02013R1380 — GA — 01.06.2015 — 001.005


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 1380/2013 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2013

maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle

(IO L 354 28.12.2013, lch. 22)

Arna leasú:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

COUNCIL REGULATION (EU) No 1385/2013 of 17 December 2013 (*)

  L 354

86

28.12.2013

►M2

RIALACHÁN (AE) 2015/812 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 20 Bealtaine 2015

  L 133

1

29.5.2015



(*)

Níor foilsíodh an gníomh seo i nGaeilge




▼B

RIALACHÁN (AE) Uimh. 1380/2013 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN GCOMHAIRLE

an 11 Nollaig 2013

maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle



CUID I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Raon feidhme

1.  Cumhdóidh an Comhbheartas Iascaigh (CBI):

(a) caomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara agus bainistiú iascach agus cabhlach a shaothraíonn na hacmhainní sin;

(b) maidir le bearta i ndáil le margaí agus maidir le bearta aigeadais lena dtacaítear le cur i bhfeidhm CBI: acmhainní bitheolaíocha fionnuisce, iascaigh agus dobharshaothrú a phróiseáil agus margaíocht a dhéanamh i leith na dtáirgí sin.

2.  Cumhdóidh CBI na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 i gcás go dtugtar fúthu:

(a) ar chríoch na mBallstát lena mbaineann an Conradh;

(b) in uiscí an Aontais, lena n-áirítear soithí iascaireachta a bhfuil bratach tríú tíortha ar foluain acu, nó atá cláraithe i dtríú tíortha;

(c) ag soithí iascaireachta an Aontais lasmuigh d'uiscí an Aontais; nó

(d) ag náisiúnaigh na mBallstát, gan dochar do phríomhfhreagracht an Bhratstáit.

Airteagal 2

Cuspóirí

1.  Le CBI, áiritheofar go mbeidh gníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil agus go mbainisteofar iad ar bhealach a bheidh ag luí leis na cuspóirí tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, agus lena gcuirfear le hinfhaighteacht soláthairtí bia.

2.  Cuirfidh CBI cur chuige réamhchúraim i bhfeidhm i leith bainistiú iascaigh, agus beidh sé mar aidhm leis a áirithiú go ndéanfaidh saothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara líon na speiceas atá á saothrú a athbhunú agus a chothabháil ag leibhéil atá in acmhainn an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh.

D'fhonn an cuspóir a bhaint amach maidir le stoic éisc a athbhunú nó a chothabháil os cionn leibhéil bhithmhaise atá in acmhainn an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh, bainfear amach ráta dúshaothraithe na huastáirgeachta inbhuanaithe, más féidir, faoi 2015 agus, ar bhonn forchéimneach, incriminteach, faoi 2020 ar a dhéanaí i gcás na stoc uile.

3.  Cuirfear le CBI an cur chuige bunaithe ar éiceachórais i leith bainistiú iascaigh chun feidhme lena áirithiú gur lú agus is féidir na tionchair dhiúltacha a bheidh ag gníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachóras na mara, agus féachfar leis lena áirithiú go seachnófar sna gníomhaíochtaí maidir le dobharshaothrú agus iascaigh an díghrádú ar an gcomhshaol muirí.

4.  Le CBI cuirfear le sonraí eolaíochta a bhailiú.

5.  Déanfar le CBI go háirithe, an méid a leanas:

(a) deireadh céimneach a chur le hábhair mhuirí aischurtha ar bhonn cás ar chás agus an chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil á cur san áireamh trí ghabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir agus a dheimhniú go céimneach go dtugtar gabhalácha i dtír;

(b) nuair is gá, an úsáid is fearr a bhaint as gabhálacha de thaisme, gan margadh a chruthú do na gabhálacha sin atá faoi bhun an íosmhéid tagartha caomhnaithe;

(c) dálaí a chur ar fáil do thionscal iascaireachta, gabhála agus próiseála agus do ghníomhaíochtaí iascaireachta ar talamh, ar tionscal agus gníomhaíochtaí iad atá, ó thaobh na heacnamaíochta, inmharthana agus iomaíoch;

(d) foráil a dhéanamh do bhearta acmhainn iascaireachta na gcabhlach a choigeartú go dtí leibhéil deiseanna iascaireachta a bheidh ag luí le mír 2, d'fhonn go mbeidh cabhlaigh ann a bheidh inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta gan acmhainní bitheolaíocha na mara a shaothrú an iomarca;

(e) gníomhaíochtaí dobharshaothraithe inbhuanaithe an Aontais a chur chun cinn chun cur le soláthairtí agus slándáil an bhia agus le fostaíocht;

(f) caighdeán cóir maireachtála a bhaint amach dóibh siúd a bhíonn ag brath ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, le feasacht ar ghnéithe an iascaigh cois cósta agus ar ghnéithe soch-eacnamaíocha;

(g) cur le margadh inmheánach éifeachtúil, trédhearcach do tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe agus rannchuidiú lena áirithiú go mbeidh cothroime iomaíochta ann do tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a mhargaítear san Aontas;

(h) leas na dtomhaltóirí agus na dtáirgeoirí araon a chur san áireamh;

(i) gníomhaíochtaí iascaireachta cósta a chur chun cinn, agus gnéithe socheacnamaíocha á gcur san áireamh;

(j) bheith i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais, go háirithe maidir leis an gcuspóir dea-stádas comhshaoil a bhaint amach faoi 2020 mar a leagtar amach in Airteagal 1(1) de Threoir 2008/56/CE, agus le beartais eile an Aontais chomh maith.

Airteagal 3

Prionsabail an dea-rialachais

Gheobhaidh CBI treoir ó na prionsabail dea-rialachais seo a leanas:

(a) sainiú soiléir freagrachtaí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta, agus ar an leibhéal áitiúil;

(b) go gcuirtear san áireamh sainiúlachtaí réigiúnacha trí chur chuige réigiúnaithe;

(c) bearta a bhunú i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil;

(d) dearcadh fadtéarmach;

(e) cost-éifeachtacht riaracháin;

(f) rannpháirtíocht iomchuí na bpáirtithe leasmhara, go háirithe rannpháirtíocht Comhairlí Comhairleacha, ag gach céim ó cheapadh go cur chun feidhme na mbeart;

(g) príomhfhreagracht an Bhratstáit;

(h) comhleanúnachas le beartais eile an Aontais,

(i) leas a bhaint as measúnuithe tionchair de réir mar is iomchuí;

(j) comhleanúnachas idir an ghné inmheánach agus an ghé sheachtrach de CBI;

(k) trédhearcacht sa láimhseáil sonraí i gcomhréir le ceanglais dhlíthiúla atá ann cheana, agus an saol príobháideach, cosaint na sonraí pearsanta agus rialacha rúndachta a urramú go cuí; sonraí a bheith ar fáil do na comhlachtaí eolaíochta iomchuí, do chomhlachtaí eile a bhfuil leas eolaíoch nó bainistíochta acu, agus d'úsáideoirí deiridh eile a shainítear.

Airteagal 4

Sainmhínithe

1.  Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) ciallaíonn 'uiscí an Aontais' uiscí faoi cheannasacht nó faoi dhlínse na mBallstát cé is moite de na huiscí atá cóngarach do na críocha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gConradh;

(2) ciallaíonn 'acmhainní bitheolaíocha na mara' speicis uisceacha bheo na mara atá ar fáil agus atá inrochtana, lena n-áirítear speicis anadromacha agus speicis chatadromacha le linn a saoil mhuirí;

(3) ciallaíonn 'acmhainní bitheolaíocha fionnuisce' speicis uisceacha fionnuisce bheo atá ar fáil agus atá inrochtana;

(4) ciallaíonn 'soitheach iascaireachta' soitheach ar bith atá feistithe le haghaidh saothrú tráchtála a dhéanamh ar acmhainní bitheolaíocha na mara nó gaiste tuinnín ghoirm bheo;

(5) ciallaíonn 'soithí iascaireachta an Aontais' soithí iascaireachta faoi bhratach Ballstáit agus atá cláraithe san Aontas;

(6) ciallaíonn 'iontráil sa chabhlach iascaireachta' soitheach iascaireachta a chlárú i gclár Ballstáit do shoithí iascaireachta;

(7) ciallaíonn 'uastáirgeacht inbhuanaithe' an ghabháil uasta cothromaíochta teoiricí is féidir a thógáil go leanúnach as stoc éisc faoi na meánchoinníollacha comhshaoil atá ann faoi láthair gan cur isteach go mór ar an bpróiseas síolraithe;

(8) ciallaíonn 'cur chuige réamhchúraim i leith bainistiú iascaigh', dá dtagraítear in Airteagal 6 de Chomhaontú NA maidir le Stoic Éisc cur chuige lena n-áirítear nár cheart go mbeadh easpa faisnéise eolaíche leormhaithe ina bhonn cirt le bearta bainistíochta a chur siar chun spriocspeicis, speicis ghaolmhara nó spleácha agus speicis nach spriocspeicis iad agus a dtimpeallacht a chaomhnú nó gan na bearta sin a dhéanamh;

(9) ciallaíonn 'cur chuige bunaithe ar éiceachórais i leith bainistiú iascaigh' cur chuige comhtháite i leith bainistíochta iascaigh taobh istigh de theorainneacha a bhfuil brí leo ó thaobh na héiceolaíochta de lena bhféachtar le bainistiú a dhéanamh ar úsáid acmhainní nádúrtha, agus aird á tabhairt ar iascaireacht agus ar ghníomhaíochtaí doanna eile, agus ag an am céanna lena gcaomhnófar an saibhreas bitheolaíochta agus na próisis bitheolaíochta is gá chun comhdhéanamh, struchtúr agus feidhmiú na ngnáthóg a chosaint san éiceachóras lena mbaineann, tríd an eolas agus trí na héiginnteachtaí maidir le compháirteanna bitheacha, aibitheacha agus daonna de chuid éiceachóras a chur san áireamh;

(10) ciallaíonn 'ábhair mhuirí aischurtha' gabhálacha a chuirtear ar ais san fharraige;

(11) ciallaíonn 'iascaireacht ísealtionchair' teicnící roghnaíocha a úsáid lena ngabhann tionchar díobhálach íseal ar éiceachórais mhuirí nó a d'fhéadfadh astaíochtaí ísle breosla a bheith mar thoradh orthu, nó an dá rud;

(12) ciallaíonn 'iascaireacht roghnaíoch' iascaireacht a dhéanamh agus modhanna iascaireachta á n-úsáid nó trealamh iascaireachta a úsáid lena ndírítear ar orgánaigh agus lena ngabhtar iad de réir méide nó de réir speicis le linn na hoibríochta iascaireachta, lena gceadaítear eiseamail nach ndírítear orthu a sheachaint nó a scaoileadh saor gan díobháil;

(13) ciallaíonn 'ráta básmhaireachta san iascaireacht' an ráta a bhaintear bithmhais nó éisc aonair de stoc trí ghníomhaíochtaí iascaigh thar thréimhse ar leith;

(14) ciallaíonn 'stoc' acmhainn bhitheolaíoch mhara a tharlaíonn i limistéar bainistíochta ar leith;

(15) ciallaíonn 'teorainn ghabhála', de réir mar is iomchuí, teorainn chainníochtúil ar ghabhálacha stoc éisc nó ar ghrúpa stoic éisc, thar tréimhse ar leith, sa chás ina mbeidh na stoic éisc nó an grúpa stoic éisc sin faoi réir oibleagáide iad a thabhairt i dtír, nó teorainn chainníochtúil ar ghabhálacha stoc éisc nó ar ghrúpa stoic éisc nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide iad a thabhairt i dtír thar tréimhse ar leith;

(16) ciallaíonn 'pointe tagartha caomhnaithe' luachanna na bparaiméadar de líon an stoic éisc (ar nós bithmhaise nó an ráta básmhaireachta san iascaireacht) a úsáidtear i mbainistiú iascaigh, mar shampla i ndáil le leibhéal inghlactha de riosca bitheolaíoch nó leibhéal táirgeachta inmhianaithe;

(17) ciallaíonn 'íosmhéid tagartha caomhnaithe' méid an speicis uiscigh bheo mhuirí agus an aibíocht á cur san áireamh, arna bunú ag dlí an Aontais, a mbeidh srianta nó dreasachtaí i bhfeidhm orthu agus iad faoin méid sin a mbeidh sé d'aidhm acu gabháil a sheachaint trí ghníomhaíocht iascaireachta; gabhfaidh an méid sin ionad an íosmhéid gabhála, i gcás inarb ábhartha;

(18) ciallaíonn 'stoc laistigh de theorainneacha bitheolaíocha sábháilte' stoc a bhfuil ard-dóchúlacht ann ina leith gurb airde a bhithmhais sceite mheasta ag deireadh na bliana roimhe sin ná an pointe tagartha teorann bithmaise (Blim) agus gur lú a ráta básmhaireachta san iascaireacht don bhliain roimhe sin ná an pointe tagartha um an ráta básmhaireachta san iascaireacht teorann (Flim);

(19) ciallaíonn 'coimirce' beart réamhchúraim a ceapadh ionas nach dtarlóidh teagmhas neamh-inmhianaithe;

(20) ciallaíonn 'beart teicniúil' an beart lena rialaítear, trí choinníollacha a bhunú ar úsáid agus ar struchtúr an trealaimh iascaireachta agus trí rochtain ar limistéir iascaireachta a shrianadh, comhdhéanamh na speiceas, comhdhéanamh méide na ngabhálacha agus na héifeachtaí ar na comhpháirteanna de na héiceachórais a d'eascair as gníomhaíochtaí iascaireachta;

(21) ciallaíonn 'iarracht iascaireachta' an toradh ar chumas agus ar ghníomhaíocht soithigh iascaireachta; i gcás grúpa de shoithí iascaireachta is é suim na n-iarrachtaí iascaireachta ag gach soitheach sa ghrúpa atá i gceist;

(22) ciallaíonn 'Ballstát a bhfuil leas díreach bainistíochta aige' Ballstát a bhfuil leas aige de bharr deiseanna iascaireachta nó de bharr iascaireacht nach ndéantar ach amháin i limistéar eacnamaíoch eisiach an Bhallstáit lena mbaineann nó, sa Mheánmhuir, ag iascach traidisiúnta ar an mórmhuir;

(23) ciallaíonn 'lamháltais iascaireachta inaistrithe' teidlíochtaí in-aisghairthe úsáideoirí ar chuid ar leith de na deiseanna iascaireachta atá cionroinnte ar Bhallstát nó a leagtar síos i bpleananna bainistíochta arna nglacadh ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle ( 1 ), a bhféadfaidh an sealbhóir iad a aistriú.

(24) ciallaíonn 'acmhainn iascaireachta' tonnáiste soithigh in OT (Olltonnáiste) agus a chumhacht in kW (Cileavatanna) mar a shainítear in Airteagal 4 agus Airteagal 5 de Rialachán (CEE) Uimh. 2930/86 ón gComhairle ( 2 ) iad;

(25) ciallaíonn 'dobharshaothrú' orgánaigh uisceacha a thógáil nó a shaothrú ag úsáid teicníochtaí a ceapadh chun táirgeadh na n-orgánach atá i gceist a mhéadú thar ghnáthchumas na timpeallachta, agus fanfaidh na horgánaigh faoi úinéireacht duine nádúrtha nó dhlítheanaigh feadh na gcéimeanna tógála agus saothraithe, go dtí tráth na buainte, agus an tráth sin san áireamh;

(26) ciallaíonn 'ceadúnas iascaireachta' ceadúnas mar a shainítear in 'Airteagal 4(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle ( 3 );

(27) ciallaíonn 'údarú iascaireachta' údarú mar a shainítear i bpointe (10) d'Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;

(28) ciallaíonn 'gníomhaíocht iascaireachta' cuardach éisc, lámhach, socrú, tarraingt, tarlú an trealaimh iascaireachta, gabháil a thabhairt ar bord, éisc agus táirgí iascaigh a thrasloingsiú, a choinneáil ar bord, a phróiseáil ar bord, a aistriú, a chur i ngaiste, a ramhrú agus a thabhairt i dtír;

(29) ciallaíonn 'táirgí iascaigh' orgánaigh uisceacha a eascraíonn as gníomhaíocht iascaireachta ar bith, nó as táirgí a fhaightear uathu sin;

(30) ciallaíonn 'oibreoir' an duine nádúrtha nó dlítheanach a oibríonn nó a shealbhaíonn gnóthas ar bith atá ag tabhairt faoi cheann ar bith de na gníomhaíochtaí a bhaineann le céim ar bith de na slabhraí táirgthe, próiseála, margaíochta, dáilte agus miondíola ar tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe;

(31) ciallaíonn 'sárú tromchúiseach' sárú mar a shainítear i ndlí ábhartha an Aontais, lena n-áirítear in Airteagal 42(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ( 4 ) ón gComhairle agus in Airteagal 90(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;

(32) ciallaíonn 'úsáideoir deiridh sonraí eolaíochta' comhlacht a bhfuil leas taighde nó bainistíochta aige san anailís eolaíochta ar shonraí san earnáil iascaigh;

(33) ciallaíonn 'barrachas den ghabháil incheadaithe' an chuid sin den ghabháil incheadaithe nach saothraíonn Stát cósta, rud a fhágfaidh go mbíonn ráta foriomlán saothraithe ann do stoic aonair a fhanann faoi bhun na leibhéal sin a bhfuil na stoic in ann iad féin a athshlánú agus lena ndéantar méid na speiceas sin a shaothraítear a choinneáil os cionn leibhéal inmhianaithe ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr atá ar fáil;

(34) ciallaíonn 'táirgí dobharshaothraithe' orgánaigh uisceacha ag céim ar bith dá saolré a eascraíonn as gníomhaíocht dobharshaothraithe ar bith nó na táirgí a fhaightear uathu sin;

(35) ciallaíonn 'bithmhais stoic sceite' meastachán ar mhais éisc acmhainne ar leith a atáirgeann ag am sainithe, lena n-áirítear fireannaigh agus baineannaigh araon agus lena n-áirítear iasc a atáirgeann go beobhreitheach;

(36) ciallaíonn 'iascach measctha' iascach ina bhfuil níos mó ná speiceas amháin i láthair agus ina a bhfuil an dóchúlacht ann go ngabhfar speicis eile san oibríocht chéanna iascaireachta;

(37) ciallaíonn 'comhaontuithe comhpháirtíochta maidir le hiascaigh inbhuanaithe' comhaontuithe idirnáisiúnta a thugtar i gcrích le tríú stát ar mhaithe le rochtain a fháil ar acmhainní agus ar uiscí d'fhonn cion den bharrachas d'acmhainní bitheolaíocha na mara, mar mhalairt ar chúiteamh airgeadais ón Aontas a bhféadfadh tacaíocht earnála a bheith mar chuid de.

