2014R0537 — GA — 16.06.2014 — 000.002


►B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 537/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Aibreán 2014

maidir le ceanglais shonracha a bhaineann le hiniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/909/CE ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(IO L 158, 27.5.2014, p.77)


Arna cheartú le

►C1

, IO L 083, 27.3.2015, lch. 42 (Uimh. 537/2014)




▼B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 537/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Aibreán 2014

maidir le ceanglais shonracha a bhaineann le hiniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/909/CE ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)



TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ( 1 ),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach ( 2 ),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Cuirtear cúram ar iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta de réir dlí iniúchóireachtaí reachtúla a dhéanamh ar eintitis leasa phoiblí d'fhonn cur le méid muiníne an phobail i ráitis chomhdhlúite airgeadais agus ráitis bhliantúla airgeadais eintiteas den sórt sin. Ciallaíonn feidhm leasa phoiblí iniúchóireachta reachtúla go mbraitheann pobal leathan daoine agus institiúidí ar cháilíocht oibre iniúchóra reachtúil nó gnólachta iniúchóireachta. Rannchuidíonn cáilíocht mhaith iniúchóireachta le feidhmiú ordúil margaí trí chur le sláine agus le héifeachtúlacht ráiteas airgeadais, comhlíonann iniúchóirí reachtúla ról sochaíoch a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis ar an dóigh sin.

(2)

Ceanglaíonn reachtaíocht an Aontais go ndéanfaí iniúchóireacht ar ráitis airgeadais, a chuimsíonn ráitis bhliantúla airgeadais nó ráitis chomhdhlúite airgeadais institiúidí creidmheasa, gnóthais árachais, eisitheoirí urrús a ligtear isteach sa trádáil ar mhargadh rialaithe, institiúidí íocaíochta, gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS), institiúidí airgeadais leictreonacha agus cistí infheistíochta malartacha ag duine amháin nó níos mó atá i dteideal iniúchóireachtaí den sórt sin a dhéanamh de réir dhlí an Aontais, eadhon: Airteagal 1(1) de Threoir 86/635/CEE ón gComhairle ( 3 ), Airteagal 1(1) de Threoir 91/674/CEE ón gComhairle ( 4 ), Airteagal 4(4) de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ), Airteagal 15(2) de Threoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ), Airteagal 73 de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ), Airteagal 3(1) de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 ), agus Airteagal 22(3) de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ). Thairis sin, ceanglaítear le pointe (1) d'Airteagal 4(1) de Threoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 ) freisin go ndéanfaí iniúchóireacht ar ráitis bhliantúla airgeadais gnólachtaí infheistíochta nuair nach bhfuil Treoir 2013/34/AE ( 11 ) infheidhme.

(3)

Leagtar síos na coinníollacha do fhormheasadh na ndaoine atá freagrach as an iniúchóireacht reachtúil mar aon leis na híoscheanglais chun a leithéid d'iniúchóireacht reachtúil a dhéanamh i dTreoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 12 ).

(4)

An 13 Deireadh Fómhair 2010 d'fhoilsigh an Coimisiún Páipéar Uaine dar teideal “Beartas Iniúchóireachta: Ceachtanna ón nGéarchéim”, lenar seoladh comhairliúchán poiblí leathan, i gcomhthéacs ginearálta athchóiriú reachtúil an mhargaidh airgeadais, i ndáil le ról agus raon feidhme na hiniúchóireachta agus an chaoi a bhféadfaí an fheidhm iniúchóireachta a fheabhsú chun rannchuidiú le méadú na cobhsaíochta airgeadais. Thaispeáin an comhairliúchán poiblí sin go bhféadfaí rialacha Treoir 2006/43/CE maidir le déanamh iniúchóireachta reachtúla ar ráitis bhliantúla airgeadais agus ráitis chomhdhlúite airgeadais eintiteas leasa phoiblí a fheabhsú. D'eisigh Parlaimint na hEorpa tuarascáil féin-tionscnaimh ar an bPáipéar Uaine an 13 Meán Fómhair 2011. Ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa le tuarascáil ar an bPáipéar Uaine sin freisin an 16 Meitheamh 2011.

(5)

Tá sé tábhachtach rialacha mionsonraithe a leagan síos d'fhonn a áirithiú go bhfuil cáilíocht leordhóthanach ag iniúchóireachtaí reachtúla eintiteas leasa phoiblí agus gur iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann iad faoi réir diancheanglas. Ba cheart go gcuirfeadh cur chuige reachtúil comhchoiteann le hionracas, neamhspleáchas, oibiachtúlacht, trédhearcacht agus iontaofacht iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireachtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí, ag rannchuidiú le cáilíocht iniúchóireachtaí reachtúla san Aontas, agus mar sin le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh, agus ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus d'infheisteoirí á bhaint amach ag an am céanna. Ba cheart freisin go n-áiritheodh forbairt achta ar leith d'eintitis leasa phoiblí comhchuibhiú comhsheasmhach agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na rialacha, rud a rannchuideodh ar an dóigh sin le feidhmiú níos éifeachtaí an mhargaidh inmheánaigh. Níor cheart go mbeadh na diancheanglais sin infheidhme maidir le hiniúchóirí reachtúla nó le gnólachtaí iniúchóireachta ach amháin a mhéid go ndéanann siad iniúchóireachtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí.

(6)

Buntréith de chuid iniúchóireachta reachtúla ar chomharchumainn agus ar bhainc choigiltis i roinnt Ballstát is ea é gur córas é nach gceadaíonn dóibh a n-iniúchóir ná a ngnólacht iniúchóireachta a roghnú faoi shaoirse. Tá oibleagáid faoin dlí ar an gcomhlachas iniúchóireachta lena mbaineann an comharchumann nó an banc coigiltis ina cháilíocht de chomhalta an iniúchóireacht reachtúil a dhéanamh. Is ar bhonn neamhbhrabúsmhar a fheidhmíonn comhlachais iniúchóireachta den sórt sin, gan leas tráchtála á shaothrú acu, de bharr a gcineáil dhlíthiúil. Chomh maith leis sin, ní bheidh aon bhaint ag aonaid eagraíochtúla na gcomhlachas iniúchóireachta seo le comhleas eacnamaíoch, rud a chuirfeadh a neamhspleáchas i mbaol. Dá réir sin, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann iad seo a leanas a dhíolmhú ón Rialachán seo: comharchumainn de réir bhrí phointe (14) d'Airteagal (2) de Threoir 2006/43/CE, bainc choigiltis nó eintitis chomhchosúla dá dtagraítear in Airteagal 45 de Threoir 86/635/CEE nó a gcuid fochuideachtaí nó a gcuid comharbaí dlíthiúla, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar prionsabail an neamhspleáchais a leagtar síos i dTreoir 2006/43/CE.

(7)

Féadfaidh leibhéal na dtáillí a fhaightear ó eintiteas amháin a ndéantar iniúchóireacht air, agus struchtúr na dtáillí, bagairt a dhéanamh ar neamhspleáchas iniúchóra reachtúil nó gnólachta iniúchóireachta. Ar an dóigh sin, tá sé tábhachtach a áirithiú nach bhfuil táillí iniúchóireachta bunaithe ar aon chineál teagmhais agus, nuair is táillí suntasacha iad na táillí iniúchóireachta ó chliant aonair lena n-áirítear a chuid fochuideachtaí, go mbunaítear nós imeachta ar leith, lena mbeidh an coiste iniúchóireachta bainteach, chun cáilíocht na hiniúchóireachta a áirithiú. Má théann spleáchas an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta ar an aon chliant aonair chun na hiomarca, ba cheart don choiste iniúchóireachta cinneadh a dhéanamh ar bhonn na bhforas cuí cé acu an bhféadfaidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta leanúint den iniúchóireacht reachtúil. Agus cinneadh mar sin á dhéanamh aige, ba cheart don choiste iniúchóireachta, inter alia, na bagairtí ar neamhspleáchas agus iarmhairtí cinnidh den sórt sin, a chur san áireamh.

(8)

Dá ndéanfadh iniúchóirí reachtúla, gnólachtaí iniúchóireachta nó comhaltaí dá líonraí seirbhísí áirithe seachas iniúchóireacht reachtúil (seirbhísí neamh-iniúchóireachta) a sholáthar d'eintitis a ndéantar iniúchóireacht orthu, d'fhéadfaí baint de neamhspleáchas na n-eintiteas sin. Is iomchuí mar sin, go gcuirfí cosc ar sheirbhísí áirithe neamh-iniúchóireachta mar shampla, seirbhísí sonracha cánach, comhairleachta agus comhairleacha (“an dúliosta”) a sholáthar don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, dá mháthairghnóthas agus dá ghnóthais rialaithe laistigh den Aontas. D'fhéadfadh go n-áirítear sna seirbhísí lena mbaineann páirt a ghlacadh i mbainistiú nó i gcinnteoireachta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air bainistiú caipitil oibre, soláthar faisnéise airgeadais, optamú próisis ghnó, bainistiú airgid, praghsáil aistrithe, éifeachtúlacht sa slabhra soláthair a chruthú agus a leithéid. Ba cheart go mbeadh cosc ar sheirbhísí atá nasctha le maoiniú, le struchtúr agus leithdháileadh caipitil, agus le straitéis infheistíochta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air seachas soláthar seirbhísí amhail seirbhísí díchill, litreacha suaimhnis a eisiúint i dtaca le réamheolairí arna n-eisiúint ag an eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air agus seirbhísí árachais eile.

(9)

Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh chun cead a thabhairt do na hiniúchóirí reachtúla agus do na gnólachtaí iniúchóireachta seirbhísí áirithe cánach agus luachála a sholáthar nuair atá seirbhísí den sórt sin neamhábhartha nó nach bhfuil éifeacht dhíreach, ar leith nó san iomlán, acu ar na ráitis airgeadais iniúchta. Nuair a bhaineann seirbhísí den sórt sin le pleanáil ionsaitheach chánach, níor cheart iad a mheas mar sheirbhísí neamhábhartha. Dá réir sin, níor cheart d'iniúchóir reachtúil nó do ghnólacht iniúchóireachta seirbhísí den sórt sin a sholáthar don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air. Ba cheart go bhféadfadh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta seirbhísí neamh-iniúchóireachta a sholáthar, ar seirbhísí iad nach bhfuil cosc orthu faoin Rialachán seo, más tá soláthar na seirbhísí sin formheasta ag an gcoiste iniúchóireachta roimh ré agus má tá sé deimhnithe ag an iniúchóir reachtúil dó féin nó ag an ngnólacht iniúchóireachta dó féin nach bhfuil soláthar na seirbhísí sin ina bhagairt ar neamhspleáchas an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta nach féidir a laghdú chuig leibhéal inghlactha trí chosaint a chur i bhfeidhm.

(10)

D'fhonn coinbhleachtaí leasa a sheachaint tá sé tábhachtach go ndéanfadh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta, roimh ghlacadh nó leanúint le fostaíocht d'iniúchóireacht reachtúil ar eintiteas leasa phoiblí, measúnú cibé ar comhlíonadh na ceanglais neamhspleáchais, agus go háirithe ar eascair aon bhagairtí ar an neamhspleáchas de thoradh an chaidrimh leis an eintiteas sin. Ba cheart don iniúchóir reachtúil nó don ghnólacht iniúchóireachta a neamhspleáchas a dhearbhú go bliantúil don choiste iniúchóireachta den eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air agus ba cheart dó aon bhagairt ar a neamhspleáchas a phlé leis an gcoiste sin mar aon leis na coimircí a cuireadh i bhfeidhm chun na bagairtí sin a mhaolú.

(11)

Ba cheart go rialófaí próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar sna Ballstáit i gcomhthéacs an Rialacháin seo le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 13 ) agus ba cheart go mbeadh an phróiseáil sonraí sin faoi réir mhaoirseacht údaráis inniúla na mBallstát, go háirithe na húdaráis neamhspleácha phoiblí ainmnithe ag na Ballstáit. Ba cheart go gcomhlíonfadh aon mhalartú nó tarchur faisnéise idir údaráis inniúla na rialacha maidir le tarchur sonraí pearsanta mar atá leagtha síos i dTreoir 95/46/CE.

(12)

Ba cheart go gcuideodh athbhreithniú fónta rialaithe cáilíochta na fostaíochta i ngach fostaíocht iniúchóireachta reachtúla le hiniúchóireacht ardcháilíochta. Mar sin níor cheart don iniúchóir nó don ghnólacht iniúchóireachta a thuarascáil iniúchóireachta nó a tuarascáil iniúchóireachta a eisiúint go dtí go mbíonn athbhreithniú rialaithe cáilíochta na fostaíochta den sórt sin tugtha chun críche.

(13)

Ba cheart torthaí na hiniúchóireachta reachtúla ar eintiteas leasa phoiblí a chur i láthair na scairshealbhóirí sa tuarascáil iniúchóireachta. Chun muinín na scairshealbhóirí i ráitis airgeadais an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air a mhéadú, tá sé an-tábhachtach go mbeadh bunús maith leis an tuarascáil iniúchóireachta agus í réasúnaithe go dlúth. Chomh maith leis an bhfaisnéis a cheanglaítear a chur ar fáil faoi Airteagal 28 de Threoir 2006/43/CE, ba cheart go mbeadh faisnéis leordhóthanach sa tuarascáil iniúchóireachta maidir le neamhspleáchas an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta agus cé acu a bhí sé de chumas ag an iniúchóireacht reachtúil mírialtachtaí a bhrath, lena n-áirítear calaois.

(14)

Chuirfí go mór le luach na hiniúchóireachta reachtúla don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air dá n-athneartófaí an chumarsáid idir an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta, ar thaobh amháin, agus an coiste iniúchóireachta, ar an taobh eile. Anuas ar an idirphlé rialta le linn déanamh iniúchóireachta reachtúla, tá sé tábhachtach go gcuireann an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta tuarascáil bhreise níos mionsonraithe ar thorthaí na hiniúchóireachta reachtúla faoi bhráid an choiste iniúchóireachta. Níor cheart an tuarascáil bhreise sin a chur faoi bhráid an choiste iniúchóireachta níos déanaí ná an tuarascáil iniúchóireachta. Ba cheart don iniúchóir reachtúil nó don ghnólacht iniúchóireachta, arna iarraidh sin dóibh, ábhair thábhachtacha a luadh sa tuarascáil bhreise a phlé leis an gcoiste iniúchóireachta. Ina theannta sin, ba cheart go bhféadfaí tuarascáil bhreise mhionsonraithe den sórt sin a chur ar fáil d'údaráis inniúla atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta arna iarraidh sin dóibh, agus do thríú páirtithe i gcás ina bhforáiltear amhlaidh sa dlí náisiúnta.

(15)

Cuireann iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta faisnéis faoi fhíricí nó faoi chinntí ar fáil cheana féin d'údaráis inniúla a dhéanann maoirseoireacht ar eintitis leasa phoiblí a bhféadfadh a bheith ina sárú ar na rialacha lena rialaítear gníomhaíochtaí an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air nó i lagú ar fheidhmiú leantach an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air. Dhéanfaí na cúraimí maoirseachta a éascú, áfach, dá gceanglófaí ar mhaoirseoirí institiúidí creidmheasa agus gnóthas árachais, ar láimh amháin, agus a n-iniúchóirí reachtúla agus a ngnólachtaí iniúchóireachta, ar an láimh eile, idirphlé éifeachtach a bhunú lena chéile.

(16)

Bunaíodh an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) le Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 14 ). Is é ról BERS faireachán a dhéanamh ar charnadh riosca sistéamach san Aontas i bhfianaise na faisnéise a bhfuil rochtain uirthi ag iniúchóirí reachtúla agus ag gnólachtaí iniúchóireachta d'institiúidí airgeadais tábhachtacha, d'fhéadfadh a dtaithí a bheith ina cabhair do BERS ina chuid oibre. Dá bhrí sin ba cheart go n-éascófaí fóram bliantúil le haghaidh idirphlé idir iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta, ar láimh amháin, agus BERS, ar an láimh eile, ar bhonn earnála, anaithnide leis an Rialachán seo.

(17)

Chun muinín sna hiniúchóirí reachtúla agus sna gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí, agus a ndliteanas, a mhéadú, tá sé tábhachtach go dtiocfaidh méadú ar thuairisciú trédhearcachta iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta. Dá bhrí sin ba cheart a cheangal ar iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta faisnéis airgeadais a nochtadh, a léiríonn go háirithe a láimhdeachas iomlán roinnte i dtáillí iniúchóireachta a d'íoc eintitis leasa phoiblí, táillí iniúchóireachta a d'íoc eintitis eile agus táillí do sheirbhísí eile. Ba cheart dóibh freisin faisnéis airgeadais ag leibhéal an líonra lena mbaineann siad a nochtadh. Ba cheart d'iniúchóirí reachtúla agus do ghnólachtaí iniúchóireachta faisnéis fhorlíontach bhreise ar tháillí iniúchóireachta a sholáthar d'údaráis inniúla d'fhonn a gcúraimí maoirseachta a éascú.

(18)

Tá sé tábhachtach go n-athneartófaí ról an choiste iniúchóireachta i roghnú iniúchóra reachtúil nó gnólachta iniúchóireachta nua, chun leasa cinnidh níos eolaí ó chruinniú ginearálta scairshealbhóirí nó chomhaltaí an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air. Mar sin, agus togra á dhéanamh don chruinniú ginearálta, ba cheart don chomhlacht riaracháin nó maoirseachta a mhíniú cibé an leanann sé rogha an choiste iniúchóireachta agus mura leanann, cén fáth nach leanann. Leis an moladh ón gcoiste iniúchóireachta, ba cheart go n-áireofaí ar a laghad dhá rogha féideartha don fhostaíocht iniúchóireachta agus tosaíocht chuí-mhínithe tugtha do cheann amháin acu, sa chaoi gur féidir fíor-rogha a dhéanamh. Le go mbeidh an míniú ina mholadh ceart agus cóir, ba cheart don choiste iniúchóireachta torthaí nós imeachta roghnúcháin shainordaithigh a úsáid, ar nós imeachta é a d'eagraigh an t-eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, faoi fhreagracht an choiste iniúchóireachta i nós imeachta roghnúcháin den sórt sin, níor cheart don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air srian a chur ar iniúchóirí reachtúla nó ar ghnólachtaí iniúchóireachta a bhfuil scair bheag den mhargadh acu tograí a thíolacadh le haghaidh na fostaíochta iniúchóireachta. Maidir le doiciméid tairisceana, ba cheart critéir roghnaithe trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha a bheith iontu le húsáid maidir le tograí a mheasúnú. Ag cur san áireamh, áfach, go bhféadfadh costais dhíréireacha a bheith i gceist leis an nós imeachta roghnaithe seo i gcás gnóthas le caipitliú margaidh laghdaithe nó eintiteas leasa phoiblí beag agus meánmhéide, ag féachaint dá méid, tá sé iomchuí gnóthais agus eintitis den sórt sin a scaoileadh ón oibleagáid nós imeachta a eagrú chun iniúchóir reachtúil nua nó gnólacht iniúchóireachta nua a roghnú.

(19)

Ní bhainfeadh luach ar bith le ceart chruinniú ginearálta scairshealbhóirí nó chomhaltaí an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta a roghnú dá rachadh an t-eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air isteach i gconradh le tríú páirtí lena bhforáiltear srianadh ar rogha dá leithéid. Dá bhrí sin, ba cheart go mbreithneofaí aon chlásail de chuid conartha a ndeachaigh an t-eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air isteach ann le tríú páirtí, maidir le ceapachán nó le srianadh rogha d'iniúchóirí reachtúla ar leith nó do ghnólachtaí iniúchóireachta ar leith, mar chlásail ar neamhní.

