02014R0376 — GA — 11.09.2018 — 001.005


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 376/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 3 Aibreán 2014

maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(IO L 122 24.4.2014, lch. 18)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2018/1139 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 4 Iúil 2018

  L 212

1

22.8.2018


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 158, 14.6.2019, lch.  200 (2018/1139)




▼B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 376/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 3 Aibreán 2014

maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)



Airteagal 1

Cuspóirí

1.  Is é is aidhm don Rialachán seo sábháilteacht eitlíochta sibhialta a fheabhsú san Aontas trína áirithiú go dtuairiscítear, go mbailítear, go stóráiltear, go gcosnaítear, go malartaítear agus go scaiptear faisnéis ábhartha a bhaineann le sábháilteacht eitlíochta sibhialta agus go ndéantar anailís uirthi.

Áirithítear leis an Rialachán seo:

(a) i gcás inarb iomchuí, go ndéantar beart sábháilteachta go tráthúil bunaithe ar anailís arna déanamh ar an bhfaisnéis a bhailítear;

(b) go mbeidh faisnéis sábháilteachta fós ar fáil trí rialacha maidir le rúndacht agus maidir le leas iomchuí a bhaint as faisnéis a thabhairt isteach agus trí chosaint chomhchuibhithe agus fheabhsaithe a thabhairt do tuairisceoirí agus do dhaoine a luaitear i dtuarascálacha ar tharluithe; agus

(c) go mbreathnófar ar rioscaí i dtaobh shábháilteacht na heitlíochta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon agus go ndéileálfar leo ar na leibhéil sin freisin.

2.  Is é an t-aon chuspóir atá le tuairisciú ar tharluithe tionóiscí agus teagmhais a chosc seachas milleán nó dliteanas a shannadh.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) ciallaíonn “tuairisceoir” duine nádúrtha a thuairiscíonn tarlú nó faisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht de bhun an Rialacháin seo;

(2) ciallaíonn “aerárthach” aon mheaisín is féidir tacaíocht a fháil san atmaisféar ó imoibrithe an aeir seachas imoibrithe an aeir i gcoinne dhromchla an domhain;

(3) ciallaíonn “teagmhas” teagmhas de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 996/2010;

(4) ciallaíonn “teagmhas tromchúiseach” teagmhas tromchúiseach de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 996/2010;

(5) ciallaíonn “tionóisc” tionóisc de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 996/2010;

(6) ciallaíonn “faisnéis atá curtha ó aithint” faisnéis a eascraíonn ó thuarascálacha ar tharluithe as ar baineadh na sonraí pearsanta uile amhail ainmneacha nó seoltaí daoine nádúrtha;

(7) ciallaíonn “tarlú” aon imeacht a bhaineann le sábháilteacht a chuireann aerárthach, na daoine atá ar bord nó aon duine eile i mbaol nó a chuirfeadh i mbaol iad mura gceartófaí é nó mura dtabharfaí aghaidh air, agus áirítear air tionóisc nó teagmhas tromchúiseach go háirithe;

(8) ciallaíonn “eagraíocht” aon eagraíocht a chuireann táirgí eitlíochta ar fáil agus/nó a fhostaíonn na daoine a bhíonn ag teastáil chun tarluithe a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 4(6) nó a dhéanann conradh leis na daoine sin nó a bhaineann úsáid as seirbhísí na ndaoine sin;

(9) ciallaíonn “anaithnidiú” na sonraí pearsanta ar fad a bhaineann leis an tuairisceoir agus leis na daoine a luaitear i dtuarascálacha ar tharluithe agus aon sonraí, lena n-áirítear ainm na heagraíochta nó na n-eagraíochtaí a bhfuil baint aici nó acu leis an tarlú, ar sonraí iad a bhféadfaí céannacht an tuairisceora nó céannacht tríú páirtí a nochtadh leo nó a bhféadfaí an fhaisnéis sin a thuiscint ón tuarascáil ar tharlú, a bhaint de thuarascálacha ar tharluithe;

(10) ciallaíonn “guais” coinníoll nó rud ag a bhfuil an acmhainneacht bás a thabhairt ar dhuine, duine a ghortú, díobháil a dhéanamh do threalamh nó do struchtúir, ábhair a chailleadh, nó laghdú a dhéanamh ar chumas duine feidhm fhorordaithe a chomhlíonadh;

(11) ciallaíonn “údarás um imscrúdú sábháilteachta” an t-údarás náisiúnta buan um imscrúdú sábháilteachta eitlíochta sibhialta atá i mbun imscrúduithe sábháilteachta nó i mbun formhaoirseachta orthu mar a thagraítear dó in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 996/2010;

(12) ciallaíonn an “cultúr cóir” an cultúr atá ann nuair nach gcuirtear pionós ar oibreoirí tosaigh nó ar dhaoine eile as gníomhartha, easnaimh nó cinntí arna ndéanamh acu atá i gcomhréir lena dtaithí agus lena n-oiliúint, ach nuair nach nglactar le mórfhaillí, le sáruithe toiliúla agus le gníomhartha scriosacha;

(13) ciallaíonn “pointe teagmhála”:

(a) i gcás ina ndéanann páirtí leasmhar a bhunaítear i mBallstát iarraidh ar fhaisnéis, an t-údarás inniúil atá ainmnithe ag gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 6(3);

(b) i gcás ina ndéanann páirtí leasmhar a bhunaítear lasmuigh den Aontas iarraidh ar fhaisnéis, an Coimisiún;

(14) ciallaíonn “páirtí leasmhar” aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach nó aon chomhlacht oifigiúil, bíodh a phearsantacht dhlítheanach féin aige nó ná bíodh, is féidir bheith rannpháirteach i bhfeabhsú na sábháilteachta eitlíochta trí rochtain a bheith aige ar fhaisnéis maidir le tarluithe arna malartú ag na Ballstáit agus a thagann faoi chatagóir amháin de pháirtithe leasmhara a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

(15) ciallaíonn an “Clár Sábháilteachta Stáit” sraith chomhtháite gníomhartha dlíthiúla agus gníomhaíochtaí lena ndírítear ar shábháilteacht eitlíochta sibhialta a bhainistiú i mBallstát;

(16) ciallaíonn an “Plean Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta” measúnú ar shaincheisteanna sábháilteachta agus an plean gníomhaíochta a bhaineann leis ar an leibhéal Eorpach;

(17) ciallaíonn an “Clár Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta” an tsraith chomhtháite rialachán ar leibhéal an Aontais, in éineacht leis na gníomhaíochtaí agus na próisis a úsáidtear chun sábháilteacht na heitlíochta sibhialta a bhainistiú i gcomhpháirt ar an leibhéal Eorpach;

(18) ciallaíonn “córas bainistíochta sábháilteachta” cur chuige córasach chun sábháilteacht eitlíochta sibhialta a bhainistiú lena n-áirítear na struchtúir, na freagrachtaí, na beartais agus na nósanna imeachta eagraíochtúla is gá agus áirítear leis aon chóras bainistíochta, atá neamhspleách nó comhtháite le córais bhainistíochta eile de chuid na heagraíochta, a thugann aghaidh ar an tsábháilteacht a bhainistiú.

Airteagal 3

Ábhar agus raon feidhme

1.  Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha

(a) maidir le tuairisciú ar tharluithe a chuireann an t-aerárthach, na daoine atá ar bord, aon duine eile, an trealamh nó an tsuiteáil lena ndéantar difear d'oibríochtaí an aerárthaigh i mbaol nó tarluithe a chuirfeadh i mbaol iad mura gceartófaí iad nó mura dtabharfaí aghaidh orthu; agus tuairisciú ar aon fhaisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht sa chomhthéacs sin;

(b) maidir le hanailís agus maidir le bearta leantacha i dtaca le tarluithe arna dtuairisciú agus maidir le haon fhaisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht;

(c) maidir le lucht gairme na heitlíochta a chosaint;

(d) maidir le leas iomchuí a bhaint as faisnéis sábháilteachta arna bailiú;

(e) maidir le faisnéis a chomhtháthú sa Stór Lárnach Eorpach; agus

(f) maidir leis an bhfaisnéis anaithnid a scaipeadh ar pháirtithe leasmhara chun an fhaisnéis a theastaíonn uathu d'fhonn sábháilteacht na heitlíochta sibhialta a fheabhsú a chur ar fáil dóibh.

▼M1

2.  Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le tarluithe agus faisnéis eile a bhaineann le haerárthaí sibhialta a bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ►C1   ( 1 ) ◄ maidir leo.

Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le tarluithe agus faisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht i dtaca le haerárthaí gan foireann nach bhfuil deimhniú nó dearbhú de dhíth orthu de bhun Airteagal 56(1) agus (5) de Rialachán (AE) 2018/1139, murab é gur bhain gortú marfach nó tromchúiseach do dhuine mar gheall ar an tarlú sin nó mar gheall ar fhaisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht nó má bhí baint ag aerárthaí eile leis an tarlú, amach ó aerárthaí gan foireann.

Féadfaidh na Ballstáit an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le tarluithe agus maidir le faisnéis eile a bhaineann leis na haerárthaí nach bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1139 maidir leo.

