02016R0429 — GA — 14.12.2019 — 001.004


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2016/429 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Márta 2016

maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(IO L 084 31.3.2016, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2017/625 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE an 15 Márta 2017

  L 95

1

7.4.2017


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 057, 3.3.2017, lch.  65 (2016/429)

►C2

Ceartúchán, IO L 137, 24.5.2017, lch.  40 (2017/625)

►C3

Ceartúchán, IO L 048, 11.2.2021, lch.  3 (2016/429)




▼B

RIALACHÁN (AE) 2016/429 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Márta 2016

maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



CUID I

RIALACHA GINEARÁLTA



CAIBIDIL 1

Ábhar, aidhm, raon feidhme agus sainmhínithe

Airteagal 1

Ábhar agus aidhm

1.  
Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le cosc agus rialú galar ainmhithe, ar in-tarchurtha iad go hainmhithe nó go daoine

Sna rialacha sin foráiltear maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

beartú tosaíochta agus catagóiriú galar is ábhar imní don Aontas agus freagrachtaí i dtaca le sláinte ainmhithe a bhainistiú (Cuid I: Airteagal 1 go hAirteagal 17);

(b) 

luathbhrath galar, fógra agus tuairisc a thabhairt ina leith, faireachas, cláir dhíothaithe agus stádas saor ó ghalair (Cuid II: Airteagal 18 go hAirteagal 42);

(c) 

feasacht faoi ghalair, ullmhacht agus rialú (Cuid III: Airteagal 43 go hAirteagal 83);

(d) 

clárú agus formheas bunaíochtaí agus iompróirí, gluaiseachtaí agus inrianaitheacht ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch laistigh den Aontas (Cuid IVAirteagail 84 go hAirteagal 228; agus Cuid VI Airteagal 244 go hAirteagal 248 agus Airteagal 252 go hAirteagal 256);

(e) 

teacht isteach ainmhithe, táirgí geirmeacha, agus táirgí de bhunadh ainmhíoch san Aontas agus onnmhairiú na gcoinsíneachtaí sin ón Aontas (Cuid V: Airteagal 229 go hAirteagal 243: agus Cuid VI: Airteagal 244 go hAirteagal 246 agus Airteagal 252 go hAirteagal 256);

(f) 

gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí isteach i mBallstát ó Bhallstát eile nó ó thríú tír nó ó chríoch (Cuid VI: Airteagal 244 go hAirteagal 256);

(g) 

na bearta éigeandála atá le glacadh i gcás éigeandála galair (Cuid VII: Airteagal 257 go hAirteagal 262).

2.  

Leis na rialacha dá dtagraítear i mír 1:

(a) 

dírítear ar an méid a leanas a áirithiú:

(i) 

feabhas a chur ar shláinte ainmhithe chun tacú le táirgeadh talmhaíochta agus dobharshaothraithe inbhuanaithe san Aontas;

(ii) 

feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh;

(iii) 

laghdú ar éifeachtaí díobhálacha ar shláinte ainmhithe, ar an tsláinte phoiblí agus ar an gcomhshaol i dtaca leis an méid a leanas:

— 
galair áirithe;
— 
na bearta a ghlactar le galair a chosc agus a rialú;
(b) 

cuirtear san áireamh

(i) 

an caidreamh idir sláinte ainmhithe agus:

— 
an tsláinte phoiblí;
— 
an comhshaol, lena n-áirítear an bhithéagsúlacht agus acmhainní géiniteacha luachmhara, chomh maith le tionchar an athraithe aeráide;
— 
sábháilteacht bia agus beatha;
— 
leas ainmhithe, lena n-áirítear pian, anacair nó fulaingt atá inseachanta a sheachaint;
— 
frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh;
— 
slándáil bia;
(ii) 

na tionchair eacnamaíocha, sóisialta, cultúrtha agus comhshaoil a thagann as cur i bhfeidhm beart le galair a chosc agus a rialú;

(iii) 

caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.  

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le:

(a) 

ainmhithe ar coimeád agus ainmhithe fiáine;

(b) 

táirgí geirmeacha;

(c) 

táirgí de bhunadh ainmhíoch;

(d) 

seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe, gan dochar do na rialacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009;

(e) 

saoráidí, modhanna iompair, trealamh agus gach conair ionfhabhtaithe eile agus gach ábhar eile a bhfuil baint aige nó a d'fhéadfadh baint a bheith aige le leathadh galar in-tarchurtha.

2.  

Beidh feidhm ag an Rialachán maidir le galair in-tarchurtha, lena n-áirítear zónóisí, gan dochar do na rialacha a leagtar síos sna doiciméid a leanas:

(a) 

Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE;

(b) 

Rialachán (CE) Uimh. 999/2001;

(c) 

Treoir 2003/99/CE;

(d) 

Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003.

Airteagal 3

Raon feidhme Chuid IV, Chuid V agus Chuid VI

1.  

Beidh feidhm ag Teideal 1 de Chuid IV (Airteagal 84 go hAirteagal 171) maidir leis an méid a leanas:

(a) 

ainmhithe talún, agus ainmhithe nach ainmhithe talún iad ach a d'fhéadfadh galair a mbeadh ainmhithe talún thíos leo a tharchur;

(b) 

táirgí geirmeacha ó ainmhithe talún;

(c) 

táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe talún.

2.  

Beidh feidhm ag Teideal II de Chuid IV (Airteagal 172 go hAirteagal 226) maidir leis an méid a leanas:

(a) 

ainmhithe uisceacha, agus ainmhithe nach ainmhithe uisceacha iad ach a d'fhéadfadh galair a mbeadh ainmhithe uisceacha thíos leo a tharchur;

(b) 

táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha.

3.  

Beidh feidhm ag Teideal III de Chuid IV (Airteagal 227 go hAirteagal 228) maidir leis an méid a leanas:

(a) 

ainmhithe eile;

(b) 

táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó na hainmhithe eile dá dtagraítear i bpointe (a).

4.  
Cuid IV agus Cuid V, ní bheidh feidhm acu maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí amhail dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo nó maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí laistigh de Bhallstát.
5.  
Gluaiseachtaí peataí, seachas gluaiseachtaí neamhthráchtála, comhlíonfaidh siad na ceanglais sláinte ainmhithe a leagtar síos i gCuid IV agus i gCuid V.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis na hoiriúnuithe is gá d'fhonn a áirithiú go gcuirfear Cuid IV agus V i bhfeidhm ar bhealach cuí ar pheataí, go háirithe le cur san áireamh go bhfuil peataí á gcoimeád i dteaghlaigh ag coimeádaithe peataí.

6.  
Ní bheidh feidhm ag Cuid VI ach maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 245 agus 246 maidir le huaslíon na n-ainmhithe a bhféadfadh a n-úinéir a thionlacan agus maidir le huaslíon na laethanta atá caite idir gluaiseacht an uinéara agus an gluaiseacht an ainmhí.

Airteagal 4

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “ainmhithe” ainmhithe veirteabracha agus inveirteabracha;

(2) 

ciallaíonn “ainmhithe talún” éin, mamaigh talún, beacha agus bumbóga;

(3) 

ciallaíonn “ainmhithe uisceacha” ainmhithe de chuid na speiceas seo a leanas, ag gach céim dá saolré, lena n-áirítear uibheacha, seamhan agus gaiméití:

(a) 

éisc a bhaineann leis an bhforaicme Agnatha agus leis na haicmí Chondrichthyes, Sarcopterygii agus Actinopterygii;

(b) 

moilisc uisceacha a bhaineann leis an bhfíleam Mollusca;

(c) 

crústaigh uisceacha a bhaineann leis an bhfofhíleam Crustacea;

(4) 

ciallaíonn “ainmhithe eile” ainmhithe de chuid speiceas eile seachas na speicis a thagann faoin shainmhíníu ainmhithe talún nó uisceacha;

(5) 

ciallaíonn “ainmhithe ar coimeád” ainmhithe atá á gcoimeád ag daoine, lena n-áirítear, i gcás ainmhithe uisceacha, ainmhithe dobharshaothraithe;

(6) 

ciallaíonn “dobharshaothrú” ainmhithe uisceacha ar coimeád i gcás ina bhfanann na hainmhithe i seilbh duine nádúrtha nó dlítheanach amháin nó níos mó trí chéimeanna uile na tógála nó an tsaothrúcháin, suas go dtí an bhuaint agus lena n-áirítear an bhuaint, seachas buaint nó gabháil ainmhithe uisceacha fiáine lena gcaitheamh ag an duine a choimeádtar go sealadach ina dhiaidh gan iad a chothú ag fanacht lena marú;

(7) 

ciallaíonn “ainmhithe dobharshaothraithe” aon ainmhithe uisceacha faoi réir dobharshaothrú,

(8) 

ciallaíonn “ainmhithe fiáine” ainmhithe nach ainmhithe ar coimeád iad;

(9) 

ciallaíonn “éanlaith chlóis” éin a thógtar nó a choimeádtar i mbraighdeanas faoi choinne:

(a) 

táirgeadh na nithe seo a leanas:

(i) 

feoil;

(ii) 

uibheacha chun a dtomhailte;

(iii) 

táirgí eile;

(b) 

soláthairtí éan géime a athstocáil;

(c) 

chun críoch pórúcháin éan a úsáidtear do na cineálacha táirgthe dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b);

(10) 

ciallaíonn “éin i mbraighdeanas” éin ar bith seachas éanlaith chlóis a choimeádtar i mbraighdeanas ar chúis ar bith seachas na cúiseanna dá dtagraítear i bpointe (9), lena n-áirítear na héin a choimeádtar faoi choinne seónna, rásaí, taispeántas, comórtas, pórúcháin nó díola;

(11) 

ciallaíonn “peata” ainmhí ar coimeád de chuid na speiceas a liostaítear in Iarscríbhinn 1 atá ar coimeád chun críocha príobháideacha neamhthráchtála;

(12) 

ciallaíonn “coimeádaí peataí” duine nádúrtha, agus féadfar úinéir peataí a áireamh ann, a choimeádann peata;

(13) 

ciallaíonn “úinéir peata” duine nádúrtha a léirítear mar an t-úinéir sa doiciméad sainaitheantais dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 247, pointe (c) d'Airteagal 248(2), pointe (c) d'Airteagal 249(1) agus pointe (c) d'Airtegal 250(2);

(14) 

ciallaíonn “gluaiseacht neamhthráchtála” aon ghluaiseacht peata, in éineacht lena úinéir agus

(a) 

nach bhfuil díol nó cineál eile aistriú úinéireachta an pheata lena mbaineann mar aidhm léi; agus

(b) 

atá mar chuid de ghluaiseacht úinéir an pheata:

(i) 

faoina chúram díreach; nó

(ii) 

faoi chúram duine údaraithe, sa chás ina bhfuil an peata scartha go fisiceach ó úinéir an pheata;

(15) 

ciallaíonn “duine údaraithe” aon duine nádúrtha a bhfuil údarú faighte i scríbhinn aige ó úinéir an pheata le gluaiseacht neamhthráchtála an pheata thar cheann an úinéara;

(16) 

ciallaíonn “galar” ionfhabhtú nó inmhíolú a bheith i láthair in ainmhithe, bíodh comharthaí cliniciúla nó paiteolaíocha ag gabháil leis nó ná bíodh, arb é oibreán amháin galair nó níos mó is cúis leis;

(17) 

ciallaíonn “oibreán galair” paitigin ar in-tarchurtha í go hainmhithe nó go daoine a fhéadfar a bheith ina gcúis galair in ainmhithe;

(18) 

ciallaíonn “galair liostaithe” galair atá liostaithe i gcomhréir le hAirteagal 5( 1);

(19) 

ciallaíonn “próifíl galair” na critéir galair dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 7;

(20) 

ciallaíonn “speicis liostaithe” speiceas ainmhithe nó grúpa speiceas a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 8(2), nó, i gcás galar atá ag teacht chun cinn, speiceas ainmhithe nó grúpa speiceas ainmhithe a chomhlíonann na critéir do speiceas liostaithe a leagtar síos in Airteagal 8(2);

(21) 

ciallaíonn “guais” oibreán galair in ainmhí nó i dtáirge, nó riocht ina bhfuil sé a bhféadfadh éifeacht dhíobhálach a bheith aige ar shláinte an duine nó ainmhithe;

(22) 

ciallaíonn “riosca” an dóchúlacht go dtarlódh an éifeacht dhíobhálach agus a mhéid is dócha a rachaidh an éifeacht dhíobhálach i bhfeidhm ar shláinte ainmhithe nó ar an tsláinte phoiblí ó thaobh bitheolaíochta agus eacnamaíochta de;

(23) 

ciallaíonn “bithshlándáil” iomlán na mbeart bainistithe agus fisiciúil a cheaptar le tabhairt isteach, forbairt agus leathadh galar a laghdú, go dtí, ó, agus laistigh den mhéid a leanas:

(a) 

daonra ainmhithe, nó

(b) 

bunaíocht, crios, deighleog, modh iompair nó aon saoráidí, áitreabh nó láthair eile;

(24) 

ciallaíonn “oibreoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, a bhfuil ainmhithe nó táirgí faoina chúram, lena n-áirítear ar feadh tréimhse teoranta ama, cé is moite de choimeádaithe peataí agus tréidlianna;

(25) 

ciallaíonn “iompróir” oibreoir a iompraíonn ainmhithe ar a chuntas féin, nó ar chuntas tríú páirtí;

(26) 

ciallaíonn “gairmí ainmhithe” duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil caidreamh gairmiúil aige le hainmhithe nó táirgí, cé is moite d'oibreoirí nó tréidlianna;

(27) 

ciallaíonn “bunaíocht” aon áitreabh, struchtúr, nó i gcás feirmeoireacht faoin spéir, aon timpeallacht nó áit, ina gcoimeádtar ainmhithe nó táirgí geirmeacha, ar bhonn sealadach nó ar bhonn buan, cé is moite den mhéid a leanas:

(a) 

teaghlaigh ina gcoimeádtar peataí;

(b) 

cleachtais tréidliachta nó clinicí;

(28) 

ciallaíonn “táirgí geirmeacha”:

(a) 

speirm, seamhan, úicítí agus suthanna a bheartaítear d'atáirgeadh saorga;

(b) 

uibheacha goir;

(29) 

ciallaíonn “táirgí de bhunadh ainmhíoch”:

(a) 

bia de bhunadh ainmhíoch, lena n-áirítear mil agus fuil;

(b) 

moilisc dhébhlaoscacha bheo, eicínideirmigh bheo, túinicigh bheo agus gastrapóid mhuirí bheo, lena gcaitheamh ag an duine; agus

(c) 

ainmhithe seachas na hainmhithe dá dtagraítear i bpointe (b) a bheartaítear a ullmhú d'fhonn iad a sholáthar beo don tomhaltóir deiridh;

(30) 

ciallaíonn “seachtháirgí ainmhithe” coirp iomlána nó codanna d'ainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch nó táirgí eile a fuarthas ó ainmhithe nach bhfuil beartaithe lena gcaitheamh ag an duine, cé is moite de tháirgí geirmeacha;

(31) 

ciallaíonn “táirgí díorthaithe” táirgí a fhaightear ó chóireáil, claochlú nó céim amháin nó níos mó den phróiseáil ar sheachtháirgí ainmhithe;

(32) 

ciallaíonn “táirgí”:

(a) 

táirgí geirmeacha;

(b) 

táirgí de bhunadh ainmhíoch;

(c) 

seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe;

▼M1

(33) 

ciallaíonn “rialú oifigiúil” aon chineál rialaithe a dhéantar i gcomhréir le Rialachán ►C2  (AE) 2017/625 ◄ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );

▼B

(34) 

ciallaíonn “stádas sláinte” stádas galair i dtaca leis na galair liostaithe ábhartha do speiceas liostaithe áirithe i ndáil leis an méid a leanas:

(a) 

ainmhí;

(b) 

ainmhithe laistigh d'aon cheann díobh seo a leanas:

(i) 

aonad eipideimeolaíoch;

(ii) 

bunaíocht;

(ii) 

crios;

(iii) 

deighleog;

(iv) 

Ballstát;

(v) 

tríú tír nó tríú críoch;

(35) 

ciallaíonn “crios”:

(a) 

i gcás ainmhithe talún, cuid de Bhallstát, tríú tír nó tríú críoch a bhfuil teorannú geografach beacht leis, ina bhfuil fodhaonra ainmhithe a bhfuil stádas sláinte ar leith aige i ndáil le galar ar leith nó galair ar leith faoi réir faireachas iomchuí, bearta rialaithe galar agus bithshlándála;

(b) 

i gcás ainmhithe uisceacha, córas hidreolaíoch comhtheagmhálach a bhfuil stádas sláinte ar leith aige i ndáil le galar sonrach nó galair shonracha arb ionann is ceantar é dá dtagraítear i gceann acu seo a leanas:

(i) 

dobharcheantar iomlán ó fhoinse uiscebhealaigh go dtí an t-inbhear nó an loch;

(ii) 

níos mó ná dobharcheantar amháin;

(iii) 

cuid de dhobharcheantar ó fhoinse an uiscebhealaigh go dtí bacainn a chuireann cosc ar thabhairt isteach galair shonraigh nó galar sonrach;

(iv) 

cuid de limistéar cósta a bhfuil teorannú geografach beacht leis;

(v) 

inbhear a bhfuil teorannú geografach beacht leis;

(36) 

ciallaíonn “dobharcheantar” limistéar nó imchuach talún arb iad gnéithe aiceanta amhail cnoic nó sléibhte a theorainneacha, áit a ritheann na huiscí ar fad chun srutha;

(37) 

ciallaíonn “deighleog” fodhaonra ainmhithe atá i mbunaíocht amháin nó níos mó agus i gcás ainmhithe uisceacha, i mbunaíocht uisceach amháin nó níos mó, faoi chóras comhchoiteann bainistithe bithshlándála a bhfuil stádas sláinte ar leith aige i ndáil le galar sonrach nó galair shonracha faoi réir faireachas iomchuí, bearta rialaithe galar agus bithshlándála;

(38) 

ciallaíonn “coraintín” ainmhithe a choimeád ar leithlis gan aon teagmháil dhíreach nó indíreach le hainmhithe lasmuigh d'aonad eipideimeolaíoch, lena áirithiú nach leathfaidh aon ghalair shonrach amháin nó níos mó ná sin nuair atá na hainmhithe atá á gcoimeád ar leithlis faoi bhreathnadóireacht ar feadh tréimhse sonraithe agus, más iomchuí, á dtástáil agus cóireáil á cur orthu;

(39) 

ciallaíonn “aonad eipidéimeolaíoch” grúpa ainmhithe a bhfuil an dealraitheacht chéanna ann iad a bheith neamhchosanta ar oibreán galair;

(40) 

ciallaíonn “ráig” galar liostaithe nó galar atá ag teacht chun cinn a tharlú, agus é sin deimhnithe go hoifigiúil, in ainmhí beo nó marbh amháin nó níos mó ná ainmhí beo nó marbh amháin i mbunaíocht nó aon áit eile ina gcoimeádtar ainmnithe nó ina bhfuil siad lonnaithe;

(41) 

ciallaíonn “crios srianta” crios ina gcuirtear i bhfeidhm srianta ar ghluaiseachtaí ainmhithe nó táirgí áirithe agus bearta rialaithe galar eile, d'fhonn leathadh an ghalair áirithe isteach i limistéir nach bhfuil aon srianta i bhfeidhm iontu, a chosc;

(42) 

ciallaíonn “crios cosanta” crios ina bhfuil ráig agus an t-achar timpeall an chreasa sin, nuair a chuirtear bearta rialaithe galar i bhfeidhm le leathadh an ghalair ón gcrios sin a sheachaint;

(43) 

ciallaíonn “crios cosanta” crios atá bunaithe timpeall an chreasa chosanta, áit ina gcuirtear bearta rialaithe galar i bhfeidhm le leathadh an ghalair ón gcrios cosanta a sheachaint;

(44) 

ciallaíonn “uibheacha goir” uibheacha arna mbreith ag éanlaith chlóis nó ag éin i mbraighdeanas, a bheartaítear lena ngor;

(45) 

ciallaíonn “crúbaigh” ainmhithe atá liostaithe in Iarscríbhinn III;

(46) 

ciallaíonn “bunaíocht táirgí geirmeacha”:

(a) 

i ndáil le seamhan, bunaíocht inar bailíodh, inar táirgeadh, inar próiseáladh agus inar stóráladh seamhan;

(b) 

i ndáil le húicítí agus suthanna, grúpa daoine gairmiúla nó déanmhas faoi mhaoirseacht foireann tréidlianna atá inniúil chun úicítí agus suthanna a bhailiú, a tháirgeadh, a phróiseáil agus a stóráil;

(c) 

i ndáil le huibheoga, gorlann;

(47) 

ciallaíonn “gorlann” bunaíocht ina ndéantar uibheacha a bhailiú, a stóráil, a ghoradh agus a ghoradh chun áil leis an méid a leanas a sholáthar:

(a) 

uibheacha goir;

(b) 

sicíní lae nó goróga de speicis eile;

(48) 

ciallaíonn “bunaíocht theoranta” aon bhunaíocht bhuan, atá teoranta go geografach, a cruthaíodh ar bhonn deonach, agus a formheasadh chun críche gluaiseachtaí, áit a mbaineann an méid seo a leanas leis na hainmhithe:

(a) 

coimeádtar nó póraítear iad chun críocha taispeántas, oideachais, caomhnaithe speiceas nó taighde;

(b) 

tá siad iata agus scartha amach ón timpeallacht thart timpeall orthu; agus

(c) 

tá siad faoi réir faireachas i ndáil le sláinte ainmhithe agus faoi réir dianbhearta bithshlándála;

(49) 

ciallaíonn “oibríocht tionóla” ainmhithe talún ar coimeád a thionól ó níos mó ná bunaíocht amháin nó ar feadh tréimhse níos giorra ná an tréimhse chónaithe a cheanglaítear don speiceas ainmhithe lena mbaineann;

(50) 

ciallaíonn “tréimhse chónaithe” an tréimhse íosta atá riachtanach chun a áirithiú nach bhfuil stádas sláinte ainmhí a tugadh isteach i mbunaíocht níos ísle ná stádas sláinte na n-ainmhithe sa bhunaíocht sin;

▼M1

(51) 

ciallaíonn “Traces” comhpháirt córais comhtháite CBFRO amhail dá dtagraítear in Airteagal 131 go hAirteagal 136 de Rialachán ►C2  (AE) 2017/625 ◄ ;

▼B

(52) 

ciallaíonn “bunaíocht rialaithe galar do bhia uisceach” gnó bia atá formheasta i gcomhréir le hAirteagal 179;

▼M1

(53) 

ciallaíonn “tréidlia oifigiúil” tréidlia oifigiúil mar a shainmhínítear in Airteagal 3(32) de Rialachán ►C2  (AE) 2017/625 ◄ ;

▼B

(54) 

ciallaíonn “tréidlia oifigiúil i dtríú tír nó tríú críoch” tréidlia i dtríú tír nó tríú críoch a chomhfhreagraíonn do thréidlia oifigiúil amhail dá dtagraítear i bpointe (53);

▼M1

(55) 

ciallaíonn “údarás inniúil” údarás tréidliachta lárnach an Bhallstáit atá freagrach as rialuithe oifigiúla agus aon ghníomhaíochtaí oifigiúla eile a eagrú i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialachán ►C2  (AE) 2017/625 ◄ , nó aon údarás eile ar tarmligeadh an fhreagracht sin dó;

▼B

(56) 

ciallaíonn “údarás inniúil i dtríú tír nó tríú críoch” an t-údarás i dtríú tír nó tríú críoch a chomhfhreagraíonn do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in (55);



CAIBIDIL 2

Galair liostaithe agus galair atá ag teacht chun cinn agus speicis liostaithe

Airteagal 5

Galair a liostú

1.  

Na rialacha sonracha ó thaobh galair de le haghaidh coisc agus rialú galar dá bhforáiltear sa Rialachán seo, beidh feidhm acu maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

na galair liostaithe a leanas:

(i) 

galar crúibe is béil;

(ii) 

fiabhras clasaiceach muc;

(iii) 

fiabhras Afracach na muc;

(iv) 

fliú éanúil ardphataigineach;

(v) 

tinneas Afracach na gcapall; agus

(b) 

na galair liostaithe a leagtar amach sa liosta atá in Iarscríbhinn II.

2.  
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264, maidir le leasuithe ar an liosta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo.
3.  

Déanfar galar a áireamh ar an liosta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo má tá measúnú déanta air i gcomhréir le hAirteagal 7 agus go gcomhlíonann sé:

(a) 

gach ceann de na critéir seo a leanas:

(i) 

léirítear le fianaise eolaíoch go bhfuil an galar in-tarchurtha;

(ii) 

go bhfuil ann do speicis ainmhithe atá soghabhálach i leith an ghalair nó na veicteoirí agus go bhfuil ann do thaiscumair díobh san Aontas;

(iii) 

bíonn éifeachtaí diúltacha ag an ngalar ar shláinte ainmhithe; nó go gcuirtear sláinte an phobail i mbaol mar gheall ar a chineál zónóiseach;

(iv) 

tá uirlisí diagnóiseacha ar fáil maidir leis an ngalar; agus

(v) 

tá bearta maolaithe riosca agus i gcás inarb ábhartha, faireachas ar an ngalar, éifeachtach agus comhréireach leis na rioscaí a bhaineann leis an ngalar san Aontas; agus

(b) 

ar a laghad ceann amháin de na critéir seo a leanas:

(i) 

tá an galar nó d'fhéadfadh sé bheith ina chúis le héifeachtaí diúltacha suntasacha san Aontas ar shláinte ainmhithe, go gcuirtear sláinte an phobail i mbaol mar gheall ar a chineál zónóiseach;

(ii) 

d'fhorbair an t-oibreán galair frithsheasmhacht in aghaidh cóireálacha agus gur rud é a chruthaíonn baol suntasach do shláinte an phobail agus/nó sláinte ainmhithe san Aontas;

(iii) 

tá an galar nó d'fhéadfadh an galar bheith ina chúis le tionchar diúltach eacnamaíoch a dhéanann difear do tháirgeadh talmhaíochta nó dobharshaothraithe san Aontas;

(iv) 

d'fhéadfadh an galar géarchéim a ghiniúint nó d'fhéadfaí an t-oibreán galair a úsáid chun críocha na bithsceimhlitheoireachta; nó

(v) 

d'fhéadfadh an galar tionchar diúltach suntasach a imirt ar an gcomhshaol, lena n-áirítear ar bhithéagsúlacht an Aontais.

4.  
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis na galair a bhaint ón liosta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo i gcás nach gcomhlíonann an galar sin na critéir dá bhforáiltear i mír 3 den Airtegal seo a thuilleadh.
5.  
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar liostú gach galair i bhfianaise sonraí eolaíocha nua suntasacha atá ar fáil.

Airteagal 6

Galair atá ag teacht chun cinn

1.  
Beidh feidhm ag na rialacha maidir le galair a chosc agus a rialú i gcás galair atá ag teacht chun cinn amhail dá bhforáiltear sa Rialachán seo.
2.  

Measfar galar, seachas galar liostaithe, mar galar atá ag teacht chun cinn (“galar atá ag teacht chun cinn”) ar an gcoinníoll go bhfuil sé d'acmhainn aige na critéir maidir le galair a liostú dá bhforáiltear in Airteagal 5(3) a chomhlíonadh agus:

(a) 

gur toradh é ar éabhlóid nó athrú ar oibreán galair atá ann cheana;

(b) 

galar aitheanta é atá á leathnú go ceantar geografach nua, speiceas nua nó daonra nua;

(c) 

a dhéantar a dhiagnóisiú den chéad uair san Aontas; nó

(d) 

ar oibreán galair nár aithníodh nár aithníodh roimhe seo is cúis leis.

3.  
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na bearta is gá maidir le galar atá ag teacht chun cinn a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).
4.  
Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil bonn cirt cuí leo agus a bhaineann le galar ar riosca é atá ag teacht chun cinn agus a bhfuil tionchar an-suntasach aige, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 266(3).
5.  
Aon oibleagáid atá ar oibreoirí i leith galar atá ag teacht chun cinn, a leagtar amach sa Rialachán seo, ní bheidh feidhm aige ach amháin más rud é gur ghlac an Coimisiún gníomh cur chun feidhme le haghaidh an ghalair sin i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo nó má tá an galar atá cumhdaithe ag plean teagmhasach i gcomhréir le Airteagal 43.

Airteagal 7

Paraiméadair measúnaithe maidir le galair a liostú

Úsáidfidh an Coimisiún na paraiméadair measúnaithe a leanas chun a chinneadh an gcomhlíonann galar na coinníollacha lena gceanglaítear é bheith liostaithe i gcomhréir le hAirteagal 5(2):

(a) 

próifíl an ghalair, ina mbeidh an méid a leanas:

(i) 

na speicis ainmhithe lena mbaineann an galar;

(ii) 

rátaí galrachta agus mortlaíochta an ghalair i ndaonraí ainmhithe;

(iii) 

nádúr zónóiseach an ghalair;

(iv) 

frithsheasmhacht in aghaidh cóireálacha, lena n-áirítear frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh;

(v) 

dianseasmhacht an ghalair i ndaonraí ainmhithe nó sa chomhshaol;

(vi) 

róid agus luas tharchur an ghalair idir ainmhithe agus nuair is ábhartha sin, idir ainmhithe agus daoine;

(vii) 

láithreacht nó neamhláithreacht an ghalair agus a dháileadh san Aontas, agus, i gcás nach bhfuil an galar i láthair san Aontas, an riosca go bhféadfadh sé teacht isteach san Aontas;

(viii) 

uirlisí diagnóiseacha agus uirlisí rialaithe galar a bheith ann;

(b) 

tionchar an ghalair ar an méid a leanas:

(i) 

táirgeadh talmhaíochta agus dobharshaothraithe agus codanna eile den gheilleagar, maidir leis an méid seo a leanas:

— 
leibhéal láithreachta an ghalair san Aontas;
— 
caillteanas táirgthe de dheasca an ghalair;
— 
caillteanais eile;
(ii) 

sláinte an duine, maidir leis an méid seo a leanas:

— 
in-tarchurthacht idir ainmhithe agus daoine;
— 
in-tarchurthacht idir daoine;
— 
déine fhoirmeacha daonna an ghalair;
— 
cosc nó cóireáil leighis éifeachtach a bheith ar fáil do dhaoine;
(iii) 

leas ainmhithe;

(iv) 

bithéagsúlacht agus an comhshaol;

(c) 

a acmhainneacht cás éigeandála a chruthú agus a úsáid fhéideartha sa bhithsceimhlitheoireacht;

(d) 

indéantacht, infhaighteacht agus éifeachtacht na mbeart coisctheach agus rialaithe galar a leanas:

(i) 

uirlisí agus acmhainní diagnóiseacha;

(ii) 

vacsaíniú;

(iii) 

cóireálacha leighis;

(iv) 

bearta bithshlándála;

(v) 

srianta ar ghluaiseacht ainmhithe agus táirgí;

(vi) 

marú ainmhithe;

(vii) 

diúscairt conablach agus seachtháirgí ábhartha ainmhithe eile;

(e) 

tionchar beart coisctheach agus rialaithe galar maidir leis an méid a leanas:

(i) 

na costais dhíreacha agus indíreacha do na hearnálacha a bhfuil thíos leis an ngalar agus don gheilleagar ina iomláine;

(ii) 

a n-inghlacthacht sa tsochaí;

(iii) 

leas na bhfodhaonraí ainmhithe ar coimeád agus fiáine atá faoi thionchar an ghalair/a bhfuil thíos leis an ngalar;

(iv) 

an comhshaol agus bithéagsúlacht.

Airteagal 8

Speicis a liostú

1.  
Maidir leis na rialacha sonracha do ghalair liostaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus na rialacha arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, beidh feidhm acu maidir le speicis liostaithe.
2.  
Bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta speiceas, amhail dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

Is éard a bheidh ar an liosta na speicis ainmhithe sin nó na grúpaí speiceas ainmhithe, a bhfuil riosca suntasach ag baint leo ó thaobh leathadh galair liostaithe shonracha de, bunaithe ar na critéir seo a leanas:

(a) 

leochaileacht an daonra ainmhithe atá i mbaol;

(b) 

fad na tréimhse goir agus na tréimhse ionfhabhtaíche do na hainmhithe lena mbaineann;

(c) 

cumas na n-ainmhithe sin na galair shonracha sin a iompar.

3.  

Cuirfear speicis ainmhithe nó grúpaí speiceas ainmhithe ar an liosta má tá siad buailte nó má tá riosca ag baint leo maidir le leathadh galar liostaithe sonrach, ar na cúiseanna seo a leanas:

(a) 

tá siad soghabhálach i leith galar sonrach liostaithe nó tugann fianaise eolaíoch le fios gur dócha go mbeadh soghabhálacht den sórt sin i gceist; nó

(b) 

go bhfuil siad ina speiceas veicteora nó in thaiscumair le haghaidh an ghalair sin, nó tugann fianaise eolaíoch le fios gur dócha go mbeidh ról den sórt sin acu.

4.  

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, speicis ainmhithe nó grúpaí speiceas ainmhithe a bhaint ón liosta sna cásanna seo a leanas:

(a) 

baineadh an galar liostaithe ábhartha ar i ndáil leis a rinneadh an speiceas ainmhí nó grúpaí speiceas ainmhithe lena mbaineann a liostú ó liosta na ngalar; nó

(b) 

tugann an fhianaise eolaíoch le fios nach gcomhlíonann an speiceas nó an grúpa speiceas lena mbaineann a thuilleadh na critéir atá leagtha amach i mír 3.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

Airteagal 9

Na rialacha maidir le galair a chosc agus a rialú atá le cur i bhfeidhm i gcás na ngalar liostaithe

1.  

Beidh feidhm ag na rialacha maidir le galair a chosc agus a rialú mar a leanas:

(a) 

Maidir leis na galair liostaithe nach ann dóibh san Aontas de ghnáth agus nach mór bearta láithreacha díothaithe a thógáil ina leith chomh luath agus a bhraitear iad, beidh feidhm ag na rialacha a leanas, mar is ábhartha:

(i) 

na rialacha maidir le feasacht faoi ghalair agus ullmhacht dá bhforáiltear i dTeideal I de Chuid III (Airteagal 43 go hAirteagal 52);

(ii) 

na bearta rialaithe galar dá bhforáiltear i gCaibidil 1 de Theideal II de Chuid III (Airteagal 53 go hAirteagal 71); agus

(iii) 

na rialacha maidir le roinnt i ndeighleoga dá bhforáiltear in Airteagal 37(1).

I gcás na ngalar liostaithe sin, beidh feidhm freisin ag na bearta dá dtagraítear i bpointe (b), de réir mar is iomchuí, chomh maith le pointe (d) agus pointe (e), de réir mar is ábhartha.

(b) 

I gcás na ngalar liostaithe nach mór a rialú i ngach Ballstát d'fhonn iad a dhíothú ar fud an Aontais, beidh feidhm ag na rialacha a leanas, mar is ábhartha:

(i) 

na rialacha le haghaidh cláir dhíothaithe éigeantacha dá bhforáiltear in Airteagal 31(1);

(ii) 

na rialacha maidir le Ballstáit agus criosanna saor ó ghalair dá bhforáiltear in Airteagal 36;

(iii) 

na rialacha maidir le roinnt i ndeighleoga dá bhforáiltear in Airteagal 37(2); agus

(iv) 

na bearta rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagal 72 go hAirteagal 75, Airteagal 76 go hAirteagal 79 agus Airteagal 81 Agus Airteagal 83.

I gcás na ngalar liostaithe sin, beidh feidhm freisin ag na bearta dá dtagraítear i bpointe (d) agus i bpointe (e), de réir mar is ábhartha.

(c) 

I gcás na ngalar liostaithe atá ábhartha do chuid de na Ballstáit agus a bhfuil bearta ag teastáil ina leith chun nach leathfaidh siad go codanna den Aontas atá saor ó ghalar go hoifigiúil nó a bhfuil cláir dhíothaithe acu don ghalar liostaithe lena mbaineann, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas, de réir mar is ábhartha:

(i) 

na rialacha maidir le díothú roghnach dá bhforáiltear in Airteagal 31(2);

(ii) 

na rialacha maidir le Ballstáit agus criosanna saor ó ghalair dá bhforáiltear in Airteagal 36;

(iii) 

na rialacha maidir le roinnt i ndeighleoga dá bhforáiltear in Airteagal 37(2); agus

(iv) 

na rialacha le haghaidh bearta rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagail 76, 77, 78, 80, 82 agus 83.

I gcás na ngalar liostaithe sin, beidh feidhm freisin ag na bearta dá dtagraítear i bpointe (d) agus i bpointe (e), mar is ábhartha.

(d) 

I gcás na ngalar liostaithe a bhfuil bearta de dhíth ina leith chun nach leathfaidh siad mar gheall ar a theacht isteach san Aontas nó mar gheall ar ghluaiseachtaí idir Ballstáit, beidh feidhm ag na rialacha a leanas, mar is ábhartha:

(i) 

na rialacha maidir le gluaiseacht laistigh den Aontas dá bhforáiltear i gCaibidil 3 go 6 de Theideal 1 (Airteagal 124 go hAirteagal 169), Caibidil 2 agus Caibidil 3 de Theideal II de Chuid IV (Airteagal 191 go hAirteagal 225) agus Caibidil 2 agus Caibidil 3 de Chuid VI (Airteagal 247 go hAirteagal 251); agus

(ii) 

rialacha maidir le teacht isteach san Aontas agus onnmhairiú ón Aontas dá bhforáiltear i gCuid V (Airteagal 229 go hAirteagal 243).

Na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c), déanfar iad a mheas mar ghalair liostaithe faoin bpointe seo, chomh maith leis na cinn sin dá dtagraítear faoi phointe (e) i gcás gur féidir an riosca a bhaineann leis an ngalar i dtrácht a mhaolú trí bhearta maidir le gluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí.

(e) 

I gcás na ngalar liostaithe a bhfuil gá faireachas a dhéanamh orthu laistigh den Aontas, beidh feidhm ag na rialacha a leanas, mar is ábhartha:

(i) 

na rialacha maidir le fógairt agus tuairisciú dá bhforáiltear i gCaibidil 1 de Chuid II (Airteagail 18 go 23); agus

(ii) 

na rialacha maidir le faireachas dá bhforáiltear i gCaibidil 2 de Chuid II (Airteagal 24 go 30).

Na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c), déanfar iad a mheas mar ghalair liostaithe faoin bpointe seo.

2.  
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinneadh a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm na rialacha coisctheacha agus rialaithe galar dá dtagraítear i mír 1 do na galair liostaithe faoi seach atá bunaithe ar na critéir atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV i bhfianaise freisin na sonraí eolaíocha nua suntasacha atá ar fáil.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

3.  
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cur i bhfeidhm na rialacha coisctheacha agus rialaithe galar dá dtagraítear i mír 2 a mhodhnú maidir leis na galair liostaithe faoi seach nuair nach gcomhlíonann an galar i dtrácht na critéir a leagtar síos sa Roinn ábhartha d'Iarscríbhinn IV a thuilleadh, i bhfianaise freisin na sonraí eolaíocha suntasacha nua atá ar fáil.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

4.  
Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil bonn cirt cuí leo a bhaineann le galar liostaithe ar riosca atá ag teacht chun cinn é a bhfuil tionchar an-suntasach aige, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 266(3).



CAIBIDIL 3

Cúraimí maidir le sláinte ainmhithe



Roinn 1

Oibreoirí, gairmithe ainmhithe agus coimeádaithe peataí

Airteagal 10

Cúraimí maidir le bearta sláinte ainmhithe agus bithshlándála

1.  

Déanfaidh oibreoirí mar a leanas:

(a) 

maidir le hainmhithe ar coimeád agus táirgí atá faoina gcúram, beidh siad freagrach as an méid a leanas:

(i) 

sláinte na n-ainmhithe ar coimeád;

(ii) 

úsáid fhreagrach agus stuama a bhaint as cógais tréidliachta, gan dochar do ról agus do fhreagracht tréidlianna,

(iii) 

an baol go leathfaidh galair a íoslaghdú;

(iv) 

feirmeoireacht mhaith ainmhithe;

(b) 

nuair is iomchuí, glacfaidh siad na bearta bithshlándála maidir le hainmhithe ar coimeád agus na táirgí atá faoina gcúram, de réir mar is iomchuí do na nithe seo a leanas:

(i) 

speicis agus catagóirí na n-ainmhithe ar coimeád agus na dtáirgí;

(ii) 

an cineál táirgthe; agus

(iii) 

na rioscaí lena mbaineann, agus an méid a leanas á chur san áireamh:

— 
suíomh geografach agus dálaí aeráide;
— 
imthosca agus cleachtais áitiúla;
(c) 

i gcás inarb iomchuí, bearta bithshlándála maidir le hainmhithe fiáine a dhéanamh.

2.  
Gníomhóidh gairmithe ainmhithe chun an baol go leathfaidh na galair a íoslaghdú i gcomhthéacs an chaidrimh ghairmiúil atá acu le hainmhithe agus le táirgí.
3.  
Beidh feidhm ag pointe (a) de mhír 1 freisin maidir le coimeádaithe peataí.
4.  

Cuirfear chun feidhme na bearta bithshlándála dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, i gcás inarb iomchuí, tríd an méid a leanas:

(a) 

bearta cosanta fisiciúla, a bhféadfadh a bheith ar áireamh ann:

(i) 

imfhálú, fálú, díonlach, líontán, de réir mar is iomchuí;

(ii) 

feithidí agus creimirí a ghlanadh, a dhífhabhtú agus a rialú;

(iii) 

i gcás ainmhithe uisceacha, i gcás inarb iomchuí:

— 
bearta maidir leis an soláthar uisce agus doirteadh;
— 
bacainní nádúrtha nó saorga ó chúrsaí uisce máguaird a chuireann cosc ar ainmhithe uisceacha le dul isteach nó amach as an mbunaíocht lena mbaineann, lena n-áirítear bearta i gcoinne insíothlú uisce nó tuile ó chúrsaí uisce máguaird;
(b) 

bearta bainistíochta, a bhféadfadh a bheith ar áireamh ann:

(i) 

nósanna imeachta le haghaidh dul isteach agus teacht amach na bunaíochtaí d'ainmhithe, táirgí, feithiclí agus daoine;

(ii) 

na nósanna imeachta maidir le trealamh a úsáid;

(iii) 

na coinníollacha maidir le gluaiseacht bunaithe ar na rioscaí atá i gceist;

(iv) 

na coinníollacha maidir le hainmhithe nó táirgí a thabhairt isteach sa bhunaíocht;

(v) 

coraintín, leithlisiú nó deighilt ainmhithe breoite nó a tugadh isteach le déanaí;

(vi) 

córas chun ainmhithe marbha agus seachtháirgí ainmhithe eile a dhiúscairt go sábháilte.

5.  
Comhoibreoidh oibreoirí, gairmithe ainmhithe agus coimeádaithe peataí leis an údarás inniúil agus le tréidlianna agus na bearta maidir le galair a chosc agus a rialú dá bhforáiltear sa Rialachán seo á bhfeidhmiú.
6.  
Féadfaidh an Coimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na ceanglais íosta atá riachtanach d'fheidhmiú aonfhoirmeach an Airteagail seo a leagan síos.

Léireofar leis na gníomhartha cur chun feidhme sin na hábhair dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

Airteagal 11

Eolas ar shláinte ainmhithe

1.  

Beidh eolas leordhóthanach ag oibreoirí agus gairmithe ainmhithe ar an méid a leanas:

(a) 

galair ainmhithe, lena n-áirítear na galair is in-tarchurtha go daoine;

(b) 

prionsabail bhithshlándála;

(c) 

an idirghníomhaíocht idir sláinte ainmhithe, leas ainmhithe agus sláinte an duine;

(d) 

dea-chleachtas feirmeoireachta ainmhithe maidir leis na speicis ainmhithe atá faoina gcúram;

(e) 

frithsheasmhacht in aghaidh cóireálacha, lena n-áirítear frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh agus na himpleachtaí a bheidh aige.

2.  

Beidh an cineál eolais agus an leibhéal eolais a cheanglaítear i gcomhréir le mír 1 ag brath ar an méid a leanas:

(a) 

speicis agus catagóirí na n-ainmhithe ar coimeád nó na dtáirgí atá faoi chúram na n-oibreoiri'agus na ngairmithe ainmhithe lena mbaineann agus cineál a gcaidrimh ghairmiúil leis na hainmhithe nó na táirgí sin;

(b) 

an cineál táirgthe;

(c) 

na cúraimí a chomhlíontar.

3.  

Gheofar an t-eolas dá bhforáiltear i mír 1 ar cheann de na bealaí seo a leanas:

(a) 

taithí nó oiliúint ghairmiúil;

(b) 

cláir atá ann cheana in earnálacha na talamhaíochta nó an dobharshaothraithe is ábhartha do shláinte ainmhithe;

(c) 

oideachas foirmiúil;

(d) 

taithí eile nó oiliúint eile as a dtagann an leibhéal céanna eolais a chumhdaítear i bpointe (a), i bpointe (b) nó i bpointe (c).

4.  
Oibreoirí a dhíolann nó a aistríonn ar shlí eile úinéireacht peataí a bheidh ann amach anseo, cuirfidh siad faisnéis bhunúsach ar fáil don choimeádaí peata, maidir leis na hábhair dá dtagraítear i mír 1, de réir mar is ábhartha don ainmhí i dtrácht.



Roinn 2

Tréidlianna agus gairmithe sláinte ainmhithe uisceacha

Airteagal 12

Freagrachtaí tréidlianna agus gairmithe sláinte ainmhithe uisceacha

1.  

Déanfaidh tréidlianna an méid a leanas agus iad i mbun a ngníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo:

(a) 

déanfaidh siad na bearta uile is gá chun tabhairt isteach, forbairt agus leathadh galar a chosc;

(b) 

gníomhóidh siad lena áirithiú go mbraitear galair go luath tríd an diagnóis chuí agus diagnóis dhifreálach a dhéanamh le galar a chur as an áireamh nó le galar a dhearbhú;

(c) 

beidh ról gníomhach acu sa mhéid a leanas:

(i) 

múscailt feasachta faoi shláinte ainmhithe, agus feasacht ar an idirghníomhaíocht idir sláinte ainmhithe, leas ainmhithe agus sláinte an duine;

(ii) 

galair a chosc;

(iii) 

luathbhrath galar agus freagairt thapa orthu.

(iv) 

feasacht a mhúscailt maidir le frithsheasmhacht in aghaidh cóireálacha, lena n-áirítear frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh agus maidir leis na himpleachtaí a bheidh aige;

(d) 

comhoibriú leis an údarás inniúil, oibreoirí, gairmithe ainmhithe agus coimeádaithe peataí i gcur i bhfeidhm na mbeart maidir le galair a chosc agus a rialú dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

2.  
Féadfaidh gairmithe sláinte ainmhithe uisceacha tabhairt faoi ghníomhaíochtaí atá sannta do thréidlianna sa Rialachán seo i ndáil le hainmhithe uisceacha ar choinníoll go bhfuil siad údaraithe ag an mBallstát lena mbaineann sin a dhéanamh faoin dlí náisiúnta. Sa chás sin, beidh feidhm ag mír 1 maidir leis na gairmithe sláinte ainmhithe uisceacha sin.
3.  
Déanfaidh tréidlianna agus gairmithe sláinte ainmhithe uisceacha a gcuid inniúlachtaí gairmiúla a bhaineann lena réimsí gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a fhorbairt agus a chothabháil.



Roinn 3

Na ballstáit

Airteagal 13

Freagrachtaí na mBallstát

1.  

Chun a áirithiú go bhfuil sé de chumas ag an údarás inniúil do shláinte ainmhithe na bearta is gá agus is iomchuí a dhéanamh agus na gníomhaíochtaí a chur i gcrích mar a cheanglaítear leis an Rialachán seo, áiritheoidh gach Ballstáit, ar an leibhéal iomchuí riaracháin, go mbeidh an méid a leanas ag an údarás inniúil:

(a) 

foireann cháilithe, saoráidí, trealamh, acmhainní airgeadais agus eagrúchán éifeachtach lena gcumhdaítear críoch iomlán an Bhallstáit;

(b) 

rochtain ar shaotharlanna a bhfuil foireann cháilithe iontu, saoráidí, trealamh agus acmhainní airgeadais lena áirithiú go ndéanfar diagnóis agus diagnóis dhifreálach thapa agus chruinn ar ghalair liostaithe agus ar ghalair atá ag teacht chun cinn;

(c) 

tréidlianna atá oilte go leordhóthanach agus atá gafa leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 12.

2.  
Spreagfaidh na Ballstáit oibreoirí agus gairmithe ainmhithe eolas leordhóthanach faoi shláinte ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 11 a fháil, a chothabháil agus a fhorbairt, trí bhíthin cláir ábhartha in earnálacha na talmhaíochta nó an dobharshaothraithe nó trí bhíthin oideachas foirmiúil.

Airteagal 14

Gníomhaíochtaí oifigiúla á dtarmligean ag údarás inniúil

1.  

Féadfaidh údarás inniúil ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí a leanas a tharmligean chuig tréidlianna nach tréidlianna oifigiúla iad:

(a) 

cur i bhfeidhm praiticiúil na mbeart faoi chláir dhíothaithe dá bhforáiltear in Airteagal 32;

(b) 

tacú leis an údarás inniúil agus faireachas á dhéanamh aige amhail dá bhforáiltear in Airteagal 26 nó i ndáil le cláir faireachais amhail dá bhforáiltear in Airteagal 28;

(c) 

gníomhaíochtaí a bhaineann leis an méid a leanas:

(i) 

feasacht, ullmhacht agus rialú maidir le galair amhail dá bhforáiltear i gCuid III, maidir leis an méid a leanas:

— 
gníomhaíochtaí samplála agus cur chun feidhme na n-imscrúduithe agus na bhfiosrúchán eipidéimeolaíoch faoi chuimsiú Airteagal 54, pointe (b) go (g) d'Airteagal 55(1), agus Airteagail 57, 73, 74, 79 agus80 i gcás ina meastar go bhféadfadh galar a bheith ann agus aon ghníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe arna nglacadh de bhun na nAirteagal sin;
— 
gníomhaíochtaí a dhéanamh a bhaineann le bearta rialaithe galair i gcás ina mbeidh ráig galair ann, ►C1  maidir leis na gníomhaíochtaí a liostaítear in Airteagal 61, pointí (a), (b), (e), (f) agus (i) d’Airteagal 65(1), Airteagal 70(1), Airteagail 79, 80, 81 agus 82, agus ◄ aon ghníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe arna nglacadh de bhun na nAirteagal sin;
— 
vacsaíniú éigeandála a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 69;
(ii) 

clárú, formheas, inrianaitheacht agus gluaiseachtaí amhail dá bhforáiltear i gCuid IV;

(iii) 

na doiciméid sainaitheantais a eisiúint agus a chomhlánú le haghaidh peataí amhail dá bhforáiltear i bpointe (c) d'Airteagal 247, pointe (c) d'Airteagal 248(2), pointe (c) d'Airteagal 249(1) agus pointe (c) d'Airteagal 250(2);

(iv) 

cur i bhfeidhm agus úsáid na modhanna sainaitheantais amhail dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) d'Airteagal 252(1).

2.  
Féadfaidh na Ballstáit údarú a thabhairt do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c)(i), (ii) agus (iv) de mhír 1 a chomhlíonadh do chúraimí a shainítear go sonrach a bhfuil eolas sonrach leordhóthanach ag na daoine sin ina leith. Sa chás sin, beidh feidhm ag mír 1 den Airteagal sin agus ag na freagrachtaí a leagtar síos in Airteagal 12 maidir leis na daoine sin.
3.  
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264, maidir le gníomhaíochtaí eile a fhéadfar a tharmligean chuig tréidlianna sa bhreis ar na cinn dá bhforáiltear i mír 1 agus, mar is iomchuí, na himthosca agus na coinníollacha riachtanacha do tharmligean den sórt sin a órdú.

Cuirfidh an Coimisiún cineál na ngníomhaíochtaí sin agus na gcaighdeán ábhartha idirnáisiúnta san áireamh nuair a bheidh na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh aige.

Airteagal 15

Faisnéis phoiblí

I gcás ina bhfuil foras réasúnta ann le bheith in amhras go mbaineann riosca le hainmhithe nó táirgí a thagann ón Aontas nó a thagann isteach ó lasmuigh den Aontas, déanfaidh an t-údarás inniúil an méid is iomchuí chun an pobal a chur ar an eolas faoi chineál an riosca agus faoi na bearta a rinneadh nó atá le déanamh leis an riosca sin a chosc nó a rialú, ag cur san áireamh cineál, tromchúis agus fairsinge an riosca sin agus gur chun leas an phobail atá sé bheith ar an eolas faoi.



Roinn 4

Saotharlanna, saoráidí agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile a láimhseálann oibreáin ghalair, vacsaíní agus táirgí bitheolaíocha eile

Airteagal 16

Oibleagáidí ar shaotharlanna, saoráidí agus daoine eile a láimhseálann oibreáin ghalair, vacsaíní agus táirgí bitheolaíocha eile

1.  

Déanfaidh saotharlanna, saoráidí agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile a láimhseálann oibreáin ghalair chun críche taighde, oideachais, diagnóise nó táirgthe vacsaíní nó táirgí bitheolaíocha eile an méid a leanas, agus aon chaighdeáin idirnáisiúnta ábhartha á gcur san áireamh acu:

(a) 

bearta iomchuí bithshlándála, bithshábháilteachta agus bith-imshrianta a dhéanamh le go seachnófar éalú na n-oibreán galair agus a dteagmháil iardain le hainmhithe lasmuigh den tsaotharlann nó de shaoráid eile a láimhseálann oibreáin ghalair chun na críche sin;

(b) 

a áirithiú nach n-eascróidh riosca maidir le galair liostaithe agus galair atá ag teacht chun cinn as gluaiseacht oibreán galair, vacsaíní agus táirgí bitheolaíocha eile idir saotharlanna nó saoráidí eile.

2.  

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le bearta sábháilteacha le galair liostaithe agus galair atá ag teacht chun cinn a chosc agus a rialú i gcás saotharlanna, saoráidí agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha a láimhseálann oibreáin ghalair, vacsaíní agus táirgí bitheolaíochta eile i ndáil leis an méid a leanas:

(a) 

bearta bithshlándála, bithshábháilteachta agus bith-imshrianta;

(b) 

ceanglais ghluaiseachta d'oibreáin ghalair, vacsaíní agus táirgí bitheolaíocha eile.

Airteagal 17

Saotharlanna sláinte ainmhithe

1.  
Comhoibreoidh saotharlanna oifigiúla sláinte ainmhithe, is iad sin saotharlanna tagartha an Aontais, saotharlanna tagartha náisiúnta, agus saotharlanna oifigiúla sláinte ainmhithe, laistigh de líonra saotharlann sláinte ainmhithe Aontas agus a gcuid cúraimí agus freagrachtaí á gcomhlíonadh acu.
2.  
Maidir leis na saotharlanna dá dtagraítear i mír 1, comhoibreoidh siad faoi chomhordú shaotharlanna tagartha an Aontais, chun a áirithiú go bhfuil faireachas, fógra agus tuairisciú ar ghalair, cláir dhíothaithe, sainiú stádais saor ó ghalair, agus gluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí laistigh den Aontas, a dteacht isteach san Aontas agus a n-onnmhairiú chuig tríú tíortha nó críocha dá bhforáiltear sa Rialachán seo, bunaithe ar anailís, tástáil agus diagnóis saotharlainne atá úrscothach, daingean agus iontaofa.
3.  
Beidh na torthaí agus tuarascálacha arna soláthar ag na saotharlanna oifigiúla faoi réir phrionsabail na rúndachta gairmiúla agus an dualgais maidir le fógra a thabhairt don údarás inniúil a d'ainmnigh iad, is cuma an duine nádúrtha nó dlítheanach a d'iarr an anailís, tástáil nó diagnóis saotharlainne.
4.  

I gcás ina ndéanann saotharlann oifigiúil i mBallstát amháin anailís dhiagnóiseach ar shamplaí ó ainmhithe de thionscnamh Ballstáit eile, tabharfaidh an tsaotharlann oifigiúil sin fógra d'údarás inniúil an Bhallstáit ónar tháinig na samplaí seo:

(a) 

láithreach maidir le haon toradh lena léirítear amhras faoi ghalar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) nó gur braitheadh an galar sin;

(b) 

gan aon mhoill mhíchuí maidir le haon toradh lena léirítear amhras faoi ghalar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 9(1) seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1).



CUID II

FÓGRA AGUS TUAIRISC A THABHAIRT I LEITH GALAR, FAIREACHAS, CLÁIR DHÍOTHAITHE, STÁDAS SAOR Ó GHALAIR



CAIBIDIL 1

Fógra agus tuairisc a thabhairt i leith galar

Airteagal 18

Fógra a thabhairt laistigh de na Ballstáit

1.  

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh oibreoirí agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile ábhartha

(a) 

fógra láithreach a thabhairt don údarás inniúil i gcás ina bhfuil cúiseanna ann le bheith amhrasach go bhfuil galar liostaithe amhail dá dtagraítear i bponte (a) d'Airteagal 9(1) in ainmhithe, nó go mbraitear galar mar sin in ainmhithe;

(b) 

a luaithe is indéanta fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla i gcás ina bhfuil cúiseanna ann le bheith amhrasach go bhfuil galar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 9(1) in ainmhithe seachas na galair siúd dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1), nó i gcás ina mbraitear galar mar sin in ainmhithe;

(c) 

a chur in iúl do thréidlia maidir le mortlaíochtaí neamhghnácha nó airíonna tromchúiseacha galair eile nó rátaí táirgthe atá laghdaithe go suntasach gan aon chúis chinntithe leo, le haghaidh tuilleadh imscrúdaithe, lena n-áirítear sampláil le haghaidh scrúdú saotharlainne nuair a dhlítear amhlaidh.

2.  
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go bhféadfar na fógraí dá bhforáiltear i bpointe (c) de mhír 1 a chur faoi bhráid an údaráis inniúil.
3.  

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid a leanas:

(a) 

critéir lena chinneadh arb ann do na himthosca lena gceanglaítear fógra ina leith mar a leagtar amach i bpointe (c) de mhír 1;

(b) 

rialacha mionsonraithe maidir leis an imscrúdú breise dá bhforáiltear i bpointe (c) de mhír 1.

Airteagal 19

Fógra a thabhairt don Aontas

1.  
Tabharfaidh na Ballstáit fógra láithreach don Choimisiún agus do na Ballstáit eile i leith aon ráigeanna galar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 9(1) a gceanglaítear fógra a thabhairt láithreach ina leith le cur chun feidhme tráthúil aon bheart bainistithe riosca a áirithiú, ag cur próifíl an ghalair san áireamh.
2.  

Beidh an fhaisnéis a leanas faoin ráig san fhógra dá bhforáiltear i mír 1:

(a) 

an t-oibreán galair agus, nuair is ábhartha, an fochineál;

(b) 

na dátaí ábhartha, go háirithe na cinn a bhaineann le hamhras faoin ráig agus le dearbhú na ráige;

(c) 

cineál agus láthair na ráige;

(d) 

aon ráigeanna gaolmhara;

(e) 

na hainmhithe a mbaineann an ráig leo;

(f) 

aon bhearta rialaithe galar a dhéantar i ndáil leis an ráig;

(g) 

tionscnamh féideartha nó aitheanta an ghalair liostaithe;

(h) 

na modhanna diagnóiseacha a úsáidtear.

Airteagal 20

Tuairisc a thabhairt don Aontas

1.  

Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir leis an bhfaisnéis faoi ghalair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 9(1) a mbaineann an méid seo a leanas leo:

(a) 

ní cheanglaítear fógra a thabhairt láithreach faoi ráigeanna i gcomhréir le hAirteagal 19(1);

(b) 

ceanglaítear fógra a thabhairt láithreach faoi ráigeanna i gcomhréir le hAirteagal 19(1), ach ceanglaítear faisnéis bhreise a thuairisciú don Choimisiún agus do na Ballstáit eile i leith:

(i) 

faireachas i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30;

(ii) 

clár díothaithe i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35.

2.  

Áireofar faisnéis ar an méid a leanas sna tuarascálacha dá bhforáiltear i mír 1:

(a) 

brath na ngalar liostaithe dá dtagraítear i mír 1;

(b) 

torthaí faireachais nuair a cheanglaítear iad i gcomhréir le rialacha a glacadh i gcomhréir le pointe (d)(ii) d'Airteagal 29 nó le pointe (b)(ii) d'Airteagal 30(1);

(c) 

torthaí clár faireachais nuair a cheanglaítear iad i gcomhréir le hAirteagal 28(3) agus rialacha a glacadh i gcomhréir le pointe (d)(ii) d'Airteagal 29 nó le pointe (b)(ii) d'Airteagal 30(1);

(d) 

cláir dhíothaithe nuair a cheanglaítear amhlaidh i gcomhréir le hAirteagal 34 agus rialacha a leagtar síos i ngníomh cur chun feidhme a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 35.

3.  
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le forálacha lena bhforlíontar cheanglas mhír 2 agus tuairisciú faoi ábhair eile a bhaineann le faireachas agus cláir dhíothaithe nuair is gá sin le cur i bhfeidhm éifeachtúil na rialacha maidir le galair a chosc agus a rialú a leagtar síos sa Rialachán seo a áirithiú.

Airteagal 21

Réigiúin maidir le fógra a thabhairt agus maidir le tuairisciú

Bunóidh na Ballstáit réigiúin maidir le fógra a thabhairt agus tuairiscithe chun críche fógra agus tuairisc a thabhairt don Aontas mar a fhoráiltear in Airteagal 19 agus in Airteagal 20.

Airteagal 22

Córas faisnéise ríomhairithe le fógra agus tuairisc a thabhairt don Aontas faoi ghalair

Bunóidh agus bainisteoidh an Coimisiún córas faisnéise ríomhairithe chun sásraí agus uirlisí a oibriú do na ceanglais maidir le fógra agus tuairisc a thabhairt dá bhforáiltear in Airteagal 19, in Airteagal 20 agus in Airteagal 21.

Airteagal 23

Cumhachtaí cur chun feidhme maidir le fógra agus tuairisc a thabhairt don Aontas faoi ghalair agus maidir leis an gcóras faisnéise ríomhairithe

Trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, leagfaidh an Coimisiún síos rialacha maidir le fógra agus tuairisc a thabhairt agus maidir leis an gcóras faisnéise ríomhairithe dá bhforáiltear in Airteagal 19 go go hAirteagal 22 i leith:

(a) 

na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 9(1) a bheidh faoi réir fógra láithreach ó na Ballstáit chomh maith leis na bearta riachtanacha a bhaineann leis an bhfógra, i gcomhréir le hAirteagal 19;

(b) 

an fhaisnéis atá le cur ar fáil ag na Ballstáit sa tuairisciú dá bhforáiltear in Airteagal 20;

(c) 

nósanna imeachta do bhunú agus úsáid an chórais faisnéise ríomhairithe dá bhforáiltear in Airteagal 22 agus bearta idirthréimhseacha le haghaidh aistriú na sonraí agus na faisnéise ó na córais atá ann cheana go dtí an córas nua agus le haghaidh a n-inoibritheachta iomláine;

(d) 

formáid agus struchtúr na sonraí atá le hiontráil sa chóras faisnéise ríomhairithe dá bhforáiltear in Airteagal 22;

(e) 

na spriocdhátaí agus na minicíochtaí maidir le fógra agus le tuairisciú dá bhforáiltear in Airteagal 19 agus Airteagal 20 a dhéanfar ag tráth agus a mhinice a n-áiritheofar trédhearcacht agus feidhmiú tráthúil na mbeart riachtanach bainistithe riosca, bunaithe ar phróifíl an ghalair agus cineál na ráige.

(f) 

liostú na réigiún maidir le fógra a thabhairt agus maidir le tuairisciú dá bhforáiltear in Airteagal 21.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).



CAIBIDIL 2

Faireachas

Airteagal 24

Oibleagáid faireachais na n-oibreoirí

Chun críche láithreacht galar liostaithe agus galar atá ag teacht chun cinn a bhrath, déanfaidh oibreoirí an méid a leanas:

(a) 

sláinte agus iompraíocht ainmhithe atá faoina gcúram a bhreathnú;

(b) 

aon athruithe ar na gnáthpharaiméadair tháirgthe sna bunaíochtaí, ainmhithe nó táirgí geirmeacha faoina gcúram a bhreathnú, lena bhféadfaí a bheith amhrasach gur galar liostaithe nó galar atá ag teacht chun cinn is cúis leo;

(c) 

mortlaíochtaí neamhghnácha agus airíonna tromchúiseacha eile galair a lorg in ainmhithe faoina gcúram.

Airteagal 25

Cuairteanna sláinte ainmhithe

1.  

Áiritheoidh oibreoirí go bhfaighidh bunaíochtaí faoina gcúram cuairteanna sláinte ainmhithe ó thréidlia nuair is iomchuí, i ngeall ar na rioscaí a bhaineann leis an mbunaíocht i dtrácht, ag cur an méid a leanas san áireamh:

(a) 

an cineál bunaíochta;

(b) 

speiceas agus catagóir na n-ainmhithe ar coimeád sa bhunaíocht;

(c) 

an staid eipidéimeolaíoch sa limistéar nó sa réigiún maidir le galair liostaithe agus galair atá ag teacht chun cinn a bhfuil na hainmhithe sa bhunaíocht soghabhálach ina leith;

(d) 

aon fhaireachas ábhartha eile, nó rialuithe oifigiúla ar bith eile a mbíonn na hainmhithe ar coimeád agus na cineálacha bunaíochtaí faoina réir.

Tarlóidh cuairteanna sláinte ainmhithe den sórt sin ag minicíochtaí atá comhréireach leis na rioscaí a bhaineann leis an mbunaíocht lena mbaineann.

Féadfar iad a chomhcheangal le cuairteanna chun críoch eile.

2.  

Beidh na cuairteanna sláinte ainmhithe dá bhforáiltear i mír 1 chun críche galar a chosc, go háirithe tríd an méid seo leanas:

(a) 

comhairle a thabhairt don oibreoir lena mbaineann faoi bhithshlándáil agus ábhair eile sláinte ainmhithe, de réir mar is iomchuí don chineál bunaíochta agus do speicis agus catagóirí na n-ainmhithe ar coimeád sa bhunaíocht.

(b) 

comharthaí ar bith a léiríonn go bhfuil galair liostaithe nó galair atá ag teacht chun cinn a bhrath agus eolas maidir leis na comharthaí sin;

3.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na ceanglais íosta atá riachtanach d'fheidhmiú aonfhoirmeach an Airteagail seo a leagan síos.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

Airteagal 26

Oibleagáid faireachais an údaráis inniúil

1.  
Déanfaidh an t-údarás inniúil faireachas chun láithreacht na ngalar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 9(1) agus na ngalar ábhartha atá ag teacht chun cinn a aimsiú.
2.  
Ceapfar an faireachas ar bhealach go ndéamfar brath tráthúil láithreacht na ngalar liostaithe dá dtagraítear i pointe (e) d'Airteagal 9(1) agus na ngalar atá ag teacht chun cinn a áirithiú trí fhaisnéis ábhartha a bhaineann leis an staid ghalair a bhailiú, a thiomsú agus a anailísiú.
3.  
Bainfidh an t-údarás inniúil, nuair is féidir agus nuair is iomchuí, leas as na torthaí a bheidh ar an bhfaireachas sin a dhéanfaidh oibreoirí agus an fhaisnéis a gheofar trí chuairteanna sláinte ainmhithe i gcomhréir le hAirteagal 24 agus le hAirteagal 25, faoi seach.
4.  
Áiritheoidh an t-údarás inniúil go gcomhlíonann an faireachas na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 27 agus i rialacha arna nglacadh de bhun phointe (a) d'Airteagal 29.
5.  
Áiritheoidh an t-údarás inniúil go mbaileofar agus go n-úsáidfear an fhaisnéis a bhfuarthas tríd an bhfaireachas dá bhforáiltear i mír 1, ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil.

Airteagal 27

Modheolaíocht, minicíocht agus déine an fhaireachais

Beidh ceapadh, meáin, modhanna diagnóiseacha, minicíocht, déine, daonra ainmhithe spriocdhírithe, agus patrúin samplála an fhaireachais dá bhforáiltear in Airteagal 26 iomchuí agus comhréireach le cuspóirí an fhaireachais, agus an méid a leanas á chur san áireamh:

(a) 

próifíl an ghalair;

(b) 

na fachtóirí riosca lena mbaineann;

(c) 

an stádas sláinte sna háiteanna a leanas:

(i) 

sa Bhallstát, crios nó deighleog de atá faoi réir faireachais;

(ii) 

sna Ballstáit agus tríú tíortha nó tríú críocha, atá ina dteorann leis an mBallstát, leis an gcrios nó leis an deighleog sin nó óna dtagann ainmhithe agus táirgí isteach sa Bhallstát, sa chrios nó sa deighleog sin;

(d) 

faireachas a dhéanann oibreoirí i gcomhréir le hAirteagal 24, lena n-áirítear cuairteanna sláinte ainmhithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 25, nó aon údaráis phoiblí eile.

Airteagal 28

Cláir faireachais an Aontais

1.  
Tabharfaidh an t-údarás inniúil faoin bhfaireachas amhail dá bhforáiltear in Airteagal 26(1) laistigh de chláir faireachais nuair atá an galar ábhartha don Aontas i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 29.
2.  
Déanfaidh Ballstáit a bhunaíonn clár faireachais i gcomhréir le mír 1 an clár sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin.
3.  
Déanfaidh Ballstát a chuireann clár faireachais chun feidhme i gcomhréir le mír 1 tuairiscí rialta ar thorthaí chur chun feidhme an chláir fhaireachais sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Airteagal 29

Cumhachtaí a tharmligean

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid a leanas:

(a) 

ceapadh, meáin, modhanna diagnóiseacha, minicíocht, déine, daonra spriocdhírithe ainmhithe, agus patrúin samplála an fhaireachais mar a fhoráiltear in Airteagal 27;

(b) 

na critéir maidir le dearbhú oifigiúil agus sainmhínithe cáis galar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 9(1) agus nuair is ábhartha galar atá ag teacht chun cinn;

(c) 

na critéir chun ábharthacht galair a bhunú ionas go mbeidh an galar sin faoi réir clár faireachais is ábhartha don Aontas chun críche pointe (a) d'Airteagal 30(1), ag cur san áireamh phróifíl an ghalair agus na fachtóirí riosca lena mbaineann;

(d) 

ceanglais maidir le cláir faireachais amhail dá bhforáiltear in Airteagal 28(1) i dtaca leis an méid a leanas:

(i) 

ábhair na gclár faireachais;

(ii) 

an fhaisnéis atá le háireamh agus cláir faireachais á dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 28(2) agus i dtuarascálacha rialta i gcomhréir le hAirteagal 28(3);

(iii) 

tréimhse chur i bhfeidhm na gclár faireachais.

Airteagal 30

Cumhachtaí cur chun feidhme

1.  

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ceanglais a leagan síos maidir le faireachas agus cláir faireachais amhail dá bhforáiltear in Airteagal 26 agus Airteagal 28 agus sna rialacha a glacadh de bhun Airteagal 29 maidir leis an méid a leanas:

(a) 

a shuíomh cé na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 9(1) atá le bheith faoi réir chlár faireachais an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 28, lena n-áirítear raon feidhme geografach na gclár sin;

(b) 

formáid agus nós imeachta don mhéid a leanas:

(i) 

na cláir faireachais sin chun críche faisnéise a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus na mBallstát eile;

(ii) 

tuairisciú don Choimisiún ar thorthaí an fhaireachais.

2.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na critéir a leagan síos a úsáidfear chun meastóireacht a dhéanamh ar na cláir faireachais dá dtagraítear in Airteagal 28.
3.  
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).



CAIBIDIL 3

Cláir dhíothaithe

Airteagal 31

Cláir dhíothaithe éigeantacha agus roghnacha

1.  