(20)

Dá ndéanfadh eintitis leasa phoiblí níos mó ná aon iniúchóir reachtúil amháin nó aon ghnólacht iniúchóireachta amháin a cheapadh, d'athneartófaí an sceipteachas gairmiúil agus chuideofaí le feabhas a chur ar cháilíocht iniúchóireachtaí. Ina theannta sin, leis an mbeart seo, chomh maith le gnólachtaí iniúchóireachta níos lú bheith ann sa mhargadh iniúchóireachta, d'éascófaí acmhainn gnólachtaí den sórt sin a fhorbairt agus, ar an dóigh sin, leathnófaí rogha na n-iniúchóirí reachtúla agus na ngnólachtaí iniúchóireachta atá ar fáil d'eintitis leasa phoiblí. Ba cheart, dá bhrí sin, na heintitis leasa phoiblí sin a spreagadh agus dreasachtaí a thabhairt dóibh níos mó ná aon iniúchóir reachtúil amháin nó aon ghnólacht iniúchóireachta amháin a cheapadh chun an iniúchóireacht a dhéanamh.

(21)

Chun aghaidh a thabhairt ar bhagairt an róchaidrimh agus neamhspleáchas iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a athneartú dá réir, tá sé tábhachtach uastréimhse na fostaíochta iniúchóireachta d'iniúchóir reachtúil nó de ghnólacht iniúchóireachta a bhunú in eintiteas ar leith a ndéantar iniúchóireacht air. Ina theannta sin, mar bhealach chun neamhspleáchas an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta a neartú, chun an sceipteachas gairmiúil a athneartú, agus chun cáilíocht na hiniúchóireachta a mhéadú, foráiltear leis an Rialachán seo do na malairtí seo a leanas do shíneadh a mhairfidh an uastréimhse: ath-thairiscint rialta agus éigeantach atá oscailte nó níos mó ná iniúchóir reachtúil amháin nó gnólacht iniúchóireachta amháin a cheapadh ag eintitis leasa phoiblí. Chomh maith leis sin, dá mbeadh baint ag gnólachtaí iniúchóireachta níos lú leis na bearta seo, d'éascófaí acmhainn gnólachtaí den sórt sin a fhorbairt agus, ar an dóigh sin, leathnófaí rogha na n-iniúchóirí reachtúla agus na ngnólachtaí iniúchóireachta atá ar fáil d'eintitis leasa phoiblí. Ba cheart sásra céimseach uainíochta iomchuí a bhunú freisin maidir leis na príomh-chomhpháirtithe iniúchóireachta a bhfuil an iniúchóireacht reachtúil á déanamh acu thar ceann an ghnólachta iniúchóireachta. Tá sé tábhachtach freisin foráil a dhéanamh do thréimhse iomchuí ar laistigh di nach féidir le hiniúchóir reachtúil den sórt sin nó gnólacht iniúchóireachta den sórt sin an iniúchóireacht reachtúil a dhéanamh ar an eintiteas céanna. Chun aistriú réidh a chinntiú, ba cheart don iar-iniúchóir reachtúil comhad aistrithe a aistriú leis an bhfaisnéis ábhartha don iniúchóir reachtúil nua.

(22)

Chun ardleibhéal muiníne a chinntiú i measc infheisteoirí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach trí choinbhleachtaí leasa a sheachaint, ba cheart go mbeadh iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta faoi réir fhormaoirseachta iomchuí ag údaráis inniúla atá neamhspleách ar ghairm na hiniúchóireachta agus a bhfuil cumas, saineolas agus acmhainní leordhóthanach acu. Ba cheart, áfach, go mbeadh na Ballstáit in ann aon chúram de chuid na n-údarás inniúil sin a tharmligean chuig údaráis eile nó chuig comhlachtaí eile nó féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt dá n-údaráis inniúla aon chúram dá gcuid a tharmligean chuig údaráis eile nó chuig comhlachtaí eile seachas na cúraimí sin a bhaineann leis an gcóras dearbhaithe cáilíochta, le himscrúduithe agus le córais araíonachta. Mar sin féin, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann roghnú cúraimí a bhfuil baint acu le córais araíonachta a tharmligean chuig údaráis agus comhlachtaí eile ar choinníoll go bhfuil formhór na ndaoine atá bainteach le rialachas an údaráis nó an chomhlachta lena mbaineann neamhspleách ó ghairm na hiniúchóireachta. Ba cheart go mbeadh na cumhachtaí riachtanacha ag na húdaráis inniúla náisiúnta chun tabhairt faoina gcúraimí maoirseachta, lena n-áirítear an cumas rochtain a bheith acu ar shonraí, faisnéis a fháil agus cigireachtaí a dhéanamh. Ba cheart dóibh díriú ar mhaoirseacht ar na margaí airgeadais, ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí tuairiscithe airgeadais nó ar fhormhaoirseacht iniúchóireachta reachtúla. Ba cheart go mbeadh sé indéanta, áfach, go mbeadh an mhaoirseacht ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí arna bhforchur ar eintitis leasa phoiblí á déanamh ag na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht na n-eintiteas sin. Ba cheart go mbeadh cistiú na n-údarás inniúil saor ó aon tionchar míchuí ó iniúchóirí reachtúla nó ó ghnólachtaí iniúchóireachta.

(23)

Ba cheart go bhfeabhsódh cáilíocht na maoirseachta má bhíonn comhoibriú éifeachtach idir na húdaráis a bhfuil cúraimí éagsúla curtha orthu ag an leibhéal náisiúnta. Mar sin, ba cheart do na húdaráis atá inniúil maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí i dtaca le hiniúchóireacht reachtúil eintitis leasa phoiblí, comhoibriú leis na húdaráis atá freagrach as na cúraimí dá bhforáiltear i dTreoir 2006/43/CE, leo siúd atá ag déanamh maoirseachta ar eintitis leasa phoiblí agus leis na haonaid um fhaisnéis airgeadais dá dtagraítear i dTreoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 15 ).

(24)

Is rud bunúsach é dearbhú cáilíochta seachtrach don iniúchóireacht reachtúil le haghaidh iniúchóireachta ardcháilíochta. Cuireann sé inchreidteacht le faisnéis airgeadais foilsithe agus soláthraíonn sé cosaint níos fearr i gcás scairshealbhóirí, infheisteoirí, creidiúnaithe agus páirtithe leasmhara eile. Ba cheart mar sin d'iniúchóirí reachtúla agus do ghnólachtaí iniúchóireachta a bheith faoi réir córais dearbhaithe cáilíochta a bheidh faoi fhreagracht na n-údarás inniúla, rud a áiritheoidh oibiachtúlacht agus neamhspleáchas ó ghairm na hiniúchóireachta ar an dóigh sin. Ba cheart athbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta a eagrú ar bhealach go mbeidh gach iniúchóir reachtúil nó gach gnólacht iniúchóireachta atá i mbun iniúchóireachtaí ar eintitis leasa phoiblí faoi réir athbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta ar bhonn anailíse ar na rioscaí. I gcás iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a bhfuil iniúchóireachtaí reachtúla á ndéanamh acu ar eintitis leasa phoiblí seachas iad sin a shainítear i bpointe (17) agus i bpointe (18) d'Airteagal 2 de Threoir 2006/43/CE, ba cheart an t-athbhreithniú sin a dhéanamh gach trí bliana ar a laghad; agus, i gcásanna eile, gach sé bliana ar a laghad. Sa Mholadh ón gCoimisiún den 6 Bealtaine 2008 maidir le dearbhú cáilíochta seachtrach d'iniúchóirí reachtúla agus do ghnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireacht ar eintitis leasa phoiblí ( 16 ) soláthraítear faisnéis ar an gcaoi ar cheart tabhairt faoi chigireachtaí. Ba cheart go mbeadh athbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta iomchuí agus comhréireach i bhfianaise scála agus chastacht ghnó an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh orthu.

(25)

Tagann athrú ar an margadh maidir le soláthar seirbhísí iniúchóireachta d'eintitis leasa phoiblí le himeacht ama. Is den riachtanas mar sin go ndéanfadh na húdaráis inniúla faireachán ar na forbairtí sa mhargadh, go háirithe ó thaobh na rioscaí a eascraíonn as comhchruinniú ard sa mhargadh, lena n-áirítear laistigh d'earnalácha sonracha, agus feidhmiú na gcoistí iniúchóireachta.

(26)

Ba cheart go gcuideodh trédhearcacht ghníomhaíochtaí údarás inniúil le muinín infheisteoirí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach a mhéadú. Ba cheart, mar sin, go gceanglófaí ar údaráis inniúla tuairisc a thabhairt go rialta ar a ngníomhaíochtaí agus faisnéis i bhfoirm chomhiomlánaithe, nó faisnéis aonair i gcás ina bhforálann na Ballstáit amhlaidh, maidir le fionnachtana agus conclúidí na gcigireachtaí a fhoilsiú.

(27)

Féadfaidh comhar idir údaráis inniúla na mBallstát rannchuidiú tábhachtach a dhéanamh trí ardcháilíocht chomhsheasmhach iniúchóireachta reachtúil a áirithiú san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart d'údaráis inniúla na mBallstát comhoibriú lena chéile, nuair is gá sin, d'fhonn a ndualgais mhaoirseachta maidir le hiniúchóireachtaí reachtúla a dhéanamh. Ba cheart dóibh urraim a thabhairt do phrionsabal rialála tíre baile agus formhaoirseacht ag an mBallstát ina bhfuil an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta formheasta agus a bhfuil a oifig chláraithe ag an eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air. Ba cheart an comhar idir na húdaráis inniúla a eagrú faoi chuimsiú Choiste na gComhlachtaí Eorpacha um Fhormhaoirseacht Iniúchóireachta (CCEFI), arb iad ionadaithe ardleibhéil de chuid na n-údarás inniúil a bheidh air. Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo a fheabhsú, ba cheart go mbeadh CCEFI in ann treoirlínte nó tuairimí neamhcheangailteacha a ghlacadh. Chomh maith leis sin, ba cheart go mbeadh CCEFI in ann an malartú faisnéise a éascú, comhairle a chur ar an gCoimisiún agus rannchuidiú sna measúnuithe teicniúla agus na cigireachtaí teicniúla.

Chun an measúnú teicniúil ar chórais formhaoirseachta phoiblí i dtríú tíortha a dhéanamh agus maidir leis an gcomhar idirnáisiúnta idir na Ballstáit agus tríú tíortha sa réimse sin, ba cheart do CCEFI foghrúpa a bhunú faoi chathaoirleacht an chomhalta a cheap an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí — ÚEUM) ( 17 ) agus ba cheart cúnamh a iarraidh ó ÚEUM, ón Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Baincéireachta Eorpach — ÚBE) ( 18 ) nó ón Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde — ÚEÁPC) ( 19 ) a mhéid a bhaineann a iarraidh leis an gcomhar idirnáisiúnta idir na Ballstáit agus tríú tíortha maidir le hiniúchóireacht reachtúil a dhéanamh ar eintitis leasa phoiblí a ndéanann na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha seo maoirseacht orthu. Ba cheart don Choimisiún Rúnaíocht CCEFI a chur ar fáil agus, bunaithe ar an gclár oibre a chomhaontaigh CCEFI, ba cheart dó speansais ghaolmhara a chur san áireamh ina mheastacháin don chéad bhliain eile.

(28)

Maidir le comhar i ndáil le hathbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta agus cúnamh i gcomhair imscrúduithe a bhaineann le hiniúchóireachtaí reachtúla a dhéanamh ar eintitis leasa phoiblí, lena n-áirítear i gcásanna nach ionann an t-iompar atá faoi imscrúdú agus sárú ar aon fhoráil reachtach nó rialála atá i bhfeidhm sna Ballstáit lena mbaineann, ba cheart iad a áireamh i raon feidhme an chomhair idir údaráis inniúla na mBallstát. Ba cheart go n-áireofaí ar na socruithe mionsonraithe le haghaidh comhair idir údaráis inniúla na mBallstát an fhéidearthacht coláistí údarás inniúla a chruthú agus tarmligean cúraimí ina measc féin. Ba cheart coincheap líonra ina n-oibríonn iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a chur san áireamh i gcomhar den sórt sin. Ba cheart d'údaráis inniúla rialacha iomchuí i ndáil le rúndacht agus le rúndacht ghairmiúil a urramú.

(29)

Is as idirghaol na margaí caipitil a eascraíonn an gá go ndéanfaí údaráis inniúla náisiúnta a chumhachtú chun comhoibriú le húdaráis mhaoirseachta agus comhlachtaí tríú tíortha maidir le malartú faisnéise nó athbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta. i gcás go mbaineann an comhar le húdaráis tríú tíortha le páipéir oibre iniúchóireachta nó doiciméid eile atá á gcoinneáil ag iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta, áfach, ba cheart go mbeadh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar síos le Treoir 2006/43/CE.

(30)

D'fhonn feidhmiú rianúil na margaí caipitil a áirithiú, tá gá le hacmhainn iniúchóireachta inbhuanaithe agus le margadh seirbhísí iniúchóireachta reachtúla atá iomaíoch agus ina bhfuil rogha leathan a dóthain d'iniúchóirí reachtúla agus de ghnólachtaí iniúchóireachta atá in ann iniúchóireachtaí reachtúla a dhéanamh ar eintitis leasa phoiblí. Ba cheart do na húdaráis inniúla agus don Ghréasán Eorpach Iomaíochta (ECN) tuairisciú ar na hathruithe a thagann ar struchtúr an mhargaidh iniúchóireachta a tugadh isteach leis an Rialachán seo.

(31)

De réir an cháis, ba cheart ailíniú a dhéanamh ar na nósanna imeachta a bhaineann le gníomhartha tarmligthe a ghlacfaidh an Coimisiún don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, go háirithe, d'Airteagal 290 agus d'Airteagal 291 de. D'fhonn na forbairtí san iniúchóireacht agus i ngairm na hiniúchóireachta a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún. Go háirithe, tá gníomhartha tarmligthe riachtanach chun na críche arb í caighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta a oiriúnú i réimse an chleachtais iniúchóireachta, neamhspleáchas agus rialuithe inmheánacha na n-iniúchóirí reachtúla agus na ngnólachtaí iniúchóireachta. Níor cheart go leasódh na caighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta aon cheanglais de chuid an Rialacháin seo ná aon cheann de na ceanglais a fhorlíonadh seachas na ceanglais a shainítear go cruinn. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe.

Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(32)

Chun an chinnteacht dhlíthiúil agus an t-aistriú réidh chuig an gcóras a thugtar isteach leis an Rialachán seo a áirithiú, tá sé tábhachtach go dtabharfaí tréimhse aistrithe isteach maidir le teacht i bhfeidhm na hoibleagáide uainíocht a dhéanamh ar iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta agus na hoibleagáide nós imeachta a eagrú i dtaca le hiniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a roghnú.

(33)

Ba cheart tagairtí d'fhorálacha Threoir 2006/43/CE a thuiscint mar thagairtí do na forálacha náisiúnta lena ndéantar na forálacha sin de Threoir 2006/43/CE a thrasuí. Tagann an creat nua Eorpach iniúchóireachta arna bhunú leis an Rialachán seo agus le Treoir 2014/56/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 20 ) in ionad na gceanglas atá ann cheana agus a leagadh síos i dTreoir 2006/43/CE agus ba cheart iad a léiriú gan aon tagairt a dhéanamh d'ionstraimí a bhí ann roimhe seo, amhail moltaí ón gCoimisiún a glacadh faoin gcreat a bhí ann cheana.

(34)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon ról na hiniúchóireachta reachtúla maidir le heintitis leasa phoiblí a shoiléiriú agus a shainiú níos fearr, an fhaisnéis a chuireann an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta ar fáil don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, d'infheisteoirí agus do gheallsealbhóirí eile a fheabhsú, na bealaí cumarsáide idir iniúchóirí agus maoirseoirí eintitis leasa phoiblí a fheabhsú, aon choinbhleacht leasa ag éirí as soláthar seirbhísí neamh-iniúchóireachta d'eintitis leasa phoiblí a chosc, baol aon choinbhleacht leasa ionchasach ag éirí as an gcóras láithreach ar dá réir a roghnaíonn agus a íocann an t-iniúchaí an t-iniúchóir nó as an mbagairt ó róchaidreamh a mhaolú, malartú iniúchóra reachtúil nó gnólachta iniúchóireachta agus rogha iniúchóra reachtúil agus gnólachta iniúchóireachta d'eintitis leasa phoiblí a éascú, rogha iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta d'eintitis leasa phoiblí a leathnú agus éifeachtúlacht, neamhspleáchas agus comhsheasmhacht rialála agus formhaoirseachta iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a sholáthraíonn iniúchóireachtaí reachtúla d'eintitis leasa phoiblí a fheabhsú lena n-áirítear maidir le comhar ag leibhéal an Aontais, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr a bhfairsinge, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(35)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus urramaítear na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint, agus an saoirse chun gnó a dhéanamh, agus caithfear é a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin.

(36)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus thug sé tuairim an 23 Aibreán 2012 ( 21 ).

(37)

Ba cheart creat dlíthiúil nua arb éard é iniúchóireacht reachtúil ar ráitis bhliantúla airgeadais agus ráitis chomhdhlúite airgeadais a bhunú leis an Rialachán seo agus le Treoir 2014/56/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2005/909/CÉ ( 22 ) ón gCoimisiún a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:



TEIDEAL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo ceanglais maidir le hiniúchóireacht reachtúil a dhéanamh ar ráitis bhliantúla airgeadais agus ráitis chomhdhlúite airgeadais de chuid eintiteas leasa phoiblí, rialacha i dtaca le heagrúchán agus roghnúchán iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta ag eintitis leasa phoiblí chun a neamhspleáchas a chur chun cinn agus chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint agus rialacha i dtaca leis an maoirseacht ar chomhlíonadh na gceanglas sin ag iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a) iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireachtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí;

(b) eintitis leasa phoiblí.

2.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do Threoir 2006/43/CE.

3.  Maidir le comharchumann de réir bhrí phointe (14) d'Airteagal 2 de Threoir 2006/43/CE, le banc coigiltis nó le heintiteas comhchosúil dá dtagraítear in Airteagal 45 de Threoir 86/635/CEE, nó le fochuideachta nó le comharba dlíthiúil de chuid comharchumainn, bainc choigiltis nó eintitis chomhchosúil faoi mar a thagraítear dó in Airteagal 45 de Threoir 86/335/CEE, i gcás ina bhfuil ceangal air nó uirthi, nó ina gceadaítear dó nó di, faoi fhorálacha náisiúnta, bheith ina chomhalta nó ina comhalta d'eintiteas iniúchóireachta neamhbhrabúis, féadfaidh Ballstát a chinneadh nach mbeidh feidhm ag an Rialachán seo nó ag forálacha áirithe dá chuid maidir leis an iniúchóireacht reachtúil ar eintiteas den sórt sin, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfaidh an t-iniúchóir reachtúil na prionsabail neamhspleáchais a leagtar síos i dTreoir 2006/43/CE agus an iniúchóireacht reachtúil á déanamh aige ar cheann dá chomhaltaí agus go gcomhlíonfaidh na daoine a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an iniúchóireacht reachtúil na prionsabail sin freisin.

4.  Maidir le comharchumann de réir bhrí phointe (14) d'Airteagal 2 de Threoir 2006/43/CE, le banc coigiltis nó le heintiteas comhchosúil dá dtagraítear in Airteagal 45 de Threoir 86/635/CEE, nó le fochuideachta nó le comharba dlíthiúil de chuid comharchumainn, bainc choigiltis nó eintitis chomhchosúil faoi mar a thagraítear dó nó di in Airteagal 45 de Threoir 86/635/CEE, bheith ina chomhalta nó ina comhalta d'eintiteas iniúchóireachta neamhbhrabúis, i gcás ina bhfuil ceangal air nó uirthi, nó ina gceadaítear dó nó di, faoi fhorálacha náisiúnta, agus nach gceapfadh páirtí oibiachtúil, réasúnach agus eolasach go mbainfí de neamhspleáchas an iniúchóra reachtúil de bharr ghaol an chomhaltais, ar an gcoinníoll go gcuirfear i bhfeidhm na prionsabail neamhspleáchais ar na hiniúchóirí reachtúla a bhfuil an iniúchóireacht reachtúil á déanamh acu agus ar na daoine a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an iniúchóireacht reachtúil nuair a bheidh iniúchóireacht reachtúil á déanamh ag eintiteas iniúchóireachta ar cheann dá chomhaltaí.