▼B

Airteagal 4

Tuairisciú éigeantach

1.  Na tarluithe sin lena ngabhfadh riosca suntasach do shábháilteacht na heitlíochta agus a thagann faoi na catagóirí seo a leanas, déanfaidh na daoine a liostaítear i mír 6 iad a thuairisciú trí na córais tuairiscithe éigeantaigh ar tharluithe de bhun an Airteagail seo:

(a) tarluithe a bhaineann le hoibriú an aerárthaigh, amhail:

(i) tarluithe a bhaineann le himbhualadh;

(ii) tarluithe a bhaineann le héirí ó thalamh agus le tuirlingt;

(iii) tarluithe a bhaineann le breosla;

(iv) tarluithe le linn eitilte;

(v) tarluithe a bhaineann le cumarsáid;

(vi) tarluithe a bhaineann le díobháil, le héigeandálaí agus le cásanna ríthábhachtacha eile;

(vii) an fhoireann a bheith éagumasaithe agus tarluithe eile a bhaineann leis an bhfoireann;

(viii) dálaí meitéareolaíochta nó tarluithe a bhaineann leis an tslándáil;

(b) tarluithe a bhaineann le dálaí teicniúla, cothabháil agus deisiúchán an aerárthaigh, amhail:

(i) lochtanna struchtúracha;

(ii) mífheidhmeanna córas;

(iii) fadhbanna cothabhála agus deisiúcháin;

(iv) fadbhanna tiomána (lena n-áirítear innill, liáin agus córais rótair) agus fadhbanna maidir le haonaid chumhachta chúnta;

(c) tarluithe a bhaineann le seirbhísí agus saoráidí aerloingseoireachta, amhail:

(i) imbhuailtí, neas-imbhuailtí nó imbhuailtí a d'fhéadfadh a bheith ann,

(ii) tarluithe sonracha bainistíochta aerthráchta agus seirbhísí aerloingseoireachta (ATM/ANS);

(iii) tarluithe oibríochta ATM/ANS;

(d) tarluithe a bhaineann le haeradróim agus seirbhísí talún, amhail:

(i) tarluithe a bhaineann le gníomhaíochtaí agus saoráidí aeradróim;

(ii) tarluithe a bhaineann le láimhseáil paisinéirí, bagáiste, post agus lasta;

(iii) tarluithe a bhaineann le seirbhísí láimhseála aerárthaí ar an talamh agus le seirbhísí gaolmhara.

2.  Bunóidh gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát córas tuairiscithe éigeantaigh chun gur fusa a bheidh sé sonraí a bhailiú maidir le tarluithe dá dtagraítear i mír 1.

3.  Bunóidh gach Ballstát córas tuairiscithe éigeantaigh chun gur fusa a bheidh sé sonraí a bhailiú maidir le tarluithe lena n-áirítear sonraí maidir le tarluithe arna mbailiú ag eagraíochtaí de bhun mhír 2 a bhailiú.

4.  Bunóidh an Ghníomhaireachta Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta (“an Ghníomhaireacht”) córas tuairiscithe éigeantaigh chun gur fusa a bheidh sé sonraí a bhailiú maidir le tarluithe, lena n-áirítear sonraí maidir le tarluithe arna mbailiú de bhun mhír 2 ag eagraíochtaí a dheimhnigh nó a d'fhormheas an Ghníomhaireacht a bhailiú.

5.  Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, liosta ina n-aicmeofar tarluithe dá dtagrófar tráth a mbeidh tarluithe á dtuairisciú de bhun mhír 1. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2).

Áireoidh an Coimisiún liosta ar leithligh sna gníomhartha cur chun feidhme sin ina n-aicmeofar tarluithe is infheidhme maidir le haerárthaí seachas iad siúd atá á gcumhachtú le mótar coimpléascach. Is éard a bheidh sa liosta leagan simplithe den liosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus, i gcás inarb iomchuí, déanfar é a oiriúnú ar shainiúlachtaí an bhrainse sin den eitlíocht.

6.  Tuairisceoidh na daoine nádúrtha seo a leanas na tarluithe dá dtagraítear i mír 1 tríd an gcóras arna bhunú i gcomhréir le mír 2 ag an eagraíocht a fhostaíonn an tuairisceoir nó, ina éagmais sin, tríd an gcóras arna bhunú i gcomhréir le mír 3 ag an mBallstát inar bunaíodh a n-eagraíocht, nó ag an mBallstát inar eisíodh, inar bailíochtaíodh nó inar athraíodh ceadúnas an phíolóta, nó tríd an gcóras arna bhunú i gcomhréir le mír 4 ag an nGníomhaireacht:

(a) an píolóta atá i gceannas ar aerárthach, nó i gcásanna nach bhfuil an píolóta atá i gceannas in ann an tarlú a thuairisciú, aon bhall den fhoireann atá sa chéad áit eile den slabhra ceannais in aerárthach atá cláraithe i mBallstát nó aerárthach atá cláraithe lasmuigh den Aontas ach atá in úsáid ag oibreoir dá n-áirithíonn Ballstát formhaoirseacht ar oibríochtaí nó oibreoir atá bunaithe san Aontas;

(b) duine a dhearann aerárthach, nó aon trealamh nó cuid de, nó a dhéanann monarú, faireachán leanúnach ar aeracmhainneacht, cothabháil nó modhnú air, faoi fhormhaoirseacht Ballstáit nó faoi fhormhaoirseacht na Gníomhaireachta;

(c) duine a shíníonn deimhniú ar athbhreithniú aeracmhainneachta, nó ar scaoileadh chun seirbhíse i ndáil le haerárthach, nó aon trealamh nó cuid de, faoi fhormhaoirseacht Ballstáit nó faoi fhormhaoirseacht na Gníomhaireachta;

(d) duine a chomhlíonann feidhm faoina gceanglaítear air nó uirthi bheith údaraithe ag Ballstát mar bhall foirne de sholáthróir seirbhísí aerthráchta ar a bhfuil freagrachtaí maidir le seirbhísí aerloingseoireachta nó mar oifigeach seirbhíse faisnéise eitilte;

(e) duine a chomhlíonann feidhm a bhaineann le bainistíocht sábháilteachta aerfoirt a bhfuil feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ) maidir leis;

(f) duine a chomhlíonann feidhm a bhaineann le saoráidí aerloingseoireachta a shuiteáil, a mhodhnú, a chothabháil, a dheisiú, a imchóiriú, a sheiceáil le linn eitilte nó cigireacht a dhéanamh orthu, ar saoráidí iad ar ina leith a áirithíonn Ballstát formhaoirseacht;

(g) duine a chomhlíonann feidhm a bhaineann le seirbhís ar an talamh ar aerárthaí, lena n-áirítear breoslú, ullmhú bileoige lóid, luchtú, dí-oighriú agus tarraingt ag aerfort atá cumhdaithe ag Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008.

7.  Tuairisceoidh na daoine a liostaítear i mír 6 tarluithe laistigh de 72 uair an chloig ón uair a bheidh siad eolach faoin tarlú, mura gcuirfidh imthosca eisceachtúla cosc air sin.

8.  Tar éis fógra a fháil faoi tharlú, déanfaidh aon eagraíocht atá bunaithe i mBallstát agus nach gcumhdaítear faoi mhír 9 na sonraí maidir le tarluithe arna mbailiú i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo a thuairisciú d'údarás inniúil an Bhallstáit sin, faoi mar a thagraítear dó in Airteagal 6(3), a luaithe is féidir, agus ar aon chaoi tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig ón uair a bheidh siad eolach faoin tarlú.

9.  Tar éis fógra a fháil faoi tharlú, déanfaidh gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát agus atá deimhnithe nó formheasta ag an nGníomhaireacht na sonraí maidir le tarluithe arna mbailiú i gcomhréir le mír 2 a thuairisciú don Ghníomhaireacht a luaithe is féidir, agus ar aon chaoi tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig ón uair a bheidh siad eolach faoin tarlú.

Airteagal 5

Tuairisciú deonach

1.  Bunóidh gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát córas tuairiscithe dheonaigh chun gur fusa a bheidh sé an méid seo a leanas a bhailiú:

(a) sonraí maidir le tarluithe a bhféadfadh sé nach ngabhfadh an córas tuairiscithe éigeantaigh iad;

(b) aon fhaisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht ar léir don tuairisceoir í a bheith ina guais iarbhír do shábháilteacht na heitlíochta nó go bhféadfadh sí a bheith ina guais do shábháilteacht na heitlíochta.

2.  Bunóidh gach Ballstát córas tuairiscithe dheonaigh chun gur fusa a bheidh sé an méid seo a leanas a bhailiú:

(a) sonraí maidir le tarluithe a bhféadfadh sé nach ngabhfadh an córas tuairiscithe éigeantaigh iad;

(b) aon fhaisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht ar léir don tuairisceoir í a bheith ina guais iarbhír nó go bhféadfadh sí a bheith ina guais do shábháilteacht na heitlíochta.

Áireofar ar an gcóras sin freisin bailiú na faisnéise a aistríonn eagraíochtaí de bhun mhír 6, ach ní bheidh sé teoranta don mhéid sin.