2.  Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe geografacha ar limistéir gheografacha seo a leanas:

(a) ciallaíonn 'an Mhuir Thuaidh' ranna ICES ( 5 ) IV and IIIa;

(b) ciallaíonn 'an Mhuir Bhailt' ranna ICES IIIb, IIIc agus IIId;

(c) ciallaíonn'Uiscí an Iarthuaiscirt' ranna ICES V (seachas Va agus uiscí an Aontais in Vb amháin), VI agus VII;

(d) ciallaíonn 'Uiscí an Iardheiscirt' ranna ICES VIII, IX agus X (uiscí timpeall ar na hAsóir), agus limistéir CECAF ( 6 ) 34.1.1, 34.1.2 agus 34.2.0 (uiscí timpeall ar Mhaidéara agus ar na hOileáin Chanáracha);

(e) ciallaíonn 'Uiscí Meánmhara' Uiscí farraige na Meánmhara soir ó líne 5°36' siar;

(f) ciallaíonn 'an Mhuir Dhubh' fo-cheantar geografach CIGM (Coimisiún Iascaigh Ginearálta don Mheánmhuir) mar a shainmhínítear sa rún GFCM/33/2009/2 é.



CUID II

ROCHTAIN AR UISCÍ

Airteagal 5

Rialacha ginearálta maidir le rochtain ar uiscí

1.  Beidh rochtain chothrom ag soithí iascaireachta an Aontais ar uiscí agus ar acmhainní in uiscí uile an Aontais seachas sna cásanna sin dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3, faoi réir ag na bearta arna nglacadh faoi Chuid III.

2.  Sna huiscí suas le 12 mhuirmhíle óna mbonnlínte a thagann faoina gceannasacht nó faoina ndlínse, beidh údarás ag Ballstáit go dtí 31 Nollaig 2022 an iascaireacht a shrianadh ach do shoithí iascaireachta ar gnách leo bheith ag iascaireacht sna huiscí sin ó chalafoirt ar an gcósta in aice láimhe. Beidh údarú den sórt sin gan dochar do na socruithe le haghaidh shoithí iascaireachta an Aontais a bhfuil bratach Ballstát eile ar foluain acu faoi chaidrimh chomharsanachta atá ann cheana féin idir Bhallstáit agus na socruithe atá le fáil in Iarscríbhinn I, lena socraítear do gach Ballstát na criosanna geografacha laistigh de na bandaí ar chóstaí na mBallstát eile ina dtugtar faoi ghníomhaíochtaí iascaireachta agus na speicis lena mbaineann. Cuirfidh na Ballstáit na srianta a chuirfear i bhfeidhm faoin mír seo in iúl don Choimisiún.

3.  Sna huiscí suas le 100 muirmhíle ó bhonnlínte na réigiún is forimeallaí de chuid an Aontais dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 349 den Chonradh, udarófar do na Ballstáit lena mbaineann go dtí an 31 Nollaig 2022 an iascaireacht a shrianadh ach do shoithí iascaireachta atá cláraithe i gcalafoirt na gcríoch sin. Ní bheidh feidhm leis na srianta sin maidir le soithí an Aontais ar gnách leo bheith ag iascaireacht sna huiscí sin, sa mhéid is nach sáróidh na soithí sin an ghnáthiarracht iascaireachta. Cuirfidh na Ballstáit na srianta a chuirfear i bhfeidhm faoin mír seo in iúl don Choimisiún.

4.  Déanfar na bearta a mbeidh feidhm leo tar éis dul in éag na socruithe atá leagtha amach i mír 2 agus i mír 3 a ghlacadh faoin 31 Nollaig 2022.



CUID III

.BEARTA CHUN ACMHAINNÍ BITHEOLAÍOCHA NA MARA A CHAOMHNÚ AGUS A SHAOTHRÚ AR BHEALACH INBHUANAITHE



TEIDEAL I

Bearta caomhnaithe

Airteagal 6

Forálacha ginearálta

1.  Chun cuspóirí CBI i ndáil le hacmhainní bitheolaíocha na mara a chaomhnú agus a shaothrú go hinbhuanaithe mar a leagtar amach in Airteagal 2 a bhaint amach, glacfaidh an tAontas bearta caomhnaithe mar a leagtar amach in Airteagal 7 iad.

2.  Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm aige, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na comhlachtaí ábhartha comhairliúcháin agus leis na comhlachtaí ábhartha eolaíochta. Glacfar bearta caomhnaithe, agus comhairle agus cuirfear san áireamh comhairle eolaíoch, teicniúil agus eacnamaíoch lena n-áirítear, nuair is ábhartha, tuarascálacha a bheidh curtha i dtoll a chéile ag CETEI agus ag comhlachtaí eile comhairliúcháin, mar aon le comhairle a gheofar ó na Comhairlí Comhairliúcháin agus moltaí comhpháirteacha a gheofar ó na Ballstáit de bhun Airteagal 18.

3.  Féadfaidh na Ballstáit dul i mbun comhair lena chéile ar mhaithe le bearta an Aontais a ghlacadh de bhun Airteagal 11, Airteagal 15 agus Airteagal 18.

4.  Déanfaidh Ballstáit comhordú lena chéile sula nglacfar bearta náisiúnta de bhun Airteagal 20(2).

5.  I gcásanna sonracha, go háirithe i dtaca le réigiún na Meánmhara, féadfar a thabhairt de chumhacht do na Ballstáit gníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí a ghlacadh i réimse CBI, lena n-áirítear bearta caomhnaithe. Beidh feidhm ag Airteagal 18, i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 7

Cineálacha beart caomhnaithe

1.  Féadfar, inter alia, na nithe seo a leanas a áireamh sna bearta chun acmhainní bitheolaíocha na mara a chaomhnú agus a shaothrú ar bhealach inbhuanaithe:

(a) pleananna ilbhliantúla faoi Airteagal 9 agus faoi Airteagal 10;

(b) spriocanna chun stoic a chaomhnú agus a shaothrú ar bhealach inbhuanaithe agus bearta gaolmhara chun tionchar na hiascaireachta ar an muirthimpeallacht a íoslaghdú;

(c) bearta chun acmhainn iascaireachta soithí iascaireachta a chur in oiriúint do dheiseanna iascaireachta;

(d) dreasachtaí, lena n-áirítear dreasachtaí eacnamaíocha amhail deiseanna iascaireachta, chun modhanna iascaireachta a chur chun cinn a chuideoidh le hiascaireacht níos roghnaí, le gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir, agus le hiascaireacht a bhfuil tionchar íseal aici ar an éiceachóras muirí agus ar acmhainní iascaigh;

(e) bearta maidir le deiseanna iascaireachta a leagan síos agus a leithdháileadh;

(f) bearta chun cuspóirí Airteagal 15 a bhaint amach;

(g) íosmhéideanna tagartha chaomhnaithe;

(h) treoirthionscadail maidir le teicníochtaí malartacha bainistithe iascaireachta agus trealaimh a mheadaíonn an roghnaíocht nó a íoslaghdaíonn an drochthionchar a bhíonn ag gníomhaíochtaí iascaireachta ar an muirthimpeallacht;

(i) bearta atá riachtanach chun na hoibleagáidí faoi reachtaíocht comhshaoil an Aontais, a glacadh de bhun Airteagal 11, a chomhlíonadh;

(j) bearta teicniúla dá dtagraítear in mír 2.

2.  Féadfaidh an méid seo a leanas, inter alia, a bheith san áireamh sna bearta teicniúla:

(a) saintréithe trealamh iascaireachta agus rialacha maidir le húsáid na dtrealamh sin;

(b) sonraíochtaí maidir le trealamh iascaireachta a thógáil, lena n-áirítear:

(i) mionathruithe nó gléasanna breise chun roghnaíocht a fheabhsú nó chun an drochthionchar ar an éiceachóras a íoslaghdú;

(ii) mionathruithe nó gléasanna breise chun gabháil de thaisme speiceas atá i mbaol, faoi bhagairt agus faoi chosaint a laghdú, agus chun gabhálacha eile de thaisme a laghdú freisin;

(c) srianta nó toirmeasc ar chineálacha áirithe trealaimh iascaireachta a úsáid, agus ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, i limistéir áirithe nó le linn tréimhsí áirithe;

(d) ceanglais ar shoithí iascaireachta a gcuid oibríochtaí a stopadh i limistéar sainithe ar feadh íostréimhse sainithe d'fhonn comhbhailiúchán sealadach de speiceas atá i mbaol, d'iasc sceite, d'iasc faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe, agus d'acmhainn mhara eile atá leochaileach a chosaint;

(e) bearta sonracha chun an drochthionchar atá ag gníomhaíochtaí iascaireachta ar bhithéagsúlacht mhuirí agus ar éiceachórais mhuirí a íoslaghdú, lena n-áirítear bearta chun gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir.

Airteagal 8

Limistéir aisghabhála stoc éisc a bhunú

1.  Déanfaidh an tAontas gach iarracht limistéir faoi chosaint a bhunú ar fhoras a n-íogaireacht bhitheolaíoch, lena n-áirítear limistéir inar ríléir go bhfuil tiúchain arda iasc faoi bhun na híosmhéide caomhnaithe tagartha agus láithreacha sceite, ag féachaint go cuí do na limistéir chaomhnaithe atá ann cheana. Sna limistéir sin, féadfar srian nó cosc a chur ar ghníomhaíochtaí iascaireachta chun beo-acmhainní uisceacha agus éiceachórais mhuirí a chaomhnú. Tabharfaidh an tAontas cosaint bhreise i gcónaí do limistéir atá íogair ó thaobh na bitheolaíochta de.

2.  Chun na gcríoch sin, sainaithneoidh na Ballstáit, nuair is féidir, limistéir oiriúnacha a bheadh mar chuid de líonra comhleanúnach agus ullmhóidh siad, i gcás inarb iomchuí, moltaí comhpháirteacha i gcomhréir le forálacha Airteagal 18(7), ionas go bhféadfaidh an Coimisiún togra a thíolacadhi gcomhréir leis an gConradh.

3.  Féadfar a thabhairt de chumhacht don Choimisiún, i bplean ilbhliantúil, limistéar den sórt sin atá íogair ó thaobh na bitheolaíochta de agus atá faoi chosaint a bhunú; Beidh feidhm ag Airteagal 18(1) go (6). Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle go tráthrialta maidir le limistéir faoi chosaint.



TEIDEAL II

Bearta sonracha

Airteagal 9

Prionsabail agus cuspóirí pleananna ilbhliantúla

1.  Glacfar pleananna ilbhliantúla mar ábhar tosaíochta bunaithe ar chomhairle eolaíoch, theicniúil agus eacnamaíoch agus beidh bearta caomhnaithe iontu chun stoic éisc a athbhunú agus a chothabháil ag leibhéil atá os cionn na leibhéal sin atá in acmhainn an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh i gcomhréir le hAirteagal 2(2).

2.  Nuair nach féidir spriocanna a dheimhniú maidir le huastáirgeacht inbhuanaithe dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de dheasca sonraí easnamhacha, déanfar foráil sna pleananna ilbhliantúla do bhearta a bhunófar ar an gcur chuige réamhchúraim, ionas go bhféadfar ar a laghad leibhéal inchomparáide maidir le caomhnú na stoc ábhartha a áirithiú.

3.  Cumhdóidh pleananna ilbhliantúla an méid seo a leanas faoi seach:

(a) speiceas amháin; nó

(b) i gcás iascach measctha nó i gcás ina mbaineann dinimic na stoc lena chéile, iascaigh a bhfuil stoic éagsúla á ndúshaothrú acu i limistéar ábhartha geografach, agus eolas faoi na hidirghníomhaíochtaí idir stoic éisc, iascaigh agus éiceachórais na mara á chur san áireamh.

4.  Maidir leis na bearta sin a áireofar sna pleananna ilbhliantúla, agus an féilire le hiad a chur chun feidhme, beidh siad i gcomhréir leis na cuspóirí agus leis na spriocanna atá le baint amach agus laistigh den amchlár atá beartaithe. Sula n-áireofar na bearta sna pleananna ilbhliantúla, cuirfear san áireamh an tionchar is dóichí a bheidh acu ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta agus sóisialta de.

5.  Féadfaidh cuspóirí agus bearta sonracha caomhnaithe a bheith sna pleananna ilbhliantúla, ar cuspóirí agus bearta iad a bheadh bunaithe ar chur chuige na n-éiceachóras, chun aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí sonracha na n-iascach measctha i dtaca leis na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 2(2) a bhaint amach i gcás na stoc éagsúla a chumhdaítear leis an bplean i gcásanna ina léiríonn comhairle eolaíoch nach féidir méaduithe sa roghnaíocht a bhaint amach. Nuair is gá, cuimseoidh an plean ilbhliaintiúil bearta caomhnaithe sonracha agus ailtéarnacha, bunaithe ar chur chuige na n-éiceachóras, maidir le roinnt de na stoic a chumhdaítear ann.

Airteagal 10

Ábhar na bpleananna ilbhliantúla

1.  Áireofar an méid seo a leanas i bplean ilbhliantúil, de réir mar is iomchuí agus gan dochar do na hinniúlachtaí ábhartha faoin gConradh:

(a) an raon feidhme, i dtéarmaí stoc, iascaigh agus an limistéar a gcuirfear an plean ilbhliantúil i bhfeidhm maidir leis;

(b) cuspóirí atá i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 agus le forálacha ábhartha Airteagal 6 agus Airteagal 9;

(c) spriocanna inchainníochtaithe amhail rátaí básmhaireachta san iascaireacht agus/nó bithmhais stoic sceite;

(d) amchláir shoiléire chun na spriocanna inchainníochtaithe a bhaint amach;

(e) pointí tagartha caomhnaithe atá i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2;

(f) cuspóirí maidir le bearta caomhnaithe agus teicniúla a bheidh le glacadh chun na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 15 a bhaint amach agus bearta atá ceaptha le gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir;

(g) cosaintí chun a áirithiú go mbainfear amach spriocanna inchainníochtaithe, chomh maith le gníomhaíocht cheartaitheach, lena n-áirítear i gcásanna ina gcuirtear inbhuanaitheacht na stoc i mbaol toisc infhaighteacht sonraí nó cáilíocht sonraí bheith dul i léig.

2.  Féadfar an méid seo a leanas a áireamh i bplean ilbhliantúil:

(a) bearta eile caomhnaithe, go háirithe bearta chun ábhar muirí aischurtha a dhíchur de réir a chéile agus an chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil á cur san áireamh nó chun drochthionchar na hiascaireachta ar an éiceachóras a íoslaghdú, agus na bearta sin le sonrú tuilleadh, nuair is iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 18;

(b) táscairí inchainníochtaithe chun faireachán agus measúnú a dhéanamh go tráthrialta ar an dul chun cinn maidir le spriocanna an phlean ilbhliantúil a bhaint amach;

(c) cuspóirí sonracha maidir leis an gcuid fionnuisce de shaolré na speiceas anadromach agus catadromach, nuair is iomchuí;

3.  Forálfar i bplean ilbhliantúil dá athbhreithniú tar éis céadmheasúnú ex-post, go háirithe chun athruithe maidir le comhairle eolaíoch a thabhairt ar aire.

Airteagal 11

Bearta caomhnaithe is gá chun oibleagáidí faoi reachtaíocht chomhshaoil an Aontais a chomhlíonadh

1.  Cumhachtófar do Bhallstáit, bearta caomhnaithe a ghlacadh nach gcuirfidh isteach ar shoithí iascaireachta Ballstát eile agus a bheidh infheidhme maidir le huiscí atá faoina gceannasacht nó faoina ndlínse agus a bheidh riachtanach chun a n-oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 13(4) de Threoir 2008/56/CE, faoi Airteagal 4 de Threoir 2009/147/CE nó faoi Airteagal 6 de Threoir 92/43/CEE, ar choinníoll go mbeidh na bearta sin:comhoiriúnach do na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 den Rialachán seo, i gcomhréir le cuspóirí reachtaíocht ábhartha an Aontais a mbeidh sé i gceist acu go gcuirfear chun feidhme leis í, agus chomh dian céanna ar a laghad leis na bearta atá ann cheana faoi dhlí an Aontais.

2.  Nuair a bhíonn Ballstát ("an Ballstát tionscantach") den tuairim gur gá bearta a ghlacadh chun na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh agus go bhfuil leas bainistíochta díreach ag Ballstáit eile san iascach sin a ndéanfar difear dó leis na bearta sin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, bearta den sórt sin a ghlacadh, arna iarraidh sin dó, trí bhíthinn gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 46. Chuige sin, beidh feidhm ag Airteagal 18(1) go (4) agus (6) mutatis mutandis.

3.  Tabharfaidh an Ballstát tionscantach gach faisnéis ábhartha maidir leis na bearta a bheidh ag teastáil don Choimisiún agus do na Ballstáit eile a bhfuil leas bainistíochta díreach acu, lena n-áirítear réasúnú, fianaise eolaíoch agus sonraí maidir le cur chun feidhme agus forghníomhú praiticiúil. Féadfaidh an Ballstát tionscantach agus na Ballstáit eile a mbeidh leas díreach bainistíochta acu moladh comhpháirteach a thíolacadh amhail dá dtagraítear in Airteagal 18(1), laistigh de shé mhí ón tráth a gcuirfear an fhaisnéis leordhóthanach ar fáil. Laistigh de thrí mhí ón dáta ar a bhfaighfear iarratas iomlán, glacfaidh an Coimisiún na bearta sin agus aon chomhairle eolaíoch a bheidh ar fáil á cur san áireamh.