5.  Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún agus Coiste na gComhlachtaí Eorpacha um Fhormhaoirseacht Iniúchóireachta (dá ngairtear “CCEFI” anseo feasta), dá dtagraítear in Airteagal 30, ar an eolas faoi chásanna eisceachtúla den sórt sin ina dtarlaíonn sé nach gcuirtear an Rialachán seo nó forálacha áirithe den Rialachán seo i bhfeidhm. Cuirfidh sé in iúl don Choimisiún agus do CCEFI liosta na bhforálacha den Rialachán seo nach bhfuil feidhm acu maidir leis an iniúchóireacht reachtúil ar na heintitis dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo agus na cúiseanna a thug bonn cirt don díolúine a tugadh i gcás nár cuireadh an Rialachán seo nó forálacha áirithe den Rialachán seo i bhfeidhm.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 2 de Threoir 2006/43/CE, ach amháin i ndáil leis an téarma “údarás inniúil” mar a fhoráiltear dó in Airteagal 20 den Rialachán seo.



TEIDEAL II

COINNÍOLLACHA LE hAGHAIDH INIÚCHÓIREACHT REACHTÚIL A DHÉANAMH AR EINTITIS LEASA PHOIBLÍ

Airteagal 4

Táillí iniúchóireachta

1.  Ní táillí teagmhasacha a bheidh i dtáillí maidir le hiniúchóireachtaí reachtúla a sholáthar d'eintitis leasa phoiblí.

Gan dochar d'Airteagal 25 de Threoir 2006/43/CE, chun críocha na chéad fhomhíre, ciallaíonn táillí teagmhasacha táillí d'fhostaíochtaí iniúchóireachta arna ríomh ar bhonn réamhchinntithe a bhaineann lena thiocfadh as idirbheart nó le toradh idirbhirt nó le toradh na hoibre a rinneadh. Ní mheasfar táillí a bheith teagmhasach más cúirt nó údarás inniúil a bhunaigh iad.

2.  Nuair a sholáthróidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta seirbhísí neamh-iniúchóireachta seachas iad sin dá dtagraítear in Airteagal 5(1) den Rialachán seo don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, dá mháthairghnóthas nó dá ghnóthais rialaithe, ar feadh tréimhse trí bliana airgeadais as a chéile nó níos mó, ní mó ná 70 % de mheán na dtáillí a íocadh as an iniúchóireacht reachtúil/na hiniúchóireachtaí reachtúla den eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air agus, i gcás inarb infheidhme, dá mháthairghnóthas, dá ghnóthais rialaithe agus de na ráitis chomhdhlúite airgeadais don ghrúpa gnóthas sin sna trí bliana airgeadais as a chéile roimhe sin a bheidh na táillí iomlána do sheirbhísí den sórt sin.

Chun críocha na dteorainneacha a shonraítear sa chéad fhomhír, eisiafar seirbhísí neamh-iniúchóireachta a cheanglaítear le reachtaíocht an Aontais nó le reachtaíocht náisiúnta, seachas na seirbhísí sin dá dtagraítear in Airteagal 5(1).

Ar iarraidh a fháil ón iniúchóir reachtúil nó ón ngnólacht iniúchóireachta, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhféadfaidh údarás inniúil, ar bhonn eisceachtúil, a cheadú go ndíolmhófar an t-iniúchóir reachtúil sin nó an gnólacht iniúchóireachta sin ó na ceanglais sa chéad fhomhír i leith eintitis a ndéantar iniúchóireacht air ar feadh tréimhse nach rachaidh thar dhá bhliain airgeadais.

3.  Nuair is mó na táillí iomlána a fuarthas ó eintiteas leasa phoiblí i ngach ceann de na trí bliana deireanacha airgeadais as a chéile ná 15 % de na táillí iomlána a fuair an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta nó, nuair is infheidhme, an grúpiniúchóir a bhfuil an iniúchóireacht reachtúil á déanamh aige, i ngach ceann de na bliana airgeadais sin, déanfaidh iniúchóir reachtúil den sórt sin nó gnólacht iniúchóireachta den sórt sin nó, de réir mar a bheidh, grúpiniúchóir den sórt sin, an méid sin a nochtadh don choiste iniúchóireachta agus pléifidh sé leis an gcoiste iniúchóireachta na bagairtí ar a neamhspleáchas agus na coimircí a cuireadh i bhfeidhm chun na bagairtí sin a mhaolú. Breithneoidh an coiste iniúchóireachta cibé ar cheart an fhostaíocht iniúchóireachta a bheith faoi réir athbhreithnithe rialaithe cáilíochta fostaíochta ag iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta eile sula n-eiseofar an tuarascáil iniúchóireachta.

I gcás inar mó fós na táillí a fuarthas ó eintiteas leasa phoiblí den sórt sin ná 15 % de na táillí iomlána a fuair iniúchóir reachtúil den sórt sin nó gnólacht iniúchóireachta den sórt sin nó, de réir mar a bheidh, grúpiniúchóir den sórt sin a bhfuil an iniúchóireacht reachtúil á déanamh aige, cinnfidh an coiste iniúchóireachta ar bhonn foras oibiachtúil cé acu a fhéadfaidh nó nach bhféadfaidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta nó an grúpiniúchóir d'eintiteas den sórt sin nó de ghrúpa eintiteas den sórt sin leanúint de bheith ag déanamh na hiniúchóireachta reachtúla go ceann tréimhse breise, ar tréimhse í nach rachaidh thar dhá bhliain, in aon chás.

4.  Féadfaidh na Ballstáit ceanglais a chur i bhfeidhm a bheidh níos déine ná na ceanglais a leagtar amach san Airteagal seo.

Airteagal 5

Cosc ar sholáthar seirbhísí neamh-iniúchóireachta

1.  Ní dhéanfaidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta a bhfuil an iniúchóireacht reachtúil a déanamh acu ar eintiteas leasa phoiblí, nó aon chomhalta den líonra lena mbaineann an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta, aon tseirbhís neamh-iniúchóireachta ar a bhfuil cosc a sholáthar go díreach nó go hindíreach don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, dá mháthairghnóthas nó dá ghnóthais rialaithe laistigh den Aontas

(a) sa tréimhse idir tús na tréimhse a ndearnadh iniúchóireacht uirthi agus eisiúint na tuarascála iniúchóireachta; agus

▼C1

(b) sa bhliain airgeadais díreach roimh an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (a) maidir leis na seirbhísí a liostaítear i bpointe (g) den dara fomhír.

▼B

Chun críocha an Airteagail seo, ciallóidh seirbhísí neamh-iniúchóireachta ar a bhfuil cosc:

(a) seirbhísí cánach a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(i) foirmeacha cánach a ullmhú;

(ii) cáin phárolla;

(iii) dleachtanna custaim;

(iv) fóirdheontais phoiblí agus dreasachtaí cánach a shainaithint mura bhfuil gá ann de réir an dlí le tacaíocht ón iniúchóir reachtúil nó ón ngnólacht iniúchóireachta i ndáil le seirbhísí den sórt sin;

(v) tacaíocht i dtaca le cigireachtaí cánach ag údaráis chánach mura bhfuil gá ann de réir an dlí le tacaíocht ón iniúchóir reachtúil nó ón ngnólacht iniúchóireachta i ndáil le cigireachtaí den sórt sin;

(vi) cáin dhíreach agus neamhdhíreach agus cáin iarchurtha a ríomh;

(vii) comhairle chánach a sholáthar;

(b) seirbhísí a bhaineann le haon pháirt a ghlacadh i mbainistiú nó i gcinnteoireacht an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air;

(c) leabharchoimeád agus ullmhú taifead chuntasaíochta agus ráiteas airgeadais;

(d) seirbhísí párolla;

(e) nósanna imeachta inmheánacha rialaithe nó bainistithe riosca a bhaineann le hullmhú agus/nó rialú faisnéise airgeadais nó córas teicneolaíochta faisnéise airgeadais a cheapadh agus a chur chun feidhme;

(f) seirbhísí luachála, lena n-áirítear luachálacha a dhéantar i dtaca le seirbhísí achtúireacha nó seirbhísí tacaíochta dlíthíochta;

(g) seirbhísí dlí, maidir leis an méid seo a leanas:

(i) comhairle ghinearálta a sholáthar,

(ii) dul i mbun caibidlíochta thar ceann an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air, agus

(iii) abhcóideacht a dhéanamh i réiteach dlíthíochta;

(h) seirbhísí a bhaineann le feidhm iniúchóireachta inmheánaí an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air;

(i) seirbhísí atá nasctha le maoiniú, le struchtúr agus leithdháileadh caipitil, agus le straitéis infheistíochta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air, seachas seirbhísí árachais a sholáthar i ndáil le ráitis airgeadais, amhail litreacha suaimhnis a eisiúint i dtaca le réamheolairí a eisíonn an t-eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air;

(j) scaireanna san eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air a chur chun cinn, a thrádáil agus a fhrithghealladh;

(k) seirbhísí acmhainní daonna i dtaca le:

(i) lucht bainistíochta atá in ann tionchar sonrach a chur i gcion ullmhúcháin taifead cuntasaíochta nó ráiteas airgeadais atá ina n-ábhar don iniúchóireacht reachtúil, i gcás ina mbaineann na seirbhísí sin leis an méid seo a leanas:

 iarrthóirí a lorg nó a chuardach le haghaidh post den sórt sin; nó

 seiceálacha a dhéanamh ar theistiméireachtaí na n-iarrthóirí ar phoist den sórt sin.

(ii) dearadh na heagraíochta a struchtúrú; agus

(iii) rialú costais.

2.  Féadfaidh na Ballstáit cosc a chur ar sheirbhísí seachas iad a liostaítear i mír 1 i gcás ina measann siad go bhfuil na seirbhísí sin mar bhagairt don neamhspleáchas. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún aon bhreiseanna a chuirfear leis an liosta i mír 1.

3.  De mhaolú ar an dara fomhír de mhír 1, féadfaidh na Ballstáit soláthar na seirbhísí dá dtagraítear i bpointí (a) (i), (a) (iv) go (a) (vii) agus (F) a cheadú, ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais seo a leanas:

(a) níl aon éifeacht dhíreach acu nó tá éifeacht neamhábhartha acu, ar leithligh nó sa chomhiomlán acu ar na ráitis airgeadais iniúchta;

(b) déantar meastachán den éifeacht ar na ráitis airgeadais iniúchta a dhoiciméadú agus a mhíniú go cuimsitheach sa tuarascáil bhreise don choiste iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 11; agus

(c) comhlíonann an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta na prionsabail neamhspleáchais a leagtar síos i dTreoir 2006/43/CE.

4.  Féadfaidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireachtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí agus, i gcás ina mbaineann an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta le líonra, aon chomhalta de líonra den sórt sin, seirbhísí neamh-iniúchóireachta a sholáthar don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, dá mháthairghnóthas nó dá ghnóthais rialaithe seachas na seirbhísí neamh-iniúchóireachta ar a bhfuil cosc dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, faoi réir formheas a fháil ón gcoiste iniúchóireachta tar éis dó measúnú cuí a dhéanamh ar bhagairtí ar an neamhspleáchas agus ar na coimircí arna gcur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 22b de Threoir 2006/43/CE. Déanfaidh an coiste iniúchóireachta, i gcás inarb infheidhme, treoirlínte a eisiúint maidir leis na seirbhísí dá dtagraítear i mír 3.

Féadfaidh na Ballstáit rialacha níos déine a bhunú ina leagtar amach na coinníollacha faoina bhfuil iniúchóir reachtúil, gnólacht iniúchóireachta nó comhalta de líonra lena mbaineann an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta in ann seirbhísí neamh-iniúchóireachta a sholáthar don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, dá mháthairghnóthas nó dá ghnóthais rialaithe seachas na seirbhísí neamh-iniúchóireachta ar a bhfuil cosc dá dtagraítear i mír 1.

5.  Nuair a dhéanann comhalta de líonra lena mbaineann an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireacht reachtúil ar eintiteas leasa phoiblí aon cheann de na seirbhísí neamh-iniúchóireachta, dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo, a sholáthar do ghnóthas atá ionchorpraithe i dtríú tír, ar gnóthas é atá rialaithe ag an eintiteas leasa phoiblí a ndéantar iniúchóireacht air, déanfaidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta lena mbaineann measúnú an dtarraingeodh soláthar seirbhísí dá leithéid ag comhalta den líonra amhras ar an neamhspleáchas atá aige nó aici.

Má dhéantar difear don neamhspleáchas atá aige nó aici, cuirfidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta coimircí i bhfeidhm, i gcás inarb iomchuí, d'fhonn na bagairtí a d'éirigh ó sholáthar seirbhísí dá leithéid i dtríú tír a mhaolú. Ní fhéadfaidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta leanúint leis an iniúchóireacht reachtúil a bhí á déanamh ar an eintiteas leasa phoiblí ach amháin más féidir leis nó léi a fhírinniú, i gcomhréir le hAirteagal 6 den Rialachán seo agus le hAirteagal 22b de Threoir 2006/43/CE, nach ndéanann soláthar na seirbhísí sin difear dá bhreithiúnas gairmiúil nó dá breithiúnas gairmiúil agus don tuarascáil iniúchóireachta.

Chun críocha na míre seo:

(a) measfar go ndéanfaidh rannpháirtíocht i gcinnteoireacht an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air agus soláthar na seirbhísí dá dtagraítear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (e) den dara fomhír de mhír 1 difear do neamhspleáchas den sórt sin i ngach cás agus nach féidir aon mhaolú a dhéanamh faoi réir aon choimirce mar gheall air sin.

(b) measfar go ndéanfaidh soláthar na seirbhísí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1, seachas pointe (b), pointe (c) agus pointe (e) de difear do neamhspleáchas den sórt sin agus dá réir sin beidh coimircí de dhíth orthu chun na bagairtí atá ann mar gheall orthu a mhaolú.

Airteagal 6

Ullmhú don iniúchóireacht reachtúil agus measúnú ar bhagairtí ar an neamhspleáchas

1.  Roimh ghlacadh nó leanúint le fostaíocht d'iniúchóireacht reachtúil ar eintiteas leasa phoiblí, déanfaidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta an méid seo a leanas a mheasúnú agus a dhoiciméadú, de bhreis ar fhorálacha Airteagal 22b de Threoir 2006/43/CE:

(a) an gcomhlíonann sé nó sí ceanglais Airteagal 4 agus Airteagal 5 den Rialachán seo;

(b) an gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 17 den Rialachán seo;

(c) gan dochar do Threoir 2005/60/CE, sláine na gcomhaltaí de na comhlachtaí maoirseachta, riaracháin agus bainistíochta den eintiteas leasa phoiblí.

2.  Déanfaidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta an méid seo a leanas:

(a) dearbhú bliantúil i scríbhinn a thabhairt don choiste iniúchóireachta ar neamhspleáchas an iniúchóra reachtúil, an ghnólachta iniúchóireachta agus na gcomhpháirtithe iniúchóireachta, na mbainisteoirí sinsearacha agus na mbainisteoirí ar eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air;

(b) na bagairtí ar a neamhspleáchas agus na coimircí a cuireadh i bhfeidhm chun na bagairtí sin a mhaolú, mar atá doiciméadaithe acu de bhun mír 1, a phlé leis an gcoiste iniúchóireachta.

Airteagal 7

Neamhrialtachtaí

Gan dochar d'Airteagal 12 den Rialachán seo agus do Threoir 2005/60/CE, i gcás go mbíonn amhras ar iniúchóir reachtúil nó ar ghnólacht iniúchóireachta a dhéanann an iniúchóireacht reachtúil ar eintiteas leasa phoiblí, nó go mbíonn forais réasúnacha aige a bheith in amhras go bhféadann sé go bhfuil neamhrialtachtaí ag tarlú nó tar éis tarlú, lena n-áirítear calaois maidir le ráitis airgeadais an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air, cuirfidh sé nó sí an méid sin in iúl don eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air agus iarrfar air an cás a fhiosrú agus bearta iomchuí a dhéanamh chun déileáil le neamhrialtachtaí dá leithéid agus chun nach dtarlóidh neamhrialtachtaí den sórt sin arís amach anseo.

I gcás nach bhfiosraíonn an t-eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air an cás, déanfaidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta na húdaráis atá freagrach as neamhrialtachtaí den sórt sin a imscrúdú mar a d'ainmnigh na Ballstáit iad a chur ar an eolas.

Ní bheidh sárú ar aon srian conarthach nó dlíthiúil ar nochtadh faisnéise i gceist maidir le haon neamhrialtachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a nochtadh de mheon macánta, ag an iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta, do na húdaráis sin.

Airteagal 8

Athbhreithniú rialaithe cáilíochta na fostaíochta

1.  Sula n-eiseofar na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 10 agus in Airteagal 11, déanfar athbhreithniú rialaithe cáilíochta na fostaíochta (dá ngairtear “athbhreithniú” anseo feasta san Airteagal seo) chun a mheas cibé an bhféadfadh an t-iniúchóir reachtúil nó an príomh-chomhpháirtí iniúchóireachta a bheith tagtha le réasún ar an tuairimí agus ar na conclúidí a áiríodh i ndréacht na dtuarascálacha seo.

2.  Déanfaidh athbhreithneoir rialaithe cáilíochta na fostaíochta (dá ngairtear “athbhreithneoir” anseo feasta san Airteagal seo) an t-athbhreithniú. Is iniúchóir reachtúil a bheidh san athbhreithneoir, ar iniúchóir reachtúil é nach bhfuil bainteach leis an iniúchóireacht reachtúil lena mbaineann an t-athbhreithniú a dhéanamh.

3.  De mhaolú ar mhír 2, i gcás go ndéanann gnólacht iniúchóireachta an iniúchóireacht reachtúil agus go raibh na hiniúchóirí reachtúla uile bainteach leis an iniúchóireacht reachtúil a dhéanamh, nó i gcás go ndéanann iniúchóir reachtúil an iniúchóireacht reachtúil agus nach comhpháirtí ná fostaí de ghnólacht iniúchóireachta é an t-iniúchóir reachtúil, déanfaidh sé/sí socrú go ndéanfaidh iniúchóir reachtúil eile athbhreithniú. Ní bheidh sárú ar rúndacht ghairmiúil i gceist maidir le doiciméid nó faisnéis a nochtadh don athbhreithneoir neamhspleách chun críocha an Airteagail seo. Chun críocha an Airteagail seo, is faoi réir rúndachta gairmiúla a bheidh doiciméid nó faisnéis a nochtar don athbhreithneoir.

