2014R0375 — GA — 01.01.2014 — 000.002


►B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 375/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 3 Aibreán 2014

lena mbunaítear an Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil (“an Tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE”)

(IO L 122 24.4.2014, lch. 1)


Arna cheartú le

►C1

, IO L 123, 19.5.2015, lch.  122 (375/2014)




▼B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 375/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 3 Aibreán 2014

lena mbunaítear an Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil (“an Tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE”)



TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 214(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach ( 1 ),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is bunluach de chuid an Aontais an dlúthpháirtíocht agus tá poitéinseal ann go bhféadfaí tuilleadh forbartha a dhéanamh ar bhealaí chun dlúthpháirtíocht shaoránaigh an Aontais le daoine i dtríú tíortha atá sobhuailte ag géarchéimeanna de dhéanamh an duine nó ag tubaistí nádúrtha, nó a ndéanann na himeachtaí sin difear dóibh, a chur in iúl. Thairis sin, is é an tAontas trí chéile an deontóir cabhrach daonnúla is mó ar domhan, mar a bhfuil beagnach 50 % den chabhair dhaonnúil fhoriomlán á sholáthar aige.

(2)

Is bealach soiléir agus infheicthe é an tsaorálaíocht le dlúthpháirtíocht a chur in iúl sa mhéid is gur deis é do dhaoine aonair a gcuid eolais, scileanna agus ama a úsáid ar mhaithe le daoine eile, gan inspreagadh airgid a bheith ann.

(3)

Is gá tuilleadh dlúthpháirtíochta a fhorbairt le híospartaigh géarchéimeanna agus tubaistí i dtríú tíortha chomh maith le leibhéil feasachta agus soiléireacht na cabhrach daonnúla agus na saorálaíochta i gcoitinne i measc shaoránaigh an Aontais a ardú.

(4)

Leagtar amach fís an Aontais i ndáil le cabhair dhaonnúil, lena n-áirítear cuspóir coiteann, prionsabail choiteanna agus an dea-chleachtas, mar aon le creat coiteann, chun cabhair dhaonnúil an Aontais a chur i bhfeidhm, sa Ráiteas Comhpháirteach ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh laistigh den Chomhairle, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún Eorpach dar teideal “Comhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil” ( 2 ). Leagann an Comhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil béim ar thiomantas docht an Aontais maidir le cur chuige atá bunaithe ar riachtanais agus i ndáil leis na bunphrionsabail dhaonnúla, eadhon daonnacht, neodracht, neamhchlaontacht agus neamhspleáchas, a urramú agus a chur chun cinn. Ba cheart go mbunófaí gníomhaíochtaí an Chóir Shaorálaigh Eorpaigh um Chabhair Dhaonnúil (“an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE”) ar an gComhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil.

(5)

Seachadtar cabhair dhaonnúil an Aontais i staideanna ina bhféadfadh ionstraimí eile a bhaineann le comhar um fhorbairt, le bainistíocht géarchéime agus le cosaint shibhialta a bheith i bhfeidhm. Ba cheart don tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE oibriú ar bhealach comhleanúnach agus comhlántach agus forluí le beartais agus ionstraimí ábhartha de chuid an Aontais a sheachaint, go háirithe le beartas an Aontais maidir le cabhair dhaonnúil, beartas an Aontais maidir le comhar um fhorbairt agus Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, le Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha an AE arna bhunú le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ) agus leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus Toscaireachtaí AE chun freagairt an Aontais ar ghéarchéimeanna daonnúla i dtríú tíortha a chomhordú.

(6)

Ba cheart leis an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE go rannchuideofaí leis na hiarrachtaí chun acmhainn an Aontais a neartú chun cabhair dhaonnúil bunaithe ar riachtanais a sholáthar agus chun acmhainn agus teacht aniar pobal i dtríú tíortha atá soghonta nó atá buailte le tubaiste a neartú. Tá sé tábhachtach thairis sin comhar a fhorbairt le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha agus le comhpháirtithe daonnúla eile agus le gníomhaithe áitiúla agus réigiúnacha. Ba cheart an comhar sin a shaothrú i gcomhréir leis na gníomhaíochtaí a dhéanann na Náisiúin Aontaithe, chun tacaíocht a thabhairt do ról lárnach agus foriomlán comhordúcháin Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordúchán Gnóthaí Daonnúla (UN-OCHA).

(7)

Tá méadú suntasach tagtha ar líon, raon feidhme agus castacht géarchéimeanna daonnúla, bídís nádúrtha nó de dhéantús an duine, ar fud an domhain thar na blianta agus is dealraitheach go leanfaidh an treocht sin ar aghaidh, agus go leanfaidh as éileamh níos mó ar ghníomhaithe daonnúla freagairt láithreach, éifeachtach, éifeachtúil agus comhleanúnach a sholáthar agus tacú le pobail áitiúla tríú tíortha chun soghontacht na bpobal sin a laghdú agus chun a n-acmhainn chun teacht aniar i ndáil le tubaistí a neartú.

(8)

Féadfaidh saorálaithe rannchuidiú le hacmhainn an Aontais cabhair dhaonnúil atá bunaithe ar riachtanais agus atá ar bhonn prionsabail a neartú agus rannchuidiú le héifeachtacht na hearnála daonnúla a mhéadú nuair a dhéantar iad a roghnú, a oiliúint agus a ullmhú go leormhaith chun a áirithiú go bhfuil na scileanna agus inniúlachtaí riachtanacha acu chun cabhair a thabhairt do dhaoine atá i ngátar ar an mbealach is éifeachtaí is féidir, ar choinníoll gur féidir leo brath ar thacaíocht agus ar mhaoirsiú leordhóthanach ar an láthair.

(9)

Tá scéimeanna saorálaíochta ann san Eorpa agus ar fud an domhain ina ndírítear ar imlonnú i dtríú tíortha. Scéimeanna náisiúnta iad sin go minic a dhíríonn den chuid is mó nó go heisiach ar thionscadail forbartha. Ba cheart go ndéanfaí leis an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE, dá bhrí sin, luach breise a sholáthar trí dheiseanna a chur ar fáil do shaorálaithe rannchuidiú go comhpháirteach le hoibríochtaí maidir le cabhair dhaonnúil, rud a neartóidh, ar an tslí sin, saoránacht Eorpach ghníomhach. Is féidir luach breise a sholáthar leis an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE freisin trí chomhar trasnáisiúnta a chothú i ndáil le heagraíochtaí atá rannpháirteach i gcur chun feidhme gníomhaíochtaí an tionscnaimh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE, rud a d'fheabhsódh an caidreamh idirnáisiúnta, a chuirfeadh chun cinn íomhá dhearfach den Aontas ar domhan agus a spreagfadh suim i dtionscadail dhaonnúla uile-Eorpacha.

(10)

Ba cheart don tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE a bheith cost-éifeachtúil, agus go gcomhlánfaí leis scéimeanna saorálacha náisiúnta agus idirnáisiúnta atá ann cheana gan dúbláil a dhéanamh orthu, agus ba cheart a bheith dírithe ar dhul i ngleic le riachtanais agus bearnaí nithiúla sa réimse daonnúil.

(11)

Faoi mar a cuireadh i bhfios sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “Conas dlúthpháirtíocht shaoránaigh de chuid AE a léiriú trí shaorálaíocht: An chéad mhachnamh maidir le Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil”, tá bearnaí i reáchtáil na saorálaíochta daonnúla mar atá faoi láthair, ar bearnaí iad is féidir le tionscnamh Shaorálaithe Cabhrach AE a líonadh leis na saorálaithe a bhfuil na próifílí cearta acu, arna n-imlonnú chuig an áit cheart ag an am ceart. D'fhéadfaí é sin a dhéanamh go háirithe trí chaighdeáin agus nósanna imeachta Eorpacha a sholáthar i dtaca le saorálaithe daonnúla a shainaithint agus a roghnú, tá garmharcanna arna gcomhaontú i ndáil le hoiliúint agus ullmhúchán saorálaithe daonnúla le haghaidh imlonnú, bunachar sonraí de shaorálaithe ionchasacha a shainaithnítear bunaithe ar na riachtanais sa réimse sin, agus deiseanna do shaorálaithe rannchuidiú leis na hoibríochtaí daonnúla, ní hamháin trí bhíthin imlonnú ach freisin trí thacaíocht cúloifige agus trí ghníomhaíochtaí saorálaíochta ar líne.