Mura bhfuil gach Ballstát in ann teacht ar chomhaontú maidir le moltaí comhpháirteacha atá le cur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir leis na chéad mhír laistigh den sprioc-am atá socraithe nó má mheastar nach bhfuil na moltaí comhpháirteacha maidir le bearta caomhnaithe comhoiriúnach do chuspóirí agus spriocanna inchainníochtaithe na mbeart caomhnaithe atá i gceist, féadfaidh an Coimisiún togra a chur isteach i gcomhréir leis an gConradh.

4.  De mhaolú ar mhír 3, in uireasa molta comhpháirtigh amhail dá dtagraítear i mír 3, i gcásanna práinne, glacfaidh an Coimisiún na bearta Na bearta a bheidh le glacadh i gcás práinne, beidh siad teoranta dóibh siúd a mbeadh an baol ann, dá n-uireasa, nach mbainfí amach na gcuspóirí maidir le bunú na mbeart caomhnaithe sin i mbaol. Beidh na cuspóirí sin i gcomhréir leis an Treoir dá dtagraítear i mír 1 agus le rún na mBallstát.

5.  Maidir leis na bearta dá dtagraítear i mír 4 beidh feidhm acu ar feadh tréimhse 12 mhí ar a mhéid ar tréimhse í ar féidir a fhadú ar feadh 12 mhí ar a mhéid fad is a bhfuil na coinníollacha dá bhforáiltear sa tréimhse sin fós ann.

6.  Déanfaidh an Coimisiún comhar sa phróiseas cur chun feidhme a éascú idir an Ballstát lena mbaineann agus na Ballstáit eile a mbeidh leas díreach bainistíochta acu san iascach a bheidh i gceist, agus déanfar na bearta arna nglacadh faoi mhír 2, mhír 3 agus mhír 4 a fhorghníomhú.

Airteagal 12

Bearta an Choimisiúin i gcás bagartha tromchúisí ar acmhainní bitheolaíocha na mara

1.  Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil údar cuí leo maidir le bagairt thromchúiseach ar chaomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara nó ar éiceachóras na mara, ar chúiseanna iad a mbeidh fianaise mar bhunús leo féadfaidh an Coimisiún, ar iarratas réasúnaithe a fháil ó Bhallstát nó ar a thionscnamh féin gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh ar feadh uastréimhse de shé mhí i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 47(3).

2.  Cuirfidh an Ballstát an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 in iúl go comhuaineach don Choimisiún, do Bhallstáit eile agus do na Comhairlí Comhairleacha lena mbaineann. Féadfaidh na Ballstáit eile agus na Comhairlí Comhairleacha a gcuid barúlacha scríofa a chur isteach laistigh de sheacht lá oibre tar éis dóibh an fógra a fháil. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh laistigh de 15 lá oibre tar éis dó an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 a fháil.

3.  Roimh éag don tréimhse feidmhe tosaigh de ghníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach bonn dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach bonn a ghlacadh, lena gcuirtear fad le feidhmiú an bhirt éigeandála faoi réir uastréimhse de 6 mhí le héifeacht láithreach. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 47(3).

Airteagal 13

Bearta éigeandála na mBallstát

1.  Ar bhonn fianaise de bhagairt thromchúiseach ar chaomhnú acmhainní bitheolaíocha na mara nó ar éiceachóras na mara a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí a thagann faoi cheannasacht nó faoi dhlínse Ballstáit a éilíonn gníomh láithreach, féadfaidh an Ballstát sin bearta éigeandála a ghlacadh chun an bhagairt a mhaolú. Beidh na bearta sin comhoiriúnach do na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 agus beidh siad chomh dian céanna ar a laghad leis na bearta dá bhforáiltear i ndlí an Aontais. Glacfar bearta den sórt sin ar feadh uastréimhse trí mhí.

2.  I gcás ina bhféadfadh tionchar a bheith ag bearta éigeandála atá le glacadh ag Ballstát ar shoithí iascaireachta de chuid Ballstáit eile, ní ghlacfar na bearta sin ach tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, leis na Ballstáit iomchuí agus leis na Comhairlí Comhairleacha iomchuí i dtaobh dréachta de na bearta agus beidh meabhrán míniúcháin ag gabháil leis an dréacht sin. Don chomhairliúchán sin, féadfaidh an Ballstát comhairliúcháin spriocam réasúnta a leagan síos ach nach bhféadfaidh bheith níos giorra ná aon mhí amháin.

3.  Nuair atá an Coimisiún den tuairim nach gcomhlíonann beart a glacadh faoin Airteagal seo na coinníollacha arna leagan amach i mír 1, faoi réir cúiseanna ábhartha a chur faoi bhráid, féadfaidh sé iarraidh ar an mBallstát lena mbaineann an beart sin a leasú nó a aisghairm.

Airteagal 14

Gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a íoslaghdú

1.  Chun go bhféadfar an oibleagáid a thabhairt isteach maidir leis na gabhálacha uile a thabhairt i dtír san iascach faoi seach, i gcomhréir le hAirteagal 15 (an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír), féadfaidh na Ballstáit treoirthionscadail a chur ar bun, bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil agus tuairimí na gComhairlí ábhartha Comhairleacha á gcur san áireamh, d'fhonn féachaint ar na modhanna uile is infheidhmithe chun gabhálacha de thaisme in iascach a sheachaint, a íoslaghdu agus a dhíothú.

2.  Féadfaidh na Ballstáit "atlas na n-ábhar muirí aischurtha" a sholáthar ina léireofar leibhéal na n-ábhar muirí aischurtha i ngach iascach a chumhdaítear faoi Airteagal 15(1).

Airteagal 15

Oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír

1.  Tabharfar agus coimeádfar ar bord árthaí iascaireachta, gach gabháil de speicis a bheidh faoi réir teorainneacha gabhála agus lena n-áirítear chomh maith gabhálacha sa Mheánmhuir de speicis a bheidh faoi réir íosmhéideanna mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 iad, má ghabhtar iad le linn gníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí an Aontais nó má ghabhann soithí iascaireachta an Aontais iad in uiscí lasmuigh d'uiscí an Aontais nach bhfuil faoi réir cheannasacht nó faoi réir dhlínse tríú tíortha sna hiascaigh agus sna limistéir gheografacha a liostaítear anseo thíos, agus déanfar na gabhálacha sin a thaifeadadh agus a thabhairt i dtír agus a chomhaireamh faoi na cuótaí i gcás inarb infheidhme seachas má úsáidtear iad mar bhaoite beo, i gcomhréir leis an amchlár seo a leanas:

(a) Faoin 1 Eanáir 2015 ar a dhéanaí:

 iascaigh bheaga pheiligreacha (i.e. iascaigh maidir le ronnach, scadán, bolmán, faoitín gorm, torciasc, ainseabhaí, airgintín, mionsairdín, salán);

 iascaigh mhóra peiligreacha (i.e. iascaigh maidir le tuinnín gorm, colgán, tuinnín colgach, tuinnín mórshúileach, mairlín gorm agus mairlín geal);

 iascaigh le haghaidh iascaireachta tionsclaíche (inter alia iascaigh maidir le caibeallán, corr ghainimh agus troscán Lochlannach);

 iascaigh do bhradán sa Mhuir Bhailt.

(b) Ón 1 Eanáir 2015 ar a dhéanaí maidir le speicis lena sainítear na hiascaigh agus tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2017 ar a dhéanaí do gach speiceas eile in iascaigh in uiscí an Aontais sa Mhuir Bhailt maidir le speicis atá faoi réir teorainneacha gabhála seachas na cinn a chumhdaítear le pointe (a).

(c) Faoin 1 Eanáir 2016 ar a dhéanaí maidir le speicis lena sainítear na hiascaigh agus ón 1 Eanáir 2019 ar a dhéanaí do gach speiceas eile:

(i) an Mhuir Thuaidh

 iascaigh maidir le trosc cadóg, faoitín, glasán;

 iascaigh maidir leis an ngliomach Lochlannach;

 iascaigh maidir le sól coiteann agus leathóg;

 iascaigh maidir le colmóir;

 iascaigh maidir le séacla Artach;

(ii) Uiscí an Iarthuaiscirt

 iascaigh maidir le trosc cadóg, faoitín, glasán;

 iascaigh maidir leis an ngliomach Lochlannach;

 iascaigh maidir le sól coiteann agus leathóg;

 iascaigh maidir le colmóir;

(iii) Uiscí an Iardheiscirt

 iascaigh maidir leis an ngliomach Lochlannach;

 iascaigh maidir le sól coiteann agus leathóg;

 iascaigh maidir le colmóir;

(iv) iascaigh eile maidir le speiceas atá faoi réir teorainneacha gabhála.

(d) Faoin 1 Eanáir 2017 ar a dhéanaí maidir le speicis lena sainítear na hiascaigh agus tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2019 maidir le gach speiceas eile in iascaigh nach gcumhdaítear le pointe (a) sa Mheánmhuir, sa Mhuir Dhubh agus in uiscí uile eile de chuid an Aontais agus neamh-Aontais nach bhfuil faoi réir cheannasacht nó faoi réir dhlínse tríú tíortha

2.  Beidh mír 1 gan dochar do na hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 46, chun na hoibleagáidí idirnáisiúnta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, lena n-áirítear, go háirithe, maoluithe ó na hoibleagáidí maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír faoin Airteagal seo.

3.  I gcás ina n-aontaíonn na Ballstáit uile a bhfuil leas díreach bainistíochta acu in iascach ar leith gur cheart feidhm bheith ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír maidir le speicis seachas na speicis sin liostaítear i mír 1, féadfaidh siad moladh comhpháirteach a thíolacadh go gcuimseodh cur i bhfeidhm na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír i bhfeidhm speicis eile. Chuige sin, beidh feidhm ag Airteagal 18(1) go (6) mutatis mutandis. I gcás ina dtiolacfar an moladh comhpháirteach sin, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 46, ina bhfuil bearta den sórt sin.

4.  Ni bheidh feidhm ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír dá dtagraítear i mír 1 maidir leis an méid seo a leanas:

(a) speicis a bhfuil lánchosc iascaireachta ina leith agus a shainaithnítear mar sin i ngníomh dlí de chuid an Aontais a glacadh i réimse CBI;

(b) speicis a bhfuil fianaise eolaíoch ann maidir lena rátaí arda slánaithe, agus gnéithe an trealaimh, na nósanna iascaireachta agus an éiceachórais á gcur san áireamh;

(c) gabhálacha a thiteann faoi dhíolúintí de minimis;

▼M2

(d) éisc a bhfuil an chuma orthu go bhfuil damáiste déanta dóibh ag creachadóirí.

▼B

5.  Leagfar síos go sonrach cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt i dtír sna pleananna ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 9, in Airteagal 10 agus, nuair is ábhartha, sonrófar sin a thuilleadh i gcomhréir le hAirteagal 18, lena n-áirítear:

▼M2

(a) forálacha sonracha maidir le hiascaigh nó speicis a chumhdaítear faoin oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír dá dtagraítear i mír 1, amhail na bearta teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 7(2), atá dírithe ar roghnaíocht trealaimh a mhéadú nó gabhálacha de thaisme a laghdú nó, a mhéid is féidir, a dhíothú;

▼B

(b) sonraíocht na díolúine ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír maidir le speicis dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 4;

(c) forálacha díolúine ón oibleagáid de minimis suas le 5 % de na gabhálacha bliantúla iomlána maidir le speicis faoi reir na hoibleagáide gabhálacha a thahairt i dtír mar a thagraíter i mír 1. Beidh an díolúine de minimis i bhfeidhm sna cásanna a leanas:

(i) i gcás ina dtabharfar fianaise eolaíoch le fios go bhfuil méaduithe sa roghnaíocht an-deacair le baint amach; nó

(ii) chun costais dhíréireacha a sheachaint maidir leis láimhseáil ghabhálacha de thaisme, don trealamh iascaireachta sin i gcás nach mó na gabhálacha de thaisme leis an trealamh sin ná céatadán áirithe, atá fós le socrú, de ghabháil iomlán ilbhliantúil an trealaimh sin.

Ní dhéanfar gabhálacha faoi na forálacha dá dtagraítear i bpointe (c) seo a chomhaireamh in aghaidh na gcuótaí ábhartha ach déanfar taifead iomlán ar gach gabháil den sórt sin.

Le haghaidh idirthréimhse ceithre bliana, méadóidh céatadán na ngabhálacha bliantúla iomlána dá dtagraítear i bpointe (c):

(i) dhá phointe céatadáin don chéad dhá bhliain tar éis don oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír teacht i bhfeidhm; agus

(ii) aon phointe céatadáin amháin sa dá bhliain ina dhiaidh sin;

(d) forálacha maidir le doiciméadú gabhálacha;

(e) íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a shocrú, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir le mír 10.

6.  I gcás nach nglactar aon phlean ilbhliantúil ná aon phlean bainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 don iascach atá i dtrácht, cumhachtófar don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo, gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 46 den Rialachán seo, a ghlacadh lena leagtar síos ar bhonn sealadach agus ar feadh tréimhse nach faide ná trí bliana, plean sonrach maidir le hábhar muirí aischurtha ina bhfuil na sonraíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (e) de mhír 5 den Airteagal seo. Féadfaidh na Ballstáit comhoibriú, i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo, agus pleananna den sórt sin á dtarraingt suas chun go nglacfaidh an Coimisiún gníomhartha den sórt sin nó chun togra a thíolacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach.

7.  I gcás nach nglactar bearta d'fhonn an díolúine de minimis a shonrú, i bplean ilbhliantúil a glacadh i gcomhréir le mír 5 ná i bplean sonrach maidir le hábhar muirí aischurtha a glacadh i gcomhréir le mír 6, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 46, an díolúine de minimis dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 4 a bheidh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointe (c)(i) nó (ii)de mhír 5, nach rachaidh thar níos mó ná 5 % de líon iomlán na ngabhálacha de gach speiceas a bhfuil oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i bhfeidhm ina leith faoi mhír 1. Glacfar an díolúine de minimis sin ionas go mbeidh feidhm leis ón dáta a dtiocfaidh an oibleagáid ábhartha gabhálacha a thabhairt i dtír i bhfeidhm.

8.  De mhaolú ar an oibleagáid gabhálacha a chomhaireamh in aghaidh na gcuótaí ábhartha i gcomhréir le mír 1, féadfar gabhálacha atá faoi réir oibleagáide lena dtabhairt i dtír ach atá os cionn chuóta na stoc atá i gceist, nó gabhálacha speiceas nach bhfuil aon chuóta ag an mBallstát ina leith, a bhaint den chuóta don spriocspeiceas ar choinníoll nach sáraítear 9 % den chuóta don spriocspeiceas. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil sin ach amháin i gcás ina bhfuil stoc an speicis nach spriocspeicis iad laistigh de theorainneacha bitheolaíocha sábháilte.

9.  Maidir le stoic a bheidh faoi réir oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, féadfaidh Ballstáit solúbthacht bliain go bliain a úsáid i ndáil lena ngabhálacha ceadaithe suas go dtí 10 %. Chun na críche sin, féadfaidh Ballstát a cheadú cainníochtaí breise den stoc a thabhairt i dtír, ar stoc é atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, ar choinníoll nach dtéann na cainníochtaí sin thar 10 % den chuóta a cionroinneadh ar an mBallstát sin. Beidh feidhm ag Airteagal 105 de Rialachán (CE) Uimh 1224/2009 ón gComhairle maidir le Rialú.

10.  Féadfar íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a bhunú d'fhonn cosaint na n-óg-orgánach muirí a dheimhniú.

11.  Maidir leis na speicis atá faoi réir oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír arna sainiú i mír 1, cuirfear teorainn le húsáid ghabhálacha na speiceas atá faoin íosmhéid tagartha caomhnaithe ar mhaithe le spriocanna seachas go díreach mar bhia don duine, lena n-áirítear min éisc, ola éisc, bia peataí, breiseáin bia, cógasaíocht agus cosmaidí.

12.  Maidir leis na speicis nach mbeidh faoi oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír mar a shonraítear i mír 1, ní choimeádfar ar bord gabhálacha na speiceas a bheidh faoi na híosmhéideanna tagartha caomhnaithe ach caithfear iad láithreach ar ais isteach san fharraige.

13.  Ar mhaithe le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na hoibleagáide chun gach gabháil a thabhairt i dtír, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh doiciméadú cruinn, sonraithe ann faoi na turasanna iascaireachta uile agus go mbeidh acmhainní agus modhanna leordhóthanacha ann, mar shampla breathnóirí, teilifís chiorcaid iata (CCTV) a úsáid. Urramóidh na Ballstáit prionsabal na héifeachtúlachta agus na comhréireachta, agus an méid sin á dhéanamh.

▼M2

14.  Faoin 31 Bealtaine 2016, agus faoin 31 Bealtaine gach bliain ina dhiaidh sin go dtí 2020, agus an bhliain sin san áireamh, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle ar chur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, ar bhonn faisnéis arna tarchur chuig an gCoimisiúin ag na Ballstáit, ag na Comhairlí Comhairleacha agus ag foinsí ábhartha eile.

Beidh an méid a leanas sna tuarascálacha bliantúla:

 na céimeanna atá tugtha ag na Ballstáit agus ag eagraíochtaí táirgeoirí chun go gcomhlíonfaidh siad an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír;

 na céimeanna atá déanta ag na Ballstáit maidir le rialú ar chomhlíonadh na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír;

 faisnéis faoin tionchar socheacnamaíoch atá ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír;

 faisnéis faoin éifeacht atá ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír ar shábháilteacht ar bord soithí iascaireachta;

 faisnéis faoi úsáid agus asraonta gabhálacha atá faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe de speiceas atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír;

 faisnéis faoi bhonneagar calafoirt agus feistiú soithí maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír;

 i gcás gach iascaigh lena mbaineann, faisnéis faoi na deacrachtaí a bhain le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír agus moltaí chun aghaidh a thabhairt orthu.

▼B

Airteagal 16

Deiseanna iascaireachta

1.  Áiritheoidh na deiseanna iascaireachta atá cionroinnte ar na Ballstáit cobhsaíocht choibhneasta sna gníomhaíochtaí iascaireachta de gach Ballstát le haghaidh gach stoic éisc nó gach iascaigh. Cuirfear leasanna gach Ballstáit san áireamh agus deiseanna iascaireachta nua á gcionroinnt.