4.  Agus an t-athbhreithniú á dhéanamh aige, déanfaidh an t-athbhreithneoir an méid seo a leanas ar a laghad a thaifeadadh:

(a) an fhaisnéis scríofa agus ó bhéal a chuir an t-iniúchóir reachtúil nó an príomh-chomhpháirtí iniúchóireachta ar fáil chun tacú leis na breithiúnais shuntasacha chomh maith le príomhchinntí na nósanna imeachta iniúchóireachta a rinneadh agus na tátail a baineadh as na cinntí sin, cé acu a d'iarr an t-athbhreithneoir an fhaisnéis sin nó nár iarr;

(b) tuairimí an iniúchóra reachtúil nó an phríomh-chomhpháirtí iniúchóireachta, mar a léiríodh i ndréacht na dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 10 agus in Airteagal 11;

5.  Déanfar measúnú ar na gnéithe seo a leanas ar a laghad san athbhreithniú:

(a) neamhspleáchas an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta ón eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air;

(b) na rioscaí suntasacha is ábhartha don iniúchóireacht reachtúil agus a shainaithin an t-iniúchóir reachtúil nó an príomh-chomhpháirtí iniúchóireachta le linn iniúchóireacht reachtúla a dhéanamh agus na bearta atá déanta aige nó aici chun na rioscaí sin a bhainistiú go leordhóthanach;

(c) réasúnaíocht an iniúchóra reachtúil nó an phríomh-chomhpháirtí iniúchóireachta, go háirithe maidir le leibhéal na hábharthachta agus leis na rioscaí suntasacha dá dtagraítear i bpointe (b);

(d) aon iarraidh a rinneadh ar chomhairle ó shaineolaithe seachtracha agus cur i ngníomh na comhairle sin;

(e) nádúr agus raon feidhme na míráiteas ceartaithe agus gan a bheith ceartaithe sna ráitis airgeadais a sainaithníodh le linn an iniúchóireacht a dhéanamh;

(f) na hábhair a pléadh leis an gcoiste iniúchóireachta agus le bainistíocht agus/nó comhlachtaí maoirseachta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air;

(g) na hábhair a pléadh le húdaráis inniúla agus, i gcás inarb infheidhme, le tríú páirtithe eile;

(h) cibé an dtacaíonn na doiciméid agus an fhaisnéis a roghnaigh an t-athbhreithneoir ón gcomhad le tuairim an iniúchóra reachtúil nó an phríomh-chomhpháirtí mar a léirítear é i ndréacht na dtuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 10 agus in Airteagal 11.

6.  Pléifidh an t-athbhreithneoir torthaí an athbhreithnithe leis an iniúchóir reachtúil nó leis an bpríomh-chomhpháirtí iniúchóireachta. Cuirfidh an gnólacht iniúchóireachta nósanna imeachta ar bun lena gcinnfear an dóigh chun easaontas idir an príomh-chomhpháirtí iniúchóireachta agus an t-athbhreithneoir a réiteach.

7.  Coinneoidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta agus an t-athbhreithneoir taifead de thorthaí an athbhreithnithe, in éineacht le bunbhreithniú na dtorthaí sin.

Airteagal 9

Caighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta

Maidir leis na caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 26 de Threoir 2006/43/CE i réimse an chleachtais iniúchóireachta, agus neamhspleáchas iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta agus rialuithe cáilíochta inmheánacha ar iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta chun críocha iad a chur i bhfeidhm laistigh den Aontas, cumhachtófar don Choimisiún iad a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 39 trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, ar choinníoll go gcomhlíonann na caighdeáin sin ceanglais phointe (a), phointe (b) agus phointe (c) d'Airteagal 26(3) de Threoir 2006/43/CE agus nach leasaítear leo aon cheann de cheanglais an Rialacháin seo ná nach ndéantar leo aon cheann dá chuid forálacha a fhorlíonadh seachas na cinn a leagtar amach in Airteagal 7, Airteagal 8 agus Airteagal 18 den Rialachán seo.

Airteagal 10

Tuarascáil iniúchóireachta

1.  Cuirfidh an t-iniúchóir reachtúil/na hiniúchóirí reachtúla nó an gnólacht iniúchóireachta/na gnólachtaí iniúchóireachta torthaí na hiniúchóireachta reachtúla ar an eintiteas leasa phoiblí i láthair i dtuarascáil iniúchóireachta.

2.  Déanfar an tuarascáil iniúchóireachta a ullmhú i gcomhréir le forálacha Airteagal 28 de Threoir 2006/43/CE agus de bhreis air sin déanfar an méid seo a leanas ar a laghad inti:

(a) a lua cé a cheap nó cén chomhlacht a cheap an t-iniúchóir reachtúil/na hiniúchóirí reachtúla nó an gnólacht iniúchóireachta/na gnólachtaí iniúchóireachta;

(b) dáta an cheapacháin agus an tréimhse fostaíochta neamhbhriste iomlán lena n-áirítear athnuachain agus athcheapacháin roimhe seo na n-iniúchóirí reachtúla nó na ngnólachtaí iniúchóireachta a shonrú;

(c) an méid a leanas a chur ar fáil, chun tacú leis an tuairim iniúchóireachta:

(i) tuairisc ar na rioscaí measúnaithe is suntasaí de mhíráiteas ábhartha, lena n-áirítear rioscaí measúnaithe de mhíráiteas ábhartha de dheasca calaoise;

(ii) achoimre ar fhreagairt an iniúchóra ar na rioscaí sin; agus

(iii) i gcás inarb ábhartha, na príomhthuairimí a bhaineann leis na rioscaí sin.

I gcás inarb ábhartha maidir leis an bhfaisnéis thuasluaite a chuirtear ar fáil sa tuarascáil iniúchóireachta i ndáil le gach riosca measúnaithe suntasach de mhíráitis ábhartha, áireofar tagairt shoiléir don nochtadh ábhartha sna ráitis airgeadais sa tuarascáil iniúchóireachta.

(d) míniú a thabhairt ar a mhéid a measadh go rabhthas in ann, leis an iniúchóireacht reachtúil neamhrialtachtaí, lena n-áirítear calaois, a bhrath;

(e) deimhniú go bhfuil an tuairim iniúchóireachta i gcomhréir leis an tuarascáil bhreise don choiste iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 11;

(f) dearbhú nár soláthraíodh na seirbhísí neamh-iniúchóireachta ar a bhfuil cosc dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus go raibh an t-iniúchóir reachtúil/na hiniúchóirí reachtúla nó an gnólacht iniúchóireachta/na gnólachtaí iniúchóireachta i gcónaí neamhspleách ón eintiteas a ndearnadh iniúchóireacht air agus an iniúchóireacht á déanamh;

(g) aon seirbhísí, de bhreis ar an iniúchóireacht reachtúil, a chuir an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta ar fáil don eintiteas a ndearnadh iniúchóireacht air agus dá ghnóthas rialaithe/dá ghnóthais rialaithe, agus nár nochtadh sa tuarascáil bhainistíochta nó sna ráitis airgeadais a chur in iúl.

Féadfaidh na Ballstáit ceanglais bhreise a leagan síos maidir le hinneachar na tuarascála iniúchóireachta.

3.  Ach amháin nuair a cheanglaítear an méid sin le pointe (e) de mhír 2, ní bheidh aon chros-tagairtí sa tuarascáil iniúchóireachta don tuarascáil bhreise don choiste iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 11. Bainfear úsáid as teanga atá soiléir agus gan débhrí sa tuarascáil iniúchóireachta.

4.  Ní bhainfidh an t-iniúchóir reachtúil ná an gnólacht iniúchóireachta úsáid as ainm aon údaráis inniúil ar bhealach a léireodh nó a thugadh formhuiniú nó formheas don tuarascáil iniúchóireachta ón údarás sin le fios.

Airteagal 11

Tuarascáil bhreise don choiste iniúchóireachta

1.  Déanfaidh na hiniúchóirí reachtúla nó na gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireachtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí tuarascáil bhreise a chur faoi bhráid choiste iniúchóireachta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air tráth nach déanaí ná dáta chur isteach na tuarascála iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 10. Féadfaidh na Ballstáit ceangal breise a leagan síos go gcuirfear an tuarascáil bhreise seo faoi bhráid chomhlacht riaracháin nó maoirseachta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air.

Más rud é nach bhfuil coiste iniúchóireachta ag an eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, tíolacfar an tuarascáil bhreise don chomhlacht a chomhlíonann feidhmeanna coibhéiseacha laistigh den eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air. Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt don choiste iniúchóireachta an tuarascáil bhreise sin a nochtadh do cibé triú páirtithe amhail dá bhforáiltear faoina ndlí náisiúnta.

2.  Is i scríbhinn a bheidh an tuarascáil bhreise don choiste iniúchóireachta. Tabharfar míniú inti ar thorthaí na hiniúchóireachta reachtúla a rinneadh agus, ar a laghad, déanfar an méid seo a leanas inti:

(a) an dearbhú neamhspleáchais dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 6(2) a chur san áireamh;

(b) i gcás go ndearna gnólacht iniúchóireachta an iniúchóireacht, déanfar gach príomh-chomhpháirtí iniúchóireachta a raibh baint aige nó aici leis an iniúchóireacht a shainaithint sa tuarascáil;

(c) i gcás go bhfuil socruithe déanta ag an iniúchóir reachtúil nó ag an ngnólacht iniúchóireachta go ndéanfaidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta eile nach bhfuil ina chomhalta nó ina comhalta den líonra céanna aon cheann dá ghníomhaíochtaí nó dá gníomhaíochtaí, nó go bhfuil úsáid bainte aige nó aici as saineolaithe seachtracha, déanfaidh an tuarascáil an fíoras sin a léiriú agus daingneofar inti go bhfuair an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta daingniú ón iniúchóir reachtúil eile nó gnólacht iniúchóireachta eile agus/nó ón saineolaí seachtrach maidir lena neamhspleáchas;

(d) tabharfar tuairisc ar chineál, ar mhinicíocht agus ar mhéid na cumarsáide leis an gcoiste iniúchóireachta nó leis an gcomhlacht a bhfuil feidhmeanna coibhéiseacha de chúram air laistigh den eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, laistigh den chomhlacht bainistíochta agus laistigh de chomhlacht riaracháin nó maoirseachta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air, lena n-áirítear dátaí cruinnithe leis na comhlachtaí sin;

(e) tuairisc ar raon feidhme agus uainiú na hiniúchóireachta a chur san áireamh;

(f) i gcás inar ceapadh níos mó ná iniúchóir reachtúil amháin nó níos mó na gnólacht iniúchóireachta amháin, tuairisceofar dáileadh na gcúraimí i measc na n-iniúchóirí reachtúla agus/nó na ngnólachtaí iniúchóireachta;

(g) tabharfar tuairisc ar an modheolaíocht arna húsáid, lena n-áirítear na catagóirí den chlár comhardaithe a fíoraíodh go díreach agus cé na catagóirí a fíoraíodh bunaithe ar thástáil ar chomhlíonadh agus ar chóras; lena n-áirítear míniú maidir le haon éagsúlacht in ualú tástála comhlíontachta agus substaintí agus é á chur i gcomparáid leis an mbliain roimhe a mhíniú, fiú más rud é go ndearna iniúchóir reachtúil/iniúchóirí reachtúla nó gnólacht iniúchóireachta/gnólachtaí iniúchóireachta eile iniúchóireacht reachtúil na bliana roimhe;

(h) nochtfar an leibhéal cainníochtúil ábharthachta a feidhmíodh leis an iniúchóireacht reachtúil a dhéanamh maidir leis na ráitis airgeadais ina iomláine agus i gcás inarb infheidhme an leibhéal nó na leibhéil ábharthachta d'aicmí áirithe idirbheart, iarmhéid cuntas nó nochtuithe, agus nochtfar na fachtóirí cáilíochtúla arna meas nuair a bhí an leibhéal ábharthachta á chur síos;

(i) tuairisceofar agus míneofar breithiúnais maidir le himeachtaí nó coinníollacha a sainaithníodh le linn na hiniúchóireachta a d'fhéadfadh amhras suntasach a chaitheamh ar chumas an eintitis leanúint ar aghaidh mar ghnóthas leantach agus más ábhar éiginnteachta ábharaí iad; agus soláthrófar achoimre maidir leis na ráthaíochtaí go léir, na litreacha suaimhnis go léir, na gealltanais go léir maidir le hidirghabháil phoiblí agus leis na bearta go léir eile tacaíochta a cuireadh san áireamh nuair a bhí measúnú gnóthais leantaigh á dhéanamh;

(j) tuairisceofar easnaimh shuntasacha i gcóras rialaithe airgeadais inmheánach an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air nó an mháthairghnóthais, i gcás ráiteas comhdhlúite airgeadais, agus/nó sa chóras cuntasaíochta. Maidir le gach easnamh suntasach, luafar sa tuarascáil bhreise ar réitigh an lucht bainistithe an t-easnamh i gceist nó nár réitigh;

(k) tuairisceofar aon ábhar suntasacha lena mbaineann neamhchomhlíonadh iarbhír nó a bhfuiltear in amhras faoi i ndáil le dlíthe agus le rialacháin nó le hairteagail chomhlachais a sainaithníodh le linn na hiniúchóireachta, a mhéid a mheastar go bhfuil sé ábhartha chun go mbeidh an coiste iniúchóireachta in ann a chuid cúraimí a chomhlíonadh;

(l) tuairisceofar agus déanfar measúnú ar na modhanna luachála a cuireadh i bhfeidhm maidir leis na hítimí éagsúla sna ráitis bhliantúla airgeadais nó sna ráitis chomhdhlúite airgeadais, lena n-áirítear aon tionchar a bheadh ag athruithe ar mhodhanna den sórt sin;

(m) i gcás iniúchóireachta reachtúla ar ráitis chomhdhlúite airgeadais, míneofar raon feidhme an chomhdhlúthaithe agus na gcritéir eisiaimh a chuir an t-eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air i bhfeidhm ar na heintitis neamhchomhdhlúite, más ann dóibh, agus má tá na critéir sin a cuireadh i bhfeidhm i gcomhréir leis an gcreat tuairiscithe airgeadais;

(n) i gcás inarb iomchuí, sainaithneofar aon obair iniúchóireachta a rinne iniúchóir/iniúchóirí tríú tíortha, iniúchóir reachtúil/iniúchóirí reachtúla, eintiteas iniúchóireachta/eintitis iniúchóireachta tríú tíortha nó gnólacht iniúchóireachta/gnólachtaí iniúchóireachta maidir le hiniúchóireacht reachtúil nó ráitis chomhdhlúite airgeadais seachas obair a rinne comhaltaí den líonra céanna ná an líonra lena mbaineann iniúchóir na ráiteas comhdhlúite airgeadais;

(o) tabharfar léiriú i dtaobh an ndearna an t-eintiteas a ndearnadh iniúchóireacht air na mínithe agus na doiciméid go léir a iarradh a sholáthar.

(p) tuairisceofar inti:

(i) aon deacrachtaí suntasacha a thángthas orthu le linn na hiniúchóireachta reachtúla;

(ii) aon ábhair shuntasacha a eascraíonn ón iniúchóireacht reachtúil a pléadh nó a bhí ina n-ábhar do chomhfhreagras leis an mbainistíocht maidir leo; agus

(iii) aon ábhair eile a eascraíonn ón iniúchóireacht reachtúil atá suntasach maidir le formhaoirseacht an phróisis tuairiscithe airgeadais de réir thuairim ghairmiúil an iniúchóra.

Féadfaidh na Ballstáit ceanglais bhreise a leagan síos maidir le hinneachar na tuarascála breise don choiste iniúchóireachta.

Arna iarraidh sin d'iniúchóir reachtúil, do ghnólacht iniúchóireachta nó don choiste iniúchóireachta, déanfaidh an t-iniúchóir reachtúil/na hiniúchóirí reachtúla nó an gnólacht iniúchóireachta/na gnólachtaí iniúchóireachta plé ar na príomhábhair a eascraíonn as an iniúchóireacht reachtúil a ndéantar tagairt orthu sa tuarascáil bhreise don choiste iniúchóireachta, agus go háirithe i bpointe (j) den chéad fhomhír, le coiste iniúchóireachta, comhlacht riaracháin nó, i gcás inarb infheidhme, comhlacht maoirseachta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air.

3.  Más rud é gur fostaíodh níos mó ná iniúchóir amháin nó gnólacht iniúchóireachta amháin ag an am céanna, agus más rud é gur tharla aon easaontas eatarthu, ar easaontas é a bhaineann le nósanna imeachta iniúchóireachta, le rialacha cuntasaíochta nó le haon saincheist eile maidir le seoladh na hiniúchóireachta reachtúla, déanfar na cúiseanna le heasaontas den sórt sin a mhíniú sa tuarascáil bhreise a thugtar don choiste iniúchóireachta.

4.  Beidh ainm agus dáta leis an tuarascáil bhreise chuig an gcoiste iniúchóireachta. I gcás ina ndéanann gnólacht iniúchóireachta an iniúchóireacht reachtúil, is iad na hiniúchóirí reachtúla a dhéanann an iniúchóireacht reachtúil thar ceann an ghnólachta iniúchóireachta a shíneoidh an tuarascáil bhreise a thugtar don choiste iniúchóireachta.

5.  Arna iarraidh sin dó nó dóibh, agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, déanfaidh na hiniúchóirí reachtúla nó na gnólachtaí iniúchóireachta an tuarascáil bhreise a chur ar fáil gan mhoill do na húdaráis inniúla de réir bhrí Airteagal 20(1).

Airteagal 12

Tuarascáil do mhaoirseoirí eintiteas leasa phoiblí

1.  Gan dochar d'Airteagal 55 de Threoir 2004/39/CE, d'Airteagal 63 de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 23 ), d'Airteagal 15(4) de Threoir 2007/64/CE, d'Airteagal 106 de Threoir 2009/65/CE, d'Airteagal 3(1) de Threoir 2009/110/CE agus d'Airteagal 72 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 24 ), beidh dualgas ar an iniúchóir reachtúil nó ar an ngnólacht iniúchóireachta a dhéanann an iniúchóireacht reachtúil ar eintiteas leasa phoiblí chun tuarascáil a thabhairt go pras do na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar an eintiteas leasa phoiblí sin nó, i gcás ina gcinneann an Ballstát lena mbaineann amhlaidh, don údarás inniúil atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar an iniúchóir nó ar an ngnólacht iniúchóireachta, aon eolas a bhaineann leis an eintiteas leasa phoiblí sin agus a bhfuil sé nó sí tagtha ar an eolas faoi le linn an iniúchóireacht reachtúil sin a sheoladh agus ar eolas é a fhéadfaidh bheith ina chúis le haon cheann de na nithe seo a leanas:

(a) sárú ábharthach ar na dlíthe, ar na rialacháin nó ar na forálacha riaracháin lena leagtar síos, i gcás inarb iomchuí, na coinníollacha lena rialaítear údarú ghníomhaíochtaí an eintitis leasa phoiblí sin nó lena ndéantar na gníomhaíochtaí sin a rialú go sonrach;

(b) bagairt nó amhras ábharthach maidir le feidhmiú leantach an eintitis leasa phoiblí;

(c) diúltú tuairim iniúchóireachta a eisiúint maidir leis na ráitis airgeadais nó tuairim chodarsnach nó cháilithe a eisiúint.

Beidh dualgas freisin ar iniúchóirí reachtúla nó ar ghnólachtaí iniúchóireachta tuarascáil a thabhairt faoi aon fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) nó pointe (c) den chéad fhomhír a dtagann sé nó sí ar an eolas faoi le linn iniúchóireacht reachtúil a dhéanamh ar ghnóthas a bhfuil dlúthbhaint aige leis an eintiteas leasa phoiblí a bhfuil an iniúchóireacht reachtúil á seoladh acu air freisin. Chun críocha an Airteagail seo, beidh le “dlúthnaisc” an bhrí a shanntar don téarma sin i bpointe (38) d'Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 25 ).

Féadfaidh na Ballstáit faisnéis bhreise a éileamh ar iniúchóir reachtúil nó ar an ngnólacht iniúchóireachta ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis riachtanach chun maoirseacht éifeachtach, dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta, a dhéanamh ar an margadh airgeadais.

2.  Bunófar idirphlé éifeachtach idir na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnóthais árachais, ar láimh amháin, agus an t-iniúchóir reachtúil/na hiniúchóirí reachtúla agus an gnólacht iniúchóireachta/na gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann an iniúchóireacht reachtúil ar na hinstitiúidí agus ar na gnóthais sin, ar an láimh eile. Is ar an dá pháirtí san idirphlé a bheidh an fhreagracht an ceanglas seo a chomhlíonadh.