3.  Bunóidh an Ghníomhaireacht córas tuairiscithe dheonaigh chun gur fusa a bheidh sé an méid seo a leanas a bhailiú:

(a) sonraí maidir le tarluithe a bhféadfadh sé nach ngabhfadh an córas tuairiscithe éigeantaigh iad;

(b) aon fhaisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht ach ar léir don tuairisceoir í a bheith ina guais iarbhír nó go bhféadfadh sí a bheith ina guais do shábháilteacht na heitlíochta.

Áireofar ar an gcóras sin freisin bailiú na faisnéise a aistríonn eagraíochtaí atá deimhnithe nó formheasta ag an nGníomhaireacht de bhun mhír 5, ach ní bheidh sé teoranta don mhéid sin.

4.  Bainfear úsáid as na córais tuairiscithe dheonaigh chun bailiú na sonraí maidir le tarluithe agus na faisnéise a bhaineann le sábháilteacht a éascú, ar tharluithe agus faisnéis iad a bhfuil na nithe seo a leanas fíor fúthu:

(a) nach bhfuil sé éigeantach iad a thuairisciú de bhun Airteagal 4(1);

(b) go bhfuil siad a thuairisciú ag daoine nach bhfuil liostaithe in Airteagal 4(6).

5.  Gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát agus atá deimhnithe nó formheasta ag an nGníomhaireacht, tuairisceoidh sí go tráthúil don Ghníomhaireacht na sonraí maidir le tarluithe agus faisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht a bailíodh de bhun mhír 1 agus a bhféadfadh riosca iarbhír nó riosca ionchasach a bheith ag baint leo do shábháilteacht na heitlíochta.

6.  Gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát agus nach bhfuil deimhnithe nó formheasta ag an nGníomhaireacht, tuairisceoidh sí go tráthúil d'údarás inniúil an Bhallstáit sin, arna ainmniú de bhun Airteagal 6(3), sonraí maidir le tarluithe agus faisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht a bailíodh de bhun mhír 1 den Airteagal seo agus a bhféadfadh riosca iarbhír nó riosca ionchasach a bheith ag baint leo do shábháilteacht na heitlíochta. Féadfaidh na Ballstáit a éileamh ar aon eagraíocht atá bunaithe ina gcríoch sonraí na dtarluithe uile arna mbailiú de bhun mhír 1 den Airteagal seo a thuairisciú.

7.  Féadfaidh na Ballstáit, an Ghníomhaireacht agus eagraíochtaí córais eile a bhunú maidir le bailiú agus próiseáil faisnéise sábháilteachta chun sonraí a bhailiú maidir le tarluithe a d'fhéadfadh sé nach ngabhfadh na córais tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 4 agus i mír 1, mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo iad. D'fhéadfadh tuairisciú d'eintitis seachas na heintitis sin a leagtar amach in Airteagal 6(3) a bheith ar áireamh sna córais sin agus d'fhéadfadh rannpháirtíocht ghníomhach an méid seo a leanas a bheith ag baint leo:

(a) an tionscal eitlíochta;

(b) eagraíochtaí gairmiúla na bhfoirne eitlíochta.

8.  Féadfar an fhaisnéis a fhaightear ó thuairisciú deonach agus éigeantach a chomhtháthú i gcóras aonair.

Airteagal 6

Faisnéis a bhailiú agus a stóráil

1.  Maidir le sonraí i dtaca le tarluithe a thuairiscítear de bhun Airteagal 4 agus Airteagal 5, ainmneoidh gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát duine amháin nó níos mó chun bailiú, próiseáil agus stóráil na sonraí sin agus an mheastóireacht agus anailís orthu a láimhseáil go neamhspleách.

Déanfar na tuarascálacha a láimhseáil d'fhonn cosc a chur ar úsáid na faisnéise chun críocha seachas sábháilteacht, agus chun go gcosnófar, ar bhealach iomchuí, rúndacht chéannacht an tuairisceora chomh maith le rúndacht an té a luaitear sa tuarascáil ar tharlú d'fhonn “cultúr cóir” a chur chun cinn.

2.  Trí chomhaontú leis an údarás inniúil, féadfaidh eagraíochtaí beaga sásra simplithe a chur ar bun le sonraí tarluithe a bhailiú, a phróiseáil agus a stóráil agus le meastóireacht agus anailís a dhéanamh orthu. Féadfaidh siad na cúraimí sin a roinnt le heagraíochtaí den chineál céanna, agus na rialacha maidir le rúndacht agus le cosaint de bhun an Rialacháin seo á gcomhlíonadh ag an am céanna.

3.  Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó chun sásra a bhunú chun sonraí maidir le tarluithe a thuairiscítear de bhun Airteagal 4 agus Airteagal 5 a bhailiú, a phróiseáil agus a stóráil agus chun meastóireacht agus anailís a dhéanamh orthu go neamhspleách.

Déanfar na tuarascálacha a láimhseáil d'fhonn cosc a chur ar úsáid na faisnéise chun críoch eile seachas sábháilteacht, agus chun go gcosnófar, ar bhealach iomchuí, rúndacht chéannacht an tuairisceora chomh maith le rúndacht na ndaoine a luaitear sa tuarascáil ar tharlú, d'fhonn “cultúr cóir” a chur chun cinn.

Is iad seo a leanas na húdaráis a bhféadfaí a ainmniú de bhun na chéad fomhíre, i gcomhpháirt nó go leithleach:

(a) an t-údarás náisiúnta um eitlíocht shibhialta; agus/nó

(b) an t-údarás um imscrúdú sábháilteachta; agus/nó

(c) aon chomhlacht nó eintiteas neamhspleách eile atá bunaithe san Aontas agus a bhfuil an fheidhm sin curtha de chúram air.

I gcás ina n-ainmníonn Ballstát níos mó ná comhlacht nó eintiteas amháin, ainmneoidh sé ceann acu sin mar phointe teagmhála le haghaidh an aistrithe faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 8(2).

4.  Ainmneoidh an Ghníomhaireacht duine amháin nó níos mó chun sásra a bhunú chun sonraí maidir le tarluithe a thuairiscítear i gcomhréir le hAirteagal 4 agus Airteagal 5 a bhailiú, a phróiseáil agus a stóráil agus chun meastóireacht agus anailís a dhéanamh orthu go neamhspleách.

Déanfar na tuarascálacha a láimhseáil d'fhonn cosc a chur ar úsáid na faisnéise chun críocha eile seachas sábháilteacht, agus chun go gcosnófar, ar bhealach iomchuí, rúndacht chéannacht an tuairisceora chomh maith le rúndacht na ndaoine a luaitear sa tuarascáil ar tharlú d'fhonn “cultúr cóir” a chur chun cinn.

5.  Stórálfaidh eagraíochtaí tuarascálacha ar tharluithe arna dtarraingt suas ar bhonn sonraí maidir le tarluithe a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 5 i mbunachar sonraí amháin nó níos mó.

6.  Stórálfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 3 tuarascálacha ar tharluithe arna dtarraingt suas ar bhonn sonraí maidir le tarluithe a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 4 agus le Airteagal 5 i mbunachar sonraí náisiúnta.

7.  Stórálfar faisnéis ábhartha maidir le tionóiscí agus teagmhais thromchúiseacha sa bhunachar sonraí náisiúnta sin freisin, ar faisnéis í a bhaileoidh na húdaráis um imscrúdú sábháilteachta nó a eiseoidh siad.

8.  Stórálfaidh an Ghníomhaireacht tuarascálacha ar tharluithe arna dtarraingt suas ar bhonn sonraí maidir le tarluithe a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 5 i mbunachar sonraí.

9.  Beidh rochtain iomlán ag na húdaráis um imscrúdú sábháilteachta ar a mbunachar sonraí náisiúnta faoi seach dá dtagraítear i mír 6 chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh de bhun Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 996/2010.

10.  Beidh rochtain iomlán ag údaráis eitlíochta sibhialta na mBallstát ar a mbunachar sonraí náisiúnta faoi seach dá dtagraítear i mír 6 chun críocha a bhfreagrachtaí a bhaineann le sábháilteacht.

Airteagal 7

Cáilíocht agus ábhar tuarascálacha ar tharluithe

1.  Beidh an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn I ar a laghad sna tuarascálacha ar tharluithe dá dtagraítear in Airteagal 6.

2.  Déanfar aicmiú riosca sábháilteachta don tarlú lena mbaineann a áireamh sna tuarascálacha ar tharluithe sin dá dtagraítear i mír 5, mír 6 agus mír 8 d'Airteagal 6. Is é údarás inniúil an Bhallstáit nó an Ghníomhaireacht a dhéanfaidh an t-aicmiú sin a athbhreithniú, a leasú más gá, agus a fhormhuiniú, i gcomhréir leis an gcomhscéim Eorpach um aicmiú riosca dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo.

3.  Bunóidh eagraíochtaí, na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht próisis seiceála cáilíochta sonraí chun feabhas a chur ar chomhsheasmhacht na sonraí, go háirithe idir an fhaisnéis a bailíodh ar dtús agus an tuarascáil a stóráiltear sa bhunachar sonraí.