2.  Nuair a thugtar isteach an oibleagáid maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír i ndáil le stoc éisc, socrófar deiseanna iascaireachta trí aird á tabhairt ar an athrú ó dheiseanna iascaireachta a shocrú a bheidh ina léiriú ar ghabhálacha a thabharfar i dtír go deiseanna iascaireachta a shocrú a bheidh ina léiriú ar ghabhálacha ar an mbonn nach gceadófar don stoc sin a chuileáil a thuilleadh don chéad bhliain agus do na blianta ina dhiaidh sin.

3.  I gcás ina léiríonn fianaise nua eolaíoch go bhfuil difríocht mhór idir na deiseanna iascaireachta a socraíodh le haghaidh stoc sonrach agus staid an stoic sin iarbhír, féadfaidh Ballstáit a bhfuil leas díreach bainistíochta acu iarraidh réasúnaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le togra a thíolacadh chun an éagorthromaíocht sin a mhaolú agus na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2(2) á n-urramú.

4.  Socrófar deiseanna iascaireachta i gcomhréir leis na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 2(2) agus comhlíonfaidh siad na spriocanna ama inchainníochtaithe, na hamchláir agus na corrlaigh a bhunófar i gcomhréir le hAirteagal 9(2) agus le pointe (b) agus pointe (c) d'Airteagal 10(1).

5.  Bunófar bearta maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú is a chionroinnt do thríú tíortha in uiscí an Aontais i gcomhréir leis an gConradh.

6.  Déanfaidh gach Ballstát cinneadh faoin gcaoi a ndéanfar deiseanna iascaireachta a leithroinnfear dó agus nach bhfuil faoi réir ag córas lamháltas iascaireachta inaistrithe a chionroinnt ar shoithí faoina bhratach, mar shampla trí dheiseanna iascaireachta indibhidiúla a chruthú mar shampla. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoin modh cionroinnte.

7.  Maidir le leithdháileadh na ndeiseanna iascaireachta a bhaineann le hiascach measctha, cuirfidh Ballstáit an comhdhéanamh is dóchúla a bheidh ar ghabhálacha na soitheach atá rannpháirteach in iascach den sórt sin san áireamh.

8.  Tar éis dóibh fógra a thabhairt don Choimisiún, féadfaidh na Ballstáit na deiseanna iascaireachta a chionroinnfear orthu a mhalartú go hiomlán nó i bpáirt.

Airteagal 17

Critéir maidir le deiseanna iascaireachta a chionroinnt ar na Ballstáit

Agus na deiseanna iascaireachta atá ar fáil, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 16, á gcionroinnt ar na Ballstáit, bainfidh na Ballstáit leas as critéir trédhearcacha, oibiachtúla lena n-áirítear critéir maidir leis an gcomhshaol agus de chineál sóisialta agus eacnamaíoch. Féadfar a áireamh leis na critéir a bheidh le húsáid, inter alia, tionchar na hiascaireachta ar an gcomhshaol, an comhlíonadh go dtí seo, an rannchuidiú leis an ngeilleagar áitiúil agus leibhéil stairiúla gabhála. Faoi chuimsiú na ndeiseanna iascaireachta a leithroinntear dóibh, déanfaidh na Ballstáit iarracht dreasachtaí a chur ar fáil do shoithí iascaireachta a bhfuil leas á bhaint acu as trealamh iascaireachta roghnaíoch nó as teicnící iascaireachta a laghdaíonn an tionchar ar an gcomhshaol, amhail tomhailt laghdaithe fuinnimh nó maolú ar an damáiste a dhéantar don ghnáthóg.



TEIDEAL III

Réigiúnú

Airteagal 18

Comhar réigiúnach maidir le bearta caomhnaithe

1.  I gcás ina dtugtar cumhachtaí don Choimisiún, lena n-áirítear i bpleana ilbhliantúil arna bhunú de bhun Airteagal 9 agus Airteagal 10, chomh maith le i gcásanna dá bhforáiltear in Airteagal 11 agus in Airteagal 15(6), chun bearta a ghlacadh trí bhíthinn gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme, maidir le beart caomhnaithe de chuid an Aontais is infeidhme i réimse gheografach, féadfaidh Ballstáit a bhfuil leas bainistithe acu dá ndéanann na bearta seo difear dó teacht ar chomhaontú moltaí comhpháirteacha a chur faoi bhráid lena ndírítear ar chuspóirí na mbeart ábhartha, pleananna ilbhliantúla nó pleananna sonracha aschuir de chuid an Aontais a ghlacadh. Ní ghlacfaidh an Coimisiún aon ghníomh tarmligthe nó cur chun feidhme roimh an dáta éaga do Bhallstáit moltaí a chur faoi bhráid. Nóta.

2.  Chun críche mír 1, rachaidh na Ballstáit a bhfuil leas bainistithe acu dá ndéanann na bearta seo difear dóibh i mbun comhair lena chéile maidir le moltaí comhpháirteacha a fhoirmliú. Rachaidh siad i mbun comhairle leis an gComhairle Chomhairleach (na Comhairlí Comhairleacha) lena mbaineann. Éascóidh an Coimisiún an comhar idir Bhallstáit, lena n-áirítear nuair is gá trína áirithiú gur féidir rannchuidiú eolaíoch ó chomhlachtaí ábhartha eolaíochta a fháil.

3.  Nuair a chuirtear isteach faoi mhír 1 moladh comhpháirteach, féadfiadh an Coimisiún na bearta sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme ar choinníoll go bhfuil moladh den sórt sin in oiriúint don bheart caomhnaithe ábhartha agus/nó don plean ilbhliantúil.

4.  Nuair a bhaineann an beart caomhnaithe le stoc éisc ar leith a roinntear le tríú tíortha agus a bhainistítear le heagraíochtaí iascaireachta iltaobhacha nó faoi comhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha, déanfaidh an tAontas gach iarracht chun teacht ar chomhaontú leis na comhpháirtithe ábhartha chun na bearta caomhnaithe arna leagan amach in Airteagal 2 a bhaint amach.

5.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na moltaí comhpháirteacha maidir le bearta caomhnaithe atá le glacadh de bhun mhír 1 bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil agus go gcomhlíonann siad na ceanglais seo a leanas:

(a) comhoiriúnach do na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2;

(b) go mbeidh siad comhoiriúnach do raon feidhme agus do chuspóirí bheart caomhnaithe ábhartha;

(c) comhoiriúnach don raon feidhme agus go gcomhlíonann siad cuspóirí agus spriocanna inchainníochtaithe arna leagan amach go héifeachtúil i bplean ilbhliantúil ábhartha;

(d) go mbeidh siad chomh dian céanna ar a laghad le bearta faoi dhlí an Aontais.

6.  Mura bhfuil gach Ballstát in ann teacht ar chomhaontú maidir le moltaí comhpháirteacha atá le cur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le mír 1 laistigh de spriocdháta atá leagtha síos nó má mheastar nach bhfuil na cómholtaí maidir le bearta caomhnaithe comhoiriúnach do chuspóirí agus spriocanna inchainníochtaithe na mbeart caomhnaithe atá i gceist, féadfaidh an Coimisiún togra le haghaidh beart iomchuí a thíolacadh i gcomhréir leis an gConradh.

7.  Sa bhreis ar na cásanna dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh na Ballstáit sin a bhfuil leas díreach bainistíochta acu maidir le hiascaigh i limistéar geografach sainráite, cómholtaí comhpháirteacha a dhéanamh freisin le cur faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na bearta a bheidh le moladh nó le glacadh aige.

8.  Mar mhodh forlíontach nó malartach le haghaidh comhair réigiúnaigh, tabharfar de chumhacht do na Ballstáit, i mbeart caomhnaithe de chuid an Aontais a bhfuil feidhm aige maidir le limistéar ábhartha geografach, lena n-áirítear i bplean ilbhliantúil a bhunaítear de bhun Airteagal 9 agus Airteagal 11, bearta a ghlacadh laistigh de spriocam socraithe ina sonrófar tuilleadh an bearta caomhnaithe sin. Oibreoidh na Ballstáit a bhfuil leas bainistithe acu dá ndéanann na bearta seo difear dóibh i ndlúthchomhar le chéile agus na bearta sin á nglacadh. Beidh feidhm ag mír 2, mír 4 agus mír 5 den Airteagal seo mutatis mutandis. Beidh páirt ag an gcoimisiún ann agus cuirfear a chuid barúlacha san áireamh. Ní ghlacfaidh an Ballstát ábhartha a bhearta náisiúnta féin ach amháin má thagann gach Ballstát lena mbaineann ar chomhaontú maidir le hábhar na mbeart. Nuair a mheasann an Coimisiún nach gcomhlíonann beart an Bhallstáit na coinníollacha arna leagan amach sa bheart ábhartha caomhnaithe, féadfaidh sé, faoi réir cúiseanna ábhartha a thabhairt, iarraidh ar an mBallstát/na Ballstáit lena mbaineann an beart ábhartha a leasú nó a aisghairm.



TEIDEAL IV

Bearta náisiúnta

Airteagal 19

Bearta Ballstát atá infheidhme i leith soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu nó i leith daoine atá bunaithe ar a gcríoch

1.  Féadfaidh Ballstát bearta a ghlacadh chun stoic éisc a chaomhnú in uiscí an Aontais ar an gcoinníoll go gcomhlíonann na bearta sin na ceanglais seo a leanas:

(a) i bhfeidhm i leith soithí iascaireachta faoi bhratach an Bhallstáit sin amháin nó, i gcás gníomhaíochtaí iascaireachta nach ndéanann soithí iascaireachta iad, i leith daoine atá bunaithe sa chuid sin dena gcríoch ina bhfuil an Conradh infheidhme;

(b) comhoiriúnach do na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2;

(c) chomh dian céanna ar a laghad le bearta faoi dhlí an Aontais.

2.  Chur críocha rialaithe, tabharfaidh Ballstát fógra do na Ballstáit eile lena mbaineann maidir leis na forálacha a glacadh de bhun mhír 1.

3.  Cuirfidh na Ballstáit faisnéis iomchuí ar fáil don phobal maidir leis na bearta a glacadh i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Airteagal 20

Bearta Ballstáit laistigh den chrios 12 mhuirmhíle

1.  Féadfaidh Ballstát bearta neamh-idirdhealaitheacha a dhéanamh chun stoic éisc a chaomhnú agus a bhainistiú agus chun stádas caomhnaithe éiceachórais na mara a chothabháil nó a fheabhsú laistigh de chrios 12 mhuirmhíle óna bhonnlínte ar an gcoinníoll nach bhfuil bearta glactha ag an Aontas a théann i ngleic go sonrach le caomhnú agus le bainistiú an limistéir sin nó a thugann aghaidh go sonrach ar an bhfadhb a shainaithin an Ballstát lena mbaineann. Beidh bearta an Bhallstáit comhoiriúnach do na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 agus beidh siad chomh dian céanna ar a laghad le bearta faoi dhlí an Aontais.

2.  I gcás ina bhféadfadh tionchar a bheith ag bearta caomhnaithe agus bearta bainistíochta atá le glacadh ag Ballstát ar shoithí iascaireachta de chuid Ballstáit eile, ní ghlacfar na bearta sin ach tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, leis na Ballstáit iomchuí agus leis na Comhairlí Comhairleacha iomchuí i dtaobh dréachta de na bearta agus beidh meabhrán míniúcháin ag gabháil leis an dréacht sin a léireoidh, inter alia, go bhfuil na bearta sin neamh-idirdhealaitheach. Don chomhairliúchán sin, féadfaidh an Ballstát atá ag lorg comhairle spriocam réasúnta a leagan síos ach nach bhféadfaidh bheith níos giorra ná dhá mhí.

3.  Cuirfidh na Ballstáit faisnéis iomchuí ar fáil don phobal maidir leis na bearta a glacadh i gcomhréir leis an Airteagal seo.

4.  Nuair atá an Coimisiún den tuairim nach gcomhlíonann beart a glacadh faoin Airteagal seo na coinníollacha arna leagan amach i mír 1, faoi réir cúiseanna ábhartha a chur faoi bhráid, féadfaidh sé iarraidh ar an mBallstát lena bhaineann an beart ábhartha a leasú nó a aisghairm.



CUID IV

AN ACMHAINN IASCAIREACHTA A BHAINISTIÚ

Airteagal 21

Córais lamháltas iascaireachta inaistrithe a bhunú

Féadfaidh na Ballstáit córas lamháltas iascaireachta inaistrithe a bhunú. Déanfaidh Ballstáit a bhfuil córas mar sin acu clár a bhunú agus a choinneáil maidir leis an gcóras lamháltas iascaireachta inaistrithe.

Airteagal 22

Acmhainn iascaireachta a choigeartú agus a bhainistiú

1.  Cuirfidh na Ballstáit, le himeacht aimsire, bearta i bhfeidhm chun acmhainn iascaireachta a gcuid cabhlach a choigeartú dá gcuid deiseanna ionchasacha iascaireachta, agus treochtaí á gcur san áireamh acu agus beidh na bearta sin bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr, ionas go mbeadh cothromaíocht chobhsaí, sheasmhach eatarthu.

2.  D'fhonn an cuspóir dá dtagraítear i mír 1 a bhaint amach, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil, maidir leis an gcothromaíocht idir acmhainn iascaireachta a gcuid cabhlach agus a ndeiseanna iascaireachta, chuig an gCoimisiún faoin 31 Bealtaine gach bliain. Chun cur chuige coiteann a éascú ar fud an Aontais, cuirfear an tuarascáil sin i dtoll a chéile i gcomhréir le treoirlínte coiteanna a fhéadfaidh an Coimisiún a fhorbairt, lena léireofar na paraiméadair ábhartha theicniúla, shóisialta agus eacnamaíocha.

3.  Beidh an measúnú bliantúil ar acmhainn na gcabhlach náisiúnta agus chodanna uile na gcabhlach de chuid gach Bhallstáit sa tuarascáil. Sa tuarascáil, déanfar iarracht ró-acmhainn struchtúrach a aithint de réir an choda agus measfar brabúsacht fhadtéarmach de réir an choda. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí.

4.  Maidir leis an measúnú dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1a, deanfaidh na Ballstáit an anailís a dhéanann siad ar an gcothromaíocht idir acmhainn iascaireachta a gcabhlach agus a ndeiseanna iascaireachta a bhunú. Dréachtófar measúnuithe ar leith do chabhlaigh a fheidhmíonn sna réigiúin is forimeallaí agus do shoithí a fheidhmíonn lasmuigh d'uiscí an Aontais.

Má léirítear go soiléir leis an measúnú nár rinneadh an acmhainn iascaireachta a chothromú go héifeachtach le deiseanna iascaireachta, ullmhóidh an Ballstát plean gnímh do na codanna de chabhlaigh a bhfuil ró-acmhainn struchtúrach acu atá sainaitheanta agus cuirfidh sé ina thuarascáil é. Leagfar amach sa phlean gnímh na spriocanna coigeartaithe agus na huirlisí chun an chothromaíocht a bhaint amach agus amchlár soiléir lena chur chun feidhme.

Ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil, ar bhonn bliaintiúil, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an gcothromaíocht idir acmhainn iascaireachta chabhlaigh na mBallstát agus na deiseanna iascaireachta atá acu i gcomhréir leis na treoirlínte dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1. Áireofar sa tuarascáil sin pleananna gníomhaíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Cuirfear an chéad tuarascáil isteach faoin 31 Márta 2015. I gcás ina mainnítear an tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 a chur i dtoll a chéile, agus/nó i gcás ina mainnítear an plean gníomhaíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a chur chun feidhme, d'fhéadfadh go gcuirfí fionraíocht chomhréireach nó briseadh comhréireach i bhfeidhm i ndáil leis ar an gcúnamh airgeadais ábhartha a thugann an tAontas don Bhallstát sin ar mhaithe le hinfheistiú sa chabhlach sa chuid sin nó sna codanna sin don chabhlach lena mbaineann i gcomhréir le gníomh de chuid an Aontais amach anseo lena mbunaítear na conníollacha do chúnamh airgeadais i ndáil le tacaíocht do bheartas muirí agus iascaigh don tréimhse 2014-2020.

5.  Ní cheadófar imeacht ón gcabhlach le tacaíocht ó chabhair phoiblí ach amháin má dhéantar an ceadúnas iascaireachta agus na húdaruithe iascaireachta a tharraingt siar roimh ré.

6.  Ní chuirfear acmhainn iascaireachta nua in ionad acmhainn iascaireachta na soithí iascaireachta a tarraingíodh siar trí chabhair phoiblí.

7.  Áiritheoidh na Ballstáit nach sáróidh acmhainn iascaireachta a gcabhlaigh, tráth ar bith ón 1 Eanáir 2014, na huasteorainneacha le haghaidh acmhainne iascaireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Airteagal 23

Scéim iontrála/scoir

1.  Bainisteoidh na Ballstáit iontrálacha ina gcabhlach agus scoireanna óna gcabhlach sa chaoi go mbeidh iontráil acmhainne nua sa chabhlach gan chúnamh poiblí á cúiteamh leis an scoir acmhainne roimhe gan chúnamh poiblí d'acmhainn a bhí ar a laghad den acmhainn chéanna.

2.  Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo a ghlacadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin a leagtar síos in Airteagal 47(2).

3.  Tráth nach déanaí ná 30 Nollaig 2018, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an scéim iontrála/scoir i bhfianaise an gaol a fhorbraítear idir acmhainn iascaireachta cabhlaigh agus deiseanna féidearthacha iascaireachta agus, nuair is iomchuí, molfaidh sé leasanna ar an scéim sin.

▼M1

4.  By way of derogation from paragraph 1, France shall be authorised, until 31 December 2025, to introduce new capacity without the withdrawal of an equivalent capacity for the various segments in Mayotte, as an outermost region within the meaning of Article 349 of the Treaty on the Functioning of the European Union (hereinafter "Mayotte"), referred to in Annex II.

▼B

Airteagal 24

Cláir de chabhlaigh iascaireachta

1.  Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis a thaifeadadh maidir le húinéireacht, le saintréithe an tsoithigh agus an trealaimh agus le gníomhaíochtaí shoithí iascaireachta an Aontais a bhfuil a mbratach ar foluain acu atá riachtanach i ndáil le bainistiú na mbeart arna mbunú faoin Rialachán seo.