Gach bliain ar a laghad, eagróidh an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) agus CCEFI cruinniú de gach institiúid airgeadais dhomhanda atá tábhachtach ar bhealach sistéamach agus atá údaraithe laistigh den Aontas, mar a sainaithníodh iad go hidirnáisiúnta, ar cruinniú é a bheidh eagraithe leis na hiniúchóirí reachtúla agus na gnólachtaí iniúchóireachta nó líonraí iniúchóireachta a bhfuil iniúchóireachtaí reachtúla á ndéanamh acu, d'fhonn BERS a chur ar an eolas maidir le haon fhorbairtí earnálacha nó suntasacha sna hinstitiúidí airgeadais sin ar institiúidí iad atá tábhachtach ar bhealach sistéamach.

Chun feidhmiú na gcúraimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a éascú, déanfaidh an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach — ÚBE) agus an tÚdarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde — ÚEÁPC), agus aird á tabhairt ar chleachtais reatha maoirseachta, treoirlínte a bheidh dírithe ar na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnóthais árachais a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 26 ) agus le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 27 ) faoi seach.

3.  I gcás ina ndéanfadh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta nó an líonra iniúchóireachta, i gcás inarb infheidhme, aon fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 nó aon fhaisnéis a thagann chun cinn le linn an idirphlé dá bhforáiltear i mír 2 a nochtadh de mheon macánta do na húdaráis inniúla nó do BERS nó do CCEFI, ní hionann an nochtadh sin agus sárú ar aon srian conarthach nó dlíthiúil ar fhaisnéis a nochtadh.

Airteagal 13

Tuarascáil trédhearcachta

1.  Déanfaidh iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireacht reachtúil nó iniúchóireachtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí tuarascáil bhliantúil trédhearcachta a phoibliú ceithre mhí ar a dhéanaí tar éis dheireadh gach bliana airgeadais. Déanfar an tuarascáil trédhearcachta sin a fhoilsiú ar láithreán gréasáin an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta agus beidh an tuarascáil sin ar fáil ar an láithreán gréasáin sin go ceann cúig bliana ar a laghad ón lá a fhoilseofar í ar an láithreán gréasáin. Má tá an t-iniúchóir reachtúil fostaithe ag gnólacht iniúchóireachta, luífidh na hoibleagáidí faoin Airteagal seo ar an ngnólacht iniúchóireachta.

Ceadófar d'iniúchóir reachtúil nó do ghnólacht iniúchóireachta a thuarascáil bhliantúil trédhearcachta, mar a foilsíodh í, a uasdátú. i gcás den sórt sin, léireoidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta gur leagan uasdátaithe den tuarascáil é agus leanfaidh an leagan bunaidh den tuarascáil de bheith ar fáil ar an láithreán gréasáin.

Cuirfidh iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta in iúl do na húdaráis inniúla go ndearnadh an tuarascáil trédhearcachta a fhoilsiú ar láithreán gréasáin an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta nó, de réir mar is iomchuí, go ndearnadh í a uasdátú.

2.  Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad sa tuarascáil bhliantúil trédhearcachta:

(a) tuairisc ar struchtúr dlíthiúil agus ar úinéireacht dhlíthiúil an ghnólachta iniúchóireachta;

(b) i gcás go bhfuil an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta ina chomhalta de líonra

(i) tuairisc ar an líonra agus ar na socruithe dlíthiúla agus struchtúrtha sa líonra;

(ii) ainm gach iniúchóra reachtúil a fheidhmíonn mar chleachtóir aonair nó mar ghnólacht iniúchóireachta ar comhalta den líonra é nó í;

(iii) na tíortha ina bhfuil gach iniúchóir reachtúil a fheidhmíonn mar chleachtóir aonair nó gach gnólacht iniúchóireachta ar comhalta den líonra é nó í cáilithe mar iniúchóir reachtúil nó ina bhfuil a oifig chláraithe nó a hoifig chláraithe, a riarachán lárnach nó a phríomháit ghnó nó a príomháit ghnó aige nó aici;

(iv) an láimhdeachas iomlán arna a bhain na hiniúchóirí reachtúla a fheidhmíonn mar chleachtóirí aonair agus na gnólachtaí iniúchóireachta ar comhaltaí den líonra iad amach, arb é an láimhdeachas é a éiríonn as iniúchóireacht reachtúil a dhéanamh ar ráitis bhliantúla airgeadais agus ar ráitis chomhdhlúite airgeadais.

(c) tuairisc ar struchtúr rialachais an ghnólachta iniúchóireachta;

(d) tuairisc ar chóras inmheánach rialaithe cáilíochta an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta agus ráiteas ón gcomhlacht riaracháin nó bainistíochta maidir le héifeachtacht fheidhmiú an chórais sin;

(e) léiriú i dtaobh cén uair a rinneadh an t-athbhreithniú dearbhaithe cáilíochta is déanaí dá dtagraítear in Airteagal 26;

(f) liosta eintiteas leasa phoiblí ar ina leith atá iniúchóireachtaí reachtúla déanta ag an iniúchóir reachtúil nó ag an ngnólacht iniúchóireachta le linn na bliana airgeadais roimhe sin;

(g) ráiteas a bhaineann le cleachtais neamhspleáchais an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta, ar ráiteas é lena ndaingnítear freisin gur seoladh athbhreithniú inmheánach ar chomhlíonadh maidir le neamhspleáchas;

(h) ráiteas ar an mbeartas ar dá réir a d'fheidhmigh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta i ndáil le hoiliúint leantach iniúchóirí dá dtagraítear in Airteagal 13 de Threoir 2006/43/CE;

(i) faisnéis a bhaineann leis an mbonn le luach saothair comhpháirtithe i ngnólachtaí iniúchóireachta;

(j) tuairisc ar bheartas an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta maidir le sealaíocht príomh-chomhpháirtithe iniúchóireachta agus daoine tábhachtacha den fhoireann iniúchóireachta i gcomhréir le hAirteagal 17(7);

(k) i gcás nach nochtar í ina ráitis airgeadais de réir bhrí Airteagal 4(2) de Threoir 2013/34/AE, faisnéis maidir le láimhdeachas iomlán an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta, arna miondealú sna catagóirí seo a leanas:

(i) ioncam ón iniúchóireacht reachtúil ar ráitis bhliantúla airgeadais agus ráitis chomhdhlúite airgeadais de chuid eintiteas leasa phoiblí agus de chuid eintiteas atá mar chuid de ghrúpa gnóthas a bhfuil a máthairghnóthas ina eintiteas leasa phoiblí,

(ii) ioncam ón iniúchóireacht reachtúil ar ráitis bhliantúla airgeadais agus ráitis chomhdhlúithe airgeadais d'eintitis eile;

(iii) ioncam ó sheirbhísí neamh-iniúchóireachta ceadaithe chuig eintitis a ndéanann an t-iniúchóir reachtúil inniúil nó an gnólacht iniúchóireachta iniúchóireacht orthu, agus;

(iv) ioncam ó sheirbhísí neamh-iniúchóireachta chuig eintitis eile.

Féadfaidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta, in imthosca eisceachtúla, a chinneadh gan an fhaisnéis a éilítear i bpointe (f) den chéad fhomhír a nochtadh a mhéid is gá sin chun maolú a dhéanamh ar bhagairt shuntasach ar shlándáil phearsanta aon duine áirithe. Beidh an t-iniúchóir reachtúil nó don ghnólacht iniúchóireachta a bheith in ann a thaispeáint don údarás inniúil gurb ann do bhagairt den sórt sin.

3.  Déanfaidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta an tuarascáil trédhearcachta a shíniú.

Airteagal 14

Faisnéis a chur ar fáil le haghaidh na n-údarás inniúil

Déanfaidh iniúchóirí reachtúil agus gnólachtaí iniúchóireachta liosta de na heintitis leasa phoiblí a ndéantar iniúchóireacht orthu a thabhairt gach bliain dá údarás inniúil nó dá húdarás inniúil de réir an ioncaim arna ghiniúint uathu, agus na cineálacha ioncaim sin á miondealú mar a leanas:

(a) ioncam ó iniúchóireacht reachtúil;

(b) ioncam ó sheirbhísí neamh-iniúchóireachta seachas na cinn dá dtagraítear in Airteagal 5(1), ar seirbhísí iad a cheanglaítear le reachtaíocht an Aontais agus le reachtaíocht náisiúnta; agus,

(c) ioncam ó sheirbhísí neamh-iniúchóireachta seachas na cinn dá dtagraítear in Airteagal 5(1), ar seirbhísí iad nach gceanglaítear le reachtaíocht an Aontais agus le reachtaíocht náisiúnta.

Airteagal 15

Taifid a choinneáil

Déanfaidh iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(3), in Airteagal 6, in Airteagal 7, in Airteagal 8(4) go (7), in Airteagal 10 agus in Airteagal 11, in Airteagal 12(1) agus (2), in Airteagal 14, in Airteagal 16(2), (3) agus (5) den Rialachán seo, agus in Airteagail 22b, 24a, 24b, 27 agus 28 de Threoir 2006/43/CE a choinneáil ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad tar éis doiciméid nó faisnéis den sórt sin a chruthú.

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a choinneáil ar feadh tréimhse níos faide ná sin i gcomhréir lena rialacha ar chosaint sonraí pearsanta agus ar imeachtaí riaracháin agus breithiúnacha.



TEIDEAL III

INIÚCHÓIRÍ REACHTÚLA NÓ GNÓLACHTAÍ INIÚCHÓIREACHTA A CHEAPADH AG EINTITIS LEASA PHOIBLÍ

Airteagal 16

Iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta a cheapadh

1.  Chun Airteagal 37(1) de Threoir 2006/43/CE a chur i bhfeidhm, beidh feidhm ag na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 go mír 5 den Airteagal seo maidir le ceapadh iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta, ach féadfaidh siad bheith faoi réir mhír 7.

I gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 37(2) de Threoir 2006/43/CE, cuirfidh an t-eintiteas leasa phoiblí an t-údarás inniúil ar an eolas faoi úsáid córas malartach nó rialacha mionsonraithe malartacha dá dtagraítear san Airteagal in. Sa chás sin, ní bheidh feidhm ag mír 2 go mír 5 den Airteagal seo.

2.  Déanfaidh an coiste iniúchóireachta moladh faoi cheapadh iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta a thíolacadh do chomhlacht riaracháin nó maoirseachta an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air.

Mura rud é go bhfuil baint ag an moladh le hathnuachan fostaíochta iniúchóireachta i gcomhréir le hAirteagal 17(1) agus le hAirteagal 17(2), déanfar bonn cirt a thabhairt don mholadh agus beidh dhá rogha ann sa mholadh maidir leis an bhfostaíocht iniúchóireachta agus léireoidh an coiste iniúchóireachta cén rogha is fearr leis mar aon le húdar maith a léiriú maidir leis an rogha a dhéanfaidh siad.

Luafaidh an coiste iniúchóireachta ina mholadh go bhfuil an moladh saor ó thionchar ar thaobh tríú páirtí agus nach ndearnadh aon chlásal den chineál dá dtagraítear i mír 6 a fhorchur air.

3.  Mura rud é go mbaineann an moladh le hathnuachan fostaíochta iniúchóireachta i gcomhréir le hAirteagal 17(1) agus le hAirteagal 17(2), déanfar an moladh ón gcoiste iniúchóireachta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a ullmhú tar éis nós imeachta maidir le roghnúcháin ar nós imeachta é a eagróidh an t-eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air ag cloí leis na critéir seo a leanas:

(a) beidh an t-eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air saor chun cuireadh a thabhairt d'aon iniúchóir reachtúil nó d'aon ghnólacht iniúchóireachta tograí a thíolacadh maidir leis an tseirbhís reachtúil iniúchóireachta a sholáthar ar choinníoll go gcloítear le hAirteagal 17(3) agus nach amhlaidh go ndéanfar le heagrú phróiseas na tairisceana rannpháirtíocht gnólachtaí a eisiamh ón nós imeachta roghnúcháin ar chaoi ar bith, ar gnólachtaí iad a fuair níos lú ná 15 % de na táillí iomlána iniúchóireachta ó eintitis leasa phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann sa bhliain fhéilire roimhe sin;

(b) ullmhóidh an t-eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air doiciméid tairisceana mar eolas do na hiniúchóirí reachtúla nó do na gnólachtaí iniúchóireachta dá dtugtar cuireadh. Ligfidh na doiciméid tairisceana sin dóibh tuiscint a bheith acu ar ghnó an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air agus ar an gcineál iniúchóireachta reachtúla atá le seoladh. Beidh critéir thrédhearcacha neamh-idirdhealaitheacha sna doiciméid tairisceana ar critéir iad a úsáidfidh an t-eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air chun meastóireacht a dhéanamh ar na tograí a dhéanfaidh iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta;

(c) beidh an t-eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air saor chun an nós imeachta maidir le roghnúchán a chinneadh agus, le linn an nós imeachta sin, féadfaidh sé caibidlíocht dhíreach a sheoladh le tairgeoirí ar spéis leo an t-ábhar;

(d) más rud é, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, go gceanglóidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 20 ar iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta caighdeáin áirithe cáilíochta a chomhlíonadh, cuirfear na caighdeáin sin san áireamh sna doiciméid tairisceana;

(e) déanfaidh an t-eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air meastóireacht ar na tograí a dhéanfaidh na hiniúchóirí reachtúla nó na gnólachtaí iniúchóireachta i gcomhréir leis na critéir maidir le roghnúchán a réamhshainítear sna doiciméid tairisceana. Déanfaidh an t-eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air tuarascáil a ullmhú ar chonclúidí an nós imeachta roghnúcháin agus déanfaidh an coiste iniúchóireachta na conclúidí sin a bhailíochtú. Déanfaidh an t-eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air agus an coiste iniúchóireachta a chur san áireamh cinntí nó conclúidí ar bith in aon tuarascáil chigireachta maidir leis an iniúchóir reachtúil nó maidir leis an ngnólacht is iarratasóir, ar tuarascáil í dá dtagraítear in Airteagal 26(8) agus atá foilsithe ag an údarás inniúil de bhun phointe (d) d'Airteagal 28;

(f) beidh an t-eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air in ann, arna iarraidh sin, a thaispeáint don údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 20 go ndearnadh an nós imeachta maidir le roghnúchán a sheoladh ar mhodh cothrom.

Beidh an coiste iniúchóireachta freagrach as an nós imeachta roghnúcháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír, déanfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 20(1) liosta de na hiniúchóirí reachtúla agus de na gnólachtaí iniúchóireachta lena mbaineann a phoibliú agus déanfar an liosta sin a uasdátú ar bhonn bliantúil. Déanfaidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis arna soláthar ag iniúchóirí reachtúla agus ag gnólachtaí iniúchóireachta de bhun Airteagal 14 a úsáid chun na ríomhaireachtaí ábhartha a dhéanamh.

4.  Ní bheidh aon cheangal ar eintitis leasa phoiblí a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i bpointe (f) agus i bpointe (t) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 28 ) an nós imeachta roghnúcháin dá dtagraítear i mír 3 a chur i bhfeidhm.

5.  Sa togra do chruinniú ginearálta scairshealbhóirí nó chomhaltaí an eintitis a ndéantar iniúchóireacht air maidir le hiniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta a cheapadh, áiritheofar an moladh agus an tosaíocht dá dtagraítear i mír 2 a dhéanann an coiste iniúchóireachta nó an comhlacht a dhéanann na feidhmeanna coibhéiseacha.

Má imíonn an togra ó thosaíocht an choiste iniúchóireachta, déanfar údar maith leis na cúiseanna gan déanamh de réir mholadh an choiste iniúchóireachta a thabhairt sa togra. Ceanglaítear, áfach, go raibh an t-iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta a mhol an comhlacht riaracháin nó maoirseachta rannpháirteach sa nós imeachta roghnúcháin a gcuirtear síos air i mír 3. Ní bheidh feidhm ag an bhfomhír seo i gcás ina ndéanann an comhlacht riaracháin nó maoirseachta feidhmeanna an choiste iniúchóireachta.

6.  Aon chlásal de chuid conartha a dhéantar idir eintiteas leasa phoiblí agus tríú páirtí agus lena ndéantar rogha chruinniú ginearálta scairshealbhóirí nó chomhaltaí an eintitis sin, dá dtagraítear in Airteagal 37 de Threoir 2006/43/CE a shrianadh do chatagóirí áirithe nó liostaí áirithe iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta a dhéanfaidh an iniúchóireacht reachtúil ar an eintiteas sin, maidir le ceapadh iniúchóir reachtúil ar leith nó gnólacht iniúchóireachta ar leith is clásail ar neamhní a bheidh sa chlásal sin.

Déanfaidh eintiteas leasa phoiblí na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 20 a chur ar an eolas, go díreach agus gan mhoill, faoi aon iarracht ar thaobh tríú páirtí clásal conarthach den sórt sin a fhorchur nó tionchar míchuí a imirt ar shlí eile ar chinneadh chruinniú ginearálta na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí maidir le hiniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta a roghnú.

7.  Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go ndéanfaidh eintitis leasa phoiblí líon íosta iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta a cheapadh in imthosca áirithe agus na coinníollacha a bhunú lena rialófar an caidreamh idir na hiniúchóirí reachtúla nó na gnólachtaí iniúchóireachta a cheapfar.

Má bhunaíonn Ballstát aon cheanglas den sórt sin, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Choimisiún agus don Údarás Maoirseachta Eorpach ábhartha.

8.  Má tá coiste ainmniúcháin ag an eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air, ar coiste é a bhfuil tionchar suntasach ag na scairshealbhóirí nó ag na comhaltaí air agus a bhfuil de chúram air moltaí a dhéanamh maidir le hiniúchóirí a roghnú, féadfaidh Ballstáit ligean don choiste ainmniúcháin sin feidhmeanna an choiste iniúchóireachta a dhéanamh, ar feidhmeanna iad atá leagtha síos san Airteagal seo agus lena n-éilítear go gcuirfidh sé an moladh dá dtagraítear i mír 2 faoi bhráid chruinniú ginearálta na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí.

Airteagal 17

Tréimhse na fostaíochta iniúchóireachta

1.  Déanfaidh eintiteas leasa phoiblí iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta a cheapadh chuig fostaíocht tosaigh a mhairfidh bliain amháin ar a laghad. Féadfar an fhostaíocht a athnuachan.

An tréimhse a bhfostófar i dtús báire aon iniúchóir reachtúil ar leith nó aon ghnólacht iniúchóireachta ar leith, ní shárófar uastréimhse deich mbliana leis an tréimhse sin ná leis an tréimhse sin i dteannta aon fhostaíochta athnuaite.

2.  De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit an méid a leanas a dhéanamh

(a) a éileamh go mairfidh an fhostaíocht tosaigh dá dtagraítear i mír 1 ar feadh tréimhse is faide ná bliain amháin;

(b) uastréimhse is lú ná deich mbliana a leagan síos do na fostaíochtaí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1.

3.  Tar éis do na huastréimhsí fostaíochtaí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1, nó i bpointe (b) de mhír 2, dul in éag nó tar éis dul in éag na dtréimhsí fostaíochta sin lena gcuirtear síneadh ama i gcomhréir le mír 4 nó mír 6, ní thabharfaidh an t-iniúchóir reachtúil ná an gnólacht iniúchóireachta ná, i gcás inarb infheidhme, aon chomhalta dá gcuid líonraí laistigh den Aontas faoin iniúchóireacht reachtúil ar an eintiteas leasa phoiblí céanna laistigh den tréimhse ceithre bliana ina dhiaidh.