4.  Úsáidfear sna bunachair shonraí dá dtagraítear i mír 5, mír 6 agus mír 8 d'Airteagal 6 formáidí atá:

(a) caighdeánaithe chun malartú faisnéise a éascú; agus

(b) comhoiriúnach maidir le bogearraí ECCAIRS agus maidir le tacsanomaíocht ADREP.

5.  Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis an nGníomhaireacht trí líonra na n-anailísithe sábháilteachta eitlíochta, dá dtagraítear in Airteagal 14(2), comhscéim Eorpach um aicmiú riosca a fhorbairt chun go mbeidh sé ar chumas na n-eagraíochtaí, na mBallstát agus na Gníomhaireachta tarluithe a aicmiú i dtéarmaí an riosca sábháilteachta. Ar an gcaoi sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an gá atá le comhoiriúnacht maidir leis na scéimeanna um aicmiú riosca atá ann cheana.

Déanfaidh an Coimisiún an scéim sin a fhorbairt faoin 15 Bealtaine 2017.

6.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 chun an chomhscéim Eorpach um aicmiú riosca a shainiú.

7.  Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe chun an chomhscéim Eorpach um aicmiú riosca a chur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2).

8.  Tacóidh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht le húdaráis inniúla na mBallstát leis an gcúram atá orthu sonraí a chomhtháthú, lena n-áirítear, mar shampla:

(a) le comhtháthú na faisnéise íosta dá dtagraítear i mír 1;

(b) le haicmiú riosca na dtarluithe dá dtagraítear i mír 2; agus

(c) le bunú próiseas seiceála cáilíochta sonraí dá dtagraítear i mír 3.

Cuirfidh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht an tacaíocht sin ar fáil ar bhealach a chuirfear le comhchuibhiú an phróisis iontrála sonraí ar fud na mBallstát, agus go háirithe tríd an méid seo a leanas a chur ar fáil don fhoireann a oibríonn sna comhlachtaí nó sna heintitis dá dtagraítear in Airteagal 6(1), (3) agus (4):

(a) ábhar treorach;

(b) ceardlanna; agus

(c) oiliúint iomchuí.

Airteagal 8

Stór Lárnach Eorpach

1.  Bainisteoidh an Coimisiún Stór Lárnach Eorpach chun na tuarascálacha uile ar tharluithe a bhailítear san Aontas a stóráil.

2.  Tabharfaidh gach Ballstát, i gcomhaontú leis an gCoimisiún, an Stór Lárnach Eorpach cothrom le dáta tríd an bhfaisnéis ar fad a bhaineann le sábháilteacht arna storáil sna bunachair shonraí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 6(6) a aistriú chuige.

3.  Comhaontóidh an Ghníomhaireacht na prótacail theicniúla leis an gCoimisiún chun na tuarascálacha uile ar tharluithe arna mbailiú ag an nGníomhaireacht faoi Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 agus a rialacha cur chun feidhme a aistriú chuig an Stór Lárnach Eorpach, go háirithe i gcás tarluithe a stóráiltear sa Chóras Inmheánach um Thuairisciú ar Tharluithe (CITT) chomh maith leis an bhfaisnéis a bhailítear de bhun Airteagal 4(9) agus Airteagal 5(5).

4.  Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, na socruithe chun an Stór Lárnach Eorpach dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a bhainistiú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2).

Airteagal 9

Malartú faisnéise

1.  Glacfaidh na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht páirt i malartú faisnéise tríd an bhfaisnéis ar fad a bhaineann le sábháilteacht a stóráiltear ina mbunachair shonraí féin a chur ar fáil d'údaráis inniúla na mBallstát eile, don Ghníomhaireacht agus don Choimisiún tríd an Stór Lárnach Eorpach.

Aistreofar tuarascálacha ar tharluithe chuig an Stór Lárnach Eorpach tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis iad a chur isteach sa bhunachar sonraí náisiúnta.

Tabharfar tuarascálacha ar tharluithe cothrom le dáta le faisnéis bhreise a bhaineann le sábháilteacht nuair is gá sin.

2.  Aistreoidh na Ballstáit faisnéis a bhaineann le tionóiscí agus teagmhais thromchúiseacha chuig an Stór Lárnach Eorpach freisin mar a leanas:

(a) le linn don imscrúdú ina dtaobh a bheith ar siúl, an réamhfhaisnéis fhíorasach maidir le tionóiscí agus teagmhais thromchúiseacha;

(b) agus an t-imscrúdú curtha i gcrích:

(i) tuarascáil chríochnaitheach an imscrúdaithe; agus

(ii) tráth a mbeidh sí ar fáil, achoimre as Béarla ar thuarascáil chríochnaitheach an imscrúdaithe.

3.  Cuirfidh Ballstát nó an Ghníomhaireacht an fhaisnéis ábhartha ar fad a bhaineann le sábháilteacht ar aghaidh chuig údarás ábhartha an Bhallstáit nó chuig an nGníomhaireacht a luaithe is féidir, más rud é, agus sonraí maidir le tarluithe á mbailiú, nó agus tuarascálacha ar tharluithe á stóráil nó anailís á déanamh i gcomhréir le hAirteagal 13(6), go sainaithníonn sé nó sí cúrsaí sábháilteachta a mheasann sé nó sí:

(a) a bheith ina n-ábhar spéise ag Ballstáit eile nó ag an nGníomhaireacht; nó

(b) go bhféadfadh go gcaithfeadh na Ballstáit eile nó an Ghníomhaireacht beart sábháilteachta a dhéanamh ina leith.

Airteagal 10

An fhaisnéis sábháilteachta a stóráiltear sa Stór Lárnach Eorpach a scaipeadh

1.  Aon eintiteas ar cuireadh an cúram air sábháilteacht eitlíochta sibhialta a rialáil, nó aon údarás um imscrúdú sábháilteachta laistigh den Aontas, beidh rochtain iomlán, slán, ar líne aige ar fhaisnéis maidir le tarluithe atá sa Stór Lárnach Eorpach.

Bainfear leas as an bhfaisnéis i gcomhréir le hAirteagal 15 agus le hAirteagal 16.

2.  Féadfaidh páirtithe leasmhara a liostaítear in Iarscríbhinn II rochtain a iarraidh ar fhaisnéis áirithe atá sa Stór Lárnach Eorpach.

Déanfaidh páirtithe leasmhara atá bunaithe san Aontas iarrataí ar fhaisnéis a dhíriú ar phointe teagmhála an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe.

Díreoidh páirtithe leasmhara atá bunaithe lasmuigh den Aontas a n-iarraidh chuig an gCoimisiún.

Tabharfaidh an Coimisiún fógra d'údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann nuair a dhéanfar iarraidh de bhun na míre seo.

3.  Faoi réir Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, ní nochtfar an fhaisnéis atá sa Stór Lárnach Eorpach a bhaineann le himscrúduithe sábháilteachta leanúnacha atá ar bun i gcomhréir leis an Rialachán sin do pháirtithe leasmhara de bhun an Airteagail seo.

4.  Chun críche cúiseanna slándála, ní thabharfar rochtain dhíreach ar an Stór Lárnach Eorpach do pháirtithe leasmhara.

Airteagal 11

Iarrataí a phróiseáil agus cinntí

1.  Cuirfear isteach iarrataí ar fhaisnéis atá sa Stór Lárnach Eorpach agus leas á bhaint as na foirmeacha a d'fhormheas an pointe teagmhála. Áireofar sna foirmeacha sin na míreanna a leagtar amach in Iarscríbhinn III ar a laghad.

2.  Fíoróidh pointe teagmhála a fhaigheann iarraidh:

(a) gur páirtí leasmhar atá ag déanamh na hiarrata; agus

(b) go bhfuil sé nó sí inniúil chun déileáil leis an iarraidh sin.

Nuair a chinnfidh an pointe teagmhála go bhfuil Ballstát eile nó an Coimisiún inniúil le déileáil leis an iarraidh, aistreoidh sé an iarraidh sin chuig an mBallstát sin nó chuig an gCoimisiún, de réir mar is iomchuí.

3.  Déanfaidh pointe teagmhála a fhaigheann iarraidh meastóireacht ar bhonn gach cáis ar leith ar an údar atá leis an iarraidh agus ar a praiticiúlacht.

Féadfaidh pointe teagmhála faisnéis a sholáthar do pháirtithe leasmhara i scríbhinn nó trí úsáid a bhaint as modhanna leictreonacha cumarsáide atá slán.

4.  Má ghlactar leis an iarraidh, cinnfidh an pointe teagmhála an méid faisnéise agus leibhéal na faisnéise atá le soláthar. Gan dochar d'Airteagal 15 ná d'Airteagal 16, beidh an fhaisnéis teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis chun críche na hiarrata.

Ní sholáthrófar faisnéis nach mbaineann le trealamh, le hoibríochtaí nó le réimse gníomhaíochta an pháirtí leasmhair féin ach i bhfoirm chomhiomlánaithe nó anaithnid. Féadfar faisnéis i bhfoirm neamh-chomhiomlánaithe a chur ar fáil don pháirtí leasmhar má léiríonn sé go mionsonraithe i scríbhinn an t-údar atá leis. Bainfear leas as an bhfaisnéis sin i gcomhréir le hAirteagal 15 agus le hAirteagal 16.