Maidir leis na Ballstáit nach bhfuil saor ó cheann amháin nó níos mó de na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 9(1) ar fud a gcríocha nó i gcriosanna nó deighleoga ábhartha díobh, nó nach eol go bhfuil siad saor uathu, déanfaidh siad an méid a leanas:

(a) 

clár a bhunú le galar a dhíothú nó lena léiriú go bhfuiltear saor ón ngalar liostaithe sin, a chuirfear i gcrích sna daonraí ainmhithe lena mbaineann an galar sin agus a chuimsíonn codanna ábhartha dá gcríocha, criosanna nó deighleoga díobh (“clár díothaithe éigeantach”), atá le cur i bhfeidhm go dtí go gcomhlíonfar na coinníollacha le stádas saor ó ghalar a thabhairt i gcríoch an Bhallstáit nó sa chrios lena mbaineann, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 36(1), nó sa deighleog, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 37(2);

(b) 

an dréachtchlár díothaithe éigeantach a chur faoi bhráid an Choimisiúin, lena fhormheas.

2.  
Maidir leis na Ballstáit nach bhfuil saor ó cheann amháin nó níos mó de na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 9(1), nó nach eol go bhfuil siad saor uathu, agus a chinneann clár díothaithe an ghalair liostaithe sin a bhunú atá le cur i gcrích sna daonraí ainmhithe lena mbaineann an galar i dtrácht agus lena gcumhdaítear na codanna ábhartha dá gcríoch nó criosanna nó deighleoga ábhartha díobh (“clár díothaithe roghnach”) cuirfidh siad dréacht den chlár sin faoi bhráid an Choimisiúin lena fhormheas, nuair a iarrann an Ballstát lena mbaineann don sainaitheantas laistigh den Aontas de ráthaíochtaí sláinte ainmhithe maidir leis an ngalar i dtrácht le haghaidh gluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí i.

Beidh feidhm ag clár díothaithe roghnach den sórt singo dtí:

(a) 

go gcomhlíonfar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalair a dheonú i gcríoch an Bhallstáit nó i gcrios lena mbaineann, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 36(1), nó i ndeighleog, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 37(2); nó

(b) 

go mbunaítear nach féidir na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalair a dheonú agus nach gcomhlíonann an clár sin a chuspóir a thuilleadh; nó

(c) 

go ndéanfaidh an Ballstát lena mbaineann an clár a aistarraingt.

3.  

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na nithe seo a leanas a fhormheas:

(a) 

dréachtchláir dhíothaithe éigeantacha a chuirtear faoina bhráid lena formheas i gcomhréir le mír 1;

(b) 

dréachtchláir dhíothaithe roghnacha a chuirtear faoina bhráid lena formheas i gcomhréir le mír 2,

má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa Chaibidil seo.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

4.  
Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil bonn cirt cuí leo a bhaineann le galar liostaithe ar riosca a bhfuil tionchar an-suntasach aige, glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme láithreach dá bhforáiltear i bpointe (a) de mhír 3 den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

Féadfaidh an Coimisiún, ar chúiseanna a bhfuil bonn cuí leo, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, leasú a mholann an Ballstát lena mbaineann a fhormheas nó formheas a tharraingt siar i gcás clár díothaithe i gcomhréir le pointe (a) agus pointe (b) de mhír 3 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

5.  

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

na straitéisí rialaithe galar, spriocanna meántéarma agus deiridhdo ghalair shonracha, agus tréimhse feidhme na gclár díothaithe.

(b) 

maoluithe ón gceanglas maidir le tíolacadh clár díothaithe lena bhformheas, amhail dá bhforáiltear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo agus i mír 2 de, i gcás nach gá an formheas sin i ngeall ar rialacha a ghlacadh maidir leis na cláir sin i gcomhréir le hAirteagal 32(2) agus Airteagal 35;

(c) 

an fhaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir le maoluithe ón gceanglas maidir le formheas clár díothaithe amhail dá bhforáiltear i bpointe (b) den mhír seo.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 lena leasaítear nó lena ndéantar rialacha a ghlactar de bhun phointe (b) den mhír seo a scor.

Airteagal 32

Bearta faoi chláir dhíothaithe éigeantacha agus roghnacha

1.  

Beidh ar a laghad an méid a leanas sna cláir dhíothaithe:

(a) 

bearta rialaithe galar leis an oibreán galair a dhíothú ó bhunaíochtaí, deighleoga agus criosanna ina dtarlaíonn an galar agus le hath-ionfhabhtú a sheachaint;

(b) 

faireachas a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 26 go hAirteagal 30 leis an méid a leanas a thaispeáint:

(i) 

éifeachtacht na mbeart rialaithe galar dá bhforáiltear i bpointe (a);

(ii) 

saoirse ón ngalar liostaithe;

(c) 

bearta rialaithe galar atá le déanamh i gcás torthaí dearfacha faireachais.

2.  

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 i ndáil leis na gnéithe a leanas le héifeachtacht na gclár díothaithe a áirithiú:

(a) 

bearta rialaithe galar amhail dá bhforáiltear i bpointe (a) de mhír 1;

(b) 

bearta rialaithe galar atá le déanamh le hath-ionfhabhtú an daonra ainmhithe spriocdhírithe leis an ngalar i dtrácht a sheachaint, i mbunaíochtaí, criosanna agus deighleoga;

(c) 

ceapadh, meáin, modhanna diagnóiseacha, minicíocht, déine, daonra ainmhithe spriocdhírithe agus patrúin samplála an fhaireachais;

(d) 

bearta rialaithe galar atá le déanamh i gcás torthaí dearfacha don ghalar liostaithe amhail dá bhforáiltear i bpointe (c) de mhír 1;

(e) 

na critéir le haghaidhvacsaíniú, i gcás inarb ábhartha agus iomchuí i gcás an ghalair nó an speicis i dtrácht.

Airteagal 33

Ábhar na gclár díothaithe éigeantach agus roghnach a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin lena bhformheas

Áireoidh na Ballstáit an fhaisnéis a leanas sna hiarratais ar chláir dhíothaithe éigeantacha agus roghnacha a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin lena bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 31(1) agus (2):

(a) 

tuairisc ar staid eipidéimeolaíoch an ghalair liostaithe a chuimsítear faoin gclár díothaithe éigeantach nó roghnach i dtrácht;

(b) 

tuairisc agus críochú an limistéir gheografaigh agus riaracháin nó na deighleoige a chumhdaítear faoin gclár díothaithe;

(c) 

tuairisc ar bhearta rialaithe galar an chláir dhíothaithe amhail dá bhforáiltear in Airteagal 32(1) agus sna rialacha a glacadh de bhun Airteagal 32(2);

(d) 

cur síos ar eagrú, ar mhaoirsiú agus ar ról na bpáirtithe atá rannpháirteach sa chlár díothaithe;

(e) 

an tréimhse a meastar a leanfaidh an clár díothaithe ar aghaidh;

(f) 

na spriocanna idirmheánacha agus na straitéisí rialaithe galar chun na cláir dhíothaithe a chur chun feidhme.

Airteagal 34

Tuairisciú

Déanfaidh Ballstáit a bhfuil na cláir dhíothaithe á chur chun feidhme acu an méid a leanas a chur faoi bhráid an Choimisiúin:

(a) 

tuarascálacha lena gcuirtear ar chumas an Choimisiúin faireachán a dhéanamh ar na spriocanna idirmheánacha de na cláir dhíothaithe leanúnacha amhail dá dtagraítear in bpointe (f) d'Airteagal 33;

(b) 

tuarascáil chríochnaitheach nuair atá an clár díothaithe i dtrácht tugtha chun críche.

Airteagal 35

Cumhachtaí cur chun feidhme

Trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, leagfaidh an Coimisiún síos rialacha maidir leis an bhfhaisnéis, an fhormáid agus na ceanglais nós imeachta maidir leis na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 31 go hAirteagal 34 i dtaca leis an méid a leanas:

(a) 

dréachtchláir dhíothaithe éigeantacha agus roghnacha a thíolacadh lena bhformheas;

(b) 

táscairí feidhmíochta;

(c) 

an tuairisciú don Choimisiún agus do na Ballstáit eile ar thorthaí chur chun feidhme na gclár díothaithe éigeantach nó roghnach.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).



CAIBIDIL 4

Stádas saor ó ghalair

Airteagal 36

Ballstáit agus criosanna saor ó ghalair

1.  

Féadfaidh Ballstát iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar stádas saor ó ghalair a fhormheas do cheann amháin nó níos mó de na galar liostaithe dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) d'Airteagal 9(1), do cheann amháin nó níos mó den speiceas ainmhí ábhartha, dá chríoch iomlán, nó do chrios amháin nó níos mó de ar an gcoinníoll go mbeidh na coinníollacha a leanas comhlíonta acu:

(a) 

nach bhfuil ceann ar bith de na speicis liostaithe don ghalar a chuimsítear san iarratas ar stádas saor ó ghalar i láthair aon áit i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann nó sa chrios ábhartha nó sna criosanna ábhartha a chuimsítear san iarratas;

(b) 

is eol nach féidir leis an oibreán galair fanacht beo i gcríoch iomlán an Bhallstáit, nó sa chrios ábhartha nó sna criosanna ábhartha a chuimsítear san iarratas, i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) d'Airteagal 39;

(c) 

i gcás galar liostaithe nach dtarchuirtear ach trí veicteoirí, nach bhfuil aon cheann de na veicteoirí i láthair, nó is eol nach féidir leo fanacht beo i gcríoch iomlán an Bhallstáit, nó sa chrios ábhartha nó sna criosanna ábhartha a chuimsítear san iarratas, i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) d'Airteagal 39;

(d) 

taispeánadh saoirse ón ngalar liostaithe tríd an méid a leanas:

(i) 

clár díothaithe a chomhlíonann na rialacha a leagtar síos in Airteagal 32(1) agus na rialacha a ghlactar de bhun mhír 2 den Airteagal sin; nó

(ii) 

sonraí stairiúla agus faireachais.

2.  
Sna hiarratais ar stádas saor ó ghalair áireoidh na Ballstáit fianaise lena léirítear go bhfuil na coinníollacha do stádas saor ó ghalar a leagtar síos i mír 1 comhlíonta acu.
3.  

Féadfaidh Ballstát i gcásanna sonracha áirithe iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar stádas saor ó ghalair a fhormheas do cheann amháin nó níos mó de na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1),agus go háirithe, agus ar stádas neamh-vacsaínithe don chríoch uile, nó do chrios amháin nó níos mó de ar an gcoinníoll go mbeidh na coinníollacha a leanas comhlíonta acu:

(a) 

taispeánadh saoirse ón ngalar liostaithe tríd an méid a leanas:

(i) 

clár díothaithe a chomhlíonann na rialacha a leagtar síos in Airteagal 32(1) agus na rialacha a ghlactar de bhun mhír 2 den airteagal sin; nó

(ii) 

sonraí stairiúla agus faireachais;

(b) 

léiríodh go mbeadh costas níos airde mar thoradh ar vacsaíniú in aghaidh an ghalair ná an costas a thiocfadh as saoirse ó ghalar a choimeád gan vacsaíniú.

4.  
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha chur chun feidhme, faoi réir leasuithe nuair is gá, iarratais ó Bhallstáit ar stádas saor ó ghalair nó stádas neamh-vacsaíniú a fhormheas, nuair atá na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 agus, de réir mar is ábhartha, mír 3 comhlíonta.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

Airteagal 37

Deighleoga

1.  

Féadfaidh Ballstát iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar aitheantas ar stádas saor ó ghalair i ndeighleoga i gcás galar liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9, agus ar chosaint an stádais saor ó ghalair sin i ndeighleog den sórt sin i gcás ráige galair amháin nó níos mó de na galair liostaithe ina chríoch ar na coinníollacha a leanas:

(a) 

is féidir teacht isteach an ghalair liostaithe nó na ngalar liostaithe a chumhdaítear faoin iarratas sin a chosc ar leibhéal deighleoige, ag cur san áireamh próifíl an ghalair;

(b) 

tá an deighleog a chumhdaítear san iarratas faoi réir córas bainistithe bithshlándála comhchoiteann aonair atá deartha le stádas saor ó ghalar na mbunaíochtaí uile atá ina gcodanna di a áirithiú; agus

(c) 

tá an deighleog a chumhdaítear leis an iarratas formheasta ag an údarás inniúil chun críocha gluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí na n-ainmhithe sin i gcomhréir leis an méid a leanas:

(i) 

Airteagal 99 agus Airteagal 100 i gcás deighleog ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus táirgí na n-ainmhithe sin;

(ii) 

Airteagal 183 agus Airteagal 184 i gcás deighleog ina gcoimeádtar ainmhithe dobharshaothraithe agus táirgí na n-ainmhithe sin.

2.  

Féadfaidh Ballstát iarratas a chur isteach chuig an gCoimisiún ar aitheantas stádais saor ó ghalair do dheighleoga i gcás galar liostaithe amháin nó níos mó dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) d'Airteagal 9, ar na coinníollacha a leanas:

(a) 

is féidir teacht isteach an ghalair liostaithe nó na ngalar liostaithe a chumhdaítear faoin iarratas a chosc ar leibhéal deighleoige, ag cur san áireamh próifíl an ghalair;

(b) 

go gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leanas:

(i) 

go ndéantar na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 36(1) a fhorlíonadh;

(ii) 

go bhfuil gíomhaíochtaí bunaíochtaí na deighleoige a chumhdaítear faoin iarratas tosaithe nó go dtosaíonn siad in athuair agus go bhfuil córas bainistithe bithshlándála comhchoiteann deartha chun saoirse ó ghalar sa deighleog sin a áirithiú;

(c) 

tá an deighleog a chumhdaítear san iarratas faoi réir córas bainistithe bithshlándála comhchoiteann aonair deartha le stádas saor ó ghalar na mbunaíochtaí uile atá ina gcodanna di a áirithiú; agus

(d) 

tá an deighleog a chumhdaítear leis an iarratas formheasta ag an údarás inniúil chun críocha gluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí na n-ainmhithe sin i gcomhréir leis an méid a leanas:

(i) 

Airteagal 99 agus Airteagal 100 i gcás deighleog ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus táirgí na n-ainmhithe sin;

(ii) 

Airteagal 183 agus Airteagal 184 i gcás deighleog ina gcoimeádtar ainmhithe dobharshaothraithe agus táirgí na n-ainmhithe sin.

3.  
Sna hiarratais ó na Ballstáit ar aitheantas ar stádas saor ó ghalair i ndeighleoga i gcomhréir le mír 1 agus mír 2 áireofar fianaise lena léirítear go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos sna míreanna sin comhlíonta.
4.  

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, formheas ar an méid a leanas:

(a) 

aithneoidh sé, faoi réir leasuithe i gcás inar gá, stádas saor ó ghalair na ndeighleog, nuair a chomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 nó i mír 2 agus i mír 3;

(b) 

cinnfidh sé cé na galair as na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) d'Airteagal 9(1), a bhféadfar na deighleoga saor ó ghalair a bhunú ina leith.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

5.  

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le forálacha lena bhforlíontar na forálacha sin atá san Airteagal seo maidir leis an méid a leanas:

(a) 

na ceanglais maidir le stádas saor ó ghalair na ndeighleog a aithint, amhail dá bhforáiltear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo, bunaithe ar phróifíl na ngalar liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) d'Airteagal 9(1), maidir leis an méid a leanas ar a laghad:

(i) 

torthaí faireachais agus fianaise eile a bhfuil gá leis le bunús a thabhairt don tsaoirse ó ghalair;

(ii) 

bearta bithshlándála;

(b) 

na rialacha mionsonraithe le go bhformheasfaidh an t-údarás inniúil stádas saor ó ghalair na ndeighleog amhail dá bhforáiltear i mír 1 agus mír 2; agus

(c) 

rialacha maidir le deighleoga, atá suite i gcríoch níos mó ná Ballstát amháin.

Airteagal 38

Liostaí Ballstát, criosanna nó deighleog atá saor ó ghalair

Déanfaidh gach Ballstát liosta suas chun dáta a bhunú agus a chothabháil dá chríoch nó dá chriosanna a bhfuil stádas saor ó ghalair acu amhail dá bhforáiltear in Airteagal 36(1) agus (3) agus a dheighleoga a bhfuil stádas saor ó ghalair acu amhail dá bhforáiltear in Airteagal 37(1) agus (2).

Déanfaidh na Ballstáit na liostaí sin a chur ar fáil don phobal. Cabhróidh an Coimisiún leis na Ballstáit an fhaisnéis atá sna liostaí sin a chur ar fáil don phobal trí naisc do leathanaigh faisnéise idirlín na mBallstát a chur ar fáil ar a leathanach idirlín.

Airteagal 39

Tarmligean cumhachtaí maidir le stádas saor ó ghalair na mBallstát agus na gcriosanna

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

rialacha mionsonraithe maidir le stádas saor ó ghalair Ballstát agus criosanna díobh bunaithe ar phróifílí éagsúla galair maidir leis an méid a leanas:

(i) 

na critéir atá le húsáid chun bunús a thabhairt le héilimh ó na Ballstáit nach bhfuil aon speicis liostaithe i láthair nó ábalta fanacht beo ina gcríoch agus an fhianaise a cheanglaítear le bunús a thabhairt leis na héilimh sin, amhail dá bhfhoráiltear i bpointe (a) d'Airteagal 36(1);

(ii) 

na critéir atá le húsáid, agus an fhianaise is gá, chun bunús a thabhairt le héileamh nach bhfuil aon oibreán galair ná veicteoir ábalta fanacht beo amhail dá bhforáiltear i bpointe (b) agus i bpointe (c) d'Airteagal 36(1);

(iii) 

na critéir atá le húsáid agus na coinníollacha le saoirse ón ngalar i dtrácht a chinneadh, amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 36(1);

(iv) 

torthaí faireachais agus fianaise eile a bhfuil gá léi chun bunús a thabhairt le héileamh maidir le saoirse ó ghalair;

(v) 

bearta bithshlándála;

(vi) 

srianta agus coinníollacha maidir le vacsaíniú i mBallstáit atá saor ó ghalair agus i gcriosanna díobh;

(vii) 

bunú criosanna lena ndeighltear na criosanna saor ó ghalair nó criosanna faoin gclár díothaithe ó na criosanna srianta (“criosanna maolánacha”);

(viii) 

criosanna atá lonnaithe i gcríoch níos mó ná Ballstáit amháin;

(b) 

maoluithe ón gceanglas maidir le formheas ón gCoimisiún ar stádas saor ó ghalair i gcás galar liostaithe amháin nó níos mó dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) d'Airteagal 9(1) Airteagal 8(1)(b) agus (c) a leagtar síos in Airteagal 36(1), i gcás nach bhfuil gá leis an bhformheas sin i ngeall ar rialacha mionsonraithe maidir le saoirse ó ghalair a bheith leagtha síos sna rialacha a glacadh de bhun phointe (a) den Airteagal seo;

(c) 

an fhaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit don Choimisiún agus do na Ballstáit eile chun bunús a thabhairt le dearbhuithe stádais saor ó ghalair, gan an gníomh cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 36(4), amhail dá bhforáiltear i bpointe (b) den Airteagal seo.

Airteagal 40

Cumhachtaí cur chun feidhme

Trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, leagfaidh an Coimisiún síos ceanglais mhionsonraithe maidir leis an bhfaisnéis nach mór do na Ballstáit cur ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit eile le bunús a thabhairt do dhearbhuithe stádas saor ó ghalair na gcríoch, na gcriosanna agus na ndeighleog i gcomhréir le hAirteagal 36 go hAirteagal 39 agus an fhormáid agus na nósanna imeachta don méid a leanas:

(a) 

na hiarratais ar aitheantas don stádas saor ó ghalair do chríoch iomlán an Bhallstáit lena mbaineann, nó criosanna agus deighleoga dó;

(b) 

malartuithe faisnéise idir na Ballstáit agus an Coimisiún faoi na Ballstáit, nó na criosanna agus deighleoga díobh, atá saor ó ghalair.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

Airteagal 41

Stádas saor ó ghalar a choinneáil

1.  

Ní choinneoidh na Ballstáit stádas saor ó ghalair dá gcríocha, nó criosanna nó deighleoga díobh, ach a fhad is a dhéanfar an méid a leanas:

(a) 

go leantar de na coinníollacha a chomhlíonadh maidir le stádas saor ó ghalair a leagtar síos in Airteagal 36(1) agus in Airteagal 37(1) agus (2), agus na rialacha a leagtar síos de bhun mhír 3 den Airteagal seo agus Airteagal 39;

(b) 

go dtugtar faoi fhaireachas, lena gcuirtear san áireamh na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 27, lena fhíorú go leanann an chríoch, crios nó deighleog lena mbaineann de bheith saor ón ngalar liostaithe ar tugadh formheas ina leith nó a aithníodh le haghaidh stádas saor ó ghalair;

(c) 

go gcuirtear srianta i bhfeidhm ar ghluaiseachtaí ainmhithe, agus nuair is ábhartha táirgí a thagann as, de speicis liostaithe don ghalar liostaithe ar tugadh stádas saor ó ghalair ina leith nó a aithníodh amhlaidh, isteach sa chríoch, crios nó deighleog lena mbaineann, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i gCuid IV agus Cuid V;

(d) 

go gcuirtear bearta bithshlándála eile i bhfeidhm chun teacht isteach an ghalair liostaithe ar tugadh formheas ina leith nó a aithníodh go bhfuil stádas saor ó ghalair a chosc.

2.  
Cuirfidh Ballstát an Coimisiún ar an eolas láithreach mura gcomhlíontar a thuilleadh na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 maidir le stádas saor ó ghalar a choinneáil.
3.  

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 264, maidir leis na coinníollacha a leanas le stádas saor ó ghalair a choinneáil:

(a) 

faireachas amhail dá bhforáiltear i bpointe (b) de mhír 1;

(b) 

bearta bithshlándála amhail dá bhforáiltear i bpointe (d) de mhír 1.

Airteagal 42

Stádas saor ó ghalair a fhionraí, a aistarraingt agus a thabhairt ar ais

1.  

I gcás ina dtugann Ballstát faoi deara nó ina bhfuil cúis ag Ballstát le bheith in amhras gur sáraíodh aon cheann de na coinníollacha maidir lena stádas mar Bhallstát, crios nó deighleog dó atá saor ó ghalair a choinneáil, déanfaidh sé an méid a leanas láithreach:

(a) 

i gcás inarb ábhartha, ag brath ar an riosca, gluaiseachtaí an speicis liostaithe a fhionraí nó a shrianadh, don ghalar liostaithe a bhfuarthas formheas nó aitheantas ina leith do stádas saor ó ghalair, isteach i mBallstáit, criosanna nó deighleoga eile a bhfuil stádas sláinte níos airde acu don ghalar liostaithe sin;

(b) 

nuair is ábhartha le leathadh galar liostaithe a bhfuarthas formheas nó aitheantas ina leith do stádas saor ó ghalair a chosc, na bearta rialaithe galar dá bhforáiltear i dTeideal II de Chuid III a chur i bhfeidhm.

2.  

Cuirfear deireadh leis na bearta dá bhforáiltear i mír 1 i gcás ina ndearbhófar an méid a leanas trí thuilleadh imscrúdaithe:

(a) 

níor tharla an sárú a rabhthas in amhras faoi; nó

(b) 

ní raibh iarmhairt shuntasach ag an sárú a rabhthas in amhras faoi agus tá na Ballstáit lena mbaineann in ann ráthaíochtaí a thabhairt go bhfuil na coinníollacha maidir lena stádas saor ó ghalair a choinneáil comhlíonta in athuair.

3.  
I gcás ina ndearbhaítear trí thuilleadh imscrúdaithe a dhéanann an Ballstát lena mbaineann gur ann do ráig den ghalar liostaithe a bhfuarthas stádas saor ó ghalair ina leith nó gur tharla sáruithe suntasacha eile ar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalair a choinneáil amhail dá dtagraítear in Airteagal 41(1), nó go bhfuil dóchúlacht shuntasach ann gurb ann dó nó gur tharla na sáruithe sin, cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoi láithreach.
4.  
Tar éis an fhaisnéis a fháil ón mBallstát lena mbaineann nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir le stádas saor ó ghalair a choinneáil a thuilleadh, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha chur chun feidhme, formheas an stádais saor ó ghalair a deonaíodh i gcomhréir le hAirteagal 36(4) a aistarraingt gan mhoill mhíchuí ó Bhallstát nó ó chrios, nó aitheantas an stádais saor ó ghalair a deonaíodh i gcomhréir le hAirteagal 37(4) a aistharraingt ó dheighleog.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

5.  
Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil bonn cirt cuí leo, i gcás ina leathann an galar liostaithe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo ar bhealach tapa, agus an baol ann go mbeidh tionchar an-suntasach ar shláinte ainmhithe agus ar an tsláinte phoiblí, ar an ngeilleagar nó ar an tsochaí, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 266(3).
6.  
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis na forálacha lena bhforlíontar na rialacha i dtaca le stádas saor ó ghalair a fhionraí, a aistarraingt nó a thabhairt ar ais a leagtar amach i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo.



CUID III

FEASACHT FAOI GHALAIR, ULLMHACHT AGUS RIALÚ



TEIDEAL I

FEASACHT FAOI GHALAIR AGUS ULLMHACHT



CAIBIDIL 1

Pleananna teagmhais agus freachnaimh ionsamhlúcháin

Airteagal 43

Pleananna teagmhais

1.  
Déanfaidh na Ballstáit, tar éis comhairliúchán iomchuí le saineolaithe agus geallsealbhóirí ábhartha, pleananna teagmhais agus, nuair is gá, lámhleabhair treoracha ina leagtar síos na bearta atá le déanamh sa Bhallstát lena mbaineann má tharlaíonn an galar liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) nó, de réir mar a bheidh, galar atá ag teacht chun cinn, a tharraingt suas agus a choimeád cothrom le dáta chun ardleibhéal feasachta faoi ghalair agus ullmhacht ina leith a áirithiú agus an cumas freagairt thapa orthu a sheoladh.
2.  

Cumhdóidh na pleananna teagmhais sin agus, nuair is infheidhme, na lámhleabhair treoracha na hábhair a leanas ar a laghad:

(a) 

bunú slabhra ceannais laistigh den údarás inniúil agus le húdaráis inniúla phoiblí eile le próiseas cinnteoireachta tapa agus éifeachtach a áirithiú ar leibhéal na mBallstáit, agus ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil;

(b) 

an creat comhair idir an t-údarás inniúil agus na húdaráis inniúla phoiblí eile agus na geallsealbhóirí ábhartha atá gafa leis, lena áirithiú go ndéanfar bearta ar bhealach comhleanúnach agus comhordaithe;

(c) 

rochtain ar an méid a leanas:

(i) 

saoráidí;

(ii) 

saotharlanna;

(iii) 

trealamh;

(iv) 

pearsanra;

(v) 

cistí éigeandála;

(vi) 

na hábhair agus na hacmhainní ábhartha eile go léir is gá leis na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) nó galair atá ag teacht chun cinn a dhíothú go tapa agus go héifeachtúil;

(d) 

infhaighteacht na n-ionad agus na ngrúpaí a leanas a bhfuil an saineolas is gá acu le cuidiú leis an údarás inniúil:

(i) 

ionad rialaithe galar lárnach feidhmiúil;

(ii) 

ionaid réigiúnacha agus áitiúla rialaithe galar, de réir mar is iomchuí do staid riaracháin agus gheografach na mBallstát lena mbaineann;

(iii) 

sainghrúpaí oibríochtúla;

(e) 

cur chun feidhme na mbeart rialaithe galar dá bhforáiltear i gCaibidil 1 de Theideal II do na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) agus do ghalair atá ag teacht chun cinn;

(f) 

forálacha maidir le vacsaíniú éigeandála nuair is iomchuí;

(g) 

prionsabail maidir le críochú geografach na gcriosanna srianta a bhunaíonn údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 64(1);

(h) 

comhordú leis na Ballstáit chomharsanachta agus tríú tíortha comharsanachta agus tríú críocha comharsanachta, nuair is iomchuí.

Airteagal 44

Cumhachtaí cur chun feidhme do phleananna teagmhais

Leagfaidh an Coimisiún síos, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ceanglais riachtanacha maidir le cur chun feidhme sna Ballstáit pleananna teagmhais dá bhforáiltear in Airteagal 43(1).

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

Airteagal 45

Freachnaimh ionsamhlúcháin

1.  

Áiritheoidh an t-údarás inniúil go ndéanfar na freachnaimh ionsamhlúcháin a bhaineann le pleananna teagmhais dá bhforáiltear in Airteagal 43(1) go rialta nó ag eatraimh iomchuí:

(a) 

chun ardleibhéal feasachta faoi ghalair agus ullmhacht ina leith a áirithiú agus an cumas freagairt thapa orthu a sheoladh sa Bhallstát lena mbaineann;

(b) 

chun feidhmiúlacht na bpleananna teagmhais sin a fhíorú.

2.  
I gcás inarb indéanta agus inarb iomchuí é, déanfar freachnaimh ionsamhlúcháin i ndlúthchomhar le húdaráis inniúla na mBallstát comharsanachta agus na dtríú tíortha agus críocha comharsanachta.
3.  
Arna iarraidh sin orthu cuirfidh na Ballstáit tuarascáil ar phríomhthorthaí na bhfreachnamh ionsamhlúcháin a rinneadh ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit eile.
4.  

I gcás inarb iomchuí agus inar gá, déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le cur chun feidhme praiticiúil freachnamh ionsamhlúcháin sna Ballstáit i ndáil le:

(a) 

minicíocht na bhfreachnamh ionsamhlúcháin;

(b) 

freachnaimh ionsamhlúcháin a chumhdaíonn níos mó ná galar liostaithe amháin dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1).

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).



CAIBIDIL 2

Úsáid táirgí íocshláinte tréidliachta le galair a chosc agus a rialú

Airteagal 46

Úsáid táirgí íocshláinte tréidliachta le galair a chosc agus a rialú

1.  
Féadfaidh na Ballstáit bearta a dhéanamh maidir le húsáid táirgí íocshláinte tréidliachta do ghalair liostaithe, leis an gcosc nó rialú galar is éifeachtúla a áirithiú do na galair sin, ar an gcoinníoll go bhfuil na bearta sin iomchuí nó riachtanach.

Féadfar an méid seo a leanas a chumhdach sna bearta sin:

(a) 

toirmisc agus srianta ar úsáid táirgí íocshláinte tréidliachta;

(b) 

úsáid éigeantach táirgí íocshláinte tréidliachta.

2.  

Agus iad ag cinneadh cibé acu úsáid a bhaint as táirgí íocshláinte tréidliachta nó gan úsáid a bhaint astu agus conas táirgí íocshláinte tréidliachta a úsáid mar bhearta coisctheacha agus rialaithe i gcás galar liostaithe sonrach, cuirfidh na Ballstáit na critéir seo a leanas san áireamh:

(a) 

próifíl an ghalair;

(b) 

dáileadh an ghalair liostaithe sna háiteanna seo a leanas:

(i) 

sa Bhallstát lena mbaineann;

(ii) 

san Aontas;

(iii) 

nuair is ábhartha, i dtríú tíortha comharsanachta agus críocha comharsanachta;

(iv) 

i dtríú tíortha agus críocha óna dtugtar ainmhithe agus táirgí isteach san Aontas;

(c) 

infhaighteacht agus éifeachtacht na dtáirgí íocshláinte tréidliachta i dtrácht, agus agus rioscaí a bhaineann leo;

(d) 

infhaighteacht tástálacha diagnóiseacha chun ionfhabhtuithe in ainmhithe arna gcóireáil leis na táirgí íocshláinte tréidliachta lena mbaineann a bhrath;

(e) 

an tionchar eacnamaíoch, an tionchar sóisialta, agus an tionchar ar leas ainmhithe agus ar an gcomhshaol atá ag úsáid na dtáirgí íocshláinte tréidliachta lena mbaineann i gcomparáid le straitéisí eile coiscthe agus rialaithe galar.

3.  
Déanfaidh na Ballstáit bearta coisctheacha iomchuí maidir le húsáid táirgí íocshláinte tréidliachta do staidéir eolaíocha nó chun críocha iad a fhorbairt agus a thástáil faoi choinníollacha rialaithe le sláinte ainmhithe agus phoiblí a chosaint.

Airteagal 47

Cumhachtaí maidir le húsáid táirgí íocshláinte tréidliachta a tharmligean

1.  

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid a d'fhéadfadh a bheith ina bhearta iomchuí agus riachtanacha den chineál sin mar a leagtar amach in Airteagal 46, maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

toirmisc agus srianta ar úsáid táirgí íocshláinte tréidliachta;

(b) 

coinníollacha sonracha maidir le húsáid táirgí íocshláinte tréidliachta i gcás galar liostaithe sonrach;

(c) 

bearta maolaithe riosca chun leathadh galar liostaithe trí ainmhithe arna gcóireáil le táirgí íocshláinte tréidliachta, nó trí tháirgí ó na hainmhithe sin, a chosc;

(d) 

faireachas i gcás galair liostaithe shonracha tar éis vacsaíní agus táirgí íocshláinte tréidliachta eile a úsáid.

2.  
Cuirfidh an Coimisiún na critéir a leagtar amach in Airteagal 46(2) san áireamh agus na rialacha dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo á leagan síos aige.
3.  
I gcás rioscaí a bheith ag teacht chun cinn agus mórchúiseanna práinne a bheith ag éileamh amhlaidh, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 265 maidir le rialacha arna nglacadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo.



CAIBIDIL 3

Bainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha

Airteagal 48

Bainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais a bhunú

1.  

I gcás galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) nach dtoirmisctear vacsaíniú ina leith trí ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 47, féadfaidh an Coimisiún bainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais a bhunú agus bheith freagrach as iad a bhainistiú ó thaobh stóráil agus athsholáthar stoc do cheann amháin nó níos mó de na táirgí bitheolaíochta seo a leanas:

(a) 

antaiginí;

(b) 

vacsaíní;

(c) 

stoic máistir-shíolta do vacsaíní;

(d) 

imoibrithe diagnóiseacha.

2.  

Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfaidh banc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais dá bhforáiltear i mír 1 an méid seo a leanas:

(a) 

stoic leordhóthanacha de na cineálacha iomchuí antaiginí, vacsaíní, stoc máistir-shíolta do vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha a stóráil don ghalar sonrach liostaithe i dtrácht, agus riachtanais na mBallstát arna meas i gcomhthéacs na bpleananna teagmhais dá bhforáiltear in Airteagal 43(1) á gcur san áireamh;

(b) 

soláthairtí rialta a fháil agus athsholáthar tráthúil antaiginí, vacsaíní agus stoc máistir-shíolta do vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha;

(c) 

iad a chothabháil agus a aistriú i gcomhréir leis na ceanglais iomchuí bhithshlándála, bhithshábháilteachta agus bhithimshrianta in Airteagal 16(1) agus gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 16(2);

3.  

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid a leanas:

(a) 

stoic bhainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais a bhainistiú, a stóráil agus a athsholáthar amhail dá bhforáiltear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo;

(b) 

na ceanglais bithshlándála, bithshábháilteachta agus bithimshrianta lena n-oibriú agus na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 16(1) á n-urramú agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 16(2) á gcur san áireamh.

Airteagal 49

Rochtain ar bhainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais

1.  

Déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin dó, foráil maidir le seachadadh na dtáirgí bitheolaíocha dá dtagraítear in Airteagal 48(1) ó bhainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais arna iarraidh sin air, ar an gcoinníoll go bhfuil na stoic ar fáil, chuig:

(a) 

na Ballstáit, ar an gcéad dul síos; agus

(b) 

na triú tíortha nó na críocha, ar an gcoinníoll go mbeartaítear seachadadh den sórt sin go príomha le leathadh galair isteach san Aontas a chosc.

2.  

Tabharfaidh an Coimisiún, i gcás nach bhfuil ach infhaighteacht theoranta ar stoic, tús áite do rochtain ar na stoic atá le seachadah de bhun mhír 1 bunaithe ar an méid seo a leanas:

(a) 

imthosca an ghalair faoina ndearnadh an iarraidh;

(b) 

banc náisiúnta antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha a bheith sa Bhallstát nó sa tríú tír nó sa chcríoch a dhéanann an iarraidh;

(c) 

bearta Aontais maidir le vacsaíniú éigeantach arna leagan síos i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 47 bheith ann.

Airteagal 50

Cumhachtaí cur chun feidhme maidir le bainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais

1.  

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, rialacha a leagan síos maidir le bainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais lena sonraítear an méid seo a leanas i ndáil leis na táirgí bitheolaíocha dá dtagraítear in Airteagal 48(1):

(a) 

na táirgí bitheolaíocha atá le háireamh i mbainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais agus na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) a gcomhfhreagraíonn siad dóibh;

(b) 

cineálacha na dtáirgí bitheolaíocha sin atá le háireamh i mbainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais agus na cainníochtaí do gach galar liostaithe sonrach dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1), a bhfuil an banc i dtrácht ann dó;

(c) 

na ceanglais maidir le soláthar, stóráil agus athsholáthar na dtáirgí bitheolaíocha sin;

(d) 

seachadadh na dtáirgí bitheolaíocha sin ó bhainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais chuig na Ballstáit agus chuig tríú tíortha agus críocha;

(e) 

ceanglais nós imeachta agus theicniúla leis na táirgí bitheolaíocha sin a áireamh i mbainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais agus le rochtain a iarraidh orthu.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

2.  
Ar mhórchúiseanna práinne ar tugadh bonn cirt cuí leo a bhaineann le galar liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) ar riosca é a bhfuil tionchar an-suntasach aige, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 266(3).

Airteagal 51

Rúndacht na faisnéise maidir le bainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais

Déanfaidh an Coimisiún déileáil le faisnéis faoi chainníochtaí agus fochineálacha na dtáirgí bitheolaíocha dá dtagraítear in Airteagal 48(1) arna stóráil i mbainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais mar fhaisnéis rúnaicmithe agus ní fhoilseofar í.

Airteagal 52

Bainc náisiúnta antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha

1.  
Maidir leis na Ballstáit a bhfuil bainc náisiúnta antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha bunaithe acu do ghalair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1), a bhfuil bainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha an Aontais ann faoina gcoinne, áiritheoidh siad go gcomhlíonann a mbainc náisiúnta antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha na ceanglais bithshlándála, bithshábháilteachta agus bithimshrianta a leagtar síos i bpointe (a) d'Airteagal 16(1) agus i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 16(2) agus i bpointe (b) d'Airteagal 48(3).
2.  

Tabharfaidh na Ballstáit faisnéis atá cothrom le dáta don Choimisiún maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

na bainc antaiginí, vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha dá dtagraítear i mír 1 a bheith ann nó á mbunú;

(b) 

na cineálacha antaiginí, vacsaíní, stoic máistir-shíolta do vacsaíní agus imoibrithe diagnóiseacha agus na cainníochtaí de sna bainc sin;

(c) 

aon athruithe ar an gcaoi ina n-oibrítear bainc den sórt sin.

Déileálfaidh an Coimisiún leis an bhfaisnéis sin mar fhaisnéis rúnaicmithe agus ní fhoilseofar í.

3.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos lena sonrófar ábhar, minicíocht, agus formáid chur isteach na faisnéise dá bhforáiltear i mír 2.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).



TEIDEAL II

BEARTA RIALAITHE GALAR



CAIBIDIL 1

Bearta rialaithe galar do na galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1)



Roinn 1

Bearta rialaithe galar i gcás ina bhfuil amhras faoi ghalar liostaithe a bheith ar ainmhithe ar coimeád

Airteagal 53

Oibleagáidí ar oibreoirí agus ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha ábhartha eile lena mbaineann

1.  
I gcás amhras faoi ghalar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) a bheith ar ainmhithe ar coimeád, sa bhreis ar fhógra a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 18(1) agus go dtí go ndéanfaidh an t-údarás inniúil aon bheart rialaithe galar i gcomhréir le hAirteagal 54(1) agus Airteagal 55(1), déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go ndéanfaidh na hoibreoirí agus na daoine nádúrtha nó dlítheanacha ábhartha eile lena mbaineann na bearta iomchuí rialaithe galar dá bhforáiltear i bpointe (c), i bpointe (d) agus i bpointe (e) d'Airteagal 55(1) le cosc a chur ar leathadh an ghalair liostaithe sin ó na hainmhithe, bunaíochtaí agus láithreacha buailte atá faoina gcúram go hainmhithe eile nach bhfuil buailte nó go daoine.
2.  
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis na rialacha mionsonraithe lena bhforlíontar na bearta rialaithe galar dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 54

Imscrúdú arna dhéanamh ag an údarás inniúil i gcás amhras faoi ghalar liostaithe

1.  
I gcás amhras faoi ghalar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) a bheith ar ainmhithe ar coimeád, déanfaidh an t-údarás inniúil imscrúdú gan mhoill le láithreacht an ghalair liostaithe sin a dhearbhú nó a chur as an áireamh.
2.  

Chun críocha an imscrúdaithe dá bhforáiltear i mír 1, áiritheoidh an t-údarás inniúil, nuair is iomchuí, go ndéanfar an méid seo a leanas:

(a) 

go ndéanfaidh tréidlianna oifigiúla scrúdú cliniciúil ar shampla ionadaíoch de na hainmhithe ar coimeád de speicis liostaithe don ghalar liostaithe i dtrácht;

(b) 

go dtógfaidh tréidlianna oifigiúla samplaí iomchuí ó na hainmhithe ar coimeád sin de speicis liostaithe agus samplaí eile le haghaidh scrúdú i saotharlanna arna n-ainmniú chun na críche sin ag an údarás inniúil;

(c) 

go ndéanann saotharlanna ainmnithe den sórt scrúdaithe chun láithreacht an ghalair liostaithe i dtrácht a dhearbhú nó a chur as an áireamh.

3.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis na rialacha mionsonraithe lena bhforlíontar na rialacha maidir leis an imscrúdú arna dhéanamh ag na húdaráis inniúla amhail dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 55

Réamhbhearta rialaithe galar arna ndéanamh ag an údarás inniúil

1.  

I gcás ina bhfuil amhras air faoi ghalar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) a bheith ar ainmhithe ar coimeád, déanfaidh an t-údarás inniúil na réamhbhearta rialaithe galar seo a leanas, faoi réir na gceanglas náisiúnta chun rochtain a fháil ar chónaithe príobháideacha, go dtí go bhfaighfear torthaí an imscrúdaithe dá bhforáiltear in Airteagal 54(1) agus go dtí go ndéanfar na bearta rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagal 61(1):

(a) 

an bhunaíocht, gnólacht bia agus beatha nó bunaíocht seachtháirgí ainmhithe, nó aon láthair eile lena mbaineann ina bhfuiltear in amhras faoi ghalar a bheith ann, lena n-áirítear na bunaíochtaí a d'fhéadfadh a bheith ina n-áit tionscnaimh ag an ngalar sin, a chur faoi fhaireachas oifigiúil;

(b) 

fardal a thiomsú den mhéid seo a leanas:

(i) 

na hainmhithe ar coimeád sa bhunaíocht, sa ghnólacht bia agus beatha nó sa bhunaíocht bia agus beatha lena mbaineann, nó in aon láthair eile;

(ii) 

na táirgí atá sa bhunaíocht, sa ghnólacht bia agus beatha nó sa bhunaíocht seachtháirgí ainmhithe, nó in aon láthair eile inar ábhartha é ó thaobh leathadh an ghalair liostaithe sin de;

(c) 

a áirithiú go gcuirfear bearta bithshlándála iomchuí i bhfeidhm le leathadh an oibreáin ghalair liostaithe sin go hainmhithe eile nó go daoine a chosc;

(d) 

nuair is iomchuí chun leathadh breise an oibréain ghalair a chosc, a áirithiú go mbeidh na hainmhithe ar coimeád ó speicis liostaithe don ghalar liostaithe sin leithlisithe, agus go gcuirfear cosc orthu dul i dteagmháil le fiadhúlra;

(e) 

srian a chur ar ghluaiseacht ainmhithe ar coimeád, táirgí agus, más iomchuí, daoine, feithiclí agus aon ábhair eile nó modha eile trína bhféadfadh an t-oibreán galair leathadh go dtí nó as bunaíocht, gnólachta bia agus beatha, nó bunaíochtaí seachtháirgí ainmhithe nó aon láthair eile ina bhfuil amhras faoin ngalar liostaithe sin, a fhad agus is gá le leathadh a chosc;

(f) 

aon bhearta rialaithe galar eile is gá a dhéanamh, agus na mbeart rialaithe galar dá bhforáiltear i Roinn 4 den Chaibidil seo á gcur san áireamh, maidir leis an méid seo a leanas:

(i) 

an t-imscrúdú arna chur i bhfeidhm ag an údarás inniúil dá bhforáiltear in Airteagal 54(1) agus bearta rialaithe galar dá bhforáiltear i bpointí (a) go (d) den mhír seo maidir le bunaíochtaí eile, gnólachtaí bia agus beatha nó bunaíochtaí seachtháirgí ainmhithe nó aon láthair eile;

(ii) 

aon chriosanna srianta sealadacha a bhunú, arb iomchuí iad agus próifíl an ghalair á chur san áireamh;

(g) 

tús a chur leis an bhfiosrúchán eipidéimeolaíoch dá bhforáiltear in Airteagal 57(1).

2.  

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le rialacha mionsonraithe lena bhforlíontar na rialacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo maidir leis na bearta sonracha agus mionsonraithe rialaithe galar atá le déanamh ag brath ar an ngalar liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1), bunaithe ar na rioscaí a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a) 

an speiceas nó catagóir ainmhithe lena mbaineann;

(b) 

an cineál táirgthe lena mbaineann.

Airteagal 56

Na réamhbhearta rialaithe galar a athbhreithniú agus a shíneadh

Maidir leis na bearta rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagal 55(1), déanfar an méid seo a leanas:

(a) 

athbhreithneoidh an t-údarás inniúil iad, de réir mar is iomchuí, tar éis torthaí a fháil ón méid seo a leanas:

(i) 

an t-imscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 54(1);

(ii) 

an fiosrúchán eipidéimeolaíoch dá bhforáiltear in Airteagal 57(1);

(b) 

iad a shíneadh go láithreacha eile amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 55(1), nuair is gá.



Roinn 2

Fiosrúchán eipidéimeolaíoch

Airteagal 57

Fiosrúchán eipidéimeolaíoch

1.  
Déanfaidh an t-údarás inniúil fiosrúchán eipidéimeolaíoch i gcás dearbhú maidir le galar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) a bheith ar ainmhithe.
2.  

Tá sé d'aidhm ag an bhfiosrúchán eipidéimeolaíoch dá bhforáiltear i mír 1 an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

foinse dóchúil an ghalair liostaithe i dtrácht agus an modh trínar leath sé a shainaithint;

(b) 

an tréimhse dhóchúil a ríomh a raibh an galar liostaithe i láthair;

(c) 

bunaíochtaí agus aonaid eipidéimeolaíocha iontu, gnólacht bia agus beatha nó bunaíochtaí seachtháirgí ainmhithe nó láithreacha eile a shainaithint ina bhféadfadh go ndearnadh ainmhithe de speicis liostaithe don ghalar liostaithe a bhfuiltear in amhras faoi a ionfhabhtú, a inmhíolú nó a éilliú;

(d) 

faisnéis a fháil faoi ghluaiseachtaí ainmhithe ar coimeád, daoine, táirgí, feithiclí, aon ábhair nó aon mhodha eile trína bhféadfadh an t-oibreán galair leathadh le linn na tréimhse ábhartha sular tugadh fógra faoin amhras nó dearbhú maidir leis an ngalar liostaithe;

(e) 

faisnéis a fháil faoi leathadh dóchúil an ghalair liostaithe sa timpeallacht máguaird, lena n-áirítear láithreacht agus dáileadh veicteoirí galair.



Roinn 3

Galar ar ainmhithe ar coimeád a dhearbhú

Airteagal 58

Dearbhú oifigiúil arna dhéanamh ag an údarás inniúil ar ghalar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1)

1.  

Bunóidh an t-údarás inniúil dearbhú oifigiúil ar ghalar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) ar an bhfaisnéis seo a leanas:

(a) 

torthaí na scrúduithe cliniciúla agus saotharlainne dá bhforáiltear in Airteagal 54(2);

(b) 

réamhthorthaí nó torthaí deiridh an fhiosrúcháin eipidéimeolaíoch dá bhforáiltear in Airteagal 57(1);

(c) 

sonraí eipidéimeolaíocha eile atá ar fáil.

2.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis na ceanglais atá le comhlíonadh don dearbhú oifigiúil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 59

Na réamhbhearta rialaithe galar a chur i leataobh i gcás ina bhfuil láithreacht an ghalair liostaithe curtha as an áireamh

Leanfaidh an t-údarás inniúil de na réamhbhearta rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagal 55(1) agus Airteagal 56 a chur i bhfeidhm, go dtí go gcuirfear láithreacht an ghalair liostaithe i dtrácht amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 8(1) as an áireamh bunaithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 58(1) nó rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 58(2).



Roinn 4

Bearta rialaithe galar i gcás go ndeimhnítear galar ar ainmhithe ar coimeád

Airteagal 60

Bearta rialaithe galar atá le déanamh láithreach ag an údarás inniúil

I gcás dearbhú oifigiúil i gcomhréir le hAirteagal 58(1) ar ráig galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) in ainmhithe ar coimeád, déanfaidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas láithreach:

(a) 

a dhearbhú go bhfuil an bhunaíocht, gnólacht bia nó beatha, bunaíocht seachtháirgí ainmhithe nó láthair eile, ionfhabhtaithe go hoifigiúil leis an ngalar liostaithe sin;

(b) 

crios srianta a bhunú, arb iomchuí é don ghalar liostaithe sin;

(c) 

an plean teagmhais dá bhforáiltear in Airteagal 43(1) a chur chun feidhme chun comhordú iomlán na mbeart rialaithe galar a áirithiú.

Airteagal 61

Bunaíochtaí atá buailte agus láithreacha eile

1.  

I gcás ráig galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) in ainmhithe ar coimeád, glacfaidh an t-údarás inniúil ceann amháin nó níos mó de na bearta rialaithe galar seo a leanas lomláithreach, faoi réir na gceanglas náisiúnta maidir le rochtain a fháil ar chónaithe príobháideacha, i mbunaíocht, i ngnólacht bia nó beatha, i mbunaíocht seachtháirgí nó aon láthair eile dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 60, chun leathadh an ghalair liostaithe sin a chosc:

(a) 

forchur srianta ar ghluaiseachtaí daoine, ainmhithe, táirgí, feithiclí nó aon ábhar nó substaint eile a d'fhéadfadh bheith éillithe agus a d'fhéadfadh cur le leathadh an ghalair liostaithe;

(b) 

ainmhithe a d'fhéadfadh a bheith éillithe nó a d'fhéadfadh cur le leathadh an ghalair liostaithe a mharú agus a dhiúscairt;

(c) 

táirgí, beatha nó aon substaintí eile a scriosadh, a phróiseáil, a chlaochlú nó a chóireáil nó trealamh, modh iompair, plandaí nó táirgí plandaí, nó uisce a chóireáil a d'fhéadfadh a bheith éillithe, de réir mar is iomchuí lena áirithiú go scriostar aon oibreán galair nó aon veicteoir den oibreán galair;

(d) 

ainmhithe ar coimeád a vacsaíniú nó a chóireáil le haon táirgí íocshláinte tréidliachta eile i gcomhréir le hAirteagal 46(1) agus le hAirteagal 69 agus aon ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 47;

(e) 

ainmhithe agus táirgí ar dóchúil go n-éilleofaí iad agus go gcuirfí mar sin le leathadh an ghalair liostaithe, a leithlisiú, a chur i gcoraintín nó a chóireáil;

(f) 

feithidí agus creimirí a ghlanadh, a dhífhabhtú, a rialú, nó aon bhearta bithshlándála eile is gá a chur i bhfeidhm maidir leis an mbunaíocht, gnólacht bia nó beatha, bunaíocht seachtháirgí nó láithreacha eile atá buailte, d'fhonn an baol go leathfadh an galar liostaithe a íoslaghdú;

(g) 

líon leordhóthanach samplaí iomchuí a thógáil a bhfuil gá leo chun an fiosrúchán eipidéimeolaíoch dá bhforáiltear in Airteagal 57(1) a chomhlánú;

(h) 

scrúdú saotharlainne a dhéanamh ar shamplaí;

(i) 

aon bhearta iomchuí eile.

2.  

Agus na bearta is iomchuí a ghlacadh as measc na mbeart rialaithe galar dá bhforáiltear i mír 1 á gcinneadh aige, cuirfidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas san áireamh:

(a) 

próifíl an ghalair;

(b) 

an cineál táirgthe agus na haonaid eipidéimeolaíocha laistigh den bhunaíocht, den ghnólacht bia nó beatha, den bhunaíocht seachtháirgí ainmhithe nó láthair eile atá buailte;

3.  

Ní údaróidh an t-údarás inniúil go ndéanfar an bhunaíocht lena mbaineann, nó aon láthair eile, a athdhaonrú ach amháin nuair atá an méid seo a leanas curtha i gcrích:

(a) 

na bearta iomchuí uile rialaithe galar agus na scrúduithe saotharlainne dá bhforáiltear i mír 1 a bheith curtha i gcrích go héiritheach;

(b) 

tréimhse leorlán a bheith gafa thart le cosc a chur ar athéilliú na bunaíochta, an ghnólachta bia nó beatha, na bunaíochta seachtháirgí nó na láithreach eile a bhí buailte leis an ngalar liostaithe ar chionsiocair é leis an ráig dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 62

Bunaíochtaí agus láithreacha a bhfuil naisc eipidéimeolaíocha eatarthu

1.  
Leathnóidh an t-údarás inniúil na bearta rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagal 61(1) go bunaíochtaí eile, aonaid eipidéimeolaíocha laistigh díobh, gnólachtaí bia nó beatha nó bunaíochtaí seachtháirgí ainmhithe, nó go haon láthair nó modh iompair eile i gcás ina dtugann an fiosrúchán eipidéimeolaíoch dá bhforáiltear in Airteagal 57(1) nó torthaí imscrúduithe cliniciúla nó saotharlainne nó sonraí eipidéimeolaíocha eile cúis le bheith in amhras faoi leathadh an ghalair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) agus a ndearnadh na bearta sin ina leith, chucu, astu nó tríothu.
2.  
Má léirítear san fhiosrúchán eipidéimeolaíoch dá bhforáiltear in Airteagal 57(1) gur Ballstát eile áit tionscnaimh dhóchúil an ghalair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) nó gur dhóchúil gur leath an galar liostaithe sin go Ballstát eile, cuirfidh an t-údarás inniúil an Ballstát sin agus an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin gan mhoill.
3.  
Sna cásanna dá dtagraítear i mír 2, comhoibreoidh údaráis inniúla na mBallstát éagsúil i bhfiosrúchán eipidéimeolaíoch breise agus i gcur i bhfeidhm na mbeart rialaithe galar.

Airteagal 63

Cumhacht a tharmligean i ndáil le bearta rialaithe galari mbunaíochtaí atá buailte agus a bhfuil naisc eipidéimeolaíocha eatarthu agus i láithreacha eile

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le rialacha mionsonraithe i dtaca leis na bearta rialaithe galar atá le déanamh ag an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 61 agus Airteagal 62 i mbunaíochtaí, gnólachtaí bia nó beatha nó bunaíochtaí seachtháirgí agus láithreacha eile atá buailte agus a bhfuil naisc eipidéimeolaíocha eatarthu, i gcás aon ghalar dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1), lena n-áirítear rialacha a gcuirfear bearta rialaithe galar dá dtagraítear in Airteagal 61(1) i bhfeidhm ina leith i gcás gach galar liostaithe.

Cumhdófar leis na rialacha mionsonraithe sin na hábhair seo a leanas:

(a) 

na coinníollacha agus na ceanglais do na bearta rialaithe galar, dá bhforáiltear i bpointe (a) go pointe (e) d'Airteagal 61(1);

(b) 

na nósanna imeachta do ghlanadh, dífhabhtú agus rialú feithidí agus creimirí nó bearta bithshlándála eile is gá amhail dá bhforáiltear i bpointe (f) d'Airteagal 61(1), lena sonraítear, nuair is iomchuí, úsáid táirgí bithicíde chun na gcríoch sin;

(c) 

na coinníollacha agus na ceanglais maidir le sampláil agus scrúdú saotharlainne amhail dá bhforáiltear i bpointe (g) agus i bpointe (h) d'Airteagal 61(1);

(d) 

na coinníollacha mionsonraithe agus na ceanglais maidir leis an athdhaonrú amhail dá bhforáiltear in Airteagal 61(3);

(e) 

na bearta rialaithe galar is gá dá bhforáiltear in Airteagal 62 atá le cur i gcrích i mbunaíochtaí, i láithreacha eile agus modhanna iompair a bhfuil naisc eipidéimeolaíocha eatarthu.

Airteagal 64

Criosanna srianta arna mbunú ag an údarás inniúil

1.  

Bunóidh an t-údarás inniúil crios srianta amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 60 timpeall ar an mbunaíocht, gnólacht bia nó beatha, bunaíocht seachtháirgí ainmhithe nó láthair eile atá buailte, inar tharla ráig an ghalair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) ar ainmhithe ar coimeád, nuair is iomchuí, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a) 

próifíl an ghalair;

(b) 

suíomh geografach na gcriosanna srianta;

(c) 

fachtóirí éiceolaíocha agus hidreolaíocha na gcriosanna srianta;

(d) 

na coinníollacha meitéareolaíocha;

(e) 

láithreacht, dáileadh agus cineál veicteoirí sna criosanna srianta;

(f) 

torthaí an fhiosrúcháin eipidéimeolaíoch dá bhforáiltear in Airteagal 57(1) agus aon staidéir eile a dhéanfaí agus sonraí eipidéimeolaíocha;

(g) 

torthaí na dtástálacha saotharlainne;

(h) 

na bearta rialaithe galar a cuireadh i bhfeidhm;

(i) 

sonraí eipidéimeolaíocha eile a bhaineann le hábhar.

Áireofar sa chrios srianta, nuair is iomchuí, crios cosanta agus faireachais de mhéid agus de chumraíocht a shainítear.

2.  

Déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú agus athbhreithniú ar bhonn leanúnach agus, nuair is iomchuí, chun leathadh an ghalair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) a chosc agus déanfaidh sé:

(a) 

teorainneacha an chreasa shrianta a oiriúnú;

(b) 

criosanna srianta breise a bhunú.

3.  
I gcás ina bhfuil na criosanna srianta amhail dá bhforáiltear i mír 1 suite i gcríoch Ballstáit amháin nó níos mó, comhoibreoidh údaráis inniúla na mBallstát sin chun na criosanna srianta a bhunú.
4.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 264 i dtaobh rialacha mionsonraithe maidir le criosanna srianta a bhunú agus a mhodhnú, lena n-áirítear criosanna cosanta nó faireachais.

Airteagal 65

Bearta rialaithe galar i gcrios srianta

1.  

Áiritheoidh an t-údarás inniúil, faoi réir eanglas náisiúnta chun rochtain a fháil ar chónaithe príobháideacha, go ndéanfar ceann amháin nó níos mó de na bearta rialaithe galar seo a leanas sa chrios srianta lena mbaineann le leathadh an ghalair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) a chosc:

(a) 

bunaíochtaí, gnólachtaí bia agus beatha, bunaíochtaí seachtháirgí nó láithreacha eile a shainaithint ina bhfuil ainmhithe ar coimeád de speicis liostaithe don ghalar liostaithe sin;

(b) 

cuairteanna a thabhairt ar bhunaíochtaí, ar ghnólachtaí bia agus beatha, ar bhunaíochtaí seachtháirgí ainmhithe nó láithreacha eile ina bhfuil ainmhithe ar coimeád de speicis liostaithe don ghalar liostaithe, agus, nuair is gá, scrúduithe, sampláil agus scrúdú saotharlainne a dhéanamh ar shamplaí;

(c) 

forchur coinníollacha gluaiseachta a bhunú maidir le gluaiseacht daoine, ainmhithe, táirgí, beatha, feithiclí agus aon ábhair nó substainte eile a d'fhéadfadh a bheith éillithe nó a d'fhéadfadh cur le leathadh an ghalair liostaithe sin laistigh de na criosanna srianta agus amach astu agus tríothu;

(d) 

ceanglais bhithshlándála maidir leis an méid seo a leanas:

(i) 

táirgeadh, próiseáil agus dáileadh táirgí de bhunadh ainmhíoch;

(ii) 

bailiú agus diúscairt na seachtháirgí ainmhithe;

(iii) 

bailiú, stóráil agus láimhseáil táirgí geirmeacha;

(e) 

ainmhithe ar coimeád a vacsaíniú nó a chóireáil le haon táirgí íocshláinte tréidliachta eile i gcomhréir le hAirteagal 46(1) agus aon ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 47;

(f) 

feithidí agus creimirí a ghlanadh, a dhífhabhtú agus a rialú nó bearta bithshlándála eile is gá;

(g) 

bunaíocht gnólachta bia a ainmniú nó, nuair is ábhartha, a fhormheas chun críocha ainmhithe a mharú nó táirgí de bhunadh ainmhíoch de thionscnamh criosanna srianta a chóireáil;

(h) 

na ceanglais maidir le sainaithint agus inrianaitheacht do ghluaiseacht ainmhithe, táirgí geirmeacha nó táirgí de bhunadh ainmhíoch;

(i) 

bearta maolaithe riosca eile agus bearta bithshlándála eile chun rioscaí maidir le leathadh an ghalair liostaithe sin a íoslaghdú.

2.  

Déanfaidh an t-údarás inniúil an méid a leanas:

(a) 

na bearta uile is gá leis na daoine sna criosanna srianta a chur go hiomlán ar an eolas faoi na srianta atá i bhfeidhm agus faoi chineál na mbeart rialaithe galar;

(b) 

na hoibleagáidí is gá a fhorchur ar oibreoirí d'fhonn leathadh an ghalair liostaithe i dtrácht.

3.  

Agus na bearta a dhéanfar as measc na mbeart rialaithe galar dá bhforáiltear i mír 1 á gcinneadh, cuirfidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas san áireamh:

(a) 

próifíl an ghalair;

(b) 

na cineálacha táirgthe;

(c) 

indéantacht, infhaighteacht agus éifeachtacht na mbeart rialaithe galar sin.

Airteagal 66

Oibleagáid na n-oibreoirí maidir le gluaiseachtaí i gcriosanna srianta

1.  
I gcriosanna srianta amhail dá bhforáiltear in Airteagal 64(1), ní aistreoidh oibreoirí na hainmhithe ar coimeád agus na táirgí ach amháin tar éis dóibh cead a fháil ón údarás inniúil agus i gcomhréir le haon treoracha tugtha ag an údarás sin.
2.  
Tabharfaidh oibreoirí a choimeádann ainmhithe agus táirgí sa chrios srianta amhail dá bhforáiltear in Airteagal 64(1) fógra don údarás inniúil i leith aon ghluaiseachtaí ainmhithe ar coimeád agus táirgthe atá beartaithe, laistigh nó lasmuigh den chrios srianta i dtrácht. Sa mhéid go bhfuil oibleagáidí forchurtha ag an údarás inniúil maidir le fógra a thabhairt i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 65(2), tabharfaidh an t-oibreoir lena mbaineann fógra i gcomhréir leis na hoibleagáidí sin.

Airteagal 67

Tarmligean cumhachtaí maidir le bearta rialaithe galar i gcriosanna srianta

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le rialacha mionsonraithe i dtaca leis na bearta rialaithe galar atá le déanamh i gcriosanna srianta amhail dá bhforáiltear in Airteagal 65 i gcás gach galar dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1), lena n-áirítear rialacha maidir le cé na bearta rialaithe galar dá dtagraítear in Airteagal 65(1) atá le cur i bhfeidhm i gcás gach galar liostaithe.

Cumhdóidh na rialacha mionsonraithe sin na hábhair seo a leanas:

(a) 

na coinníollacha agus na ceanglais maidir leis na bearta rialaithe galar, dá bhforáiltear i bpointe(a), i bpointe (c), i bpointe (d), i bpointe (e), i bpointe (g), i bpointe (h) agus i bpointe (i) d'Airteagal 65(1);

(b) 

na nósanna imeachta maidir le glanadh, dífhabhtú agus rialú feithidí agus creimirí nó bearta bithshlándála eile is gá amhail dá bhforáiltear i bpointe (f) d'Airteagal 65(1), lena sonraítear, nuair is iomchuí, úsáid táirgí bithicíde chun na gcríoch sin;

(c) 

an faireachas is gá atá le déanamh tar éis na bearta rialaithe galar agus na scrúduithe saotharlainne dá bhforáiltear i bpointe (b) d'Airteagal 65(1) a chur i bhfeidhm;

(d) 

bearta sonracha eile rialaithe galar le leathadh galar liostaithe sonrach amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) a theorannú.

Airteagal 68

Bearta rialaithe galar a chothabháil i gcriosanna srianta agus gníomhartha tarmligthe

1.  

Leanfaidh an t-údarás inniúil de na bearta rialaithe galar dá bhforáiltear sa Roinn seo a chur i bhfeidhm go dtí go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

na bearta rialaithe galar is iomchuí don ghalar liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) ar cuireadh na srianta i bhfeidhm ina leith a bheith glactha;

(b) 

an glanadh, an dífhabhtú nó an rialú deiridh feithidí agus creimirí a bheith déanta nó bearta bithshlándála eile is gá, mar is iomchuí, maidir leis an méid seo a leanas:

(i) 

an galar liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) a bhfuil na bearta rialaithe galar curtha i bhfeidhm ina leith;

(ii) 

speicis na n-ainmhithe ar coimeád atá buailte;

(iii) 

an cineál táirgthe;

(c) 

faireachas leordhóthanach, mar is iomchuí don ghalar liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) a bhfuil na bearta rialaithe galar curtha i bhfeidhm ina leith, agus don chineál bunaíochta nó láithreach lena mbaineann, a bheith déanta sa chrios srianta ag tacú le díothú an ghalair liostaithe sin.

2.  

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis na rialacha mionsonraithe i dtaca leis na bearta rialaithe galar atá le déanamh ag an údarás inniúil amhail dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a) 

na nósanna imeachta deiridh maidir le glanadh, dífhabhtú nó rialú feithidí agus creimirí nó bearta bithshlándála eile is gá agus i gcás inarb iomchuí, úsáid táirgí bithicíde chun na gcríoch sin;

(b) 

dearadh, meáin, modhanna, minicíocht, déine, daonraí ainmhithe spriocdhírithe agus patrúin samplála an fhaireachais atá beartaithe chun stádas saor ó ghalair a athbhunú arís tar éis na ráige;

(c) 

athdhaonrú an chreasa srianta lena mbaineann tar éis na bearta rialaithe galar dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo a chur i gcrích, agus na coinníollacha maidir le hathdhaonrú dá bhforáiltear in Airteagal 61(3) á gcur san áireamh.

3.  
Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le rialacha mionsonraithe do na bearta rialaithe galar a ghlacfaidh an t-údarás inniúil amhail dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo i ndáil le bearta eile rialaithe galar is gá d'fhonn an stádas saor ó ghalair a athbhunú arís.

Airteagal 69

Vacsaíniú éigeandála

1.  

Nuair is ábhartha do rialú éifeachtach an ghalair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) a bhfuil feidhm ag na bearta rialaithe galarina leith, féadfaidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

plean vacsaínithe a fhorbairt;

(b) 

criosanna vacsaínithe a bhunú.

2.  

Agus an plean vacsaínithe agus bunú na gcriosanna vacsaínithe amhail dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo á gcinneadh aige déanfaidh an t-údarás inniúil, an méid seo a leanas a chur san áireamh:

(a) 

na ceanglais maidir le vacsaíniú éigeandála a leagtar amach sna pleananna teagmhais dá bhforáiltear in Airteagal 43;

(b) 

na ceanglais maidir le húsáid vacsaíní amhail dá bhforáiltear in Airteagal 46(1) agus aon ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 47.

3.  
Criosanna vacsaínithe amhail dá bhforáiltear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, comhlíonfaidh siad na ceanglais maidir le bearta maolaithe riosca chun leathadh na ngalar liostaithe a chosc agus maidir le faireachas, mar atá leagtha amach i ngníomhartha tarmligthe i gcomhréir le pointe (c) agus le pointe (d) d'Airteagal 47(1).



Roinn 5

Ainmhithe fiáine

Airteagal 70

Ainmhithe fiáine

1.  

I gcás amhras a bheith ar údarás inniúil an Bhallstáit atá buailte faoi ghalar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) a bheith ar ainmhithe fiáine nó i gcás ina ndeimhníonn sé go hoifigiúil go bhfuil galar liostaithe ar ainmhithe fiáine, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a) 

nuair is ábhartha i gcás an ghalair liostaithe áirithe sin, faireachas a dhéanamh ar dhaonra na n-ainmhithe fiáine;

(b) 

na bearta coisctheacha agus rialaithe galair is gá a dhéanamh.

2.  
Leis na bearta coiscthe agus rialaithe galar dá bhforáiltear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, féadfar ceann amháin nó níos mó de na bearta a leagtar síos in Airteagail 53 go 69 a áireamh agus cuirfear próifíl an ghalair agus na hainmhithe fiáine atá buailteagus an riosca faoi na galair a tharchur chuig ainmhithe agus daoinesan áireamh.
3.  

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid a leanas:

(a) 

na critéir agus na nósanna imeachta chun faireachas a dhéanamh de bhun phointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo i gcás dearbhú oifigiúil ar ghalar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1), i gcomhréir le hAirteagal 27;

(b) 

rialacha mionsonraithe lena bhforlíontar na bearta coiscthe agus rialaithe galar de bhun phointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo i gcás dearbhú oifigiúil ar ghalar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1).

Agus na gníomhartha tarmligthe sin á nglacadh, cuirfidh an Coimisiún san áireamh próifíl an ghalair agus na speicis liostaithe don ghalar liostaithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.



Roinn 6

Bearta breise rialaithe galar arna nglacadh ag na ballstáit, comhordú arna dhéanamh ag an gcoimisiún agus rialacha sealadacha speisialta rialaithe galar

Airteagal 71

Bearta breise rialaithe galar arna nglacadh, comhordú ar bhearta agus rialacha sealadacha speisialta rialaithe galar maidir le Roinn 1 go Roinn 5 (Airteagail 53 go 70)

1.  

Féadfaidh na Ballstáit bearta rialaithe galar a dhéanamh sa bhreis ar na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 55, Airteagal 61(1), Airteagal 62, Airteagal 65(1) agus (2) agus Airteagal 68(1) agus i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 63, Airteagal 67 agus Airteagal 68(2), ar an gcoinníoll go n-urramófar leis na bearta sin na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo agus go bhfuil siad riachtanach agus comhréireach le leathadh an ghalair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) a rialú, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a) 

na himthosca eipidéimeolaíocha ar leith;

(b) 

na cineálacha bunaíochtaí, láithreacha eile agus táirgeadh lena mbaineann;

(c) 

speicis agus catagóirí na n-ainmhithe is bainteach;

(d) 

dálaí eacnamaíocha nó sóisialta.

2.  

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoin méid seo a leanas gan mhoill:

(a) 

na bearta rialaithe galar arna nglacadh ag a n-údarás inniúil amhail dá bhforáiltear in Airteagail 58, 59, 61, 62, 64 agus 65, Airteagal 68(1), Airteagal 69 agus Airteagal 70(1) agus (2) agus in aon ghníomh tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 63, Airteagal 67 agus Airteagal 68(2) agus Airteagal 70(3);

(b) 

aon bhearta breise rialaithe galar arna nglacadh acu amhail dá bhforáiltear i mír 1 a ghlac sé.

3.  

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar staid an ghalair agus na bearta rialaithe galar a ghlac an t-údarás inniúil agus ar aon bhearta breise rialaithe galar a ghlac an Ballstát lena mbaineann, i gcomhréir leis an gCaibidil seo agus féadfaidh sé, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, bearta speisialta rialaithe galar a leagan síos ar feadh tréimhse teoranta, faoi choinníollacha atá iomchuí don staid eipidéimeolaíoch, sna cásanna seo a leanas:

(a) 

go meastar nach bhfuil na bearta rialaithe galar sin oiriúnach don staid eipidéimeolaíoch;

(b) 

gur dealraitheach go bhfuil an galar liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) ag leathadh in ainneoin na mbeart rialaithe galar a glacadh i gcomhréir leis an gCaibidil seo.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

4.  
Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil bonn cirt cuí leo agus a bhaineann le galar ar riosca é atá ag teacht chun cinn agus tionchar an-suntasach aige, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 266(3).



