhfeidhmeoidh Europol.

Airteagal 65

Trédhearcacht

1.  
Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le doiciméid atá i seilbh Europol.
2.  
Faoin 14 Nollaig 2016, glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha mionsonraithe maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm i dtaca le doiciméid Europol.
3.  
Féadfaidh cinntí a dhéanfaidh Europol faoi Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina n-ábhar gearáin chuig an Ombudsman Eorpach nó ina n-ábhar caingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir le hAirteagal 228 agus Airteagal 263 CFAE faoi seach.
4.  
Foilseoidh Europol ar a láithreán gréasáin liosta de chomhaltaí a Bhoird Bainistíochta agus an achoimre ar an toradh a bhí ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta. Beidh foilsiú na n-achoimrí sin sealadach nó fágfar amach nó srianfar go deo é más rud é go mbeadh baol ann go gcuirfí feidhmiú chúraimí Europol i mbaol leis an bhfoilsiú sin, agus oibleagáidí discréide agus rúndachta agus gné oibríochtúil Europol á gcur san áireamh.

Airteagal 66

Calaois a chomhrac

1.  
Chun an comhrac in aghaidh na calaoise, an éillithe agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a éascú faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, aontóidh Europol, faoin 30 Deireadh Fómhair 2017, do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) ( 20 ) agus glacfaidh sé forálacha iomchuí is infheidhme maidir le fostaithe uile Europol, agus úsáid á baint aici as an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gcomhaontú sin.
2.  
Beidh cumhacht iniúchóireachta ag an gCúirt Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus seiceálacha ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a gheobhaidh cistí de chuid an Aontais ó Europol.
3.  
Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d'fhonn a shuíomh ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile a dhochraíonn leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le deontas nó conradh a dhéanfaidh Europol a dhámhachtain. Déanfar imscrúduithe den sórt sin i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ( 21 ) ón gComhairle.
4.  
Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 agus do mhír 3, beidh i socruithe oibre le comhlachtaí an Aontais, le húdaráis tríú tíortha, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le páirtithe príobháideacha, i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais Europol forálacha a thugann de chumhacht go sainráite do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus do OLAF na hiniúchtaí agus na himscrúduithe sin dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 a dhéanamh i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach.

Airteagal 67

Rialacha maidir le faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe agus rúnaicmithe a chosaint

1.  
Bunóidh Europol rialacha maidir le hoibleagáidí discréide agus rúndachta, agus maidir le faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint.
2.  
Bunóidh Europol na rialacha maidir le cosaint faisnéis rúnaicmithe AE a bheidh comhchuí le Cinneadh 2013/488/AE chun leibhéal comhionann cosanta a áirithiú don fhaisnéis sin.

Airteagal 68

Meastóireacht agus athbhreithniú

▼M1

1.  
Faoin 29 Meitheamh 2027 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht, go háirithe ar thionchar, éifeachtacht agus éifeachtúlacht Europol agus ar thionchar, éifeachtacht agus éifeachtúlacht a chleachtas oibre. Féadfaidh an mheastóireacht díriú go háirithe ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann struchtúr, oibríocht, réimse gníomhaíochta agus cúraimí Europol a mhodhnú, agus ar na himpleachtaí airgeadais a ghabhfadh le haon mhodhnú den sórt sin.

▼B

2.  
Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta. Soláthróidh an Bord Bainistíochta a bharúlacha maidir leis an tuarascáil mheastóireachta laistigh de thrí mhí ó dháta a fála. Ansin cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach mar aon le conclúidí an Choimisiúin agus barúlacha an Bhoird Bainistíochta a bheidh mar iarscríbhinn ag gabháil léi, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle, faoi bhráid na bparlaimintí naisiúnta agus faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta. Más iomchuí, cuirfear príomhthorthaí na tuarascála meastóireachta ar fáil don phobal.

▼M1

3.  
Faoin 29 Meitheamh 2025, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ina mbeidh meastóireacht agus measúnú ar thionchar oibríochtúil chur chun feidhme na gcúraimí dá bhforáiltear sa Rialachán seo, go háirithe in Airteagal 4(1), pointe (t), Airteagal 18(2), pointe (e), Airteagal 18(6a), agus Airteagail 18a, 26, 26a agus 26b, maidir le cuspóirí Europol. Sa tuarascáil, déanfar measúnú ar thionchar na gcúraimí sin ar shaoirsí agus cearta bunúsacha dá bhforáiltear sa Chairt. Sa tuarascáil freisin, beidh anailís costais is tairbhe ar leathnú chúraimí Europol.

▼B

Airteagal 69

Fiosrúcháin riaracháin

Beidh gníomhaíochtaí Europol faoi réir fiosrúcháin ag an Ombudsman Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 228 CFAE.

Airteagal 70

Ceanncheathrú

Maidir leis na socruithe riachtanacha a bhaineann leis an gcóiríocht atá le cur ar fáil do Europol i Ríocht na hÍsiltíre agus na saoráidí atá le cur ar fáil ag Ríocht na hÍsiltíre, i dteannta leis na rialacha sonracha is infheidhme ansin don Stiúrthóir Feidhmiúcháin, do chomhaltaí den Bhord Bainistíochta, do bhaill foirne Europol agus dá mbaill teaghlaigh, leagfar síos iad i gComhaontú Ceanncheathrún idir Europol agus Ríocht na hÍsiltíre, i gcomhréir le Prótacal Uimh. 6.