2.  Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 faoi bhráid an Choimisiúin.

3.  Coimeádfaidh an Coimisiún clár de chabhlaigh iascaireachta an Aontais ina mbeidh an fhaisnéis a gheobhaidh sé de bhun mhír 2. Cuirfidh sé an clár de chabhlaigh iascaireachta an Aontais ar fáil don phobal agus áiritheoidh sé, ag an am céanna, go mbeidh sonraí pearsanta faoi chosaint leordhóthanach.

4.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar ceanglais oibríochtúla theicniúla le haghaidh taifeadta, formáid agus módúlachtaí tarchuir na faisnéise dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(2).



CUID V

BONN EOLAÍOCHTA LE BAINISTIÚ IASCAIGH

Airteagal 25

Ceanglais maidir le sonraí le haghaidh bainistithe iascaigh

1.  Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis na rialacha a glacadh maidir le faisnéis a bhailiú, aon sonraí bitheolaíochta, teicniúla, comhshaoil agus socheacnamaíocha a theastaíonn le haghaidh an iascach a bhainistiú a bhailiú, na sonraí sin bhainistiú agus a chur ar fáil do na húsáideoirí deiridh, lena n-áirítear comhlachtaí arna n-ainmniú ag an gCoimisiún. Beidh gnóthú agus bainistiú na sonraí sin incháilithe do chistiú tríd an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh i gcomhréir le gníomh de chuid an Aontais amach anseo lena mbunaítear na conníollacha do chúnamh airgeadais i ndáil le tacaíocht do bheartas muirí agus iascaigh don tréimhse 2014-2020. Leis na sonraí sin beifear in ann measúnú a dhéanamh, go háirithe, ar na nithe seo a leanas:

(a) an riocht ina bhfuil acmhainní bitheolaíocha na mara atá á saothrú,

(b) leibhéal na hiascaireachta agus an tionchar a bhíonn ag gníomhaíochtaí iascaireachta ar acmhainní bitheolaíocha na mara agus éiceachórais na mara, agus

(c) feidhmíocht shocheacnamaíoch na n-earnálacha iascaigh, dobharshaothraithe agus próiseála laistigh agus lasmuigh d'uiscí an Aontais.

2.  Bunófar bailiú agus bainistiú na sonraí sin agus an úsáid a bhaintear astu ar na prionsabail a leanas:

(a) cruinneas agus iontaofacht, agus bailiú ar bhealach tráthúil,

(b) an úsáid a bhaintear as sásraí comhordúcháin chun nach ndéanfar bailiúchán sonraí a dhúbailt ar mhaithe le cuspóirí éagsúla;

(c) sonraí a bhailítear a stóráil agus a chosaint ar bhealach slán i mbunachair ríomhairithe, agus iad a chur ar fáil don phobal i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear ar leibhéal comhiomlánaithe le rúndacht a áirithiú;

(d) rochtain ag an gCoimisiún, nó ag comhlachtaí atá ainmnithe aige, ar na bunachair shonraí náisiúnta agus ar na córais a úsáidtear chun na sonraí a bhailítear a phróiseáil ar mhaithe le fíorú go bhfuil na sonraí ann agus le cáilíocht na sonraí a fhíorú.

(e) fáil thráthúil ar na sonraí ábhartha agus ar na modheolaíochtaí faoi seach lena bhfuarthas iad, ag na comhlachtaí a bhfuil leas taighde nó bainistithe acu san anailís eolaíoch a dhéantar ar shonraí san earnáil iascaigh agus ag aon pháirtithe leasmhara, seachas i gcúinsí ina n-éilítear cosaint agus rúndacht faoi dhlí infheidhme an Aontais.

3.  Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiún gach bliain i ndáil le feidhmiú a gclár náisiúnta maidir le bailiú sonraí agus cuirfidh siad an tuarascáil sin ar fáil don phobal.

Measfaidh an Coimisiún an tuarascáil bhliantúil maidir le bailiú sonraí tar éis dul i gcomhairle lena chomhlacht comhairleach eolaíoch agus, nuair is iomchuí, leis na heagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBIanna) dár páirtí conarthach nó breathnóir é an Aontas agus comhlachtaí ábhartha idirnáisiúnta eolaíoch eile.

4.  Áiritheoidh na Ballstáit an comhordú náisiúnta i mbailiúchán agus i mbainistiú na sonraí eolaíochta le haghaidh bainistithe iascaigh, lena n-áirítear sonraí socheacnamaíocha. Chuige sin, ainmneoidh siad comhfhreagraí náisiúnta agus eagróidh siad cruinniú comhordaithe náisiúnta bliantúil. Cuirfear an Coimisiún ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí comhordaithe náisiúnta agus tabharfar cuireadh dó chuig na cruinnithe comhordaithe.

5.  Déanfaidh Ballstáit, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, a gcuid gníomhaíochtaí bailiúcháin sonraí a chomhordú le Ballstáit eile sa réigiún céanna, agus déanfaidh siad gach iarracht a gcuid gníomhaíochtaí a chomhordú le tríú tíortha a bhfuil ceannasacht nó dlínse acu ar uiscí sa réigiún céanna.

6.  Déanfar na sonraí a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid ar bhealach a bheidh éifeachtach ó thaobh costais de.

7.  Má mhainníonn Ballstát sonraí a bhailiú agus/nó sonraí a chur ar fáil d'úsáideoirí deiridh ar bhealach tráthúil, d'fhéadfadh go gcuirfí fionraíocht chomhréireach nó briseadh comhréireach i bhfeidhm i ndáil leis ar an gcúnamh airgeadais ábhartha a thugann an tAontas don Bhallstát sin, i gcomhréir le gníomh de chuid an Aontais amach anseo lena mbunaítear na conníollacha do chúnamh airgeadais i ndáil le tacaíocht do bheartas muirí agus iascaigh don tréimhse 2014-2020.

Airteagal 26

Dul i gcomhairle le comhlachtaí eolaíocha

Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na comhlachtaí eolaíocha iomchuí. Rachfar i gcomhairle le CETEI maidir le hábhair a bhaineann le beo-acmhainní uisceacha a chaomhnú, lena n-áirítear i dtaobh gnéithe bitheolaíochta, eacnamaíocha, comhshaoil, sóisialta agus teicniúla. Cuirfear bainistiú cuí na gcistí poiblí san áireamh sna comhairliúcháin a dhéanfar le comhlachtaí eolaíocha, chun nach ndéanfaidh comhlachtaí mar sin dúbailt ar an obair.

Airteagal 27

Taighde agus Comhairle Eolaíoch

1.  Cuirfidh na Ballstáit cláir thaighde agus nuála i gcrích maidir le dobharshaothrú agus leis an iascach. Déanfaidh siad comhordú ar a gclár taighde, nuála agus comhairle eolaíoch iascaigh le Ballstáit eile, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, i gcomhthéacs chreataí taighde agus nuála Aontais, lena mbaineann, i gcás inarb iomchuí, na Comhairlí ábhartha Comhairleacha. Beidh na gníomhaíochtaí sin incháilithe le haghaidh maoiniúcháin trí bhuiséad an Aontais i gcomhréir leis na gníomhartha dlíthiúla ábhartha de chuid an Aontais.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha, agus leas á bhaint inter alia as na hacmhainní airgeadais a bheidh ar fáil ag an Aontais agus trí chomhordú a dhéanamh lena chéile, go mbeidh inniúlachtaí agus acmhainní daonna iomchuí ar fáil don phróiseas comhairleach eolaíoch.



CUID VI

BEARTAS SEACHTRACH

Airteagal 28

Cuspóirí

1.  Chun a áirithiú go mbainisteofar agus go gcaomhnófar acmhainní bitheolaíocha muirí agus an comhshaol muirí ar bhealach inbhuanaithe, stiúrfaidh an tAontas a gcaidrimh sheachtracha iascaigh i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta agus le cuspóirí beartais, chomh maith leis na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 2 agus in Airteagal 3.

2.  Déanfaidh an tAontas na rudaí sonracha seo, go háirithe:

(a) tacóidh sé go gníomhach le heolas eolaíochta agus le comhairle eolaíochta agus cuirfidh sé leo;

(b) feabhsóidh sé comhtháiteacht bheartais thionscnaimh an Aontais, ag féachaint go háirtihe do ghníomhaíochtaí comhshaoil, trádála agus forbartha, agus neartóidh sé comhsheasmhacht na ngíomhaíochtaí a dhéantar i gcomhthéacs comhair um fhorbairt nó i gcomhthéacs comhair eolaíoch, theicniúil agus eacnamaíoch;

(c) cuirfidh sé le gníomhaíochtaí iascaireachta inbhuanaithe atá inmharthanach ó thaobh eacnamaíoch agus a chuireann fostaíocht chun cinn laistigh den Aontas;

(d) deimhneoidh sé go mbunófar gníomhaíochtaí iascaireachta laismuigh d'uiscí an Aontais ar na prionsabail agus na caighdeáin chéanna atá infheidhme faoi dhlí an Aontais i limistéar CBI agus cothrom iomaíochta á chur chun cinn aige d'oibreoirí Aontais vis-à-vis oibreoirí eile ó thríú tíortha.

(e) cuirfidh sé chun cinn an gníomh a dhéantar chun deireadh a chur le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte i ngach réimse idirnáisiúnta agus tacóidh sé leis an ngníomhaíocht sin;

(f) bunú agus neartú coistí comhlíontacha ERBIanna, athbhreithnithe tréimhsiúla neamhspleácha ar fheidhmíocht agus gníomhartha ceartaitheacha iomchuí a chur chun cinn, lena n-áirítear pionóis éifeachtacha agus athchomhairleacha, nach mór a chur i bhfeidhm ar bhealach trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach.

3.  Beidh forálacha na Coda sin gan dochar d'fhorálacha sonracha comhaontuithe idirnáisiúnta a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 218 den Chonradh.



TEIDEAL I

Eagraíochtaí idirnáisiúnta iascaigh

Airteagal 29

Gníomhaíochtaí an Aontais in eagraíochtaí idirnáisiúnta iascaigh

1.  Tacóidh an tAontas go gníomhach le gníomhaíochtaí eagraíochtaí idirnáisiúnta a dhéileálann le cúrsaí iascaigh, lena n-áirítear ERBInna, agus cuirfidh sé leo.

2.  Beidh seasamh an Aontais in eagraíochtaí idirnáisiúnta a dhéileálann le hiascach agus le ERBInna bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil lena áirithiú go ndéanfar acmhainní iascaigh a bhainistiú i gcomhréir leis na cuspóirí atá leagtha síos in Airteagal 2, go háirithe mír (2) agus pointe (c) de mhír 5 de. Iarrfaidh an tAontas an próiseas a stiúradh chun feidhmiú na ERBInna a láidriú ionas go mbeidh siad in ann na hacmhainní muirí beo atá faoina gcúram a chaomhnú agus a bhainistiú.

3.  Tacóidh an tAontas go gníomhach le forbairt sásraí iomchuí agus trédhearcacha maidir le deiseanna iascaireachta a leithdháileadh.

4.  Cothóidh an tAontas comhar i measc na ERBInna, comhsheasmhacht idir a gcreataí rialála faoi seach agus tacóidh siad le forbairt an eolais eolaíoch agus na comhairle lena áirithiú go ndéanfar a moltaí a bhunú ar chomhairle eolaíoch mar sin.

Airteagal 30

Forálacha idirnáisiúnta a chomhlíonadh

Comhoibreoidh an tAontas, tríd an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach("an Ghníomhaireacht") freisin, le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a dhéileálann le hiascach, lena n-áirítear ERBInna, chun comhlíonadh na mbeart a neartú, go háirithe na cinn lena ndéantar iascaireachta neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac, lena áirithiú go gcloítear go docht leis na bearta a ghlacann na heagraíochtaí idirnáisiúnta sin.



TEIDEAL II

Comhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe

Airteagal 31

Prionsabail agus cuspóirí Comhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe

1.  Bunaítear leis na Comhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe le tríú tíortha creat rialachais dlíthiúil, eacnamaíoch, comhshaoil agus sóisialta le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta an Aontais in uiscí tríú tíortha.

D'fhéadfaí go n-áireofaí an méid a leanas ar chreataí mar sin:

(a) forbairt agus tacaíocht le haghaidh na n-institiúidí riachtanacha eolaíoch agus taighde;

(b) inniúlachtaí faireacháin, rialaithe agus faireachais;

(c) gnéithe eile forbartha acmhainní a bhaineann le beartas iascaigh inbhuanaithe tríú tír a fhorbairt.

2.  Chun críche dúshaothraithe inbhuanaithe a áirithiú maidir le barrachas acmhainní bitheolaíocha muirí, féachfaidh an tAontas go bhfuil Comhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe le tríú tíortha chun leasa choitinn an Aontais agus an tríú tír lena mbaineann, lena n-áirítear a daonra áitiúil agus a tionscal iascaireachta agus go rannchuideoidh siad le gníomhaíocht chabhlaigh an Aontais a leanúint agus go ndíreoidh siad ar chion cuí den bharrachas atá ar fáil a bhaint amach, i gcomhréir le leas chabhlaigh an Aontais.

3.  Chun críche a áirithiú i gcomhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh Inbhuanaithe go n-oibreoidh soithí an Aontais a bhíonn ag iascaireacht faoi mar is iomchuí faoi chaighdeáin a bheidh comhchosúil leis na cinn sin ata infheidhme maidir le soithí iascaireachta an Aontais a bhíonn ag iascaireacht in uiscí an Aontais, déanfaidh an tAontas a dhícheall na forálacha iomchuí maidir leis na hoibleagáidí maidir le gabhálacha táirgí éisc agus iascaigh a thabhairt i dtír a áireamh sna Comhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe.

4.  Ní ghabhfaidh soithí iascaireachta an Aontais ach an barrachas gabhála den ghabháil incheadaithe dá dtagraítear in Airteagal 62(2) agus (3) de UNCLOS agus a aithnítear, ar bhealach soiléir agus trédhearcach, ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr atá ar fáil agus ar bhonn faisnéise ábhartha arna malartú idir an tAontas agus an tríú tír maidir leis an iarracht iomlán a dhéanfaidh na cabhlaigh uile maidir le hiascaireachta ar na stoic lena mbaineann. Maidir le stoic éisc thraslimistéir nó mhórimirceacha, ba cheart go dtabharfaí aird iomchuí ar na measúnuithe eolaíocha a dhéantar ar an leibhéil réigiúnach tráth a dhéanfar cinneadh maidir leis na hacmhainní atá ar fáil le haghaidh rochtana chomh maith leis an aird iomchuí a thabhairt ar bhearta caomhnaithe agus bainistithe arna nglacadh ag na ERBInna ábhartha.

5.  Ní fhéadfaidh soithí iascaireachta an Aontais oibriú in uiscí tríú tíortha lena bhfuil Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe i bhfeidhm mura bhfuil seilbh acu ar údarú iascaireachta a eisíodh i gcomhréir leis an gcomhaontú sin.

6.  Áiritheoidh an tAontas go gcuirfear clásal sna Comhaontuithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe maidir le hurraim do phrionsabail dhaonlathacha agus cearta an duine; beidh sé ina ghné bhunriachtanach de chomhaontú den sórt sin.

Áireofar an méid a leanas ar na comhaontuithe sin freisin, a mhéid is féidir:

(a) clásal lena gcuirtear cosc ar choinníollacha níos fabhraí a dheonú ar na cabhlaigh éagsúla iascaireachta sna huiscí sin, seachas na cinn a deonaíodh ar ghníomhaithe eacnamaithe an Aontais lena n-áirítear na cinn a bhaineann le caomhnú, forbairt agus bainistiú acmhainní, socruithe airgeadais, agus táillí agus cearta a bhaineann le húdaruithe iascaireachta a eisiúint;

(b) clásal eisiachais a bhaineann leis an riail dá bhforáiltear i mír 5.

7.  Déanfar iarrachtaí ar leibhéal an Aontais chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí shoithigh iascaireachta an Aontais a fheidhmíonn in uiscí neamh/Aontais lasmuigh de chreat Chomhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe.

8.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh soithigh iascaireachta de chuid an Aontais a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus a oibríonn lasmuigh d'uiscí an Aontais in ann doiciméadú mionsonraithe agus cruinn a thabhairt i ndáil leis na gníomhaíochtaí iascaireachta agus próiseála uile.

9.  Ní dheonófar údarú iascaireacht dá dtagraítear i mír 3a ar shoitheach a d'fhág clár de chabhlaigh iascaireachta an Aontais agus a tháinig ar ais chuige laistigh de 24 mí ina dhiaidh sin, mura chuir úinéir an tsoithigh sin na sonraí uile a éilítear ar fáil d'údaráis inniúla Bhallstát na brataí lena suí gur oibrigh an soitheach, le linn na tréimhse sin, ar bhealach iomlán comhsheasmhach leis na caighdeáin is infheidhme do shoitheach ar cuireadh bratach air san Aontas.

I gcás ina mbeidh an stát a dheonaíonn an bratach le linn na tréimhse a mbeidh an soitheach de chuid chlár cabhlaigh iascaireachta an Aontais, aitheanta faoi dhlí an Aontais mar stát neamh-chomhoibritheach i ndáil le hiascaireachta neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac, a dhíspreagadh agus dhíothú nó mar stát ina gceadaítear dúshaothrú neamh-inbhuanaithe beo-acmhainní uisceacha, gur scoireadh d'oibríochtaí iascaireachta an tsoithigh agus go ndearna an t-úinéir beart láithreach leis an tsoitheach a bhaint ó chlár an stáit sin.

10.  Déanfaidh an Coimisiún socraithe le haghaidh measúnuithe neamhspleácha ex-ante agus post-ante i ndáil le gach prótacal a ghabhann le Comhaontú comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe, agus cuirfidh sé iad ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle in am agus i dtráth sula gcuirfidh sé moladh faoi bhráid na Comhairle chun go dtabharfar údarú dul i mbun caibidlíochta do phrótacal comharba. Cuirfear achoimre ar mheastóireachtaí mar sin ar fáil don phobal.