CAIBIDIL 2

Bearta rialaithe galar do na galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) d'Airteagal 9(1)



Roinn 1

Bearta rialaithe galari gcás ina bhfuil amhras faoi ghalar a bheith ar ainmhithe ar coimeád

Airteagal 72

Oibleagáidí atá ar oibreoirí agus ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha lena mbaineann maidir leis na galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 9(1)

1.  
I gcás amhrais faoi ghalar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 9(1) a bheith ar ainmhithe ar coimeád, sa bhreis ar an oibleagáid fhógra a thabhairt a chomhlíonadh a leagtar síos in Airteagal 18(1) agus go dtí go nglacfaidh an t-údarás inniúil aon bheart rialaithe galar i gcomhréir le hAirteagal 74(1), glcafaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go nglacfaidh oibreoirí agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha eile lena mbaineann bearta rialaithe galar amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 74(1) agus aon ghníomhartha tarmligthe eile a glacadh de bhun Airteagal 74(4), le cosc a chur ar leathadh an ghalair liostaithe sin ó na hainmhithe, bunaíochtaí agus láithreacha eile atá buailte agus atá faoina gcúram, go hainmhithe eile nach bhfuil buailte nó go daoine.
2.  
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis na rialacha mionsonraithe lena bhforlíontar na bearta rialaithe galar amhail dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 73

Imscrúdú arna dhéanamh ag an údarás inniúil i gcás amhrais faoi ghalar liostaithe dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 9(1)

1.  
I gcás amhrais faoi ghalar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 9(1) a bheith ar ainmhithe ar coimeád, déanfaidh an t-údarás inniúil imscrúdú gan mhoill le láithreacht an ghalair liostaithe sin a dhearbhú nó a chur as an áireamh.
2.  

Chun críocha an imscrúdaithe dá bhforáiltear i mír 1, áiritheoidh an t-údarás inniúil go ndéanfar an méid seo a leanas:

(a) 

go ndéanfaidh tréidlianna oifigiúla scrúdú cliniciúil ar shampla ionadaíoch de na hainmhithe ar coimeád de speicis liostaithe don ghalar liostaithe i dtrácht;

(b) 

go dtógfaidh tréidlianna oifigiúla samplaí iomchuí ó na hainmhithe ar coimeád sin de na speicis liostaithe agus samplaí eile le haghaidh scrúdú i saotharlanna arna n-ainmniú chun na críche sin ag an údarás inniúil;

(c) 

déanfaidh saotharlanna ainmnithe den sórt sin scrúduithe saotharlainne chun láithreacht an ghalair liostaithe i dtrácht a dhearbhú nó a chur as an áireamh.

3.  
Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis na rialacha mionsonraithe lena bhforlíontar na rialacha maidir leis an imscrúdú amhail dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 74

Réamhbhearta rialaithe galar arna ndéanamh ag an údarás inniúil do na galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 9(1)

1.  

I gcás ina bhfuil amhras air faoi ghalar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 9(1) a bheith ar ainmhithe ar coimeád, déanfaidh an t-údarás inniúil na réamhbhearta rialaithe galar seo a leanas, faoi réir na gceanglas náisiúnta chun rochtain a fháil ar chónaithe príobháideacha, go dtí go bhfaighfear torthaí an imscrúdaithe dá bhforáiltear in Airteagal 73(1) agus go dtí go ndéanfar na bearta rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagal 79:

(a) 

bearta rialaithe galar a chur i bhfeidhm le leathadh an ghalair liostaithe sin a shrianadh ón gcríoch, ón mbunaíocht, gnólacht bia nó beatha, bunaíocht seachtháirgí nó láthair eile atá buailte;

(b) 

nuair is gá, tús a chur le fiosrúchán eipidéimeolaíoch, agus na rialacha maidir le fiosrúchán den sórt sin a leagtar síos in Airteagal 57(1) á gcur san áireamh.

2.  
Sa bhreis ar na bearta dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an t-údarás inniúil réamhbhearta rialaithe galar a dhéanamh, sna cásanna dá dtagraítear sa mhír sin, ar an gcoinníoll go n-urramaítear forálacha an Rialacháin seo leis na bearta sin agus go bhfuil siad i gcomhréir le dlí an Aontais.
3.  

Beidh na réamhbhearta rialaithe galar dá bhforáiltear i mír 1 agus i mír 2 iomchuí agus comhréireach leis an riosca a bhaineann leis an ngalar liostaithe i dtrácht, agus an méid seo leanas á chur san áireamh:

(a) 

próifíl an ghalair;

(b) 

na hainmhithe ar coimeád atá buailte;

(c) 

stádas sláinte an Bhallstáit, creasa, deighleoga nó bunaíochta ina bhfuil amhras faoin ngalar liostaithe sin a bheith ann;

(d) 

na réamhbhearta rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagal 55(1), Airteagal 56 agus aon ghníomh tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 55(2).

4.  

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le rialacha i ndáil le galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 9(1), lena bhforlíontar na rialacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo, agus aird á tabhairt ar na hábhair dá dtagraítear i mír 3, maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

na réamhbhearta rialaithe galar atá le déanamh le leathadh an ghalair liostaithe amhail dá bhforáiltear i bpointe (a) de mhír 1 a chosc;

(b) 

cur i bhfeidhm na réamhbheart rialaithe galar dá bhforáiltear i bpointe (a) de mhír 1 maidir le bunaíochtaí eile, aonaid eipidéimeolaíocha iontu, gnólachtaí bia agus beatha agus bunaíochtaí seachtháirgí nó láithreacha eile;

(c) 

criosanna srianta sealadacha a bhunú, arb iomchuí iad i bhfianaise phróifíl an ghalair.

Airteagal 75

Na réamhbhearta rialaithe galar a athbhreithniú agus a shíneadh do ghalair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 9(1)

Maidir leis na bearta rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagal 74(1), déanfar an méid seo a leanas:

(a) 

déanfaidh an t-údarás inniúil athbhreithniú orthu mar is iomchuí i ndiaidh thorthaí an imscrúdaithe dá bhforáiltear in Airteagal 73(1) agus, nuair is ábhartha, torthaí an fhiosrúcháin eipidéimeolaíoch dá bhforáiltear i bpointe (b) d'Airteagal 74(1);

(b) 

iad a shíneadh tuilleadh go láithreacha eile amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 74(4), nuair is gá.

Airteagal 76

Oibleagáidí atá ar oibreoirí agus ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha eile agus bearta atá le glacadh ag an údarás inniúil i gcás ina bhfuil amhras faoi ghalair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 9(1))

1.  
I gcás amhrais faoi ghalar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 9(1) i mBallstát a roghnaigh an clár díothaithe lena gcumhdaítear na codanna ábhartha dá gcríoch nó criosanna nó deighleoga ábhartha díobh, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 31(2), déanfaidh an Ballstát sin bearta a ghlacadh chun a áirithiú go nglacfaidh oibreoirí agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha ábhartha eile lena mbaineann bearta iomchuí amhail dá bhforáiltear in Airteagal 72(1), go dtí go nglacfaidh an t-údarás inniúil bearta rialaithe galar i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.
2.  

Déanfaidh údarás inniúil de chuid Ballstáit a roghnaigh galar liostaithe amhail dá dtagraítear i mír 1 a dhíothú, an méid seo a leanas, i gcás ina bhfuil amhras air faoin ngalar i dtrácht a bheith ar ainmhithe ar coimeád:

(a) 

imscrúdú a stiúradh gan mhoill le láithreacht an ghalair liostaithe sin a dhearbhú nó a chur as an áireamh i gcomhréir le hAirteagal 73(1) agus (2);

(b) 

ar feitheamh thorthaí an imscrúdaithe dá bhforáiltear i bpointe (a) agus glacadh na mbeart rialaithe galar i gcomhréir le hAirteagal 80(1), déanfaidh an t-údarás inniúil na réamhbhearta rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagal 74 (1) agus mír (2).

3.  
Athbhreithneoidh an t-údarás inniúil na réamhbhearta rialaithe galar dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 den Airteagal seo agus sínfidh sé iad i gcomhréir le hAirteagal 75.
4.  
Beidh feidhm ag mír 1, mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo freisin maidir leis na Ballstáit nó le criosanna a bhfuil stádas saor ó ghalair acu, chun an stádas sin a choimeád, i gcomhréir le hAirteagal 36 nó le deighleoga i gcomhréir le hAirteagal 37(2).
5.  

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le rialacha mionsonraithe lena bhforlíontar rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

na bearta rialaithe galar dá bhforáiltear i mír 1;

(b) 

an t-imscrúdú dá bhforáiltear bpointe (a) de mhír 2;

(c) 

na réamhbhearta rialaithe galar atá le déanamh chun leathadh an ghalair liostaithe amhail dá bhforáiltear i bpointe (b) de mhír 2 a chosc.



Roinn 2

Galar ar ainmhithe ar coimeád a dhearbhú

Airteagal 77

Dearbhú oifigiúil de ghalar arna dhéanamh ag an údarás inniúil

1.  

Bunóidh an t-údarás inniúil dearbhú oifigiúil de ghalar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (b) nó i bpointe (c) d'Airteagal 9(1) ar an bhfaisnéis seo a leanas:

(a) 

torthaí na scrúduithe cliniciúla agus saotharlainne dá bhforáiltear in Airteagal 73(2);

(b) 

an fiosrúchán eipidéimeolaíoch dá bhforáiltear i bpointe (b) d'Airteagal 74(1), nuair is ábhartha;

(c) 

sonraí eipidéimeolaíocha eile atá ar fáil.

2.  
Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis na ceanglais atá le comhlíonadh don dearbhú oifigiúil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 78

Réamhbhearta rialaithe galar a chur i leataobh nuair a chuirtear láithreacht galair as an áireamh

Leanfaidh an t-údarás inniúil de na réamhbhearta rialaithe galar dá bhforáiltear in Airteagal 74(1), Airteagal 75 agus pointe (b) d'Airteagal 76(2) a chur i bhfeidhm go dtí go gcuirfear láithreacht na ngalar liostaithe i dtrácht as an áireamh i gcomhréir le hAirteagal 77(1) agus aon rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 77(2).



Roinn 3

Bearta rialaithe galar i gcás ina bhfuil amhras faoi ghalar a bheith ar ainmhithe ar coimeád

Airteagal 79

Réamhbhearta rialaithe galar arna ndéanamh ag an údarás inniúil do na galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 8(1)

I gcás dearbhú oifigiúil i gcomhréir le hAirteagal 77(1) ar ráig galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 9(1) a bheith ar ainmhithe ar coimeád, déanfaidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas i mBallstát, i gcrios nó i ndeighleog, de réir mar is ábhartha don ráig sin:

(a) 

na bearta rialaithe galar a leagtar síos sa chlár díothaithe éigeantach dá bhforáiltear in Airteagal 31(1) don ghalar liostaithe sin; nó

(b) 

i gcás ina bhfuair an Ballstát nó an crios nó an deighleog stádas saor ó ghalair i gcomhréir le hAirteagal 36, i gcomhréir le hAirteagal 37 faoi seach:

(i) 

ceann amháin nó níos mó de na bearta a leagtar síos in Airteagal 53 go 69 a dhéanamh i gcoibhneas leis an riosca a bhaineann leis an ngalar liostaithe i dtrácht, agus

(ii) 

i gcás inar gá, tús a chur leis an gclár díothaithe éigeantach don ghalar liostaithe sin.

Airteagal 80

Réamhbhearta rialaithe galar arna ndéanamh ag an údarás inniúil do na galair liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1)(c)

1.  
I gcás dearbhú oifigiúil a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 77(1) i leith ráig galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 9(1) a bheith ar ainmhithe ar coimeád i mBallstát a roghnaigh cláir dhíothaithe lena gcumhdaítear na codanna ábhartha dá gcríoch nó criosanna nó deighleoga ábhartha díobh, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 31(2), de réir mar is iomchuí don ghalar liostaithe sin agus don ráig sin, déanfaidh an t-údarás inniúil na bearta rialaithe galar a leagtar síos sa chlár díothaithe roghnach a chur i bhfeidhm.
2.  

Féadfaidh an t-údarás inniúil bearta rialaithe galar a ghlacadh de bhreis ar na bearta dá bhforáiltear i mír 1 ina bhféadfaí ceann amháin nó níos mó de na bearta a leagtar síos in Airteagail 53 go 69 a áirithiú agus beidh siad comhréireach leis an mbaol a bhaineann leis an ngalar liostaithe i dtrácht agus cuirfear an méid seo a leanas san áireamh:

(a) 

próifíl an ghalair;

(b) 

na hainmhithe ar coimeád atá buailte;

(c) 

tionchair eacnamaíocha agus shóisialta.

3.  

I gcás dearbhú oifigiúil i gcomhréir le hAirteagal 77(1) i leith ráig galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 9(1) a bheith ar ainmhithe ar coimeád i mBallstát, i gcrios nó deighleog a fuair stádas saor ó ghalar i gcomhréir le hAirteagal 36 nó le hAirteagal 37, agus ionas nach gcaillfear an stádas sin, déanfaidh an t-údarás inniúil ceann amháin nó níos mó de na bearta a leagtar síos in Airteagal 53 go 69 a ghlacadh. Beidh na bearta sin comhréireach leis an riosca a bhaineann leis an ngalar liostaithe i dtrácht agus na nithe seo leanas á gcur san áireamh leo:

(a) 

próifíl an ghalair;

(b) 

na hainmhithe ar coimeád atá buailte;

(c) 

tionchair eacnamaíocha agus shóisialta.



Roinn 4

Ainmhithe fiáine

Airteagal 81

Bearta rialaithe galar do ghalair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 9(1) in ainmhithe fiáine

I gcás amhras a bheith ar údarás inniúil an Bhallstáit atá buailte faoi ghalar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 9(1) a bheith ar ainmhithe fiáine nó i gcás ina ndeimhníonn sé go hoifigiúil go bhfuil ráig galar liostaithe ar ainmhithe fiáine, déanfaidh sé an méid seo a leanas ar fud chríoch iomlán an Bhallstáit, an limistéir nó an chreasa lena mbaineann, de réir mar is ábhartha, maidir leis an ráig sin:

(a) 

na bearta rialaithe galar a leagtar síos sa chlár éigeantach díothaithe dá bhforáiltear ►C3  in Airteagal 31(1) ◄ a chur i bhfeidhm maidir leis an ngalar liostaithe sin; nó

(b) 

clár éigeantach díothaithe a thionscnamh, i gcás nár cuireadh an clár díothaithe dá bhforáiltear in Airteagal 31(1) don ghalar liostaithe sin i bhfeidhm go fóill [de dheasca neamhláithreacht an ghalair sin nó saoirse ón ngalar roimhe sin agus más rud é go bhfuil gá le bearta maidir le hainmhithe fiáine chun leathadh an ghalair sin a rialú agus a chosc.

Airteagal 82

Bearta rialaithe galar maidir le galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 9(1) in ainmhithe fiáine

1.  
I gcás amhras a bheith ar údarás inniúil faoi ghalar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 9(1) a bheith ar ainmhithe fiáine nó i gcás ina ndeimhníonn sé go hoifigiúil go bhfuil galar liostaithe ar ainmhithe fiáine agus i gcás ina roghnaíonn an Ballstát atá buailte an galar i dtrácht a dhíothú agus ar an gcoinníoll go bhforáiltear bearta d'ainmhithe fiáine sa chlár roghnach díothaithe dá bhforáiltear in Airteagal 31(2) don ghalar liostaithe sin, cuirfidh an t-údarás inniúil na bearta rialaithe galar a leagtar síos sa chlár roghnach díothaithe sin i bhfeidhm i gcríoch iomlán an Bhallstáit, an limistéir nó an chreasa lena mbaineann, de réir mar is ábhartha don amhras nó don deimhniú oifigiúil sin.
2.  

Féadfaidh an t-údarás inniúil bearta rialaithe galar a ghlacadh de bhreis ar na bearta dá bhforáiltear i mír 1 ina bhféadfaí ceann amháin nó níos mó de na bearta a leagtar síos in Airteagail 53 go 69 a áirithiú agus beidh siad comhréireach leis an mbaol a bhaineann leis an ngalar liostaithe i dtrácht agus cuirfear an méid seo a leanas san áireamh:

(a) 

próifíl an ghalair;

(b) 

na hainmhithe fiáine atá buailte agus an baol go dtolgfaidh ainmhithe agus daoine na galair; agus

(c) 

tionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil.

3.  

I gcás dearbhú oifigiúil i leith ráig de ghalar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 9(1) in ainmhithe fiáine i mBallstát, i gcrios nó deighleog a fuair stádas saor ó ghalar i gcomhréir le hAirteagal 36 nó le hAirteagal 37, agus ionas nach gcaillfear an stádas sin, glacfaidh an t-údarás inniúil ceann amháin nó níos mó de na bearta a leagtar síos in Airteagal 53 go hAirteagal 69. Beidh na bearta sin comhréireach leis an riosca a bhaineann leis an ngalar liostaithe i dtrácht agus na nithe seo leanas á gcur san áireamh leo:

(a) 

próifíl an ghalair;

(b) 

na hainmhithe fiáine atá buailte agus an baol go dtolgfaidh ainmhithe agus daoine na galair;

(c) 

ábharthacht láithreacht an ghalair i measc ainmhithe fiáine a mhéid a bhaineann le staid shláinte na n-ainmhithe ar coimeád; agus

(d) 

tionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil.



Roinn 5

Comhordú ag an gcoimisiún agus rialacha speisialta sealadacha faoi rialú galar

Airteagal 83

Bearta a chomhordú ag an gCoimisiún agus rialacha speisialta sealadacha maidir le Roinn 1 go Roinn 4

1.  

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na nithe seo a leanas:

(a) 

na bearta rialaithe galar arna nglacadh ag a núdaráis inniúla i gcomhréir le h Airtegal 77(1), le h Airtegal 78, le h Airtegal 79 agus le h Airtegal 81 agus gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 76(2) i ndáil le galar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 9(1);

(b) 

na bearta rialaithe galar arna nglacadh ag a n-údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 77(1), Airteagal 78 agus Airteagal 80(1) agus Airteagal 82 agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 77(2) i ndáil le galar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 9(1).

2.  

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar staid an ghalair agus ar na bearta rialaithe galar arna nglacadh ag an údarás inniúil i gcomhréir leis an gCaibidil seo agus féadfaidh sé, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha ar leith maidir le bearta rialaithe galar a leagan síos ar feadh tréimhse teoranta ama i leith galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (b) nó i bpointe (c) d'Airteagal 9(1) in Airteagal 8(1)(b) agus (c), faoi choinníollacha atá iomchuí don staid eipidéimeolaíoch, sna cásanna seo a leanas:

(a) 

meastar nach bhfuil na bearta rialaithe galar sin arna nglacadh ag an údarás inniúil i dtrácht oiriúnach don staid eipidéimeolaíoch;

(b) 

is dealraitheach go bhfuil an galar liostaithe sin ag leathadh in ainneoin na mbeart rialaithe galar arna nglacadh i gcomhréir leis an gCaibidil seo, nuair is ábhartha.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

3.  
Ar mhórchúiseanna práinne ar tugadh bonn cirt cuí leo a bhaineann le galar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (b) nó i bpointe (c) d'Airteagal 9(1) ar riosca atá ag teacht chun cinn é agus tionchar an-suntasach ag gabháil leis, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 266(3).



CUID IV

CLÁRÚ, FORMHEAS, INRIANAITHEACHT AGUS GLUAISEACHTAÍ



TEIDEAL I

AINMHITHE TALÚN, TÁIRGÍ GEIRMEACHA AGUS TÁIRGÍ DE BHUNADH AINMHÍOCH Ó AINMHITHE TALÚN



CAIBIDIL 1

Clárú, formheas, taifead a choimeád agus cláir



Roinn 1

Bunaíochtaí agus cineálacha áirithe oibreoirí a chlárú

Airteagal 84

An oibleagáid ar oibreoirí bunaíochtaí a chlárú

1.  

Déanfaidh oibreoirí bunaíochtaí a choimeádann ainmhithe talún nó a bhailíonn, a tháirgeann, a phróiseálann nó a stórálann táirgí geirmeacha na gníomhartha seo a leanas, chun go mbeidh a mbunaíochtaí cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 93, sula dtosóidh siad ar na gníomhaíochtaí sin:

(a) 

an t-údarás inniúil a chur ar an eolas faoi aon bhunaíocht den sórt sin atá faoina cúram;

(b) 

soláthróidh siad faisnéis don údarás inniúil maidir leis an méid a leanas:

(i) 

ainm agus seoladh an oibreora lena mbaineann;

(ii) 

suíomh na bunaíochta agus tuairisc ar a saoráidí;

(iii) 

catagóirí, speicis agus líonta nó cainníochtaí ainmhithe talún ar coimeád nó táirgí geirmeacha a bhfuil sé ar intinn acu iad a choinneáil sa bhunaíocht agus toilleadh na bunaíochta;

(iv) 

an cineál bunaíochta; agus

(v) 

aon ghnéithe eile den bhunaíocht atá ábhartha agus chun críche an riosca a bhaineann leis an mbunaíocht a chinneadh.

2.  

Cuirfidh oibreoirí bunaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 an t-údarás inniúil ar an eolas sna cásanna a leanas:

(a) 

aon athruithe sa bhunaíocht i dtrácht maidir leis na hábhair dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1;

(b) 

aon scor gníomhaíochtaí ag an oibreoir nó ag an ngníomhaíocht lena mbaineann.

3.  
Ní bheidh sé de cheanglas ar bhunaíochtaí atá faoi réir formheas i gcomhréir le hAirteagal 94(1) an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thabhairt.

Airteagal 85

Maoluithe ón oibleagáid ar oibreoirí na bunaíochtaí a chlárú

De mhaolú ar Airteagal 84(1), féadfaidh na Ballstáit díolúine ón gceanglas maidir le clárú a thabhairt do chatagóirí áirithe bunaíochtaí a mbaineann riosca neamhshuntasach leo, amhail dá bhforáiltear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 86(2). Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le díolúintí den sórt sin.

Airteagal 86

Cumhachtaí cur chun feidhme maidir leis an oibleagáid ar oibreoirí na bunaíochtaí a chlárú

1.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis an bhfaisnéis nach mór d'oibreoirí a sholáthar chun críche an bhunaíocht a chlárú de réir amhail dá bhforáiltear in Airteagal 84(1), lena n-áirítear na teoranta ama faoina mbeidh orthu faisnéis den sórt sin sin a sholáthar.
2.  

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis na cineálacha bunaíochtaí a bhféadfadh na Ballstáit díolúine ón gceanglas maidir le clárú a thabhairt ina leith i gcomhréir le hAirteagal 85, bunaithe ar an méid seo a leanas:

(a) 

speicis, catagóirí agus líonta na n-ainmhithe talún ar coimeád agus na dtáirgí geirmeacha sa bhunaíocht i dtrácht agus acmhainn na bunaíochta sin;

(b) 

an cineál bunaíochta; agus

(c) 

gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád nó táirgí geirmeacha isteach sa bhunaíocht agus amach aisti.

3.  
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear san Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

Airteagal 87

Na hoibleagáidí clárúcháin ar iompróirí na gcrúbach atá ar coimeád agus gníomhartha tarmligthe

1.  

Déanfaidh iompróirí crúbach ar coimeád, atá ag gabháil d'aistriú na hainmhithe sin idir na Ballstáit nó idir Ballstát agus tríú tír, na gníomhartha seo a leanas chun go mbeidh siad cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 93, sula dtosóidh siad ar na gníomhaíochtaí sin:

(a) 

an t-údarás inniúil a chur ar an eolas faoina ngníomhaíocht;

(b) 

soláthróidh siad faisnéis don údarás inniúil sin maidir leis an méid a leanas:

(i) 

ainm agus seoladh an iompróra lena mbaineann;

(ii) 

catagóirí, speicis agus líonta na gcrúbach atá ar coimeád a bhfuil sé i gceist iad a aistriú;

(iii) 

an cineál iompair;

(iv) 

an modh iompair.

2.  

Cuirfidh iompróirí amhail dá dtagraítear i mír 1 an t-údarás inniúil ar an eolas sna cásanna seo a leanas:

(a) 

aon athruithe a bhaineann leis na hábhair dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1(b);

(b) 

aon scor na gníomhaíochta iompair.

3.  
Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis na rialacha dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo a fhorlíonadh, i ndáil leis an oibleagáid atá ar chineálacha eile iompróirí a mbaineann baoil shuntasacha ar leith lena gníomhaíocht iompair do speicis nó do chatagóirí ainmhithe áirithe, an fhaisnéis a chur ar fáil chun a ngníomhaíocht a chlárú.

Airteagal 88

Maoluithe ón oibleagáid atá ar iompróirí crúbach ar coimeád maidir le clárúchán

De mhaolú ar Airteagal 87(1), féadfaidh na Ballstáit díolúine ón gceanglas maidir le clárú a thabhairt do chatagóirí áirithe iompróirí a mbaineann baol neamhshuntasach leo, amhail dá bhforáiltear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89(2). Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le díolúintí den sórt sin.

Airteagal 89

Cumhachtaí cur chun feidhme maidir leis an oibleagáid chlárúcháin atá ar iompróirí

1.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis an bhfaisnéis nach mór d'iompróirí a chur ar fáil chun críche a ngníomhaíochtaí amhail dá bhforáiltear in Airteagal 87(1) agus (3) a chlárú, lena n-áirítear na teorainneacha ama faoina mbeidh orthu an fhaisnéis sin a sholáthar.
2.  

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis na cineálacha iompróirí a bhféadfadh na Ballstáit díolúine ón gceanglas um chlárú a thabhairt ina leith i gcomhréir le hAirteagal 86, ar bhonn an méid seo a leanas:

(a) 

na faid a iompraíonn siad na crúbacha i dtrácht; agus

(b) 

catagóirí, speicis agus líonta na gcrúbach a iompraíonn siad.

3.  
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear san Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

Airteagal 90

An oibleagáid maidir le clárúchán atá ar oibreoirí a dhéanann oibríochtaí bailiúcháin atá neamhspleách ar bhunaíocht

1.  

Déanfaidh oibreoirí a dhéanann oibríochtaí bailiúcháin i gcás crúbach agus éanlaithe clóis ar coimeád, neamhspleách ar bhunaíocht, lena n-áirítear oibreoirí a cheannaíonn agus a dhíolann ainmhithe go díreach nó go hindíreach, faisnéis a chur ar fáil don údarás inniúil maidir leis an méid seo a leanas, chun go mbeidh siad cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 93, sula dtosóidh siad ar a ngníomhaíochtaí:

(a) 

ainm agus seoladh an oibreora lena mbaineann;

(b) 

speicis agus catagóirí na gcrúbach agus na n-éanlaithe clóis ar coimeád a chumhdaítear lena ngníomhaíocht.

2.  

Cuirfidh oibreoirí amhail dá dtagraítear i mír 1 an t-údarás inniúil ar an eolas sna cásanna seo a leanas:

(a) 

aon athruithe a bhaineann leis na hábhair dá dtagraítear i mír 1;

(b) 

aon scor gníomhaíochta ag an oibreoir lena mbaineann.

Airteagal 91

Maoluithe ón oibleagáid maidir le clárúchán atá ar oibreoirí a dhéanann oibríochtaí bailiúcháin

De mhaolú ar Airteagal 90(1), féadfaidh na Ballstáit díolúine ón gceanglas maidir le clárú a thabhairt do chatagóirí áirithe oibreoirí a dhéanann oibríochtaí bailiúcháin agus a mbaineann riosca neamhshuntasach leo, de réir amhail dá bhforáiltear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 92(2). Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le díolúintí den sórt sin.

Airteagal 92

Cumhachtaí cur chun feidhme i ndáil leis an oibleagáid chlárúcháin atá ar oibreoirí a dhéanann oibríochtaí bailiúcháin

1.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis an bhfaisnéis nach mór d'oibreoirí a sholáthar chun críche an chláraithe amhail dá bhforáiltear in Airteagal 90(1), lena n-áirítear na teorainneacha ama faoina mbeidh orthu an fhaisnéis sin a sholáthar.
2.  
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis na cineálacha oibreoirí a bhféadfadh na Ballstáit díolúine ón gceanglas maidir le clárú a thabhairt ina leith i gcomhréir le hAirteagal 91, ar an gcoinníoll go mbaineann riosca neamhshuntasach lena ngníomhaíocht agus bunaithe ar speicis, ar chatagóirí agus líonta na n-ainmhithe talún ar coimeád a chumhdaítear lena ngníomhaíocht.
3.  
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear san Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

Airteagal 93

An oibleagáid atá ar an údarás inniúil maidir le clárú

Déanfaidh údarás inniúil iad seo a leanas a chlárú:

(a) 

bunaíochtaí atá sa chlár dá bhforáiltear in Airteagal 101(1), i gcás inar chuir an t-oibreoir lena mbaineann an fhaisnéis a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 84(1) ar fáil;

(b) 

iompróirí atá sa chlár dá bhforáiltear in Airteagal 101(1), i gcás inar chuir an t-iompróir lena mbaineann an fhaisnéis a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 87(1) ar fáil;

(c) 

oibreoirí a dhéanann oibríochtaí bailiúcháin neamhspleách ar bhunaíocht, atá sa chlár dá bhforáiltear in Airteagal 101(1), i gcás inar chuir an t-oibreoir lena mbaineann an fhaisnéis a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 90(1) ar fáil.

Sannfaidh an t-údarás inniúil cláruimhir uathúil do gach bunaíocht, iompróir agus oibreoir amhail dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (c) den chéad mhír.



Roinn 2

Cineálacha áirithe bunaíochtaí a fhormheas

Airteagal 94

Cineálacha áirithe bunaíochtaí a fhormheas agus gníomhartha tarmligthe

1.  

Cuirfidh oibreoirí na gcineálacha bunaíochtaí seo a leanas iarratas ar fhormheas chuig an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 96(1) agus ní thosóidh siad ar a ngníomhaíochtaí go dtí go mbeidh a mbunaíocht formheasta i gcomhréir le hAirteagal 97(1):

(a) 

bunaíochtaí ina ndéantar oibríochtaí bailúcháin ar chrúbacha agus ar éanlaith chlóis, óna n-aistrítear na hainmhithe sin go Ballstát eile nó a fhaigheann ainmhithe ó Bhallstát eile;

(b) 

bunaíochtaí táirgí geirmeacha den speiceas buaibheach, den speiceas mucach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair agus den speiceas eachaí, óna n-aistrítear táirgí geirmeacha ó na hainmhithe sin go Ballstát eile;

(c) 

gorlanna, óna n-aistrítear uibheacha ar goradh nó éanlaith chlóis go Ballstát eile;

(d) 

bunaíochtaí ina gcoimeádtar éanlaith chlóis, óna n-aistrítear éanlaith chlóis a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun críocha seachas marú nó uibheacha ar goradh go Ballstát eile;

(e) 

aon chineál eile bunaíochta ina gcoimeádtar ainmhithe talún ar coimeád a mbaineann riosca suntasach leo agus a cheanglaítear í a fhormheas i gcomhréir le rialacha arna leagan síos i ngníomh tarmligthe agus arna nglacadh i gcomhréir le pointe (b) de mhír 3.

2.  

Stadfaidh oibreoirí de ghníomhaíocht a dhéanamh ag bunaíocht amhail dá dtagraítear i mír 1 sna cásanna seo a leanas:

(a) 

tarraingíonn an t-údarás inniúil siar a fhormheas nó cuireann sé ar fionraí é i gcomhréir le hAirteagal 100(2); nó

(b) 

sa chás gur tugadh formheas coinníollach i gcomhréir le hAirteagal 99(3), ní chomhlíonann an bhunaíocht i dtrácht na ceanglais neamhchomhlíonta dá dtagraítear in Airteagal 99(3) agus ní fhaigheann sí formheas deiridh i gcomhréir le hAirteagal 97(1).

3.  

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid a leanas:

(a) 

maoluithe ón gceanglas ar oibreoirí na gcineálacha bunaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) de mhír 1 iarratas ar fhormheas ón údarás inniúil a chur chuig an údarás inniúil, má bhaineann riosca neamhshuntasach leis na bunaíochtaí sin;

(b) 

na cineálacha bunaíochtaí nach mór a fhormheas i gcomhréir le pointe (e) de mhír 1;

(c) 

sainrialacha maidir le scor na ngníomhaíochtaí do bhunaíochtaí táirgí geirmeacha amhail dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1.

4.  

Nuair a ghlacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe amhail dá bhforáiltear i mír 3, bunóidh sé na gníomhartha sin ar na critéir seo a leanas:

(a) 

speicis agus catagóirí ainmhithe talún ar coimeád nó táirgí geirmeacha i mbunaíocht;

(b) 

catagóirí agus speicis ainmhithe talún ar coimeád nó táirgí geirmeacha á gcoinneáil i mbunaíocht;

(c) 

cineál na bunaíochta agus cineál an táirgthe; agus

(d) 

gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád nó táirgí geirmeacha isteach sna cineálacha sin bunaíochtaí agus amach astu.

Airteagal 95

Stádas bunaíochtaí comhdhúnta a fhormheas

Déanfaidh oibreoirí bunaíochtaí ar mian leo stádas bunaíochtaí teoranta a fháil an méid seo leanas:

(a) 

iarratas ar fhormheas a chur chuig an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 96(1);

(b) 

ainmhithe ar coimeád a aistriú isteach ina mbunaíocht nó aisti i gcomhréir leis na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 137(1) agus le haon ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 137(2) tar éis dá mbunaíocht formheas an stádais sin a fháil ón údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 97 agus Airteagal 99 agus an tráth sin amháin.

Airteagal 96

Oibleagáid ar oibreoirí faisnéis a thabhairt chun formheas agus gníomhartha cur chun feidhme a fháil

1.  

Chun críocha a n-iarratas ar fhormheas dá mbunaíocht amhail dá bhforáiltear in Airteagal 94(1) agus i bpointe (a) d'Airteagal 95, tabharfaidh oibreoirí faisnéis don údarás inniúil maidir leis an fhaisnéis seo a leanas:

(a) 

ainm agus seoladh an oibreora lena mbaineann;

(b) 

suíomh na bunaíochta lena mbaineann agus cur síos ar a saoráidí;

(c) 

catagóirí, speicis agus líon na n-ainmhithe talún ar coimeád nó na dtáirgí geirmeacha is ábhartha don fhormheas a choinnítear sa bhunaíocht;

(d) 

an cineál bunaíochta;

(e) 

gnéithe sainiúla eile den bhunaíocht, a bhaineann lena saintréithe sonrachta atá ábhartha maidir leis an riosca, más ann dó, a bhaineann léi a chinneadh.

2.  

Cuirfidh oibreoirí bunaíochtaí amhail dá dtagraítear i mír 1 an t-údarás inniúil ar an eolas sna cásanna a leanas:

(a) 

aon athruithe sna bunaíochtaí a bhaineann leis na hábhair dá dtagraítear i bpointí (a), (b) nó (c) de mhír 1;

(b) 

aon scor gníomhaíochta ag an oibreoir nó ag an mbunaíocht lena mbaineann.

3.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis an bhfaisnéis nach mór d'oibreoirí a sholáthar san iarratas ar a mbunaíocht a fhormheas i gcomhréir le mír 1 agus na teorainneacha ama faoina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i bpointe (b) de mhír 2 le soláthar.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

Airteagal 97

Formheas a thabhairt agus coinníollacha maidir le bunaíochtaí a fhormheas agus gníomhartha tarmligthe

1.  

Ní thabharfaidh an t-údarás inniúil an formheas do bhunaíochtaí amhail dá bhforáiltear in Airteagal 94(1) agus i bpointe (a) d'Airteagal 95 ach sna cásanna seo a leanas:

(a) 

comhlíonann na bunaíochtaí sin na ceanglais seo a leanas, de réir mar is iomchuí, maidir le:

(i) 

coraintín, leithlisiú agus bearta bithshlándála eile agus na ceanglais dá bhforáiltear i bpointe (b) d'Airteagal 10(1) agus i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 10(2) á gcur san áireamh acu;

(ii) 

ceanglais faireachais amhail dá bhforáiltear in Airteagal 24 agus, más ábhartha do chineál na bunaíochta lena mbaineann agus an riosca a bhaineann leis, in Airteagal 25;

(iii) 

coinneáil taifead amhail dá bhforáiltear in Airteagal 102 agus Airteagal 103 agus na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 106 agus Airteagal 107;

(b) 

saoráidí agus trealamh a bheith ag an mbunaíocht ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(i) 

is leordhóthanach iad maidir le maolú go dtí leibhéal inghlactha an riosca go dtabharfar isteach agus go leathnóidh galair, agus cineál na bunaíochta lena mbaineann á chur san áireamh;

(ii) 

ina bhfuil toilleadh mór go leor i dtaca le líon na n-ainmhithe talún ar coimeád nó toirt na dtáirgí geirmeacha lena mbaineann;

(c) 

nach mbaineann riosca nach inghlactha leis an mbunaíocht maidir le leathadh galar, agus na bearta maolaithe riosca atá ar bun á gcur san áireamh;

(d) 

go bhfuil baill foirne atá oilte go leor do ghníomhaíocht na bunaíochta lena mbaineann;

(e) 

go bhfuil córas ar bun ag an mbunaíocht a chuireann ar chumas an oibreora lena mbaineann comhlíonadh phointe (a) go pointe (d) a léiriú don údarás inniúil.

2.  

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

coraintín, leithlisiú agus bearta bithshlándála eile amhail dá dtagraítear i bpointe (a)(i) de mhír 1;

(b) 

faireachas amhail dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) de mhír 1;

(c) 

saoráidí agus trealamh amhail dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1;

(d) 

freagrachtaí, inniúlacht agus sainoiliúint ball foirne agus tréidlianna amhail dá bhforáiltear i bpointe (d) de mhír 1 do ghníomhaíocht bunaíochtaí táirgí geirmeacha agus bunaíochtaí ina ndéantar oibríochtaí bailiúcháin ar chrúbacha agus ar éanlaith chlóis;

(e) 

an faireachán is gá don údarás inniúil a dhéanamh ar bhunaíochtaí táirgí geirmeacha agus bunaíochtaí ina ndéantar oibríochtaí bailiúcháin ar chrúbacha agus ar éanlaith chlóis.

3.  

Agus na rialacha atá le leagan síos sna gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear de bhun mhír 2 á suí ag an gCoimisiún, bunóidh sé na rialacha sin ar na hábhair seo a leanas:

(a) 

na rioscaí a bhaineann le gach cineál bunaíochta;

(b) 

speicis agus catagóirí na n-ainmhithe talún ar coimeád is ábhartha don fhormheas;

(c) 

an cineál táirgthe lena mbaineann;

(d) 

patrúin ghluaiseachta thipiciúla de chineál na bunaíochta agus speicis agus catagóirí na n-ainmhithe a choimeádtar sna bunaíochtaí sin.

Airteagal 98

Raon feidhme formheasa bunaíochtaí

Sonróidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas go sainráite san fhormheas a thabharfar do bhunaíocht de bhun Airteagal 97(1) i ndiaidh iarratas a cuireadh isteach i gcomhréir le hAirteagal 94(1) nó pointe (a) d'Airteagal 95:

(a) 

cé acu de na cineálacha bunaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 94(1), in Airteagal 95 agus sna rialacha a glacadh de bhun pointe (b) d'Airteagal 94(3) a mbaineann an formheas leo;

(b) 

cé acu de na speicis agus na catagóirí ainmhithe talún ar coimeád nó táirgí geirmeacha de na speisis sin a mbaineann an formheas leo.

Airteagal 99

Nósanna imeachta maidir le formheas a dheonú ag an údarás inniúil

1.  
Cuirfidh an t-údarás inniúil nósanna imeachta ar bun a mbeidh ar oibreoirí iad a leanúint agus iad ag cur iarratais isteach ar fhormheas a mbunaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 94(1), Airteagal 95 nó Airteagal 96(1).
2.  
I ndiaidh dóibh iarratas ar fhormheas a fháil ó oibreoir, tabharfaidh an t-údarás inniúil cuairt ar an suíomh i gcomhréir le hAirteagal 94(1) nó le pointe (a) d'Airteagal 95.
3.  
Tabharfaidh an t-údarás inniúil an formheas, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 97 agus i mír (1) agus i mír (2) den Airteagal seo.
4.  
Nuair nach gcomhlíonann bunaíocht na ceanglais uile le haghaidh formheasa amhail dá dtagraítear in Airteagal 97, féadfaidh an t-údarás inniúil formheas coinníollach a thabhairt do bhunaíocht más léir, ar bhonn an iarratais ón oibreoir lena mbaineann agus na cuairte a tugadh ar an suíomh tar éis chur isteach an iarratais de réir amhail dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo, go gcomhlíonann an bhunaíocht na príomhcheanglais uile lena soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha nach nach bhfuil riosca suntasach ag baint leis an mbunaíocht.
5.  
I gcás inar thug an t-údarás inniúil formheas coinníollach i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo, ní thabharfaidh sé formheas iomlán ach i gcás inar cosúil ar bhonn torthaí cuairte eile ar shuíomh na bunaíochta, a tugadh faoi cheann trí mhí ón dáta a tugadh formheas coinníollach, nó ar cosúil ó dhoiciméadacht a thug an t-oibreoir faoi cheann trí mhí ón dáta sin coinníollach, go gcomhlíonann an bhunaíocht na ceanglais formheasa uile dá bhforáiltear in Airteagal 97(1) agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 97(2).

I gcás inar léir ón gcuairt ar an suíomh nó ón doiciméadacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír go ndearnadh dul chun cinn soiléir ach nach gcomhlíonann an bhunaíocht na ceanglais sin uile fós, féadfaidh an t-údarás inniúil síneadh a chur leis an bhformheas coinníollach. Ní thabharfar tréimhse iomlán formheasa coinníollaigh atá níos faide ná sé mhí ina iomláine, áfach.

Airteagal 100

Formheas á athbhreithniú, á chur ar fionraí agus á tharraingt siar ag an údarás inniúil

1.  
Déanfaidh an t-údarás inniúil athbhreithniú leantach ar gach formheas ar bhunaíocht arna tabhairt i gcomhréir le hAirteagal 97 agus Airteagal 99, ag eatraimh iomchuí ar bhonn an riosca lena mbaineann.
2.  
I gcás ina sainaithníonn údarás inniúil easnaimh thromchúiseacha i mbunaíocht maidir leis na ceanglais a chomhlíonadh a leagtar síos in Airteagal 97(1) agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 97(2) agus nach féidir le hoibreoir na bunaíochta sin ráthaíochtaí leordhóthanacha a thabhairt go ndéanfar na heasnaimh sin a dhíothú, cuirfidh an t-údarás inniúil sin nósanna imeachta ar bun chun formheas na bunaíochta sin a tharraingt siar.

Os a choinne sin, féadfaidh an t-údarás inniúil formheas na bunaíochta a chur ar fionraí seachas an fhormheas a tharaingt siar i gcás inar féidir leis an oibreoir ráthaíocht a thabhairt go réiteoidh sé na heasnaimh sin laistigh de thréimhse réasúnta.

3.  
Tabharfar formheas i ndiaidh tarraingt siar nó athshlánónfar éi ndiaidh cur ar fionraí i gcomhréir le mír 2 sa chás go bhfuil an t-údarás inniúil sásta go gcomhlíonann an bhunaíocht ceanglais uile an Rialacháin seo go hiomlán, arb oiriúnach iad don chineál sin bunaíochta agus sa chás sin amháin.



Roinn 3

Cláir an údaráis inniúil

Airteagal 101

Cláir atá le coinneáil ag an údarás inniúil

1.  

Bunóidh gach údarás inniúil agus coinneoidh sé cothrom le dáta cláir don méid a leanas:

(a) 

na bunaíochtaí agus na hoibreoirí uile atá cláraithe leis de bhun Airteagal 93;

(b) 

na bunaíochtaí uile arna bhformheas aige i gcomhréir le hAirteagal 97 agus Airteagal 99.

Cuirfidh sé na cláir dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) den chéad fhomhír ar fáil don Choimisiún d'údaráis inniúla na mBallstát eile a mhéid is ábhartha do ghluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád agus táirgí geirmeacha díobh idir na Ballstáit.

Cuirfidh sé an clár de bhunaíochtaí formheasta amhail dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír ar fáil don phobal a mhéid atá an fhaisnéis ann ábhartha do ghluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád agus táirgí geirmeacha díobh idir na Ballstáit.

2.  
Más iomchuí agus más ábhartha, féadfaidh an t-údarás inniúil an clárú dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 agus an formheas dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1 a chur le chéile le clárú chun críoch eile.
3.  
Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an bhfaisnéis shonrach atá le háireamh sa chláir dá bhforáiltear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1, agus an rochtain phoiblí ar an gclár dá bhforáiltear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1.



Roinn 4

Taifid a choinneáil

Airteagal 102

Na hoibleagáidí coinneála taifeadta atá ar oibreoirí bunaíochtaí seachas bunaíochtaí táirgí geirmeacha

1.  

oibreoirí bunaíochtaí atá faoi réir cheanglas an chláraithe i gcomhréir le hAirteagal 93, nó faoi réir formheas i gcomhréir le hAirteagal 97(1) coinneoidh siad agus cothabhálfaidh siad taifid ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

(a) 

speicis, catagóirí, líon agus, i gcás inarb infheidhme, aitheantas ainmhithe talún ar coimeád in a mbunaíocht;

(b) 

gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád isteach ina mbunaíocht agus amach aisti, a shonrú mar is cuí:

(i) 

a n-áit tionscnaimh nó a gceann scríbe;

(ii) 

dátaí gluaiseachtaí den sórt sin;

(c) 

na doiciméid a cheanglaítear a bheith ag gabháil le hainmhithe talún ar coimeád agus iad ag sroicheadh na bunaíochta nó á fágáil i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagail 112, 113(1), pointe (c) d'Airteagal 114(1), pointe (b) d'Airteagal 115, pointe (b) d'Airteagal 117, Airteagal 143(1) agus (2), Airteagal 164(2) agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 118 agus Airteagal 120 agus i bpointe (b) agus i bpointe (c) d'Airteagal 141(1);

(d) 

ráta báis ainmhithe talún ar coimeád in a mbunaíocht;

(e) 

bearta bithshlándála, faireachas, cóireálacha, torthaí tástála agus faisnéis ábhartha eile atá oiriúnach don méid seo a leanas:

(i) 

speicis agus catagóirí na n-ainmhithe talún ar coimeád ar an mbunaíocht;

(ii) 

an cineál táirgthe;

(iii) 

cineál agus méid na bunaíochta;

(f) 

na torthaí ar aon chuairt sláinte ainmhithe a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 25(1).

Déanfar na taifid a choinneáil agus a choimeád ar bun i bhfoirm páipéir nó i bhfoirm leictreonach.

2.  
Bunaíochtaí a mbaineann riosca íseal leo maidir le leathadh galar liostaithe nó galar atá ag teacht chun cinn, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann iad a dhíolmhú ón gceanglas taifid a choinneáil ar an bhfaisnéis uile nó ar chuid den fhaisnéis a liostaítear i mír 1.
3.  

Coinneoidh oibreoirí bunaíochtaí na taifid dá bhforáiltear i mír 1 agus i mír 2 ar a mbhunaíocht lena mbaineann agus:

(a) 

cuirfidh siad ar fáil don údarás inniúil láithreach iad má iarrtar é sin orthu;

(b) 

coinneoidh siad iad ar feadh íostréimhse atá le leagan síos ag an údarás inniúil, arb íostréimhse í nach féidir a bheith níos lú ná trí bliana.

4.  

De mhaolú ar mhír 3, féadfar oibreoirí a dhíolmhú ón oibleagáid chun taifid a choinneáil ar roinnt nó gach ceann de na hábhair dá bhforáiltear i mír 1, sna cásanna seo a leanas:

(a) 

nuair atá rochtain ag an oibreoir lena mbaineann ar an mbunachar sonraí ríomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 109 do na speicis ábhartha agus i gcás ina bhfuil an fhaisnéis atá le háireamh sna taifid sa bhunachar sonraí cheana; agus

(b) 

nuair atá an fhaisnéis nuashonraithe a chuirtear go díreach isteach sa bhunachar sonraí ríomhaireachta ag an oibreoir lena mbaineann.

Airteagal 103

Oibleagáidí bunaíochtaí táirgí geirmeacha maidir le taifid a choinneáil

1.  

Coinneoidh agus cothabhálfaidh oibreoirí bunaíochtaí táirgí geirmeacha ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad:

(a) 

pór, aois, aitheantas agus stádas sláinte ainmhithe bronntacha a úsáidtear chun táirgí geirmeacha a tháirgeadh;

(b) 

am agus áit bailiúcháin, agus próiseála agus stórála táirgí geirmeacha a bhailítear, a tháirgtear nó a phróiseáiltear;

(c) 

aitheantas na dtáirgí geirmeacha maille le sonraí i ndáil lena gceann scríbe, más eol;

(d) 

na doiciméid a cheanglaítear a bheith ag gabháil le táirgí geirmeacha agus iad ag sroicheadh na bunaíochta i dtrácht nó á fágáil i gcomhréir le hAirteagal 162 agus Airteagal 164(2) agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 162(3) agus (4);

(e) 

(da) i gcás inarb ábhartha, torthaí na dtástálacha cliniciúla agus saotharlainne;

(f) 

teicnící saotharlainne a úsáidtear.

2.  
Bunaíochtaí a mbaineann riosca íseal leo maidir le leathadh galar liostaithe nó galar atá ag teacht chun cinn, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann iad a dhíolmhú ón gceanglas taifid a choinneáil ar an bhfaisnéis uile nó ar chuid den fhaisnéis a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo.
3.  

Coinneoidh oibreoirí bunaíochtaí táirgí geirmeacha na taifid dá bhforáiltear i mír 1 agus i mír 2 ar a mbunaíocht agus:

(a) 

cuirfidh siad ar fáil don údarás inniúil láithreach iad má iarrtar é sin orthu;

(b) 

coinneoidh siad iad ar feadh íostréimhse atá le leagan síos ag an údarás inniúil, arb íostréimhse í nach féidir a bheith níos lú ná trí bliana.

Airteagal 104

Taifid á gcoinneáil maidir le hoibleagáidí iompróirí

1.  

Coinneoidh agus cothabhálfaidh iompróirí taifid ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

(a) 

na bunaíochtaí ar thug siad cuairt orthu;

(b) 

catagóirí, speicis agus líon na n-ainmhithe talún ar coimeád, a iompraíonn siad;

(c) 

ní, dífhabhtú agus dímhíolú an mhodha iompair;

(d) 

sonraí na ndoiciméad a ghabhann leis na hainmhithe i dtrácht, lena n-áirítear a n-uimhir doiciméid.

Déanfar na taifid a choimeád agus a choinneáil ar bun i bhfoirm páipéir nó i bhfoirm leictreonach.

2.  
Iompróirí a mbaineann riosca íseal leo maidir le leathadh galar liostaithe nó galar atá ag teacht chun cinn, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann iad a dhíolmhú ón gceanglas taifid a choinneáil ar an bhfaisnéis uile nó ar chuid den fhaisnéis a liostaítear i mír 1.
3.  

Coinneoidh iompróirí na taifid dá bhforáiltear i mír 1 agus i mír 2:

(a) 

ar dhóigh den sórt sin lenar féidir iad a chur ar fáil láithreach don údarás inniúil arna iarraidh sin dó;

(b) 

coinneoidh siad iad ar feadh íostréimhse a bheidh le leagan síos ag an údarás inniúil, arb íostréimhse í nach féidir a bheith níos lú ná trí bliana.

Airteagal 105

Na hoibleagáidí atá ar oibreoirí a bhíonn ag gabháil d'oibríochtaí bailiúcháin maidir le taifid a choinneáil

1.  

Oibreoirí a bhíonn ag gabháil d'oibríochtaí bailiúcháin faoi réir clárú i gcomhréir le hAirteagal 93, coinneoidh siad agus cothabhálfaidh siad taifid ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

(a) 

speicis, catagóirí, líonta agus aitheantas na n-ainmhithe talún ar coimeád atá faoina gcúram;

(b) 

gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád atá faoina gcúram, a shonrú mar is cuí:

(i) 

a n-áit tionscnaimh nó a gceann scríbe;

(ii) 

dátaí gluaiseachtaí den sórt sin;

(c) 

na doiciméid a cheanglaítear a bheith ag gabháil le hainmhithe talún ar coimeád a tugadh faoina gcúram i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 112, pointe (b) d'Airteagal 113(1), pointe (c) d'Airteagal 114(1); pointe (b) d'Airteagal 115, pointe (b) d'Airteagal 117, Airteagal 143(1) agus (2), Airteagal 164(2) agus aon rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 118 agus Airteagal 120 agus pointe (b) agus (c) d'Airteagal 144(1);

(d) 

mortlaíocht ainmhithe talún ar coimeád atá faoina gcúram; agus

(e) 

bearta bithshlándála, faireachas, cóireálacha, torthaí tástála agus faisnéis ábhartha eile atá oiriúnach do na speicis agus catagóirí ainmhithe ar coimeád atá faoina gcúram.

Déanfar na taifid a choimeád agus a choinneáil ar bun i bhfoirm páipéir nó i bhfoirm leictreonach.

2.  
oibreoirí a mbaineann riosca íseal lena ngníomhaíochtaí maidir le leathadh galar liostaithe nó galar atá ag teacht chun cinn, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann iad a dhíolmhú ón gceanglas taifid a choinneáil ar an bhfaisnéis uile nó ar chuid den fhaisnéis a liostaítear i mír 1.
3.  

Déanfaidh oibreoirí mar a leanas:

(a) 

na taifid dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil don údarás inniúil má iarrann sé é sin;

(b) 

na taifid sin a choinneáil ar feadh íostréimhse atá le leagan síos ag an údarás inniúil, ach nach bhféadfaidh bheith faoi bhun trí bliana.

Airteagal 106

Cumhachtaí a tharmligean maidir le taifid a choinneáil

1.  

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le rialacha lena bhforlíontar na ceanglais choinneála taifid dá bhforáiltear in Airteagail 102,103, 104 agus 105 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) 

faisnéis atá le taifeadadh sa bhreis ar an méid dá bhforáiltear in Airteagail 102(1), 103(1), 104(1) agus 105(1);

(b) 

ceanglais bhreise maidir le taifid a choinneáil ar tháirgí geirmeacha arna mbailiú, nó arna bpróiseáil i mbunaíocht táirgí geirmeacha, tar éis don bhunaíocht sin a gníomhaíochtaí a stopadh.

2.  

Agus na rialacha atá le leagan síos i ngníomhartha tarmligthe amhail dá bhforáiltear i mír 1 á socrú ag an gCoimisiún, bunóidh sé iad ar na hábhair seo a leanas:

(a) 

na rioscaí atá le gach cineál bunaíochta nó gníomhaíochta;

(b) 

speicis agus catagóir na n-ainmhithe talún ar coimeád nó na dtáirgí geirmeacha sa bhunaíocht lena mbaineann nó atá á n-iompar isteach sna bunaíochtaí sin nó amach astu;

(c) 

cineál an táirgthe sa bhunaíocht nó cineál na gníomhaíochta;

(d) 

patrúin ghluaiseachta thipiciúla agus catagóirí na n-ainmhithe lena mbaineann;

(e) 

líon na n-ainmhithe talún ar coimeád nó toirt na dtáirgí geirmeacha atá faoi chúram an oibreora lena mbaineann.

Airteagal 107

Cumhachtaí cur chun feidhme i dtaca le díolúintí ó na ceanglais maidir le taifead a choinneáil

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis na cineálacha bunaíochta agus oibreoirí a fhéadfaidh na Ballstáit a dhíolmhú ó na ceanglais maidir le taifead a choinneáil dá bhforáiltear in Airteagail 102, 103, 104 agus 105 i dtaca leis an méid a leanas

(a) 

bunaíochtaí a choimeádann nó oibreoirí a láimhseálann nó a iompraíonn líon beag ainmhithe talún ar coimeád nó méid beag nó líon beag táirgí geirmeacha;

(b) 

speicis nó catagóirí ainmhithe talún ar coimeád nó táirgí geirmeacha.

Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh ag an gCoimisiún, bunóidh sé na gníomhartha sin ar na critéir a leagtar síos in Airteagal 106(2).

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).



CAIBIDIL 2

Ceanglais inrianaitheachta i gcás ainmhithe talún ar coimeád agus táirgí geirmeacha



Roinn 1

Ainmhithe talún ar coimeád

Airteagal 108

Freagracht na mBallstát maidir le córas a chur ar bun chun ainmhithe talún ar coimeád a shainaithint agus a chlárú

1.  
Beidh córas ar bun ag Ballstáit le haghaidh speiceas d'ainmhithe talún ar coimeád a shainaithint agus a chlárú, ar speicis iad a n-éilíonn an Rialachán seo agus ag aon rialacha a glacadh dá bhun córas den chineál sin a bheith ar bun lena n-aghaidh. Más cuí, forálfar le córas den sórt sin, go ndéanfar gluaiseachtaí ainmhithe den sórt sin a thaifeadadh.
2.  

Agus an córas dá dtagraítear i mír 1 á chur ar bun, cuirfidh Ballstáit an méid a leanas san áireamh:

(a) 

speicis nó catagóirí ainmhithe talún ar coimeád lena mbaineann;

(b) 

an riosca atá leis an speiceas sin nó leis an gcatagóir sin.

3.  

Ar na heilimintí a bheidh sa chóras dá bhforáiltear i mír 1 beidh:

(a) 

na modhanna lena sainaithneofar ainmhithe talún ar coimeád ina n-aonar nó i ngrúpaí;

(b) 

doiciméid aitheantais, doiciméid ghluaiseachta agus doiciméid eile le haghaidh ainmhithe talún ar coimeád a shainaithint agus a rianú amhail dá dtagraítear in Airteagal 110;

(c) 

taifid a bheidh cothrom le dáta amhail dá bhforáiltear i bpointe (a) agus (b) d'Airteagal 102(1);

(d) 

bunachar sonraí ríomhaireachta d'ainmhithe talún ar coimeád amhail dá bhforáiltear in Airteagal 109(1).

4.  

Beidh an córas dá bhforáiltear i mír 1 deartha ionas:

(a) 

go n-áiritheofar go gcuirfear i bhfeidhm go héifeachtúil cosc galar agus bearta rialaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

(b) 

go n-éascófar inrianaitheacht ainmhithe talún ar coimeád agus a ngluaiseachtaí laistigh de na Ballstáit agus eatarthu agus a dteacht isteach san Aontas;

(c) 

go n-áiritheofar go mbeidh idir-inoibritheacht, comhtháthú agus comhoiriúnacht eilimintí an chórais sin éifeachtúil;

(d) 

go n-áiritheofar go mbeidh an córas, a mhéid is cuí, oiriúnaithe do na nithe seo a leanas:

(i) 

an córas faisnéise ríomhairithe le haghaidh fhógairt agus thuairisciú an Aontais dá bhforáiltear in Airteagal 22;

(ii) 

TRACES;

(e) 

go n-áiritheofar go mbeidh cur chuige comhleanúnach ann maidir leis na hainmhithe a chumhdóidh an córas.

5.  

Féadfaidh na Ballstáit, más cuí:

(a) 

an córas dá bhforáiltear i mír 1 a úsáid ina iomláine nó cuid de a úsáid chun críoch seachas na críocha dá dtagraítear i bpointe (a) agus (b) de mhír 4;

(b) 

na doiciméid aitheantais, na doiciméid ghluaiseachta agus doiciméid eile dá dtagraítear in Airteagal 110 a chomhtháthú le deimhnithe sláinte ainmhithe nó le doiciméid féindearbhúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 143(1) agus (2) agus Airteagal 151(1) agus le rialacha arna nglacadh de bhun phointe (b) agus pointe (c) d'Airteagal 144(1) agus Airteagal 151(3) agus(4);

(c) 

údarás eile a ainmniú nó comhalta eile nó duine nádúrtha a údarú le haghaidh chun a áirithiú go ndéantar an córas sainaitheanta agus clárúcháin dá bhforáiltear i mír 1 a chur i bhfeidhm go praiticiúil, lena n-áirítear doiciméid aitheantais a eisiúint agus samhlacha a dhréachtú amhail dá bhforáiltear i bpointe (a), pointe (b), agus pointe (c) d'Airteagal 110(1).

Airteagal 109

Oibleagáid ar na Ballstáit bunachar sonraí ríomhaireachta ainmhithe talún ar coimeád a chur ar bun

1.  

Cuirfidh na Ballstáit ar bun agus cothabhálfaidh siad bunachar sonraí ríomhaireachta chun na nithe seo a leanas ar a laghad a thaifeadadh:

(a) 

an fhaisnéis seo a leanas maidir le hainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach:

(i) 

a n-aitheantas aonair amhail dá bhforáiltear i bpointe (a) d'Airteagal 112;

(ii) 

na bunaíochtaí a choimeádann iad;

(iii) 

a ngluaiseachtaí isteach sna bunaíochtaí agus amach astu;

(b) 

an fhaisnéis seo a leanas maidir le hainmhithe ar coimeád den speiceas caorach agus den speiceas gabhair:

(i) 

faisnéis maidir lena sainaithint amhail dá bhforáiltear i bpointe (a) d'Airteagal 113(1) agus líon na n-ainmhithe sa bhunaíocht a choimeádann iad;

(ii) 

na bunaíochtaí a choimeádann iad;

(iii) 

a ngluaiseachtaí isteach sna bunaíochtaí sin agus amach astu;

(c) 

an fhaisnéis seo a leanas maidir le hainmhithe ar coimeád den speiceas mucach:

(i) 

faisnéis maidir lena sainaithint amhail dá bhforáiltear in Airteagal 115 agus líon na n-ainmhithe sna bunaíochtaí a choimeádann iad;

(ii) 

na bunaíochtaí a choimeádann iad;

(iii) 

a ngluaiseachtaí isteach sna bunaíochtaí agus amach astu;

(d) 

an fhaisnéis seo a leanas maidir le hainmhithe ar coimeád den speiceas eachaí:

(i) 

a gcód uathúil amhail dá bhforáiltear in Airteagal 114;

(ii) 

an modh sainaitheanta dá bhforáiltear i bpointe (b) d'Airteagal 114(1), lena nasctar an t-ainmhí lena mbaineann leis an doiciméad aitheantais dá dtagraítear i bpointe (iii), más ábhartha;

(iii) 

na sonraí ábhartha aitheantais ón doiciméad aitheantais dá bhforáiltear i bpointe (c) d'Airteagal 114(1), mar a shocraítear sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 118 agus Airteagal 120;

(iv) 

na bunaíochtaí ina mbíonn na hainmhithe sin ar coimeád;

(e) 

faisnéis maidir le hainmhithe talún ar coimeád de speicis seachas na speicis dá dtagraítear i bpointe (a), (b), (c) agus (d) den mhír seo, má fhoráiltear dó sin i rialacha arna nglacadh de bhun mhír 2.

2.  

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le faisnéis a thaifeadadh i ndáil le speicis ainmhí seachas na speicis dá dtagraítear i bpointe (a), (b), (c) agus (d) de mhír 1 den Airteagal seo sa bhunachar sonraí ríomhaireachta dá bhforáiltear sa mhír sin más gá, mar gheall ar na rioscaí sonracha agus suntasacha a ghabhann leis na speicis sin, chun:

(a) 

a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go héifeachtúil cosc galar agus bearta rialaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

(b) 

inrianaitheacht ainmhithe talún ar coimeád agus a ngluaiseachtaí idir na Ballstáit agus a dteacht isteach san Aontas a éascú.

Airteagal 110

An oibleagáid ar an údarás inniúil maidir le doiciméid aitheantais, doiciméid ghluaiseachta agus doiciméid eile le haghaidh ainmhithe talún ar coimeád a shainaithint agus a rianú

1.  

Déanfaidh gach údarás inniúil an méid a leanas:

(a) 

doiciméid aitheantais a eisiúint maidir le hainmhithe talún ar coimeád má éilítear na doiciméid sin le pointe (c) d'Airteagal 114(1), agus le pointe (b) d'Airteagal 117 agus le rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 118 agus Airteagal 120;

(b) 

doiciméid aitheantais a eisiúint maidir le hainmhithe buaibheacha mar a éilítear le pointe (b) d'Airteagal 112, mura malartaíonn na Ballstáit sonraí go leictreonach le Ballstáit eile faoi chuimsiú chóras malartaithe leictreonaigh ón dáta a nglacann an Coimisiún leis go bhfuil an córas sin go hiomlán inoibritheach;

(c) 

samhlacha de dhoiciméid ghluaiseachta agus de dhoiciméid eile a dhréachtú lena bhféadfar ainmhithe talún ar coimeád a shainaithint agus a rianú, má cheanglaítear sin le pointe (b) d'Airteagal 113(1), le pointe (b) d'Airteagal 115 nó le pointe (b) d'Airteagal 117 agus le rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 118 agus Airteagal 120.

2.  
Tá pointe (b) de mhír (1) gan dochar do cheart Ballstát rialacha náisiúnta a ghlacadh maidir le pasanna a eisiúint i gcás ainmhithe nach bhfuil sé beartaithe iad a aistriú idir na Ballstáit.

Airteagal 111

Rochtain phoiblí ar fhaisnéis maidir le modhanna sainaitheanta

Tabharfaidh gach údarás inniúil faisnéis don Choimisiún agus cuirfidh sé an fhaisnéis sin ar fáil don phobal má bhaineann sí le:

(a) 

pointí teagmhála do na bunachair sonraí ríomhaireachta arna gcur ar bun ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 109(1);

(b) 

na húdaráis nó na comhaltaí a bheidh freagrach as doiciméid aitheantais, doiciméid gluaiseachta agus doiciméid eile a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 110, agus pointe (c) d'Airteagal 108(5) á chur san áireamh;

(c) 

na modhanna sainaitheanta atá le húsáid le haghaidh gach speicis agus catagóir d'ainmhithe talún ar coimeád i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 112 agus pointe (a) d'Airteagal 113 (1), Airteagal 114(1), pointe (a) d'Airteagal 115, pointe (a) d'Airteagal 117 agus le rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 118 agus Airteagal 120;

(d) 

an fhormáid a leagtar síos le haghaidh doiciméid aitheantais agus doiciméid eile dá dtagraítear in Airteagal 110 a eisiúint.

Airteagal 112

Oibleagáidí ar oibreoirí maidir le hainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach a shainaithint

Déanfaidh oibreoirí a choimeádann ainmhithe talún den speiceas buaibheach:

(a) 

a áirithiú go sainaithneofar go haonarach na hainmhithe ar coimeád sin trí mhodh fisiciúil sainaitheanta;

(b) 

a áirithiú go n-eiseoidh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe nó an comhlacht údaraithe doiciméad aitheantais do na hainmhithe ar coimeád sin nuair a aistrítear iad idir na Ballstáit, mura gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (b) dA'irteagal 110(1);

(c) 

a áirithiú gur fíor an méid a leanas maidir leis an doiciméad aitheantais:

(i) 

go gcoinneoidh an t-oibreoir lena mbaineann an doiciméad sin, go líonfaidh sé i gceart é agus go gcoinneoidh sé cothrom le dáta é; agus,

(ii) 

go ngabhfaidh an doiciméad sin leis na hainmhithe talún ar coimeád tráth a ngluaiseachta, nuair a cheanglaítear doiciméad den sórt sin le pointe (b);

(d) 

faisnéis maidir le gluaiseachtaí na n-ainmhithe ar coimeád sin ón mbunaíocht lena mbaineann agus isteach inti, agus breitheanna agus básanna uile sa bhunaíocht, a chur isteach sa bhunachar sonraí ríomhaireachta dá bhforáiltear in Airteagal 109(1).

Airteagal 113

Oibleagáidí ar oibreoirí maidir le hainmhithe ar coimeád den speiceas caorach agus den speiceas gabhair a shainaithint

1.  

Déanfaidh oibreoirí a choimeádann ainmhithe ar coimeád den speiceas caorach agus den speiceas gabhair:

(a) 

a áirithiú go sainaithneofar gach ceann de na hainmhithe ar coimeád sin trí mhodh fisiciúil sainaitheanta;

(b) 

a áirithiú go ngabhfaidh doiciméad gluaiseachta arna líonadh go cruinn agus atá bunaithe ar an tsamhail a dhréachtaigh an t-údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 104 leis na hainmhithe ar coimeád tráth a n-aistrítear iad laistigh den Bhallstát lena mbaineann ón mbunaíocht ina gcoimeádtar na hainmhithe sin;

(c) 

faisnéis maidir le gluaiseachtaí na n-ainmhithe ar coimeád sin ón mbunaíocht sin agus isteach inti a chur isteach sa bhunachar sonraí ríomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 109(1).

2.  

Féadfaidh na Ballstáit oibreoirí a dhíolmhú ón gceanglas maidir lena áirithiú go ngabhann doiciméid ghluaiseachta le hainmhithe ar coimeád den speiceas caorach agus den speiceas gabhair le linn iad laistigh dá gcríoch, ar choinníoll:

(a) 

go bhfuil an fhaisnéis atá sa doiciméad gluaiseachta ábhartha istigh sa bhunachar sonraí ríomhaireachta dá bhforáiltear in Airteagal 109(1);

(b) 

go dtugann an córas le haghaidh ainmhithe ar coimeád den speiceas caorach agus den speiceas gabhair a shainaithint agus a chlárú leibhéal inrianaitheachta is comhionann leis an leibhéal a áirithítear leis na doiciméid ghluaiseachta.

Airteagal 114

Oibleagáidí ar oibreoirí maidir le hainmhithe ar coimeád den speiceas eachaí a shainaithint

1.  

Déanfaidh oibreoirí a choimeádann ainmhithe ar coimeád den speiceas eachaí a áirithiú go sainaithneofar iad go haonarach leis na nithe seo a leanas:

(a) 

cód uathúil arna thaifeadadh sa bhunachar sonraí ríomhaireachta dá bhforáiltear in Airteagal 109(1);

(b) 

modh fisiciúil sainaitheanta nó modh eile a nascann go soiléir an t-ainmhí ar coimeád agus an doiciméad aitheantais dá bhforáiltear i bpointe (c) den mhír seo arna eisiúint ag an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 110;

(c) 

doiciméad aitheantais saolré aonair arna líonadh isteach i gceart.

2.  
Áiritheoidh oibreoirí ainmhithe ar coimeád den speiceas eachaí go ndéanfar faisnéis maidir le gluaiseachtaí na n-ainmhithe sin a chur isteach sa bhunachar sonraí ríomhaireachta dá bhforáiltear in Airteagal 109(1).

Airteagal 115

Oibleagáidí ar oibreoirí maidir le hainmhithe ar coimeád den speiceas mucach a shainaithint

Déanfaidh oibreoirí a choimeádann ainmhithe ar coimeád den speiceas mucach:

(a) 

a áirithiú go sainaithneofar na hainmhithe ar coimeád sin le modh fisiciúil sainaitheanta;

(b) 

a áirithiú go ngabhfaidh doiciméad gluaiseachta arna líonadh go cruinn agus atá bunaithe ar an tsamhail a dhréachtaigh an t-údarás inniúil i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 110(1) leis na hainmhithe ar coimeád sin tráth a n-aistrítear iad laistigh den Bhallstát lena mbaineann ón mbunaíocht ina gcoimeádtar na hainmhithe sin;

(c) 

faisnéis faoin mbunaíocht ina gcoimeádtar na hainmhithe sin a chur isteach sa bhunachar sonraí ríomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 109(1).

Airteagal 116

Maoluithe a bhaineann le gluaiseachtaí ainmhithe ar coimeád den speiceas mucach

De mhaolú ar phointe (b) d'Airteagal 115, féadfaidh Ballstáit oibreoirí a dhíolmhú ón gceanglas maidir lena áirithiú go ngabhann doiciméid ghluaiseachta arna líonadh isteach i gceart agus atá bunaithe ar an tsamhail a dhréachtaigh an t-údarás inniúil le hainmhithe ar coimeád den speiceas mucach i gcás gluaiseachtaí laistigh den Bhallstát lena mbaineann, ar choinníoll:

(a) 

go bhfuil an fhaisnéis atá i ndoiciméid ghluaiseachta den sórt sin istigh sa bhunachar sonraí ríomhaireachta arna chur ar bun ag an mBallstát sin i gcomhréir le hAirteagal 109(1);

(b) 

go dtugann an córas le haghaidh ainmhithe talún ar coimeád den speiceas mucach a shainaithint agus a chlárú leibhéal inrianaitheachta is comhionann leis siúd dá bhforáiltear le doiciméid ghluaiseachta den sórt sin.