CAIBIDIL XII

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

Airteagal 71

Comharbas dlíthiúil

1.  
Beidh Europol arna bhunú leis an Rialachán seo ina chomharba dlíthiúil i dtaca le gach conradh a thug Europol arna bhunú le Cinneadh 2009/371/CGB i gcrích, le dliteanais is dlite do Europol arna bhunú le le Cinneadh 2009/371/CGB, agus le maoin a shealbhaigh Europol arna bhunú le Cinneadh 2009/371/CGB.
2.  
Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear d'fheidhm dhlíthiúil comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag Europol arna bhunú le Cinneadh 2009/371/CGB roimh an 13 Meitheamh 2016, nó comhaontuithe a rinne Europol arna bhunú le Cinneadh 2009/371/CGB a thabhairt i gcrích roimh an 1 Eanáir 2010.

Airteagal 72

Socruithe idirthréimhseacha maidir leis an mBord Bainistíochta

1.  
Déanfar téarma oifige chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta arna bhunú ar bhonn Airteagal 37 de Chinneadh 2009/371/CGB a fhoirceannadh an 1 Bealtaine 2017.
2.  

Le linn na tréimhse ón 13 Meitheamh 2016 go dtí an 1 Bealtaine 2017, déanfaidh an Bord Bainistíochta arna bhunú ar bhonn Airteagal 37 de Chinneadh 2009/371/CGB na nithe seo a leanas:

(a) 

feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 11 den Rialachán seo a fheidhmiú;

(b) 

glacadh na rialacha a bhaineann le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 i dtaca le doiciméid Europol, dá dtagraítear in Airteagal 65(2) den Rialachán seo, agus na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 67 den Rialachán seo, a ullmhú;

(c) 

aon ionstraim is gá chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm a ullmhú, go háirithe aon bhearta a bhaineann le Caibidil IV; agus

(d) 

na rialacha agus na bearta inmheánacha a ghlac sé ar bhonn Chinneadh 2009/371/CGB a athbhreithniú chun go ndéanfaidh an Bord Bainistíochta arna bhunú de bhun Airteagal 10 den Rialachán seo cinneadh de bhun Airteagal 76 den Rialachán seo.

3.  
Glacfaidh an Coimisiún, gan mhoill tar éis an 13 Meitheamh 2016, na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfidh an Bord Bainistíochta a bhunaítear de bhun Airteagal 10 tús lena chuid oibre an 1 Bealtaine 2017.
4.  
Faoin 14 Nollaig 2016, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le hainmneacha na ndaoine a cheapfaidh siad mar chomhalta agus mar chomhalta ionaid ar an mBord Bainistíochta, i gcomhréir le hAirteagal 10.
5.  
Reáchtálfaidh an Bord Bainistíochta a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 10 a chéad chruinniú an 1 Bealtaine 2017. Ag an tráth sin, más gá, glacfaidh sé cinntí amhail dá dtagraítear in Airteagal 76.

Airteagal 73

Socruithe idirthréimhseacha maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, leis na Leas-Stiúrthóirí agus leis an bhfoireann

1.  
Ar feadh na tréimhse a bheidh fágtha dá théarma nó dá téarma oifige, beidh Stiúrthóir Europol a ceapadh ar bhonn Airteagal 38 de Chinneadh 2009/371/CGB ón gComhairle ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin, mar a fhoráiltear dó in Airteagal 16 den Rialachán seo. Ní athrófar coinníollacha eile a chonartha nó a conartha. Má thagann deireadh leis an téarma oifige idir an 13 Meitheamh 2016 agus an 1 Bealtaine 2017, déanfar é a shíneadh go huathoibríoch go dtí an 1 Bealtaine 2018.
2.  
I gcás nach mbeidh an Stiúrthóir a ceapadh ar bhonn Airteagal 38 de Chinneadh 2009/371/CGB toilteanach nó in ann gníomhú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, ainmneoidh an Bord Bainistíochta Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach chun na dualgais a sannadh don Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chomhlíonadh ar feadh tréimhse nach mó ná 18 mí, go dtí go ndéanfar an ceapachán dá bhforáiltear in Airteagal 54(2) den Airteagal seo.
3.  
Beidh feidhm ag forálacha mhír 1 agus mhír 2 den Airteagal seo maidir leis na Leas-Stiúrthóirí a ceapadh ar bhonn Airteagal 38 de Chinneadh 2009/371/CGB.
4.  
I gcomhréir le Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, déanfar an t-údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6 de fostaíocht ar feadh tréimhse éiginnte mar bhall den fhoireann shealadach nó den fhoireann ar conradh a thairiscint d'aon duine atá, an 1 Bealtaine 2017, fostaithe faoi chonradh tréimhse éiginnte mar bhall den fhoireann áitiúil ag Europol arna bhunú le Coinbhinsiún Europol. Beidh an tairiscint fostaíochta bunaithe ar na cúraimí a bheidh le comhlíonadh ag an seirbhíseach mar bhall den fhoireann shealadach nó den fhoireann ar conradh. Tiocfaidh an conradh lena mbaineann i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2018 ar a dhéanaí. Féadfaidh ball foirne nach nglacfaidh leis an tairiscint dá dtagraítear sa mhír seo a chaidreamh conarthach nó a caidreamh conarthach a choinneáil le Europol i gcomhréir le hAirteagal 53(1).