Airteagal 32

Cúnamh airgeadais

1.  Cuirfidh an tAontas cúnamh airgeadais ar fáil do thríú tíortha trí bhíthin na gComhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe d'fhonn:

(a) tacú le cuid den chostas rochtana ar na hacmhainní iascaigh in uiscí tríú tír; déanfar measúnú ar an gcuid den chostas rochtana a bheidh le híoc ag úinéirí shoithí an Aontais maidir le gach Comhaontú comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe nó le Prótacal de agus go mbeidh na costais cothrom, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach leis na tairbhí a fhaightear mar gheall ar na dálaí rochtana;

(b) an creat rialachais a bhunú, lena n-áirítear forbairt agus cothabháil na n-institiúidí riachtanacha eolaíocha agus taighde, próisis maidir le comhairliúchán le grúpaí leasmhara a chur chun cinn, agus acmhainn faireacháin, rialaithe agus faireachais agus eilimintí eile lenar féidir inniúlachtaí a neartú a bhaineann le beartas iascaigh inbhuanaithe a fhorbairt sa tríú tír. Beidh cúnamh airgeadais mar sin ag brath ar thorthaí sonracha a bhaint amach agus comhlántach agus comhsheasmhach le forbairt tionscadal agus clár a chuirtear chun feidhme sa tríú tír a bheidh i gceist.

2.  Faoi gach Comhaontú comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe, déanfar an cúnamh airgeadais do thacaíocht earnálach a dhíchúpláil ó íocaíochtaí do rochtain ar acmhainní iascaigh. Éileoidh an tAontas torthaí sonracha mar choinníoll do na híocaíochtaí faoin gcúnamh airgeadais, agus déanfaidh sé monatóireacht ghéar ar an dul chun cinn.



TEIDEAL III

Bainistiú stoic ar leas coiteann

Airteagal 33

Prionsabail agus cuspóirí maidir le bainistiú stoc ar leas coiteann iad don Aontas agus do thríú tíortha agus comhaontuithe maidir le malartú agus bainistiú compháirteach

1.  Nuair a bhaineann tríú tíortha úsáid as stoic ar leas coiteann iad freisin, oibreoidh an tAontas i gcomhar leis na tríú tíortha sin lena áirithiú go mbainistítear na stoic sin ar bhealach inbhuanaithe atá comhsheasmhachr leis an Rialachán seo, agus go háirithe leis an gcuspóir atá leagtha síos in Airteagal 2(2). I gcás nach dtagtar ar chomhaontú foirmiúil, déanfaidh an tAontas gach iarracht socruithe coitinne a leagan amach chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic mar sin d'fhonn go bhféadfaí bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh, go háirithe, maidir leis an gcuspóir atá in Airteagal 2(2), agus cothroime iomaíochta a chur chun cinn d'oibreoirí an Aontais ar an gcaoi sin.

2.  Chun dúshaothrú inbhuanaithe a dheimhniú maidir le stoic a roinntear le tríú tíortha agus chun cobhsaíocht ghníomhaíochtaí iascaireachta a chabhlach a ráthú freisin, tabharfaidh an tAontas i gcomhréir le UNCLOS faoi chomhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha a bhunú le tríú tíortha lena ndíreofar ar stoic a bhainistiú go comhpháirteach, lena n-áirítear rochtain agus dálaí rochtana ar uiscí agus ar acmhainní a bhunú de réir mar is iomchuí chomh maith le bearta caomhnaithe agus deiseanna iascaireachta a chomhchuibhiú agus a mhalartú.



CUID VII

DOBHARSHAOTHRÚ

Airteagal 34

Dobharshaothrú inbhuanaithe a chur chun cinn

1.  D'fhonn inbhuanaitheacht a chur chun cinn agus d'fhonn rannchuidiú leis an soláthar bia agus le soláthairtí, le fás agus le forbairt, bunóidh an Coimisiún treoirlínte straitéiseacha neamhcheangailteacha don Aontas maidir le comhthosaíochtaí agus comhspriocanna chun gníomhaíochtaí dobharshaothraithe inbhuanaithe a fhorbairt. Cuirfear na suíomhanna tosaigh ábhartha agus dálaí difriúla ar fud an Aontais san áireamh sna treoirlínte straitéiseacha sin agus beidh siad mar bhunús do phleananna straitéiseacha náisiúnta ilbhliantúla ina ndíreofar ar an méid a leanas:

(a) cumas iomaíochta thionscal an dobharshaothraithe a fheabhsú agus tacú le forbairt agus le nuálaíocht ann;

(b) an t-ualach riaracháin a laghdú agus cur chun feidhme dhlí an Aontais a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos freagraí do riachtanais na ngeallsealbhóirí;

(c) gníomhaíocht eacnamaíoch a spreagadh;

(d) an mianach saoil i gceantair chósta agus i gceantair intíre a éagsúlú agus a fheabhsú;

(e) gníomhaíochtaí dobharshaothraithe a chomhtháthú i bpleanáil mhuirí, chósta agus spásúlachta mhuirí.

2.  Faoin 30 Meitheamh 2014, bunóidh na Ballstáit plean straitéiseach náisiúnta ilbhliantúil chun forbairt a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí dobharshaothraithe ina gcríocha féin ….

3.  Áireofar sa phlean straitéiseach náisiúnta ilbhliantúil cuspóirí an Bhallstáit agus na bearta agus na hamchláir is gá le hiad a bhaint amach.

4.  Beidh na haidhmeanna seo a leanas go háirithe ag pleananna straitéiseacha náisiúnta ilbhliantúla:

(a) simpliú riaracháin, go háirithe maidir le meastúcháin agus measúnuithe tionchair agus ceadúnais;

(b) cinnteacht réasúnta d'oibreoirí dobharshaothraithe i ndáil le rochtain ar uiscí agus ar spás;

(c) táscairí maidir le hinbhuanaitheacht chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta;

(d) measúnú ar éifeachtaí eile a d'fhéadfadh tarlú thar theorainneacha, go háirithe ar acmhainní bitheolaíocha na mara agus ar éiceachórais na mara i mBallstáit chomharsanacha;

(e) sineirgí a chruthú idir na cláir taighde náisiúnta agus an comhar idir an tionscal agus an pobal eolaíoch;

(f) an buntáiste iomaíoch a bhaineann le bia inbhuanaithe ar ardcháilíocht a chur chun cinn;

(g) Cleachtais agus taighde dobharshaothraithe a chur chun cinn d'fhonn feabhas a chur ar na héifeachtaí dearfacha ar an gcomhshaol agus ar na hacmhainní éisc, agus tionchair dhiúltacha a laghdú, lena n-áirítear brú a laghdú ar na stoic éisc a úsáidtear le haghaidh táirgthe beatha, agus éifeachtúlacht acmhainní a ardú.

5.  Malartóidh Ballstáit faisnéis agus dea-chleachtais trí mhodh oscailte comhardaithe ar na bearta náisiúnta atá i bpleananna straitéiseacha ilbhliantúla náisiúnta.

6.  Spreagfaidh an Coimisiún faisnéis agus dea-chleachtas a mhalartú idir Bhallstáit agus éascóidh sé an comhordú de bhearta náisiúnta a fhéachtar sa phlean straitéiseach ilbhliantúil náisiúnta.



CUID VIII

COMHEAGRÚ NA MARGAÍ

Airteagal 35

Cuspóirí

1.  Bunófar comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe (comheagrú na margaí) ar mhaithe leis an méid seo a leanas:

(a) na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2 a bhaint amach, agus go háirithe le saothrú inbhuanaithe bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara;

(b) cur ar chumas thionscal an iascaigh agus thionscal an dobharshaothraithe CBI a chur i bhfeidhm ar an leibhéal iomchuí;

(c) cumas iomaíochta thionscal an iascaigh agus thionscal an dobharshaothraithe san Aontas a láidriú, go háirithe táirgeoirí;

(d) trédhearcacht agus cobhsaíocht na margaí a fheabhsú, go háirithe maidir le heolas eacnamaíoch agus tuiscint ar mhargaí an Aontais i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe feadh shlabhra an tsoláthair, agus chun a áirithiú go bhfuil cothromaíocht dháileadh an bhreisluacha feadh shlabhra luacha na hearnála níos cothroime agus faisnéis tomhaltóirí a fheabhsú agus feasacht a chur chun cinn, trí fhógra agus/nó lipéadú lena gcuirtear faisnéis chuimsitheach ar fáil;

(e) rannchuidiú lena áirithiú go mbeidh cothrom iomaíochta ann do gach táirge atá ar an margadh san Aontas trí shaothrú inbhuanaithe na n-acmhainní iascaigh a chur chun cinn;

(f) cuidiú lena áirithiú go mbeidh soláthar éagsúil táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe ag tomhaltóirí;

(g) foráil a dhéanamh d'fhaisnéis tomhaltóirí a bheidh infhíoraithe agus beacht maidir le thionscnamh táirge agus leis an mbealach ina ndearnadh táirgeadh air, go háirithe trí mharcáil agus lipéadú.

2.  Beidh feidhm ag comheagrú na margaí maidir le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ) a chuirtear ar an margadh san Aontas.

3.  Beidh comheagraíocht na margaí comhdhéanta go háirithe den mhéid seo a leanas:

(a) eagrú an tionscail, lena n-áirítear bearta chun an margadh a chobhsú;

(b) táirgeadh agus pleananna margaíochta na n-eagraíochtaí táirgeoirí iascaigh agus dobharshaothraithe;

(c) comhchaighdeáin mhargaíochta;

(d) faisnéis tomhaltóirí.



CUID IX

RIALÚ AGUS FORFHEIDHMIÚ

Airteagal 36

Cuspóirí

1.  Áiritheofar go gcomhlíonfar rialacha CBI trí bhíthin chóras éifeachtach rialaithe iascaigh an Aontais, lena n-áirítear an iascaireacht NNN a chomhrac.

2.  Bunófar rialú agus forfheidhmiú CBI go háirithe ar an méid a leanas agus beidh sé comhdhéanta de:

(a) cur chuige domhanda, comhtháite agus comhchoiteann;

(b) comhar agus comhordú idir Bhallstáit, an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht;

(c) éifeachtúlacht costais agus comhréireacht;

(d) úsáid teicneolaíochtaí rialaithe éifeachtacha i leith infhaighteacht agus chaighdeán na sonraí ar iascach;

(e) creat Aontais um rialú, um chigireacht agus um fhorfheidhmiú;

(f) straitéis bunaithe ar riosca atá dírithe ar chros-seiceáil chórasach agus uathoibríoch ar na sonraí ábhartha go léir atá ar fáil;

(g) cultúr comhlíontachta agus comhair a fhorbairt i measc na n-oibreoirí agus na n-iascairí ar fad.

Glacfaidh an tAontas bearta iomchuí i ndáil le tríú tíortha a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe.

3.  Glacfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun rialú, cigireacht agus forfheidhmiú gníomhaíochtaí a áirithiú a dhéantar faoi chuimsiú CBI, lena n-áirítear pionóis éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a bhunú.

▼M1

5.  By way of derogation from paragraph 1, France shall be exempted until 31 December 2021 from the obligation to include in its register of Union fishing vessels those vessels which are less than 10 metres in overall length and which operate from Mayotte.

6.  Until 31 December 2021, France shall keep a provisional register of fishing vessels which are less than 10 metres in overall length and which operate from Mayotte. That register shall contain at least the name, overall length and an identification code of each vessel. Vessels registered in the provisional register shall be considered to be vessels registered in Mayotte.

▼B

Airteagal 37

Sainghrúpa maidir le comhlíonadh

1.  Bunóidh an Coimisiún sainghrúpa maidir le comhlíonadh le go ndéanfar cur chun feidhme agus comhlíonadh na n-oibleagáidí faoi chóras rialaithe iascaigh an Aontais a mheasúnú, a éascú agus a neartú.

2.  Ionadaithe ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit a bheidh ar an sainghrúpa maidir le comhlíonadh. Ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa saineolaithe a chur chuig na cruinnithe a bheidh ag an sainghrúpa. Féadfaidh an Ghníomhaireacht cuidiú ag na cruinnithe a bheidh ag an sainghrúpa maidir le comhlíonadh i gcáil mar bhreathnóir.

3.  Go háirithe tabharfaidh an grúpa saineolaithe faoin méid a leanas:

(a) athbhreithniú rialta ar shaincheisteanna a bhaineann le comhlíonadh agus le cur chun feidhme faoi chóras rialaithe iascaigh an Aontais agus deacrachtaí comhleasa a d'fhéadfadh a bheith ann i ndáil le cur chun feidhme rialacha CBI a shainaithint;

(b) comhairle a fhoirmliú i ndáil le rialacha CBI a chur chun feidhme, lena n-áirítear cúnamh airgeadais Aontais a eagrú de réir tosaíochta; agus

(c) faisnéis a roinnt maidir le gníomhaíochtaí rialaithe agus cigireachta, lena n-áirítear iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac.

4.  Cuirfidh an Grúpa Saineolaithe maidir le comhlíonadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas ar bhonn rialta i dtaca leis na gníomhaíochtaí a bhaineann le comhlíonadh dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal 38

Treoirthionscadail maidir le teicneolaíochtaí rialaithe agus córais bhainistíochta sonraí nua

Féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit treoirthionscadail a chur ar bun maidir le teicneolaíochtaí rialaithe agus córais bhainistíochta sonraí nua.

Airteagal 39

Ranníocaíocht le costais rialaithe, chigireachta, forfheidhmithe agus bailithe sonraí

Féadfaidh na Ballstáit ceangal a chur ar a gcuid oibreoirí ranníoc go comhréireach leis na costais oibríochtúla a bhaineann le córas rialaithe iascaigh an Aontais a chur chun feidhme agus le bailiú sonraí.



CUID X

IONSTRAIMÍ AIRGEADAIS

Airteagal 40

Cuspóirí

Féadfar cúnamh airgeadais an Aontais a bhronnadh chun cuidiú leis na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 2 a bhaint amach.

Airteagal 41

Coinníollacha maidir le cúnamh airgeadais do Bhallstáit

1.  Faoi réir na gcoinníollacha a shonrófar i ngníomhartha dlíthiúla an Aontais is infheidhme, beidh cúnamh airgeadais an Aontais a thugtar do Bhallstáit ag brath ar rialacha CBI a bheith comhlíonta ag na Ballstáit.

2.  Mura gcomhlíonfaidh Ballstáit rialacha CBI, féadfar cur isteach ar íocaíochtaí nó iad a chur ar fionraí nó féadfar ceartú airgeadais a chur i bhfeidhm ar chúnamh airgeadais an Aontais faoi CBI. Beidh bearta den chineál sin comhréireach le cineál, tromchúis agus fad an neamhchomhlíonta, agus cibé an ndéantar é a athdhéanamh.

Airteagal 42

Coinníollacha maidir le cúnamh airgeadais d'oibreoirí

1.  Faoi réir na gcoinníollacha a shonrófar i ngníomhartha dlíthiúla an Aontais is infheidhme, beidh cúnamh airgeadais an Aontais a thugtar d'oibreoirí ag brath ar rialacha CBI a bheith comhlíonta ag oibreoirí.

2.  Faoi réir rialacha sonracha atá le glacadh, féadfar toirmeasc sealadach nó buan a chur ar an bhfáil atá ag oibreoirí ar chúnamh airgeadais an Aontais agus/nó cuirfear laghduithe airgeadais i bhfeidhm, má dhéanann oibreoirí sáruithe tromchúiseacha ar rialacha CBI. Beidh bearta den chineál, a dhéanfaidh an Ballstát, sin athchomhairleach, éifeachtach agus comhréireach le cineál, tromchúis, fad agus athdhéanamh na sáruithe tromchúiseacha.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit nach dtabharfar cúnamh airgeadais an Aontais ach amháin sa chás nach bhfuil aon phionóis forchurtha ar an oibreoir lena mbaineann mar thoradh ar sháruithe tromchúiseacha laistigh de thréimhse bliana amháin roimh dháta an iarratais ar chúnamh airgeadais an Aontais.



CUID XI

COMHAIRLÍ COMHAIRLEACHA

Airteagal 43

Comhairlí Comhairleacha a bhunú

1.  Bunófar Comhairlí Comhairleacha do gach ceantar geografach nó réimse inniúlachta atá leagtha amach in Iarscríbhinn III, chun ionadaíocht chothrom ar gach páirtí leasmhar a chur chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 45(1) agus cuidiú le baint amach na gcuspóirí atá leagtha síos in Airteagal 2.

2.  Go háirithe, bunófar na Comhairlí Comhairleacha nua a leanas, i gcomhréir le hIarscríbhinn III:

(a) Comhairle Chomhairleach um na réigiúin is forimeallaí, arna roinnt i dtrí chuid le haghaidh gach ceann de na himchuacha seo a leanas: An tAtlantach Thiar, an tAtlantach Thoir agus an tAigéan Indiach;

(b) Comhairle Chomhairleach um dhobharshaothrú;

(c) Comhairle Chomhairleach um margaí;

(d) Comhairle Chomhairleach um an Muir Dhubh.

3.  Bunóidh gach Comhairle Chomhairleach a rialacha nós imeachta féin.

Airteagal 44

Cúraimí na gComhairlí Comhairleacha

1.  Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, rachaidh an Coimisiún, i gcás inarb ábhartha, i gcomhairle leis na Comhairlí Comhairleacha.

2.  Féadfaidh na Comhairlí Comhairleacha:

(a) moltaí agus meabhraíochtaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus an Bhallstáit lena mbaineann maidir le hábhair a bhaineann le hiascaigh a bhainistiú agus le gnéithe socheachnamaíocha agus caomhnaithe iascach agus dobharshaothraithe. Go háirithe, féadfaidh Comhairlí Comhairleacha moltaí a chur isteach maidir le conas rialacha i ndáil le bainistiú iascach a shimpliú.

(b) an Coimisiún agus na Ballstáit a chur ar an eolas faoi fhadhbanna a bhaineann le bainistiú agus le gnéithe socheachnamaíocha agus caomhnaithe iascaigh agus, i gcás inarb iomchuí, le dobharshaothrú ina gceantar geografach nó ina réimse inniúlachta, agus moltaí a thabhairt chun na fadhbanna sin a shárú;

(c) rannchuidiú, i ndlúthchomhar le heolaithe, le bailiú, soláthar agus anailísiú na sonraí is gá chun bearta caomhnaithe a fhorbairt.