(12)

Ba cheart d'oiliúint iomchuí, chomh maith le slándáil agus sábháilteacht na saorálaithe a bheith ríthábhachtach i gcónaí agus a bheith faoi réir malartuithe rialta faisnéise, lena n-airítear leis na Ballstáit. Níor cheart Saorálaithe Cabhrach AE a imlonnú chun oibríochtaí a dhéantar i limistéar coinbhleachtaí armtha idirnáisiúnta agus neamh-idirnáisiúnta.

(13)

Déanann an tAontas a oibríochtaí maidir le cabhair dhaonnúil bunaithe ar riachtanais agus i gcomhar le heagraíochtaí cur chun feidhme. Ba cheart ról suntasach a bheith ag na heagraíochtaí sin sa tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE a chur chun feidhme chun úinéireacht ag na gníomhaithe sa réimse sin a áirithiú agus chun go mbainfí an méid is mó a d'fhéadfaí as gníomhaíochtaí faoin tionscnamh sin. Ba cheart go ndéanfadh an tAontas go sonrach sainaithint, roghnú, ullmhú agus imlonnú Shaorálaithe Cabhrach AE, chomh maith le hobair leantach le linn sannachán agus ina ndiaidh, a chur ar iontaoibh eagraíochtaí den sórt sin i gcomhréir leis na caighdeáin agus leis na nósanna imeachta arna mbunú ag an gCoimisiún. Ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann, i gcás inarb iomchuí, tarraingt ar shaorálaithe ar tugadh oiliúint chuí dóibh agus atá ullamh le haghaidh imlonnú chuig a oifigí allamuigh le haghaidh cúraimí tacaíochta.

(14)

Luaitear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2011 dar teideal: “Straitéis athnuaite 2011-14 de chuid AE don Fhreagracht Shóisialta Chorparáideach” gur féidir ról tábhachtach a bheith ag cuideachtaí príobháideacha agus gur féidir leo rannchuidiú le hoibríochtaí an Aontais maidir le cabhair dhaonnúil, go háirithe trí shaorálaíocht i measc a bhfostaithe.

(15)

Ba cheart go gcabhrófaí leis an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE le hEorpaigh de gach aois saoránacht Eorpach ghníomhach a léiriú. Ba cheart leis an tionscnamh go gcabhrófaí le saorálaíocht a chur chun cinn ar fud an Aontais agus le forbairt phearsanta agus le feasacht idirchultúrtha saorálaithe is rannpháirteacha, rud a chuirfeadh feabhas ar a n-inniúlachtaí agus lena n-infhostaitheacht sa gheilleagar domhanda.

(16)

Tugann prionsabail an Aontais maidir le comhdheiseanna agus neamh-idirdhealú le fios gur cheart go mbeadh saoránaigh an Aontais agus cónaitheoirí fadtéarmacha san Aontas de gach aicme agus de gach aois in ann dul ina mbun seo mar shaoránaigh ghníomhacha. I bhfianaise dhúshláin shonracha an chomhthéacs dhaonnúil, ba cheart do Shaorálaithe Cabhrach AE a bheith 18 mbliana d'aois mar an aois íosta, agus d'fhéadfadh éagsúlacht leathan próifílí agus glún a bheith iontu, lena n-áirítear saineolaithe agus daoine oilte ar scor.

(17)

Is réamhchoinníoll ríthábhachtach é stádas soiléir dlíthiúil chun go mbeidh saorálaithe in ann a bheith rannpháirteach in imlonnú i dtíortha lasmuigh den Aontas. Ba cheart téarmaí imlonnaithe na saorálaithe a shainmhíniú i gconradh, ina n-áireofar na caighdeáin maidir le cosaint agus sábháilteacht na saorálaithe, freagrachtaí na n-eagraíochtaí sallchuir agus na n-ósteagraíochtaí, cumhdach árachais, cumhdach cothaithe, cóiríocht agus costais ábhartha eile. Ba cheart imlonnú na saorálaithe i dtríú tíortha a bheith faoi réir socruithe leordhóthanacha sábháilteachta agus slándála.

(18)

Ba cheart na moltaí atá sa Chlár Oibre Beartais maidir le Saorálaíocht san Eoraip agus obair na n-eagraíochtaí saorálaíochta Eorpacha agus idirnáisiúnta agus clár Shaorálaithe na Náisiún Aontaithe a chur i gcuntas sna gníomhaíochtaí faoin tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE.

(19)

Ba cheart leis an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE go dtabharfaí tacaíocht do ghníomhaíochtaí bunaithe ar riachtanais atá dírithe ar acmhainn na n-ósteagraíochtaí do chabhair dhaonnúil i dtríú tíortha a neartú chun an ullmhacht agus an fhreagairt áitiúil do ghéarchéimeanna daonnúla a fheabhsú agus chun tionchar éifeachtach agus inbhuanaithe shaothar Shaorálaithe Cabhrach AE ar an talamh a áirithiú trí bhainistiú riosca tubaistí, ullmhacht agus freagairt, cóitseáil, oiliúint i mbainistiú saorálaithe agus réimsí ábhartha eile.

(20)

Ba cheart leis an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE, i gcás inarb ábhartha, go ndíreofaí ar rannchuidiú leis an bpeirspictíocht inscne i mbeartas an Aontais maidir le cabhair dhaonnúil a neartú, rud a chuirfeadh le freagairtí daonnúla leormhaithe do riachtanais shonracha ban agus fear de gach aois. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chomhar le grúpaí agus le líonraí ban chun rannpháirtíocht agus ceannaireacht na mban i gcabhair dhaonnúil a chur chun cinn agus tarraingt ar a gcumais agus ar a saineolas chun rannchuidiú le téarnamh, le cothú na síochána, le laghdú ar riosca tubaistí agus le hacmhainn chun teacht aniar pobal atá buailte a fhorbairt.

(21)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais ar feadh ré iomlán na tréimhse airgeadais, arb éard a bheidh ann an tsuim phríomhthagartha, de réir bhrí phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i dtaca le hábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistiú fónta airgeadais ( 4 ), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(22)

Ba cheart leithdháileadh an chúnaimh airgeadais a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ). De bharr a shonraí is atá gníomhaíochtaí an tionscnaimh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE, is iomchuí foráil a dhéanamh go bhféadfar cúnamh airgeadais a dheonú do dhaoine nádúrtha agus do dhaoine dlítheanacha arna rialú leis an dlí phoiblí nó leis an dlí phríobháideach. Tá sé tábhachtach, freisin, a áirithiú go n-urramaítear rialacha an Rialacháin sin, go háirithe maidir le prionsabail na barainneachta, na héifeachtúlachta agus na héifeachtachta atá leagtha síos sa Rialachán sin.

(23)

Ba cheart gurb iad na treoirphrionsabail chun cuspóirí an tionscnaimh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE a bhaint amach ná feabhas a chur ar chur chun feidhme agus ar cháilíocht an chaiteachais, agus úsáid optamach na n-acmhainní airgeadais á háirithiú.

(24)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin beart comhréireach ar feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis. Ba cheart bearta iomchuí a dhéanamh le cosc a chur ar mhírialtachtaí agus ar chalaois agus ba cheart na bearta a bhfuil gá leo a dhéanamh chun cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle ( 6 ), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle ( 7 ), agus Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 ).

(25)

Ba cheart go mbeadh tríú tíortha, go háirithe tíortha aontachta, tíortha is iarrthóirí, tíortha comhpháirtíochta Bheartas Comharsanachta na hEorpa agus tíortha de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE), in ann a bheith rannpháirteach ar bhonn comhaontuithe comhair.

(26)

Ba cheart do shaorálaithe rannpháirteacha ó thíortha comhoibritheacha agus d'eagraíochtaí ó thíortha comhoibritheacha a chuireann na gníomhaíochtaí faoin tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE chun feidhme cloí freisin leis na prionsabail a leagtar amach sa Chomhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil, agus urraim do na prionsabail sin a chur ar aghaidh, agus béim á cur ar an “spás daonnúil” a chosaint.