4.  De mhaolú ar mhír 1 agus ar phointe (b) de mhír 2, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go gcuirfear síneadh ama leis na huastréimhsí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 agus i bpointe (b) de mhír 2, ar síneadh ama arb é seo a leanas an uastréimhse a bheidh i gceist ina leith:

(a) fiche bliain, i gcás ina gcuirfear próiseas tairisceana poiblí don iniúchóireacht reachtúil ar bun i gcomhréir le mír 2 agus le mír 5 d'Airteagal 16, agus gabhfaidh éifeacht leis ar dhul in éag na n-uastréimhsí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 agus i bpointe (b) de mhír 2; nó

(b) ceithre bliana is fiche, i gcás, tar éis do na huastréimhsí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 agus i bpointe (b) de mhír 2 dul in éag, ina bhfostaítear níos mó ná iniúchóir reachtúil amháin nó gnólacht reachtúil iniúchóireachta amháin ag an am céanna ar choinníoll gurb é an toradh a bheidh ar an iniúchóireacht reachtúil go ndéanfar an tuarascáil chomhpháirteach iniúchóireachta, mar a thagraítear di in Airteagal 28 de Threoir 2006/43/CE, a chur i láthair.

5.  Ní chuirfear fad leis na huastréimhsí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 agus i bpointe (b) de mhír 2 ach amháin, tar éis moladh a fháil ón gcoiste iniúchóireachta, má mholann an bord riaracháin nó maoirseachta do chruinniú ginearálta na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, go ndéanfar an fhostaíocht sin a athnuachan agus má dhéantar an moladh sin a fhormheas.

6.  Tar éis do na huastréimhsí dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1, i bpointe (b) de mhír 2, nó i mír 4, de réir mar is iomchuí, dul in éag, féadfaidh an t-eintiteas leasa phoiblí, ar bhonn eisceachtúil, iarraidh ar an údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 20(1) fadú a dheonú chun an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta a athcheapadh i gcomhair fostaíochta breise más rud é go gcomhlíontar na coinníollacha i bpointe (a) nó i bpointe (b) de mhír 4. Ní mó ná dhá bhliain a bheidh an fhostaíocht bhreise sin.

7.  Maidir leis na príomh-chomhpháirtithe iniúchóireachta a bheidh freagrach as iniúchóireacht reachtúil a chur i gcrích, scoirfidh siad dá rannpháirtíocht in iniúchóireacht ar an eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air tráth nach déanaí ná seacht mbliana ón dáta ar ceapadh iad. Ní ghlacfaidh siad páirt arís in iniúchóireacht reachtúil ar an eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air sula mbeidh trí bliana caite, ar a laghad, tas éis an scoir sin.

De mhaolú air sin, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar na príomh-chomhpháirtithe iniúchóireachta atá freagrach as iniúchóireacht reachtúil a dhéanamh scor dá rannpháirtíocht san iniúchóireacht reachtúil ar an eintiteas a ndéantar iniúchóireacht air níos luaithe ná seacht mbliana ón dáta ar ceapadh iad, faoi seach.

Déanfaidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta sásra iomchuí sealaíochta comhleanúnaí a bhunú maidir leis an bpearsanra is sinsearaí atá bainteach leis an iniúchóireacht reachtúil, lena n-áirítear, ar a laghad, na daoine atá cláraithe mar iniúchóirí reachtúla. Déanfar an sásra sealaíochta comhleanúnaí a chur i bhfeidhm ina chéimeanna ar bhonn pearsana aonair seachas ar bhonn na foirne fostaíochta ina hiomláine. Beidh sé comhréireach i bhfianaise fhairsinge agus chastacht na gníomhaíochta dá ngabhann an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta.

Beidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta in ann a thaispeáint don údarás inniúil go ndéantar an sásra sin a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus go n-oiriúnaítear é d'fhairsinge agus do chastacht na gníomhaíochta dá ngabhann an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta.

8.  Chun críocha an Airteagail seo, déanfar tréimhse na fostaíochta iniúchóireachta a ríomh ón gcéad bhliain airgeadais atá cumhdaithe sa litir maidir leis an bhfostaíochta iniúchóireachta lena gceaptar an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta don chéad uair chun na hiniúchóireachtaí reachtúla a dhéanamh as a chéile don eintiteas céanna leasa phoiblí.

Chun críocha an Airteagail seo, áiritheofar ar an ngnólacht iniúchóireachta gnólachtaí eile a fhaigheann an gnólacht iniúchóireachta nó gnólachtaí eile a gcumascann an gnólacht iniúchóireachta leo.

Má tá éiginnteacht ann maidir leis an dáta ar thosaigh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta ar iniúchóireachtaí reachtúla as a chéile a dhéanamh don eintiteas leasa phoiblí, mar shampla de dheasca cumasc gnólachtaí, éadálacha, nó athruithe ar an struchtúr úinéireachta, déanfaidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachtaí éiginnteachtaí den sórt sin a thuairisciú láithreach don údarás inniúil, agus cinnfidh an t-údarás inniúil sin an dáta ábhartha, sa deireadh, chun críocha na chéad fhomhíre.

Airteagal 18

An comhad aistrithe

I gcás ina ndéantar iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta eile a chur in ionad iniúchóra reachtúil nó gnólachta iniúchóireachta, déanfaidh an t-iariniúchóir reachtúil nó an t-iarghnólacht iniúchóireachta na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 23(3) de Threoir 2006/43/CE a chomhlíonadh.

Faoi réir Airteagal 15, déanfaidh an t-iariniúchóir reachtúil nó an t-iarghnólacht iniúchóireachta rochtain a dheonú freisin don iniúchóir reachtúil nua nó don ghnólacht iniúchóireachta nua ar na tuarascálacha breise dá dtagraítear in Airteagal 11 i leith na mblianta roimhe sin agus ar aon fhaisnéis arna tarchur chuig údaráis inniúla de bhun Airteagal 12 agus Airteagal 13.

Beidh an t-iariniúchóir reachtúil nó an t-iarghnólacht iniúchóireachta in ann a thaispeáint don údarás inniúil go ndearnadh an fhaisnéis sin a sholáthar don iniúchóir reachtúil nua nó don ghnólacht iniúchóireachta nua.

Airteagal 19

Cur as oifig agus éirí as oifig na n-iniúchóirí reachtúla nó na ngnólachtaí iniúchóireachta

Gan dochar d'Airteagal 38(1) de Threoir 2006/43/CE, déanfaidh aon údarás inniúil arna ainmniú ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 20(2) den Rialachán seo an fhaisnéis maidir le briseadh nó le héirí as post an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta le linn na fostaíochta agus míniú leordhóthanach maidir leis na cúiseanna ina leith sin a chur ar aghaidh chuig an údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 20(1).



TEIDEAL IV

FAIREACHAS AR GHNÍOMHAÍOCHTAÍ INIÚCHÓIRÍ REACHTÚLA AGUS GNÓLACHTAÍ INIÚCHÓIREACHTA A DHÉANANN INIÚCHÓIREACHT REACHTÚIL AR EINTITIS LEASA PHOIBLÍ



CAIBIDIL I

Údaráis inniúla

Airteagal 20

Údaráis inniúla a ainmniú

1.  Déanfar na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as na cúraimí dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chomhlíonadh agus as a áirithiú go gcuirfear forálacha an Rialacháin seo i bhfeidhm a ainmniú as measc an méid seo a leanas:

(a) an t-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 24(1) de Threoir 2004/109.CE;

(b) an t-údarás inniúil dá dtagraítear i bpointe (h) d'Airteagal 24(4) de Threoir 2004/109/CE;

(c) an t-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 32 de Threoir 2006/43/CE.

2.  De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go bhfuiltear chun an fhreagracht as a áirithiú go gcuirtear forálacha uile nó cuid d'fhorálacha Theideal III den Rialachán seo i bhfeidhm a chur de chúram, de réir mar is iomchuí, ar na húdaráis inniúla dá dtagraítear sna hAirteagail seo a leanas:

(a) Airteagal 48 de Threoir 2004/39/CE;

(b) Airteagal 24(1) de Threoir 2004/109/CE;

(c) pointe (h) d'Airteagal 24(4) de Threoir 2004/109/CE;

(d) Airteagal 20 de Threoir 2007/64/CE;

(e) Airteagal 30 de Threoir 2009/138/CE;

(f) Airteagal 4(1) de Threoir 2013/36/AE;

nó ar údaráis eile arna n-ainmniú leis an dlí náisiúnta.

3.  I gcás ina mbeifear tar éis níos mó ná údarás inniúil amháin a ainmniú de bhun mhír 1 agus mhír 2, déanfar na húdaráis sin a eagrú ar shlí ina bhfuil a gcuid cúraimí cionroinnte go soiléir.

4.  Beidh mír 1, mír 2 agus mír 3 gan dochar do cheart Ballstáit socruithe dlíthiúla agus riaracháin ar leithligh a dhéanamh i gcomhair tíortha agus críoch thar lear a bhfuil caidreamh speisialta ag an mBallstát sin leo.

5.  Cuirfidh na Ballstáit fógra chuig an gCoimisiún maidir le hainmniú údarás inniúil chun críocha an Rialacháin seo.

Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis seo a chomhdhlúthú agus poibleoidh sé í.

Airteagal 21

Coinníollacha neamhspleáchais

Beidh na húdaráis inniúla neamhspleách ar iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta.

Féadfaidh na húdaráis inniúla dul i gcomhairle le saineolaithe, dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 26(1), chun cúraimí sonracha a chomhlíonadh agus féadfaidh saineolaithe cúnamh a thabhairt dóibh nuair is bunriachtanach sin chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh i gceart. I gcásanna den sórt sin, ní bheidh aon bhaint ag na saineolaithe le haon chinnteoireacht.

Ní bheidh duine ina chomhalta den chomhlacht rialachais, nó ní bheidh sé nó sí freagrach as cinnteoireacht na n-údarás sin más amhlaidh agus é nó í páirteach ann nó le linn na trí bliana roimhe sin:

(a) go ndearna an duine sin iniúchóireachtaí reachtúla;

(b) go raibh cearta vótála ag an duine sin i ngnólacht iniúchóireachta;

(c) go raibh an duine sin ina chomhalta nó ina comhalta de chomhlacht riaracháin, bainistithe nó maoirseachta gnólachta iniúchóireachta;

(d) go raibh an duine sin ina chomhpháirtí nó ina comhpháirtí de ghnólacht iniúchóireachta, ina fhostaí nó ina fostaí de ghnólacht iniúchóireachta nó ar conradh ar shlí eile ag gnólacht iniúchóireachta.

Beidh maoiniú na n-údarás sin daingean agus saor ó thionchar míchuí ó iniúchóirí reachtúla agus ó ghnólachtaí iniúchóireachta.

Airteagal 22

Rúndacht ghairmiúil i ndáil le húdaráis inniúla

Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla maidir le gach duine atá nó a bhí ar fostú nó ar conradh neamhspleách ag údaráis inniúla, nó atá nó a bhí páirteach i rialachas údarás inniúil, nó atá nó a bhí ar fostú nó ar conradh neamhspléach ag aon údarás nó comhlacht ar chuige a ndearnadh cúraimí a tharmligean faoi Airteagal 24 den Rialachán seo. Ní fhéadfar aon fhaisnéis atá clúdaithe faoi rúndacht ghairmiúil a nochtadh d'aon duine eile ná d'aon údarás eile ach amháin de bhua na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo nó de bhua na ndlíthe, na rialachán nó na nósanna imeachta riaracháin de chuid Ballstáit.

Airteagal 23

Cumhachtaí na n-údarás inniúil

1.  Gan dochar d'Airteagal 26, le linn a gcúraimí faoin Rialachán seo a chur i gcrích, ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla nó aon údaráis inniúla eile de chuid Ballstáit cur isteach ar inneachar tuarascálacha iniúchóireachta.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe ar fad ag údaráis inniúla a bheidh de dhíth orthu chun a gcuid feidhmeanna a fheidhmiú faoin Rialachán seo i gcomhréir le forálacha Chaibidil VII de Threoir 2006/43/CE.

3.  Áireofar ar na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, ar a laghad, an chumhacht:

(a) chun rochtain a fháil ar shonraí a bhaineann leis an iniúchóireacht reachtúil nó le doiciméid eile atá i seilbh iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta i bhfoirm ar bith atá ábhartha maidir lena gcuid cúraimí a chomhlíonadh agus cóip de a fháil nó a ghabháil;

(b) chun faisnéis a bhaineann leis an iniúchóireacht reachtúil a fháil ó dhuine ar bith;

(c) chun cigireachtaí ar an láthair ar iniúchóirí reachtúla nó ar ghnólachtaí iniúchóireachta a dhéanamh;

(d) chun nithe a tharchur i gcomhair ionchúisimh choiriúil;

(e) chun a iarraidh ar shaineolaithe fíorúcháin nó imscrúduithe a dhéanamh;

(f) chun na bearta riaracháin a dhéanamh, agus chun na pionóis a fhorchur, dá dtagraítear in Airteagal 30a de Threoir 2006/43/CE.

Ní fhéadfaidh na húdaráis inniúla na cumhachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a úsáid ach amháin:

(a) i ndáil le hiniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a chuireann iniúchóireacht reachtúil i gcrích ar eintitis leasa phoiblí;

(b) i ndáil le daoine a ghabhann do ghníomhaíochtaí iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a chuireann iniúchóireacht reachtúil i gcrích ar eintitis leasa phoiblí;

(c) i ndáil le heintitis leasa phoiblí a ndéantar iniúchóireacht orthu, lena gcomhlaigh agus le tríú páirtithe gaolmhara;

(d) i ndáil le tríú páirtithe a bhfuil feidhmeanna nó gníomhaíochtaí áirithe eisfhoinsithe chucu ag na hiniúchóirí reachtúla agus ag na gnólachtaí iniúchóireachta a chuireann iniúchóireacht reachtúil i gcrích ar eintitis leasa phoiblí; agus

(e) i ndáil le daoine atá gaolmhar nó bainteach ar shlí eile le hiniúchóirí reachtúla agus le gnólachtaí iniúchóireachta a chuireann iniúchóireacht reachtúil i gcrích ar eintitis leasa phoiblí.

4.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil cead ag na húdaráis inniúla a gcumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe a fheidhmiú ar aon cheann de na slite a leanas:

(a) trí fheidhm dhíreach;

(b) i gcomhar le húdaráis eile;

(c) trí iarratas a chur isteach chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.

5.  Déanfar cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe na n-údarás inniúil a fheidhmiú i gcomhréir iomlán leis an dlí náisiúnta, agus go háirithe, leis na prionsabail maidir leis an urraim ar an saol príobháideach agus ar an gceart chun cosanta.

6.  Is i gcomhréir le Treoir 95/46/CE a dhéanfar próiseáil na sonraí pearsanta sin a phróiseálfar i bhfeidhmiú na gcumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 24

Na cúraimí a tharmligean

1.  Maidir le haon cheann de na cúraimí a cheanglaítear a dhéanamh de bhun an Rialacháin seo, féadfaidh na Ballstáit é nó iad a tharmligean chuig na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 20(1), nó féadfaidh siad ligean do na húdaráis inniúla iad a tharmligean, chuig údaráis nó comhlachtaí eile atá ainmnithe nó atá údaraithe ar bhealach eile de réir an dlí na cúraimí sin a chomhlíonadh, seachas cúraimí a bhaineann leis an méid a leanas:

(a) an córas dearbhaithe cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 26;

(b) imscrúduithe dá dtagraítear in Airteagal 23 den Rialachán seo agus in Airteagal 32 de Threoir 2006/43/CE a eascraíonn as an gcóras dearbhaithe cáilíochta sin nó as atreorú ó údarás eile; agus

(c) pionóis agus bearta faoi mar a thagraítear dóibh i gCaibidil VII de Threoir 2006/43/CE a bhaineann leis na hathbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta nó leis na himscrúduithe ar iniúchóireachtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí.

2.  Maidir le déanamh aon chúraimí a ag údaráis nó comhlachtaí eile, beidh sé ina ábhar do tharmligean sainráite ag an údarás inniúil. Sonrófar sa tarmligean na cúraimí tarmligthe agus na coinníollacha faoina ndéanfar iad.

Má tharmligeann an t-údarás inniúil cúraimí chuig údaráis eile nó chuig comhlachtaí eile, beidh sé in ann na hinniúlachtaí sin a athghabháil de réir an cháis.

3.  Beidh na húdaráis nó na comhlachtaí eagraithe ar shlí nach mbeidh aon choinbhleacht leasa ann. Is é an t-údarás inniúil atá ag déanamh an tarmligin a bheidh freagrach sa deireadh as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh maidir leis an Rialachán seo agus leis na bearta cur chun feidhme a ghlactar dá bhun.

Aon socrú a dhéantar maidir le cúraimí a tharmligean, lena n-áirítear na coinníollacha beachta lena rialaítear tarmligean den sórt sin, cuirfidh an t-údarás inniúil é sin in iúl don Choimisiún agus d'údaráis inniúla na mBallstát.

4.  De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh na cúraimí dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 a tharmligean chuig údaráis eile nó chuig comhlachtaí eile atá ainmnithe de réir dlí nó atá ainmnithe ar shlí eile de réir dlí chun cúraimí den sórt sin a chur i gcrích, i gcás ina bhfuil formhór na ndaoine atá rannpháirteach i rialachas an údaráis nó an chomhlachta lena mbaineann neamhspleách ó ghairm na hiniúchóireachta.

Airteagal 25

Comhar le húdaráis inniúla eile ar an leibhéal náisiúnta

Déanfaidh údaráis inniúla a ainmneofar de bhun Airteagal 20(1) agus, i gcás inarb iomchuí, aon údarás a mbeidh cúraimí tarmligthe chuige ag údarás inniúil den sórt sin, comhoibriú leo seo a leanas ar an leibhéal náisiúnta:

(a) na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 32(4) de Threoir 2006/43/CE;

(b) na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 20(2), cibé acu a bhí siad, nó nach raibh siad, ina n-údaráis inniúla chun críocha an Rialacháin seo;

(c) na haonaid um fhaisnéis airgeadais agus na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 21 agus 37 de Threoir 2005/60/CE.

Chun críocha comhair den sórt sin, beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla faoi Airteagal 22 den Rialachán seo.



CAIBIDIL II

Dearbhú cáilíochta, faireachán margaidh, agus trédhearcacht na nÚdarás inniúil

Airteagal 26

Dearbhú cáilíochta

1.  Chun críocha an Airteagail seo:

(a) ciallaíonn “cigireachtaí” athbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta ar iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta, ar athbhreithnithe iad a dhéantar faoi cheannas cigire agus nach imscrúdú de réir bhrí Airteagal 32(5) de Threoir 2006/43/CE atá iontu;

(b) ciallaíonn “cigire” athbhreithneoir a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 5 den Airteagal seo agus atá ar fostú nó ar conradh ar shlí eile ag údarás inniúil;

(c) ciallaíonn “saineolaí” duine nádúrtha ag a bhfuil saineolas sonrach maidir le margaí airgeadais, tuairisciú airgeadais, iniúchóireacht nó réimsí eile atá ábhartha i ndáil le cigireachtaí, lena n-áirítear iniúchóirí reachtúla cleachtacha.

2.  Déanfaidh na húdaráis inniúla a ainmnítear faoi Airteagal 20(1) córas éifeachtach a bhunú maidir le dearbhú cáilíochta iniúchóireachta.

Déanfaidh siad athbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta ar iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta a bhíonn i mbun iniúchóireachtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí ar bhonn anailíse ar an riosca agus:

(a) i gcás iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a bhíonn i mbun iniúchóireachtaí reachtúla ar eintitis leasa phoiblí seachas iad sin atá sainithe i bpointe (17) agus i bpointe (18) d'Airteagal 2 de Threoir 2006/43/CE gach trí bliana ar a laghad; agus,

(b) i gcásanna seachas na cinn dá dtagraítear i bpointe (a), gach sé bliana ar a laghad.

3.  Beidh na freagrachtaí seo a leanas ag an údarás inniúil:

(a) na modheolaíochtaí cigireachta a fhormheas agus a leasú, lena n-áirítear lámhleabhair chigireachta agus leantacha, na modheolaíochtaí tuairiscithe agus na cláir cigireachta thréimhsiúla;

(b) tuarascálacha cigireachta agus tuarascálacha leantacha a fhormheas agus a leasú;

(c) cigirí le haghaidh gach cigireachta a fhormheas agus a shannadh.

