2014R0421 — GA — 30.04.2014 — 000.001


►B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 421/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Aibreán 2014

lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Chomhphobal, i bhfianaise chur chun feidhme faoi 2020 comhaontuithe idirnáisiúnta lena gcuirtear i bhfeidhm beart domhanda aonair bunaithe ar an margadh ar astaíochtaí eitlíochta idirnáisiúnta.

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(IO L 129, 30.4.2014, p.1)


Arna cheartú le

►C1

, IO L 140, 14.5.2014, lch. 1  (421/2014)




▼B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 421/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Aibreán 2014

lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Chomhphobal, i bhfianaise chur chun feidhme faoi 2020 comhaontuithe idirnáisiúnta lena gcuirtear i bhfeidhm beart domhanda aonair bunaithe ar an margadh ar astaíochtaí eitlíochta idirnáisiúnta.

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)



TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialach na hEorpa ( 1 ),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach ( 2 ),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá gné láidir idirnáisiúnta in earnáil na heitlíochta. Tugann cur chuige domhanda maidir le díriú isteach ar astaíochtaí ón eitlíocht idirnáisiúnta an t-ionchas is fearr chun inbhuanaitheacht a áirithiú san fhadtéarma.

(2)

Tá an tAontas ag iarraidh comhaontú idirnáisiúnta amach anseo a bhaint amach chun astaíochtaí gáis cheaptha teasa ón eitlíocht a rialú agus, idir an dá linn, tá sé ag cur teorann le tionchar athraithe aeráide a thagann ó ghníomhaíochtaí eitlíochta chuig agus ó aeradróim trí ghníomh féinrialaitheach. D'fhonn a áirithiú go bhfuil na cuspóirí sin tacúil go frithpháirteach agus nach bhfuil siad contrártha lena chéile, is cuí forbairtí agus seasaimh a ghlactar i bhfóraim idirnáisiúnta a chur san áireamh agus go háirithe an Togra ina bhfuil “Ráiteas comhdhlúite maidir leis na beartais agus cleachtais leantacha ICAO a bhaineann le cosaint an chomhshaoil” a glacadh an 4 Deireadh Fómhair 2013 ag an 38ú Seisiún de Thionól na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO).

(3)

Dá bhrí sin, d'fhonn an móiminteam a baineadh amach ag an 38ú seisiún de Thionól an ICAO sa bhliain 2013 a chothabháil agus chun dul chun cinn a éascú ag an 39ú seisiún a bheidh ann sa bhliain 2016, is inmhianaithe go meastar ar bhonn sealadach go bhfuil na ceanglais a leagtar amach i dTreoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ) comhlíonta don tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2016 i dtaca le heitiltí chuig agus ó aeradróim i Stáit lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE). Agus é sin a dhéanamh dó, leagann an tAontas béim gur féidir ceanglais dhlíthiúla a chur i bhfeidhm i dtaca le heitiltí go dtí agus ó aeradróim atá suite i Stáit de chuid LEE, ar an dóigh chéanna is gur féidir ceanglais dlí a chur i bhfeidhm i dtaca le na hastaíochtaí a thagann as eitiltí idir aeradróim den chineál sin. D'fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, chun críocha an mhaolaithe seo, ba cheart eitiltí idir aeradróim i Stáit de chuid an LEE agus tíortha a d'aontaigh don Aontas in 2013 a mheas mar eitiltí idir Stáit de chuid an LEE.

(4)

Meabhraítear gurb amhlaidh faoi Threoir 2003/87/CE atá sé faoi na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir leis an úsáid a bhainfear as ioncam a ghinfear ó liúntais a chur ar ceant. Ba cheart an t-ioncam sin, nó a choibhéis i luach airgeadais, a úsáid chun dul i ngleic le hathrú aeráide san AE agus i dtríú tíortha, inter alia, chun astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú, chun oiriúnú do thionchar an athraithe aeráide san AE agus i dtríú tíortha, go háirithe tíortha i mbéal forbartha, chun taighde agus forbairt ar mhaolú agus oiriúnú a mhaoiniú, ag cur réimse na haerloingseoireachta agus an aeriompair san áireamh go háirithe, chun astaíochtaí a laghdú trí iompar astaíochtaí ísle agus chun costas riaracháin scéim an Aontais a chlúdach. Ba cheart na fáltais cheantála, nó a gcoibhéis i luach airgeadais, a úsáid freisin chun ranníocaíochtaí a mhaoiniú don Chiste Éifeachtúlachta Fuinnimh agus Fuinnimh Inathnuaite ar fud an Domhain, agus bearta chun dífhoraoisiú a sheachaint. Tá trédhearcacht i ndáil le húsáid an ioncaim a ghintear ó liúntais a chur ar ceant faoi Threoir 2003/87/CE bunriachtanach chun taca a chur faoi ghealltanais an Aontais. Faoi Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ), ní mór do Bhallstáit tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le húsáid ioncaim a thagann ó liúntas den chineál sin a chur ar ceant.