(27)

Chun foráil a dhéanamh maidir le haiseolas agus feabhsú leanúnach, agus chun solúbthacht agus éifeachtacht a nglactha a mhéadú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le forálacha a bhaineann leis na caighdeáin chun Saorálaithe Cabhrach AE a roghnú, a bhainistiú agus a imlonnú, le leasú ar na táscairí feidhmíochta agus ar na tosaíochtaí téamacha agus le coigeartú na gcéatadán chun an t-imchlúdach airgeadais a leithdháileadh chun an Rialachán seo a chur chun feidhme. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(28)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ). Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun na nósanna imeachta i gcomhair roghnú, bainistiú agus imlonnú Shaorálaithe Cabhrach AE, an sásra deimhniúcháin, an clár oiliúna agus clár oibre bliantúil an tionscnaimh maidir le Saorálaithe Cabhrach AEAE a ghlacadh.

(29)

Urramaíonn an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus comhlíonann sé na prionsabail arna n-aithint i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(30)

Próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar faoi chuimsiú an Rialacháin seo, ní théann sé thar a bhfuil riachtanach agus comhréireach chun críocha feidhmiú rianúil an tionscnaimh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE a áirithiú. Maidir le haon próiseáil sonraí pearsanta ag an gCoimisiún, déanfar sin a rialú le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 ). Rialóidh Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 ) aon phróiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag eagraíochtaí a chuireann na gníomhaíochtaí faoin tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE chun feidhme atá bunaithe go dlíthiúil san Aontas.

(31)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus thug sé tuairim uaidh an 23 Samhain 2012 ( 12 ).

(32)

Is iomchuí tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ( 13 ). Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo amhail ón 1 Eanáir 2014,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:



CAIBIDIL 1

FORÁLACHA RÉAMHRÁITEACHA

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil (“an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE”) mar chreat faoina mbeidh saorálaithe Eorpacha in ann rannchuidiú go comhpháirteach le hoibríochtaí an Aontais chun tacú le cabhair dhaonnúil i dtríú tíortha agus í a chomhlánú.

Leagtar síos sa Rialachán seo rialacha agus nósanna imeachta maidir le hoibríocht an tionscnaimh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE agus rialacha maidir le cúnamh airgeadais a sholáthar.

Airteagal 2

Raon feidhme

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(1) roghnú, oiliúint agus imlonnú Shaorálaithe Cabhrach AE chun tacú le cabhair dhaonnúil i dtríú tíortha agus í a chomhlánú;

(2) gníomhaíochtaí a thacaíonn le himlonnú Shaorálaithe Cabhrach AE, agus a dhéanann an t-imlonnú sin a chur chun cinn agus a ullmhú, chun tacú le cabhair dhaonnúil agus í a chomhlánú i dtríú tíortha;

(3) gníomhaíochtaí laistigh agus lasmuigh den Aontas atá dírithe ar acmhainn ósteagraíochtaí do chabhair dhaonnúil i dtríú tíortha a fhorbairt.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a) ciallaíonn “saorálaí” duine a roghnaíonn, dá dheoin féin agus gan inspreagadh airgid, dul i mbun gníomhaíochtaí atá chun leasa pobail agus na sochaí i gcoitinne;

(b) ciallaíonn “saorálaí is iarrthóir” duine atá incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 11(3) chun iarratas a dhéanamh ar rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí faoin tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE;

(c) ciallaíonn “Saorálaí Cabhrach de chuid AE” saorálaí is iarrthóir a roghnaíodh, ar tugadh oiliúint dó i gcomhréir leis na caighdeáin, na nósanna imeachta agus na critéir tagartha sainiúla, agus ar measúnaíodh é a bheith incháilithe agus atá cláraithe le bheith ar fáil le himlonnú chun tacú le hoibríochtaí maidir le cabhair dhaonnúil i dtríú tíortha agus í a chomhlánú;

(d) ciallaíonn “cabhair dhaonnúil” gníomhaíochtaí agus oibríochtaí i dtríú tíortha agus atá beartaithe le cúnamh éigeandála riachtanas-bhunaithe a sholáthar d'fhonn beatha daoine a chaomhnú, angar daoine a mhaolú agus a chosc agus dínit an duine a chothabháil i gcás géarchéimeanna de dhéanamh an duine nó tubaistí nádúrtha. Cuimsíonn sí oibríochtaí cúnaimh, fóirithinte agus cosanta i ngéarchéimeanna daonnúla nó go díreach ina ndiaidh, bearta tacaíochta chun rochtain ar dhaoine i ngátar a áirithiú agus chun saorshreabhadh cúnaimh a éascú, mar aon le gníomhaíochtaí atá dírithe ar an ullmhacht le haghaidh tubaistí a fheabhsú agus riosca tubaistí a laghdú, agus rannchuidíonn sí le hacmhainn chun teacht aniar an phobail a neartú mar aon lena n-acmhainn dul i ngleic le géarchéimeanna agus teacht astu;

(e) ciallaíonn “tríú tír” tír lasmuigh den Aontas áit a ndéantar gníomhaíochtaí agus oibríochtaí maidir le cabhair dhaonnúil dá dtagraítear i bpointe (d).

Airteagal 4

Cuspóir

Is é an cuspóir a bheidh ag an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE rannchuidiú le hacmhainn an Aontais a neartú maidir le cabhair dhaonnúil riachtanas-bhunaithe a sholáthar, ar cabhair í atá dírithe ar an mbeatha a chaomhnú, ar fhulaingt an duine a chosc agus a mhaolú agus ar dhínit an duine a chothabháil agus atá dírithe ar acmhainn agus teacht aniar pobal i dtríú tír atá soghonta nó atá buailte le tubaiste, go háirithe trí ullmhacht do thubaistí a neartú, laghdú ar riosca tubaistí agus tríd an nasc a fheabhsú idir fóirithint, athshlánú agus forbairt. Bainfear amach an cuspóir sin trí luach breise rannchuidithe comhpháirteacha Shaorálaithe Cabhrach AE, a mbeidh luachanna an Aontais agus dlúthpháirtíocht le daoine i ngátar á gcur in iúl acu agus tuiscint ar shaoránacht Eorpach á chur chun cinn go sofheicthe.

Airteagal 5

Prionsabail ghinearálta

1.  Tabharfar gníomhaíochtaí faoin tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE i gcrích i gcomhréir le prionsabail na cabhrach daonnúla, eadhon daonnacht, neodracht, neamhchlaontacht agus neamhspleáchas agus leis an gComhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil.

2.  Tabharfaidh na gníomhaíochtaí faoin tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE freagairt ar riachtanais dhaonnúla pobal áitiúil agus ar cheanglais na n-ósteagraíochtaí agus díreoidh siad ar fheabhas a chur ar éifeachtacht na hearnála daonnúla.

3.  Beidh sábháilteacht agus slándáil saorálaithe is iarrthóirí agus Shaorálaithe Cabhrach de chuid AE ina dtosaíochtaí.

4.  Cuirfear chun cinn leis an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE gníomhaíochtaí comhpháirteacha riachtanas-bhunaithe idir na saorálaithe rannpháirteacha ó na tíortha éagsúla agus ó na heagraíochtaí a chuireann na gníomhaíochtaí faoin tionscnamh sin chun feidhme mar a thagraítear dóibh in Airteagal 10.

Airteagal 6

Comhleanúnachas agus comhlántachtaí ghníomhaíocht an Aontais

1.  Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, déanfar comhleanúnachas agus comhlántacht a áirithiú le hionstraimí agus le réimsí eile gníomhaíochta seachtraí an Aontais agus le beartais ábhartha eile an Aontais, go háirithe an beartas um chabhair dhaonnúil, an beartas maidir le comhar um fhorbairt agus Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, agus dúbláil agus forluí á seachaint, agus á aithint go bhfuil cabhair dhaonnúil á rialú ag na prionsabail cabhrach daonnúla dá dtagraítear in Airteagal 5(1) den Rialachán seo. Tabharfar aird ar leith ar aistriú rianúil a áirithiú idir fóirithint, athshlánú agus forbairt.

2.  Rachaidh an Coimisiún agus na Ballstáit i gcomhar lena chéile chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht a bhaint amach trí chomhleanúnachas agus comhchuibheas a áirithiú idir na scéimeanna náisiúnta saorálaíochta ábhartha agus na gníomhaíochtaí faoin tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE. Tógfaidh na gníomhaíochtaí sin ar dhea-chleachtais ábhartha agus ar chláir atá ann cheana agus, i gcás inarb iomchuí, bainfidh siad úsáid as líonraí Eorpacha bunaithe.

3.  Cothóidh an tAontas comhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, agus le comhpháirtithe daonnúla agus le gníomhaithe áitiúla agus réigiúnacha, agus gníomhaíochtaí an tionscnaimh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE á gcur chun feidhme.