Airteagal 117

Oibleagáidí ar oibreoirí maidir le hainmhithe talún ar coimeád seachas ainmhithe den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair, den speiceas mucach agus den speiceas eachaí a shainaithint

Áiritheoidh oibreoirí go gcomhlíonfaidh ainmhithe talún ar coimeád, seachas ainmhithe den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair, den speiceas mucach agus den speiceas eachaí, na ceanglais seo a leanas nuair a cheanglaítear sin leis na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 118 agus Airteagal 120:

(a) 

go sainaithneofar iad, go haonarach nó i ngrúpaí;

(b) 

go ngabhann doiciméid aitheantais, doiciméid ghluaiseachta nó doiciméid eile le haghaidh ainmhithe a shainaithint agus a rianú leo arna líonadh agus arna gcoinneáil cothrom le dáta, de réir mar is cuí i gcás an speicis ainmhithe lena mbaineann.

Airteagal 118

Cumhachtaí a tharmligean maidir le sainaithint agus clárú

1.  

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

ceanglais mhionsonraithe maidir leis na modhanna chun ainmhithe talún ar coimeád a shainaithint dá bhforáiltear i bpointe (a) d'Airteagal 112, pointe (b) d'Airteagal 113(1), in Airteagal 114(1), pointe (a) d'Airteagal 115 agus pointe (a) d'Airteagal 117, lena n-áirítear cur i bhfeidhm agus úsáid na modhanna sin;

(b) 

rialacha maidir leis an bhfaisnéis atá le bheith:

(i) 

sna bunachair sonraí dá bhforáiltear i bpointe (a) go pointe (d) d'Airteagal 109(1);

(ii) 

na doiciméid aitheantais agus na doiciméid ghluaiseachta dá bhforáiltear i bpointe (b) d'Airteagal 112, pointí (a) agus (b) d'Airteagal 113(1), pointe (c) d'Airteagal 114(1), agus pointe (b) d'Airteagal 115;

(c) 

na rialacha a bhaineann leis an malartú sonraí leictreonacha idir bunachair sonraí ríomhaireachta na mBallstát amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 110(1).

2.  

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

ceanglais mhionsonraithe maidir le modhanna malartacha agus na modhanna sainaitheantais leis na cinn dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír (1) den Airteagal seo, chomh maith le díolúintí agus forálacha speisialta maidir le catagóirí áirithe ainmhithe nó na cúinsí agus na coinníollacha a bhaineann le díolúintí den sórt sin;

(b) 

forálacha sonracha a áireofar sna doiciméid aitheantais agus sna doiciméid ghluaiseachta dá bhforáiltear i bpointe (b) d'Airteagal 112, i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 113(1), i bpointe (c) d'Airteagal 114(1), i bpointe (b) d'Airteagal 115 agus i bpointe (b) d'Airteagal 117 a ghabhfaidh leis na hainmhithe tráth a n-aistrítear iad;

(c) 

ceanglais mhionsonraithe maidir le sainaithint agus clárú na n-ainmhithe talún ar coimeád de speicis seachas an speiceas buaibheach, an speiceas caorach, ann speiceas gabhair, ann speiceas mucach agus ann speiceas eachaí, nuair is gá, ag cur san áireamh na rioscaí a bhaineann leis an speiceas lena mbaineann, chun an méid a leanas a dhéanamh:

(i) 

a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go héifeachtúil cosc galar agus bearta rialaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

(ii) 

go n-éascófar inrianaitheacht ainmhithe talún ar coimeád agus a ngluaiseachtaí laistigh de na Ballstáit agus eatarthu agus a dteacht isteach san Aontas;

(d) 

rialacha maidir leis an bhfaisnéis atá le bheith:

(i) 

sna bunachair sonraí dá bhforáiltear i bpointe (e) d'Airteagal 109(1);

(ii) 

sna ndoiciméad aitheantais agus sna doiciméad gluaiseachta dá bhforáiltear i bpointe (b) d'Airteagal 117.

(e) 

sna rialacha maidir le sainaithint agus clárú ainmhithe talún ar coimeád amhail dá dtagraítear in Airteagal 112 go hAirteagal 117 tar éis dóibh teacht isteach san Aontas.

3.  
Agus na rialacha atá le leagan síos i ngníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear san Airteagal seo á socrú ag an gCoimisiún, bunóidh sé iad ar na nithe dá bhforáiltear in Airteagal 119(2).

Airteagal 119

Cumhachtaí a tharmligean a bhaineann le maoluithe ó na ceanglais inrianaitheachta

1.  

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le maoluithe d'oibreoirí ó na ceanglais sainaitheanta agus chlárúcháin dá bhforáiltear in Airteagail 112, 113 agus 114 agus 115:

(a) 

i gcásanna nach gá ceann amháin nó níos mó de na heilimintí a liostaítear in Airteagal 108(3) chun na ceanglais a chomhlíonadh dá dtagraítear i bpointe (a) agus (b) d'Airteagal 108(4); agus

(b) 

i gcás ina ráthaítear le bearta inrianaitheachta eile ar bun sna Ballstáit nach ndéanfar dochar do leibhéal inrianaitheachta na n-ainmhithe i dtrácht,

chomh maith leis na bearta idirthréimhseacha is gá do chur i bhfeidhm praiticiúil maoluithe den sórt sin.

2.  

Agus na rialacha atá le leagan síos i ngníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear i mír 1 á socrú ag an gCoimisiún, bunóidh sé na rialacha sin ar nithe seo a leanas:

(a) 

catagóirí agus speicis ainmhithe talún ar coimeád lena mbaineann;

(b) 

na rioscaí atá leis na hainmhithe talún sin ar coimeád;

(c) 

líon na n-ainmhithe sna bunaíochtaí lena mbaineann;

(d) 

an cineál táirgthe sna bunaíochtaí sin ina gcoimeádtar na hainmhithe talún sin;

(e) 

patrúin ghluaiseachta na speiceas agus na gcatagóirí ainmhithe talún ar coimeád lena mbaineann;

(f) 

gnéithe de chosaint agus de chaomhnú speiceas ainmhithe talún ar coimeád lena mbaineann;

(g) 

feidhmíocht eilimintí inrianaitheachta eile den chóras sainaitheanta agus cláraithe ainmhithe talún ar coimeád dá dtagraítear in Airteagal 108(3).

Airteagal 120

Cumhachtaí cur chun feidhme a bhaineann le hinrianaitheacht ainmhithe talún ar coimeád

1.  

Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha:

(a) 

maidir le rochtain aonfhoirmeach ar na sonraí atá sna bunachair sonraí ríomhaireachta agus na sonraíochtaí teicniúla agus rialacha oibríochtúla na mbunachar sonraí ríomhaireachta dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) d'Airteagal 109(1);

(b) 

maidir leis na coinníollacha teicniúla agus na modúlachtaí a bhaineann le malartú sonraí leictreonacha idir bunachair sonraí ríomhaireachta na mBallstát agus aitheantas maidir le lán-inoibritheacht na gcóras malartaithe sonraí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 110(1).

2.  

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a ghlacadh:

(a) 

maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an córas sainaitheanta agus clárúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 108(1) maidir le speicis nó catagóirí éagsúla ainmhithe talún ar coimeád lena áirithiú go n-oibreoidh sé go héifeachtach;

(b) 

maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach phointe (c) d'Airteagal 108(5) maidir leis na comhlachtaí údaraithe nó na daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 108(5) agus do na coinníollacha faoina dtugtar ainmniú dóibh;

(c) 

maidir leis na sonraíochtaí teicniúla, na nósanna imeachta, formáidí, dearadh, agus rialacha oibríochtúla na modhanna sainaitheanta lena n-áirítear:

(i) 

na tréimhsí ama le haghaidh chur i bhfeidhm na mbealaí agus na modhanna don tsainaithint;

(ii) 

na bealaí agus na spriocdhátaí le haghaidh oibríochtaí den chineál sin a bhaint, a mhodhnú agus nithe eile agus chur ina n-áit; agus

(iii) 

cumraíocht an chóid sainaitheantais;

(d) 

maidir leis na sonraíochtaí teicniúla, formáidí agus rialacha oibríochtúla na ndoiciméad aitheantais agus na ndoiciméad gluaiseachta dá bhforáiltear i bpointe (b) d'Airteagal 112, i bpointe (b) d'Airteagal 113(1), i bpointe (c) d'Airteagal 114(1), i bpointe (b) d'Airteagal 115 agus i bpointe (b) d'Airteagal 117;

(e) 

maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an rochtain ar na sonraí atá ann agus na sonraíochtaí teicniúla agus rialacha oibríochtúla na mbunachar sonraí ríomhaireachta dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 109(1);

(f) 

maidir leis na spriocdhátaí, oibleagáidí agus nósanna imeachta do tharchur faisnéise ó oibreoirí nó daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile agus le haghaidh ainmhithe talún ar coimeád a chlárú sna bunachair sonraí ríomhaireachta;

(g) 

maidir le treoirlínte agus nósanna imeachta maidir le sainaithint leictreonach ainmhithe i gcás inarb ábhartha;

(h) 

maidir le cur chun feidhme praiticiúil na ndíolúintí ón tsainaithint agus ó na ceanglais clárúcháin dá bhforáiltear sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 119(1).

3.  
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear san Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).



Roinn 2

Táirgí geirmeacha

Airteagal 121

Ceanglais inrianaitheachta i gcás táirgí geirmeacha d'ainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair, den speiceas mucach agus den speiceas eachaí

1.  

Oibreoirí a tháirgeann, a phróiseálann nó a stórálann táirgí geirmeacha, marcálfaidh siad táirgí geirmeacha d'ainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach, den speiceas gabhair, den speiceas caorach, den speiceas mucach agus den speiceas eachaí ionas gur féidir iad a rianú go dtí:

(a) 

na hainmhithe bronntacha;

(b) 

an dáta bailiúcháin; agus

(c) 

na bunaíochtaí táirgí inar bailíodh, inar táirgeadh, inar próiseáladh agus inar stóráladh iad.

2.  

Déanfar an mharcáil dá bhforáiltear i mír 1 ionas go n-áiritheofar:

(a) 

go gcuirfear i bhfeidhm go héifeachtúil cosc galar agus bearta rialaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

(b) 

inrianaitheacht na dtáirgí geirmeacha agus a ngluaiseachtaí laistigh de na Ballstáit agus eatarthu agus a dteacht isteach san Aontas.

Airteagal 122

Cumhachtaí a tharmligean a bhaineann le ceanglais inrianaitheachta do tháirgí geirmeacha

1.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le ceanglais inrianaitheachta do tháirgí geirmeacha d'ainmhithe talún ar coimeád den speiceas buaibheach, den speiceas gabhair, den speiceas caorach, den speiceas mucach agus den speiceas eachaí lena bhforlíontar na rialacha arna leagan síos in Airteagal 121;
2.  

Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 a bhaineann le ceanglais inrianaitheachta do tháirgí geirmeacha d'ainmhithe talún ar coimeád de speicis seachas den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair, den speiceas mucach agus den speiceas eachaí, nuair is gá chun:

(a) 

go gcuirfear i bhfeidhm go héifeachtúil cosc galar agus bearta rialaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

(b) 

inrianaitheacht na dtáirgí geirmeacha sin, a ngluaiseachtaí laistigh de na Ballstáit agus eatarthu agus a dteacht isteach san Aontas a éascú.

3.  

Nuair a ghlacfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear i mír 1, bunóidh sé na gníomhartha sin ar na hábhair seo a leanas:

(a) 

na speicis ainmhithe talún ar coimeád óna bhfuarthas na táirgí geirmeacha;

(b) 

stádas sláinte na n-ainmhithe bronntacha;

(c) 

an riosca atá leis na táirgí geirmeacha sin;

(d) 

cineál na dtáirgí geirmeacha;

(e) 

cineál bhailiú, tháirgeadh, phróiseáil nó stóráil na dtáirgí geirmeacha;

(f) 

patrúin ghluaiseachta na speiceas ábhartha agus na gcatagóirí ainmhithe talún ar coimeád agus a dtáirgí geirmeacha;

(g) 

gnéithe de chosaint agus de chaomhnú speiceas ainmhithe talún ar coimeád;

(h) 

nithe eile ab fhéidir a d'fheabhsódh inrianaitheacht táirgí geirmeacha.

Airteagal 123

Cumhachtaí cur chun feidhme a bhaineann le ceanglais inrianaitheachta do tháirgí geirmeacha

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le:

(a) 

ceanglais theicniúla agus sonraíochtaí maidir le marcáil amhail dá bhforáiltear in Airteagal 121(1);

(b) 

ceanglais oibríochtúla maidir leis na ceanglais inrianaitheachta dá bhforáiltear i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 122(1).

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).



CAIBIDIL 3

Gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád laistigh den Aontas



Roinn 1

Ceanglais ghinearálta maidir le gluaiseachtaí

Airteagal 124

Ceanglais ghinearálta maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád

1.  

Déanfaidh oibreoirí bearta coisctheacha cuí lena áirithiú nach gcuirfidh gluaiseacht ainmhithe talún ar coimeád an stádas sláinte ag an gceann scríbe i mbaol maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) 

na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1);

(b) 

galair atá ag teacht chun cinn.

2.  

Ní dhéanfaidh oibreoirí ainmhithe talún ar coimeád a aistriú óna mbunaíochtaí ná iad ghlacadh isteach ach amháin nuair a chomhlíonann na hainmhithe i dtrácht na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

go dtagann siad ó bhunaíochtaí:

(i) 

a chláraigh an t-údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 93; nó

(ii) 

a d'fhormheas an t-údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 97(1) agus le hAirteagal 98 má cheanglaítear sin le hAirteagal 94(1) nó le hAirteagal 95; nó

(iii) 

ar deonaíodh maolú dóibh ón gceanglas maidir le clárú leagtha síos in Airteagal 84;

(b) 

go gcomhlíonann siad ceanglais sainaitheanta agus chlárúcháin Airteagail 112, 113, 114, 115 agus 117 agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 118 agus 120.

Airteagal 125

Bearta coisctheacha galar maidir le hiompar

1.  

Déanfaidh oibreoirí na bearta cosanta is cuí agus is gá lena áirithiú:

(a) 

nach gcuirfear i gcontúirt stádas sláinte ainmhithe talún ar coimeád le linn a n-iompair;

(b) 

nach cúis iad oibríochtaí iompair ainmhithe talún ar coimeád le leathadh féideartha galar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1) go dtí daoine agus ainmhithe;

(c) 

go ndéanfar bearta maidir le glanadh agus díghalrú feithidí agus creimirí, agus rialú feithidí agus creimirí, i dtaca le trealamh agus modhanna iompair agus bearta eile leordhóthanacha bithshlándála, de réir mar a oireann do na rioscaí a bhaineann leis na hoibríochtaí iompair lena mbaineann.

2.  

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid a leanas:

(a) 

na coinníollacha agus na ceanglais maidir le glanadh agus díghalrú feithidí agus creimirí, agus rialú feithidí agus creimirí, i dtaca le trealamh agus modhanna iompair agus úsáid táirgí bithicíde chun na gcríoch sin;

(b) 

bearta bithshlándála iomchuí eile amhail dá bhforáiltear i bpointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo.



Roinn 2

Gluaiseachtaí idir na ballstáit

Airteagal 126

Ceanglais ghinearálta maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád

1.  

Ní aistreoidh oibreoirí ainmhithe talún ar coimeád go Ballstát eile ach má chomhlíonann na hainmhithe i dtrácht na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

nach bhfuil comharthaí sóirt galair orthu;

(b) 

go dtagann siad ó bhunaíocht chláraithe nó fhormheasta:

(i) 

nach raibh aon bhás mínormálta inti nár fionnadh cad ba chúis leo;

(ii) 

nach bhfuil faoi réir srianta gluaiseachta maidir leis an speiceas atá le haistriú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagail 55(1), i bpointe (a) d'Airteagal (61(1), 62, i bpointe (c) d'Airteagal 65(1), 74(1), Airteagal 79 agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagail 55(2), Airteagal 63, Airteagal 67, Airteagal 71(3), 74(4), agus Airteagal 83(2) nó sna bearta éigeandála dá bhforáiltear in Airteagal 257 agus in Airteagal 258 agus aon rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 259 murar tugadh maoluithe maidir le srianta gluaiseachta i gcomhréir leis na rialacha sin;

(iii) 

nach bhfuil lonnaithe i gcrios srianta i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i bpointe (f)(ii) d'Airteagal 55(1), in Airteagal 64, in Airteagal 65, in Airteagal 74(1), in Airteagal 79 agus i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagail 67, 71(3), 74(4), agus in Airteagal 83(2) nó sna bearta éigeandála dá bhforáiltear in Airteagal 257 agus in Airteagal 258 agus i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 259, murar tugadh maoluithe i gcomhréir leis na rialacha sin;

(c) 

nach raibh siad i dteagmháil le hainmhithe talún ar coimeád faoi réir srianta gluaiseachta amhail dá dtagraítear i bpointe (b)(ii) agus (iii) nó le hainmhithe talún ar coimeád de speiceas liostaithe de stádas sláinte níos ísle, le linn tréimhse ama leordhóthanaí, roimh dháta na gluaiseachta atá beartaithe go Ballstát eile, ionas gur íoslaghdaíodh an fhéidearthacht go leathfaí galar, agus na hábhair seo a leanas á gcur san áireamh:

(i) 

tréimhse goir agus bealaí tarchurtha na ngalar liostaithe agus na ngalar i dtrácht atá ag teacht chun cinn;

(ii) 

an cineál bunaíochta lena mbaineann;

(iii) 

catagóirí agus speicis na n-ainmhithe talún ar coimeád a aistríodh;

(iv) 

sonraí eipidéimeolaíocha eile;

(d) 

go gcomhlíonann na ceanglais ábhartha dá bhforáiltear i Roinn 3 go Roinn 8 (Airteagal 130 go hAirteagal 151).

2.  
Glacfaidh siad na bearta uile is gá lena áirithiú go seachadfar ainmhithe talún ar coimeád arna n-aistriú go Ballstát eile go díreach go dtí a gceann scríbe deiridh sa Bhallstát eile sin mura gá go stadfaidh siad ag láthair scíthe ar chúiseanna a bhaineann le leas ainmhithe.

Airteagal 127

Na hoibleagáidí ar oibreoirí ag an gceann scríbe

1.  

Oibreoirí bunaíochtaí agus seamlas a ghlacann le hainmhithe talún ar coimeád ó Bhallstát eile, déanfaidh siad an méid a leanas:

(a) 

a sheiceáil:

(i) 

go bhfuil na bealaí nó na modhanna aitheantais dá bhforáiltear i bpointe (a) d'Airteagal 112, i bpointe (a) d'Airteagal 113(1), i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 114(1), i bpointe (a) d'Airteagal 115, agus i bpointe (a) d'Airteagal 117(1) agus i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 118agus 120 le feiceáil ann;

(ii) 

go bhfuil na doiciméid aitheantais dá bhforáiltear i bpointe (b) d'Airteagal 112, i bpointe (b) d'Airteagal 113(1), i bpointe (c) d'Airteagal114(1), i bpointe (b) d'Airteagal 117 agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 118 agus Airteagal 120 le feiceáil ann;

(b) 

a sheiceáil go bhfuil na deimhnithe sláinte ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 143 agus i rialacha arna nglacadh de bhun phointe (b) agus phointe (c) d'Airteagal 144(1) nó na doiciméid féindearbhúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 148 agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 151(3) agus (4) le feiceáil ann;

(c) 

údarás inniúil an chinn scríbe a chur ar an eolas, tar éis seiceáil a dhéanamh ar na hainmhithe talún ar coimeád a fuarthas, maidir le haon mhírialtacht maidir leis an méid seo a leanas:

(i) 

na hainmhithe talún ar coimeád a fuarthas;

(ii) 

na bealaí nó na modhanna sainaitheanta dá dtagraítear i bpointe (a)(i);

(iii) 

na doiciméid dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) agus i bpointe (b).

2.  
Má bhíonn aon mhírialtacht ann amhail dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1, leithliseoidh an t-oibreoir na hainmhithe lena mbaineann an mhírialtacht sin go dtí go mbeidh cinneadh déanta ag an údarás inniúil an chinn scríbe ina leith.

Airteagal 128

Toirmeasc ar ghluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád chun críocha díothaithe galar lasmuigh de chríoch Ballstáit

Ní aistreoidh oibreoirí ainmhithe talún ar coimeád a bhfuil sé beartaithe go marófar chun críocha díothaithe iad galair mar chuid de chlár díothaithe amhail dá bhforáiltear in Airteagal 31 (1) nó (2), go Ballstát eile ach amháin má thugann an Ballstát cinn scríbe agus, i gcás inarb ábhartha, an Ballstát trasnaithe, údarú don ghluaiseacht roimh ré.

Airteagal 129

Ceanglais ghinearálta is infhiedmhe ar oibreoirí maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád ar idirthuras trí Bhallstáit agus nach bhfuil beartaithe iad a onnmhairiú as an Aontas go tríú tíortha nó tríú críocha

Áiritheoidh oibreoirí go gcomhlíonann ainmhithe talún ar coimeád a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú go tríú tír nó go tríú críoch agus atá ag dul trí chríoch Ballstáit eile na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 124, 125, 126 agus 128.



Roinn 3

Ceanglais shonracha maidir le gluaiseachtaí crúbach agus éanlaithe clóis go ballstáit eile

Airteagal 130

Gluaiseachtaí crúbach agus éanlaithe clóis go Ballstáit eile

Ní aistreoidh oibreoirí crúbaigh agus éanlaith chlóis ó bhunaíocht i mBallstát amháin go Ballstát eile ach amháín má chomhlíonann na hainmhithe i dtrácht na coinníollacha seo a leanas maidir le galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1):

(a) 

nach bhfuil comharthaí sóirt cliniciúla nó comharthaí de na galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1) orthu, tráth a ngluaiseachta;

(b) 

gur chomhlíon siad tréimhse chónaithe atá oiriúnach do ghalair liostaithe, agus speiceas nó catagóir crúbach nó éanlaithe clóis atá le gluaiseacht á chur san áireamh;

(c) 

le tréimhse ama atá oiriúnach do na galair liostaithe sin agus do speiceas agus do chatagóir na gcrúbach nó na héanlaithe clóis atá le n-aistriú, nár tugadh isteach aon chrúbaigh ná aon éanlaith chlóis ar coimeád sa bhunaíocht tionscnaimh nuair atá ceanglas chun na héifeachta sin leagtha síos sna rialacha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 131 nó le hAirteagal 135;

(d) 

meastar nach bhfuil riosca suntasach leis na hainmhithe sin maidir le leathadh galar liostaithe ag an gceann scríbe bunaithe ar an méid a leanas:

(i) 

an stádas sláinte i dtaca le galair ábhartha i gcás speiceas nó catagóirí na gcrúbach agus na héanlaithe clóis a aistríodh, agus an stádas sláinte ag an gceann scríbe á chur san áireamh;

(ii) 

toradh scrúduithe saotharlainne nó scrúduithe eile atá riachtanach chun ráthaíochtaí a thabhairt maidir leis an stádas sláinte is gá don ghluaiseacht i dtrácht;

(iii) 

vacsaíniú nó bearta eile chun galair a chosc nó chun riosca a mhaolú atá dírithe ar leathadh an ghalair ábhartha a theorannú go dtí an ceann scríbe nó go dtí an áit thrasnaithe a chur i bhfeidhm.

Airteagal 131

Cumhachtaí maidir le gluaiseachtaí crúbach agus éanlaithe clóis a tharmligean do Bhallstáit eile

1.  

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

tréimhsí cónaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 130;

(b) 

an tréimhse ama is gá chun teorainn a chur le tabhairt isteach crúbach nó éanlaithe clóis i mbunaíochtaí roimh ghluaiseacht amhail dá bhforáiltear i bpointe (c) d'Airteagal 130;

(c) 

ceanglais bhreise lena áirithiú nach bhfuil riosca suntasach leis na crúbaigh nó leis an éanlaith chlóis maidir le leathadh galar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1), amhail dá bhforáiltear i bpointe (d) d'Airteagal 130;

(d) 

bearta laghdaithe riosca riachtanacha eile lena bhforlíontar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 130.

2.  

Agus na rialacha atá le leagan síos sna gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear i mír 1 á socrú ag an gCoimisiún, bunóidh sé iad ar nithe seo a leanas:

(a) 

na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1) atá oiriúnach do speicis liostaithe nó do chatagóir na gcrúbach nó na héanlaithe clóis atá le gluaiseacht;

(b) 

an stádas sláinte maidir le galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1) ag na bunaíochtaí, ag na deighleoga, ag na criosanna agus sna Ballstáit tionscnaimh agus chinn scríbe;

(c) 

cineál na bunaíochta lena mbaineann agus cineál an táirgthe ag na háiteanna tionscnaimh agus cinn scríbe;

(d) 

cineál na gluaiseachta lena mbaineann;

(e) 

speicis agus catagóirí na gcrúbach agus na héanlaithe clóis atá le haistriú;

(f) 

aois na gcrúbach ar coimeád agus na héanlaithe clóis ar coimeád atá le haistriú;

(g) 

sonraí eipidéimeolaíocha eile.

Airteagal 132

Crúbaigh agus éanlaith chlóis a aistríodh go Ballstáit eile agus atá beartaithe a mharú

1.  
Ní mór d'oibreoirí na seamlas a fhaigheann crúbaigh agus éanlaith chlóis ó Bhallstát eile na hainmhithe sin a mharú a luaithe is féidir i ndiaidh dóibh teacht agus ar a dhéanaí laistigh de thréimhse ama atá le leagan síos i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 2.
2.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 264 i ndáil leis an tráth maraithe dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.



Roinn 4

Oibríochtaí cruinnithe i gcás crúbach agus éanlaithe clóis ar coimeád

Airteagal 133

Maolú maidir le hoibríochtaí cruinnithe

1.  
De mhaolú ar Airteagal 126(2), féadfaidh oibreoirí trí oibríocht chruinnithe ar a mhéad a chur ar chrúbaigh agus ar éanlaith chlóis agus iad á n-aistriú ón mBallstát tionscnaimh go Ballstát eile.
2.  
Ní dhéanfar na hoibríochtaí cruinnithe dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo ach i mbunaíocht arna formheas chun na críche sin i gcomhréir le hAirteagal 97(1) agus le hAirteagal 99(3) agus (4).

Thairis sin, féadfaidh an Ballstát tionscnaimh oibríocht cruinnithe a cheadú ina chríoch má dhéantar é ar mhodh iompair lena gcruinnítear crúbaigh agus éanlaith chlóis ar coimeád go díreach óna mbunaíochtaí tionscnaimh, ar choinníoll nach ndíluchtófar na hainmhithe sin arís le linn na hoibríochta sin roimh:

(a) 

dóibh a mbunaíocht nó a gceann scríbe deiridh a bhaint amach; nó

(b) 

an oibríocht cruinnithe ina dhiaidh sin i mbunaíocht a formheasadh chun na críche sin i gcomhréir le hAirteagal 97(1) agus le hAirteagal 99(4) agus (5) a bhaint amach.

Airteagal 134

Ceanglais maidir le galair a chosc i ndáil le hoibríochtaí cruinnithe

Áiritheoidh oibreoirí a dhéanann oibríochtaí cruinnithe:

(a) 

go bhfuil an stádas sláinte céanna ag na crúbaigh agus ag an éanlaith chlóis ar coimeád arna gcruinniú; mura bhfuil, bíonn an stádas sláinte is ísle i bhfeidhm ar na hainmhithe sin uile arna gcruinniú;

(b) 

go cruinneofar agus go n-aistreofar na crúbaigh agus an éanlaith chlóis ar coimeád go dtí a gceann scríbe deiridh i mBallstát eile a luaithe agus is féidir i ndiaidh dóibh a mbunaíocht tionscnaimh a fhágáil, agus laistigh de thréimhse atá le leagan síos i ngníomhartha tarmligthe de bhun phointe (c) d'Airteagal 135 ar a dhéanaí;

(c) 

go ndéanfar na bearta bithshlándála is gá lena áirithiú i leith na gcrúbach agus na héanlaithe clóis arna gcruinniú:

(i) 

nach ndéanfaidh siad teagmháil le crúbaigh ná le héanlaith chlóis a bhfuil stádas sláinte níos ísle acu;

(ii) 

nach bhfuil riosca suntasach leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1) go dtí na crúbaigh agus an éanlaith chlóis ar coimeád ag áit na hoibríochta cruinnithe;

(d) 

go sainaithneofar na crúbaigh agus an éanlaith chlóis ar coimeád, má cheanglaítear sin leis an Rialachán seo agus go bhfuil na doiciméid seo a leanas ag gabháil leo:

(i) 

na doiciméid aitheantais agus ghluaiseachta, amhail dá bhforáiltear i bpointe (b) d'Airteagal 112, i bpointe (b) d'Airteagal 113(1), i bpointe (c) d'Airteagal 114(1), i bpointe (b) d'Airteagal 115 agus i bpointe (b) d'Airteagal 117 agus i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 118 agus Airteagal 120 mura bhforáiltear do mhaoluithe i gcomhréir le hAirteagal 113(2) agus le hAirteagal 119;

(ii) 

na deimhnithe sláinte ainmhithe amhail dá bhforáiltear in Airteagal 143 agus i bpointe (c) d'Airteagal 144(1), mura bhforáiltear do mhaoluithe sna rialacha arna nglacadh de bhun phointe (a) d'Airteagal 144(1);

(iii) 

an doiciméad féindearbhúcháin amhail dá bhforáiltear in Airteagal 151.

Airteagal 135

Cumhachtaí a tharmligean maidir le hoibríochtaí cruinnithe

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

rialacha sonracha maidir le hoibríochtaí cruinnithe, má tá bearta eile laghdaithe riosca, sa bhreis ar na bearta dá bhforáiltear i bpointe (b) agus (c) d'Airteagal 134, ar bun;

(b) 

critéir lena bhféadfaidh Ballstáit tionscnaimh a cheadú go ndéanfar oibríochtaí cruinnithe ar mhodh iompair amhail dá bhforáiltear sa dara fomhír d'Airteagal 133(2);

(c) 

an tréimhse idir am imeachta na gcrúbach nó na héanlaithe clóis ar coimeád óna mbunaíocht tionscnaimh agus am a n-imeachta go dtí an mBallstát amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 131;

(d) 

rialacha mionsonraithe maidir leis na bearta bithshlándála dá bhforáiltear i bpointe (c) d'Airteagal 134.



Roinn 5

Gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád seachas crúbaigh agus éanlaith chlóis ar coimeád go ballstáit eile

Airteagal 136

Gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád seachas crúbaigh agus éanlaith chlóis ar coimeád go Ballstáit eile agus gníomhartha tarmligthe

1.  
Ní aistreoidh oibreoirí ainmhithe talún ar coimeád seachas crúbaigh agus éanlaith chlóis ó bhunaíocht i mBallstát go Ballstát eile ach mura mbeidh riosca ag baint leis na hainmhithe i dtrácht maidir le galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1) a leathadh go hainmhithe ag an gceann scríbe.
2.  
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le rialacha mionsonraithe lena áirithiú nach bhfuil riosca le hainmhithe talún ar coimeád seachas crúbaigh agus éanlaith chlóis ar coimeád maidir le galair liostaithe amhail dá bhforáiltear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1) a leathadh dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.
3.  

Agus na rialacha mionsonraithe atá le leagan síos sna gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear i mír 2 á socrú ag an gCoimisiún, bunóidh sé iad ar nithe seo a leanas:

(a) 

na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1) atá oiriúnach do speicis liostaithe nó do chatagóir na n-ainmhithe talún ar coimeád atá le haistriú;

(b) 

an stádas sláinte maidir leis na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1) sna bunaíochtaí, ag na deighleoga, ag na criosanna agus sna Ballstáit tionscnaimh agus na cinn scríbe;

(c) 

na cineálacha bunaíochta agus na cineálacha táirgthe ag na háiteanna tionscnaimh agus cinn scríbe;

(d) 

na cineálacha gluaiseachta maidir le húsáid deiridh na n-ainmhithe ag an gceann scríbe;

(e) 

speicis agus catagóirí ainmhithe talún ar coimeád atá le haistriú;

(f) 

aois na n-ainmhithe talún ar coimeád atá le haistriú;

(g) 

sonraí eipidéimeolaíocha eile.



Roinn 6

Maolú ó bhearta laghdaithe riosca agus forlíonadh na mbeart sin i gcás gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád

Airteagal 137

Ainmhithe talún ar coimeád a bhfuil sé beartaithe iad a chur i mbunaíochtaí comhdhúnta agus gníomhartha tarmligthe

1.  

Ní aistreoidh oibreoirí ainmhithe talún ar coimeád go bunaíocht chomhdhúnta ach má chomhlíonann na hainmhithe i dtrácht na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

go bhfuil siad de thionscnamh bunaíochta comhdhúnta eile;

(b) 

nach bhfuil riosca suntasach leo maidir le galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1) a leathadh go dtí speicis nó catagóirí liostaithe ainmhithe sa bhunaíocht chomhdhúnta chinn scríbe, ach amháin i gcás ina bhfuil an ghluaiseacht i dtrácht ceadaithe chun críoch eolaíoch.

2.  

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

ceanglais mhionsonraithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád isteach i mbunaíochtaí comhdhúnta sa bhreis orthú siúd dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo;

(b) 

rialacha sonracha maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád isteach i mbunaíochtaí i gcás ina ráthaítear le bearta laghdaithe riosca atá ar bun nach gcuireann gluaiseachtaí den sórt sin sláinte ainmhithe talún ar coimeád laistigh den bhunaíocht chomhdhúnta sin agus laistigh de bhunaíochtaí thart uirthi i mbaol suntasach.

Airteagal 138

Gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád chun críoch eolaíoch agus gníomhartha tarmligthe

1.  
Féadfaidh údarás inniúil an chinn scríbe, má thoilíonn údarás inniúil na háite tionscnaimh leis, gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád isteach i gcríoch an Bhallstáit chinn scríbe, chun críoch eolaíoch, i gcás nach gcomhlíonann na gluaiseachtaí sin ceanglais Roinn 1 go Roinn 5 (Airteagal 124 go hAirteagal 136), seachas Airteagail 124 agus 125, pointe (b)(ii) d'Airteagal 126(1) agus Airteagal 127.
2.  

Ní thabharfaidh údaráis inniúil an chinn scríbe na maoluithe amhail dá bhforáiltear i mír 1 ach amháin ar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

rinne údaráis inniúla an chinn scríbe agus na háite tionscnaimh mar a leanas:

(i) 

tháinig siad ar chomhaontú maidir leis na coinníollacha le haghaidh gluaiseachtaí den sórt sin;

(ii) 

gur áirithigh siad gurb ann do na bearta laghdaithe riosca ar gá iad ionas nach gcuirfidh na gluaiseachtaí sin an stádas sláinte i mbaol in áiteanna le linn an turais agus ag an gceann scríbe maidir leis na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1); agus

(iii) 

thug siad fógra, i gcás inarb ábhartha, d'údarás inniúil na mBallstát trasnaithe maidir leis an maolú a tugadh agus na coinníollacha faoinar tugadh é; agus

(b) 

go dtarlaíonn gluaiseachtaí na n-ainmhithe sin faoi mhaoirseacht údaráis inniúla na n-áiteanna tionscnaimh agus cinn scríbe, agus, más ábhartha, údaráis inniúla na mBallstát trasnaithe.

3.  
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 a bhaineann leis na rialacha le haghaidh maoluithe arna dtabhairt ag na húdaráis inniúla, ar rialacha iad lena bhforlíontar na rialacha dá bhforáiltear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 139

Maoluithe a bhaineann le húsáid áineasa, le himeachtaí spóirt agus cultúrtha, le hobair gar do theorainneacha agus le hinnilt

1.  

Féadfaidh údarás inniúil an chinn scríbe maoluithe a thabhairt ó cheanglais Roinn 2 go dtí Roinn 5 (Airteagail 126 go dtí 136), seachas pointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 126 agus Airteagal 127 agus Airteagal 128, maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád idir na Ballstáit laistigh den Aontas i gcás inarb iad cuspóirí gluaiseachtaí den sórt sin:

(a) 

úsáid áineasa gar do theorainneacha;

(b) 

taispeántais, agus imeachtaí spóirt, imeachtaí cultúrtha agus imeachtaí eile den chineál céanna, a reáchtáiltear gar do theorainneacha;

(c) 

innilt ainmhithe talún ar coimeád i limistéir innilte a chomhroinneann Ballstáit le chéile;

(d) 

obair arna déanamh ag ainmhithe talún ar coimeád gar do theorainneacha Ballstát.

2.  
Tiocfaidh an Ballstát tionscnaimh agus an Ballstát chinn scríbe ar chomhaontú maidir le húdarás inniúil an chinn scríbe maoluithe a thabhairt maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád chun na críocha dá bhforáiltear i mír 1 agus déanfar bearta laghdaithe riosca cuí chun a áirithiú nach bhfuil riosca suntasach ag baint le gluaiseachtaí den sórt sin.
3.  
Cuirfidh na Ballstáit dá dtagraítear i mír 2 an Coimisiún ar an eolas faoi thabhairt maoluithe amhail dá bhforáiltear i mír 1.
4.  
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le rialacha i dtaobh maoluithe a thugann údaras inniúil an chinn scríbe, lena bhforlíontar na rialacha sin dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 140

Cumhacht a tharmligean maidir le sorcais, taispeántais, imeachtaí spóirt agus úsáid áineasa, zúnna, siopaí peataí, ionaid dídine ainmhithe agus ionaid mhórdhíola

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid a leanas:

(a) 

ceanglais sonracha lena bhforlíontar na rialacha a leagtar síos i Roinn 2 go Roinn 5 (Airteagal 126 go hAirteagal 136) maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád chun na gcríoch seo a leanas:

(i) 

sorcais, zúnna, siopaí peataí, ionaid dídine ainmhithe agus ionaid mhórdhíola;

(ii) 

taispeántais agus imeachtaí spóirt, imeachtaí cultúrtha agus imeachtaí eile den chineál sin;

(b) 

maoluithe ó Roinn 2 go Roinn 5 (Airteagal 126 go hAirteagal 136) seachas pointe (a), pointe (b) agus pointe (c) d'Airteagal 126(1), agus Airteagal 127 agus Airteagal 125 maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád amhail dá dtagraítear i bpointe (a) den Airteagal seo.

Airteagal 141

Cumhacht cur chun feidhme i gcás rialacha sealadacha maidir le gluaiseachtaí speiceas sonracha nó catagóirí sonracha ainmhithe talún ar coimeád

1.  

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha sealadacha a leagan síos trí bhíthinn rialacha breise nó rialacha malartacha ar na rialacha a leagtar síos sa Chaibidil seo, maidir le gluaiseachtaí speiceas sonrach nó catagóirí sonracha ainmhithe talún ar coimeád sna cásanna seo a leanas:

(a) 

nach laghdaítear go héifeachtach leis na ceanglais ghluaiseachta dá bhforáiltear in Airteagal 130, in Airteagal 132(1), in Airteagal 133 agus in Airteagal 134, in Airteagal 136(1), in Airteagal 137(1) agus in Airteagal 138(1) agus (2) agus in Airteagal 139 agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 131(1) agus Airteagal 132(2), Airteagal 135, Airteagal 136(2), Airteagal 137(2), Airteagal 138(3) agus Airteagal 139(4) agus Airteagal 140, na rioscaí atá le gluaiseacht na n-ainmhithe sin; nó

(b) 

gur cosúil go bhfuil an galar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1) á leathadh d'ainneoin na gceanglas arna leagan síos i gcomhréir le Roinn 1 go Roinn6 (Airteagail 124 go 142).

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

2.  
Ar mhórchúiseanna práinne ar tugadh bonn cirt cuí leo a bhaineann le riosca tionchair shárshuntasaigh a bheith le galar agus na hábhair dá dtagraítear in Airteagal 142, glacfaidh an Coimisiún láithreach gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 266(3).

Airteagal 142

Ábhair le cur san áireamh agus gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme á nglacadh amhail dá bhforáiltear sa Roinn seo

Agus na rialacha atá le leagan síos sna gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme dá bhforáiltear in Airteagail 137(2), 138(3), 139(4), 140 agus 141 á socrú ag an gCoimisiún, bunóidh sé iad ar na hábhair seo a leanas:

(a) 

na rioscaí atá le gluaiseachtaí dá dtagraítear sna forálacha sin;

(b) 

an stádas sláinte maidir leis na galair sin dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1)ag na háiteanna tionscnaimh, ag na háiteanna trasnaithe agus ag an gceann scríbe;

(c) 

speicis ainmhithe liostaithe a bhaineann leis na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1);

(d) 

bearta bithshlándála atá ar bun ag na háiteanna tionscnaimh, ar an mbealach agus ag na cinn scríbe;

(e) 

aon choinníollacha sonracha faoina gcoimeádtar ainmhithe talún ar coimeád;

(f) 

patrúin ghluaiseachta shonracha a bhaineann le cineál na bunaíochta agus le speiceas agus catagóir na n-ainmhithe talún ar coimeád lena mbaineann;

(g) 

sonraí eipidéimeolaíocha eile.



Roinn 7

Deimhniú sláinte ainmhithe

Airteagal 143

An oibleagáid ar oibreoirí a áirithiú go ngabhfaidh deimhniú sláinte ainmhithe le hainmhithe

1.  

Ní aistreoidh oibreoirí na speicis agus na catagóirí ainmhithe talún ar coimeád a leanas go Ballstát eile ach má ghabhann deimhniú sláinte ainmhithe leis na hainmhithe i dtrácht arna eisiúint ag údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh i gcomhréir le hAirteagal 149(1):

(a) 

crúbaigh;

(b) 

éanlaith chlóis;

(c) 

ainmhithe talún ar coimeád seachas crúbaigh agus éanlaith chlóis, a bhfuil sé beartaithe iad a chur i mbunaíocht chomhdhúnta;

(d) 

ainmhithe talún ar coimeád seachas na hainmhithe dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den mhír seo, má cheanglaítear sin i gcomhréir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun phointe (c) d'Airteagal 144(1).

2.  
I gcásanna ina mbeidh cead ag ainmhithe talún ar coimeád crios srianta a fhágáil amhail dá bhforáiltear i bpointe (f)(ii) d'Airteagal 55(1), Airteagal 56 agus Airteagal 64(1) agus atá faoi réir beart rialaithe galar amhail dá bhforáiltear in Airteagail 55(1), 65(1), 74(1), 79(1) nó Airteagal 80 (2) rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 55(2), Airteagal 67, Airteagail 71(4) agus 74(4), Airteagal 83(3) nó Airteagal 259; agus i gcásanna ina bhfuil na hainmhithe i dtrácht de speiceas atá faoi réir na mbeart rialaithe sin, ní aistreoidh oibreoirí na hainmhithe talún sin ar coimeád laistigh de Bhallstát nó ó Bhallstát amháin go dtí Ballstát eile ach amháin má tá deimhniú sláinte ainmhithe ag gabháil leis na hainmhithe atá le haistriú a d'eisigh údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh i gcomhréir le hAirteagal 149 (1).

Féadfaidh údarás inniúil a chinneadh nach bhfuil gá le deimhniú den sórt sin a eisiúint le haghaidh gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád laistigh den Bhallstát i dtrácht nuair a mheasann an t-údarás sin go n-áirithítear le córas malartach ann lena n-áirítear gur inrianaitheach coinsíneacht na n-ainmhithe sin agus go gcomhlíonann na hainmhithe sin na ceanglais sláinte ainmhithe a ghabhann le gluaiseacht den sórt sin.

3.  
Déanfaidh oibreoirí gach beart is gá chun a áirithiú go ngabhfaidh an deimhniú sláinte ainmhithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo leis na hainmhithe talún ar coimeád óna n-áit tionscnaimh go dtí a gceann scríbe deiridh, mura bhforálfar do bhearta sonracha sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 147.

Airteagal 144

Cumhachtaí a tharmligean maidir leis an oibleagáid ar oibreoirí a áirithiú go ngabhfaidh deimhniú sláinte ainmhithe le hainmhithe

1.  

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid a leanas:

(a) 

maoluithe ó na ceanglais maidir leis an deimhniú sláinte ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 143(1) maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád nach bhfuil riosca suntasach leo i leith leata galair de bharr na nithe seo a leanas:

(i) 

catagóirí nó speicis na n-ainmhithe talún ar coimeád atá á n-aistriú agus na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1) ina bhfuil siad luaite mar speicis liostaithe;

(ii) 

modhanna coimeádta agus cineál táirgthe na speiceas sin agus catagóirí na n-ainmhithe talún ar coimeád;

(iii) 

an úsáid atá beartaithe i leith na n-ainmhithe talún ar coimeád; nó

(iv) 

ceann scríbe na n-ainmhithe talún ar coimeád, lena n-áirítear na cásanna sin ina mbíonn an ceann scríbe sa Bhallstát céanna is atá an áit tionscnaimh ach go dtéann siad ar idirthuras trí Bhallstát eile chun a gcean scríbe a bhaint amach:

(b) 

rialacha ar leith maidir le sláinte ainmnithe a dheimhniú amhail dá bhforáiltear in Airteagal 143(1) i gcás ina ndéanfar bearta laghdaithe riosca sonracha maidir le faireachas nó bithshlándáil, agus na hábhair dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo, lena n-áirithítear:

(i) 

inrianaitheacht na n-ainmhithe talún ar coimeád atá á n-aistriú;

(ii) 

go gcomhlíonann na hainmhithe talún ar coimeád atá á n-aistriú na ceanglais maidir le sláinte ainmhithe do ghluaiseachtaí dá bhforáiltear i Roinn 1 go Roinn 6 (Airteagal 124 go hAirteagal 142);

(c) 

an ceanglas go ndéanfar sláinte ainmhithe a dheimhniú maidir le gluaiseachtaí speiceas agus catagóirí ainmhithe talún ar coimeád seachas na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) d'Airteagal 143(1) i gcásanna ina bhfuil deimhniú sláinte ainmhithe ríthábhachtach chun a áirithiú go gcomhlíonann an ghluaiseacht i dtrácht na ceanglais maidir le sláinte ainmhithe do ghluaiseachtaí dá bhforáiltear i Roinn 1 go Roinn 6 (Airteagal 124 go hAirteagal 142);

2.  

Agus é ag socrú rialacha ar leith dá bhforáiltear i bpointe (b) de mhír 1, cuirfidh an Coimisiún na hábhair seo a leanas san áireamh:

(a) 

measúnú an údaráis inniúil ar an mbithshlándáil arna cur ar bun ag oibreoirí amhail dá bhforáiltear i bpointe (b) d'Airteagal 10(1) agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 10(6);

(b) 

cumas an údaráis inniúil bearta a ghlacadh, a mhéid is a éilítear amhlaidh leis an Rialachán seo amhail dá bhforáiltear in Airteagal 13(1);

(c) 

leibhéal an eolais ar shláinte ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 11 agus an spreagadh ina leith dá bhforáiltear in Airteagal 13(2);

(d) 

déanamh na gcuairteanna sláinte ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 25, i gcás nach bhfuil faireachas ábhartha nó rialuithe oifigiúla eile ar bun;

(e) 

feidhmíocht oibleagáidí na n-údarás inniúil faoin gcóras fógraí agus thuairisciú an Aontais dá bhforáiltear in Airteagail 19 go hAirteagal 22 agus na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 20(3) agus in Airteagal 23;

(f) 

cur chun feidhme faireachais amhail dá bhforáiltear in Airteagal 26 agus cláir faireachais amhail dá bhforáiltear in Airteagal 28 agus aon rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 29 agus Airteagal 30.

3.  
Cuirfidh an Coimisiún na hábhair dá dtagraítear i bpointe (a)(i) go (iv) de mhír 1 san áireamh agus é ag socrú na gceanglas maidir le deimhniú sláinte ainmhithe dá bhforáiltear i bpointe (c) de mhír (1).

Airteagal 145

Ábhar na ndeimhnithe sláinte ainmhithe

1.  

Sa deimhniú sláinte ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 143, beidh na nithe seo a leanas ar a laghad:

(a) 

an bhunaíocht nó an áit tionscnaimh, an bhunaíocht chinn scríbe nó an ceann scríbe agus, más ábhartha, bunaíochtaí le haghaidh oibríochtaí cruinnithe nó tréimhsí scíthe na n-ainmhithe talún ar coimeád lena mbaineann;

(b) 

na modhanna iompair agus leis an iompróir;

(c) 

tuairisc ar na hainmhithe talún ar coimeád;

(d) 

líon na n-ainmhithe talún ar coimeád;

(e) 

sainaithint agus clárú na n-ainmhithe talún ar coimeád, má cheanglaítear sin in Airteagail 112, 113, 114, 115 agus 117 agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 114 agus go hAirteagal 117, mura bhforáiltear do mhaoluithe i gcomhréir le hAirteagal 119; agus

(f) 

an fhaisnéis is gá chun a léiriú go gcomhlíonann na hainmhithe talún ar coimeád na ceanglais ábhartha maidir le sláinte ainmhithe i dtaca le gluaiseachtaí dá bhforáiltear i Roinn 1 go Roinn 6 (Airteagail 124 go 142).

2.  
Féadfaidh faisnéis eile bheith sa deimhniú sláinte ainmhithe, má cheanglaítear sin i reachtaíocht eile de chuid an Aontais.

Airteagal 146

Cumhachtaí a tharmligean agus gníomhartha cur chun feidhme maidir le hábhar na ndeimhnithe sláinte ainmhithe

1.  

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

rialacha mionsonraithe maidir le hábhar na ndeimhnithe sláinte ainmhithe amhail dá bhforáiltear in Airteagal 145(1) maidir le speicis agus catagóirí éagsúla ainmhithe talún ar coimeád agus maidir le cineálacha sonracha gluaiseachtaí amhail dá bhforáiltear sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 147;

(b) 

faisnéis bhreise atá le bheith sa deimhniú sláinte ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 145(1).

2.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le foirmeacha samplacha de dheimhnithe sláinte ainmhithe. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

Airteagal 147

Cumhachtaí a tharmligean maidir le cineálacha sonracha gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le bearta sonracha de mhaolú ar nó lena bhforlíontar an oibleagáid ar oibreoirí a áirithiú go ngabhann deimhniú sláinte ainmhithe le hainmhithe amhail dá bhforáiltear in Airteagal 143 agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 144 maidir leis na cineálacha gluaiseachtaí seo a leanas i gcás ainmhithe talún ar coimeád:

(a) 

gluaiseachtaí crúbach agus éanlaithe clóis ar coimeád ar a mbealach trí na hoibríochtaí cruinnithe dá bhforáiltear in Airteagal 133 roimh dóibh a gceann scríbe deiridh a shroicheadh;

(b) 

gluaiseachtaí ainmhithe talún nach mór iad a fhilleadh ar a n-áit tionscnaimh nó a aistriú chuig ceann scríbe eile, ar cheann amháin nó níos mó de na cúiseanna seo a leanas:

(i) 

ar chúiseanna leasa ainmhithe cuireadh isteach gan choinne ar an aistear a beartaíodh dóibh;

(ii) 

timpistí nó tarluithe gan choinne le linn an aistir;

(iii) 

gur diúltaíodh daoibh ag an gceann scríbe i mBallstát nó ag teorainn sheachtrach an Aontais;

(iv) 

gur diúltaíodh daoibh ag áiteanna cruinnithe nó scíthe;

(v) 

gur diúltaíodh daoibh i dtríú tír nó i gcríoch;

(c) 

gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád a bhfuil sé beartaithe iad a chur i dtaispeántais agus in imeachtaí spóirt, in imeachtaí cultúrtha agus imeachtaí den chineál sin, agus a bhfilleadh ina dhiaidh sin ar a n-áit tionscnamh.

Airteagal 148

Na hoibleagáidí ar oibreoirí comhoibriú leis na húdaráis inniúla chun críche sláinte ainmhithe a dheimhniú

Déanfaidh oibreoirí mar a leanas:

(a) 

an fhaisnéis uile is gá a thabhairt don údarás inniúil roimh an aistriú atá beartaithe chun an deimhniú sláinte ainmhithe a chomhlánú dá bhforáiltear in Airteagal 143(1) agus (2) agus i rialacha ar bith arna nglacadh de bhun Airteagal 146(1) nó Airteagal 147;

(b) 

más gá, a áirithiú go gcuirfear ainmhithe talún ar coimeád i dtrácht faoi shainaithint dhoiciméadach agus faoi sheiceálacha fisiceacha amhail dá bhforáiltear in Airteagal 149(3).

Airteagal 149

Freagracht an údaráis inniúil maidir le sláinte ainmhithe a dheimhniú

1.  

Eiseoidh an t-údarás inniúil deimhniú sláinte ainmhithe do ghluaiseacht ainmhithe talún ar coimeád arna iarraidh sin don oibreoir, má cheanglaítear sin in Airteagal 143 nó i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 144(1) ar choinníoll gur comhlíonadh na ceanglais ghluaiseachta seo a leanas:

(a) 

na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 124, in Airteagal 125(1), in Airteagail 126, 128, 129, 130, 133, 134, in Airteagal 136(1) agus in Airteagal 137(1), in Airteagal 138 agus in Airteagal 139;

▼C1

(b) 

na ceanglais dá bhforáiltear i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 125(2) agus Airteagal 131(1), Airteagal 135, agus Airteagal 136(2), 137(2), 138(3) agus 139(4) agus Airteagal 140;

▼B

(c) 

na ceanglais dá bhforáiltear i ngníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 141.

2.  

Gach deimhniú sláinte ainmhithe:

(a) 

seiceálfaidh agus síneoidh tréidlia oifigiúil é agus cuirfidh sé a stampa air;

(b) 

beidh sé bailí ar feadh na tréimhse sin, dá bhforáiltear sna rialacha arna nglacadh de bhun phointe (c) de mhír 4, a leanfaidh na hainmhithe talún ar coimeád atá cumhdaithe fúithi de na ráthaíochtaí sláinte ainmhithe atá ann a chomhlíonadh lena linn.

3.  
Sula síneofar deimhniú sláinte ainmhithe, seiceálfaidh an tréidlia oifigiúil lena mbaineann an gcomhlíonann na hainmhithe talún ar coimeád atá cumhdaithe faoi ceanglais na Caibidle seo trí bhíthin seiceálacha doicméadacha, aitheantais agus fisiciúla amhail dá bhforáiltear leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 4.
4.  

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 264 lena leagfar síos rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

na cineálacha seiceálacha doiciméadacha, sainaitheanta agus fisiciúla agus scrúduithe maidir le speicis éagsúla agus do chatagóirí éagsúla ainmhithe talún ar coimeád nach mór don tréidlia oifigiúil a dhéanamh i gcomhréir le mír 3 chun comhlíonadh cheanglais na Caibidle seo a sheiceáil;

(b) 

na tréimhsí ama maidir leis na seiceálacha agus scrúduithe doiciméadacha, sainaitheanta agus fisiciúla a dhéanamh agus eisiúint deimhnithe sláinte ainmhithe ón tréidlia oifigiúil roimh ghluaiseacht coinsíneachtaí ainmhithe talún ar coimeád;

(c) 

fad bhailíocht na ndeimhnithe sláinte ainmhithe.

Airteagal 150

Deimhnithe sláinte ainmhithe leictreonacha

Deimhnithe sláinte ainmhithe leictreonacha a tháirgtear, a phróiseáiltear agus a tharchuirtear trí bhíthin TRACES in ionad deimhnithe sláinte ainmhithe a ghabhann leis na hainmhithe amhail dá bhforáiltear in Airteagal 149(1) sna cásanna seo a leanas:

(a) 

go bhfuil an fhaisnéis uile iontu a cheanglaítear a bheith i bhfoirm shamplach an deimhnithe sláinte ainmhithe i gcomhréir le hAirteagal 145 agus aon rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 146;

(b) 

go n-áirithítear leo inrianaitheacht na n-ainmhithe i dtrácht talún ar coimeád agus an nasc go dtí an deimhniú sláinte ainmhithe;

(c) 

go n-áirithítear go mbeidh rochtain ag údaráis inniúla na mBhallstát tionscnaimh, trasnaithe agus cinn scríbe ar na doiciméid leictreonacha am ar bith agus na hainmhithe á n-iompar.

Airteagal 151

Na hoibreoirí féindearbhú a dhéanamh maidir le gluaiseachtaí go Ballstáit eile

1.  
Eiseoidh oibreoirí ag an áit tionscnaimh doiciméad féindearbhúcháin maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád óna n-áit tionscaimh i mBallstát amháin go dtí an ceann scríbe i mBallstát eile agus áiritheoidh siad go ngabhfaidh sé leis na hainmhithe, i gcás nach bhfuil sé de cheanglas go ngabhfaidh deimhniú sláinte ainmhithe amhail dá bhforáiltear in Airteagal 143(1) agus (2) leo.
2.  

Beidh an fhaisnéis seo a leanas maidir leis na hainmhithe talún ar coimeád i dtrácht sa doiciméad féindearbhúcháin dá bhforáiltear i mír 1:

(a) 

an áit tionscnaimh, an ceann scríbe agus, más ábhartha, aon áiteanna cruinnithe nó láithreacha scíthe;

(b) 

na modhanna iompair; agus an t-iompróir

(c) 

tuairisc ar na hainmhithe talún ar coimeád, ar a speiceas agus ar a gcainníocht;

(d) 

sainaithint agus clárú, má tá sin de cheanglas i gcomhréir le hAirteagail 112, 113, 114 agus 115, agus le pointe (a) d'Airteagal 117 agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagail 118 agus 120;

(e) 

an fhaisnéis is gá chun a léiriú go gcomhlíonann na hainmhithe talún ar coimeád na ceanglais maidir le sláinte ainmhithe do ghluaiseachtaaí dá bhforáiltear i Roinn 1 go Roinn 6 (Airteagal 124 go hAirteagal 142).

3.  

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid a leanas:

(a) 

rialacha mionsonraithe maidir le hábhar an doiciméid féindearbhúcháin dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo i gcás speiceas éagsúil agus catagóirí éagsúla ainmhithe;

(b) 

faisnéis atá le bheith sa doiciméad féindearbhúcháin sa bhreis ar an bhfaisnéis dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo.

4.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le foirmeacha samplacha na ndoiciméad féindearbhúcháin dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).



Roinn 8

Fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí táirgí de bhunadh ainmhíoch go ballstáit eile

Airteagal 152

An oibleagáid ar oibreoirí maidir le fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád go Ballstáit eile

Tabharfaidh oibreoirí seachas iompróirí fógra don údarás inniúil ina mBallstát tionscnaimh roimh gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád atá beartaithe ón mBallstát sin go Ballstát eile sna cásanna seo a leanas:

(a) 

go bhfuil sé ceangailte go ngabhfaidh deimhniú sláinte ainmhithe arna eisiúint ag údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh leis na hainmhithe i gcomhréir le hAirteagal 149 agus le hAirteagal 150 agus aon rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 149(4);

(b) 

go bhfuil sé ceangailte go ngabhfaidh deimhniú sláinte ainmhithe leis na hainmhithe talún ar coimeád i gcás ina bhfuil siad á n-aistriú ó chrios srianta agus ina bhfuil siad faoi réir bearta rialaithe galar amhail dá dtagraítear in Airteagal 143(2);

(c) 

deonaítear maolú do na hainmhithe ón gceanglas deimhniúcháin maidir le sláinte ainmhithe dá bhforáiltear i bpointe (a) d'Airteagal 144(1) nó go bhfuil siad faoi réir rialacha speisialta amhail dá bhforáiltear i bpointe (b) d'Airteagal 144(1);

(d) 

go bhfuil sé de cheanglas fógra a thabhairt i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 154(1).

Chun críocha na chéad mhíre den Airteagal seo, tabharfaidh na hoibreoirí d'údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh an fhaisnéis uile is gá chun é a chur ar a chumas fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád d'údarás inniúil an Bhallstáit chinn scríbe i gcomhréir le hAirteagal 153(1).

Airteagal 153

Freagracht an údaráis inniúil maidir le fógra a thabhairt do Bhallstáit eile i leith gluaiseachtaí

1.  
Tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh fógra d'údarás inniúil an Bhallstáit chinn scríbe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád amhail dá dtagraítear in Airteagal 152.
2.  
Tabharfar an fógra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo roimh an ngluaiseacht i dtrácht agus, nuair is féidir é, trí TRACES.
3.  
Ainmneoidh na Ballstáit réigiúin le haghaidh bainistiú fógraí maidir le gluaiseachtaí amhail dá bhforáiltear i mír 1.
4.  
De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh údarú a thabhairt don oibreoir lena mbaineann fógra a thabhairt go páirteach nó go hiomlán d'údarás inniúil an Bhallstáit chinn scríbe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád trí TRACES.

Airteagal 154

Cumhacht a tharmligean agus gníomhartha tarmligthe maidir leis an údarás inniúil fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád

1.  

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

an ceanglas atá ar oibreoirí fógra a thabhairt roimh ré, i gcomhréir le hAirteagal 152, i leith gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád idir na Ballstáit ar de chatagóirí nó de speicis ainmhithe talún ar coimeád iad seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den Airteagal sin i gcás inar gá inrianaitheacht gluaiseachtaí den sórt sin chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais sláinte ainmhithe a leagtar síos sa i Roinn 1 go Roinn 6 (Airteagal 124 go hAirteagal 142);

(b) 

an fhaisnéis is gá chun fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád amhail dá bhforáiltear in Airteagal 152 agus in Airteagal 153;

(c) 

na nósanna imeachta éigeandála maidir le fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád i gcás gearrtha leictreachais agus cur isteach eile ar TRACES;

(d) 

na ceanglais maidir leis na Ballstáit réigiúin a ainmniú le haghaidh bainistiú fógraí maidir le gluaiseachtaí amhail dá bhforáiltear in Airteagal 153(3).

2.  

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le:

(a) 

sonraí na bhfógraí maidir le gluaiseachtaí talún ar coimeád a thugann:

(i) 

oibreoirí d'údarás inniúil an Ballstáit tionscnaimh i gcomhréir le hAirteagal 152;

(ii) 

údarás inniúil an Ballstáit tionscnaimh don Bhallstát cinn scríbe i gcomhréir le hAirteagal 153;

(b) 

na spriocdhátaí maidir leis na nithe seo a leanas:

(i) 

an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 152 atá le tabhairt ag oibreoirí d'údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh;

(ii) 

an fógra atá le tabhairt ag údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh i leith ainmhithe talún ar coimeád amhail dá dtagraítear in Airteagal 153(1).

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).



CAIBIDIL 4

Gluaiseachtaí ainmhithe talún fiáine

Airteagal 155

Ainmhithe talún fiáine

1.  

Ní aistreoidh oibreoirí ainmhithe fiáine as gnáthóg i mBallstát amháin go gnáthóg i mBallstát eile nó go bunaíocht i mBallstát eile ach sna cásanna seo a leanas:

(a) 

go stiúrtar gluaiseachtaí na n-ainmhithe fiáine i dtrácht ón a ngnáthóg ar dhóigh nach bhfuil riosca suntasach leo maidir le leathadh galar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1) nó galar atá ag teacht chun cinn ar an mbealach nó ag an gceann scríbe;

(b) 

nach dtagann na hainmhithe fiáine ó ghnáthóg i gcrios srianta faoi réir srianta gluaiseachta a bhaineann le hainmhithe den speiceas sin de dheasca galar liostaithe a bheith ann amhail dá dtagraítear in i bpointe (d) d'Airteagal 9(1) nó galar atá ag teacht chun cinn, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 70(2) agus in aon rialacha arna nglacadh de bhun pbointe (b) d'Airteagail 70(3), 71(3), agus 81(3) nó na mbeart éigeandála dá bhforáiltear in Airteagal 257 agus in Airteagal 258 agus i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 259, murar tugadh maoluithe i gcomhréir leis na rialacha sin;

(c) 

go bhfuil deimhniú sláinte ainmhithe nó doiciméid eile ag gabháil leis na hainmhithe sin más gá sláinte ainmhithe a dheimhniú chun a áirithiú go gcomhlíontar na ceanglais ghluaiseachta a leagtar síos i bpointe (a) agus i bpointe (b) agus i rialacha arna nglacadh de bhun phointe (c) agus phointe (d) d'Airteagal 156(1);

(d) 

go dtugann údarás inniúil an Bhallstáit fógra i leith na ngluaiseachtaí d'údarás inniúil an Bhallstáit chinn scríbe, má cheanglaítear an deimhniú sláinte ainmhithe a bheith ann leis na rialacha arna nglacadh i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 156(1); agus

(e) 

gur tháinig údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh agus údarás inniúil an Bhallstáit chinn scríbe ar chomhaontú faoi ghluaiseacht den sórt sin.

2.  
Má cheanglaítear sláinte ainmhithe a dheimhniú leis na rialacha arna nglacadh i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 156(1), beidh feidhm ag na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 145 agus in Airteagal 148, in Airteagal 149(1),(2) agus (3), in Airteagal 150 agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 146 agus Airteagal 147 agus Airteagal 149(4) maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún fiáine.
3.  
Má cheanglaítear fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí i gcomhréir le pointe (d) de mhír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm ag na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 152 agus Airteagal 153 agus sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 154(1) maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún fiáine.

Airteagal 156

Tabhairt cumhachta a bhaineann le gluaiseacht í ainmhithe talún fiáine

1.  

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid a leanas:

(a) 

ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún fiáine dá bhforáiltear i bpointe (a) agus i bpointe (b) d'Airteagal 155(1);

(b) 

más ábhartha, ceanglais sláinte ainmhithe maidir le tabhairt isteach ainmhithe talún fiáine nuair a aistrítear iad as an bhfiántas isteach i mbunaíochtaí;

(c) 

na cineálacha gluaiseachtaí ainmhithe talún fiáine nach mór, nó i gcásanna nach mór, do dheimhniú sláinte ainmhithe nó doiciméad eile bheith ag gabháil le gluaiseachtaí den sórt sin agus na ceanglais maidir le hábhar na ndeimhnithe sin nó na ndoiciméad sin;

(d) 

an fógra a thugann údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh d'údarás inniúil an Ballstáit chinn scríbe i gcás gluaiseachtaí ainmhithe talún fiáine idir na Ballstát agus an fhaisnéis atá le cur isteach san fhógra sin.

2.  

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos lena sonraítear na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 155 agus sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) 

foirmeacha samplacha deimhnithe sláinte ainmhithe agus doiciméad eile a bhfuil sé de cheanglas iad a bheith ag gabháil le gluaiseachtaí ainmhithe fiáine, má fhoráiltear dó sin i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh i bpointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo;

(b) 

sonraí an fhógra ó údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh agus na spriocdhátaí maidir leis na fógraí sin, i gcás ina bhforáiltear dó sin i rialacha arna nglacadh de bhun phointe (d) de mhír 1 den Airteagal seo.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).



CAIBIDIL 5

Gluaiseachtaí táirgí geirmeacha laistigh den Aontas



Roinn 1

Ceanglais ghinearálta

Airteagal 157

Ceanglais ghinearálta maidir le gluaiseacht táirgí geirmeacha

1.  

Déanfaidh oibreoirí bearta coisctheacha cuí chun a áirithiú nach gcuirfidh gluaiseacht táirgí geirmeacha stádas sláinte ainmhithe talún ar coimeád i gcontúirt ag an gceann scríbe maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) 

na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1);

(b) 

galair atá ag teacht chun cinn.

2.  

Ní aistreoidh oibreoirí táirgí geirmeacha agus ní ghlacfaidh siad na táirgí geirmeacha sin ach amháin má chomhlíonann na táirgí i dtrácht na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

go dtagann siad ó bhunaíochtaí:

(i) 

a chuir an t-údarás inniúil isteach sa chlár bunaíochtaí i gcomhréir le pointe (a) den chéad mhír d'Airteagal 93 agus nár thug an Ballstát tionscnaimh aon mhaolú i gcomhréir le hAirteagal 85;

(ii) 

a d'fhormheas an t-údarás inniúil gcomhréir le hAirteagal 97(1) má cheanglaítear formheas den sórt sin le hAirteagal 94(1) nó le hAirteagal 95;

(b) 

go gcomhlíonann siad ceanglais inrianaitheachta Airteagal 121(1) nó rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 122(1).

3.  
Comhlíonfaidh oibreoirí ceanglais Airteagal 125 maidir le táirgí geirmeacha d'ainmhithe talún ar coimeád a iompar.
4.  
Ní aistreoidh oibreoirí táirgí geirmeacha ó bhunaíocht i mBallstát amháin go bunaíocht i mBallstát eile mura dtabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit chinn scríbe formheas go sainráite maidir le gluaiseacht den sórt sin, más rud é go bhfuil na táirgí geirmeacha sin faoi réir scriosadh chun críocha díothaithe mar chuid de chlár díothaithe amhail dá bhforáiltear in Airteagal 31(1) nó (2).

Airteagal 158

Na hoibleagáidí ar oibreoirí ag an gceann scríbe

1.  

Oibreoirí bunaíochtaí ag an gceann scríbe a fhaigheann táirgí geirmeacha ó bhunaíocht i mBallstát eile, déanfaidh siad:

(a) 

a sheiceáil an bhfuil na nithe seo a leanas ann:

(i) 

marcanna i gcomhréir le hAirteagal 121 agus le rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 122;

(ii) 

deimhnithe sláinte ainmhithe amhail dá bhforáiltear in Airteagal 161;

(b) 

an t-údarás inniúil ag an gceann scribe a chur ar an eolas, i ndiaidh na seiceála ar na táirgí geirmeacha arna bhfáil, faoi aon mhírialtacht maidir leis;

(i) 

na táirgí geirmeacha arna bhfáil;

(ii) 

na marcanna dá dtagraítear i bpointe (a)(i);

(iii) 

na deimhnithe sláinte ainmhithe dá dtagraítear i bpointe (a)(ii).

2.  
Má bhíonn aon mhírialtacht ann amhail dá dtagraítear i i bpointe (b) de mhír 1, coinneoidh an t-oibreoir lena mbaineann na táirgí geirmeacha amach ó tháirgí eile go dtí go mbeidh cinneadh déanta ag an údarás inniúil ina leith.



Roinn 2

Gluaiseachtaí táirgí geirmeacha ó ainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair, den speiceas mucach agus den speiceas eachaí agus táirgí geirmeacha d'éanlaith chlóis

Airteagal 159

Oibleagáidí oibreoirí maidir le fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí go Ballstáit eile de tháirgí geirmeacha d'ainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair, den speiceas mucach agus den speiceas eachaí agus táirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis

1.  

Ní aistreoidh oibreoirí táirgí geirmeacha d'ainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair, den speiceas mucach agus den speiceas eachaí agus táirgí geirmeacha d'éanlaith chlóis go Ballstáit eile ach i gcás ina gcomhlíonann na táirgí geirmeacha sin na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

go mbailítear, go dtáirgtear, go bpróiseáiltear agus go stóráiltear iad i mbunaíochtaí táirgí geirmeacha arna bhformheas chun na críche sin i gcomhréir le hAirteagal 97(1) agus le hAirteagal 99;

(b) 

gur bailíodh iad ó na hainmhithe bronntacha a chomhlíonann na ceanglais sláinte ainmhithe is gá chun a áirithiú nach leathfaidh na táirgí geirmeacha galair liostaithe;

(c) 

gur bailíodh, gur táirgeadh, gur próiseáladh, gur stóráladh agus gur iompraíodh iad ar dhóigh den sórt sin lena n-áirítear nach leathfaidh siad galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1).

2.  

Ní aistreoidh oibreoirí táirgí geirmeacha d'ainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair, den speiceas mucach agus den speiceas eachaí agus táirgí geirmeacha d'éanlaith chlóis ó bhunaíocht táirgí geirmeacha atá faoi réir srianta gluaiseachta maidir leis na speicis liostaithe i dtrácht i gcomhréir le:

(a) 

pointe (a), pointe (c) agus pointe (e) d'Airteagal 55(1), pointe (f)(ii) d'Airteagal 55(1), Airteagal 56, pointe (a) d'Airteagal 61(1), Airteagal 62(1), pointe (c) d'Airteagal 65(1), Airteagal 74(1) agus Airteagal 79 agus Airteagal 80;

(b) 

rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 55(2), Airteagal 63, Airteagal 67, Airteagal 71(3), Airteagal 74(4), agus Airteagal 83(2); agus

(c) 

bearta éigeandála amhail dá bhforáiltear in Airteagail 257 agus 258 agus na rialacha a ghlacfar de bhun Airteagal 259 mura bhforáiltear do mhaoluithe sna rialacha sin a ghlactar de bhun Airteagal 258.