Airteagal 74

Forálacha buiséadacha idirthréimhseacha

Cuirfear an nós imeachta um urscaoileadh i dtaca leis na buiséid arna bhformheas ar bhonn Airteagal 42 de Chinneadh 2009/371/CGB i ngníomh i gcomhréir leis na rialacha arna mbunú ag Airteagal 43 de.

▼M1

Airteagal 74a

Socruithe idirthréimhseacha maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil mar thaca le himscrúdú coiriúil sonrach a leanann go fóill

1.  

I gcás inar sholáthair Ballstát, OIPE nó Eurojust sonraí pearsanta nach mbaineann leis na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II do Europol roimh an 28 Meitheamh 2022, féadfaidh Europol na sonraí pearsanta sin a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 18a sna cásanna seo a leanas:

(a) 

cuireann an Ballstát lena mbaineann, OIPE nó Eurojust ar an eolas, faoin 29 Meán Fómhair 2022, go bhfuil sé údaraithe na sonraí pearsanta sin a phróiseáil, i gcomhréir le ceanglais agus coimircí nós imeachta is infheidhme faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, san imscrúdú coiriúil a leanann go fóill ar iarr sé tacaíocht Europol ina leith nuair a sholáthair sé na sonraí ar dtús;

(b) 

iarrann an Ballstát lena mbaineann, OIPE nó Eurojust ar Europol, faoin 29 Meán Fómhair 2022, tacú leis an imscrúdú coiriúil a leanann go fóill dá dtagraítear i bpointe (a); agus

(c) 

measann Europol, i gcomhréir le hAirteagal 18a(1), pointe (b), nach féidir tacú leis an imscrúdú coiriúil a leanann go fóill dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo gan sonraí pearsanta nach gcomhlíontar Airteagal 18(5) leo a phróiseáil.

Déanfar an measúnú dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo a thaifeadadh agus a sheoladh chuig MECS mar eolas nuair a scoireann Europol de bheith ag tacú leis an imscrúdú coiriúil sonrach gaolmhar.

2.  
I gcás nach gcomhlíonann Ballstát, OIPE nó Eurojust ceann amháin nó níos mo de na ceanglais a leagtar amach i mír 1, pointe (a) agus pointe (b) den Airteagal seo, maidir le sonraí pearsanta nach mbaineann leis na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II a sholáthair sé do Europol roimh an 28 Meitheamh 2022, nó i gcás nach gcomhlíonann Ballstát, OIPE, nó Eurojust mír 1, pointe (c) den Airteagal seo, ní dhéanfaidh Europol na sonraí pearsanta sin a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 18a, ach gan dochar d’Airteagal 18(5) agus d’Airteagal 74b, déanfaidh Europol na sonraí pearsanta sin a scriosadh faoin 29 Deireadh Fómhair 2022.
3.  

I gcás inar sholáthair tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 18a(6) sonraí pearsanta nach mbaineann leis na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II do Europol roimh an 28 Meitheamh 2022, féadfaidh Europol na sonraí pearsanta sin a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 18a(6) sna cásanna seo a leanas:

(a) 

sholáthair an tríú tír na sonraí pearsanta chun tacú le himscrúdú coiriúil sonrach i mBallstát amháin nó níos mó a dtacaíonn Europol leis;

(b) 

fuair an tríú tír na sonraí i gcomhthéacs imscrúdú coiriúil i gcomhréir leis na ceanglais nós imeachta agus coimircí is infheidhme faoina dlí coiriúil náisiúnta;

(c) 

cuireann an tríú tír in iúl do Europol, faoin 29 Meán Fómhair 2022, go bhfuil údarás aici na sonraí pearsanta sin a phróiseáil san imscrúdú coiriúil ar mar chuid de a fuair sí na sonraí;

(d) 

measann Europol, i gcomhréir le hAirteagal 18a(1), pointe (b), nach féidir tacú leis an imscrúdú coiriúil sonrach dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo gan sonraí pearsanta nach gcomhlíontar Airteagal 18(5) leo a phróiseáil agus déantar an measúnú sin a thaifeadadh agus a sheoladh chuig MECS mar eolas nuair a scoireann Europol de bheith ag tacú leis an imscrúdú coiriúil sonrach gaolmhar; agus

(e) 

fíoraíonn Europol, i gcomhréir le hAirteagal 18a(6), nach bhfuil an méid sonraí pearsanta díréireach go follasach i ndáil leis an imscrúdú coiriúil sonrach dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo i mBallstát amháin nó níos mó a dtacaíonn Europol leis.