Leithdháilfidh an t-údarás inniúil acmhainní leordhóthanacha ar an gcóras dearbhaithe cáilíochta.

4.  Eagróidh an t-údarás inniúil an córas dearbhaithe cáilíochta ar shlí a bheidh neamhspleách ar na hiniúchóirí reachtúla agus ar na gnólachtaí iniúchóireachta atá athbhreithnithe.

Áiritheoidh an t-údarás inniúil go ndéanfar beartais agus nósanna imeachta iomchuí a bhaineann le neamhspleáchas agus oibiachtúlacht na foirne, lena n-áirítear cigirí, agus le bainistiú an chórais dearbhaithe cáilíochta a chur i bhfeidhm.

5.  Comhlíonfaidh an t-údarás inniúil na critéir seo a leanas nuair a bheidh cigirí á gceapadh:

(a) beidh oideachas iomchuí gairmiúil agus taithí ábhartha ag cigirí i dtaca le hiniúchóireacht reachtúil agus le tuairisciú airgeadais, mar aon le hoiliúint shonrach maidir le hathbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta;

(b) ní cheadófar do dhuine ar iniúchóir reachtúil cleachtach é nó í nó atá ar fostú ag iniúchóir reachtúil nó ag gnólacht iniúchóireachta, nó atá comhlachaithe ar shlí eile le hiniúchóir reachtúil nó le gnólacht iniúchóireachta, gníomhú mar chigire;

(c) ní cheadófar do dhuine gníomhú mar chigire i gcigireacht a dhéanamh ar iniúchóir reachtúil nó ar ghnólacht iniúchóireachta go dtí go mbeidh trí bliana ar a laghad imithe in éag ón tráth ar scoir an duine sin de bheith ina chomhpháirtí nó ina comhpháirtí nó ina fhostaí nó ina fostaí de chuid an iniúchóra reachtúil sin nó de chuid an ghnólachta iniúchóireachta sin nó de bheith comhlachaithe ar shlí eile leis an iniúchóir reachtúil sin nó leis an ngnólacht iniúchóireachta sin;

(d) dearbhóidh cigirí nach bhfuil aon choimhlint leasa idir iad agus an t-iniúchóir reachtúil agus an gnólacht iniúchóireachta a bhfuil cigireacht le déanamh air.

De mhaolú ar phointe (b) de mhír 1, féadfaidh údarás inniúil saineolaithe a fháil ar conradh chun cigireachtaí sonracha a chur i gcrích nuair nach leor an líon cigirí atá ann laistigh den údarás. Féadfaidh an t-údarás inniúil cúnamh a fháil ó shaineolaithe freisin nuair a bheidh sé sin riachtanach chun go seolfar an chigireacht mar is iomchuí. In imthosca den sórt sin, comhlíonfaidh na húdaráis inniúla agus na saineolaithe ceanglais na míre seo. Ní bheidh na saineolaithe bainteach leis an rialachas a dhéanfar ar chomhlachais ghairmiúla agus ar chomhlachtaí gairmiúla, ná ní bheidh siad fostaithe acu ná ní bheidh siad fostaithe ar conradh eile acu ach féadfaidh siad a bheith ina gcomhaltaí de na comhlachais nó de na comhlachtaí sin.

6.  Clúdóidh raon feidhme cigireachtaí an méid seo a leanas ar a laghad:

(a) measúnú ar dhearadh chóras inmheánach rialaithe cáilíochta an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta;

(b) tástáil dhóthanach maidir le comhlíonadh ó thaobh nósanna imeachta agus athbhreithniú ar chomhaid iniúchóireachta eintiteas leasa phoiblí chun éifeachtacht an chórais inmheánaigh rialaithe cáilíochta a fhíorú;

(c) i bhfianaise fhionnachtana na cigireachta faoi phointe (a) agus faoi phointe (b) den mhír seo, measúnú ar inneachar na tuarascála bliantúla trédhearcachta is déanaí arna foilsiú ag iniúchóir reachtúil nó ag gnólacht iniúchóireachta i gcomhréir le hAirteagal 13.

7.  Ar a laghad, déanfar na beartais inmheánacha rialaithe cáilíochta agus na nósanna imeachta inmheánacha rialaithe cáilíochta seo a leanas de chuid an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta a athbhreithniú:

(a) go ndéanann an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta caighdeáin infheidhme maidir le hiniúchóireacht agus rialú cáilíochta a chomhlíonadh mar aon le ceanglais maidir le heitic agus le neamhspleáchas, lena n-áirítear na caighdeáin agus na ceanglais sin a leagtar amach i gCaibidil IV de Threoir 2006/43/CE agus in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 den Rialachán seo, chomh maith le dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin ábhartha de chuid an Bhallstáit lena mbaineann;

(b) cainníocht agus cáilíocht na n-acmhainní a úsáidtear, lena n-áirítear comhlíonadh ceanglas maidir le hoideachas de réir mar a leagtar amach in Airteagal 13 de Threoir 2006/43/CE;

(c) comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán seo i ndáil leis na táillí iniúchóireachta a ghearrfar.

Chun críocha na tástála ar chomhlíonadh, déanfar comhaid iniúchóireachta a roghnú ar bhonn anailíse ar an riosca gur mainníodh an iniúchóireacht reachtúil a chur i gcrích ar shlí neamhdhóthanach.

Déanfaidh údaráis inniúla athbhreithniú go tréimhsiúil freisin ar na modheolaíochtaí arna n-úsáid ag iniúchóirí reachtúla agus ag gnólachtaí iniúchóireachta chun iniúchóireacht reachtúil a chur i gcrích.

Le cois na cigireachta a chumhdaítear sa chéad fhomhír, beidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla cigireachtaí eile a chur i gcrích freisin.

8.  Sula gcuirtear bailchríoch ar thuarascáil chigireachta, cuirfear in iúl don iniúchóir reachtúil nó don ghnólacht iniúchóireachta fionnachtana agus conclúidí chigireachtaí ar a mbunaítear moltaí, lena n-áirítear cinntí agus conclúidí a bhaineann le tuarascáil trédhearcachta agus pléifear iad leis an iniúchóir reachtúil nó leis an ngnólacht iniúchóireachta.

Déanfaidh an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta a ndéantar cigireacht orthu moltaí na gcigireachtaí a chur chun feidhme laistigh de thréimhse réasúnta a socróidh an t-údarás inniúil. Ní bheidh an tréimhse sin níos faide ná 12 mhí i gcás moltaí faoi chóras inmheánach rialaithe cáilíochta an iniúchóra reachtúil nó an ghnólachta iniúchóireachta.

9.  Déanfar tuarascáil ar an gcigireacht ina mbeidh na príomhchonclúidí agus na príomh-mholtaí a éiríonn as an athbhreithniú dearbhaithe cáilíochta.

Airteagal 27

Faireachas a dhéanamh ar cháilíocht an mhargaidh agus ar an iomaíocht

1.  Déanfaidh na húdaráis inniúla a ainmnítear faoi Airteagal 20(1) agus an Gréasán Eorpach Iomaíochta (ECN), mar is iomchuí, faireachán rialta ar na forbairtí sa mhargadh le haghaidh seirbhísí iniúchóireachta reachtúla a sholáthar d'eintitis leasa phoiblí agus déanfaidh siad measúnú go háirithe ar na nithe seo leanas:

(a) na rioscaí a éiríonn as iniúchóir reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta easnaimh cháilíochta a chur faoi deara go rímhinic, lena n-áirítear easnaimh chórasacha i líonra an ghnólachta iniúchóireachta a d'fhéadfadh a bheith ina gcionsiocair le gnólacht iniúchóireachta ar bith a scor, as briseadh i soláthar seirbhísí iniúchóireachta reachtúla cibé acu in earnáil shonrach nó thar earnálacha éagsúla, as carnadh rioscaí breise maidir le heasnaimh iniúchóireachta agus an tionchar a bheadh acu sin ar chobhsaíocht fhoriomlán na hearnála airgeadais;

(b) leibhéil chomhchruinnithe sa mhargadh, lena n-áirítear in earnálacha faoi leith;

(c) feidhmíocht choistí iniúchóireachta;

(d) an gá le bearta a ghlacadh chun na rioscaí dá dtagraítear i bpointe (a) a mhaolú.

2.  Faoin 17 Meitheamh 2016, agus ar bhonn trí bliana ar a laghad dá éis sin, déanfaidh gach údarás inniúil agus ECN tuarascáil a tharraingt suas maidir le forbairtí sa mhargadh chun seirbhísí iniúchóireachta reachtúla a sholáthar d'eintitis leasa phoiblí agus an tuarascáil sin a thíolacadh do CCEFI, ÚEUM, do ÚBE, do ÚEÁPC agus don Choimisiún.

Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle le CCEFI, ÚEUM, ÚBE agus ÚEÁPC na tuarascálacha sin a úsáid chun tuarascáil chomhpháirteach a tharraingt suas maidir leis na forbairtí sin ar leibhéal an Aontais. Cuirfear an tuarascáil chomhpháirteach sin faoi bhráid na Comhairle, an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach mar aon le Parlaimint na hEorpa, más iomchuí.

Airteagal 28

Trédhearcacht na n-údarás inniúil

Beidh údaráis inniúla trédhearcach agus foilseoidh siad na nithe seo a leanas ar a laghad:

(a) tuarascálacha bliantúla gníomhaíochta maidir lena gcuid cúraimí faoin Rialachán seo;

(b) cláir oibre bhliantúla maidir lena gcuid cúraimí faoin Rialachán seo;

(c) tuarascáil maidir le torthaí foriomlána an chórais dearbhaithe cáilíochta, ar bhonn bliantúil. Áireofar sa tuarascáil seo faisnéis faoi mholtaí a eisítear, gníomhartha a leanann as na moltaí, bearta maoirseachta a dhéantar agus pionóis a fhorchuirtear. Áireofar inti freisin faisnéis chainníochtúil agus faisnéis thábhachtach feidhmíochta eile maidir le hacmhainní airgeadais agus faoin líon foirne, agus faoi éifeachtúlacht agus éifeachtacht an chórais dearbhaithe cáilíochta;

(d) an fhaisnéis chomhiomlánaithe maidir le fionnachtain agus conclúidí na gcigireachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 26(8). Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go bhfoilseofar na fionnachtana agus na conclúidí sin maidir le cigireachtaí aonair.



CAIBIDIL III

Comhar idir údaráis inniúla agus caidreamh leis na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha

Airteagal 29

Oibleagáid an chomhair

Comhoibreoidh údaráis inniúla na mBallstát lena chéile i gcás inar gá sin chun críocha an Rialacháin seo, lena n-áirítear i gcásanna nach amhlaidh ina leith gurb ionann an iompraíocht atá faoi imscrúdú agus sárú ar aon fhoráil reachtach nó rialála atá i bhfeidhm sa Bhallstát lena mbaineann.

Airteagal 30

CCEFI a bhunú

1.  Gan dochar d'eagrúchán na formhaoirseachta a dhéantar ar an iniúchóireacht náisiúnta, eagrófar an comhar idir na húdaráis inniúla faoi chuimsiú CCEFI.

2.  Beidh CCEFI comhdhéanta de chomhalta amháin ó gach Ballstát ar ionadaithe ardleibhéil iad ó na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 32(1) de Threoir 2006/43/CE, agus de chomhalta amháin a cheapfaidh ÚEUM, dá ngairtear “comhaltaí” anseo feasta.

3.  Iarrfar ar an ÚBE agus ar ÚEÁPC freastal ar chruinnithe de chuid CCEFI mar bhreathnóirí.

4.  Tiocfaidh CCEFI le chéile ar bhonn rialta agus, más gá, arna iarraidh sin don Choimisiún nó do Bhallstát.

5.  Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta de CCEFI, seachas an comhalta a cheapfaidh ÚEUM, nach mbeidh cearta vótála aige. Mura sonrófar a mhalairt, glacfar cinntí de chuid CCEFI le tromlach simplí dá chomhaltaí.

6.  Toghfar Cathaoirleach CCEFI as liosta iarratasóirí a dhéanann ionadaíocht do na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 32(1) de Threoir 2006/43/CE, nó cuirfear as oifig é, le tromlach 2/3 de na comhaltaí i ngach cás. Toghfar an Cathaoirleach ar feadh téarma ceithre bliana. Ní fhéadfaidh an Cathaoirleach fónamh sa phost céanna ar feadh téarmaí comhleanúnacha, ach féadfar é a thoghadh an athuair tar éis tréimhse mharana ceithre bliana.

Is é an Coimisiún a cheapfaidh an Leas-Chathaoirleach nó a chuirfidh as oifig é nó í.

Ní bheidh cearta vótála ag an gCathaoirleach ná ag an Leas-Chathaoirleach.

I gcás ina n-éiríonn an Cathaoirleach as oifig roimh dheireadh a théarma oifige nó a téarma oifige nó i gcás ina gcuirtear as oifig é nó í, gníomhóidh an Leas-Chathaoirleach mar Chathaoirleach go dtí an chéad chruinniú eile a bheidh ag CCEFI, ar cruinniú é ag a dtoghfar Cathaoirleach go ceann a mbeidh fágtha den téarma.

7.  Déanfaidh CCEFI an méid seo leanas:

(a) malartú faisnéise, saineolais agus na gcleachtas is fearr a éascú chun an Rialachán seo agus Treoir 2006/43/CE a chur chun feidhme;

(b) comhairle shaineolaíoch a chur ar fáil don Choimisiún agus do na húdaráis inniúla, arna iarraidh sin dóibh, maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an Rialachán seo agus Treoir 2006/43/CE a chur chun feidhme;

(c) cuidiú le measúnú teicniúil a dhéanamh ar chórais formhaoirseachta phoiblí i dtríú tíortha agus cuidiú freisin leis an gcomhar idirnáisiúnta idir na Ballstáit agus tríú tíortha sa réimse sin, faoi mar a thagraítear di in Airteagal 46(2) agus in Airteagal 47(3) de Threoir 2006/43/CE;

(d) cuidiú le scrúdú teicniúil a dhéanamh ar chaighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta, lena n-áirítear na próisis chun na caighdeáin sin a fhorbairt, ionas go nglacfaí iad ar leibhéal an Aontais;

(e) cuidiú le feabhas a chur ar na sásraí comhair maidir le formhaoirseacht a dhéanamh ar iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta de chuid eintiteas leasa phoiblí nó ar na líonraí lena mbaineann siad;

(f) cúraimí eile comhordúcháin a dhéanamh sna cásanna dá bhforáiltear sa Rialachán seo nó i dTreoir 2006/43/CE.

8.  Chun a chuid cúraimí dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 7 a chur i gcrích, iarrfaidh CCEFI cúnamh ó ÚEUM, ó ÚBE nó ó ÚEÁPC a mhéid a bhaineann a iarraidh leis an gcomhar idirnáisiúnta idir na Ballstáit agus tríú tíortha maidir le hiniúchóireacht reachtúil a dhéanamh ar eintitis leasa phoiblí arna maoirsiú ag na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha sin. I gcás ina n-iarrtar cúnamh den sórt sin, cuideoidh ÚEUM, ÚBE nó ÚEÁPC le CCEFI a chúram a chur i gcrích.

9.  Chun na cúraimí atá air a chur i gcrích, féadfaidh CCEFI treoirlínte nó tuairimí neamhcheangailteacha a ghlacadh.

Foilseoidh an Coimisiún na treoirlínte agus na tuairimí a ghlac CCEFI.

10.  Glacfaidh CCEFI air féin na cúraimí reatha agus leantacha go léir, de réir mar is iomchuí, atá ar Ghrúpa Eorpach na gComhlachtaí Formhaoirseachta Iniúchóireachta (GECFI) a cruthaíodh le Cinneadh 2005/909/CE ón gCoimisiún.

11.  Féadfaidh CCEFI foghrúpaí a bhunú ar bhonn buan nó ar bhonn ad hoc d'fhonn saincheisteanna sonracha faoi na téarmaí tagartha a bhunaigh sé a scrúdú. Féadfar an rannpháirtíocht i ndíospóireachtaí na bhfoghrúpaí a leathnú amach ionas go gcumhdóidh sé na húdaráis inniúla ó thíortha an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (dá ngairtear LEE anseo feasta) i réimse fhormhaoirseacht na hiniúchóireachta, nó trí chuireadh a thabhairt, cás ar chás, do na húdaráis inniúla ó thíortha nach tíortha de chuid AE/LEE iad, faoi réir formheas a fháil ó chomhaltaí CCEFI. Féadfaidh rannpháirtíocht údaráis inniúil nach ó thír de chuid AE/LEE é bheith faoi réir tréimhse ama teoranta.

12.  Bunóidh CCEFI foghrúpa chun na cúraimí dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 7 a chur i gcrích. Beidh an comhalta a cheapfaidh ÚEUM de bhun mhír 2 ina chathaoirleach ar an bhfoghrúpa sin.

13.  Arna iarraidh sin do thriúr comhaltaí ar a laghad, nó dá dheoin féin, i gcás ina measfar go mbeadh sin úsáideach nó riachtanach, féadfaidh an Cathaoirleach a iarraidh ar shaineolaithe, lena n-áirítear cleachtóirí, a bhfuil inniúlacht speisialta acu maidir le hábhar ar an gclár oibre, a bheith páirteach i ndíospóireachtaí CCEFI nó i ndíospóireachtaí fhoghrúpa CCEFI mar bhreathnóirí. Féadfaidh CCEFI a iarraidh ar ionadaithe de chuid údarás inniúil ó thríú tíortha atá inniúil i réimse fhormhaoirseacht na hiniúchóireachta bheith páirteach i ndíospóireachtaí CCEFI nó i ndíospóireachtaí fhoghrúpa CCEFI mar bhreathnóirí.

14.  Is é an Coimisiún a chuirfidh Rúnaíocht ar fáil do Choiste CCEFI. Áireofar speansais CCEFI i meastacháin an Choimisiúin.

15.  Ullmhóidh an Cathaoirleach clár oibre sealadach do gach cruinniú de chuid CCEFI ag féachaint go cuí do na tuairimí i scríbhinn ó na comhaltaí.

16.  Ní chuirfidh an Cathaoirleach, nó an Leas-Chathaoirleach má tá an Cathaoirleach as láthair, tuairimí ná seasaimh de chuid CCEFI in iúl ach amháin le formheas na gcomhaltaí.

17.  Ní chuirfear díospóireachtaí de chuid CCEFI in iúl don phobal.

18.  Glacfaidh CCEFI a chuid rialacha nós imeachta.

Airteagal 31

Comhar maidir le hathbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta, maidir le himscrúduithe agus maidir le cigireachtaí ar an láthair

1.  Déanfaidh údaráis inniúla bearta chun comhoibriú éifeachtach a áirithiú ag leibhéal an Aontais i leith athbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta.

2.  Féadfaidh údarás inniúil Ballstáit amháin cúnamh a iarraidh ar údarás inniúil Ballstáit eile maidir leis na hathbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta a dhéantar ar iniúchóirí reachtúla nó ar ghnólachtaí iniúchóireachta ar cuid de líonra iad a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí suntasacha sa Bhallstát iarrtha.

3.  I gcás ina bhfaighidh údarás inniúil iarraidh ó údarás inniúil Ballstáit eile cuidiú le hathbhreithniú dearbhaithe cáilíochta a dhéanamh ar iniúchóirí reachtúla nó ar ghnólacht iniúchóireachta ar cuid de líonra iad a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí suntasacha sa Bhallstát sin, ceadóidh sé don údarás inniúil iarrthach cuidiú leis in athbhreithniú dearbhaithe cáilíochta den sórt sin.

Ní bheidh an ceart ag an údarás inniúil iarrthach rochtain a fháil ar fhaisnéis a d'fhéadfadh rialacha náisiúnta slándála a shárú nó a d'fhéadfadh difear dochrach a dhéanamh do cheannasacht, do shlándáil nó d'ord poiblí an Bhallstáit iarrtha.