Ní bheidh feidhm ag na srianta dá bhforáiltear sa mhír seo maidir le cásanna inar bailíodh táirgí geirmeacha sular thosaigh an ráig i dtrácht agus gur stóráladh na táirgí sin ar leithligh ó tháirgí geirmeacha eile.

Airteagal 160

Cumhacht a tharmligean maidir le gluaiseachtaí go Ballstáit eile de tháirgí geirmeacha d'ainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair, den speiceas mucach nó den speiceas eachaí agus de tháirgí geirmeacha d'éanlaith chlóis

1.  

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le ceanglais sláinte ainmhithe amhail dá bhforáiltear in Airteagal 159 a bhaineann le gluaiseachtaí go dtí Ballstáit eile de tháirgí geirmeacha d'ainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair, den speiceas mucach nó den speiceas eachaí agus de tháirgí geirmeacha d'éanlaith chlóis, agus sonrófar an méid seo a leanas:

(a) 

rialacha maidir le bailiú, táirgeadh, próiseáil agus stóráil táirgí geirmeacha de na hainmhithe ar coimeád sin i mbunaíochtaí formheasta amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 159(1);

(b) 

ceanglais sláinte ainmhithe amhail dá bhforáiltear i bpointe (b) d'Airteagal 159(1) maidir le hainmhithe bronntacha ar coimeád ar bailíodh táirgí geirmeacha uathu agus maidir le leithlisiú nó coraintín na n-ainmhithe sin;

(c) 

tástálacha saotharlainne agus eile a dhéantar ar ainmhithe bronntacha ar coimeád agus ar tháirgí geirmeacha;

(d) 

ceanglais sláinte ainmhithe maidir le nósanna imeachta i leith bailiú, táirgeadh, próiseáil, stóráil nó maidir le nósanna imeachta eile agus iompar dá bhforáiltear i bpointe (c) d'Airteagal 159(1);

2.  
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le ceanglais sláinte ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 159 a bhaineann le gluaiseachtaí go Ballstáit eile de tháirgí geirmeacha d'ainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair, den speiceas mucach nó den speiceas eachaí agus de tháirgí geirmeacha d'éanlaith chlóis, agus sonrófar maoluithe d'oibreoirí ó na rialacha amhail dá bhforáiltear in Airteagal 159, agus na rioscaí a bhaineann le táirgí geirmeacha demn sórt sin sin agus aon bhearta maolaithe riosca atá bunaithe á gcur san áireamh.



Roinn 3

Sláinte ainmhithe a dheimhniú agus fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí

Airteagal 161

Oibleagáidí oibreoirí i leith sláinte ainmhithe a dheimhniú maidir le gluaiseachtaí táirgí geirmeacha d'ainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair, den speiceas mucach nó den speiceas eachaí iad agus táirgí geirmeacha d'éanlaith chlóis agus gníomhartha tarmligthe

1.  
Ní aistreoidh oibreoirí táirgí geirmeacha d'ainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair, den speiceas mucach ná den speiceas eachaí ná táirgí geirmeacha d'éanlaith chlóis go Ballstát eile ach amháin i gcás ina ngabhann deimhniú sláinte ainmhithe le táirgí sen sórt sin arna eisiúint ag údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh i gcomhréir le mír 3;
2.  

I gcásanna ina gceadaítear táirgí geirmeacha d'ainmhithe ar coimeád a aistriú ó chrios srianta atá faoi réir:

(a) 

bearta rialaithe galar amhail dá bhforáiltear i bpointe (f)(ii) d'Airteagal 55(1),Airteagal 56, Airteagal 64 agus Airteagal 65, Airteagal 74(1) agus Airteagal 79 agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 55(2), Airteagal 67, Airteagal 71(3) agus 74(4), agus Airteagal 83(2), nó

(b) 

faoi réir na mbeart éigeandála amhail dá bhforáiltear in Airteagal 257 agus in Airteagal 258 agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 259

agus i gcásanna ina bhfuil na táirgí geirmeacha sin ó ainmhithe ar coimeád de speiceas atá faoi réir na mbeart rialaithe nó na mbearta éigeandála sin, ach amháin má tugadh maoluithe ar an gceanglas maidir le sláinte ainmhithe a dheimhniú i gcomhréir leis na rialacha dá dtagraítear san fhomhír seo, ní aistreoidh oibritheoirí na táirgí geirmeacha sin laistigh de Bhallstát nó ó Bhallstát amháin go dtí Ballstát eile nuair atá deimhniú sláinte ainmhithe i dteannta na dtáirgí sin a d'eisigh údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh i gcomhréir le hAirteagal 149 (1).

Féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh nach bhfuil gá le deimhniú den sórt sin a eisiúint le haghaidh gluaiseachtaí táirgí geirmeacha laistigh den Bhallstát lena mbaineann nuair a mheasann an t-údarás sin go bhfuil córas malartach ann lena n-áirítear gur inrianaitheach coinsíneacht na dtáirgí geirmeacha sin agus go gcomhlíonann na táirgí geirmeacha sin na ceanglais sláinte ainmhithe a ghabhann le gluaiseacht den sórt sin.

3.  
Déanfaidh na hoibreoirí na bearta riachtanacha uile is gá chun a áirithiú go ngabhfaidh an deimhniú sláinte ainmhithe dá dtagraítear i mír 1 leis na tairgí geirmeacha óna n-áit tionscnaimh go dtí a gceann scríbe.
4.  
Eiseoidh an t-údarás inniúil, arna iarraidh sin d'oibreoir, deimhniú sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí táirgí geirmeacha dá dtagraítear i mír 1, ar choinníoll gur comhlíonadh na ceanglais ábhartha dá dtagraítear i gCaibidil 5 de Theideal I de Chuid IV.
5.  
Airteagail 148, 149 agus 150 agus na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 146 agus Airteagal 147 agus Airteagal 149(4) maidir le deimhniúchán sláinte ainmhithe na dtáirgí geirmeacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, agus Airteagal 151(1) agus na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 151(3), beidh feidhm acu maidir le gluaiseachtaí táirgí geirmeacha a fhéindearbhú.
6.  

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le maoluithe ó na ceanglais i ndáil le deimhnithe sláinte ainmhithe dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo maidir le gluaiseachtaí táirgí geirmeacha d'ainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair, den speiceas mucach nó den speiceas eachaí agus táirgí geirmeacha d'éanlaith chlóis, nach bhfuil riosca suntasach ag baint leo maidir le leathadh galar liostaithe mar gheall ar an méid seo a leanas:

(a) 

cineál na dtáirgí geirmeacha lena mbaineann nó an speiceas ainmhí óna dtagann na táirgí sin;

(b) 

na modhanna táirgthe agus próiseála ag an mbunaíocht táirgí geirmeacha;

(c) 

an úsáid a beartaíodh do na táirgí geirmeacha;

(d) 

bearta maolaithe riosca malartacha atá bunaithe maidir le cineál agus catagóir táirgí geirmeacha agus an bhunaíocht táirgí geirmeacha;

(e) 

ceann scríbe na dtáirgí geirmeacha, i gcás ina mbíonn an ceann scríbe sa Bhallstát céanna is atá an áit tionscnaimh, ach go dtéann na táirgí geirmeacha ar idirthuras trí Bhallstát eile chun an ceann scríbe a bhaint amach.

Airteagal 162

Ábhar na ndeimhnithe sláinte ainmhithe

1.  

Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa deimhniú sláinte ainmhithe maidir leis na táirgí geirmeacha dá bhforáiltear in Airteagal 161:

(a) 

an bhunaíocht táirgí geirmeacha tionscnaimh agus an bhunaíocht nó an ceann scríbe;

(b) 

cineál na dtáirgí geirmeacha agus speicis na n-ainmhithe bronntacha ar coimeád;

(c) 

the volume or number of the germinal products;

(d) 

marcáil na dtáirgí geirmeacha, má cheanglaítear sin le hAirteagal 121(1) agus le haon rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 122(1);

(e) 

an fhaisnéis is gá chun a léiriú go gcomhlíonann táirgí geirmeacha an choinsínithe na ceanglais ghluaiseachta maidir leis na speicis ábhartha amhail dá bhforáiltear in Airteagal 157 agus in Airteagal 159 agus agus in aon rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 160.

2.  
Féadfar faisnéis eile a cheanglaítear faoi reachtaíocht eile de chuid an Aontais a áireamh sa deimhniú sláinte ainmhithe maidir leis na táirgí geirmeacha amhail dá bhforáiltear in Airteagal 161.
3.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an an fhaisnéis atá le bheith sa deimhniú sláinte ainmhithe de bhun mhír 1 den Airteagal seo;
4.  
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le deimhniú sláinte ainmhithe le haghaidh cineálacha éagsúla de tháirgí geirmeacha agus de speicis éagsúla ainmhithe.
5.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, rialacha a leagan síos maidir le foirmeacha samplacha de dheimhnithe sláinte ainmhithe le haghaidh táirgí geirmeacha. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

Airteagal 163

Fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí go Ballstáit eile de tháirgí geirmeacha d'ainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair, den speiceas mucach nó den speiceas eachaí agus de tháirgí geirmeacha d'éanlaith chlóis

1.  

Déanfaidh oibreoirí mar a leanas:

(a) 

cuirfidh siad an t-údarás inniúil ina mBallstát tionscnaimh ar an eolas roimh ré gur bheartaigh siad táirgí geirmeacha d'ainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair, den speiceas mucach nó den speiceas eachaí a aistriú go dtí Ballstát eile mar aon le táirgí geirmeacha d'éanlaith chlóis sna cásanna seo a leanas:

(i) 

ceanglaítear go ngabhfaidh deimhniú sláinte ainmhithe leis na táirgí geirmeacha i dtrácht i gcomhréir le hAirteagal 161(1) nó (2);

(ii) 

ceanglaítear fógra maidir le gluaiseacht a thabhairt i gcomhréir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 5(a) agus mír 3 den Airteagal seo á cur san áireamh;

(b) 

soláthraítear an fhaisnéis uile is gá chun go gcuirfear ar chumas údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh fógra a thabhairt d'údarás inniúil an Bhallstáit chinn scríbe i leith gluaiseacht táirgí geirmeacha i gcomhréir le mír 2.

2.  
Tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh fógra d'údarás inniúil an Bhallstáit chinn scríbe roimh an ghluaiseacht i dtrácht agus, nuair is féidir é, trí TRACES, maidir le gluaiseachtaí táirgí geirmeacha d'ainmhithe ar coimeád den speiceas buaibheach, den speiceas caorach, den speiceas gabhair, den speiceas mucach nó den speiceas eachaí agus táirgí geirmeacha d'éanlaith chlóis i gcomhréir leis na rialacha arna nglacadh de bhun mhír 5 agus mhír 6.
3.  
Úsáidfidh na Ballstáit réigiúin arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 153(3) chun fógraí a bhainistiú.
4.  
Beidh feidhm ag Airteagal 153(4) maidir le fógra a thabhairt i leith táirgí geirmeacha ag oibreoirí.
5.  

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

an ceanglas atá ar oibreoirí fógra a thabhairt roimh ré i leith táirgí geirmeacha idir na Ballstáit i gcomhréir le pointe (a)(ii) de mhír 1 den Airteagal seo, i gcás ina bhfuil gá le hinrianaitheacht gluaiseachtaí den sórt sin chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais sláinte ainmhithe a leagtar síos i Roinn 1 agus Roinn 2 (Airteagal 157 go hAirteagal 160);

(b) 

an fhaisnéis is gá chun fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí táirgí geirmeacha amhail dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo;

(c) 

na nósanna imeachta éigeandála maidir le fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí táirgí geirmeacha i gcás gearrtha leictreachais agus cur isteach eile ar TRACES.

6.  

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis:

(a) 

faisnéis a fhoráil maidir le gluaiseachtaí na dtáirgí geirmeacha ag oibreoirí d'údarás inniúil an Ballstáit tionscnaimh i gcomhréir le mír 1;

(b) 

fógra ag údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh don Bhallstát cinn scríbe maidir le gluaiseachtaí na dtáirgí geirmeacha i gcomhréir le mír 2;

(c) 

na spriocdhátaí maidir leis na nithe seo a leanas:

(i) 

foráil na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 atá le tabhairt ag oibreoirí d'údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh;

(ii) 

an fógra ag údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimhfaoi ghluaiseachtaí tairgí geirmeacha a thabhairt amhail dá dtagraítear i mír 2.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).



Roinn 4

Gluaiseachtaí go ballstáit eile de tháirgí geirmeacha d'ainmhithe talún ar coimeád de speicis seachas an speiceas buaibheach, an speiceas caorach, an speiceas mucach agus an speiceas eachaí agus táirgí geirmeacha d'éanlaith chlóis

Airteagal 164

Táirgí geirmeacha d'ainmhithe talún ar coimeád de speicis seachas an speiceas buaibheach, an speiceas caorach, an speiceas mucach agus an speiceas eachaí agus táirgí geirmeacha d'éanlaith chlóis

1.  
Ní aistreoidh oibreoirí táirgí geirmeacha d'ainmhithe talún ar coimeád de speicis seachas an speiceas buaibheach, an speiceas caorach, an speiceas mucach nó an speiceas eachaí ná táirgí geirmeacha d'éanlaith chlóis go Ballstát eile ach i gcás nach bhfuil riosca suntasach ag baint leis na táirgí sin maidir le leathadh galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1) go dtí speicis liostaithe ag an gceann scríbe, agus an stádas sláinte ag an gceann scríbe á chur san áireamh acu.
2.  

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le ceanglais sláinte ainmhithe, sláinte ainmhithe a dheimhniú agus ceanglais maidir le fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí táirgí geirmeacha d'ainmhithe talún ar coimeád de speicis seachas an speiceas buaibheach, an speiceas caorach, an speiceas mucach nó an speiceas eachaí agus táirgí geirmeacha d'éanlaith chlóis agus na hábhair seo a leanas á gcur san áireamh aige:

(a) 

na galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1) maidir leis na speicis liostaithe lena mbaineann;

(b) 

na speicis ainmhithe ónar bailíodh na táirgí geirmeacha agus cineál na dtáirgí geirmeacha;

(c) 

an stádas sláinte ag an áit tionscnaimh agus ag an gceann scríbe;

(d) 

cineál an bhailithe, an táirgthe, na próiseála agus na stórála;

(e) 

sonraí eipidéimeolaíocha eile.

3.  

I gcás ina gceanglaítear go ndeimhneofar sláinte ainmhithe agus go dtabharfar fógra i leith na dtáirgí geirmeacha i gcomhréir le mír 2:

(a) 

beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 161(1) go (5), in Airteagal 162(1) agus (2) agus ag na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 161(6) agus Airteagal 162(3) go (5) maidir le deimhniúchán den sórt sin;

(b) 

beidh feidhm ag na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 163(1), (2) agus (4) agus na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 163(5) maidir le fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí.



Roinn 5

Maoluithe

Airteagal 165

Táirgí geirmeacha a beartaíodh chun críocha eolaíochta agus gníomhartha tarmligthe

1.  
Féadfaidh údarás inniúil an chinn scríbe, faoi réir chomhaontú údarás inniúil an áit tionscnaimh, údarú a thabhairt i dtaca le táirgí geirmeacha a aistriú go dtí críoch an Bhallstáit chinn scríbe, ar táirgí ar chun críocha eolaíochta iad agus nach gcomhlíonann na gluaiseachtaí sin ceanglais Airteagail 159 go 164.
2.  

Ní thabharfaidh an t-údaráis inniúil na maoluithe dá bhforáiltear i mír 1 ach amháin ar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

rinne údaráis inniúla an chinn scríbe agus na háite tionscnaimh mar a leanas:

(i) 

tháinig siad ar chomhaontú maidir leis na coinníollacha le haghaidh na ngluaiseachtaí atá beartaithe;

(ii) 

d'áirithigh siad gurb ann do na bearta maolaithe riosca ar gá iad ionas nach mbeidh an stádas sláinte i mbaol ó thaobh na ngalar liostaithe dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1) le linn an turais ná ag an gceann scríbe;

(iii) 

thug siad fógra, i gcás inarb ábhartha, d'údaráis inniúla na mBallstát trasnaithe maidir leis an maolú a tugadh agus na coinníollacha faoinar tugadh é;

(b) 

tarlaíonn na gluaiseachtaí sin faoi mhaoirseacht údaráis inniúla na n-áiteanna tionscnaimh agus cinn scríbe, agus, más ábhartha, faoi mhaoirseacht údaráis inniúla aon Bhallstáit trasnaithe.

3.  
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 a bhaineann leis na rialacha le haghaidh maoluithe arna dtabhairt ag na húdaráis inniúla, lena bhforlíontar na rialacha dá bhforáiltear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo.



CAIBIDIL 6

Táirgí de thionscnamh ainmhíoch a tháirgeadh, a phróiseáil agus a scaipeadh laistigh den Aontas

Airteagal 166

Na hoibleagáidí sláinte ainmhithe ginearálta ar oibreoirí agus gníomhartha tarmligthe

1.  

Déanfaidh oibreoirí bearta coisctheacha cuí chun a áirithiú, le linn gach céim de tháirgeadh, de phróiseáil, agus de scaipeadh táirgí de thionscnamh ainmhíoch san Aontas, nach cúis iad táirgí den sórt sin le leathadh an méid a leanas:

(a) 

galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1), agus stádas sláinte na háite táirgthe, próiseála nó an chinn scríbe á chur san áireamh;

(b) 

galair atá ag teacht chun cinn.

2.  

Áiritheoidh oibreoirí nach dtiocfaidh táirgí de bhunadh ainmhíoch ó bhunaíochtaí nó ó ghnólachtaí bia atá faoi réir an méid seo a leanas nó nach bhfaighfear iad ó ainmhithe a thagann ó bhunaíochtaí atá faoi réir an méid a leanas:

(a) 

bearta éigeandála amhail dá bhforáiltear in Airteagal 257 agus in Airteagal 258 nó aon cheann de na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 259 mura bhforáiltear, i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 259, do mhaoluithe ar an gceanglas dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo;

(b) 

srianta ar ghluaiseacht is infheidhme maidir le hainmhithe talún ar coimeád agus táirgí de thionscnamh ainmhíoch, amhail dá bhforáilteari bpointe (c) d'Airteagal 32(1), i bpointe (e) d'Airteagal 55(1), in Airteagal 56, i bpointe (a) d'Airteagal 61(1), in Airteagal 62(1), i bpointe (c) d'Airteagal 65(1), i bpointe (b) d'Airteagal 70(1), i bpointe (a) d'Airteagal 74(1), i bpointe (b) d'Airteagal 76(2), in Airteagal 76(3), in Airteagal 79, in Airteagal 81 agus in Airteagal 82(2) agus (3) agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagail 55(2), Airteagail 63 agus 67, Airteagal 70(3), 71(3), Airteagal 74(4) Airteagail 76(5)) agus Airteagal 83(2) ach amháin i gcás inar foráladh, sna rialacha sin, do mhaoluithe ó shrianadh na ngluaiseachtaí sin.

3.  

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le rialacha mionsonraithe lena bhforlíontar rialacha maidir leis an méid seo a leanas dá dtagraítear:

(a) 

i mír 1 den Airteagal seo maidir le bearta coisctheacha, lena n-áirítear bearta maolaithe riosca, agus

(b) 

i mír 2 den Airteagal seo maidir le srianta ar ghluaiseachtaí táirgí de bhunadh ainmhíoch;

4.  

Nuair a ghlacfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 3, bunóidh sé na gníomhartha sin ar:

(a) 

an ngalar liostaithe i dtrácht, amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1) agus aon speiceas atá i gceist leis agus

(b) 

na rioscaí i gceist.

Airteagal 167

Oibleagáidí ar oibreoirí maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe agus cumhacht a tharmligean

1.  

Ní aistreoidh oibreoirí na táirgí de bhunadh ainmhíoch seo a leanas laistigh de Bhallstát ná go Ballstát eile ach i gcás ina ngabhann deimhniú sláinte ainmhithe leis na táirgí i dtrácht arna eisiúint ag údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh i gcomhréir le mír 3:

(a) 

táirgí de bhunadh ainmhíoch ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(i) 

is ceadmhach iad a aistriú ó chrios srianta faoi réir bearta éigeandála amhail dá bhforáiltear i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 259;

(ii) 

is de bhunadh ainmhíoch de speicis atá faoi réir na mbeart éigeandála sin iad;

(b) 

táirgí de bhunadh ainmhíoch ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(i) 

is ceadmhach iad a aistriú ó chrios srianta faoi réir bearta rialú galar i gcomhréir le hAirteagal 32(1), pointe (f)(ii) d'Airteagal 55(1), Airteagal 56, pointe (a) d'Airteagal 61(1), Airteagal 62(1), Airteagal 64, pointe (c) d'Airteagal 65(1), pointe (b) d'Airteagal 70(1) agus pointe (a) d'Airteagal 74(1) agus Airteagal 79 agus Airteagal 80 agus aon rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 55(2), Airteagal 63 agus Airteagal 67 agus Airteagal 71(3) agus Airteagail 71(3), 74(4) agus 83(2),

(ii) 

is de bhunadh ainmhíoch de speicis atá faoi réir na mbeart rialaithe galar sin iad.

Féadfaidh údarás inniúil a chinneadh nach bhfuil gá le deimhniú den sórt sin a eisiúint le haghaidh gluaiseachtaí táirgí de bhunadh ainmhíoch laistigh den Bhallstát lena mbaineann nuair a mheasann an t-údarás sin go bhfuil córas malartach lena n-áirítear gur inrianaitheach coinsíneacht táirgí den sórt sin agus go gcomhlíonann na táirgí sin na ceanglais sláinte ainmhithe a ghabhann le gluaiseachtaí den sórt sin.

2.  
Déanfaidh oibreoirí gach beart is gá chun a áirithiú go ngabhfaidh an deimhniú sláinte ainmhithe leis na táirgí de bhunadh ainmhíoch óna n-áit tionscnaimh go dtí a gceann scríbe.
3.  
Eiseoidh an t-údarás inniúil, arna iarraidh sin don oibreoir lena mbaineann, deimhniú sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí táirgí de bhunadh ainmhíoch amhail dá dtagraítear i mír 1, ar choinníoll gur comhlíonadh na ceanglais ábhartha dá dtagraítear san Airteagal seo.
4.  
Beidh feidhm ag Airteagal 148, ag Airteagal 149 agus ag Airteagal 150 agus ag na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 146 agus Airteagal 147 agus Airteagal 149(4) ar dheimhniúchán na ngluaiseachtaí táirgí de thionscnamh ainmhithe amhail dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
5.  

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le maoluithe ar cheanglais maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo agus maidir leis na coinníollacha a ghabhann le maoluithe den sórt sin, i ndáil le gluaiseachtaí táirgí de bhunadh ainmhíoch nach mbeidh riosca suntasach ag baint leo i leith leathadh galair de dheasca na nithe seo a leanas:

(a) 

cineálacha na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch lena mbaineann;

(b) 

na bearta maolaithe riosca a chuirtear i bhfeidhm ar na táirgí de bhunadh ainmhíoch, agus leis sin rioscaí leata galar a mhaolú;

(c) 

an úsáid atá beartaithe do na táirgí de bhunadh ainmhithe;

(d) 

ceann scríbe na dtáirgí de bhunadh ainmhithe.

Airteagal 168

Ábhar na ndeimhnithe sláinte ainmhithe agus gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme

1.  

Beidh an fhaisnéis a leanas ar a laghad sa deimhniú sláinte ainmhithe do tháirgí de bhunadh ainmhíoch dá bhforáiltear in Airteagal 167(1):

(a) 

an bhunaíocht nó an áit tionscnaimh agus an bhunaíocht chinn scríbe nó an ceann scríbe;

(b) 

tuairisc ar na táirgí de bhunadh ainmhithe lena mbaineann;

(c) 

cainníocht na dtáirgí de bhunadh ainmhithe;

(d) 

sainaithint na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch, má cheanglaítear sin le pointe (h) d'Airteagal 65(1) nó ag aon rialacha arna nglacadh de bhun phointe (a) den dara mír d'Airteagal 67;

(e) 

an fhaisnéis is gá chun a léiriú go gcomhlíonann na táirgí de bhunadh ainmhíoch na ceanglais srianta gluaiseachta dá bhforáiltear in Airteagal 166(2) agus in aon rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 166(3).

2.  
Féadfar faisnéis eile a cheanglaítear faoi reachtaíocht eile de chuid an Aontais a áireamh sa deimhniú sláinte ainmhithe.
3.  
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an bhfaisnéis atá le bheith sa deimhniú sláinte ainmhithe dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.
4.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le foirmeacha samplacha de dheimhnithe sláinte ainmhithe do tháirgí de bhunadh ainmhíoch dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

Airteagal 169

Fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí táirgí de bhunadh ainmhíoch go Ballstáit eile

1.  

Déanfaidh oibreoirí mar a leanas:

(a) 

cuirfidh siad an t-údarás inniúil ina mBallstát tionscnaimh ar an eolas roimh ré maidir leis an am a bheartaítear táirgí de bhunadh ainmhíoch a aistriú sa chás ina gceanglaítear go ngabhfaidh deimhniú sláinte ainmhithe leis na coinsíneachtaí i dtrácht i gcomhréir le hAirteagal 167(1);

(b) 

soláthróidh siad an fhaisnéis uile ar gá í chun go gcuirfear ar chumas údarás inniúil an Bhallstát tionscnaimh fógra a thabhairt i leith na gluaiseachta i dtrácht chuig údarás inniúil an Bhallstáit chinn scríbe i gcomhréir le mír 2.

2.  
Tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh fógra d'údarás inniúil an Bhallstáit chinn scríbe sula n-aistreofar táirgí de bhunadh ainmhíoch, agus nuair is féidir, trí TRACES, i gcomhréir leis na rialacha arna nglacadh de bhun mhír 5 agus mhír 6.
3.  
Úsáidfidh na Ballstáit réigiúin arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 153(3) chun fógraí a bhainistiú.
4.  
Beidh feidhm ag Airteagal 153(4) maidir le fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí táirgí de bhunadh ainmhíoch ag oibreoirí.
5.  

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

an fhaisnéis is gá chun fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí táirgí de bhunadh ainmhíoch amhail dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo;

(b) 

na nósanna imeachta éigeandála maidir le fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí táirgí de bhunadh ainmhíoch i gcás gearrtha leictreachais agus cur isteach eile ar TRACES.

6.  

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis na nithe a leanas:

(a) 

an fhaisnéis atá le foráil d'oibreoirí údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh maidir le gluaiseachtaí táirgí de bhunadh ainmhíoch i gcomhréir le mír 1;

(b) 

faisnéis atá le soláthar maidir le gluaiseachtaí na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch ag údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh don Bhallstát cinn scríbe i gcomhréir le mír 2;

(c) 

na spriocdhátaí maidir leis na nithe seo a leanas:

(i) 

foráil na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 ag an oibreoir lena mbaineann d'údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh;

(ii) 

an fógra faoi ghluaiseachtaí tairgí de bhunadh ainmhíoch atá le tabhairt ag údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh amhail dá dtagraítear i mír 2.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).



CAIBIDIL 7

Raon feidhme beart náisiúnta

Airteagal 170

Bearta náisiúnta maidir le rialú galar agus gluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí geirmeacha

1.  
Beidh sé de shaoirse ag na Ballstáit i gcónaí bearta náisiúnta a ghlacadh chun galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (d) agus i bpointe (e) d'Airteagal 9(1) a rialú agus chun bearta a ghlacadh a bhaineann le gluaiseachtaí ainmhithe talún agus gluaiseacht táirgí geirmeacha ó na hainmhithe sin laistigh dá gcríoch féin.
2.  

Maidir leis na bearta náisiúnta sin:

(a) 

cuirfear san áireamh iontu na rialacha a leagtar síos i gCaibidil 3 (Airteagail 124 go 154), i gCaibidil 4 (Airteagal 155 agus Airteagal 156) agus i gCaibidil 5 (Airteagal 157 go hAirteagal 165) maidir le gluaiseacht ainmhithe agus táirgí geirmeacha agus ní bheidh na rialacha sin ar neamhréir leis na bearta sin;

(b) 

ní chuirfear bac ar ghluaiseacht ainmhithe agus táirgí idir na Ballstáit leo;

(c) 

ní shárófar leo na teorainneacha maidir leis an méid is oiriúnach agus is riachtanach chun cosc a chur ar thabhairt isteach agus leathadh na ngalar liostaithe dá dtagraítear i bpointe (d) agus i bpointe (e) d'Airteagal 9(1)

Airteagal 171

Bearta náisiúnta atá deartha chun tionchar galar seachas galair liostaithe a theorannú

I gcás go mbaineann baol suntasach i mBallstát do staid ainmhithe talún ar coimeád ó thaobh a sláinte de mar gheall ar ghalar nach galar liostaithe é, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann bearta náisiúnta a ghlacadh chun an galar sin a rialú agus chun srian a chur ar ghluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád agus ar ghluaiseachtaí táirgí geirmeacha, ar choinníoll nach mbeidh an éifeacht seo a leanas ag na bearta sin:

(a) 

ní chuirfidh siad bac ar ghluaiseacht ainmhithe agus táirgí idir na Ballstáit;

(b) 

na teorainneacha a shárú maidir leis an méid is oiriúnach agus is riachtanach chun an galar sin a rialú.



TEIDEAL II

AINMHITHE UISCEACHA AGUS TÁIRGÍ DE THIONSCNAMH AINMHITHE Ó AINMHITHE UISCEACHA



CAIBIDIL 1

Clárú, formheas, coimeád taifead agus cláir



Roinn 1

Clárú bunaíochtaí dobharshaothraithe

Airteagal 172

An oibleagáid ar oibreoirí bunaíochtaí dobharshaothraithe a chlárú

1.  

Sula gcuirfidh oibreoirí bunaíochtaí dobharshaothraithe tús lena gcuid gníomhaíochtaí agus chun go mbeidh a gcuid bunaíochtaí cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 173, déanfaidh siad an méid a leanas:

(a) 

cuirfidh siad an t-údarás inniúil ar an eolas faoi aon bhunaíocht dobharshaothraithe atá faoina cúram;

(b) 

soláthróidh siad faisnéis don údarás inniúil maidir leis an méid a leanas:

(i) 

ainm agus seoladh an oibreora lena mbaineann;

(ii) 

suíomh na bunaíochta agus tuairisc ar a saoráidí;

(iii) 

speicis, catagóirí agus cainníochtaí (líon, toirt nó meáchan) na n-ainmhithe dobharshaothraithe a bheartaíonn siad a choimeád sa bhunaíocht dobharshaothraithe agus acmhainn na bunaíochta dobharshaothraithe;

(iv) 

cineál na bunaíochta dobharshaothraithe; agus

(v) 

aon ghnéithe eile den bhunaíocht atá ábhartha agus chun críche an baol a bhaineann leis an mbunaíocht dobharshaothraithe a chinneadh.

2.  

Cuirfidh oibreoirí bunaíochtaí dobharshaothraithe dá dtagraítear i mír 1 an t-údarás inniúil ar an eolas roimh ré i gcás:

(a) 

aon athruithe suntasacha sa bhunaíochtaí dobharshaothraithe i dtrácht a bhaineann le leis na hábhair dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1;

(b) 

aon scor gníomhaíochta ag an oibreoir nó ag an mbunaíocht dobharshaothraithe lena mbaineann.

3.  
Ní bheidh sé de cheanglas ar bhunaíochtaí dobharshaothraithe atá faoi réir formheas i gcomhréir le hAirteagal 176(1) agus Airteagal 177 an fhaisnéis a sholáthar dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
4.  

Féadfaidh oibreoir iarratas a chur isteach ar an gclárú amhail dá bhforáiltear i mír 1 le go gcumhdófar grúpa bunaíochtaí dobharshaothraithe ar choinníoll go gcomhlíonfaidh siad ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

tá siad lonnaithe i limistéar a bhfuil nasc aige le tarlú agus leathadh galar agus oibríonn na hoibreoirí uile sa limistéar sin faoi chóras comhchoiteann bithshlándála;

(b) 

tá siad faoi chúram an t-oibreoir céanna agus tá siad ag oibriú faoi aon chóras bithshlándála amháin agus is cuid d'aonad eipidéimeolaíoch aonair iad ainmhithe dobharshaothraithe na mbunaíochtaí lena mbaineann.

I gcás ina gcumhdóidh iarratas ar chlárú grúpa bunaíochtaí, beidh feidhm maidir le grúpa iomlán na mbunaíochtaí dobharshaothraithe ag na rialacha a leagtar síos in Airteagal 170 agus i bpointe (b) den chéad mhír d'Airteagal 171 agus ag na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 173, arb infheidhme iad maidir le bunaíocht dobharshaothraithe aonair.

Airteagal 173

Na hoibleagáidí ar an údarás inniúil maidir le bunaíochtaí dobharshaothraithe a chlárú

Déanfaidh údarás inniúil iad siúd a leanas a chlárú:

(a) 

bunaíochtaí dobharshaothraithe i gclár na mbunaíochtaí dobharshaothraithe dá bhforáiltear in Airteagal 185(1), i gcás inar thug an t-oibreoir lena mbaineann an fhaisnéis atá ceangailte i gcomhréir le hAirteagal 172(1);

(b) 

grúpaí bunaíochtaí dobharshaothraithe sa chlár sin ar choinníoll go gcomhlíontar na critéir a leagtar síos in Airteagal 172(4).

Sannfaidh an t-údarás inniúil cláruimhir uathúil do gach bunaíocht nó grúpa de bhunaíochtaí amhail dá dtagraítear san Airteagal seo.

Airteagal 174

Maoluithe ón oibleagáid ar oibreoirí bunaíochtaí dobharshaothraithe a chlárú

De mhaolú ar Airteagal 172(1), féadfaidh na Ballstáit díolúint ón gceanglas cláraithe a thabhairt do bhunaíochtaí dobharshaothruithe áirithe a mbaineann riosca neamhshuntasach leo, de réir amhail dá bhforáiltear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 175.

Airteagal 175

Cumhachtaí cur chun feidhme maidir le maoluithe ón oibleagáid bunaíochtaí dobharshaothraithe a chlárú

1.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis an bhfaisnéis nach mór d'oibritheoirí a sholáthar chun críche an bhunaíocht dobharshaothraithe a chlárú amhail dá bhforáiltear in Airteagal 172(1) agus áireofar sna rialacha sin na teorainneacha ama faoina mbeidh faisnéis den sórt sin le soláthar.
2.  

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis na cineálacha bunaíochta dobharshaothraithe [..] a bhféadfaidh na Ballstáit díolmhúón gceanglas cláraithe a thabhairt ina leith i gcomhréir le hAirteagal 174, bunaithe ar an méid seo a leanas:

(a) 

speicis, catagóirí agus cainníocht (líon, toirt nó meáchan) na n-ainmhithe dobharshaothraithe sa bhunaíocht dobharshaothraithe i dtrácht agus acmhainn na bunaíochta sin;

(b) 

gluaiseachtaí na n-ainmhithe dobharshaothraithe isteach sa bhunaíocht dobharshaothraithe agus amach aisti.

3.  
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear san Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).



Roinn 2

Cineálacha áirithe bunaíochtaí dobharshaothraithe a fhormheas

Airteagal 176

Cineálacha áirithe bunaíochtaí dobharshaothraithe a fhormheas agus gníomhacha tarmligthe

1.  

Cuirfidh oibreoirí na gcineálacha bunaíochtaí dobharshaothraithe seo a leanas iarratas ar fhormheas chuig an údarás inniúil i gcomhréir le Airteagal 180(1):

(a) 

i gcás bunaíochtaí dobharshaothraithe ina gcoimeádtar ainmhithe dobharshaothraithe agus é i gceist iad a aistriú ansin ón mbunaíocht, bíodh sin ina mbeatha nó mar tháirgí de bhunadh ainmhíoch dobharshaothraithe;

(b) 

is bunaíochtaí dobharshaothraithe eile iad a ngabhann riosca suntasach leo de bharr an méid seo a leanas:

(i) 

speicis, catagóirí, agus líon na n-ainmhithe dobharshaothraithe a choimeádtar ann;

(ii) 

cineál na bunaíochta dobharshaothraithe lena mbaineann;

(iii) 

gluaiseachtaí ainmhithe dobharshaothraithe isteach sa bhunaíocht dobharshaothraithe agus amach aisti lena mbaineann.

2.  

De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit díolúine ón oibleagáid iarratas a dhéanamh ar fhormheas a thabhairt d'oibreoirí na gcineálacha bunaíochta seo a leanas:

(a) 

bunaíochtaí dobharshaothraithe a shaothraíonn méid beag ainmhithe dobharshaothraithe lena gcaitheamh ag an duine, bíodh sin:

(i) 

don tomhaltóir deiridh go díreach; nó

(ii) 

do bhunaíochtaí miondíola a sholáthraíonn don tomhaltóir deiridh go díreach;

(b) 

iad a chur chuig locháin nó suiteálacha eile a gcoimeádtar an daonra ainmhithe dobharshaothraithe iontu chun críche iascaireachta áineasa amháin trína n-athstocáil le hainmhithe dobharshaothraithe atá faoi shrian agus nach bhfuil in ann éalú;

(c) 

iad a chur chuig bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe dobharshaothraithe chun críocha ornáideachais i saoráidí dúnta.

ar choinníoll nach bhfuil riosca suntasach ag baint leis an mbunaíocht i dtrácht.

3.  

Ach amháin más rud é gur deonaíodh maolú faoi mhír 4den Airteagal seo, áiritheoidh oibreoirí nach dtosófar ar ghníomhaíocht ag bunaíocht dobharshaothraithe amhail dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo go dtí go mbeidh an bhunaíocht sin formheasta i gcomhréir le hAirteagal 181(1) agus scoirfidh siad de ghníomhaíocht den sórt sin ag bunaíocht dobharshaothraithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo sna cásanna seo a leanas:

(a) 

tarraingíonn an t-údarás inniúil siar a fhormheas nó cuireann sé ar fionraí é i gcomhréir le hAirteagal 184(2); nó

(b) 

sa chás gur tugadh formheas coinníollach i gcomhréir le hAirteagal 183(3), ní chomhlíonann an bhunaíocht dobharshaothraithe lena mbaineann na ceanglais neamhchomhlíonta dá dtagraítear in Airteagal 183(4) agus ní fhaigheann sé formheas deiridh i gcomhréir le hAirteagal 183(3).

4.  

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid a leanas:

(a) 

maoluithe ar an gceanglas atá ar oibreoirí iarratas ar fhormheas do chineálacha áirithe bunaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 a chur faoi bhráid an údaráis inniúil, ar iarratais iad a bhaineann le cineálacha áirithe bunaíochtaí seachas iad siúd a shonraítear i bhfophointe (i) go fophointe (iii) de mhír 1a(a), i gcás nach ngabhann riosca suntasach leis na bunaíochtaí sin;

(b) 

na cineálacha bunaíochtaí dobharshaothraithe nach mór a fhormheas i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1.

5.  

Nuair a ghlacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe amhail dá bhforáiltear i mír 3, bunóidh sé na gníomhartha sin ar na critéir seo a leanas:

(a) 

na speicis agus na catagóirí ainmhithe dobharshaothraithe a choimeádtar i mbunaíocht dobharshaothraithe;

(b) 

cineál na bunaíochta dobharshaothraithe agus cineál an táirgthe; agus

(c) 

patrúin ghluaiseachta thipiciúla chineál na bunaíochta dobharshaothraithe lena mbaineann agus an speiceas nó an chatagóir ábhartha d'ainmhithe dobharshaothraithe lena mbaineann.

6.  
Féadfaidh oibreoir iarratas a chur isteach ar fhormheas do ghrúpa bunaíochtaí dobharshaothraithe ar choinníoll go gcomhlíonfar na ceanglais dá bhforáiltear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad mhír d'Airteagal 177.

Airteagal 177

Grúpaí bunaíochtaí dobharshaothraithe a fhormheas ag an údarás inniúil

Féadfaidh an t-údarás inniúil formheas a thabhairt amhail dá bhforáiltear in Airteagal 181(1) a gcumhdófar grúpa bunaíochtaí dobharshaothraithe leis, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh na bunaíochtaí dobharshaothraithe i dtrácht ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

tá siad lonnaithe i limistéar a bhfuil nasc aige le tarlú agus leathadh galar agus oibríonn na hoibreoirí uile sa limistéar sin faoi chóras comhchoiteann bithshlándála; ní mór, áfach, formheas aonair a thabhairt d'aon bhunaíocht ar talamh nó amach ón gcósta ina nglactar le moilisc dhébhlaoscacha bheo atá lena gcaitheamh ag an duine (dá ngairtear “ionaid seachadta”), do bhunaíochtaí ina líontar na humair le huisce glan farraige ina gcuirtear moilisc dhébhlaoscacha bheo lena bhfágáil ann le haghaidh na tréimhse is gá chun an t-éilliú a laghdú ionas go mbeidh siad oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine (dá ngairtear “ionaid íonaithe”) agus do bhunaíochtaí chomhchosúla atá lonnaithe laistigh de limistéar den sórt sin a bhfuil nasc aige le tarlú agus leathadh galar;

(b) 

tá siad faoi chúram an t-oibreoir céanna, agus tá siad

(i) 

ag oibriú faoi aon chóras bithshlándála amháin; agus

(ii) 

is cuid den aonad eipidéimeolaíocha céanna iad ainmhithe dobharshaothraithe na mbunaíochtaí lena mbaineann.

I gcás ina dtugtar formheas aonair do ghrúpa bunaíochtaí dobharshaothraithe, beidh feidhm maidir leis an ngrúpa bunaíochtaí dobharshaothraithe sin ag na rialacha a leagtar síos in Airteagal 178 agus in Airteagal 180 go dtí Airteagal 1848 agus ag na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 180(2) agus Airteagal 181(2) arb infheidhme iad maidir le grúpa iomlán na mbunaíochtaí dobharshaothraithe.

Airteagal 178

Stádas bunaíochtaí dobharshaothraithe comhdhúnta a fhormheas

Déanfaidh na hoibreoirí bunaíochtaí dobharshaothraithe sin ar mian leo stádas bunaíochta teoranta a fháil:

(a) 

iarratas ar fhormheas a chur chuig an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 180(1);

(b) 

ainmhithe dobharshaothraithe a aistriú isteach ina mbunaíocht dobharshaothraithe nó aisti i gcomhréir leis na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 203(1) agus in aon ghníomhartha tarmligthe arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 203(2) tar éis dá mbunaíocht formheas an stádais sin a fháil ón údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 181 nó Airteagal 183 agus an tráth sin amháin.

Airteagal 179

Formheas bunaíochtaí rialaithe galar do bhia uisceach

Déanfaidh oibreoirí bunaíochtaí do bhia uisceach a ndéantar galair a rialú iontu mar a leanas:

(a) 

áiritheoidh siad go bhfuarthas an formheas is gá i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharliamint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ); agus

(b) 

cuirfidh siad iarratasar fhormheas chuig an údarás inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 180(1), i dtaca le hainmhithe uisceacha a mharú nó a phróiseáil chun críocha galar a rialú i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 61(1), Airteagal 62 agus Airteagail 68(1), 79 agus 80 agus leis na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 63 agus Airteagail 70(3) agus 71(3).

Airteagal 180

An oibleagáid atá ar oibreoirí faisnéis a sholáthar chun go bhfaighidh siad formheas

1.  

Tabharfaidh oibreoirí, chun críocha a n-iarratas ar fhormheas a mbunaíochta amhail dá bhforáiltear in Airteagal 176(1), Airteagal 177, pointe (a) d'Airteagal 178(a) agus Airteagal 179 faisnéis don údarás inniúil maidir leis an méid a leanas:

(a) 

ainm agus seoladh an oibreora lena mbaineann;

(b) 

suíomh na bunaíochta lena mbaineann agus tuairisc ar a saoráidí;

(c) 

speicis,catagóirí, agus cainníochtaí (líon, toirt nó meáchan) na n-ainmhithe dobharshaothraithe arb ábhartha iad maidir le formheas a choimeádtar ar an mbunaíocht;

(d) 

cineál na bunaíochta dobharshaothraithe;

(e) 

i gcásann maidir le formheas grúpa bunaíochtaí dobharshaothraithe na sonraí is gá chun a léiriú go gcomhlíonann an grúpa i dtrácht na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 177;

(f) 

gnéithe eile de mhodh oibre na bunaíochta dobharshaothraithe i dtrácht, atá ábhartha chun an riosca, a bhaineann leis an mbunaíocht dobharshaothraithe á chinneadh;

(g) 

soláthar agus doirteadh uisce ón mbunaíocht;

(h) 

bearta bithshlándála na bunaíochta.

2.  

Cuirfidh oibreoirí bunaíochtaí amhail dá dtagraítear i mír 1 an t-údarás inniúil ar an eolas roimh ré i gcás:

(a) 

aon athruithe sna bunaíochtaí dobharshaothraithe maidir leis na hábhair dá dtagraítear i mír 1;

(b) 

aon scor gníomhaíochta ag an oibreoir nó ag an mbunaíocht lena mbaineann.

3.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis an bhfaisnéis nach mór d'oibritheoirí a sholáthar san iarratas ar fhormheas a mbunaíochtaí i gcomhréir le mír 1, agus áireofar sna rialacha sin na teorainneacha ama faoina mbeidh faisnéis den sórt sin le soláthar.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

Airteagal 181

Formheas a thabhairt agus coinníollacha le formheas agus le cumhacht a tharmligean

1.  

Ní thabharfaidh údaráis inniúla formheas do bhunaíochtaí dobharshaothraithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 176(1) agus i bpointe (a) d'Airteagal 178 ná do ghrúpaí de bhunaíochtaí dobharshaothraithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 177 ná do bhunaíochtaí do bhia uisceach a ndéantar galar a rialú iontu amhail dá dtagraítear in Airteagal 179 ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a) 

comhlíonfaidh na bunaíochtaí sin na ceanglais a leanas, i gcás inarb iomchuí, maidir le:

(i) 

coraintín, leithlisiú agus bearta bithshlándála eile agus na ceanglais dá bhforáiltear i bpointe (b) dAirteagal 10(1) agus i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 10(6) á gcur san áireamh acu;

(ii) 

ceanglais faireachais amhail dá bhforáiltear in Airteagal 24, i gcás inarb ábhartha do chineál na bunaíochta lena mbaineann agus an riosca a bhaineann leis, in Airteagal 25;

(iii) 

taifead a choimeád amhail dá bhforáiltear in Airteagal 186 go hAirteagal 188 agus in aon rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 189 agus Airteagal 190;

(b) 

saoráidí agus trealamh a bheith ag an mbunaíocht ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(i) 

is leordhóthanach iad maidir le maolú go dtí leibhéal inghlactha an riosca go dtabharfar isteach agus go leathnóidh galair, agus cineál na bunaíochta lena mbaineann á chur san áireamh;

(ii) 

tá acmhainn leordhóthanach acu maidir le speicis, catagóirí agus cainníocht (líon, toirt nó meáchan) ainmhithe uisceacha lena mbaineann;

(c) 

níl riosca do-ghlactha ag baint leo maidir le leathadh galar, agus na bearta maolaithe riosca atá ar bun á gcur san áireamh;

(d) 

tá córas ar bun acu lenar féidir leis an oibreoir lena mbaineann a léiriú don údarás inniúil go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar síos i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c).

2.  

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid a leanas:

(a) 

coraintín, leithlisiú agus bearta bithshlándála eile amhail dá dtagraítear i bpointe (a)(i) de mhír 1;

(b) 

faireachas amhail dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) de mhír 1;

(c) 

saoráidí agus trealamh amhail dá dtagraítear i bpointe (b) de mír 1.

3.  

Agus na rialacha atá le leagan síos sna gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear de bhun mhír 2 á suí ag an gCoimisiún, bunóidh sé na rialacha sin ar na hábhair seo a leanas:

(a) 

na rioscaí a bhaineann le gach cineál bunaíochta;

(b) 

speicis agus catagóirí na n-ainmhithe dobharshaothraithe nó uisceacha, ar speicis agus catagóirí ábhartha iad maidir leis an bhformheas;

(c) 

an cineál táirgthe lena mbaineann;

(d) 

patrúin ghluaiseachta thipiciúla chineál na bunaíochta dobharshaothraithe agus speicis agus catagóirí na n-ainmhithe a choimeádtar sna bunaíochtaí sin.

Airteagal 182

Raon feidhme formheasa bunaíochtaí

Maidir leis an méid seo a leanas sonróidh an t-údarás inniúil go sainráite san fhormheas a thabharfar de bhun Airteagal 181(1) do bhunaíochtaí dobharshaothraithe nó do bhunaíochtaí do bhia uisceach a ndéantar galar a rialú iontu i ndiaidh dó iarratas a fháil ar cuireadh isteach é i gcomhréir le hAirteagal 176, Airteagal 177, pointe (a) d'Airteagal 178 nó Airteagal 179:

(a) 

na cineálacha bunaíochtaí dobharshaothraithe dá dtagraítear in Airteagal 176(1), pointe (a) d'Airteagal 178(a), na grúpaí de bhunaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 177 agus na bunaíochtaí do bhia uisceach a ndéantar galair a rialú iontu agus dá dtagraítear in Airteagal 179, agus in aon rialacha arna nglacadh de bhun phointe (b) d'Airteagal 176(4), lena mbaineann an formheas;

(b) 

na speicis agus na catagóirí ainmhithe dobharshaothraithe a chumhdófar leis an bhformheas.

Airteagal 183

Nósanna imeachta d'fhormeas a thabhairt ag an údarás inniúil

1.  
Cuirfidh an t-údarás inniúil nósanna imeachta ar bun a mbeidh ar oibreoirí iad a leanúint agus iarratas á gcur isteach acu ar fhormheas a mbunaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 176(1), Airteagal 178 agus Airteagal 179.
2.  
Tar éis iarratas ar fhormheas a fháil ó oibreoir i gcomhréir le hAirteagal 176(1), Airteagal 178 nó Airteagal 179, tabharfaidh an t-údarás inniúil cuairt ar an suíomh.
3.  
Tabharfaidh an t-údarás inniúil an formheas, ar choinníoll go gcomhlíonfar na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 181.
4.  
Sa chás nach gcomhlíonfaidh bunaíocht na ceanglais uile le haghaidh formheas amhail dá dtagraítear in Airteagal 181, féadfaidh an t-údarás inniúil formheas coinníollach a thabhairt do bhunaíocht más léir, ar bhonn an iarratais ón oibreoir lena mbaineann agus na cuairte a tugadh ar an suíomh tar éis chur isteach an iarratais de réir dá bhforáiltear dó sin i mír 2 den Airteagal seo, go gcomhlíonann an bhunaíocht na príomhcheanglais uile lena soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha nach bhfuil riosca suntasach ag baint leis an mbunaíocht.
5.  
I gcás inar thug an t-údarás inniúil formheas coinníollach i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo, ní thabharfaidh sé formheas iomlán ach i gcás inar cosúil ar bhonn torthaí cuairt eile ar an suíomh, a tugadh faoi cheann trí mhí ón dáta a tugadh an formheas coinníollach, nó ar cosúil ó dhoiciméadacht a thug an t-oibreoir faoi cheann trí mhí ón dáta sin, go gcomhlíonann an bhunaíocht na ceanglais formheasa uile dá bhforáiltear in Airteagal 181(1) agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 181(2).

I gcás inar léir ón gcuairt ar an suíomh nó ón doiciméadacht dá dtagraítear sa chéad fhomhír go ndearnadh dul chun cinn soiléir ach nach gcomhlíonann an bhunaíocht na ceanglais sin uile fós, féadfaidh an t-údarás inniúil síneadh a chur leis an bhformheas coinníollach. Ní dhéanfar tréimhse iomlán an fhormheasa choinníollaigh a thabhairt ar feadh tréimhse níos faide ná sé mhí, áfach.

Airteagal 184

Formheas á athbhreithniú, á chur ar fionraí agus á tharraingt siar ag an údarás inniúil

1.  
Déanfaidh an t-údarás inniúil gach formheas bunaíochta arna thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 181(1) a athbhreithniú ag eatraimh iomchuí ar bhonn an riosca lena mbaineann.
2.  
I gcás ina sainaithníonn darás inniúil easnaimh thromchúiseacha i mbunaíocht maidir leis na ceanglais a chomhlíonadh a leagtar síos in Airteagal 181(1) agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 181(2) agus nach féidir le hoibreoir na bunaíochta sin ráthaíochtaí leordhóthanacha a thabhairt go ndéanfar na heasnaimh sin a dhíothú, cuirfidh an t-údarás inniúil sin nósanna imeachta ar bun chun formheas na bunaíochta sin a tharraingt siar.

Os a choinne sin, féadfaidh an t-údarás inniúil formheas na bunaíochta a chur ar fionraí seachas é a aistharraingt i gcás inar féidir leis an oibreoir ráthaíocht a thabhairt go ndéanfaidh sé na heasnaimh a dhíothú laistigh de thréimhse réasúnta.

3.  
Ní dheonófar formheas tar éis dó bheith tarraingthe siar i gcomhréir le mír 2 ná ní athshlánófar é tar éis dó bheith curtha ar fionraí i gcomhréir le mír 2 ach amháin sa chás go bhfuil an t-údarás inniúil sásta go gcomhlíonann an bhunaíocht ceanglais uile an Rialacháin seo go hiomlán, arb oiriúnach iad don chineál sin bunaíochta.



Roinn 3

Clár na mbunaíochtaí dobharshaothraithe agus na mbunaíochtaí rialaithe galar bia uiscigh

Airteagal 185

Clár na mbunaíochtaí dobharshaothraithe agus na mbunaíochtaí rialaithe galar bia uiscigh

1.  

Bunóidh gach údarás inniúil agus coinneoidh sé cothrom le dáta clár don méid a leanas:

(a) 

na bunaíochtaí dobharshaothraithe uile arna gclárú i gcomhréir le hAirteagal 173;

(b) 

na bunaíochtaí dobharshaothraithe uile arna gclárú i gcomhréir le hAirteagal 181(1);

(c) 

na bunaíochtaí do bhia uisceach a ndéantar galair a rialú iontu arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 181(1).

2.  

I gclár na mbunaíochtaí dobharshaothraithe dá bhforáiltear i mír 1, beidh faisnéis maidir leis an méid a leanas:

(a) 

ainm agus seoladh oibreora agus uimhir clárúcháin na bunaíochta i dtrácht;

(b) 

áit lonnaithe na bunaíochta dobharshaothraithe nó, de réir mar a bheidh, an ghrúpa de bhunaíochtaí dobharshaothraithe lena mbaineann;

(c) 

cineál an táirgthe a bhíonn ar bun sa bhunaíocht;

(d) 

soláthar uisce isteach sa bhunaíochta agus doirteadh uisce amach as, nuair is ábhartha;

(e) 

speicis na n-ainmhithe dobharshaothraithe a bhíonn ar coimeád sa bhunaíocht;

(f) 

faisnéis atá cothrom le dáta maidir le stádas sláinte na bunaíochta dobharshaothraithe cláraithe nó, de réir mar a bheidh, an ghrúpa de bhunaíochtaí, i dtaca leis na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1).

3.  
I gcás bunaíochtaí arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 181(1), cuirfidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a), (c), (e) agus (f) de mhír 2 den Airteagal seo, ar a laghad ar fáil don phobal de bhíthin modhanna leictreonacha, faoi réir na gceanglas cosanta sonraí.
4.  
Más oiriúnach agus más ábhartha, féadfaidh an t-údarás inniúil an clárú dá bhforáiltear i mír 1 a chomhcheangal le clárú chun críocha eile.
5.  

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

an fhaisnéis mhionsonraithe ábhartha atá le bheith i gclár na mbunaíochtaí dobharshaothraithe dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo;

(b) 

an clár bunaíochtaí sin a bheith ar fáil ag an bpobal.



Roinn 4

Taifid a choinneáil agus inrianaitheacht

Airteagal 186

Na hoibleagáidí ar oibreoirí bunaíochtaí dobharshaothraithe maidir le taifid a choinneáil

1.  

Oibreoirí bunaíochtaí dobharshaothraithe atá faoi réir ceangals cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 173, nó faoi réir formheasa i gcomhréir le hAirteagal 181(1) coimeádfaidh siad agus coinneoidh siad taifid ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

(a) 

speicis, catagóirí agus cainníochtaí (líon, toirt nó meáchan) na n-ainmhithe dobharshaothraithe ina mbunaíocht;

(b) 

faisnéis faoi ghluaiseachtaí isteach sa bhunaíocht dobharshaothraithe agus amach aisti na n-ainmhithe dobharshaothraithe agus na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch a fuarthas ó na hainmhithe sin, agus de réir mar is iomchuí cuirfidh siad an méid a leanas in iúl:

(i) 

a n-áit tionscnaimh nó a gceann scríbe;

(ii) 

dátaí gluaiseachtaí den sórt sin;

(c) 

na deimhnithe sláinte ainmhithe i bhfoirm páipéir nó i bhfoirm leictreonach a gceanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 208 agus leis na rialacha arna nglacadh de bhun phointe (a) agus (c) d'Airteagal 211(1) agus Airteagal 213(2) go ngabhfaidh siad leis na gluaiseachtaí ainmhithe dobharshaothraithe agus iad ag teacht isteach sa bhunaíocht dobharshaothraithe;

(d) 

an ráta báis i ngach aonad eipidéimeolaíoch agus fadhbanna galair eile sa bhunaíocht dobharshaothraithe de réir mar is ábhartha don chineál táirgthe;

(e) 

bearta bithshlándála, faireachas, cóireálacha, torthaí tástála agus faisnéis ábhartha eile atá oiriúnach don méid seo a leanas:

(i) 

speicis agus catagóirí na n-ainmhithe dobharshaothraithe sa bhunaíocht;

(ii) 

cineál an táirgthe atá ar bun ag an mbunaíocht dobharshaothraithe;

(iii) 

cineál agus méid na bunaíochta dobharshaothraithe;

(f) 

na torthaí ar aon chuairteanna a tugadh i leith sláinte ainmhithe a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 25(1).

Déanfar na taifid a choinneáil i bhfoirm páipéir nó i bhfoirm leictreonach.

2.  
Maidir le bunaíochtaí dobharshaothraithe a mbaineann baol íseal leo ó thaobh galair liostaithe nó galair atá ag teacht chun cinn a leathadh, féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann díolmhú a thabhairt dóibh ón gceanglas taifead a choimeád ar an bhfaisnéis uile a liostaítear i bpointí (c), (d) agus (e) de mhír 1 nó ar chuid den fhaisnéis sin, ar choinníoll go n-áiritheofar inrianaitheacht.
3.  

Coimeádfaidh oibreoirí bunaíochtaí dobharshaothraithe na taifid dá bhforáiltear i mír 1 ar áitreabh na bunaíochta dobharshaothraithe lena mbaineann agus déanfaidh siad an méid a leanas:

(a) 

coimeádfaidh siad iad sa chaoi go n-áiritheofar go mbeifear in ann áit tionscnaimh agus cheann scríbe na n-ainmhithe dobharshaothraithe a rianú;

(b) 

cuirfidh siad ar fáil don údarás inniúil iad má iarrtar sin orthu;

(c) 

coimeádfaidh siad iad ar feadh íostréimhse a bheidh le leagan síos ag an údarás inniúil, arb íostréimhse í nach féidir a bheith níos lú ná trí bliana.

De mhaolú ar an gceanglas go gcoinneofar na taifid ar a mbunaíocht lena mbaineann, mar a leagtar amach sa chéad fho-mhír, nuair nach féidir na taifid a choinneáil go fisiciúil sa bhunaíocht sin, coinneofar iad san oifig ina ndéantar an gnó a riaradh.

Airteagal 187

An oibleagáid ar bhunaíochtaí rialaithe galar do bhia uisceach taifid a choinneáil

1.  

Maidir le hoibreoirí bunaíochtaí rialaithe galar do bhia uisceacha atá faoi réir formheasa i gcomhréir le Airteagal 179, coinneoidh siad agus coimeádfaidh siad taifid ar na nithe seo a leanas:

(a) 

gach gluaiseacht iseach sa bhunaícoht agus amach aisti d'ainmhithe dobharshaothraithe, agus táirgí de thionscnamh ainmhithe a fuarthas ó ainmhithe den chineál sin;

(b) 

doirteadh uisce agus bearta bithshlándála ábhartha.

2.  

Déanfaidh oibreoirí bunaíochtaí do bhia uisceach a ndéantar galair a rialú iontu mar a leanas:

(a) 

déanfaidh siad na taifid a choimeád dá bhforáiltear i mír 1 ar a mbunaíocht agus cuirfidh siad ar fáil iad don údarás inniúil arna iarraidh sin dó;

(b) 

déanfaidh siad na taifid sin a choimeád ar feadh íostréimhse a bheidh le leagan síos ag an údarás inniúil, ach nach bhféadfaidh a bheith faoi bhun trí bliana.

Déanfar na taifid a choimeád agus a choinneáil ar bun i bhfoirm páipéir nó i bhfoirm leictreonach.

Airteagal 188

An oibleagáid ar iompróirí taifid a choinneáil

1.  

Maidir le hiompróirí ainmhithe uisceacha a bhfuil sé beartaithe iad a chur i mbunaíochtaí dobharshaothraithe nó iad a scaoileadh san fhiadhúlra, coinneoidh siad agus coimeádfaidh siad taifid ar na nithe seo a leanas:

(a) 

catagóirí, speicis agus cainníochtaí (líon, toirt nó meáchan) na n-ainmhithe dobharshaothraithe a iompraíonn siad;

(b) 

rátaí báis na n-ainmhithe dobharshaothraithe agus na n-ainmhithe uisceacha fiáine i dtrácht le linn a n-iompartha, a mhéid is féidir i gcás an chineáil iompair agus na speiceas ainmhithe dobharshaothraithe agus ainmhithe uisceacha fiáine a bheidh á n-iompar;

(c) 

bunaíochtaí dobharshaothraithe agus bunaíochtaí do bhia uisceach a ndéantar galair a rialú iontu a dtéann an modh iompair isteach iontu;

(d) 

aon mhalartú uisce a rinneadh le linn an iompair, agus na foinsí uisce nua agus suímh an scaoilte uisce á sonrú acu.

(e) 

ní agus dífhabhtú an mhodha iompair.

Déanfar na taifid a choimeád agus a choinneáil ar bun i bhfoirm páipéir nó i bhfoirm leictreonach.

2.  
Iompróirí ar beag an riosca a bhaineann leo maidir le leathadh galar liostaithe nó galar atá ag teacht chun cinn, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann iad a dhíolmhú ón gceanglas taifid a choimeád ar an bhfaisnéis uile nó ar chuid den fhaisnéis a liostaítear i mír 1, ar choinníoll go n-áiritheofar inrianaitheacht.
3.  

Coimeádfaidh iompróirí na taifid dá bhforáiltear i mír 1:

(a) 

ar dhóigh lenar féidir iad a chur ar fáil láithreach don údarás inniúil arna iarraidh sin dóibh;

(b) 

coimeádfaidh siad iad ar feadh íostréimhse a bheidh le leagan síos ag an údarás inniúil, arb íostréimhse í nach féidir a bheith faoi bhun trí bliana.

Airteagal 189

Cumhachtaí a tharmligean maidir le taifid a choinneáil

1.  
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis na rialacha lena bhforlíontar na ceanglais maidir le taifead a choimeád dá bhforáiltear in Airteagail, 186, 187 agus 188 maidir le rialacha maidir le faisnéis a bheidh le taifeadadh ag oibreoirí i dteannta na faisnéise dá bhforáiltear in Airteagail 186(1), 187(1) agus 188(1).
2.  

Cuirfidh an Coimisiún na hábhair seo a leanas san áireamh agus na gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear i mír 1 á nglacadh:

(a) 

na rioscaí a bhaineann le gach cineál bunaíochta dobharshaothraithe nó iompair;

(b) 

speicis agus catagóirí na n-ainmhithe uisceacha a choimeádtar sa bhunaíocht dobharshaothraithe lena mbaineann nó atá á n-iompar isteach sa bhunaíocht sin nó amach aisti;

(c) 

cineál an táirgthe atá ar bun sa bhunaíocht;

(d) 

patrúin ghluaiseachta thipiciúla don chineál bunaíochta dobharshaothraithe nó maidir leis an gcineál bunaíochta do bhia uisceach a ndéantar galair a rialú inti;

(e) 

líon, toirt nó meáchan na n-ainmhithe uisceacha a choimeádtar sa bhunaíocht sin nó atá á n-iompar isteach sa bhunaíocht sin nó amach aisti.

Airteagal 190

Cumhachtaí cur chun feidhme i dtaca le díolúintí ó na ceanglais maidir le taifead a choinneáil

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis na cineálacha bunaíochta dobharshaothraithe agus oibreoirí a bhféadfaidh na Ballstáit iad a dhíolmhú ó na ceanglais maidir le taifid a choimeád dá bhforáiltear in Airteagail 186 agus 188 i dtaca leis an méid a leanas:

(a) 

oibreoirí catagóirí áirithe de bhunaíochtaí dobharshaothraithe agus iompróirí;

(b) 

bunaíochtaí dobharshaothraithe ina gcoimeádtar líon beag ainmhithe dobharshaothraithe nó iompróirí a iompraíonn líon beag ainmhithe uisceacha;

(c) 

speicis agus catagóirí áirithe ainmhithe uisceacha.

Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh ag an gCoimisiún, bunóidh sé na gníomhartha sin ar na critéir dá bhforáiltear in Airteagal 189(2).

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).



CAIBIDIL 2

Gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha laistigh den Aontas



Roinn 1

Ceanglais ghinearálta maidir le gluaiseachtaí

Airteagal 191

Ceanglais ghinearálta maidir le gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha

1.  

Déanfaidh oibreoirí bearta iomchuí chun a áirithiú nach gcuirfidh gluaiseacht ainmhithe uisceacha an stádas sláinte ag an gceann scríbe i gcontúirt maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1);

(b) 

galair atá ag teacht chun cinn.

2.  

Ní aistreoidh oibreoirí ainmhithe uisceacha isteach i mbunaíocht dobharshaothraithe ná ní aistreoidh siad iad lena gcaitheamh ag an duine ná ní scaoilfidh siad amach san fhiadhúlra iad ach amháin má chomhlíonann na hainmhithe i dtrácht na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

go dtagann siad, seachas i gcás ainmhithe uisceacha fiáine, ó bhunaíochtaí a mbeadh ceann de na nithe seo a leanas déanta acu:

(i) 

gur chláraigh an t-údarás inniúil iad i gcomhréir le hAirteagal 173,

(ii) 

gur fhormheas an t-údarás inniúil sin iad i gcomhréir le hAirteagail 181 agus 182 má cheanglaítear sin le hAirteagal 176(1), le hAirteagal 177 nó le hAirteagal 178, nó

(iii) 

gur deonaíodh maolú dóibh ón gceanglas maidir le clárú a leagtar síos in Airteagal 173.

(b) 

nach bhfuil siad faoi réir:

(i) 

srianta gluaiseachta a bhfuil éifeacht acu ar na speicis agus na catagóirí lena mbaineann i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 55(1), in Airteagal 56, in Airteagal 61(1), in Airteagal 62, Airteagal 64 agus Airteagal 65, i bpointe (b) d'Airteagal 70(1), in Airteagal 74(1), in Airteagal 79, agus in Airteagal 81 agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 55(2), Airteagal 63 agus Airteagal 67, agus Airteagal 70(3), Airteagal 71(3) agus Airteagal 74(4)agus in Airteagal 83(2); nó

(ii) 

na bearta éigeandála a leagtar síos in Airteagal 257 agus in Airteagal 258 agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 259.

Ar a shon sin, féadfaidh oibreoirí na hainmhithe uisceacha sin a aistriú i gcás ina bhforáiltear i dTeideal II de Chuid III (Airteagail 53-83) do mhaoluithe ar na srianta gluaiseachta a bhaineann le gluaiseachtaí den sórt sin nó le scaoileadh den sórt sin nó i gcás ina bhforáiltear do mhaoluithe ó bhearta éigeandála i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 259.

3.  
Déanfaidh oibreoirí na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcoinsíneofar ainmhithe uisceacha, i ndiaidh dóibh a n-áit tionscnaimh a fhágáil, díreach go dtí an ceann scríbe deiridh.

Airteagal 192

Bearta coisctheacha galar maidir le hiompar

1.  

Déanfaidh oibreoirí na bearta coisctheacha galair is iomchuí agus is gá lena áirithiú:

(a) 

nach gcuirfear i gcontúirt stádas sláinte ainmhithe uisceacha le linn a n-iompair;

(b) 

nach cúis iad oibríochtaí d'iompar ainmhithe uisceacha le leathadh ionchasach galar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1) go dtí daoine nó ainmhithe ar an mbealach ná ag an gceann scríbe;

(c) 

go ndéanfar bearta maidir le glanadh agus díghalrú trealaimh agus maidir le modhanna iompair agus bearta eile bithshlándála leordhóthanacha, de réir mar is iomchuí ó thaobh na rioscaí a bhaineann leis na hoibríochtaí iompair lena mbaineann;

(d) 

maidir le haon mhalartuithe uisce agus doirteadh uisce a dhéanfar le linn iompair ainmhithe uisceacha, ar beartaíodh iad a dhobharshaothrú nó a scaoileadh amach san fhiadhúlra, go ndéanfar iad ag áiteanna agus i gcúinsí nach gcuirfidh i gcontúirt stádas sláinte na n-ainmhithe seo a leanas maidir leis na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1):

(i) 

na hainmhithe uisceacha a bheidh á n-iompar;

(ii) 

aon ainmhithe uisceacha a bheidh ar an mbealach go dtí an ceann scríbe;

(iii) 

ainmhithe uisceacha ag an gceann scríbe.

2.  

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid a leanas:

(a) 

na cúinsí agus na ceanglais le haghaidh trealamh agus modhanna iompair a ghlanadh agus a dhíghalrú i gcomhréir le poine (c) de mhír 1 den Airteagal seo agus táirgí bithicíde a úsáid chun críocha den sórt sin;

(b) 

bearta bithshlándála iomchuí eile a bheidh le déanamh le linn iompair amhail dá bhforáiltear i bpointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo;

(c) 

malartuithe uisce agus doirteadh uisce le linn iompair amhail dá bhforáiltear i bpointe (d) de mhír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 193

Athrú ar an úsáid atá beartaithe

1.  

Ainmhithe uisceacha a aistreofar le go ndéanfar iad a dhíothú nó a mharú i gcomhréir leis na bearta seo a leanas, ní úsáidfear chun aon chríche eile iad:

(a) 

aon cheann de na bearta rialaithe galar dá bhforáiltear i bpointe (c) d'Airteagal 32(1) agus in Airteagal 55(1), in Airteagail 56, 61, 62, 64, 65 agus 70, agus Airteagal 74(1) agus (2) agus in Airteagail, 79, 80 agus 81 agus 82 agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 55(2), Airteagal 63 agus Airteagal 67, Airteagal 70(3) agus Airteagal 71(3) agus Airteagal 74(4) agus in Airteagal 83(2);

(b) 

bearta éigeandála amhail dá bhforáiltear in Airteagal 257 agus in Airteagal 258 agus i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 259.

2.  
Ainmhithe uisceacha a aistreofar le haghaidh a gcaitheamh ag an duine, le haghaidh dobharshaothrú, lena scaoileadh amach san fhiadhúlra nó le haghaidh aon chríoch eile, ní úsáidfear iad ach amháin chun na críche dár beartaíodh iad.
3.  
De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh údarás inniúil an chinn scríbe athrú úsáide a fhormheas maidir le hainmhithe uisceacha ar le haghaidh críche seachas an chríoch dár beartaíodh ar dtús iad, ar choinníoll nach mbainfidh riosca níos measa leis an úsáid nua maidir le stádas sláinte na n-ainmhithe uisceacha ag an gceann scríbe ná mar a bhain leis an úsáid dár beartaíodh ar dtús iad.

Airteagal 194

Na hoibleagáidí ar oibreoirí ag an gceann scríbe

1.  