4.  
I gcás nach gcomhlíonann tríú tír an ceanglas a leagtar amach i mír 3, pointe (c) den Airteagal seo, maidir le sonraí pearsanta nach mbaineann leis na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II, a sholáthar sí do Europol roimh an 28 Meitheamh 2022, nó i gcás nach gcomhlíontar aon cheann de na ceanglais eile a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo, ní dhéanfaidh Europol na sonraí pearsanta sin a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 18a(6), ach gan dochar d’Airteagal 18(5) agus d’Airteagal 74b, déanfaidh Europol na sonraí pearsanta sin a scriosadh faoin 29 Deireadh Fómhair 2022.
5.  
I gcás inar sholáthair Ballstát, OIPE nó Eurojust sonraí pearsanta nach mbaineann leis na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II do Europol roimh an 28 Meitheamh 2022, féadfaidh sé a iarraidh ar Europol, faoin 29 Meán Fómhair 2022, na sonraí sin a stóráil mar aon le toradh phróiseáil Europol ar na sonraí sin i gcás inar gá sin chun fírinneacht, iontaofacht agus inrianaitheacht an phróisis faisnéise coiriúla a áirithiú. Coimeádfaidh Europol sonraí pearsanta nach mbaineann leis na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II deighilte go feidhmiúil ó shonraí eile agus ní phróiseálfaidh sé na sonraí sin ach amháin chun fírinneacht, iontaofacht agus inrianaitheacht an phróisis faisnéise coiriúla a áirithiú, agus ní dhéanfaidh sé iad a phróiseáil ach fad a bheidh na himeachtaí breithiúnacha ar siúl a bhaineann leis an imscrúdú coiriúil ar soláthraíodh na sonraí sin ina leith.
6.  
I gcás ina bhfuair Europol sonraí pearsanta nach mbaineann leis na catagóirí d’ábhair sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II roimh an 28 Meitheamh 2022, ní dhéanfaidh Europol na sonraí sin a stóráil chun fírinneacht, iontaofacht agus inrianaitheacht an phróisis faisnéise coiriúla a áirithiú mura n-iarrtar sin i gcomhréir le mír 5. In éagmais iarraidh den sórt sin, déanfaidh Europol na sonraí pearsanta sin a scriosadh faoin 29 Deireadh Fómhair 2022.

Airteagal 74b

Socruithe idirthréimhseacha a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta atá i seilbh Europol

Gan dochar d’Airteagal 74a, i gcás sonraí pearsanta a fuair Europol roimh an 28 Meitheamh 2022, beidh Europol in ann a fhíorú an mbaineann na sonraí pearsanta sin le ceann de na catagóirí d’ábhair sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Chuige sin, féadfaidh Europol réamhanailís a dhéanamh ar na sonraí pearsanta sin ar feadh tréimhse nach faide ná 18 mí ón dáta a fuarthas na sonraí den chéad uair nó, i gcásanna a bhfuil údar leo agus le húdarú roimh ré ó MECS, ar feadh tréimhse is faide.

Ní rachaidh uastréimhse próiseála na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír thar 3 bliana ón lá a fhaigheann Europol na sonraí.

▼B



CAIBIDIL XIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 75

Ionadú agus aisghairm

1.  
Gabhann an Rialachán seo, leis seo, ionad Chinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936 CGB agus 2009/968/CGB i gcás na mBallstát atá faoi cheangal ag an Rialachán seo le héifeacht ón 1 Bealtaine 2017.

Dá bhrí sin, déantar Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB a aisghairm le héifeacht ón 1 Bealtaine 2017.

2.  
Maidir leis na Ballstáit atá faoi cheangal ag an Rialachán seo, déanfar tagairtí do na Cinntí dá dtagraítear i mír 1 a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 76

Na rialacha inmheánacha arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta a choimeád i bhfeidhm

Fanfaidh rialacha agus bearta inmheánacha arna nglacadh ag an mBord Bainistíochta ar bhonn Chinneadh 2009/371/CGB i bhfeidhm tar éis an 1 Bealtaine 2017, mura gcinnfidh an Bord Bainistíochta a mhalairt agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm.

Airteagal 77

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.  
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2.  
Beidh feidhm aige ón 1 Bealtaine 2017.

Beidh feidhm, áfach, ag Airteagal 71, Airteagal 72 agus Airteagal 73 ón 13 Meitheamh 2016.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.




IARSCRÍBHINN I

LIOSTA DE NA SAGHSANNA COIREACHTA DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3(1)

— 
an sceimhlitheoireacht,
— 
an choireacht eagraithe,
— 
gáinneáil ar dhrugaí,
— 
gníomhaíochtaí sciúradh airgid,
— 
an choireacht a bhaineann le substaintí núicléacha agus radaighníomhacha,
— 
smuigleáil inimirceach,
— 
gáinneáil ar dhaoine,
— 
an choireacht mhótarfheithicle,
— 
dúnmharú agus mórdhíobháil choirp,
— 
trádáil neamhdhleathach in orgáin agus i bhfíochán an duine,
— 
fuadach, srianadh agus tógáil giall neamhdhleathach,
— 
ciníochas agus seineafóibe,
— 
robáil agus tromghoid,
— 
gáinneáil neamhdhleathach ar earraí cultúrtha, lena n-áirítear ársaíochtaí agus saothair ealaíne,
— 
caimiléireacht agus calaois,
— 
an choireacht i gcoinne leasanna airgeadais an Aontais,
— 
déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaí airgeadais,
— 
cambheartaíocht agus sracadh,
— 
góchumadh agus píoráideacht táirgí,
— 
brionnú doiciméad riarachán agus gáinneáil orthu,
— 
brionnú airgid agus modhanna íocaíochta,
— 
an choireacht ríomhaire,
— 
éilliú,
— 
gáinneáil aindleathach ar airm, armlón agus pléascáin,
— 
gáinneáil aindleathach i speicis ainmhithe i mbaol,
— 
gáinneáil aindleathach ar speicis agus cineálacha plandaí atá i mbaol,
— 
an choireacht chomhshaoil, lena n-áirítear truailliú ó longfhoinsí,
— 
gáinneáil aindleathach ar shubstaintí hormónacha agus fástionscnóirí eile,
— 
mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach, lena n-áirítear ábhar a bhaineann le mí-úsáid ar leanaí agus sirtheoireacht leanaí chun críocha gnéasacha,
— 
cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh.