4.  I gcás ina dtagann údarás inniúil ar an gconclúid go bhfuil gníomhaíochtaí atá contrártha d'fhorálacha an Rialacháin seo á gcur i gcrích, nó go ndearnadh gníomhaíochtaí den sórt sin a chur i gcrích, ar chríoch Ballstáit eile, déanfaidh siad an chonclúid sin a chur in iúl d'údarás inniúil an Bhallstáit sin ar shlí chomh sonrach agus is féidir. Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit eile gníomhaíocht iomchuí a chur i gcrích. Cuirfidh sé an t-údarás inniúil a chuir an chonclúid in iúl dó ar an eolas faoi thoradh na gníomhaíochta sin agus, a mhéid is féidir, faoi fhorbairtí suntasacha eatramhacha.

5.  Féadfaidh údarás inniúil Ballstáit amháin a iarraidh go gcuirfidh údarás inniúil Ballstáit eile imscrúdú i gcrích ar chríoch an Bhallstáit is déanaí atá luaite.

Féadfaidh sé a iarraidh freisin go gceadófar do roinnt daoine dá phearsanra féin a bheith in éineacht pearsanra údarás inniúil an Bhallstáit sin le linn an imscrúdaithe, lena n-áirítear maidir le cigireachtaí ar an láthair.

Is faoi réir rialú foriomlán an Bhallstáit ar ina chríoch dhéantar é a bheidh an t-imscrúdú nó an chigireacht ó thús deireadh.

6.  Sna cásanna seo a leanas, féadfaidh an t-údarás inniúil iarrtha diúltú gníomhú ar bhonn iarrata ar imscrúdú a chur i gcrích de réir mar a fhoráiltear sa chéad fhomhír de mhír 5 nó ar bhonn iarrata go mbeidh pearsanra de chuid údaráis inniúil Ballstáit eile in éineacht lena phearsanra féin de réir mar a fhoráiltear sa dara fomhír de mhír 5 sna cásanna seo leanas:

(a) i gcás ina bhféadfadh imscrúdú nó cigireacht ar an láthair den sórt sin rialacha náisiúnta slándála a shárú nó difear dochrach a dhéanamh do cheannasacht, do shlándáil nó d'ord poiblí an Bhallstáit iarrtha;

(b) i gcás ina bhfuiltear tar éis imeachtaí breithiúnacha i leith na gcaingne céanna agus i gcoinne na ndaoine céanna a thionscnamh cheana féin os comhair údaráis an Bhallstáit iarrtha;

(c) i gcás inar thug údaráis an Bhallstáit iarrtha breithiúnas críochnaitheach cheana féin maidir leis na gníomhaíochtaí céanna agus maidir leis na daoine céanna sin.

7.  I gcás ina ndéantar athbhreithniú dearbhaithe cáilíochta nó imscrúdú lena ngabhann éifeachtaí trasteorann, féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann iarraidh chomhpháirteach a chur faoi bhráid CCEFI chun an t-athbhreithniú nó an t-imscrúdú a chomhordú.

Airteagal 32

Coláistí údarás inniúil

1.  Chun feidhmiú na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 26, agus in Airteagal 31(4) go (6) den Rialachán seo agus in Airteagal 30 de Threoir 2006/43/CE a éascú maidir le hiniúchóirí reachtúla sonracha, maidir le gnólachtaí iniúchóireachta sonracha nó a líonraí, féadfar coláistí a bhunú le rannpháirtíocht údarás inniúil an Bhallstáit baile agus le rannpháirtíocht aon údaráis inniúil eile, ar choinníoll:

(a) go bhfuil an t-iniúchóir reachtúil nó an gnólacht iniúchóireachta ag soláthar seirbhísí iniúchóireachta reachtúla d'eintitis leasa phoiblí laistigh de dhlínse na mBallstát lena mbaineann; nó

(b) go bhfuil brainse ar cuid den ghnólacht iniúchóireachta é bunaithe laistigh de dhlínse na mBallstát lena mbaineann.

2.  I gcás iniúchóirí reachtúla sonracha nó gnólachtaí iniúchóireachta sonracha, gníomhóidh údarás inniúil an Bhallstáit baile mar éascaitheoir.

3.  Maidir le líonraí sonracha, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát ina mbíonn an líonra i mbun gníomhaíochtaí sonracha a iarraidh ar CCEFI coláiste a bhunú le rannpháirtíocht na n-údarás inniúil iarrthach.

4.  Laistigh de 15 lá ón tráth a mbunaítear an coláiste údarás inniúil maidir le líonra sonrach, roghnóidh a chomhaltaí éascaitheoir. In éagmais comhaontaithe, ceapfaidh CCEFI éascaitheoir as measc chomhaltaí an choláiste.

Déanfaidh comhaltaí an choláiste athbhreithniú gach cúig bliana ar a laghad ar roghnú an éascaitheora chun a áirithiú go leanann an t-éascaitheoir a roghnaíodh de bheith ina shealbhóir is iomchuí chun an post sin a líonadh.

5.  Is é an t-éascaitheoir a bheidh ina chathaoirleach ar chruinnithe an choláiste, déanfaidh sé comhordú ar ghníomhaíochtaí an choláiste agus áiritheoidh sé go mbeidh malartú éifeachtúil faisnéise ann i measc chomhaltaí an choláiste.

6.  Déanfaidh an t-éascaitheoir, laistigh de 10 lá oibre ón tráth a roghnaítear é nó í, socruithe comhordúcháin i scríbhinn a bhunú faoi chuimsiú an choláiste maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) faisnéis atá le malartú i measc údarás inniúil;

(b) cásanna ina gcaithfidh údaráis inniúla dul i gcomhairle lena chéile;

(c) na cásanna ina ndéanann na húdaráis inniúla cúraimí maoirseachta a tharmligean i gcomhréir le hAirteagal 33.

7.  In éagmais comhaontaithe maidir leis na socruithe scríofa comhordaithe faoi mhír 6, féadfaidh aon chomhalta den choláiste an cheist a tharchur chuig CCEFI. Déanfaidh an t-éascaitheoir tuairim a thugann CCEFI uaidh maidir leis na socruithe scríofa comhordaithe a bhreithniú go cuí sula gcomhaontófar an téacs críochnaitheach. Déanfar na socruithe scríofa comhordaithe a leagan amach i ndoiciméad ina mbeidh míniú lánréasúnaithe ar aon imeacht suntasach ón tuairim a thug CCEFI maidir leis na socruithe scríofa comhordaithe. Tarchuirfidh an t-éascaitheoir na socruithe scríofa comhordaithe chuig comhaltaí an choláiste agus chuig CCEFI.

Airteagal 33

Cúraimí a tharmligean

Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile aon cheann dá chúraimí a tharmligean chuig údarás inniúil Ballstáit eile faoi réir chomhaontú an údaráis sin. Ní dhéanfaidh tarmligean cúraimí difear d'fhreagracht an údaráis inniúil atá ag déanamh an tarmligin.

Airteagal 34

Rúndacht agus rúndacht ghairmiúil i ndáil leis an gcomhar i measc na n-údarás inniúil

1.  Beidh feidhm ag an oibleagáid i dtaobh rúndachta gairmiúla maidir leis an uile dhuine a oibríonn nó a d'oibrigh do na comhlachtaí atá páirteach sa chreat comhair idir údaráis inniúla faoi mar a thagraítear dó in Airteagal 30. Ní dhéanfar faisnéis atá cumhdaithe ag an rúndacht ghairmiúil a nochtadh do dhuine nó d'údarás ar bith eile ach amháin i gcás ina mbeidh nochtadh den sórt sin riachtanach i gcomhair imeachtaí dlíthiúla nó i gcás ina gceanglaítear sin le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta.

2.  Le hAirteagal 22, ní choiscfear comhlachtaí atá páirteach sa chreat comhair idir údaráis inniúla faoi mar a thagraítear dó in Airteagal 30, agus na húdaráis inniúla ar fhaisnéis rúnda a mhalartú. Beidh faisnéis a mhalartaítear ar an dóigh sin clúdaithe le hoibleagáid na rúndachta gairmiúla a bhfuil daoine atá fostaithe, nó a bhí fostaithe tráth, ag údaráis inniúla faoina réir.

3.  An fhaisnéis ar fad a mhalartaítear faoin Rialachán seo idir comhlachtaí atá páirteach sa chreat comhair idir údaráis inniúla faoi mar a thagraítear dó in Airteagal 30, agus na húdaráis inniúla agus údaráis agus comhlachtaí eile, caithfear léi mar fhaisnéis rúnda, ach amháin i gcás ina gceanglaítear nochtadh na faisnéise sin le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 35

Cosaint sonraí pearsanta

1.  Déanfaidh na Ballstáit Treoir 95/46/CE a chur i bhfeidhm maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar sna Ballstáit de bhun an Rialacháin seo.

2.  Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann CCEFI, ÚEUM, ÚBE agus ÚEÁPC i gcomhthéacs an Rialacháin seo agus i gcomhthéacs Threoir 2006/43/CE.



CAIBIDIL IV

Comhar le hÚdaráis tríú tíortha agus le hEagraíochtaí agus comhlachtaí idirnáisiúnta

Airteagal 36

Comhaontú maidir le faisnéis a mhalartú

1.  Féadfaidh na húdaráis inniúla comhaontuithe comhoibrithe a thabhairt i gcrích maidir le malartú faisnéise le húdaráis inniúla tríú tíortha ach amháin más rud é, sna tríú tíortha lena mbaineann, go bhfuil an fhaisnéis a nochtar faoi réir ráthaíochtaí i ndáil le rúndacht ghairmiúil, ar ráthaíochtaí iad atá coibhéiseach, ar a laghad, leo sin a leagtar amach in Airteagal 22 agus in Airteagal 34. Déanfaidh na húdaráis inniúla CCEFI comhaontuithe den sórt sin a chur in iúl láithreach do CCEFI agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún láithreach ina leith.

Ní mhalartófar faisnéis faoin Airteagal seo ach amháin más gá an fhaisnéis sin a mhalartú chun cúraimí na n-údarás inniúil sin faoin Rialachán seo a chur i gcrích.

Más rud é, maidir leis an malartú faisnéise sin, go ngabhann aistriú sonraí pearsanta chuig tríú tír leis, comhlíonfaidh na Ballstáit Treoir 95/46/CE agus comhlíonfaidh CCEFI Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

2.  Comhoibreoidh na húdaráis inniúla leis na húdaráis inniúla nó le comhlachtaí ábhartha eile de chuid tríú tíortha maidir le hathbhreithnithe dearbhaithe cáilíochta agus imscrúduithe ar iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta. Arna iarraidh sin d'údarás inniúil, cuideoidh CCEFI le comhar den sórt sin agus le cóineasú maoirseachta a bhunú le tríú tíortha.

3.  I gcás ina mbaineann an comhoibriú nó an malartú faisnéise le páipéir oibre iniúchóireachta nó le doiciméid eile a shealbhaíonn iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta, beidh feidhm ag Airteagal 47 de Threoir 2006/43/CE.

4.  Ullmhóidh CCEFI treoirlínte maidir le hábhar na gcomhaontuithe comhair agus an mhalartaithe faisnéise dá dtagraítear san Airteagal seo.

Airteagal 37

Faisnéis a fhaightear ó thríú tíortha a nochtadh

Féadfaidh an t-údarás inniúil de Bhallstát an fhaisnéis rúnda a fhaightear ó údaráis inniúla de chuid tríú tíortha a nochtadh i gcás ina bhforáiltear amhlaidh i gcomhaontú comhair, más rud é go bhfuil comhaontú go sainráite faighte aige ón údarás inniúil a tharchuir an fhaisnéis amháin agus, nuair is infheidhme, gur chun na gcríoch dar thug an t-údarás inniúil sin amháin a chomhaontú a nochtfar an fhaisnéis, nó i gcás ina gceanglaítear nochtadh den sórt sin le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 38

Faisnéis a aistrítear chuig tríú tíortha a nochtadh

Ceanglóidh údarás inniúil Ballstáit, maidir le faisnéis rúnda a chuireann sé in iúl d'údarás inniúil de chuid tríú tír, nach bhféadfaidh an t-údarás inniúil sin an fhaisnéis sin a nochtadh do thríú páirtithe ná d'údaráis ach amháin le comhaontú sainráite roimh ré ón údarás inniúil a tharchuir an fhaisnéis, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta agus ar choinníoll nach ndéantar an fhaisnéis a nochtadh ach amháin chun na gcríoch dar thug údarás inniúil sin an Bhallstáit a chomhaontú nó i gcás ina gceanglaítear nochtadh den sórt sin le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta nó i gcás ina bhfuil sé riachtanach i ndáil le himeachtaí dlíthiúla sa tríú tír sin.

Airteagal 39

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Tabharfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 9 don Choimisiún ar feadh tréimhse cúig bliana ón 16 Meitheamh 2014. Dréachtóidh an Coimisiún tuarascáil maidir le tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe ar feadh tréimhsí comhfhaid, mura gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9 a chúlghairm aon tráth. Cuirfidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sin difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go comhuaineach.

5.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 40

Athbhreithniú agus tuarascálacha

1.  Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus tuairisciú ar na hoibríochtaí agus ar éifeachtacht an chórais comhair idir na húdaráis inniúla faoi chuimsiú CCEFI, dá dtagraítear in Airteagal 30, go háirithe i dtaca le feidhmíocht chúraimí CCEFI a shainítear i mír 7 den Airteagal sin.

2.  Cuirfear imeachtaí idirnáisiúnta san áireamh san athbhreithniú, go háirithe i ndáil leis an gcomhar le húdaráis inniúla tríú tíortha a threisiú agus le cuidiú le feabhas a chur ar shásraí comhair chun formhaoirseacht a dhéanamh ar iniúchóirí reachtúla agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta a dhéanann iniúchóireachtaí ar eintitis leasa phoiblí agus ar le heintitis idirnáisiúnta iniúchóireachta iad. Tabharfaidh an Coimisiún a athbhreithniú chun críche faoin 17 Meitheamh 2019.

3.  Cuirfear an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, agus beidh, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach ina teannta. Breithneofar sa tuarascáil an dul chun cinn atá déanta i réimse an chomhair idir na húdaráis inniúla faoi chuimsiú CCEFI ó cuireadh an creat sin i bhfeidhm ar dtús agus molfar ann bearta eile chun feabhas a chur ar éifeachtacht an chomhair idir údaráis inniúla na mBallstát.

4.  Faoin 17 Meitheamh 2028, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil faoi chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Airteagal 41

Forálacha idirthréimhseacha

1.  Amhail ón 17 Meitheamh 2020, ní thabharfaidh eintiteas leasa phoiblí fostaíocht iniúchóireachta i gcrích le hiniúchóir áirithe nó le gnólacht iniúchóireachta áirithe ná ní dhéanfaidh sé í a athnuachan má bhí seirbhísí iniúchóireachta á soláthar ag an iniúchóir reachtúil sin nó ag an ngnólacht iniúchóireachta sin don eintiteas leasa phoiblí sin ar feadh 20 bliain as a chéile agus níos mó ar an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

2.  Amhail ón 17 Meitheamh 2023, ní thabharfaidh eintiteas leasa phoiblí fostaíocht iniúchóireachta i gcrích le hiniúchóir reachtúil ainmnithe nó le gnólacht iniúchóireachta ná ní dhéanfaidh sé í a athnuachan má bhí seirbhísí iniúchóireachta á soláthar ag an iniúchóir reachtúil sin nó ag an ngnólacht iniúchóireachta sin don eintiteas leasa phoiblí sin ar feadh 11 bhliain agus níos mó ach níos lú ná 20 bliain as a chéile ar an dáta a dtiocfaidh an Rialachán sin i bhfeidhm.

3.  Gan dochar do mhír 1 ná do mhír 2, i gcás na bhfostaíochtaí iniúchóireachta a tugadh i gcrích roimh 16 Meitheamh 2014 ach atá fós i bhfeidhm amhail an 17 Meitheamh 2016, féadfaidh siad leanúint de bheith infheidhme go dtí deireadh na huastréimhse dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 17(1) nó i bpointe (b) d'Airteagal 17(2). Beidh feidhm ag Airteagal 17(4).

4.  Ní bheidh feidhm ag Airteagal 16(3) ach amháin maidir le fostaíochtaí iniúchóireachta tar éis don tréimhse dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 17(1) dul in éag.

Airteagal 42

Forálacha náisiúnta

Déanfaidh na Ballstáit forálacha iomchuí a ghlacadh chun cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú.

Airteagal 43

Cinneadh 2005/909/CE ón gCoimisiún a aisghairm

Aisghairtear leis seo Cinneadh 2005/909/CE ón gCoimisiún.

Airteagal 44

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 17 Meitheamh 2016.

Beidh feidhm, áfach, ag Airteagal 16(6) ón 17 Meitheamh 2017.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.



( 1 ) IO C 191, 29.6.2012, lch. 61.

( 2 ) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Aibreán 2014 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 14 Aibreán 2014.

( 3 ) Treoir 86/635/CEE ón gComhairle an 8 Nollaig 1986 maidir leis na cuntais bhliantúla agus na cuntais chomhdhlúite banc agus institiúidí airgeadais eile (IO L 372, 31.12.1986, lch. 1).

( 4 ) Treoir 91/674/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1991 maidir leis na cuntais bhliantúla agus na cuntais chomhdhlúite gnóthas árachais (IO L 374, 31.12.1991, lch. 7).

( 5 ) Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisiúnaithe a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38).

( 6 ) Treoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach lena leasaítear Treoracha 97/7/CE, 2002/65/CE, 2005/60/CE agus 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 97/5/CE (IO L 319, 5.12.2007, lch. 1).

( 7 ) Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

( 8 ) Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus leanúint den ghnó sin agus maoirseoireacht stuamachta dhéanamh air lena leasaítear Treoir 2005/60/CE agus Treoir 2006/48CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7).

( 9 ) Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).

( 10 ) Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais lena leasaítear Treoir 85/611/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/6/CEE ón gComhairle agus Treoir 2000/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 93/22/CEE ón gComhairle (IO L 145, 30.4.2004, lch. 1).

( 11 ) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis bhliantúla airgeadais, leis na ráitis chomhdhlúite airgeadais agus le tuarascálacha gaolmhara cineálacha áirithe gnólachtaí, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

( 12 ) Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchóireachtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87).

( 13 ) Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le cosaint daoine aonair i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus ar shaorghluaiseacht sonraí dá leithéid (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

( 14 ) Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (IO L 331, 15.12.2010, lch. 1).

( 15 ) Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le cosc ar úsáid an chórais airgeadais d'fhonn sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí (IO L 309, 25.11.2005, lch. 15).

( 16 ) IO L 120, 7.5.2008, lch. 20.

( 17 ) An tÚdarás Maoirseachta Eorpach a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

( 18 ) An tÚdarás Maoirseachta Eorpach a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

( 19 ) An tÚdarás Maoirseachta Eorpach a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).

( 20 ) Treoir 2014/56/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leasaítear Treoir 2006/43/CE maidir le hiniúchóireachtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite (féach leathanach 196 den Iris Oifigiúil seo).

( 21 ) IO C 336, 6.11.2012, lch. 4.

( 22 ) Cinneadh 2005/909/CE ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2005 lena mbunaítear grúpa saineolaithe chun comhairle a thabhairt don Choimisiún agus chun comhar idir córais formhaoirseachta phoiblí le haghaidh iniúchóirí reachtúla agus gnólachtaí iniúchóireachta a éascú (IO L 329, 16.12.2005, lch. 38).

( 23 ) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

( 24 ) Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an árachais agus an athárachais, agus leanúint den ghnó sin (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).

( 25 ) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

( 26 ) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún. (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

( 27 ) Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).

( 28 ) Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 ar an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis chuig an bpobal nó nuair a ligtear isteach chun trádála iad agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 345, 31.12.2003, lch. 64).