5.  Déanfaidh an pointe teagmhála faisnéis a bhaineann le trealamh, le hoibríochtaí nó le réimse gníomhaíochta an pháirtí leasmhair féin, agus an fhaisnéis sin amháin, a sholáthar do pháirtithe leasmhara a liostaítear i bpointe (b) d'Iarscríbhinn II.

6.  Féadfaidh pointe teagmhála a fhaigheann iarraidh ó pháirtí leasmhar a liostaítear i bpointe (a) d'Iarscríbhinn II cinneadh ginearálta a dhéanamh faisnéis a sholáthar don pháirtí leasmhar sin ar bhonn rialta, ar choinníoll:

(a) go mbaineann an fhaisnéis arna hiarraidh le trealamh, le hoibríochtaí nó le réimse gníomhaíochta an pháirtí féin;

(b) nach ndeontar leis an gcinneadh ginearálta rochtain ar ábhar iomlán an bhunachair shonraí;

(c) nach mbaineann an cinneadh ginearálta ach le faisnéis anaithnid.

7.  Úsáidfidh an páirtí leasmhar an fhaisnéis a fhaightear de bhun an Airteagail seo faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a) ní úsáidfidh an páirtí leasmhar an fhaisnéis ach chun na críche a shonraítear san fhoirm iarrata, críoch ba cheart a bheith comhoiriúnach le cuspóir an Rialacháin seo mar atá luaite in Airteagal 1; agus

(b) ní nochtfaidh an páirtí leasmhar an fhaisnéis a fhaightear gan toiliú i scríbhinn a fháil ó sholáthraí na faisnéise agus glacfaidh sé na bearta is gá chun go n-áiritheofar rúndacht iomchuí na faisnéise a fhaightear.

8.  Beidh an cinneadh chun faisnéis a scaipeadh de bhun an Airteagail seo teoranta do na nithe a bhfuil fíorghá ag an úsáideoir leo.

Airteagal 12

Taifead ar iarrataí agus malartú faisnéise

1.  Déanfaidh an pointe teagmhála taifead ar gach iarraidh a fhaightear agus an beart a dhéantar de bhun na hiarrata sin.

Tarchuirfear an fhaisnéis sin chuig an gCoimisiún go tráthúil aon uair a fhaightear iarraidh agus/nó aon uair a dhéantar beart.

2.  Déanfaidh an Coimisiún liosta cothrom le dáta de na hiarrataí a bheidh faighte agus den bheart a bheidh déanta ag na pointí teagmhála éagsúla agus ag an gCoimisiún féin a chur ar fáil do na pointí teagmhála ar fad.

Airteagal 13

Anailís ar tharluithe agus bearta leantacha ar leibhéal náisiúnta

1.  Forbróidh gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát próiseas chun anailís a dhéanamh ar tharluithe a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 4(2) agus le hAirteagal 5(1) d'fhonn guaiseanna sábháilteachta a bhaineann le tarluithe sainaitheanta nó le grúpaí tarluithe sainaitheanta a shainaithint.

Bunaithe ar an anailís sin, cinnfidh gach eagraíocht aon bhearta iomchuí ceartaitheacha nó coisctheacha a bhfuil gá leo, chun sábháilteacht eitlíochta a fheabhsú.

2.  Nuair a shainaithníonn eagraíocht atá bunaithe i mBallstát, tar éis na hainilíse dá dtagraítear i mír 1, aon bhearta iomchuí ceartaitheacha nó coisctheacha a bhfuil gá leo chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh sábháilteachta iarbhír eitlíochta nó easnaimh sábháilteachta eitlíochta a d'fhéadfadh a bheith ann, déanfaidh sí an méid seo a leanas:

(a) cuirfidh sí an beart sin chun feidhme go tráthúil; agus

(b) bunóidh sí próiseas chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar éifeachtacht an bhirt.

3.  Déanfaidh gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát faisnéis a chur ar fáil go rialta dá fostaithe agus do phearsanra atá ar conradh maidir leis an anailís agus na bearta leantacha a dhéantar ar tharluithe a ndéantar beart coisctheach nó ceartaitheach ina leith.

4.  I gcás ina sainaithníonn eagraíocht atá bunaithe i mBallstát ach nach gcumhdaítear le mír 5 riosca sábháilteachta iarbhír eitlíochta nó riosca sábháilteachta eitlíochta sibhialta a d'fhéadfadh a bheith ann de bharr a hainilíse ar tharluithe nó ar ghrúpa tarluithe a thuairiscítear de bhun Airteagal 4(8) agus Airteagal 5(6), déanfaidh sí an méid seo a leanas a tharchur chuig údarás inniúil an Bhallstáit sin laistigh de 30 lá ón lá a dtabharfaidh an tuairisceoir fógra i leith an tarlaithe:

(a) torthaí tosaigh na hanailíse arna déanamh de bhun mhír 1, más ann dóibh; agus

(b) aon bheart a bheidh le déanamh de bhun mhír 2.

Déanfaidh an eagraíocht torthaí deiridh na hanailíse, nuair is gá, a thuairisciú a luaithe a bheidh siad ar fáil agus, i bprionsabal, tráth nach déanaí ná 30 lá ón lá a dtabharfar fógra i leith an tarlaithe.

Féadfaidh údarás inniúil Ballstáit iarraidh ar eagraíochtaí torthaí tosaigh nó torthaí deiridh na hanailíse a tharchur chuige, ar anailís í a dhéantar ar aon tarlú ar tugadh fógra dó ina leith ach nach bhfuair sé aon bheart leantach ina leith nó nach bhfuair sé ach na torthaí tosaigh ina leith.

5.  I gcás ina sainaithníonn eagraíocht atá bunaithe i mBallstát agus atá deimhnithe nó formheasta ag an nGníomhaireacht riosca sábháilteachta iarbhír eitlíochta nó riosca sábháilteachta eitlíochta a d'fhéadfadh a bheith ann de bharr a hainilíse ar tharluithe nó ar ghrúpa tarluithe a thuairiscítear de bhun Airteagal 4(9) agus Airteagal 5(5), tarchuirfidh an eagraíocht na nithe seo a leanas chuig an nGníomhaireacht laistigh de 30 lá ón dáta a thugann an tuairisceoir fógra i leith an tarlaithe:

(a) torthaí tosaigh na hanailíse a rinneadh de bhun mhír 1, más ann dóibh; agus

(b) aon bheart a bheidh le déanamh de bhun mhír 2.

Déanfaidh an eagraíocht atá deimhnithe nó formheasta ag an nGníomhaireacht torthaí deiridh na hanailíse, nuair is gá, a tharchur chuig an nGníomhaireacht a luaithe a bheidh siad ar fáil agus, i bprionsabal, tráth nach déanaí ná trí mhí ón lá a dtabharfar fógra faoin tarlú.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht iarraidh ar eagraíochtaí torthaí tosaigh nó torthaí deiridh na hanailíse a tharchur chuige, ar anailís í a dhéantar ar aon tarlú ar tugadh fógra dó ina leith ach nach bhfuair sí aon bheart leantach ina leith nó nach bhfuair sí ach na torthaí tosaigh ina leith.

6.  Forbróidh gach Ballstát agus an Ghníomhaireacht próiseas chun anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis maidir le tarluithe a thuairiscítear go díreach chucu i gcomhréir le hAirteagal 4(6) le hAirteagal 5(2) agus le hAirteagal 5(3) d'fhonn guaiseanna sábháilteachta a bhaineann leis na tarluithe sin a shainaithint. Bunaithe ar an anailís sin, cinnfidh siad aon bhearta ceartaitheacha nó coisctheacha iomchuí a bhfuil gá leo chun sábháilteacht eitlíochta a fheabhsú.

7.  Nuair a shainaithníonn Ballstát nó an Ghníomhaireacht, tar éis na hainilíse dá dtagraítear i mír 6, aon bhearta ceartaitheacha nó coisctheacha iomchuí a bhfuil gá leo chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh sábháilteachta iarbhír nó easnaimh sábháilteachta a d'fhéadfadh a bheith ann, déanfaidh an Ballstát sin nó an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a) an beart sin a chur chun feidhme go tráthúil; agus

(b) próiseas a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar éifeachtacht an bhirt sin.

8.  I gcás gach tarlaithe nó grúpa tarluithe a ndéantar faireachán orthu i gcomhréir le mír 4 agus mír 5, beidh rochtain ag gach Ballstát agus ag an nGníomhaireacht ar an anailís a rinneadh agus déanfaidh siad faireachán mar is iomchuí ar an mbeart a dhéanann na heagraíochtaí a bhfuil siad freagrach faoi seach astu.

Má chinneann an Ballstát nó an Ghníomhaireacht gur míchuí é cur chun feidhme agus éifeachtacht an bhirt a thuairiscítear chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sábháilteachta iarbhír nó ar na heasnaimh sábháilteachta a d'fhéadfadh bheith ann, áiritheoidh sé go ndéanfar beart iomchuí breise agus go gcuirfidh an eagraíocht ábhartha chun feidhme iad.