Má tá leas coiteann ag dhá Chomhairle Comhairleach nó níos mó ná sin, déanfaidh siad a seasaimh a chomhordú d'fhonn moltaí comhpháirteacha a ghlacadh maidir leis an gceist sin.

3.  Rachfar i gcomhairle le Comhairlí Comhairleacha maidir le moltaí comhpháirteacha de bhun Airteagal 18. Féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit dul i gcomhairle leo maidir le bearta eile freisin. Cuirfear an chomhairle a thugann siad san áireamh. Beidh na comhairliúcháin sin gan dochar do chomhairliúchán le STECF nó le comhlachtaí eolaíochta eile. D'fhéadfaí tuairimí na gComhairlí Comhairleacha a chur faoi bhráid na mBallstát uile lena mbaineann agus faoi bhráid an Choimisiúin.

4.  Tabharfaidh an Coimisiún agus, i gcás inarb ábhartha, an Ballstát lena mbaineann, freagra, laistigh de dhá mhí, ar aon mholadh nó ar aon mheabhraíocht nó ar aon fhaisnéis a gheofar de bhun mhír 1. I gcás ina n-imíonn na bearta deiridh a glacadh ó thuairimí, ó mholtaí nó ó mheabhraíochtaí na gComhairlí Comhairleacha a gheobhfar de bhun mhír 1, luafaidh an Coimisiún nó an Ballstát lena mbaineann na cúiseanna mionsonraithe i dtaobh cén chúis a n-imíonn siad óna chéile.

Airteagal 45

Comhdhéanamh, feidhmiú agus maoiniú na gComhairlí Comhairleacha

1.  Beidh na Comhairlí Comhairleacha comhdhéanta de:

(a) eagraíochtaí a ndéanann ionadaíocht ar iascach agus, i gcás inarb iomchuí, ar oibreoirí dobharshaothraithe, agus d'ionadaithe na hearnála próiseála agus margaíochta;

(b) grúpaí leasmhara eile a ndéanann CBI difear dóibh (mar shampla, eagraíochtaí comhshaoil agus grúpaí tomhaltóirí).

2.  Beidh gach Comhairle Chomhairleach comhdhéanta de thionól ginearálta agus coiste feidhmiúcháin, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, rúnaíocht agus meithleacha chun déileáil leis na ceisteanna a bhaineann le comhar réigiúnach de bhun Airteagal 18, agus glacfaidh sí na bearta is gá chun í a fheidhmiú.

3.  Feidhmeoidh na Comhairlí Comhairleacha agus gheobhaidh siad airgeadas amhail dá bhforáiltear in Iarscríbhinn III

4.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 46 maidir le sonraí fheidhmiú na gComhairlí Comhairleacha.



CUID XII

FORÁLACHA NÓS IMEACHTA

Airteagal 46

Tarmligean a fheidhmiú

1.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 11(3), Airteagal 15(2), (3), (6), (7), agus Airteagal 45(4) a ghlacadh go ceann tréimhse cúig bliana ón 29 Nollaig 2013 Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear Airteagal 11(3), Airteagal 15(2), (3), (6), (7), agus Airteagal 45(4) a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinneadh maidir le haisghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na gcumhachtaí a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis an cinneadh a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin a bheidh sonraithe ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go comhuaineach.

5.  Tiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 11(3), Airteagal 15(2), (3), (6), (7), agus Airteagal 45(4) i bhfeidhm ach amháin má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó má chuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún, roimh dhul in éag na tréimhse sin, nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 47

Nós imeachta coiste

1.  Beidh Coiste um iascach agus dhobharshaothrú de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste laistigh de bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an coiste tuairim maidir le dréachtghníomh cur chun feidhme a bheidh le glacadh de bhun Airteagal 23, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 den Rialachán sin.



CUID XIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 48

Aisghairm agus leasuithe

1.  Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

2.  Déantar Cinneadh (CE) Uimh. 2004/585 a aisghairm le héifeacht ó theacht i bhfeidhm na rialacha arna nglacadh faoi Airteagal 45(4) den Rialachán seo.

3.  Scriostar Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle ( 8 ).

4.  Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle ( 9 ).

5.  In Airteagal 105 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

"3a.  De mhaolú ar mhír 2 agus ar mhír 3, ní bheidh feidhm ag fachtóir méadaithe ar ghabhálacha atá faoi réir oibleagáid iad a thabhairt i dtír i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh ( *1 ), ar choinníoll nach sáraíonn an ró-iscaireacht 10 % de na gabhálacha ceadaithe san iomlán.

Airteagal 49

Athbhreithniú

Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le feidhmiú CBI faoin 31 Nollaig 2022.

Airteagal 50

Tuarascáil bhliantúil

Tuairisceoidh an Coimisiún go bliantúil do Pharlaimint na hEorpa don Chomhairle maidir leis an dul chun cinn atá déanta i leith uastáirgeacht inbhuanaithe a sheachadadh agus maidir le cás na stoc éisc, a luaithe is féidir tar éis an Rialacháin bhliantúil ón gComhairle a ghlacadh lena socraítear na deiseanna iascaireachta atá ar fáil in uiscí an Aontais agus, in uiscí ar leith nach bhfuil san Aontas, do shoithí de chuid an Aontais.

Airteagal 51

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRBHINN I

ROCHTAIN AR UISCÍ CÓSTA DE RÉIR BHRÍ AIRTEAGAL 5(2)

1.    Uiscí cósta na ríochta aontaithe



A.  ROCHTAIN DON FHRAINC

Ceantar geografach

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Cósta na Ríochta Aontaithe (idir 6 agus 12 mhuirmhíle)

 

 

1.  Berwick-upon-Tweed soir

Coquet Island soir

Scadán

Gan teorainn

2.  Flamborough Head soir

Spurn Head soir

Scadán

Gan teorainn

3.  Lowestoft soir

Lyme Regis ó dheas

Gach speiceas

Gan teorainn

4.  Lyme Regis ó dheas

Eddystone ó dheas

Iasc grinnill

Gan teorainn

5.  Eddystone ó dheas

Longships ó dheas-west

Iasc grinnill

Gan teorainn

Muiríní

Gan teorainn

Gliomach

Gan teorainn

Piardóg

Gan teorainn

6.  Longships siar ó dheas

Hartland Point siar o thuaidh

Iasc grinnill

Gan teorainn

Piardóg

Gan teorainn

Gliomach

Gan teorainn

7.  Rinn Hartland go dtí líne ó thuaidh ó Oileán Lundy

Iasc grinnill

Gan teorainn

8.  Ó líne siar díreach ó Oileán Lundy go Cuan Cardigan

Gach speiceas

Gan teorainn

9.  Rinn Lynas ó thuaidh

Long sholais Bhá Morecambe soir

Gach speiceas

Gan teorainn

10.  Contae an Dúin

Iasc grinnill

Gan teorainn

11.  New Island soir ó thuaidh

Ábhainn (Sanda) siar ó dheas

Gach speiceas

Gan teorainn

12.  Port Stíobhaird ó thuaidh

Ceann Bharraidh siar

Gach speiceas

Gan teorainn

13.  Domhanleithead 57°40'N

Rudha Robhanais (Butt of Lewis) siar

Gach speiceas, seachas sliogéisc

Gan teorainn

14.  Hiort, Oileáin Flannan

Gach speiceas

Gan teorainn

15.  Siar ón líne a cheanglaíonn teach solais Rudha Robhanais leis an bpointe 59°30'N-5°45'W

Gach speiceas

Gan teorainn



B.  ROCHTAIN D'ÉIRINN

Ceantar geografach

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Cósta na Ríochta Aontaithe (idir 6 agus 12 mhuirmhíle)

 

 

1.  Rinn Lynas ó thuaidh

Maol na nGall ó dheas

Iasc grinnill

Gan teorainn

Nephrops

Gan teorainn

2.  Maol na hObha siar

Ceann Bharraidh siar

Iasc grinnill

Gan teorainn

Nephrops

Gan teorainn



C.  ROCHTAIN DON GHEARMÁIN

Ceantar geografach

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Cósta na Ríochta Aontaithe (idir 6 agus 12 mhuirmhíle)

 

 

1.  Soir ó Inse Shealtainn agus Eilean nan Caorach idir línte arna dtarraingt díreach soir ó dheas ó theach solais Cheann Shumbroig díreach soir ó thuaidh ó theach solais Skroo agus díreach siar ó dheas ó theach solais Skadan

Scadán

Gan teorainn

2.  Berwick-upon-Tweed soir, Teach solais Whitby High soir

Scadán

Gan teorainn

3.  Teach solais North Foreland soir, Teach solais nua Dungeness ó dheas

Scadán

Gan teorainn

4.  An limistéar mórthimpeall Hiort

Scadán

Gan teorainn

Ronnach

Gan teorainn

5.  Teach solais Rudha Robhanais siar go dtí an líne a cheanglaíonn teach solais Rudha Robhanais agus an pointe 59°30'N-5°45'W

Scadán

Gan teorainn

6.  An limistéar mórthimpeall Rònaigh Thuaidh agus Sulasgeir

Scadán

Gan teorainn



D.  ROCHTAIN DON ÍSILTÍR

Ceantar geografach

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Cósta na Ríochta Aontaithe (idir 6 agus 12 mhuirmhíle)

 

 

1.  Soir ó Inse Shealtainn agus Eilean nan Caorach idir línte arna dtarraingt díreach soir ó dheas ó theach solais Cheann Shumbroig díreach soir ó thuaidh ó theach solais Skroo agus díreach siar ó dheas ó theach solais Skadan

Scadán

Gan teorainn

2.  Berwick upon Tweed soir, Ceann Flamborough soir

Scadán

Gan teorainn

3.  North Foreland soir, Teach solais nua Dungeness ó dheas

Scadán

Gan teorainn



E.  ROCHTAIN DON BHEILG

Ceantar geografach

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Cósta na Ríochta Aontaithe (idir 6 agus 12 mhuirmhíle)

 

 

1.  Berwick upon Tweed soir

Oileán Coquet soir

Scadán

Gan teorainn

2.  Cromer ó thuaidh

North Foreland soir

Iasc grinnill

Gan teorainn

3.  North Foreland soir

Teach solais nua Dungeness ó dheas

Iasc grinnill

Gan teorainn

Scadán

Gan teorainn

4.  Teach solais nua Dungeness ó dheas, Selsey Bill ó dheas

Iasc grinnill

Gan teorainn

5.  Straight Point soir ó dheas, South Bishop siar ó thuaidh

Iasc grinnill

Gan teorainn

2.    Uiscí cósta na héireann



A.  ROCHTAIN DON FHRAINC

Ceantar geografach

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Cósta na hÉireann (idir 6 agus 12 mhuirmhíle)

 

 

1.  Ceann Iorrais siar ó thuaidh

Ceann Sibéal siar

Iasc grinnill

Gan teorainn

Nephrops

Gan teorainn

2.  Carn Uí Néid ó dheas

Na Stácaí ó dheas

Iasc grinnill

Gan teorainn

Nephrops

Gan teorainn

Ronnach

Gan teorainn

3.  Na Stácaí ó dheas

Corcaigh ó dheas

Iasc grinnill

Gan teorainn

Nephrops

Gan teorainn

Ronnach

Gan teorainn

Scadán

Gan teorainn

4.  Corcaigh ó dheas, Ceann an Chairn ó dheas

Gach speiceas

Gan teorainn

5.  Ceann an Chairn ó dheas, Inis Sionnach soir ó dheas

Gach speiceas, seachas sliogéisc

Gan teorainn



B.  ROCHTAIN DON RÍOCHT AONTAITHE

Ceantar geografach

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Cósta na hÉireann (idir 6 agus 12 mhuirmhíle)

 

 

1.  Mionn Ard ó dheas

Rinn Duáin

Iasc grinnill

Gan teorainn

Scadán

Gan teorainn

Ronnach

Gan teorainn

2.  Rinn Duáin

Loch Cairlinn

Iasc grinnill

Gan teorainn

Scadán

Gan teorainn

Ronnach

Gan teorainn

Nephrops

Gan teorainn

Muiríní

Gan teorainn



C.  ROCHTAIN DON ÍSILTÍR

Ceantar geografach

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Cósta na hÉireann (idir 6 agus 12 mhuirmhíle)

 

 

1.  Na Stácaí ó dheas

Ceann an Chairn ó dheas

Scadán

Gan teorainn

Ronnach

Gan teorainn



D.  ROCHTAIN DON GHEARMÁIN

Ceantar geografach

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Cósta na hÉireann (idir 6 agus 12 mhuirmhíle)

 

 

1.  An Seancheann ó dheas

Ceann an Chairn ó dheas

Scadán

Gan teorainn

2.  Corcaigh ó dheas

Ceann an Chairn ó dheas

Ronnach

Gan teorainn



E.  ROCHTAIN DON BHEILG

Ceantar geografach

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Cósta na hÉireann (idir 6 agus 12 mhuirmhíle)

 

 

1.  Corcaigh ó dheas

Ceann an Chairn ó dheas

Iasc grinnill

Gan teorainn

2.  Ceann Chill Mhantáin soir

Loch Cairlinn soir ó dheas

Iasc grinnill

Gan teorainn

3.    Uiscí cósta na beilge



Ceantar geografach

An Ballstát

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Idir 3 agus 12 mhuirmhíle

An Ísiltír

Gach speiceas

Gan teorainn

 

An Fhrainc

Scadán

Gan teorainn

4.    Uiscí cósta na danmhairge



Ceantar geografach

An Ballstát

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Cósta na Mara Thuaidh (Ó theorainn na Danmhairge/na Gearmáine go dtí Hanstholm) (6 go 12 mhuirmhíle)

 

 

 

 

 

Ó theorainn na Danmhairge/na Gearmáine go dtí Blåvands Huk

An Ghearmáin

Iasc leathógach

Gan teorainn

Séaclaí agus cloicheáin

Gan teorainn

An Ísiltír

Iasc leathógach

Gan teorainn

Iasc cruinn

Gan teorainn

Ó Blåvands Huk go dtí Bovbjerg

An Bheilg

Trosc

Gan teorainn ó 1 Meitheamh go 31 Iúil amháin

Cadóg

Gan teorainn ó 1 Meitheamh go 31 Iúil amháin

An Ghearmáin

Iasc leathógach

Gan teorainn

An Ísiltír

Leathóg

Gan teorainn

Sól

Gan teorainn

Ó Thyborøn go dtí Hanstholm

An Bheilg

Faoitín

Gan teorainn ó 1 Meitheamh go 31 Iúil amháin

Leathóg

Gan teorainn ó 1 Meitheamh go 31 Iúil amháin

An Ghearmáin

Iasc leathógach

Gan teorainn

Salán

Gan teorainn

Trosc

Gan teorainn

Liúdar

Gan teorainn

Cadóg

Gan teorainn

Ronnach

Gan teorainn

Scadán

Gan teorainn

Faoitín

Gan teorainn

An Ísiltír

Trosc

Gan teorainn

Leathóg

Gan teorainn

Sól

Gan teorainn

Skagerrak

(Hanstholm go dtí Skagen)

(idir 4 agus 12 mhuirmhíle)

An Bheilg

Leathóg

Gan teorainn ó 1 Meitheamh go 31 Iúil amháin

An Ghearmáin

Iasc leathógach

Gan teorainn

Salán

Gan teorainn

Trosc

Gan teorainn

Liúdar

Gan teorainn

Cadóg

Gan teorainn

Ronnach

Gan teorainn

Scadán

Gan teorainn

Faoitín

Gan teorainn

An Ísiltír

Trosc

Gan teorainn

Leathóg

Gan teorainn

Sól

Gan teorainn

Kattegat (idir 3 agus 12 mhuirmhíle)

An Ghearmáin

Trosc

Gan teorainn

Iasc leathógach

Gan teorainn

Nephrops

Gan teorainn

Scadán

Gan teorainn

Ó thuaisceart Zeeland go dtí líne dhomhanleithid a théann trí theach solais Forsnæs

An Ghearmáin

Salán

Gan teorainn

Muir Bhailt

(lena n-áirítear na Belts, Øresund, Bornholm)

idir 3 agus 12 mhuirmhíle

An Ghearmáin

Iasc leathógach

Gan teorainn

Trosc

Gan teorainn

Scadán

Gan teorainn

Salán

Gan teorainn

Eascann

Gan teorainn

Bradán

Gan teorainn

Faoitín

Gan teorainn

Ronnach

Gan teorainn

Skagerrak

(idir 4 agus 12 mhuirmhíle)

An tSualainn

Gach speiceas

Gan teorainn

Kattegat

(3 agus 12 mhuirmhíle (1))

An tSualainn

Gach speiceas

Gan teorainn

Muir Bhailt

(idir 3 agus 12 mhuirmhíle)

An tSualainn

Gach speiceas

Gan teorainn

(1)   Arna thomhas ón líne chósta.

5.    Uiscí cósta na gearmáine



Ceantar geografach

An Ballstát

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Cósta na Mara Thuaidh

(idir 3 agus 12 mhuirmhíle)

gach cósta

An Danmhairg

Iasc grinnill

Gan teorainn

Salán

Gan teorainn

Corr ghainimh

Gan teorainn

An Ísiltír

Iasc grinnill

Gan teorainn

Séaclaí agus cloicheáin

Gan teorainn

Ó theorainn na Danmhairge/na Gearmáine go dtí pointe ó thuaidh Amrum ag 54°43′N

An Danmhairg

Séaclaí agus cloicheáin

Gan teorainn

An limistéar mórthimpeall Helgoland

An Ríocht Aontaithe

Trosc

Gan teorainn

Leathóg

Gan teorainn

An Cósta Baltach

(idir 3 agus 12 mhuirmhíle)

An Danmhairg

Trosc

Gan teorainn

Leathóg

Gan teorainn

Scadán

Gan teorainn

Salán

Gan teorainn

Eascann

Gan teorainn

Faoitín

Gan teorainn

Ronnach

Gan teorainn

6.    Uiscí cósta na fraince agus na ranna thar lear



Ceantar geografach

An Ballstát

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Cósta an Atlantaigh Thoir Thuaidh

(idir 6 agus 12 mhuirmhíle)

 

 

 

Ó theorainn na Beilge/na Fraince go dtí oirthear Departement Manche (inbhear Vire-Grandcamp les Bains 49° 23' 30" N-1° 2 'WNNE)

An Bheilg

Iasc grinnill

Gan teorainn

Muiríní

Gan teorainn

An Ísiltír

Gach speiceas

Gan teorainn

Ó Dunkerque (2° 20' E) go dtí Cap d'Antifer (0° 10' E)

An Ghearmáin

Scadán

Gan teorainn ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Nollaig amháin

Ó theorainn na Beilge/na Fraince go dtí Cap d'Alprech siar

(50 ° 42 30 "N - 1 ° 33 '30" E)

An Ríocht Aontaithe

Scadán

Gan teorainn

Cósta an Atlantaigh (idir 6 agus 12 mhuirmhíle)

 

 

 

Ó theorainn na Spáinne/na Fraince go dtí 46° 08′ N

An Spáinn

Ainseabhaithe

Iascaireacht threoraithe, gan teorainn idir an 1 Márta agus an 30 Meitheamh amháin

Iascaireacht i gcomhair baoite bheo idir an 1 Iúil agus an 31 Deireadh Fómhair amháin

Sairdíní

Gan teorainn idir an 1 Eanáir agus an 28 Feabhra, agus idir an 1 Iúil agus an 31 Nollaig amháin

Ina theannta sin, ní mór tabhairt faoi ghníomhaíochtaí a bhaineann leis na speicis thuasluaite i gcomhréir le teorainneacha na ngníomhaíochtaí a rinneadh le linn 1984 agus laistigh de na teorainneacha sin.