IARSCRÍBHINN II

A.   Catagóirí de shonraí pearsanta agus catagóirí d'ábhair sonraí a bhféadfar a gcuid sonraí a bhailiú agus a phróiseáil chun críche cros-seiceála dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 18(2)

1. Bainfidh sonraí pearsanta arna mbailiú agus arna bpróiseáil chun críche cros-seiceála le:

(a) 

daoine a gceaptar, i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit atá i gceist, go ndearna siad cion coiriúil a bhfuil Europol inniúil ina thaobh, gur ghlac siad páirt ann, nó a ciontaíodh as an gcion sin;

(b) 

daoine a bhfuil tásca fíorasacha nó cúiseanna réasúnta faoi dhlí an Bhallstáit atá i gceist le creidiúint go ndéanfaidh siad ciontaí coiriúla a bhfuil Europol inniúil ina dtaobh.

2. Ní fhéadfar ach na catagóirí seo a leanas de shonraí pearsanta a chur san áireamh i sonraí a bhaineann leis na daoine dá dtagraítear i mír 1:

(a) 

sloinne, sloinne roimh phósadh nó aon ailias nó ainm bréige;

(b) 

dáta agus ionad breithe;

(c) 

náisiúntacht;

(d) 

inscne;

(e) 

áit chónaithe, gairm agus tuairisc an duine lena mbaineann;

(f) 

uimhreacha slándála sóisialaí, ceadanna tiomána, doiciméid aitheantais agus sonraí pas; agus

(g) 

nuair is gá, tréithe eile ar dócha go gcuideoidís leis an duine a aithint, lena n-áirítear aon saintréithe fisiceacha oibiachtúla nach bhféadfaí a athrú mar shonraí dactalascópacha agus próifíl DNA (arna socrú ón gcuid neamhchomhdaithe de DNA).

3. I dteannta na sonraí dá dtagraítear i mír 2, féadfar na catagóirí seo a leanas de shonraí pearsanta a bhaineann leis na daoine a thagraítear dóibh i mír 1 a bhailiú agus a phróiseáil:

(a) 

ciontaí coiriúla, ciontaí coiriúla líomhnaithe, agus cathain, cá háit agus cén chaoi (a líomhnaítear) a ndearnadh iad;

(b) 

na modhanna a úsáideadh nó a bhféadfaí a úsáid chun na ciontaí coiriúla sin a dhéanamh lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le daoine dlítheanacha;

(c) 

na ranna atá ag láimhseáil an cháis agus a gcuid tagairtí comhdaithe;

(d) 

ballraíocht amhrasta ar eagraíocht choiriúil;

(e) 

ciontuithe, áit a mbaineann siad le ciontaí coiriúla a bhfuil Europol inniúil ina dtaobh;

(f) 

an páirtí ionchuir.

Féadfar na sonraí sin a chur ar fáil do Europol fiú nuair nach bhfuil aon tagairtí do dhaoine iontu.

4. Féadfar faisnéis bhreise atá i seilbh Europol nó aonad náisiúnta agus a bhaineann leis na daoine a thagraítear dóibh in mír 1 a chur in iúl d'aon aonad náisiúnta nó do Europol dá n-iarrfadh ceachtar díobh é sin. Déanfaidh aonaid náisiúnta amhlaidh agus iad ag cloí lena ndlí náisiúnta.

5. Má chuirtear deireadh gan amhras ar imeachtaí i gcoinne an duine atá i gceist nó má éigiontaítear an duine sin go cinntitheach, scriosfar na sonraí a bhaineann leis an gcás ar tógadh ceachtar cinneadh ina thaobh.

B.   Catagóirí de shonraí pearsanta agus catagóirí d'ábhair sonraí a bhféadfar a gcuid sonraí a bhailiú agus a phróiseáil chun críocha anailíse de chineál straitéiseach nó de chineál téamach agus chun críocha anailísí oibríochtúla nó chun na críche malartú faisnéise a éascú, dá dtagraítear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) d'Airteagal 18(2)

1. Sonraí pearsanta a ndéantar a bhailiú is a phróiseáil ar mhaithe le hanailísiú de chineál straitéiseach nó téamach, nó chun críche anailísí oibríochtúla nó ar mhaithe le malartú faisnéise a éascú idir Ballstáit, Europol agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, bainfidh na sonraí sin leis na daoine seo a leanas:

(a) 

daoine a gceaptar, de bhun dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann, go ndearna siad cion coiriúil a bhfuil Europol inniúil ina thaobh, gur ghlac siad páirt ann, nó a ciontaíodh as an gcion sin;

(b) 

daoine a bhfuil tásca fíorasacha nó cúiseanna réasúnta faoi dhlí an Bhallstáit atá i gceist le creidiúint go ndéanfaidh siad ciontaí coiriúla a bhfuil Europol inniúil ina dtaobh;

(c) 

daoine a d'fhéadfadh go n-iarrfaí orthu fianaise a thabhairt in imscrúduithe i gceangal leis na ciontaí á mbreithniú nó in imeachtaí coiriúla ina dhiaidh sin;

(d) 

daoine a bhí mar íospartaigh i gceann de na ciontaí atá á mbreithniú nó a dtugann fíricí áirithe maidir leo cúis le creidiúint go bhféadfadh go mbeidís ina n-íospartaigh i gcion den sórt sin;

(e) 

teagmhálacha agus comhpháirtithe; agus

(f) 

daoine a fhéadann faisnéis a chur ar fáil faoi na ciontaí coiriúla atá á mbreithniú.