I bhfreagairt idirnáisiúnta chomhleanúnach ar ghéarchéimeanna daonnúla a chur chun cinn, beidh na gníomhaíochtaí faoin tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE i gcomhréir leis na gníomhaíochtaí a dhéanann na Náisiúin Aonaithe, chun tacú le ról comhordaitheach lárnach agus foriomlán UN-OCHA.

Airteagal 7

Cuspóirí oibríochtúla

1.  Leis an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE, saothrófar na cuspóirí oibríochtúla seo a leanas:

(a) rannchuidiú le cumas an Aontais chun cabhair dhaonnúil a sholáthar a mhéadú agus a fheabhsú.

Déanfar an dul chun cinn i dtreo an chuspóra oibríochtúil seo a mheasúnú ar bhonn táscairí, amhail:

 líon Shaorálaithe Cabhrach AE atá imlonnaithe cheana nó atá réidh le himlonnú agus ag a bhfuil na cáilíochtaí is gá agus líon Shaorálaithe Cabhrach AE a bhfuil a gconarthaí imlonnaithe críochnaithe acu;

 líon na ndaoine a thairbhíonn den chabhair dhaonnúil arna soláthar tríd an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE agus na meánchostais in aghaidh an duine a thairbhíonn den chabhair sin;

 maidir leis an AE, leibhéal sástachta na Saorálaithe Cabhrach imlonnaithe agus na n-eagraíochtaí sallchuir agus na n-ósteagraíochtaí a mhéid a bhaineann le rannchuidiú daonnúil éifeachtach Shaorálaithe Cabhrach AE ar an talamh.

(b) Feabhsú scileanna, eolais agus inniúlachtaí na saorálaithe i réimse na cabhrach daonnúla agus téarmaí agus coinníollacha a rannpháirtíochta:

Déanfar an dul chun cinn i dtreo an chuspóra oibríochtúil seo a mheasúnú ar bhonn táscairí, amhail:

 líon na saorálaithe is iarrthóirí a oiltear agus na saorálaithe a bhfuil éirithe go rathúil leo sa mheasúnú tar éis na hoiliúna;

 líon na n-eagraíochtaí sallchuir deimhnithe a chuireann na caighdeáin agus na nósanna imeachta maidir le himlonnú agus bainistiú saorálaithe is iarrthóirí Shaorálaithe Cabhrach AE i bhfeidhm.

 leibhéal sástachta na saorálaithe a oiltear agus a imlonnaítear, agus na n-eagraíochtaí sallchuir agus na n-ósteagraíochtaí a mhéid a bhaineann le cáilíocht oiliúna, leibhéal eolais agus inniúlachtaí na saorálaithe, le comhlíonadh agus leormhaitheas na gcaighdeán agus na nósanna imeachta don imlonnú agus le bainistiú saorálaithe is iarrthóirí Shaorálaithe Cabhrach AE.

(c) Acmhainn ósteagraíochtaí a fhorbairt agus saorálaíocht i dtríú tíortha a chothú:

Déanfar an dul chun cinn i dtreo an chuspóra oibríochtúil seo a mheasúnú ar bhonn táscairí, amhail:

 líon agus cineál na ngníomhaíochtaí forbartha acmhainne i dtríú tíortha;

 an líon foirne agus saorálaithe ó thríú tír atá rannpháirteach sna gníomhaíochtaí forbartha acmhainne.;

 leibhéal sástachta fhoireann na n-ósteagraíochtaí agus na saorálaithe ó thríú tíortha atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí forbartha acmhainne a mhéid a bhaineann le cáilíocht agus le héifeachtacht na ngníomhaíochtaí a dhéantar.

(d) Prionsabail cabhrach daonnúla an Aontais a comhaontaíodh sa Chomhdhearcadh maidir le Cabhair Dhaonnúil a chur in iúl, ar prionsabail iad amhail:

Déanfar an dul chun cinn i dtreo an chuspóra oibríochtúil seo a mheasúnú ar bhonn táscairí, amhail:

 líon, cineál agus costais na ngníomhaíochtaí faisnéise, cumarsáide agus ardaithe feasachta.

(e) Cur le comhleanúnachas agus comhsheasmhacht na saorálaíochta ar fud na mBallstát chun deiseanna do shaoránaigh an Aontais a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí agus oibríochtaí daonnúla a fheabhsú:

Déanfar an dul chun cinn i dtreo an chuspóra oibríochtúil seo a mheasúnú ar bhonn táscairí, amhail:

 líon na n-eagraíochtaí sallchuir deimhnithe;

 líon agus cineál na ngníomhaíochtaí cúnaimh theicniúil le haghaidh na n-eagraíochtaí sallchuir;

 na caighdeáin agus na nósanna imeachta maidir le bainistiú Shaorálaithe Cabhrach AE a scaipeadh agus a mhacasamhlú trí scéimeanna saorálaíochta eile.

2.  Úsáidfear na táscairí dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) de mhír 1 chun faireachán, meastóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmíocht, de réir mar is iomchuí. Tá siad táscach agus féadfar iad a leasú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 24 chun taithí ón tomhas ar dhul chun cinn a chur san áireamh.



CAIBIDIL II

GNÍOMHAÍOCHTAÍ FAOIN TIONSCNAMH MAIDIR LE SAORÁLAITHE CABHRACH AE

Airteagal 8

Gníomhaíochtaí faoin tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE

Saothrófar leis an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 4 agus in Airteagal 7 trí bhíthin na ngníomhaíochtaí seo a leanas:

 caighdeáin agus nósanna imeachta i ndáil leis na saorálaithe is iarrthóirí agus Saorálaithe Cabhrach AE a fhorbairt agus a chothabháil;

 sásra deimhniúcháin le haghaidh eagraíochtaí sallchuir agus ósteagraíochtaí a fhorbairt agus a chothabháil;

 saorálaithe is iarrthóirí a shainaithint agus a roghnú;

 clár oiliúna agus tacaíocht le haghaidh oiliúna agus socrúchán printíseachta a bhunú;

 bunachar sonraí de Shaorálaithe Cabhrach AE a bhunú, a chothabháil agus a thabhairt cothrom le dáta;

 imlonnú Shaorálaithe Cabhrach AE chun tacú le cabhair dhaonnúil i dtríú tíortha agus í a chomhlánú;

 acmhainn ósteagraíochtaí a fhorbairt;

 líonra a bhunú agus a bhainistiú don tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE;

 cumarsáid agus ardú feasachta;

 gníomhaíocht choimhdeach a chuireann le cuntasacht, trédhearcacht agus éifeachtacht an tionscnaimh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE.

Airteagal 9

Caighdeáin agus nósanna imeachta i ndáil leis na saorálaithe is iarrthóirí agus le Saorálaithe Cabhrach AE

1.  Agus é ag tógáil ar chleachtais ábhartha atá ann cheana féin, bunóidh an Coimisiún caighdeáin agus nósanna imeachta lena gcumhdófar na coinníollacha, na socruithe agus na ceanglais riachtanacha a bheidh le cur i bhfeidhm ag eagraíochtaí sallchuir agus ag ósteagraíochtaí nuair a bheidh saorálaithe is iarrthóirí agus Saorálaithe Cabhrach AE á sainaithint, á roghnú, á n-ullmhú, á mbainistiú agus á n-imlonnú acu chun tacú le hoibríochtaí cabhrach daonnúla i dtríú tíortha.

2.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 24 chun na caighdeáin a leagan síos maidir leis na nithe seo a leanas:

 creat inniúlachtaí a úsáidtear chun saorálaithe a shainaithint, a roghnú agus a ullmhú mar ghairmithe sóisearacha nó sinsearacha;

 forálacha chun comhionannas deiseanna agus neamh-idirdhealú a áirithiú sa phróiseas maidir le sainaithint agus roghnú;

 forálacha chun an dlí náisiúnta ábhartha agus an dlí ábhartha de chuid an Aontais, mar aon le dlí na tíre óstaí, a bheith á chomhlíonadh ag eagraíochtaí sallchuir agus ag ósteagraíochtaí;

 na caighdeáin lena rialófar na comhpháirtíochtaí idir na heagraíochtaí sallchuir agus na hósteagraíochtaí;

 forálacha chun na scileanna agus na hinniúlachtaí a ghnóthóidh Saorálaithe Cabhrach AE a shainaithint i gcomhréir le tionscnaimh ábhartha de chuid an Aontais atá ann cheana.