Maidir le hoibreoirí bunaíochtaí dobharshaothraithe agus bunaíochtaí rialaithe galar do bhia uisceach a fhaigheann ainmhithe uisceacha agus oibreoirí a fhaigheann ainmhithe uisceacha chun iad a scaoileadh amach san fhiadhúlra, déanfaidh siad na nithe seo a leanas sula ndéanfar iad a dhíluchtú:

(a) 

déanfaidh siad, a sheiceáil, i gcás go gceanglaítear sin, gurb ann do cheann de na doiciméid seo a leanas:

(i) 

na deimhnithe sláinte ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 208(1), in Airteagal 209 agus in Airteagal 223(1) agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 189, Airteagal 211 agus Airteagal 213;

(ii) 

na doiciméid féindearbhúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 218(1) agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 218(3) agus (4);

(b) 

tar éis seiceáil a dhéanamh ar na hainmhithe uisceacha a fhaigheann siad, údarás inniúil an chinn scribe a chur ar an eolas faoi aon mhírialtacht maidir leis an méid seo a leanas:

(i) 

na hainmhithe dobharshaothraithe ar glacadh leo;

(ii) 

na doiciméid dá dtagraítear i bpointe (a)(i) agus (ii).

2.  
Má bhíonn aon mhírialtacht ann amhail dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, leithliseoidh an t-oibreoir na hainmhithe dobharshaothraithe lena mbaineann an mhírialtacht sin go dtí go mbeidh cinneadh déanta ag údarás inniúil an chinn scribe ina leith.

Airteagal 195

Ceanglais ghinearálta maidir le gluaiseachtaí ainmhithe dobharshaothraithe ar idirthuras trí Bhallstáit ach a bheartaítear iad a onnmhairiú as an Aontas go dtí tríú tíortha críocha

Áiritheoidh oibreoirí go gcomhlíonfaidh ainmhithe dobarshaothraithe, agus iad ag dul trí críocha Ballstát eile, na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 191, in Airteagal 192 agus in Airteagal 193, ar ainmhithe iad a bheartaítear a onnmhairiú go dtí tríú tír nó críoch.



Roinn 2

Ainmhithe uisceacha a bhfuil sé beartaithe iad a chur i mbunaíochtaí dobharshaothraithe nó iad a scaoileadh san fhiadhúlra

Airteagal 196

Báis mhínormálta nó comharthaí sóirt galar eile

1.  

Is sna cásanna seo a leanas amháin a ndéanfaidh oibreoirí ainmhithe uisceacha a aistriú ó bhunaíocht dobharshaothraithe nó ón fhiadhúlra go dtí bunaíocht dobharshaothraithe eile nó a scaoilfidh amach san fhiadhúlra iad más fíor an méid seo a leanas maidir leis na hainmhithe i dtrácht:

(a) 

níl comharthaí galair orthu; agus

(b) 

is de thionscnamh bunaíocht nó timpeallacht dobharshaothraithe iad nár tharla aon bhásanna mínormálta gan cúis chinntithe iontu.

2.  
De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an t-údarás inniúil, ar bhonn meastóireacht rioscaí, an ghluaiseacht nó an scaoileadh amach san fhiadhúlra amhail dá dtagraítear sa mhír sin a údarú, ar choinníoll gur de thionscnamh cuid den bhunaíocht dobharshaothraithe nó an fhiadhúlra na hainmhithe i dtrácht ar cuid den bhunaíocht í atá neamhspleách ar an aonad eipidéimeolaíoch inar tharla na básanna mínormálta nó na comharthaí eile galair.

Sa chás gur chuig Ballstát eile atá an t-aistriú nó an scaoileadh amach sin dá dtagraítear sa mhír seo le déanamh, ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil na gluaiseachtaí sin a údarú ach amháin sa chás gur thoiligh údaráis inniúla an Bhallstáit chinn scríbe, agus i gcás inarb ábhartha, na mBallstáit trasnaithe, gluaiseacht nó scaoileadh den sórt sin.

Airteagal 197

Gluaiseacht ainmhithe dobharshaothraithe a bheartaítear a chur go dtí Ballstáit, criosanna nó deighleoga ar dearbhaíodh saor ó ghalair iad nó ar faoi réir cláir dhíothaithe iad agus gníomhartha tarmligthe

1.  
Maidir le hainmhithe dobharshaothraithe de speicis liostaithe is ábhartha maidir le ceann amháin nó níos mó de na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (b) nó i bpointe (c) d'Airteagal 9(1), ní aistreoidh oibreoirí iad chuig bunaíocht dobharshaothraithe, nó lena scaoileadh san fhiadhúlra, i mBallstát, crios nó deighleog ar dearbhaíodh ina leith gur saor ó na galair liostaithe sin iad i gcomhréir le hAirteagal 36(4) nó 37(4), ach amháin i gcás go bhfuil na hainmhithe i dtrácht de thionscnamh Ballstáit, crios nó deighleog dá chuid ar dearbhaíodh ina leith gur saor saor ó na galair sin iad.
2.  
Maidir le hainmhithe dobharshaothraithe de speicis liostaithe is ábhartha maidir le ceann amháin nó níos mó de na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (b) nó i bpointe (c) d'Airteagal 9(1), ní aistreoidh oibreoirí iad chuig bunaíocht dobharshaothraith,e nó lena scaoileadh san fhiadhúlra, i mBallstát, crios nó deighleog ar dearbhaíodh ina leith gur saor ó na galair liostaithe sin iad i gcomhréir le hAirteagal 31(1) nó 31(2), ach amháin i gcás go bhfuil na hainmhithe i dtrácht de thionscnamh Ballstáit, crios nó deighleog dá chuid ar dearbhaíodh ina leith gur saor saor ó na galair sin iad.
3.  

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 253 maidir le maoluithe ó na ceanglais ghluaiseachta nó scaoilte amach a leagtar síos i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo, nach mbaineann riosca suntasach leo maidir le leathadh galar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1) de bharr an méid seo a leanas:

(a) 

speicis, catagóirí agus céim bheatha na n-ainmhithe dobharshaothraithe lena mbaineann;

(b) 

cineál na bunaíochta tionscnaimh agus cineál na bunaíochta cinn scríbe;

(c) 

an úsáid dá mbeartaítear na hainmhithe dobharshaothraithe;

(d) 

ceann scríbe na n-ainmhithe dobharshaothraithe;

(e) 

cóireálacha, modhanna próiseála agus bearta maolaithe riosca ar leith eile arna gcur i bhfeidhm ag an áit tionscnaimh nó ag an gceann scríbe.

Airteagal 198

Maoluithe ó na Ballstáit ón oibleagáid ar oibreoirí maidir le gluaiseacht ainmhithe dobharshaothraithe idir na Ballstáit, na criosanna nó na deighleoga atá faoi raon feidhme cláir dhíothaithe

De mhaolú ar Airteagal 197(1) agus (2), féadfaidh na Ballstáit údarás a thabhairt d'oibreoirí ainmhithe dobharshaothraithe a aistriú isteach i gcrios nó i ndeighleog ar bunaíodh clár díothaithe ina leith i gcomhréir le hAirteagal 31(1) agus (2) maidir leis na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) d'Airteagal 9(1), ó chrios nó ó dheighleog eile ar bunaíodh clár den chineál sin ina leith freisin maidir leis na galair liostaithe chéanna, ar choinníoll nach gcuirfidh gluaiseacht den sórt sin stádas sláinte an Bhallstáit, an chreasa nó na deighleoige cinn scríbe i gcontúirt.

Sa chás gur chuig Ballstát eile a dhéanfar gluaiseachtaí den sórt sin, ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil iad a údarú ach amháin sa chás gur thoiligh údaráis inniúla an Bhallstáit chinn scríbe, agus i gcás inarb ábhartha, an Bhallstáit trasnaithe, iad.

Airteagal 199

Bearta arna ndéanamh ag na Ballstáit maidir le hainmhithe uisceacha a scaoileadh amach san fhiadhúlra

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal nach scaoilfear ainmhithe uisceacha amach san fhiadhúlra ach amháin más de thionscnamh Ballstáit, creasa nó deighleoige dóibh iad ar dearbhaíodh ina leith gur saor ó ghalair i gcomhréir le hAirteagal 36(1) nó Airteagal 37(1) iad maidir le ceann amháin nó níos mó de na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (b) agus (c) d'Airteagal 9(1) ar speiceas liostaithe é an speiceas d'ainmhithe uisceacha a bheidh le haistriú i gcás na ngalar sin, is cuma cén stádas sláinte a bheidh ag an limistéar ina mbeidh na hainmhithe uisceacha le scaoileadh amach.

Airteagal 200

Gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha fiáine a bheartaítear a chur go dtí Ballstáit, nó criosanna nó deighleoga dóibh ar dearbhaíodh ina leith gur saor ó ghalair iad nó ar faoi réir clár díothaithe iad agus gníomhartha tarmligthe

1.  
Beidh feidhm ag Airteagal 196, Airteagal 197 agus Airteagal 198 maidir le gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha fiáine a bheartaítear a chur chuig bunaíocht dobharshaothraithe nó a bheartaítear a scaoileadh amach san fhiadhúlra.
2.  

Déanfaidh oibreoirí na bearta coisctheacha galair is iomchuí agus is gá nuair a aistreoidh siad ainmhithe uisceacha fiáine idir gnáthóga ionas go n-áiritheofar an méid seo a leanas:

(a) 

ní bhainfidh riosca suntasach le gluaiseachtaí den sórt sin maidir le leathadh galar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1) go dtí na hainmhithe uisceacha atá ag an gceann scríbe; agus

(b) 

beidh bearta maolaithe riosca nó bearta leordhóthanacha bithshlándála ar bun i gcás inar gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar pointe (a).

3.  
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis na bearta rialaithe galar agusmaolaithe riosca a bheidh le déanamh ag oibreoirí amhail dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo. Go dtí go nglacfar gníomhartha tarmligthe den sórt sin, féadfaidh údarás inniúil an chinn scríbe cinneadh a dhéanamh maidir le bearta den sórt sin.



Roinn 3

Ainmhithe uisceacha atá beartaithe lena gcaitheamh ag an duine

Airteagal 201

Gluaiseachtaí ainmhithe dobharshaothraithe beo agus atá beartaithe lena gcaitheamh ag an duine sna Ballstáit, nó criosanna nó deighleoga dóibh a dearbhaíodh saor ó ghalair nó ar faoi réir clár díothaithe iad agus gníomhartha tarmligthe

1.  
Is iad ainmhithe dobharshaothraithe beode na speicis liostaithe is ábhartha maidir leis na galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (b) nó (c) d'Airteagal 9(1) nó a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, agus na hainmhithe sin amháin a aistreoidh oibreoirí go dtí Ballstát, nó crios nó deighleog de ar dearbhaíodh ina leith gur saor ó ghalar i gcomhréir le hAirteagal 36(4) nó le hAirteagal 37(4) iad nó ar bunaíodh clár díothaithe ina leith i gcomhréir le hAirteagal 31(1) nó (2) maidir le ceann amháin nó níos mó de na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (b) agus (c) d'Airteagal 9(1) más de thionscnamh Ballstáit, creasa nó deighleoige a dearbhaíodh saor ó ghalar na hainmhithe i dtrácht i gcomhréir le hAirteagal 36(4) nó le hAirteagal 37(4).
2.  
De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo féadfaidh na Ballstáit údarás a thabhairt d'oibreoirí ainmhithe dobharshaothraithe beo a thabhairt isteach i gcrios nó i ndeighleog ar bunaíodh clár díothaithe ina leith i gcomhréir le hAirteagal 31(1) nó (2) maidir leis na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (b) agus (c)d'Airteagal 9(1), ó chrios nó ó dheighleog eile ar bunaíodh clár den sórt sin ina leith freisin maidir leis na galair chéanna sa Bhallstát sin, ar choinníoll nach gcuirfidh gluaiseacht den sórt sin stádas sláinte an Bhallstáit, nó crios nó deighleog dá chuid i gcontúirt.
3.  

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis na maoluithe dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo le haghaidh na ngluaiseachtaí sin d'ainmhithe dobharshaothraithe beo nach mbainfidh aon riosca suntasach leo maidir le leathadh galar de bharr an méid seo a leanas:

(a) 

speicis, catagóirí agus céim bheatha na n-ainmhithe dobharshaothraithe lena mbaineann;

(b) 

na modhanna trína gcoimeádtar na hainmhithe dobharshaothraithe agus an cineál táirgthe a bhíonn ar bun sna bunaíochtaí dobharshaothraithe tionscnaimh agus cinn scríbe;

(c) 

an úsáid dá mbeartaítear na hainmhithe dobharshaothraithe;

(d) 

ceann scríbe na n-ainmhithe dobharshaothraithe;

(e) 

cóireálacha, modhanna próiseála agus bearta maolaithe riosca ar leith eile a chuirtear i bhfeidhm ag an áit tionscnaimh nó ag an gceann scríbe.

Airteagal 202

Gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha fiáine beo agus a bheartaítear a chur go dtí Ballstáit, nó criosanna nó deighleoga dóibh ar dearbhaíodh ina leith gur saor ó ghalair iad nó ar faoi réir clár díothaithe iad agus gníomhartha tarmligthe

1.  
Beidh feidhm ag Airteagal 201(1) agus (2) agus ag na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 201(3) ar ghluaiseachtaí ainmhithe uisceacha fiáine beo a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine agus a bheartaítear a chur go dtí Ballstáit, nó criosanna nó deighleoga dá chuid iad, ar dearbhaíodh ina leith gur saor ó ghalair i gcomhréir le hAirteagal 36(4) nó Airteagal 37(4) iad nó a bhfuil faoi réir clár díothaithe i gcomhréir le hAirteagal 31(1) nó (2) iad, i gcás ina bhfuil gá leis na bearta arna nglacadh de bhun an Airteagail sin chun a áirithiú nach mbainfidh riosca suntasach leis na hainmhithe i dtrácht maidir le leathadh galar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1) go dtí ainmhithe uisceacha ag an gceann scríbe.
2.  
Beidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo freisin maidir le hainmhithe uisceacha beo nach bhfuil cumhdaithe ag an sainmhíniú d'ainmhithe dobharshaothraithe in Airteagal 4(7).
3.  
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le ceanglais ghluaiseachta i dtaca le hainmhithe uisceacha fiáine a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, agus lena bhforlíontar mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo.



Roinn 4

Maoluithe ó roinn 1 go roinn 3 (Airteagal 191 go hAirteagal 202) agus bearta breise maolaithe riosca

Airteagal 203

Ainmhithe uisceacha a bheartaítear a chur chuig bunaíochtaí teoranta le haghaidh dobharshaothraithe agus gníomhartha tarmligthe

1.  

Ní aistreoidh oibreoirí ainmhithe uisceacha go dtí bunaíocht theoranta le haghaidh dobharshaothraithe ach amháin má chomhlíonann na hainmhithe i dtrácht na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

is de thionscnamh bunaíochta teoranta eile le haghaidh dobharshaothraithe iad;

(b) 

ní bhaineann riosca suntasach leo maidir le galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe d'Airteagal 8(1) a leathadh go dtí speicis liostaithe ainmhithe sa bhunaíocht theoranta le haghaidh dobharshaothraithe ar ceann scríbe í ach amháin i gcás ina n-údarófar an ghluaiseacht i dtrácht chun críocha eolaíochta.

2.  

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid a leanas:

(a) 

rialacha mionsonraithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe dobharshaothraithe isteach i mbunaíochtaí teoranta le haghaidhdobharshaothraithe sa bhreis orthu siúd dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo;

(b) 

rialacha sonracha maidir le gluaiseachtaí ainmhithe dobharshaothraithe isteach i mbunaíochtaí teoranta le haghaidh dobharshaothraithe i gcás ina ráthaítear leis na bearta maolaithe riosca atá ar bun nach mbainfidh riosca suntasach le gluaiseachtaí den sórt sin maidir le sláinte ainmhithe dobharshaothraithe laistigh den bhunaíocht theoranta sin le haghaidh dobharshaothraithe ná laistigh de na bunaíochtaí máguaird.

Airteagal 204

Gluaiseachtaí ainmhithe dobharshaothraithe chun críocha eolaíochta agus gníomhartha tarmligthe

1.  
Chun críocha eolaíochta féadfaidh údarás inniúil an chinn scríbe, faoi réir thoiliú údarás inniúil na háite tionscnaimh, gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha isteach igcríoch an Bhallstáit chinn scríbe a údarú, chun críocha eolaíocha, i gcás nach gcomhlíonann na gluaiseachtaí sin ceanglais Roinn 1 go Roinn 4 (Airteagal 191 go hAirteagal 202) seachas Airteagal 191(1) agus (3) agus Airteagal 192, Airteagal 193 agus Airteagal 194.
2.  

Ní thabharfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 maoluithe amhail dá bhforáiltear sa mhír sin agus faoi na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

tá an méid seo a leanas déanta ag údaráis inniúla an chinn scríbe agus na háite tionscnaimh:

(i) 

tháinig siad ar chomhaontú maidir leis na coinníollacha le haghaidh gluaiseachtaí den sórt sin;

(ii) 

d'áirithigh siad gurb ann do na bearta maolaithe riosca ar gá iad ionas nach mbeidh an stádas sláinte i mbaol mar gheall ar ghluaiseachtaí na n-ainmhithe uisceacha i dtrácht ó thaobh na ngalar liostaithe dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1) le linn an turais ná ag an gceann scríbe;

(iii) 

thug siad fógra, i gcás inarb ábhartha, d'údaráis inniúla na mBallstát trasnaithe maidir leis an maolú a tugadh agus na coinníollacha faoinar tugadh an t-údarú sin;

(b) 

tarlaíonn na gluaiseachtaí sin faoi mhaoirseacht údaráis inniúla na n-áiteanna tionscnaimh agus cinn scríbe, agus, más ábhartha, faoi mhaoirseacht údaráis inniúla na mBallstát trasnaithe.

3.  
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 a bhaineann leis na rialacha le haghaidh maoluithe a thabhairt a ag na húdaráis inniúla, lena bhforlíontar na rialacha dá bhforáiltear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 205

Úsáidí sonracha eile d'ainmhithe uisceacha, ceanglais shonracha agus maoluithe agus tarmligean cumhachtaí

1.  
Déanfaidh oibreoirí na bearta coisctheacha is gá chun a áirithiú nach mbainfidh riosca le gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha a bheartaítear chun na gcríoch sonrach nó le húsáid a liostaítear i bpointe (a)(i) go (vi) de mhír 2 den Airteagal seo, maidir le leathadh galar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1) d'ainmhithe uisceacha ag an gceann scríbe.
2.  

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid a leanas:

(a) 

ceanglas sonrach lena bhforlíontar na rialacha a leagtar síos i Roinn 1 go Roinn 3 (Airteagal 191 go hAirteagal 202) agus le haghaidh gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha chun na críocha seo a leanas:

(i) 

zúnna, siopaí peataí, mórdhíoltóirí agus linnte gairdín;

(ii) 

taispeántais

(iii) 

spóirt iascaireachta, lena n-áirítear baoite iascaireachta;

(iv) 

imeachtaí cultúrtha agus imeachtaí den sórt sin;

(v) 

uisceadáin tráchtála; nó

(vi) 

do chúram sláinte agus d'úsáidí eile den chineál sin.

(b) 

maoluithe ar Roinn 1 go Roinn 3 (Airteagal 191 go hAirteagal 202) seachas Airteagail 191(1) agus (3) agus Airteagail 192, 193 agus 194 le haghaidh gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, ar choinníoll gurb ann d'fhorálacha leordhóthanacha bithshlándála chun a áirithiú nach mbeidh aon riosca suntasach ann do stádas sláinte an chinn scríbe de dheasca na ngluaiseachtaí sin.

Airteagal 206

Cumhacht cur chun feidhme chun rialacha sealadacha maidir le gluaiseachtaí speiceas sonrach nó catagóirí sonracha d'ainmhithe uisceacha a ghlacadh

1.  

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha sealadacha a leagan síos trí bhíthinn rialacha breise nó malarthacha i ndáil leis na rialacha sin a leagtar síos sa Chaibidil seo maidir le gluaiseachtaí speiceas sonrach nó catagóirí sonracha d'ainmhithe uisceacha sna cásanna seo a leanas:

(a) 

ní maolaítear na rioscaí a bhaineann le áirithe na n-ainmhithe uisceacha sin go héifeachtúil leis na ceanglais ghluaiseachta dá bhforáiltear in Airteagal 196, in Airteagal 197(1), in Airteagal 198, in Airteagal 199, in Airteagal 200(1) agus (2) agus in Airteagail, 202(3), 203(1), 204(1) agus (2) agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagail 197(3), 200(3), 202(3), 203(2) agus 204(3) agus Airteagal 205; nó

(b) 

gur cosúil go bhfuil an galar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1) á leathadh d'ainneoin na gceanglas arna leagan síos i gcomhréir le Roinn 1 go Roinn 4 (Airteagal 191 go hAirteagal 207).

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

2.  
Ar mhórchúiseanna práinne ar tugadh bonn cirt cuí leo agus a bhaineann le galar liostaithe a mbaineann riosca leis a bheadh tionchar fíorthábhachtach aige agus na hábhair dá dtagraítear in Airteagal 205 á gcur san áireamh aige, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 266(3), gníomhartha arb infheidhme láithreach iad.

Airteagal 207

Ábhair le cur san áireamh agus gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme á nglacadh amhail dá bhforáiltear sa Roinn seo

Agus na rialacha atá le leagan síos sna gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme dá bhforáiltear in Airteagail 203(2), Airteagal 204(3), agus in Airteagal 205 agus Airteagal 206 á suí ag an gCoimisiún, bunóidh sé na rialacha sin ar an méid seo a leanas:

(a) 

na rioscaí a bhaineann leis na gluaiseachtaí dá bhforáiltaer sna forálacha sin;

(b) 

an stádas sláinte maidir leis na galair sin dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1) ag na háiteanna tionscnaimh, ag na háiteanna trasnaithe agus ag an gceann scríbe;

(c) 

speicis ainmhithe uisceacha liostaithe a bhaineann leis na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1);

(d) 

bearta bithshlándala arb ann dóibh ag na háiteanna tionscnaimh, ag na háiteanna trasnaithe agus ag an gceann scríbe;

(e) 

aon choinníollacha sonracha faoina gcoimeádtar na hainmhithe dobharshaothraithe;

(f) 

patrúin ghluaiseachta shonracha chineál na bunaíochta dobharshaothraithe agus an speicis nó an chatagóir ábhartha d'ainmhithe dobharshaothraithe lena mbaineann;

(g) 

sonraí eipidéimeolaíocha eile.



Roinn 5

Deimhniú sláinte ainmhithe

Airteagal 208

▼C1

An oibleagáid ar oibreoirí a áirithiú go ngabhfaidh deimhniú sláinte ainmhithe le hainmhithe uisceacha eile

▼B

1.  
Ní aistreoidh oibreoirí ainmhithe dobharshaothraithe ach má ghabhann deimhniú sláinte ainmhithe leo arna eisiúint ag an údarás inniúil ag an mBallstát tionscnaimh i gcomhréir le Airteagal 216(1) i gcás inar de speicis liostaithe na hainmhithe i dtrácht maidir leis na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (b) agus (c) d'Airteagal 9(1) agus a bhfuil sé beartaithe iad a thabhairt isteach i mBallstát, nó i gcrios nó i ndeighleog dá cuid, ar dearbhaíodh ina leith go bhfuil sé saor ó ghalair i gcomhréir le hAirteagal 36(4) agus le hAirteagal 37 (4) nó ar bunaíodh clár díothaithe ina leith amhail dá bhforáiltear in Airteagal 31(1) nó (2) maidir le ceann amháin nó níos mó de na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1).
2.  
Ní aistreoidh oibreoirí ainmhithe dobharshaothraithe ach má ghabhann deimhniú sláinte ainmhithe leo arna eisiúint ag an údarás inniúil ag an Ballstát tionscnaimh i gcomhréir le Airteagal 216(1) i gcás inar de speicis liostaithe na hainmhithe i dtrácht maidir leis an ngalar ábhartha(na galair ábhartha) dá dtagraítear i bpointe (a) agus (b) d'Airteagal 9(1) agus a gceadaítear dóibh crios srianta a fhágáil faoi réir beart rialaithe galar amhail dá bhforáiltear i bpointe (f)(ii) d'Airteagal 55(1), Airteagal 56 agus Airteagal 64, Airteagal 65 (1), Airteagal 74(1), Airteagal 79 agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 55(2), Airteagal 67 agus Airteagal 68, Airteagal 71(3), 74(4) agus 83(2) agus Airteagal 259 maidir le ceann amháin nó níos mó de na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus (b) d'Airteagal 9(1).
3.  
Déanfaidh oibreoirí gach beart is gá chun a áirithiú go ngabhfaidh an deimhniú sláinte ainmhithe leis na hainmhithe uisceacha óna n-áit tionscnaimh go dtí a gceann scríbe críochnaitheach, mura bhforáiltear do bhearta sonracha sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 214.

Airteagal 209

An oibleagáid ar oibreoirí a áirithiú go ngabhfaidh deimhniú sláinte ainmhithe le hainmhithe uisceacha eile agus cumhacht cur chun feidhme

1.  
I gcásanna go gceanglaítear deimhniúchán sláinte ainmhithe i gcomhréir leis na rialacha dá bhforáiltear i bpointe (a) d'Airteagal 211(1) mar gheall ar an riosca a bhaineann le gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha seachas ainmhithe dobharshaothraithe, ní aistreoidh oibreoirí na hainmhithe uisceacha sin ach amháin sa chás go mbeidh deimhniú sláinte ainmhithe arna eisiúint ag údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh i gcomhréir le hAirteagal 216(1) ag gabháil leis na hainmhithe i dtrácht.
2.  
Beidh feidhm ag Airteagal 208 freisin maidir le hainmhithe uisceacha seachas ainmhithe dobharshaothraithe a bheartaítear a chur go bunaíocht dobharshaothraithe nó a scaoileadh amach san fhiadhúlra. I gcás ina gcinneann údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh nach bhfuil an deimhniúchán indéanta toisc cineál áit tionscnaimh na n-ainmhithe uisceacha i dtrácht, féadfaidh sé an ghluaiseacht a údarú gan aon deimhniú sláinte ainmhithe faoi réir toiliú údarás inniúil an chinn scríbe.
3.  
Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le buain nó gabháil ainmhithe uisceacha fiáine lena gcaitheamh go díreach ag an duine.

Airteagal 210

Maoluithe arna dtabhairt ag Ballstáit maidir le deimhniúchán náisiúnta sláinte ainmhithe

De mhaolú ar cheanglais deimhniúcháin sláinte ainmhithe a leagtar síos in Airteagal 208 agus in Airteagal 209, féadfaidh na Ballstáit maoluithe a thabhairt maidir le gluaiseachtaí coinsíneachtaí áirithe d'ainmhithe uisceacha gan deimhniú sláinte ainmhithe laistigh dá gcríoch ar choinníoll go bhfuil córas malartach ar bun acu chun a áirithiú go mbeidh coinsíneachtaí de na hainmhithe sin inrianaithe agus go gcomhlíonfaidh coinsíneachtaí d'ainmhithe den sórt sin na ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí den sórt sin dá bhforáiltear i Roinn 1 go Roinn 4 (Airteagal 191 go hAirteagal 207).

Airteagal 211

Cumhachtaí a tharmligean agus gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann le deimhniúchán i dtaca le hainmhithe uisceacha

1.  

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid a leanas:

(a) 

an ceanglas le haghaidh deimhniúchán sláinte ainmhithe do ghluaiseachtaí ainmhithe uisceacha seachas ainmhithe dobharshaothraithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 209(1), i gcásanna gur rí-thábhachtach deimhniú sláinte ainmhithe chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an ghluaiseacht i dtrácht na ceanglais sláinte ainmhithe seo a leanas maidir leis na speicis d'ainmhithe liostaithe lena mbaineann:

(i) 

na ceanglais dá bhforáiltear i Roinn 1 go Roinn 4 (Airteagal 191 go hAirteagal 207) agus na rialacha arna nglacadh de bhun na Ranna sin;

(ii) 

bearta rialú galar amhail dá bhforáiltear in Airteagal 55(1), in Airteagal 56, in Airteagal 61(1), in Airteagal 62 agus in Airteagal 64, agus in Airteagal 65(1), in Airteagal 74(1), agus in Airteagail 79 agus 80 nó sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 55(2), Airteagal 63, Airteagal 67 agus Airteagal 68, agus Airteagal 71(3), Airteagal 74(4) agus Airteagal 83(2);

(iii) 

bearta éigeandála amhail dá bhforáiltear sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 259;

(b) 

rialacha ar leith maidir le deimhniú sláinte ainmhithe amhail dá bhforáiltear in Airteagal 208 agus in Airteagal 209 i gcás ina n-áirithítear leis na bearta sonracha maolaithe riosca arna nglacadh ag an údarás inniúil an méid seo a leanas:

(i) 

inrianaitheacht na n-ainmhithe uisceacha atá á aistriú;

(ii) 

go gcomhlíonann na hainmhithe uisceacha a bheidh á n-aistriú na ceanglais maidir le sláinte ainmhithe do ghluaiseachtaí dá bhforáiltear i Roinn 1 go Roinn 5 (Airteagal 191 go hAirteagal 207).

(c) 

maoluithe ó na ceanglais deimhniúcháin sláinte ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 208 agus in Airteagal 209 agus na coinníollacha a bhainfidh le maoluithe den sórt sin maidir le gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha nach mbainfidh riosca suntasach leo maidir le galair a leathadh, de bharr an méid seo a leanas:

(i) 

speicis, catagóirí nó céim bheatha na n-ainmhithe uisceacha lena mbaineann;

(ii) 

modhanna coimeádta agus an cineál táirgthe maidir leis na speicis agus na catagóirí sin d'ainmhithe dobharshaothraithe;

(iii) 

an úsáid a beartaíodh i leith na n-ainmhithe uisceacha; nó

(iv) 

ceann scríbe na n-ainmhithe uisceacha.

2.  
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis an oibleagáid atá ar oibreoirí, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 209(2), a áirithiú go ngabhfaidh deimhniú sláinte ainmhithe le hainmhithe uisceacha fiáine a bheartaítear a chur i mbunaíocht dobharshaothraithe.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

Airteagal 212

Ábhar na ndeimhnithe sláinte ainmhithe

1.  

Sa deimhniú sláinte ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 208, Airteagal 209 agus Airteagal 210, beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

(a) 

an bhunaíocht nó an áit tionscnaimh, an bhunaíocht nó an ceann scríbe agus, más ábhartha do leathadh galar, aon bhunaíocht nó aon áit ar tugadh cuairt uirthi ar an mbealach;

(b) 

tuairisc, lena n-áirítear speiceas agus catagóir na n-ainmhithe uisceacha lena mbaineann;

(c) 

cainníocht (líon, toirt nó meáchan) ainmhithe uisceacha lena mbaineann;

(d) 

an fhaisnéis is gá chun a léiriú go gcomhlíonann na hainmhithe uisceacha na ceanglais sláinte ainmhithe ábhartha dá bhforáiltear i Roinn 1 go Roinn 4 (Airteagal 191 go hAirteagal 207) maidir le gluaiseachtaí.

2.  
Féadfaidh faisnéis eile bheith sa deimhniú sláinte ainmhithe, má cheanglaítear sin i reachtaíocht eile de chuid an Aontais.

Airteagal 213

Cumhachtaí a tharmligean agus gníomhartha cur chun feidhme maidir le hábhar na ndeimhnithe sláinte ainmhithe

1.  

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le hábhar deimhnithe sláinte ainmhithe amhail dá bhforáiltear in Airteagal 212(1):

(a) 

rialacha mionsonraithe maidir le hábhar na ndeimhnithe sláinte ainmhithe sin dá bhforáiltear in Airteagal 212(1) do speicis éagsúla agus do chatagóirí éagsúla d'ainmhithe uisceacha;

(b) 

faisnéis bhreise atá le bheith sa deimhniú sláinte ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 212(1).

2.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le foirmeacha samplacha de dheimhnithe sláinte ainmhithe.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

Airteagal 214

Tarmligean cumhachtaí maidir le cineálacha sonracha gluaiseachtaí d' ainmhithe uisceacha go dtí an ceann scríbe

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le bearta sonracha lena bhforlíontar na ceanglais maidir le deimhniú sláinte ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 208 agus inAirteagal 209 do na cineálacha gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha seo a leanas:

(a) 

gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha a gceanglaítear iad a chur ar ais go dtí a n-áit tionscnaimh nó a aistriú chuig ceann scríbe eile, ar cheann amháin nó níos mó de na cúiseanna seo a leanas:

(i) 

ar chúiseanna leasa ainmhithe cuireadh isteach gan choinne ar an aistear a beartaíodh dóibh;

(ii) 

tharla timpistí nó tarluithe neamhthuartha gan choinne le linn an aistir;

(iii) 

diúltaíodh dóibh ag an gceann scríbe i mBallstát eile nó ag teorainn sheachtrach an Aontais;

(iv) 

diúltaíodh dóibh uisceacha i dtríú tír nó i gcríoch;

(b) 

gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha a bheartaítear a chur i dtaispeántais agus in imeachtaí spóirt, in imeachtaí cultúrtha agus imeachtaí den chineál sin, agus go bhfillfidh siad ar a n-áit tionscnamh ina dhiaidh sin.

Airteagal 215

An oibleagáid ar oibreoirí comhoibriú leis na húdaráis inniúla chun críocha deimhniúcháin sláinte ainmhithe

Déanfaidh oibreoirí mar a leanas:

(a) 

an fhaisnéis uile is gá a thabhairt don údarás inniúil roimh an aistriú a bheartaítear chun an deimhniú sláinte ainmhithe a chomhlánú dá bhforáiltear in Airteagal 208 agus in Airteagal (209) agus i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 211, Airteagal 213 agus Airteagal 214;

(b) 

i gcás inar gá, a áirithiú go ndéanfar seiceálacha sainaitheantais, fisiceacha agus doiciméadacha amhail dá bhforáiltear in Airteagal 216(3) agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 216(4) ar na hainmhithe uisceacha i dtrácht.

Airteagal 216

Freagracht an údaráis inniúil maidir le sláinte ainmhithe a dheimhniú agus gníomhartha tarmligthe

1.  

Eiseoidh an t-údarás inniúil, arna iarraidh sin dó ag an oibreoir, deimhniú sláinte ainmhithe maidir le gluaiseacht ainmhithe uisceacha, má cheanglaítear sin le hAirteagal 208 agus Airteagal 209, nó le rialacha arna nglacadh de bhun an Airteagal 211 sin agus an Airteagail 214 sin ar choinníoll gur comhlíonadh na ceanglais sláinte ainmhithe seo a leanas, de réir mar is ábhartha:

(a) 

na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 191, Airteagal 192(1), Airteagail 193, 195 agus 196, Airteagal197(1), Airteagail198, 199, Airteagal 200(1) agus (2), Airteagal 201, Airteagal 203(1) agus Airteagal 204(1) agus (2);

(b) 

na ceanglais dá bhforáiltear i ngníomhartha tarmligthe de bhun Airteagail 192(2), 197(3), 200(3), 201(3), 202(3), 203(2) 204(3) agus Airteagal 205;

(c) 

na ceanglais dá bhforáiltear i ngníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 206.

2.  

Gach deimhniú sláinte ainmhithe:

(a) 

seiceálfaidh agus síneoidh tréidlia oifigiúil é agus cuirfidh sé a stampa air;

(b) 

beidh sé bailí ar feadh na tréimhse sin dá bhforáiltear sna rialacha arna nglacadh de bhun phointe (c) de mhír 4, ar tréimhse í nach mór do na hainmhithe uisceacha a chumhdaítear leis an deimhniú leanúint lena linn de na ráthaíochtaí sláinte ainmhithe atá sa deimhniú a chomhlíonadh.

3.  
Sula síneofar deimhniú sláinte ainmhithe, fíoróidh an tréidlia oifigiúil lena mbaineann, trí bhíthin seiceálacha doiciméadacha, sainaitheantais agus fisiceacha amhail dá bhforáiltear le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 4 i gcás inarb iomchuí, go gcomhlíonann na hainmhithe uisceacha a chumhdaítear leis ceanglais na Caibidle seo agus fíoróidh sé an méid sin agus speicis agus catagóirí na n-ainmhithe uisceacha lena mbaineann agus na ceanglais sláinte ainmhithe á gcur san áireamh.
4.  

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 lena leagfar síos rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

na cineálacha seiceálacha agus scrúduithe doiciméadacha, sainaitheantais agus fisiceacha le haghaidh speiceas agus catagóirí éagsúla ainmhithe uisceacha nach mór don tréidlia oifigeach a dhéanamh i gcomhréir le mír 3 chun a fhíorú go gcomhlíontar ceanglais na Caibidle seo;

(b) 

an méid ama a bheidh ag an tréidlia oifigiúil le haghaidh na seiceálacha doiciméadacha, sainaitheantais agus fhisiceacha sin a dhéanamh agus le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar dheimhnithe sláinte ainmhithe agus iad a eisiúint roimh aistriú coinsíneachtaí ainmhithe uisceacha.

(c) 

fad bhailíocht na ndeimhnithe sláinte ainmhithe.

Airteagal 217

Deimhnithe leictreonacha sláinte ainmhithe

Féadfaidh deimhnithe leictreonacha sláinte ainmhithe a tháirgfear, a láimhseálfar agus a tharchuirfear trí bhíthin TRACES a theacht in ionad deimhnithe sláinte ainmhithe amhail dá bhforáiltear in Airteagal 216(1) i gcás go bhfuil an méid a leanas i gceist leis na deimhnithe leictreonacha sláinte ainmhithe sin:

(a) 

tá iontu an fhaisnéis uile a cheanglaítear a bheith sa deimhniú sláinte ainmhithe samplach i gcomhréir le hAirteagal 212(1) agus leis na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 213;

(b) 

áirithítear inrianaitheacht na n-ainmhithe uisceacha i dtrácht agus an nasc idir na hainmhithe sin agus an deimhniú sláinte ainmhithe;

(c) 

áirithítear go mbeidh rochtain ag na húdaráis inniúla sna Bhallstáit tionscnaimh, trasnaithe agus chinn scríbe ar na doiciméid leictreonacha am ar bith le linn iompar na n-ainmhithe.

Airteagal 218

Féindearbhú ag oibreoirí maidir le gluaiseachtaí ainmhithe dobharshaothraithe go dtí Ballstáit eile agus gníomhartha tarmligthe

1.  
Eiseoidh oibreoirí ag an áit tionscnamh doiciméad féindearbhúcháin maidir le gluaiseachtaí ainmhithe dobharshaothraithe óna n-áit tionscnaimh i mBallstát amháin go dtí an ceann scríbe i mBallstát eile agus áiritheoidh siad go ngabhfaidh sé leis na hainmhithe dobharshaothraithe sin, i gcás nach gceanglaítear go ngabhfaidh deimhniú sláinte ainmhithe leo amhail dá bhforáiltear in Airteagal 208 agus in Airteagal 209 nó in aon rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 211 agus Airteagal 214.
2.  

Sa doiciméad féindearbhúcháin sin dá bhforáiltear i mír 1 beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad maidir leis na hainmhithe dobharshaothraithe i dtrácht:

(a) 

a n-áiteanna tionscnaimh agus a gcinn scríbe, agus, más ábhartha, aon áiteanna ina raibh siad ar an mbealach;

(b) 

an modh iompair

(c) 

tuairisc ar na hainmhithe dobharshaothraithe, ar a gcatagóirí, a speicis, a gcainníocht (líon, toirt nó meáchan) de réir mar is ábhartha maidir leis na hainmhithe lena mbaineann;

(d) 

an fhaisnéis is gá chun a léiriú go gcomhlíonann na hainmhithe dobharshaothraithe na ceanglais ghluaiseachta dá bhforáiltear i Roinn 1 go Roinn 4 (Airteagal 191 go hAirteagal 207).

3.  

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid a leanas:

(a) 

rialacha mionsonraithe maidir le hábhar an doiciméid féindearbhúcháin dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo maidir le speicis agus catagóirí éagsúla d'ainmhithe dobharshaothraithe;

(b) 

faisnéis atá le bheith sa doiciméad féindearbhúcháin sa bhreis ar an bhfaisnéis dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo.

4.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le foirm shamplach den doiciméad féindearbhúcháin dá bhforáiltear i mír 1.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).



Roinn 6

Fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha go ballstáit eile

Airteagal 219

An oibleagáid atá ar oibreoirí maidir le fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha go dtí Ballstáit eile

1.  

Tabharfaidh oibreoirí seachas impróirí fógra don údarás inniúil ina mBallstát tionscnaimh roimh an ngluaiseacht ainmhithe uisceacha a bheartaítear a dhéanamh ó Bhallstát amháin go dtí Ballstát eile sna cásanna seo a leanas:

(a) 

ceanglaítear go ngabhfaidh deimhniú sláinte ainmhithe arna eisiúint ag údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh leis na hainmhithe uisceacha i gcomhréir le hAirteagal 208 agus le hAirteagal 209 ►C1  agus aon rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 211 agus Airteagal 214; ◄

(b) 

ceanglaítear go ngabhfaidh deimhniú sláinte ainmhithe d'ainmhithe uisceacha leis na hainmhithe uisceacha ►C1  agus iad á n-aistriú ó chrios srianta amhail dá dtagraítear in Airteagal 208(2); ◄

(c) 

beartaítear na hainmhithe dobharshaothraithe agus na hainmhithe uisceacha fiáine:

(i) 

a chur isteach i mbunaíocht atá faoi réir clárúcháin i gcomhréir le hAirteagal 173 nó faoi réir formheasa i gcomhréir le hAirteagail 176 go dtí 179;

(ii) 

a scaoileadh amach san fhiadhúlra;

(d) 

ceanglaítear fógra a thabhairt i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 221.

2.  
Chun críocha an fhógra dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh na hoibreoirí d'údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh an fhaisnéis uile is gá chun é a chumasú fógra a thabhairt d'údarás inniúil an Bhallstáit chinn scríbe maidir leis an ngluaiseacht i gcomhréir le hAirteagal 220(1).

Airteagal 220

Freagracht an údaráis inniúil maidir le fógra a thabhairt do Bhallstáit eile i leith gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha

1.  
Tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh fógra d'údarás inniúil an Bhallstáit chinn scríbe i leith gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha amhail dá dtagraítear in Airteagal 219(1), murar tugadh maolú i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 221(1) maidir leis an bhfógra sin.
2.  
Tabharfar an fógra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo roimh an ghluaiseacht i dtrácht agus, nuair is féidir é, trí TRACES.
3.  
Ainmneoidh na Ballstáit réigiúin le haghaidh bainistiú fógraí maidir le gluaiseachtaí amhail dá bhforáiltear i mír 1.
4.  
De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh údarú a thabhairt don oibreoir lena mbaineann fógra a thabhairt go páirteach nó go hiomlán d'údarás inniúil an Bhallstáit chinn scríbe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha ar coimeád trí TRACES.

Airteagal 221

Cumhachtaí a tharmligean agus gníomhartha cur chun feidhme chun fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha ag oibreoirí agus ag an údarás inniúil

1.  

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

an ceanglas fógra roimh ré a thabhairt atá ar oibreoirí i gcomhréir le hAirteagal 219 i leith gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha idir na Ballstáit ar de chatagóirí nó de speicis ainmhithe uisceacha iad seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) d'Airteagal 219(1) i gcás inar gá inrianaitheacht na ngluaiseachtaí sin chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais sláinte ainmhithe a leagtar síos sa Chaibidil seo;

(b) 

an fhaisnéis is gá chun fógra maidir le gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha amhail dá bhforáiltear in Airteagal 219 agus in Airteagal 220(1) a thabhairt;

(c) 

maoluithe ó na ceanglais maidir le fógra a thabhairt dá bhforáiltear i bpointe (c) d'Airteagal 219(1) i gcás speicis agus catagóirí d'ainmhithe uisceacha nó cineálacha gluaiseachtaí a bhfuil riosca neamhshuntasach leo;

(d) 

na nósanna imeachta éigeandála maidir le fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha i gcás ina dteipfí ar an leictreachas nó ina mbeadh cur isteach eile ar TRACES;

(e) 

na ceanglais maidir leis na Ballstáit réigiúin a ainmniú amhail dá bhforáiltear in Airteagal 220(3).

2.  

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis na nithe a leanas:

(a) 

sonraí i ndáil le fógraí:

(i) 

ó oibreoirí d'údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh maidir le gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha i gcomhréir le hAirteagal 219;

(ii) 

ó údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh don Bhallstát cinn scríbe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha i gcomhréir le hAirteagal 220(1);

(b) 

na spriocdhátaí maidir leis na nithe seo a leanas:

(i) 

cur ar fáil na faisnéise riachtanaí dá dtagraítear in Airteagal 219(2) ag na hoibreoirí d'údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh;

(ii) 

an fógra faoi ghluaiseachtaí a thabhairt ag údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh amhail dá dtagraítear in Airteagal 220(1).

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).



CAIBIDIL 3

Táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha seachas ainmhithe uisceacha beo a tháirgeadh, a phróiseáil agus a dháileadh laistigh den Aontas

Airteagal 222

Na hoibleagáidí sláinte ainmhithe ginearálta ar oibreoirí agus gníomhartha tarmligthe

1.  

Déanfaidh oibreoirí bearta coisctheacha atá oiriúnach lena áirithiú ag gach céim de phróiseas táirgthe, próiseála agus dáilte táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha, seachas ainmhithe beo uisceacha, nach cúis iad na táirgí sin le leathadh na ngalar seo a leanas:

(a) 

galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1), agus stádas sláinte na háite táirgthe, próiseála agus an chinn scríbe á chur san áireamh;

(b) 

galair atá ag teacht chun cinn.

2.  

Áiritheoidh oibreoirí nach dtiocfaidh táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha seachas ainmhithe uisceacha beo ó bhunaíochtaí nó ó ghnólachtaí bia ná go bhfaighfear iad ó ainmhithe a thagann ó bhunaíochtaí nó ó ghnólachtaí bia den chineál sin atá faoi réir an méid seo a leanas:

(a) 

bearta éigeandála amhail dá bhforáiltear in Airteagail 257 agus 258 agus aon rialacha a ghlacfar de bhun Airteagal 259 mura bhforáiltear do mhaoluithe sna rialacha sin i gCuid VII (Airteagal 257 go hAirteagal 262);

(b) 

srianta gluaiseachta is infheidhme maidir le hainmhithe uisceacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha amhail dá bhforáiltear i bpointe (c) d'Airteagal 32(1), i bpointe (e) d'Airteagal 55(1), in Airteagal 56, i bpointe (a) d'Airteagal 61(1), in Airteagal 62(1), i bpointe (c) d'Airteagail 65(1), pointe (b) d'Airteagal70(1) agus i bpointe (a) d'Airteagal 74(1), i bpointe (b) d'Airteagal 76(2), Airteagal 76(3), Airteagal 79, Airteagal 81 agus Airteagal 82(2) agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 55(2), Airteagail 63 agus 67, agus Airteagail 70(3), 71(3) 74(4 ), 76(5) agus 83(2) murar foráladh do mhaoluithe ó na srianta gluaiseachta sin sna rialacha sin.

3.  

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le ceanglais mhionsonraithe lena bhforlíonfar na cinn sin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo maidir le gluaiseachtaí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha seachas ainmhithe uisceacha beo, maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) 

na galair, agus na speicis ainmhithe uisceacha lena mbaineann na galair, ar infheidhme bearta éigeandála nó srianta gluaiseachta amhail dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo maidir leo;

(b) 

na cineálacha táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha;

(c) 

na bearta laghdaithe riosca a chuirtear i bhfeidhm ar na táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha ag na háiteanna tionscnaimh agus ag na cinn scríbe;

(d) 

an úsáid atá beartaithe do tháirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha;

(e) 

ceann scríbe na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha.

4.  
Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le buain nó gabháil táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha fiáine lena gcaitheamh go díreach ag an duine.

Airteagal 223

Deimhnithe sláinte ainmhithe agus gníomhartha tarmligthe

1.  

Ní dhéanfaidh oibreoirí na tairgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha seachas ainmhithe uisceacha beo seo a leanas a aistriú ach má ghabhann deimhniú sláinte ainmhithe leis na táirgí sin arna eisiúint ag údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh i gcomhréir le mír 3:

(a) 

táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha lena mbaineann na nithe seo a leanas:

(i) 

is ceadmhach iad a aistriú ó chrios srianta faoi réir beart éigeandála amhail dá bhforáiltear i rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 259; agus

(ii) 

is de bhunadh ainmhithe uisceacha de speicis atá faoi réir na mbeart éigeandála sin iad;

(b) 

táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha lena mbaineann na nithe seo a leanas:

(i) 

is ceadmhach iad a aistriú ó chrios srianta faoi réir bearta rialaithe galar i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 32(1), pointe (c) d'Airteagal 55(1), Airteagal 56, ►C1  pointe (a) d’Airteagal 61(1), Airteagal 62(1), pointe (c) d’Airteagal 65(1), ◄ pointe (b) d'Airteagal 70(1) agus pointe (a) d'Airteagal 74(1) Airteagail 79 agus le rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 55(2), Airteagail 63 agus 67, agus Airteagail 71(3), 74(4), agus 83(2); agus

(ii) 

gur de bhunadh ainmhithe uisceacha de speicis atá faoi réir na mbeart rialaithe galar sin iad.

2.  

De mhaolú ar mhír 1, ní bheidh gá le deimhniú gluaiseachtaí táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha fiáine, ar an gcoinníoll gur fíor na nithe seo a leanas:

(a) 

bearta malartacha maolaithe riosca arna údarú ag an údarás inniúil, ar bearta iad atá i bhfeidhm chun a áirithiú nach bhfuil baol ann leis na gluaiseachtaí go leathfar galair liostaithe;

(b) 

beidh coinsíneachtaí na dtáirgí sin inrianaithe.

3.  
Déanfaidh oibreoirí gach beart is gá chun a áirithiú go ngabhfaidh an deimhniú sláinte ainmhithe leis na táirgí de bhunadh ainmhíoch óna n-áit tionscnaimh go dtí a gceann scríbe.
4.  
Eiseoidh an t-údarás inniúil, arna iarraidh sin don oibreoir lena mbaineann, deimhniú sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí táirgí de bhunadh ainmhíoch seachas ainmhithe uisceacha beo amhail dá dtagraítear i mír 1, ar choinníoll gur comhlíonadh na ceanglais ábhartha dá dtagraítear san Airteagal seo.
5.  
Beidh feidhm ag Airteagal 212 agus ag Airteagail 214 go dtí 217 agus ag na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 213 agus Airteagal 216(4) maidir le deimhniú gluaiseachtaí táirgí de bhunadh ainmhíoch, seachas ainmhithe uisceacha beo, amhail dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
6.  

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le ceanglais agus rialacha mionsonraithe maidir leis an deimhniú sláinte ainmhithe atá le gabháil le táirgí de bhunadh ainmhíoch, seachas ainmhithe uisceacha beo, amhail dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh aige:

(a) 

cineálacha na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch lena mbaineann;

(b) 

na bearta laghdaithe riosca a chuirtear i bhfeidhm ar na táirgí lena mbaineann lena laghdaítear rioscaí leata galar;

(c) 

an úsáid atá beartaithe do na táirgí sin;

(d) 

ceann scríbe na dtáirgí sin.

Airteagal 224

Ábhar na ndeimhnithe sláinte ainmhithe agus gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme

1.  

Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa deimhniú sláinte ainmhithe do tháirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha, seachas ainmhithe uisceacha beo:

(a) 

an bhunaíocht nó an áit tionscnaimh agus an bhunaíocht chinn scríbe nó an ceann scríbe;

(b) 

tuairisc ar na táirgí de bhunadh ainmhithe lena mbaineann;

(c) 

cainníocht (líon, toirt nó meáchan) na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch;

(d) 

sainaithint na dtáirgí de thionscnamh ainmhithe, má cheanglaítear sin le pointe (h) d'Airteagal 65(1) nó le rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 67;

(e) 

faisnéis is gá chun a léiriú go gcomhlíonann na táirgí lena mbaineann na ceanglais srianta gluaiseachta dá bhforáiltear in Airteagal 222(2) agus in aon rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 222(3).

2.  
Féadfar go mbeidh faisnéis eile a bhfuil sé de cheanglas í a bheith ann i reachtaíocht eile de chuid an Aontais sa deimhniú sláinte ainmhithe dá dtagraítear i mír 1.
3.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an bhfaisnéis atá le bheith sa deimhniú sláinte ainmhithe a leasú agus a fhorlíonadh amhail dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.
4.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, rialacha a leagan síos maidir le foirmeacha samplacha de dheimhnithe sláinte ainmhithe amhail dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

Airteagal 225

Fógra a thabhairt i leith gluaiseachtaí táirgí de bhunadh ainmhíoch go Ballstáit eile

1.  

Déanfaidh oibreoirí mar a leanas:

(a) 

an t-údarás inniúil sa Bhallstát tionscnaimh a chur ar an eolas roimh ré faoin ghluaiseacht táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha, seachas ainmhithe uisceacha beo, atá beartaithe, i gcás ina bhfuil sé de cheanglas go ngabhfaidh deimhniú sláinte ainmhithe leis na coinsíneachtaí i dtrácht i gcomhréir le hAirteagal 223(1);

(b) 

an fhaisnéis uile a thabhairt is gá chun é a chur ar chumas údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh fógra a thabhairt don Bhallstát cinn scríbe maidir leis an ngluaiseacht i dtrácht, i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

2.  
Tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh fógra d'údarás inniúil an Bhallstáit chinn scríbe i leith gluaiseachtaí táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha, seachas ainmhithe uisceacha beo, i gcomhréir le hAirteagal 220(1).
3.  
Is infheidhme Airteagal 219 agus Airteagal 220 agus aon rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 221 maidir le fógra a thabhairt i leith táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha seachas ainmhithe uisceacha beo.



CAIBIDIL 4

Bearta náisiúnta

Airteagal 226

Bearta náisiúnta atá deartha chun tionchar galar seachas galair liostaithe a theorannú

1.  
I gcás ina bhfuil riosca suntasach le galar seachas galar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1) maidir le sláinte ainmhithe uisceacha i mBallstát, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann bearta náisiúnta a dhéanamh chun teacht isteach an ghalair sin a chosc nó chun a leathadh a rialú.

Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh na bearta náisiúnta sin os cionn na dteorainneacha maidir leis an rud is cuí agus is gá chun teacht isteach galair i dtrácht a chosc nó chun a leathadh a rialú laistigh den Bhallstát lena mbaineann.

2.  
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún roimh ré maidir le haon bhearta náisiúnta atá beartaithe amhail dá dtagraítear i mír 1 a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar ghluaiseachtaí ainmhitha uisceacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha. idir na Ballstáit.
3.  
Formheasfaidh an Coimisiún agus leasóidh sé, más gá, na bearta náisiúnta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo trí bhíthin gníomhartha tarmligthe. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).
4.  
Ní thabharfar an formheas dá dtagraítear i mír 3 ach i gcás inar gá srianta maidir le gluaiseacht idir na Ballstáit a chur ar bun chun teacht isteach an ghalair dá dtagraítear i mír 1 a chosc nó chun a leathadh a rialú, agus tionchar foriomlán san Aontais i ndáil leis an ngalar i dtrácht agus na mbeart arna ndéanamh san Aontas á gcur san áireamh.



TEIDEAL III

AINMHITHE AR DE SPEICIS SEACHAS SPEICIS A SHAINÍTEAR MAR AINMHITHE TALÚN AGUS UISCEACHA, AGUS TÁIRGÍ GEIRMEACHA AGUS TÁIRGÍ DE BHUNADH AINMHÍOCH Ó NA HAINMHITHE EILE SIN

Airteagal 227

Ceanglais sláinte ainmhithe maidir le hainmhithe eile agus táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó na hainmhithe eile sin

I gcás ina bhfuil ainmhithe eile ina speicis ainmhithe liostaithe maidir le galar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1), agus ina bhfuil riosca maidir le sláinte phoiblí nó sláinte na n-ainmhithe leis na hainmhithe san Aontas, leis na táirgí geirmeacha uathu nó le táirgí de bhunadh ainmhíoch, beidh feidhm ag ceann amháin de na ceanglais sláinte ainmhithe seo a leanas nó níos mó:

(a) 

na ceanglais maidir le clárú, formheas, coinneáil taifead agus cláir a bhaineann le bunaíochtaí agus le hiompróirí dá bhforáiltear i gCaibidil 1 de Theideal I agus i gCaibidil I de Theideal II (Airteagal 84 go hAirteagal 101 agus Airteagal 172 go hAirteagal 175);

(b) 

na ceanglais maidir le inrianaitheacht dá bhforáiltear in Airteagal 108 go hAirteagal 111 agus in Airteagal 117 i gcás ainmhithe eile agus in Airteagal 122 i gcás táirgí geirmeacha;

(c) 

ceanglais ghluaiseachta:

(i) 

maidir le hainmhithe eile a mbíonn cónaí orthu go príomha i dtimpeallacht talún, nó a mbíonn tionchar ag galair ainmhithe talún orthu de ghnáth, agus na critéir dá bhforáiltear i bpointe (d) agus (e) d'Airteagal 229(3) á gcur san áireamh, na ceanglais dá bhforáiltear i Roinn 1 (Airteagal 124 agus Airteagal 125) agus i Roinn 6 de Chaibidil 3 de Theideal I de Chuid IV (Airteagal 137 go hAirteagal 142), agus i gCaibidil 4 de Theideal I de Chuid IV (Airteagal 155 agus Airteagal 156);

(ii) 

maidir le hainmhithe eile a mbíonn cónaí orthu go príomha i dtimpeallacht uisce, nó a mbíonn tionchar ag galair ainmhithe uisceacha orthu de ghnáth, agus na critéir dá bhforáiltear i bpointe (d) agus i bpointe (e) d'Airteagal 228(3) á gcur san áireamh, na ceanglais dá bhforáiltear i Roinn 1 go Roinn 4 de Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid IV (Airteagal 191 go hAirteagal 207);

(iii) 

maidir le táirgí geirmeacha, na ceanglais ginearálta maidir le gluaiseachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 157 agus in Airteagal 158 agus na ceanglais speisialta maidir le gluaiseachtaí go Ballstáit eile dá bhforáiltear in Airteagal 164 agus in Airteagal 165;

(iv) 

maidir le táirgí de bhunadh ainmhíocha, na ceanglais sláinte ainmhithe ginearálta ar oibreoirí maidir le táirgí de bhunadh ainmhíoch a tháirgeadh, a phróiseáil agus a dháileadh laistigh den Aontas dá bhforáiltear in Airteagal 166 agus in Airteagal 222;

(d) 

an oibleagáid maidir le sláinte ainmhithe a dheimhniú a thiteann ar oibreoirí agus ar na údaráis inniúla agus féindearbhú a thiteann ar oibreoirí:

(i) 

maidir le hainmhithe eile, de bhun na rialacha dá bhforáiltear in Airteagail 143 go dtí 151 nó in Airteagal 208 go hAirteagal 218;

(ii) 

maidir le táirgí geirmeacha, de bhun na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 161 agus in Airteagal 162;

(iii) 

maidir le táirgí de bhunadh ainmhíoch, de bhun na rialacha dá bhforáiltear ►C3  in Airteagail 167 agus 168 nó in Airteagail 223 agus 224; ◄

(e) 

an oibleagáid ar oibreoirí agus ar an údarás inniúil fógraí a thabhairt maidir le gluaiseachtaí, agus na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagail 152, 153, 154, 163 agus 169 agus in Airteagail 219 go dtí 221 agus in Airteagal 225.

Airteagal 228

Cumhachtaí a tharmligean agus gníomhartha tarmligthe maidir le ceanglais sláinte ainmhithe a bhaineann le hainmhithe eile agus le táirgí geirmeacha agus le táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe eile

1.  
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le haon cheanglais shonracha d'ainmhithe eile agus do tháirgí geirmeacha nó do tháirgí de bhunadh ainmhíoch, atá riachtanach chun riosca na ngalar liostaithe dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1), amhail dá bhforáiltear in Airteagal 227.
2.  
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir le rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme na mbeart rialaithe galar agus na mbeart rialaithe coiscthe galar dá bhforáiltear i mír 1.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

3.  

Nuair a ghlacfar na gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear i mír 1 agus i mír 2, bunóidh an Coimisiún na gníomhartha sin ar na critéir seo a leanas:

(a) 

go bhfuil speicis agus catagóirí ainmhithe eile liostaithe i gcomhréir le hAirteagal 8(2) mar speicis liostaithe maidir le galar liostaithe amháin nó níos mó, ar a bhfuil bearta coiscthe agus rialaithe galar áirithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo i bhfeidhm;

(b) 

próifíl an ghalair liostaithe i dtrácht, a bhaineann le speicis agus le catagóirí ainmhithe eile dá dtagraítear i bpointe (a);

(c) 

indéantacht, infhaighteacht agus éifeacht beart coiscthe agus rialaithe galar i gcás an speicis liostaithe lena mbaineann na bearta sin;

(d) 

gnáthdhálaí timpeallachta beatha talún nó uisce na n-ainmhithe eile sin;

(e) 

na cineálacha galair a imríonn tionchar ar na hainmhithe eile sin bíodh siad ina ngalar a imríonn tionchar ar ainmhithe talún nó ina ngalar imríonn tionchar de ghnáth ar ainmhithe uisceacha, is cuma cad é na gnáthdhálaí timpeallachta beatha dá dtagraítear i bpointe (d).



CUID V

TEACHT ISTEACH SAN AONTAS AGUS ONNMHAIRIÚ



CAIBIDIL 1

Ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó thríú tíortha agus tríú críocha a theacht isteach san Aontas



Roinn 1

Ceanglais maidir le teacht isteach san aontas

Airteagal 229

Ceanglais maidir le hainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas

1.  

Ní cheadóidh na Ballstáit do choinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó thríú tíortha nó ó thríú críocha teacht isteach san Aontas, ach amháin má chomhlíonann na choinsíneachtaí sinna ceanglais seo a leanas, mura bhfuil na hainmhithe, na táirgí geirmeacha nó na táirgí de bhunadh ainmhíoch den chineál sin cumhdaithe faoi mhaolú nó faoi rialacha breise a tugadh de bhun Airteagal 239(2):

(a) 

gan dochar d'Airteagal 230(2), go dtagann siad as tríú tír nó tríú críoch atá liostaithe i gcomhréir le hAirteagal 230(1) don speiceas áirithe agus don chatagóir áirithe ainmhithe sin, nó do na táirgí geirmeacha sin nó na táirgí sin de bhunadh ainmhíoch lena mbaineann, nó as crios nó as deighleog den tír nó den chríoch sin;

(b) 

go dtagann siad as bunaíochtaí atá formheasta agus liostaithe má cheanglaítear an formheas agus an liostú sin faoi Airteagal 233;

(c) 

go gcomhlíonann siad na ceanglais sláinte ainmhithe maidir le teacht isteach san Aontas a leagtar síos in Airteagal 234(1)agus in aon ghníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 234(2) má tá na ceanglais sin leagtha síos don ainmhí, don táirge geirmeach nó don táirge de bhunadh ainmhíoch lena mbaineann;

(d) 

go ngabhann deimhniú sláinte ainmhithe agus dearbhuithe agus doiciméid eile leo má cheanglaítear sin le hAirteagal 237(1) nó le rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 237(4);

▼M1

2.  
Tíolacfaidh na hoibreoirí atá freagrach as an gcoinsíneacht a bheidh i dtrácht coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó thríú tíortha nó ó thríú críocha chun críocha rialú oifigiúil amhail dá bhforáiltear in Airteagal 47 de Rialachán ►C2  (AE) 2017/625 ◄ .

▼B



Roinn 2

Tríú tíortha agus tríú críocha a liostú

Airteagal 230

Liostaí de thríú tíortha agus de thríú críocha óna gceadaítear d'ainmhithe, do tháirgí geirmeacha agus do tháirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas agus gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe

1.  

Féadfaidh an Coimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, liostaí a tharraingt suas de thríú tíortha agus de thríú críocha óna gceadófar do speicis shonracha agus do chatagóirí sonracha ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas, bunaithe ar mheas a dhéanamh ar na critéir seo a leanas:

(a) 

reachtaíocht sláinte ainmhithe an tríú tír nó an tríú críoch lena mbaineann agus na rialacha maidir le teacht isteach ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch go dtí na tríú tíortha nó na críocha sin;

(b) 

na dearbhuithe a thug údarás inniúil an tríú tír nó an tríú críoch lena mbaineann maidir le cur chun feidhme agus rialú éifeachtúla na reachtaíochta sláinte ainmhithe dá dtagraítear i bpointe (a);

(c) 

eagrú, struchtúr, acmhainní agus cumhachtaí dlí an údaráis inniúla sa tríú tír nó sa tríú críoch lena mbaineann;

(d) 

na nósanna imeachta deimhnithe maidir le sláinte ainmhithe sa tríú tír nó sa tríú críoch lena mbaineann;

(e) 

stádas sláinte ainmhithe an tríú tír nó an tríú críoch lena mbaineann, nó na gcriosanna agus na ndeighleog inti, maidir leis na nithe seo a leanas:

(i) 

galair liostaithe agus galair atá ag teacht chun cinn;

(ii) 

aon ghnéithe den tsláinte phoiblí nó de shláinte na n-ainmhithe nó na cúinsí comhshaoil sa tríú tír nó sa tríú críoch lena mbaineann, nó i gcrios nó deighleog den tríú tír sin, a d'fhéadfadh riosca a bheith leo maidir le sláinte ainmhithe nó sláinte phoiblí nó stádas comhshaoil an Aontais;

(f) 

na ráthaíochtaí is féidir le húdarás inniúil an tríú tír nó an tríú críoch lena mbaineann a thabhairt maidir le comhlíonadh nó coibhéis na gceanglas sláinte ainmhithe ábhartha is infheidhme san Aontas;

(g) 

a rialta agus a ghasta a thugann an tríú tír nó an tríú críoch lena mbaineann an fhaisnéis maidir le galair ainmhithe atá ionfhabhtaíoch nó gabhálach ina críoch don Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (OIE), go háirithe faisnéis maidir leis na galair atá liostaithe i gCód um Shláinte na nAinmhithe Uisceacha nó i gCóid OIE;

(h) 

torthaí rialuithe arna ndéanamh ag an gCoimisiúin sa tríú tír nó sa tríú críoch lena mbaineann;

(i) 

aon taithí a fuarthas ó theacht isteach ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch roimhe seo ón tríú tír nó ón tríú críoch lena mbaineann agus torthaí rialuithe oifigiúla a rinneadh ag an bpointe teacht isteach san Aontas ar na hainmhithe sin, ar na táirgí geirmeacha sin agus ar na táirgí sin de bhunadh ainmhíoch.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

2.  
Go dtí go nglacfar liostaí dá bhforáiltear i mír 1, agus ar choinníoll nár tarraingíodh suas na liostaí sin de bhun reachtaíocht an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 270(2), socróidh na Ballstáit cé na tríú tíortha agus na tríú críocha óna bhféadfaidh speicis shonracha agus catagóirí sonracha ainmhithe, táirgí geirmeacha nó táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas.

Chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo, cuirfidh na Ballstáit san áireamh na critéir maidir le tríú tíortha agus tríú críocha a chur ar na liostaí de thríú tíortha agus de thríú críocha dá bhforáiltear i bpointe (a) go pointe (i) de mhír 1 den Airteagal seo.

3.  
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le maoluithe ó mhír 2 den Airteagal seo, lena dteorannaítear an deis atá ag Ballstáit a shocrú cé na tríú tíortha agus na tríú críocha óna bhféadfaidh speiceas sonrach agus catagóir shonrach ainmhí, táirge gheirmigh nó táirge de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas, agus, más gá, ar bhonn an riosca atá leis an speiceas áirithe sin agus leis an gcatagóir áirithe sin ainmhithe, táirgí geirmeacha nó táirgí de bhunadh ainmhíoch.

Airteagal 231

Faisnéis atá le cur sna liostaí de thríú tíortha agus de thríú críocha

Sonróidh an Coimisiún an fhaisnéis seo a leanas maidir le gach tríú tír nó gach tríú críoch atá sna liostaí dá bhforáiltear in Airteagal 230(1):

(a) 

na speicis agus na catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha nó táirgí de bhunadh ainmhíoch a fhéadfaidh teacht isteach san Aontas ón tríú tír nó ón tríú críoch sin;

(b) 

an bhféadfaidh nó nach bhféadfaidh na hainmhithe, na táirgí geirmeacha nó na táirgí de bhunadh ainmhíoch arna sonrú i gcomhréir le pointe (a) teacht isteach san Aontas ó chríoch uile an tríú tír nó an tríú críoch sin nó ó cheann amháin nó níos mó dá criosanna nó dá deighleoga.

(c) 

coinníollacha sonracha agus ráthaíochtaí sláinte ainmhithe maidir le galair liostaithe.

Airteagal 232

Tríú tíortha nó tríú críocha a chur ar fionraí ón liosta nó a tharraingt siar as an liosta agus gníomhartha cur chun feidhme

1.  

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, tríú tír nó tríú críoch, nó crios nó deighleog dá cuid, tír nó críoch a tharraingt siar as an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 230(1) nó a chur ar fionraí ó theacht isteach san Aontas ainmhithe táirgí geirmeacha nó táirgí de bhunadh ainmhíoch ar aon cheann de na cúiseanna seo a leanas:

(a) 

nach bhfuil an tríú tír nó an tríú críoch lena mbaineann, nó ceann amháin nó níos mó dá criosanna nó dá deighleoga, ag comhlíonadh na gcritéar a thuilleadh a leagtar síos in Airteagal 230(1), más ábhartha le go bhféadfaidh speiceas agus catagóir áirithe ainmhithe, táirgí geirmeacha nó táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas;

(b) 

gur gá, mar gheall ar na cúinsí sláinte ainmhithe sa tríú tír nó sa tríú críoch lena mbaineann, nó i gcrios nó i ndeighleog dá cuid, í a chur ar fionraí ón liosta sin nó í a tharraingt siar as an liosta sin chun stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint;

(c) 

d'ainneoin gur iarr an Coimisiún ar an tríú tír sin nó ar an tríú críoch lena mbaineann faisnéis nuashonraithe a thabhairt maidir leis na cúinsí sláinte ainmhithe nó ábhair eile dá dtagraítear in Airteagal 230(1), nár thug an tríú tír nó an tríú críoch sin an fhaisnéis sin uaithi;

(d) 

gur dhiúltaigh an tríú tír nó an tríú críoch lena mbaineann a aontú go ndéanfaidh an Coimisiún rialuithe thar ceann an Aontais ina críoch.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

2.  
Ar mhórchúiseanna práinne cuí-réasúnaithe a bhaineann le riosca tromchúiseach go dtabharfaí isteach san Aontas galar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1), glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 266(3).
3.  

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, tríú tír nó tríú críoch, nó crios nó deighleog dá cuid, a tarraingíodh siar as an liosta dá dtagraítear in Airteagal 230(1) a athchur leis an liosta, nó teacht isteach san Aontas ainmhithe, táirgí geirmeacha nó táirgí de bhunadh ainmhíoch a athúdarú maidir le tríú tír nó tríú críoch, nó crios nó deighleog dá cuid ónar cuireadh teacht isteach san Aontas ar fionraí, ar cheann de na cúiseanna seo a leanas:

(a) 

ar na cúiseanna dá dtagraítear i bpointe (a) nó (c) de mhír 1 den Airteagal seo, ar choinníoll go léiríonn an tríú tír nó an tríú críoch lena mbaineann go gcomhlíonann sí na critéir um liostú dá bhforáiltear in Airteagal 230(1);

(b) 

ar na cúiseanna dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, ar choinníoll go dtugann an tríú tír nó an tríú críoch lena mbaineann na ráthaíochtaí cuí uaithi gur réitíodh na cúinsí sláinte ainmhithe as ar tháinig an cur ar fionraí sin nó an tarraingt siar nó nach bhfuil bagairt ar an tsláinte phoiblí ná ar shláinte ainmhithe san Aontas ag baint leo níos mó;

(c) 

ar na cúiseanna dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1 den Airteagal seo, ar choinníoll:

(i) 

gur aontaigh an tríú tír nó an tríú críoch lena mbaineann go ndéanfaidh an Coimisiún rialú thar ceann an Aontais ina críoch; agus

(ii) 

gur léir ó thorthaí an rialaithe sin a rinne an Coimisiún go gcomhlíonann an tríú tír nó an tríú críoch lena mbaineann, agus na criosanna agus na deighleoga dá cuid, na critéir maidir le liostú a leagtar síos in Airteagal 230(1).