(5)

Cuireann na maoluithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo torthaí teagmhálacha déthaobhacha agus iltaobhacha le tríú tíortha san áireamh, ar teagmhálacha iad a leanfaidh an Coimisiún dá saothrú thar ceann an Aontais, d'fhonn úsáid sásraí margadh-bhunaithe chun astaíochtaí ón eitlíocht a laghdú a chur chun cinn.

(6)

Meabhraítear go bhforáiltear le Treoir 2003/87/CE don fhéidearthacht bearta a ghlacadh lena leasaítear na gníomhaíochtaí eitlíochta atá liostaithe in Iarscríbhinn i a ghabhann leis an Treoir sin, i gcás go dtugann tríú tír isteach bearta chun tionchar ghníomhaíochtaí eitlíochta ar athrú aeráide a laghdú.

(7)

Ba cheart go mbeadh sé d'aidhm ag caibidliú comhaontuithe eitlíochta uile an Aontais an tsolúbthacht atá ag an Aontas chun gníomhú i dtaca le saincheisteanna comhshaoil a chosaint, lena n-áirítear i ndáil le bearta chun tionchar na heitlíochta ar athrú aeráide a mhaolú.

(8)

Chun saobhadh iomaíochta a sheachaint, tá sé tábhachtach go ndéileálfar le gach eitilt ar an aerbhealach céanna ar an dóigh chéanna.

(9)

Ina theannta sin, chun ualach riaracháin díréireach ar na hoibreoirí aerárthaí is lú a sheachaint, ba cheart go gcuirfí maolú sealadach le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE. Ba cheart go mbeadh oibreoirí aerárthaí neamhthráchtála a astaíonn níos lú na 1 000 tona CO2 in aghaidh na bliana díolmhaithe, dá bhrí sin, ó raon feidhme na Treorach sin, ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Nollaig 2020.

(10)

Is iomchuí úsáid chur chuige malartach, ag oibreoirí aerárthaí ar astaírí beaga iad, a chumasú, lena n-astaíochtaí a fhíorú chun a n-ualach riaracháin a laghdú tuilleadh. Ba cheart go mbeadh Ballstáit in ann bearta simplithe a chur chun feidhme a thugann aghaidh ar riachtanais na n-oibreoirí neamhthráchtála atá ina n-astaírí beaga.

(11)

Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar fhadhbanna rochtana agus iomaíochta a eascraíonn sna réigiúin is forimeallaí den Aontas a mhaolú nó fiú a dhíothú. Á mheabhrú sin, ba cheart eitiltí idir aeradróm atá suite i réigiún forimeallach de réir bhrí Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus aeradróm atá suite i réigiún eile de chuid LEE a chur san áireamh sa mhaolú arna bhunú faoin Rialachán seo freisin.

(12)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú d'oibreoirí aerárthaí agus d'údaráis náisiúnta is cuí spriocdhátaí suas go dtí 2015 a cheadú don tabhairt suas agus don tuairisciú maidir le hastaíochtaí 2013.

(13)

Chun an maolú seo a chur i bhfeidhm, tá sé tábhachtach a mheabhrú gurb iad na modhanna chun liúntais a leithdháileadh agus a eisiúint d'oibreoirí aerárthaí a bunaíodh faoi Threoir 2003/87/CE a leanann de bheith i bhfeidhm, is é sin iad siúd atá bunaithe ar na sonraí tona-ciliméadair fíoraithe i ndáil leis na tréimhsí ábhartha dá dtagraítear inti.

(14)

Tar éis Thionól 2016 ICAO agus i bhfianaise a thoraidh, ba cheart don Choimisiún tuarascáil iomlán a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Sa tuarascáil sin, ba cheart go mbreithneodh an Coimisiún, inter alia, na roghanna go léir a bhaineann le hastaíochtaí ó ghníomhaíochtaí eitlíochta a chlúdach agus, más cuí, bearta a mholadh chun a áirithiú gur féidir forbairtí idirnáisiúnta a chur san áireamh agus go dtabharfar faoi aon shaincheisteanna maidir le cur chun feidhme an mhaolaithe. Ba cheart don Choimisiún aird ar leith a thabhairt ar éifeachtacht comhshaoil Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (CTA AE) agus, sa chomhthéacs seo, do rannpháirtíocht shonrach earnáil na heitlíochta, lena n-áirítear rialacha mionsonraithe chun na rialacha is infheidhme faoi seach maidir le gníomhaíochtaí eitlíochta agus suiteálacha do-aistrithe a ailíniú níos fearr.