3.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an méid seo a leanas a leagan síos:

 na nósanna imeachta a bheidh le leanúint le haghaidh saorálaithe is iarrthóirí a shainaithint agus a roghnú, agus le haghaidh ullmhú réamh-imlonnaithe riachtanach na saorálaithe sin, lena n-áirítear socrúcháin printíseachta, i gcás inarb ábhartha;

 forálacha le haghaidh imlonnú agus bainistiú Shaorálaithe Cabhrach AE i dtríú tíortha, lena n-áirítear inter alia maoirsiú allamuigh, tacaíocht leanúnach trí chóitseáil, trí mheantóireacht, trí oiliúint bhreise, trí choinníollacha oibre riachtanacha, agus trí thacaíocht iar-imlonnaithe;

 soláthar clúdach árachais agus coinníollacha maireachtála saorálaithe lena n-áirítear clúdach cothaithe, cóiríochta, taistil agus speansais ábhartha eile;

 nósanna imeachta a bheidh le leanúint roimh imlonnú, lena linn agus ina dhiaidh, chun dualgas cúraim agus bearta iomchuí sábháilteachta agus slándála a áirithiú, lena n-áirítear prótacail aslonnaithe leighis agus pleananna slándála a chumhdaíonn aslonnú ó thríú tíortha, lena n-áirítear na nósanna imeachta riachtanacha le hidirchaidreamh leis na húdaráis náisiúnta;

 nósanna imeachta chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht aonair Shaorálaithe Cabhrach AE, agus chun an fheidhmíocht sin a mheasúnú.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

Airteagal 10

Sásra deimhniúcháin d'eagraíochtaí sallchuir agus d'ósteagraíochtaí

1.  Forbróidh an Coimisiún sásra deimhniúcháin trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme le rannpháirtíocht comhpháirtithe daonnúla, más iomchuí, lena n-áiritheofar go gcomhlíonann na heagraíochtaí sallchuir na caighdeáin agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9, agus sásra deimhniúcháin difreáilte do na hósteagraíochtaí.

Bunóidh an Coimisiún an nós imeachta a bhaineann le feidhmiú na sásraí deimhniúcháin, ag tógáil ar na sásraí deimhniúcháin agus na nósanna imeachta ábhartha atá ann cheana féin, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

2.  Agus an sásra deimhniúcháin á cheapadh, féachfaidh an Coimisiún le sineirgíochtaí a aimsiú le hionstraimí comhpháirtíochta an Choimisiúin sa réimse daonnúil agus sna caighdeáin dhaonnúla atá ann cheana, agus simpliú riaracháin mar aidhm leis. Beidh an sásra deimhniúcháin cuimsitheach agus neamh-idirdhealaitheach a mhéid a bhaineann le haon chineál eagraíochta incháilithe.

3.  Beidh eagraíochtaí sallchuir incháilithe do dheimhniúchán, más rud é:

(a) go gcloíonn siad leis na caighdeáin dá dtagraítear in Airteagal 9;

(b) go bhfuil siad gníomhach i réimse na cabhrach daonnúla mar a shainmhínítear i bpointe (d) d'Airteagal 3 í; agus

(c) go mbaineann siad le haon cheann de na catagóirí seo a leanas:

(i) eagraíochtaí neamhrialtasacha seachbhrabúsacha arna mbunú i gcomhréir le dlí Ballstáit a bhfuil a cheanncheathrú lonnaithe laistigh den Aontas,

(ii) comhlachtaí um dlí poiblí a bhfuil saintréith shibhialtach ag gabháil leo arna rialú ag dlí Ballstáit,

(iii) eagraíochtaí neamhrialtasacha neamhbhrabúsacha arna mbunú sna tíortha dá dtagraítear in Airteagal 23 faoi na coinníollacha atá leagtha síos san Airteagal sin agus sna comhaontuithe a luaitear ann,

(iv) comhlachtaí um dlí poiblí a bhfuil saintréith shibhialtach ag gabháil leo arna mbunú sna tíortha dá dtagraítear in Airteagal 23 faoi na coinníollacha atá leagtha síos san Airteagal sin agus sna comhaontuithe a luaitear ann,

(v) Cónaidhm Idirnáisiúnta de chuid Chumainn Náisiúnta na Croise Deirge agus an Chorráin Dheirg.

4.  Beidh eagraíochtaí i dtríú tíortha incháilithe le bheith ina n-ósteagraíochtaí más rud é:

(a) go gcloíonn leis na caighdeáin agus leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9;

(b) go bhfuil siad gníomhach i réimse na cabhrach daonnúla mar atá sainmhínithe i bpointe (d) d'Airteagal 3; agus

(c) go mbaineann siad le haon cheann de na catagóirí seo a leanas:

(i) eagraíochtaí neamhrialtasacha neamhbhrabúsacha a oibríonn nó atá bunaithe i dtríú tír de réir na ndlíthe atá i bhfeidhm sa tír sin,

(ii) comhlachtaí um dhlí phoiblí a bhfuil saintréith shibhialtach ag gabháil leo arna rialú ag dlí tríú tír,

(iii) gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.

5.  Gan dochar do na ceanglais dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 4, féadfaidh eagraíochtaí sallchuir agus ósteagraíochtaí gníomhaíochtaí faoin tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE a chur chun feidhme i gcomhar le heagraíochtaí príobháideacha brabúsacha.

6.  Ar bhonn measúnú roimh ré ar riachtanais, d'fhéadfadh eagraíochtaí sallchuir a bheidh le deimhniú tairbhiú den chúnamh teicniúil atá dírithe ar a gcumas a bheith rannpháirteach sa tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE a neartú agus ar a áirithiú go mbeidh na caighdeáin agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9 á gcomhlíonadh.

Féadfaidh na hósteagraíochtaí a bheidh le deimhniú tairbhiú freisin den chúnamh dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcomhthéacs na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 15.

7.  Foilseoidh an Coimisiún liosta de na heagraíochtaí sallchuir agus de na hósteagraíochtaí deimhnithe in am trátha tar éis an deimhniú a bheith déanta.

Airteagal 11

Saorálaithe is iarrthóirí a shainaithint agus a roghnú

1.  Ar bhonn réamh-mheasúnú arna dhéanamh ag eagraíochtaí sallchuir nó ag ósteagraíochtaí nó gníomhaithe ábhartha eile ar na riachtanais i dtríú tíortha, déanfaidh eagraíochtaí deimhnithe sallchuir na saorálaithe is iarrthóirí a shainaithint agus a roghnú le haghaidh oiliúna.

2.  Déanfar saorálaithe is iarrthóirí a shainaithint agus a roghnú i gcomhréir leis na caighdeáin agus leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9 agus déanfar prionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na gcomhdheiseanna a urramú.

3.  Beidh na daoine seo a leanas a bhfuil aois íosta 18 mbliana acu incháilithe le hiarratas a dhéanamh bheith ina saorálaithe is iarrthóirí:

(a) saoránaigh an Aontais;

(b) náisiúnaigh tríú tíortha ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad i mBallstát den Aontas; agus

(c) saoránaigh ó na tíortha dá dtagraítear in Airteagal 23(1) faoi na coinníollacha dá dtagraítear san Airteagal sin.

Airteagal 12

Clár oiliúna agus tacaíocht le socrúcháin oiliúna agus printíseachta

1.  Agus é ag tógáil ar chláir agus ar nósanna imeachta atá ann cheana féin agus, más iomchuí, le rannpháirtíocht na n-institiúidí sainfheidhme, déanfaidh an Coimisiún clár oiliúna a bhunú chun na saorálaithe is iarrthóirí a ullmhú don imlonnú chun tacú le cabhair dhaonnúil agus í a chomhlánú.

2.  Beidh saorálaithe is iarrthóirí a sainaithníodh agus a roghnaíodh i gcomhréir le hAirteagal 11 incháilithe le bheith rannpháirteach sa chlár oiliúna arna chur chun feidhme ag eagraíochtaí cáilithe. Maidir le raon feidhme aonair agus inneachar na hoiliúna is gá do gach saorálaí is iarrthóir a chur i gcrích, is í an eagraíocht sallchuir lena mbaineann, i gcomhairle leis an ósteagraíocht dheimhnithe, ar bhonn riachtanas agus taithí roimh ré an tsaorálaí is iarrthóir agus an t-imlonnú atá beartaithe á gcur san áireamh a bhunóidh é.