Cósta na Meánmhara

(idir 6 agus 12 mhuirmhíle)

 

 

 

Teorainn na Spáinne/Cap Leucate

An Spáinn

Gach speiceas

Gan teorainn

7.    Uiscí cósta na spáinne



Ceantar geografach

An Ballstát

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Cósta an Atlantaigh (idir 6 agus 12 mhuirmhíle)

 

 

 

Ó theorainn na Fraince/na Spáinne go dtí teach solas Cap Mayor (3° 47' W)

An Fhrainc

Iasc peiligeach

Gan teorainn i gcomhréir le teorainneacha na ngníomhaíochtaí a saothraíodh i rith 1984 agus laistigh de na teorainneacha sin.

Cósta na Meánmhara

(idir 6 agus 12 mhuirmhíle)

 

 

 

Teorainn na Fraince/Cap Creus

An Fhrainc

Gach speiceas

Gan teorainn

8.    Uiscí cósta na cróite () 



Ceantar geografach

An Ballstát

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

12 mhíle agus é teoranta don limistéar mara faoi dhlínse na Slóvéine atá lonnaithe ó thuaidh den líne 45 céim agus 10 nóiméad dhomhanleithid ó thuaidh fad chósta thiar Istria, amach ó theorainn fhorimeallach fharraige teorann na Cróite, nuair a bhuaileann an domhanleithead seo talamh chósta thiar Istria (ceann Grgatov rt Funtana)

an tSlóivéin

Iasc grinnill agus speiceas beag peiligeach ilena n-áirítear mionsairdín agus ainseabhaí

100 tonna do líon uasta 25 soithí iascaireachta lena n-áirítear 5 soithí iascaireachta atá feistithe le trál equipped with trawl nets

(1)   Beidh feidhm ag an gcóras thuasluaite ó chur i bhfeidhm iomláin an chinnidh eadrána a eascraíonn ón gComhaontú Eadrána idir Rialtas Phoblacht na Slóivéine agus Rialtas Phoblacht na Cróite, arna shíniú i Stócólm an 4 Samhain 2009.

9.    Uiscí cósta na hísiltíre



Ceantar geografach

An Ballstát

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

(idir 3 agus 12 mhuirmhíle) an cósta iomlán

An Bheilg

Gach speiceas

Gan teorainn

An Danmhairg

Iasc grinnill

Gan teorainn

Salán

Gan teorainn

Corr ghainimh

Gan teorainn

Bolmán

Gan teorainn

An Ghearmáin

Trosc

Gan teorainn

Séaclaí agus cloicheáin

Gan teorainn

(idir 6 agus 12 mhuirmhíle) an cósta iomlán

An Fhrainc

Gach speiceas

Gan teorainn

Pointe theas Texel, siar go teorainn na hÍsiltíre/na Gearmáine

An Ríocht Aontaithe

Iasc grinnill

Gan teorainn

10.    Uiscí cósta na slóivéine () 



Ceantar geografach

An Ballstát

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

12 mhíle agus é teoranta don limistéar mara faoi dhlínse na Slóvéine atá lonnaithe ó thuaidh den líne 45 céim agus 10 nóiméad dhomhanleithid ó thuaidh fad chósta thiar Istria, amach ó theorainn fhorimeallach fharraige teorann na Cróite, nuair a bhuaileann an domhanleithead seo talamh chósta thiar Istria (ceann Grgatov rt Funtana)

An Chróit

Iasc grinnill agus speiceas beag peiligeach ilena n-áirítear mionsairdín agus ainseabhaí

100 tonna do líon uasta 25 soithí iascaireachta lena n-áirítear 5 soithí iascaireachta atá feistithe le trál equipped with trawl nets

(1)   Beidh feidhm ag an gcóras thuasluaite ó chur i bhfeidhm iomláin an chinnidh eadrána a eascraíonn ón gComhaontú Eadrána idir Rialtas Phoblacht na Slóivéine agus Rialtas Phoblacht na Cróite, arna shíniú i Stócólm an 4 Samhain 2009.

11.    Uiscí cósta na fionlainne



Ceantar geografach

An Ballstát

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Muir Bhailt (idir 4 agus 12 mhuirmhíle) (1).

An tSualainn

Gach speiceas

Gan teorainn

(1)   Idir 3 agus 12 mhuirmhíle timpeall Oileáin Bogskär

12.    Uiscí cósta na sualainne



Ceantar geografach

An Ballstát

Speiceas

Tábhacht nó tréithe ar leith

Skagerrak (idir 4 agus 12 mhuirmhíle)

An Danmhairg

Gach speiceas

Gan teorainn

Kattegat (idir 3 agus 12 mhuirmhíle (1))

An Danmhairg

Gach speiceas

Gan teorainn

Muir Bhailt (idir 4 agus 12 mhíle)

An Danmhairg

Gach speiceas

Gan teorainn

An Fhionlainn

Gach speiceas

Gan teorainn

(1)   Arna thomhas ón líne chósta




IARSCRÍBHINN II

UASTEORAINNEACHA LE hAGHAIDH ACMHAINNE IASCAIREACHTA



Uasteorainneacha (bunaithe ar an staid mar a bhí sé an 31 Nollaig 2010)

An Ballstát

GT

kW

An Bheilg

18 962

51 586

An Bhulgáir

7 250

62 708

An Chróit

53 452

426 064

An Danmhairg

88 762

313 333

An Ghearmáin

71 117

167 078

An Eastóin

21 677

52 566

Éire

77 568

210 083

An Ghréig

84 123

469 061

An Spáinn (réigiúin fhorimeallacha san áireamh)

423 550

964 826

An Fhrainc (réigiúin fhorimeallacha san áireamh)

214 282

1 166 328

An Iodáil

173 506

1 070 028

An Chipir

11 021

47 803

An Laitvia

46 418

5 846

An Liotuáin

73 489

73 516

Málta

14 965

95 776

An Ísiltír

166 859

350 736

An Pholainn

38 270

90 776

An Phortaingéil (réigiúin fhorimeallacha san áireamh)

114 549

386 539

An Rómáin

1 908

6 356

An tSlóivéin

675

8 867

An Fhionlainn

18 066

181 717

An tSualainn

43 386

210 829

An Ríocht Aontaithe

231 106

909 141



Uasteorainneacha (bunaithe ar an staid mar a bhí sé an 31 Nollaig 2010)

Réigiúin fhorimeallacha an Aontais

GT

kW

An Spáinn

Na hOileáin Chanáracha: F (1)< 12 m. Uiscí an Aontais

2 617

20 863

Na hOileáin Chanáracha: F> 12 m. Uiscí an Aontais

3 059

10 364

Na hOileáin Chanáracha: F> 12 m. Uiscí idirnáisiúnta agus tríú tíortha

28 823

45 593

An Fhrainc

La Réunion: Speicis ghrinnill agus pheiligeacha. F < 12 m

1 050

19 320

La Réunion: Speicis pheiligeacha. F > 12 m

10 002

31 465

Guáin na Fraince: Speicis ghrinnill agus pheiligeacha. Fad < 12 m

903

11 644

Guáin na Fraince: Soithí séaclaí

7 560

19 726

Guáin na Fraince: Speicis pheiligeacha. Soithí mórmhara.

3 500

5 000

Martinique: Speicis ghrinnill agus pheiligeacha. F < 12 m

5 409

142 116

Martinique: Speicis pheiligeacha. F > 12 m

1 046

3 294

Guadalúip: Speicis ghrinnill agus pheiligeacha. F < 12 m

6 188

162 590

Guadalúip: Speicis pheiligeacha. F > 12 m

500

1 750

▼M1

Mayotte. Seiners

13 916  (1)

24 000  (1)

Mayotte.

Mechanical long-liners < 23 m

2 500  (1)

8 500  (1)

Mayotte.

Demersal and pelagic species. Vessels < 10 m

p.m. (2)

p.m. (2)

▼B

An Phortaingéil

Maidéara: Speicis ghrinnill. F < 12 m

604

3 969

Maidéara: Speicis ghrinnill agus pheiligeacha. F > 12 m

4 114

12 734

Maidéara: Speicis pheiligeacha. Saighne. F > 12 m

181

777

Na hAsóir: Speicis ghrinnill. F < 12 m

2 617

29 870

Na hAsóir: Speicis ghrinnill agus pheiligeacha. F > 12 m

12 979

25 721

(1)   Ciallaíonn "F" fad foriomlán an tsoithigh

(*1)   According to the development plan presented to IOTC on 7 January 2011.

(*2)   Ceilings shall be indicated in this table when ready and at the latest by 31 December 2025.




IARSCRÍBHINN III

COMHAIRLÍ COMHAIRLEACHA

1.    Ainm agus réimse na gComhairlí Comhairleacha



Ainm

Réimsí inniúlachta

Muir Bhailt

Ranna ICES IIIb, IIIc agus IIId

An Mhuir Dhubh

ciallaíonn 'an Mhuir Dhubh' fo-cheantar geografach CIGM [Coimisiún Iascaigh Ginearálta don Mheánmhuir] arna shainmhíniú sa rún GFCM/33/2009/2

An Mheánmhuir

Uiscí farraige na Meánmhara soir ó líne 5°36′ siar

An Mhuir Thuaidh

Ranna ICES IV agus IIIa

Uiscí an Iarthuaiscirt

Ranna ICES V (seachas Va agus uiscí an Aontais in Vb amháin), VI agus VII

Uiscí an Iardheiscirt

Ranna ICES VIII, IX agus X (uiscí timpeall ar na hAsóir), agus limistéir CECAF 34.1.1, 34.1.2 agus 34.2.0 (uiscí timpeall ar Mhaidéara agus ar na hOileáin Chanáracha)

Na réigiúin is forimeallaí

Uiscí an Aontais timpeall ar na réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 349 den Chonradh arna roinnt i dtrí imchuacha: An tAtlantach Thiar, an tAtlantach Thoir agus an tAigéan Indiach;

Stoic pheiligeacha (faoitín gorm, ronnach, bolmán, scadán, torciasc)

Gach limistéar geografach lena n-áirítear an Mhuir Bhaile an Mheánmhuir

Cabhlach fadraoin/mórmhara

Na huiscí uile nach bhfuil san Aontas

Dobharshaothrú

Dobharshaothrú, mar atá sainmhínithe in Airteagal 4

Margaí

Gach réimse margaidh

2.    Feidhmiú agus cistiú na gComhairlí Comhairleacha

(a) Sa chomhtionól ginearálta agus sa choiste feidhmiúcháin, tabharfar 60 % de na suíocháin d'ionadaithe na n-iascairí agus don Chomhairle Chomhairleach um an Dobharshaothrú, d'oibreoirí dobharshaothraithe agus d'ionadaithe na hearnála próiseála agus margaíochta, agus tabharfar 40 % d'ionadaithe na ngrúpaí leasmhara eile a ndéanann an Comhbheartas Iascaigh dochar dóibh, mar shampla eagraíochtaí comhshaoil agus grúpaí tomhaltóirí.

(b) Lasmuigh den Chomhairle Chomhairleach um Dhobharshaothrú agus den Chomhairle Chomhairleach um Margaí, beidh ar a laghad ionadaí amháin den fho-earnáil gabhála ó gach Ballstát lena mbaineann ar an gcoiste feidhmiúcháin.

(c) Glacfaidh comhaltaí an choiste fheidhmiúcháin, i gcás inar féidir, moltaí trí chomhthoil. Mura thiocfar ar chomhaontú, déanfar tuairmí easaontacha a chuirfidh baill in iúl a thaifeadadh sna moltaí a ghlacfaidh tromlach na mball atá i láthair agus atá ag vótáil.

(d) Aimneoidh gach Comhairle Chomhairleach cathaoirleach trí chomhaontú. Gníomhóidh an cathaoirleach ar bhealach neamhchlaonta.

(e) Glacfaidh an Chomhairle Chomhairleach na bearta riachtanacha chun trédhearcacht agus urramú gach tuairime a áirithiú.

(f) Cuirfear moltaí a ghlacfaidh an coiste feidhmiúcháin ar fáil láithreach don chomhthinól ginearálta, don Choimisiún, do na Ballstáit lena mbaineann agus, arna iarraidh sin, do dhuine ar bith sa phobal i gcoitinne.

(g) Beidh cruinnithe den chomhthionól ginearálta ar oscailt don phobal. Beidh cruinnithe den chomhthionól ginearálta ar oscailt don phobal, mura gcinnfidh tromlach an choiste fheidhmiúcháin a mhalairt, i gcásanna éisceachtúla.

(h) Féadfaidh eagraíochtaí Eorpacha agus náisiúnta a dhéanann ionadaíocht don earnáil iascaigh agus do ghrúpaí eile comhaltaí a mholadh do na Ballstáit lena mbaineann. Comhaontóidh na Ballstáit comhaltaí an chomhthionóil ghinearálta.

(i) Ionadaithe riaracháin náisiúnta agus réigiúnacha a bhfuil leas iascaigh acu sa limistéar lena mbaineann agus taighdeoirí ó institiúidí eolaíochta agus taighde iascaigh agus ó na hinstitiúidí idirnáisiúnta eolaíochta a thugann comhairle don Choimisiún, beidh cead acu páirt a ghlacadh i gcruinnithe na Comhairle Comhairlí mar bhreathnóirí gníomhacha. Féadfar cuireadh a thabhairt d'aon eolaí cáilithe eile.

(j) Féadfaidh ionadaithe Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin páirt a ghlacadh mar bhreathnóirí gníomhacha i gcruinnithe na Comhairle Comhairlí.

(k) Féadfar cuireadh a thabhairt d'ionadaithe na hearnála iascaigh agus do ghrúpaí leasmhara eile ó thríú tíortha, lena n-áirítear ionadaithe ó ERBInna, a bhfuil leas iascaireachta acu sa limistéar nó iascaigh atá cumhdaithe ag Comhairle Chomhairleach, páirt a ghlacadh sa Chomhairle Chomhairleach mar bhreathnóirí gníomhacha nuair a phléifear ceisteanna a bhaineann leo.

(l) Féadfaidh Comhairlí Comhairleacha iarratas a dhéanamh ar chúnamh airgeadais an Aontais mar chomhlachtaí a mbeidh leas na hEorpa go ginearálta mar aidhm acu.

(m) Síneoidh an Coimisiún comhaontú deontais le gach Comhairle Chomhairleach go ranníocfaidh sí lena chuid costas oibriúcháin, lena n-áirítear costais aistriúcháin agus ateangaireachta.

(n) Féadfaidh an Coimisiún na fíoruithe uile a measann sé a bhfuil gá leo a dhéanamh chun comhlíonadh na gcúraimí atá sannta dó na Comhairlí Comhairleacha a áirithiú.

(o) Cuirfidh gach Comhairle Chomhairleach a buiséad bliantúil isteach agus cuirfidh sé tuarascáil isteach maidir lena cuid gníomhaíochtaí chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit lena mbaineann.

(p) Féadfaidh an Coimisiún nó an Chúirt Iniúchóirí, tráth ar bith, iniúchadh a shocrú a dhéanfadh comhlacht seachtrach dá rogha féin nó a dhéanfadh an Coimisiún nó ranna de chuid na Cúirte Iniúchóirí iad féin.

(q) Ceapfaidh gach Comhairle iniúchóir deimhnithe don tréimhse ina mbainfidh sí leas as cistí de chuid an Aontais.



( 1 ) Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistíochta i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1626/94 (IO L 409, 30.12.2006, lch. 11)

( 2 ) Rialachán (CEE) Uimh. 2930/86 ón gComhairle an 22.9.1986 (IO L 274, 25.9.1986, lch. 1).

( 3 ) Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail d'fhonn comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 and (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.09, lch. 1.)

( 4 ) Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).

( 5 ) Tá limistéir ICES (an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara) sainithe i Rialachán (CE) Uimh 218/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht san Atlantach Thoir Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil (IO L 87, 31.3.2009, lch. 70).

( 6 ) Tá limistéir CECAF (an tAtlantach Thoir Láir nó mórlimistéar iascaireachta FAO 34) sainithe i Rialachán (CE) Uimh. 216/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht i limistéir áirithe seachas i limistéir an Atlantaigh Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil (IO L 87, 31.3.2009, lch 1).

( 7 ) Rialachán (CE) Uimh. 216/2009 ó 1379/2013 Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe (Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

( 8 ) Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle maidir le bainistiú na hiarrachta iascaireachta a bhaineann le limistéir agus acmhainní áirithe iascaireachta agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 635/95 agus (CE) Uimh. 2027/95 (IO L 289, 7.11.2003, lch. 1).

( 9 ) Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle an 30 Márta 2004 maidir le cabhlaigh iascaireachta atá cláraithe sna réigiúin is forimeallaí sa Chomhphobal a bhainistiú (IO L 102, 7.4.2004, lch. 9).

( *1 ) IO L 354, 28.12.2013, p. 23".