(15)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon maolú sealadach a thabhairt isteach ar fhaireachán, agus ar thuairisciú a dhéanamh ar eitiltí chuig agus ó thíortha lasmuigh de LEE ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Nollaig 2016, agus ar thabhairt suas liúntas ó na heitiltí sin, chun an t-ualach riaracháin a laghdú agus riarachán na scéime a shimpliú, a bhaint amach go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr fairsinge agus éifeachtaí an Rialacháin seo, iad a bhaint amach níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil gá leis chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(16)

Tá sé ríthábhachtach deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú d'oibreoirí aerárthaí agus d'údaráis náisiúnta a áirithiú i bhfianaise spriocdháta an 30 Aibreán 2014 don tabhairt suas dá dtagraítear i dTreoir 2003/87/CE. Dá réir sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ó dháta a ghlactha.

(17)

Ba cheart Treoir 2003/87/CE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:



▼C1

Airteagal 1

Leasaítear Treoir 2003/87/CE leis seo mar a leanas:

(1) Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 28a

Maoluithe is infheidhme roimh chur chun feidhme faoi 2020 comhaontaithe idirnáisiúnta lena gcuirtear beart domhanda margadh-bhunaithe aonair i bhfeidhm

1.  De mhaolú ar Airteagal 12(2a), Airteagal 14(3), agus Airteagal 16, measfaidh Ballstáit go bhfuil na ceanglais a leagtar síos sna forálacha sin comhlíonta agus ní ghníomhóidh siad i gcoinne oibreoirí aerárthaí i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a) na hastaíochtaí go léir ó eitiltí chuig agus ó aeradróim atá suite i dtíortha lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) i ngach bliain féilire ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Nollaig 2016;

(b) na hastaíochtaí go léir ó eitiltí idir aeradróm atá suite i réigiún forimeallach de réir bhrí Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus aeradróm atá suite i réigiún eile de LEE i ndáil le gach bliain féilire ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Nollaig 2016;

(c) liúntais a chomhfhreagraíonn d'astaíochtaí fíoraithe ó eitiltí idir aeradróim atá suite i Stáit de chuid LEE, a tharlóidh faoin 30 Aibreán 2015 in ionad an 30 Aibreán 2014, agus astaíochtaí fíoraithe na n-eitiltí sin a thuairisceofar faoin 31 Márta 2015, in ionad an 31 Márta 2014, a thabhairt suas.

Chun críocha Airteagal 11a, 12 agus 14, déanfar na hastaíochtaí fíoraithe ó eitiltí seachas na cinn dá dtagraítear sa chéad fhomhír a mheas mar astaíochtaí fíoraithe an oibreora aerárthaí.

2.  Maidir le hoibreoir aerárthaí a bhaineann leas as na maoluithe dá bhforáiltear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 den Airteagal seo, déanfar, de mhaolú ar Airteagal 3e(5) agus Airteagal 3f, líon liúntas saor a eisiúint dó, ar líon é a bheidh laghdaithe i gcomhréir leis an laghdú san oibleagáid chun tabhairt suas dá bhforáiltear sna pointí sin.

De mhaolú ar Airteagal 3f(8), déanfar liúntais nach leithdháilfear de thoradh chur i bhfeidhm na chéad fhomhíre den mhír seo a chealú.

Maidir le gníomhaíocht sa tréimhse ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Nollaig 2016, foilseoidh na Ballstáit an líon liúntas eitlíochta saor a leithdháiltear chuig gach oibreoir aerárthaí faoin 1 Meán Fómhair 2014.

▼B

3.  De mhaolú ar Airteagal 3d, cuirfidh Ballstáit líon liúntas eitlíochta ar ceant ar líon é a laghdófar i gcomhréir leis an laghdú i líon iomlán na liúntas a eiseofar.