9.  Faisnéis a bhaineann leis an anailís ar tharluithe aonair nó ar ghrúpaí tarluithe agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, agus ar faisnéis í a fuarthas de bhun an Airteagail seo, déanfar an fhaisnéis sin, nuair a bhíonn sí ar fáil, a stóráil sa Stór Lárnach Eorpach, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) agus (3), ar bhealach tráthúil agus tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis a stórála sa bhunachar sonraí náisiúnta.

10.  Úsáidfidh na Ballstáit an fhaisnéis a fuarthas ón anailís ar thuarascálacha ar tharluithe chun na bearta feabhais atá le déanamh, más ann dóibh, laistigh den Chlár Sábháilteachta Stáit a shainaithint.

11.  D'fhonn an pobal a chur ar an eolas faoin leibhéal sábháilteachta san eitlíocht shibhialta, foilseoidh gach Ballstát, ar a laghad uair sa bhliain, athbhreithniú sábháilteachta. Déanfaidh an t-athbhreithniú sábháilteachta an méid seo a leanas:

(a) beidh faisnéis chomhiomlánaithe agus anaithnid maidir leis an gcineál tarluithe agus faisnéise a bhaineann le sábháilteacht a thuairiscítear trína chórais náisiúnta tuairiscithe éigeantaigh agus dheonaigh ann;

(b) sainaithneofar treochtaí;

(c) sainaithneofar an beart atá déanta aige.

12.  Féadfaidh na Ballstáit tuarascálacha anaithnide ar tharluithe agus na torthaí ar anailís riosca a fhoilsiú freisin.

Airteagal 14

Anailís ar tharluithe agus bearta leantacha ar leibhéal an Aontais

1.  Glacfaidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus údaráis inniúla na mBallstát, i gcomhar lena chéile, páirt go tráthrialta i malartú agus in anailísiú na faisnéise atá sa Stór Lárnach Eorpach.

Gan dochar do na ceanglais rúndachta a leagtar síos sa Rialachán seo, féadfar a iarraidh ar bhreathnóirí páirt a ghlacadh ar bhonn gach cáis ar leith, i gcás inarb iomchuí.

2.  Comhoibreoidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus údaráis inniúla na mBallstát le chéile trí líonra anailísithe sábháilteachta eitlíochta.

Cuirfidh líonra na n-anailísithe sábháilteachta eitlíochta le feabhsú ar shábháilteacht eitlíochta san Aontas, go háirithe trí anailís sábháilteachta a dhéanamh chun tacú leis an gClár Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta agus leis an bPlean Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta.

3.  Tacóidh an Ghníomhaireacht le gníomhaíochtaí líonra na n-anailísithe sábháilteachta eitlíochta trí, mar shampla, chúnamh a thabhairt chun cruinnithe an líonra a ullmhú agus a eagrú.

4.  Áireoidh an Ghníomhaireacht faisnéis faoi thoradh na hanailíse faisnéise dá dtagraítear i mír 1 san athbhreithniú bliantúil sábháilteachta dá dtagraítear in Airteagal 15(4) de Rialachán (CE) Uimh. 216/2008.

Airteagal 15

Rúndacht agus úsáid iomchuí na faisnéise

1.  Glacfaidh na Ballstáit agus eagraíochtaí, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, agus an Ghníomhaireacht na bearta is gá chun rúndacht iomchuí na sonraí maidir le tarluithe a gheobhaidh siad de bhun Airteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 10 a áirithiú.

Ní phróiseálfaidh gach Ballstát, gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát, nó an Ghníomhaireacht sonraí pearsanta ach a mhéid is gá chun críche an Rialacháin seo agus gan dochar do ghníomhartha dlíthiúla náisiúnta lena gcuirtear Treoir 95/46/CE chun feidhme.

2.  Gan dochar do na forálacha a bhaineann le faisnéis sábháilteachta a chosaint in Airteagal 12, Airteagal 14 agus Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, ní úsáidfear an fhaisnéis a thagann ó thuarascálacha ar tharluithe ach amháin chun na críche ar bailíodh í ina leith.

Ní dhéanfaidh na Ballstáit, an Ghníomhaireacht agus eagraíochtaí an fhaisnéis maidir le tarluithe a chur ar fáil nó a úsáid:

(a) d'fhonn milleán nó dliteanas a shannadh; nó

(b) chun críche ar bith seachas an tsábháilteacht eitlíochta a choinneáil nó a fheabhsú.

3.  Agus iad ag comhlíonadh a gcuid oibleagáidí faoi Airteagal 14 maidir leis an bhfaisnéis atá sa Stór Lárnach Eorpach, déanfaidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus údaráis inniúla na mBallstát an méid seo a leanas:

(a) rúndacht na faisnéise a áirithiú; agus

(b) úsáid na faisnéise a theorannú ionas nach n-úsáidfear í ach amháin le haghaidh nithe atá fíor-riachtanach d'fhonn a gcuid oibleagáidí a bhaineann le sábháilteacht a chomhlíonadh gan milleán nó dliteanas a shannadh; i ndáil leis sin, úsáidfear an fhaisnéis go háirithe don bhainistíocht riosca agus chun anailís a dhéanamh ar threochtaí sábháilteachta a bhféadfadh moltaí nó bearta sábháilteachta teacht as, lena dtabharfaí aghaidh ar easnaimh sábháilteachta iarbhír nó ar easnaimh sábháilteachta a d'fhéadfadh a bheith ann.

4.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhoibreoidh a n-údaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 6(3) agus a n-údaráis inniúla um riaradh ceartais le chéile trí réamhshocruithe riaracháin. Féachfaidh na réamhshocruithe riaracháin sin leis an gcothromaíocht cheart a áirithiú idir an gá atá le riaradh cuí ceartais, ar thaobh amháin, agus an gá atá le faisnéis sábháilteachta a bheith ar fáil go leanúnach, ar an taobh eile.

Airteagal 16

Foinse na faisnéise a chosaint

1.  Chun críocha an Airteagail seo, áirítear go háirithe le “mionsonraí pearsanta” ainmneacha nó seoltaí daoine nádúrtha.

2.  Áiritheoidh gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát go gcuirfear na mionsonraí pearsanta uile ar fáil d'fhoireann na heagraíochta sin seachas na daoine a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 6(1) ach amháin i gcás ina mbeidh géarghá leis sin chun tarluithe a imscrúdú d'fhonn feabhas a chur ar shábháilteacht eitlíochta.

Scaipfear faisnéis atá curtha ó aithint laistigh den eagraíocht mar is iomchuí.

3.  Áiritheoidh gach Ballstát nach ndéanfar aon mhionsonraí pearsanta a thaifead choíche sa bhunachar sonraí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 6(6). Cuirfear faisnéis den sórt sin atá curtha ó aithint ar fáil do na páirtithe ábhartha ar fad ionas go bhféadfaidh siad, mar shampla, a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh i dtaca le feabhsú sábháilteachta eitlíochta.

4.  Áiritheoidh an Ghníomhaireacht nach ndéanfar aon mhionsonraí pearsanta a thaifead choíche i mbunachar sonraí na Gníomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 6(8). Cuirfear faisnéis den sórt sin atá curtha ó aithint ar fáil do na páirtithe ábhartha ar fad ionas go bhféadfaidh siad, mar shampla, a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh i dtaca le feabhsú sábháilteachta eitlíochta.

5.  Ní chuirfear cosc ar na Ballstáit agus ar an nGníomhaireacht aon bheart is gá a dhéanamh chun an tsábháilteacht eitlíochta a choinneáil nó a fheabhsú.

6.  Gan dochar don dlí coiriúil náisiúnta is infheidhme, staonfaidh na Ballstáit ó imeachtaí a thionscnamh i ndáil le sáruithe gan réamhbheartú nó sáruithe atá neamhaireach ar an dlí, ar sáruithe iad nach dtagann ar a n-aire ach amháin de bharr gur tuairiscíodh iad de bhun Airteagal 4 agus Airteagal 5.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad mhír sna cásanna dá dtagraítear i mír 10. Féadfaidh na Ballstáit bearta a choinneáil nó a ghlacadh chun cosaint na dtuairisceoirí nó na ndaoine a luaitear i dtuarascálacha ar tharluithe a neartú, féadfaidh na Ballstáit go háirithe an riail sin a chur i bhfeidhm gan na heisceachtaí dá dtagraítear i mír 10.

7.  Má thionscnaítear aon imeachtaí disciplíneacha nó riaracháin faoin dlí náisiúnta, ní bhainfear leas as faisnéis atá i dtuarascálacha ar tharluithe:

(a) i gcoinne na dtuairisceoirí; nó

(b) i gcoinne na ndaoine a luaitear i dtuarascálacha ar tharluithe.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír sna cásanna dá dtagraítear i mír 10.

Féadfaidh na Ballstáit bearta a choinneáil nó a ghlacadh chun cosaint na dtuairisceoirí nó na ndaoine a luaitear i dtuarascálacha ar tharluithe a neartú, féadfaidh na Ballstáit go háirithe an méid sin a leathnú go nósanna imeachta sibhialta nó coiriúla.