2. Féadfar na catagóirí seo a leanas de shonraí pearsanta, sonraí riaracháin bainteacha san áireamh, a phróiseáil ar na catagóirí de dhaoine a thagraítear dóibh i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1:

(a) 

sonraí pearsanta:

(i) 

sloinnte reatha iar-shloinnte;

(ii) 

réamhainmneacha reatha agus iar-réamhainmneacha;

(iii) 

sloinne roimh phósadh;

(iv) 

ainm an athar (más gá chun críocha aitheantais);

(v) 

ainm na máthar (más gá chun críocha aitheantais);

(vi) 

inscne;

(vii) 

dáta breithe;

(viii) 

áit breithe;

(ix) 

náisiúntacht;

(x) 

stádas pósta;

(xi) 

ailias;

(xii) 

leasainm;

(xiii) 

ainm bréige;

(xiv) 

áit chónaithe reatha agus iaráit chónaithe;

(b) 

cur síos fisiceach:

(i) 

cur síos fisiceach;

(ii) 

tréithe idirdhealaitheacha (marcanna/coilm/tatúnna etc.);

(c) 

modhanna aitheantais:

(i) 

doiciméid aitheantais/ceadúnas tiomána;

(ii) 

cárta náisiúnta aitheantais/uimhreacha pas;

(iii) 

uimhir náisiúnta aitheantais/uimhir shlándála sóisialaí, más infheidhme;

(iv) 

íomhánna físe agus faisnéis eile faoi chuma;

(v) 

faisnéis aitheantais fhóiréinsigh mar mhéarloirg, próifíl DNA (arna socrú ón gcuid neamhchomhdaithe de), próifíl gutha, grúpa fola, faisnéis déidliachta;

(d) 

gairm agus scileanna:

(i) 

fostaíocht agus gairm reatha;

(ii) 

iarfhostaíocht agus iarghairm;

(iii) 

oideachas (scoil/ollscoil/gairmiúil);

(iv) 

cáilíochtaí;

(v) 

scileanna agus réimsí eile eolais (teanga/eile);

(e) 

faisnéis eacnamaíochta agus airgeadais:

(i) 

sonraí airgeadais (cuntais agus cóid bhainc, cártaí creidmheasa, etc.);

(ii) 

sócmhainní airgid;

(iii) 

scairshealbha/sócmhainní eile;

(iv) 

sonraí réadmhaoine;

(v) 

naisc le cuideachtaí;

(vi) 

teagmhálacha bainc agus creidmheasa;

(vii) 

staid chánach;

(viii) 

faisnéis eile a léiríonn bainistíocht an duine ar a chuid nó ar a cuid gnóthaí airgeadais;

(f) 

sonraí iompraíochta:

(i) 

slí bheatha (ag caitheamh níos mó ná a n-acmhainn) agus gnáthamh;

(ii) 

gluaiseachtaí;

(iii) 

áiteanna a dtugtar cuairt orthu go minic;

(iv) 

airm agus uirlisí contúirteacha eile;

(v) 

rátáil chontúirte;

(vi) 

rioscaí sonracha mar dhóchúlacht éalaithe, úsáid gníomhairí an dá thaobh, naisc le comhaltaí pearsanra um fhorfheidhmiú an dlí;

(vii) 

tréithe agus próifílí a bhaineann le coirpigh;

(viii) 

mí-úsáid drugaí;

(g) 

teagmhálacha agus comhpháirtithe, lena n-áirítear cineál agus nádúr na teagmhála nó an chomhcheangail leis an gcomhpháirtí;

(h) 

modh cumarsáide a úsáidtear, mar fhón (fón statach/fón póca), facs, glaoire, post leictreonach, seoltaí poist, na(i)sc idirlín;

(i) 

bealaí iompair a úsáidtear, mar fheithiclí, bháid, aerárthaigh, lena n-áirítear faisnéis a aithníonn na modhanna iompair sin (cláruimhreacha);

(j) 

faisnéis a bhaineann le hiompraíocht choiriúil:

(i) 

ciontuithe roimhe sin;

(ii) 

rannpháirtíocht amhrasta i ngníomhaíochtaí coiriúla;

(iii) 

modi operandi;

(iv) 

bealaí a úsáideadh nó a bhféadfaí a úsáid chun coireanna a ullmhú agus/nó a dhéanamh;

(v) 

ballraíocht ar ghrúpaí/eagraíochtaí coiriúla agus ról sa ghrúpa/eagraíocht;

(vi) 

ról san eagraíocht choiriúil;

(vii) 

raon geografach na ngníomhaíochtaí coiriúla;

(viii) 