3.  Mar chuid dá n-oiliúint agus go háirithe mar ullmhúchán lena n-imlonnú, féadfar a cheangal ar na saorálaithe is iarrthóirí tabhairt faoi shocrúcháin printíseachta in eagraíochtaí deimhnithe sallchuir, i dtír seachas a dtír tionscnaimh féin nuair is féidir.

4.  Gan dochar do mhír 3, i gcás saorálaithe is iarrthóirí nach dtairbhíonn de shocrúchán printíseachta, féadfaidh siad, i gcás inarb iomchuí, ullmhúchán réamh-imlonnaithe, a bheidh saincheaptha do riachtanais agus d'imthosca speisialta an imlonnaithe, a fháil. Comhlíonfaidh an t-ullmhúchán agus an socrúchán printíseachta sin na caighdeáin agus na nósanna imeachta maidir le hullmhúchán dá dtagraítear in Airteagal 9.

5.  Áireofar sa chlár oiliúna measúnú ar ullmhacht na saorálaithe is iarrthóirí a bheith imlonnaithe chun tacú le cabhair dhaonnúil i dtríú tíortha agus í a chomhlánú, agus chun na riachtanais áitiúla a chomhlíonadh. Déanfar an measúnú sin i gcomhar leis na heagraíochtaí sallchuir.

6.  Glacfaidh an Coimisiún socruithe an chláir oiliúna agus an nós imeachta maidir le measúnú ar a ullmhaithe atá na saorálaithe is iarrthóirí atá le himlonnú a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

Airteagal 13

Bunachar sonraí Shaorálaithe Cabhrach AE

1.  Measfar gur Saorálaithe Cabhrach AE iad na saorálaithe is iarrthóirí ar éirigh leo sa mheasúnú dá dtagraítear in Airteagal 12(5) agus beidh siad incháilithe le haghaidh imlonnaithe. Dá bhrí sin, áireofar iad i mbunachar sonraí Shaorálaithe Cabhrach AE.

2.  Déanfaidh an Coimisiún bunachar sonraí Shaorálaithe Cabhrach AE a bhunú, a chothabháil agus a thabhairt cothrom le dáta, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le hinfhaighteacht agus incháilitheacht Shaorálaithe Cabhrach AE le haghaidh imlonnaithe agus rialóidh sé rochtain ar an mbunachar sonraí agus a úsáid. Déanfar próiseáil na sonraí pearsanta a bhaileofar sa bhunachar sonraí sin nó don bhunachar sonraí sin a chur i gcrích, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le Treoir 95/46/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

Airteagal 14

Saorálaithe Cabhrach AE a imlonnú i dtríú tíortha

1.  Féadfar Saorálaithe Cabhrach AE atá sa bhunachar sonraí a imlonnú chun tacú le cabhair dhaonnúil agus í a chomhlánú, mar a shainmhínítear i bpointe (d) d'Airteagal 3 ar na bealaí seo a leanas:

(a) féadfaidh eagraíochtaí deimhnithe sallchuir iad a imlonnú chuig ósteagraíochtaí i dtríú tíortha; nó

(b) i gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún iad a imlonnú chuig a oifigí allamuigh um chabhair dhaonnúil le haghaidh cúraimí tacaíochta.

2.  Comhlíonfaidh imlonnuithe na fíor-riachtanais arna gcur in iúl ar an leibhéal áitiúil ag na hósteagraíochtaí.

3.  I gcás an imlonnaithe dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1, áiritheoidh eagraíochtaí sallchuir deimhnithe go gcomhlíontar na caighdeáin agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9. Ní imlonnófar Saorálaithe Cabhrach AE chuig oibríochtaí a dhéantar i limistéar coinbhleachtaí armtha idirnáisiúnta agus neamh-idirnáisiúnta.

4.  Déanfaidh na heagraíochtaí sallchuir deimhnithe údaráis náisiúnta ábhartha na mBallstát agus tíortha rannpháirteacha eile a chur ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 23 sula n-imlonnófar duine dá saoránaigh mar Shaorálaí Cabhrach de chuid AE i gcomhréir leis na caighdeáin agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 9.

5.  Déanfar na téarmaí sonracha imlonnaithe agus ról Shaorálaithe Cabhrach AE, i ndlúthchomhar leis na hósteagraíochtaí, a leagan amach i gconradh idir eagraíochtaí sallchuir agus Saorálaithe Cabhrach AE, lena n-áirítear cearta agus oibleagáidí, fad agus suíomh imlonnaithe agus cúraimí Shaorálaithe Cabhrach AE.

6.  I gcás an imlonnaithe dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, síneoidh an Coimisiún “conradh imlonnaithe do shaorálaithe” le Saorálaithe Cabhrach AE, ina saineofar téarmaí agus coinníollacha sonracha an imlonnaithe. Ní dhéanfaidh na conarthaí imlonnaithe do shaorálaithe na cearta ná na hoibleagáidí a thig as Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus as Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ( 14 ) a thabhairt don saorálaí.

7.  Beidh meantóir ainmnithe ón ósteagraíocht ag gach Saorálaí Cabhrach de chuid AE chun an Saorálaí Cabhrach de chuid AE a mhaoirsiú agus tacú leis le linn an imlonnaithe.

Airteagal 15

Acmhainn ósteagraíochtaí do chabhair dhaonnúil a fhorbairt

Ar bhonn measúnú roimh ré ar riachtanais i dtríú tíortha arna dhéanamh ag na heagraíochtaí sallchuir agus na hósteagraíochtaí nó ag na gníomhaithe ábhartha eile, tacóidh an Coimisiún le gníomhaíochtaí atá dírithe ar acmhainn na n-ósteagraíochtaí le haghaidh cabhrach daonnúla a neartú chun an ullmhacht áitiúil agus an fhreagairt do ghéarchéimeanna cabhrach daonnúla a fheabhsú agus chun tionchar éifeachtach agus inbhuanaithe shaothar Shaorálaithe Cabhrach AE ar an talamh a áirithiú, lena n-áirítear:

(a) bainistiú riosca tubaistí, ullmhacht agus freagairt ar thubaistí, cóitseáil, oiliúint i mbainistiú saorálaithe, agus réimsí ábhartha eile le haghaidh foirne agus saorálaithe ó ósteagraíochtaí;

(b) dea-chleachtais a mhalartú, cúnamh teicniúil, cláir nasctha agus malartú foirne agus saorálaithe, líonraí a chruthú agus gníomhaíochtaí ábhartha eile.

Airteagal 16

Líonra don tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE

1.  Déanfaidh an Coimisiún líonra don tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE a bhunú agus a bhainistiú ar líonra é atá comhdhéanta:

(a) de shaorálaithe is iarrthóirí agus de Shaorálaithe Cabhrach an AE atá rannpháirteach nó a bhí rannpháirteach sa tionscnamh;

(b) de na heagraíochtaí sallchuir agus de na hósteagraíochtaí,

(c) d'ionadaithe na mBallstát agus Pharlaimint na hEorpa.

2.  Déanfaidh an líonra don tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE an méid seo a leanas, go háirithe:

(a) idirghníomhú a éascú agus a bheith mar ardán chun eolas a roinnt, féachaint ar fhaisnéis agus í a scaipeadh le haghaidh malartú dea-chleachtais chomh maith le chun críocha an mheasúnaithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 21(3);

(b) forbairt comhpháirtíochtaí a éascú agus tionscadail chomhpháirteacha a fhorbairt le haghaidh imlonnú agus le haghaidh gníomhaíochtaí forbartha acmhainne a mbeidh eagraíochtaí sallchuir ar fud an Aontais mar aon le hósteagraíochtaí i dtríú tíortha páirteach ann;

(c) bonn a sholáthar ar ar féidir tógáil ar ghníomhaíochtaí faoin tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE d'fhonn feabhsú leanúnach agus faireachán agus meastóireacht éifeachtach a áirithiú;

(d) deiseanna maidir le saorálaíocht ar líne a sholáthar i dtionscnaimh a bhaineann leis an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE.

Airteagal 17

Cumarsáid agus ardú feasachta

1.  Tacóidh an Coimisiún le gníomhaíochtaí faisnéise poiblí, cumarsáide agus ardaithe feasachta chun an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE atá infheicthe a chur chun cinn agus chun saorálaíocht i gcabhair dhaonnúil a spreagadh laistigh den Aontas agus ina Bhallstáit agus sna tríú tíortha a thairbhíonn de na gníomhaíochtaí faoin tionscnamh sin.