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).



Roinn 3

Bunaíochtaí i dtríú tíortha agus i dtríú críocha a fhormheas agus a liostú

Airteagal 233

Bunaíochtaí a fhormheas agus a liostú

1.  

Ní cheadóidh na Ballstáit d'ainmhithe talún agus táirgí geirmeacha uathu a thagann ó bhunaíocht de chineál a bhfuil sé de cheanglas san Aontas formheas a fháil di i gcomhréir le hAirteagal 94(2) agus na rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 94(3) agus Airteagal 95 a theacht isteach san Aontas, más fíor i leith na bunaíochta sin sa tríú tír i dtrácht nó sa tríú críoch lena mbaineann:

(a) 

go gcomhlíonann sí ceanglais sláinte ainmhithe sa tríú tír nó sa tríú críoch sin atá coibhéiseach leis na rialacha maidir leis an gcineál sin bunaíochta is infheidhme san Aontas;

(b) 

go bhfuil sí formheasta agus liostaithe ag údarás inniúil thríú tír nó thríú críoch a seolta, mura bhforáiltear le bearta malartacha laghdaithe riosca atá ar bun sa tríú tír nó sa tríú críoch ráthaíochtaí coibhéiseacha maidir leis an tsláinte ainmhithe laistigh den Aontas.

2.  
Baileoidh an Coimisiún na liostaí de na bunaíochtaí formheasta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 a fuarthas ó údaráis inniúla na dtríú tíortha nó na dtríú críoch lena mbaineann.
3.  
Déanfaidh an Coimisiún aon liostaí nua nó aon liostaí nuashonraithe de na bunaíochtaí formheasta a fuarthas ó thríú tíortha agus ó thríú críocha lena mbaineann a thabhairt do na Ballstáit agus cuirfidh siad ar fáil don phobal iad.
4.  
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a ghlacadh d'fhonn cur chun feidhme aonfhoirmeach de phointe (b) de mhír 1 a áirithiú.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).



Roinn 4

Speicis agus catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san aontas

Airteagal 234

Ceanglais sláinte ainmhithe maidir le speicis agus catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas

1.  

I ndáil leis na ceanglais maidir le sláinte ainmhithe chun go dtiocfaidh na speicis agus catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó thríú tíortha nó ó thríú críocha isteach san Aontas, beidh na ceanglais sin:

(a) 

chomh dian céanna leis na ceanglais sláinte ainmhithe a leagtar síos sa Rialachán seo agus leis na rialacha arna nglacadh dá bhun agus is infheidhme maidir le gluaiseacht na speiceas agus na gcatagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha nó táirgí de bhunadh ainmhíoch i dtrácht laistigh den Aontas; nó

(b) 

forálfar leo do ráthaíochtaí a bheidh coibhéiseach leis na ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme maidir leis na speicis agus na catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha nó táirgí de bhunadh ainmhíoch dá bhforáiltear i Roinn IV (Airteagal 84 go hAirteagal 228) den Rialachán seo.

2.  

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis na ceanglais sláinte ainmhithe a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

(a) 

speicis agus catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó thríú tíortha nó ó thríú críocha a theacht isteach san Aontas;

(b) 

gluaiseacht laistigh den Aontas agus láimhseáil na n-ainmhithe, na dtáirgí geirmeacha agus na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch sin tar éis dóibh teacht isteach san Aontas, sa mhéid go bhfuil gá leis sin chun an riosca lena mbaineann a mhaolú.

3.  
Go dtí go nglacfar gníomhartha tarmligthe lena leagfar síos ceanglais sláinte ainmhithe maidir le speiceas nó catagóir áirithe ainmhithe, táirgí geirmeacha nó táirgí de bhunadh ainmhíoch dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit rialacha náisiúnta a chur i bhfeidhm, tar éis measúnú ar na rioscaí atá bainteach leis a dhéanamh, ar choinníoll go gcomhlíonann na rialacha sin na ceanglais a leagtar síos sa mhír sin agus go gcuirtear san áireamh iontu na hábhair dá dtagraítear in Airteagal 235 agus in Airteagal 236.

Airteagal 235

Ábhair le cur san áireamh i ngníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear in Airteagal 234 maidir le hainmhithe a theacht isteach san Aontas

Cuirfidh an Coimisiún na hábhair seo a leanas san áireamh agus é ag leagan síos ceanglais maidir le sláinte ainmhithe i ngníomhartha tarmligthe amhail dá bhforáiltear in Airteagal 234(2) maidir le speicis agus catagóirí áirithe ainmhithe a theacht isteach san Aontas:

(a) 

na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1) agus galair atá ag teacht chun cinn;

(b) 

stádas sláinte an Aontais maidir leis na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1) agus galair atá ag teacht chun cinn;

(c) 

na speicis liostaithe maidir leis na galair liostaithe sin dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1) agus na galair sin atá ag teacht chun cinn;

(d) 

aois agus gnéas na n-ainmhithe lena mbaineann;

(e) 

tionscnamh na n-ainmhithe lena mbaineann;

(f) 

cineál na bunaíochta lena mbaineann agus cineál an táirgthe ag na háiteanna tionscnaimh agus cinn scríbe;

(g) 

an ceann scríbe atá beartaithe;

(h) 

an úsáid atá beartaithe i leith na n-ainmhithe lena mbaineann;

(i) 

aon bhearta laghdaithe riosca atá ar bun sna tríú tíortha nó sna tríú críocha tionscnaimh nó idirthurais, nó a rinneadh tar éis do na hainmhithe lena mbaineann teacht isteach san Aontas;

(j) 

ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme maidir le gluaiseachtaí na n-ainmhithe sin laistigh den Aontas;

(k) 

sonraí eipidéimeolaíocha eile;

(l) 

caighdeáin trádála idirnáisiúnta maidir le sláinte ainmhithe is ábhartha do speicis agus do chatagóirí na n-ainmhithe sin.

Airteagal 236

Ábhair le cur san áireamh i ngníomhartha tarmligthe amhail dá bhforáiltear in Airteagal 234 maidir le táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas

Cuirfidh an Coimisiún na hábhair seo a leanas san áireamh agus é ag leagan síos i ngníomhartha tarmligthe amhail dá bhforáiltear in Airteagal 234(2) na gceanglas sláinte ainmhithe maidir le táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas:

(a) 

na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1) agus galair atá ag teacht chun cinn;

(b) 

stádas sláinte na n-ainmhithe is tionscnamh do na táirgí geirmeacha nó do na táirgí de bhunadh ainmhíoch agus stádas sláinte an Aontais maidir leis na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1) agus galair atá ag teacht chun cinn;

(c) 

cineál agus nádúr táirgí geirmeacha áirithe nó táirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch, cóireálacha áirithe, modhanna próiseála áirithe agus bearta eile laghdaithe riosca a cuireadh i bhfeidhm ag an áit tionscnaimh, ag áit seolta na coinsíneachta nó ag an gceann scríbe;

(d) 

cineál na bunaíochta agus cineál an táirgthe ag na háiteanna tionscnaimh agus cinn scríbe;

(e) 

an ceann scríbe atá beartaithe;

(f) 

an úsáid atá beartaithe do na táirgí geirmeacha nó do na táirgí de bhunadh ainmhíoch lena mbaineann;

(g) 

ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme maidir le gluaiseachtaí na dtáirgí geirmeacha agus na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch lena mbaineann laistigh den Aontas;

(h) 

sonraí eipidéimeolaíocha eile;

(i) 

caighdeáin trádála idirnáisiúnta maidir le sláinte ainmhithe, is ábhartha do tháirgí geirmeacha áirithe agus do tháirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch i dtrácht.



Roinn 5

Deimhnithe sláinte ainmhithe, dearbhuithe agus doiciméid eile

Airteagal 237

Deimhnithe sláinte ainmhithe, dearbhuithe agus doiciméid eile maidir le teacht isteach san Aontas

1.  

Ní cheadóidh na Ballstáit do choinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas ach amháin má ghabhann ceann amháin nó an dá cheannde na nithe seo a leanas lecoinsíneachtaíden chineál sin:

(a) 

deimhniú sláinte ainmhithe arna eisiúint ag údarás inniúil an tríú tír nó an tríú críoch tionscnaimh, mura bhfuil foráil do mhaolú i bpointe (a) de mhír 4;

(b) 

dearbhuithe nó doiciméid eile, má cheanglaítear sin leis na rialacha arna nglacadh de bhun phointe (b) de mhír 4.

2.  
Ní cheadóidh na Ballstáit do choinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas mura mbeidh an deimhniú sláinte ainmhithe dá bhforáiltear i bpointe (a) de mhír 1 fíoraithe agus sínithe ag tréidlia oifigiúil i dtríú tír nó tríú críoch i gcomhréir leis na ceanglais deimhniúcháin is coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 149(3) nó in Airteagal 216(3) agus aon rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 149 (4) nó Airteagal 216(4).
3.  

Ceadóidh na Ballstáit deimhnithe sláinte ainmhithe leictreonacha a tháirgtear, a láimhseáiltear agus a tharchuirtear trí bhíthin TRACES a chur in ionad na ndeimhnithe sláinte ainmhithe a ghabhann leis na hainmhithe dá bhforáiltear i mír 1, más rud é, i gcás deimhnithe sláinte ainmhithe leictreonacha:

(a) 

go bhfuil an fhaisnéis uile a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 238(1) agus rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 238(3) curtha sa deimhniú sláinte ainmhithe dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo;

(b) 

go n-áirithíonn siad inrianaitheacht na gcoinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch lena mbaineann agus go nascann siad na coinsíneachtaí sin leis an deimhniú sláinte leictreonach.

4.  

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid a leanas:

(a) 

maoluithe ó na ceanglais maidir le deimhniú sláinte ainmhithe dá bhforáiltear i bpointe (a) de mhír 1 agus mír 2 den Airteagal seo, maidir le coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch agus rialacha sonracha maidir le deimhniú sláinte ainmhithe na gcoinsíneachtaí sin, a bhfuil riosca suntasach ag na coinsíneachtaí i dtrácht maidir le sláinte ainmhithe nó leis an tsláinte phoiblí laistigh den Aontas, ar cheann amháin nó níos mó de na cúiseanna seo a leanas:

(i) 

speicis agus catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha nó táirgí de bhunadh ainmhíoch lena mbaineann;

(ii) 

modhanna coimeádta agus cineálacha táirgthe na n-ainmhithe, na dtáirgí geirmeacha agus na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch lena mbaineann;

(iii) 

an úsáid atá beartaithe dóibh;

(iv) 

bearta malartacha laghdaithe riosca atá ar bun sna tríú tíortha nó tríú críocha tionscnaimh nó idirthurais, nó tar éis do na hainmhithe teacht isteach san Aontas, lena dtugtar an chosaint is coibhéiseach le sláinte ainmhithe nó sláinte phoiblí laistigh den Aontas amhail dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

(v) 

ráthaíochtaí arna dtabhairt ag an tríú tír nó an tríú críoch lena mbaineann go léireofar comhlíonadh na gceanglas maidir le teacht isteach san Aontas le modhanna seachas an deimhniú sláinte ainmhithe;

(b) 

rialacha lena geanglaítear,maidir le coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a bheidh ag teacht isteach san Aontas, go ngabhfaidh dearbhuithe agus doiciméid eile leo is gá chun a léiriú go gcomhlíonann na hainmhithe, na táirgí geirmeacha agus na táirgí de bhunadh ainmhíoch i dtrácht na ceanglais sláinte ainmhithe maidir le teacht isteach san Aontas a leagtar síos sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 234(2)

Airteagal 238

Ábhar na ndeimhnithe sláinte ainmhithe

1.  

Sa deimhniú sláinte ainmhithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 237(1), beidh na nithe seo a leanas ar a laghad:

(a) 

ainm agus seoladh na nithe seo a leanas:

(i) 

an bhunaíocht nó an áit tionscnaimh;

(ii) 

an bhunaíocht nó an ceann scríbe;

(iii) 

bunaíochtaí le haghaidh oibríochtaí cruinnithe nó thréimhsí scíthe na n-ainmhithe ar coimeád lena mbaineann, más infheidhme;

(b) 

tuairisc ar na hainmhithe, ar na táirgí geirmeacha nó ar na táirgí de bhunadh ainmhíoch lena mbaineann;

(c) 

líon nó toirt na n-ainmhithe, na dtáirgí geirmeacha nó na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch lena mbaineann;

(d) 

aitheantas agus clárú na n-ainmhithe, na dtáirgí geirmeacha, nó na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch lena mbaineann, más infheidhme;

(e) 

an fhaisnéis is gá chun a léiriú go gcomhlíonann na hainmhithe, na táirgí geirmeacha agus na táirgí de bhunadh ainmhíoch lena mbaineann na ceanglais sláinte ainmhithe maidir le teacht isteach san Aontas dá bhforáiltear in Airteagal 229 agus in Airteagal 234(1) agus sna rialacha arna nglacadh de bhun Airteagal 234(2) agus Airteagal 239.

2.  
Féadfar go mbeidh faisnéis eile a cheanglaítear i bpíosaí eile reachtaíochta de chuid an Aontais sa deimhniú sláinte ainmhithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 237(1).
3.  

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir leis na nithe a leanas:

(a) 

an fhaisnéis atá le bheith sa deimhniú sláinte ainmhithe dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 237(1) maille leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo;

(b) 

an fhaisnéis atá le bheith sna dearbhuithe nó i ndoiciméid eile amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 237(1);

(c) 

foirmeacha samplacha de dheimhnithe sláinte ainmhithe, de dhearbhuithe agus de dhoiciméid eile dá dtagraítear in Airteagal 237(1).

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

4.  
Go dtí go leagfar síos rialacha i n gníomhartha tarmligthe a glacadh de bhun mhír 4, maidir le speiceas agus catagóir áirithe ainmhithe, táirgí geirmeacha nó táirgí de bhunadh ainmhíoch, féadfaidh an Ballstát rialacha náisiúnta a chur i bhfeidhm, tar éis meastóireacht ar na rioscaí atá bainteach leis a dhéanamh, ar choinníoll go gcomhlíonann na rialacha náisiúnta sin na coinníollacha a leagtar síos i mír 1.



Roinn 6

Maoluithe agus ceanglais bhreise maidir le catagóirí áirithe ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch

Airteagal 239

Maoluithe agus ceanglais bhreise maidir le catagóirí áirithe ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch

1.  
I gcás cineálacha sonracha ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach, d'fhéadfaí nach mbeadh cur i bhfeidhm na rialacha atá leagtha amach in Airteagal 229(1) agus in Airteagal 233 agus in Airteagal 237 cuí agus d'fhéadfadh gur gá don Choimisiún rialacha speisialta a ghlacadh trí ghníomhartha tarmligthe lena gcuirfí san áireamh na rioscaí sonracha, an ceann scríbe deireanach, cineál na húsáide deireanaí agus dálaí eile.
2.  

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis na rialacha speisialta dá dtagraítear i mír 1den Airteagal seo i ndáil le maoluithe ó na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 229(1), in Airteagal 233, agus in Airteagal 237 agus i gceanglais bhreise maidir leis na nithe seo a leanas a theacht isteach san Aontas:

(a) 

ainmhithe:

(i) 

a bhfuil sé beartaithe iad a chur i sorcais, in imeachtaí, i dtaispeántais, ar taispeántas, i seónna agus i mbunaíochtaí teoranta;

(ii) 

a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun críocha eolaíochta nó diagnóiseacha;

(iii) 

nach é an tAontas a gceann scríbe deiridh;

(iv) 

ar de thionscnamh an Aontais iad agus go n-aistrítear iad chuig tríú tír nó tríú críoch, agus go n-aistrítear ar ais ansin iad chuig an Aontas ón tríú tír nó ón tríú críoch sin;

(v) 

ar de thionscnamh an Aontais iad agus go n-iompraítear iad trí thríú tír nó trí thríú críoch ar an mbealach chuig cuid eile den Aontas;

(vi) 

a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun críocha innilte ar bhonn sealadach, gar do chríocha an Aontais;

(vii) 

a bhfuil riosca neamhshuntasach leo maidir leis an stádas sláinte ainmhithe laistigh den Aontas;

(b) 

táirgí de bhunadh ainmhíoch:

(i) 

ar úsáid phearsanta atá beartaithe ina leith;

(ii) 

le caitheamh ag an gcriú agus ag na paisinéirí ar mhodh iompair a thagann as tríú tíortha nó tríú críocha;

(c) 

táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch:

(i) 

a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid mar shamplaí trádála;

(ii) 

a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid mar shamplaí taighde agus diagnóiseacha;

(iii) 

nach é an tAontas a gceann scríbe deiridh;

(iv) 

ar de thionscnamh an Aontais iad agus go n-aistrítear iad chuig tríú tír nó tríú críoch, agus go n-aistrítear ar ais ansin iad chuig an Aontas ón tríú tír nó ón tríú críoch sin;

(v) 

ar de thionscnamh an Aontais iad agus go n-iompraítear trí thríú tír nó trí thríú críoch iad ar an mbealach chuig cuid eile den Aontas;

(vi) 

a bhfuil riosca neamhshuntasach leo maidir leis an stádas sláinte ainmhithe laistigh den Aontas.

Cuirfear na hábhair dá dtagraítear in Airteagal 235 agus in Airteagal 236 san áireamh sna gníomhartha tarmligthe sin.

3.  

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos:

(a) 

maidir le foirmeacha samplacha de dheimhnithe sláinte ainmhithe, de dhearbhuithe agus de dhoiciméid eile maidir leis na catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo;

(b) 

lena léirítear, i gcás na dtáirgí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, na cóid ón Ainmníocht Chomhcheangailte, i gcás nach bhfuil foráil déanta maidir leis na cóid sin le rialacha ábhartha eile de chuid an Aontais.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).



CAIBIDIL 2

Táirgí áirithe seachas ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó thríú tíortha agus tríú críocha ag teacht isteach san Aontas

Airteagal 240

Oibreáin galar agus gníomhartha tarmligthe

1.  

Déanfaidh oibreoirí, tréidlianna, gairmithe sláinte ainmhithe uisceacha agus gairmithe ainmhithe a thabharfaidh oibreáin galar isteach san Aontas na nithe seo a leanas:

(a) 

na bearta iomchuí chun a áirithiú nach gcruthaíonn a dteacht isteach na n-oibreán galair sin san Aontas riosca do shláinte ainmhithe nó sláinte phoiblí laistigh den Aontas maidir le galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1) agus galair atá ag teacht chun cinn;

(b) 

bearta cuí rialaithe galar agus coisctheacha a dhéanamh chun a áirithiú nach mbeidh riosca bithsceimhlitheoireachta ann de thoradh theacht isteach san Aontas na n-oibreán galar sin.

Beidh feidhm ag an mír seo maidir le haon duine nádúrtha nó dlítheanach a thabharfaidh oibreáin den chineál sin isteach san Aontas d'aonghnó.

2.  

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 d'fhonn ceanglais a leagan síos maidir le hoibreáin galar a theacht isteach san Aontas i gcás na nithe seo a leanas:

(a) 

pacáistiú oibreán galar;

(b) 

bearta laghdaithe riosca eile is gá chun scaoileadh agus leathadh oibreán galar a chosc.

Airteagal 241

Ábhar plandaí agus gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe

1.  
Déanfaidh na Ballstáit bearta chun maolú a chur ar choinsíneachtaí d'ábhar plandaí a theacht isteach san Aontas i gcás neamhfhabharach galair i dtríú tíortha agus críocha maidir le galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1) nó maidir le galair atá ag teacht chun cinn, sa chás ina gceanglaítear sin sna rialacha a glacadh i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.
2.  

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 i ndáil leis na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo lena leagfar amach na nithe seo a leanas:

(a) 

ceanglais shonracha sláinte ainmhithe maidir le hábhar plandaí a theacht isteach san Aontas, ar conair tarchuir é an t-ábhar sin do ghalair liostaithe nó do ghalair atá ag teacht chun cinn;

(b) 

ceanglais a bhaineann le:

(i) 

deimhniú sláinte ainmhithe, agus na rialacha dá bhforáiltear i bpointe (a) d'Airteagal 237(1), agus Airteagal 237(2) agus (3) á gcur san áireamh, nó

(ii) 

deimhnithe agus doiciméid eile, agus na rialacha dá bhforáiltear i bpointe (b) d'Airteagal 237(1) á gcur san áireamh.

3.  

Leagfaidh an Coimisiún síos na ceanglais sláinte ainmhithe dá bhforáiltear i mír 2 bunaithe ar na critéir a leanas:

(a) 

an bhfuil nó nach bhfuil galar liostaithe nó galar atá ag teacht chun cinn is féidir a tharchur leis an ábhar plandaí ina riosca tromchúiseach maidir le sláinte ainmhithe nó sláinte phoiblí san Aontas;

(b) 

a dhóiche atá sé go mbeidh ainmhithe de speicis liostaithe maidir le galar liostaithe áirithe nó galar áirithe atá ag teacht chun cinn i dteagmháil dhíreach nó neamhdhíreach leis an ábhar plandaí dá dtagraítear i mír 2;

(c) 

an bhfuil nó nach bhfuil bearta laghdaithe riosca ar fáil agus a éifeachtúla atá siad maidir leis an ábhar plandaí sin, lenar féidir an riosca tarchuir dá dtagraítear i bpointe (a) de phointe 2 a chealú nó a íoslaghdú.

4.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos lena léirítear, i gcás an ábhair phlandaí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, na cóid ón Ainmníocht Chomhcheangailte, i gcás nach bhforáiltear don léiriú sin i rialacha ábhartha eile de chuid an Aontais.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

Airteagal 242

Modhanna iompair, trealamh, ábhar pacáistithe, uisce iompair agus beatha agus farae agus gníomhartha cur chun feidhme

1.  
Déanfaidh oibreoirí a thugann ainmhithe agus táirgí isteach san Aontas na bearta riachtanacha cuí coiscthe galar le linn a n-iompair, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 125(1) agus in Airteagal 192(1).
2.  

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid a leanas:

(a) 

ceanglais shonracha sláinte ainmhithe maidir leis na nithe seo a leanas a theacht isteach san Aontas:

(i) 

modhanna iompair d'ainmhithe agus do tháirgí;

(ii) 

trealamh, ábhar pacáistithe nó uisce iompair d'ainmhithe agus táirgí, nó beatha agus farae lenar féidir galair ainmhithe a tharchur;

(b) 

ceanglais maidir le:

(i) 

deimhniú sláinte ainmhithe, agus na rialacha dá bhforáiltear i bpointe (a) d'Airteagal 237(1), agus Airteagal 237(2) agus (3) á gcur san áireamh, nó

(ii) 

deimhnithe agus doiciméid eile, agus na rialacha dá bhforáiltear i bpointe (b) d'Airteagal 237(1) á gcur san áireamh.

3.  

Leagfaidh an Coimisiún síos na ceanglais sláinte ainmhithe dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo má bhíonn cás neamhfhabhrach galair ann a bhaineann le ceann amháin nó níos mó de na galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1) nó de na galair atá ag teacht chun cinn, a bhfuil riosca tromchúiseach leo maidir le sláinte ainmhithe agus sláinte an duine san Aontas sna háiteanna seo a leanas:

(a) 

tríú tír chomharsanach nó críoch comharsanach;

(b) 

an tríú tír tionscnaimh nó an críoch tionscnaimh;

(c) 

tríú tír idirthurais nó críoch idirthurais.

4.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos lena léirítear, i gcás na n-earraí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 den Airteagal seo, na cóid ón Ainmníocht Chomhcheangailte, i gcás nach bhforáiltear don léiriú sin i rialacha ábhartha eile de chuid an Aontais.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).



CAIBIDIL 3

Onnmhairiú

Airteagal 243

Onnmhairiú as an Aontas

1.  
Glacfaidh na Ballstáit na bearta cuí chun a áirithiú go mbeidh onnmhairiú agus ath-onnmhairiú ainmhithe agus táirgí ón Aontas chuig tríú tír nó tríú críoch i gcomhréir leis na rialacha maidir le gluaiseacht ainmhithe agus táirgí idir na Ballstáit dá bhforáiltear i gCuid IV (Airteagal 84 go hAirteagal 228), agus an stádas sláinte ainmhithe laistigh den tríú tír nó tríú críoch cinn scríbe, nó laistigh den chrios ábhartha nó den deighleog dá cuid, á chur san áireamh acu, maidir leis na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1) agus galair atá ag teacht chun cinn.
2.  
De mhaolú ar mhír 1, má iarrann údarás inniúil tríú tír nó an tríú críoch atá ag allmhairiú na n-ainmhithe agus na dtáirgí i dtrácht, nó má tá sé bunaithe i nósanna imeachta eile dlí agus riaracháin atá i bhfeidhm sa tríú tír nó sa chríoch sin, féadfar onnmhairiú agus ath-onnmhairiú ón Aontas a dhéanamh i gcomhréir leis na forálacha atá i bhfeidhm sa tríú tír nó sa chríoch sin, ar choinníoll nach gcuireann an t-onnmhairiú nó ath-onnmhairiú sin an tsláinte phoiblí nó ainmhithe i mbaol.
3.  
I gcás ina bhfuil feidhm ag forálacha i gcomhaontú déthaobhach arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus tríú tír nó tríú críoch, comhlíonfaidh ainmhithe agus táirgí a onnmhairítear ón Aontas go dtí an tríú tír nó an tríú críoch sin na forálacha sin.



CUID VI

GLUAISEACHTAÍ NEAMHTHRÁCHTÁLA PEATAÍ ISTEACH I mBALLSTÁT Ó BHALLSTÁT EILE NÓ Ó THRÍÚ TÍR NÓ Ó CHRÍOCH



CAIBIDIL 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 244

Raon feidhme Chuid VI

1.  
Beidh feidhm ag an gCuid seo maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí isteach i mBallstát ó Bhallstát eile nó ó thríú tír nó ó chríoch.
2.  

Beidh feidhm aici gan dochar do na nithe seo a leanas:

(a) 

Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ( 3 ) ón gComhairle;

(b) 

bearta náisiúnta ar bith a ghlacann na Ballstáit chun srian a chur ar ghluaiseacht speiceas nó pórtha áirithe peataí ar bhonn cúiseanna nach mbaineann le sláinte ainmhithe, ar bearta iad a fhoilsítear agus a chuirtear ar fáil don phobal.

Airteagal 245

Forálacha ginearálta

1.  
Ní dhéanfar gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí a chomhlíonann na ceanglais sláinte ainmhithe a leagtar síos sa Chuid seo a thoirmeasc nó a shrianadh nó ní dhéanfar bac a chur orthu ar chúiseanna sláinte ainmhithe, seachas na cinn a thig as cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
2.  
I gcás ina gcuireann duine údaraithe gluaiseacht neamhthráchtála peata i gcrích, ní fhéadfar í a dhéanamh ach amháin laistigh de chúig lá ón ngluaiseacht ag úinéir an pheata.
3.  

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le ceanglais lena bhforlíontar na rialacha a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo le haghaidh na nithe seo a leanas:

(a) 

doiciméid a bhaineann le gluaiseacht neamhthráchtála peata a dhéanfaidh duine údaraithe;

(b) 

maoluithe a dheonú ón tréimhse dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

4.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ceanglais a leagan síos maidir le leagan amach, le teangacha agus le bailíocht an dearbhaithe lena dtugtar údarú i scríbhinn do dhuine údaraithe chun gluaiseacht neamhthráchtála an pheata a dhéanamh thar cheann úinéir an pheata. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

Airteagal 246

Uaslíon peataí

1.  
Ní bheidh líon na bpeataí, de na speicis a liostaítear i gCuid A d'Iarscríbhinn I, a fhéadfar a bhogadh le linn gluaiseacht neamhthráchtála níos mó ná cúig pheata.
2.  

De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh líon na bpeataí de na speicis a liostaítear i gcuid A d'Iarscríbhinn I a bheith níos mó ná cúig pheata má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

i gcás ina mbaineann an ghluaiseacht i dtrácht le rannpháirtíocht i gcomórtais, i dtaispeántais nó in imeachtaí spóirt nó le traenáil le haghaidh imeachtaí den sórt sin;

(b) 

i gcás ina bhféadfaidh an úinéir an pheata nó an duine údaraithe lena mbaineann fianaise a chur isteach i scríbhinn go bhfuil na peataí cláraithe chun freastal ar imeacht amhail dá dtagraítear i bpointe (a), nó le comhlachas a eagraíonn imeachtaí mar sin;

(c) 

i gcás ina bhfuil na peataí níos sine ná sé mhí d'aois.

3.  
Chun cosc a chur ar ghluaiseachtaí tráchtála a bheith á gceilt go calaoiseach mar ghluaiseachtaí neamhthráchtála peataí de na speicis a liostaítear i gCuid B d'Iarscríbhinn I, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 a bhaineann le rialacha lena socrófar uaslíon na bpeataí de na speicis sin a fhéadfar a bhogadh le linn gluaiseacht neamhthráchtála aonair



CAIBIDIL 2

Coinníollacha is infheidhme maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí isteach i mBallstát ó Bhallstát eile

Airteagal 247

Coinníollacha is infheidhme maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí de na speicis a liostaítear i gCuid A d'Iarscríbhinn I

Ní dhéanfar peataí de na speicis atá liostaithe i gCuid A d'Iarscríbhinn I a ghluaiseacht isteach i mBallstát ó Bhallstát eile mura gcomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

sainaithneofar iad go haonarach le modh fisiciúil sainaitheanta i gcomhréir leis na rialacha a ghlactar de bhun phointe (a) d'Airteagal 253(1);

(b) 

comhlíonfaidh siad na bearta ábhartha coisctheacha agus na bearta ábhartha maolaithe riosca arna nglacadh de bhun phointe (b) d'Airteagal 252(1) maidir leis na galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1);

(c) 

go mbeidh doiciméad aitheantais atá comhlánaithe go cuí agus a eisíodh i gcomhréir leis na rialacha a ghlactar de bhun phointe (d) d'Airteagal 254 ag gabháil leo.

Airteagal 248

Coinníollacha is infheidhme maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí de na speicis a liostaítear i gCuid B d'Iarscríbhinn I

1.  
Sa mhéid go bhfuil gníomh tarmligthe glactha ag an gCoimisiún de bhun phointe (b) d'Airteagal 252(1) maidir le peataí de cheann de na speicis a liostaítear i gCuid B d'Iarscríbhinn I, beidh gluaiseacht neamhthráchtála peataí den speiceas sin isteach i mBallstát ó Bhallstát eile faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo.
2.  

Ní féidir peataí de na speicis dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt isteach i mBallstát ó Bhallstát eile ach amháin má chomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

sainaithneofar iad nó tabharfar tuairisc ina leith, go haonarach nó i ngrúpaí i gcomhréir leis na rialacha a ghlactar de bhun phointe (a) d'Airteagal 252(1);

(b) 

comhlíonfaidh siad na bearta ábhartha coisctheacha agus na bearta ábhartha maolaithe riosca arna nglacadh de bhun phointe (b) d'Airteagal 252(1) maidir le galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1);

(c) 

go mbeidh doiciméad aitheantais atá comhlánaithe go cuí agus a eisíodh i gcomhréir leis na rialacha a ghlactar de bhun phointe (d) d'Airteagal 254 ag gabháil leo;

3.  

Go dtí go nglacfar na gníomhartha ábhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh Ballstáit rialacha náisiúnta a chur i bhfeidhm ar ghluaiseachtaí neamhthráchtála peataí den speiceas a liostaítear i gCuid B d'Iarscríbhinn I isteach ina gcríoch ó Bhallstát eile, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas maidir leis na rialacha sin:

(a) 

cuirtear i bhfeidhm iad i gcomhréir leis an riosca don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe a bhaineann le gluaiseacht neamhthráchtála peataí de na speicis sin; agus

(b) 

níl siad níos déine ná na rialacha a chuirtear i bhfeidhm maidir le gluaiseachtaí ainmhithe de na speicis sin i gcomhréir le Cuid IV.



CAIBIDIL 3

Coinníollacha is infheidhme maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí isteach i mBallstát ó thríú tír nó ó chríoch

Airteagal 249

Coinníollacha is infheidhme maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí de na speicis a liostaítear i gCuid A d'Iarscríbhinn I

1.  

Ní dhéanfar peataí de na speicis a liostaítear i gCuid A d'Iarscríbhinn I a ghluaiseacht isteach i mBallstát ó thríú tír nó ó chríoch ach amháin má dhéanann siad an méid seo a leanas:

(a) 

sainaithneofar iad go haonarach le modh fisiciúil sainaitheanta i gcomhréir leis na rialacha a glactar de bhun phointe (a) d'Airteagal 252(1);

(b) 

comhlíonfar leo na bearta ábhartha coisctheacha agus na bearta ábhartha maolaithe riosca arna nglacadh de bhun phointe (b) d'Airteagal 252(1) maidir le galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1);

(c) 

go mbeidh doiciméad aitheantais atá comhlánaithe go cuí agus a eisíodh i gcomhréir leis na rialacha a glactar de bhun phointe (d) d'Airteagal 254 ag gabháil leo;

2.  
Ní féidir peataí de na speicis a liostaítear i gCuid A d'Iarscríbhinn I a ghluaiseacht isteach i mBallstát ó thríú tír nó ó chríoch seachas iad siúd a liostaítear de bhun Airteagal 253(1)(d) ach amháin trí phointe iontrála taistealaithe atá liostaithe chun na críche sin. Cuirfidh gach Ballstát liosta le chéile de na pointí teacht isteach ina chríoch agus cuirfidh siad an liosta sin ar fáil don phobal.
3.  
Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 264, maidir leis na coinníollacha maidir le maoluithe a dheonú ó mhír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 250

Coinníollacha is infheidhme maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí de na speicis a liostaítear i gCuid B d'Iarscríbhinn I

1.  
Sa mhéid go bhfuil gníomh tarmligthe glactha ag an gCoimisiún de bhun phointe (b) d'Airteagal 252(1) maidir le peataí de cheann de na speicis atá liostaithe i gCuid B d'Iarscríbhinn I, beidh gluaiseacht neamhthráchtála peataí den speiceas sin isteach i mBallstát ó thríú tír nó ó chríoch faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo.
2.  

Ní féidir peataí de na speicis dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt isteach i mBallstát ó thríú tír nó ó chríoch eile ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas leo:

(a) 

sainaithneofar iad nó tabharfar tuairisc ina leith, go haonarach nó i ngrúpaí i gcomhréir leis na rialacha a glactar de bhun phointe (a) d'Airteagal 252(1);

(b) 

comhlíonfar leo na bearta ábhartha coisctheacha agus na bearta ábhartha maolaithe riosca arna nglacadh de bhun phointe (b) d'Airteagal 252(1) maidir le galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1);

(c) 

beidh doiciméad aitheantais atá comhlánaithe go cuí agus a eisíodh i gcomhréir leis na rialacha a glactar de bhun phointe (d) d'Airteagal 243 ag gabháil leo;

(d) 

tráth a thagann siad ó thríú tír nó ó chríoch seachas na cinn sin a liostaítear de bhun phointe (d) d'Airteagal 253(1), tagann siad isteach trí phointe iontrála atá liostaithe chun na críche sin. Cuirfidh gach Ballstát liosta le chéile de na pointí teacht isteach ina chríoch agus cuirfidh siad an liosta sin ar fáil don phobal.

3.  

Go dtí go nglacfar na gníomhartha ábhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh Ballstáit rialacha náisiúnta a chur i bhfeidhm ar ghluaiseacht neamhthráchtála peataí den speicis a liostaítear i gCuid B d'Iarscríbhinn I isteach ina gcríoch ó thríú tír nó ó chríoch, ar choinníoll go bhfuil an méid seo a leanas fíor faoi na rialacha sin:

(a) 

cuirtear i bhfeidhm iad i gcomhréir leis an riosca don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe a bhaineann le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí de na speicis sin; agus

(b) 

níl siad níos déine ná na rialacha a chuirtear i bhfeidhm maidir le teacht isteach san Aontas d'ainmhithe de na speicis sin i gcomhréir le Cuid V.

Airteagal 251

Maolú ar na coinníollacha is infheidhme maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí idir tíortha agus críocha áirithe

De mhaolú ar Airteagal 249 agus Airteagal 250, féadfar leanúint de ghluaiseacht neamhthráchtála peataí idir na tíortha agus na críocha seo a leanas faoi na coinníollacha a leagtar síos le rialacha náisiúnta na dtíortha agus na gcríoch sin:

(a) 

San Mairíne agus an Iodáil;

(b) 

an Vatacáin agus an Iodáil;

(c) 

Monacó agus an Fhrainc;

(d) 

Andóra agus an Fhrainc;

(e) 

Andóra agus an Spáinn;

(f) 

an Iorua agus an tSualainn;

(g) 

Oileáin Fharó agus an Danmhairg;

(h) 

an Ghraonlainn agus an Danmhairg.



CAIBIDIL 4

Sainaithint agus bearta coisctheacha agus bearta maolaithe riosca

Airteagal 252

Tarmligean cumhachtaí maidir le peataí a shainaithint agus le bearta coisctheacha agus bearta maolaithe riosca

1.  

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid a leanas:

(a) 

ceanglais mhionsonraithe speicis-oiriúnaithe i gcomhair na nithe seo a leanas:

(i) 

na modhanna aitheantais ar pheataí de na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn I dá bhforáiltear i bpointe (a) d'Airteagal 247, i bpointe (a) d'Airteagal 248(2), i bpointe (a) d'Airteagal 250(2);

(ii) 

na modhanna aitheantais sin a chur i bhfeidhm agus a úsáid;

(b) 

ceanglais mhionsonraithe speicis-oiriúnaithe maidir leis na bearta coisctheacha agus leis na bearta maolaithe riosca chun a áirithiú nach mbaineann riosca suntasach leis na peataí maidir le leathadh galar liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 9(1) i ngeall ar ghluaiseacht peataí de na speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn I amhail dá bhforáiltear i bpointe (b) d'Airteagal 247, pointe (b) d'Airteagal 249(1) agus pointe (b) d'Airteagal 250(2).

2.  
I gcás rioscaí a bheith ag teacht chun cinn agus mórchúiseanna práinne a bheith ag éileamh amhlaidh, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 265 maidir le rialacha arna nglacadh de bhun phointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo.
3.  
Na bearta speicis-oiriúnaithe maidir le cosc agus le laghdú riosca atá údaraithe le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun phointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, is ar fhaisnéis eolaíoch atá leordhóthanach, iontaofa agus bailíochtaithe a bheidh siad bunaithe agus cuirfear i bhfeidhm iad i gcomhréir leis na rioscaí don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe a bhaineann le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí, ar dóigh go mbuailfeadh na galair liostaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1).
4.  

Féadfaidh an méid seo a leanas a bheith i gceist freisin sna gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear i bpointe (b) de mhír 1:

(a) 

rialacha le haghaidh aicmiú Ballstát nó codanna díobh ag brath ar a stádas sláinte ainmhithe agus ar a gcórais faireachais agus tuairiscithe maidir le galair áirithe, ar dócha go scaipfear iad trí ghluaiseacht na bpeataí de na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn I;

(b) 

na coinníollacha atá le comhlíonadh ag na Ballstáit chun a bheith cáilithe i gcónaí do chur i bhfeidhm na mbeart coisctheach agus na mbeart maolaithe riosca dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1;

(c) 

na coinníollacha maidir leis na bearta coisctheacha agus na bearta maolaithe riosca, dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, a chur i bhfeidhm agus a dhoiciméadú;

(d) 

na critéir maidir le maoluithe a dheonú agus nuair is iomchuí maidir lena ndoiciméadú, in imthosca sonraithe áirithe, ó chur i bhfeidhm na mbeart coisctheach agus na mbeart maolaithe riosca dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1;

(e) 

na critéir maidir le maoluithe a dheonú agus nuair is iomchuí maidir lena ndoiciméadú, in imthosca sonraithe áirithe, ó na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 247 go hAirteagal 250.

Airteagal 253

Gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na bearta coisctheacha agus leis na bearta maolaithe riosca

1.  

Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme maidir le peataí de na speicis a liostaítear i gCuid A d'Iarscríbhinn I:

(a) 

rialacha a leagan síos maidir le formáid, le leagan amach agus le teangacha doiciméad ar bith a cheanglaítear faoi phointe (c) agus phointe (d) d'Airteagal 252(4);

(b) 

liosta a ghlacadh de na Ballstáit a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 252(4) agus Ballstáit a bhaint den liosta sin i gcás ina dtarlódh aon athrú i ndáil leis na coinníollacha sin;

(c) 

liosta a ghlacadh de na Ballstáit a chomhlíonann na rialacha le haghaidh aicmiú na mBallstát nó codanna díobh, dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 252(4), agus Ballstáit a bhaint den liosta sin, i gcás ina dtarlódh aon athrú i ndáil leis na rialacha sin;

(d) 

liosta a ghlacadh de thríú tíortha agus de chríocha a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 252(4) agus bainfidh sé tríú tíortha nó críocha den liosta sin i gcás ina dtarlódh aon athrú i ndáil leis na coinníollacha sin.

2.  
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme maidir le peataí de na speicis a liostaítear i gCuid B d'Iarscríbhinn I, liosta de chríocha agus de thríú tíortha a ghlacadh, a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear i i bpointe (d)'Airteagal 252(4), agus críocha nó tríú tíortha a bhaint den liosta sin i gcás ina dtarlódh aon athrú i ndáil leis na coinníollacha sin.
3.  
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin, dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).
4.  
Ar mhórchúiseanna práinne cuí-réasúnaithe a bhaineann le rioscaí tromchúiseacha, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach bonn, lena ndéanfar na liostaí dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (d) de mhír 1 den Airteagal seo a thabhairt cothrom le dáta, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 266(3).



CAIBIDIL 5

Doiciméid aitheantais

Airteagal 254

Cumhachtaí a tharmligean maidir le doiciméid aitheantais

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis an méid a leanas:

(a) 

na hiontrálacha d'fhonn an fhaisnéis atá le háireamh sna doiciméid aitheantais dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 247, i bpointe (c) d'Airteagal 248(2), i bpointe (c) d'Airteagal 249 (1) agus i bpointe (c) d'Airteagal 249(1) a chur isteach;

(b) 

doiciméid aitheantais atá folamh, amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 247, a scaipeadh;

(c) 

na coinníollacha maidir le maoluithe a dheonú ar fhormáid na ndoiciméad aitheantais dá bhforáiltear i bpointe (c) d'Airteagal 247 agus i bpointe (c) d'Airteagal 249(1);

(d) 

na doiciméid aitheantais dá bhforáiltear i bpointe (c) d'Airteagal 247, i bpointe (c) d'Airteagal 248(2), i bpointe (c) d'Airteagal 249(1) agus i bpointe (c) d'Airteagal 250(2).

Airteagal 255

Gníomhartha cur chun feidhme maidir le doiciméid aitheantais

1.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos an múnla do dhoiciméid aitheantais, amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 247 agus i bpointe (c) d'Airteagal 249(1). Beidh sa mhúnla sin na hiontrálacha faoi seach dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 254, mar aon le ceanglais maidir le teangacha, le leagan amach, le bailíocht nó le gnéithe slándála na ndoiciméad aitheantais sin.
2.  

Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an méid seo a leanas a ghlacadh:

(a) 

an múnla do dhoiciméid aitheantais amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 248(2) agus i i bpointe (c) d'Airteagal 250(2) ina mbeidh na hiontrálacha faoi seach dá dtagraítear i i bpointe (a) d'Airteagal 254, mar aon le ceanglais maidir le teangacha, le leagan amach, le bailíocht nó le gnéithe slándála na ndoiciméad aitheantais sin;

(b) 

na rialacha is gá chun aistriú go múnla an doiciméid aitheantais dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 247.

3.  
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).



CAIBIDIL 6

Oibleagáidí faisnéise

Airteagal 256

Oibleagáidí Faisnéise

1.  

Déanfaidh na Ballstáit faisnéis shoiléir a bhfuil sé éasca teacht uirthi a thabhairt don phobal maidir le ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme i ndáil le gluaiseacht neamhthráchtála peataí lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

(a) 

coinníollacha maidir le maoluithe áirithe dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 252(4) a dheonú;

(b) 

coinníollacha maidir leis na maoluithe dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 252(4) a dheonú;

(c) 

na ceanglais maidir leis na modhanna aitheantais amhail dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) d'Airteagal 252(1) a chur i bhfeidhm;

(d) 

na coinníollacha is infheidhme maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí, de na speicis dá dtagraítear i gCuid B d'Iarscríbhinn I, isteach i gcríocha na mBallstát, a leagtar síos lena rialacha náisiúnta amhail dá bhforáiltear in Airteagal 248(3) agus in Airteagal 250(3);

(e) 

na coinníollacha is infheidhme maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí isteach i gcríocha na mBallstát ó thíortha agus ó chríocha áirithe a leagtar síos lena rialacha náisiúnta amhail dá dtagraítear in Airteagal 251;

(f) 

aon fhaisnéis ábhartha a bhaineann le bearta áirithe coisctheacha agus le bearta áirithe maolaithe riosca, amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 252(1);

2.  
Cuirfidh Ballstáit leathanaigh faisnéise idirlíon-bhunaithe ar bun ina gcuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar fáil agus cuirfidh siad an seoladh idirlín de na leathanaigh sin in iúl don Choimisiún.
3.  

Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do na Ballstáit chun an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal tríd an méid a leanas a chur ar fáil ar a leathanach idirlín:

(a) 

na naisc do leathanaigh faisnéise idirlíon-bhunaithe na mBallstát;

(b) 

an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (d) de mhír 1 agus an fhaisnéis a chuirtear ar fáil don phobal amhail dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 244(2) i dteangacha breise, de réir mar is iomchuí.



CUID VII

BEARTA ÉIGEANDÁLA



Roinn 1

Bearta éigeandála maidir le gluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí laistigh den aontas agus modhanna iompair agus ábhar eile is féidir a tháinig i dteagmháil leis na hainmhithe agus na táirgí sin

Airteagal 257

Bearta éigeandála atá le déanamh ag údarás inniúil an Bhallstáit inar tharla ráig de ghalar liostaithe nó de ghalar atá ag teacht chun cinn nó guais ina chríoch

1.  

I gcás ráige de ghalar liostaithe nó de ghalar atá ag teacht chun cinn nó i gcás guaise is dócha a mbeidh riosca tromchúiseach léi do shláinte ainmhithe nó do shláinte phoiblí, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit inar tharla sí, de réir a thromchúisí atá an cás agus de réir an ghalair nó na guaise i dtrácht, ceann amháin nó níos mó de na bearta éigeandála seo a leanas láithreach chun leathadh an ghalair nó na guaise a chosc:

(a) 

i gcás galar liostaithe:

(i) 

dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) na bearta rialaithe galar a leagtar síos i gCaibidil 1 de Theideal II de Chuid III(Airteagal 53 go hAirteagal 71);

(ii) 

dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 9(1), na bearta rialaithe galar a leagtar síos in Airteagal 72 go hAirteagal 75 agus in Airteagal 77 go hAirteagal 81 de Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid III;

(iii) 

dá dtagraítear i bointe (c) d'Airteagal 9(1), na bearta rialaithe galar a leagtar síos in Airteagal 76 go hAirteagal 78 agus in Airteagal 80 agus 82 de Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid III;

(b) 

i gcás galar agus guaiseacha atá ag teacht chun cinn:

(i) 

srianta gluaiseachta ar ainmhithe agus ar tháirgí ar de thionscnamh na mbunaíochtaí nó, más ábhartha, de thionscnamh na gcriosanna nó na ndeighleog srianta iad, inar tharla an ráig nó an ghuais, agus ar mhodhanna iompair agus ar ábhar eile is féidir a tháinig i dteagmháil leis na hainmhithe sin nó leis na táirgí sin;

(ii) 

coraintín ainmhithe agus leithlisiú táirgí;

(iii) 

bearta faireachais agus inrianaitheachta;

(iv) 

bearta rialaithe galar dá bhforáiltear i gCaibidil 1 de Theideal II de Chuid III (Airteagal 53 go hAirteagal 71);

(c) 

aon bheart éigeandála eile a mheasann sé a bheith oiriúnach le leathadh an ghalair nó na guaise a chosc go héifeachtach agus go héifeachtúil.

2.  

Cuirfidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas:

(a) 

láithreach faoi ráig nó faoi ghuais amhail dá dtagraítear i mír 1 a bheith ann;

(b) 

gan mhoill faoi na bearta éigeandála arna ndéanamh de bhun mhír 1.

Airteagal 258

Bearta éigeandála atá le déanamh ag Ballstáit seachas an Ballstát inar tharla an ráig nó an ghuais

1.  
Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát seachas údarás inniúil an Bhallstáit ina raibh an ráig nó an ghuais dá dtagraítear in Airteagal 257(1), ag brath ar a thromchúisí is a bheidh an cás agus an galar nó an ghuais i dtrácht, ceann amháin nó níos mó de na bearta éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 257(1), má bhraitheann sé go bhfuil ainmhithe, táirgí ón mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 257(1) ar a chríoch nó go bhfuil modhanna iompair nó aon ábhar eile is féidir a tháinig i dteagmháil leis na hainmhithe sin agus leis na táirgí sin ón ar a chríoch.
2.  
I gcás ina bhfuil riosca tromchúiseach ann go dtí go nglacfaidh an Coimisiún bearta éigeandála i gcomhréir le hAirteagal 259, féadfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na bearta éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 257(1) a ghlacadh idir an dá linn, de réir a thromchúisí atá an cás maidir le hainmhithe nó táirgí ar de thionscnamh na mbunaíochtaí nó áiteanna eile iad, nó más ábhartha ar ó chriosanna srianta an Bhallstáit ina raibh an galar nó an ghuais dá dtagraítear in Airteagal 257(1) iad, nó modhanna iompair nó ábhar eile is féidir a tháinig i dteagmháil leis na hainmhithe sin nó leis na táirgí sin.
3.  
Féadfaidh Ballstát dul i mbun bearta, amhail dá dtagraítear in Airteagal 257(1), i gcás ráige galair dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) nó galair atá ag teacht chun cinn, i dtríú tír nó críoch a bhfuil teorainn acu leis an Aontas, a mhéid a bheidh na bearta sin riachtanach chun bac a chur ar leathnú an ghalair isteach i gcríoch an Aontais.
4.  

Déanfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 agus údarás inniúil an Bhallstáit dá dtagraítear i mír 3, an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

láithreach faoi ráig galair nó faoi ghuais dá dtagraítear i mír 1 a bheith ann;

(b) 

gan mhoill faoi na bearta éigeandála arna ndéanamh de bhun mhír 1 agus mhír 2.

Airteagal 259

Bearta éigeandála ón gCoimisiún

1.  

I gcás ráige nó i gcás guaise amhail dá dtagraítear in Airteagal 246(1) agus i gcás bearta éigeandála arna nglacadh ag údaráis inniúla na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 257(1) agus le hAirteagal 257(1), agus Airteagal 258(1) agus, athbhreithneoidh an Coimisiún an cás agus na bearta éigeandála a glacadh agus glacfaidh sé, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, ceann amháin nó níos mó de na bearta éigeandála dá bhforáiltear in Airteagal 257(1) maidir leis na hainmhithe agus na táirgí i dtrácht agus na modhanna iompair agus maidir le hábhar eile is féidir a tháinig i dteagmháil leis na hainmhithe sin nó leis na táirgí sin in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a) 

nár cuireadh an Coimisiún ar an eolas faoi aon bhearta arna nglacadh de bhun Airteagal 257(1) agus Airteagal 258(1), (2) agus (3);

(b) 

go measann an Coimisiún nach leor na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 257(1) agus Airteagal 258(1), (2) agus (3);

(c) 

go measann an Coimisiún gur gá na bearta arna nglacadh ag údaráis inniúla na mBallstát de bhun Airteagal 257(1) agus Airteagal 258(1), (2) agus (3) a fhormheas nó a ionadú d'fhonn cur isteach gan údar maith ar ghluaiseacht ainmhithe agus táirgí a sheachaint.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

2.  
Ar mhórchúiseanna práinne cuí-réasúnaithe a bhaineann le rioscaí tromchúiseacha go leathfadh galar nó guais, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme a ghlacadh láithreach i gcomhréir le hAirteagal 266(3).



Roinn 2

Bearta éigeandála maidir le coinsíneachtaí ainmhithe agus táirgí de thionscnamh tríú tíortha agus tríú críocha agus modhanna iompair agus ábhar eile a d'fhéadfadh sé gur tháinig i dteagmháil leis na coinsíneachtaí sin

Airteagal 260

Bearta éigeandála atá le glacadh ag qn údarás inniúil

I gcás ina dtugann údarás inniúil Ballstáit faoi deara go bhfuil ainmhithe nó táirgí de thionscnamh tríú tír nó tríú críoch, nó modh iompair nó ábhar a d'fhéadfadh sé gur tháinig i dteagmháil leis na hainmhithe agus na táirgí sin ann, rud ar dócha go mbeadh riosca tromchúiseach ag baint leis san Aontas de dheasca ionfhabhtú nó éilliú a d'fhéadfadh teacht ó ghalair liostaithe nó ó ghalair atá ag teacht chun cinn nó ó ghuaiseanna, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a) 

ceann nó níos mó de na bearta éigeandála seo a leanas is gá chun an riosca sin a mhaolú a ghlacadh láithreach de réir a thromchúisí atá an cás:

(i) 

na hainmhithe agus na táirgí lena mbaineann a scriosadh;

(ii) 

coraintín ainmhithe agus leithlisiú táirgí;

(iii) 

bearta faireachais agus inrianaitheachta;

(iv) 

bearta rialaithe galar dá bhforáiltear i gCaibidil 1 de Theideal II de Chuid III (Airteagal 53 go hAirteagal 71), i gcás inarb iomchuí;

(v) 

aon bheart éigeandála eile a mheasann sé a bheith oiriúnach le leathadh an ghalair nó na guaise isteach san Aontas a chosc;

(b) 

an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas láithreach faoi na rioscaí a bhaineann leis na hainmhithe agus na táirgí i dtrácht agus ar thionscnamh na n-ainmhithe and na dtáirgí sin trí bhíthin TRACES agus gan mhoill faoi na bearta éigeandála arna ndéanamh de bhun phointe (a).

Airteagal 261

Bearta éigeandála ón gCoimisiún

1.  

I gcás inar dócha go mbeidh riosca tromchúiseach le galar liostaithe, le galar atá ag teacht chun cinn nó le guais nó go leathann ceann acu i dtríú tír nó i dtríú críoch, nó má tá cúis throm leis ó thaobh ainmhithe nó sláinte poiblí, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme agus ag gníomhú dó as a stuaim féin nó ar iarratas ó Bhallstát, ceann amháin nó níos mó de na bearta éigeandála seo a leanas a ghlacadh, ag brath ar a thromchúisí atá an cás:

(a) 

teacht isteach coinsíneachtaí ainmhithe agus táirgí san Aontas a chur ar fionraí, maille le modhanna iompair nó ábhar eile is féidir a tháinig i dteagmháil leis na coinsíneachtaí sin, a d'fhéadfadh an galar sin nó an ghuais sin a leathadh isteach san Aontas;

(b) 

ceanglais faoi leith a chur ar bun maidir le teacht isteach ainmhithe agus táirgí san Aontas, agus maidir le modhanna iompair nó ábhar eile, ar féidir gur tháinig siad i dteagmháil leis na hainmhithe agus na táirgí sin, a d'fhéadfadh an galar sin nó an ghuais sin a leathadh isteach san Aontas;

(c) 

bearta éigeandála rialaithe galar oiriúnacha eile a dhéanamh chun leathadh galair nó guaise den sórt sin sin isteach san Aontas a chosc.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

2.  
Ar mhórchúiseanna práinne cuí-réasúnaithe a bhaineann le rioscaí tromchúiseacha, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann, gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach bonn a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 266(3).

Airteagal 262

Bearta éigeandála atá le glacadh ag Ballstáit nuair nach ngníomhaíonn an Coimisiún

1.  

I gcás inar iarr Ballstát ar an gCoimisiún bearta éigeandála a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 261 agus nach ndearna an Coimisiún na bearta sin:

(a) 

féadfaidh an Ballstát sin, go dtí go nglacfaidh an Coimisiún bearta éigeandála i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, ceann amháin nó níos mó de na bearta éigeandála dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 260 a dhéanamh, idir an dá linn, maidir leis na hainmhithe agus na táirgí agus maidir le modhanna iompair agus ábhar eile a d'fhéadfadh sé gur tháinig i dteagmháil leis na hainmhithe agus na táirgí sin, ar de thionscnamh tríú tír nó tríú críoch dá dtagraítear in Airteagal 261(1) iad, de réir a thromchúisí atá an cás laistigh dá chríoch féin;

(b) 

cuirfidh an Ballstát sin an Coimisiún agus údaráis inniúla na mBallstát eile ar an eolas faoi na bearta éigeandála sin gan mhoill, agus míneoidh sé an chúis a bhí lena nglacadh.

2.  
Athbhreithneoidh an Coimisiún an cás agus na bearta éigeandála arna nglacadh ag an mBallstát lena mbaineann i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus déanfaidh sé, más gá, ceann amháin nó níos mó de na bearta éigeandála dá bhforáiltear in Airteagal 261 a ghlacadh trí ghníomh cur chun feidhme.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 266(2).

3.  
Ar mhórchúiseanna práinne cuí-réasúnaithe a bhaineann le rioscaí tromchúiseacha, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach bonn a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 266(3).



CUID VIII

FORÁLACHA COITEANNA



TEIDEAL I

FORÁLACHA NÓS IMEACHTA

Airteagal 263

Leasuithe ar Iarscríbhinn III

Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir le leasuithe ar Iarscríbhinn III, teoranta go heisiach d'athruithe i dtacsanomaíocht a chur san áireamh.

Airteagal 264

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.
2.  
Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeidh comhairliúcháin ag an gCoimisiún le saineolaithe, lena n-áirítear saineolaithe na mBallstát roimh na gníomhartha tarmligthe sin a ghlacadh
►C1  3.  
Tabharfar don Choimisiún an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 3(5), 5(2), 5(4), 14(3), 16(2), 18(3), 20(3), 29, 31(5), 32(2), 37(5), 39, 41(3), 42(6), 47(1), 48(3), 53(2), 54(3), 55(2), 58(2), 63, 64(4), 67, 68(2), 68(3), 70(3), 72(2), 73(3), 74(4), 76(5), 77(2), 87(3), 94(3), 97(2), 101(3), 106(1), 109(2), 118(1), 118(2), 119(1), 122(1), 122(2), 125(2), 131(1), 132(2), 135, 136(2), 137(2), 138(3), 139(4), 140, 144(1), 146(1), 147, 149(4), 151(3), 154(1), 156(1), 160(1), 160(2), 161(6), 162(3), 162(4), ◄ 163(5), 164(2), 165(3), 166(3), 167(5), 168(3), 169(5), 176(4), 181(2), 185(5), 189(1), 192(2), 197(3), 200(3), 201(3), 202(3), 203(2), 204(3), 205(2), 211(1), 213(1), 214, 216(4), 218(3), 221(1), 222(3), 223(6), 224(3), 228(1), 230(3), 234(2), 237(4), 239(2), 240(2), 241(2), 242(2), 245(3), 246(3), 249(3), 252(1), 254, 263, 271(2), 272(2), 279(2), agus 280(4) ar feadh tréimhse cúig bliana ón 20 Aibreán 2016.

Dréachtóidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis an tarmligean cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na chéad thréimse cúig bliana. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

4.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean cumhachta dá dtagraítear i mír 3 a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinnidh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
5.  
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go comhuaineach.
6.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun na bhforálacha atá liostaithe i mír 3 i bhfeidhm ach i gcás nár chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle aon agóid in iúl faoi cheann dhá mhí ó tugadh fógra maidir leis an ngníomh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó i gcás inar chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún roimh dheireadh na tréimhse sin nach ndéanfaidh siad aon agóid faoi. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
7.  
Ceadóidh an Coimisiún tréimshe shé mhí ar a laghad a bheith caite idir glacadh na ngníomhartha tarmligthe tosaigh faoi seach, dá dtagraítear in Airteagail 3(5), 14(3), 16(2), 20(3), 122(2), 164(2) agus 228(1), agus an dáta lena mbeidh feidhm acu.

Airteagal 265

Nós imeachta práinne

1.  
Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlacfar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Luafar na cúiseanna ar úsáideadh an nós imeachta práinne san fhógra faoi ghníomh tarmligthe a thabharfar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
2.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 264(6). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.

Airteagal 266

Nós imeachta coiste

1.  
Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, arna bhunú le hAirteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.  
I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
3.  
I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, in éineacht le hAirteagal 5 den Rialachán sin.
4.  
Ceadóidh an Coimisiún tréimshe sé mhí ar a laghad a bheith caite idir glacadh na ngníomhartha tarmligthe tosaigh faoi seach, dá dtagraítear in Airteagal 25(3), 120 agus in Airteagal 228(2) nuair a bheidh baint ag na gníomhartha cur chun feidhme sin le cur chun feidhm Airteagal 113 agus an dáta lena mbeidh feidhm acu.

Airteagal 267

Cosaint sonraí

1.  
Cuirfidh na Ballstáit Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ) i bhfeidhm maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanfaidh na Ballstáit de bhun an Rialacháin seo.
2.  
Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ) maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanfaidh an Coimisiún de bhun an Rialacháin seo.



TEIDEAL II

PIONÓIS

Airteagal 268

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir le pionóis a bheidh infheidhme i leith sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá lena áirithiú go gcuirfear na rialacha sin chun feidhme. Ní mór na pionóis dá bhforálfar a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na forálacha sin faoin 22 Aibreán 2022 ar a dhéanaí agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill maidir le haon leasuithe a ndéanann difear dóibh.



TEIDEAL III

BEARTA NA MBALLSTÁT

Airteagal 269

Bearta breise nó níos déine arna ndéanamh ag na Ballstáit

1.  

I dteannta a dtagann ó fhorálacha eile sa Rialachán seo, lena gceadaítear do na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh, féadfaidh na Ballstáit bearta breise nó bearta níos déine ná na bearta a leagtar síos sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm laistigh dá gcríoch féin i gcás na nithe seo a leanas:

(a) 

freagrachtaí i ndáil le sláinte ainmhithe amhail dá bhforáiltear i gCaibidil 3 de Chuid I (Airteagal 10 go hAirteagal 17);

(b) 

fógra a thabhairt laistigh de na Ballstáit amhail dá bhforáiltear in Airteagal 18;

(c) 

faireachas amhail dá bhforáiltear i gCaibidil 2 de Chuid II (Airteagal 24 go hAirteagal 30);

(d) 

clárú, formheas, coimeád taifead agus cláir amhail dá bhforáiltear i gCaibidil 1 de Theideal1 (Airteagal 84 go hAirteagal 107) agus Caibidil 1 de Theideal II de Chuid IV (Airteagal 172 go hAirteagal 190);

(e) 

ceanglais inrianaitheachta maidir le hainmhithe talún ar coimeád agus táirgí geirmeacha amhail dá bhfhoráiltear i gCaibidil 2 de Theideal I de Chuid IV (Airteagal 108 go hAirteagal 123).

2.  

Leis na bearta náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 cloífear leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo agus:

(a) 

ní chuirfidh siad bac ar ghluaiseacht ainmhithe agus táirgí idir na Ballstáit;

(b) 

ní bheidh siad ar neamhréir leis na rialacha dá dtagraítear i mír 1.



CUID IX

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 270

Aisghairmeacha

1.  
Aisghairtear Cinneadh 78/642/CEE, Cinneadh 89/455CEE agus Cinneadh 90/678/CE, Treoir 79/110/CEE, Treoir 81/6/CEE, Treoir 90/423/CEE, 92/36/CEE agus Treoir 98/99/CE.
2.  

Aisghairtear na gníomhartha seo a leanas amhail ón 21 Aibreán 2021:

— 
Treoir 64/432/CEE,
— 
Treoir 77/391/CEE,
— 
Treoir 78/52/CEE,
— 
Treoir 80/1095/CEE,
— 
Treoir 82/894/CEE,
— 
Treoir 88/407/CEE,
— 
Treoir 89/556/CEE,
— 
Treoir 90/429/CEE,
— 
Treoir 91/68/CEE,
— 
Cinneadh 91/666/CEE,
— 
Treoir 92/35/CEE,
— 
Treoir 92/65/CEE,
— 
Treoir 92/66/CEE,
— 
Treoir 92/118/CEE,
— 
Treoir 92/119/CEE,
— 
Cinneadh 95/410/CE,
— 
Treoir 2000/75/CE,
— 
Cinneadh 2000/258/CE,
— 
Treoir 2001/89/CE,
— 
Treoir 2002/60/CE,
— 
Treoir 2002/99/CE,
— 
Treoir 2003/85/CE,
— 
Rialachán (CE) Uimh. 21/2004,
— 
Treoir 2004/68/CE,
— 
Treoir 2005/94/CE,
— 
Treoir 2006/88/CE,
— 
Treoir 2008/71/CE,
— 
Treoir 2009/156/CE,
— 
Treoir 2009/158/CE.
— 
Rialachán (CE) Uimh. 576/2013.

Déanfar tagairtí do na gníomhartha aisghairthe sin a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis seo.

Airteagal 271

Bearta idirthréimhseacha maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 a leasú agus maidir le Rialachán (CE) Uimh. 21/2004 agus Threoir 2008/71/CE a aisghairm

1.  
D'ainneoin Airteagal 270(2) agus Airteagal 278 den Rialachán seo, leanfaidh Airteagal 1 go dtí Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 agus Rialachán (CE) Uimh. 21/2004 agus Treoir 2008/71/CE, chomh maith leis na gníomhartha a glacadh bunaithe orthusan, de bheith i bhfeidhm, in ionad na nAirteagal comhfhreagrach sa Rialachán seo, go dtí trí bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo nó go dtí dáta níos luaithe atá le socrú i ngníomh tarmligthe a ghlacfar i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.
2.  
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 i ndáil leis an dáta níos túisce dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

Is ionann an dáta sin agus dáta chur i bhfeidhm na rialacha comhfhreagracha atá le glacadh de bhun na ngníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear in Airteagal 109(2) agus in Airteagal 119 ►C1  agus na gníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear in Airteagal 120 den Rialachán seo. ◄

Airteagal 272

Bearta idirthréimhseacha maidir le haisghairm Threoracha 92/66/CEE, 2000/75/CE, 2001/89/CE, 2002/60/CE, 2003/85/CE agus 2005/94/CE

1.  
D'ainneoin Airteagal 270(2) den Rialachán seo, leanfaidh Treoracha 92/66/CEE, 2000/75/CE, 2001/89/CE, 2002/60/CE, 2003/85/CE agus 2005/94/CE, chomh maith leis na gníomhartha a glacadh bunaithe orthusan, de bheith i bhfeidhm, in ionad na nAirteagal comhfhreagrach sa Rialachán seo, go dtí trí bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo nó go dtí dáta níos luaithe atá le socrú i ngníomh tarmligthe a ghlacfar i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.
2.  
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 i ndáil leis an dáta níos túisce dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

Is ionann an dáta sin agus dáta chur i bhfeidhm na rialacha comhfhreagracha atá le glacadh de bhun na ngníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear in Airteagail 47, in Airteagail 48(3), 53(2) 54(3), 55(2) agus 58(2), in Airteagal 63, in Airteagal 64(4), in Airteagal 67, in Airteagail 68(2), agus 70(3) den Rialachán seo.

Airteagal 273

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh.2160/2003

In Airteagal 9(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003, cuirtear an friotal seo a leanas isteach:

“Áireofar sna bearta speisialta sin bearta bunaithe ar na forálacha atá i gCinneadh 95/410/CE ón gComhairle ina leagan deireadh sula n-aisghairfear é agus Cinneadh 2003/644/CE ( *1 ) ón gCoimisiún agus Cinneadh 2004/235/CE ( *2 ) ón gCoimisiún i leaganacha de tráth a n-aisghairfear Treoir 90/539/CEE.

Airteagal 274

Bearta idirthréimhseacha a bhaineann le dáta glactha gníomhartha áirithe tarmligthe agus cur chun feidhme

Gan dochar don dáta cur i bhfeidhm dá bhforáiltear in Airteagal 283, ►C1  déanfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 31(6), in Airteagail 32(2), 39, 41(3), 54(3), 55(2), 58(2), 64(4), 67, 68(2), 74(4), 77(2) agus 97(2), Airteagal 122(1), agus Airteagail 131(1), 132(2), 135, 137(2), 146(1), 149(4), 154(1), 162(3), 163(5), 166(3), 169(5), 181(2), 185(5), 213(1), 216(4), 221(1), 222(3), 224(3), 234(2), 239(2), a ghlacadh. ◄ mar aon leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8 agus in Airteagal 9 tráth nach déanaí ná an 20 Aibreán 2019. I gcomhréir le hAirteagal 283, beidh feidhm ag na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme sin ón dáta cur i bhfeidhm a leagtar amach san Airteagal sin.

Airteagal 275

Réamh-athbhreithniú agus leasuithe ar Iarscríbhinn II

Déanfaidh an Coimisiún tráth nach déanaí ná an 20 Aibreán 2019, athbhreithniú ar na galair liostaithe atá in Iarscríbhinn II. Dá mba rud é go léireofaí leis an athbhreithniú sin go mbeadh gá le leasuithe a dhéanamh ar Iarscríbhinn II chun na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm, trí chur leis an liosta sin nó trí bhaint de, glacfaidh an Coimisiún na leasuithe sin, ar a dhéanaí faoin spriocdháta dá dtagraítear sa chéad abairt den Airteagal seo.

Airteagal 276

Athbhreithniú

Déanfaidh an Coimisiún tráth nach déanaí ná an 20 Aibreán 2019, athbhreithniú ar an reachtaíocht atá ann faoi láthair maidir le sainaithint agus le clárú ainmhithe ar coimeád den speiceas eachaí.

Cuirfidh an Coimisiún na torthaí ón athbhreithniú sin san áireamh i gcreat chur i bhfeidhm Airteagal 118, Airteagal 119 agus Airteagal 120.

Airteagal 277

Bearta idirthréimhseacha maidir le haisghairm Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí

D'ainneoin Airteagal 270(2) den Rialachán seo, leanfaidh Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 d'fheidhm a bheith aige go dtí an 21 Aibreán 2026 i ndáil le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí in áit Chuid VI den Rialachán seo.

Airteagal 278

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000

Leasaítear mar a leanas Rialachán (CE) 1760/2000:

(1) 

Scriostar Airteagal 1 go hAirteagal 10;

(2) 

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22:

“Airteagal 22

1.  
Déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar forálacha an Rialacháin seo.

Beidh na rialuithe dá bhforáiltear gan dochar d'aon rialú a d'fhéadfadh an Coimisiún a dhéanamh de bhun Airteagal 9 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh 2988/95.

Aon phionóis arna bhforchur ag Ballstát ar oibreoir nó ar eagraíocht a dhéanann margaíocht ar mhairteoil, beidh siad éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach.

2.  

D'ainneoinn mhír 1, i gcás ina mbeadh mairteoil lipéadaithe ag oibreoirí nó ag eagraíochtaí a dhéanann margaíocht ar mhairteoil gan a n-oibleagáidí a chomhlíonadh mar atá leagtha amach i dTeideal II, ceanglóidh na Ballstáit, mar is iomchuí, agus i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, go mbainfear an mhairteoil den mhargadh. Maraon leis na pionóis dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh na Ballstáit na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

más rud é go gcomhlíonann an fheoil lena mbaineann na rialacha tréidliachta agus sláinteachais is ábhartha, d'fhéadfaí na nithe seo a leanas a údarú i gcás na mairteola sin:

(i) 

go gcuirfí ar an margadh í tar éis í a lipéadú i gcomhréir le ceanglais an Aontais; nó

(ii) 

go seolfaí go díreach í chun go bpróiseálfar í i dtáirgí seachas na táirgí sin atá luaite i bpointe 1 d'Airteagal 12;

(b) 

go n-ordófaí go gcuirfí ar fionraí nó go dtarraingeofaí siar formheas na n-oibreoirí nó na n-eagraíochtaí lena mbaineann.

3.  