ábhar a bailíodh le linn imscrúdaithe, lena n-áirítear íomhánna físe agus grianghraif;

(k) 

tagairtí do chórais faisnéise eile ina stóráiltear faisnéis faoin duine:

(i) 

Europol;

(ii) 

gníomhaireachtaí póilíní/custaim;

(iii) 

gníomhaireachtaí eile um fhorfheidhmiú;

(iv) 

eagraíochtaí idirnáisiúnta;

(v) 

eintitis phoiblí;

(vi) 

eintitis phríobháideacha;

(l) 

faisnéis faoi dhaoine dlíthiúla a bhaineann leis na sonraí a thagraítear dóibh i bpointe (e) agus (j):

(i) 

ainmniú an duine dhlíthiúil;

(ii) 

ionad;

(iii) 

dáta bunaithe agus áit bhunaithe;

(iv) 

cláruimhir riaracháin;

(v) 

foirm dhlíthiúil;

(vi) 

caipiteal;

(vii) 

réimse gníomhaíochta;

(viii) 

fochomhlachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta;

(ix) 

stiúrthóirí;

(x) 

naisc le bainc.

3. Is é atá i “teagmhálacha agus comhpháirtithe” mar a thagraítear dóibh i bpointe (e) de mhír 1, ná daoine trína bhfuil dóthain cúiseanna le creidiúint gur féidir faisnéis, a bhaineann leis na daoine dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1 agus atá ábhartha don anailís, a fháil, ar choinníoll nach bhfuil siad san áireamh i gceann de na catagóirí de dhaoine dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c), (d) agus (f). Is iad “teagmhálacha” ná na daoine úd a mbíonn teagmháil fhánacha acu leis na daoine dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1. Is iad “comhpháirtithe” ná daoine sin a mbíonn teagmháil rialta acu leis na daoine a thagraítear dóibh i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1.

Maidir le teagmhálacha agus comhpháirtithe, féadfar na sonraí dá dtagraítear i mír 2 a stóráil de réir mar is gá, ar choinníoll go bhfuil cúis ann le ceapadh go bhfuil sonraí den sórt sin riachtanach don anailís ar ghaol daoine den sórt sin leis na daoine dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1. Sa chomhthéacs sin, cloífear leis an méid seo a leanas:

(a) 

déanfar gaol den sórt sin a shoiléiriú a luaithe is féidir;

(b) 

scriosfar na sonraí dá dtagraítear i mír 2 gan mhoill má tharlaíonn nach bhfuil aon bhunús leis an toimhde go bhfuil gaol den sórt sin ann;

(c) 

féadfar na sonraí go léir dá dtagraítear i mír 2 a stóráil má cheaptar go ndearna teagmhálacha nó comhpháirtithe cion a thagann faoi raon feidhme chuspóirí Europol, nó má ciontaíodh iad as cion den sórt sin a dhéanamh, nó má tá tásca fíorasacha nó cúiseanna réasúnacha faoi dhlí an Bhallstáit atá i gceist le creidiúint go ndéanfaidh siad cion den sórt sin;

(d) 

ní stórálfar sonraí dá dtagraítear i mír 2 faoi theagmhálacha de chuid teagmhálacha, agus faoi chomhpháirtithe de chuid teagmhálacha ná faoi theagmhálacha de chuid comhpháirtithe agus faoi chomhpháirtithe de chuid comhpháirtithe, cé is moite de shonraí faoi chineál agus nádúr a gcuid teagmhálacha nó comhcheangal leis na daoine dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1;

(e) 

murar féidir soiléiriú a fháil i gcomhréir leis na pointí roimhe seo, cuirfear é sin san áireamh agus cinneadh á dhéanamh faoin ngá le stóráil sonraí le haghaidh níos mó anailíse agus faoi mhéid na stórála.

4. Maidir le duine, mar a thagraítear dó i bpointe (d) de mhír 1, a bhí mar íospartach i gceann de na ciontaí á mbreithniú nó má tá cúis le creidiúint mar thoradh ar fhíricí ábhartha, go bhféadfadh go mbeidís mar íospartaigh i gcion den sórt sin, féadfar sonraí a thagraítear dóibh i bpointe (a) go pointe (c)(iii) de mhír 2, chomh maith leis na catagóirí seo a leanas de shonraí a stóráil:

(a) 

sonraí aitheantais an íospartaigh;

(b) 

cúis le híospairt;

(c) 

damáiste (fisiceach/airgeadais/síceolaíoch/eile);

(d) 

cibé acu an féidir anaithnideacht a ráthú;

(e) 

cibé acu an bhfuil rannpháirtíocht in éisteacht chúirte féideartha;

(f) 

sonraí atá bainteach leis an gcoireacht arna soláthar ag nó trí dhaoine a thagraítear dóibh i bpointe (d) de mhír 1, lena n-áirítear, i gcás inar gá, faisnéis faoina gcaidreamh le daoine eile chun na daoine dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1 a shainaithint.

Féadfar sonraí eile dá dtagraítear i mír 2 a stóráil de réir mar is gá, ar choinníoll nach bhfuil cúis ann le ceapadh go bhfuil siad ag teastáil don anailís ar ról duine mar íospartach nó íospartach féideartha.

Scriosfar sonraí nach bhfuil ag teastáil d'anailís bhreise.