4.  De mhaolú ar Airteagal 3d(3), laghdófar an líon liúntas a bheidh le cur ar ceant ag gach Ballstát i ndáil leis an tréimhse ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Nollaig 2016 chun comhfhreagairt dá chion astaíochtaí atá curtha i leith eitiltí nach bhfuil faoi réir na maoluithe dá bhforáiltear i bpointí (a) agus (b) de mhír 1 den Airteagal seo.

5.  De mhaolú ar Airteagal 3g, ní chuirfear de cheangal ar oibreoirí aerárthaí pleananna faireacháin a chur isteach lena leagtar amach bearta chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh i ndail le hastaíochtaí atá faoi réir na maoluithe dá bhforáiltear i bpointí (a) agus (b) i mír 1 den Airteagal seo.

6.  De mhaolú ar Airteagal 3g. Airteagal 12, Airteagal 15 agus Airteagal 18a, i gcás go bhfuil astaíochtaí bliantúla iomlána níos lú ná 25 000 tona CO2 ag oibreoir aerárthaí, measfar gur astaíochtaí fíoraithe iad a astaíochtaí má dhearbhaítear iad trí úsáid a bhaint as an uirlis astaírí beaga a formheasadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 606/2010 ón gCoimisiún ( 5 ) agus na sonraí á gcur isteach ag Eurocontrol le sonraí óna shaoráid tacaíochta ETS. Féadfaidh Ballstáit nósanna imeachta simplithe a chur i bhfeidhm maidir le hoibreoirí aerárthaí neamhthráchtála fad nach soláthraíonn nósanna den sórt sin níos lú cruinnis ná an uirlis astaírí beaga.

7.  Chun críocha an Airteagail seo, measfar eitiltí idir aeradróim atá suite i Stáit de chuid LEE agus tíortha a d'aontaigh don Aontas in 2013 mar eitiltí idir aeradróim atá suite i Stáit de chuid LEE.

8.  Déanfaidh an Coimisiún go tráthrialta, agus uair sa bhliain ar a laghad, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas maidir le dul chun cinn i gcaibidlíocht na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) mar aon lena iarrachtaí chun glacadh idirnáisiúnta le sásraí margadh-bunaithe a chur cinn i measc tríú tíortha. Tar éis Thionól 2016 an ICAO, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le gníomhaíochtaí chun comhaontú idirnáisiúnta maidir le beart domhanda margadh-bunaithe a chur chun feidhme ó 2020 i leith, ar beart é a laghdóidh astaíochtaí gáis cheaptha teasa ón eitlíocht ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, lena n-áirítear faisnéis maidir le húsáid ioncaim, a chuirfidh Ballstáit isteach i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013.

Ina thuarascáil, breithneoidh an Coimisiún, agus, más iomchuí, cuirfidh sé isteach moltaí chun freagairt do na forbairtí sin maidir leis an raon feidhme is iomchuí d'astaíochtaí ó ghníomhaíochtaí chuig agus ó aeradróim atá suite i dtíortha lasmuigh de LEE ón 1 Eanáir 2017 ar aghaidh. Ina thuarascáil, breithneoidh an Coimisiún freisin réitigh ar shaincheisteanna eile a fhéadfaidh eacht chun cinn i gcur i bhfeidhm mhíreanna 1 go dtí 4 den Airteagal seo, agus ag an am céanna, an chothromaíocht á caomhnú d'oibreoirí uile aerárthaí ar an aerbhealach céanna.

(2) In Iarscríbhinn I, sa cholún “Gníomhaíochtaí” den tábla atá inti, cuirtear an pointe seo a leanas tar éis pointe (j) faoin gceannteideal “Eitlíocht” in Iarscríbhinn I:

“(k) ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Nollaig 2020, eitiltí a thiocfadh faoin ngníomhaíocht seo, murach an pointe seo, arna ndéanamh ag oibreoir aerárthaí neamhthráchtála a oibríonn eitiltí ar lú a astaíochtaí bliantúla iomlána ná 1 000 tona in aghaidh na bliana.”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm dáta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 30 Aibreán 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.



( 1 ) Tuairim arna ghlacadh an 22 Eanáir 2014 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

( 2 ) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Aibreán 2014 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 14 Aibreán 2014.

( 3 ) Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

( 4 ) Rialachán 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 13).

( 5 ) Rialachán (AE) Uimh. 606/2010 ón gCoimisiún an 9 Iúil 2010 maidir le formheas uirlis simplithe arna forbairt ag an eagraíocht Eorpach um shábháilteacht na haerloingseoireachta (Eurocontrol) chun ídiú breosla oibreoirí aerárthaí astaírí beaga áirithe a mheas(IO L 175, 10.7.2010, lch. 25).”