8.  Féadfaidh na Ballstáit forálacha reachtacha a ghlacadh nó a choimeád i bhfeidhm lena ráthaítear leibhéal níos airde cosanta don tuairisceoir nó do na daoine a luaitear i dtuarascálacha ar tharluithe ná mar a ráthaítear sna forálacha a bhunaítear sa Rialachán seo.

9.  Ní bheidh fostaithe agus an pearsanra atá ar conradh a thuairiscíonn tarluithe nó a luaitear i dtuarascálacha ar tharluithe arna mbailiú i gcomhréir le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 5 faoi réir aon dochair óna bhfostóir nó ón eagraíocht dá bhfuil na seirbhísí curtha ar fáil ar bhonn na faisnéise a chuirfidh an tuairisceoir ar fáil, ach amháin i gcás ina mbeidh feidhm ag mír 10.

10.  Ní bheidh feidhm ag an gcosaint faoi mhír 6, faoi mhír 7 agus faoi mhír 9 den Airteagal seo maidir le haon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a) i gcásanna mí-iompair thoiliúil;

(b) i gcásanna inar tugadh neamhaird fhollasach, ghéar agus thromchúiseach ar riosca follasach agus inar theip glan ar fhreagracht ghairmiúil an cúram sin a ghlacadh ba léir a bhí ag teastáil sna cúinsí sin, agus ina ndearnadh damáiste intuartha do dhuine nó do mhaoin, nó a cuireadh sábháilteacht na heitlíochta i mbaol go mór.

11.  Tar éis dul i gcomhairle lena hionadaithe foirne, glacfaidh gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát rialacha inmheánacha ina dtugtar tuairisc ar an gcaoi a n-urramaítear prionsabail an “chultúir chóir” agus ar an gcaoi a gcuirtear chun feidhme iad laistigh den eagraíocht sin, go háirithe an prionsabal dá dtagraítear i mír 9.

Féadfaidh an comhlacht a ainmníodh de bhun mhír 12 iarraidh athbhreithniú a dhéanamh ar rialacha inmheánacha na n-eagraíochtaí atá bunaithe ina Bhallstát sula gcuirfear chun feidhme na rialacha inmheánacha sin.

12.  Ainmneoidh gach Ballstát comhlacht a bheidh freagrach as mír 6, mír 9 agus mír 11 a chur chun feidhme.

Féadfaidh fostaithe agus an pearsanra atá ar conradh sáruithe líomhnaithe ar na rialacha a bhunaítear leis an Airteagal seo a thuairisciú don chomhlacht sin. Ní ghearrfar pionóis ar fhostaithe agus ar an bpearsanra atá ar conradh as sáruithe líomhnaithe a thuairisciú. Féadfaidh fostaithe agus an pearsanra atá ar conradh an Coimisiún a chur ar an eolas faoi sháruithe líomhnaithe den sórt sin.

I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an comhlacht arna ainmniú comhairle a chur ar údaráis ábhartha a Bhallstáit maidir le réitigh nó pionóis i ndáil le hAirteagal 21 a chur chun feidhme.

13.  An 15 Bealtaine 2019 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh gach Ballstát tuarascáil chuig an gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo, agus go háirithe maidir le gníomhaíochtaí an chomhlachta arna ainmniú de bhun mhír 12. Ní bheidh aon sonraí pearsanta sa tuarascáil sin.

Airteagal 17

Na hiarscríbhinní a thabhairt cothrom le dáta

Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) liosta na réimsí sonraí éigeantacha i dtuarascálacha ar tharluithe a leagtar síos in Iarscríbhinn I a thabhairt cothrom le dáta, i gcás, i bhfianaise na taithí a fuarthas agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, go mbeidh gá le hathruithe d'fhonn feabhas a chur ar shábháilteacht eitlíochta;

(b) an iarraidh ar an bhfoirm fhaisnéise maidir le Stór Lárnach Eorpach dá bhforáiltear in Iarscríbhinn III a thabhairt cothrom le dáta, chun an taithí a fuarthas agus forbairtí nua a chur san áireamh;

(c) aon cheann de na hIarscríbhinní a ailíniú le bogearraí ECCAIRS agus le tacsanomaíocht ADREP, agus, ina theannta sin, le gníomhartha dlíthiúla a ghlacann an tAontas agus le comhaontuithe idirnáisiúnta.

D'fhonn liosta na réimsí éigeantacha a thabhairt cothrom le dáta, déanfaidh an Ghníomhaireacht agus líonra na n-anailísithe sábháilteachta eitlíochta dá dtagraítear in Airteagal 14(2) tuairim/tuairimí iomchuí a chur ar fáil don Choimisiún.

Airteagal 18

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.  Tabharfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(6) agus in Airteagal 17 don Choimisiún ar feadh tréimhse cúig bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7(6 ) agus Airteagal 17 a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontas Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7(6 ) agus Airteagal 17 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gcomhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 19

An nós imeachta coiste

1.  Beidh coiste a bhunaítear le hAirteagal 65 de Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás nach dtugann an coiste tuairim, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 20

Rochtain ar dhoiciméid agus cosaint sonraí pearsanta

1.  Cé is moite d'Airteagal 10 agus Airteagal 11, lena mbunaítear rialacha níos déine maidir le rochtain ar na sonraí agus ar an bhfaisnéis atá sa Stór Lárnach Eorpach, beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

2.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do ghníomhartha dlíthiúla náisiúnta lena gcuirtear Treoir 95/46/CE chun feidhme agus i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

Airteagal 21

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis a bheidh infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin agus faoi aon leasú eile a dhéanann difear dóibh.

Airteagal 22

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 996/2010

Scriostar Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 996/2010.

Mar sin féin, beidh an tAirteagal sin infheidhme i gcónaí go dtí an dáta a gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm i gcomhréir leis an gcéad abairt d'Airteagal 24(3).

Airteagal 23

Aisghairmeacha

Aisghairtear Treoir 2003/42/CE, Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007. Beidh feidhm acu i gcónaí go dtí an dáta a gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm i gcomhréir leis an gcéad abairt d'Airteagal 24(3).

Airteagal 24

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.  Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.  Faoin 16 Samhain 2020, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í. Cumhdófar leis sa tuarascáil sin, go háirithe, an méid a rannchuidítear leis an Rialachán seo le líon na dtionóiscí aerárthaigh agus na mbásanna gaolmhara a laghdú. Más iomchuí agus ar bhonn na tuarascála sin, déanfaidh an Coimisiún tograí chun an Rialachán seo a leasú.

3.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 15 Samhain 2015 agus ní roimh an dáta a dtiocfaidh na bearta cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 4(5) i bhfeidhm. Beidh feidhm ag Airteagal 7(2) nuair a thiocfaidh na gníomhartha tarmligthe agus na gníomhartha cur chun feidhme ina sonraítear agus ina bhforbraítear an chomhscéim Eorpach um aicmiú riosca dá dtagraítear in Airteagal 7(6) agus (7) i bhfeidhm.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

LIOSTA NA gCEANGLAS IS INFHEIDHME MAIDIR LEIS NA SCÉIMEANNA UM THUAIRISCIÚ ÉIGEANTACH AGUS DEONACH AR THARLUITHE

Nóta:  Ní mór na réimsí sonraí a chomhlanú leis an bhfaisnéis arna hiarraidh. I gcás nach bhféadfadh údaráis inniúla na mBallstát nó an Ghníomhaireacht an fhaisnéis sin a chur isteach mar nár chuir an eagraíocht nó an tuairisceoir ar fáil í, is féidir an réimse sonraí a chomhlánú leis an luach “anaithnid”. D'fhonn a áirithiú, áfach, go ndéanfar an fhaisnéis iomchuí a tharchur, níor cheart, a mhéid is féidir, leas a bhaint as an luach “anaithnid” sin agus nuair is féidir ba cheart an tuarascáil a chomhlánú le faisnéis tráth níos déanaí

1.   RÉIMSÍ SONRAÍ ÉIGEANTACHA COITEANNA

Agus gach tarlú a thuairiscítear ar bhonn éigeantach agus, a mhéid is féidir, gach tarlú a thuairiscítear ar bhonn deonach, á chur isteach ina mbunachair shonraí faoi seach, áiritheoidh eagraíochtaí, Ballstáit agus an Ghníomhaireacht go mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sna tuarascálacha ar tharluithe arna gclárú ina mbunachair shonraí:

(1) Teideal

 Teideal

(2) Faisnéis Chomhdúcháin

 Eintiteas Freagrach

 Uimhir Chomhaid

 Stádas an Tarlaithe

(3) Dáta

 Dáta UTC

(4) Áit

 Stát/Limistéir an Tarlaithe

 Áit an Tarlaithe

(5) Aicmiú

 Aicme an Tarlaithe

 Catagóir an Tarlaithe

(6) Insint

 Teanga na hInsinte

 Insint

(7) Teagmhais

 Cineál an Teagmhais

(8) Aicmiú riosca

2.   RÉIMSÍ SONRAÍ SONRACHA ÉIGEANTACHA

2.1.    Réimsí sonraí a bhaineann le haerárthaigh

Agus gach tarlú a thuairiscítear ar bhonn éigeantach agus, a mhéid is féidir, gach tarlú a thuairiscítear ar bhonn deonach, á chur isteach ina mbunachair shonraí faoi seach, áiritheoidh eagraíochtaí, Ballstáit agus an Ghníomhaireacht go mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sna tuarascálacha ar tharluithe arna gclárú ina mbunachair shonraí:

(1) Aitheantas an Aerárthaigh

 Stát a Chláraithe

 Déantús/Samhail/Sraith

 Uimhir sraithe an aerárthaigh

 Clárúchán an Aerárthaigh

 Glao-chomhartha

(2) Oibriú an aerárthaigh

 An tOibreoir

 Cineál oibríochta

(3) Tuairisc an Aerárthaigh

 Catagóir an Aerárthaigh

 Cineál Tiomána

 Grúpa Maise

(4) Stair Eitilte

 Pointe Imeachta Deireanach

 Ceann Scríbe Beartaithe

 Céim na hEitilte

(5) Aimsir

 A bhaineann le haimsir

2.2.    Réimsí sonraí a bhaineann le seirbhísí aerloingseoireachta

Agus gach tarlú a thuairiscítear ar bhonn éigeantach agus, a mhéid is féidir, gach tarlú a thuairiscítear ar bhonn deonach, á chur isteach ina mbunachair shonraí faoi seach, áiritheoidh eagraíochtaí, Ballstáit agus an Ghníomhaireacht go mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sna tuarascálacha ar tharluithe arna gclárú ina mbunachair shonraí:

(1) Gaol le ATM

 Difear a rinne ATM

 An tseirbhís a ndearnadh difear di (tionchar ar sheirbhís ATM)

(2) Ainm Aonaid ATS

2.2.1    Réimsí sonraí a bhaineann le Sárú ar Íosfhad Scartha/Cailliúint Scartha agus le Sárú ar Aerspás

Agus gach tarlú a thuairiscítear ar bhonn éigeantach agus, a mhéid is féidir, gach tarlú a thuairiscítear ar bhonn deonach, á chur isteach ina mbunachair shonraí faoi seach, áiritheoidh eagraíochtaí, Ballstáit agus an Ghníomhaireacht go mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sna tuarascálacha ar tharluithe arna gclárú ina mbunachair shonraí:

(1) Aerspás

 Cineál aerspáis

 Aicme aerspáis

 Ainm FIR/UIR

2.3.    Réimsí sonraí a bhaineann le haeradróim

Agus gach tarlú a thuairiscítear ar bhonn éigeantach agus, a mhéid is féidir, gach tarlú a thuairiscítear ar bhonn deonach, á chur isteach ina mbunachair shonraí faoi seach, áiritheoidh eagraíochtaí, Ballstáit agus an Ghníomhaireacht go mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sna tuarascálacha ar tharluithe arna gclárú ina mbunachair shonraí:

(1) Táscaire Suímh (Táscaire EESI an aerfoirt)

(2) Suíomh an aeradróim

2.4.    Réimsí sonraí a bhaineann le dochar d'aerárthach nó díobháil do dhuine

Agus gach tarlú a thuairiscítear ar bhonn éigeantach á thaifeadadh agus, a mhéid is féidir, gach tarlú a thuairiscítear ar bhonn deonach, á chur isteach ina mbunachair shonraí faoi seach, áiritheoidh eagraíochtaí, Ballstáit agus an Ghníomhaireacht go mbeidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sna tuarascálacha ar tharluithe arna gclárú ina mbunachair shonraí:

(1) Déine

 An Damáiste Is Mó

 Leibhéal an Ghortaithe

(2) Díobhálacha do dhaoine

 Líon na ndíobhálacha ar an talamh (marfach, tromchúiseach, miondíobháil)

 Líon na ndíobhálacha ar an aerárthach (marfach, tromchúiseach, miondíobháil)




IARSCRÍBHINN II

PÁIRTITHE LEASMHARA

(a) Liosta de na páirtithe leasmhara a fhéadfaidh faisnéis a fháil ar bhonn cinnidh a bhaineann le gach cás ar leith faoi Airteagal 11(4) nó ar bhonn cinnidh ghinearálta faoi Airteagal 11(6):

1. Monaróirí: dearthóirí agus monaróirí aerárthach, inneall, lián agus páirteanna agus fearas aerárthaí, agus a gcomhlachais faoi seach; dearthóirí agus monaróirí córas agus comhpháirteanna bainistithe aerthráchta (ATM) agus dearthóirí agus monaróirí córas agus comhpháirteanna do sheirbhísí aerloingseoireachta (ANS); agus dearthóirí agus monaróirí corás agus trealaimh a úsáidtear ar thaobh an aeir d'aeradróim

2. Cothabháil: eagraíochtaí a bhfuil baint acu le cothabháil nó imchóiriú aerárthaí, inneall, lián agus páirteanna agus fearas aerárthaí; le suiteáil, modhnú, cothabháil, deisiú, imchóiriú, seiceáil eitiltí nó cigireacht ar shaoráidí aerloingseoireachta; nó le cothabháil nó imchóiriú córas thaobh an aeir, comhpháirteanna agus trealamh aeradróim

3. Oibreoirí: aerlínte agus oibreoirí aerárthaí agus comhlachais aerlínte agus oibreoirí; oibreoirí aeradróm agus comhlachais oibreoirí aeradróm

4. Soláthróirí seirbhísí aerloingseoireachta agus soláthróirí feidhmeanna a bhaineann go sonrach le ATM

5. Soláthróirí seirbhísí aeradróim: eagraíochtaí a bhfuil láimhseáil aerárthaí ar an talamh de chúram orthu, lena n-áirítear breoslú, ullmhú bileog lóid, luchtú agus tarraingt ag aerfort, maille le tarrtháil agus comhrac dóiteán, nó seirbhísí éigeandála eile

6. Eagraíochtaí oiliúna eitlíochta

7. Eagraíochtaí tríú tíortha: údaráis eitlíochta rialtais agus údaráis fiosraithe tionóiscí ó thríú tíortha

8. Eagraíochtaí idirnáisiúnta eitlíochta

9. Taighde: saotharlanna, lárionaid nó eintitis taighde poiblí agus príobháideacha; nó ollscoileanna atá ag déanamh taighde nó staidéar ar an tsábháilteacht eitlíochta

(b) Liosta de na páirtithe leasmhara a fhéadfaidh faisnéis a fháil ar bhonn cinnidh a bhaineann le gach cás ar leith faoi Airteagal 11(4) agus Airteagal 11(5):

1. Píolótaí (ar bhonn pearsanta)

2. Rialaitheoirí aerthráchta (ar bhonn pearsanta) agus comhaltaí foirne ATM/ANS eile atá ag déanamh cúraimí a bhaineann le sábháilteacht

3. Innealtóirí/teicneoirí/foireann leictreonaice sábháilteachta aerthráchta/bainisteoirí eitlíochta nó aeradróim (ar bhonn pearsanta)

4. Comhlachtaí ionadaíochta gairmiúla d'fhoireann a mbíonn cúraimí a bhaineann le sábháilteacht á ndéanamh acu




IARSCRÍBHINN III

IARRAIDH AR FHAISNÉIS ÓN STÓR LÁRNACH EORPACH

1. Ainm:

Feidhm/post:

Cuideachta:

Seoladh:

Teileafón:

Seoladh ríomhphoist:

Dáta:

Cineál an ghnó:

An catagóir iarrthóra (féach Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith ( 3 )):

2. An fhaisnéis atá á hiarraidh (más é do thoil é, bí chomh sonrach agus is féidir agus cuir isteach an dáta/tréimhse ábhartha atá uait):

3. Fáth na hiarrata:

4. Mínigh an chríoch dá n-úsáidfear an fhaisnéis:

5. An dáta faoinar bhfuil an fhaisnéis ag teastáil:

6. Ba cheart an fhoirm, agus í comhlíonta, a sheoladh, trí ríomhphost, chuig: (pointe teagmhála)

7. Rochtain ar fhaisnéis

Ní cheanglaítear ar an bpointe teagmhála aon fhaisnéis a iarrtar a chur ar fáil. Ní fhéadfaidh an pointe teagmhála sin a dhéanamh ach amháin má tá sé deimhneach go bhfuil an iarraidh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 376/2014. Geallann an t-iarrthóir nach n-úsáidfidh seisean ná a eagraíocht an fhaisnéis ach chun na críche a ndearna sé tuairisc air faoi phointe 4. Meabhraítear freisin nach gcuirfear an fhaisnéis a sholáthraítear ar bhonn na hiarrata seo ar fáil ach chun críocha sábháilteachta eitilte dá bhforáiltear in Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus ní chun críocha eile amhail, go háirithe, milleán nó dliteanas a shannadh nó chun críocha tráchtála.

Níl cead ag an iarrthóir an fhaisnéis a sholáthraítear a nochtadh d'aon duine gan toiliú scríofa an phointe teagmhála.

Mura gcomhlíonfar na coinníollacha seo, féadfar rochtain ar fhaisnéis bhreise ón Stór Lárnach Eorpacha a dhiúltú agus, más infheidhme, pionóis a ghearradh.

8. Dáta, áit agus síniú:



( 1 ) Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).

( 2 ) Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (IO L 293, 31.10.2008, lch. 3).

( 3 ) IO L 122, 24.4.2014, lch. 18.