Déanfaidh saineolaithe sa Choimisiún, i gcomhar leis na húdaráis inniúla, mar a leanas:

(a) 

fíoróidh siad go gcomhlíonann na Ballstáit ceanglais an Rialacháin seo;

(b) 

déanfaidh siad seiceálacha ar an láthair chun a áirithiú go bhfuil na seiceálacha á ndéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

4.  
Maidir le Ballstát a ndéantar seiceáil ar an láthair ina chríoch, cuirfidh sé gach cúnamh is gá ar fáil do na saineolaithe ón gCoimisiún chun go ndéanfaidh siad a gcúram. Pléifear toradh na seiceálacha le húdarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann sula ndréachtófar agus sula scaipfear an tuarascáil chríochnaitheach. Beidh moltaí sa tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí, chun go bhfeabhsóidh na Ballstáit a mhéid a gcomhlíonann siad an Rialachán seo.”;
(3) 

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22b:

“Airteagal 22b

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha faoin Airteagal seo.
2.  
Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 13(6), in Airteagal 14(4) agus in Airteagal 15a ar feadh tréimhse cúig bliana ón 20 Aibreán 2016. Dréachtóidh an Coimisiún tuarascáil maidir leis an tarmligean cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 13(6), Airteagal 14(4) agus Airteagal 15a a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
4.  
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go comhuaineach.
5.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 13(6), Airteagal 14(4) agus Airteagal 15a i bhfeidhm ach i gcás nár chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle aon agóid in iúl faoi cheann dhá mhí ó tugadh fógra maidir leis an ngníomh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó i gcás inar chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún roimh dheireadh na tréimhse sin nach ndéanfaidh siad aon agóid faoi. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.”;
(4) 

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23:

“Airteagal 23

Nós imeachta coiste

1.  
Tabharfaidh an Buanchoiste um Phlandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, a bunaíodh le hAirteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, cúnamh don Choimisiún do na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 13(6) den Rialachán seo ( *3 ).

Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *4 ).

2.  
I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás ina gcaithfear tuairim an Choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn, cuirfear deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh nuair a chinnfidh cathaoirleach an Choiste amhlaidh, laistigh den teorainn ama chun tuairim a thabhairt, nó nuair a iarrfaidh tromlach simplí de chomhaltaí an choiste é.

Airteagal 279

Bunaíochtaí agus oibreoirí atá ann cheana

1.  
Maidir le bunaíochtaí agus oibreoirí atá cláraithe nó formheasta i gcomhréir le Treoir 64/432/CEE ón gComhairle, le Treoir 88/407/CEE, Treoir 89/556/CEE, Treoir 90/429/CEE, Treoir 91/68/CEE ón gComhairle, Treoir 92/65/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000, Rialachán (CE) Uimh. 21/2004, Treoir 2006/88/CE ón gComhairle, Treoir 2008/71/CE ón gComhairle, Treoir 2009/156/CE, Treoir 2009/158/CE ón gComhairle, roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, measfar iad a bheith cláraithe nó formheasta, i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus beidh siad, dá bharr sin, faoi réir na n-oibleagáidí ábhartha dá bhforáiltear faoin Rialachán seo.
2.  
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis na rialacha is gá chun trasdul réidh a áirithiú ó na rialacha a bhí ann roimh an Rialachán seo dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, go háirithe maidir le cearta faighte na ndaoine nádúrtha dlíthiúla lena mbaineann a chosaint.

Airteagal 280

Ballstáit, criosanna agus deighleoga atá saor ó ghalair cheana féin agus cláir díothaithe agus faireachais atá ag na Ballstáit cheana féin

1.  
I gcás na mBallstát agus na gcriosanna a bhfuil stádas formheasta saor ó ghalair do cheann amháin nó níos mó de na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (b) agus (c) d'Airteagal 9(1),, maidir le ceann amháin nó níos mó de na speicis ainmhíocha ábhartha, i gcomhréir le Treoir 64/432/CEE ón gComhairle, le Treoir 91/68/CEE ón gComhairle, Treoir 92/65/CEE ón gComhairle, Treoir 2006/88/CE ón gComhairle, Treoir 2009/156/CE ón gComhairle nó Treoir 2009/158/CE ón gComhairle, measfar go bhfuil stádas formheasta saor ó ghalair acu i gcomhréir leis an Rialachán seo agus beidh siad, dá réir sin, faoi réir na n-oibleagáidí ábhartha dá bhforáiltear faoin Rialachán seo.
2.  
I gcás na mBallstát agus na gcriosanna a bhfuil clár formheasta díothaithe nó faireachais acu do cheann amháin nó níos mó de na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (b) agus (c) d'Airteagal 9(1), maidir le ceann amháin nó níos mó de na speicis ainmhíocha ábhartha, i gcomhréir le Treoir 64/432/CEE, le Treoir 91/68/CEE, Treoir 92/65/CEE, Treoir 2006/88/CE, Treoir 2009/156/CE nó Treoir 2009/158/CE, measfar go bhfuil clár formheasta díothaithe acu i gcomhréir leis an Rialachán seo agus beidh siad, dá réir sin, faoi réir na n-oibleagáidí ábhartha dá bhforáiltear faoin Rialachán seo.
3.  
Maidir le deighleoga formheasta, a bhfuil stádas formheasta saor ó ghalair acu do cheann amháin nó níos mó de na galair liostaithe dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) nó i bpointe (c) d'Airteagal 9(1) i gcomhréir le Treoir 2005/94/CE agus le Treoir 2006/88/CE, measfar go bhfuil stádas aitheanta saor ó ghalair acu faoi Airteagal 37 den Rialachán seo agus, dá réir sin, beidh siad faoi réir na n-oibleagáidí ábhartha dá bhforáiltear faoin Rialachán seo.
4.  
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 264 maidir leis na rialacha is gá chun aistriú réidh a áirithiú ó na rialacha a bhí ann roimh an Rialachán seo dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3.

▼M1 —————

▼B

Airteagal 282

Meastóireacht

Déanfaidh an Coimisiún an Rialachán seo a mheasúnú mar aon leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 264 agus tíolacfaidh sé torthaí na meastóireachta i dtuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle tráth nach déanaí ná an 22 Aibreán 2026.

Airteagal 283

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 21 Aibreán 2021, seachas Airteagal 270(1), agus Airteagal 274 a mbeidh feidhm ó dháta a theachta i bhfeidhm.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN 1

SPEICI PEATAÍ

CUID A

Madraí (Canis lupus familiaris)
Cait (Felis silvestris catus)
Firéid (Mustela putorius furo)

CUID B

Inveirteabraigh (seachas beacha, moilisc i bhfíleam Mollusca agus crústaigh i bhfofhíleam Crustacea)
Ainmhithe uisceacha ornáideacha
Débheathaigh
Reiptílí
Éin: eiseamail de speicis éanúla seachas éanlaith, turcaithe, éanlaith ghuine, lachain, géanna, gearga, colúir, piasúin, patraiscí agus raitítigh (Ratitae).
Mamaigh: creimirí agus coiníní seachas iad siúd a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun bia a tháirgeadh.




IARSCRÍBHINN II

LIOSTA DE GHALAIR

— 
Plá na mbó
— 
Plá na n-athchogantach beag
— 
Galar saicíneach muc
— 
Galar gormtheanga
— 
Galar Teschen
— 
Bolgach caorach nó bolgach gabhar
— 
Heipitíteas eansótach
— 
Galar an chraicinn chnapánaigh
— 
Stómaitíteas saicíneach
— 
Einceifilimiailíteas eachaí Veiniséalach
— 
Galar fuilreatha na bhfianna
— 
Pliúrainiúmóine tógálach buaibheach
— 
Galar Newcastle
— 
Eitinn bhólachta
— 
Brúsalóis bhólachta (B. abortus)
— 
Bruisealóis chaorach agus ghabhair (B. elitensis)
— 
Antrasc
— 
Confadh
— 
Eicineacocóis
— 
Einceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha (TSE)
— 
Campalabaictéaróis
— 
Listéaróis
— 
Salmanallóis (Salmonella zónóiseach)
— 
Tricineallóis
— 
E. coli veireatocsaigineach
— 
Seipticéime fuilreatha víreasach (VHS)
— 
Neacróis fhuilghinte thógálach (IHN)
— 
Neacróis fhuilghinte eipeasótach in éisc (EHN)
— 
Siondróm otharsaithe eipeasótach in éisc (EUS)
— 
Ionfhabhtú le Bonamia exitiosa
— 
Ionfhabhtú le Perkinsus marinus
— 
Ionfhabhtú le Microcytos mackini
— 
Siondróm Taura i gcrústaigh
— 
Galar ceannbhuí i gcrústaigh
— 
Galar víreas heirpéas Koi (KHV)
— 
Ainéime thógálach na mbradán (ISA)
— 
Ionfhabhtú le Marteilia refringens
— 
Ionfhabhtú le Bonamia ostreae
— 
Galar spotaí bána i gcrústaigh




IARSCRÍBHINN III

SPEICIS CRÚBACH



Tacsón

Órd

Fine

Géinis/Speicis

Perissodactyla

Equidae

Equus spp.

Tapiridae

Tapirus spp.

Rhinoceritidae

Ceratotherium spp., Dicerorhinus spp., Diceros spp., Rhinoceros spp.

Artiodactyla

Antilocapridae

Antilocapra ssp.

Bovidae

Addax ssp., Aepyceros ssp., Alcelaphus ssp., Ammelaphus ssp., Ammodorcas ssp., Ammotragus ssp., Antidorcas ssp., Antilope ssp., Arbitragus ssp., Beatragus ssp., Bison ssp., Bos ssp. (including Bibos, Novibos, Poephagus), Boselaphus ssp., Bubalus ssp. (including Anoa), Budorcas ssp., Capra ssp., Cephalophus ssp., Connochaetes ssp., Damaliscus ssp. (including Beatragus), Dorcatragus ssp., Eudorcas ssp., Gazella ssp., Hemitragus ssp., Hippotragus ssp., Kobus ssp., Litocranius ssp., Madoqua ssp., Naemorhedus ssp. (including Nemorhaedus and Capricornis), Nanger ssp., Neotragus ssp., Nilgiritragus ssp., Oreamnos ssp., Oreotragus ssp., Oryx ssp., Ourebia ssp., Ovibos ssp., Ovis ssp., Pantholops ssp., Philantomba ssp., Pelea ssp., Procapra ssp., Pseudois ssp., Pseudoryx ssp., Raphicerus ssp., Redunca ssp., Rupicapra ssp., Saiga ssp., Sigmoceros–Alecelaphus ssp., Strepticeros ssp., Sylvicapra ssp., Syncerus ssp., Taurotragus ssp., Tetracerus ssp., Tragelaphus ssp. (including Boocerus).

Camelidae

Camelus ssp., Lama ssp., Vicugna ssp.

Cervidae

Alces ssp., Axis–Hyelaphus ssp., Blastocerus ssp., Capreolus ssp., Cervus ssp., Dama ssp., Elaphodus ssp., Elaphurus ssp., Hippocamelus ssp., Hydropotes ssp., Mazama ssp., Megamuntiacus ssp., Muntiacus ssp., Odocoileus ssp., Ozotoceros ssp., Przewalskium ssp., Pudu ssp., Rangifer ssp., Rucervus ssp., Rusa ssp.

Giraffidae

Giraffa ssp., Okapia ssp.

Hippopotamidae

Hexaprotodon–Choeropsis ssp., Hippopotamus ssp.

Moschidae

Moschus ssp.

Suidae

Babyrousa ssp., Hylochoerus ssp., Phacochoerus ssp., Porcula ssp., Potamochoerus ssp., Sus ssp.

Tayassuidae

Catagonus ssp., Pecari–Tayassu ssp.

Tragulidae

Hyemoschus ssp., Tragulus–Moschiola ssp.

Proboscidea

Elephantidae

Elephas ssp., Loxodonta ssp.




IARSCRÍBHINN IV

NA CRITÉIR CHUN NA RIALACHA DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 9(1) MAIDIR LE GALAIR A CHOSC AGUS A RIALÚ A CHUR I BHFEIDHM AR GHALAIR A LIOSTAÍTEAR I GCOMHRÉIR LE HAIRTEAGAL 5.

Is é an raon feidhme atá leis an Iarscríbhinn seo mionsonrú a dhéanamh ar na critéir a chuirfidh an Coimisiún san áireamh agus na rialacha maidir le galair a chosc agus a rialú a bheidh le cur i bhfeidhm ar na catagóirí éagsúla de ghalair a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 5 á gcinneadh aige.

Leis an bpróiseas catagóirithe, cuirfear san áireamh próifíl an ghalair i dtrácht, leibhéal tionchair an ghalair sin ar shláinte ainmhithe agus ar an tsláinte phoiblí, ar leas ainmhithe agus ar an ngeilleagar, infhaighteacht, indéantacht agus éifeachtacht na n-úirlisí diagnóiseacha agus na sraitheanna éagsúla beart chun galair a chosc agus a rialú dá bhforáiltear sa Rialachán seo i ndáil leis an ngalar.

Roinn 1

Na critéir chun na rialacha maidir le galair a chosc agus a rialú dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) a chur i bhfeidhm

Measfar go mbeidh an tionchar is tromchúisí ar shláinte ainmhithe agus ar an tsláinte phoiblí agus an tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil is tromchúisí san Aontas ag na galair sin a mbeidh feidhm ag na rialacha maidir le galair a chosc agus a rialú dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 8(1) orthu. Is gá go gcomhlíonfaidh na galair sin na critéir seo a leanas:

(a) 

maidir leis an ngalar i dtrácht:

(i) 

níl sé ann i gcríoch an Aontais; nó

(ii) 

níl sé ann ach i gcásanna eisceachtúla (tabhairt isteach neamhrialta); nó

(iii) 

níl sé ann ach i gcuid fíortheoranta de chríoch an Aontais;

agus

(b) 

is galar a tharchuirtear go han-éasca é an galar i dtrácht; de bhreis ar tharchur díreach agus indíreach, d'fhéadfaí freisin go scaipfí san aer, san uisce nó trí veicteoirí é. Féadfaidh an galar dul i bhfeidhm ar mhórán speiceas d'ainmhithe faoi choimirce agus d'ainmhithe fiáine, nó ar speiceas aonair d'ainmhithe faoi choimirce a bhfuil tábhacht eacnamaíoch ag baint leis, agus d'fhéadfadh ardghalracht agus rátaí suntasacha básmhaireachta a bheith mar thoradh air sin.

De bhreis ar na critéir a leagtar amach i bpointe (a) agus i bpointe (b), is gá go gcomhlíonfaidh na galair sin ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:

(c) 

tá acmhainneacht ag an ngalar i dtrácht maidir le zónóis le hiarmhairtí suntasacha don tsláinte phoiblí, lena n-áirítear an fhéidearthacht go gcruthófaí eipidéimí nó paindéimí nó bagairtí suntasacha a d'fhéadfadh a bheith ann don tsábháilteacht bia;

(d) 

tá tionchar suntasach ag an ngalar i dtrácht ar gheilleagar an Aontais, rud a chruthaíonn costais shuntasacha, a bhaineann den chuid is mó leis an tionchar díreach atá aige ar shláinte agus ar tháirgiúlacht ainmhithe;

(e) 

tá tionchar suntasach ag an ngalar i dtrácht ar cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(i) 

an tsochaí, go háirithe agus tionchar á imirt aige ar mhargaí saothair;

(ii) 

leas na n-ainmhithe, trí fhulaingt a dhéanamh do líon mór ainmhithe;

(iii) 

an comhshaol, de bharr tionchar díreach an ghalair nó de bharr na mbeart arna nglacadh chun é a rialú;

(iv) 

sa fhadtéarma, ar bhithéagsúlacht nó ar chosaint speiceas nó pórtha atá i mbaol, lena n-áirítear an fhéidearthacht go rachadh na speicis nó na pórtha sin in éag nó go ndéanfaí dochar fadtéarmach dóibh.

Roinn 2

Na critéir chun na rialacha maidir le galair a chosc agus a rialú dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 9(1) a chur i bhfeidhm

Déanfar na galair ar a bhfuil feidhm ag na rialacha maidir le galair a chosc agus a rialú dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) a rialú sna Ballstáit uile leis an aidhm go ndíothófar ar fud an Aontais iad.

Is gá go gcomhlíonfaidh na galair sin na critéir seo a leanas:

(a) 

tá an galar i dtrácht de chineál eindéamach agus i láthair ar fud chríoch an Aontais nó i gcuid di. Mar sin féin, tá roinnt Ballstát nó limistéar san Aontais saor ón ngalar; agus

(b) 

is galar a tharchuirtear éasca go leor nó go han-éasca é; de bhreis ar tharchur díreach agus indíreach, d'fhéadfaí freisin go scaipfí san aer, san uisce nó trí veicteoirí é. D'fhéadfaí go ndéanfadh sé dochar do speiceas aonair nó do mhórán speiceas d'ainmhithe agus d'fhéadfadh ardghalracht a bheith mar thoradh air agus, go hiondúil, ráta íseal báis leis.

De bhreis ar na critéir a leagtar amach i bpointe (a) agus i bpointe (b), is gá go gcomhlíonfaidh na galair sin ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas.

(c) 

tá acmhainneacht ag an ngalar i dtrácht maidir le zónóis le hiarmhairtí suntasacha don tsláinte phoiblí, lena n-áirítear an fhéidearthacht go gcruthófaí eipidéimí nó bagairtí suntasacha a d'fhéadfadh a bheith ann don tsábháilteacht bia.

(d) 

tá tionchar suntasach ag an ngalar i dtrácht ar gheilleagar an Aontais, rud a chruthaíonn costais shuntasacha a bhaineann, den chuid is mó, leis an tionchar díreach atá aige ar shláinte agus ar tháirgiúlacht ainmhithe.

(e) 

tá tionchar suntasach ag an ngalar ar cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(i) 

an tsochaí, go háirithe agus tionchar á imirt aige ar mhargaí saothair;

(ii) 

leas na n-ainmhithe, trí fhulaingt a dhéanamh do líon mór ainmhithe;

(iii) 

an comhshaol, de bharr tionchar díreach an ghalair nó de bharr na mbeart rialála ina leith;

(iv) 

éifeacht fhadtéarmach ar bhithéagsúlacht nó ar chosaint speiceas nó pórtha atá i mbaol, lena n-áirítear an fhéidearthacht go rachadh na speicis nó na pórtha sin in éag nó go ndéanfaí dochar fadtéarmach dóibh.

Maidir le galar a bhfuil feidhm ag na bearta dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 9(1) orthu agus nár díothaíodh go rathúil agus go tráthúil ó chuid den Aontas, agus a bhfuil carachtar eindéamach faighte aige sa chuid sin den Aontas, féadfar é a chur faoi réir bearta coisctheacha agus rialála galair faoi phointe (b) d'Airteagal 9(1), sa chuid sin den Aontas.

Roinn 3

Na critéir chun na rialacha maidir le galair a chosc agus a rialú dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 9(1) a chur i bhfeidhm

Tá na galair lena mbaineann na rialacha coisctheacha agus rialála galair dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 9(1) ábhartha maidir le roinnt Ballstát agus tá gá le bearta chun cosc a chur ar a scaipeadh chuig codanna den Aontas atá saor ó ghalair go hoifigiúil nó a bhfuil cláir díothaithe acu maidir leis na galair sin a liostaítear.

Is gá go gcomhlíonfaidh na galair sin na critéir seo a leanas:

(a) 

i gcás ainmhithe talún, tá an galar i dtrácht de chinéal eindéimeach agus i láthair ar fud chríoch an Aontais nó i gcuid de nó, i gcás ainmhithe uisceacha, tá roinnt Ballstát nó limistéar den Aontas saor ón ngalar; agus

(b) 
(i) 

i gcás ainmhithe talún, tarchuirtear an galar i dtrácht éasca go leor nó go han-éasca, den chuid is mó trí tharchur díreach nó indíreach. Déanann an galar dochar, den chuid is mó, do mhórán speiceas nó do speiceas aonair d'ainmhithe agus de gnáth ní bhíonn ardghalracht mar thoradh air agus bíonn ráta diomaibhseach báis dá bharr, má bhíonn ráta báis in aon chor. Go minic is é an tiochar is mó a fheictear caillteanas táirgeachta;

(ii) 

i gcás ainmhithe uisceacha, tarchuirtear an galar éasca go leor nó go han-éasca, den chuid is mó trí tharchur díreach nó indíreach. Déanann an galar dochar do mhórán speiceas nó do speiceas aonair d'ainmhithe agus d'fhéadfadh ardghalracht a bheith mar thoradh air agus, de ghnáth, ráta íseal báis leis. Go minic is é an tiochar is mó a fheictear caillteanas táirgeachta.

De bhreis ar na critéir a leagtar amach i bpointe (a) agus i bpointe (b), is gá go gcomhlíonfaidh na galair sin ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:

(c) 

tá acmhainneacht ag an ngalar i dtrácht maidir le zónóis le hiarmhairtí suntasacha don tsláinte phoiblí nó d'fhéadfadh bagairtí suntasacha a bheith ann don tsábháilteacht bia;

(d) 

tá tionchar suntasach ag an ngalar i dtrácht ar an ngeilleagar i gcodanna den Aontas, go príomha mar gheall ar an tionchar díreach a atá aige ar shláinte agus ar tháirgiúlacht ainmhithe.

(e) 

tá tionchar suntasach ag an ngalar i dtrácht ar cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(i) 

an tsochaí, go háirithe agus tionchar á imirt aige ar mhargaí saothair;

(ii) 

leas na n-ainmhithe, trí fhulaingt a dhéanamh do líon mór ainmhithe;

(iii) 

an comhshaol, de bharr tionchar díreach an ghalair nó de bharr na mbeart rialála ina leith;

(iv) 

éifeacht fhadtéarmach ar bhithéagsúlacht nó ar chosaint speiceas nó pórtha atá i mbaol, lena n-áirítear an fhéidearthacht go rachadh na speicis nó na pórtha sin in éag nó go ndéanfaí dochar fadtéarmach dóibh.

Roinn 4

Na critéir chun na rialacha maidir le galair a chosc agus a rialú dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1) a chur i bhfeidhm

Beidh feidhm ag na rialacha maidir le galair a chosc agus a rialú dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 9(1) ar ghalair a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i Roinn 1, i Roinn 2 nó i Roinn 3 agus ar ghalair eile a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i Roinn 5, i gcás inar féidir an riosca a thagann as an ngalar i dtrácht a mhaolú go héifeachtach agus go comhréireach le bearta a bhaineann le gluaiseachtaí ainmhithe agus táirgí d'fhonn teagmhas agus scaipeadh an ghalair a chosc nó a theorannú.

Roinn 5

Na critéir chun na rialacha maidir le galair a chosc agus a rialú dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 9(1) a chur i bhfeidhm

Beidh feidhm ag na rialacha maidir le galair a chosc agus a rialú dá dtagraítear i i bpointe (e) d'Airteagal 9(1) ar ghalair a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i Roinn 1, i Roinn 2, nó i Roinn 3 agus ar ghalair eile i gcás inar gá faireachas a dhéanamh ar an ngalar ar chúiseanna a bhaineann le sláinte ainmhithe, le leas ainmhithe, le sláinte an duine, leis an ngeilleagar, leis an tsochaí nó leis an gcomhshaol.




IARSCRÍBHINN V

AN TÁBLA COMHGHAOIL DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 270(2)

1.   Treoir 64/432/CEE



Treoir 64/432/CEE

An Rialachán Seo

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagail 4 (i bpáirt), 21, 153(3) agus 220(3)

Airteagal 3(1)

Airteagail 124 agus 126

Airteagal 3(2)

Airteagail 124 (2), 126(1) agus 149(3) agus (4)

Airteagal 4(1)

Airteagal 126(1)(c)

Airteagal 4(2) agus (3)

Airteagal 125(1) agus (2)

Airteagal 5(1)

Airteagal 143(1), 145 agus 146,

Airteagal 5(2)

Airteagal 149(3) agus (4),

Airteagal 5(2)(a)

Airteagal 147(a)

Airteagal 5(2)(b)

Airteagal 144(1)(b),

Airteagal 5(3)

Airteagal 5(4)

Airteagal 153(1) agus (2),

Airteagal 5(5)

Airteagal 147(a)

Airteagal 6

Airteagail 130, 131 agus 132

Airteagal 6a

Airteagal 7

Airteagail 126(1)(c),132, 134(a) agus 135

Airteagal 8

Airteagail 18, 19, 20 agus 23(a)

Airteagal 9

Airteagail 31(1), (3)(a) agus (5), 32, 33 agus 36

Airteagal 10

Airteagail 31(2) agus (3)(b), 32, 33 agus 36

Airteagal 11(1)

Airteagail 94(1)(a), 97, 98 agus Airteagal 97(2),

Airteagal 11(2)

Airteagail 102, 106 agus 107

Airteagal 11(3)

Airteagail 98 agus 99

Airteagal 11(4)

Airteagal 100

Airteagal 11(5) agus (6)

Airteagal 97(1)(d) agus (2)(d)

Airteagal 12(1)

Airteagal 125,

Airteagal 12(2)

Airteagail 104 agus 106

Airteagal 12(3)

Airteagal 125(1)(a) agus (b)

Airteagal 12(4)

Airteagal 143

Airteagal 12(5) agus (6)

Airteagal 13(1) agus (2)

Airteagail 90, 92, 93(c), 94, 97, 98, 99, 102, 106 agus 107

Airteagal 13(3)

Airteagal 100

Airteagal 13(4)

Airteagal 13(5) agus (6)

Airteagal 101

Airteagal 14(1) agus (2)

Airteagal 14(3)A agus B

Airteagal 14(3) C

Airteagal 109(1)(a) agus (c)

Airteagal 14(4) go (6)

Airteagal 15(1)

Airteagal 268

Airteagal 15(2) go (4)

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagal 17a

Airteagal 18

Airteagal 109(1)(a) agus (c)

Airteagal 19

Airteagal 20

2.   Treoir 77/391/CEE



Treoir 77/391/CEE

An Rialachán Seo

Airteagal 1

Airteagal 2(1)

Airteagal 31(1)

Airteagal 2(2)

Airteagail 32, 33 agus 36(1)

Airteagal 2(3)

Airteagal 34

Airteagal 2(4)

Airteagail 36 agus 41

Airteagal 3(1)

Airteagal 31(1)

Airteagal 3(2)

Airteagail 32, 33 agus 36(1)

Airteagal 3(3)

Airteagal 34

Airteagal 3(4)

Airteagail 36 agus 41

Airteagal 4

Airteagail 31(1), 32, 33, 34, 36 agus 41

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 15

3.   Treoir 78/52/CEE



Treoir 78/52/CEE

An Rialachán Seo

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 4 (i bpáirt)

Airteagal 3(1)

Airteagail 31(1) agus 32,

Airteagal 3(2)

Airteagal 3(3)

Airteagal 3(4)

Airteagail 31(1) agus 32

Airteagal 4

Airteagail 32, 35, 102(2) agus (4) agus 112

Airteagal 5

Airteagail 18, 46 agus 47

Airteagal 6(1)

Airteagail 72 go 76

Airteagal 6(2)

Airteagail 77 agus 78

Airteagal 6(3)

Airteagail 79 agus 80

Airteagal 7

Airteagail 79 agus 80

Airteagal 8

Airteagail 79 agus 80

Airteagal 9

Airteagail 79 agus 80

Airteagal 10

Airteagail 79 agus 80

Airteagal 11

Airteagail 79 agus 80

Airteagal 12

Airteagail 79 agus 80

Airteagal 13

Airteagail 18,46 agus 47

Airteagal 14(1)

Airteagail 72 go 76

Airteagal 14(2)

Airteagail 77 agus 78

Airteagal 14(3)

Airteagail 79 agus 80

Airteagal 15

Airteagail 79 agus 80

Airteagal 16

Airteagail 79 agus 80

Airteagal 17

Airteagail 79 agus 80

Airteagal 18

Airteagail 79 agus 80

Airteagal 19

Airteagail 79 agus 80

Airteagal 20

Airteagail 79 agus 80

Airteagal 21

Airteagal 22

Airteagail 18, 19, 20, 46 agus 47

Airteagal 23

Airteagail 79 agus 80

Airteagal 24

Airteagail 79 agus 80

Airteagal 25

Airteagail 79 agus 80

Airteagal 26

Airteagail 79 agus 80

Airteagal 27

Airteagail 124(1) agus 126(1)(c)

Airteagal 28

Airteagal 29

Airteagal 30

4.   Treoir 80/1095/CEE



Treoir 80/1095/CEE

An Rialachán Seo

Airteagal 1

Airteagail 31(1) agus 36

Airteagal 2

Airteagal 4 (i bpáirt)

Airteagal 3

Airteagail 31(1) agus 35

Airteagal 3a

Airteagail 31(1) agus 35

Airteagal 4

Airteagail 32, 33 agus 35

Airteagal 4a

Airteagail 32, 33 agus 35

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagail 31(1)(b), 31(3) agus 32

Airteagal 7

Airteagail 36, 39 agus 40

Airteagal 8

Airteagail 41 agus 42

Airteagal 9

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 12a

Airteagal 13

5.   Treoir 82/894/CEE



Treoir 82/894/CEE

An Rialachán Seo

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 4 (i bpáirt)

Airteagal 3

Airteagail 19, 21, 22agus 23

Airteagal 4

Airteagail 19, 20, 21, 22agus 23

Airteagal 5

Airteagal 23

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 8

6.   Treoir 88/407/CEE



Treoir 88/407/CEE

An Rialachán Seo

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 4 (i bpáirt)

Airteagal 3

Airteagail 159 agus 160

Airteagal 4

Airteagal 160

Airteagal 5

Airteagail 94, 97, 100 agus 101

Airteagal 6(1)

Airteagail 161 agus 162

Airteagal 6(2), (3) agus (4)

Airteagal 258

Airteagal 8

Airteagail 229(1)(a) agus 230

Airteagal 9

Airteagail 229(1)(b) agus 233

Airteagal 10

Airteagail 229(1)(c), 234 agus 236

Airteagal 11

Airteagail 229(1)(d), 237 agus 238

Airteagal 12

Airteagail 260 go 262

Airteagal 15

Airteagail 257 go 259

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagal 18

Airteagal 20

Airteagal 21

Airteagal 22

7.   Treoir 89/556/CEE



Treoir 89/556/CEE

An Rialachán Seo

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 4 (i bpáirt)

Airteagal 3

Airteagal 159, 160, 161

Airteagal 5(1)

Airteagail 94 agus 97

Airteagal 5(2)

Airteagal 101

Airteagal 5(2a) agus (3)

Airteagail 97, 98 agus 100

Airteagal 6

Airteagail 161 agus 162

Airteagal 7

Airteagail 229(1)(a) agus 230

Airteagal 8

Airteagail 229(1)(b) agus 233

Airteagal 9

Airteagail 229(1)(c), 234 agus 236

Airteagal 10

Airteagail 229(1)(d), 237 agus 238

Airteagal 11

Airteagail 260 go 262

Airteagal 14

Airteagail 257 go 259

Airteagal 15

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagal 18

Airteagal 19

Airteagal 20

Airteagal 21

8.   Treoir 90/429/CEE



Treoir 90/429/CEE

An Rialachán Seo

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 4 (i bpáirt)

Airteagal 3

Airteagail 159 agus 160

Airteagal 4

Airteagal 5(1)

Airteagail 94, 97, 98 agus 100

Airteagal 5(2)

Airteagal 101

Airteagal 6(1)

Airteagail 161 agus 162

Airteagal 6(2)

Airteagal 258

Airteagal 7

Airteagail 229(1)(a) agus 230

Airteagal 8

Airteagail 229(1)(b) agus 233

Airteagal 9

Airteagail 229(1)(c), 234 agus 236

Airteagal 10

Airteagal 229(1)(d), 237 agus 238

Airteagal 11(1)

Airteagal 229

Airteagal 11(2) agus (3)

Airteagal 260

Airteagal 12

Airteagal 237

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagail 257 go 262

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagal 18

Airteagal 19

Airteagal 20

Airteagal 21

Airteagal 22

9.   Treoir 91/68/CEE



Treoir 91/68/CEE

An Rialachán Seo

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagail 4 (i bpáirt), 21, 153(3) agus 220(3)

Airteagal 3(1), (2), (3) agus (5)

Airteagail 126(1)(b), 130 agus 131

Airteagal 3(4)

Airteagal 139

Airteagal 4(1)

Airteagail 124(2)(b),126(1), 130, 131 agus 149(3) agus (4)(a) agus (b)

Airteagal 4(2)

Airteagal 128

Airteagal 4(3)

Airteagal 131

Airteagal 4a

Airteagail 130 agus 131

Airteagal 4b(1) agus (2)

Airteagail 130 agus 131

Airteagal 4b(3)

Airteagal 126(2)

Airteagal 4b(4)

Airteagal 133

Airteagal 4b(5)

Airteagal 132

Airteagal 4b(6)

Airteagail 124(1), 125 agus 126(1)(b)

Airteagal 4c(1) agus (2)

Airteagail 130 agus 131

Airteagal 4c(3)

Airteagail 133 agus 135

Airteagal 5

Airteagal 131

Airteagal 6

Airteagail 131agus 145(1)(e)

Airteagal 7(1) go (3)

Airteagail 31, 32, 33 agus 35

Airteagal 7(4)

Airteagal 8(1) go (3)

Airteagail 36, 39 agus 40

Airteagal 8(4)

Airteagal 8a(1)

Airteagail 94(1)(a), 97, 98 agus 134

Airteagal 8a(2)

Airteagal 102 agus 106

Airteagal 8a(3)

Airteagail 98, 99 agus 101

Airteagal 8a(4)

Airteagal 100

Airteagal 8a(5)

Airteagal 97(1)(d) agus (2)(d)

Airteagal 8b(1)

Airteagail 84, 90, 92, 93(c), 94(1)(a), 97, 98, 102, 105 agus 134

Airteagal 8b(2)

Airteagail 94(1)(a), 97 agus 98

Airteagal 8b(3)

Airteagal 100

Airteagal 8b(4)

Airteagal 8c(1)

Airteagail 87 agus 125

Airteagal 8c(2)

Airteagal 104

Airteagal 8c(3)

Airteagail 125(1)(a) agus 126(1)(b)

Airteagal 8c(4) agus (5)

Airteagal 9(1) go (4)

Airteagail, 143, 145, 146, 147, 148, 149 agus 153

Airteagal 9(7)

Airteagal 153

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 144(b)

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 17

Airteagal 18

10.   Cinneadh 91/666/CEE



Cinneadh 91/666/CEE

An Rialachán Seo

Airteagal 1

Airteagal 48(1) agus (3)

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 48

Airteagal 4

Airteagail 48, 49 agus 50

Airteagal 5

Airteagail 48(3) agus 50

Airteagal 6

Airteagail 16 agus 48(2)(c) agus (3)(b)

Airteagal 7

Airteagail 48(3) agus 50

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 12

11.   Treoir 92/35/CEE



Treoir 92/35/CEE

An Rialachán Seo

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 4 (i bpáirt)

Airteagal 3

Airteagal 18

Airteagal 4

Airteagail 53 go 57 agus 59

Airteagal 5

Airteagail 46 agus 47

Airteagal 6

Airteagail 60 go 68

Airteagal 7(1)

Airteagal 57

Airteagal 7(2)

Airteagal 43(2)(d)

Airteagal 8

Airteagal 64

Airteagal 9

Airteagail 65, 66 agus 67

Airteagal 10

Airteagail 65, 66 agus 67

Airteagal 11

Airteagail 67 agus 68

Airteagal 12

Airteagal 71(1)

Airteagal 13

Airteagal 65(2)

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagail 43 agus 44

Airteagal 18

Airteagal 19

Airteagal 20

Airteagal 21

Airteagal 22

12.   Treoir 92/65/CEE



Treoir 92/65/CEE

An Rialachán Seo

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 4 (i bpáirt)

Airteagal 3

Airteagail 170, 171 agus 269

Airteagal 4

Airteagail 124, 126, 18, 31, 84, 93(a) agus 151

Airteagal 5

Airteagail 95, 97,136, 137, 143, 144 agus 149

Airteagal 6(A)

Airteagail 124, 126, 130, 131, 137, 140 agus 143 go 146

Airteagal 6(B)

Airteagal 7(A)

Airteagail 124, 126, 130, 131, 137, 140 agus 143 go 146

Airteagal 7(B)

Airteagal 8

Airteagail 124, 126, 136 agus 143 go 146

Airteagal 9

Airteagail 124, 126, 136 agus 143 go 146

Airteagal 10(1) go (4)

Airteagail 124, 126, 136 agus 143 go 146

Airteagal 10(5) go (7)

Airteagal 10a

Airteagal 11(1)

Airteagal 157

Airteagal 11(2) agus (3)

Airteagail 157, 159, 160 agus 143 go 146

Airteagal 11(4)

Airteagail 97 agus 101

Airteagal 11(5)

Airteagal 164

Airteagal 12(1)

Airteagal 12(2)

Airteagail 257 go 259

Airteagal 12(3)

Airteagail 84, 90, 92, 93(c), 102 agus 106

Airteagal 12(4)

Airteagail 143 go 149 agus 152 go 154

Airteagal 12(5)

Airteagal 12(6)

Airteagal 268

Airteagal 13(1)

Airteagail 136, 143 go 149 agus 151

Airteagal 13(2)

Airteagail 95, 97 agus 98 go 101

Airteagal 14

Airteagail 31, 32 agus 33

Airteagal 15

Airteagail 36, 39, 40 agus 41

Airteagal 16

Airteagail 229(1) agus 234(1)

Airteagal 17(1)

Airteagal 229(1)

Airteagal 17(2)

Airteagail 229(1)(a), 230 agus 233

Airteagal 17(3)

Airteagail 230, 233 agus 234

Airteagal 17(4)

Airteagal 230

Airteagal 17(5) agus (6)

Airteagal 18(1) an chéad líne

Airteagal 237

Airteagal 18(1) 2ú go dtí an 4ú líne

Airteagal 18(2)

Airteagal 234(3)

Airteagal 19

Airteagail 234 agus 239

Airteagal 20

Airteagail 229(2) agus 260 go 262

Airteagal 21

Airteagail 144, 146, 162(4) agus (5), 209, 211 agus 213

Airteagal 22

Airteagal 23

Airteagail 140 agus 205

Airteagal 24

Airteagail 229(1)(d), 237 agus 239(2)

Airteagal 25

Airteagal 26

Airteagal 27

Airteagal 28

Airteagal 29

Airteagal 30

13.   Treoir 92/66/CEE



Treoir 92/66/CEE

An Rialachán Seo

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 4 (i bpáirt)

Airteagal 3

Airteagal 18

Airteagal 4

Airteagail 53 go 56 agus 59

Airteagal 5

Airteagail 60 go 63

Airteagal 6

Airteagal 63

Airteagal 7

Airteagail 57, 43(2)(d)

Airteagal 8

Airteagail 55 agus 56

Airteagal 9(1)

Airteagal 64

Airteagal 9(2) go (7)

Airteagail 65 go 68

Airteagal 10

Airteagail 65, 66 agus 67

Airteagal 11

Airteagail 67(b) agus 68(1)(b) agus (2)(a)

Airteagal 12

Airteagail 54, 61(1)(h) agus 63(c)

Airteagal 13

Airteagal 65(2)

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 16

Airteagail 46, 47 agus 69

Airteagal 17

Airteagal 47

Airteagal 18

Airteagail 65(1)(e), 67(a) agus 69

Airteagal 19(1) go (3)

Airteagail 53 go 56 agus 59

Airteagal 19(4)

Airteagail 57 agus 60 go 63

Airteagal 19(5)

Airteagal 71(2)

Airteagal 20

Airteagal 21

Airteagail 43 agus 44

Airteagal 22

Airteagal 23

Airteagal 24

Airteagal 25

Airteagal 26

Airteagal 27

14.   Treoir 92/118/CEE



Treoir 92/118/CEE

An Rialachán Seo

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 4 (i bpáirt)

Airteagal 3

Airteagail 166, 222, 227(c)(iv) agus 228

Airteagal 4(1)

Airteagail 166, 222, 227(c)(iv) agus 228

Airteagal 4(2)

Airteagal 5

Airteagail 166 agus 222

Airteagal 6

Airteagal 16(1)(b) agus (2)(b)

Airteagal 7(1)

Airteagal 7(2)

Airteagail 257 go 259

Airteagal 7(3) agus (4)

Airteagal 7(5)

Airteagal 268

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagail 229 agus 234

Airteagal 10(1) go (4) agus (6)

Airteagail 229, 234, 237 agus 239

Airteagal 10(5)

Airteagal 11

Airteagal 239(2)(c)(ii)

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 239(2)(c)(i)

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 16

Airteagal 239(2)(c)(v)

Airteagal 17

Airteagal 18

Airteagal 19

Airteagal 20

15.   Treoir 92/119/CE



Treoir 92/119/CE

An Rialachán Seo

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 4 (i bpáirt)

Airteagal 3

Airteagal 18

Airteagal 4

Airteagail 53 go 57 agus 59

Airteagal 5

Airteagail 60 go 63

Airteagal 6

Airteagail 70 agus 71(2)

Airteagal 7

Airteagal 63

Airteagal 8

Airteagail 57 agus 43(2)(d)

Airteagal 9

Airteagail 55 agus 57

Airteagal 10

Airteagail 64 agus 71(3)

Airteagal 11

Airteagail 65 go 68 agus 71(2)

Airteagal 12

Airteagail 65 go 68 agus 71(2)

Airteagal 13

Airteagal 67(a)

Airteagal 14

Airteagail 65(2) agus 71(1) agus (3)

Airteagal 15

Airteagal 16

Airteagail 63(b), 67(b) agus 68(1)(b) agus (2)(a)

Airteagal 17

Airteagal 18

Airteagal 19

Airteagail 46, 47 agus 69

Airteagal 20

Airteagail 43 agus 44

Airteagal 21

Airteagal 22

Airteagal 23

Airteagal 24

Airteagal 25

Airteagal 26

Airteagal 27

Airteagal 28

16.   Cinneadh 95/410/CE



Cinneadh 95/410/CE

An Rialachán Seo

Airteagal 1

Airteagail 130 go 132 agus 273

Airteagal 2

Airteagal 131(1)(c)

Airteagal 3

Airteagail 143, 145 agus 146

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 6

17.   Treoir 2000/75/CE



Treoir 2000/75/CE

An Rialachán Seo

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 4 (i bpáirt)

Airteagal 3

Airteagal 18

Airteagal 4(1) agus (2)

Airteagail 54 agus 55

Airteagal 4(3)

Airteagal 53

Airteagal 4(4)

Airteagal 56

Airteagal 4(5)

Airteagal 70

Airteagal 4(6)

Airteagal 59

Airteagal 5

Airteagail 46 agus 47

Airteagal 6

Airteagail 60 go 64, 71(2) agus 69

Airteagal 7

Airteagal 57

Airteagal 8

Airteagail 64,68 agus 71(3)

Airteagal 9

Airteagail 65, 67, 69 agus 71(3)

Airteagal 10(1)

Airteagail 65 agus 67

Airteagal 10(2)

Airteagail 46 agus 47

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 71(3)

Airteagal 13

Airteagal 71(1)

Airteagal 14

Airteagal 65(2)

Airteagal 15

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagal 18

Airteagail 43 agus 44

Airteagal 19

Airteagal 20

Airteagal 21

Airteagal 22

Airteagal 23

18.   Rialachán (CE) Uimh 1760/2000



Rialachán (CE) Uimh 1760/2000

An Rialachán Seo

Airteagal 1

Airteagal 108

Airteagal 2

Airteagal 4 (i bpáirt)

Airteagal 3

Airteagail 108(3) agus 111

Airteagal 4

Airteagail 112(a), 118, 119 agus 120

Airteagal 4a

Airteagal 118(1)(a) agus (2)(a)

Airteagal 4b

Airteagal 118(2)(e)

Airteagal 4c

Airteagal 118(1)(a) agus (2)(a)

Airteagal 4d

Airteagal 118(1)(a)

Airteagal 5

Airteagail 109(1)(a) agus 118(1)(b)

Airteagal 6

Airteagail 110(1)(b), 112(b) agus 118(1)(c)

Airteagal 6a

Airteagal 110(2)

Airteagal 7(1)

Airteagail 102, 106, 107 agus 112(d)

Airteagal 7(2)

Airteagal 118(2)(a)

Airteagal 7(3) agus (4)

Airteagal 102(3)

Airteagal 7(5)

Airteagal 102(4)

Airteagal 7(6)

Airteagal 106

Airteagal 9a

Airteagail 11 agus 13(2)

Airteagal 10(a) go (c)

Airteagail 118, 119 agus 120

Airteagal 10(d) agus (e)

Airteagal 10(f)

Airteagal 270

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 15a

Airteagal 22

Airteagal 22a

Airteagal 22b

Airteagal 23

Airteagal 23a

Airteagal 23b

Airteagal 24

Airteagal 25

19.   Treoir 2001/89/CE



Treoir 2001/89/CE

An Rialachán Seo

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 4 (i bpáirt)

Airteagal 3

Airteagail 18, 19, 20 agus 23

Airteagal 4

Airteagail 54 go 56 agus 59

Airteagal 5

Airteagail 60 go 63 agus 71(2) agus (3)

Airteagal 6

Airteagail 63 agus 71

Airteagal 7

Airteagail 62, 63, 65(1)(b) agus 67

Airteagal 8

Airteagal 57

Airteagal 9

Airteagal 64

Airteagal 10

Airteagail 65 go 68

Airteagal 11

Airteagail 65 go 68

Airteagal 12

Airteagail 61(1)(f), 63(b), 65(1)(f), 67(b) agus 68(1)(b) agus (2)(a)

Airteagal 13

Airteagail 61(3), 63(d) agus 68(2)(a) agus (c)

Airteagal 14

Airteagail 62 agus 63

Airteagal 15

Airteagal 70

Airteagal 16

Airteagal 70 agus Airteagail 31 go 35

Airteagal 17

Airteagail 16, 17(2), 54(2) agus (3), 58(2), 61(1)(g) agus (h), 63(c), 65(1)(b) agus 67(c)

Airteagal 18

Airteagail 16, 46 47, 48 agus 52

Airteagal 19

Airteagail 65(1)(e), 67 agus 69

Airteagal 20

Airteagal 70

Airteagal 21

Airteagal 22

Airteagail 43 agus 44

Airteagal 23

Airteagail 43(2)(d) agus 44

Airteagal 24

Airteagal 25

Airteagal 26

Airteagal 27

Airteagal 28

Airteagal 29

Airteagal 30

Airteagal 31

Airteagal 32

20.   Treoir 2002/60/CE



Treoir 2002/60/CE

An Rialachán Seo

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 4 (i bpáirt)

Airteagal 3

Airteagail 18, 19, 20 agus 23

Airteagal 4

Airteagail 54 go 56 agus 59

Airteagal 5

Airteagail 60 go 63 agus 71(2) agus (3)

Airteagal 6

Airteagail 63 agus 71

Airteagal 7

Airteagail 62 agus 63

Airteagal 8

Airteagal 57

Airteagal 9

Airteagal 64

Airteagal 10

Airteagail 65 go68

Airteagal 11

Airteagail 65 go 68

Airteagal 12

Airteagal 61(1)(f), 63(b), 65(1)(f), 67(b) agus 68(1)(b)

Airteagal 13

Airteagail 61(3), 63(d) agus 68(2)(a) agus (c)

Airteagal 14

Airteagail 62 agus 63

Airteagal 15

Airteagal 70

Airteagal 16

Airteagal 70 agus Airteagail 31 go 35

Airteagal 17(1)

Airteagail 61(1)(f), 63, 65(1)(f) agus (i), agus 67(a) agus (d)

Airteagal 17(2) agus (3)

Airteagal 71(2) agus (3)

Airteagal 18

Airteagail 16, 17(2), 54(2) agus (3), 58(2), 61(1)(g) agus (h), 63(c), 65(1)(b) agus 67(c)

Airteagal 19

Airteagail 16, 46 agus 47

Airteagal 20

Airteagal 21

Airteagail 43 agus 44

Airteagal 22

Airteagail 43(2)(d) agus 44

Airteagal 23

Airteagal 24

Airteagal 25

Airteagal 26

Airteagal 27

Airteagal 28

Airteagal 29

Airteagal 30

21.   Treoir 2002/99/CE



Treoir 2002/99/CE

An Rialachán Seo

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 4 (i bpáirt)

Airteagal 3

Airteagail 166, 222 agus 227(c)(iv)

Airteagal 4

Airteagail 65(1)(c),(d),(g),(h) agus (i), 67, 166, 222, 227 (c)(iv) agus 228(1)

Airteagal 5

Airteagail 167, 168, 223, 224 agus 227(d)(iii)

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 234(1) agus (2)

Airteagal 8

Airteagail 230, 231 agus 232

Airteagal 9

Airteagail 237 agus 238

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 16

22.   Treoir 2003/85/CE



Treoir 2003/85/CE

An Rialachán Seo

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 4 (i bpáirt)

Airteagal 3

Airteagail 18, 19, 20 agus 23

Airteagal 4

Airteagail 54 go 56

Airteagal 5

Airteagal 55(1)(d),(e) agus (2)

Airteagal 6

Airteagail 55(1)(f)(i) agus (2), agus 56(b)

Airteagal 7

Airteagal 55(1)(f)(ii)

Airteagal 8

Airteagal 55(1)(f) agus (2)

Airteagal 9

Airteagal 59

Airteagal 10

Airteagail 60, 61 agus 63

Airteagal 11

Airteagail 61(1)(f) 63(b), 65(1)(f) 67(b) agus 68(1)(b)

Airteagal 12

Airteagal 65(1)(d), (h) agus (i) agus Airteagal 67

Airteagal 13

Airteagal 57

Airteagal 14

Airteagail 61 go 63

Airteagal 15

Airteagail 61 go 63, 70 agus 71(2)

Airteagal 16

Airteagail 61, 62 agus 63

Airteagal 17

Airteagal 71

Airteagal 18

Airteagail 61 agus 63

Airteagal 19

Airteagail 62 agus 63

Airteagal 20

Airteagal 71

Airteagal 21

Airteagail 43(2)(d), 64, 65(1)(d), (h) agus (i), agus (2) agus 67

Airteagal 22

Airteagail 65 go 67

Airteagal 23

Airteagail 65 go 67

Airteagal 24

Airteagail 67 agus 71(1)

Airteagal 25

Airteagail 65(1)(c), (d)(i), (g), (h) agus (i) agus 67

Airteagal 26

Airteagail 65(1)(c),(d)(i),(g),(h) agus (i), 67 agus 166

Airteagal 27

Airteagail 65(1)(c),(d)(i),(g), (h) agus (i), 67, agus 166

Airteagal 28

Airteagail 65(1)(c) agus (d)(iii) agus Airteagal 67

Airteagal 29

Airteagail 65(1)(c),(d)(ii) agus 67

Airteagal 30

Airteagail 65(1)(c) agus (d)(ii) agus(iii) agus 67

Airteagal 31

Airteagail 65(1)(c) agus (d)(ii) agus 67

Airteagal 32

Airteagail 65(1)(c) agus (d) agus 67

Airteagal 33

Airteagal 65(1)(c)(d)(ii) agus 67

Airteagal 34

Airteagail 67, 143(2), 161(2) agus 167(1)(b)

Airteagal 35

Airteagal 71(1) agus (2)

Airteagal 36

Airteagal 68

Airteagal 37

Airteagail 65 go 67

Airteagal 38

Airteagail 65 go 67

Airteagal 39

Airteagail 65(1)(c),(d)(i),(g), (h) agus (i), 67 agus 166

Airteagal 40

Airteagail 65(1)(c),(d)(i),(g), (h) agus (i), 67 agus 166

Airteagal 41

Airteagail 65(1)(c) agus (d)(ii) agus 67

Airteagal 42

Airteagail 65(1)(c) agus (d) agus 67

Airteagal 43

Airteagal 71(1)

Airteagal 44

Airteagal 68

Airteagal 45

Airteagail 64, 67 agus 71

Airteagal 46

Airteagail 65 agus 67

Airteagal 47

Airteagail 65(1)(h) agus 67

Airteagal 48

Airteagal 66

Airteagal 49

Airteagail 16, 46 agus 47

Airteagal 50

Airteagail 46,47 agus 69

Airteagal 51

Airteagail 47 agus 69

Airteagal 52

Airteagail 46 agus 47

Airteagal 53

Airteagail 46 agus 47

Airteagal 54

Airteagail 47, 65, 67 agus 69(2) agus(3)

Airteagal 55

Airteagail 47, 65, 67, agus 69(2) agus (3)

Airteagal 56

Airteagail 47, 67(c), 68(1)(c) agus 69(2) agus (3)

Airteagal 57

Airteagail 47, 67(c), 68(1)(c) agus 69(2) agus (3)

Airteagal 58

Airteagal 68

Airteagal 59

Airteagail 36, 38, 39, 40 agus 68

Airteagal 60

Airteagail 36, 38, 39, 40 agus 68

Airteagal 61

Airteagail 36, 38, 39, 40 agus 68

Airteagal 62

Airteagal 68

Airteagal 63

Airteagail 143(2), 161(2) agus 167(1)(b)

Airteagal 64

Airteagail 65(1)(c), 67, 69(3) agus 131

Airteagal 65

Airteagal 16

Airteagal 66

Airteagal 67

Airteagal 68

Airteagal 69

Airteagal 70

Airteagal 16

Airteagal 71

Airteagail 54(2) agus (3), 58(2), 61(1)(g) agus (h), 63(c) 65(1)(b), 67(c) agus 68(1)(c) agus 2(b)

Airteagal 72

Airteagal 43

Airteagal 73

Airteagal 45

Airteagal 74

Airteagal 43(2)(d)

Airteagal 75

Airteagal 44

Airteagal 76

Airteagail 43(2)(d) agus 44

Airteagal 77

Airteagal 44

Airteagal 78

Airteagal 43(2)(d)

Airteagal 79

Airteagal 52

Airteagal 80

Airteagail 48 agus 51

Airteagal 81

Airteagail 48(3) agus 50

Airteagal 82

Airteagail 48(3) agus 50

Airteagal 83

Airteagal 49

Airteagal 84

Airteagail 48(3) agus 50

Airteagal 85

Airteagail 70 agus 71

Airteagal 86

Airteagal 268

Airteagal 87

Airteagal 88

Airteagal 71(3)

Airteagal 89

Airteagal 90

Airteagal 91

Airteagal 92

Airteagal 93

Airteagal 94

Airteagal 95

23.   Rialachán (CE) Uimh 21/2004



Rialachán (CE) Uimh 21/2004

An Rialachán Seo

Airteagal 1

Airteagal 108

Airteagal 2

Airteagal 4 (i bpáirt)

Airteagal 3(1)

Airteagal 108(3)

Airteagal 3(2)

Airteagal 111

Airteagal 4(1) agus (2)

Airteagail 113(a), 118, 119 agus 120

Airteagal 4(3)

Airteagal 118(2)(a)

Airteagal 4(4)

Airteagal 118(2)(e)

Airteagal 4(5) go (7)

Airteagal 118(1) (a) agus 2(a)

Airteagal 4(8)

Airteagal 111

Airteagal 4(9)

Airteagal 118(1)(a) agus 2(a)

Airteagal 5

Airteagail 102, 106, 107 agus 111

Airteagal 6

Airteagail 111(b), 113(1)(b) agus 113(2), 118(1)(b)(ii), 119 agus 120(2)(d)

Airteagal 7

Airteagal 101

Airteagal 8(1)

Airteagail 109(1)(b) agus 118(1)(b),

Airteagal 8(2)

Airteagal 113(1)(c),

Airteagal 8(3) go (5)

Airteagail 109118(1)(b)

Airteagal 9

Airteagal 118(1)(a) agus 2(a)

Airteagal 10(1)

Airteagal 10(2)

Airteagal 120(2)(c)

Airteagal 11

Airteagail 11 agus 13(2)

Airteagal 12(1)

Airteagal 12(2)

Airteagal 268

Airteagal 12(4) go (7)

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 16

Airteagal 17

24.   Treoir 2004/68/CE



Treoir 2004/68/CE

An Rialachán Seo

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 4 (i bpáirt)

Airteagal 3(1)

Airteagail 229(1)(a) agus 231

Airteagal 3(2)

Airteagal 232(1)

Airteagal 4

Airteagal 230(1)

Airteagal 5

Airteagail 230(1) agus (3) agus 231

Airteagal 6

Airteagail 234 agus 235

Airteagal 7

Airteagail 229(2), 234(2)(a), 235 agus 238(1)(e)

Airteagal 8

Airteagail 234, 237(4)(a) agus 239(2)(a)

Airteagal 9

Airteagail 234(2), 235 agus 237 (4)(a)

Airteagal 10

Airteagail 234(2), 235 agus 237(4)(a)

Airteagal 11

Airteagail 229(1)(d), 237 agus 238

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagal 18

Airteagal 19

Airteagal 20

Airteagal 21

25.   Treoir 2005/94/CE



Treoir 2005/94/CE

An Rialachán Seo

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 4 (i bpáirt)

Airteagal 3

Airteagal 10

Airteagal 4

Airteagail 26, 28 agus 29

Airteagal 5

Airteagail 18, 19, 20 agus 23

Airteagal 6

Airteagal 57

Airteagal 7

Airteagail 54 go 56

Airteagal 8

Airteagal 55(2)

Airteagal 9

Airteagal 59

Airteagal 10

Airteagail 55(1)(e) agus (f) agus 56

Airteagal 11

Airteagail 61 agus 63

Airteagal 12

Airteagail 63 agus 71

Airteagal 13

Airteagail 61 agus 63

Airteagal 14

Airteagal 63(a)

Airteagal 15

Airteagail 62 agus 63(e)

Airteagal 16

Airteagal 64

Airteagal 17

Airteagail 65 go 67

Airteagal 18

Airteagail 65(1)(a) agus (b) agus 67

Airteagal 19

Airteagail 65 go 67

Airteagal 20

Airteagail 65(1)(d)(ii) agus 67

Airteagal 21

Airteagail 65(1)(c) agus (i) agus 67

Airteagal 22

Airteagal 65(1)(c) agus (i) agus Airteagal 67

Airteagal 23

Airteagail 65(1)(c) agus 67

Airteagal 24

Airteagail 65(1)(c) agus 67

Airteagal 25

Airteagail 65(1)(c) agus 67

Airteagal 26

Airteagail 65(1)(c) agus 67

Airteagal 27

Airteagail 65(1)(d)(ii) agus 67

Airteagal 28

Airteagail 65(1)(f) agus 67(b)

Airteagal 29

Airteagal 68

Airteagal 30

Airteagail 65 go 67

Airteagal 31

Airteagal 68

Airteagal 32

Airteagail 65, 67 agus 71(2) agus (3)

Airteagal 33

Airteagail 67 agus 71(3)

Airteagal 34

Airteagail 71

Airteagal 35

Airteagail 54 agus 61

Airteagal 36

Airteagail 61 go 63

Airteagal 37

Airteagail 61 go 63

Airteagal 38

Airteagail 61, 63, 65 agus 67

Airteagal 39

Airteagail 61, 63 agus 71(2)

Airteagal 40

Airteagail 61,63 agus 71

Airteagal 41

Airteagail 61,63 agus 71(2) agus (3)

Airteagal 42

Airteagail 62 agus 63(e)

Airteagal 43

Airteagal 64

Airteagal 44

Airteagail 65 agus 67

Airteagal 45

Airteagal 68

Airteagal 46

Airteagail 64(4), 67 agus 71(2) agus (3)

Airteagal 47

Airteagail 54, 55, 61, 63 agus 71

Airteagal 48

Airteagal 68(1)(b) agus (2)(a)

Airteagal 49

Airteagail 61(3) agus 68

Airteagal 50

Airteagail 16, 54(2)(b) agus (c) agus (3), 58(2), 61(1)(g) agus (h), 63(c), 65(1)(b), 67(c), 68(1)(c) agus 2(b)

Airteagal 51

Airteagal 52

Airteagail 46 agus 47

Airteagal 53

Airteagal 69

Airteagal 54

Airteagail 47, 65(1)(e), 67 69 agus 71(3)

Airteagal 55

Airteagail 47, 65(1)(e), 67, 69 agus 71(3)

Airteagal 56

Airteagail 46 agus 47

Airteagal 57

Airteagal 47

Airteagal 58

Airteagail 48 go 50

Airteagal 59

Airteagal 52

Airteagal 60

Airteagal 61

Airteagal 268

Airteagal 62

Airteagail 43 agus 44

Airteagal 63

Airteagal 64

Airteagal 65

Airteagal 66

Airteagal 67

Airteagal 68

Airteagal 69

26.   Treoir 2006/88/CE



Treoir 2006/88/CE

An Rialachán Seo

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagail 2 agus 3(2)

Airteagal 3

Airteagal 4 (i bpáirt)

Airteagal 4(1)

Airteagail 172, 173, 176 agus 177

Airteagal 4(2)

Airteagal 179

Airteagal 4(3)

Airteagal 185(2)

Airteagal 4(4)

Airteagail 172, 173, 174 agus 175

Airteagal 4(5)

Airteagal 5

Airteagal 181

Airteagal 6

Airteagal 185

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagail 186, 187, 188 agus 189

Airteagal 9

Airteagal 181(1)(a)(i), (2) agus (3)

Airteagal 10

Airteagail 181 (1)(a)(ii), (2) agus (3)

Airteagal 11

Airteagail 191 agus 204

Airteagal 12

Airteagal 191

Airteagal 13

Airteagal 192

Airteagal 14(1) agus (2)

Airteagail 208 agus 211

Airteagal 14(3) agus (4)

Airteagail 219 agus 220

Airteagal 15(1) agus (2)

Airteagail 196, 197

Airteagal 15(3)

Airteagal 193

Airteagal 15(4)

Airteagail 196, 197 agus 199

Airteagal 16

Airteagal 197

Airteagal 17

Airteagal 197

Airteagal 18

Airteagail 201 agus 202

Airteagal 19

Airteagail 201 agus 202

Airteagal 20

Airteagal 200

Airteagal 21

Airteagail200, 203, 205 agus 226

Airteagal 22

Airteagal 229(1)(a)

Airteagal 23

Airteagail 230agus 231

Airteagal 24

Airteagail 229(1)(d) agus 237

Airteagal 25

Airteagail 234, 237 agus 238

Airteagal 26

Airteagal 18

Airteagal 27

Airteagail 19 agus 20

Airteagal 28

Airteagail 53 go 55 agus 72 go 74

Airteagal 29

Airteagail 57 agus 77(1)(b)

Airteagal 30

Airteagail 59 agus 78

Airteagal 31

Airteagal 32

Airteagail 60, 61, 62 agus 64

Airteagal 33

Airteagail 65 go 67

Airteagal 34

Airteagal 61(1)(b)agus (c) agus Airteagal 63

Airteagal 35

Airteagal 61(3) agus 63

Airteagal 36

Airteagal 37

Airteagal 68

Airteagal 38

Airteagail 77, 79 agus 80(3)

Airteagal 39

Airteagail 79 agus 80

Airteagal 40

Airteagal 81

Airteagal 41

Airteagal 257(1)(b) agus (c)

Airteagal 42

Airteagal 71(3)

Airteagal 43

Airteagal 226

Airteagal 44

Airteagail 27, 28, 31 agus 32

Airteagal 45

Airteagal 33

Airteagal 46

Airteagal 31(2)

Airteagal 47

Airteagail 43 agus 44

Airteagal 48

Airteagal 46 agus 47

Airteagal 49

Airteagal 36

Airteagal 50

Airteagal 36 agus 37

Airteagal 51

Airteagal 38

Airteagal 52

Airteagal 41

Airteagal 53

Airteagal 42

Airteagal 54

Airteagal 55

Airteagal 56

Airteagal 57(a)

Airteagal 57(b)

Airteagail 54(2)(c) agus (3), 58, 61(1)(g) agus (h), 63(c), 65(1)(b) agus 67(c)

Airteagal 57(c)

Airteagal 58

Airteagal 59

Airteagail 38 agus 185 (i bpáirt)

Airteagal 60

Airteagal 268

Airteagal 61

Airteagal 62

Airteagal 63

Airteagal 64

Airteagal 65

Airteagal 66

Airteagal 67

27.   Treoir 2008/71/CE



Treoir 2008/71/CE

An Rialachán Seo

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 4 (i bpáirt)

Airteagal 3(1)

Airteagail 101 agus111

Airteagal 3(2)

Airteagail 118(2) agus 119–

Airteagal 4(1)

Airteagail 102, 107 agus 119

Airteagal 4(2)

Airteagal 102(3)

Airteagal 5(1)

Airteagail 115(a), 118(1)(a) agus (2)(a) agus 120

Airteagal 5(2)

Airteagal 118(1)(a) agus (2)(a)

Airteagal 6(1)

Airteagail 115(a), 118(1)(a) agus (2)(a) agus 120

Airteagal 6(2)

Airteagal 7

Airteagal 109(1)(c) agus (2)

Airteagal 8

Airteagal 118(2)(e)

Airteagal 9

Airteagal 268

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 13

28.   Treoir 2009/156/CE



Treoir 2009/156/CE

An Rialachán Seo

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 4 (i bpáirt)

Airteagal 3

Airteagail 126 agus 139

Airteagal 4(1)

Airteagail 130 agus 149(3)

Airteagal 4(2)

Airteagail 130 agus 131

Airteagal 4(3)

Airteagal 128

Airteagal 4(4)

Airteagail 114, 118 agus 120

Airteagal 4(5)

Airteagail 126(1)(b), 130 agus 131

Airteagal 4(6)

Airteagail 31 go 35

Airteagal 5

Airteagail 130 agus 131

Airteagal 6

Airteagail 130, 131 agus 144(1)(b)

Airteagal 7(1)

Airteagail 126(2) agus 133

Airteagal 7(2)

Airteagail 131 agus 132

Airteagal 7(3)

Airteagal 130, 131 agus 132

Airteagal 8

Airteagail 114(1)(c), 118, 120 agus 143 go 146

Airteagal 9

Airteagail 257 go 259 (i bpáirt)

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 12(1),(2) agus (3)

Airteagail 229(1)(a),230 agus 231

Airteagal 12(4)

Airteagal 234

Airteagal 12(5)

Airteagal 13

Airteagail 234 agus 235

Airteagal 14

Airteagal 234

Airteagal 15

Airteagal 234

Airteagal 16

Airteagail 234, 235 agus 237

Airteagal 17

Airteagal 234

Airteagal 18

Airteagal 19(a) go (c)

Airteagail 234 agus 239

Airteagal 19(d)

Airteagal 20

Airteagal 21

Airteagal 22

Airteagal 23

Airteagal 24

29.   Treoir 2009/158/CE



Treoir 2009/158/CE

An Rialachán Seo

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 4 (i bpáirt)

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagail 126, 130, 131, 159 agus 160

Airteagal 6

Airteagail 124, 126 agus 159

Airteagal 7

Airteagal 101

Airteagal 8

Airteagail 159 agus 160

Airteagal 9

Airteagail 130 agus 131

Airteagal 10

Airteagail 130, 131 agus 149(3) agus (4)

Airteagal 11

Airteagail 130, 131 agus 149(3) agus (4)

Airteagal 12

Airteagail 130 agus 131

Airteagal 13

Airteagail 131 agus 273

Airteagal 14

Airteagal 131

Airteagal 15(1)(a)

Airteagail 159 agus 160

Airteagal 15(1)(b) go (d)

Airteagail 130 agus 131

Airteagal 15(2)

Airteagail 31 go 35 agus 36(3)

Airteagal 15(3)

Airteagal 42

Airteagal 16

Airteagail 31 go 35

Airteagal 17

Airteagail 36, 39 agus 40

Airteagal 18

Airteagail 117, 118(2)(e), 122(2), 124, 125, 126(1)(a) agus (2), 132 agus 157(3)

Airteagal 19

Airteagail 130 agus 131

Airteagal 20

Airteagail 143(1)(a), 144, 145, 149 agus 161 agus 162

Airteagal 21

Airteagail 139 agus 144(1)(a) agus (b)

Airteagal 22

Airteagal 23

Airteagail 229(1)(a), 230 agus 231

Airteagal 24

Airteagal 234

Airteagal 25

Airteagal 234

Airteagal 26

Airteagal 237

Airteagal 27

Airteagal 28

Airteagail 234, 235 agus 236

Airteagal 29

Airteagail 234, 235 agus 239

Airteagal 30

Airteagal 234

Airteagal 31

Airteagail 257 go 259

Airteagal 32

Airteagal 33

Airteagal 34

Airteagal 35

Airteagal 36

Airteagal 37

Airteagal 38

30.   Rialachán (AE) Uimh. 576/2013



Rialachán (AE) Uimh. 576/2013

An Rialachán Seo

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagail 3(5) agus (6) agus 244

Airteagal 3

Airteagal 4 (i bpáirt)

Airteagal 4

Airteagal 245(1)

Airteagal 5(1) agus (2)

Airteagal 246(1) agus (2)

Airteagal 5(3)

Airteagal 5(4)

Airteagail 3(4) go (6)

Airteagal 5(5)

Airteagal 246(3)

Airteagal 5(6)

Airteagal 6

Airteagail 247 agus 252(1) (a) agus (b)

Airteagal 7

Airteagal 252(1)(b) agus (4)(d)

Airteagal 8(1) agus (3)

Airteagal 252(1)(b) agus (d)

Airteagal 8(2)

Airteagal 253(1)(b)

Airteagal 9

Airteagail 248 agus 252(1)(a) agus (b)

Airteagal 10

Airteagail 249 agus 252(1)(a) agus (b)

Airteagal 11

Airteagal 252(1)(b) agus (4)(d)

Airteagal 12

Airteagal 252(1)(b) agus (4)(d)

Airteagal 13

Airteagail 252(4(d) agus 253(1)(d)

Airteagal 14

Airteagal 250 agus 252(1)(a) agus (b)

Airteagal 15

Airteagail 252(4) agus 253(1)(d)

Airteagal 16

Airteagal 251

Airteagal 17

Airteagail 247(a) agus 252(1)(a)

Airteagal 18

Airteagail 252(1)(a)(ii) agus 14(1)(b)(iv) agus (2)

Airteagal 19

Airteagal 252(1)(a), (2), (3) agus (4)(a),(b) agus(c)

Airteagal 20

Airteagal 253(1)(c)

Airteagal 21

Airteagail 254(a) agus 255(1) agus (2)(b)

Airteagal 22

Airteagal 254(d)

Airteagal 23

Airteagal 254(b)

Airteagal 24

Airteagal 254(c)

Airteagal 25

Airteagail 254(a) agus 255(1)

Airteagal 26

Airteagal 254(d)

Airteagal 27

Airteagal 254(c)

Airteagal 28

Airteagail 254(a) agus 255(2)(a)

Airteagal 29

Airteagal 254(d)

Airteagal 30

Airteagail 254(a) agus 255(2)(a)

Airteagal 31

Airteagal 254(d)

Airteagal 32

Airteagal 252(4)(e)

Airteagal 33

Airteagal 34

Airteagal 35

Airteagal 36

Airteagail 257 go 262

Airteagal 37

Airteagal 256

Airteagal 38

Airteagal 39

Airteagal 40

Airteagal 41

Airteagal 42

Airteagal 268

Airteagal 43

Airteagal 44

Airteagal 45



( 1 ) Rialachán ►C2  (AE) 2017/625 ◄ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh 1151/2012, (AE) Uimh 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) ( ►C2  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1 ◄ ).

( 2 ) Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 ag leagan síos rialacha sonracha sláinteachais do bhia de thionscnamh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55)

( 3 ) Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le speicis fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialú (IO L 61, 3.3.1997, lch. 1).

( 4 ) Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

( 5 ) Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

( *1 ) Cinneadh 2003/644/CE ón gCoimisiúin an 8 Meán Fómhair 2003 lena mbunaítear ráthaíochtaí breise maidir le salmonella do choinsíneachtaí d'ealtaí éanlaith phórúcháin agus sicíní aon lá d'aois don Fhionlainn agus don tSualainn lena dtabhairt isteach in ealtaí éanlaith chlóis phorúcháin nó ealtaí éanlaith chlóis tháirgiúil (IO L 228, 12.9.2003, lch. 29).

( *2 ) Cinneadh 2004/235/CE ón gCoimisiún an 1 Márta 2004 lena mbunaítear ráthaíochtaí breise maidir le salmonella do choisíneachtaí béaróg don Fhionlainn agus don tSualainn (IO L 72, 11.3.2004, lch. 86).”

( *3 ) Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bhia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).

( *4 ) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú chumhachtaí chur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”