2.  Forbróidh an Coimisiún plean cumarsáide i ndáil le cuspóirí, gníomhaíochtaí agus torthaí infheicthe an tionscnaimh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE ina ndéanfar gníomhaíochtaí cumarsáide agus scaipthe a shainiú don phobal, agus a bheidh dírithe go háirithe ar shaorálaithe is iarrthóirí a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo, agus ar thairbhithe na ngníomhaíochtaí faoin tionscnamh sin. Déanfaidh an Coimisiún agus na tairbhithe, go háirithe eagraíochtaí sallchuir agus ósteagraíochtaí, chomh maith le Saorálaithe Cabhrach de chuid AE, an plean cumarsáide a chur chun feidhme.



CAIBIDIL III

CLÁRSCEIDEALÚ AGUS LEITHDHÁILEADH CISTÍ

Airteagal 18

Gníomhaíochtaí incháilithe

1.  Beidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 8 incháilithe le haghaidh cúnaimh airgeadais, lena n-áirítear na bearta is gá lena gcur chun feidhme mar aon leis na bearta is gá atá dírithe ar an gcomhordú idir an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE agus scéimeanna ábhartha eile a neartú ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta ag tógáil ar na dea-chleachtais atá ann cheana féin.

2.  Féadfaidh an cúnamh airgeadais dá dtagraítear i mír 1 speansais eile a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta a bhfuil gá leo chun an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE a bhainistiú agus chun a chuid cuspóirí a bhaint amach a chumhdach freisin.

3.  Féadfar na speansais dá dtagraítear i mír 2, go háirithe, staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, mar a leagtar amach in Airteagal 17, lena n-áirítear cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais sa mhéid is go mbaineann siad le cuspóirí ginearálta an tionscnaimh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE, a chumhdach mar aon le speansais a bhaineann le líonraí TF a dhíríonn ar phróiseáil agus ar mhalartú faisnéise (lena n-áirítear idirnascadh le córais atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo agus a ceapadh chun malartú sonraí trasearnála a chur chun cinn, agus trealamh bainteach), agus speansais cúnaimh riaracháin agus theicniúil eile ar fad arna dtabhú ag an gCoimisiún.

Airteagal 19

Tairbhithe airgeadais

Féadfar cúnamh airgeadais faoin Rialachán seo a dheonú ar dhaoine nádúrtha agus ar dhaoine dlítheanacha cibé acu atá siad á rialú ag an dlí príobháideach nó ag an dlí poiblí, agus measfar iad a bheith ina dtairbhithe airgeadais ina dhiaidh sin de réir bhrí Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

Airteagal 20

Imchlúdach airgeadais

1.  Is é EUR 147 936 000 ag praghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais chun an Rialachán seo a chur chun feidhme don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasaí bliantúla a údarú laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil. Más gá, d'fhéadfaí leithreasaí íocaíochta a iontráil sa bhuiséad thar 2020 chun speansais chomhchosúla a chlúdach, chun bainistiú íocaíochta gníomhaíochtaí nach mbeidh críochnaithe go fóill faoin 31 Nollaig 2020 a chumasú.

2.  Déanfar an t-imchlúdach airgeadais dá dtagraítear i mír 1 a leithdháileadh, thar an tréimhse 2014-2020, i gcomhréir leis na cuspóirí oibríochtúla, na tosaíochtaí téamacha agus na céatadáin a leagtar amach san Iarscríbhinn.

3.  Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 24 chun na tosaíochtaí a leasú agus chun gach ceann de na figiúirí san Iarscríbhinn a choigeartú le níos mó ná 10 bpointe céatadáin agus suas go dtí 20 pointe céatadáin. Níor cheart na coigeartuithe sin tarlú ach amháin tar éis thorthaí athbhreithniú ón gCoimisiún ar na tosaíochtaí agus ar na céatadáin théamacha a leagtar amach san Iarscríbhinn i bhfianaise thoradh na meastóireachta eatramhaí dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 27(4), agus sa chás sin glacfar na gníomhartha tarmligthe faoi 30 Meitheamh 2018.

4.  Más rud é, i gcás athbhreithniú riachtanach ar na hacmhainní buiséadacha atá ar fáil le tacú le gníomhaíochtaí freagartha éigeandála, go n-éilítear é sin ar mhórchúiseanna práinne, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar na figiúirí a leagtar amach san Iarscríbhinn le níos mó ná 10 bpointe céatadáin agus suas go dtí 20 pointe céatadáin, laistigh de na leithdháiltí buiséadacha atá ar fáil agus i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 25.

Airteagal 21

Cineálacha idirghabhála airgeadais agus nósanna imeachta cur chun feidhme

1.  Déanfaidh an Coimisiún tacaíocht airgeadais an Aontais a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

2.  Féadfaidh cúnamh airgeadais arna dheonú faoin Rialachán seo a bheith in aon cheann de na foirmeacha dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

3.  Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún clár oibre bliantúil an tionscnaimh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2). Leagfar amach sa chlár oibre bliantúil na cuspóirí a bheidh le saothrú, na torthaí a bhfuil súil leo, an modh cur chun feidhme agus méid an chaiteachais iomláin ghaolmhair. Cuimseofar sa chlár oibre bliantúil freisin tuairisc ar na gníomhaíochtaí a bheidh le maoiniú, léiriú ar an méid arna leithdháileadh ar gach gníomhaíocht, agus na riachtanais mheasúnaithe, agus tráthchlár táscach cur chun feidhme á gcur san áireamh i gcás inarb iomchuí. I gcás deontas, áireofar sa chlár oibre bliantúil na tosaíochtaí, na critéir riachtanacha mheastóireachta agus an t-uasráta cómhaoinithe. Leagfar amach sa chlár oibre bliantúil freisin rannpháirtíocht tríú tíortha faoi na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 23.

Airteagal 22

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.  Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n-áiritheofar, nuair a chuirfear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éilithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a chur i bhfeidhm.

2.  Beidh cumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais faoin tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE.

3.  Ceadófar don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a bhaineann go díreach nó go hindíreach leis an gcistiú sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais, le cinneadh deontais nó le conradh arna chistiú leis an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE.

4.  Gan dochar do mhír 1 agus do mhír 2, déanfaidh comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, comhaontuithe deontais, cinntí deontais agus conarthaí a thig ón Rialachán seo a chur chun feidhme, cumhacht a thabhairt go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí den sórt sin a dhéanamh agus aird chuí á tabhairt ar na ráthaíochtaí nós imeachta go léir.



CAIBIDIL IV

COMHAR LE TÍORTHA EILE

Airteagal 23

Comhar le tíortha eile

1.  Beidh an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE oscailte do rannpháirteachas acu seo a leanas:

(a) saoránaigh agus eagraíochtaí sallchuir ó thíortha aontacha, ó thíortha is iarrthóirí, ó iarrthóirí ionchasacha agus ó thíortha comhpháirtíochta Bheartas Comharsanachta na hEorpa i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus leis na téarmaí agus coinníollacha ginearálta maidir le rannpháirteachas na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna Comhaontuithe Réime ábhartha agus sna Cinntí ábhartha ó Chomhairlí Comhlachais, nó i socruithe comhchosúla;

(b) saoránaigh agus eagraíochtaí sallchuir ó thíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos i gComhaontú LEE;

(c) saoránaigh agus eagraíochtaí sallchuir ó thíortha Eorpacha eile, faoi réir comhaontuithe déthaobhacha a thabhairt i gcrích leis na tíortha sin.

2.  Urramóidh na saorálaithe rannpháirteacha agus na heagraíochtaí a chuireann na gníomhaíochtaí faoin tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE chun feidhme ó na tíortha comhoibritheacha na prionsabail ghinearálta a leagtar amach in Airteagal 4.

3.  Bunófar an comhar leis na tíortha rannpháirteacha dá dtagraítear i mír 1, i gcás inarb ábhartha, ar leithreasaí breise ó thíortha rannpháirteacha a bheidh le cur ar fáil i gcomhréir leis na nósanna imeachta a bheidh le comhaontú leis na tíortha sin.



CAIBIDIL V

TARMLIGIN CUMHACHTA AGUS FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 24

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

▼C1

2.  Déanfar an chumhacht chun na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(2), in Airteagal 9(2), in Airteagal 20(3) agus Airteagal 20(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse seacht bliana ón 25 Aibreán 2014.