5. Maidir le daoine, mar a thagraítear dóibh i bpointe (c) de mhír 1, a bhféadfadh go n-iarrfaí orthu fianaise a thabhairt in imscrúduithe i ndáil leis na ciontaí atá á mbreithniú nó in imeachtaí coiriúla ina dhiaidh sin, féadfar sonraí a thagraítear dóibh i bpointe (a) go pointe (c)(iii) de mhír 2 chomh maith le catagóirí de shonraí a chomhlíonann na critéir seo a leanas, a stóráil:

(a) 

faisnéis atá bainteach leis an gcoireacht arna soláthar ag na daoine sin, lena n-áirítear a ngaol le daoine eile atá sa chomhad oibre anailíse;

(b) 

cibé acu an ráthófar anaithnideacht;

(c) 

cibé acu an ráthófar cosaint agus cé a ráthóidh;

(d) 

aitheantas;

(e) 

cibé acu an bhfuil rannpháirtíocht in éisteacht chúirte féideartha.

Féadfar sonraí eile dá dtagraítear i mír 2 a stóráil de réir mar is gá, ar choinníoll nach bhfuil cúis le ceapadh go bhfuil siad riachtanach don anailís ar ról na ndaoine sin mar fhinnéithe.

Scriosfar sonraí nach bhfuil ag teastáil d'anailís bhreise.

6. Maidir le daoine, mar a thagraítear dóibh i bpointe (f) de mhír 1, a fhéadann faisnéis a chur ar fáil faoi na ciontaí coiriúla á mbreithniú, féadfar sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (c)(iii) de mhír 2 a stóráil, chomh maith le catagóirí de shonraí a chomhlíonann na critéir seo a leanas:

(a) 

sonraí pearsanta códaithe;

(b) 

an cineál faisnéise atá á cur ar fáil;

(c) 

cibé acu an ráthófar anaithnideacht;

(d) 

cibé acu an ráthófar cosaint agus cé a ráthóidh;

(e) 

aitheantas;

(f) 

cibé acu an bhfuil rannpháirtíocht in éisteacht chúirte féideartha;

(g) 

taithí dhiúltach;

(h) 

luaíochtaí (luaíochtaí airgeadais/fabhair).

Féadfar sonraí eile dá dtagraítear i mír 2 a stóráil de réir mar is gá, ar choinníoll go bhfuil cúis ann le ceapadh go bhfuil siad ag teastáil don anailís ar ról daoine den sórt sin mar fhaisnéiseoirí.

Scriosfar sonraí nach bhfuil ag teastáil d'anailís bhreise.

7. Má thagann sé chun solais, am ar bith le linn anailíse, ar bhonn tásc tromchúiseach agus comhthacaíoch, gur cheart duine a áirithiú i gcatagóir daoine, mar a shainmhínítear san Iarscríbhinn seo, atá éagsúil ón gcatagóir ar cuireadh an duine sin ann ar dtús, ní fhéadfaidh Europol próiseáil a dhéanamh ach ar na sonraí faoin duine sin atá ceadaithe faoin gcatagóir sin, agus scriosfar na sonraí eile go léir.

Má thagann sé chun solais, ar bhonn tásc den sórt sin, gur cheart duine a chur in dá chatagóir éagsúla nó níos mó, mar atá sainithe san Iarscríbhinn seo, féadfaidh Europol na sonraí go léir atá ceadaithe faoi na catagóirí sin a phróiseáil.



( 1 ) Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

( 2 ) Rialachán (AE) 2021/784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne (IO L 172, 17.5.2021, lch. 79).

( 3 ) Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (IO L 335, 17.12.2011, lch. 1).

( 4 ) Cinneadh 2008/617/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le feabhas a chur ar an gcomhar idir aonaid idirghabhála speisialta Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i gcásanna géarchéime (IO L 210, 6.8.2008, lch. 73).

( 5 ) Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil)) (IO L 151, 7.6.2019, lch. 15).

( 6 ) Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lch. 56).

( 7 ) Treoir (AE) 2019/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha lena n-éascaítear úsáid faisnéise airgeadais agus faisnéise eile chun coireanna coiriúla áirithe a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2000/642/CGB ón gComhairle (IO L 186, 11.7.2019, lch. 122).

( 8 ) Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

( 9 ) Cinneadh 2005/511/CGB ón gComhairle an 12 Iúil 2005 maidir leis an euro a chosaint i gcoinne góchumtha, trí Europol a ainmniú mar an Lároifig le góchumadh an euro a chomhrac (IO L 185, 16.7.2005, lch. 35).

( 10 ) Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh (IO L 79 I, 21.3.2019, lch. 1).

( 11 ) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais do chomhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 122, 10.5.2019, lch. 1).

( 12 ) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

( 13 ) Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit (IO L 190, 18.7.2002, lch. 1).

( 14 ) Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 ón gComhairle an 15 Feabhra 2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (IO L 53, 22.2.2007, lch. 1).

( 15 ) Rialachán (AE) 2015/2219 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2005/681/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin (IO L 319, 4.12.2015, lch. 1).

( 16 ) Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

( 17 ) IO C 95, 1.4.2014, lch. 1.

( 18 ) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

( 19 ) Rialachán Uimh. 1 lena gcinntear na teangacha a úsáidfidh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO 17, 6.10.1958, lch. 385/58).

( 20 ) IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.

( 21 ) Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint ar chalaois agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).