▼B

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7(2), Airteagal 9(2) agus Airteagal 20(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 7(2), Airteagal 9(2) nó Airteagal 20(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 25

An nós imeachta práinne

1.  In imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, tiocfaidh gníomhartha a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad is nach léirítear agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 24(5). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt maidir leis an gcinneadh chun agóid a dhéanamh.

Airteagal 26

An nós imeachta coiste

1.  Tabharfaidh an coiste arna bhunú faoi Airteagal 17(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 maidir le cabhair dhaonnúil cúnamh don Choimisiún ( 15 ). Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.



CAIBIDIL VI

FAIREACHÁN AGUS MEASTÓIREACHT

Airteagal 27

Faireachán agus meastóireacht

1.  Déanfar faireachán ar ghníomhaíochtaí a fhaigheann cúnamh airgeadais go rialta chun a gcur chun feidhme a mheas, agus déanfar meastóireacht orthu go rialta trí mheastóireacht sheachtrach neamhspleách chun an éifeachtúlacht, an éifeachtacht agus a dtionchar a mheasúnú i bhfianaise chuspóirí an tionscnaimh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE. Áireofar san fhaireachán agus sa mheastóireacht na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 4 agus gníomhaíochtaí eile maidir le gnéithe sonracha an Rialacháin seo ar féidir iad a lainseáil tráth ar bith le linn a chur chun feidhme.

2.  Maidir leis na heagraíochtaí sallchuir a imlonnaíonn Saorálaithe Cabhrach AE lasmuigh den Aontas, beidh siad freagrach as faireachán a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí agus cuirfidh siad tuarascálacha faireacháin faoi bhráid an Choimisiúin go rialta lena gcosnófar cearta uile saorálaithe aonair maidir le cosaint sonraí pearsanta.

3.  Sna meastóireachtaí, bainfear úsáid as na caighdeáin mheastóireachta atá ann cheana, lena n-áirítear iad siúd arna bhforbairt ag an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta agus é mar chuspóir acu tionchar fadtéarmach an tionscnaimh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE ar chabhair dhaonnúil a thomhas. Sa tréimhse mheastóireachta, áiritheoidh an Coimisiún go rachfar i gcomhairle go rialta leis na geallsealbhóirí ábhartha uile, lena n-áirítear saorálaithe, eagraíochtaí sallchuir agus ósteagraíochtaí, an pobal áitiúil a fhaigheann cúnamh, eagraíochtaí daonnúla agus oibrithe allamuigh. Úsáidfear torthaí na meastóireachta mar aiseolas chun athruithe a dhéanamh ar dhearadh an chláir agus ar leithdháileadh acmhainní.

4.  Déanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle:

(a) tuarascálacha bliantúla lena scrúdófar an dul chun cinn a bheidh déanta i gcur chun feidhme an Rialacháin seo agus, a mhéid is féidir, maidir leis na príomhthorthaí;

(b) tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2017, tuarascáil mheastóireachta eatramhach ar thorthaí a fuarthas agus ar ghnéithe cáilíochta agus cainníochtúla cur chun feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear tionchar an tionscnaimh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE ar an earnáil dhaonnúil daonnúla agus ar chost-éifeachtúlacht an chláir, le linn na gcéad trí bliana dá chur chun feidhme;

(c) tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2018, teachtaireacht maidir le cur chun feidhme leanúnach an Rialacháin seo bunaithe ar an tuarascáil mheastóireachta eatramhach dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo;

(d) tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2021, tuarascáil mheastóireachta ex-post maidir leis an gcur chun feidhme don tréimhse airgeadais seacht mbliana.

5.  Faoin 1 Meán Fómhair 2019, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na bearta a leagtar síos sa Rialachán seo agus beidh, i gcás inarb iomchuí tar éis an tuarascáil mheastóireachta eatramhaí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 4 den Airteagal seo a thabhairt i gcrích, togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú ag gabháil leis an athbhreithniú sin.

6.  Cuirfidh an Coimisiún SEGS ar an eolas go rialta faoi ghníomhaíochtaí an tionscnaimh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE i gcomhréir leis na socruithe ábhartha oibre.



CAIBIDIL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 28

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN

CUSPÓIRÍ OIBRÍOCHTÚLA, TOSAÍOCHTAÍ TÉAMACHA AGUS CÉATADÁIN MAIDIR LE LEITHDHÁILEADH AN IMCHLÚDAIGH AIRGEADAIS LE HAGHAIDH CHUR CHUN FEIDHME AN RIALACHÁIN SEO

Tosaíocht théamach 1

Imlonnú Shaorálaithe Cabhrach AE chun tacú le cabhair dhaonnúil i dtríú tíortha agus í a chomhlánú:

Díreoidh an tosaíocht théamach seo ar an dtosaíocht théamach faoi phointe (a) d'Airteagal 7(1) (Rannchuidiú le cumas an Aontais a mhéadú agus a fheabhsú i dtaca le cabhair dhaonnúil a sholáthar):

 Acmhainn chun teacht aniar a fhorbairt agus bainistiú riosca tubaistí i dtíortha soghonta, leochaileacha nó atá buailte le tubaiste agus i ngéarchéimeanna dearmadta, lena n-áirítear forbairt acmhainne ag Saorálaithe Cabhrach AE agus gníomhaíochtaí sna staideanna seo a leanas den timthriall bainistithe tubaiste: cosc tubaistí, ullmhacht, laghdú ar riosca tubaistí agus téarnamh ó ghéarchéimeanna nádúrtha agus géarchéimeanna de dhéanamh an duine — 31 % +/- 10 bpointe céatadáin;

 Tacaíocht le haghaidh oibríochtaí freagartha éigeandála, lena n-áirítear forbairt acmhainne ag Saorálaithe Cabhrach AE agus gníomhaíochtaí i lóistíocht agus iompar, i gcomhordú, i mbainistiú tionscadal, in airgeadas agus riarachán, i gcumarsáid agus abhcóideacht — 10 % +/- 8 bpointe céatadáin;

Tosaíocht théamach 2

Ag forbairt acmhainní Shaorálaithe Cabhrach AE agus eagraíochtaí chur chun feidhme: 55 % +/- 10 bpointe céatadáin;

Díreoidh an tosaíocht théamach seo ar an gcuspóir oibríochtúil faoi phointe (b) d'Airteagal 7(1) (Feabhsú scileanna, eolais agus inniúlachtaí na saorálaithe i réimse na cabhrach daonnúla agus téarmaí agus coinníollacha a rannpháirtíochta): pointe (c) d'Airteagal 7(1) Cur le hacmhainn ósteagraíochtaí agus saorálaíocht i dtríú tíortha a chothú; agus pointe (e) d'Airteagal 7(1) (Cur le comhleanúnachas agus comhsheasmhacht na saorálaíochta ar fud na mBallstát chun deiseanna do shaoránaigh a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí agus oibríochtaí cabhrach daonnúla a fheabhsú):

 Socrúcháin oiliúna agus printíseachta le haghaidh saorálaithe is iarrthóirí;

 Forbairt acmhainne ósteagraíochtaí le haghaidh cabhrach daonnúla, lena n-áirítear tacaíocht chun dul faoi deimhniúchán;

 Deimhniúchán/Cúnamh teicniúil le haghaidh eagraíochtaí sallchuir.

Tosaíocht théamach 3

Bearta tacaíochta: 4 % +/– 2 phointe céatadáin

Díreoidh an cuspóir téamach seo ar an gcuspóir oibríochtúil faoi phointe (d) d'Airteagal 7(1) (Cumarsáid prionsabail cabhrach daonnúla an Aontais mar a comhaontaíodh sa Chomhdhearcadh maidir le Cabhair Dhaonnúil a chur in iúl).



( 1 ) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Feabhra 2014 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 18 Márta 2014.

( 2 ) IO C 25, 30.1.2008, lch. 1.

( 3 ) Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Eorpach um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).

( 4 ) IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

( 5 ) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1).

( 6 ) Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le cosaint leasanna airgeadais na gComhphobal (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

( 7 ) Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint ó chalaois agus ó mhírialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

( 8 ) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

( 9 ) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

( 10 ) Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1).

( 11 ) Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 8, 12.1.2001, lch. 31).

( 12 ) IO C 100, 6.4.2013, lch. 14.

( 13 ) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

( 14 ) Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus na Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach agus lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1).

( 15 ) Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 an 20 Meitheamh 1996 ón gComhairle maidir leis an gcabhair dhaonnúil (IO L 163, 2.7.1996, lch. 1).